52011PC0709

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Clár Sláinte le haghaidh Fáis a bhunú, an tríú clár ilbhliantúil gníomhaíochta AE i réimse na sláinte don tréimhse 2014-2020 /* COIM/2011/0709 leagan deireanach - 2011/0339 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

Ní luach ann féin amháin atá sa tsláinte – is tosca faoi deara fáis é chomh maith. Is pobal sláintiúil amháin atá in ann a lánacmhainneacht a bhaint amach. Tá earnáil na sláinte bunaithe ar nuálaíocht agus lucht oibre sár-cháilithe. Tá sé d'acmhainn sa taighde agus san fhorbairt a bhaineann le sláinte 0.3 % den OTI a bhaint amach. Tá earnáil na sláinte ar cheann de na hearnálacha is mó san AE: is í faoi deara tuairim is 10 % d'olltáirgeacht intíre an AE agus tá aon deichiú na n‑oibrithe fostaithe ann, agus cion níos airde ná an meán d'oibrithe inti a bhfuil oideachas tríú leibhéal acu.

Imríonn an tsláinte ról tábhachtach i gclár oibre Straitéis Eoraip 2020. Ina Theachtaireacht an 29 Meitheamh 2011 'Buiséad do Straitéis Eoraip 2020'[1] thug an Coimisiún chun suntais 'gur dlúthchuid de na cuspóirí maidir le fás cliste uilechuimsitheach do Straitéis Eoraip 2020 é an tsláinte a chur chun cinn ('promoting good health is an integral part of the smart and inclusive growth objectives for Europe 2020'). Ach daoine a choimeád ina sláinte agus gníomhach níos faide, tá tionchar dearfach aige sin ar tháirgiúlacht agus ar iomaíochas. Cuidíonn nuálaíocht sa chúram sláinte le díriú ar dhúshlán na hinbhuanaitheachta san earnáil i gcomhthéacs an athraithe dhéimeagrafaigh' ('Innovation in healthcare helps take up the challenge of sustainability in the sector in the context of demographic change'), agus tá sé tábhachtach beart a dhéanamh chun neamhionannais ó thaobh sláinte de a laghdú chun 'fás uilechuimsitheach ('inclusive growth') a bhaint amach.

Sa tríú clár gníomhaíochta AE atá beartaithe i réimse na sláinte (2014-2020), 'Sláinte le haghaidh Fáis' déantar na naisc idir fás eacnamaíocht agus pobal sláintiúil a neartú agus a aibhsiú i bhfad níos mó ná mar a rinneadh sna cláir roimhe seo. Tá an Clár dírithe ar ghníomhaíochtaí a bhfuil breisluach AE soiléir ag baint leo, rud atá ag luí le cuspóirí agus tosaíochtaí beartais reatha Straitéis Eoraip 2020.

I ngeall ar an ngéarchéim airgeadais tá sé níos soiléire ná riamh gur gá cost-éifeachtúlacht na gcóras sláinte a fheabhsú. Tá brú ar na Ballstáit an comh-mheá ceart a bhaint amach idir rochtain uilíoch ar sheirbhísí sláinte d'ardcháilíocht a chur ar fáil agus srianta buiséadacha a urramú. Sa chomhthéacs seo, tá sé fíor-riachtanach tacú le hiarrachtaí na mBallstát inbhuanaitheacht a gcórais sláinte a fheabhsú agus a gcumas cúram sláinte d'ardcháilíocht a chur ar fáil dá saoránaigh go léir faoi láthair agus san am atá romhainn a áirithiú. Tríd an gClár Sláinte le haghaidh Fáis cuideofar le réitigh nuálacha a aimsiú agus a chur i bhfeidhm chun feabhas a chur ar cháilíocht, éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht na gcóras sláinte, agus béim á leagan ar chaipiteal daonna agus malartú dea‑chleachtas.

Tá príomhchuspóirí, atá leagtha amach i 'Straitéis Eoraip 2020 – Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach'[2] ag brath ar nuálaíocht sa chúram sláinte a mhéadú mar atá léirithe i dtionscnaimh shuaitheanta amhail Aontas na Nuálaíochta agus an Clár Oibre Digiteach. Mar sin féin, ní le teicneolaíocht agus táirgí nua amháin a bhaineann nuálaíocht. Baineann sí freisin le conas a dhéantar cúram sláinte a eagrú agus a struchtúrú, conas a úsáidtear acmhainní, conas a mhaoinítear córais.

Inti féin, tá sé d'acmhainn ag nuálaíocht i gcúrsaí sláinte costais cúraim sláinte a laghdú agus cáilíocht an chúraim a fheabhsú. I roinnt mhaith réimsí den Chlár Sláinte le haghaidh Fáis, amhail measúnú ar theicneolaíocht sláinte (HTA), feistí leighis, trialacha cliniciúla agus táirgí íocshláinte, chomh maith leis an gComhpháirtíocht Eorpach um Nuáil maidir leis an Aoisiú Gníomhach agus Folláin, dírítear ar an nasc idir nuálaíocht theicneolaíoch agus a glacadh agus a tráchtálú a neartú; agus slándáil, cáilíocht agus éifeachtúlacht an chúraim sláinte a chothú ag an am céanna. I dtionscnaimh eile dírítear ar ghlacadh agus idir-inoibritheacht réiteach r-Sláinte a chur chun cinn, chun feabhas a chur ar úsáid trasteorann clár othar mar shampla.

Tacófar sa Chlár freisin le riachtanais agus oiliúint gairmithe sláinte a thuar agus a phleanáil, rud a chuideoidh le nuálaíocht eagraíochtúil agus le fás uilechuimsitheach. Tá an méid seo ag luí le tionscnamh suaitheanta AE 2020 le haghaidh Scileanna agus Post Nua agus a bhéim ar sholúbthacht agus slándáil, daoine a dhéanamh inniúil leis na scileanna cearta do phoist an lae inniu agus amáraigh, coinníollacha oibre níos fearr agus cruthú post a fheabhsú. Dé réir mar atá an daonra ag aosú agus an t‑éileamh ar chúram sláinte ag méadú, tá acmhainn mhór in earnáil na sláinte chun poist nua a chruthú.

Tá fadhbanna sláinte ar cheann de na príomhchúiseanna le neamhláithreachas agus le luathscor ón obair. Ach daoine a choimeád ina sláinte agus gníomhach níos faide, tá tionchar dearfach aige sin ar tháirgiúlacht agus ar iomaíochas. Is réamhriachtanas é líon na mblianta beatha ina bhfuil daoine ina sláinte a mhéadú le go n‑éireoidh leis an Eoraip 75 % de na daoine idir 20 agus 64 bliain d'aois a fhostú agus luathscor i ngeall ar bhreoiteacht a sheachaint. Ina theannta sin, ach daoine thar 65 bliain d'aois a choimeád ina sláinte agus gníomhach, is féidir tionchar a imirt ar rannpháirtíocht sa mhargadh saothair agus is féidir le coigealtas nach beag teacht as sna buiséid chúraim sláinte.

Is iad cuspóirí ginearálta an Chláir Sláinte le haghaidh Fáis comhoibriú le Ballstáit chun nuálaíocht sa chúram sláinte a spreagadh agus chun inbhuanaitheacht na gcóras sláinte a mhéadú, chun sláinte shaoránaigh an AE a fheabhsú agus iad a chosaint ar bhagairtí sláinte trasteorann.

Dírítear ann ar cheithre phríomhchuspóirí a bhfuil achmhainn mhór acu le haghaidh fáis eacnamaíoch trí shláinte níos fearr:

(1) uirlisí agus meicníochtaí coiteanna ar leibhéal an AE a fhorbairt chun díriú ar ghanntanais acmhainní, idir acmhainní daonna agus airgeadais agus chun glacadh nuálaíochta sa chúram sláinte a éascú chun rannchuidiú le córais sláinte nuálacha agus inbhuanaithe a chur ar fáil;

(2) rochtain ar shaineolas leighis agus faisnéis faoi riochtaí sonracha a mhéadú freisin thar theorainneacha náisiúnta agus comhréitigh agus comhthreorlínte a fhorbairt chun cáilíocht cúraim sláinte agus sábháilteacht othar a fheabhsú chun rochtain ar chúram sláinte níos fearr agus níos sábháilte do shaoránaigh an AE a mhéadú;

(3) glacadh dea-chleachtas bailíochtaithe chun bearta coisceacha cost-éifeachtacha a aithint, a scaipeadh agus a chur chun cinn, trí dhíriú ar phríomhthosca riosca, eadhon caitheamh tobac, mí-úsáid alcóil agus otracht, chomh maith le VEID/SEIF, agus béim á cur ar an ngné trasteorann, chun galair a chosc agus an tsláinte a chur chun cinn; agus

(4) cur chuige coiteanna a fhorbairt agus a luach chun feabhas a chur ar ullmhacht agus comhordú i gcásanna éigeandála sláinte a thaispeáint chun saoránaigh a chosaint ar bhagairtí sláinte trasteorann.

Sa Rialachán seo atá beartaithe leagtar amach na forálacha ginearálta lena rialaítear an Clár Sláinte le haghaidh Fáis agus aisghairtear Cinneadh (CE) Uimh. 1350/2007.

2. CUSPÓIRÍ

I bhfianaise na ndúshlán atá leagtha amach thuas éilítear ar na Ballstáit dul i mbun gnímh go díreach ar leibhéal náisiúnta. Is éard is aidhm le beartas sláinte an AE, mar a dhearbhaítear sa Chonradh, na beartais náisiúnta sin a chomhlánú agus comhar idir na Ballstáit a spreagadh. Sa Chlár tugtar deiseanna meicníochtaí comhair agus próisis chomhordúcháin a thógáil agus a neartú idir na Ballstáit d'fhonn uirlisí coiteanna agus dea-chleachtais a aithint a chruthaíonn sineirgíochtaí, a thugann breisluach AE agus as a dtig barainneachtaí scála, ar an gcaoi sin ag tacú le hathchóiriú faoi imthosca dúshlánacha.

2.1. Uirlisí agus meicníochtaí coiteanna ar leibhéal an AE a fhorbairt chun díriú ar ghanntanais acmhainní, idir acmhainní daonna agus airgeadais agus chun glacadh nuálaíochta sa chúram sláinte a éascú chun rannchuidiú le córais sláinte nuálacha agus inbhuanaithe a chur ar fáil

Le blianta fada anuas, bhí na Ballstáit ag déileáil le srianta buiséid maidir le hinbhuanaitheacht a mbuiséid sláinte, rud arb ionann é agus suas le 15 % de chaiteachas poiblí i mBallstáit áirithe[3].

Déantar an scéal seo níos measa le daonra atá ag aosú, le hionchais mhéadaitheacha i dtaobh seirbhísí den scoth agus le teicneolaíochtaí nua, níos éifeachtaí ach níos costasaí a bheith ag teacht chun cinn. Tá méadú ar na dúshláin le ciorruithe ar chaiteachas poiblí i ndiaidh na géarchéime airgeadais. Is dealraitheach ón bhfianaise[4], áfach, gur féidir go bhfuil 'fás iomarcach costas' i gceist le hathchóirithe éifeachtacha ar na córais sláinte, i.e. caiteachas ar shláinte a choimeád i gcomhréir le fás OTI.

Trí thacú le hiarrachtaí na mBallstát éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht airgeadais an chúraim sláinte a fheabhsú, dírítear sa chlár ar aistriú suntasach acmhainní san earnáil seo chuig na táirgí agus na seirbhísí is nuálaí agus is luachmhaire, a thairgeann an acmhainneacht mhargaidh is fearr agus coigilt costas san fhadtéarma. Iarrtar ann freisin tacú le nuálaíocht maidir le conas a eagraítear cúram sláinte, chun aistriú chuig cúram pobail agus cúram comhtháite a chothú mar shampla. Ní foláir gurb ionann athchóiriú ar chúram sláinte agus meascán de ghnóthachain éifeachtúlachta láithreacha agus beart straitéiseach fadtéarmach lena ndírítear ar phríomhthosca faoi deara costas. Mar shampla, tríd an gcomhar Eorpach i measúnú ar theicneolaíocht sláinte, ní hé amháin go laghdófar dúbláil agus go gcomhthiomsófar saineolas, ach is féidir sa dóigh sin freisin an acmhainneacht le haghaidh nuálaíochta inbhuanaithe i dtáirgí agus seirbhísí sláinte a scaoileadh.

Is féidir le hinfheistíochtaí a bhaineann le sláinte faoi na Cistí Struchtúracha ról thar a bheith tábhachtach a imirt chun cuidiú leis na Ballstáit a gcórais sláinte a athchóiriú ar leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, agus chun na ceithre chuspóir shonracha faoin gClár seo a chomhlíonadh, ag tógáil ar dhea-chleachtais agus treoirthaithí a fuarthas faoin gClár Sláinte le haghaidh Fáis. Déanfar comhar agus sineirgíochtaí, mar atá, idir an Clár Sláinte le haghaidh Fáis agus na Cistí Struchtúracha a threisiú.

I ngeall ar dhaonra atá ag aosú agus struchtúir theaghlaigh atá ag athrú, tá an t‑éileamh ar chúram foirmeáilte, gairmiúlaithe ag méadú de réir mar atá an cúram neamhfhoirmeáilte i dtimpeallacht an teaghlaigh ag meath. Tá cúram sláinte tar éis éirí níos speisialaithe agus éilíonn sé obair níos déine agus oiliúint níos faide. Faoi 2020 beidh ganntanas de mhilliún oibrithe sláinte san AE agus, mura ndéantar beart, ní chumhdófar 15 % den chúram is gá. Dá ndíreofaí go rathúil ar an bhfadhb, áfach, chruthófaí deiseanna fostaíochta agus fáis nach beag.

Chun an méid sin a bhaint amach, forbróidh an Clár seo uirlisí agus meicníochtaí coiteanna ar leibhéal an AE chun cuidiú le córais náisiúnta sláinte cúram níos fearr a sheachadadh le níos lú acmhainní. Tá gá le réitigh nuálacha chun dul i ngleic le ganntanais lucht oibre agus chun éifeachtúlacht na gcóras sláinte a uasmhéadú trí tháirgí, sheirbhísí, uirlisí agus shamhlacha atá nuálach a úsáid. Ní foláir constaicí amhail soláthar agus easpa rannpháirtíochta úsáideoirí sa nuálaíocht a shárú chun na réitigh sin a chur chun feidhme go rathúil.

Sa chomhthéacs seo, trí ghníomhaíochtaí arna bpleanáil faoin gcuspóir seo dírítear ar chomhar Eorpach i Measúnú ar Theicneolaíocht Sláinte (HTA) mar shampla agus acmhainneacht r‑Shláinte agus TFC do Shláinte, lena n‑áirítear greasán tiomnaithe r-Shláinte agus comhar i measc clár leictreonach othar, mar chuid de chur chun feidhme na Treorach maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann[5]. Díreofar gníomhaíochtaí freisin ar ghanntanais lucht oibre sláinte agus cuideofar leis na Ballstáit chun a gcórais sláinte a athchóiriú trí shaineolas ar mheasúnú teicniúil gníomhaíochta beartais a chomhthiomsú agus a neartú.

Trí na gníomhaíochtaí seo tacófar freisin le bearta a leagann amach caighdeáin arda sábháilteachta, cáilíochta agus éifeachtúlachta le haghaidh feistí leighis a cheanglaítear le cuspóirí reachtaíocht an AE nó a rannchuidíonn leo sa réimse seo, chomh maith le forálacha maidir le r-Shláinte agus HTA sa Treoir a luaitear thuas.

Féadfaidh an clár tacú freisin, faoina chuspóirí difriúla, le gníomhaíochtaí sonracha faoin gComhpháirtíocht Eorpach um Nuáil maidir le hAoisiú Gníomhach agus Folláin faoina trí théama: nuálaíocht i bhfeasacht, i gcosc agus i bhfáthmheas luath; nuálaíocht i leigheas agus i gcúram agus nuálaíocht le haghaidh aosú gníomhach agus maireachtáil go neamhspleách.

2.2. Rochtain ar shaineolas leighis agus faisnéis faoi riochtaí sonracha a mhéadú freisin thar theorainneacha náisiúnta agus comhréitigh agus comhthreorlínte a fhorbairt chun cáilíocht cúraim sláinte agus sábháilteacht othar a fheabhsú chun rochtain ar chúram sláinte níos fearr agus níos sábháilte do shaoránaigh an AE a mhéadú

Ach rochtain ar chúram sláinte a fheabhsú do na saoránaigh uile, gan aird ar ioncam, stádas sóisialta, áitreabh nó náisiúntacht, tá sé ríthábhachtach chun na neamhionannais suntasacha reatha sa tsláinte a réiteach. Ba cheart rochtain a bheith ag saoránaigh uile an AE ar chúram sláinte sábháilte d'ardcháilíocht gan aird ar a n‑imthosca. Mar sin féin, go fírinneach athraíonn an cúram sláinte go suntasach ó Bhallstát go Ballstát ar fud an AE. Is minic a bhíonn tionchar nach beag ag stádas íseal sláinte ar rochtain ar chúram sláinte éifeachtach agus ar na deiseanna atá ag saoránaigh gníomhú ar fhaisnéis faoin tsláinte. Is féidir deacrachtaí sonracha chun rochtain a fháil ar chúram sláinte a bheith ag daoine ar ioncam íseal, na daoine atá eisithe go sóisialta agus na daoine atá ag maireachtáil i réigiúin faoi mhíbhuntáiste nó i micri-réigiúin deacrachtaí sonracha chun rochtain a fháil ar chúram sláinte. Trí ghníomhaíocht faoi chuspóirí uile an chláir ba cheart cuidiú leis na neamhionannais sin a réiteach trí aghaidh a thabhairt ar fhachtóirí éagsúla as a dtig neamhionannais agus a mhéadaíonn iad, chomh maith le gníomhaíocht faoi chláir eile a dhíríonn ar dhul i ngleic le difríochtaí sóisialta agus réigiúnacha laistigh den AE.

Le feabhas a chur ar chúram sláinte, go háirithe i gcás coinníollacha sonracha i gcás inar gann na hacmhainní, tá breisluach soiléir i líonrú lárionad tagartha Eorpach speisialaithe a chothú, lárionaid a mbeidh rochtain ag saoránaigh uile an AE orthu.

Ina theannta sin, chun cuidiú leis na Ballstáit tuilleadh feabhais a chur ar cháilíocht agus shábháilteacht an chúraim sláinte, déanfaidh an clár gníomhaíocht leanúnach a chomhdhlúthú agus leanúint di chun dea-chleachtais a aithint, a mhalartú agus a scaipeadh sa réimse seo. Tríd an gclár seo méadófar rochtain ar shaineolas leighis trí thacú le córas líonraí tagartha Eorpacha a bhunú a shainíonn a gcritéir agus a gcoinníollacha agus trí chomhréitigh agus chomhthreoirlínte a fhorbairt le haghaidh cúraim sláinte agus sábháilteachta othar ar fud an AE, a théann i ngleic le réimse saincheisteanna lena n‑áirítear frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh.

Tacóidh gníomhaíochtaí faoin gcuspóir seo le bearta a leagann amach caighdeáin arda sábháilteachta, cáilíocht agus éifeachtúlacht fola, orgán, fíochán agus ceall, táirgí cógaisíochta agus ceart othar i gcúram sláinte trasteorann a cheanglaítear faoi chuspóirí reachtaíocht an AE nó a rannchuidíonn leo sna réimsí sin.

2.3. Glacadh dea-chleachtas bailíochtaithe chun bearta coisceacha cost-éifeachtacha a aithint, a scaipeadh agus a chur chun cinn, trí dhíriú ar phríomhthosca riosca, eadhon caitheamh tobac, mí-úsáid alcóil agus otracht, chomh maith le VEID/SEIF, agus béim á cur ar an ngné trasteorann, chun galair a chosc agus an tsláinte a chur chun cinn;

Tá an t‑ionchas saoil ag méadú ar bhealach gan fasach le blianta fada anuas agus ba é 76.4 bliain do na fir agus 82.4 do na mná san AE in 2008. I gcodarsnacht, tá an meánlíon blianta folláine ag méadú i bhfad níos moille agus ba é 60.9 do na fir agus 62 do na mná.

Ciallaíonn sé seo go gcaitear cuid níos mó de shaol níos faide faoi dhrochshláinte, atá ar cheann de na fachtóirí faoi deara costas sláinte ag formheádú agus bac á chur ar rannpháirteachas sa mhargadh saothair. Tá tionchar diúltach ag an drochshláinte ar chaipiteal daonna, rud atá fíor-riachtanach chun geilleagar eolasbhunaithe a fhorbairt.

Is ionann galair ainsealacha agus príomhchúis báis agus drochmhianach saoil san Eoraip. Faigheann os cionn 4 mhilliún duine bás san Aontas Eorpach gach bliain i ngeall ar ghalair ainsealacha arb ionann iad agus 87 % de chúiseanna básmhaireachta anabaí. Is ionann galair ainsealacha freisin agus ualach eacnamaíoch ollmhór trí chaillteanas chumais daoine bheith ag obair i mbarr a réime. Áirítear sa chlár gníomhaíocht chun tacú le hiarrachtaí na mBallstát a dhíríonn ar fhad a chur le blianta folláine táirgiúla a ndaonra trí ghalair ainsealacha a chosc.

Is féidir roinnt mhaith galar ainsealach a chosc. Is minic a thagann siad as caitheamh tobac, tomhailt dhíobhálach alcóil, réim bia easpach agus gníomhaíocht fhisiciúil neamhleor. Déantar na rioscaí sin níos measa trí fhachtóirí socheacnamaíocha atá taobh thiar díobh agus fachtóirí comhshaoil.

Ní hé amháin gur príomhdhúshlán sláinte an méid seo, ach is deis eacnamaíoch nach beag é freisin. Ach na hinfheistíochtaí cearta a dhéanamh, ní hé amháin go mbeidh an tsláinte níos fearr ag daoine, ach beidh saol níos faide agus níos táirgiúla acu agus beidh níos lú ganntanas lucht saothair ann. Má mhaireann Eorpaigh faoi shláinte níos fearr, beidh siad ábalta leanúint de rannchuidiú leis an ngeilleagar agus iad ag dul in aois, mar oibrithe, mar dheontóirí agus mar thomhaltóirí. Beidh gá níos mó fiú le saineolas na ndaoine scothaosta i measc daonra ina bhfuil rátaí ísle breithe agus easpa lucht saothair oilte.

Díreofar sa chlár ar na dúshláin sna réimsí seo trí dhea-chleachtas a chothú i gcur chun cinn na sláinte agus cosc cost-éifeachtúil a dhíríonn ar phríomhdheitéarmanaint sláinte eadhon caitheamh tobac, mí-úsáid alcóil agus otracht, chomh maith le VEID/SEIF, ag díriú ar shaincheisteanna trasteorann. Tacófar ann le comhar agus líonrú Eorpach chun cosc a chur le galair ainsealacha, lena n‑áirítear treoirlínte maidir le scagadh ailse d'ardcháilíocht. Díreoidh gníomhaíochtaí faoin gcuspóir seo freisin ar bhearta a bhfuil sé d'aidhm dhíreach acu an tsláinte phoiblí a chosaint i ndáil le táirgí tobac agus fógraí a cheanglaítear faoi chuspóirí reachtaiocht an AE nó a rannchuidíonn leo sa réimse seo.

2.4. Cur chuige coiteanna a fhorbairt agus a luach chun feabhas a chur ar ullmhacht agus comhordú i gcásanna éigeandála sláinte a thaispeáint chun saoránaigh a chosaint ar bhagairtí sláinte trasteorann.

Le blianta beaga anuas, thug an AE aghaidh ar roinnt príomhbhagairtí trasteorann don tsláinte, amhail fliú paindéimeach nó SARS (géarshiondróm trom riospráide). Tá inniúlacht an AE maidir le hullmhacht a chomhordú i gcás mórbhagairtí sláinte trasteorann agus i bhfreagairt dóibh coisricthe i gConradh Liospóin. I ngeall ar a nádúr féin, ní bhíonn na bagairtí sin srianta do theorainneacha náisiúnta agus ní féidir díriú orthu go héifeachtach trí aon Bhallstáit aonair nó tríd an Aontas ina aonar. Ní foláir don AE a bheith ullmhaithe go maith in aghaidh na mbagairtí seo, ar féidir leo tionchar mór a imirt ní hamháin ar shláinte agus ar bheatha saoránach, ach ar an ngeilleagar chomh maith.

Cuideoidh na gníomhaíochtaí arna bpleanáil faoin gcuspóir seo le cur chuige coiteann a fhorbairt maidir le héigeandálaí sláinte, freagairt do na héigeandálaí sláinte sin a chomhordú ar leibhéal Eorpach, agus chun tacú le forbairt acmhainní náisiúnta in ullmhacht agus bainistíocht géarchéimeanna sláinte agus tionscnaimh idirnáisiúnta á gcur san áireamh. Is í an aidhm tacú le pleanáil ullmhachta, lena n‑áirítear le haghaidh fliú phaindéimigh, díriú ar bhearnaí in acmhainní measúnaithe riosca idir na Ballstáit agus tacú le forbairt acmhainní fá choinne bagairtí sláinte i mBallstáit chomh maith leis an gcumas ar leibhéal domhanda a chur chun cinn chun freagairt do na bagairtí sláinte.

Tacófar trí ghníomhaíochtaí freisin le bearta arna gceapadh le sláinte an duine a chosaint agus a fheabhsú in aghaidh galar teagmhálach, móraicídí trasteorann, bearta maidir le faireachán a dhéanamh ar mórbhagairtí sláinte trasteorann, rabhadh a thabhairt go luath faoi bhagairtí den sórt sin agus iad a chomhrac, bearta arna gceangal ag cuspóirí reachtaíocht an AE nó a rannchuidíonn leo sna réimsí sin.

Faoi gach ceann den cheithre chuspóir a luaitear thuas, tacófar sa Chlár le gníomhaíochtaí maidir le faisnéis faoin tsláinte agus eolas a rannchuidíonn le cinnteoireacht bhunaithe ar fhianaise, lena n‑áirítear sonraí sláinte a bhailiú agus a anailísiú agus scaipeadh forleathan thorthaí an Chláir. Tacófar freisin ann le gníomhaíochtaí na gCoistí Eolaíocha arna mbunú i gcomhréir le Cinneadh 2008/721/CE ón gCoimisiún.

3. TORTHAÍ an chomhairliúcháin LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR 3.1. Comhairliúchán agus comhairle na saineolaithe

Sa chomhairliúchán díríodh go háirithe ar ionadaithe na mBallstát, Pointí Fócais Náisiúnta, Meitheal na Comhairle um Shláinte Phoiblí ar leibhéal sinsearach agus an Chomhairle Sláinte neamhfhoirmeáilte. Fuarthas comhairle breise ó shaineolaithe tríd an bhFóram um Beartas Sláinte an AE, trí chomhlachais gairmithe sláinte agus othar. Rinne geallsealbhóirí eile sa chlár, go háirithe tairbhithe, a dtuairimí a chur in iúl sna meastóireachtaí cláir a rinneadh le déanaí.

Tacaíonn na rannpháirtithe uile sna comhairliúcháin éagsúla go mór leis an gClár Sláinte. Bhí roinnt Ballstát den tuairim gur cheart don Chlár a bheith níos spríocdhírithe, níos cost‑éifeachtúla agus bunaithe ar ghníomhaíocht a bhfuil breisluach AE cruthaithe aici cé go raibh Ballstáit eile den tuairim gur cheart dó leanúint de thacú le cuspóirí atá ann cheana agus le raon leathan gníomhaíochtaí.

Luaigh na Pointí Fócais Náisiúnta arna sannadh ag údaráis na mBallstát gur cheart don chlár cuidiú le beartais náisiúnta a chumadh trí (a) dhea-chleachtais a sholáthar, (b) trí thaithí phraiticúil, saineolas agus eolas a chomhroinnt agus a mhalartú agus (c) trí thacaíocht a thabhairt do shaincheisteanna sláinte ar an gclár oibre polaitiúil náisiúnta. Bhí an Fóram um Beartas Sláinte an AE ag áitiú gur cheart béim láidir a chur ar dheitéarmanaint sláinte agus ar dhíriú níos mó ar na hothair. Mhol sé freisin go ndíreodh an clár ar ról na ndeitéarmanant sóisialta.

Ina theannta sin, luaigh na Ballstáit agus na geallsealbhóirí araon an gá atá le Ballstáit uile an AE a bheith níos gníomhaí ina rannpháirteachas sa chlár agus leag siad béim air gur gá don chlár a bheith nasctha níos dlúithe leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, le clár oibre Straitéis Eoraip 2020 agus le reachtaíocht atá ann cheana.

3.2. Measúnú tionchair

Sa tuarascáil faoin Measúnú Tionchair rinneadh anailís ar roghanna éagsúla don chlár. Aithníodh inti rogha na tosaíochta, ó thaobh costais-sochair de, mar rud a chomhfhreagraíonn do chlár dea-struchtúrtha, ina bhfuil cuspóirí sonracha, intomhaiste, insroichte, ábhartha agus faoi cheangal ama (SMART), gníomhaíochtaí atá in ord tosaíochta, lena gcruthaítear breisluach AE agus ina ndéantar faireachán níos fearr ar thorthaí agus ar thionchair. Díreofar sa chlár ar an méid seo a leanas:

· cuidiú le héascú glacadh réiteach nuálach chun cáilíocht, éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht na gcóras sláinte a fheabhsú agus chun rochtain ar chúram sláinte níos fearr agus níos sábháilte a mhéadú;

· an tsláinte a chur chun cinn agus galair a chosc ar leibhéal an AE trí chuidiú le hiarrachtaí na mBallstát agus iad a chomhlánú freisin i dtaca le líon na mblianta ina bhfuil a saoránaigh ina sláinte a mhéadú;

· tacú le réitigh i leith bagairtí sláinte trasteorann;

· tacú le gníomhaíochtaí a cheanglaítear faoi oibleagáidí dlíthiúla reatha an AE.

Is é an buiséad faoin rogha seo tuairim is EUR 57 milliún sa bhliain (i bpraghsanna 2011), rud atá ag luí leis an leithdháileadh buiséid atá beartaithe don Chlár Sláinte le haghaidh Fáis sa Teachtaireacht 'Buiséad do Straitéis Eoraip 2020' i Meitheamh 2011.

3.3. Breisluach Eorpach a sholáthar

Mar a dhearbhaítear in Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní foláir do ghníomhaíocht de chuid an AE beartais náisiúnta a chomhlánú agus comhar idir na Ballstáit a spreagadh. Níor cheart don chlár rannchuidiú ach amháin i gcás nach féidir le Ballstát gníomhú ina aonar nó i gcás inar fearr comhordúchán chun dul ar aghaidh.

Sa chlár moltar gníomhaíochtaí i réimsí ina bhfuil fianaise go bhfuil breisluach AE ar bhonn na gcritéar seo a leanas: malartú dea-chleachtas a chothú idir na Ballstáit; tacú le líonraí um chomhroinnt eolais nó fhoghlaim fhrithpháirteach; díriú ar bhagairtí trasteorann chun rioscaí a laghdú agus a n‑iarmhairtí a mhaolú; aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna áirithe maidir leis an margadh inmheánach i gcás ina bhfuil dlisteanacht shubstainteach ag an AE chun réitigh d'ardcháilíocht a áirithiú ar fud na mBallstát; acmhainneacht na nuálaíochta a scaoileadh i réimse na sláinte; gníomhaíochtaí as a bhfhéadfadh córas tagarmharcála teacht; barainneachtaí scála a fheabhsú trí chur amú i ngeall ar dhúbláil a sheachaint agus trí úsáid acmhainní airgeadais a bharrfheabhsú.

3.4. Feidhmíocht an chláir a mhéadú

Cuireann an clár le torthaí an Chéad Chláir Shláinte Phoiblí (2003-2008) agus leis an dara Clár Sláinte (2008-2013), i gcomhréir leis na conclúidí agus na moltaí a rinneadh sna meastóireachtaí agus iniúchtaí éagsúla arna gcur i gcrích ar na cláir sin.

Is é is aidhm leis an gclár nua díriú ar níos lú gníomhaíochtaí, a bhfuil breisluach AE cruthaithe acu, a thugann torthaí nithiúla, agus a fhreagraíonn do bhearnaí nó do riachtanais aitheanta. Iarrtar sa chlár go gcuirfí feabhas ar an mbealach ina gcomhoibríonn na Ballstáit i réimse na sláinte agus go soláthrófaí giaráil chun beartais sláinte náisiúnta a athchóiriú.

Ba cheart gníomhaíochtaí thar an tréimhse seacht mbliana agus pleananna oibre bliantúla a bheith bunaithe ar chlárú ilbhliantúil ina bhfuil líon teoranta gníomhaíochtaí in aghaidh na bliana. Ina theannta sin, ag cur le ceachtanna arna bhfoghlaim agus torthaí meastóireachtaí éagsúla, tugtar isteach roinnt eilimintí nua sa chlár:

· táscairí dul chun cinn chun cuspóirí agus tionchar an chláir a thomhas agus chun faireachán a dhéanamh air;

· breisluach AE mar phríomhdheitéarmanant i leagan amach na dtosaíochtaí do na pleananna oibre bliantúla;

· torthaí na dtionscadal a scaipeadh agus a chur i bhfios do lucht ceaptha beartas ar bhealach níos fearr;

· dreasachtaí chun rannpháirteachas níos mó sa chlár a spreagadh i measc na mBallstát ina bhfuil Ollioncam Náisiúnta (OIN) níos ísle. Áireofar leis seo ráta cómhaoinithe níos airde i gcás na mBallstát sin.

Simpliú

Trí athbhreithniú ar an Rialachán Airgeadais cuideofar le rannpháirteachas i gcláir AE a éascú, mar shampla trí shimpliú na rialacha, laghdú na gcostas rannpháirteachais, luathú nósanna imeachta dámhachtana agus 'aonad uileghnó' a sholáthar chun go mbeidh sé níos fusa do thairbhithe rochtain a fháil ar mhaoiniú AE. Bainfear úsáid iomlán as forálacha an Rialacháin Airgeadais leasaithe, go háirithe trí na ceanglais tuairiscithe a shimpliú tuilleadh, lena n‑áirítear trí úsáid níos forleithne tuairiscithe ar líne.

Baineann dearadh an chláir nua lena chur chun feidhme agus a bhainistiú a shimpliú:

1. Déanfar leibhéal chómhaoiniú an Aontais i leith deontas do ghníomhaíochtaí, do ghníomhaíochtaí arna gcómhaoiniú ag údaráis inniúla na mBallstát nó tríú tíortha, nó ag comhlachtaí neamhrialtasacha arna sainordú ag na húdaráis sin agus i leith deontas oibriúcháin a chomhchuibhiú ag 60 % de na costais incháilithe agus ag suas le 80 % i gcásanna fóntais eisceachtúil.

2. Trí chlárú fadtéarmach gníomhaíochtaí straitéiseacha faoin gclár cuideofar lena líon iomlán in aghaidh na bliana a laghdú agus obair atriallach i nósanna imeachta maidir le cur i bhfeidhm, meastóireacht, idirbheartaíocht agus conrú a sheachaint. Ina theannta sin, beifear in ann díriú isteach níos fearr ar na réimsí tosaíochta agus úsáid níos fearr a bhaint as achmainní daonna agus airgeadais. Déanfar an próiseas maoiniúcháin a shimpliú go háirithe trí chreatchonarthaí a úsáid le haghaidh deontas oibriúcháin, agus scrúdófar an deis cnapshuimeanna a úsáid nuair is féidir chun an t‑ualach riaracháin a laghdú.

3. Beidh na tascairí nua faireacháin agus meastóireachta ag brath ar scaipeadh éifeachtach thorthaí an Chláir agus déanfar a n‑úsáid sna Ballstáit a rianú le cúnamh ó líonra na bPointí Fócais Náisiúnta. Táthar ag súil leis mar sin cur chuige simplithe maidir le torthaí an Chláir a sholáthar; ba cheart go méadófar infheictheacht agus tionchar an Chláir trína nglacadh ag na húsáideoirí deiridh.

4. I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a bhaineann le bainistíocht ar chláir Chomhphobail a chur de chúram ar Ghníomhaireachtaí Feidhmiúcháin, chuir an Coimisiún de chúram ar an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin um Shláinte agus um Thomhaltóirí na cúraimí cur chun feidhme le haghaidh bhainistíocht an Chláir Gníomhaíochta Comhphobail i réimse na Sláinte ó 2005 ar aghaidh. Féadfaidh an Coimisiún, ar bhonn anailíse costais/sochair, gníomhaireacht feidhmiúcháin atá ann cheana a úsáid chun an clár Sláinte le haghaidh Fáis 2014-2020 a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a bhaineann le bainistíocht ar chláir Chomhphobail a chur de chúram ar ghníomhaireachtaí feidhmiúcháin.

4. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Tá údar cuí le gníomhaíocht an AE ar fhorais na gcuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 168 den Chonradh agus ar fhorais phrionsabal na coimhdeachta. 'Déanfaidh gníomhaíocht de chuid an Aontais beartais náisiúnta agus gníomhaíocht de chuid na mBallstát a chomhlánú'. Is féidir leis an Aontas 'tacú lena ghníomhaíocht'.

Sa dara fomhír d'Airteagal 168(2) dearbhaítear go 'bhféadfaidh an Coimisiún, i ndlúth‑thadhall leis na Ballstáit, aon tionscnamh is fóinteach a ghlacadh chun an comhordú sin a chur ar aghaidh, go háirithe tionscnaimh arb é is aidhm dóibh treoirlínte agus táscairí a bhunú, malairtí dea-chleachtais a eagrú agus na heilimintí is gá a ullmhú d'fhaireachán tréimhsiúil agus do mheastóireacht thréimhsiúil'; agus sa triú mír ordaítear go 'dtaobhóidh an tAontas agus na Ballstáit le comhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla i réimse na sláinte poiblí.'

Sa chomhthéacs seo, trí Airteagal 168(5) den CFAE tugar de chumhacht do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle bearta dreasachta arna gceapadh chun sláinte an duine a chosaint agus a fheabhsú a ghlacadh.

5. IMPLEACHT BHUISÉADACH

EUR 446 milliún (i bpraghsanna reatha) a bheidh sna leithreasaí airgeadais chun an clár a chur chun feidhme le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020. Tá sé seo i gcomhréir leis an leithdháileadh buiséid atá beartaithe don Chlár Sláinte sa Teachtaireacht 'Buiséad do Straitéis Eoraip 2020' ó Mheitheamh 2011.

2011/0339 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Clár Sláinte le haghaidh Fáis a bhunú, an tríú clár ilbhliantúil gníomhaíochta AE i réimse na sláinte don tréimhse 2014-2020

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 168(5) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[6],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[7],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Ba cheart ardleibhéal cosanta sláinte a áirithiú i sainiú agus cur chun feidhme beartas agus gníomhaíochtaí uile an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 168 den Chonradh. Déanfaidh an tAontas beartais sláinte náisiúnta a chomhlánú agus tacóidh sé leo, spreagfaidh sé comhar idir na Ballstáit agus cuirfidh sé comhordúchán idir a gcláir chun cinn, agus lánurraim á tabhairt do fhreagrachtaí na n‑údarás náisiúnta as a mbeartais sláinte a chumadh agus as seirbhísí sláinte agus cúram leighis a eagrú agus a sholáthar.

(2) Ní foláir iarracht leanúnach chun na ceanglais atá leagtha amach in Airteagal 168 den Chonradh a chomhlíonadh. Is ionann an tsláinte a chur chun cinn ar leibhéal AE agus dlúthchuid de Straitéis Eoraip 2020: Straitéis Eorpach maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach[8]. Ach daoine a choinneáil folláin agus gníomhach níos faide beidh éifeachtaí dearfacha foriomlána ag an méid sin don tsláinte, agus tionchar dearfach ar tháirgiúlacht agus iomaíochas, agus brú ar na buiséid náisiúnta á laghdú ag an am céanna. Cuidíonn nuálaíocht sa chúram sláinte le díriú ar dhúshlán na hinbhuanaitheachta san earnáil i gcomhthéacs an athraithe dheimeagrafaigh', agus tá sé tábhachtach beart a dhéanamh chun éagothromaíochtaí ó thaobh sláinte de a laghdú chun 'fás uilechuimsitheach' a bhaint amach. Is iomchuí sa chomhthéacs seo 'Clár Sláinte le haghaidh Fáis', tríú clár gníomhaíochta AE i réimse na sláinte (2014-2020) (dá ngairtear 'an Clár' anseo feasta) a bhunú.

(3) Maidir leis na cláir ghníomhaíochta Comhphobail i réimse na sláinte poiblí (2003-2008) agus i réimse na sláinte (2008-2013) arna nglacadh trí Chinneadh Uimh. 1786/2002/CE[9] agus trí Chinneadh Uimh. 1350/2007/CE faoi seach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[10], rinneadh measúnú dearfach orthu as roinnt forbairtí agus feabhsuithe tábhachtacha a sholáthar. Ba cheart don chlár nua cur leis an méid atá bainte amach sna cinn roimhe. Ba cheart dó moltaí na n‑iniúchtaí agus na meastóireachtaí seachtracha arna ndéanamh a chur san áireamh, go háirithe moltaí na Cúirte Iniúchóirí[11], ar dá réir 'gur cheart, don tréimhse tar éis 2013, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún an scóip atá ann do ghníomhaíochtaí an AE i réimse na sláinte poiblí agus cur chuige chistiú an AE sa réimse sin a athbhreithniú. Ba cheart an méid seo a dhéanamh ag cur san áireamh na n‑acmhainní buiséadacha atá ar fáil agus meicníochtaí eile comhair a bheith ann (amhail an modh oscailte comhair) mar mhodh chun comhoibriú agus malartú faisnéise i measc na ngeallsealbhóirí ar fud na hEorpa a éascú..

(4) I gcomhréir le cuspóirí Straitéis Eoraip 2020, ba cheart don Chlár díriú ar shraith cuspóirí agus gníomhaíochtaí atá sainithe go maith a bhfuil breisluach AE cruthaithe acu, agus tacaíocht a dhíriú ar líon níos lú gníomhaíochtaí i réimsí tosaíochta. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, cuirfear béim ar réimsí nach féidir le Ballstáit gníomhú ina n‑aonar ar bhealach cost-éifeachtach iontu, i gcás ina bhfuil ceisteanna soiléire trasteorann no margaidh inmheánaigh i gceist, nó i gcás ina bhfuil buntáistí suntasacha agus gnóthachain éifeachtúlachta le fáil ó chomhar ar leibhéal an AE.

(5) Sa chlár moltar gníomhaíochtaí i réimsí ina bhfuil fianaise go bhfuil breisluach AE ar bhonn na gcritéar seo a leanas: malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit; tacú le líonraí um chomhroinnt eolais nó fhoghlaim fhrithpháirteach; díriú ar bhagairtí trasteorann chun rioscaí a laghdú agus a n‑iarmhairtí a mhaolú; aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna áirithe maidir leis an margadh inmheánach i gcás ina bhfuil dlisteanacht shubstainteach ag an AE chun réitigh d'ardcháilíocht a áirithiú ar fud na mBallstát; acmhainneacht na nuálaíochta a scaoileadh i réimse na sláinte; gníomhaíochtaí as a bhféadfaidh córas tagarmharcála teacht chun gur féidir cinnteoireacht fheasach a dhéanamh ar leibhéal Eorpach; barainneachtaí scála a fheabhsú trí chur amú i ngeall ar dhúbláil a sheachaint agus trí úsáid acmhainní airgeadais a bharrfheabhsú.

(6) I dtuarascáil na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) ar Chúrsaí Sláinte san Eoraip don bhliain 2009 aithnítear go bhfuil deis le haghaidh infheistíochta méadaithe i gcórais sláinte agus sláinte poiblí. I ndáil leis seo, spreagtar na Ballstáit chun feabhsú sláinte a aithint mar thosaíocht ina gcláir náisiúnta agus chun leas a bhaint as feasacht níos fearr i dtaobh deiseanna maidir le maoiniú ón AE do shláinte. Mar sin, ba cheart don chlár glacadh a thorthaí sna beartais sláinte náisiúnta a éascú.

(7) Trí nuálaíocht sa tsláinte i dtéarmaí táirgí agus seirbhísí, agus i dtéarmaí eagraithe agus soláthair cúraim sláinte, is féidir cáilíocht an chúraim le haghaidh othar a fheabhsú agus freagairt do riachtanais nach bhfuil comhlíonta, agus cost-éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht an chúraim á bhfeabhsú freisin. Mar sin, ba cheart don Chlár glacadh nuálaíochta sa chúram sláinte a éascú.

(8) Ba cheart don chlár rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar neamhionannais sláinte trí ghníomhaíocht faoi chuspóirí éagsúla agus trí mhalartú dea-chleachtas chun dul i ngleic leo a spreagadh agus a éascú.

(9) Ba cheart seasamh an othair a neartú chun torthaí sláinte níos fearr agus níos sábháilte a bhaint amach. Ba cheart othair a chumasú chun a sláinte agus a gcúram sláinte a bhainistiú ar bhealach níos réamhghníomhaí. Ba cheart trédhearcacht gníomhaíochtaí agus córas cúraim sláinte agus infhaighteacht faisnéise d'othair a bharrfheabhsú. Ba cheart aiseolas ó othair agus cumarsáid leo a chur san áireamh i gcleachtais cúraim sláinte. Tá tacaíocht do Bhallstáit, eagraíochtaí othar agus geallsealbhóirí fíor‑riachtanach agus ba cheart í a chomhordú ar leibhéal an AE chun cuidiú go héifeachtach le hothair agus go háirithe leo siúd a bhfuil galair neamhchoitianta orthu chun leas a bhaint as cúram sláinte trasteorann.

(10) I gcomhthéacs sochaí atá ag aosú, is féidir, trí infheistíochtaí dea-stiúrtha chun sláinte a chur chun cinn agus galair a chosc, líon 'na mblianta ina bhfuil daoine ina sláinte' a mhéadú agus ar an gcaoi sin na daoine scothaosta a chumasú chun leanúint den obair de réir mar atá siad ag aosú. Is iad na galair ainsealacha faoi deara 80 % den bhásmhaireacht anabaí san AE. Ach glacadh dea-chleachtas bailíochtaithe do bhearta choisceacha cost-éifeachtacha a dhíríonn ar na príomhfhachtóirí riosca, eadhon caitheamh tobac, mí-úsáid alcóil agus otracht, chomh maith le VEID/SEIF, a aithint, a scaipeadh agus a chur chun cinn, rannchuideoidh an Clár le galair a chosc agus an tsláinte a chur chun cinn, agus fachtóirí bunúsacha de chineál sóisialta nó comhshaoil á gcur san áireamh.

(11) Chun na hiarmhairtí don tsláinte phoiblí ó bhagairtí sláinte trasteorann, a d'fhéadfadh dul ó olléilliú i ngeall ar theagmhais cheimiceacha go paindéimí, amhail na cinn a thig le déanaí as E coli, fliú de chineál H1N1 nó SARS (géarshiondróim trom riospráide), a íosmhéadú, ba cheart don Chlár rannchuidiú le meicníochtaí agus uirlisí láidre a chruthú agus a chothabháil chun mórbhagairtí sláinte trasteorann a bhrath, a mheasúnú agus a bhainistiú. I ngeall ar nádúr na mbagairtí sin, ba cheart don Chlár tacú le bearta comhordaithe sláinte poiblí ar leibhéal an AE chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe éagsúla, chun cur le hullmhacht agus pleanáil freagartha, le measúnú riosca láidir agus iontaofa agus le creat láidir bainistíochta riosca agus géarchéime. Sa chomhthéacs seo, tá sé tábhachtach go dtairbhíonn an clár de chomhlántacht le clár oibre an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú[12] sa chomhrac in aghaidh galar teagmhálach agus leis na gníomhaíochtaí a dtacaítear leo faoi chláir an Aontais do thaighde agus do nuálaíocht. Ba cheart iarracht ar leith a dhéanamh chun comhtháiteacht agus sineirgíochtaí a áirithiú idir an Clár agus obair dhomhanda sláinte a dhéantar faoi chláir agus ionstraimí eile Comhphobail a thugann aghaidh go háirithe ar réimsí fliú, VEID/SEIF, eitinn agus bagairtí sláinte trasteorann eile i dtríú tíortha. Feadfaidh gníomhaíocht faoin gclár bagairtí sláinte trasteorann a thig as teagmhais bhitheolaíocha agus cheimiceacha, as athrú aeráide nó comhshaoil a chumhdach freisin. Mar a dhearbhaítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún 'Buiséad do Straitéis Eoraip 2020' tá an Coimsiún tiomanta don athrú aeráide a phríomhshruthú isteach i gcláir caiteachais iomláin an Aontais agus ar a laghad 20 % de bhuiséad an Aontais a dhíriú ar chuspóirí a bhaineann leis an aeráid. Tríd an gcaiteachas sa Chlár Sláinte le haghaidh Fáis faoi chuspóir 4 cuideofar ar bhealach ginearálta leis an gcuspóir sin trí aghaidh a thabhairt ar bhagairtí sláinte a bhaineann leis an athrú aeráide. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil faoin gcaiteachas ar an athrú aeráide laistigh den Chlár Sláinte le haghaidh Fáis.

(12) I gcomhréir le hAirteagal 114 den Chonradh, ba cheart ardleibhéal cosanta sláinte a áirithiú sa reachtaíocht arna glacadh ag an Aontas maidir le bunú agus feidhmiú an Mhargaidh Inmheánaigh. I gcomhréir leis an gcuspóir sin, ba cheart don Chlár iarracht ar leith a dhéanamh tacú le gníomhaíochtaí a cheanglaíonn cuspóirí reachtaíocht an AE i réimsí táirgí íocshláinte, feistí leighis, fíochán agus ceall daonna, fola, orgán daonna, galar teagmhálach agus bagairtí eile sláinte, ceart othar i gcúram sláinte trasteorann agus táirgí tobac agus fógraíochta.

(13) Ba cheart don Chlár rannchuidiú le cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise trí chóras faisnéise agus eolais faoin tsláinte a chothú. Is éard a bheadh i gceist leis an gcóras sin, inter alia, sonraí sláinte a bhailiú agus a anailísiú, tacú leis na Coistí[13] eolaíocha agus rannpháirtiú i scaipeadh forleathan thorthaí an Chláir.

(14) Ba cheart don Chlár díriú go príomha ar chomhar le húdaráis inniúla sláinte náisiúnta agus dreasachtaí a sholáthar do rannpháirteachas forleathan na mBallstát go léir. Go háirithe, ba cheart rannpháirteachas Ballstát a bhfuil Ollioncam Náisiúnta (OIN) acu atá níos lú ná 90 % de mheán an Aontais a spreagadh go gníomhach.

(15) Tá ról tábhachtach ag comhlachtaí neamhrialtasacha agus geallsealbhóirí sláinte, go háirithe ag eagraíochtaí othar agus comhlachais gairmithe sláinte, chun an fhaisnéis agus an chomhairle is gá a sholáthar don Choimisiún chun an clár a chur chun feidhme. Chun an ról sin a chomhlíonadh, d'fhéadfadh sé go mbeadh ranníocaíochtaí ón gClár ag teastáil uathu chun a a bheith in ann feidhmiú. Is ar an gcúis seo a bheidh rochtain ar an gclár ag ENRanna ionadaitheacha agus ag eagraíochtaí othar a oibríonn i réimse na sláinte poiblí, a imríonn ról éifeachtach i bpróisis agallaimh shibhialta ar leibhéal an AE, amhail mar shampla rannpháirteachas i ngrúpaí comhairleacha, agus ar an gcaoi sin a rannchuidíonn le cuspóirí sonracha an Chláir a shaothrú.

(16) Ba cheart don Chlár sineirgíochtaí a chur chun cinn agus dúbláil le cláir ghaolmhara agus gníomhaíochtaí gaolmhara de chuid an Aontais á seachaint aige. Ba cheart úsáid iomchuí a bhaint as cistí agus cláir eile de chuid an Aontais, go háirithe creat reatha agus todhchaí chláir an Aontais do thaighde agus do nuálaíocht agus a dtorthaí, na Cistí Struchtúracha, an Clár um athrú sóisialta agus nuálaíocht, Ciste Dlúthpháirtíochta na hEorpa, an Straitéis Eorpach um shláinte san ionad oibre, an Clár um Iomaíochas agus Nuálaíocht, an Creatchlár um ghníomhaíocht chomhshaoil agus aeráide (LIFE), clár gníomhaíochta an Aontais i réimse an bheartais tomhaltóirí (2014-2020)[14], an clár um Cheartas (2014-2020), an Clár Comhpháirteach um Maireachtáil Chuidithe Chomhthimpeallach, (Clár Oideachais don Eoraip) agus Clár Staidrimh an Aontais laistigh dá ngníomhaíochtaí faoi seach.

(17) De réir Airteagal 168 den Chonradh, cothóidh an tAontas agus na Ballstáit comhar le tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta inniúla i réimse na sláinte poiblí. Ba cheart mar sin don chlár a bheith oscailte do rannpháirteachas tríú tíortha, go háirithe tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha a thairbhíonn de straitéis réamhaontachais, tíortha CSTE/an LEE, tíortha comharsanachta agus na tíortha a bhfuil feidhm ag Beartas Comharsanachta na hEorpa (BCE) maidir leo agus tíortha i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos trí chomhaontú ábhartha déthaobhach nó iltaobhach.

(18) Ba cheart caidreamh iomchuí le tríú tíortha nach bhfuil rannpháirteach sa chlár a éascú chun cuidiú le cuspóirí an chláir a bhaint amach, agus aon chomhaontuithe ábhartha idir na tíortha sin agus an tAontas á gcur san áireamh. Sa chomhthéacs sin, d'fhéadfadh an tAontas imeachtaí maidir leis an tsláinte a eagrú nó d'fhéadfadh tríú tíortha gníomhaíochtaí a dhéanamh a chomhlánódh na gníomhaíochtaí maoinithe ag an gclár i réimsí leasa fhrithpháirtigh, ach níor cheart go mbeidh ranníocaíocht faoin gClár i gceist.

(19) Chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais agus gníomhaíochtaí idirnáisiúnta a uasmhéadú, ba cheart comhar a fhorbairt le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha amhail na Náisiúin Aontaithe agus a ngníomhaireachtaí speisialaithe, go háirithe an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, chomh maith le Comhairle na hEorpa agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, d'fhonn an Clár a chur chun feidhme.

(20) Ba cheart don chlár dul ar aghaidh go ceann tréimhse seacht mbliana chun a ré a ailíniú le ré an Chreata Airgeadais Ilbhliantiúil mar atá leagtha amach in [Airteagal 1] den Rialachán ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020. Leagtar síos leis an Rialachán seo, ar feadh ré iomlán an Chláir, imchlúdach airgeadais arb é an phríomhthagairt don údarás buiséadach le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil é, de réir bhrí phointe 17 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an XX/YY/200Z idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach agus le bainistíocht fhónta airgeadais [nasc].

(21) I gcomhréir le hAirteagal 49 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach[15], tugann an Rialachán seo an bunús dlí don ghníomhaíocht agus do chur chun feidhme an Chláir Sláinte le haghaidh Fáis.

(22) Chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme trí bhíthin clár oibre bliantúil, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[16].

(23) Ba cheart an Clár a chur chun feidhme agus lánurraim á tabhairt do phrionsabal na trédhearcachta agus le cothromaíocht réasúnach idir a chuspóirí éagsúla. Ba cheart don Chlár gníomhaíochtaí iomchuí arna gcumhdach ag cuspóirí sonracha an chláir agus a bhfuil breisluach soiléir AE acu a roghnú agus a mhaoiniú. Ba cheart a leagan amach sna cláir oibre bliantúla, go háirithe, na critéir fhíor-riachtanacha roghnúcháin is infheidhme maidir le tairbhithe féideartha, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, chun a áirithiú go bhfuil an achmhainneacht airgeadais agus oibríochtúil acu chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí arna maoiniú faoin gClár, agus, i gcás inarb iomchuí, go bhfuil an fhianaise a éilítear chun a neamhspleáchas a thaispeáint acu.

(24) Ba cheart faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar luach agus iarmhairt an Chláir go rialta. Ba cheart a chur san áireamh sa mheastóireacht go bhféadfadh sé go mbeadh gá le tréimhse níos faide ná ré an Chláir chun a chuspóirí a shaothrú.

(25) Tá comhar na n‑údarás náisiúnta fíor-riachtanach i gcomhroinnt faisnéise le hiarrthóirí ionchasacha chun go mbeidh rannpháirteachas cothrom sa Chlár, agus i gcomhroinnt eolais arna sholáthar ag an gclár le geallsealbhóirí éagsúla in earnáil na sláinte poiblí. Thairis sin, meastar a rannpháirteachas i rianú na n‑iarmhairtí arna nginiúint ag an gClár ar leibhéal náisiúnta a bheith thar a bheith tábhachtach. Ar an gcaoi sin, ba cheart do na Ballstáit Pointí Fócais Náisiúnta a ainmniú chun tacú leis na gníomhaíochtaí a luaitear thuas.

(26) Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh a chosaint trí bhíthin beart comhréireach ar feadh na timthrialla caiteachais, lena n‑áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a aisghabháil agus, nuair is iomchuí, pionóis.

(27) Ba cheart idirthréimhse a áirithiú idir an clár nua agus an clár roimhe a ionadaíonn sé, go háirithe maidir le leanúint de na socruithe ilbhliantúla dá bhainistíocht, amhail cúnamh teicniúil agus airgeadais a mhaoiniú. Amhail ón 1 Eanáir 2021, ba cheart, más gá, do na leithreasaí do chúnamh teicniúil agus riaracháin an caiteachas a bhaineann le bainistíocht gníomhaíochtaí nach bhfuil tugtha chun críche fós faoi dheireadh 2020 a chumhdach.

(28) Cuirtear an Rialachán seo in ionad Chinneadh Uimh. 1350/2007/CE. Ba cheart an Cinneadh sin a aisghairm dá bhrí sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Bunú an Chláir

Tríd an Rialachán seo bunaítear tríú clár ilbhliantúil gníomhaíochta Aontais i réimse na sláinte, ar a dtugtar an Clár Sláinte le haghaidh Fáis, a chumhdaíonn an tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 (dá ngairtear 'an Clár' anseo feasta).

Airteagal 2

Cuspóirí ginearálta

Is iad cuspóirí ginearálta an Chláir Sláinte le haghaidh Fáis comhoibriú leis na Ballstáit chun nuálaíocht sa chúram sláinte a spreagadh agus chun inbhuanaitheacht na gcóras sláinte a mhéadú, chun sláinte shaoránaigh an AE a fheabhsú agus iad a chosaint ó bhagairtí sláinte trasteorann.

Caibidil II

Cuspóirí agus gníomhaíochtaí

Airteagal 3

Cuspóirí agus táscairí sonracha

Déanfar na cuspóirí ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 2 a shaothrú trí na cuspóirí sonracha seo a leanas:

(1) Uirlisí agus meicníochtaí coiteanna ar leibhéal an AE a fhorbairt chun díriú ar ghanntanais acmhainní, idir acmhainní daonna agus airgeadais agus chun glacadh nuálaíochta sa chúram sláinte a éascú chun rannchuidiú le córais sláinte nuálacha agus inbhuanaithe a chur ar fáil.

Déanfar an cuspóir seo a thomhas go háirithe tríd an líon Ballstát a úsáideann na huirlisí agus na meicníochtaí arna bhforbairt agus na míreanna comhairle a mhéadú.

(2) Rochtain ar shaineolas leighis agus faisnéis faoi riochtaí sonracha a mhéadú freisin thar theorainneacha náisiúnta, agus comhréitigh agus comhthreoirlínte a fhorbairt chun cáilíocht cúraim sláinte agus sábháilteacht othar a fheabhsú chun rochtain ar chúram sláinte níos fearr agus níos sábháilte do shaoránaigh an AE a mhéadú;

Déanfar an cuspóir seo a thomhas go háirithe tríd an méadú ar líon na ngairmithe sláinte a úsáideann an saineolas arna bhailiú trí na Líonraí Tagartha Eorpacha i gcomhthéacs Threoir 2011/24/AE maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (dá ngairtear na 'Líonraí Tagartha Eorpach' anseo feasta); an méadú ar líon na n‑othar a úsáideann na líonraí seo; agus an méadú ar líon na mBallstát a úsáideann na treoirlínte arna bhforbairt.

3) Glacadh dea-chleachtas bailíochtaithe chun bearta choisceacha cost-éifeachtacha a aithint, a scaipeadh agus a chur chun cinn, trí dhíriú ar phríomhthosca riosca, eadhon caitheamh tobac, mí-úsáid alcóil agus otracht, chomh maith le VEID/SEIF, agus béim á cur ar an ngné thrasteorann, chun galair a chosc agus an tsláinte a chur chun cinn;

Déanfar an cuspóir seo a thomhas go háirithe tríd an méadú ar líon na mBallstát atá rannpháirteach i gcur chun cinn na sláinte agus i gcosc galar, agus úsáid á baint acu as dea‑chleachtais bhailíochtaithe.

(4) Cur chuige coiteanna a fhorbairt agus a luach chun feabhas a chur ar ullmhacht agus comhordú i gcásanna éigeandála sláinte a thaispeáint chun saoránaigh a chosaint ar bhagairtí sláinte trasteorann.

Déanfar an cuspóir seo a thomhas go háirithe tríd an méadú ar líon na mBallstát a chomhtháthaíonn na cur chuige coiteanna atá forbartha i ndearadh a bpleananna ullmhachta.

Airteagal 4

Gníomhaíochtaí incháilithe

Déanfar na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 a bhaint amach trí na gníomhaíochtaí a liostaítear thíos agus de réir na dtosaíochtaí atá leagtha amach sa chlár oibre dá dtagraítear in Airteagal 11 den Rialachán seo.

(1) Rannchuidiú le córais sláinte nuálacha agus inbhuanaithe:

– 1.1.    Comhar AE a fhorbairt maidir le Measúnú ar Theicneolaíocht Sláinte i gcomhthéacs Threoir 2011/24/AE maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm;

– 1.2.    Glacadh nuálaíochta sláinte agus ríomhShláinte a chur chun cinn trí idir‑inoibritheacht feidhmchláir ríomhShláinte a mhéadú;

– 1.3.    Tacú le hinbhuanaitheacht lucht oibre sláinte an AE trí réamh-mheastachán agus pleanáil éifeachtach agus straitéisí éifeachtúla earcaíochta agus coinneála a chur chun cinn;

– 1.4.    Saineolas a sholáthar chun cuidiú leis na Ballstáit na córais sláinte a athchóiriú;

– 1.5     Tacú le Comhpháirtíocht na hEorpa um Nuáil maidir le hAoisiú Gníomhach agus Folláin, treoirthionscadal faoi Aontas na Nuálaíochta - Tionscnamh Suaitheanta de chuid Straitéis Eoraip 2020[17].

– 1.6     Gníomhaíochtaí arna gceangal ag cuspóirí reachtaíocht an AE nó a rannchuidíonn leo i réimsí na bhfeistí leighis chomh maith le r-Shláinte agus ag forálacha maidir le Measúnú ar Theicneolaíocht Sláinte sa reachtaíocht maidir le cúram sláinte trasteorann;

– 1.7     Córas eolais faoi shláinte a chothú, lena n‑áirítear Coistí Eolaíocha, chun rannchuidiú le cinnteoireacht bunaithe ar fhianaise.

(2) Rochtain ar chúram sláinte níos fearr agus níos sábháilte do shaoránaigh a mhéadú:

– 2.1.    Creidiúnú a bhunú do na Líonraí Tagartha Eorpacha agus tacú leo ;

– 2.2.    Tacú le gníomhaíocht maidir le galair neamhchoitianta lena n‑áirítear Líonraí Tagartha Eorpacha a chruthú (i gcomhréir le 2.1), faisnéis a chruthú agus cláir bhunaithe ar na critéir choiteanna creidiúnúcháin a chruthú;

– 2.3.    Comhar maidir le sábháilteacht othar agus cáilíocht cúraim shláinte a neartú, trí infhaighteacht faisnéise d'othair a mhéadú, trí mhalartú dea-chleachtas agus trí fhorbairt treoirlínte; tacú le gníomhaíocht maidir le cúram agus taighde i ndáil le galair ainsealacha lena n‑áirítear forbairt treoirlínte Eorpacha.

– 2.4.    Treoirlínte a fhorbairt chun úsáid stuama frithmhiocróbach sa leigheas daonna a fheabhsú agus chun na cleachtais a mhéadaíonn frithsheasamh frithmhiocróbach a laghdú.

– 2.5.    Gníomhaíochtaí arna gceangal ag cuspóirí reachtaíocht an AE nó a rannchuidíonn leo i réimse na bhfíochán agus na gceall, na fola, na n‑orgán, chearta na n‑othar i gcúram sláinte trasteorann agus na dtáirgí íocshláinte;

– 2.6.    Córas eolais faoin tsláinte a chothú, chun rannchuidiú le cinnteoireacht bhunaithe ar fhianaise.

(3) An tsláinte a chur chun cinn agus galair a chosc:

– 3.1     Dea-chleachtais a mhalartú faoi bhuncheisteanna sláinte amhail caitheamh tobac a chosc, mí‑úsáid alcóil agus otracht;

– 3.2.    Tacú le galair ainsealacha, lena n‑áirítear ailse, a chosc, trí eolas agus dea‑chleachtas a chomhroinnt agus trí chomhghníomhaíochtaí a fhorbairt;

– 3.3.    Gníomhaíochtaí arna gceangal ag cuspóirí reachtaíocht an AE nó a rannchuidíonn leo i réimse na dtáirgí agus na fógraíochta tobac;

– 3.4.    Córas eolais faoin tsláinte a chothú, chun rannchuidiú le cinnteoireacht bhunaithe ar fhianaise.

(4) Saoránaigh a chosaint ar bhagairtí sláinte trasteorann:

– 4.1.    Ullmhacht agus freagairt i gcás bagairtí sláinte trasteorann tromchúiseacha a neartú;

– 4.2.    Cumas measúnaithe riosca a fheabhsú trí acmhainní breise a sholáthar le haghaidh saineolais eolaíoch agus fardal a dhéanamh de na measúnuithe atá ann cheana;

– 4.3.    Tacú le forbairt acmhainní in aghaidh bagairtí sláinte sna Ballstáit inter alia trí phleanáil agus trí chomhordú ullmhachta agus freagartha, trí chur chuige coiteann maidir le vacsaíniú, trí threoirlínte agus meicníochtaí a fhorbairt do chomhsholáthar frithbheart leighis;

– 4.4.    Gníomhaíochtaí arna gceangal ag cuspóirí reachtaíocht an AE nó a rannchuidíonn leo i réimse na ngalar teagmhálach agus bagairtí eile sláinte;

– 4.5.    Córas eolais faoin tsláinte a chothú, chun rannchuidiú le cinnteoireacht bhunaithe ar fhianaise.

Tá tuairisc níos mionsonraithe ar an bhfoirm a d'fhéadfadh a bheith sna gníomhaíochtaí sin in Iarscríbhinn I. Tugtar liosta táscach na reachtaíochta ábhartha in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Caibidil III

Forálacha airgeadais

Airteagal 5

Cistiú

1. Socraítear an leithdháileadh airgeadais chun an Clár a chur chun feidhme go ceann tréimhse ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 ag EUR 446 000 000 i bpraghsanna reatha.

Airteagal 6

Rannpháirteachas tríú tíortha

1. Beidh an Clár ar oscailt ar bhonn costais, do rannpháirteachas tríú tíortha, go háirithe:

(a)        Tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha a thairbhíonn de straitéis réamhaontachais, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí ginearálta maidir lena rannpháirteachas i gcláir Aontais arna mbunú sna Comhaontuithe Réime, Comhaontuithe Comhlachais ón gComhairle nó Comhaontuithe dá samhail;

(b)        Tíortha CSTE/an LEE i gcomhréir leis na coinníollacha atá bunaithe i gComhaontú an LEE;

(c)        Tíortha comharsanachta agus na tíortha a bhfuil feidhm ag Beartas Comharsanachta na hEorpa (BCE) maidir leo i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos trí chomhaontú déthaobhach nó iltaobhach ábhartha;

(d)        Tíortha eile i gcomhréir leis na coinníollacha atá leagtha síos i gcomhaontú déthaobhach nó iltaobhach ábhartha.

Airteagal 7

Cineálacha idirghabhála

1. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, féadfaidh ranníocaíochtaí an Aontais a bheith i bhfoirm deontas nó soláthair phoiblí nó aon idirghabhálacha eile is gá chun cuspóirí an Chláir a bhaint amach.

2. Féadtar deontais a dhámhachtain chun an méid seo a leanas a chistiú:

(a)        gníomhaíochtaí a bhfuil breisluach AE soiléir acu arna gcómhaoiniú ag údaráis inniúla na mBallstát atá freagrach as Sláinte Phoiblí nó ag na tríú tíortha atá rannpháirteach de bhun Airteagal 6, nó ag comhlachtaí neamhrialtasacha arna sainordú ag na húdaráis inniúla sin;

(b)        gníomhaíochtaí a bhuil breisluach AE soiléir acu arna gcómhaoiniú ag comhlachtaí poiblí nó príobháideacha eile, dá dtagraítear in Airteagal 8(1), lena n‑áirítear eagraíochtaí idirnáisiúnta atá gníomhach i réimse na sláinte; i gcás na n‑eagraíochtaí sin, nuair is iomchuí gan glao ar thogra roimh ré, ar choinníoll go bhfuil údar cuí leis an gcinneadh sna cláir oibre bhliantúla;

(c)        feidhmiú comhlachtaí neamhrialtasacha dá dtagraítear in Airteagal 8(2) i gcás inar gá tacaíocht airgeadais chun cuspóir sonrach amháin nó níos mó den Chlár a shaothrú.

3. Ní sháróidh deontais arna n‑íoc ag an Aontas na leibhéil seo a leanas:

(a)        60 % de na costais incháilithe do ghníomhaíocht a dhíríonn ar chuspóir de chuid an Chláir. I gcásanna fóntais eisceachtúil, féadfaidh ranníocaíocht an Aontais dul suas go 80 % de na costais incháilithe.

(b)        60 % de na costais incháilithe do fheidhmiú comhlachta neamhrialtasaigh. «I gcásanna fóntais eisceachtúil féadfaidh comhlachtaí dá leithéid tairbhiú de ranníocaíocht suas le 80 % de na costais incháilithe.

(c)        60 % de na costais incháilithe do ghníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 cé is moite de Bhallstáit ar lú a n‑ollioncam náisiúnta in aghaidh an chónaitheora ná 90 % de mheán an Aontais, Ballstáit a thairbheoidh de ranníocaíocht suas le 80 % de na costais incháilithe. I gcásanna fóntais eisceachtúil, féadfaidh an ranníocaíocht do ghníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 2 dul suas le 80 % de na costais incháilithe d'údaráis inniúla na mBallstát uile nó na dtríú tíortha uile atá rannpháirteach sa Chlár.

4. Feadtar deontais a íoc i bhfoirm cnapshuimeanna, scálaí caighdeánacha na gcostas aonaid nó maoinithe chomhréidh i gcás ina n‑oireann sé sin do nádúr na ngníomhaíochtaí lena mbaineann.

Airteagal 8

Tairbhithe is incháilithe do dheontais

1. Féadtar na deontais do ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(a) agus (b) a dhámhachtain ar eagraíochtaí atá bunaithe go dlíthiúil, ar údaráis phoiblí, ar chomhlachtaí earnála poiblí, go háirithe ar insititiúidí taighde agus sláinte, ar ollscoileanna agus ar bhunaíochtaí ardoideachais agus ar ghnóthais.

2. Féadtar na deontais do fheidhmiú na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 7(2)(c) a dhámhachtain ar na comhlachtaí a chomhlíonann na critéir seo a leanas:

(a)        Is comhlachtaí atá neamhrialtasach, neamhbhrabúsach agus neamhspleách ar leasanna tionsclaíochta, tráchtála agus gnó nó ar leasanna contrártha eile iad;

(b)        Tá siad ag obair i réimse na sláinte poiblí, ag imirt ról éifeachtach i bpróisis an agallaimh shibhialta ar leibhéal an AE agus saothraíonn siad cuspóir sonrach amháin ar a laghad den Chlár dá dtagraítear in Airteagal 3;

(c)        Tá siad gníomhach ar leibhéal an Aontais agus i leath na mBallstát ar a laghad, agus tá cumhdach geografach cothromúil ar an Aontas acu.

Airteagal 9

Cúnamh riaracháin agus teicniúil

Féadfaidh an leithdháileadh airgeadais don Chlár speansais a chumhdach freisin a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhachta, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta arna gceangal go díreach chun an Clár a bhainistiú agus a chuspóirí a bhaint amach, go háirithe staidéir, cruinnithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n‑áirítear cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh a mhéid is a bhaineann siad le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo, speansais atá nasctha le líonraí TF a bhfuil béim acu ar mhalartú faisnéise, chomh maith le gach speansas maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin arna thabhú ag an gCoimisiún chun an Clár a bhainistiú.

Caibidil IV

Cur chun feidhme

Airteagal 10

Modhanna cur chun feidhme

Beidh an Coimisiún freagrach as cur chun feidhme an Chláir i gcomhlíonadh na modhanna bainistíochta atá leagtha amach sa Rialachán Airgeadais.

Airteagal 11

Cláir oibre bhliantúla

1. Déanfaidh an Coimisiún an Clár a chur chun feidhme trí chláir oibre bhliantúla a bhunú ina leagtar amach na heilimintí dá bhforáiltear sa Rialachán Airgeadais agus go háirithe:

(a)        na tosaíochtaí agus na gníomhaíochtaí a bhfuiltear le tabhairt fúthu, lena n‑áirítear leithdháileadh acmhainní airgeadais;

(b)        critéir incháilitheachta mhionsonraithe do na tairbhithe i gcomhlíonadh Airteagal 8;

(c)        na critéir maidir le céatadán de leithdháileadh airgeadais an Aontais, lena n‑áirítear critéir chun measúnú a dhéanamh ar cibé an bhfuil feidhm ag fóntas eisceachtúil, agus an ráta cómhaoinithe is infheidhme;

(d)        na critéir roghnúcháin agus deonaithe atá le húsáid chun na tograí a gheobhaidh na ranníocaíochtaí a roghnú;

(e)        sceideal ama na nglaonna ar thairiscintí agus na nglaoanna ar thograí atá beartaithe;

(f)         i gcás inarb iomchuí, an t-údarú chun cnapshuimeanna, scálaí caighdeánacha na gcostas aonaid nó maoiniú comhréidh a úsáid i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais;

(g)        na gníomhaíochtaí arna gcómhaoiniú ag eagraíochtaí idirnáisiúnta atá gníomhach i réimse na sláinte gan glao ar thogra roimh ré a raibh údar cuí leis.

2. Glacfar an clár oibre dá dtagraítear i mír 1 i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(2).

3. Agus an Clár á chur chun feidhme, áiritheoidh an Coimisiún, in éineacht leis na Ballstáit, go gcomhlíonfar na forálacha dlíthiúla ábhartha uile maidir le cosaint sonraí pearsanta agus, i gcás inarb iomchuí, go dtabharfar isteach meicníochtaí chun rúndacht agus sábháilteacht na sonraí sin a áirithiú.

Airteagal 12

Comhsheasmhacht agus comhlántacht le beartais eile

Áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, comhsheasmhacht agus comhlántacht fhoriomlán idir an Clár agus beartais, ionstraimí agus gníomhaíochtaí eile an Aontais.

Airteagal 13

Faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar thorthaí agus iad a scaipeadh

1. Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, faireachán ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí faoin gclár i bhfianaise a chuspóirí agus a tháscairí, lena n‑áirítear faisnéis faoi mhéid an chaiteachais a bhaineann le haeráid. Ba cheart dó tuairisciú faoin méid sin don choiste dá dtagraítear in Airteagal 13, agus coimeádfaidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an eolas.

2. Arna iarraidh sin don Choimisiún, a sheachnóidh aon mhéadú díréireach a chur ar ualach riaracháin na mBallstát, tíolacfaidh Ballstáit aon fhaisnéis atá ar fáil faoi chur chun feidhme agus tionchar an Chláir.

3. Tráth nach déanaí ná lár 2018, bunóidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta ar bhaint amach chuspóirí na mbeart uile (ar leibhéal na dtorthaí agus na dtionchar), ar éifeachtúlacht úsáid na n‑acmhainní agus a breisluach Eorpach, d'fhonn cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan, modhnú nó fionraí na mbeart. Sa bhreis air sin díreoidh an mheastóireacht ar dheiseanna simpliúcháin, comhtháiteacht inmheánach agus sheachtrach na mbeart, ábharthacht leanúnach na gcuspóirí uile, chomh maith leis an gcaoi ina rannchuidíonn na bearta le tosaíochtaí an Aontais d'fhás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach. Cuirfidh sé san áireamh torthaí meastóireachta maidir le tionchar fadtéarmach an chláir ba réamhtheachtaí.

Ba cheart tionchair níos fadtéarmaí agus inbhuanaitheacht éifeachtaí an Chláir Sláinte le haghaidh Fáis a mheasúnú d'fhonn rannchuidiú le cinneadh maidir le hathnuachan, modhnú nó fionraí a d'fhéadfaí a dhéanamh ar chlár iardain.

4. Poibleoidh an Coimisiún torthaí na ngníomhaíochtaí ar tugadh fúthú de bhun an Rialacháin seo agus áiritheoidh sé go scaipfear go forleathan iad.

Airteagal 14

Pointí Fócais Náisiúnta

Ainmneoidh na Ballstáit Pointí Fócais Náisiúnta a chuideoidh leis an gCoimisiún an Clár a chur chun feidhme, torthaí an Chláir agus faisnéis faoi thionchair arna nginiúint ag an gClár a scaipeadh ina dtíortha faoi seach.

Airteagal 15

Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1. Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n-áiritheofar, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus dhíspreagthacha.

2. Beidh cumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, iniúchtaí a dhéanamh ar bhonn doiciméad agus ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin gClár.

Beidh údarás ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis an gcistiú sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach ar bith eile i ndáil le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó le conradh a bhaineann le cistiú an Aontais.

Gan dochar don chéad fhomhír agus don dara fomhír, le comhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le comhaontuithe deontais agus cinntí deontais agus conarthaí a thig ón Rialachán seo a chur chun feidhme, tabharfar cead sainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí den sórt sin a dhéanamh.

Caibidil V

Forálacha nós imeachta

Airteagal 16

Nós imeachta coiste

1. Beidh coiste laistigh de bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don chéad mhír, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3. I gcás ina mbeidh tuairim an choiste le fáil trí nós imeachta i scríbhinn, cuirfear deireadh leis an nós imeachta sin gan toradh nuair a chinnfidh cathaoirleach an choiste amhlaidh, laistigh den teorainn ama chun tuairim a thabhairt, nó nuair a iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh.

Caibidil VI

Forálacha idirthréimhseacha agus deiridh

Airteagal 17

Forálacha idirthréimhseacha

1. Féadfaidh an leithdháileadh airgeadais don Chlár speansais is gá maidir le cúnamh teicniúil agus riaracháin a chumhdach freisin chun an t‑aistriú idir an Clár agus na bearta arna nglacadh faoi Chinneadh Uimh. 1350/2007/CE a áirithiú.

2. Más gá, féadfar leithreasaí a iontraíl sa bhuiséad thar 2020 chun speansais dá bhforáiltear in Airteagal 9 a chumhdach, chun bainistíocht gníomhaíochtaí nach tugadh chun críche faoi 2020 a chumasú.

Airteagal 18

Forálacha aisghairme

Aisghairfear Cinneadh Uimh. 1350/2007/CE le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Airteagal 19

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Cineálacha gníomhaíochtaí

1. Uirlisí agus meicníochtaí coiteanna ar leibhéal an AE a fhorbairt chun díriú ar ghanntanais acmhainní, idir acmhainní daonna agus airgeadais agus chun glacadh nuálaíochta sa chúram sláinte a éascú chun rannchuidiú le córais sláinte nuálacha agus inbhuanaithe a chur ar fáil

1.1. Measúnú ar theicneolaíocht sláinte: Tacú le comhar Eorpach maidir le Measúnú ar Theicneolaíocht Sláinte (HTA) faoin líonra deonach Eorpach um Measúnú ar Theicneolaíocht Sláinte arna bhunú ag Cinneadh 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[18]. Úsáid na dtorthaí a thig as tionscadail taighde arna dtacú faoin 7ú Creatchlár agus san fhadtéarma na gníomhaíochtaí a dtabharfar fúthu sna cláir thaighde agus nuálaíochta 2014-2020 (Fís 2020) atá ag teacht a éascú.

1.2. Nuálaíocht Sláinte agus r-Shláinte: Idir-inoibritheacht clár othar agus réitigh eile r‑Shláinte a mhéadú; tacú le comhar Eorpach maidir le r-Shláinte, go háirithe maidir le cláir agus glacadh ag na gairmithe sláinte. Rannchuideoidh an méid seo leis an líonra dheonaigh Eorpaigh um r‑Shláinte arna bhunú ag Cinneadh 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

1.3. Lucht oibre sláinte: pleanáil agus réamh-mheastachán éifeachtach i dtaca le lucht oibre sláinte a fhorbairt, i dtéarmaí uimhreacha, scóip cleachtais agus scileanna, faireachán a dhéanamh ar shoghluaisteacht (laistigh den Aontas) agus imirce gairmithe sláinte, straitéisí éifeachtúla earcaíochta agus coinneála agus forbairt acmhainní a bhunú.

1.4. Cinnteoireacht maidir le hathchóirithe na gcóras sláinte: meicníocht a bhunú chun saineolas ar leibhéal an Aontais a chomhthiomsú, comhairle fhónta atá bunaithe ar fhianaise faoi infheistíocht éifeachtach agus éifeachtúil i sláinte phoiblí agus i gcórais sláinte a sholáthar. Úsáid torthaí a thig as tionscadail taighde arna dtacú faoin 7ú Creatchlár agus san fhadtéarma na gníomhaíochtaí a dtabharfar fúthu sna cláir thaighde agus nuálaíochta 2014-2020 (Fís 2020) atá ag teacht a éascú.

1.5. Tacaíocht don Chomhpháirtíocht Eorpach um Nuáil maidir le hAoisiú Gníomhach agus Folláin ina trí théama: nuálaíocht i bhfeasacht, i gcosc agus i bhfáthmheas luath; nuálaíocht i leigheas agus i gcúram agus nuálaíocht le haghaidh aosú gníomhach agus maireachtáil go neamhspleách.

1.6. Gníomhaíochtaí arna gceangal ag cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais nó a rannchuidíonn leis i réimse na bhfeistí leighis agus an chúraim shláinte thrasteorann (r‑Shláinte agus Measúnú ar Theicneolaíocht Sláinte). Féadfar go n‑áireofar sa ghníomhaíocht sin gníomhaíochtaí a dhíríonn ar chur chun feidhme, chur i bhfeidhm, fhaireachán agus athbhreithniú na reachtaíochta sin a áirithiú.

1.7. Córas eolais faoin tsláinte a chothú chun rannchuidiú le cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise lena n‑áirítear sonraí sláinte a bhailiú agus a anailísiú agus scaipeadh forleathan thorthaí an Chláir agus lena n‑áirítear tacaíocht do na Coistí Eolaíocha arna mbunú i gcomhréir le Cinneadh 2008/721/CE ón gCoimisiún.

2. Rochtain ar shaineolas leighis agus faisnéis faoi riochtaí sonracha a mhéadú freisin thar theorainneacha náisiúnta agus comhréitigh agus comhthreorlínte a fhorbairt chun cáilíocht cúraim sláinte agus sábháilteacht othar a fheabhsú chun rochtain ar chúram sláinte níos fearr agus níos sábháilte do shaoránaigh an AE a mhéadú

2.1. Rochtain: tacú le córas Líonraí Tagartha Eorpacha a bhunú inter alia chun soghluaisteacht saineolais leighis d'othair a bhfuil fadhbanna sláinte acu a éilíonn cúram an‑speisialithe agus comhdhlúthú áirithe acmhainní nó saineolais a éascú, amhail i gcás galar neamhchoiteann, ar bhonn critéar atá le bunú faoi Threoir maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (Treoir 2011/24/AE)[19].

2.2 Galair neamhchoitianta: Tacú le Ballstáit, eagraíochtaí othar agus geallsealbhóirí trí ghníomhaíocht chomhordaithe ar leibhéal an Aontais chun cuidiú go héifeachtach le hothair a bhfuil galair neamhchoitianta orthu. Áirítear leis seo líonraí tagartha a chruthú (i gcomhlíonadh phointe 2.1), faisnéis agus cláir ar ghalair neamhchoitianta bunaithe ar na critéir choiteanna creidiúnúcháin.

2.3. Cáilíocht agus sábháilteacht: comhar maidir le sábháilteachat othar agus cáilíocht cúraim sláinte a neartú, inter alia, trí Mholadh ón gComhairle maidir le sábháilteacht othar agus cosc agus rialú ionfhabhtuithe a bhaineann le cúram sláinte a chur chun feidhme; malartú dea‑chleachtais maidir le córais dearbhaithe cáilíochta; treoirlínte agus uirlisí a fhorbairt chun sábháilteacht othar agus cáilíocht a chur chun cinn; infhaighteacht faisnéise faoi shábháilteacht agus cháilíocht a mhéadú d'othair, aiseolas agus idirghníomhaíocht idir soláthróirí sláinte agus othair a fheabhsú; tacú le gníomhaíocht chun eolas agus dea‑chleachtas maidir le galair neamhchoitianta a mhalartú, freagairt na gcóras sláinte agus taighde lena n‑áirítear treoirlínte Eorpacha a fhorbairt.

2.4. Sábháilteacht: úsáid stuama oibreán frithmhiocróbach i dtáirgí íocshláinte a fheabhsú agus na cleachtais a mhéadaíonn frithsheasamh frithmhiocróbach a laghdú; ualach na n‑ionfhabhtuithe frithsheasmhacha agus ionfhabhtuithe a bhaineann le cúram sláinte a laghdú agus infhaighteacht frithmhiocróbach a áirithiú.

2.5. Gníomhaíochtaí arna gceangal ag cur chun feidhme reachtaíocht an AE nó a rannchuidíonn leis i réimse na bhfíochán agus na gceall, na fola, na n‑orgán, úsáid na dtáirgí íocshláinte agus chearta na n‑othar i gcúram sláinte trasteorann. Féadfar go n‑áireofar sa ghníomhaíocht sin gníomhaíochtaí a dhíríonn ar chur chun feidhme, chur i bhfeidhm, fhaireachán agus athbhreithniú na reachtaíochta sin a áirithiú.

2.6. Córas eolais faoin tsláinte a chothú chun rannchuidiú le cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise lena n‑áirítear sonraí sláinte a bhailiú agus a anailísiú agus torthaí an Chláir a scaipeadh go forleathan.

3. Glacadh dea-chleachtas bailíochtaithe chun bearta coisctheacha cost‑éifeachtacha a aithint, a scaipeadh agus a chur chun cinn, trí dhíriú ar phríomhthosca riosca, eadhon caitheamh tobac, mí-úsáid alcóil agus otracht, chomh maith le VEID/SEIF, agus béim á cur ar an ngné thrasteorann, chun galair a chosc agus an tsláinte a chur chun cinn;

3.1. Bearta cost-éifeachtacha maidir le cur chun cinn agus cosc: áirítear leis seo gníomhaíochtaí d'fhonn líonraí agus comhpháirtíochtaí uile-Eorpacha a bhunú ina mbeidh raon leathan gníomhairí ag gabháil do ghníomhaíochtaí cumarsáide agus ardaithe feasachta faoi bhuncheisteanna sláinte amhail caitheamh tobac a chosc, mí-úsáid alcóil, aghaidh a thabhairt ar otracht agus béim á cur ar an ngné thrasteorann agus ar Bhallstáit nach bhfuil gníomhaíocht ar bith á déanamh acu nó fíorbheagán á dhéanamh acu maidir leis na ceisteanna seo.

3.2. Galair ainsealacha: tacú le comhar agus líonrú Eorpach maidir leis an bhfreagairt do ghalair ainsealacha, lena n‑áirítear ailse, trí eolas agus dhea-chleachtas a chomhroinnt agus trí ghníomhaíochtaí comhpháirteacha maidir le cosc a fhorbairt. Ailse: obair mhonatóireachta atá déanta cheana; córas faisnéise Eorpach i dtaobh ailse a chur ar bun lena gcuirtear sonraí inchomparáide ar fáil; tacú le scagadh ailse, lena n‑áirítear meicníochtaí deonacha creidiúnúcháin; tacú le forbairt treoirlínte Eorpacha maidir le cosc i gcás inarb ann do mhór-neamhionannais.

3.3. Gníomhaíochtaí a cheanglaítear le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais nó a rannchuidíonn lena cur chun feidhme i réimsí na dtáirgí tobac agus na fógraíochta. Féadfaidh gníomhaíochtaí a dhíríonn ar chur chun feidhme, chur i bhfeidhm, fhaireachán agus athbhreithniú na reachtaíochta sin a bheith ar áireamh sna gníomhaíochtaí sin.

3.4. Córas eolais faoin tsláinte a chothú chun rannchuidiú le cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise lena n‑áirítear sonraí sláinte a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu agus torthaí an Chláir a scaipeadh go forleathan.

4. Modhanna coiteanna cur chuige a fhorbairt agus a luach chun feabhas a chur ar ullmhacht agus comhordú i gcásanna éigeandála sláinte a thaispeáint chun saoránaigh a chosaint ar bhagairtí sláinte trasteorann

4.1. Ullmhacht i gcás mórbhagairtí sláinte trasteorannagus freagairt dóibh agus tionscnaimh dhomhanda á gcur san áireamh agus comhordú á dhéanamh leo: comhpháirteanna coiteanna na pleanála ullmhachta ginearálta agus sonraí a chur ar bun, lena n‑áirítear na pleananna le haghaidh an fhliú phaindéimigh, agus tuairisciú rialta maidir le cur chun feidhme pleananna ullmhachta.

4.2. Cumas measúnaithe riosca: bearnaí i gcumais mheasúnaithe riosca a líonadh trí chumais bhreise do shaineolas eolaíoch a sholáthar agus fardal de mheasúnuithe atá ann cheana a dhéanamh chun comhsheasmhacht ar leibhéal an Aontais a fheabhsú.

4.3. Tacú le forbairt acmhainní in aghaidh bagairtí sláinte i mBallstáit: pleanáil ullmhachta agus freagartha a fhorbairt, bearta sláinte poiblí a chomhordú, modhanna coiteanna cur chuige maidir le vacsaíniú; treoirlínte maidir le bearta cosantacha i gcás éigeandála, treoirlínte maidir le faisnéis agus treoirleabhair faoi dhea-chleachtas a fhorbairt; meicníocht nua a chur ar bun do sholáthar comhpháirteach frithbheart leighis; straitéisí coiteanna cumarsáide a fhorbairt.

4.4. Gníomhaíochtaí a cheanglaítear le cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais nó a rannchuidíonn lena cur chun feidhme i réimsí na ngalar teagmhálach agus bagairtí eile sláinte, lena n‑áirítear iad siúd arb iad teagmhais bhitheolaíocha agus cheimiceacha, agus athrú comhshaoil agus aeráide, is cúis leo. Féadfaidh gníomhaíochtaí a dhíríonn ar chur chun feidhme, chur i bhfeidhm, fhaireachán agus athbhreithniú na reachtaíochta sin a bheith ar áireamh sna gníomhaíochtaí sin.

4.5. Córas eolais faoin tsláinte a chothú chun rannchuidiú le cinnteoireacht atá bunaithe ar fhianaise lena n‑áirítear sonraí sláinte a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu agus torthaí an Chláir a scaipeadh go forleathan.

Is féidir an liosta seo a chomhlánú le gníomhaíochtaí breise de chineál cosúil agus a bhfuil tionchar cosúil acu agus lena bhféachtar leis na cuspóirí sonracha atá luaite in Airteagal 3 a bhaint amach.

 IARSCRÍBHINN II

Liosta táscach den reachtaíocht ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 4 agus in Iarscríbhinn I

1. Fuil, orgáin, fíocháin agus cealla

1.1. Treoir 2002/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Eanáir 2003

lena leagtar síos caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta do bhailiú, do thástáil, do phróiseáil, do stóráil agus do dháileadh fola agus comhábhar fola daonna agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE (IO L 33, 8.2.2003, lch. 30)

1.2. Treoir 2010/45/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010

maidir le caighdeáin cháilíochta agus slándáil orgáin an duine atá beartaithe le haghaidh trasphlandú (IO L 207, 6.8.2010, lch. 14)

1.3. Treoir 2004/23/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004

lena leagtar síos caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta do dheonú, do sholáthar, do thástáil, do phróiseáil, do chaomhnú, do stóráil agus do dháileadh fíochán agus ceall daonna (IO L 102, 7.4.2004, lch. 48)

Níl liostaithe anseo ach reachtaíocht bhunúsach thábhachtach; i gcás reachtaíocht eile a bhaineann le fuil, orgáin, fíocháin agus cealla féach le do thoil:

http://ec.europa.eu/health/blood_tissues_organs/key_documents/index_en.htm#anchor3

2. Galair theagmhálacha

2.1. Cinneadh Uimh. 2011/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1998

lena mbunaítear gréasán chun faireachas eipidéimeolaíoch agus rialú a dhéanamh ar ghalair theagmhálacha sa Chomhphobal (IO L 268, 3.10.1998, lch. 1)

2.2. Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004

lena mbunaítear Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (IO L 142, 30.4.2004, lch. 1)

Níl liostaithe anseo ach reachtaíocht bhunúsach thábhachtach; i gcás reachtaíocht eile a bhaineann le galair féach le do thoil:

http://ec.europa.eu/health/communicable_diseases/key_documents/index_en.htm#anchor1

3. Táirgí tobac agus fógraíocht

3.1. Treoir 2001/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2001

maidir le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, tíolacadh agus díol táirgí tobac (IO L 194, 18.7.2001, lch. 26)

3.2. Treoir 2003/33/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Márta 2003

maidir le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le fógraíocht agus urraíocht táirgí tobac (IO L 152, 20.6.2003, lch. 16)

Níl liostaithe anseo ach reachtaíocht bhunúsach thábhachtach; i gcás reachtaíocht eile a bhaineann le tobac féach le do thoil: http://ec.europa.eu/health/tobacco/law/index_en.htm

4. Cearta othar i gcúram sláinte trasteorann

4.1. Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011

maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45)

5. Táirgí cógaisíochta

5.1. Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004,

lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n‑úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach (IO L 136, 30.4.2004, lch. 1)

5.2. Rialachán (CE) Uimh. 297/95 ón gComhairle an 10 Feabhra 1995,

maidir le táillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht Eorpach um Mheastóireacht ar Tháirgí Íocshláinte (IO L 35, 15.2.1995, lch. 1)

5.3. Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001,

maidir leis an gCód Chomhphobail i ndáil le táirgí míochaine le gcaitheamh ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67)

5.4. Rialachán (CE) Uimh. 141/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 1999,

maidir le táirgí íocshláinte dílleachta (IO L 18, 22.1.2000, lch. 1)

5.5. Rialachán (CE) Uimh. 1901/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006,

maidir le táirgí íocshláinte le haghaidh úsáide péidiatraicí agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 1768/92, Treoir 2001/20/CE, Treoir 2001/83/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (IO L 378, 27.12.2006, lch. 1)

5.6. Rialachán (CE) Uimh. 1394/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007

maidir le táirgí íocshláinte ardteiripe agus lena leasaítear Treoir 2001/83/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 (IO L 324, 10.12.2007, lch. 121)

5.7. Treoir 2001/20/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Aibreán 2001,

maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialúcháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát maidir le cur chun feidhme an dea-chleachtais chliniciúil i reáchtáil trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n‑úsáid ag an duine (IO L 121, 1.5.2001, lch. 34)

5.8. Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001

maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta (IO L 311, 28.11.2001, lch. 1)

5.9. Rialachán (CE) Uimh. 470/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Bealtaine 2009

lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail chun teorainneacha na n‑iarmhar a bhunú do shubstaintí atá gníomhach ó thaobh na cógaseolaíochta de i mbia-ábhair de thionscnamh ainmhíoch, agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2377/90 ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 152, 16.6.2009, lch. 11)

Níl liostaithe anseo ach reachtaíocht bhunúsach thábhachtach; i gcás reachtaíocht eile a bhaineann le táirgí cógaisíochta féach le do thoil:

Táirgí lena n‑úsáid ag an duine: http://ec.europa.eu/health/documents/eudralex/vol-1/index_en.htm

Táirgí le haghaidh úsáide tréidliachta: http://ec.europa.eu/health/documents/eudralex/vol-5/index_en.htm

6. Feistí leighis

6.1. Treoir 90/385/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 1990,

maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát maidir le feistí leighis gníomhacha so‑ionchlannaithe (IO L 189, 20.7.1990, lch. 17)

6.2. Treoir 93/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 1993,

maidir le feistí leighis (IO L 169, 12. 7.1993, lch. 1)

6.3. Treoir 98/79/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 1998

maidir le feistí leighis diagnóiseacha in vitro (IO L 331, 12.7.1998, lch. 1)

Níl liostaithe anseo ach reachtaíocht bhunúsach thábhachtach; i gcás reachtaíocht eile a bhaineann le feistí leighis féach le do thoil: http://ec.europa.eu/health/medical-devices/documents/index_en.htm

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.           LEAGAN AMACH AN TOGRA/AN TIONSCNAIMH

              1.1.    Teideal an togra/an tionscnaimh

              1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

              1.3.    An cineál togra/tionscnaimh

              1.4.    Cuspóirí

              1.5.    Na forais leis an togra/an tionscnamh

              1.6.    Fad agus tionchar airgeadais

              1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2.           BEARTA BAINISTÍOCHTA

              2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

              2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

              2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3.           AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

              3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

              3.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

              3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

              3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

              3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin

              3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

              3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

              3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh

CLÁR SLÁINTE LE hAGHAIDH FÁIS (2014 – 2020)

1.2. Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

SLÁINTE PHOIBLÍ

1.3. An cineál togra/tionscnaimh

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua a leanann treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht[20]

þBaineann an togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua

1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

D'fhéachfadh an Clár Sláinte le haghaidh Fáis le rannchuidiú leis an dá phríomhchuspóir/phríomhsprioc straitéiseacha thíos:

NUÁLAÍOCHT:

maidir leis an ngné seo, d'fhéachfadh an Clár le glacadh, i measc lucht ceaptha beartas agus gairmithe sláinte poiblí, réiteach teicniúil agus eagraíochtúil nuálaíoch, a éascú chun cáilíocht agus inbhuanaitheacht córas sláinte a fheabhsú agus cur le rochtain ar chúram sláinte níos fearr agus níos sábháilte.

COSC:

maidir leis an ngné seo, d'fhéachfadh an Clár leis an tsláinte a chur chun cinn agus galair a chosc ar leibhéal an AE trí chuidiú le hiarrachtaí na mBallstát agus iad a chomhlánú freisin i dtaca le líon na mblianta ina bhfuil a saoránaigh ina sláinte a mhéadú.

Tacóidh an clár le cuspóirí ginearálta an bheartais sláinte poiblí amach anseo.

1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóir sonrach Uimh. 1:

Uirlisí agus meicníochtaí coiteanna ar leibhéal an AE a fhorbairt chun díriú ar ghanntanais acmhainní, idir acmhainní daonna agus airgeadais agus chun glacadh nuálaíochta sa chúram sláinte a éascú chun rannchuidiú le córais sláinte nuálacha agus inbhuanaithe.

Cuspóir sonrach Uimh. 2:

Rochtain ar shaineolas leighis (líonraí tagartha Eorpacha) agus faisnéis faoi riochtaí sonracha a mhéadú thar theorainneacha náisiúnta agus comhréitigh agus comhthreoirlínte a fhorbairt chun cáilíocht cúraim sláinte agus sábháilteacht othar a fheabhsú chun rochtain ar chúram sláinte níos fearr agus níos sábháilte do shaoránaigh an AE a mhéadú.

Cuspóir sonrach Uimh. 3:

Glacadh dea-chleachtais bhailíochtaithe do bhearta choisceacha cost-éifeachtacha a aithint, a scaipeadh agus a chur chun cinn, trí dhíriú ar phríomhthosca riosca, eadhon caitheamh tobac, mí-úsáid alcóil agus otracht, chomh maith le VEID/SEIF, agus béim á cur ar an ngné thrasteorann, chun galair a chosc agus an tsláinte a chur chun cinn.

Cuspóir sonrach Uimh. 4:

Modhanna coiteanna cur chuige a fhorbairt agus a luach chun feabhas a chur ar ullmhacht agus comhordú i gcásanna éigeandála sláinte a thaispeáint chun saoránaigh a chosaint ar bhagairtí sláinte trasteorann.

Gníomhaíocht ABM/ABB lena mbaineann

BEARTAS SLÁINTE POIBLÍ i gcás na gcuspóirí sonracha ar fad atá liostaithe thuas.

1.4.3. An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis

Cuspóir sonrach Uimh. 1:

Uirlisí agus meicníochtaí coiteanna ar leibhéal an AE a fhorbairt chun díriú ar ghanntanais acmhainní, idir acmhainní daonna agus airgeadais agus chun glacadh nuálaíochta sa chúram sláinte a éascú chun rannchuidiú le córais sláinte nuálacha agus inbhuanaithe.

Éifeachtaí ar leibhéal an chláir:

Líon na mBallstát a bhaineann úsáid, trí bhíthin a lucht ceaptha beartas, a ngairmithe sláinte agus a n‑institiúidí sláinte, as na huirlisí, meicníochtaí agus treoirlínte/comhairle arna bhforbairt a uasmhéadú.

Éifeachtaí ar leibhéal an bheartais:

Cuirtear tacaíocht éifeachtach ar fáil do Bhallstáit (lucht ceaptha beartas, gairmithe sláinte, institiúidí sláinte) sa mhéid seo a leanas:

* Nuálaíocht sa tsláinte a chur chun feidhme ina gcórais sláinte.

* Soláthar leordhóthanach gairmithe sláinte sna Ballstáit a bhaint amach.

* Úsáid chost-éifeachtach teicneolaíochtaí leighis a bhaint amach.

* Cinnteoireacht, bainistíocht eagraíochtúil agus feidhmíocht na gcóras sláinte a fheabhsú.

Tairbhithe:

Na Ballstáit trí bhíthin lucht ceaptha beartas sláinte, gairmithe sláinte agus institiúidí sláinte.

Cuspóir sonrach Uimh. 2:

Rochtain ar shaineolas leighis (líonraí tagartha Eorpacha) agus faisnéis faoi riochtaí sonracha a mhéadú thar theorainneacha náisiúnta agus comhréitigh agus comhthreorlínte a fhorbairt chun cáilíocht cúraim sláinte agus sábháilteacht othar a fheabhsú chun rochtain ar chúram sláinte níos fearr agus níos sábháilte do shaoránaigh an AE a mhéadú.

Éifeachtaí ar leibhéal an chláir:

Líon na ngairmithe sláinte a úsáideann an saineolas arna bhailiú trí chur ar bun agus oibriú na Líonraí Tagartha Eorpacha a uasmhéadú.

Líon na mBallstát a bhaineann úsáid, trí bhíthin a lucht ceaptha beartas, a ngairmithe sláinte agus a n‑institiúidí sláinte, as na treoirlínte arna bhforbairt a uasmhéadú.

Éifeachtaí ar leibhéal an bheartais:

Cuirtear tacaíocht ar fáil do Bhallstáit chun rochtain ar fháthmheas agus ar chúram a fheabhsú do na hothair ar fad a bhfuil cúram atá thar a bheith speisialithe ag teastáil uathu le haghaidh galair shonraigh nó ghrúpa galar sonrach.

Cuirtear tacaíocht ar fáil do na Ballstáit chun galracht agus básmhaireacht a bhaineann le cáilíocht cúraim sláinte a laghdú agus chun muinín othar/saoránach sa chóras cúraim sláinte a mhéadú.

Tairbhithe:

Na Ballstáit trí bhíthin lucht ceaptha beartas sláinte agus gairmithe sláinte agus i ndeireadh na dála othar agus saoránach.

Cuspóir sonrach Uimh. 3:

Glacadh dea-chleachtais bhailíochtaithe chun bearta coisctheacha cost-éifeachtacha a aithint, a scaipeadh agus a chur chun cinn, trí dhíriú ar na príomhthosca riosca, eadhon caitheamh tobac, mí-úsáid alcóil agus otracht, chomh maith le VEID/SEIF, agus béim á cur ar an ngné thrasteorann, chun galair a chosc agus an tsláinte a chur chun cinn.

Éifeachtaí ar leibhéal an chláir:

Líon na mBallstát a bhaineann úsáid, trí bhíthin a lucht ceaptha beartas, a ngairmithe sláinte, a n‑institiúidí sláinte agus geallsealbhóirí ó chomhlachtaí a dhíríonn ar shaincheisteanna a bhaineann le stíl mhaireachtála, as na dea-chleachtais bhailíochtaithe a uasmhéadú.

Éifeachtaí ar leibhéal an bheartais:

Cuirtear tacaíocht ar fáil do Bhallstáit ina n‑iarrachtaí chun tosca riosca i ndáil le galair ainsealacha a laghdú.

Tairbhithe:

Na Ballstáit trí bhíthin lucht ceaptha beartas sláinte, gairmithe sláinte, institiúidí sláinte; ENRanna atá tiomanta do chur chun cinn na sláinte, agus i ndeireadh na dála saoránach.

Cuspóir sonrach Uimh. 4:

Modhanna coiteanna cur chuige a fhorbairt agus a luach chun feabhas a chur ar ullmhacht agus comhordú i gcásanna éigeandála sláinte a thaispeáint chun saoránaigh a chosaint ar bhagairtí sláinte trasteorann.

Éifeachtaí ar leibhéal an chláir:

Líon na mBallstát a dhéanann, trí bhíthin a lucht ceaptha beartas, a ngairmithe sláinte agus a n‑institiúidí sláinte, na modhanna coiteanna cur chuige arna bhforbairt a chomhtháthú i gceapadh a bpleananna ullmhachta a uasmhéadú.

Éifeachtaí ar leibhéal an bheartais:

Tacú le Ballstáit chun sraith láidir beart comhordaithe sláinte poiblí a chur ar bun ar leibhéal an AE chun cuidiú le hiarmhairtí sláinte poiblí bagairtí sláinte trasteorann a íoslaghdú (ar bagairtí iad a d'fhéadfadh dul ó olléilliú i ngeall ar theagmhais cheimiceacha go heipidéimí nó paindéimí).

Tairbhithe:

Na Ballstáit trí bhíthin údarás sláinte, gairmithe sláinte, institiúidí sláinte agus comhlachtaí inniúla eile a bhfuil baint acu le gnóthaí baile agus cosaint shibhialta.

1.4.4. Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar

Cuspóir sonrach Uimh. 1

Táscairí maidir leis an toradh:

Líon na n‑uirlisí agus meicníochtaí arna bhforbairt faoi 2017, 2020 agus 2023.

Líon na dtreoirlínte/moltaí nó an chomhairle arna dtabhairt gach bliain ó 2015 ar aghaidh.

Táscairí maidir leis an tionchar:

Líon na mBallstát (trí bhíthin a lucht ceaptha beartas, a ngairmithe sláinte, a n‑institiúidí sláinte) a bhaineann úsáid as na huirlisí agus meicníochtaí arna bhforbairt agus as an gcomhairle arna tabhairt faoi 2018, 2021 agus 2024.

Cuspóir sonrach Uimh. 2

Táscairí maidir leis an toradh:

Líon na Líonraí Tagartha Eorpacha atá ag obair faoi 2017, 2020 agus 2023.

Líon na dtreoirlínte arna bhforbairt faoi 2017, 2020 agus 2023.

Táscairí maidir leis an tionchar:

Líon na ngairmithe sláinte a úsáideann an saineolas arna bhailiú trí chur ar bun agus oibriú na Líonraí Tagartha Eorpacha faoi 2018, 2021 agus 2024.

Líon na mBallstát a bhaineann úsáid, trí bhíthin a lucht ceaptha beartas, a ngairmithe sláinte agus a n‑institiúidí sláinte, as na treoirlínte arna bhforbairt faoi 2018, 2021 agus 2024.

Líon na n‑othar a bhaineann úsáid as Líonraí Tagartha Eorpacha (i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil cónaí orthu)

Cuspóir sonrach Uimh. 3

Táscairí maidir leis an toradh:

Líon na ndea-chleachtas bailíochtaithe arna bhforbairt faoi 2017, 2020 agus 2023.

Méadú, de chuid gairmithe sláinte, ar chur i bhfeidhm treoirlínte maidir le scagadh ailse.

Táscairí maidir leis an tionchar:

Líon na mBallstát a bhaineann úsáid, trí bhíthin a lucht ceaptha beartas, a ngairmithe sláinte, a n‑institiúidí sláinte agus geallsealbhóirí ó chomhlachtaí a bhfuil baint acu leis an tsláinte a chur chun cinn agus le galair a chosc, as na dea-chleachtais bhailíochtaithe faoi 2018, 2021 agus 2024.

Cuspóir sonrach Uimh. 4

Táscairí maidir leis an toradh:

Líon na na modhanna coiteanna cur chuige arna bhforbairt faoi 2017, 2020 agus 2013.

Táscairí maidir leis an tionchar:

Líon na mBallstát a dhéanann, trí bhíthin a n‑údaráis sláinte, a ngairmithe sláinte, a n‑institiúidí sláinte agus comhlachtaí inniúla eile a bhfuil baint acu le gnóthaí baile agus cosaint shibhialta, na modhanna coiteanna cur chuige arna bhforbairt a chomhtháthú i gceapadh a bpleananna ullmhachta faoi 2018, 2021 agus 2024.

1.5. Na forais leis an togra/tionscnamh 1.5.1. Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Tacóidh an clár "Sláinte le haghaidh Fáis" iar-2013 le cur chun feidhme ghníomhaíochtaí an Choimisiúin i réimse an bheartais sláinte poiblí ó 2014 i leith. Déanfaidh an clár nua forbairt ar na torthaí arna mbaint amach trí bhíthin an chláir reatha (2008 – 2013), agus moltaí na meastóireachta ex-post ar chlár 2003 – 2007 agus na meastóireachta meántéarmaí ar chlár 2008 – 2013 á gcur san áireamh freisin.

Féachfaidh an clár le tacú leis an gCoimisiún, leis na Ballstáit agus leis na príomh‑gheallsealbhóirí chun beartais éifeachtacha a cheapadh, a chomhordú agus a chur chun feidhme a mbeidh sé mar aidhm acu dul i ngleic leis na dúshláin fhadtéarmacha seo a leanas:

* inbhuanaitheacht airgeadais na gcóras sláinte san Eoraip i gcomhthéacs aosú an daonra agus staid reatha an airgeadais phoiblí sna Ballstáit á cur san áireamh;

* ganntanais lucht oibre sláinte i ngeall ar dhaonra in aois fostaíochta atá ag laghdú agus ar mhéadú ar an éileamh ar an lucht oibre sin;

* an gá atá ann le feabhas ar shábháilteacht othar agus cháilíocht cúraim sláinte ar an ábhar go bhfuil faitíos ar níos mó ná leath de shaoránaigh an AE go ndéanfar dochar dóibh agus iad faoi chúram sláinte;

* easpa dul chun cinn sheasta i rialú agus cosc riochtaí ainsealacha arb é an toradh a bhíonn uirthi go gcailltear na blianta is fearr táirgiúlacht

* neamhionannais atá ag méadú i réimse na sláinte ar fud na hEorpa

* bheith réidh chun dul i ngleic le bagairtí domhanda agus trasteorann sláinte a d'fhéadfadh dul ó olléilliú i ngeall ar theagmhais cheimiceacha go heipidéimí nó paindéimí, amhail na cinn a d'eascair le déanaí as E coli, H1N1 nó SARS (géarshiondróim trom riospráide).

Sa ghearrthéarma, déanfar na gníomhaíochtaí seo a leanas tríd an gclár:

* tacófar le cur chun feidhme reachtaíochta i réimse na sláinte agus reachtaíocht a bhaineann le comhlíonadh oibleagáidí an Choimisiúin maidir le táirgí íocshláinte agus feistí leighis;

* fianaise, staitisticí agus táscairí atá fónta, inchomparáide agus inrochtana ar fud an AE a bhunú.

1.5.2. Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Sa Chlár atá beartaithe tugtar deiseanna airgeadais chun meicníochtaí comhair agus próisis chomhordúcháin a thógáil agus a sheoladh idir na Ballstáit d'fhonn uirlisí coiteanna agus dea‑chleachtais a aithint, ar uirlisí agus dea-chleachtais iad a d'fhéadfadh sineirgíochtaí a chruthú, breisluach AE a thabhairt agus as a bhféadfadh barainneachtaí scála teacht. Ní féidir leis an gClár ionad ghníomhaíochtaí na mBallstát a ghlacadh. Os a choinne sin, mar a dhearbhaítear in Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní foláir do ghníomhaíocht de chuid an AE beartais náisiúnta a chomhlánú agus comhar idir na Ballstáit a spreagadh. Sa chaoi sin, níor cheart don chlár rannchuidiú ach amháin i gcás nach bhféadfadh Ballstát gníomhú ina n‑aonar nó i gcás inar fearr comhordúchán chun dul ar aghaidh. Glactar leis nach ionann fadhbanna sláinte ó Bhallstát amháin go Ballstát eile agus gur féidir nach ionann cumas na mBallstát na fadhbanna sin a réiteach. Sa chomhthéacs sin, is féidir nach próiseas nádúrtha neamhspleách i gcónaí a bheidh sa chomhar. Dá bhrí sin, déanfaidh an Clár idirghabháil, de rogha, i gcás inar féidir leis an comhar sin a chur chun cinn agus a stiúradh ar an leibhéal Eorpach, agus freastal ar leasanna na mBallstát agus leasanna na saoránach i gcoitinne i réimse na sláinte poiblí.

Léiríonn cuspóirí na gClár atá beartaithe na réimsí inar léiríodh go soiléir go dtugann siad breisluach AE. Is iad sin: malartú dea-chleachtas a chothú idir na Ballstáit; tacú le líonraí um chomhroinnt eolais nó fhoghlaim fhrithpháirteach; aghaidh a thabhairt ar bhagairtí trasteorann chun rioscaí a laghdú agus a n‑iarmhairtí a mhaolú; aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna áirithe maidir leis an margadh inmheánach i gcás ina bhfuil dlisteanacht shubstainteach ag an AE chun réitigh d'ardcháilíocht a áirithiú ar fud na mBallstát; acmhainneacht na nuálaíochta a scaoileadh i réimse na sláinte; gníomhaíochtaí as a bhféadfadh córas tagarmharcála teacht; barainneachtaí scála a fheabhsú trí chur amú i ngeall ar dhúbláil a sheachaint agus trí úsáid acmhainní airgeadais a bharrfheabhsú.

1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe seo

Achoimre ar an meastóireacht ex-post ar an gClár Sláinte Poiblí don tréimhse 2003-2007 agus ar an meastóireacht mheántéarmach ar an gClár Sláinte don tréimhse 2008-2013:

Aithnítear sna meastóireachtaí ar an gClár Sláinte go bhféadfadh sé rannchuidiú go mór le beartais sláinte poiblí an AE a ullmhú, a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

Cé gur Clár teoranta go leor atá sa Chlár Sláinte, tá sé fíor-thábhachtach chun pobal láidir gairmithe sláinte poiblí a mhalartaíonn a gcuid eolais agus taithí a chruthú. Tá tionchar suntasach aige ar an obair a dhéanann gairmithe sláinte poiblí ar fud an AE agus tá ábharthacht ag baint leis ar leibhéal domhanda, ábharthacht, cé gur ar scála beag atá sí, atá tábhachtach ó thaobh aitheantais fhoriomláin an chláir de. Leoga, murach tacaíocht an Chláir Shláinte ní bheadh ann do na hiarrachtaí, iarrachtaí beaga fós cinnte ach iarrachtaí atá inmholta, chun sonraí a bhailiú agus iad a mhalartú idir Ballstáit.

A bhuí le tacaíocht ón gClár Sláinte bhíothas in ann gníomhaíochtaí a fhorbairt i mBallstáit nua, mar shampla gníomhaíochtaí maidir le deitéarmanaint sláinte agus sonraí sláinte inchomparáide, gníomhaíochtaí nach mbreathnófaí orthu mar thosaíochtaí i ngeall ar staid eacnamaíoch agus shrianta buiséadacha sna Ballstáit sin.

D'ardaigh an Clár Sláinte reatha feasacht i leith saincheisteanna tábhachtacha ar leibhéal an Aontais agus rinne sé na saincheisteanna sin a chur ar chláir oibre pholaitiúla náisiúnta, saincheisteanna amhail galair neamhchoitianta agus treoirlínte maidir le scagadh ailse, agus chuaigh sé i gcion ar cheapadh beartas agus chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta.

Ó thaobh na bainistíochta de, tháinig feabhas suntasach ar chur i gcrích an Chláir tar éis an chéad timthrialla cúig bliana, feabhas a tháinig den chuid is mó as cúram na bainistíochta a sheachfhoinsiú chuig an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin um Shláinte agus um Thomhaltóirí. Rinneadh an nós imeachta chun gníomhaíocht atá le cistiú a roghnú níos déine chun deimhin a dhéanamh de go roghnaítear na hiarratasóirí cearta le haghaidh cistiú. Tá glactha go dearfach den chuid is mó leis na meicníochtaí nua airgeadais agus baineadh úsáid astu ar fad.

Measann geallsealbhóirí chomh maith le comhaltaí choiste an chláir, áfach, go bhfuil na cuspóirí chomh leathan sin nach bhfuil siad soiléir uaireanta agus go bhfuil an iomarca tosaíochtaí sna pleananna oibre bliantúla. Moladh sna meastóireachtaí cuspóirí an Chláir Shláinte a shonrú chun go mbeidh siad níos nithiúla agus dírithe níos mó ar shaincheisteanna áirithe a bhaineann leis an tsláinte phoiblí, go háirithe na cinn sin ar deacair do Bhallstáit iad a réiteach iad féin.

Moladh freisin sna meastóireachtaí líon na réimsí tosaíochta sna pleananna oibre bliantúla a laghdú agus iad a bhunú ar na riachtanais agus ar a mbreisluach AE.

Léiríonn na cás-staidéir go bhfuil gaol soiléir ann idir cuspóirí an Chláir Shláinte agus na tionscadail a fhaigheann cistiú ar thaobh amháin agus a mhéid a d'fhéadfadh na tionscadail sin rannchuidiú le cuspóirí an Chláir a bhaint amach ar an taobh eile. Cuireann easpa táscairí soiléire maidir le feidhmíocht, áfach, bac ar an measúnú ar a mhéid is a bhaintear cuspóirí amach.

Moladh freisin táscairí soiléire maidir le feidhmíocht a shainiú chun monatóireacht agus meastóireacht ar a mhéid is a bhaintear cuspóirí amach a éascú agus moladh gur féidir dul chun cinn a thomhas de réir a mhéid is a bhaintear na cuspóirí amach. Chomh maith leis sin, chun cur chun feidhme éifeachtach an Chláir Shláinte a áirithiú, moladh plean a fhorbairt i ndáil le spriocanna fadtéarmacha atá le baint amach ag an gClár. In éineacht le huirlisí eile chun beartais a chur chun feidhme, d'fhéadfaí ansin gníomhaíochtaí tosaíochta iomchuí a leagan amach, meicníochtaí maoiniúcháin a roghnú agus dáileadh iomchuí i measc na gcuspóirí agus na dtosaíochtaí a áirithiú.

Meastar gur gné eile ar féidir é a fheabhsú scaipeadh thorthaí an Chláir Shláinte agus gur gné í a bhfuil gaol díreach aici leis an réasúnaíocht bhunúsach: níl a ndóthain eolais ag geallsealbhóirí náisiúnta ná ag lucht ceaptha beartas, agus ní aithníonn siad go leormhaith, na torthaí a bhíonn ar na gníomhaíochtaí arna maoiniú agus a bhfuil sé mar aidhm acu ceapadh beartas sláinte ar leibhéal an AE a chothú. Is fíor-riachtanach an méid sin, áfach, chun inbhuanaitheacht na dtorthaí a áirithiú agus chun cuidiú le faireachán a dhéanamh ar thionchar na gníomhaíochta faoin gClár.

Mar sin moltar sa dá mheastóireacht go ndéantar tuilleadh chun na torthaí arna bhfáil a scaipeadh ar bhealaí éagsúla.

Achoimre ar Mholtaí na Cúirte Iniúchóirí:

Bhí na moltaí seo ag teacht leis an tátal a baineadh sna meastóireachtaí a bhfuil achoimre déanta orthu thuas agus is iad seo a leanas na riachtanais a thug siad chun solais:

* Ba cheart cuspóirí cláir atá spriocdhírithe níos fearr a shannadh d'aon chlár a bheadh ina chomharba, ar cuspóirí iad atá ag teacht lena acmhainní buiséadacha.

* Ba cheart an loighic idirghabhála is bunús leis an gclár a shonrú go sainráite, trí chuspóirí sonracha, intomhaiste, indéanta, réalaíocha, faoi cheangal ama a leagan amach ar leibhéal an bheartais agus ar leibhéal an chláir, tríd an ngaol eatarthu a thaispeáint agus trí tháscairí a shainiú chun a mhéid a bhaintear amach iad a thomhas.

* Ba cheart cleachtadh mapála a dhéanamh chun forléargas ar thionscadail arna gcur i gcrích agus a dtorthaí a fháil chun forluí atá ann cheana agus aon bhearnaí atá fágtha i bpunann na dtionscadal a aithint.

* Ba cheart líon na "réimsí gníomhaíochtaí" bliantúla a laghdú go suntasach agus iad a dhíriú ar thosaíochtaí straitéiseacha.

* Ba cheart don Choimisiún aghaidh a thabhairt ar laigí i gceapadh agus i gcur chun feidhme tionscadal tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

- cuspóirí tionscadal a chur ar chomhréim le cuspóirí clár agus leis na "tosaíochtaí bliantúla" athdhírithe atá molta thuas;

- ba cheart do chomhaontuithe deontais ní amháin na gníomhaíochtaí atá le cur i gcrích ach na torthaí atáthar ag iarraidh a fháil ó na gníomhaíochtaí sin, na spriocghrúpaí agus an chaoi a n‑úsáidfear na torthaí ar bhealach inbhuanaithe tar éis tionscadal a chríochnú a leagan síos freisin;

- spriocanna cainníochtaithe agus táscairí maidir le feidhmíocht a leagan síos i gcás inar féidir chun faireachán ar dhul chun cinn i dtreo cuspóirí a éascú;

- meastóireacht ex-post a dhéanamh ar thionscadail chun dearadh tionscadal atá ar na bacáin (agus cláir chomharba ionchasacha) a fheabhsú trí cheachtanna a foghlaimíodh a chur i bhfeidhm.

* Ba cheart don Choimisiún tairbhe iomlán a bhaint as meicníochtaí airgeadais an Chláir Shláinte reatha (2008-2013) le haghaidh gréasán (i.e. deontais oibriúcháin) ós rud é gurb oiriúnaí iad le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin agus as conarthaí seirbhísí chun gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le forbairt beartas a dhéanamh. Éilíonn an méid sin sainiú níos doichte téarmaí tagartha, áfach, ná mar a éilíonn glaonna ar thograí.

* Molann an Chúirt freisin "gur cheart, don tréimhse tar éis 2013, do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún an scóip atá ann do ghníomhaíochtaí an AE i réimse na sláinte poiblí agus cur chuige chistiú an AE sa réimse sin a athbhreithniú. Ba cheart an méid seo a dhéanamh ag cur san áireamh na n‑acmhainní buiséadacha atá ar fáil agus meicníochtaí eile comhair a bheith ann (amhail an modh oscailte comhair) mar mhodh chun comhoibriú agus malartú faisnéise i measc na ngeallsealbhóirí ar fud na hEorpa a éascú (for the period after 2013, the European Parliament, the Council and the Commission should reconsider the scope for EU public health activities and the approach of EU funding in this area. This should be done bearing in mind the budgetary means available and the existence of other cooperation mechanisms (such as the open method of coordination) as a means of facilitating collaboration and the exchange of information among stakeholder throughout Europe)".

1.5.4. Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile

Déanfaidh an Clár sineirgíochtaí a chur chun cinn agus dúbláil le cláir ghaolmhara agus gníomhaíochtaí gaolmhara de chuid an Aontais á seachaint aige. Bainfear úsáid chuí as cistí agus cláir eile de chuid an Aontais, go háirithe:

* creatchláir reatha agus todhchaí an Aontais le haghaidh taighde agus nuálaíochta agus a dtorthaí,

* na Cistí Struchtúracha,

* an Clár um Athrú Sóisialta agus Nuálaíocht,

* Ciste Dlúthpháirtíochta na hEorpa,

* an Straitéis Eorpach um shláinte san ionad oibre,

* an Clár um Iomaíochas agus Nuálaíocht,

* an Creatchlár um ghníomhaíocht chomhshaoil agus aeráide (LIFE),

* clár gníomhaíochta an Aontais i réimse an bheartais tomhaltóirí (2014-2020),

* an clár um Cheartas (2014-2020),

* Clár Staidrimh an Aontais laistigh dá ghníomhaíochtaí faoi seach,

* Clár Comhpháirteach um Maireachtáil Chuidithe Chomhthimpeallach (AAL),

* Clár Oideachais na hEorpa.

1.6. Fad agus tionchar airgeadais

ý Togra/tionscnamh d'fhad teoranta

– ý  Togra/tionscnamh in éifeacht ón 1/1/2014 go dtí an 31/12/2020

– ý  Tionchar airgeadais ó 2014 go 2023 ar leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí amháin

¨ Togra/tionscnamh d'fhad neamhtheoranta

– Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh idir BBBB agus BBBB

– agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin.

1.7. Modhanna bainistíochta atá beartaithe[21]

ý Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

ý Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

– ý  gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

– ¨  comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[22]

– ¨  comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

– ¨  daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

¨ Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit

¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

ý Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí)

Nótaí

Gníomhaireacht feidhmiúcháin um Shláinte agus um Thomhaltóirí (EAHC): I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 58/2003 ón gComhairle an 19 Nollaig 2002 lena leagtar síos an reacht maidir le cúraimí áirithe a bhaineann le bainistíocht ar chláir Chomhphobail a chur de chúram ar Ghníomhaireachtaí Feidhmiúcháin[23], chuir an Coimisiún de chúram[24] ar an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin um Shláinte agus um Thomhaltóirí na cúraimí cur chun feidhme le haghaidh bhainistíocht an dara Clár Gníomhaíochta Comhphobail i réimse na sláinte don tréimhse 2008-2013. Féadfaidh an Coimisiún dá bhrí sin cinneadh a dhéanamh cúraimí cur chun feidhme a chur de chúram freisin ar ghníomhaireacht feidhmiúcháin le haghaidh bhainistíocht an "Chláir Sláinte le haghaidh Fáis 2014-2020".

Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta:

Tá an modh bainistíochta seo beartaithe chun comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha, amhail na Náisiúin Aontaithe agus a ngníomhaireachtaí speisialithe a fhorbairt, go háirithe an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, chomh maith le Comhairle na hEorpa agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, d'fhonn an Clár a chur chun feidhme trí éifeachtacht agus éifeachtúlacht gníomhaíochtaí a bhaineann le sláinte ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal idirnáisiúnta a uasmhéadú, agus cumais agus róil ar leith na n‑eagraíochtaí éagsúla á gcur san áireamh.

2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Déanfar faireachán ar an gClár ar bhonn bliantúil chun measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo bhaint amach a chuspóirí sonracha i gcoinne thoradh an Chláir agus táscairí maidir leis an tionchar agus chun aon choigeartuithe is gá a dhéanamh ar na tosaíochtaí beartais agus cistithe.

Beidh an Clár faoi réir meastóireachta meántéarmaí agus ex-post. Beidh sé d’aidhm ag meastóireacht mheántéarmach an dul chun cinn atá déanta maidir le comhlíonadh chuspóirí an Chláir a thomhas, cinneadh a dhéanamh ar úsáideadh a acmhainní go héifeachtúil agus measúnú a dhéanamh ar a bhreisluach Eorpach.

Déanfaidh meastóireacht ex-post an chláir reatha (2008 – 2013), a bhfuil sé beartaithe í a dhéanamh roimh dheireadh 2015, eilimintí úsáideacha a sholáthar do chur chun feidhme an chláir don tréimhse 2014 – 2020.

Áireofar i ngach clár oibre bliantúil faisnéis shonrach maidir le méid an chaiteachais a bhaineann leis an aeráid, arna ríomh i gcomhréir leis an modh atá bunaithe ar na " marcóirí Rio", mar atá sonraithe i dTeachtaireacht Mheitheamh 2011 maidir leis an CAI, agus sna meastóireachtaí a dhéanfar ar gach leibhéal agus sna tuarascálacha bliantúla, meántéarmacha agus ex-post.

2.2. Córas bainistíochta agus rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh

Dírítear i gcur chun feidhme an bhuiséid ar dháileadh deontas agus conarthaí seirbhísí.

Tabharfar na conarthaí seirbhísí i gcrích i réimsí amhail staidéir, bailiú sonraí, conarthaí meastóireachta, oiliúint, feachtais fhaisnéise, seirbhísí TF agus cumarsáide, bainistíocht saoráidí etc.. Den chuid is mó is institúidí sláinte, saotharlanna, gnólachtaí comhairliúcháin agus cuideachtaí príobháideacha eile, ar FBManna go leor acu, atá sna conraitheoirí. Meastar gurb é EUR 14 milliún do thuairim is 30 conradh in aghaidh na bliana an meánbhuiséad bliantúil le haghaidh conarthaí.

Den chuid is mó déanfar deontais a dhámhachtain le haghaidh gníomhaíochtaí tacaíochta d'eagraíochtaí neamhrialtasacha, ghníomhaireachtaí náisiúnta, ollscoileanna etc.. Go hiondúil tréimhse idir bliain amháin agus trí bliana a bhíonn sa tréimhse ina gcuirtear tionscadail a fhaigheann fóirdheontais i gcrích. Meastar gurb é EUR 37 milliún do thuairim is 50 deontas in aghaidh na bliana an meánbhuiséad bliantúil le haghaidh deontas.

Is iad seo a leanas na príomhrioscaí:

* Riosca dhroch-cháilíocht na dtionscadal roghnaithe agus dhroch-chur chun feidhme na dtionscadal, rud a laghdaíonn tionchar na gclár; eascraíonn an riosca sin as nósanna imeachta roghnúcháin nach bhfuil leormhaith, easpa saineolais nó faireachán nach leor é;

* Riosca úsáid neamhéifeachtúil, nó riosca go gcuirfí amú, cistí arna ndámhachtain, i gcás deontas (an chastacht a bhaineann le costais incháilithe iarbhír a aisíoc chomh maith le deiseanna teoranta chun costais incháilithe a sheiceáil trí dhoiciméadacht) agus i gcás soláthair araon (uaireanta bíonn líon na soláthróirí eacnamaíocha a bhfuil an t-eolas speisialaithe atá ag teastáil acu teoranta, rud a fhágann nach bhfuil dóthain deiseanna ann chun comparáid a dhéanamh idir tairiscintí praghais);

* Riosca do cháil an Choimisiúin, má bhraitear calaois nó gníomhaíochtaí coiriúla; ní féidir ach muinín pháirteach a chur i gcórais rialaithe inmheánaigh na dtríú páirtithe de bharr líon mór conraitheoirí agus tairbhithe éagsúla a bheith i gceist, agus a chóras rialaithe féin á oibriú ag gach duine acu, córas is minic é a bheith beag.

2.2.2. Modhanna rialaithe atá beartaithe

Déanfar an buiséad a chur chun feidhme trí bhainistíocht dhíreach láraithe, cé go mb'fhéidir go ndéanfar codanna de chúraimí cur chun feidhme an chláir a tharmligean chuig EAHC, an ghníomhaireacht feidhmiúcháin atá ann cheana. Chuir an ghníomhaireacht sin a córas rialaithe inmheánaigh féin ar bun, tá sí faoi mhaoirseacht DG SANCO agus is iad iniúchóir inmheánach an Choimisiúin chomh maith leis an gCúirt Iniúchóirí a dhéanann iniúchóireacht uirthi.

Chuir DG SANCO agus an EAHC araon nósanna imeachta inmheánacha ar bun a fhéachann leis na rioscaí arna n‑aithint thuas a chlúdach. Comhlíonann na nósanna imeachta inmheánacha an rialachán airgeadais go hiomlán agus áirítear iontu ceisteanna a bhaineann le costais agus sochair. Sa chomhthéacs seo, tá SANCO ag leanúint d'fhéidearthachtaí a scrúdú chun an bhainistíocht a fheabhsú agus chun tuilleadh simplithe a dhéanamh. Is iad seo a leanas príomh-shaintréithe an chreata rialaithe:

Saintréithe an phróisis chun tionscadail a roghnú: tá gach glaoch ar thograí/ar thairiscintí bunaithe ar an gClár Oibre bliantúil arna ghlacadh ag an gCoimisiún. I gcás gach glaoigh, tá na critéir maidir le heisiamh, roghnú agus dámhachtain a bhaineann leis na tograí nó tairiscintí foilsithe. I gcoinne na gcritéar sin, déanann coiste meastóireachta, ar féidir le saineolaithe seachtracha a bheith de chúnamh aige, meastóireacht ar gach togra nó tairiscint agus prionsabail an neamhspleáchais, na trédhearcachta, na comhréireachta, na cóire comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe á n‑urramú acu. Déantar Comhairliúchán Idirsheirbhíse faoi na tograí roghnaithe laistigh den Choimisiún chun cistiú dúbailte a chosc.

Straitéis cumarsáide seachtraí: Tá straitéis cumarsáide atá forbartha go maith ag DG SANCO, straitéis a fhéachann lena áirithiú go dtuigeann na conraitheoirí nó na tairbhithe na ceanglais chonarthacha agus na forálacha conarthacha go hiomlán. Chun an méid sin a áirithiú úsáidtear na nithe seo a leanas: suíomh gréasáin an Chláir EUROPA; "ceisteanna coitianta", deasca cabhrach, nótaí treorach cuimsitheacha chomh maith le cruinnithe faisnéise le tairbhithe nó conraitheoirí.

* Rialuithe roimh chur chun feidhme na dtionscadal agus le linn a gcur chun feidhme:

- Baineann DG SANCO agus an EAHC araon úsáid as na comhaontuithe deontais agus conarthaí seirbhísí samplacha atá molta ag an gCoimisiún. Déanann siad sin foráil maidir le roinnt forálacha rialaithe amhail teastais iniúchóireachta, ráthaíochtaí airgeadais, iniúchtaí ar an láthair chomh maith le cigireachtaí de chuid OLAF. Déanfar na rialacha lena rialaítear incháilitheacht costas a shimpliú, mar shampla, trí chnapshuimeanna a úsáid i líon teoranta catagóirí costas. Cuideoidh an méid sin freisin na seiceálacha agus na rialuithe a dhíriú níos fearr. Táthar ag súil go ndéanfaidh comhaontuithe comhpháirtíochta an caidreamh oibre leis na tairbhithe a fheabhsú agus go bhfeabhsóidh siad tuiscint na rialacha incháilitheachta.

- Síníonn gach ball foirne an cód dea-chleachtais riaracháin. Déanann baill foirne a bhfuil baint acu leis an nós imeachta roghnúcháin nó le bainistíocht na gcomhaontuithe deontais nó na gconarthaí dearbhú nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann a shíniú freisin. Cuirtear oiliúint rialta ar bhaill foirne agus baineann siad úsáid as líonraí chun dea-chleachtais a mhalartú.

- Déantar cur chun feidhme teicniúil tionscadail a sheiceáil go rialta ó thaobh na doiciméadachta de ar bhonn tuarascálacha de chuid an chonraitheora ar dhul chun cinn teicniúil; ina theannta sin déantar cruinnithe leis na conraitheoirí agus cuairteanna ar an láthair a eagrú de réir an cháis.

- Is trí bhíthin uirlisí TF an Choimisiúin a chuirtear i gcrích na nósanna imeachta airgeadais a úsáideann DG SANCO agus an EAHC agus tá leibhéal ard deighilte cúraimí i gceist leo: déanann beirt atá neamhspleách gach idirbheart airgeadais a bhaineann le conarthaí nó comhaontuithe deontais a fhíorú sula síníonn na hoifigigh um údarú atá freagrach as an ngníomhaíocht iad. Déanann baill éagsúla foirne atá inniúil sna réimsí beartais lena mbaineann an t-ullmhúchán agus an fíorú oibríochtúil. Déantar íocaíochtaí ar bhonn roinnt doiciméad tacaíochta réamh-shainithe amhail tuarascálacha teicniúla atá formheasta chomh maith le héilimh ar chostais agus sonraisc.

I gcás sampla idirbheart déanann an chill lárnach airgeadais réamh-rialuithe doiciméadúcháin dara leibhéil; de réir an cháis, is féidir rialú airgeadais ex-ante ar an láthair a dhéanamh freisin roimh an íocaíocht deiridh. * Rialuithe ag deireadh an tionscadail:

Tá foirne láraithe iniúchóireachta, a fhíoraíonn ar an láthair incháilitheacht éileamh ar chostais, ag DG SANCO agus an EAHC araon. Is é an aidhm atá ag na rialuithe sin earráidí ábhartha a bhaineann le dlíthiúlacht agus rialtacht idirbheart airgeadais a chosc, a bhrath agus a cheartú. D'fhonn tionchar na rialuithe a uasmhéadú, i roghnú na gconraitheoirí a bhfuil iniúchóireacht le déanamh orthu, déantar foráil maidir le roghnú riosca-bhunaithe a chomhcheangal le sampláil randamach agus (b) aird a thabhairt ar ghnéithe oibríochtúla aon uair is féidir le linn na hiniúchóireachta ar an láthair.

* Costais agus sochair na rialuithe:

Tá bearta bainistíochta agus rialaithe an chláir deartha ar bhonn na taithí a fuarthas san am atá thart: sna trí bliana a chuaigh thart, rinne an córas rialaithe inmheánaigh atá bunaithe meánráta earráide iarmharaí faoi bhun 2% a áirithiú chomh maith le comhlíonadh na nósanna imeachta deontais agus soláthair atá leagtha síos sa rialachán airgeadais. Is iad sin dhá phríomhchuspóir rialaithe an chláir sláinte poiblí a bhí ann roimhe agus an chláir nua araon.

Ós rud é nach bhfuil mórán difríochta idir príomh-shaintréithe dhearadh an chláir nua agus an chláir a bhí ann roimhe, meastar go bhfanfaidh na rioscaí a bhaineann le cur chun feidhme an chláir cuíosach cobhsaí. Sa chaoi sin, tá sé beartaithe leanúint de na bearta bainistíochta agus rialaithe atá bunaithe; mar sin féin, cuirfear i bhfeidhm tuilleadh simplithe a d'fhéadfaí a dhéanamh faoin rialachán nua airgeadais agus sin a luaithe agus a mhéid is féidir.

Is ionann na costais iomlána bhainistíochta a áirítear sa Ráiteas Airgeadais (cuid 3.2.3) agus EUR 45.4 milliún le haghaidh EUR 446 milliún cistí arna mbainistiú ó 2014 go 2020; fágann sin cóimheas idir costais bhainistíochta agus cistí bainistithe tuairim is 10.2%, ar cóimheas é ar cheart breathnú air i gcomhthéacs réimse bheartais nach bhfuil chomh dírithe céanna ar chaiteachas is atá réimsí eile beartais an AE.

A bhuí leis an gcomhcheangal de dheontais agus sholáthar, rialuithe riosca-bhunaithe ex-ante agus ex-post chomh maith le seiceálacha doiciméadúcháin agus iniúchtaí ar an láthair, bainfear na cuspóirí rialaithe amach ar chostas réasúnta. Meastar go bhfuil na sochair a bhaineann le meánráta earráide iarmharaí faoi bhun 2% agus comhlíonadh fhorálacha an rialacháin airgeadais a bhaint amach sách tábhachtach chun údar cuí a thabhairt do na bearta bainistíochta agus rialaithe roghnaithe.

2.3. Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

I dteannta chur i bhfeidhm na meicníochtaí rialaithe rialála ar fad, ceapfaidh DG SANCO straitéis frith-chalaoise i gcomhréir le straitéis nua frith-chalaoise an Choimisiúin a glacadh an 24 Meitheamh 2011 chun a áirithiú inter alia go bhfuil a rialuithe inmheánacha frith-chalaoise ag teacht go hiomlán le straitéis frith-chalaoise an Choimisiúin agus go bhfuil a chur chuige maidir le bainistíocht riosca calaoise dírithe ar réimsí ina bhfuil riosca calaoise agus freagairtí leordhóthanacha a aithint. I gcás inar gá, déanfar grúpaí líonraithe agus uirlisí TF leormhaithe a chur ar bun, a bheidh dírithe ar anailís a dhéanamh ar chásanna calaoise a bhaineann leis an gclár sláinte poiblí, go háirithe sraith beart amhail:

- cinntí, comhaontuithe agus conarthaí a thig ó chur chun feidhme an Chláir Shláinte, déarfaidh siad go sainráite go mbeidh an Coimisiún, lena n‑áirítear OLAF, agus an Chúirt Iniúchóirí i dteideal iniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí a dhéanamh;

- agus meastóireacht á déanamh ar thograí nó thairiscintí, déantar na togróirí agus na tairgeoirí a sheiceáil i gcoinne na gcritéar maidir le heisiamh atá foilsithe agus ar bhonn dearbhuithe agus an Chórais Réamhrabhaidh;

- déanfar na rialacha lena rialaítear incháilitheacht costas a shimpliú i gcomhréir le forálacha an rialacháin airgeadais;

- tabharfar oiliúint rialta ar shaincheisteanna a bhaineann le calaois agus neamhrialtachtaí do gach ball foirne a bhfuil baint aige le bainistíocht conarthaí agus d'iniúchóirí agus rialtóirí a fhíoraíonn dearbhuithe na dtairbhithe ar an láthair.

3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

· Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil:

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir || LD/LN[25] || ó thíortha an CSTE[26] || ó thíortha is iarrthóirí[27] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

3: slándáil agus saoránacht || 17 03 06 Gníomh de chuid an AE i réimse na sláinte || Difreáilte || TÁ || TÁ || NÍL || NÍL

3: slándáil agus saoránacht || 17 01 04 Clár ghníomh de chuid an Aontais Eorpaigh i réimse na sláinte – caiteachas ar bhainistíocht riaracháin || Neamhdhifreáilte || TÁ || TÁ || NÍL || NÍL

Níl aon línte nua buiséid á n‑iarraidh.

3.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || Uimhir 3 || Slándáil agus saoránacht

DG: SANCO || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Blianta iardain || IOMLÁN

Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || || ||

17 03 06 || Oibleagáidí || (1) || 54.465 || 56.281 || 57.188 || 58.096 || 59.004 || 60.819 || 59.004 || || 404.857

Íocaíochtaí || (2) || 5.000 || 16.000 || 32.000 || 49.000 || 54.000 || 57.000 || 57.000 || 134.857 || 404.857

Leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chiste clár sonrach[28] ||

17 01 04 || || (3) || 5.535 || 5.719 || 5.812 || 5.904 || 5.996 || 6.181 || 5.996 || || 41.143

IOMLÁN leithreasaí i gcomhair DG SANCO || Oibleagáidí || =1+1a +3 || 60.000 || 62.000 || 63.000 || 64.000 || 65.000 || 67.000 || 65.000 || || 446.000

Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 10.535 || 21.719 || 37.812 || 54.904 || 59.996 || 63.181 || 62.996 || 134.857 || 446.000

Ÿ IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (4) || 54.465 || 56.281 || 57.188 || 58.096 || 59.004 || 60.819 || 59.004 || || 404.857

Íocaíochtaí || (5) || 5.000 || 16.000 || 32.000 || 49.000 || 54.000 || 57.000 || 57.000 || 134.857 || 404.857

Ÿ IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chiste clár sonrach || (6) || 5.535 || 5.719 || 5.812 || 5.904 || 5.996 || 6.181 || 5.996 || || 41.143

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 3 Slándáil agus saoránacht || Oibleagáidí || =4+ 6 || 60.000 || 62.000 || 63.000 || 64.000 || 65.000 || 67.000 || 65.000 || || 446.000

Íocaíochtaí || =5+ 6 || 10.535 || 21.719 || 37.812 || 54.904 || 59.996 || 63.181 || 62.996 || 134.857 || 446.000

D'fhéadfadh an Coimisiún foráil a dhéanamh maidir le cur chun feidhme an Chláir Sláinte le haghaidh Fáis a tharmligean chuig gníomhaireacht feidhmiúcháin. D'fhéadfadh sé go gcaithfí méideanna agus miondealú na gcostas measta a choigeartú de réir na modhanna tarmligthe arna mbeartú.

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) i bpraghsanna reatha

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin"

|| || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

DG: SANCO ||

Ÿ Acmhainní daonna SANCO (17 01 01) || 1.088 || 1.110 || 1.132 || 1.155 || 1.178 || 1.202 || 1.226 || 8.091

DG: SANCO ||

Ÿ Caiteachas riaracháin eile (17 01 02 11) || 2.125 || 2.168 || 2.211 || 2.255 || 2.300 || 2.346 || 2.300 || 15.705

IOMLÁN DG SANCO || Leithreasaí || 3.213 || 3.278 || 3.343 || 3.410 || 3.478 || 3.548 || 3.526 || 23.796

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den CAI || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || 3.213 || 3.278 || 3.343 || 3.410 || 3.478 || 3.548 || 3.526 || 23.796

|| || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || 63.213 || 65.278 || 66.343 || 67.410 || 68.478 || 70.548 || 68.526 || 469.796

Íocaíochtaí || 13.748 || 24.997 || 41.155 || 58.314 || 63.475 || 66.729 || 66.522 || 334.939

3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

– ý  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

– Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin i bpraghsanna reatha (go dtí an 3ú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas aschuir || || Líon na n‑aschur || Costas || Líon n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1 || 3 || 26.143 || 7 || 27.015 || 11 || 27.450 || 11 || 27.886 || 11 || 28.322 || 11 || 29.193 || 11 || 28.322 || 65 || 194.331

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 2 || 2 || 11.982 || 4 || 12.382 || 6 || 12.581 || 6 || 12.871 || 6 || 12.981 || 6 || 13.380 || 6 || 12.981 || 36 || 89.069

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 3 || 2 || 11.438 || 5 || 11.819 || 8 || 12.010 || 8 || 12.200 || 8 || 12.391 || 8 || 12.772 || 8 || 12.391 || 47 || 85.020

CUSPÓIR SONRACH Uimh. 4 || 1 || 4.902 || 3 || 5.065 || 5 || 5.147 || 5 || 5.229 || 5 || 5.310 || 5 || 5.474 || 5 || 5.310 || 29 || 36.437

COSTAS IOMLÁN || 9 || 54.174 || 19 || 55.980 || 30 || 56.882 || 30 || 57.785 || 30 || 58.688 || 30 || 60.494 || 30 || 58.688 || 178 || 404.857

Aschuir a bhfuiltear ag súil leo in 2021 agus 2022: cuspóir 1: 12; cuspóir 2: 6; cuspóir 3: 9; cuspóir 4: 6, 32 mar sin don chlár ar fad. Táthar ag súil le hiomlán measta 210 aschur.

Outputs consist in:

cuspóir sonrach Uimh. 1: líon na n‑uirlisí agus meicníochtaí arna bhforbairt;

cuspóir sonrach Uimh. 2: líon na Líonraí Tagartha Eorpacha atá ag feidhmiú agus líon na dtreoirlínte arna bhforbairt;

cuspóir sonrach Uimh. 3: líon na ndea-chleachtas arna mbailíochtú, arna n‑aithint agus arna scaipeadh i dtaobh beart cosanta cost-éifeachtach;

cuspóir sonrach Uimh. 4: líon na gcur chuige coiteann arna bhforbairt maidir le bagairtí trasteorann sláinte.

Meán atá sa mhiondealú in aghaidh na bliana agus miondealú táscach amháin atá ann de bhrí gur suntasaí an miondealú don chiste ar fad ó thaobh an chláir de. Leoga, d'fhéadfadh sé go ndíreofaí níos mó i mbliain áirithe ar chuspóir sonrach amháin ná ar chuspóir eile. Tabharfar treoirlínte do chaiteachas bliantúil i gclárú straitéiseach ilbhliantúil. Déanfar an cinneadh deiridh agus an clár oibre bliantúil á ullmhú.

3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin 3.2.3.1. Achoimre

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin

– ý  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin i bpraghsanna 2011 (go dtí an 3ú deachúil)

|| 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5 den CAI

Acmhainní daonna (LB 17 01 01) || 1.026 || 1.026 || 1.026 || 1.026 || 1.026 || 1.026 || 1.026 || 7.182

Caiteachas riaracháin eile (LB 17 01 02 11) || 2.025 || 2.025 || 2.025 || 2.025 || 2.025 || 2.025 || 2.025 || 14.175

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den CAI || 3.051 || 3.051 || 3.051 || 3.051 || 3.051 || 3.051 || 3.051 || 21.357

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5 den CAI

Caiteachas riaracháin chun tacú leis an gclár (LB 17 01 04) || 5.320 || 5.320 || 5.320 || 5.320 || 5.320 || 5.320 || 5.320 || 37.240

Fo-iomlán lasmuigh CHEANNTEIDEAL 5 den CAI || 5.320 || 5.320 || 5.320 || 5.320 || 5.320 || 5.320 || 5.320 || 37.240

IOMLÁN || 8.371 || 8.371 || 8.371 || 8.371 || 8.371 || 8.371 || 8.371 || 58.597

3.2.3.2. Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

– ¨  Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna

– ý  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Líon na bpost CLA

|| 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020

Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) SANCO

17 01 01 01 – ag an gceanncheathrú agus in oifigí ionadaíocht an Choimisiúin sna Ballstáit (AD & AST) || 5.7 || 5.7 || 5.7 || 5.7 || 5.7 || 5.7 || 5.7

2.375 || 2.375 || 2.375 || 2.375 || 2.375 || 2.375 || 2.375

IOMLÁN na bpost don phlean bunaíochta SANCO || 8.075 || 8.075 || 8.075 || 8.075 || 8.075 || 8.075 || 8.075

IOMLÁN || 8.075 || 8.075 || 8.075 || 8.075 || 8.075 || 8.075 || 8.075

Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe taobh istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || I SANCO: An clár a fhorbairt, an clár oibre ilbhliantúil, cláir oibre bhliantúla, monatóireacht ar chur chun feidhme an chláir, meastóireacht, iniúchtaí, etc. Comhordú leis an ngníomhaireacht feidhmiúcháin má chinntear sa deireadh cur chun feidhme an Chláir a tharmligean.

3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

– ý  Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014–2020 mar atá beartaithe i dTeachtaireacht COIM(2011)500 ón gCoimisiún.

– ¨  Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo.

– ¨  Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[29]

3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

– ý Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

– ¨ Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá réamh‑mheasta thíos:

3.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

– ý  Níl tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

– ¨  Tá an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

[1]               COIM(2011) 500 Críochnaitheach

[2]               COIM(2010) 2020 Críochnaitheach

[3]               Foinse: Eurostat ‘Caiteachas Ginearálta de réir Feidhme — sláinte i gcomparáid leis an iomlán’. 2009: 14.63 %; http://appsso.eurostat.ec.europa.eu/nui/show.do?dataset=gov_a_exp&lang=en.

[4]               IMF 2011 agus Joumard et al., 2010, i.e. an méadú i gcaiteachas poiblí thar OTI sa bhreis ar an méid de bharr aosú an daonra (meastar an fás iomarcach costas seo mar 1 % ar an meán don ECFE).

[5]               Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011

[6]               IO C , , lch. .

[7]               IO C , , lch. .

[8]               Teachaireacht ón gCoimisiún COIM(2010) 2020 Críochnaitheach.

[9]               IO L 271, 9.10.2002, lgh. 1-12.

[10]             IO L 301, 20.11.2007, lgh. 3-13.

[11]             Tuarascáil Speisialta ón gCúirt Iniúchóirí Uimh. 212009 an 5.3.2009, "Clár Sláinte Poiblí an Aontais Eorpaigh (2003-2007): bealach éifeachtach chun sláinte a fheabhsú?"

[12]             Bunaíodh an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú le Rialachán (CE) 851/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

[13]             Bunaíodh na Coistí Eolaíocha i gcomhréir le Cinneadh 2008/721/CE ón gCoimisiún, IO L 241, 10.9.2008, lch. 21.

[14]             IO L, , lch. .

[15]             IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

[16]             IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

[17]             COIM(2010) 546 Críochnaitheach.

[18]             IO L 88, 4.4.2011, lch. 45.

[19]             IO L 88, 4.4.2011, lch. 45.

[20]             Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.

[21]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[22]             Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais.

[23]             IO L 11, 16. 1.2003, lch. 1.

[24]             Cinneadh C(2008)4943 an 9 Meán Fómhair 2008 ón gCoimisiún.

[25]             LD – Leithreasaí difreáilte / LN – Leithreasaí neamhdhifreáilte

[26]             CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

[27]             Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí ó na Balcáin Thiar.

[28]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[29]             Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.