/* COIM/2011/0697 leagan deireanach - 2009/0129 (COD) */ TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPAde bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaighmaidir leis an seasamh ón gComhairle maidir le Rialachán a ghlacadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le forálacha áirithe a bhaineann le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú an CGIM (An Coimisiún Ginearálta um Iascach Meánmhara)
2009/0129 (COD) TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh ón gComhairle maidir le Rialachán a ghlacadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le forálacha áirithe a bhaineann le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú an CGIM (An Coimisiún Ginearálta um Iascach Meánmhara) 1. CÚLRA An dáta a seoladh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COIM(2009)477 críochnaitheach – 2009/0129 (COD): | 16.09.2009. | An dáta a tugadh an tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: | 17.03.2010. | Dáta sheasamh Pharlaimint na hEorpa, ar an gcéad léamh: | 08.03.2011. | An dáta a seoladh an togra leasaithe: | 29.03.2011. | An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle: | 20.10.2011. | 2. CUSPÓIR AN TOGRA ÓN g COIMISIÚN Is é is aidhm don togra trasuí a dhéanamh i ndlí an AE ar mholtaí a glacadh faoi chuimsiú an Chomhaontaithe maidir le bunú an Choimisiúin Ghinearálta um Iascach Meánmhara (CGIM) agus Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle a leasú. Tá na bearta idirnáisiúnta caomhnaithe agus bainistíochta sin i bhfeidhm cheana agus ina gceangal ar an AE agus ar na Ballstáit. Dá ainneoin sin, is gá na bearta idirnáisiúnta sin a thrasuí chun go mbeidh siad infheidhme maidir le daoine nádúrtha nó daoine dlíthiúla ag leibhéal an AE agus chun deimhneacht dhlíthiúil chuige sin a áirithiú. 3. BARÚLACHA FAOIN SEASAMH ÓN g COMHAIRLE 3.1. Barúlacha ginearálta faoin seasamh ón gComhairle: Aontaíonn an Coimisiún gur cheart trasuí mholtaí nua an CGIM a bheith faoi réir ag an ngnáthnós imeachta reachtach ach bhí an Coimisiún den bharúil riamh gur cheart cumhachtaí tarmligthe a bheith dílsithe dó chun leasuithe ar bhearta atá ann cheana, ar a laghad, a thrasuí i ndlí an AE. Céim shuntasach is ea seasamh na Comhairle maidir le seasamh bunaidh an Choimisiúin, cé nach bhfreagraíonn sé go hiomlán dó. Chun tuilleadh moille a sheachaint i dtrasuí bhearta ceangailteacha an CGIM i ndlí an AE, moill a tharlódh de thoradh an dara léamh a bheith fada, is féidir tacú le seasamh na Comhairle. 3.2. Leasuithe a rinne Parlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh: – leasuithe a comhtháthaíodh i seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh: 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, 11, 13, 14, 15, 16, 17, 18, 19, 20, 21, 22, 23, 24, 25, 26, 27, 28, 29, 30, 31, 32, 33, 34, 35, 36, 37, 40, 45, 46, 50, 51 agus 52. – leasuithe nár comhtháthaíodh i seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh: leasuithe 41, 42, 43 agus 44, a bhaineann le tarmligean; leasú 26, a bhaineann leis an gcéad spriocdháta do tharchur liosta na dtrálaer grinnill ar an Muir Dhubh; leasú 47 agus leasú 13, a bhaineann leis na haithrisí ar ghníomhartha cur chun feidhme agus ar ghníomhartha tarmligthe faoi seach; leasuithe 48 agus 49 a bhaineann le gníomhartha cur chun feidhme. Ghlac an Chomhairle chuici na leasuithe sin go léir ón bParlaimint a bhí neamhchonspóideach agus í ag réiteach a Comhsheasaimh agus rinne athruithe breise chun toradh na tríalóige a bhí ann an 21 Meitheamh 2011 a chur san áireamh. Sainordaíodh do sheirbhísí dlí agus do dhlítheangeolaithe an dá institiúid na hathruithe ábhartha go léir a dhéanamh ar an téacs. Is éard atá sa doiciméad a tháinig as sin togra an Choimisiúin agus é modhnaithe i gcomhréir le leasuithe de chuid na Parlaiminte a comhaontaíodh agus toradh na tríalóige ar na saincheisteanna íogaire curtha san áireamh ann. 3.3. Forálacha nua a tugadh isteach leis an seasamh ón gComhairle agus ón gCoimisiúin: De thoradh iarratais ón Uachtaránacht, tá liosta curtha le chéile ag an gCoimisiún d'Airteagail a bhfuil gníomhartha cur chun feidhme oiriúnach dóibh: Airteagal 9 (faisnéis – tuarascáil ar ghníomhaíochtaí iascaigh), Airteagal 12(4) agus (6) (séasúir choiscthe), Airteagal 14 (bailiú sonraí), Airteagal 15(3) (íosmhéid mogaill sa Mhuir Dhubh), Airteagal 23 (comhar agus faisnéis) agus Airteagal 24(4) (maitrísí staitistiúla). Cuireadh an liosta in iúl le linn cruinnithe de Mheitheal na Comhairle an 16 Meitheamh 2011. Ní dhearnadh aon agóidí maidir leis an liosta sin le linn an tríú tríalóg neamhfhoirmiúil an 21 Meitheamh 2011. Is le seasamh reatha na Comhairle a tugadh isteach na sonraíochtaí sin, agus níl aon agóid ag an gCoimisiún ina gcoinne. Tá mionathruithe eile ann de thoradh an téacs a bheith athraithe ag dlí-theangeolaithe chun é a chur i gcomhréir leis na hathruithe a tháinig isteach le Conradh Liospóin agus leis na foclaíochtaí caighdeánacha atá bunaithe ar an Rialachán nua maidir leis an Nós Imeachta Coiste, Rialachán (CE) Uimh. 182/2011 ón gComhairle, agus ar an gComhthuiscint ar Ghníomhartha Tarmligthe. Rinneadh na haithrisí a chur in oiriúint d'inneachar deiridh fhorálacha oibríochtúla an Togra. Níl aon agóid ag an gCoimisiún i gcoinne na n-athruithe sin. 3.4. Na fadhbanna a bhain le glacadh an tseasaimh ag an gcéad léamh agus seasamh an Choimisiúin ina leith sin: Rinneadh togra an Choimisiúin a ullmhú agus a thíolacadh roimh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin. Dá bhrí sin, ba ghá na forálacha maidir leis an nós imeachta coiste a oiriúnú do Chonradh Liospóin trí fhoráil a dhéanamh maidir le gníomhartha cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagail 291 agus 290 den CFAE. Is é toradh a bhí air sin díospóireachtaí an-fhada. Bhí an Coimisiún den bharúil riamh gur cheart cumhachtaí tarmligthe a bheith dílsithe dó chun leasuithe ar bhearta atá ann cheana, ar a laghad, a thrasuí i ndlí an AE. 4. CONCLÚID Is féidir leis an gCoimisiún aontú le seasamh na Comhairle, ar toradh é ar phléití le Parlaimint na hEorpa, ar mhaithe leis an Rialachán a ghlacadh go luath. Mar sin féin, is ábhar imní don Choimisiún go bhfágfaidh na cumhachtaí teoranta atá tarmligthe dó ag na comhreachtóirí nach mbeidh sé ar chumas an AE trasuí a dhéanamh go tráthúil i ndlí an AE ar bhearta a bhunóidh an CGIM amach anseo, bearta lena n-athbhreithneofar nó lena dtabharfar cothrom le dáta bearta idirnáisiúnta caomhnaithe agus bainistíochta na heagraíochta sin. Uime sin, déanann an Coimisiún an dearbhú seo a leanas: Is ábhar imní don Choimisiún na cumhachtaí teoranta atá tarmligthe dó ag na comhreachtóirí agus nach mbeadh ar chumas an AE dá thoradh trasuí a dhéanamh go tráthúil i ndlí an AE ar bhearta a bhunóidh an CGIM amach anseo, a dhéanann bearta idirnáisiúnta caomhnaithe agus bainistíochta na heagraíochta seo a athbhreithniú nó a thabhairt suas chun dáta. Dá bhrí sin, féadfaidh an Coimisiún leasuithe a mholadh ar an Rialachán a mhéadódh an líon beart ba cheart a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe, sa chás go gcuirfí oiread sin moille ar an trasuí tríd an ngnáthnós imeachta reachtach gur bhaol nach mbeadh ar chumas an AE a oibleagáidí idirnáisiúnta a chomhlíonadh.