52011PC0706

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear clár gníomhaíochta um chustam agus cánachas san Aontas Eorpach don tréimhse 2014–2020 (FISCUS) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE agus Cinneadh Uimh. 624/2007/CE /* COIM/2011/0706 leagan deireanach - 2011/0341 (COD) */


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

An 29 Meitheamh 2011 ghlac an Coimisiún togra le haghaidh an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile don tréimhse 2014-2020[1], i.e. buiséad chun Straitéis Eoraip 2020 a chur i gcrích, ina mbeartaítear, inter alia, glúin nua clár 'Custam' agus 'Fiscalis'. I gcomhréir le beartas simpliúcháin an Choimisiúin agus ag cur san áireamh na gcosúlachtaí atá ann cheana idir na cláir Custam agus Fiscalis atá ann faoi láthair, tá sé beartaithe aon chlár amháin (FISCUS) a bheith ann amach anseo, clár ina gcoinneofar na sainiúlachtaí custaim agus cánachais. Rannchuideoidh an clár seo le Straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe, uilechuimsitheach[2], trí fheidhmiú Mhargaidh Aonair an Aontais agus a Aontas Custaim a neartú. Trí theicneolaíocht nua agus nuálaíocht a chur chun cinn sna riaracháin náisiúnta cánach chun riaracháin chánach 'ar líne' dhéanamh díobh, cuireann an clár nua le bunú Margaidh Aonair digiteach ('Clár Digiteach don Eoraip').

Cosnaíonn an tAontas Custaim leasanna airgeadais an Aontais agus a Bhallstát trí bhíthin dleachtanna, táillí agus cánacha a bhailiú[3]. Cuireann rialacha an Aontais Chustaim ceangal ar earraí atá de thionscnamh tríú tíortha reachtaíocht an Aontais a chomhlíonadh sula bhféadfar iad a scaoileadh chun saorchúrsaíochta san Aontas. Is é toradh atá ar an gceangal sin nach mór méid mór tráchtála – seacht gcinn de dhearbhuithe custaim gach seachtain – a láimhseáil gach lá, rud a fhágann nach mór do na húdaráis chustaim cothromaíocht a bhaint amach idir trádáil a éascú agus sábháilteacht agus slándáil na saoránach a chosaint. Níl ach aon bhealach amháin chun é sin a dhéanamh, eadhon dlúthchomhar oibríochtúil idir riaracháin chustaim na mBallstát, na riaracháin sin agus údaráis eile, agus údaráis trádála agus tríú páirtithe eile. Tá feidhmiú rianúil na gcóras cánachais sa mhargadh inmheánach ag brath ar phróiseáil éifeachtach éifeachtúil idirbheart trasteorann a bheith á déanamh ag na riaracháin náisiúnta chánach, ar chosc agus comhrac calaoise cánach agus ar chosaint ioncam cánach. An toradh atá air sin go gcaithfidh na riaracháin chánach lear mór faisnéise a mhalartú, rud a fhágann nach mór dóibh a bheith ag obair ar bhealach níos éifeachtúla, ach os a choinne sin laghdaítear an t-ualach riaracháin, eacnamaíoch agus ama a bhíonn ar cháiníocóirí agus iad i mbun gníomhaíochtaí trasteorann. Níl ach aon bhealach amháin chun é sin a dhéanamh, eadhon dlúthchomhar idir riaracháin chánach na mBallstát agus tríú páirtithe.

Tacóidh an clár atá beartaithe leis an gcomhar idir na húdaráis chustaim agus chánach agus na páirtithe eile lena mbaineann. Comharba na gclár 'Custam 2013' agus 'Fiscalis 2013', a dtiocfaidh deireadh leo an 31 Nollaig 2013, é an clár seo. Clár FISCUS atá beartaithe, tacóidh sé le comhar custaim agus cánach san Aontas ar dhá bhealach, mar atá trí ghréasáin agus scileanna daoine a neartú agus acmhainn teicneolaíochta faisnéise a mhéadú. Ligfidh an chéad cheann acu sin do na Ballstáit agus do thíortha eile atá páirteach sa chlár dea‑chleachtais agus eolas oibríochtúil a mhalartú ar a chéile. Fágfaidh an dara ceann acu go bhféadfar maoiniú a thabhairt ón gclár d'infreastruchtúr agus do chláir teicneolaíochta faisnéise cheannródaíocha a ligfidh do riaracháin chustaim agus chánach san Aontas bheith ina riaracháin atá ina ann iomlán a gcuid gnó a dhéanamh ar líne. An breisluach príomha a thiocfaidh as an gclár go méadóidh ar chumas na mBallstát ioncam a chruinniú agus sreafaí casta trádála atá ag dul chun castachta a bhainistiú, agus san am céanna na costais atá ar fhorbairt na n-uirlisí sin a laghdú.

2. TORTHAÍ NA gCOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR 2.1. Comhairliúchán agus saineolas

I gcomhthéacs na meastóireachta lár téarma ar na cláir atá ann faoi láthair[4], rinne conraitheoir anailís ar éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht agus ar bhreisluach na gclár 'Custam 2013' agus 'Fiscalis 2013'. Úsáideadh sonraí faireacháin maidir leis na gníomhaíochtaí éagsúla. I gcás na meastóireachta lár téarma ar Chustam 2013, chuathas i gcomhairle le hionadaithe trádála.

Rinne conraitheoir eile staidéar ar chreat féideartha do na cláir 'Custam' agus 'Fiscalis' amach anseo[5]: na dúshláin atá roimhe, a chuspóirí agus roghanna beartas féideartha, lena n-áirítear anailís chuimsitheach ar dhúshláin sa todhchaí, fadhbanna struchtúracha agus feabhas a d'fhéadfaí a chur ar fheidhmiú an Aontais Chustaim. I gcás an cheann deireanach acu sin chuathas i gcomhairle le saineolaithe custaim ag leibhéil éagsúla. I ngeall ar an tábhacht atá ag gníomhaíochtaí malartaithe faisnéise, rinneadh staidéar ar leith ar an straitéis cur chun feidhme a bheidh ann amach anseo do mhalartú faisnéise. I gceardlanna a bhí ar siúl i Meitheamh 2011 cuireadh an staidéar sin os comhair Príomhoifigeach Faisnéise údarás cánach agus custaim.

I gceardlanna a bhí ar siúl i Meitheamh agus in Iúil 2011 rinneadh plé ar chonclúidí an staidéir maidir le cláir sa todhchaí le hionadaithe de chuid na dtíortha rannpháirteacha. Chun fáil faoi réir do na ceardlanna sin, reáchtáladh cruinniú comhchéime in earrach 2011 mar chuid den chruinniú den choiste cláir ábhartha[6] agus iarradh ar na tíortha rannpháirteacha príomhláidreachtaí an chláir a aithint agus a rá cén chaoi a bhféadfaí éifeachtúlacht an chláir a mhéadú.

Ullmhaíodh measúnuithe tionchair ina ndearnadh anailís ar Chustam agus Fiscalis a choinneáil ar bun. D'fhormheas an Bord um Measúnú Tionchair iad.

Cuireadh san áireamh roinnt mhaith moltaí maidir le ceapadh an chláir agus maidir le tuilleadh feabhais a chur ar an gclár nuair a bhí an togra maidir leis an gclár todhchaí á ullmhú, go háirithe maidir le ceapadh a ghníomhaíochtaí a chuspóirí. Bhain na príomh‑mholtaí le cuspóirí nua a thabhairt isteach nó béim a chur as an nua ar chuspóirí atá ann cheana. I gcás an chuid den chlár a bhaineann le cúrsaí cánachais bhain na moltaí le laghdú a dhéanamh ar ualaigh riaracháin ar riaracháin chánach agus ar cháiníocóirí agus feabhas a chur ar an gcomhar le tríú tíortha agus le triú páirtithe agus an comhrac i gcoinne calaoise a athneartú. I gcás an chuid den chlár a bhaineann le cúrsaí custaim, ba cheart don chlár níos mó béime a chur ar chomhoibriú le tríú tíortha, le comhlachais ghnó agus trádála agus ar thrádáil a éascú. Ina theannta sin, sna meastóireachtaí lár téarma moladh uirlisí nua a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin nua, go háirithe comhar maidir le tascanna oibríochtúla sonracha, feabhas a chur ar an gcaoi a gcraobhscaoiltear torthaí ghníomhaíochtaí an chláir, leas a bhaint as modhanna oibre ar líne, agus creat a leagan síos chun faireachán níos fearr a dhéanamh ar an gclár.

2.2. Measúnú tionchair

I bhfianaise an chomhthéacs ghinearálta maidir le beartais agus na bhfadhbanna atá i ndán do chúrsaí custaim agus cánachais sa tréimhse deich mbliana atá chugainn, rinneadh anailís ar roinnt roghanna beartais agus cuireadh i gcomparáid iad i measúnú tionchair gach ceann de na cláir atá ann faoi láthair.

Roghanna beartais comónta:

(1) An cás bunlíne: na cláir, a struchtúr agus na cuspóirí atá acu faoi láthair a choinneáil ar bun.

(2) Gan an clár a choinneáil ar bun: chuirfí deireadh leis an dá chlár agus ní chuirfeadh an AE maoiniú ar fáil níos mó d'uirlisí teicneolaíochta faisnéise, do ghníomhaíochtaí comhpháirteacha ná do ghníomhaíochtaí oiliúna comhpháirteacha um chomhar i réimse an chustaim agus an chánachais.

Roghanna beartais sonracha do réimse an chustaim:

(3) Neartú ar oibleagáidí dlí an AE, amhail an Cód Custam Nuachóirithe: Leathnú ar an gcás bunlíne a bheadh sa Rogha beartais seo a chuirfeadh an clár in oiriúint do na riachtanais nua a thiocfadh as athruithe ar an Aontas Custaim. Is éard a bheadh i gceist leis an Rogha seo feidhm a bhaint as córais nua teicneolaíochta faisnéise arna sainmhíniú i reachtaíocht an AE maidir le custam, samhail forbraíochta chomhroinnte do na córais sin a thabhairt isteach de réir a chéile, agus nuachóiriú a dhéanamh ar an mbunrialachas, ar an mbunstruchtúr agus ar an mbunteicneolaíocht.

(4) Neartú ar oibleagáidí dlí an AE agus tacaíocht airgeadais a thabhairt chun acmhainní teicniúla a mhéadú: Sa bhreis ar an méid atá luaite leis an Rogha thuas, is éard a bheadh i gceist leis an Rogha seo scéim tacaíochta airgeadais a ligfeadh do na Ballstáit tacaíocht a iarraidh chun trealamh a fháil le teorainneacha talaimh, muirí nó aeir a rialú, e.g. scanóirí, nó trealamh saotharlainne. Chuideodh sé sin leis na Ballstáit an gá atá le rialuithe níos tapa agus níos cuíchóirithe a chomhlíonadh, i gcomhthéacs ina bhfuil an teicneolaíocht ag athrú.

(5) Neartú ar oibleagáidí dlí an AE agus teicneolaíocht na faisnéise a roinnt a oiread is féidir: Sa bhreis ar an méid atá luaite le Rogha 3, chuideodh an Rogha seo le lucht custaim an AE leas a bhaint as córais faisnéise teicneolaíochta Eorpacha arna bhforbairt agus arna n‑oibriú ina n‑iomláine d'fhonn reachtaíocht chustaim an AE a chur chun feidhme, e.g. an Cód Custam Nuachóirithe. Chinnteodh an Rogha seo go mbeadh tacaíocht fheabhsaithe ar fáil do na húdaráis phoiblí chun gach córas is gá chun struchtúr custaim uile-Eorpach a fhorbairt agus a chur in úsáid, agus do ghnólachtaí le nascadh leis na córais sin.

Roghanna beartais sonracha do réimse an chustaim:

(6) An cás bunlíne a fheabhsú: Is éard a bheadh i gceist leis seo cuspóirí sonracha an cháis bhunlíne a athrú á gcur in oiriúint do dhúshláin sa todhchaí. Le hais an chláir atá ann faoi láthair, cuireann an Rogha seo béim bhreise ar an gcomhrac i gcoinne calaoise cánach, seachanta cánach agus imghabhála cánach, téann sí i ngleic leis an ualach mór riaracháin atá ar cháiníocóirí agus ar riaracháin chánach, agus cuireann sí san áireamh comhar le tríú tíortha agus le tríú páirtithe. Ní bheadh ag teastáil le haghaidh na Rogha beartais seo ach buiséad a bheadh beagáinín os cionn bhuiséad clár Fiscalis atá ann faoi láthair.

(7) Freastal ar bheartais nua agus feabhsú: Ní amháin go rachadh an Rogha beartais seo i ngleic leis na fadhbanna a bhfuil cur síos orthu faoin Rogha 'an cás bunlíne a fheabhsú' ach is é an chaoi a bhfágfadh sí go bhféadfaí comhar a leathnú amach chuig réimsí beartais nua a d'fhéadfadh teacht chun cinn, agus go háirithe, chuirfeadh sé ar a gcumas do chláir cur i bhfeidhm agus cur chun feidhme na reachtaíochta nua seo a éascú agus an malartú faisnéise agus an comhar riaracháin a ghabhann leis an reachtaíocht sin a chur chun feidhme.

Seo a leanas an moladh a tháinig as na measúnaithe tionchair: I gcás cúrsaí custaim is í Rogha 3 (Neartú ar oibleagáidí dlí an AE, amhail an Cód Custam Nuachóirithe) an Rogha is fearr agus i gcás cúrsaí cánachais is í Rogha 6 (An cás bunlíne a fheabhsú) an Rogha is fearr. Tá an dá Rogha beartais sin ag teacht leis an moladh maidir le buiséad nua don straitéis 'Eoraip 2020' agus tá glacadh ag na Ballstáit leo. Cuireadh as an áireamh an Rogha 'Neartú ar oibleagáidí dlí an AE agus tacaíocht airgeadais a thabhairt chun acmhainní teicniúla a mhéadú' i gcás cúrsaí custaim ó tharla go bhféadfaí an soláthar trealaimh atá luaite ('méadú acmhainní teicniúla') a fháil trí bhíthin cómhaoiniú ó chláir eile, lena n‑áirítear Cistí Struchtúracha Réigiúnacha, agus san am céanna, comhleanúnachas le cuspóirí áirithe de chuid chlár FISCUS a áirithiú.

3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA 3.1. Bunús Dlí

Tá dhá bhunús dlí leis an togra maidir le FISCUS. Tá gnéithe an togra a bhaineann le cúrsaí custaim bunaithe ar Airteagal 33 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ina n-iarrtar ar an Aontas Eorpach gníomhú i leith comhair chustaim agus Aontas Custaim an AE.

Tríd is tríd, is inniúlachtaí náisiúnta fós roinnt mhaith gnéithe den bheartas cur chun feidhme. Ní féidir a mheas, áfach, gur beart beartais chánach atá ag teacht faoin inniúlacht náisiúnta é an clár atá molta. Leoga, is éard is aidhm don chlár feabhas a chur ar an gcomhar idir riaracháin chánach trí bhíthin meicníochtaí, bealaí, agus an maoiniú is gá a sholáthar. Nuair a bheidh an clár curtha chun feidhme ag an gCoimisiún, ní thiocfaidh tuilleadh comhchuibhithe ar na córais chánach náisiúnta as an gclár ann féin, ach is féidir na héifeachtaí diúltacha a thagann as 27 córas cánach difriúil a bheith ann a laghdú, éifeachtaí amhail saobhadh ar an iomaíocht, an t-ualach riaracháin ar chórais riaracháin agus ar cháiníocóirí, siopadóireacht chánach, etc. Is éard atá sa bheart atá beartaithe mar sin beart tacaíochta don Mhargadh Inmheánach lena bhféadfar feidhmiú na gcóras cánach éagsúil laistigh den Mhargadh Inmheánach a fheabhsú. Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí na ngnéithe cánachais den chlár atá beartaithe.

3.2. Coimhdeacht agus Comhréireacht

Tá gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais seachas ar an leibhéal náisiúnta ar na cúiseanna seo a leanas:

· Inniúlacht eisiach de chuid an Aontais is ea an tAontas Custaim. Ar aistriú a gcuid cumhachtaí chuig an Aontas dóibh, ghlac na Ballstáit leis, ipso facto, gur ar leibhéal an Aontais is fearr a chuirfear i bhfeidhm gníomhaíochtaí i réimse an chustaim. Mar sin féin, ní áiritheoidh creat dlí an AE ann féin dea-fheidhmiú an Aontais Chustaim. Ba cheart é a chomhlánú le bearta tacaíochta dá bhforáiltear sa Chlár Custaim d'fhonn a áirithiú go ndéanfar reachtaíocht chustaim an AE a chur i bhfeidhm ar bhealach cóineasaithe comhchuibhithe.

· Is de chineál trasteorann go leor de ghníomhaíochtaí réimse an chustaim, gníomhaíochtaí a bhaineann leis na 27 Ballstát agus a dhéanann difear dóibh uile agus dá bhrí sin ní féidir le Ballstáit aonair iad a bhaint amach go héifeachtach ná go héifeachtúil. Tá gá le gníomhaíocht de chuid an AE chun buntaca a thabhairt don ghné Eorpach de chúrsaí custaim, chun saobhadh ar an Margadh Inmheánach a sheachaint agus chun tacú le cosaint éifeachtach theorainneacha an AE.

· Tá údar le gníomhaíocht de chuid an AE d'fhonn dea-fheidhmiú an Aontais Chustaim agus an Aontais sin a áirithiú, agus d'fhonn é a fhorbairt a thuilleadh, óir tá sé cruthaithe go bhfuil sé ar an mbealach is éifeachtúil agus is éifeachtaí ag an AE dul i ngleic leis na heasnaimh agus leis na deacrachtaí a bhaineann le hAontas Custaim an AE agus comhar custaim a chur chun feidhme.

· Maidir le cánachas, ní leor reachtaíocht a ghlacadh ar an leibhéal Eorpach agus talamh slán a dhéanamh de go gcuirfear chun feidhme go rianúil í, agus sa chás nach go gcuirfear chun feidhme go rianúil í, gur leor an nós imeachta maidir le sárú. D'fhonn dlí cánach an AE agus na dlíthe cánacha náisiúnta a chur chun feidhme, tá gá le comhar agus comhordú ar an leibhéal Eorpach.

· Ní féidir dul i ngleic leis na dúshláin atá i ndán do chúrsaí cánachais mura mbeidh ról stiúrtha á fheidhmiú ag an gCoimisiún agus mura spreagfar na Ballstáit le staid tíortha eile a chur san áireamh. Gan dlúthchomhar agus dlúth‑chomhoibriú idir na Ballstáit, thiocfadh méadú ar iomaíocht éagórach cánachais agus ar shiopadóireacht chánach, agus bhainfeadh lucht calaoise sochar as an easpa comhair idir na húdaráis náisiúnta.

· I dtéarmaí eacnamaíocha, is éifeachtúla i bhfad gníomhaíocht ar leibhéal an AE. Líonra ardslándála tiomnaithe atá ina chnámh droma ag an chomhar chustaim agus chánachais. Idirnascann sé riaracháin náisiúnta chustaim agus cánachais ag tuairim is 5 000 pointe teagmhála. Áirithíonn an líonra teicneolaíochta faisnéise comónta seo nach gá do na riaracháin náisiúnta nascadh ach aon uair amháin leis an infreastruchtúr comónta seo chun a bheith in ann faisnéis de shaghas ar bith a mhalartú. Mura mbeadh an t-infreastruchtúr sin ar fáil bheadh ar na Ballstáit nascadh 26 uair, is é sin uair amháin le córais náisiúnta gach Ballstáit.

Feidhmeoidh an Coimisiún, de réir Airteagal 17 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, feidhmeanna feidhmiúcháin, mar atá leagtha síos sna Conarthaí. Maidir leis an gcomhordú a dhéanann an Coimisiún leis na riaracháin náisiúnta chustaim agus cánachais agus le hionadaithe speisialaithe, caithfidh sé dul ina bhun ar leibhéal oibríochtúil, ar bhonn fadtéarmach agus i bhfianaise na ndúshlán atá ag an Aontais cheana agus atá i ndán dó i réimse an chustaim agus an chánachais. Beidh fóraim agus uirlisí an chláir ina chreat oiriúnach ag an gCoimisiún a ról comhordaithe a chomhlíonadh i réimse an chustaim agus an chánachais. Dá bhrí sin, tá clár FISCUS i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta agus le prionsabal na comhréireachta (arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach).

3.3. Ionstraimí

I gcomhréir le conclúid na measúnuithe tionchair ábhartha, tá sé iomchuí an AE idirghábháil a dhéanamh trí bhíthin clár maoiniúcháin. I ngeall ar an aiseolas dearfach a fuarthas ón meastóireacht lár téarma ar Chustam 2013 agus ar Fiscalis 2013, tá clár comharba FISCUS beartaithe ag an gCoimisiún.

Cé gur ar na Ballstáit agus ar údaráis na mBallstáit atá an clár dírithe go príomha, tá sé beartaithe go mbeidh ról níos mó ag geallsealbhóirí seachtracha le hais an róil a bhí acu san am a caitheadh. Ina fhianaise sin, rialachán seachas cinneadh (mar a bhí i gcás clár a bunaíodh san am a caitheadh) is ea é an ionstraim iomchuí dlí chun an clár seo a bhunú.

4. IMPLEACHT BHUISÉADACH

Tá uainiú agus athbhreithniú chláir mhaoiniúcháin an AE nasctha leis an togra le haghaidh Creata Airgeadais Ilbhliantúil nua, de réir a bhfuil leagtha amach i gClár Oibre an Choimisiúin. I gcomhréir leis an togra sin tá creat buiséadach EUR 777 600 000 (i bpraghsanna an ama i láthair) don tréimhse 2014–2020 ag an Rialachán maidir le clár FISCUS.

Déanfar clár FISCUS a chur chun feidhme trí mhodh bainistíochta lárnaí dírí agus ar bhonn tosaíochtaí. Déantar cláir oibre a bhunú – i gcomhpháirt leis na geallsealbhóirí – trí thosaíochtaí tréimshe áirithe á sonrú.

5. EILIMINTÍ ROGHNACHA 5.1. Nótaí maidir le forálacha dlí áirithe 5.1.1. Caibidil I: Forálacha ginearálta

A fhad a bhaineann leis na gnéithe custaim, tá raon feidhme an chláir dírithe go sonrach ar fheidhmiú Aontas Custaim an AE. A fhad a bhaineann leis na gnéithe cánachais, cuireadh an clár i gcomhréir le reachtaíocht chánach nua de chuid an Aontais, rud a chiallaíonn go gcumhdófar ní amháin CBL, dleachtanna máil agus cánacha ar chaipiteal ioncaim ach cánacha eile atá faoi réir reachtaíocht chánach an AE freisin.

Féadfaidh na Ballstáit, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóir ionchasacha bheith rannpháirteach i gclár FISCUS. I gcomhréir le beartas ginearálta an Aontais ina leith seo, féadfaidh tíortha ar ball iad de Bheartas Comharsanachta na hEorpa bheith páirteach sa chlár, má chomhlíonann siad choinníollacha áirithe. Ar deireadh, d'fhéadfadh 'saineolaithe seachtracha' bheith páirteach i ngníomhaíochtaí áirithe (e.g. ionadaithe údarás eile, eagraíochtaí trádála, náisiúnta agus idirnáisiúnta agus saineolaithe eile, b'fhéidir).

Táthar tar éis cuspóirí chlár FISCUS a athdhíriú i bhfianaise fadhbanna agus dúshlán atá sainaitheanta agus fadhbanna agus dúshlán a bhfuil súil leo i dtaca le beartais chustaim is cánachais agus údaráis chánachais, sna deich bliana atá romhainn. Is éard is aidhm ginearálta an chláir tacú le feidhmiú an Aontais Chustaim agus an margadh inmheánach a neartú trí bhíthin feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánach trí chomhar ar chur ar bun idir na tíortha rannpháirteacha, údaráis chustaim agus chánach na dtíortha sin, a gcuid oifigeach agus saineolaithe seachtracha.

D'fhonn dul i ngleic le dúshláin a bheidh ann amach anseo i réimse an chustaim agus an chánachais san Aontas, leagadh síos na cuspóirí seo a leanas don chlár:

1. tacú le hullmhú, cur i bhfeidhm comhleanúnach agus cur chun feidhme éifeachtach dhlí an Aontais i réimse an chustaim agus i réimse an chánachais,

2. rannchuidiú le feidhmiú éifeachtúil na n‑údarás custaim agus cánachais trína n‑acmhainn riaracháin a fheabhsú agus tríd an ualach riaracháin atá orthu a laghdú,

3. calaois agus imghabháil cánach a chosc agus feabhas a chur ar chúrsaí iomaíochais, sábháilteachta agus slándála trí fheabhas a chur ar an gcomhar a bhíonn ar bun le heagraíochtaí idirnáisiúnta, údaráis rialtasacha eile, tríú tíortha, oibreoirí eacnamaíocha agus eagraíochtaí na n-oibreoirí sin,

4. iomaíochas gnólachtaí Eorpacha a neartú trí thrádáil a éascú agus trí chostais chomhlíonta a laghdú,

5. leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát a chosaint trí chomhrac a chur ar chalaois agus imghabháil cánach,

6. (i gcás an chuid den chlár a bhaineann le cúrsaí custaim) tacú le lucht custaim saoránaigh agus an gheilleagair a chosaint, ó thaobh sábháilteachta agus slándála, agus an comhshaol a chosaint.

Cuireadh isteach cuspóirí oibríochtúla a bhaineann le torthaí nach mór teacht as an gclár; tá siad sin ar fáil in Iarscríbhinn I den Rialachán.

5.1.2. Caibidil II: Gníomhaíochtaí incháilithe

Na cineálacha gníomhaíochtaí a mheastar a bheith incháilithe faoin gclár, tá siad cosúil leis na gníomhaíochtaí atá incháilithe faoi na cláir atá ann faoi láthair, eadhon:

· gníomhaíochtaí comhpháirteacha atá ceaptha eolas agus dea-chleachtas a mhalartú idir oifigigh chustaim agus chánach na dtíortha rannpháirteach,

· córais faisnéise Eorpacha[7] a éascaíonn malartú faisnéise agus rochtain ar shonraí comónta, agus

· gníomhaíochtaí oiliúna atá ceaptha cumas oifigeach custaim agus cánach Eorpach a mhéadú.

Rinneadh coigeartú ar roinnt catagóirí gníomhaíochtaí.

· Beidh roinnt uirlisí comhghníomhaíochtaí nua i gclár FISCUS:

· Déanfaidh grúpaí stiúrtha gníomhaíochtaí a bhaineann le comhordú agus beidh siad comhdhéanta, de ghnáth, de gach tír rannpháirteach ar mian léi bheith páirteach ann. (Is gné nua é seo i gcás cánachais amháin.) Ní hionann grúpaí stiúrtha agus grúpaí tionscadal; bíonn grúpaí tionscadal comhdhéanta de líon teoranta tíortha, agus bíonn siad ag oibriú ar feadh tréimhse teoranta ama chun cuspóir réamhshainithe, a bhfuil toradh mionsainithe ag gabháil leis, a shaothrú;

· Is éard atá i bhfoirne saineolaithe foirmeacha struchtúrtha le dul i mbun comhair, le saineolas a chomhthiomsú saineolas agus/nó le dul i gceann gníomhaíochtaí oibríochtúla sonracha. D'fhéadfaí foirne buana nó neamhbhuana a bhunú agus d'fhéadfaidís, b'fhéidir, tacaíocht a fháil, ar nós seirbhísí comhoibrithe ar líne, cúnamh riaracháin, agus saoráidí infreastruchtúir agus trealaimh chun buntaca a thabhairt chun go bhféadfar gníomhaíochtaí a chur i gcrích agus chun go n-éireoidh leis na ngníomhaíochtaí sin.

· Beidh gníomhaíochtaí atá ceaptha acmhainn riarachán poiblí a mhéadú ina gcuidiú ag údaráis chustaim agus chánach a bhfuil deacrachtaí ar leith acu, e.g. easpa eolais, easpa saineolais, easnamh eagraíochtúil nó easnamh de chineál ar bith eile is féidir a shárú le gníomhaíochtaí tacaíochta saincheaptha ó Bhallstáit eile nó ó oifigigh de chuid an Choimisiúin.

· Maidir leis na córais Eorpacha Faisnéise, sainítear 'comhpháirteanna de chuid an Aontais' sa chlár nua mar acmhainní teicneolaíochta faisnéise a bhaineann leis na Ballstáit go léir nó le roinnt acu agus ar leis an gCoimisiún iad. Tá tuairisc ar na comhpháirteanna sin in Iarscríbhinn 2, pointe 4, den ghníomh dlí atá beartaithe. Is éard is 'comhpháirteanna náisiúnta' ann na comhpháirteanna go léir nach 'comhpháirteanna de chuid an Aontais' iad. Is iad na Ballstáit a dhéanann iad a fhorbairt, a shuiteáil agus a oibriú, agus, dá bhrí sin, tá siad faoi réir mhaoiniú agus freagracht na mBallstát.

Ba cheart an sainiú nua atá tugtha ar chomhpháirteanna de chuid an Aontais a thuiscint i bhfianaise cleachtais nua atá tagtha chun cinn i bhforbairt córas teicneolaíochta faisnéise. I láthair na huaire tá gach Ballstát freagrach as cur chun feidhme a gcóras náisiúnta de réir sonraíochtaí comónta, rud a bhfuil mar thoradh air go bhfuil 27 cineál ar leith forbartha ann, 27 comhéadan do thrádálaithe, 27 sceideal forbartha, 27 cineál ar leith deacrachta oibríochtúil nó tionscadail. Measann an Coimisiún, as los na géarchéime airgeadais go háirithe, gur cheart tabhairt faoi fhorbairt córas faisnéise teicneolaíochta ar bhealach níos éifeachtúla, mar shampla méadú ar acmhainní lárnacha agus ar rannpháirteachas na mBallstát i gcomhthionscadail.

Is éard is aidhm don simpliú laghdú ar na costais ghinearálta a bhaineann le teicneolaíocht faisnéise agus feabhas a chur ar chomhsheasmhacht sonraí agus cur chun feidhme rialacha trí theicneolaíocht faisnéise (eolas, sonraí, comhpháirteanna ríomhaireachta) a fhorbairt i gcomhpháirt níos minice. Fágfaidh sé sin go bhféadfar feabhas a chur ar mhodhanna oibre, de bharr samhaltú próiseas gnó agus sonraíochtaí de chaighdeán níos fearr, cuir i gcás, ach ina cheann sin tiocfaidh níos mó caighdeánaithe as, e.g. comhchuibhiú na gcomhéadan a úsáideann trádálaithe. An cur chuige nua níos mó úsáide a bhaint as comhpháirteanna de chuid an Aontais, cuirfidh sé srian ar an mbaol go mbeidh pleananna forbartha agus úsáide ann nach bhfuil ag teacht le chéile. Tá slite breise ann freisin chun cur i gcrích an tionscadail a stiúradh, is é sin le rá go bhfuil pleananna comónta ann atá ceaptha féachaint chuige nach bhféadfaidh an ball is moille sa slabhra forbartha moill a chur ar theacht i bhfeidhm an tionscadail ina iomláine. Beidh níos mó saintacaíochta agus ball foirne de dhíth ar an gCoimisiún chun an fhreagracht níos mó atá air a chomhlíonadh.

5.1.3. Caibidil IV: Cur chun feidhme

Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. As a los sin, glacfar clár oibre bliantúil i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le sásraí maidir leis na Ballstáit rialú a dhéanamh ar fheidhmiú chumhachtaí chur chun feidhme an Choimisiúin[8].

5.2. Simpliú 5.2.1. Cén chaoi ar chuir an togra le simpliú?

(a) Comhsheasmhacht leis an Rialachán Airgeadais

Tá an clár atá beartaithe i lánchomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus lena fhorálacha cur chun feidhme. Deontais agus soláthar na príomhionstraimí airgeadais a úsáidtear chun an clár a chur chun feidhme. Tá ionchorpraithe sa chlár na bearta simpliúcháin a mholtar i dtogra an Choimisiúin maidir le hathbhreithniú ar an rialachán airgeadais, go háirithe dul i muinín cnapshuimeanna, rátaí comhréidh agus costais aonaid. I ngeall ar an tábhacht atá ag próiseáil costas cothaithe agus taistil a íoctar faoin gclár, tógfaidh an clár isteach bearta simpliúcháin a chuireann an Rialachán nua Airgeadais ar fáil sa réimse seo.

(b) Comhsheasmhacht idir Custaim 2013 agus clár Fiscalis 2013.

Rinneadh bainistiú chláir Custaim agus chláir Fiscalis a bhí ann roimhe seo a chur i lán‑chomhthreo le chéile trí bhíthin rialacha soláthair agus samhlacha deontas comhionanna a úsáid, mar aon le treoracha bainistíochta agus córais ríomhaireachta chomónta. Tá nósanna imeachta simplí ina gcuid den tsamhail bhainistíochta maidir le gníomhaíochtaí an chláir a eagrú. Tá de chúnamh ag foireann clárbhainistíochta an Choimisiúin foirne clárbhainistíochta na riarachán éagsúil custaim agus cánach, foirne a bhfuil ról áisitheora agus chéad phointe teagmhála acu d'oifigigh chustaim agus chánach, faoi seach, sna Ballstáit. De bharr na samhla bainistíochta is féidir tús a chur le gníomhaíochta laistigh d'achar gearr, cúpla seachtain ar an gceann is faide de, agus dul i ngleic le riachtanais nua a thagann chun cinn, agus san am céanna gan an comhleanúnachas atá idir na gníomhaíochtaí éagsúla a chur ar ceal. Chuir na Ballstáit in iúl sa mheastóireacht[9] lár téarma go bhfuil siad sásta le samhail bhainistíochta an chláir. I ngeall ar chlár Custaim agus clár Fiscal bheith i neas-chomhthreo le chéile cheana, agus i ngeall ar bheartas an Choimisiúin maidir le simpliú, cinneadh ar aon chlár amháin a mholadh (FISCUS) faoi chuimsiú chreat airgeadais ilbhliantúil 2014–2020.

(c) Ar cuireadh seachtrú san áireamh sa chlár?

Breithníodh an fhéidearthacht an clár todhchaí a chur chun feidhme trí ghníomhaireacht fheidhmiúcháin. Ba cheart cumhacht a thabhairt do ghníomhaireacht tascanna a chur i gcrích amhail roghnú na ngníomhaíochtaí faoi chuimsiú an chláir, an réamhobair riaracháin do na gníomhaíochtaí agus an obair leantach ina ndiaidh a dhéanamh, faireachán a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí, deontais, agus soláthar córas faisnéise teicneolaíochta. Ach is amhlaidh gur sraith eile sa struchtúr riaracháin a bheadh i ngníomhaireacht feidhmiúcháin dá leithéid a mhéadódh an costas atá ar chomhordú agus ar sheiceálacha agus a chuirfeadh le castacht agus le fad an phróisis chinnteoireachta i ngeall ar na nósanna imeachta nua riaracháin a thiocfadh as. Ina theannta sin, d'imreodh sé drochthionchar ar leibhéal saineolais an Choimisiúin agus mhéadódh sé an baol go mbeadh deighilt idir inneachar an chláir agus gnéithe riaracháin an chláir. Ní thiocfadh na sochair ghnó a bhfuiltear ag súil leo as an Rogha seo agus, dá bhrí sin, cuireadh as an áireamh í.

Rogha mhalartach ab ea na gníomhaíochtaí uile teicneolaíochta faisnéise ábhartha a aistriú chuig na riaracháin náisiúnta, amach ó líonra CCN/CSI agus a sheirbhísí gaolmhara. Bheadh baol mór sa chás sin go dtiocfadh chun cinn, i leaba a chéile, gá le struchtúir rialachais níos lárnaí agus go gcuirfí tús le tionscnaimh chuige sin. Cuireadh an Rogha sin as an áireamh freisin i ngeall ar an drochthionchar a bheadh aici ar thorthaí agus ar fheidmíocht.

(d) An mbaintear úsáid sa chlár as uirlisí comónta teicneolaíochta faisnéise chun an t-ualach riaracháin ar thairbhithe agus ar chonraitheoirí a laghdú?

Tá uirlisí in úsáid cheana i glár Chustam 2013 agus i gclár Fiscalis 2013 a éascaíonn bainistiú deontas trí uirlis Tuairiscithe Gníomhaíochtaí.

5.2.2. Feidhmíocht an togra a thomhas

Déanfar feidhmíocht an chláir a thomhas trí úsáid a bhaint as sraith chomhleanúnach táscairí feidhmíochta, iarmharta, torthaí agus táirgeachta a bheidh nasctha le cuspóirí ginearálta, sonracha agus oibríochtúla an chláir agus trí nasc a dhéanamh le Plean Bainistíochta an Choimisiúin. Tá an liosta mionsonraithe de na táscairí iarmharta, torthaí agus táirgeachta ar fáil i Measúnuithe Tionchair na gclár ábhartha. Tá spriocanna sainaitheanta ag an gCoimisiún i gcás roinnt cuspóirí oibríochtúla de chuid an chláir; sainaithneofar roinnt eile acu le gníomhaíochtaí a dhéanfar faoi chuimsiú na gclár atá ann faoi láthair. Déanfaidh an Coimisiún spriocanna gach cuspóra oibríochtúil a shainaithint roimh thús chlár 2020 agus iad a chur faoi bhráid an Choiste Chláir lena bhformhuiniú faoi chuimsiú nós imeachta an Chláir Oibre Bhliantúil.

5.2.3. An bhfuil an clár atá beartaithe ag teacht le beartas ginearálta an Choimisiúin?

Rannchuideoidh an clár le cuspóirí straitéis 'Eoraip 2020' trí bhíthin an Margadh Aonair a neartú, táirgiúlacht na hearnála poiblí a fheabhsú agus dul chun chinn agus nuálaíocht theicniúil a choinneáil ag gabháil i riaracháin agus trí bhíthin fostaíocht a chur chun cinn. Cuideoidh sé le tionscadail suaitheanta na nithe seo a leanas: an Clár Digiteach don Eoraip[10], an tAontas Nuálaíochta[11], an Clár Oibre do Scileanna nua agus do Phoist[12], agus an Beartas Tionsclaíoch do Ré an Domhandaithe[13]. Tacóidh an clár leis an nGníomh um an Margadh Aonair[14] freisin, agus cuirfidh sé chun cinn fás agus nuálaíocht trí chearta maoine intleachtúla a neartú ag teorannacha i gcomhréir leis an straitéis chuimsitheach nua maidir leis na cearta sin[15]. Maidir le leasanna airgeadais an Aontais agus na mBallstát a chosaint, rannchuideoidh an clár le bailiú dleachtanna agus táillí agus cánacha éagsúla ar thrádáil, agus le hiarrachtaí comhpháirteacha an chalaois a chomhrac. Eite oibríochtúil de bheartas trádála an AE é an tAontas Custaim, da bhrí sin beidh an clár ina chuidiú comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha a chur chun feidhme, dleachtanna a bhailiú, agus bearta trádála (e.g. rialacha maidir le tionscnamh), trádbhaic agus srianta eile a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le straitéis trádála an AE[16]. Ar na mallaibh, tugadh ról cosanta comhshaoil do na húdaráis chustaim; baineann sé sin, inter alia, le honnmhairiú mídhleathach dramhaíola, ceimiceáin, substaintí a ídíonn ózón, lománaíocht neamhdhleathach, agus Coinbhinsiún CITES. Ar deireadh, tá ag dul i méadaíocht an neartú a dhéanann gníomhaíochtaí custaim agus an comhar idir údaráis chustaim, póilíní agus údaráis eile forfheidhmiúcháin ar shlándáil inmheánach an AE, mar atá léirithe i bplean gníomhaíochta na Straitéise Slándála Inmheánaí[17] agus i gClár Gníomhaíochta Chlár Stócólm[18].

2011/0341 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear clár gníomhaíochta um chustam agus cánachas san Aontas Eorpach don tréimhse 2014–2020 (FISCUS) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE agus Cinneadh Uimh. 624/2007/CE

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 33 agus 114 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[19],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Tá éascaíocht mhór déanta ag na cláir ghníomhaíochta ilbhliantúla um chustam agus cánachas is infheidhme roimh 2014 do chomhar idir údaráis chustaim agus chánach laistigh den Aontas agus tá feabhas mór curtha acu ar an gcomhar sin. Is iomchuí a áirithiú, dá bhrí sin, go leanfar de na cláir sin trí bhíthin clár nua a bhunú sa réimse céanna.

(2) I bhfianaise na sineirgí atá ann idir na cláir is infheidhme roimh 2014 agus i gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin líon na gclár atá leagtha síos in 'Buiséad don Straitéis 'Eoraip 2020'"[20], ba cheart aon chlár amháin a chur in ionad na gclár um chomhar custaim agus cánachais. Ina theannta sin, má bhunaítear aon chlár amháin méadóidh ar shimpliú agus ar chomhleanúnachas ach ní chuirfear ó mhaith an fhéidearthacht gníomhaíochtaí a bhunú do réimsí leithleacha an chustaim agus an chánachais.

(3) Maidir le gníomhaíochtaí an chláir, mar atá na Córais Eorpacha Faisnéise, na gníomhaíochtaí comhpháirteacha le haghaidh oifigeach custaim agus cánachais agus na tionscnaimh chomhoiliúna, meastar go mbeidh siad ina gcuidiú leis an straitéis 'Eoraip 2020' maidir le fás cliste inbhuanaithe uileghabhálach[21] a chur i gcrích. Ó tharla go mbeidh an clár ina chreat ag gníomhaíochtaí atá ceaptha údaráis chustaim agus chánachais a dhéanamh níos éifeachtaí, iomaíochas gnólachtaí a neartú, fostaíocht a chur chun cinn agus cuidiú le leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais a chosaint, neartóidh sé feidhmiú an Aontais Chustaim agus an mhargaidh inmheánaigh.

(4) Ba cheart an chuid den chlár a bhaineann le cánachas a chur i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana agus le reachtaíocht atá ar na bacáin ionas go bhféadfar gníomhaíochta tacaíochta a dhéanamh i leith cánacha agus reachtaíocht nua de chuid an Aontais a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Chun críocha an Chláir, níor cheart do chánachas gan ach na nithe seo chumhdach: cáin bhreisluacha dá bhforáiltear le Treoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha[22]; dleachtanna máil ar alcól dá bhforáiltear le Treoir 92/83/CEE an 19 Deireadh Fómhair 1992 maidir le struchtúir na ndleachtanna máil ar alcól agus ar dheochanna alcólacha a chomhchuibhiú[23]; dleachtanna ar tháirgí tobac dá bhforáiltear le Treoir 2001/64/AE ón gComhairle an 21 Meitheamh 2011 maidir le struchtúr agus rátaí dleachta máil atá i bhfeidhm i ndáil le tobac monaraithe[24]; dleachtanna ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas dá bhforáiltear le Treoir 2003/96/CE an 27 Deireadh Fómhair 2003 ag athstruchtúrú an chreata Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas[25], ba cheart go gcumhdódh sí freisin gach cáin eile a thagann faoi raon feidhme reachtaíocht chánachais an Aontais de réir bhrí Threoir 2010/24/AE an 16 Márta 2010 ón gComhairle maidir le cúnamh frithpháirteach chun éilimh a bhaineann le cánacha, dleachtanna agus bearta eile a ghnóthú [26].

(5) D'fhonn próiseas aontachais agus comhlachais a éascú do thríú tíortha, féadfaidh a bheith páirteach sa Chlár tíortha aontacha agus tíortha is iarrthóirí, mar aon le hiarrthóirí ionchasacha agus tíortha comhpháirtíochta de Bheartas Comharsanachta na hEorpa[27] ar chuntar go gcomhlíonann siad coinníollacha áirithe. Ina theannta sin, ós rud é go bhfuil codanna éagsúla an gheilleagair domhanda á gcomhshaidhmeadh le chéile diaidh ar ndiaidh, is fiú foráil a dhéanamh maidir le saineolaithe seachtracha a bheith páirteach freisin, saineolaithe amhail oifigigh de chuid tríú tíortha, ionadaithe eagraíochtaí idirnáisiúnta nó oibreoirí eacnamaíocha i gcás gníomhaíochtaí áirithe.

(6) I bhfianaise na bhfadhbanna agus na dúshláin atá i ndán don tréimhse deich mbliana amach romhainn, ba cheart cuspóirí na gcláir is infheidhme roimh 2014 a choigeartú. Ba cheart ról a bheith ag an gclár a bhunófar leis an Rialachán seo i réimsí sár‑riachtanacha amhail cur i bhfeidhm comhleanúnach dhlí an Aontais, leasanna airgeadais agus eacnamaíocha a chosaint, cúrsaí sábháilteachta agus slándála a chosaint agus acmhainn riaracháin na n-údarás custaim agus cánach a mhéadú. Mar sin féin, i ngeall ar na cineál fadhbanna a bhaineann leis na dúshláin atá amach romhainn, ba cheart béim bhreise a chur ar chalaois a chomhrac, ar an t‑ualach riaracháin a laghdú agus ar thrádáil a éascú.

(7) Tá sé léirithe go bhfuil na huirlisí a úsáideadh faoi na cláir is infheidhme roimh 2014 leordhóthanach agus, dá bhrí sin, coinníodh iad. Mar sin féin, i bhfianaise an ghá atá le huirlisí lena bhféadfar comhar oibríochtúil níos struchtúrtha a dhéanamh, cuireadh uirlisí breise isteach amhail foirne saineolaithe atá comhdhéanta d'ionadaithe de chuid an Aontais agus saineolaithe náisiúnta a chuirfidh tascanna i gcrích i gcomhpháirtíocht i réimsí áirithe. Lena chois sin, i bhfianaise cortha nua sa scéal, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le gníomhaíochtaí a bhunú faoin gclár a bheadh ina gcuidiú acmhainn riaracháin a mhéadú d'fhonn cuidiú speisialaithe a sholáthar do thíortha atá ina ghátar.

(8) Tá ról sár-riachtanach ag na Córais Eorpacha Faisnéise ó thaobh córas custaim agus cánachais san Aontas a neartú agus ba cheart, dá bhrí sin, leanúint de bheith á maoiniú faoin gclár. Ina cheann sin, ba cheart go bhféadfaí córais nua custaim agus faisnéise cánach atá bunaithe faoi reachtaíocht an Aontais a chur leis an gclár. Ba cheart na córais sin a bheith bunaithe ar shamhlacha forbraíochta comhroinnte agus ar infreastruchtúr teicneolaíochta faisnéise nua-aimseartha d'fhonn solúbthacht agus éifeachtúlacht údarás custaim agus cánach a mhéadú.

(9) Ba cheart, leis, cur le scileanna daoine trí bhíthin oiliúint chomónta a dhéanamh faoin gclár. Caithfidh oifigigh chustaim agus chánach a gcuid eolais agus scileanna a mhéadú chun riachtanais an Aontais a chomhlíonadh. Ba cheart ról lárnach a bheith ag an gclár i méadú scileanna daoine ar bhealach éifeachtach trí thacaíocht a thabhairt chun oiliúint níos fearr a chur ar oifigigh chustaim agus chánach agus ar oibreoirí eacnamaíocha. Chun na críche sin, ba cheart clár tacaíochta ilghnéitheach um oiliúint chánach a chur in ionad na hoiliúna comónta ríomhfhoghlama a chuireann an tAontas ar fáil faoi láthair.

(10) Ba cheart don clár tréimhse seacht mbliana a chumhdach chun go mbeidh a fhad ailínithe le fad an chreata airgeadais ilbhliantúil atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. xxx an xxx lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014-2020[28].

(11) Ó thús deireadh an chláir, ba cheart clúdach airgeadais a leagan síos a bheidh ina phríomhthagairt, de réir bhrí phointe [17] den Chomaontú Idirinstitiúideach an XX/YY/201Z idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le comhar i gcúrsaí buiséid agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, ag an údarás buiséid le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(12) I gcomhréir le gealltanas an Choimisiúin a leagadh amach ina Theachtaireacht maidir le hAthbhreithniú Buiséid 2010[29] cláir mhaoiniúcháin a dhéanamh níos comhleanúnaí agus níos simplí, ba cheart acmhainní a roinnt le hionstraimí eile maoiniúcháin de chuid an Aontais más ionann na spriocanna atá á saothrú ag gníomhaíochtaí an chláir atá beartaithe agus spriocanna roinnt ionstraimí maoiniúcháin eile, gan maoiniú dúbailte a chur san áireamh. Ba cheart go n-áiritheodh na gníomhaíochtaí a dhéanfar faoin gclár seo comhleanúnachas ó thaobh na n-acmhainní a úsáideann an tAontas chun tacú le feidhmiú an Aontais Chustaim.

(13) Glacfar na bearta is gá chun gnéithe airgeadais an Rialacháin seo a chur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. xxx/20xx ón gComhairle an xxx maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach, agus i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. xxx/20xx ón gCoimisiún an xxx lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE, Euratom) Uimh. xxx/20xx ón gComhairle an xxx (tá na tagairtí don Rialachán Airgeadais nua agus don ghníomh cur chun feidhme le cur isteach).

(14) Ba cheart leasanna airgeadais an Aontais a chosaint le bearta comhréireacha ar feadh an timthrialla caiteachais, lena n-áirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath agus a imscrúdú, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, nuair is iomchuí, pionóis a chur i bhfeidhm.

(15) Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú do chur chun feidhme an Rialacháin ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le meicníochtaí le haghaidh rialú na mBallstát ar fheidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[30].

(16) Maidir leis na Ballstáit nach bhfuil in ann an comhar agus an comhordú is gá a dhéanamh go héifeachtúil chun an clár a chur i gcrích, ó tharla nach féidir leo cuspóirí na gníomhaíochta atá beartaithe, eadhon clár ilbhliantúil a bhunú chun feabhas a chur ar oibriú córas cánach sa mhargadh inmheánach agus ar fheidhmiú an Aontais Chustaim, a bhaint amach go leordhóthanach, agus gur fearr is féidir, i ngeall ar éifeachtaí an chláir, iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, arna leagan amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(17) Ba cheart a bheith de chúnamh ag an gCoimisiún Coiste FISCUS um chur chun feidhme an chláir. Is leis na cláir oibre bhliantúla a bhaineann príomhinniúlacht an Choiste sin.

(18) Ba cheart an Rialachán seo a chur in ionad Chinneadh Uimh. 1482/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2007 lena mbunaítear clár Comhphobail chun feabhas a chur ar oibriú córas cánachais sa mhargadh inmheánach (Fiscalis 2013) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 225/2002/CE[31] agus Chinneadh Uimh. 624/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena mbunaítear clár gníomhaíochta do chustaim sa Chomhphobal (Custam 2013)[32]. Ba cheart, dá bhrí sin, na Cinntí sin a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I Forálacha ginearálta

Airteagal 1 Ábhar

1. Bunaítear clár ilbhliantúil 'FISCUS' ('an clár') leis seo chun feabhas a chur ar oibriú córas cánachais sa mhargadh inmheánach agus ar fheidhmiú an Aontais Chustaim.

2. Beidh an clár comhdhéanta de chuid a bhaineann le cúrsaí custaim agus cuid a bhaineann le cúrsaí cánachais.

3. Cumhdóidh an clár an tréimhse idir an 1 Eanáir 2014 agus an 31 Nollaig 2020.

Airteagal 2 Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a) ciallaíonn 'údaráis chustaim nó chánach' na húdaráis atá freagrach as rialacha maidir le custam nó cánachas a chur i bhfeidhm;

(b) ciallaíonn 'saineolaithe seachtracha':

(1) ionadaithe de chuid údarás rialtasach, lena n-áirítear údaráis rialtasacha de chuid tíortha nach nglacann páirt sa chlár de réir Airteagal 3(1) agus 3(2),

(2) oibreoirí eacnamaíocha agus eagraíochtaí na n-oibreoirí sin,

(3) ionadaithe de chuid eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí ábhartha eile;

(c) ciallaíonn 'cánachas' na cánacha seo a leanas:

(1) cáin bhreisluacha dá bhforáiltear i dTreoir 2006/112/CE

(2) dleachtanna máil ar alcól dá bhforáiltear i dTreoir 92/83/CEE

(3) dleachtanna máil ar tháirgí tobac dá bhforáiltear i dTreoir 2011/64/AE

(4) cánacha ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas dá bhforáiltear i dTreoir 2003/96/CE

(5) Gach cáin eile a thagann faoi raon feidhme Airteagal 2(1)(a) de Threoir 2010/24/AE.

Airteagal 3 Rannpháirteachas sa chlár

1. Is éard a bheidh sna tíortha rannpháirteacha na Ballstáit agus na tíortha dá dtagraítear i mír 2 ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha atá leagtha amach i mír 2 agus i mír 3.

2. Féadfaidh aon cheann de na tíortha seo a leanas a bheith páirteach sa chlár:

(a)     tíortha aontacha, tíortha iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha atá ag tairbhiú de straitéis réamhaontachais, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus leis na téarmaí agus coinníollacha ginearálta maidir le rannpháirteachas na dtíortha sin i gcláir de chuid an Aontais arna mbunú sna creatchomhaontuithe lena mbaineann, sna chinntí lena mbaineann ó Chomhairlí Comhlachais nó i gcomhaontuithe eile comhchosúla.

(b)     tíortha comhpháirtíochta de Bheartas Comharsanachta na hEorpa, ar choinníoll go bhfuil leibhéal ard go leor comhfhogasaithe bainte amach acu i dtaca le reachtaíocht agus modhanna riaracháin ábhartha an Aontais. Glacfaidh na tíortha comhpháirtíochta lena mbaineann páirt sa chlár i gcomhréir leis na forálacha a chinnfear in éindí leis na tíortha sin tar éis bhunú na gcreatchomhaontuithe maidir lena rannpháirtíocht i gcláir de chuid an Aontais.

3. Féadfaidh saineolaithe seachtracha páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí a reáchtálfar faoin gclár aon uair atá sé sin úsáideach chun na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagail 4 agus 5 a bhaint amach. Is ar bhonn scileanna, taithí agus eolais atá ábhartha do na gníomhaíochtaí i gceist a roghnófar na saineolaithe sin.

Airteagal 4 An cuspóir ginearálta

Is éard is aidhm ginearálta an chláir tacú le feidhmiú an Aontais Chustaim agus an margadh inmheánach a neartú trí bhíthin feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánach trí chomhar a chur ar bun idir na tíortha rannpháirteacha, údaráis chustaim agus chánach na dtíortha sin, a gcuid oifigeach agus saineolaithe seachtracha.

Tomhaisfear an cuspóir sin leis an táscaire seo a leanas, inter alia: an forás a thagann ar dhearcadh gheallsealbhóirí an chláir i leith rannchuidiú an chláir le feidhmiú an Aontais Chustaim agus le neartú an mhargaidh inmheánaigh.

Airteagal 5 Cuspóirí sonracha

1. Seo a leanas cuspóirí sonracha an chláir:

(a) tacú le hullmhú, cur i bhfeidhm comhleanúnach agus cur chun feidhme éifeachtach dhlí an Aontais i réimse an chustaim agus i réimse an chánachais;

(b) rannchuidiú le feidhmiú éifeachtúil na n‑údarás custaim agus cánachais trína n‑acmhainn riaracháin a fheabhsú agus tríd an ualach riaracháin atá orthu a laghdú;

(c) calaois agus imghabháil cánach a chosc agus feabhas a chur ar chúrsaí iomaíochais, sábháilteachta agus slándála trí fheabhas a chur ar an gcomhar a bhíonn ar bun le heagraíochtaí idirnáisiúnta, údaráis eile rialtasacha, tríú tíortha, oibreoirí eacnamaíocha agus eagraíochtaí na n-oibreoirí sin;

(d) iomaíochas gnólachtaí Eorpacha a neartú trí thrádáil a éascú agus trí chostais chomhlíonta a laghdú;

(e) leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát a chosaint trí chomhrac a chur ar chalaois agus imghabháil cánach;

(f) maidir le cúrsaí custaim: tacú leis na húdaráis chustaim sábháilteacht agus slándáil na saoránach agus an gheilleagair a chosaint, agus tacú leo an comhshaol a chosaint.

2. Tomhaisfear gach ceann de na cuspóirí sin le táscaire a bheidh bunaithe ar dhearcadh gheallsealbhóirí an chláir i leith rannchuidiú an chláir le feidhmiú an Aontais Chustaim agus le neartú an mhargaidh inmheánaigh.

Caibidil II Gníomhaíochtaí cáilithe

Airteagal 6 Gníomhaíochtaí cáilithe

Soláthróidh an clár, faoi na coinníollacha atá leagtha amach sa chlár oibre bliantúil dá dtagraítear in Airteagal 13, tacaíocht airgeadais do na cineálacha seo a leanas gníomhaíochta:

(a) Gníomhaíochtaí comhpháirteacha comónta a bhaineann le comhar agus comhordú oibríochtúil:

(1) seimineáir agus ceardlanna;

(2) grúpaí stiúrtha chun na gníomhaíochtaí a thagann faoina raon feidhme a stiúradh agus a chomhordú;

(3) grúpaí tionscadal, comhdhéanta de líon teoranta tíortha, a bheidh ag oibriú ar feadh tréimhse teoranta ama chun cuspóir réamhshainithe, a bhfuil toradh mionsainithe ag gabháil leis, a shaothrú;

(4) turais oibre arna reáchtáil ag na tíortha rannpháirteacha nó ag tríú tír chun cur ar a gcumas d'oifigigh a gcuid saineolais nó tuisceana ar chúrsaí custaim agus cánachais a leathnú, nó chun an saineolas nó an tuiscint sin a shealbhú; i gcás turas oibre arna reáchtáil ag tríú tíortha ní bheidh incháilithe faoin gclár ach costais taistil agus cothaithe (lóistín agus liúntas laethúil);

(5) foirne saineolaithe, ar saghsanna comhoibrithe struchtúrtha iad, de chineál buan nó neamhbhuan, a chomhthiomsaíonn a gcuid saineolais chun tascanna i réimsí sonracha nó gníomhaíochtaí oibríochtúla a dhéanamh agus a bhfuil, b'fhéidir, seirbhísí tacaíochta ar líne, cúnamh riaracháin agus saoráidí infreastruchtúir agus trealaimh acu;

(6) méadú ar acmhainn riarachán poiblí agus gníomhaíochtaí chun tacú leis sin;

(7) staidéir;

(8) tionscadail chumarsáide;

(9) aon ghníomhaíocht eile a thacaíonn leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha atá leagtha amach in Airteagail 4 agus 5.

(b) Gníomhaíochtaí comhpháirteacha sonracha sa chuid den chlár a bhaineann le cúrsaí custaim, lena n‑áirítear gníomhaíochtaí faireacháin arna ndéanamh ag comhfhoirne atá comhdhéanta d'ionadaithe de chuid an Choimisiúin agus oifigigh de chuid na dtíortha rannpháirteacha chun anailís a dhéanamh ar chleachtais chustaim, chun aon deacrachtaí a bhaineann le rialacha cur chun feidhme a shainaithint, agus, nuair is iomchuí, chun moltaí a dhéanamh maidir le hoiriúnú a dhéanamh ar rialacha agus ar mhodhanna oibre an Aontais.

(c) Gníomhaíochtaí comhpháirteacha sonracha sa chuid den chlár a bhaineann le cúrsaí chánachais, lena n-áirítear rialuithe iltaobhacha arna n-eagrú ag dhá thír rannpháirteacha nó níos mó, lena n-áirítear ar a laghad aon Bhallstát amháin, chun rialú comhordaithe a dhéanamh ar dhliteanas cánach ar dhuine amháin incháinithe nó níos mó.

(d) Acmhainn córas teicneolaíochta faisnéise a mhéadú, is é sin le rá forbairt, cothabháil, oibriú agus rialú cáilíochta a dhéanamh ar chomhpháirteanna an Aontais, arna leagan amach in Iarscríbhinn II, de na córais seo a leanas:

(1) Córais Eorpacha Faisnéise atá leagtha amach i bpointí 1, 2, agus 3 d'Iarscríbhinn II agus

(2) Córais Eorpacha Faisnéise nua arna mbunú faoi reachtaíocht an Aontais

(e) Scileanna daoine a fheabhsú: gníomhaíochtaí oiliúna comónta a dhéanamh chun na scileanna gairmiúla agus an t-eolas riachtanach ar chúrsaí custaim agus cánachais a neartú.

Airteagal 7 Forálacha sonracha cur chun feidhme maidir le gníomhaíochtaí comhpháirteacha

1. Áiritheoidh na tíortha rannpháirteacha gur oifigigh a bhfuil an phróifíl agus na cáilíochtaí oiriúnacha acu a cheapfar le bheith páirteach sna gníomhaíochtaí comhpháirteacha.

2. Déanfaidh na tíortha rannpháirteacha na bearta is gá chun na gníomhaíochtaí comhpháirteacha a chur chun feidhme, go háirithe trí bhíthin feasacht a ardú i measc údarás custaim nó cánach a dtíre féin maidir leis na gníomhaíochtaí sin agus trí bhíthin féachaint chuige go mbainfear an úsáid is fearr is féidir as na torthaí a bhaintear amach.

Airteagal 8 Forálacha cur chun feidhme sonracha maidir leis na Córais Eorpacha Faisnéise

1. Áiritheoidh an Coimisiún agus na tíortha rannpháirteacha go ndéanfar na Córais Eorpacha faisnéise dá dtagraítear i bpointí 1, 2, agus 3 d'Iarscríbhinn II a fhorbairt, a oibriú agus a chothabháil mar is iomchuí.

2. I gcomhar leis na tíortha rannpháirteacha, comhordóidh an Coimisiún na gnéithe a bhaineann le bunú agus feidhmiú na gcomhpháirteanna ar leis an Aontas iad, agus na compháirteanna nach leis an Aontas iad, de na córais agus den infreastruchtúr dá dtagraítear i bpointí 1, 2 agus 3 d'Iarscríbhinn II a bhfuil gá leo d'fhonn a áirithiú go bhfuil siad ag oibriú, go bhfuil siad idirnasctha agus go mbítear ag cur feabhais orthu i dtólamh.

Airteagal 9 Forálacha cur chun feidhme sonracha maidir le hoiliúint chomónta

1. Déanfaidh na tíortha rannpháirteacha ábhar oiliúna a forbraíodh i gcomhpháirt, lena n-áirítear modúil foghlama, cláir agus caighdeáin oiliúna ar comhaontaíodh orthu, déanfaidh siad iad a ionchorprú ina gcuid clár oiliúna náisiúnta.

2. Áiritheoidh na tíortha rannpháirteacha go gcuirfear ar a gcuid oifigeach an oiliúint tosaigh is gá chun scileanna comónta gairmiúla agus eolas a shealbhú i gcomhréir leis na cláir oiliúna.

3. Cuirfidh na tíortha rannpháirteacha an oiliúint teanga is gá ar a gcuid oifigeach chun go bhféadfaidh siad leibhéal cumais a bhaint amach atá leordhóthanach le páirt a ghlacadh sa chlár.

Caibidil III Creat Airgeadais

Airteagal 10 Creat Airgeadais

1. Is é EUR 777.600.000 (i bpraghsanna reatha) an clúdach airgeadais chun an Clár a chur chun feidhme.

2. Sa leithdháileadh airgeadais don Chlár féadtar a chumhdach freisin speansais a bhaineann le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchta agus meastóireachta a cheanglaítear chun an Clár a bhainistiú agus chun a chuspóirí a bhaint amach; go háirithe, staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, lena n‑áirítear cumarsáid chorpartha thosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh a mhéid is a bhaineann siad le cuspóirí ginearálta an Rialacháin seo, speansais a bhaineann le gréasáin TF a dhíríonn ar fhaisnéis a phróiseáil agus a mhalartú, mar aon leis na speansais do chúnamh teicniúil agus riaracháin arna dtabhú ag an gCoimisiún i mbainistiú an Chláir.

Airteagal 11 Cineálacha idirghabhála

1. Is é an Coimisiún a chuirfidh an Clár chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

2. Beidh tacaíocht airgeadais an Aontais do na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 6 sna foirmeacha seo a leanas:

(a) deontais;

(b) conarthaí soláthair phoiblí;

(c) aisíocaíocht costas arna dtabhú ag saineolaithe seachtracha dá dtagraítear in Airteagal 3(3).

3. Beidh an ráta cómhaoinithe le haghaidh deontas suas le 100 % de na costais incháilithe i gcás inar costais taistil agus chóiríochta, costais atá nasctha le himeachtaí agus liúntais laethúla iad na costais sin. Beidh feidhm ag an ráta sin maidir le gach gníomhaíocht incháilithe cé is moite d'fhoirne saineolaithe. I gcás na catagóra seo gníomhaíochtaí incháilithe, sonrófar sna cláir oibre bhliantúla an ráta cómhaoinithe is infheidhme nuair a éileoidh na gníomhaíochtaí seo go mbronnfar deontais.

Airteagal 12 Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint

1. Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena n‑áiritheofar, nuair a chuirfear na gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin Rialachán seo chur feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm in aghaidh calaoise, éillithe agus aon ghníomhaíochtaí mídhleathacha eile, trí sheiceálacha éifeachtacha agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí na méideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inar iomchuí, trí phionóis éifeachtacha, comhréireacha agus díspreagthacha.

2. Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn doiciméad agus seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, ar na tairbhithe deontas, na conraitheoirí agus fo‑chonraitheoirí go léir a fuair cistí ón Aontas.

3. Féadfaidh an Oifig Eorpach Frithchalaoise (OLAF) seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann an cistiú sin go díreach nó go hindíreach i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha síos i Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint in aghaidh calaoise agus neamhrialtachtaí eile d'fhonn a shuí cibé an raibh calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht mhífhleathach eile[33] ann a d'imreodh tionchar ar leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh i dtaca le comhaontú deontais nó cinneadh deontais nó conradh maidir le maoiniú ón Aontas.

4. Gan dochar do mhíreanna 1, 2 agus 3, trí bhíthin Comhaontuithe Réime, Cinntí Comhlachais ón gComhairle nó Comhaontuithe dá samhail le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus comhaontuithe deontais agus cinntí deontais agus conarthaí a thig as cur chun feidhme an Rialacháin seo tabharfar de chumhacht don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus d'OLAF iniúchtaí, seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair dá leithéidí a dhéanamh.

Caibidil IV Cumhachtaí cur chun feidhme

Airteagal 13 Clár Oibre

1. Cuirfidh an Coimisiún an Clár chun feidhme trí bhíthin clár oibre bliantúil le haghaidh gach earnáil an Chláir, lena n‑áirítear tosaíochtaí don Chlár, miondealú an bhuiséid agus critéir mheastóireachta le haghaidh na ndeontas gníomhaíochta. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) agus leis an Rialachán Airgeadais.

2. I gcás earnáil an chustaim, agus an clár oibre bliantúil á ullmhú, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an cur chuige coiteann maidir leis an mbeartas custaim a dhéanfar a oiriúnú go leanúnach d'fhorbairtí nua i gcomhpháirtíocht idir an Coimisiún agus na Ballstáit sa Ghrúpa um Beartas Custaim, arna chomhdhéanamh de cheannairí riarachán Custaim ón gCoimisiún agus ó na Ballstáit nó a n‑ionadaithe.

Cuirfidh an Coimisiún an Grúpa um Beartas Custaim ar an eolas faoi bhearta maidir le cur chun feidhme earnáil custaim an chláir.

Airteagal 14 Nós imeachta coiste

1. Beidh Coiste FISCUS de chúnamh ag an gCoimisiún. Féadfaidh an Coiste teacht le chéile in dhá fhoirmíocht ar leith, ceann amháin ina ndéileáiltear le gnéithe a bhaineann le hearnáil an chustaim sa Chlár agus an ceann eile ina ndéileáiltear le hearnáil an chánachais sa Chlár. Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.

2. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Caibidil V Faireachán agus Meastóireacht

Airteagal 15 Faireachán ar ghníomhaíochtaí an chláir

1. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhar leis na tíortha rannpháirteacha, faireachán ar an gClár agus a ghníomhaíochtaí chun súil a choimeád ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéantar.

2. Úsáidtear sraith príomhtháscairí arna leagan amach in Airteagal 5(2), inter alia, chun éifeachtaí agus iarmhairtí an Chláir a thomhas. Déanfar iad a thomhas in aghaidh bunlínte réamhshainithe a léiríonn an staid roimh chur chur feidhme.

Airteagal 16 Meastóireacht

1. Áiritheoidh an Coimisiún meastóireacht lárthéarma agus chríochnaitheach ar an gClár, ina ndíreofar ar cheisteanna ábhartha meastóireachta agus in am chun iad a chomhtháthú sa phróiseas cinnteoireachta. Déanfar na torthaí a chomhtháthú i gcinntí maidir le hathnuachan, modhnú nó fionraí a d'fheadfaí a dhéanamh ar chláir iardain. Is meastóir seachtrach neamhspleách a dhéanfaidh na meastóireachtaí seo.

2. Bunóidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta lárthéarma faoi bhaint amach cuspóirí ghníomhaíochtaí an Chláir, faoi éifeachtúlacht úsáid na n‑acmhainní agus faoi bhreisluach Eorpach an Chláir tráth nach déanaí ná lár 2018. Díreofar sa tuarascáil seo freisin ar shimpliú, ar ábharthacht leanúnach na gcuspóirí, agus ar rannchuidiú an Chláir le tosaíochtaí an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach chomh maith.

3. Bunóidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach faoi iarmhairt fhadtéarmach agus faoi inbhuanaitheacht éifeachtaí an Chláir tráth nach déanaí ná deireadh 2021.

4. Tabharfaidh na tíortha rannpháirteacha, arna iarraidh sin don Choimisiún, na sonraí agus an fhaisnéis uile is ábhartha chun críche rannchuidiú leis na tuarascálacha lárthéarma agus críochnaitheacha de chuid an Choimisiúin.

Caibidil VI Forálacha Críochnaitheacha

Airteagal 17 Aisghairm

Déantar Cinntí Uimh. 1482/2007/CE agus Uimh. 624/2007/CE a aisghairm le héifeacht ón 1 Eanáir 2014.

Mar sin féin, leanfaidh oibleagáidí airgeadais i ndáil le gníomhaíochtaí arna saothrú faoi na Cinntí sin de bheith faoi rialú na gCinntí seo go dtí go dtabharfar chun críche iad.

Airteagal 18 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014 ar aghaidh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

I. Cuspóirí oibríochtúla an Chláir

Is mar seo a leanas a bheidh na cuspóirí oibríochtúla chun cuspóir amháin nó níos mó de na sainchuspóirí dá bhforáiltear in Airteagal 5 a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh air/orthu.

1. Gníomhaíochtaí a bhunú lena gcuirtear le comhthuiscint agus le cur chun feidhme coiteann dlí an Aontais maidir le custam agus cánachas

2. Gníomhaíochtaí comhpháirteacha oibríochtúla custaim agus cánachais a éascú agus tacú leo

3. Córais Eorpacha faisnéise custaim agus cánachais a fhorbairt agus a chothabháil

4. Scileanna agus inniúlachtaí maidir le custam agus cánachas a neartú d'oifigigh chustaim nó do shaineolaithe seachtracha

5. Tacú le forbairt ríomh-riaracháin d'údaráis chustaim agus chánachais agus do gheallsealbhóirí seachtracha

6. Gníomhaíochtaí i ndáil le custam agus cánachas a bhaineann le tríú tíortha agus saineolaithe seachtracha a bhunú

7. Tacú le dea-chleachtais a aithint agus a chomhroinnt

8. Foirne saineolaithe a bhunú chun cúraimí oibríochtúla sonracha a chomhlíonadh le chéile

II. Córais Eorpacha Faisnéise agus a gcomhpháirteanna Aontais

Dá dtagraítear in Airteagal 6(d)

1. Is mar seo a leanas iad na Córais Eorpacha Faisnéise Choiteanna:

(a) an comhlíonra cumarsáide/comheadán comhchóras (CCN/CSI), CCN mail3, an droichead CSI, an droichead http, CCN LDAP agus uirlisí gaolmhara, tairseach gréasáin CCN, faireachán CCN;

(b) Córais chúltaca, go háirithe an uirlis chumraíochta feidhmchláir do CCN, an uirlis bhainistíochta uathoibrithe soláthair (TASMAN), an uirlis tuairiscithe gníomhaíochta (ART2, bainistíocht leictreonach Taxud na dtionscadal ar líne (TEMPO) uirlis bhainistíochta seirbhíse (SMT), an córas bainistíochta úsáideoirí (UM), an córas BPM, an deais infhaighteachta agus AvDB, tairseach do bhainistíocht seirbhíse TF, bainistíocht eolairí agus rochtana úsáideoirí,

(c) Faisnéis faoin gclár agus spás cumarsáide do Chustam agus do Chánachas (PICS)

2. Is mar seo a leanas iad na Córais Eorpacha Faisnéis do chustam

(a) Na córais ghluaiseachta custaim, go háirithe an Córas (Nua) Ríomhchuidithe Idirthurais (C(N)RI), CNRI TIR don Rúis, an Córas Rialaithe Onnmhairí (CRO) agus an Córas Rialaithe Allmhairí (CRA). Tá na córais seo á dtacú leis na feidhmchláir/comhpháirteanna seo a leanas: an córas um malartú faisnéise le tríú tíortha (droichead SPEED), Nód Tiontaire Edifact SPEED (SPEED-ECN), Feidhmchlár Tástála Caighdeánach SPEED (SSTA), An Feidhmchlár Tástála Idirthurais Caighdeánach (SSTA), an Feidhmchlár Tástála Idirthurais (TTA), na Seirbhísí Lárnacha/Sonraí Tagartha (CSRD), na Seirbhísí Lárnacha/Córas Bainistíochta Faisnéise (CS/MIS);

(b) Córas Bainistíochta Riosca don Chomhphobal (CBRC) lena gcumhdaítear na Foirmeacha Faisnéise faoi Rioscaí agus fearainn fheidhmiúla CPCA do na Próifílí Coiteanna;

(c) Córas na n‑Oibreoirí Eacnamaíocha (EOS) lena gcumhdaítear Clárú agus Sainaithint Oibreoirí Eacnamaíocha (EORI), Oibreoirí Eacnamaíocha Údaraithe (OEÚ), Seirbhísí Rialta Loingseoireachta (RSS) agus aithint fhrithpháirteach le fearainn fheidhmiúla na dtíortha is páirtithe iad. Is ionann An tSeirbhís Aonchineálach Gréasáin agus comhpháirt don chóras seo;

(d) an córas cuótaí (TARIC3) arb ionann é agus córas sonraí tagartha le haghaidh feidhmchlár eile amhail an córas bainistíochta cuótaí (QUOTA2), an córas bainistíochta agus faireacháin um fhaireachas agus (SURV2) an Córas Faisnéise um Tharaifí Ceangailteacha (EBTI3, an Fardal Eorpach Custaim Substaintí Ceimiceacha (ECICS2). Tá na feidhmchláir a bhaineann leis An Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) agus le fionraíochtaí (Fionraíochtaí) ag bainistiú faisnéis dlíthiúil a bhfuil nasc díreach aici leis an gcóras taraifí;

(e) na feidhmchláir chun críoch rialaithe, go háirithe an Córas Bainistíochta Eiseamal (SMS) agus an Córas Faisnéise um Nósanna Imeachta a Phróiseáil (ISPP);

(f) an córas frith‑ghóchumadh agus frith‑phíoráideachta (COPIS);

(g) an Córas Scaipthe Sonraí (DDS2) lena mbainistítear an fhaisnéis uile a bhfuil rochtain ag an bpobal uirthi tríd an Idirlíon.

(h) An Córas Faisnéise Frith‑Chalaoise (AFIS)

3. Is mar seo a leanas iad na Córais Eorpacha Faisnéise do chánachas:

(a) na córais a bhaineann le CBL, go háirithe na córas malartaithe faisnéise CBL (VIES) agus an aisíocaíocht CBL, lena n‑áirítear feidhmchlár tosaigh VIES, uirlis faireacháin VIES, an córas staidrimh um Chánachas, VIES‑ar‑líne, uirlis cumraíochta VIES‑ar‑líne, uirlisí tástála VIES agus aisíocaíochta CBL, alagartaim uimhreacha CBL, malartú ríomh-fhoirmeacha CBL, CBL ar ríomh-Sheirbhísí(VoeS); uirlis tástála VoeS, uirlis tástála ríomh-fhoirmeacha CBL

(b) córais a bhaineann le haisghabháil, go háirithe ríomh-fhoirmeacha um aisghabháil éileamh, ríomh-fhoirmeacha um ionstraim aonfhoirmeach lena gceadaítear forghníomhú (UIPE) agus d'fhoirm aonfhoirmeach um fhógra (UNF)

(c) córais a bhaineann le cánachas díreach, go háirithe cánachas ar chórais choigiltis, uirlis tástála coigiltis ar chánachas, ríomh-fhoirmeacha um chánachas díreach, uimhir aitheantais chánach TIN‑ar‑líne, na malartuithe a bhaineann le hAirteagal 8 de Threoir 2011/16/AE agus uirlisí bainteacha

(d) córais eile a bhaineann le cánachas, go háirithe, an bunachar sonraí 'cánacha san Eoraip' (TEDB), CCN/Mail go tíortha ECFE

(e) na córais máil, go háirithe an córas um malartú sonraí máil (SEED), an Córas um Rialú agus um Ghluaiseacht Máil (EMCS), ríomh‑fhoirmeacha MVS, feidhmchlár tástála (TA)

(f) lárchórais eile, go háirithe, feidhmchlár cumarsáide agus faisnéise na mBallstát (MSCIA), an córas tástála féinseirbhíse (SSTS), córas staidrimh a bhaineann le cánachas, an feidhmchlár lárnach um fhoirmeacha gréasáin, na seirbhísí lárnacha/córas eolais bainistíochta um Mál (CS/MISE)

4. Is iad comhpháirteanna Aontais na gcóras Eorpach faisnéise:

(a) sócmhainní TF amhail na crua-earraí, na bogearraí agus naisc líonra na gcóras arna sainaithint in Airteagal 6(4) lena n‑áirítear sonraí bonneagair bainteacha;

(b) seirbhísí TF is gá chun tacú leis na córais a fhorbairt, a chothabháil, a fheabhsú agus a oibriú;

(c) aon eilimintí eile, a aithníonn an Coimisiún ar chúiseanna éifeachtúlachta, slándála agus cuíchóirithe, atá i gcoitinn ag na tíortha rannpháirteacha.

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

              1.1.    Teideal an togra/tionscnaimh

              1.2.    Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB

              1.3.    An cineál togra/tionscnaimh

              1.4.    Cuspóirí

              1.5.    Na forais leis an togra/tionscnamh

              1.6.    Fad agus tionchar airgeadais

              1.7.    Modhanna bainistíochta atá beartaithe

2. BEARTA BAINISTÍOCHTA

              2.1.    Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

              2.2.    Córas bainistíochta agus rialaithe

              2.3.    Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

              3.1.    Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

              3.2.    An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

              3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

              3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

              3.2.3. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin

              3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

              3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

              3.3.    An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ

1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár gníomhaíochta um chustam agus um chánachas san Aontas Eorpach don tréimhse 2014–2020(FISCUS) agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE agus Cinneadh Uimh. 624/2007/CE.

1.2. Réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB[34]

1404 Beartas Custaim

1405 Beartas Cánachais

1.3. An cineál togra/tionscnaimh

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua a leanann treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht[35]

X Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana

¨ Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua

1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe

Rannchuideoidh clár FISCUS atá beartaithe le Straitéis Eoraip 2020 maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach[36] trí (1) fheidhmiú an Mhargaidh Aonair a neartú, (2) trí chreat a sholáthar chun tacú le gníomhaíochtaí a chuireann le táirgiúlacht na hearnála poiblí agus (3) trí ascnamh teicniúil agus nuálaíocht theicniúil a bhrú ar aghaidh sna riaracháin chustaim agus chánachais náisiúnta agus Eorpacha.

Cuid cánachais

Tacóidh an clár go háirithe le tionscnamh suaitheanta maidir le clár oibre digiteach don Eoraip[37], an tionscnamh suaitheanta maidir le hAontas na Nuálaíochta[38] agus an tionscnamh suaitheanta maidir le beartas tionscail do ré an domhandaithe[39]. Tacóidh sé le riaracháin chánachais náisiúnta chun iompú ina riaracháin ríomh-chánachais agus a bheith ag rannchuidiú go cothrom le laghdú an ualaigh riaracháin ar íocóirí cánach, trí chur chun feidhme reachtaíocht chánach an Aontais a bheith níos cliste.

Tacóidh an clár freisin leis an nGníomh um an Margadh Aonair[40] go háirithe roinnt príomhréimsí beartais cánachais a leagtar béim orthu sa ghníomh dlíthiúil seo agus na réimsí a bhaineann leis an ualach ar cháiníocóirí a laghdú. Rannchuideoidh na tionscnaimh beartais atá ag teacht aníos a dtacóidh an clár leo agus a gcuideoidh sé lena gcur chun feidhme, amhail an Treoir ar Cháin Fuinnimh atá beartaithe, straitéis nua CBL, agus Comhbhonn Comhdhlúite don Cháin Chorparáideach le haghaidh gnólachtaí agus na tionscnaimh a bhaineann le díchur constaicí cánach trasteorann do shaoránaigh, rannchuideoidh siad go suntasach, nuair a ghlacfar iad, le baint amach chuspóirí an Ghnímh um an Margadh Aonair.

Cuid chustaim

Is cuid bhunúsach den Mhargadh Inmheánach é an tAontas Custaim. I ngeall ar an Margadh Inmheánach gan teorainneacha do tháirgí ceanglaítear ar tháirgí de thionscnamh tríú tíortha cloí le foirmiúlachtaí agus le ceanglais eile agus iad ag teacht isteach nó á gcur i gcúrsaíocht. Tar éis an méid sin, is féidir leo gluaiseacht faoi shaoirse laistigh de theorainneacha seachtracha an AE. Tacaíonn an tAontas Custaim le forbairt coinníollacha Margaidh Inmheánaigh atá cóir, iomaíoch trí chomhrialacha agus chomhrialacháin a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach. Tacaíonn sé le fás agus nuálaíocht laistigh den Mhargadh Inmheánach mar shampla trí chearta maoine intleachtúla (CMI) a fhorghníomhú ag an teorann (féach freisin an Plean Eorpach um fhrith‑ghóchumadh agus um fhrith‑phioráideacht[41] agus an straitéis nua um CMI sa Mhargadh Aonair mar a ghlac an Coimisiún le déanaí. Tugtar le tuiscint sna freagairtí do chomhairliúchán poiblí[42] le déanaí maidir le todhchaí an Mhargaidh Inmheánaigh go raibh coinne láidir ag conaidhmeanna tionscail le tuilleadh gníomhaíochta AE in aghaidh góchumadh agus pioráideachta. Tá ról bunúsach ag an Aontas Custaim i bhforghníomhú éifeachtach CMI, rud atá deimhnithe le staidreamh ó ghníomhaíochtaí custaim CMI[43]. Ina theannta sin tacóidh an clár le réimse leathan beart beartais faoi chuimsiú an Aontais Chustaim. Mar shampla, leasanna airgeadais an AE agus na mBallstát a chosaint trí dhleachtanna agus tháillí agus chánacha éagsúla ar thrádáil a bhailiú, agus trí iarrachtaí comhoibríocha chun calaois a chomhrac. In 2010, chomhfhreagair tuairim is 12.3 % (EUR 15.7 billiún) de bhuiséad an AE le hacmhainní dílse traidisiúnta[44]. Is é an tAontas Custaim rannóg oibríochtúil Bheartas Trádála an AE, lena gcuirtear chun feidhme comhaontuithe déthaobhacha agus iltaobhacha, lena mbailítear dleachtanna, agus lena gcuirtear i bhfeidhm bearta trádála (amhail rialacha maidir le tionscnamh), trádbhaic agus srianta eile. Sa Phlépháipéar Trádáil, Fás agus Gnóthaí Domhanda: Beartas trádála mar ghné chroílárnach Straitéis 2020 an AE[45] arna fhoilsiú i Samhain 2010, aibhsítear an clár oibre do chomhar custaim idirnáisiúnta faoi chuimsiú comhaontuithe déthaobhacha agus sa Chomhairle um Chomhar Custaim. Leagtar béim air go laghdaíonn nósanna imeachta éifeachtúla custaim na costais chomhlíonta do thrádálaithe, go n‑éascaíonn siad an trádáil dhleathach, agus cuidíonn siad le díriú ar rioscaí slándála, sábháilteachta agus CMI.

Tá ról an Aontais Chustaim níos tábhachtaí ná riamh ag cuidiú le slándáil inmheánach an AE, agus leanfaidh an ról sin de bheith ag fás, mar atá léirithe sa phlean gníomhaíochta maidir le Straitéis Slándála Inmheánaí[46] agus i bPlean Gníomhaíochta Chlár Stócólm[47]. Ina theannta sin, rannchuidíonn gníomhaíocht chustaim agus comhar idir lucht custaim, póilíní agus údaráis fhorghníomhaithe eile le cuspóirí slándála domhanda amhail an comhrac in aghaidh sciúradh airgid, coireachta eagraithe ar bhonn trasteorann, agus sceimhlitheoireachta a bhaint amach.

1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann

Is iad na gníomhaíochtaí ABB lena mbaineann Beartas Custaim (1404) agus Beartas Cánachais (1405). Is mar seo a leanas iad cuspóirí sonracha an chláir:

(1) tacú le hullmhú, cur i bhfeidhm comhleanúnach agus cur chun feidhme éifeachtach dhlí an Aontais i réimsí an chustaim agus an chánachais

(2) rannchuidiú le feidhmiú éifeachtúil na n‑údarás custaim agus cánachais trína n‑acmhainní riaracháin a fheabhsú agus tríd an ualach riaracháin a laghdú

(3) calaois agus imghabháil cánach a chosc agus cur le hiomaíochas, sábháilteacht agus slándáil trí cur le comhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta, údaráis rialtasacha eile, tríú tíortha, oibreoirí eacnamaíocha agus a n‑eagraíochtaí

(4) iomaíochas gnólachtaí Eorpacha a neartú trí thrádáil a éascú agus trí chostais chomhlíonta a laghdú

(5) leasanna airgeadais agus eacnamaíocha an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát a chosaint tríd an gcomhrac in aghaidh calaoise agus imghabhála cánach

(6) Tacú le lucht custaim i gcosaint na saoránach agus an gheilleagair i dtéarmaí sábháilteachta agus slándála, agus i gcosaint an chomhshaoil

1.4.3. An toradh agus an tionchar a bhfuiltear ag súil leis

Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe.

Ó thaobh dhearcadh an Aontais Chustaim, chomhaontaigh na Ballstáit ipso facto, trína gcumhachtaí a thabhairt don AE – ós rud é gur inniúlacht eisiach de chuid an AE é Aontas an Chustaim – gur fearr gníomhaíochtaí i réimse an chustaim a chur i bhfeidhm ar leibhéal an AE. Mar sin féin, ní áiritheofar le creat dlí an AE ann féin dea-fheidhmiú an Aontais Chustaim. Tá gá le bearta tacaíochta tionlacain dá bhforáiltear sa Chlár Custaim chun a áirithiú go gcuirtear reachtaíocht chustaim an AE i bhfeidhm ar bhealach cóineasaithe agus comhchuibhithe, ionas nach n-athraíonn an bealach ina gcaitear le trádálaithe, cosc calaoise, ná na hoibleagáidí dlíthiúla.

Thairis sin, is de chineál trasteorann go leor de na gníomhaíochtaí i réimse an chustaim, a bhaineann leis na 27 Ballstát agus a dhéanann difear dóibh uile agus dá bhrí sin ní féidir iad a sholáthar go héifeachtach ná go héifeachtúil trí Bhallstáit indibhidiúla. Tá gá le gníomhaíocht AE chun buntaca a thabhairt do ghné Eorpach obair lucht custaim, chun saobhadh ar an Margadh Inmheánach a sheachaint agus chun tacú le cosaint éifeachtach theorainneacha an AE.

Is iad dlúthpháirtíocht agus comhroinnt freagrachta na prionsabail atá taobh thiar de chistiú an Aontais Chustaim. Cásanna inar mó an gá le bearta éifeachtacha ná cumas Ballstát áirithe iad a sholáthar, tá siad díobhálach don aontas ina iomlán. Ní foláir idirghabháil AE chun leas poiblí an AE a chosaint i gcás nach féidir éileamh an AE (mar shampla ar shlándáil) a shásamh go leordhóthanach trí sholáthar Ballstát áirithe. Sna cásanna sin, is ionann gníomhaíocht AE agus cistiú comhpháirteach a dhéanamh ar fhorbairt acmhainní teicniúla chun an t‑éileamh ar rialú éifeachtach a shásamh d'ainneoin cumais soláthair theoranta Ballstát áirithe.

Sa chlár atá beartaithe dírítear ar chomhar idir riaracháin chánachais a fheabhsú agus ar sholáthar meicníochtaí agus modhanna chun an comhar sin a fheabhsú chomh maith leis an gcistiú is gá chun na cuspóirí seo a bhaint amach. Agus é á chur chun feidhme ag an gCoimisiún, ní thiocfaidh tuilleadh comhchuibhithe ar na córais chánach náisiúnta as an gclár ann féin, ach is féidir na héifeachtaí diúltacha a bhaineann le 27 córas cánach difriúla a bheith ann i dteannta a chéile a laghdú, amhail calaois, saobhadh ar an iomaíocht, ualach riaracháin do riaracháin agus do ghnólachtaí, siopadóireacht chánach, etc. Is éard atá sa bheart atá beartaithe mar sin beart tacaíochta don Mhargadh Inmheánach mar gur féidir feidhmiú na gcóras cánach éagsúil laistigh den Mhargadh Inmheánach a fheabhsú dá bharr.

Cé gurb í freagracht na mBallstát oibriú na gcóras cánach náisiúnta a bhainistiú, is léir ó na dúshláin a aithníodh sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra gur gá an comhar riaracháin idir údaráis chánach a mhéadú – fiú go leibhéal níos airde ná mar atá amhlaidh faoi láthair. Trí chomhar ar fud an AE cumasaítear na húdaráis chánach chun sineirgíochtaí a fhorbairt, dúbláil a sheachaint agus dea-chleachtas a mhalartú sna réimsí uile a bhaineann le cánachas amhail innealtóireacht ghnó, TF, comhar idirnáisiúnta, etc. Tá an tacaíocht ó chlár Fiscalis 2013 do chomhar cánachais tar éis a buntáistí a thaispeáint, agus beidh an taithí seo an luachmhar chun freagairt do dhúshláin sa todhchaí go háirithe an ailtireacht theicneolaíoch as dáta, deacrachtaí sa chomhoibriú ar leibhéal oibríochtúil maidir le cúraimí sonracha, modhanna éagrothroma airgeadais chun tacú le gníomhaíochtaí na n‑údarás cánach agus deacrachtaí maidir le comhar struchtúrach a bhunú le príomhgheallsealbhóirí na n‑údarás cánach.

1.4.4. Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar

Sonraigh na táscairí a léiríonn faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh.

Déanfar faireachán ar ghníomhaíochtaí an chláir chun a áirithiú gur ndearnadh na rialacha agus na nósanna imeachta do chur chun feidhme an chláir a chur i bhfeidhm go cuí agus chun a fhíorú ar éirigh leis an gclár a chuspóirí a bhaint amach. Cuirfear creat faireacháin ar bun, lena n‑áirítear: loighic idirghabhála, sraith chuimsitheach táscairí, modhanna tomhais, plean bailiúcháin sonraí, próiseas soiléir agus struchtúrtha tuairiscithe agus faireacháin agus meastóireachtaí lárthéarma agus críochnaitheacha.

Déanfar feidhmíocht an chláir a thomhas trí úsáid a bhaint as sraith chomhtháite táscairí feidhmíochta, iarmharta, torthaí agus táirgeachta atá nasctha le cuspóirí ginearálta, sonracha agus oibríochtúla an chláir agus ag tógáil an naisc le Plean Bainistíochta an Choimisiúin. Tá an liosta mionsonraithe de na táscairí iarmharta, torthaí agus táirgeachta ar fáil i Measúnuithe Tionchair na gclár ábhartha. Tá spriocanna le haghaidh roinnt cuspóirí oibríochtúla an chláir sainaitheanta ag DG Taxud. I gcás roinnt eile níl an méid seo indéanta ag an bpointe seo. Déanfaidh DG Taxud spriocanna na gcuspóirí oibríochtúla sin a aithint roimh thús chlár 2020 agus iad a chur faoi bhráid an Choiste Chláir le hiad a fhormhuiniú faoi chuimsiú nós imeachta an Chláir Oibre Bhliantúil.

Déanfar an cuspóir ginearálta a thomhas tríd an éabhlóid ar dhearcadh na ngeallsealbhóirí ábhartha sa chlár maidir le conas a rannchuidíonn an clár le tacaíocht a thabhairt d'fheidhmiú an Aontais Chustaim agus neartú an mhargaidh inmheánaigh trí oibriú na gcóras cánach a fheabhsú agus beidh sé ina sprioc go mbeidh dearcadh na ngeallsealbhóirí maidir le conas mar a rannchuidíonn an clár leis an gcuspóir sin cobhsaí nó ag athrú ar bhealach dearfach

Léirítear na táscairí lena thomhasfar na cuspóirí sonracha in Airteagal 5(2) den togra.

1.5. Na forais leis an togra/tionscnamh 1.5.1. Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Rannchuidíonn an togra le Straitéis Eoraip 2020 agus le chur chun feidhme reachtaíochtaí éagsúla eile de chuid an Aontais mar atá leagtha amach faoi chaibidil 1.4.1

1.5.2. Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an AE

Tá sé níos tairbhiúla gníomhaíocht a thionscnamh ar leibhéal an Aontais ná ar leibhéal na 27 Ballstát mar a thuairiscítear go mionsonraithe i gcaibidil 3.2 den Mheabhrán Míniúcháin.

1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí dá samhail roimhe seo

Ó thaobh na heacnamaíochta de, tá gníomhaíocht ar leibhéal an AE i bhfad níos éifeachtúla. Is é cnámhdhroma an chomhair chustaim agus chánachais líonra cumarsáide tiomnaithe an-urraithe atá oibríochtúil ó na chéad chláir um chomhar custaim agus cánachais sna nóchaidí luatha. Déanann sé riaracháin náisiúnta chustaim agus chánachais a idirnascadh ag tuairim is 5 000 pointí nasctha. Tríd an líonra TF coiteann seo áirithítear nach gá do gach riarachán náisiúnta ach é féin a nascadh uair amháin leis an mbonneagar coiteann seo chun a bheith in ann faisnéis de shaghas ar bith a mhalartú. Mura rud é go raibh na bonneagair sin ar fáil bheadh ar na Ballstáit iad féin a nascadh 26 uair le córais náisiúnta na mBallstát eile.

Ar bhunchlocha eile an chláir tá gníomhaíochtaí lena dtugtar oifigigh chustaim agus chánachais le chéile chun críocha dea-chleachtas, chun foghlaim óna chéile, chun fadhb a anailísiú nó treoirleabhar a dhréachtú, mar shampla. Dá mba rud é go raibh ar Bhallstáit foghlaim óna chéile trína ngníomhaíochtaí féin a fhorbairt lasmuigh de scáth an chláir, bheadh a sraith uirlisí agus modhanna oibre féin forbartha acu go léir. Bheadh sineirgíochtaí idir gníomhaíochtaí caillte agus ní bheadh comhghníomhaíochtaí curtha chun feidhme go córasach ar leibhéal na 27 Ballstát. Tá sé i bhfad níos éifeachtúla, trí thacaíocht ón gclár, an Coimisiún a bheith ag gníomhú mar bhróicéir gníomhaíochta idir na tíortha rannpháirteacha.

Is de chineál doláimhsithe breisluach tábhachtach eile. Bhí an clár ina siocair le braistint leasa choitinn a chruthú, le muinín fhrithpháirteach a spreagadh agus le meon an chomhair a ghiniúint idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún i réimse an chustaim agus an chánachais.

1.5.4. Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile

I gceann de na cásanna beartais a leagadh amach don réimse custaim déantar foráil maidir le tacaíocht airgeadais a thabhairt d'údaráis chustaim na mBallstát chun trealamh a fháil agus chun a n‑acmhainní teicniúla a fhorbairt. Seachas scéim maoiniúcháin a leagan amach chun na críche seo faoi chlár FISCUS, féadfaidh Ballstáit glao a chur ar chláir eile, lena n‑áirítear Cistí Struchtúracha Réigiúnacha chun tacú leis an riachtanas seo.

Sa mheastóireacht Lárthéarma ar chláir AS HOME maidir le Coireacht a Chosc agus a Chomhrac (ISEC), Sceimhlitheoireacht agus Rioscaí eile a bhaineann le Cúrsaí Slándála a Chosc, Ullmhacht ina leith agus a nIarmhairtí a Bhainistiú (CIPS)[48] meastar go dtugann samhail bainistíochta clár an Aontais Chustaim agus Fiscalis 'na deiseanna is fearr chun bainistíocht ISEC/CIPS a fheabhsú mar gur féidir freagairt go tapa, solúbtha do riachtanais oibríochtúla tríthi[49].

Is é an líonra CCN/CSI an cnámhdhroma do na córais TF thras-Eorpacha, atá á úsáid ag OLAF freisin chun faisnéis faoi neamhrialtachtaí agus calaois a mhalartú (agus a stóráil). Chun na críche sin tairbhíonn an dá AS de bharainneachtaí scála.

1.6. Fad agus tionchar airgeadais

X Togra/tionscnamh d'fhad teoranta

– ¨  Togra/tionscnamh in éifeacht ón 1.1.2014 go 31.12.2020

– ¨  Tionchar airgeadais ó 2014 go 2023 (ó 2021 go 2023 do leithreasaí faoi chomhar íocaíochta amháin)

¨ Togra/tionscnamh d'fhad neamhtheoranta

– Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh idir BBBB agus BBBB

– agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin.

1.7. Modhanna bainistíochta atá beartaithe[50]

X Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún

¨ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig:

¨         gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

¨         comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[51]

¨         comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

¨         daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais

¨ Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit

¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha

¨ Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí)

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

/

2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh cé chomh minic agus na coinníollacha.

Déanfar faireachán ar ghníomhaíochtaí an chláir chun a áirithiú gur ndearnadh na rialacha agus na nósanna imeachta do chur chun feidhme an chláir a chur i bhfeidhm go cuí (feidhm iniúchta). Déantar faireachán ar thograí le haghaidh gníomhaíochtaí comhpháirteacha ar bhonn buan tríd an mbunachar sonraí ar líne, Uirlis Tuairiscithe Gníomhaíochta (ART), ina bhfuil tograí agus a ngníomhaíochtaí comhfhreagracha. Tríd an uirlis chéanna is féidir le tairbhithe na ndeontas arna n‑eisiúint faoin gclár, eadhon riaracháin chustaim/chánachais na mBallstát, na speansais arna maoiniú ag an deontas chun rannpháirtiú sna gníomhaíochtaí comhpháirteacha a thuairisciú ar líne. Ní foláir do na Ballstáit tuarascáil airgeadais a chur chuig an gCoimisiún gach bliain agus an Uirlis Tuairiscithe Gníomhaíochta á húsáid acu.

I gcás gníomhaíochtaí TF agus Forbairt Acmhainní Oiliúna a mhaoinítear trí sholáthar, tá feidhm ag na rialacha caighdeánacha maidir le tuairisciú agus faireachán.

Déanfar meastóireacht ar an gclár seo dhá uair. Beidh torthaí na meastóireachta lárthéarma ar fáil faoi lár 2018 agus beidh torthaí na meastóireachta críochnaithí ar an gclár ar fáil ag tarraingt ar dheireadh 2021. Mar phríomhthairbhithe an chláir, déanfaidh na Ballstáit sciar nach beag den bhailiú sonraí cibé trí fhaisnéis a sholáthar ar leibhéal na n-uirlisí indibhidiúla (trí ART go príomha ) nó faoi iarmhairt níos leithne an chláir (cibé trí rannpháirtiú i gcleachtaí tomhaiste aireachtála nó trí thuarascálacha a eisiúint).

Go dtí an pointe seo, díríodh cleachtaí meastóireachta na gclár a bhí ann cheana, go príomha ar phríomhgheallsealbhóirí an chláir, eadhon údaráis chustaim/chánachais agus ar a saineolaithe atá ina sprioc-lucht úsáide. I bhfianaise an tábhacht a bhaineann le dul i gcomhairle le geallsealbhóirí atá lasmuigh den chlár (i.e. oibreoirí eacnamaíocha) maidir le hiarmhairtí an chláir orthu agus a mhéid is a thairbhíonn siad mar shampla de chomhar níos fearr idir riaracháin chustaim/chánachais, áireofar an ghné seo de na hiarmhairtí indíreacha sna meastóireachtaí cláir sa todhchaí.

2.2. Córas bainistíochta agus rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh

Baineann na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann do chur chun feidhme an chláir le:

– Cur chun feidhme an chomhaontaithe dheontais arna shíniú le cuibhreannas na mBallstát agus na dTíortha is Iarrthóirí Meastar go bhfuil an leibhéal riosca íseal, ós rud gur riaracháin phoiblí na dtíortha rannpháirteacha iad na tairbhithe

Cur chun feidhme na gconarthaí soláthair arna gcur i gcrích faoi scáth an chláir. Tá samplaí rioscaí sa mhéid seo a leanas:

– Dearbhaíonn na Ballstáit speansais do ghníomhaíocht nach bhfuil formheasta faoin gclár

– Dearbhaíonn na Ballstáit na speansais chéanna faoi dhó

– Neamhchomhlíonadh na rialacha soláthair

– Sonrasc a íoc as táirge insoláthartha nach bhfuil ann ar chor ar bith

2.2.2. Modhanna rialaithe atá beartaithe

Is iad príomheilimintí na straitéise rialaithe:

I gcás conarthaí soláthair:

Cuirtear na nósanna imeachta maidir le soláthar arna sainiú sa Rialachán Airgeadais i bhfeidhm. Déantar aon chonradh soláthair a bhunú tríd an nós imeachta fíorúcháin arna mbunú ag seirbhísí an Choimisiúin maidir le híocaíocht, ag cur san áireamh oibleagáidí conarthacha agus bainistíocht fhónta airgeadais agus bainistíocht ghinearálta. Déantar foráil maidir le bearta frithchalaoise (rialuithe, tuarascálacha, etc.) sna conarthaí go léir arna gcur i gcrích idir an Coimisiún agus na tairbhithe. Déantar téarmaí tagartha mionsonraithe a dhréachtú agus tá siad mar bhonn do gach conradh sonrach. Cloíonn an próiseas chun glacadh le hiarratais go dlúth le modheolaíocht TAXUD TEMPO: déantar táirgí insoláthartha a athbhreithniú, a leasú más gá agus faoi dheireadh a ghlacadh go sainráite (nó a dhiúltiú). Ní féidir aon sonrasc a íoc gan 'litir inghlacthachta'.

Fíorú teicniúil le haghaidh soláthair

Déanann DG TAXUD rialuithe ar tháirgí insoláthartha agus déanann sé maoirseoireacht ar oibríochtaí agus ar sheirbhísí a dhéanann na conraitheoirí. Déanann sí iniúchtaí cáilíochta agus slándála ar a gconraitheoirí ar bhonn rialta. Trí iniúchtaí cáilíochta déantar comhlíonadh phróisis iarbhír na gconraitheoirí a fhíorú i bhfianaise na rialacha agus na nósanna imeachta atá sainithe ina bpleananna cáilíochta. Cuirtear béim sna hiniúchtaí slándála ar na próisis, ar na nósanna imeachta agus ar an gcur ar bun ar leith.

Le haghaidh deontas

Sa chomhaontú deontais arna shíniú ag tairbhithe an chláir (riaracháin chustaim sna Ballstáit agus sna Tíortha is Iarrthóirí) sainítear coinníollacha a bhfuil feidhm acu le maoiniú gníomhaíochtaí a thairbhíonn den deontas, lena n‑áirítear caibidil maidir le modhanna rialaithe. Tugann na riaracháin rannpháirteacha uile faoi rialacha airgeadais agus riaracháin maidir le speansais an Choimisiúin a chomhlíonadh.

Déantar na gníomhaíochtaí ar féidir le tairbhithe an deontais rannpháirteachas a mhaoiniú ina leith ón deontas a shainiú sa bhunachar sonraí ar líne (ART – Uirlis Tuairiscithe Gníomhaíochta). Tuairiscíonn na Ballstáit faoina gcaiteachas sa bhunachar sonraí céanna a bhfuil líon áirithe rialuithe ionsuite ann chun earráidí a laghdú. Mar shampla, ní féidir leis na Ballstáit speansais a thuairisciú ach amháin do ghníomhaíochtaí ar tugadh cuireadh dóibh ina leith agus gan an méid sin a dhéanamh ach uair amháin. Sa bhreis ar na rialuithe ionsuite sa chóras tuairiscithe, déanann DG TAXUD rialuithe i bhfoirm páipéir agus seiceálacha ar an láthair ar bhonn samplach. Tríd an straitéis rialaithe seo is féidir an t‑ualach riaracháin ar thairbhithe an deontais a choinneáil chomh híseal agus is féidir agus comhréireach leis an mbuiséad a leithdháiltear agus na rioscaí a shonraítear.

Sa bhreis ar na rialuithe thuas, déanann DG TAXUD na rialuithe airgeadais traidisiúnta:

Fíorú ex-ante na ngealltanas:

Déanann ceann aonaid AD agus Airgeadais na gealltanais uile in DG TAXUD a fhíorú. Dá thoradh sin, tá 100 % de na méideanna geallta cumhdaithe ag fíorú ex-ante. Tríd an nós imeachta seo tugtar leibhéal ard ráthaíochta maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart.

Fíorú ex-ante na n‑íocaíochtaí:

Déantar íocaíocht amháin ar a laghad (ó na catagóirí caiteachais uile) a roghnú in aghaidh na seachtaine d'fhíorú ex-ante a dhéanann ceann aonaid AD agus Airgeadais. Níl aon sprioc maidir le cumhdach, mar gurb é aidhm an fhíoraithe seo íocaíochtaí a sheiceáil 'go randamach' chun a fhíorú gur ullmhaíodh na híocaíochtaí uile i gcomhréir leis na ceanglais. Déantar na híocaíochtaí eile a phróiseáil de réir na rialacha atá i bhfeidhm ar bhonn laethúil.

Dearbhuithe na AOSD (Oifigigh Údarúcháin Fho-Tharmligthe):

Déanann na hOifigigh Údarúcháin Fho-Tharmlighte dearbhuithe a shíniú ina dtacaítear leis an Tuarascáil Gníomhaíochta Bhliantúil don bhliain lena mbaineann. Sna dearbhuithe cumhdaítear na hoibríochtaí faoin gclár. Dearbhaíonn na AOSD go bhfuil na hoibríochtaí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid curtha i gcrích i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, go dtugann na córais bhainistíochta agus rialaithe atá curtha ar bun ráthaíocht shásúil maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht na n‑idirbheart agus go ndearnadh na rioscaí a bhaineann leis na hoibríochtaí seo a shainaithint agus a thuairisciú go cuí agus go ndearnadh gníomhaíochtaí maolaithe a chur chun feidhme.

Trí na rialuithe a bunaíodh cumasaítear DG TAXUD ráthaíocht leordhóthanach a fháil maidir le cáilíocht agus rialtacht an chaiteachais agus an riosca neamhchomhlíonta a laghdú. Tá críochnúlacht an mheasúnaithe ar leibhéal a trí[52] i gcás Gníomhaíochtaí Comhpháirteacha agus leibhéal a ceathair[53] i gcás conarthaí soláthair. Trí na bearta maidir le straitéis rialaithe thuas laghdaítear na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann go nialas beagnach agus sroicheann sé na tairbhithe go léir. Dá ndéanfaí aon bhearta breise chun rioscaí a laghdú ní bheadh de thoradh air ach costais arda as compás agus ní bheartaítear amhlaidh ar an ábhar sin. Measann DG TAXUD nach bhfuil aon athruithe idir an clár atá beartaithe agus an clár atá ann faoi láthair ó thaobh rialaithe de agus cuirfidh sí an straitéis rialaithe chéanna i bhfeidhm do chlár 2020. Tá na costais arna dtabhú chun an straitéis rialaithe thuas a chur chun feidhme srianta do 2.60 % den bhuiséad agus táthar ag súil go bhfanfaidh siad ag an gcóimheas céanna.

Meastar go bhfuil straitéis rialaithe an chláir éifeachtúil chun an riosca neamhchomhlíonta a shrianadh go nialas beagnach agus go bhfuil sí comhréireach leis na rioscaí bainteacha.

2.3. Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe.

Sa bhreis ar na meicníochtaí smachta rialála a chur i bhfeidhm, ceapfaidh an DG straitéis frithchalaoise ar líne i gcomhréir le straitéis nua frithchalaoise an Choimisiúin (SFCC) arna glacadh an 24 Meitheamh 2011 chun a áirithiú inter alia go bhfuil a rialuithe inmheánach maidir le frithchalaois ag luí go hiomlán le SFCC agus go bhfuil a cur chuige maidir le bainistiú riosca calaoise dírithe ar réimsí ina bhfuil riosca calaoise a aithint agus ar fhreagairtí leormhaithe. I gcás inar gá, bunófar grúpaí líonraíochta agus uirlisí TF leormhaithe a bheidh tiomnaithe do chásanna calaoise a bhaineann le Clár FISCUS a anailísiú.

3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar

· Línte buiséid atá ann cheana

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir    [Tuairisc………………………...……….] || LD/LN ([54]) || ó thíortha an CSTE[55] || ó thíortha is iarrthóirí[56] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

|| || || || || ||

· Línte nua buiséid atá á n-iarraidh

In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil.

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht

Uimhir   [Ceannteideal………………………...……] || LD/LN || ó thíortha an CSTE || ó thíortha is iarrthóirí || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais

1 || 14.04.03 – FISCUS (Earnáil na Chustaim) || Difreáilte || NÍL || TÁ || NÍL || NÍL

1 || 14.04.04 – FISCUS (Earnáil an Chánachais) || Difreáilte || NÍL || TÁ || NÍL || NÍL

1 || 14.01.04.05 FISCUS – Caiteachas ar bhainistíocht riaracháin || Neamhdhifreáilte || NÍL || NÍL || NÍL || NÍL

3.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas[57] 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas

Ní áirítear i mbuiséad chlár FISCUS na costais a bhaineann le tabhairt isteach féideartha córas TF Eorpach nua, más rud é go gceanglaítear a leithéid, lena gcuirtear chun feidhme an togra maidir le Cáin ar Idirbhearta Airgeadais, i bhfianaise luathchéim an phróisis don togra maidir le Cáin ar Idirbhearta Airgeadais

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 1 || Fás Cliste agus Uilechuimsitheach

AS: TAXUD || || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Bliain 2021-2023 || IOMLÁN

Ÿ Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || ||

14.0403 || Oibleagáidí || (1) || 71.300 || 73.400 || 75.500 || 77.600 || 79.800 || 82.100 || 84.300 || || 544.000

Íocaíochtaí || (2) || 14.260 || 46.765 || 62.390 || 67.740 || 69.650 || 71.625 || 73.645 || 137.925 || 544.000

14.0404 || Oibleagáidí || (1a) || 33.100 || 33.100 || 33.100 || 33.200 || 33.200 || 33.200 || 33.300 || || 232.200

Íocaíochtaí || (2a) || 9.268 || 24.163 || 27.473 || 29.818 || 29.863 || 29.873 || 29.908 || 51.834 || 232.200

Leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú  ó chiste clár sonrach[58] || ||

14.010405 || || (3) || 0.200 || 0.200 || 0.200 || 0.200 || 0.200 || 0.200 || 0.200 || || 1.400

IOMLÁN leithreasaí i gcomhair DG TAXUD || Oibleagáidí || =1+1(a)+3 || 104.600 || 106.700 || 108.800 || 111.000 || 113.200 || 115.500 || 117.800 || || 777.600

Íocaíochtaí || =2+2(a)+3 || 23.728 || 71.128 || 90.063 || 97.758 || 99.713 || 101.698 || 103.753 || 189.759 || 777.600

Ÿ IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (4) || 104.400 || 106.500 || 108.600 || 110.800 || 113.000 || 115.300 || 117.600 || || 776.200

Íocaíochtaí || (5) || 23.528 || 70.928 || 89.863 || 97.558 || 99.513 || 101.498 || 103.553 || 189.759 || 776.200

Ÿ IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chiste clár sonrach || (6) || 0.200 || 0.200 || 0.200 || 0.200 || 0.200 || 0.200 || 0.200 || || 1.400

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 1 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || =4+ 6 || 104.600 || 106.700 || 108.800 || 111.000 || 113.200 || 115.500 || 117.800 || || 777.600

Íocaíochtaí || =5+ 6 || 23.728 || 71.128 || 90.063 || 97.758 || 99.713 || 101.698 || 103.753 || 189.759 || 777.600

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin"

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

DG: TAXUD ||

Ÿ Acmhainní daonna || 15.069 || 15.069 || 15.069 || 15.069 || 15.069 || 15.069 || 15.069 || 105.483

Ÿ Caiteachas riaracháin eile || 0.610 || 0.610 || 0.610 || 0.610 || 0.610 || 0.610 || 0.610 || 4.270

IOMLÁN DG TAXUD || || 15.679 || 15.679 || 15.679 || 15.679 || 15.679 || 15.679 || 15.679 || 109.753

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || 15.679 || 15.679 || 15.679 || 15.679 || 15.679 || 15.679 || 15.679 || 109.753

|| || || Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || Bliain 2021-2023 || IOMLÁN

IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || 120.279 || 122.379 || 124.479 || 126.679 || 128.879 || 131.179 || 133.479 || || 887.353

Íocaíochtaí || 39.407 || 86.807 || 105.742 || 113.437 || 115.392 || 117.377 || 119.432 || 189.759 || 887.353

An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí

– X  Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos:

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 ||  2018 || 2019 || 2020 || IOMLÁN

ASCHUIR

Saghas aschuir[59] || Meánchostas an aschuir || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon na n-aschur || Costas || Líon iomlán na n-aschur || Costas iomlán

Cuspóir Ginearálta: An margadh inmheánach a neartú tríd an Aontas Custaim agus na córais chánachais a fheabhsú agus trí chomhar idir tíortha rannpháirteacha, a riaracháin custaim agus chánachais, a n‑oifigigh agus saineolaithe seachtracha

Earnáil an Chustaim || || || || || || || || || || || || || || || ||

Acmhainní TF a fhorbairt || Líon Conarthaí TF || || Tuairim is 30 || 57.000 || || 59.100 || || 61.200 || || 63.300 || || 65.500 || || 67.800 || || 70.000 || || 443.900

Gníomhaíochtaí Comhpháirteacha || Líon imeachtaí arna n‑eagrú || || Tuairim is 450 || 11.500 || || 11.500 || || 11.500 || || 11.500 || || 11.500 || || 11.500 || || 11.500 || || 80.500

Acmhainní Daonna a fhorbairt || Líon na seisiún oiliúna || || le cinneadh || 2.800 || || 2.800 || || 2.800 || || 2.800 || || 2.800 || || 2.800 || || 2.800 || || 19.600

Fo-iomlán d'Earnáil an Chustaim || || 71.300 || || 73.400 || || 75.500 || || 77.600 || || 79.800 || || 82.100 || || 84.300 || || 544.000

Earnáil an Chánachais || || || || || || || || || || || || || || || ||

Acmhainní TF a fhorbairt || Líon Conarthaí TF || || Tuairim is 20 || 23.300 || || 23.300 || || 23.300 || || 23.300 || || 23.300 || || 23.300 || || 23.300 || || 163.100

Gníomhaíochtaí Comhpháirteacha || Líon imeachtaí arna n‑eagrú || || Tuairim is 260 || 8.500 || || 8.500 || || 8.500 || || 8.500 || || 8.500 || || 8.500 || || 8.500 || || 59.500

Acmhainní Daonna a fhorbairt || Líon na seisiún oiliúna || || le cinneadh || 1.300 || || 1.300 || || 1.300 || || 1.400 || || 1.400 || || 1.400 || || 1500 || || 9.600

Fo-iomlán d'earnáil an chánachais || || 33.100 || || 33.100 || || 33.100 || || 33.200 || || 33.200 || || 33.200 || || 33.300 || || 232.200

COSTAS IOMLÁN || || || || 104.400 || || 106.500 || || 108.600 || || 110.800 || || 113.000 || || 115.300 || || 117.600 || || 776.200

3.2.2. An tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin 3.2.2.1. Achoimre

– X  Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasaí de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil)

|| Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020 || IOMLÁN

CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || 15.069 || 15.069 || 15.069 || 15.069 || 15.069 || 15.069 || 15.069 || 105.483

Caiteachas riaracháin eile || 0.610 || 0.610 || 0.610 || 0.610 || 0.610 || 0.610 || 0.610 || 4.270

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 15.679 || 15.679 || 15.679 || 15.679 || 15.679 || 15.679 || 15.679 || 109.753

Lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 5[60] den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || || || || ||

Acmhainní daonna || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m.

Caiteachas eile de chineál riaracháin || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m.

Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m.

IOMLÁN || 15.679 || 15.679 || 15.679 || 15.679 || 15.679 || 15.679 || 15.679 || 109.753

3.2.2.2.  Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

– X  Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána (nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad)

|| Bliain 2014 || Bliain 2015 || Bliain 2016 || Bliain 2017 || Bliain 2018 || Bliain 2019 || Bliain 2020

Ÿ Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha)

14 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 97 || 97 || 97 || 97 || 97 || 97 || 97

14 01 01 02 (Toscaireachtaí) || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m.

14 01 05 01 (Taighde indíreach) || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m.

10 01 05 01 (Taighde díreach) || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m.

Ÿ Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[61]

14 01 02 01 (CA, INT, SNE ón "clúdach iomlánaíoch") || 26 || 26 || 26 || 26 || 26 || 26 || 26

14 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna toscaireachtaí) || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m.

14 01 04 05 [62] || - sa Cheanncheathrú[63] || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m.

- i dtoscaireachtaí || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m.

14 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde indíreach) || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m.

10 01 05 02 (CA, INT, SNE – Taighde díreach) || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m.

Línte buiséid eile (sonraigh) || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m. || p.m.

IOMLÁN || 123 || 123 || 123 || 123 || 123 || 123 || 123

Is é 14 an réimse beartais nó an teideal buiséid lena mbaineann.

Comhlíonfar na riachtanais acmhainní daonna trí fhoireann ón DG a bhfuil bainistíocht na gníomhaíochta faoina cúram cheana agus/nó atá ath-imlonnaithe taobh istigh den DG, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don DG atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Gníomhaíochtaí bainistíochta cláir, stricto senso[64], agus gníomhaíochtaí cur chun feidhme cláir amhail staidéir, forbairt, cothabháil agus oibriú córas TF Eorpacha.

Pearsanra seachtrach || Cúnamh do ghníomhaíochtaí cur chun feidhme cláir amhail staidéir, forbairt, cothabháil agus oibriú córas TF Eorpacha

3.2.3. Comhoiriúnacht don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha

– X  Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha.

3.2.4. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

– Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe

An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

– X  Níl tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam.

[1]               COIM(2011)500 críochnaitheach an 29 Meitheamh 2011, Buiséad don straitéis 'Eoraip 2020'.

[2]               COIM(2010) 2020 críochnaitheach an 3 Márta 2010: Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach.

[3]               In 2010, tháinig tuairim is 12.3% (EUR 15.7 billiún) de bhuiséad an AE as acmhainní dílse traidisiúnta. Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid, Tuarascáil théamach ar an straitéis um rialú custaim sna Ballstáit – Rialú acmhainní dílse traidisiúnta, lch. 3.

[4]               Meastóireacht lár téarma ar Fiscalis 2013: http://ec.europa.eu/taxation_customs/resources/documents/common/publications/studies/fiscalis2013_mid_term_report_en.pdf Meastóireacht lár téarma ar Chustam 2013: http://ec.europa.eu/taxation_customs/resources/documents/common/publications/studies/customs2013_mid_term_report_en.pdf

[5]               The future business architecture for the Customs Union and Cooperative Model in the Taxation Area in Europe, le Deloitte.

[6]               Miontuairiscí an 9ú cruinniú den choiste Fiscalis, an 3 Bealtaine 2011. Miontuairiscí an 9ú cruinniú den choiste Custaim, an 11 Aibreán 2011.

[7]               'Corais teicneolaíochta faisnéise tras-Eorpacha' a thugtaí orthu seo.

[8]               IO L 55, 28.2.2011, lch. 13

[9]               The Evaluation Partnership, meastóireacht lár téarma ar Chustam 2013, lch 72–80. RAMBOLL, meastóireacht lár téarma ar Fiscalis 2013, paragraif 268–305.

[10]             COIM(2010) 245 Críochnaitheach/2, Clár Oibre Digiteach don Eoraip.

[11]             COIM(2010) 546, an 6 Deireadh Fómhair 2010, Aontas na Nuálaíochta - Tionscnamh Suaitheanta de chuid Eoraip 2020.

[12]             COIM(2010) 682 an 23 Samhain 2010, Clár Oibre do Scileanna nua agus do Phoist.

[13]             COIM(2010) 614, Tionscnamh Suaitheanta de chuid Eoraip 2020 – Beartas Tionsclaíoch Comhtháite.

[14]             COIM (2011) 287, Margadh Aonair le haghaidh Ceart Maoine Intleachtúla – Cruthaitheacht agus nuálaíocht a neartú chun fás eacnamaíoch, poist ardcháilíochta agus táirgí agus seirbhísí den scoth a spreagadh san Eoraip.

[15]             COIM(2011) 0206 críochnaitheach.

[16]             COIM(2010) 612. Trádáil, Fás agus Cúrsaí Domhanda: an Beartas Trádála ina ghné lárnach de straitéis 2020 an AE.

[17]             COIM(2010) 673 críochnaitheach, an Bhruiséil, 22.11.2010, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – Straitéis Inmheánach Slándála an AE i mbun Gníomhaíochta: Cúig chéim i dtreo Eoraip níos sláine.

[18]             COIM(2010) 171 críochnaitheach, an Bhruiséil, 20.4.2010, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún: Limistéar saoirse, slándála agus ceartais do shaoránaiagh na hEorpa a bhaint amach – Plean Gníomhaíochta lena ndéantar Chlár Stócólm a chur chun feidhme.

[19]             IO C , , lch. .

[20]             COIM(2011) 500 críochnaitheach Cuid I.

[21]             COIM(2010) 2020.

[22]             IO L 347, 11.12.2006, lch.1.

[23]             IO L 316, 31.10.1992, lch. 21.

[24]             IO L 176, 5.7.2011, lch. 24.

[25]             IO L 283, 31.10.2003, lch. 51.

[26]             IO L 84, 31.3.2010, lch. 1.

[27]             COIM(2004) 373.

[28]             Le cur i gcrích.

[29]             COIM(2010) 700.

[30]             IO 28.2.2011 L 55-13

[31]             IO L 330, 15.12.2007, lch. 1.

[32]             IO L 154, 14.6.2007, lch. 25.

[33]             IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.

[34]             ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí.

[35]             Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.

[36]             COIM(2010) 2020 Críochnaitheach an 3 Márta 2010: Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach.

[37]             COIM(2010) 245 Críochnaitheach/2, Clár Oibre Digiteach don Eoraip.

[38]             COIM(2010) 546 Críochnaitheach, 6 October 2010) Aontas na Nuálaíochta - Tionscnamh Suaitheanta de chuid Eoraip 2020.

[39]             COIM(2010) 614, Tionscnamh Suaitheanta de chuid Eoraip 2020 – Beartas Tionsclaíoch Comhtháite.

[40]             COIM(2011) 0206 Críochnaitheach.

[41]             Arna ghlacadh ag an gComhairle in 2008 (2008/C 253/01).

[42]             COIM(2011) 467 Críochnaitheach, 13.4.2011. Forbhreithniú ar fhreagairtí do chomhairliúchán poiblí maidir leis an Teachtaireacht 'I dtreo Gnímh um Margadh Aonair (Towards a Single Market Act)'

[43]             http://ec.europa.eu/taxation_customs/resources/documents/customs/customs_controls/counterfeit_piracy/ statistics/statistics_2010.pdf.

[44]             Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid, Tuarascáil Théamach ar straitéis um rialú custaim sna Ballstáit – Rialú acmhainní dílse traidisiúnta, lch. 3.

[45]             COIM (2010)612, Trádáil, Fás agus Gnóthaí Domhanda (Trade, Growth and World Affairs), lch 12.

[46]             COIM(2010) 673 Críochnaitheach, an Bhruiséil, 22.11.2010, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Straitéis Inmheánach Slándála an AE i mbun Gníomhaíochta: Cúig chéim i dtreo Eoraip níos sláine (EU Internal Security Strategy in Action: Five steps toward a more secure Europe).

[47]             COIM(2010) 171 Críochnaitheach, an Bhruiséil, 20.4.2010, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún: Lena mbunaítear limistéar saoirse, slándála agus ceartais do shaoránaiagh na hEorpa – Plean Gníomhaíochta lena ndéantar Chlár Stócólm a chur chun feidhme (Delivering an area of freedom, security and justice for Europe's citizens — Action Plan Implementing the Stockholm Programme).

[48]             I COIM(2005) 124 an 6 Aibreán 2005 tá buiséad de EUR 745 milliún i gcreat airgeadais bliantúil 2007-2013.

[49]             Economisti Associati, Meastóireacht ar na Cláir 'Coireacht a Chosc agus a Chomhrac' (Prevention and Fight against Crime)' agus "Sceimhlitheoireacht agus Rioscaí eile a bhaineann le Cúrsaí Slándála a Chosc, Ullmhacht ina leith agus a nIarmhairtí a Bhainistiú (Prevention, preparedness and consequence management of terrorism and other security related risks)' , 2 Nollaig 2010. lch. 89.

[50]             Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html

[51]             Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais.

[52]             Críochnúlacht na rialuithe – leibhéal a trí: rialú ina bhfuil tagairt d'fhaisnéis chomhthacaíochta atá iomlán neamhspleách

[53]             Críochnúlacht na rialuithe – leibhéal a cearhar: rialú ina bhfuil tagairt don doiciméadacht taobh thiar de atá ar fáil ag céim an phróisis i gceist agus lenar n‑áiríter rochtain uirthí.

[54]             LD – Leithreasaí difreáilte / LN – Leithreasaí neamhdhifreáilte

[55]             CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.

[56]             Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí ó na Balcáin Thiar.

[57]             Sloinntear an caiteachas i bpraghsanna reatha.

[58]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[59]             Is ionann aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.).

[60]             Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde díreach a chur chun feidhme.

[61]             CA= Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta ("Intérimaire"); JED = "Jeune Expert en Délégation" (saineolaí óg i dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht;

[62]             Faoin uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").

[63]             Le haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach.

[64]             Tá líon na bpost a bhaineann le gníomhaíochtaí bainistíochta cláir stricto senso teoranta go 18.