Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (drochúsáid mhargaidh) /* COIM/2011/0651 leagan deireanach - 2011/0295 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA Glacadh leis an Treoir maidir le Drochúsáid
Mhargaidh (MAD) 2003/6/CE[1]
go luath in 2003 agus tugadh creat cuimsitheach isteach leis an Treoir sin chun
tabhairt faoi chleachtais cúblála margaidh agus faoi dhéileáil chos istigh, dá
dtagraítear go comhpháirteach mar “dhrochúsáid mhargaidh”. Tá sé d’aidhm ag an
Treoir cur le muinín infheisteoirí agus sláine an mhargaidh trí thoirmeasc a
chur orthu siúd a bhfuil faisnéis ón taobh istigh acu trádáil a dhéanamh in ionstraimí
airgeadais bainteacha, agus trí thoirmeasc a chur ar chúbláil mhargaí trí
chleachtais amhail faisnéis bhréagach nó ráflaí a scaipeadh agus trádáil a
dhéanamh a dhaingníonn praghsanna ag leibhéal neamhghnách. Tá aird tarraingthe ar an
tábhacht a bhaineann le sláine an mhargaidh trí bhíthin na géarchéime
eacnamaíche agus airgeadais domhanda atá ann faoi láthair. Sa chomhthéacs seo,
d'aontaigh Grúpa an Fhichead (G20) maoirseacht agus rialáil airgeadais a neartú
agus creat de chaighdeáin arda arna n-aontú go hidirnáisiúnta a chur le chéile.
I gcomhréir le torthaí an G20, moladh sa tuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil um
Maoirseacht Airgeadais san AE nach mór go mbeadh creat gnó fónta, stuama maidir
le gnó a dhéanamh don earnáil airgeadais bunaithe ar chórais láidre
maoirseachta agus smachtbhannaí[2]. Ina theachtaireacht maidir le “Margaí díorthach
éifeachtúla, sábháilte agus fónta a áirithiú: Gníomhaíochtaí beartais sa
todhchaí”, ghlac an Coimisiún de cheangal air féin forálacha iomchuí MAD a
shíneadh d’fhonn margaí na ndíorthach a chumhdach go cuimsitheach[3]. Tá béim curtha freisin ar an
tábhacht a bhaineann le cumhdach éifeachtach a bheith ann maidir le
hidirbhearta thar an gcuntar i ndíorthaigh i bplé ag fóraim idirnáisiúnta
éagsúla lena n-áirítear an G20 agus IOSCO chomh maith leis an gclár um
Athchóiriú ar Rialáil Airgeadais Státchiste Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ina theannta sin, sa
Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hAcht um Ghnólachtaí Beaga don Eoraip,
iarrtar ar an Aontas agus ar Bhallstáit rialacha a dhearadh de réir an
phrionsabail “smaoinigh ar ghnóthais bheaga ar dtús” trí ualaí riaracháin a
laghdú, reachtaíocht a chur in oiriúint do riachtanais eisitheoirí, a bhfuil a
n-ionstraimí airgeadais ligthe isteach chun a dtrádála ar mhargaí fáis na bhFiontar
Beag agus Meánmhéide, agus rochtain na n-eisitheoirí sin ar mhaoiniú a éascú[4]. Tá athbhreithniú ar chumhachtaí smachtbhannaí reatha agus cur i
bhfeidhm praiticiúil na gcumhachtaí sin, atá dírithe ar chóineasú smachtbhannaí
ar feadh réimse na ngníomhaíochtaí maoirseachta a chur chun cinn, déanta sa
Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le smachtbhannaí san earnáil seirbhísí
airgeadais[5]. Tá measúnú déanta ag an gCoimisiún Eorpach ar chur
i bhfeidhm MAD agus tá roinnt fadhbanna aitheanta aige a bhfuil drochthionchar
acu ó thaobh sláine an mhargaidh agus cosaint na n-infheisteoirí de. Bíonn
éagothroime mar thoradh ar na fadhbanna sin, chomh maith le costais
chomhlíontachta agus dídhreasachtaí d’eisitheoirí, a ligtear a n-ionstraimí
isteach chun a dtrádála ar mhargaí fáis na bhFiontar Beag agus Meánmhéide, chun
caipiteal a shaothrú. Tá bearnaí i rialáil
ionstraimí thar an gcuntar, ardán agus margaí nua tagtha chun cinn mar thoradh
ar fhorbairtí teicneolaíocha, margaidh agus rialála. Ar an gcaoi chéanna, tá
bearnaí i rialáil tráchtearraí agus díorthach bainteach mar thoradh ar na
fachtóirí céanna. Ós rud é nach bhfuil faisnéis agus cumhachtaí áirithe ar fáil
do rialtóirí, agus nach bhfuil smachtbhannaí ann nó nach bhfuil siad sách
athchomhairleach, ní féidir le rialtóirí an Treoir a chun i bhfeidhm go
héifeachtach. Ar deireadh, tá iliomad roghanna agus discréidí in MAD, chomh
maith le heaspa soiléireachta maidir le príomhchoincheapa áirithe a bhaineann
an bonn ó éifeachtacht na Treorach. I bhfianaise na bhfadhbanna
thuas, tá sé d’aidhm ag an tionscnamh seo cur le sláine an mhargaidh agus
cosaint na n-infheisteoirí, leabhar rialacha aonair agus deis chothrom
iomaíochta a áirithiú agus cur le mealltacht na margaí urrúis i ndáil le
caipiteal a chruinniú. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE PÁIRTITHE
LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR Tá an tionscnamh seo mar thoradh ar
chomhairliúchán leathan leis na príomhpháirtithe leasmhara uile, lena n‑áirítear
údaráis phoiblí (rialtais agus rialtóirí urrús), eisitheoirí, idirghabhálaithe
agus infheisteoirí. Tugtar aird ann ar na tuarascálacha arna bhfoilsiú
ag Coiste na Rialtóirí um Urrúis Eorpacha ar chineál agus méid chumhachtaí
maoirseachta na mBallstát faoin Treoir um Dhrochúsáid Mhargaidh[6] agus ar roghanna agus ar
dhiscréidí chóras MAD atá in úsáid ag na Ballstáit[7]. Déantar tuarascáil ón Sainghrúpa Eorpach um Margaí
Urrús (ESME) a chur san áireamh freisin[8]
ina ndéantar measúnú ar éifeachtacht MAD maidir lena phríomhchuspóirí a bhaint
amach. Aithnítear laigí agus fadhbanna áirithe ann freisin, agus leagtar síos
feabhsuithe molta[9].
Reáchtáil an Coimisiún Eorpach comhdháil phoiblí
an 12 Samhain 2008 i ndáil leis an athbhreithniú ar an gcóras maidir le
drochúsáid mhargaidh[10].
An 20 Aibreán 2009, sheol an Coimisiún Eorpach glao ar fhianaise faoin
athbhreithniú ar an Treoir um Dhrochúsáid Mhargaidh. Fuair seirbhísí an
Choimisiúin 85 tuairisceán. Is féidir féachaint ar na tuairisceáin nach bhfuil
faoi rún ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin[11].
An 28 Meitheamh 2010 sheol an
Coimisiún comhairliúchán poiblí maidir leis an athbhreithniú ar an Treoir, agus
tháinig deireadh leis an comhairliúchán an 23 Iúil 2010[12]. Fuair
seirbhísí an Choimisiúin 96 barúil. Is féidir féachaint ar na barúlacha nach
bhfuil faoi rún ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin[13]. Tá achoimre in Iarscríbhinn 2
leis an tuarascáil ar mheasúnú tionchair.[14].
An 2 Iúil 2010, reáchtáil an Coimisiún comhdháil phoiblí eile maidir leis an
athbhreithniú ar an Treoir[15].
I gcomhréir lena bheartas "Rialáil Níos
Fearr", rinne an Coimisiún measúnú tionchair ar na roghanna beartais.
Bhain na roghanna beartas le rialáil a dhéanamh ar ionstraimí thar an gcuntar,
ardáin agus margaí nua, tráchtearraí agus díorthaigh bhainteacha,
smachtbhannaí, cumhachtaí údarás inniúil, soiléiriú ar phríomhchoincheapa agus
ualaí riaracháin a laghdú. Rinneadh gach rogha beartais a mheasúnú de réir na
gcritéar seo a leanas: an tionchar ar pháirtithe leasmhara, ar éifeachtacht
agus ar éifeachtúlacht. Beidh feabhsuithe suntasacha ar láimhseáil drochúsáide
margaidh laistigh den AE mar thoradh ar thionchar foriomlán na roghanna
beartais tosaigh go léir. Ar an gcéad dul síos, feabhsófar sláine an
mhargaidh agus cosaint infheisteoirí trí shoiléiriú a thabhairt maidir leis na
margaí agus na hionstraimí airgeadais a chumhdaítear, agus áiritheofar leis sin
go gcumhdaítear ionstraimí arna ligean isteach chun a dtrádála ar shaoráid
trádála iltaobhach (MTF) amháin agus cineálacha nua saoráidí trádála eagraithe
(OTF) eile. Ina theannta sin feabhsóidh na roghanna tosaíochta an chosaint i
gcoinne na drochúsáide margaidh trí bhíthin díorthach tráchtearraí trí
thrédhearcacht fheabhsaithe an mhargaidh. Ina theannta sin, áiritheofar leo brath níos fearr
ar dhrochúsáid mhargaidh trí na cumhachtaí is gá a chur ar fáil d’údaráis
inniúla chun imscrúduithe a dhéanamh agus chun an díspreagadh a bhaineann le
córais smachtbhannaí a fheabhsú trí phrionsabail íosta a thabhairt isteach i
ndáil le bearta riaracháin nó smachtbhannaí. Ceanglaíonn
an togra do Threoir [XX] go dtabharfaí isteach smachtbhannaí coiriúla freisin. Beidh cur chuige níos
comhtháite ann i ndáil le drochúsáid mhargaidh mar thoradh ar na roghanna
tosaíochta freisin, ós rud é go laghdófar na roghanna agus na discréidí do
Bhallstáit agus go dtabharfar córas comhréireach isteach d’eisitheoirí a
ligtear a n‑ionstraimí airgeadais isteach chun a dtrádála ar mhargadh
fáis na bhFiontar Beag agus Meánmhéide. Ar an iomlán, táthar ag súil
go gcuirfidh na roghanna beartais tosaíochta le sláine fheabhsaithe na margaí
airgeadais. Beidh dea-thionchar aige sin ar mhuinín infheisteoirí, rud a
chuirfidh le cobhsaíocht airgeadais na margaí airgeadais a thuilleadh. Bhuail seirbhísí Ard-Stiúrthóireacht MARKT leis an
mBord um Measúnú Tionchair an 23 Feabhra 2011. Rinne an Bord anailís ar an
Measúnú Tionchair sin agus seachadadh tuairim an Bhoird an 25 Feabhra 2011. I
rith an chruinnithe sin, thug comhaltaí an Bhoird roinnt barúlacha do
sheirbhísí Ard-Stiúrthóireacht MARKT maidir le bealaí chun feabhas a chur ar
inneachar an Mheasúnaithe Tionchair agus rinneadh roinnt modhnuithe ar an téacs
dá bharr sin. Is iad sin: –
Soiléiriú ar an gcaoi a ndearnadh meastóireacht ar
fheidhmíocht na reachtaíochta reatha agus ar an tionchar a d’imir torthaí na
meastóireachta ar an anailís a rinneadh ar an bhfadhb; –
Meastacháin bunaithe ar fhianaise maidir leis an
dochar foriomlán do gheilleagar na hEorpa mar thoradh ar chleachtais
drochúsáide sna margaí atá á mbreithniú, agus maidir leis na sochair
fhoriomlána mheasta a bhaineann leis na roghanna beartais tosaíochta, le gach
caveat is gá maidir le léirmhíniú na meastachán sin; –
Soiléiriú sa chás bunlíne maidir leis na bealaí ina
bhfuil an Treoir um Dhrochúsáid Mhargaidh á comhlánú ag rialacháin airgeadais
bhainteacha eile; –
Soiléiriú maidir le hinneachar roghanna beartais áirithe
agus cur i láthair feabhsaithe ar na pacáistí roghanna tosaíochta, chomh maith
le measúnú ar na tionchair fhoriomlána atá ag na pacáistí roghanna tosaíochta,
agus sineirgíochtaí nó comhbhabhtálacha idir roghanna éagsúla, i gcás ina
bhfuil ann dóibh, á gcur san áireamh; –
Anailís níos comhréirí ar na bearta is costasaí sa
mheasúnú ar na costais agus na hualaí riaracháin; –
Achoimrí beachta níos soiléire a chur ar fáil sa
phríomhthéacs maidir le measúnuithe ar thionchair roghanna beartais i dtéarmaí
ceart bunúsach, go háirithe sna réimsí a bhaineann le cumhachtaí
imscrúdaitheach agus smachtbhannaí; –
Bonn cirt feabhsaithe maidir leis na cúiseanna go
bhfuil comhfhogasú an dlí choiriúil fíor-riachtanach do bheartas éifeachtach AE
maidir le drochúsáid mhargaidh, bunaithe ar staidéir agus ar fhianaise ó
Bhallstáit maidir le héifeachtacht smachtbhannaí coiriúla, chomh maith le
hachoimre ar na freagairtí don Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le córais
smachtbhannaí san earnáil seirbhísí airgeadais a threisiú; agus –
Cur i láthair níos soiléire sa phríomhthéacs ar
dhearcthaí na bpáirtithe leasmhara, lena n-áirítear infheisteoirí
institiúideacha agus aonair, maidir leis na roghanna beartais. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA 3.1. Bunús dlí Tá an togra bunaithe ar Airteagal 114 den CFAE
toisc gurb é sin an bunús is iomchuí le haghaidh Rialacháin sa réimse seo.
Meastar go bhfuil Rialachán ar an ionstraim dlí is iomchuí chun sainiú a
dhéanamh ar an gcreat maidir le drochúsáid mhargaidh san Aontas. Laghdófar
castacht rialála mar thoradh ar infheidhmeacht dhíreach Rialacháin agus
cuirfear deimhneacht dhlíthiúil níos fearr ar fáil dóibh siúd atá faoi réir na
reachtaíochta ar fud an Aontais, tabharfar sraith rialacha lárnacha
comhchuibhithe isteach agus cuirfear le feidhmiú an Mhargaidh Aonair. 3.2. Coimhdeacht agus
comhréireacht I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta
(Airteagal 5.3 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh), ní féidir
beart a dhéanamh ar leibhéal an Aontais mura féidir leis na Ballstáit na
haidhmeanna atá beartaithe a bhaint amach go leormhaith as a stuaim féin agus
gurbh fhearr, i ngeall ar scála nó ar éifeachtaí na gníomhaíochta atá
beartaithe, iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais. Cé go bhfuil impleachtaí
tábhachtacha do gach Ballstát ar leith ag na fadhbanna a luaitear thuas, ní
féidir a dtionchar iomlán a thuiscint i gceart ach i gcomhthéacs trasteorann.
Is é is cúis leis sin gur féidir le drochúsáid mhargaidh tarlú aon áit a bhfuil
an ionstraim sin liostaithe, nó á díol thar an gcuntar, fiú i margaí seachas
bunmhargadh na hionstraime lena mbaineann. Tá an‑bhaol ann, dá bhrí sin,
go dtiocfar timpeall ar na freagairtí náisiúnta ar dhrochúsáid mhargaidh nó go
mbeidh siad mí-éifeachtach ceal gníomhaíochta ar leibhéal an AE. Ina theannta sin, tá cur chuige comhsheasmhach
fíor-riachtanach chun arbatráiste rialála a sheachaint. Ós rud é go bhfuil an
cheist sin cuimsithe cheana féin ag an acquis MAD reatha, is trí
iarracht chomhchoiteann is fearr a láimhseálfar na fadhbanna arna n‑aibhsiú
thuas. I bhfianaise an méid sin, is léir gurb iomchuí gníomhaíocht ar leibhéal
an Aontais maidir le prionsabal na coimhdeachta. Faoi phrionsabal na comhréireachta, éilítear go
mbeadh aon idirghabháil spriocdhírithe agus nach rachadh sí níos faide ná mar
is gá chun na cuspóirí a bhaint amach. Bhí an prionsabal sin mar threoir don
phróiseas idir aithint agus meastóireacht a dhéanamh ar roghanna beartais
malartacha go dréachtú an togra seo. 3.3. Comhlíonadh
Airteagal 290 agus Airteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh Ar an 23 Meán Fómhair 2009, ghlac an Coimisiún
tograí le haghaidh Rialachán lena mbunaítear ÚBE, EIOPA, agus an ESMA [16]. I dtaca leis sin is mian leis
an gCoimisiún a thabhairt chun cuimhne na Ráitis maidir le hAirteagal 290 agus
le hAirteagal 291 de Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a rinne sé ag
glacadh na Rialachán lenar bunaíodh na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha agus a
thug an méid seo a leanas le fios: “Maidir leis an
bpróiseas chun glacadh le caighdeáin rialála, leagann an Coimisiún béim ar
charachtar uathúil earnáil na seirbhísí airgeadais, a leanann as struchtúr
Lamfalussy agus dar tugadh aitheantas go sainráite i nDearbhú 39 leis an
gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Mar sin féin, tá Coimisiún
an-amhrasach faoi cibé an bhfuil na srianta ar a ról le linn dó gníomhartha
tarmligthe agus bearta cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal
290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh”. 3.4. Míniú mionsonraithe ar an
togra 3.4.1. . Caibidil I (Forálacha
Ginearálta) 3.4.1.1. Rialú margaí nua, saoráidí
trádála agus ionstraimí airgeadais thar an gcuntar Tá MAD bunaithe ar an gcoincheap toirmeasc a chur
ar dhéileáil chos istigh nó ar chúbláil mhargaidh in ionstraimí airgeadais a
ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte. Ó glacadh Treoir
MiFID[17],
tá breis trádála déanta ar ionstraimí airgeadais ar MTFanna, ar chineálacha
eile saoráidí trádála eagraithe, amhail saoráidí forfheidhmithe babhtála nó
córais trasnaithe bróicéara, nó trádáilte thar an gcuntar amháin. Tá breis
iomaíochta curtha ar fáil ag na hionaid agus na saoráidí trádála nua sin don
mhargadh rialáilte reatha, rud a bhaineann amach sciar leachtachta níos mó agus
a mheallann réimse níos leithne infheisteoirí. Bhí sé níos deacra faireachán a
dhéanamh ar dhrochúsáid mhargaidh fhéideartha mar gheall ar an méadú trádála in
ionaid éagsúla. Dá bhrí sin, leathnaíonn an Rialachán raon feidhme an chreata
um dhrochúsáid mhargaidh a bhaineann le haon ionstraim airgeadais lena nglactar
chun trádáil ar MTF nó ar OTF chomh maith le haon ionstraimí gaolmhara
airgeadais arna dtrádáil thar an gcuntar a fhéadann dul i bhfeidhm ar an
mbunmhargadh atá cumhdaithe. Tá sé seo riachtanach
chun aon arbatráiste rialála a sheachaint i measc ionad trádála, chun a
áirithiú go gcaomhnaítear cosaint infheisteoirí agus sláine na margaí le deis
chothrom iomaíochta san Aontas ar fad, agus chun a áirithiú go dtoirmeasctar go
soiléir cúbláil mhargaidh na n-ionstraimí airgeadais den sórt sin trí
dhíorthaigh arna dtrádáil thar an gcuntar, amhail CDS. 3.4.1.2. 1Rialáil na ndíorthach
tráchtearraí agus na gconarthaí gaolmhara spot‑tráchtearraí Tá spotmhargaí agus margaí gaolmhara díorthach
idirnasctha go mór agus féadfaidh drochúsáid mhargaidh tarlú ar fud na margaí sin.
Ardaíonn sé seo imní ar leith i leith spotmhargaí mar baineann na rialacha
reatha maidir le trédhearcacht agus sláine an mhargaidh le margaí airgeadais
agus díorthach amháin, agus ní bhaineann siad leis na spotmhargaí gaolmhara. Ní
hé cuspóir an Rialacháin seo na spotmhargaí sin a rialú go díreach. Go deimhin,
ba cheart aon idirbheart nó iompraíocht atá laistigh de na margaí
neamhairgeadais sin amháin a bheith lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo
agus a bheith faoi réir rialála sonraí agus earnála agus maoirseachta mar a
fhoráiltear dóibh i réimse an fhuinnimh trí thogra an Choimisiúin le haghaidh
Rialacháin maidir le maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh fuinnimh
(REMIT)[18].
Mar sin féin, ba cheart don Rialachán na hidirbhearta nó na hiompraíochtaí sna
spotmhargaí sin a bhfuil baint agus tionchar acu ar mhargaí airgeadais nó
díorthach atá laistigh dá raon feidhme a chuimsiú. Go háirithe, faoin MAD
reatha, d’fhéadfadh an easpa sainmhínithe atá soiléir agus ceangailteach ar
fhaisnéis ón taobh istigh maidir le margaí díorthach tráchtearraí
neamhshiméadrachtaí faisnéise a cheadú i dtaca leis na spotmhargaí gaolmhara
sin. Fágann sé seo, faoin gcreat reatha um dhrochúsáid mhargaidh, go bhféadtar
go bhfuil níos lú cosanta ag infheisteoirí i ndíorthaigh tráchtearraí ná mar
atá ag infheisteoirí i ndíorthaigh mhargaí airgeadais toisc go bhféadfadh duine
leas a bhaint as faisnéis ón taobh istigh i spotmhargadh trína bheith ag
trádáil ar mhargadh díorthach gaolmhar. Mar gheall air sin, ba cheart go ndéanfaí
an sainmhíniú ar fhaisnéis ón taobh istigh i ndáil le díorthaigh tráchtearraí a
chomhfhogasú don sainmhíniú ginearálta ar fhaisnéis ón taobh istigh, rud a
leathnódh é chuig faisnéis phraghas-íogair atá ábhartha do chonradh an
spot-tráchtearra ghaolmhair, agus don díorthach féin freisin. Leis seo,
áiritheofar deimhneacht dhlíthiúil agus faisnéis níos fearr d’infheisteoirí.
Thairis sin, ní thoirmeascann MAD ach aon chúbláil a shaobhann praghas
ionstraimí airgeadais. Ós rud é go bhféadtar idirbhearta áirithe sna margaí
díorthach a úsáid chun praghas na spotmhargaí gaolmhara a chúbláil freisin,
agus go bhféadtar idirbhearta sna spotmhargaí a úsáid chun margaí díorthach a
chúbláil, ba cheart go leathnófaí an sainmhíniú ar chúbláil mhargaidh sa
Rialachán chun na cineálacha seo de chúbláil thras-mhargaidh a chuimsiú
freisin. I gcás sonrach na dtáirgí mórdhíola fuinnimh, déanfaidh na húdaráis
inniúla agus an ESMA comhoibriú le ACER agus le húdaráis rialála náisiúnta na
mBallstát lena áirithiú go nglacfar cur chuige atá comhordaithe maidir le
forghníomhú na rialacha ábhartha a bhaineann le hionstraimí airgeadais agus le
táirgí mórdhíola fuinnimh. Go háirithe, ba cheart do na húdaráis inniúla
saintréithe sonracha na sainmhínithe de [Rialachán (AE) Uimh. ... ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh
Mhórdhíola Fuinnimh] a chur san áireamh nuair a chuireann siad na sainmhínithe
ar an bhfaisnéis ón taobh istigh, ar dhéileáil chos istigh agus ar chúbláil
mhargaidh sa Rialachán seo i bhfeidhm maidir le hionstraimí airgeadais a
bhaineann le táirgí fuinnimh mórdhíola. 3.4.1.3. Cúbláil Mhargaidh trí thrádáil
algartamach agus ardmhinicíochta Tá méadú forleathan ar úsáid mhodhanna
uathoibrithe trádála amhail trádáil algartamach nó trádáil ardmhinicíochta sna
margaí airgeadais. Is é atá i gceist le trádáil den sórt sin ná cinneadh á
dhéanamh ag algartaim ríomhaire maidir le hordú a chur nó gan é a chur agus/nó
maidir le gnéithe d’fheidhmiú an ordaithe. Tugtar trádáil ardmhinicíochta (HFT)
ar chineál sonrach trádála algartamaí. Níl HFT ina straitéis ann féin go
hiondúil, ach is ionann é agus úsáid teicneolaíochta atá an‑sofaisticiúil
chun straitéisí traidisiúnta trádála amhail straitéisí arbatráiste agus
straitéisí déanta margaidh a chur chun feidhme. Cé go bhfuil an chuid is mó de
straitéisí algartamacha agus de straitéisí HFT dlisteanach, tá straitéisí
uathoibrithe ar leith atá sainaitheanta ag rialtóirí ar dhóigh dóibh a bheith
ina ndrochúsáid mhargaidh dá n-úsáidfí iad. Mar shampla, áirítear leis seo
straitéisí amhail luachana a chur isteach agus a tharraingt siar go gasta ina
dhiaidh sin, srathú agus fioscaireacht. Tá an sainmhíniú ar chúbláil mhargaidh
sa Treoir um Dhrochúsáid Mhargaidh an‑leathan agus féadfar é a chur i bhfeidhm
ar iompraíocht éagórach, is cuma cén meán a úsáidtear le haghaidh trádála. Mar
sin féin, is iomchuí samplaí ar leith de straitéisí ina n‑úsáidtear
trádáil algartamach agus trádáil ardmhinicíochta a thagann laistigh den
toirmeasc i gcoinne na cúblála margaidh a shonrú a thuilleadh sa Rialachán seo.
Trí straitéisí éagóracha a shainaithint a thuilleadh, áiritheofar cur chuige
atá comhsheasmhach maidir le faireachán agus forghníomhú ag údaráis inniúla. 3.4.1.4. Iarracht ar chúbláil mhargaidh Ós rud é nach gcuimsíonn MAD iarrachtaí ar
chúbláil mhargaidh, chun cúbláil mhargaidh a chruthú, tá gá le rialtóirí le
léiriú gur cuireadh ordú nó gur cuireadh idirbheart i bhfeidhm. Mar sin féin,
tá cásanna ina ndéanann duine céimeanna agus ina bhfuil fianaise shoiléir faoi
intinn chun an margadh a chúbláil, ach nach bhfuil an t‑ordú curtha
iontu, ná nach bhfuil an t-ordú curtha i bhfeidhm. Toirmeasctar sa Rialachán go
sainráite iarrachtaí ar chúbláil mhargaidh a chuirfidh le sláine an mhargaidh. Bhí gnéithe d’iarracht ar iompraíocht chúblála sa
sainmhíniú atá ann cheana féin ar dhéileáil chos istigh. Déanfar iad seo a
bhaint amach agus cáileofar iarracht ar dhéileáil chos istigh mar chion ar
leithligh. 3.4.1.5. Lamháltais astaíochtaí Déanfar lamháltais astaíochtaí a athaicmiú mar
ionstraimí airgeadais mar chuid den athbhreithniú ar an Treoir maidir le margaí
in ionstraimí airgeadais. Dá thoradh sin tiocfaidh siad faoi raon feidhme an
chreata um dhrochúsáid mhargaidh. Cé go mbeadh feidhm ag an gcuid is mó de
bhearta faoin gcóras um dhrochúsáid mhargaidh i leith na lamháltas astaíochtaí
gan oiriúnú, beidh gá le roinnt forálacha a choigeartú i gcomaoin nádúr sonrach
na n-ionstraimí seo agus i gcomaoin na ngnéithe struchtúracha den mhargadh seo.
Go háirithe, murab ionann agus an chuid is mó d’aicmithe ionstraimí airgeadais,
ní fhéadtar nochtadh faisnéise ón taobh istigh, chomh maith le dualgais a
bhaineann le liostaí daoine ar an taobh istigh agus le hidirbhearta
bainisteoirí, a sheoladh go héifeachtach chuig eisitheoir na lamháltas
astaíochtaí ar a bhfuil freagrachtaí as forbairt agus cur chun feidhme
bheartais aeráide an Aontais. Cibé ar bith, tá d’oibleagáid ar na húdaráis
phoiblí atá i gceannas (lena n-áirítear an Coimisiún) nochtadh cothrom agus
neamh-idirdhealaitheach agus rochtain ar chinntí, fhorbairtí agus shonraí nua a
áirithiú. Thairis sin, níor cheart go mbeadh na Ballstáit, an Coimisiún Eorpach
ná comhlachtaí eile atá ainmnithe go hoifigiúil teoranta ag na dualgais atá
leagtha síos ag an gcóras um dhrochúsáid mhargaidh agus iad ag saothrú bheartas
aeráide an Aontais. Dá bhrí sin, tugtar isteach sainmhíniú ar leith ar
fhaisnéis ón taobh istigh le haghaidh lamháltas astaíochtaí. Cuirfear an
oibleagáid chun faisnéis ón taobh istigh a nochtadh ar na rannpháirtithe sa
mhargadh lamháltas astaíochtaí, mar is iad siúd a bheidh i seilbh na faisnéise
ábhartha atá oiriúnach do nochtadh ad-hoc nó do nochtadh tréimhsiúil.
Bhainfeadh tairseach (a bheadh curtha in iúl i dtéarmaí astaíochtaí nó ionchuir
theirmigh nó teaglaim díobh sin) atá sainmhínithe i ngníomh tarmligthe as raon
feidhme na hoibleagáide faoi Airteagal 12 (agus Airteagal 13 agus Airteagal 14
freisin) gach ceann de na haonáin sin nach mbeadh tionchar ábhartha acu ar
bhonn aonair ar phraghasmhúnlú na lamháltas astaíochtaí nó ar na rioscaí
(iarmhartacha) a bhaineann le déileáil chos istigh. Faoi dheireadh, i ngeall ar aicmiú lamháltas
astaíochtaí mar ionstraimí airgeadais faoin MiFID is féidir na bearta um
dhrochúsáid margaidh maidir le ceantáil lamháltas astaíochtaí a chur i leabhar
rialacha aonair agus i gcomhpháirt leis an gcóras ginearálta in aghaidh
drochúsáide margaidh i gcás an mhargaidh thánaistigh. 3.4.2. Caibidil II (Déileáil Chos
Istigh agus Cúbláil Mhargaidh) 3.4.2.1. Faisnéis ón taobh istigh Is féidir mí-úsáid a bhaint as faisnéis ón taobh
istigh sula mbíonn eisitheoir faoi oibleagáid í a nochtadh. D'fhéadfadh sé go
mbeadh staid na n‑idirbheartaíochtaí, téarmaí arna gcomhaontú go
sealadach in idirbheartaíochtaí conartha, an fhéidearthacht ionstraimí airgeadais
a láithriú, na coinníollacha faoina margófar ionstraimí airgeadais, nó téarmaí
sealadacha le haghaidh láithriú ionstraimí airgeadais ina bhfaisnéis ábhartha
le haghaidh infheisteoirí. Ar an ábhar sin, ba cheart an fhaisnéis sin a mheas
mar fhaisnéis ón taobh istigh. Mar sin féin, d'fhéadfadh nach mbeadh an
fhaisnéis sin beacht go leor chun go mbeadh an t‑eisitheoir faoi
oibleagáid í a nochtadh. Sna cásanna sin, ba cheart feidhm a bheith ag an
toirmeasc ar dhéileáil chos istigh, ach ní ceart feidhm a bheith ag an
oibleagáid ar an eisitheoir maidir leis an bhfaisnéis a nochtadh. 3.4.2.2. Deis chothrom iomaíochta i
measc ionad agus saoráidí trádála maidir le drochúsáid mhargaidh a chosc agus a
bhrath. I ngeall ar an méadú ar thrádáil ionstraimí ar fud
ionad éagsúil, tá sé níos deacra faireachán a dhéanamh ar dhrochúsáid
fhéideartha mhargaidh. De réir an MiFID, féadann oibreoirí margaidh nó
gnólachtaí infheistíochta MTFanna a fheidhmiú. Beidh feidhm ag na hoibleagáidí
faireacháin atá in Airteagal 26 den MiFID ina leith freisin. Mar sin féin, níl
feidhm ag an oibleagáid in Airteagal 6 den Treoir um Dhrochúsáid Mhargaidh chun
forálacha struchtúracha a ghlacadh atá dírithe ar chleachtais cúblála margaidh
a chosc agus a bhrath ach i leith oibreoirí margaidh amháin. Tá sé mar aidhm ag
an Rialachán deis chothrom iomaíochta a áirithiú i measc na n‑ionad agus
na saoráidí trádála ar fad atá laistigh dá raon feidhme trí éileamh orthu na
bearta struchtúracha is gá a ghlacadh atá dírithe ar chleachtais cúblála
margaidh a chosc agus a bhrath. 3.4.3. Caibidil III (Ceanglas maidir
le nochtadh) 3.4.3.1. Nochtadh poiblí faisnéise ón
taobh istigh Éilítear in Airteagal 6(1) de MAD go ndéanann
eisitheoirí ionstraimí airgeadais faisnéis ón taobh istigh a bhaineann go
díreach leis na heisitheoirí siúd a chur in iúl don phobal chomh luath agus is
féidir. Ceadaítear i mír 2 do na heisitheoirí siúd an nochtadh poiblí a
mhoilliú faoi choinníollacha sonracha. Faoin Rialachán, éileofar ar eisitheoirí
a gcinneadh ar nochtadh na faisnéise ón taobh istigh a mhoilliú a chur in iúl
do na húdaráis inniúla láithreach tar éis nochta den sórt sin a dhéanamh. Is
leis an eisitheoir a fhanann an fhreagracht as measúnú a dhéanamh ar cé acu an
bhfuil údar cuí le moill den sórt sin nó nach bhfuil. Trí bhíthin na
féidearthachta do na húdaráis inniúla, nuair is iomchuí, imscrúdú ex post a
dhéanamh ar cé acu ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh i ndáiríre na
coinníollacha sonracha leis an moill, méadófar cosaint infheisteoirí agus
sláine an mhargaidh. Mar sin féin, más rud é go bhfuil tábhacht chórasach ag
baint le faisnéis ón taobh istigh agus go bhfuil sé chun leas an phobail moill
a chur ar fhoilsiú na faisnéise sin, beidh sé de chumhacht ag na húdaráis
inniúla moill den sórt sin a cheadú ar feadh tréimhse teoranta ar mhaithe le
leas an phobail níos leithne maidir le cobhsaíocht an chórais airgeadais a
chothabháil agus chun na caillteanais a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh, mar
shampla, ar theip an eisitheora lena bhfuil tábhacht shistéamach a sheachaint. 3.4.3.2. Liostaí daoine ar an taobh
istigh Tá liostaí daoine ar an taobh istigh ina n-uirlis
thábhachtach d’údaráis inniúla agus iad ag déanamh imscrúdú ar dhrochúsáid
fhéideartha mhargaidh. Tá sé mar aidhm ag an Rialachán deireadh a chur le
difríochtaí náisiúnta a d’fhorchuir ualaí neamhriachtanacha riaracháin ar
eisitheoirí go dtí seo, trí fhoráil a dhéanamh go sainmhíneofaí na sonraí
beachta atá le cur san áireamh i liostaí den sórt sin i ngníomhartha tarmligthe
agus trí chaighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna nglacadh ag an
gCoimisiún. 3.4.3.3. Ceanglais maidir le nochtadh
d’eisitheoirí a ligtear a n-ionstraimí airgeadais isteach chun a dtrádála ar
mhargadh fáis na bhFiontar Beag agus Meánmhéide. Gan dochar do na cuspóirí a bhaineann le sláine agus
trédhearcacht na margaí airgeadais a chaomhnú agus le hinfheisteoirí a
chosaint, cuirtear an creat um dhrochúsáid mhargaidh in oiriúint do
shaintréithe agus riachtanais na n-eisitheoirí a ligtear a n-ionstraimí
airgeadais isteach chun a dtrádála ar mhargaí fáis na bhFiontar Beag agus
Meánmhéide (FBM). Tríd an gcreat nua um dhrochúsáid
mhargaidh den Rialachán a chur i bhfeidhm ar bhealach neamhdhifreálach le gach
margadh fáis FBM, d’fhéadfaí eisitheoirí ar na margaí sin a dhíspreagadh ó
chaipiteal a chruinniú ar na margaí caipitil. Tá raon feidhme agus méid ghnó na
n-eisitheoirí sin níos teoranta agus bíonn na teagmhais as a n-eascraíonn an gá
a bhíonn le faisnéis ón taobh istigh a nochtadh níos teoranta de ghnáth ná iad
siúd de chuid eisitheoirí níos mó. Éilítear sa Rialachán ar na heisitheoirí sin
faisnéis ón taobh istigh a nochtadh ar bhealach modhnaithe agus simplithe atá
sainiúil don mhargadh. Féadann na margaí fáis FBM sin faisnéis ón taobh istigh
den sórt sin a fhoilsiú, ar son na n-eisitheoirí sin, i gcomhréir le hinneachar
caighdeánaithe agus formáid chaighdeánaithe arna sainiú i gcaighdeáin
theicniúla chur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún. Tá na heisitheoirí
sin díolmhaithe freisin, faoi choinníollacha áirithe, ón oibleagáid maidir le liostaí
daoine ar an taobh istigh a choinneáil agus a thabhairt cothrom le dáta ar
bhonn leanúnach, agus baineann siad leas as an tairseach nua maidir le
hidirbhearta bainisteora a luaitear thíos a thuairisciú. 3.4.3.4. Idirbhearta bainisteora a
thuairisciú Soiléirítear leis an Rialachán raon na
n-oibleagáidí tuairiscithe i ndáil le hidirbhearta bainisteora. Fónann na
tuairiscí seo d’fheidhmeanna tábhachtacha trí chosc a chur ar bhainisteoirí a
bheith páirteach i dtrádáil chos istigh agus trí fhaisnéis úsáideach a
sholáthar don mhargadh faoi thuairim an bhainisteora maidir le gluaiseacht
praghsanna scaireanna na n-eisitheoirí. Soiléirítear leis an Rialachán gur gá
tuairisc a thabhairt do na húdaráis inniúla ar aon idirbheart arna dhéanamh ag
duine ag feidhmiú discréide thar ceann bhainisteoir an eisitheora, nó trína
ngeallann an bainisteoir a scaireanna nó trína dtugann sé ar iasacht iad, agus
is gá an tuairisc sin a chur ar fáil don phobal. Ina theannta sin, tugtar
isteach tairseach EUR 20 000 leis, atá aonfhoirmeach sna Ballstáit go léir,
lena spreagtar an oibleagáid chun idirbhearta an bhainisteora sin a
thuairisciú. 3.4.4. Caibidil IV (An ESMA agus
Údaráis Inniúla) 3.4.4.1. Cumhachtaí na nÚdarás Inniúil Faoi Airteagal 12(2)(b) de MAD, tá sé de chumhacht
ag údaráis inniúla éileamh ar aon duine faisnéis a sholáthar. Tá bearna
faisnéise ann, áfach, do spotmhargaí tráchtearraí, sa chás nach bhfuil aon
rialacha trédhearcachta ná oibleagáidí tuairiscithe ann do rialtóirí earnála,
más ann dóibh. Leis an gcumhacht chun faisnéis a iarraidh ó aon duine, is
iondúil go mbíonn rochtain ag údaráis inniúla ar an bhfaisnéis ar fad a bhíonn
de dhíth le haghaidh amhras faoi dhrochúsáid fhéideartha mhargaidh a imscrúdú.
D’fhéadfaí, áfach, nach leor an fhaisnéis seo, go háirithe mura bhfuil ann
d’aon údarás earnála chun maoirseacht a dhéanamh ar na spotmhargaí tráchtearraí
seo. Ceadaítear leis an Rialachán d’údaráis inniúla rochtain a fháil ar shonraí
leanúnacha trína éileamh go gcuirtear sonraí dá leithéid go díreach faoina
mbráid i bhformáid shonraithe. Trí rochtain a fháil ar chórais
spot-tráchtearraí trádálaithe margaidh, tá údaráis inniúla in ann faireachán a
dhéanamh ar shreafaí sonraí fíor-ama freisin. Chun críche cásanna déileála cos istigh agus
cúblála margaidh a bhrath, ní mór an fhéidearthacht a bheith ag údaráis inniúla
rochtain a fháil ar áitribh phríobháideacha agus doiciméid a urghabháil. Tá an
rochtain ar áitribh phríobháideacha tábhachtach go háirithe i gcás: (i) ina
mhainníonn an duine ar éilíodh faisnéis uaidh cheana (go hiomlán nó i go
páirteach) an t-éileamh sin a chomhlíonadh; (ii) i gcás ina bhfuil forais
réasúnacha ann le go gcreidfí nach gcomhlíonfaí an t‑éileamh sin dá
ndéanfaí é, nó go ndéanfaí an doiciméad nó an fhaisnéis lena mbaineann an t‑éileamh
ar fhaisnéis a bhaint, a chrioscaíleadh nó a scriosadh. Cé go ndéanann na
dlínsí uile foráil maidir le rochtain ar aon doiciméad faoi láthair, níl sé de
chumhacht ag na húdaráis inniúla uile dul isteach in áitribh phríobháideacha
agus doiciméid a urghabháil. Dá thoradh sin, tá an baol ann nach bhfuil teacht
ag na húdaráis inniúla ar fhianaise thábhachtach agus riachtanach, agus dá réir
sin, fanann cásanna déileála cos istigh agus cúblála margaidh gan bhrath agus
gan phionós. Sa chomhthéacs seo, tá sé tábhachtach luigh air go bhféadfadh sé
gurb ionann an rochtain sin ar áitribh phríobháideacha agus sárú ceart bunúsach
maidir le hurraim don saol príobháideach agus do shaol an teaghlaigh mar a
aithnítear faoi seach in Airteagal 7 den Chairt um Chearta Bunúsacha an
Aontais Eorpaigh. Tá sé fíor-riachtanach go mbeidh aon teorannú air
comhoiriúnach go hiomlán le hAirteagal 52 den Chairt. Dá bhrí sin, ba
cheart nach mbeadh sé de chumhacht ag údarás inniúil Ballstáit dul isteach in
áitribh phríobháideacha chun doiciméid a urghabháil ach amháin nuair atá údarú
faighte aige roimh ré ó údarás breithiúnach an Bhallstáit lena mbaineann i
gcomhréir leis an dlí náisiúnta agus i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann go
bhféadfadh doiciméid a bhaineann le hábhar na cigireachta a bheith ábhartha
chun a chruthú gur cás déileála cos istigh nó cúblála margaidh atá ann ag sárú
an Rialacháin seo nó na Treorach seo (MAD nua). Tá feidhm ag an toirmeasc ar
dhéileáil chos istigh agus ar chúbláil mhargaidh maidir le gach duine. Dá bhrí
sin, ní foláir do na húdaráis inniúla rochtain a fháil ar fhaisnéis, ní hé
amháin faisnéis atá i seilbh gnólachtaí infheistíochta ach faisnéis atá i
seilbh na ndaoine sin féin agus ar fhaisnéis a bhaineann le hiompraíocht na
ndaoine sin arna coimeád i mbunachair sonraí ag cuideachtaí neamhairgeadais. Is
ionann taifid atá ann cheana de thrácht teileafóin agus de thrácht sonraí ó
ghnólachtaí infheistíochta a dhéanann idirbhirt, agus taifid atá ann cheana de
thrácht teileafóin agus de thrácht sonraí ó oibreoirí teileachumarsáide agus
fianaise thábhachtach chun déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh a
chruthú agus a bhrath. D'fhéadfadh sé go ndéanfadh taifid de thrácht teileafóin
agus de thrácht sonraí céannnacht duine atá freagrach as faisnéis bhréagach nó mhíthreorach
a scaipeadh a shuigh. Bíonn formhór na gcásanna déileála cos istigh agus
cúblála margaidh ag brath ar ghníomhaíochtaí beirte nó níos mó, ag aistriú
faisnéise nó ag comhordú a ngníomhaíochtaí. D'fhéadfaí a shuigh trí thaifid de
thrácht teileafóin agus de thrácht sonraí go bhfuil caidreamh ann idir duine a
bhfuil rochtain aige ar fhaisnéis ón taobh istigh agus gníomhaíocht trádála
amhrasach duine eile, nó chun nasc a shuigh idir gníomhaíocht trádála
chlaonpháirteach beirte. Go háirithe meastar rochtain ar thaifid de thrácht
teileafóin agus de thrácht sonraí ó oibreoirí teileachumarsáide mar cheann de
na ceisteanna is tábhachtaí chun cúraimí imscrúdúcháin agus forghníomhaithe
chomhaltaí an CESR a chomhlíonadh[19].
Go deimhin, is mír fianaise tábhachtach é an rochtain ar thaifid de thrácht
teileafóin agus de thrácht sonraí chun a shuigh cibé ar aistríodh nó nár
aistríodh faisnéis ón taobh istigh ó phríomhdhuine ar an taobh istigh chuig
duine atá ag trádáil leis an bhfaisnéis seo ón taobh istigh, agus uaireanta is
é an t-aon mhír fianaise amháin atá ann. Mar shampla,
bheadh na sonraí seo ina bhfianaise i gcás ina ndéanann comhalta boird de chuid
cuideachta atá i seilbh fianaise ón taobh istigh faisnéis ón taobh istigh a
aistriú trí theileafón chuig cara, chuig gaol nó chuig ball teaghlaigh, duine a
dhéanfadh idirbheart amhrasach ina dhiaidh sin bunaithe ar an bhfaisnéis ón
taobh istigh a fuarthas. D'fhéadfadh an rialtóir na taifid de thrácht
teileafóin agus de thrácht sonraí ó oibreoirí teileachumarsáide a úsáid chun a
léiriú gur chuir an príomhdhuine ar an taobh istigh glaoch ar chara nó ar ghaol
leis/léi go gearr sular chuir an duine sin glaoch ar a bhróicéir chun a rá
leis/léi idirbheart amhrasach a dhéanamh. Bheadh na taifid de thrácht
teileafóin agus de thrácht sonraí ó oibreoirí teileachumarsáide ina bhfianaise
de nasc a d'fhéadfaí a úsáid mar fhianaise chun an cás a cheadú nach mbraithfí
riamh dá n‑uireasa. Sampla eile ná nuair a dhéantar teachtaireacht
bhréagach nó mhíthreorach a chur ar taispeáint ar chlár fógraí Idirlín chun
difear a dhéanamh do phraghas ionstraime airgeadais. Is féidir le taifid de
thrácht teileafóin agus de thrácht sonraí a úsáid chun an t‑údar a
shainaithint. Ina theannta sin, is féidir leis na taifid sin fianaise a
sholáthar go bhfuil nasc ann le duine eile a rinne idirbhearta amhrasacha roimh
ré nó tar éis sin chun a chruthú go ndearnadh cúbláil mhargaidh trí fhaisnéis
bhréagach nó mhíthreorach a scaipeadh. Sa chomhthéacs seo, tá sé tábhachtach
deis chothrom iomaíochta a thabhairt isteach sa mhargadh inmheánach i ndáil le
rochtain a thabhairt d'údaráis inniúla ar thaifid atá ann cheana de thrácht
teileafóin agus de thrácht sonraí atá i seilbh oibreora teileachumarsáide nó
gnólacht infheistíochta. Dá bhrí sin, ba cheart d'údaráis inniúla a bheith
ábalta taifid atá ann cheana de thrácht teileafóin agus de thrácht sonraí a
éileamh, i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann go bhféadfadh na taifid sin a
bhaineann le hábhar na cigireachta a bheith ábhartha chun déileáil chos istigh
nó cúbláil mhargaidh a chruthú mar atá sainithe sa Rialachán seo nó sa MAD nua.
Ba cheart é bheith soiléir freisin nach mbainfidh na taifid seo mar sin féin le
hinneachar na teachtaireachta lena mbaineann siad. Ós rud é go bhféadann drochúsáid mhargaidh tarlú
thar theorainneacha agus thar mhargaí éagsúla, tá ról láidir comhordúcháin ag
an ESMA agus éilítear ar údaráis inniúla comhoibriú agus faisnéis a mhalartú le
húdaráis inniúla eile agus, más infheidhme maidir le díorthaigh tráchtearraí,
leis na húdaráis rialála atá freagrach as na spotmhargaí bainteacha, laistigh
den Aontas agus i dtríú tíortha. 3.4.5. Caibidil V (Smachtbhannaí
riaracháin) 3.4.5.1. Smachtbhannaí Is minice anois a bhíonn margaí airgeadais
comhtháite san Aontas agus féadann éifeachtaí trasteorann san Aontas a bheith
ag cionta. Cothaíonn na córais éagsúla smachtbhannaí atá ann i measc Ballstát
arbatráiste rialála agus cuireann siad isteach ar bhunchuspóirí shláine an
mhargaidh agus thrédhearcacht an mhargaidh laistigh den Mhargadh Aonair do
sheirbhísí airgeadais. I measúnú a rinneadh ar na córais náisiúnta atá curtha
ar bun, mar shampla, léiríodh go bhfuil an-éagsúlacht ann idir leibhéil na
smachtbhannaí airgid i measc na mBallstát, nach bhfuil cumhachtaí tábhachtacha
áirithe smachtbhannaí ar fáil do roinnt údarás inniúil agus nach bhféadann
roinnt údarás inniúil smachtbhannaí a chur ar dhaoine nádúrtha dlítheanacha.[20] Dá bhrí sin, tugtar isteach
leis an Rialachán rialacha íosta maidir le bearta, smachtbhannaí agus
fíneálacha riaracháin. Ní chuireann an méid seo cosc
ar Bhallstáit aonair caighdeáin níos airde a shocrú. Éascaítear leis an
Rialachán aisíoc aon bhrabús i gcás ina sainaithnítear iad, úis san áireamh,
agus, le haghaidh éifeacht iomchuí dhíspreagthach a áirithiú, tugtar isteach
fíneálacha ar gá dóibh bheith níos mó ná aon bhrabús a fuarthas ná aon
chaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar shárú an Rialacháin seo, agus ní mór
gurb iad na húdaráis inniúla a chinneann na fíneálacha, i bhfianaise na
bhfíricí agus na gcúinsí. Ina theannta sin, tá éifeacht dhíspreagthach níos
láidre ag smachtbhannaí coiriúla ná bearta ná smachtbhannaí riaracháin. Leis an
togra le haghaidh Threoir (XX), tugtar isteach an ceanglas do na Ballstáit go
léir smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a bhunú
do na cionta is tromchúisí i leith na déileála cos istigh agus na cúblála
margaidh. Cuirfear san áireamh na forálacha a
bhunaítear sa Rialachán seo, lena n-áirítear bearta ionchasacha cur chun
feidhme, agus an Treoir sin á cur i bhfeidhm. Féadfaidh na sainmhínithe a
úsáidtear chun críocha na Treorach a bheith difriúil leis na sainmhínithe a
úsáidtear chun críocha an Rialacháin seo, áfach. 3.4.5.2. Cosaint agus dreasachtaí do
sceithirí D’fhéadfadh sceithireacht a bheith ina foinse
úsáideach bunfhaisnéise agus d’fhéadfaí údaráis inniúla a chur san airdeall ar
chásanna de dhrochúsáid mhargaidh amhrasta trína bíthin. Sa Rialachán seo,
cuirtear feabhas ar an gcreat um dhrochúsáid mhargaidh san Aontas, agus tugtar
isteach leis cosaint iomchuí do sceithirí a thuairiscíonn drochúsáid mhargaidh
amhrasta, an fhéidearthacht maidir le dreasachtaí do dhaoine a sholáthraíonn
d’údaráis inniúla faisnéis shuntasach a bhfuil smachtbhanna airgeadaíochta mar
thoradh uirthi, agus feabhsuithe ar fhorálacha Ballstát maidir le fógraí
sceithireachta a fháil agus a athbhreithniú. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Baineann impleachtaí buiséadacha sonracha an togra
leis an gcúram a leithdháiltear ar an ESMA de réir mar atá sonraithe sna ráitis
airgeadais reachtacha a ghabhann leis an togra seo. Déantar impleachtaí
buiséadacha sonracha don Choimisiún a mheasúnú sa ráiteas airgeadais a ghabhann
leis an togra seo. Tá impleachtaí ag an togra seo do bhuiséad an
Chomhphobail. 2011/0295 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil
mhargaidh (drochúsáid mhargaidh) (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe d’Airteagal 114 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[21], Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[22], Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais
Eorpach[23], Ag féachaint don tuairim ón Maoirseoir Eorpach
ar Chosaint Sonraí, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós
imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Tá fíor-mhargadh aonair le
haghaidh seirbhísí airgeadais ríthábhachtach i gcomhair an fháis eacnamaíoch
agus chun poist a chruthú san Aontas. (2) Teastaíonn sláine mhargaidh ó
mhargadh airgeadais atá comhtháite agus éifeachtach. Is réamhriachtanais ar son
an fháis eacnamaíoch agus an tsaibhris iad feidhmiú cothrom na margaí urrús
agus iontaoibh an phobail i margaí. Déanann drochúsáid mhargaidh dochar do
shláine na margaí airgeadais agus d’iontaoibh an phobail in urrúis agus i
ndíorthaigh. (3) I dTreoir 2003/6/CE[24] ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (drochúsáid
mhargaidh), a glacadh an 28 Eanáir 2003, comhlánaíodh agus nuashonraíodh creat
dlíthiúil an Aontais um shláine an mhargaidh a chosaint. Ba cheart an Treoir a
ionadú anois, áfach, mar gheall ar na forbairtí reachtaíochta, margaidh agus
teicneolaíocha ó shin a raibh athruithe suntasacha ar chúinsí airgeadais mar
thoradh orthu, chun a áirithiú go mbogfaidh sí ar aghaidh leis na forbairtí
seo. Tá gá le hionstraim nua reachtaíochta freisin chun rialacha aonfhoirmeacha
agus soiléireacht choincheap ríthábhachtach a áirithiú, mar aon le leabhar
rialacha aonair atá ar aon dul le cinntí an Ghrúpa Ardleibhéil um Maoirseacht
Airgeadais.[25]. (4) Tá gá le
creat aonfhoirmeach a bhunú chun sláine an mhargaidh a chaomhnú agus chun
arbatráiste ionchasach rialála a sheachaint agus chun breis cinnteachta
dlíthiúla, agus níos lú castachta rialála, a sholáthar do rannpháirtithe sa
mhargadh. Tá an gníomh dlí sin infheidhme go díreach agus tá sé d’aidhm aige
cur le feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh ar bhealach cinntitheach agus
ba cheart, dá bhrí sin, go mbunófaí é ar fhorálacha Airteagal 114 den CFAE,
arna léiriú i gcomhréir le cásdlí comhsheasmhach Chúirt Bhreithiúnais an
Aontais Eorpaigh. (5) Chun
deireadh a chur leis na constaicí atá fágtha fós in aghaidh trádála agus le
deireadh a chur saobhadh suntasach ar iomaíocht de thoradh dibhéirsithe idir
dlíthe náisiúnta agus chun cosc a chur le constaicí breise a d’fhéadfadh a
bheith ann in aghaidh trádála agus le haon saobhadh suntasach ar an iomaíocht,
tá sé riachtanach Rialachán a ghlacadh lena mbunófar rialacha aonfhoirmeacha a
bheidh infheidhme i ngach Ballstát. Dá ndéanfaí ceanglais maidir le drochúsáid
mhargaidh a chumadh i bhfoirm Rialacháin, ba cheart go n‑áiteodh sin go
mbeadh na ceanglais sin infheidhme go díreach. Ba
cheart don chumadh sin dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú trí chosc a chur ar
cheanglais éagsúla náisiúnta de thoradh ar threoir a thrasuíomh. Ba cheart go
mbeadh mar thoradh ar an Rialachán seo go mbeadh na rialacha céanna á leanúint
ag gach duine ar fud an Aontais. Lena chois sin, ba cheart don Rialachán
castacht rialála agus costais comhlíonta gnólachtaí a laghdú, go mór mór i gcás
gnólachtaí atá ag feidhmiú ar bhonn trasteorann, agus cabhrú le deireadh a chur
le saobhadh iomaíochta. (6) Sa teachtaireacht ón
gCoimisiún maidir le “hAcht um Ghnólachtaí Beaga don Eoraip"[26] iarrtar ar an Aontas agus ar
Bhallstáit rialacha a dhearadh chun ualaí riaracháin a laghdú, reachtaíocht a
chur in oiriúint do riachtanais na n-eisitheoirí ar mhargaí fáis le haghaidh
fiontar beag agus meánmhéide agus rochtain na n-eisitheoirí sin ar mhaoiniú a
éascú. Forchuirtear i roinnt forálacha i dTreoir
2003/6/CE ualaí riaracháin ar eisitheoirí, go háirithe orthu siúd a ligtear a
n-ionstraimí airgeadais isteach chun a dtrádála ar mhargaí fáis na bhFiontar
Beag agus Meánmhéide, ar cheart iad a laghdú. (7) Is í drochúsáid mhargaidh an
coincheap a chuimsíonn an iompraíocht neamhdhleathach ar fad sna margaí
airgeadais agus, chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart go dtuigfí gurbh é
atá ann ná déileáil chos istigh nó mí-úsáid faisnéise ón taobh istigh agus
cúbláil mhargaidh. Cuireann iompraíochtaí den saghas
seo cosc ar thrédhearcacht iomlán cheart an mhargaidh, atá ina réamhriachtanas
trádála do na gníomhaithe eacnamaíocha go léir i margaí comhtháite airgeadais. (8) I raon feidhme Threoir
2003/6/CE, díríodh ar ionstraimí airgeadais a ligtear isteach iad chun a
dtrádála ar mhargaí rialáilte ach, le blianta beaga anuas, is minice a bhíonn
ionstraimí airgeadais á dtrádáil ar shaoráidí trádála iltaobhacha (MTFanna). Tá
ionstraimí airgeadais freisin a thrádáiltear ar chineálacha eile saoráidí
trádála eagraithe (OTFanna) amháin, amhail córais trasnaithe bróicéara, nó a
dtrádáiltear thar an gcuntar amháin iad. Mar sin de, ba cheart raon feidhme an
Rialacháin seo a leathnú ionas go gcuirfí san áireamh leis aon ionstraim
airgeadais a thrádáiltear ar MTF nó ar OTF, chomh maith le hionstraimí
airgeadais a thrádáiltear thar an gcuntar, amhail, mar shampla, babhtálacha
mainneachtana creidmheasa, nó aon iompraíocht nó aon bheart atá in ann tionchar
a imirt ar ionstraim airgeadais den saghas sin a thrádáiltear ar mhargadh
rialáilte, MTF nó OTF. Ba cheart go gcuirfeadh an
méid sin feabhas ar chosaint infheisteoirí, go gcaomhnódh sé sláine na margaí
agus go n-áiritheodh sé go mbeadh toirmeasc soiléir ar chúbláil mhargaidh
ionstraimí dá leithéid trí bhíthin ionstraimí airgeadais arna dtrádáil thar an
gcuntar. (9) D’fhéadfadh cobhsú ionstraimí
airgeadais nó trádáil i scaireanna dílse i gcláir aischeannaigh a bheith
dlisteanach, i gcásanna áirithe, ar chúiseanna eacnamaíocha agus, dá bhrí sin,
níor cheart amharc orthu iontu féin mar dhrochúsáid mhargaidh. (10) Níor cheart Ballstáit agus an
Córas Eorpach Banc Ceannais, an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais,
bainc cheannais náisiúnta agus gníomhaireachtaí nó aonáin sainchuspóireacha
eile de cheann amháin de na Ballstáit nó níos mó, mar aon leis an Aontas agus
comhlachtaí poiblí áirithe eile, a shrianadh agus bainistíocht airgeadaíochta,
ráta malairte nó fiachais phoiblí nó beartas aeráide á dhéanamh acu. (11) Bunaíonn infheisteoirí
réasúnacha a gcinntí infheistíochta ar fhaisnéis atá ar fáil dóibh cheana féin,
is é sin, ar fhaisnéis ex ante atá ar fáil. Dá bhrí
sin, i dtaobh na ceiste, agus cinneadh infheistíochta á dhéanamh ag
infheisteoir réasúnach ar dhócha go gcuirfeadh sé mír áirithe faisnéise san
áireamh, ba cheart an cheist a mheas ar bhonn na faisnéise ex ante a bheadh ar
fáil. Ba cheart a chur san áireamh ina leithéid de mheasúnú tionchar
réamh-mheasta na faisnéise i bhfianaise ghníomhaíocht bhainteach an eisitheora
ina hiomláine, iontaofacht na foinse faisnéise agus aon athróg eile sa mhargadh
ar dhócha go mbeadh tionchar acu ar na hionstraimí airgeadais, ar na conarthaí
gaolmhara spot-tráchtearraí, nó ar na táirgí ceantáilte bunaithe ar na
lamháltais astaíochtaí sna himthosca ar leith. (12) Is féidir faisnéis ex post a
úsáid chun an toimhde go raibh an fhaisnéis ex ante íogair ó thaobh phraghas de
a sheiceáil, ach níor cheart í a úsáid chun gníomh a dhéanamh i gcoinne daoine
a bhain conclúidí réasúnacha as faisnéis ex ante a bhí ar fáil acu. (13) Ba cheart deimhneacht
dhlíthiúil le haghaidh rannpháirtithe sa mhargadh a fheabhsú trí shainmhíniú
níos cruinne a thabhairt ar dhá cheann de na gnéithe riachtanacha le haghaidh
an tsainmhínithe ar fhaisnéis ón taobh istigh, mar atá, cineál cruinn na
faisnéise sin agus tábhacht an tionchair a d'fhéadfadh a bheith aici ar
phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais, na gconarthaí spot-tráchtearraí, nó na
dtáirgí ceantáilte bunaithe ar na lamháltais astaíochtaí. Maidir le díorthaigh ar táirgí mórdhíola fuinnimh iad, ba
cheart go háirithe faisnéis a gceanglaítear a nochtadh de réir Rialachán
[Rialachán (AE) Uimh... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le
Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Fuinnimh Mhórdhíola] a mheas mar
fhaisnéis ón taobh istigh. (14) Is féidir mí-úsáid a bhaint as faisnéis ón taobh istigh sula mbíonn an t‑eisitheoir
faoi oibleagáid í a nochtadh. Is féidir mí-úsáid a bhaint as faisnéis ón
taobh istigh sula mbíonn eisitheoir faoi oibleagáid í a nochtadh. D'fhéadfadh
sé go mbeadh staid na n‑idirbheartaíochtaí, téarmaí arna gcomhaontú go
sealadach in idirbheartaíochtaí conartha, an fhéidearthacht ionstraimí
airgeadais a láithriú, na coinníollacha faoina margófar ionstraimí airgeadais,
nó téarmaí sealadacha le haghaidh láithriú ionstraimí airgeadais ina bhfaisnéis
ón taobh istigh ina bhfaisnéis ábhartha le haghaidh infheisteoirí. Ar an ábhar
sin, ba cheart an fhaisnéis sin a mheas mar fhaisnéis ón taobh istigh. Mar sin
féin, d'fhéadfadh nach mbeadh an fhaisnéis sin beacht go leor chun go mbeadh an
t‑eisitheoir faoi oibleagáid í a nochtadh. Sna cásanna sin, ba cheart
feidhm a bheith ag an toirmeasc ar dhéileáil chos istigh, ach ní ceart feidhm a
bheith ag an oibleagáid ar an eisitheoir maidir leis an bhfaisnéis a nochtadh. (15) Tá spotmhargaí agus margaí
gaolmhara na ndíorthach idirnasctha go mór agus is margaí domhanda iad freisin.
D’fhéadfadh drochúsáid mhargaidh tarlú thar mhargaí chomh maith le thar
theorainneacha. Is fíor é sin maidir le déileáil chos istigh agus le cúbláil
mhargaidh. Go háirithe, is féidir fhaisnéis ón taobh istigh ó spotmhargadh dul
chun tairbhe duine atá ag trádáil ar mhargadh airgeadais. Dá bhrí sin, ba
cheart go gcuirfí an sainmhíniú ginearálta ar fhaisnéis ón taobh istigh i ndáil
le margaí airgeadais agus le díorthaigh tráchtearraí i bhfeidhm ar gach
faisnéis atá ábhartha ó thaobh an tráchtearra lena mbaineann. Ina theannta sin,
féadfaidh straitéisí cúblála leathnú freisin thar spotmhargaí agus thar mhargaí
díorthach. Is féidir trádáil in ionstraimí airgeadais, lena n‑áirítear
díorthaigh tráchtearraí, a úsáid chun conarthaí spot-tráchtearraí gaolmhara a
chúbláil, agus is féidir conarthaí spot-tráchtearraí a úsáid chun ionstraimí
airgeadais gaolmhara a chúbláil. Ba cheart go
gcuimseofaí idirnascálacha den sórt seo sa toirmeasc ar chúbláil mhargaidh. Mar
sin féin, ní bheadh sé iomchuí nó indéanta raon feidhme an Rialacháin a leathnú
le go gcuimseodh sé iompraíocht nach mbaineann le hionstraimí airgeadais, mar
shampla, trádáil i gconarthaí spot-tráchtearraí nach mbeadh tionchar aici ach
ar an spotmhargadh. I gcás sonrach na dtáirgí mórdhíola fuinnimh, ba cheart do
na húdaráis inniúla saintréithe sonracha na sainmhínithe de [Rialachán (AE)
Uimh. ... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Sláine agus
Trédhearcacht an Mhargaidh Mhórdhíola Fuinnimh] a chur san áireamh nuair a
chuireann siad na sainmhínithe ar an bhfaisnéis ón taobh istigh, ar dhéileáil
chos istigh agus ar chúbláil mhargaidh sa Rialachán seo i bhfeidhm maidir le
hionstraimí airgeadais a bhaineann le táirgí fuinnimh mórdhíola. (16) De thoradh aicmiú na lamháltas
astaíochtaí mar ionstraimí airgeadais mar chuid den athbhreithniú ar an Treoir
maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais, tiocfaidh na hionstraimí sin faoi
raon feidhme an Rialacháin seo freisin. Agus aird á
tabhairt do nádúr sonrach na n‑ionstraimí sin agus do ghnéithe
struchtúracha an mhargaidh carbóin, is gá a áirithiú nach mbeidh gníomhaíocht
na mBallstát, an Choimisiúin Eorpaigh agus comhlachtaí oifigiúla ainmnithe eile
maidir le lamháltais astaíochtaí srianta maidir le beartas aeráide an Aontais a
shaothrú. Ina theannta sin ba cheart go mbeadh sé de dhualgas ar rannpháirtithe
uile an mhargaidh sin i gcoitinne faisnéis ón taobh istigh a nochtadh. Dá
ainneoin sin, chun nochtadh an mhargaidh do thuairisciú nach bhfuil úsáideach a
sheachaint agus chun cost-éifeachtúlacht an bhirt dá fhoráiltear a choimeád, is
dealraitheach gur gá tionchar rialála an dualgais sin a theorannú d’oibreoirí
Scéim an AE maidir le Trádáil Astaíochtaí, a bhféadfaí a bheith ag súil go
réasúnta leis go mbeadh tionchar suntasach acu ar phraghas na lamháltas astaíochtaí
de bhua a méid agus ngníomhaíochtaí, agus do na hoibreoirí sin amháin. Sa chás
go bhfuil dualgais choibhéiseacha um nochtadh faisnéise ón taobh istigh, go
háirithe de bhun an Rialacháin maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh
fuinnimh (Rialachán (AE) Uimh... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Mhórdhíola Fuinnimh), á
gcomhlíonadh cheana féin ag rannpháirtithe sa mhargadh lamháltas astaíochtaí,
níor cheart go ndéanfaí nochtuithe éigeantacha ina bhfuil an t-ábhar beagnach
mar an gcéanna faoi dhó mar thoradh ar an dualgas chun faisnéis ón taobh istigh
maidir le lamháltais astaíochtaí a nochtadh. (17) Rialachán an Choimisiúin (AE)
Uimh. 1031/2010 ón gComhairle an 12 Samhain 2010, maidir le huainiú, riarachán
agus gnéithe eile a bhaineann le ceantáil lamháltas astaíochtaí gáis cheaptha
teasa de bhun Threoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
lena mbunaítear scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gáis cheaptha
teasa laistigh den Chomhphobal[27] go mbeadh dhá chóras chomhthreomhara ann
maidir le drochúsáid mhargaidh a bheadh infheidhme maidir le ceantanna
lamháltas astaíochtaí. Mar sin féin, mar thoradh ar aicmiú na lamháltas
astaíochtaí mar ionstraimí airgeadais, ba cheart go mbeadh an Rialachán seo ina
leabhar rialacha aonair de bhearta drochúsáide margaidh a bheadh infheidhme
maidir le hiomlán an phríomh-mhargaidh agus an mhargaidh thánaistigh i
lamháltais astaíochtaí. Beidh feidhm ag an Rialachán
freisin maidir le ceantáil lamháltas astaíochtaí nó táirgí ceantáilte eile atá
bunaithe orthu de bhun Rialachán an Choimisiúin Uimh. 1031/2010 ón gComhairle
an 12 Samhain 2010, maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a bhaineann
le ceantáil lamháltas astaíochtaí gáis cheaptha teasa de bhun Threoir
2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear scéim i
ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den
Chomhphobal. (18) Ba cheart go ndéanfaí foráil
do bhearta maidir le cúbláil mhargaidh sa Rialachán seo ar féidir iad a chur in
oiriúint le haghaidh modhanna nua trádála nó straitéisí nua a d'fhéadfadh a
bheith ina ndrochúsáid. Mar léiriú ar an gcaoi go
bhfuil trádáil in n‑ionstraimí airgeadais ag éirí níos uathoibrithe i
gcónaí, is inmhianaithe é go ndéanfaí an chúbláil mhargaidh a léiriú le samplaí
de straitéisí sonracha drochúsáide a d’fhéadfaí a chur i gcrích le trádáil
algartamach lena n-áirítear trádáil ardmhinicíochta. Níl sé i gceist go mbeadh
na samplaí atá curtha ar fáil uileghabhálach agus níl sé i gceist ach oiread go
dtabharfaí le fios nár straitéisí drochúsáide a bheadh iontu dá gcuirfí i
bhfeidhm iad ar bhealaí eile. (19) Chun an toirmeasc ar chúbláil
mhargaidh a chomhlánú, ba cheart go mbeadh toirmeasc sa Rialachán seo ar
iarracht a dhéanamh dul i mbun cúblála margaidh, ós rud é gur cheart
smachtbhannaí a chur freisin ar iarrachtaí a dhéantar an margadh a chúbláil ach
a dteipeann orthu. Ba cheart idirdhealú a dhéanamh
idir iarracht dul i mbun cúblála margaidh agus cásanna nuair nach mbíonn an
toradh inmhianaithe ag an iompraíocht ar phraghas ionstraime airgeadais.
Meastar gur cúbláil mhargaidh í iompraíocht den sórt sin toisc gur dhócha go
léireodh sí comharthaí bréagacha nó míthreoracha. (20) Ba cheart a shoiléiriú sa Rialachán
seo freisin gur féidir dul i mbun cúblála margaidh nó iarracht a dhéanamh dul i
mbun cúblála margaidh in ionstraim airgeadais trí ionstraimí airgeadais
gaolmhara ar nós ionstraimí díorthacha a thrádáiltear in ionad eile trádála nó
thar an gcuntar a úsáid. (21) Chun a áirithiú go mbeidh
dálaí aonfhoirmeacha sa mhargadh idir ionaid agus saoráidí trádála faoi réir an
Rialacháin seo, ba cheart a cheangal ar oibreoirí margaí rialáilte, ar
shaoráidí trádála iltaobhacha (MTFanna) agus ar shaoráidí trádála eagraithe
(OTFanna) forálacha comhréireacha struchtúracha a ghlacadh a mbeadh sé d’aidhm
acu cleachtais cúblála margaidh a chosc agus a bhrath. (22) Is féidir cúbláil ionstraimí
airgeadais nó iarracht cúblála ionstraimí airgeadais a bheith i gceist freisin
le horduithe a dhéanamh nach gcuirfear i gcríoch iad. Thairis
sin, is féidir ionstraim airgeadais a chúbláil trí iompraíocht a tharlaíonn
lasmuigh d’ionad trádála. Dá bhrí sin, i gcás na ndaoine sin a shocraíonn nó a
dhéanann idirbhearta ar bhonn gairmiúil agus a n‑éilítear orthu córais a
bheith ar bun acu chun idirbhearta amhrasacha a bhrath agus a thuairisciú, ba
cheart dóibh orduithe agus idirbhearta amhrasacha lasmuigh d’ionad trádála a
thuairisciú freisin. (23) D'fhéadfadh sé gurb é atá i
gcúbláil ionstraimí airgeadais nó iarracht a leithéid a dhéanamh faisnéis
bhréagach nó mhíthreorach a scaipeadh. Is féidir
tionchar nach beag ar phraghsanna ionstraimí airgeadais a theacht as scaipeadh
faisnéise bréagaí nó míthreoraí laistigh de thréimhse sách gearr. D'fhéadfadh
sé gur léir gur cumadh faisnéise bréagaí atá i gceist ach freisin d'fhéadfadh
easnamh toiliúil na bhfíoras ábharthach chomh maith le tuairisciú neamhchruinn
faisnéise d'aonturas a bheith ann. Tá an cineál seo cúblála margaidh thar a
bheith díobhálach d'infheisteoirí, mar dá thoradh sin bunaíonn siad a gcinntí
infheistíochta ar fhaisnéis atá mícheart nó saofa. Tá sé díobhálach
d'eisitheoirí, mar go laghdaíonn sé an mhuinín san fhaisnéis atá ar fáil a
bhaineann leosan. Ar a uain déanann an easpa muiníne sa mhargadh cumas
eisitheora maidir le hionstraimí nua airgeadais a eisiúint nó maidir le
creidmheas a fháil ó rannpháirithe eile sa mhargadh chun a oibríochtaí a
mhaoiniú a chur i gcontúirt. Leathann an fhaisnéis ar fud an mhargaidh go
han-tapa. Dá thoradh sin, d'fhéadfadh sé go leanfadh an díobháil do na
hinfheisteoirí agus d'eisitheoirí go ceann tréimhse sách fada go dtí go
bhfaighfear amach go bhfuil an fhaisnéis bréagach nó míthreorach, agus gur
féidir leis an eisitheoir nó pé duine atá freagrach as a scaipeadh í a cheartú.
Is gá dá bhrí sin scaipeadh faisnéise bréagaí nó míthreoraí, lena n‑áirítear
ráflaí nó nuacht bhréagach nó mhíthreorach a cháiliú mar shárú ar an Rialachán
seo. Is iomchuí dá bhrí sin gan a cheadú dóibh siúd atá gníomhach sna margaí
airgeadais faisnéis a chur i bhfios gan srianadh in aghaidh a dtuairime féin nó
a gceartbhreithiúnais, faisnéis a bhfuil fhios acu ina taobh gur faisnéis
bhréagach nó mhíthreorach í, chun dochair infheisteoirí agus eisitheoirí. (24) Tá sé riachtanach d’eisitheoir
faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go poiblí agus go pras chun déileáil chos
istigh a sheachaint agus chun a áirithiú nach gcuirfear infheisteoirí amú. Dá
bhrí sin, ba cheart go n-éileofaí ar eisitheoirí faisnéis ón taobh istigh a
chur in iúl don phobal a luaithe is féidir, ach amháin sa chás nár dhócha go
gcuirfeadh moill dul amú ar an bpobal agus ina bhfuil an t-eisitheoir ábalta
rúndacht na faisnéise a áirithiú. (25) Uaireanta, i gcás ina mbíonn
cúnamh éigeandála iasachtaithe á fháil ag institiúid airgeadais, b’fhéidir go
mb’fhearr a rachadh sé chun tairbhe na cobhsaíochta airgeadais dá gcuirfí moill
ar nochtadh faisnéise ón taobh istigh dá mbeadh tábhacht chórasach ag baint
leis an bhfaisnéis sin. Dá bhrí sin, ba cheart go
mbeadh sé de chumhacht ag an údarás inniúil moill a údarú maidir le nochtadh
faisnéise ón taobh istigh. (26) D’fhéadfadh an ceanglas chun
faisnéis ón taobh istigh a nochtadh a bheith ina ualach trom ar eisitheoirí, a
ligtear a gcuid ionstraimí airgeadais isteach chun a dtrádála ar mhargaí fáis
na bhFiontar Beag agus Meánmhéide (FBM), mar gheall ar na costais a bhaineann
le faireachán a dhéanamh ar fhaisnéis atá ina seilbh acu agus le comhairle
dhlíthiúil a lorg cibé an gá faisnéis a nochtadh agus, más gá, cathain is ga é
sin a dhéanamh. Dá ainneoin sin, tá sé riachtanach
faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go pras chun muinín infheisteoirí sna
heisitheoirí sin a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh sé de chumas ag
an Údarás Eorpach Urrús agus Margaí (ESMA) treoirlínte a eisiúint chun cabhrú
le heisitheoirí a n-oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le faisnéis ón taobh
istigh a nochtadh gan cur isteach ar cosaint infheisteoirí. (27) Tá liostaí daoine ar an taobh
istigh ina n-uirlis thábhachtach do rialtóirí agus iad ag déanamh imscrúdú ar
dhrochúsáid fhéideartha mhargaidh, ach cuireann difríochtaí náisiúnta maidir
leis na sonraí a bheadh san áireamh sna liostaí sin ualaí riaracháin
neamhriachtanacha ar eisitheoirí. Dá bhrí sin, ba
cheart go mbeadh na réimsí sonraí is gá le haghaidh liostaí daoine ar an taobh
istigh aonfhoirmeach chun na costais sin a laghdú. Tríd an riachtanas maidir le
liostaí daoine ar an taobh istigh a choinneáil agus a thabhairt cothrom le
dáta, cuirtear ualaí riaracháin go sonrach ar eisitheoirí i margaí fáis na
bhFiontar Beag agus Meánmhéide. Toisc go bhfuil sé de chumas ag na húdaráis
inniúla maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar dhrochúsáid mhargaidh gan na
liostaí sin a bheith ar fáil i gcónaí le haghaidh na n‑eisitheoirí sin,
ba cheart d’údaráis inniúla a bheith díolmhaithe ón oibleagáid seo chun na
costais riaracháin a fhorchuirtear leis an Rialachán seo a laghdú. (28) Beart coisctheach i gcoinne na
drochúsáide margaidh is ea trédhearcacht níos fearr i leith na n-idirbheart
arna ndéanamh ag daoine a bhfuil freagrachtaí bainistíochta orthu ar leibhéal
an eisitheora agus, nuair is infheidhme, i gcás daoine a bhfuil dlúthbhaint acu
leo. Lena chois sin, d’fhéadfadh foilsiú na n‑idirbheart
sin ar bhonn pearsanta ar a laghad ina fhoinse faisnéise an-luachmhar le
haghaidh infheisteoirí. Is gá a shoiléiriú go n‑áirítear leis an
oibleagáid maidir le hidirbhearta na mbainisteoirí sin a fhoilsiú ionstraimí
airgeadais a ghealltar nó a thugtar ar iasacht agus aon idirbheart arna
dhéanamh ag duine eile ag feidhmiú discréide thar ceann an bhainisteora
freisin. Chun a áirithiú go mbeidh cothromaíocht chuí idir leibhéal na
trédhearcachta agus líon na dtuairiscí a fhógrófar d'údaráis inniúla agus don
phobal, ba cheart tairseach aonfhoirmeach a thabhairt isteach sa Rialachán seo
agus nach bhfógrófaí aon idirbheart a bheadh faoina bun. (29) Tugtar ráthú go mbeidh
maoirseacht éifeachtach ann trí shraith uirlisí agus cumhachtaí éifeachtacha i
gcomhair an údaráis inniúil i ngach Ballstát. Ba
cheart do ghnóthais sa mhargadh agus do gach gníomhaí eacnamaíocha cur le
sláine an mhargaidh freisin. Dá bhrí sin, i gcás ainmniú údaráis inniúil amháin
i gcomhair drochúsáide margaidh, níor cheart go n‑eisiafadh an t-ainmniú
sin naisc chomhoibrithe nó tarmligean faoi fhreagracht an údaráis inniúil idir
an t‑údarás agus gnóthais sa mhargadh d'fhonn a ráthú go ndéanfar
maoirseacht éifeachtúil ar chomhlíonadh na bhforálacha sa Rialachán seo. (30) Chun críche cásanna déileála
cos istigh agus cúblála margaidh a bhrath, ní mór an fhéidearthacht a bheith ag
údaráis inniúla rochtain a fháil ar áitribh phríobháideacha agus doiciméid a
urghabháil. Tá an rochtain ar áitribh phríobháideacha tábhachtach go háirithe i
gcás: ina mhainníonn an duine ar éilíodh faisnéis uaidh cheana (go hiomlán nó i
go páirteach) an t-éileamh sin a chomhlíonadh; nó i gcás ina bhfuil forais
réasúnacha ann le go gcreidfí nach gcomhlíonfaí an t‑éileamh sin dá
ndéanfaí é, nó go ndéanfaí an doiciméad nó an fhaisnéis, lena mbaineann an t‑éileamh
ar fhaisnéis, a bhaint, a chrioscaíleadh nó a scriosadh. (31) Is ionann taifid atá ann
cheana de thrácht teileafóin agus de thrácht sonraí ó ghnólachtaí
infheistíochta a dhéanann idirbhearta, agus taifid atá ann cheana de thrácht
teileafóin agus de thrácht sonraí ó oibreoirí teileachumarsáide agus fianaise
thábhachtach chun déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh a chruthú agus a
bhrath. D'fhéadfadh sé go ndéanfadh taifid de thrácht teileafóin agus de
thrácht sonraí céannnacht duine atá freagrach as faisnéis bhréagach nó mhíthreorach
a scaipeadh a shuigh, go raibh daoine i dteagmháil tráth áirithe, agus go
bhfuil caidreamh idir beirt nó níos mó daoine. Chun deis chothrom iomaíochta a
thabhairt isteach san Aontas i ndáil le rochtain ag údaráis inniúla ar thaifid
atá ann cheana de thrácht teileafóin agus de thrácht sonraí atá i seilbh
oibreora teileachumarsáide nó gnólachta infheistíochta, ba cheart do na
húdaráis inniúla a bheith ábalta taifid atá ann cheana de thrácht teileafóin
agus de thrácht sonraí atá i seilbh oibreora teileachumarsáide nó gnólachta
infheistíochta a éileamh, i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann, go bhféadfadh
na taifid sin a bhaineann le hábhar na cigireachta bheith ábhartha chun
déileáil chos istigh nó cúbláil mhargaidh mar a shainítear i sárú an Rialacháin
seo (MAD nua) nó na Treorach seo (MAD nua) a chruthú. Ní chuimsítear inneachar
na dtaifead sin sna taifid de thrácht teileafóin agus de thrácht sonraí. (32) Ós rud é go bhféadtar
drochúsáid mhargaidh a dhéanamh thar theorainneacha agus thar mhargaí, ba cheart
a chur de cheangal ar údaráis inniúla comhoibriú agus faisnéis a mhalartú le
húdaráis inniúla agus rialála eile, agus leis an ESMA, go háirithe i ndáil le
gníomhaíochtaí imscrúdúcháin. I gcás ina bhfuil
údarás inniúil cinnte dearfa go bhfuil drochúsáid mhargaidh á déanamh, nó
déanta, i mBallstát eile nó ag cur isteach ar ionstraimí airgeadais arna
dtrádáil i mBallstát eile, ba cheart don údarás é sin a chur in iúl don údarás
inniúil agus don ESMA. I gcásanna drochúsáide margaidh a bhfuil torthaí trasteorann
acu, ba cheart a chur de cheangal ar an ESMA comhordú a dhéanamh ar an imscrúdú
má iarrann ceann de na húdaráis inniúla lena mbaineann air é sin a dhéanamh. (33) Chun malartuithe faisnéise
agus comhar le húdaráis tríú tír maidir le forghníomhú éifeachtach an
Rialacháin seo a áirithiú, ba cheart d’údaráis inniúla socruithe comhoibrithe a
chur i gcrích le húdaráis inniúla i dtríú tíortha. Comhlíonfaidh aon aistriú
sonraí pearsanta arna dhéanamh ar bhonn na gcomhaontuithe sin Treoir
(CE) 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca
le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt
sin[28]
agus le Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil
sonraí pearsanta arna déanamh ag na hinstitiúidí agus na comhlachtaí
Comhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[29]. (34) Ba cheart go mbeadh creat gnó
fónta, stuama maidir le gnó a dhéanamh don earnáil airgeadais bunaithe ar
chórais láidre maoirseachta agus smachtbhannaí. Chun
na críche sin, ba cheart cumhachtaí leordhóthanacha feidhmithe a thabhairt
d’údaráis mhaoirseachta agus ba cheart go mbeidís in ann brath ar chórais
smachtbhannaí atá cothrom, láidir agus bactha in aghaidh gach mí-iompair
airgeadais, agus ba cheart na smachtbhannaí sin a fhorghníomhú go héifeachtach.
Mar sin féin, mheas an Grúpa Ardleibhéil nach bhfuil aon cheann de na gnéithe
seo i bhfeidhm faoi láthair. Tá athbhreithniú ar chumhachtaí smachtbhannaí
reatha agus ar chur i bhfeidhm praiticiúil na gcumhachtaí sin, atá dírithe ar
chóineasú smachtbhannaí ar fud réimse na ngníomhaíochtaí maoirseachta a chur
chun cinn, déanta sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2010 maidir le
córais smachtbhannaí a dhaingniú san earnáil airgeadais[30]. (35) Chomh maith le huirlisí agus
cumhachtaí éifeachtacha maoirseachta a sholáthar do rialtóirí, ba cheart, dá
bhrí sin, sraith beart, smachtbhannaí agus fíneálacha riaracháin a shocrú chun
cur chuige comhchoiteann a áirithiú i mBallstáit agus chun feabhas a chur ar a
n-éifeacht bhactha. Ba cheart go gcuirfí san áireamh
i bhfíneálacha riaracháin tosca amhail aisíoc aon tairbhe airgeadais
shonraithe, tromaíocht agus fad an tsáraithe, aon tosca géaraitheacha nó
maolaitheacha, an gá atá le fíneálacha éifeacht bhactha a bheith acu agus,
nuair is iomchuí, ba cheart go n-áireofaí leo lascaine ar chomhar leis an
údarás inniúil. Agus na smachtbhannaí á nglacadh agus á bhfoilsiú, ba cheart
cearta bunúsacha a urramú mar atá leagtha amach i gCairt um Chearta Bunúsacha
an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar an saol príobháideach
agus an saol teaghlaigh a urramú (Airteagal 7), an ceart go ndéanfar sonraí
pearsanta a chosaint (Airteagal 8) agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus
triail chóir a fháil (Airteagal 47). (36) Cuireann sceithirí faisnéis
nua faoi shúile na n-údarás inniúil, rud a chuidíonn leo cásanna déileála cos
istigh agus cúblála margaidh a bhrath agus smachtbhannaí a chur ina leith. Mar
sin féin, féadfar go gcuirfear cosc le sceithireacht mar gheall ar eagla roimh
frithbheart nó easpa dreasachtaí. Dá bhrí sin, ba
cheart a áirithiú tríd an Rialachán seo go bhfuil socruithe iomchuí curtha ar
bun chun spreagadh a thabhairt do sceithirí údaráis inniúla a chur ar an eolas
maidir le sáruithe féideartha ar an Rialachán seo agus chun iad a chosaint ó
fhrithbheart. Mar sin féin, níor cheart go mbeadh sceithirí i dteideal na
ndreasachtaí sin ach amháin i gcás ina dtugann siad chun solais faisnéis nua
nach bhfuil d’oibleagáid acu, ó thaobh an dlí de, í a chur in iúl agus i gcás
ina gcuirtear smachtbhanna as sárú an Rialacháin seo mar thoradh ar an
bhfaisnéis sin. Ba cheart do Bhallstáit a áirithiú go gcuirtear san áireamh sna
scéimeanna sceithireachta a chuireann siad chun feidhme meicníochtaí a
sholáthraíonn cosaint iomchuí do dhuine arna thuairisciú, go háirithe ag
féachaint don cheart chun a shonraí pearsanta a chosaint agus do nósanna
imeachta lena n‑áiritheofar ceart an duine thuairiscithe i leith cosanta
agus an ceart chun éisteacht a fháil sula nglacfar cinneadh a bhaineann leis,
chomh maith leis an gceart chun leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte
in aghaidh cinnidh a bhaineann leis. (37) Ós rud é go bhfuil
reachtaíocht lena gcuirtear Treoir 2003/6/CE chun feidhme glactha ag Ballstáit
agus go ndéantar foráil do ghníomhartha tarmligthe agus do chaighdeáin
theicniúla cur chun feidhme ar cheart a ghlacadh sula bhféadfar an creat a
thabharfar isteach a chur i bhfeidhm ar bhealach úsáideach, is gá cur i
bhfeidhm fhorálacha substainteacha an Rialacháin seo a chur siar ar feadh
tréimhse leordhóthanach ama. (38) Chun aistriú rianúil chuig
teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú, d’fhéadfadh cleachtaí margaidh atá
ann cheana roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus arna nglacadh ag
údaráis inniúla i gcomhréir le Rialachán an Choimisiúin (CE) Uimh. 2273/2003 an
22 Nollaig 2003 lena gcuirtear i bhfeidhm Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle maidir le díolúintí i leith cláir aischeannaigh agus chobhsú
na n-ionstraimí airgeadais[31]
chun críche phointe 2(a) d’Airteagal 1 de Threoir 2003/6/CE a chur i bhfeidhm,
a bheith infheidhme go ceann aon bhliana amháin tar éis an dáta a shonraítear
do chur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin seo, ar an gcoinníoll go gcuirtear
in iúl iad don ESMA. (39) Sa Rialachán seo, urramaítear
na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail atá aitheanta i gCairt um
Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh mar atá cumhdaithe sa Chonradh, go
háirithe an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus an saol teaghlaigh a
urramú, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an tsaoirse chun
tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, an
ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil, toimhde na
neamhchiontachta agus ceart chun cosaint a fháil, na prionsabail na
dlíthiúlachta agus na comhréireachta i dtaca le cionta coiriúla agus pionóis,
agus an ceart chun nach ndéanfar duine a thriail ná a phionósú faoi dhó in
imeachtaí coiriúla i ngeall ar an gcion coiriúil céanna. Tá teorannuithe curtha
ar na cearta seo i gcomhréir le hAirteagal 52(1) den Chairt toisc go bhfuil
siad riachtanach chun cuspóirí leasa ghinearálta maidir le cosaint na n‑infheisteoirí
agus shláine na margaí airgeadais a áirithiú, agus soláthraítear coimircí cuí
lena áirithiú nach gcuirtear teorainn le cearta ach amháin a mhéad is gá chun
na cuspóirí seo a chomhlíonadh agus trí bhearta atá comhréireach leis an
gcuspóir atá le comhlíonadh. Go háirithe, tá
tuairisciú idirbheart amhrasta riachtanach chun a áirithiú go bhféadfaidh
údaráis inniúla cúbláil mhargaidh a bhrath agus smachtbhannaí a chur ina leith.
Is gá iarrachtaí ar a bheith páirteach i gcúbláil mhargaidh a thoirmeasc chun
cur ar chumas údarás inniúil smachtbhannaí a chur ar iarrachtaí dá leithéid ina
bhfuil fianaise acu faoi intinn cúbláil mhargaidh a dhéanamh, fiú in éagmais
aon tionchair inaitheanta ar phraghsanna margaidh. Tá rochtain ar thaifid
sonraí agus teileafóin riachtanach chun fianaise agus treoracha
imscrúdaitheacha ar dhéileáil fhéideartha chos istigh nó ar chúbláil mhargaidh
a chur ar fáil, agus dá bhrí sin chun cúbláil mhargaidh a bhrath agus
smachtbhannaí a chur ina leith. Áirithítear leis na coinníollacha arna
bhforchur leis an Rialachán comhlíonadh ceart bunúsach. Tá bearta maidir le
sceithireacht riachtanach chun éascú a dhéanamh ar an drochúsáid mhargaidh a
bhrath agus chun cosaint an sceithire agus an duine arna tuairisciú a áirithiú,
lena n‑áirítear cosaint a saoil phríobháidigh, a sonraí pearsanta, agus
an ceart chun éisteacht agus leigheas éifeachtach a fháil os comhair cúirte. Tá
tabhairt isteach rialacha íosta coiteanna le haghaidh beart, smachtbhannaí agus
fíneálacha riaracháin riachtanach chun a áirithiú go gcuirtear smachtbhannaí ar
sháruithe inchomparáide drochúsáide margaidh ar bhealach inchomparáide agus
chun a áirithiú go bhfuil na smachtbhannaí a fhorchuirtear i gcomhréir leis an
sárú. Ní chuireann an Rialachán seo cosc ar bhealach ar bith ar Ballstáit a
rialacha bunreachtúla a bhaineann le saoirse an phreasa agus le saoirse chun
tuairimí a nochtadh sna meáin a chur i bhfeidhm. (40) Is le Treoir 95/46/CE ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995
maidir le daoine aonair a chosaint maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca
le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt
sin[32]
agus Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta
a phróiseálann institiúidí agus comhlachtaí an AE agus maidir le
saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[33],
a rialaítear próiseáil na sonraí pearsanta arna déanamh ag an ESMA laistigh de
chreat an Rialacháin seo agus faoi mhaoirseacht údaráis inniúla na mBallstát,
go háirithe na húdaráis phoiblí neamhspleácha atá sainithe ag na Ballstáit. Ba cheart go mbeadh aon mhalartú nó tarchur faisnéise idir
údaráis inniúla i gcomhréir leis na rialacha maidir le tarchur sonraí pearsanta
mar atá leagtha síos i dTreoir 95/46/CE. Ba cheart go mbeadh aon mhalartú
nó tarchur faisnéise a dhéanann an ESMA i gcomhréir leis na rialacha maidir le
tarchur sonraí pearsanta mar atá leagtha síos i Rialachán (CE)
Uimh. 45/2001. (41) Tá an Rialachán seo, chomh
maith leis na gníomhartha tarmligthe, caighdeáin agus treoirlínte arna nglacadh
i gcomhréir leis, gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir le
hiomaíocht. (42) Ba cheart é a bheith de chumhacht
ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le
hAirteagal 290 den Chonradh. Go háirithe, ba
cheart gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i leith na ndálaí do chláir
aischeannaigh agus i leith chobhsú na n-ionstraimí airgeadais, i leith na
dtáscairí d'iompraíocht chúblála atá liostaithe in Iarscríbhinn I, i leith an
tairsigh lena gcinntear cur i bhfeidhm na hoibleagáide maidir le nochtadh
poiblí do rannpháirthithe sa mhargadh lamháltas astaíochtaí, i leith na ndálaí
do liostaí daoine ar an taobh istigh a tharraingt suas, i leith an tairsigh
agus na ndálaí a bhaineann le hidirbhearta bainisteoirí. Tá sé an‑tábhachtach
go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid réamhoibre,
lena n-áirítear leibhéal na saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú,
agus gníomhartha tarmligthe á n-ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar
na doiciméid ábhartha a tharchur an tráth céanna, go tráthúil agus go hiomchuí
chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. (43) Ba cheart cumhachtaí cur chun
feidhme a thabhairt don Choimisiún chun dálaí aonfhoirmeacha a áirithiú maidir
le cur chun feidhme an Rialacháin seo i ndáil le nósanna imeachta maidir le
sáruithe an Rialacháin seo a thuairisciú. Ba cheart
na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 183/2011 ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus
prionsabail ghinearálta a bhaineann le meicníochtaí le haghaidh rialú na
mBallstát ar fheidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún. (44) Ba cheart do chaighdeáin
theicniúla i seirbhísí airgeadais dálaí aonfhoirmeacha ar fud an Aontais a
áirithiú in ábhair arna gcumhdach ag an Rialachán seo. Ós
rud é gur comhlacht é an ESMA a bhfuil saineolas an-speisialaithe aige,
b’éifeachtúil agus b’iomchuí forbairt dréachtchaighdeán rialála agus cur chun
feidhme, nach mbeadh roghanna beartais ag baint leo, a chur ar iontaoibh an
ESMA, lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin. (45) Ba cheart don Choimisiún na
dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a d’fhorbair an ESMA maidir leis an méid
seo a leanas a ghlacadh: nósanna imeachta agus socruithe le haghaigh ionad
trádála lena ndírítear ar drochúsáid mhargaidh a chosc agus a bhrath; córais
agus teimpléid atá le húsáid ag daoine chun orduithe agus idirbhearta a bhrath
agus a chur i bhfios; socruithe teicniúla do chatagóirí daoine ionas gur féidir
faisnéis lena moltar straitéis infheistíochta a thíolacadh go hoibiachtúil agus
leasanna áirithe nó coinbhleachtaí leasa a nochtadh trí bhíthin ghníomhartha
tarmligthe de bhun Airteagal 290 den CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 10 go
hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 a ghlacadh. Tá sé an-tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún
comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid réamhoibre, lena n‑áirítear
leibhéal na saineolaithe. (46) Ba cheart go dtabharfaí de
chumhacht freisin don Choimisiún glacadh le bearta chun caighdeáin theicniúla a
chur chun feidhme trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme de bhun Airteagal
291 CFAE agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh 1093/2010. Ba cheart é a chur ar iontaoibh an ESMA caighdeáin
theicniúla cur chun feidhme a dhréachtú lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin
maidir le nochtadh poiblí ar fhaisnéis ón taobh istigh, formáidí liostaí daoine
ar an taobh istigh agus formáidí agus nósanna imeachta don chomhar agus don
mhalartú faisnéise idir údaráis inniúla eatarthu féin agus leis an ESMA. (47) Ó tharla nach féidir leis na
Ballstáit cuspóir an bhirt atá beartaithe, eadhon drochúsáid mhargaidh i
bhfoirm déileála cos istigh agus cúblála margaidh a chosc, a bhaint amach go
leordhóthanach agus gur fearr dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus éifeacht na
mbeart, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an
tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá
leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I
gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal
sin, ní théann an Rialachán seo níos faide ná mar is gá chun an cuspóir sin a
chur i gcrích. (48) Toisc nach bhfuil forálacha
Threoir 2003/6/CE ábhartha ná leordhóthanach a thuilleadh, ba cheart an Treoir
sin a aisghairm ó [24 mí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].Baineann
na riachtanais agus na toirmisc sa Rialachán seo go docht leo siúd atá san
MiFID. Dá bhrí sin ba cheart dóibh teacht i bhfeidhm ar dháta theacht i
bhfeidhm athbhreithniú an MiFID. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA Roinn 1 Ábhar agus raon feidhme Airteagal 1
Ábhar Bunaítear leis an Rialachán seo comhchreat
rialúcháin ar dhrochúsáid mhargaidh d’fhonn sláine na margaí airgeadais san
Aontas a áirithiú agus d’fhonn cosaint infheisteoirí agus muinín sna margaí sin
a fheabhsú. Airteagal 2
Raon feidhme 1. Beidh feidhm ag an Rialachán
seo maidir leis an méid seo a leanas: (a) ionstraimí airgeadais ar ligeadh isteach
iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte nó a bhfuil iarraidh ar chead trádála
ar mhargadh rialáilte déanta ina leith; (b) ionstraimí airgeadais arna dtrádáil ar
MTF nó ar OTF i mBallstát amháin ar a laghad, (c) iompraíocht nó idirbhearta a bhaineann le
hionstraim airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b), beag beann
ar cé acu a tharlaíonn nó nach dtarlaíonn an iompraíocht nó an t-idirbheart
dáiríre ar mhargadh rialáilte, ar MTF nó ar OTF. (d) iompraíocht nó idirbhearta, lena n‑áirítear
tairscintí, a bhaineann le ceantáil lamháltas astaíochtaí nó táirgí ceantáilte
eile atá bunaithe air sin de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1031/2010 ón
gCoimisiún[34].
Gan dochar d'aon fhorálacha sonracha a thagraíonn do thairiscintí arna
dtíolacadh i gcomhthéacs ceantála, beidh feidhm ag aon cheanglais agus aon
thoirmisc sa Rialachán seo lena dtagraítear d'orduithe trádála maidir leis na
tairiscintí sin. 2. Beidh feidhm ag Airteagal 7
agus ag Airteagal 9 maidir le gnóthú nó diúscairt ionstraimí airgeadais nach
dtagraítear dóibh i bpointe (a) ná i bpointe (b) de mhír 1, ach a mbaineann a
luach le hionstraim airgeadais dá dtagraítear sa mhír sin. Áirítear leis go háirithe ionstraimí díorthacha chun an
riosca creidmheasa a bhaineann le hionstraim airgeadais dá dtagraítear i mír 1
a aistriú agus conarthaí airgeadais a bhaineann le hionstraim airgeadais den
sórt sin. 3. Beidh feidhm ag Airteagal 8
agus ag Airteagal 10 maidir le hidirbhearta, orduithe chun trádáil a dhéanamh
nó iompraíocht eile a bhaineann leis an méid seo a leanas: (a) cineálacha ionstraimí airgeadais, lena
n-áirítear conarthaí díorthacha nó ionstraimí díorthacha le haghaidh aistriú an
riosca creidmheasa i gcásanna ina bhfuil tionchar ag an idirbheart, ag an ordú
nó ag an iompraíocht, nó i gcásanna inar dóigh tionchar a bheith acu, nó i
gcásanna ina bhfuil siad ceaptha chun tionchar a bheith acu, ar ionstraim
airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1; (b) conarthaí spot-tráchtearraí, nach táirgí
mórdhíola fuinnimh iad, i gcásanna ina bhfuil tionchar ag an idirbheart, ag an
ordú nó ag an iompraíocht, nó i gcásanna inar dóigh tionchar a bheith acu, nó i
gcásanna ina bhfuil siad ceaptha chun tionchar a bheith acu, ar ionstraim
airgeadais dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) de mhír 1; nó (c) cineálacha ionstraimí airgeadais, lena
n-áirítear conarthaí díorthacha nó ionstraimí díorthacha le haghaidh aistriú an
riosca creidmheasa i gcásanna ina bhfuil tionchar ag an idirbheart, ag an ordú
nó ag an iompraíocht, nó i gcásanna inar dóigh tionchar a bheith acu, nó i
gcásanna ina bhfuil siad ceaptha chun tionchar a bheith acu, ar chonarthaí
spot-tráchtearraí. 4. Beidh feidhm ag na toirmisc
agus ceanglais sa Rialachán seo maidir le gníomhartha arna ndéanamh san Aontas
nó lasmuigh den Aontas a bhaineann le hionstraimí dá dtagraítear i mír 1 go mír
3. Roinn 2 Eisiamh ón raon feidhme Airteagal 3
Díolúine do chláir aischeannaigh agus do chobhsú 1. Ní bheidh feidhm ag na
toirmisc in Airteagal 9 agus Airteagal 10 den Rialachán seo maidir le trádáil i
scaireanna dílse i gcláir aischeannaigh nuair a nochtar sonraí iomlána an
chláir roimh thús na trádála, nuair a dhéantar trádálacha a thuairisciú don
údarás inniúil mar chuid den chlár aischeannaigh agus nuair a nochtar iad don
phobal ina dhiaidh sin, agus nuair a thugtar urraim do theorainneacha
leormhaithe maidir le praghas agus méid. 2. Ní bheidh feidhm ag na
toirmisc in Airteagal 9 agus Airteagal 10 den Rialachán seo maidir le trádáil i
scaireanna dílse chun ionstraim airgeadais a chobhsú nuair a dhéantar an cobhsú
ar feadh tréimhse theoranta ama, nuair a nochtar faisnéis ábhartha maidir leis
an gcobhsú, agus nuair a thugtar urraim do theorainneacha leormhaithe maidir le
praghas agus méid. 3. Déanfaidh an Coimisiún, trí
bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 31, bearta a ghlacadh
lena sonrófar dálaí nach mór do chláir aischeannaigh agus do bhearta cobhsaithe
den sórt sin dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 cloí leo, lena n‑áirítear
dálaí trádála, srianta maidir le ham agus méid, oibleagáidí nochta agus
tuairiscithe, agus dálaí praghais. Airteagal 4
Eisiamh do ghníomhaíochtaí bainistíochta airgeadaíochta
agus fiachais phoiblí agus do ghníomhaíochtaí beartais aeráide 1. Ní bheidh feidhm ag an
Rialachán seo maidir le hidirbhearta, orduithe ná iompraíochtaí arna ndéanamh
agus beartas airgeadaíochta, beartas ráta malartaithe, nó beartas bainistíochta
fiachais phoiblí á shaothrú ag Ballstát, ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais, ag
banc ceannais náisiúnta de chuid Ballstáit, ag aon aireacht, aon
ghníomhaireacht nó aon aonán sainchuspóireach de chuid Ballstáit, nó ag aon
duine ag gníomhú ar a son agus, i gcás Ballstáit atá ina stát cónaidhme, ní
bheidh feidhm ag an Rialachán maidir le hidirbhearta, orduithe ná iompraíochtaí
den sórt sin arna ndéanamh ag comhalta atá páirteach sa chónaidhm. Ní bheidh feidhm aige ach an oiread maidir le hidirbhearta,
orduithe ná iompraíochtaí den sórt sin arna ndéanamh ag an Aontas, ag aonán
sainchuspóireach do roinnt Ballstát, ag an mBanc Eorpach Infheistíochta,
institiúid airgeadais idirnáisiúnta arna bunú ag dhá Bhallstát nó níos mó, a
bhfuil sé mar aidhm aici cistiú a chur ar bun agus cúnamh airgeadais a
thabhairt ar mhaithe lena cuid comhaltaí a bhfuil fadhbanna tromchúiseacha
airgid acu nó atá i mbaol fadhbanna tromchúiseacha airgid, nó ag an tSaoráid
Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais. 2. Ní bheidh feidhm ag an
Rialachán seo maidir le gníomhaíocht de chuid Ballstáit, de chuid an
Choimisiúin Eorpaigh ná de chuid aon chomhlachta eile atá ainmnithe go
hoifigiúil, nó de chuid aon duine ag gníomhú ar a son, a bhaineann le
lamháltais astaíochtaí agus a dhéantar agus iad ag saothrú bheartas aeráide an
Aontais. Roinn 3 Sainmhínithe Airteagal 5
Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag
na sainmhínithe seo a leanas: 1. ciallaíonn "ionstraim
airgeadais" aon ionstraim de réir bhrí Airteagal 2(1)(8) de Rialachán
[MiFIR]. 2. ciallaíonn "margadh rialáilte" córas iltaobhach de réir bhrí
Airteagal 2(1)(5) de Rialachán [MiFIR]. 3. ciallaíonn “saoráid trádála
iltaobhach (MTF)" córas iltaobhach san Aontas de réir bhrí
Airteagal 2(1)(6) de Rialachán [MiFIR]. 4. ciallaíonn “saoráid trádála
eagraithe (OTF)" córas nó saoráid san Aontas dá dtagraítear in Airteagal
2(1)(7) de Rialachán [MiFIR]. 5. ciallaíonn “saoráid
trádála" córas nó saoráid san Aontas dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(26)
de Rialachán [MiFIR]. 6. ciallaíonn "margadh fáis
na bhFiontar Beag agus Meánmhéide" MTF san Aontas de réir bhrí Airteagal
4(1)(17) de Threoir [MiFID nua]. 7. ciallaíonn “údarás inniúil”
an t‑údarás inniúil atá ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 16. 8. ciallaíonn "duine"
duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar bith. 9. ciallaíonn
"tráchtearra" tráchtearra de réir bhrí Airteagal 2(1) de
Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006[35].
10. ciallaíonn "conradh spot-tráchtearraí" aon chonradh do
sholáthar tráchtearra arna thrádáil ar spotmhargadh a sholáthraítear go prás
nuair a bhíonn an t-idirbheart socraithe, lena n-áirítear aon chonradh
díorthach nach mór a bheith socraithe go fisiciúil. 11. ciallaíonn
"spotmhargadh" aon mhargadh tráchtearraí ina ndíoltar tráchtearraí ar
airgead tirim agus a soláthraítear iad go pras nuair a bhíonn an t-idirbheart
socraithe. 12. ciallaíonn "clár
aischeannaigh" trádáil i scaireanna dílse i gcomhréir le hAirteagal 19 go
hAirteagal 24 de Threoir 77/91/CEE ón gComhairle[36]. 13. ciallaíonn "trádáil algartamach" trádáil ionstraimí
airgeadais ag úsáid algartaim ríomhaire de réir bhrí Airteagal 4(1)(37) de
Threoir [MiFID nua]. 14. ciallaíonn “lamháltais
astaíochtaí” ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear i bpointe (11) de Roinn
C d'Iarscríbhinn I de Threoir (MiFID nua). 15. ciallaíonn "rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí"
aon duine a dhéanann idirbhearta, lena n-áirítear orduithe a chur chun trádáil
a dhéanamh, i lamháltais astaíochtaí. 16. ciallaíonn "eisitheoir
ionstraime airgeadais" eisitheoir mar a shainmhínítear in Airteagal
2(1)(h) de Threoir 2003/71/CE[37].
17. ciallaíonn "ACER" an
Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh arna bunú faoi Rialachán
(CE) Uimh. 713/2009[38]. 18. tá an chiall chéanna ag
"táirge fuinnimh mhórdhíola" is atá aige in Airteagal 2(4) de
[Rialachán (AE) Uimh... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le
Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Fuinnimh Mhórdhíola][39]. 19. tá an chiall chéanna ag
“údarás rialála náisiúnta" is atá aige in Airteagal 2(7) de [Rialachán
(AE) Uimh... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Sláine agus
Trédhearcacht an Mhargaidh Fuinnimh Mhórdhíola][40]. Roinn 4 Faisnéis ón taobh istigh, déileáil chos istigh agus
cúbláil mhargaidh Airteagal 6
Faisnéis ón taobh istigh 1. Chun críocha an Rialacháin
seo, beidh faisnéis ón taobh istigh comhdhéanta de na cineálacha faisnéise seo
a leanas: (a) faisnéis de chineál beacht, nach bhfuil
poiblithe, a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le heisitheoir ionstraime
airgeadais amháin nó níos mó le hionstraimí airgeadais amháin nó níos mó agus,
dá bpoibleofaí í, ar dhócha go mbeadh tionchar suntasach aici ar phraghsanna na
n-ionstraimí airgeadais sin nó ar phraghas na n‑ionstraimí airgeadais
díorthacha lena mbaineann. (b) maidir le díorthaigh ar thráchtearraí,
faisnéis de chineál beacht, nach bhfuil poiblithe, a bhaineann, go díreach nó
go hindíreach, le díorthach amháin dá leithéid nó níos mó nó leis an gconradh
spot-tráchtearraí gaolmhar, agus, dá bpoibleofaí í, ar dhócha go mbeadh
tionchar suntasach aici ar phraghsanna na ndíorthach sin nó na gconarthaí spot‑tráchtearraí
gaolmhar; go háirithe faisnéis a gceanglaítear a nochtadh i gcomhréir le
forálacha dlí nó rialála ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta,
rialacha margaidh, conarthaí nó custaim, ar na díorthaigh tráchtearraí nó
spotmhargaí ábhartha. (c) maidir le lamháltais astaíochtaí nó
táirgí ceantáilte bunaithe ar an gcéanna, faisnéis de chineál beacht, nach
bhfuil poiblithe, a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le hionstraim
amháin dá leithéid nó níos mó, agus dá bpoibleofaí í, ba dhócha go mbeadh
tionchar suntasach aici ar phraghas ionstraimí dá leithéid nó ar phraghas na n‑ionstraimí
airgeadais díorthacha lena mbaineann. (d) maidir le daoine a bhfuil cúram orthu
maidir le forghníomhú orduithe a bhaineann le hionstraimí airgeadais,
ciallaíonn sé freisin faisnéis a chuireann cliant in iúl agus a bhaineann le
horduithe ar feitheamh an chliaint in ionstraimí airgeadais, atá de chineál
beacht, a bhaineann, go díreach nó go hindíreach, le heisitheoir ionstraimí
airgeadais amháin nó níos mó nó le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó,
agus, dá bpoibleofaí í, ar dhócha go mbeadh tionchar suntasach aici ar
phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais sin, ar phraghas na gconarthaí
spot-tráchtearraí gaolmhara, nó ar phraghas na n‑ionstraimí airgeadais
díorthacha lena mbaineann. (e) faisnéis nach dtagann faoi mhír (a), faoi
mhír (b), faoi mhír (c) ná faoi mhír (d) a bhaineann le heisitheoir amháin
ionstraimí airgeadais nó níos mó nó le hionstraim airgeadais amháin nó níos mó,
nach bhfuil ar fáil don phobal i gcoitinne, ach a bheadh, dá gcuirfí ar fáil í
d’infheisteoir réasúnach a dhéileálann go rialta ar an margadh agus san
ionstraim airgeadais nó i gconradh spot-tráchtearraí gaolmhar atá i gceist, á
meas ag an duine sin gurbh fhaisnéis ábhartha í, agus cinneadh á dhéanamh aige
ar na téarmaí ar ar cheart idirbhearta san ionstraim airgeadais nó i gconradh
spot-tráchtearraí a chur i gcrích. 2. Ar mhaithe le mír 1 a chur i
bhfeidhm, measfar go bhfuil faisnéis de chineál beacht má léirítear inti sraith
cúinsí atá ann nó a fhéadfar a bheith ag súil go réasúnach go mbeidh ann nó
teagmhas a tharla nó a fhéadfar a bheith ag súil go réasúnta go dtarlóidh sé,
agus má tá sí sainiúil go leor ionas go bhféadfar tátal a bhaint as éifeacht
fhéideartha na sraithe cúinsí sin nó an teagmhais sin ar phraghsanna na
n-ionstraimí airgeadais, ar phraghsanna na gconarthaí spot-tráchtearraí
gaolmhar nó ar phraghsanna ceantáilte bunaithe ar lamháltais astaíochtaí. 3. Ar mhaithe le mír 1 a chur i
bhfeidhm, ciallóidh faisnéis ar dhócha dá bpoibleofaí í go mbeadh tionchar
suntasach aici ar phraghsanna na n-ionstraimí airgeadais, na gconarthaí spot‑tráchtearraí
gaolmhara, nó na dtáirgí ceantáilte bunaithe ar na lamháltais astaíochtaí
faisnéis ar dhócha go mbainfeadh infheisteoir réasúnach úsáid aisti mar chuid
de bhonn a chinntí infheistíochta. Airteagal 7
Déileáil chos istigh agus faisnéis ón taobh istigh a
nochtadh go míchuí 1. Chun críocha an Rialacháin
seo, tagann déileálacha cos istigh chun cinn i gcás ina bhfuil faisnéis ón
taobh istigh ag duine agus ina n-úsáideann sé an fhaisnéis sin trí ionstraimí
airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt, ar a
chuntas féin nó ar chuntas tríú páirtí, go díreach nó go hindíreach. Measfar freisin gurb ionann déileáil chos istigh agus úsáid
na faisnéise ón taobh istigh chun ordú maidir le hionstraim airgeadais lena
mbaineann an fhaisnéis a chealú nó a leasú i gcás inar tugadh an t-ordú sula
raibh an fhaisnéis ón taobh istigh ag an duine lena mbaineann. 2. Chun críocha an Rialacháin
seo, tagann iarrachtaí ar a bheith páirteach i ndéileáil chos istigh chun cinn
i gcás ina bhfuil faisnéis ón taobh istigh ag duine agus ina ndéanann sé
iarracht ar ionstraimí airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis sin a fháil nó a
dhiúscairt, ar a chuntas féin nó ar chuntas tríú páirtí, go díreach nó go
hindíreach. Measfar freisin gurb ionann iarracht ar a
bheith páirteach i ndéileáil chos istigh agus an iarracht ordú i ndáil le
hionstraim airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis a chealú nó a leasú ar bhonn
faisnéis ón taobh istigh i gcás inar tugadh an t‑ordú sula raibh an
fhaisnéis ón taobh istigh ag an duine lena mbaineann. 3. Chun críocha an Rialacháin
seo, molann nó spreagann duine duine eile chun a bheith páirteach i ndéileáil
chos istigh má tá faisnéis ón taobh istigh ag an duine agus má mholann sé nó má
spreagann sé duine eile, ar bhonn na faisnéise ón taobh istigh, chun ionstraimí
airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt. 4. Chun críocha an Rialacháin,
tagann nochtadh míchuí faisnéise ón taobh istigh chun cinn i gcás ina bhfuil
faisnéis ón taobh istigh ag an duine agus a nochtann sé an fhaisnéis ón taobh
istigh do dhuine eile, ach amháin i gcás ina ndéantar an nochtadh le linn
ghnáthchúrsa an fheidhmithe dualgas a éiríonn as post nó as gairm. 5. Beidh feidhm ag mír 1, mír 2,
mír 3 agus mír 4 maidir le haon duine a bhfuil faisnéis ón taobh istigh aige
mar thoradh ar aon cheann de na cúinsí seo a leanas: (a) é a bheith ina chomhalta de chomhlachtaí
riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta de chuid eisitheora; (b) sealúchas a bheith aige i gcaipiteal de
chuid eisitheora; (c) rochtain a bheith aige ar an bhfaisnéis i
bhfeidhmiú dualgas a thig ó phost nó ó ghairm; (d) baint a bheith aige le gníomhaíochtaí
coiriúla. Beidh feidhm ag mír 1, mír 2, mír 3 agus mír 4
freisin maidir le haon fhaisnéis ón taobh istigh a fuair duine in imthosca
seachas iad siúd dá dtagraítear i bpointe (a) go pointe (d) agus arb eol don
duine í nó ar cheart gurbh eol don duine gur faisnéis ón taobh istigh í. 6. Más duine dlítheanach an duine dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2,
beidh feidhm ag forálacha na míreanna sin maidir leis na daoine nádúrtha a
ghlacann páirt sa chinneadh, nó a imríonn tionchar ar an gcinneadh, ar an bhfáil
nó ar an diúscairt a dhéanamh, nó ar iarracht a dhéanamh ar an bhfáil nó ar an
diúscairt a dhéanamh, chun cuntais an duine dhlítheanaigh lena mbaineann. 7. Más
duine dlítheanach an duine dá dtagraítear i mír 1, ní bheidh feidhm ag
forálacha na míre sin maidir le hidirbheart ag an duine dlítheanach má chuir an
duine dlítheanach i bhfeidhm socruithe éifeachtacha lena n‑áirítear nach
raibh baint ar bith ag aon duine a raibh faisnéis ón taobh istigh aige, a bhí
bainteach leis an idirbheart, leis an gcinneadh ná nár iompair sé ar bhealach a
d’imreodh tionchar ar an gcinneadh ná nach raibh teagmháil ar bith aige leo
siúd a bhí bainteach leis an gcinneadh trína bhféadfaí an fhaisnéis a tharchur
nó trína bhféadfaí a shonrú go raibh sí ann. 8. Ní bheidh feidhm ag mír 1
maidir le hidirbhearta arna ndéanamh i gcomhlíonadh oibleagáide atá tagtha chun
bheith dlite chun ionstraimí airgeadais a fháil nó a dhiúscairt i gcás ina
n-eascraíonn an oibleagáid sin as comhaontú a rinneadh, nó chun oibleagáid
dhlíthiúil nó rialála a tháinig chun cinn a shásamh, sula raibh faisnéis ón
taobh istigh ag an duine lena mbaineann. 9. Maidir le ceantanna lamháltas
astaíochtaí nó táirgí eile ceantáilte atá bunaithe orthu arna gcoinneáil de
bhun Rialachán (Uimh) 1031/2010, beidh feidhm ag an toirmeasc faoi mhír 1
maidir le húsáid faisnéise ón taobh istigh freisin trí thairiscint a chur
isteach, a mhodhnú nó a tharraingt siar ar chuntas féin an duine a bhfuil
faisnéis ón taobh istigh aige nó chun cuntais tríú pháirtí. Airteagal 8
Cúbláil mhargaidh 1. Chun críocha an Rialacháin
seo, beidh cúbláil mhargaidh comhdhéanta de na gníomhaíochtaí seo a leanas: (a) idirbheart a dhéanamh, ordú chun trádáil
a dhéanamh, nó aon iompraíocht eile a dhéanamh ag a bhfuil na hiarmhairtí seo a
leanas: –
iompraíocht faoina dtugtar, nó faoinar dócha go
dtabharfar, comharthaí míthreoracha nó bréagacha maidir le soláthar ionstraime
airgeadais nó conartha spot-tráchtearraí ghaolmhair, maidir leis an éileamh atá
orthu, nó maidir lena bpraghas; nó –
iompraíocht faoina socraítear, nó faoinar dócha go
socrófar, an praghas atá ar ionstraim airgeadais amháin nó níos mó nó an
praghas atá ar chonarthaí spot-tráchtearraí gaolmhara ar leibhéal neamhghnách
nó saorga; (b) idirbheart
a dhéanamh, ordú chun trádáil a dhéanamh, nó aon iompraíocht eile a dhéanamh a imríonn tionchar ar an bpraghas atá ar ionstraim airgeadais amháin nó
níos mó nó ar an bpraghas atá ar chonradh spot-tráchtearraí gaolmhar, ina n‑úsáidtear gléas bréige nó aon fhoirm eile de dhallamullóg
nó d’acra; nó (c) faisnéis a scaipeadh trí na meáin, lena
n-áirítear an tIdirlíon, nó ar aon slí eile, a thugann, nó is dócha a
thabharfaidh na hiarmhairtí dá dtagraítear i fomhír (a), i gcás ina raibh a
fhios ag an duine a scaip é nó inar cheart dó fios a bheith aige, gur faisnéis
bhréagach nó mhíthreorach í. Nuair a scaiptear faisnéis chun críocha
iriseoireachta, déanfar measúnú ar scaipeadh faisnéise den sórt sin ag
féachaint do na rialacha faoina rialaítear saoirse an phreasa agus an tsaoirse
chun tuairimí a nochtadh i meáin eile, mura mbíonn na nithe seo a leanas i
gceist: –
baineann na daoine sin, go díreach nó go
hindíreach, buntáiste nó brabúis as an bhfaisnéis atá i gceist a scaipeadh; nó –
déantar an nochtadh nó an scaipeadh le hintinn chun
an margadh a chur ar míthreoir maidir le soláthar ionstraimí airgeadais, maidir
leis an éileamh atá orthu, nó maidir lena bpraghas. 2. Chun críocha an Rialacháin
seo, beidh iarracht ar pháirt a ghlacadh i gcúbláil mhargaidh comhdhéanta de na
gníomhaíochtaí seo a leanas: (a) iarracht ar idirbheart a dhéanamh, nó ar
ordú chun trádáil a dhéanamh nó ar pháirt a ghlacadh in aon iompraíocht eile
mar a shainmhínítear i mír 1(a) nó (b); nó (b) iarracht ar fhaisnéis a scaipeadh mar a
shainmhínítear i mír 1(c). 3. Measfar gurb ionann an
iompraíocht seo a leanas agus cúbláil mhargaidh nó iarrachtaí ar pháirt a
ghlacadh i gcúbláil mhargaidh: (a) iompraíocht ag duine, nó ag daoine atá ag
gníomhú i gcomhar le chéile, chun staid cheannasach a bhaint amach maidir le
soláthar ionstraime airgeadais nó conarthaí spot-tráchtearraí gaolmhara nó leis
an éileamh atá orthu a bhfuil an éifeacht aige praghsanna ceannaigh nó díola a
shocrú, go díreach nó go hindíreach, nó dálaí míchóra eile trádála a chruthú, (b) ionstraimí
airgeadais a cheannach nó a dhíol ag am scoir margaidh leis an éifeacht nó
intinn infheisteoirí ag gníomhú ar bhonn na bpraghsanna scoir a chur ar
míthreoir, (c) orduithe a sheoladh chuig ionad trádála
trí bhíthin trádála algartamaí, lena n‑áirítear trádáil ardmhinicíochta,
gan intinn chun trádáil ach ar mhaithe leo seo a leanas: –
cur isteach nó moill a chur ar fheidhmiú chóras
trádála an ionaid trádála; –
é a dhéanamh níos deacra do dhaoine eile
fíor-orduithe a aithint ar chóras trádála an ionaid trádála; nó –
tuiscint atá bréagach nó míthreorach a chruthú
maidir le soláthar ionstraime airgeadais nó maidir leis an éileamh atá uirthi. (d) leas a bhaint as rochtain ócáideach nó
rialta ar na meáin thraidisiúnta nó leictreonacha trí thuairim a chur in iúl
maidir le hionstraim airgeadais nó le conradh spot-tráchtearraí gaolmhar (nó go
hindíreach maidir leis an eisitheoir) tar éis staideanna a ghlacadh roimhe sin
ar an ionstraim airgeadais sin nó ar an gconradh spot-tráchtearraí gaolmhar sin
agus brabús a dhéanamh ina dhiaidh sin as tionchar na dtuairimí a cuireadh in
iúl ar an bpraghas a bhí ar an ionstraim sin nó ar an bpraghas a bhí ar an
gconradh spot-tráchtearraí gaolmhar sin, gan an choinbhleacht leasa sin a
nochtadh ar bhealach cuí agus éifeachtach don phobal ag an am céanna. (e) lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh
ghaolmhara a cheannach nó a dhíol ar an margadh tánaisteach roimh an gceant
arna dhéanamh de bhun Rialachán Uimh. 1031/2010 leis an éifeacht praghas
imréitigh an cheant a shocrú do na táirgí ceantáilte ar leibhéal neamhghnách nó
saorga nó tairgeoirí ag tairiscint sna ceantanna a chur ar míthreoir. 4. Chun críocha pointe (a) agus
pointe (b) de mhír 1 d'Airteagal 8 a chur i bhfeidhm, agus gan dochar do na
foirmeacha iompraíochta atá leagtha amach i mír 3, sainmhínítear in
Iarscríbhinn I táscairí nach bhfuil uileghabhálach a bhaineann le húsáid
gléasanna bréige nó aon fhoirme eile de dhallamullóg nó d'acra, agus táscairí
nach bhfuil uileghabhálach a bhaineann le comharthaí bréagacha nó míthreoracha
agus le socrú praghsanna. 5. Féadfaidh an Coimisiún, trí
bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 31, bearta a ghlacadh
lena sonraítear na táscairí atá leagtha síos in Iarscríbhinn I, d’fhonn a
ngnéithe a shoiléiriú agus d’fhonn forbairtí teicniúla ar mhargaí airgeadais a
chur san áireamh. CAIBIDIL 2
DÉILEÁIL CHOS ISTIGH AGUS CÚBLÁIL MHARGAIDH Airteagal 9
Déileáil chos istigh agus faisnéis ón taobh istigh a
nochtadh go míchuí a thoirmeasc Ní dhéanfaidh aon duine na nithe seo a leanas: (a) páirt
a ghlacadh, nó iarracht a dhéanamh ar pháirt a ghlacadh, i ndéileáil chos
istigh; (b) moladh do dhuine eile nó duine eile a
spreagadh páirt a ghlacadh i ndéileáil chos istigh; nó (c) faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go
míchuí. Airteagal 10
Cúbláil mhargaidh a thoirmeasc Ní ghlacfaidh duine páirt i gcúbláil mhargaidh
ná ní dhéanfaidh duine iarracht ar pháirt a ghlacadh i gcúbláil mhargaidh. Airteagal 11
Drochúsáid mhargaidh a chosc agus a bhrath 1. Glacfaidh aon duine a
oibríonn gnó ionaid trádála socruithe agus nósanna imeachta éifeachtacha i
gcomhréir le [hAirteagal 31 agus Airteagal 56] de Threoir [MiFID nua] atá
dírithe ar dhrochúsáid mhargaidh a bhrath agus a chosc, agus déanfaidh sé na
socruithe agus na nósanna imeachta sin a choinneáil. 2. Beidh córais i bhfeidhm ag
aon duine a bhíonn ag socrú nó ag déanamh idirbheart in ionstraimí airgeadais
chun orduithe agus idirbhearta a bhrath agus a thuairisciú a d'fhéadfadh a
bheith ina ndéileáil chos istigh, ina gcúbláil mhargaidh nó ina n‑iarracht
ar pháirt a ghlacadh i gcúbláil mhargaidh nó i ndéileáil chos istigh. Má tá tuairim réasúnta ag an duine sin go bhféadfadh ordú
nó idirbheart in aon ionstraim airgeadais, cibé acu ar cuireadh nó a ndearnadh
é ar ionad trádála nó taobh amuigh d’ionad nó saoráid trádála, a bheith ina
dhéileáil chos istigh, ina chúbláil mhargaidh nó ina iarracht ar pháirt a
ghlacadh i gcúbláil mhargaidh nó i ndéileáil chos istigh, tabharfaidh an duine
fógra don údarás inniúil gan mhoill. 3. Forbróidh an ESMA
dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun socruithe agus nósanna imeachta iomchuí
a chinneadh ionas go gcloífidh daoine leis na ceanglais atá bunaithe i mír 1,
agus na córais agus teimpléid fógartha a chinneadh a úsáidfidh daoine chun cloí
leis na ceanglais atá bunaithe i mír 2. Cuirfidh an ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála
dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin [...]. Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin
theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le
hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán Uimh. 1095/2010. CAIBIDIL 3
CEANGLAIS MAIDIR LE NOCHTADH Airteagal 12
Nochtadh poiblí faisnéise ón taobh istigh 1. Cuirfidh eisitheoir
ionstraime airgeadais an pobal ar an eolas a luaithe is féidir maidir le
faisnéis ón taobh istigh, a bhaineann go díreach leis an eisitheoir, agus
postálfaidh sé ar a láithreán Idirlín, go ceann tréimhse iomchuí, an fhaisnéis
ar fad ón taobh istigh is gá dó nochtadh go poiblí. 2. Nochtfaidh rannpháirtí sa
mhargadh lamháltas astaíochtaí go poiblí, go héifeachtach agus go tráthúil
faisnéis ón taobh istigh a bhaineann le lamháltais astaíochtaí arna gcoinneáil
aige maidir lena ghnólacht, lena n-áirítear gníomhaíochtaí eitlíochta mar atá
sonraithe in Iarscríbhinn I de Threoir 2003/87/CE nó suiteálacha de réir bhrí
Airteagal 3(e) den Treoir chéanna arna rialú ag an rannpháirtí lena mbaineann,
nó máthairghnóthas nó gnóthas gaolmhar nó ar leo iad, nó a bhfuil an
rannpháirtí lena mbaineann, nó máthairghnóthas nó gnóthas gaolmhar, freagrach
as cúrsaí oibríochtúla ina leith, go hiomlán nó go páirteach. Maidir le
suiteálacha, áireofar le nochtadh den sórt sin faisnéis ábhartha ar chumas agus
úsáid na suiteálacha, lena n‑áireofar do-úsáidteacht phleanáilte agus
neamhphleanáilte na suiteálacha seo. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le
rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí i gcás ina bhfuil astaíochtaí
nach sáraíonn, sa bhliain roimhe sin, íostairseach ar choibhéis dé-ocsaíd
charbóin ag na suiteálacha nó ag na gníomhaíochtaí eitlíochta ar leis iad, arna
rialú aige nó a bhfuil sé freagrach astu, agus i gcás ina ndéanann siad
gníomhaíochtaí dócháin, go bhfuil ionchur teirmeach rátáilte acu nach sáraíonn
íostairseach. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gnímh
tharmligthe i gcomhréir le hAirteagal 31, bearta lena mbunaítear íostairseach ar choibhéis dé-ocsaíd charbóin agus íostairseach ar
ionchur teirmeach rátáilte chun críocha chur i bhfeidhm na díolúine dá
bhforáiltear sa dara fomhír. 3. Ní bheidh feidhm ag mír 1 ná
ag mír 2 maidir le faisnéis nach bhfuil inti ach faisnéis ón taobh istigh de
réir bhrí phointe (e) de mhír 1 d’Airteagal 6. 4. Gan dochar do mhír 5,
féadfaidh eisitheoir ionstraime airgeadais nó rannpháirtí sa mhargadh lamháltas
astaíochtaí, nach bhfuil díolmhaithe de bhun an dara fomhír i mír 2 d’Airteagal
12, moill a chur ar nochtadh poiblí faisnéise ón taobh istigh, dá dtagraítear i
mír 1, faoina fhreagracht féin ionas nach ndéanfar dochar dá leas dlisteanach,
ar an gcoinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas: –
níor dhóigh go gcuirfeadh an t-easnamh an pobal
amú; –
go bhféadann an t-eisitheoir ionstraime airgeadais
nó an rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí rúndacht na faisnéise sin a
áirithiú. I gcás inar chuir eisitheoir ionstraime airgeadais
nó rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí moill ar nochtadh na faisnéise
ón taobh istigh faoin mír seo, cuirfidh sé an t‑údarás inniúil ar an
eolas gur cuireadh moill ar nochtadh na faisnéise gan mhoill tar éis an
fhaisnéis a nochtadh don phobal. 5. Féadfaidh údarás inniúil
ceadú d’eisitheoir ionstraime airgeadais moill a chur ar nochtadh poiblí na
faisnéise ón taobh istigh, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha
seo a leanas: –
go bhfuil tábhacht shistéimeach leis an
bhfaisnéis; –
go bhfuil sé le leas an phobail moill a chur ar a
fhoilsiú; –
go bhféadtar rúndacht na faisnéise sin a áirithiú. Beidh an cead sin i scríbhinn. Áiritheoidh an t-údarás inniúil go bhfuil an mhoill ann go
ceann cibé tréimhse is gá amháin le leas an phobail. Déanfaidh an t-údarás inniúil
athbhreithniú uair amháin gach seachtain ar a laghad ar cibé an leanann an
mhoill de bheith iomchuí nó nach leanann agus déanfaidh sé an t‑údarú a
chúlghairm láithreach mura gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha i
bpointí (a), (b) nó (c) a thuilleadh. 6. I gcás ina nochtann eisitheoir ionstraime airgeadais nó rannpháirtí sa
mhargadh lamháltas astaíochtaí, nach bhfuil díolmhaithe de bhun an dara fomhír
i mír 2 d’Airteagal 12, nó duine atá ag gníomhú thar a cheann nó chun a
chuntais, aon fhaisnéis ón taobh istigh d’aon tríú páirtí i ngnáthfheidhmiú a
dhualgas ag éirí as fostaíocht nó as gairm, dá dtagraítear in Airteagal 7(4),
ní mór dó nochtadh poiblí iomlán agus éifeachtach den fhaisnéis sin a dhéanamh,
go comhuaineach i gcás nochta d’aon toisc, agus go pras i gcás nochta nach
bhfuil á dhéanamh d’aon toisc. Ní bheidh feidhm ag an
mír seo má tá dualgas rúndachta ar an duine ag fáil na faisnéise, is cuma má tá
an dualgas sin bunaithe ar dhlí, ar rialacháin, ar airteagail chomhlachais nó
ar chonradh. 7. Féadfaidh an t-ionad trádála
faisnéis ón taobh istigh a bhaineann le heisitheoirí ionstraime airgeadais, ar
ligeadh isteach a n-ionstraimí airgeadais chun a dtrádála ar mhargadh fáis na
bhFiontar Beag agus Meánmhéide, a phostáil ar a shuíomh Gréasáin in ionad
shuíomh Gréasáin an eisitheora i gcás ina roghnaíonn an t-ionad trádála an áis
seo a sholáthar d’eisitheoirí ar an margadh sin. Sa chás sin, meastar gur
chomhlíon an t-eisitheoir sin an oibleagáid i mír 1. 8. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le heisitheoirí nár iarr ná
nár fhormheas ligean isteach a n-ionstraimí airgeadais chun a dtrádála ar
mhargadh rialáilte i mBallstát nó, i gcás ionstraim arna trádáil ar MTF nó ar
OTF amháin, nár iarr siad ná nár fhormheas siad trádáil a n-ionstraimí
airgeadais ar MTF nó ar OTF i mBallstát. 9. Forbróidh an ESMA dréachtchaighdeáin
theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a chinneadh: –
na modhanna teicniúla maidir le nochtadh iomchuí
poiblí na faisnéise ón taobh istigh dá dtagraítear i mír 1, i mír 6 agus i mír
7; –
na modhanna teicniúla maidir le nochtadh poiblí na
faisnéise ón taobh istigh a mhoilliú dá dtagraítear i mír 4 agus i mír 5. Cuirfidh
an ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa
chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin [...]. Tugtar
cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá
dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de
Rialachán 1095/2010. Airteagal 13
Liostaí daoine ar an taobh istigh 1. Déanfaidh eisitheoirí
ionstraime airgeadais nó rannpháirtithe sa mhargadh lamháltas astaíochtaí, nach
bhfuil díolmhaithe de bhun an dara fomhír de mhír 2 d'Airteagal 12, agus aon
duine ag gníomhú ar a son nó chun a gcuntais an méid seo a leanas: –
liosta a tharraingt suas de gach duine ag obair
dóibh, faoi chonradh fostaíochta nó eile, a bhfuil rochtain acu ar fhaisnéis ón
taobh istigh; –
an liosta a thabhairt cothrom le dáta go rialta;
agus –
an liosta a chur ar fáil don údarás inniúil a
luaithe is féidir ar a iarraidh sin. 2. Beidh eisitheoirí ionstraime
airgeadais a ligtear a n-ionstraimí airgeadais isteach chun a dtrádála ar
mhargadh fáis na bhfiontar beag agus meánmhéide díolmhaithe ó liosta den sórt
sin a tharraingt suas. Mar sin féin, má iarrann an
t-údarás inniúil air é sin a dhéanamh mar chuid d'fheidhmiú a fheidhmeanna
maoirseachta nó imscrúdúcháin, cuirfidh an t-eisitheoir sin liosta ar fáil don
údarás inniúil, ina sainaithneofar na daoine siúd ag obair dóibh a bhfuil
rochtain acu ar fhaisnéis ón taobh istigh. 3. Ní bheidh feidhm ag an
Airteagal seo maidir le heisitheoirí nár iarr ná nár fhormheas ligean isteach a
n-ionstraimí airgeadais chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte i mBallstát nó, i
gcás ionstraime arna trádáil ar MTF nó ar OTF amháin, nár iarr siad ná nár
fhormheas siad trádáil a n-ionstraimí airgeadais ar MTF nó ar OTF i mBallstát. 4. Glacfaidh an Coimisiún, trí
bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 31, bearta lena
gcinntear inneachar liosta dá dtagraítear i mír 1, lena n‑áirítear
faisnéis ar chéannacht na ndaoine agus na cúiseanna le daoine a bheith san
áireamh ar liosta daoine ar an taobh istigh, agus na dálaí faoina bhfuil
eisitheoirí ionstraime airgeadais nó rannpháirtithe sa mhargadh lamháltas
astaíochtaí, nó aonáin ag gníomhú ar a son, le liosta den chineál sin a
tharraingt suas maidir leis na dálaí faoina bhfuil liostaí den sórt sin le
tabhairt cothrom le dáta, an méid ama a choinnítear iad, agus freagrachtaí na
ndaoine ar na liostaí sin. 5. Beidh feidhm ag an Airteagal
seo freisin maidir le haon ardán ceant, le haon cheantálaí agus le faireachán
ceant a bhaineann le ceantanna lamháltas astaíochtaí nó táirgí ceantáilte eile
atá bunaithe orthu arna gcoinneáil de bhun Rialachán (Uimh.) 1031/2010. 6. Forbróidh an ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla
cur chun feidhme chun an fhormáid chruinn de liostaí daoine ar an
taobh istigh agus an fhormáid maidir le liostaí daoine ar an taobh istigh a
thabhairt cothrom le dáta dá dtagraítear san Airteagal seo a chinneadh. Cuirfidh
an ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa
chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin [...]. Tugtar
cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá
dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de
Rialachán 1095/2010. Airteagal 14
Idirbhearta bainisteora 1. Áiritheoidh daoine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta laistigh
d'eisitheoir ionstraime airgeadais nó de rannpháirtí sa mhargadh lamháltas
astaíochtaí nach bhfuil díolmhaithe de bhun an dara fomhír de mhír 2
d'Airteagal 12, mar aon le daoine a bhfuil dlúthbhaint acu leo, go bpoibleofar
faisnéis ar idirbhearta a bheith ann arna ndéanamh chun a gcuntais féin a
bhaineann le scaireanna an eisitheora sin, nó le díorthaigh nó le hionstraimí
airgeadais eile atá nasctha leo, nó i lamháltais astaíochtaí. Áiritheoidh na daoine sin go gcuirfear an fhaisnéis ar fáil
go poiblí laistigh de dhá lá gnó tar éis an lae a dhéantar an t‑idirbheart. 2. Chun críocha mhír 1, áireofar
le hidirbhearta nach mór a chur in iúl: –
ionstraimí airgeadais a ghealladh nó a thabhairt ar
iasacht ag duine nó thar ceann duine dá dtagraítear i mír 1; –
idirbhearta arna ndéanamh ag bainisteoir punainne
nó ag duine eile thar ceann duine dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear i
gcás ina bhfeidhmíonn an bainisteoir sin nó an duine eile sin discréid. 3. Ní bheidh feidhm ag mír 1
maidir le hidirbhearta faoi EUR 20,000 thar thréimhse bliana féilire. 4. Beidh feidhm ag an Airteagal
seo freisin maidir le haon ardán ceant, le haon cheantálaí agus le faireachán
ceant a bhaineann le ceantanna lamháltas astaíochtaí nó táirgí ceantáilte eile
atá bunaithe orthu arna gcoinneáil de bhun Rialachán (Uimh.) 1031/2010. 5. Féadfaidh an Coimisiún, trí
bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 31, bearta a ghlacadh
lena leasaítear an tairseach i mír 3, agus na forbairtí sna margaí airgeadais á
gcur san áireamh. 6. Glacfaidh an Coimisiún, trí
bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 31, bearta lena
sonraítear feidhmeanna gairmiúla daoine a mheastar go gcomhlíonann siad
freagracht bhainistíochta dá dtagraítear i mír 1, na cineálacha comhlachais
lena n‑áirítear de réir breithe mar aon le faoin dlí sibhialta agus
conarthach, a mheastar go gcruthaíonn siad dlúthbhaint phearsanta, na
saintréithe d’idirbheart dá dtagraítear i mír 2 lena spreagtar an dualgas sin,
agus an fhaisnéis nach mór a phoibliú agus na modhanna chun an pobal a chur ar
an eolas. Airteagal 15
Moltaí infheistíochta agus staidreamh 1. Déanfaidh daoine a tháirgeann
nó a scaipeann faisnéis ina moltar straitéis infheistíochta nó ina dtugtar
straitéis infheistíochta le fios, atá beartaithe do bhealaí dáilte nó don
phobal, cúram réasúnta a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear faisnéis den
sórt sin i láthair go hoibiachtúil agus go nochtfaidh siad a leasanna nó go
gcuirfidh siad coinbhleachtaí leasa in iúl maidir leis na hionstraimí
airgeadais lena mbaineann an fhaisnéis sin. 2. Déanfaidh institiúidí poiblí
ag scaipeadh staidrimh a d'fhéadfaí tionchar suntasach a bheith acu ar mhargaí
airgeadais iad a scaipeadh ar bhealach oibiachtúil agus trédhearcach. 3. Forbróidh an ESMA
dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na socruithe teicniúla
a chinneadh le haghaidh na gcatagóirí éagsúla daoine dá dtagraítear i mír 1, le
haghaidh chur i bhfeidhm oibiachtúil faisnéise ina moltar straitéis
infheistíochta agus le haghaidh nochtadh leasanna áirithe nó léirithe
coinbhleachtaí leasa. Cuirfidh an ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála
dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin [...]. Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin
theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le
hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán Uimh. 1095/2010. CAIBIDIL 4
AN ESMA AGUS ÚDARÁIS INNIÚLA Airteagal 16
Údaráis inniúla Gan dochar d'inniúlachtaí na n-údarás
breithiúnach, ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil riaracháin amháin chun
críche an Rialacháin seo. Áiritheoidh an t-údarás inniúil go gcuirfear
forálacha an rialacháin seo i bhfeidhm ar a chríoch, maidir le gach gníomh a
dhéantar ar a chríoch, agus na gníomhartha sin a dhéantar thar lear a bhaineann
le hionstraimí a ligtear isteach chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte, a
bhfuil iarratas ar ligean isteach chun a dtrádála ar mhargadh den sórt sin
déanta ina leith, nó a thrádáiltear ar MTF nó OTF ag feidhmiú laistigh dá
chríoch. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún, an ESMA agus údaráis inniúla na
mBallstát eile ar an eolas faoin méid sin. Airteagal 17
Cumhachtaí na n‑údarás inniúil 1. Feidhmeoidh údaráis inniúla a bhfeidhmeanna ar aon cheann de na slite
seo a leanas: (a) go díreach; (b) i gcomhar le húdaráis eile nó le gnóthais
an mhargaidh; (c) faoina bhfreagracht trí tharmligean chuig
na húdaráis sin nó chuig gnóthais an margadh; (d) trí iarratas a chur isteach chuig na
húdaráis bhreithiúnacha inniúla. 2. Ar mhaithe lena ndualgais a
chomhlíonadh faoin Rialachán seo, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus
imscrúdúcháin seo a leanas ar a laghad ag údaráis inniúla, i gcomhréir leis an
dlí náisiúnta: (a) rochtain
a iarraidh ar dhoiciméad ar bith i bhfoirm ar bith agus cóip de a fháil nó a
ghlacadh; (b) faisnéis a iarraidh ar aon duine, lena
n-áirítear iadsan a bhfuil baint leanúnach acu le tarchur orduithe nó leis na
hoibríochtaí lena mbaineann a dhéanamh, chomh maith lena gcuid prionsabal, agus
más gá, duine den sórt sin a thoghairm agus a cheistiú d’fhonn faisnéis a
fháil; (c) maidir le díorthaigh ar thráchtearraí,
faisnéis a iarraidh ó rannpháirtithe sa mhargadh ar mhargaí spot-tráchtearraí
gaolmhara de réir formáidí caighdeánaithe, tuarascálacha a fháil ar
idirbhearta, agus rochtain dhíreach a bheith acu ar chórais trádálaithe; (d) tabhairt
faoi chigireachtaí ar an láthair ar láithreáin seachas áitribh phríobháideacha
le fógra nó dá uireasa; (e) tar éis údarú a fháil roimh ré ó údarás breithiúnach
an Bhallstáit lena mbaineann i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, agus i gcás ina
bhfuil amhras réasúnach ann go bhféadfadh doiciméid a bhaineann le hábhar na
cigireachta a bheith ábhartha chun cás déileála cos istigh nó cúblála margaidh
de shárú ar an Rialachán seo nó an Treoir seo [MAD nua] a chruthú, dul isteach
in áitreabh príobháideach chun doiciméid in aon fhoirm a urghabháil; (f) taifid de thrácht teileafóin agus de
thrácht sonraí atá i seilbh oibreora teileachumarsáide nó gnólachta infheistíochta
a éileamh, i gcás ina bhfuil amhras réasúnach ann go bhféadfadh doiciméid a
bhaineann le hábhar na cigireachta a bheith ábhartha chun cás déileála cos
istigh nó cúblála margaidh mar a shainmhínítear de shárú ar an Rialachán seo
[MAD nua] nó an Treoir seo [MAD nua] a chruthú; ní bhainfidh na taifid seo mar
sin féin le hinneachar na teachtaireachta lena mbaineann siad. 3. Feidhmeoidh na húdaráis inniúla na cumhachtaí maoirseachta agus
imscrúdúcháin, dá dtagraítear i mír 2, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. 4. Déanfar próiseáil na sonraí
pearsanta arna mbailiú i bhfeidhmiú na gcumhachtaí maoirseachta agus
imscrúdúcháin de bhun an Airteagail seo i gcomhréir le Treoir 95/46/CE. 5. Áiritheoidh na Ballstáit go
mbeidh bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí maoirseachta
agus imscrúdúcháin ar fad ag údaráis inniúla a theastaíonn uathu chun a gcuid
dualgas a chomhlíonadh. Airteagal 18
Comhar leis an ESMA 1. Comhoibreoidh na húdaráis
inniúla leis an ESMA chun críocha an Rialacháin seo, i gcomhréir le Rialachán
(AE) Uimh. 1095/2010. 2. Cuirfidh na húdaráis inniúla,
gan mhoill, gach faisnéis is gá ar fáil don ESMA chun a chuid dualgas a
chomhlíonadh, i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. 3. Forbróidh an ESMA dréachtchaighdeáin
theicniúla cur chun feidhme chun na nósanna imeachta agus
foirmeacha maidir le malartú faisnéise dá dtagraítear i mír 2 a chinneadh. Cuirfidh an ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur
chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin
[...]. Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla
cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le
hAirteagal 15 de Rialachán 1095/2010. Airteagal 19
Oibleagáid comhair 1. Comhoibreoidh údaráis inniúla
le chéile agus leis an ESMA sna cásanna sin inar gá chun críocha an Rialacháin
seo. Go háirithe, tabharfaidh údaráis inniúla cúnamh d’údaráis inniúla na
mBallstát eile agus don ESMA agus malartóidh siad faisnéis agus comhoibreoidh
siad i ngníomhaíochtaí imscrúdúcháin agus forghníomhaithe gan aon mhoill
mhíchuí. Beidh feidhm ag an gcomhar agus ag an gcúnamh sin maidir leis an
gCoimisiún freisin i ndáil leis an malartú faisnéise a bhaineann le
tráchtearraí atá ina dtáirgí talmhaíochta atá liostaithe in Iarscríbhinn I a
ghabhann leis an gConradh. 2. Comhoibreoidh na húdaráis inniúla agus an ESMA le ACER agus le húdaráis
rialála náisiúnta na mBallstát lena áirithiú go nglacfar cur chuige atá
comhordaithe maidir le forghníomhú na rialacha ábhartha i gcás ina mbaineann
idirbhearta, orduithe chun trádáil a dhéanamh nó iompraíochtaí le hionstraim
airgeadais amháin nó níos mó lena bhfuil feidhm ag an Rialachán seo agus le
táirge fuinnimh mórdhíola amháin nó níos mó lena bhfuil feidhm ag Airteagal 3,
4 agus 5 de [Rialachán (AE) Uimh... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Mhórdhíola Fuinnimh]. Cuirfidh údaráis inniúla saintréithe sonracha na
sainmhínithe d'Airteagal 2 de [Rialachán (AE) Uimh... ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Mhórdhíola
Fuinnimh] agus forálacha Airteagal 3, Airteagal 4 agus Airteagal 5 de
[Rialachán (AE) Uimh... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le
Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Mhórdhíola Fuinnimh] san áireamh nuair a
chuirfidh siad Airteagal 6, Airteagal 7 agus Airteagal 8 den Rialachán seo i
bhfeidhm maidir le hionstraimí airgeadais a bhaineann le táirgí fuinnimh
mórdhíola. 3. Cuirfidh údaráis inniúla, ar
iarratas, aon fhaisnéis ar fáil atá ag teastáil chun na críche dá dtagraítear i
mír 1 gan mhoill. 4. I gcás inar deimhin le
húdarás inniúil go bhfuil gníomhaíochtaí atá contrártha d'fhorálacha an
Rialacháin seo á ndéanamh nó déanta ar chríoch Ballstáit eile, nó gníomhaíochtaí
a dhéanann difear d'ionstraimí airgeadais arna dtrádáil ar ionad trádála atá
suite i mBallstát eile, tabharfaidh sé fógra ina thaobh sin sa tslí is sonraí
agus is féidir d'údarás inniúil an Bhallstáit eile agus don ESMA agus, maidir
le táirgí fuinnimh mórdhíola, do ACER. Rachaidh údaráis inniúla na mBallstát
éagsúil lena mbaineann i gcomhairle le chéile agus leis an ESMA agus, i ndáil
le táirgí mórdhíola fuinnimh, le ACER, ar an ngníomh cuí le déanamh agus
cuirfidh siad forbairtí eatramhacha suntasacha in iúl dá chéile. Comhordóidh
siad a ngníomh, chun dúbailt agus forluí a d’fhéadfadh a bheith ann a
sheachaint agus bearta, smachtbhannaí agus fíneálacha riaracháin á gcur i
bhfeidhm i ndáil leis na cásanna trasteorann sin i gcomhréir le hAirteagal 24,
le hAirteagal 25, le hAirteagal 26, le hAirteagal 27 agus le hAirteagal 28,
agus tabharfaidh siad cúnamh dá chéile i bhforghníomhú a gcinntí. 5. Féadfaidh údarás inniúil i
mBallstát amháin cúnamh a iarraidh ar údarás inniúil i mBallstát eile i leith cigireachtaí
nó imscrúduithe ar an láthair. Cuirfidh an t‑údarás inniúil an ESMA ar an
eolas faoi aon iarraidh dá dtagraítear sa chéad fhomhír. I gcás imscrúdaithe nó
cigireachta a bhfuil éifeacht trasteorann leis nó léi, déanfaidh an ESMA an
t-imscrúdú nó an chigireacht a chomhordú má iarrann ceann de na húdaráis
inniúla air é sin a dhéanamh. I gcás ina bhfaigheann údarás
inniúil iarratas ó údarás inniúil i mBallstát eile chun tabhairt faoi
chigireacht nó imscrúdú ar an láthair, déanfaidh sé ceann ar bith díobh seo a
leanas: (a) tabhairt faoin gcigireacht nó imscrúdú ar
an láthair as a stuaim féin; (b) cead a thabhairt don údarás inniúil a
chuir isteach an iarraidh páirt a ghlacadh i gcigireacht nó in imscrúdú ar an
láthair; (c) cead a thabhairt don údarás inniúil a
chuir isteach an iarraidh tabhairt faoin gcigireacht nó imscrúdú ar an láthair
as a stuaim féin; (d) iniúchóirí nó saineolaithe a cheapadh le
tabhairt faoin gcigireacht nó faoin imscrúdú ar an láthair; (e) cúraimí ar leith a bhaineann le gníomhaíochtaí
maoirseachta a roinnt leis na húdaráis inniúla eile. 6. Gan dochar d’Airteagal 258
CFAE, féadfaidh údarás inniúil, nach ndéantar beart ar a iarratas ar fhaisnéis
nó ar chúnamh i gcomhréir le mír 1, le mír 2, le mír 3 agus le mír 4 laistigh
d’achar réasúnta ama nó ina ndiúltaítear dá iarratas ar fhaisnéis nó ar
chúnamh, an diúltú sin nó an t-easnamh gníomhaíochta sin a tharchur chuig an
ESMA laistigh d’achar réasúnach ama. Sna cásanna sin, féadfaidh an ESMA gníomhú i
gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010, gan dochar don
fhéidearthacht go ngníomhódh an ESMA i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán
(AE) Uimh. 1095/2010. 7. Comhoibreoidh agus malartóidh
údaráis inniúla faisnéis le húdaráis rialála náisiúnta agus tríú tír ábhartha
atá freagrach as na spotmhargaí gaolmhara i gcás ina bhfuil forais réasúnacha
acu chun a bheith in amhras go bhfuil gníomhartha déanta, nó go bhfuil
gníomhartha á ndéanamh, atá ina ndrochúsáid mhargaidh i gcomhréir le hAirteagal
2. Áiritheofar leis an gcomhar seo forbhreathnú
comhdhlúite ar na margaí airgeadais agus ar na spotmhargaí, agus braithfidh sé
agus cuirfidh sé smachtbhannaí ar dhrochúsáidí trasmhargaidh agus trasteorann. Maidir le lamháltais astaíochtaí, áiritheofar an
comhar agus an malartú faisnéise dá bhforáiltear faoin bhfomhír roimhe sin leo
seo a leanas freisin: (a) faireachán an cheant, maidir le ceantanna
lamháltas astaíochtaí nó táirgí eile ceantáilte atá bunaithe orthu arna
gcoinneáil de bhun Rialachán (Uimh.) 1031/2010; (b) údaráis inniúla, riarthóirí clárlainne,
lena n-áirítear an Riarthóir Lárnach, agus comhlachtaí poiblí eile a dtugtar
freagracht dóibh as maoirseacht a dhéanamh ar chomhlíonadh faoi Threoir
2003/87/CE. Comhlíonfaidh an ESMA ról éascaithe agus
comhordúcháin maidir leis an gcomhar agus leis an malartú faisnéise idir
údaráis inniúla agus údaráis rialála i mBallstáit eile agus i dtríú tíortha.
Déanfaidh údaráis inniúla, nuair is féidir, socruithe comhair a chur i gcrích
le húdaráis rialála tríú tír atá freagrach as na spotmhargaí gaolmhara, i
gcomhréir le hAirteagal 20. 8. Beidh nochtadh sonraí
pearsanta do thríú tír faoi rialú Airteagal 22 agus Airteagal 23. 9. Forbróidh an ESMA
dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na nósanna
imeachta agus foirmeacha maidir le malartú faisnéise agus cúnamh dá dtagraítear
san Airteagal seo a chinneadh. Cuirfidh an ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur
chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin
[...]. Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla
cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le
hAirteagal 15 de Rialachán 1095/2010. Airteagal 20
Comhar le tríú tíortha 1. Déanfaidh údaráis inniúla na
mBallstát, nuair is gá, socruithe comhair le húdaráis inniúla tríú tíortha
maidir le faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla tríú tíortha agus maidir le
forghníomhú na n‑oibleagáidí a thig faoin Rialachán seo i dtríú tíortha. Áiritheofar leis na socruithe comhair seo malartú
éifeachtúil faisnéise, ar a laghad, lena ligfear do na húdaráis inniúla a
ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo. Cuirfidh údarás inniúil an ESMA agus údaráis
inniúla eile na mBallstát ar an eolas i gcás ina mbeartaíonn sé socrú den sórt
sin a dhéanamh. 2. Déanfaidh an ESMA forbairt
socruithe comhair idir údaráis inniúla na mBallstát agus na húdaráis inniúla
iomchuí i dtríú tíortha a chomhordú. Chuige sin, ullmhóidh an ESMA
dréachtdoiciméad maidir le socruithe comhair a fhéadfaidh údaráis inniúla na
mBallstát a úsáid. Déanfaidh an ESMA an malartú idir údaráis inniúla
na mBallstát ar fhaisnéis a fhaightear ó údaráis inniúla i dtríú tíortha agus a
d'fhéadfadh a bheith ábhartha maidir le bearta a dhéanamh faoi Airteagal 24,
Airteagal 25, Airteagal 26, Airteagal 27 agus Airteagal 28 a chomhordú. 3. Ní dhéanfaidh na húdaráis
inniúla socruithe comhair maidir le faisnéis a mhalartú le húdaráis inniúla
tríú tíortha ach amháin i gcás ina bhfuil an fhaisnéis a nochtfar faoi réir
ráthaíochtaí rúndachta proifisiúnta atá comhionann ar a laghad leis na ráthaíochtaí
sin atá leagtha amach in Airteagal 21. Ní mór malartú faisnéise den
chineál sin a bheith beartaithe le húsáid chun cúraimí na n‑údarás
inniúil sin a chomhlíonadh. 4. Beidh nochtadh sonraí
pearsanta do thríú tír faoi rialú Airteagal 22 agus Airteagal 23. Airteagal 21
Rúndacht ghairmiúil 1. Beidh aon fhaisnéis rúnda a
gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear de bhun an Rialacháin seo faoi réir
choinníollacha na rúndachta gairmiúla atá leagtha síos i mír 2 agus i mír 3. 2. Beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla ar na daoine ar fad a
oibríonn nó a d'oibrigh leis an údarás inniúil nó d'údarás nó do ghnóthas
margaidh ar bith a ndearna an t-údarás inniúil a chumhachtaí a tharmligean
chucu, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe a fhostaíonn an t-údarás
inniúil ar chonradh. Ní fhéadfar faisnéis atá cumhdaithe ag rúndacht ghairmiúil
a nochtadh le duine nó le húdarás ar bith eile seachas de bhua forálacha atá
leagtha síos leis an dlí. 3. Glacfar leis go bhfuil gach
faisnéis a dhéantar a mhalartú idir na húdaráis inniúla faoin Rialachán seo
faoi rún, ach amháin nuair a shonraíonn an t‑údarás inniúil tráth na
cumarsáide gur féidir an fhaisnéis sin a nochtadh nó i gcás ina bhfuil gá le
nochtadh den chineál sin i gcomhair imeachtaí dlíthiúla. Airteagal 22
Cosaint sonraí Maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna
déanamh ag Ballstát laistigh de chreat an Rialacháin seo, cuirfidh údaráis
inniúla forálacha Threoir 95/46/CE i bhfeidhm. Maidir
le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh ag an ESMA laistigh de chreat
an Rialacháin seo, comhlíonfaidh an ESMA forálacha Rialachán (CE) Uimh.
45/2001. Coimeádfar sonraí pearsanta go ceann
uastréimhse 5 bliana. Airteagal 23
Sonraí pearsanta a nochtadh do thríú tíortha 1. Féadfaidh údarás inniúil
Ballstáit sonraí pearsanta a tharchur chuig tríú tír ar an gcoinníoll go
gcomhlíontar riachtanais Threoir 95/46/CE, go háirithe Airteagal 25 nó
Airteagal 26, ar bhonn cás ar chás amháin. Áiritheoidh
údarás inniúil an Bhallstáit gur gá na sonraí a tharchur chun críche an
Rialacháin seo. Áiritheoidh an t‑údarás inniúil nach dtarchuirfidh an
tríú tír na sonraí chuig tríú tír eile mura dtugtar údarú sainráite i scríbhinn
di agus mura gcomhlíonann sí na coinníollacha a bheidh sonraithe ag údarás
inniúil an Bhallstáit. Ní fhéadfar sonraí pearsanta a aistriú ach amháin
chuig tríú tír ina soláthraítear leibhéal cuí cosanta sonraí pearsanta. 2. Ní
fhéadfaidh údarás inniúil Ballstáit an fhaisnéis a fhaightear ó údarás inniúil
Ballstáit eile a nochtadh d'údarás inniúil tríú tír ach amháin más rud é go
bhfuil comhaontú sainráite faighte ag údarás inniúil an Bhallstáit lena
mbaineann ón údarás inniúil a tharchuir an fhaisnéis agus, nuair is infheidhme,
go ndéantar an fhaisnéis a nochtadh chun na gcríoch lenar thug an t‑údarás
inniúil sin a chomhaontú agus chun na gcríoch sin amháin. 3. I gcás ina bhforáiltear do
mhalartú sonraí pearsanta i gcomhaontú comhair, comhlíonfaidh sé Treoir
95/46/CE. CAIBIDIL 5
Bearta agus smachtbhannaí riaracháin Airteagal 24
Bearta agus smachtbhannaí riaracháin 1. Leagfaidh na Ballstáit síos
na rialacha maidir leis na bearta agus smachtbhannaí riaracháin is infheidhme
sna himthosca atá sainithe in Airteagal 25 maidir le daoine atá freagrach as
sáruithe fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad na bearta uile is gá
d’fhonn a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh
na bearta agus na smachtbhannaí dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus
athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún [laistigh
de 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] faoi na rialacha dá
dtagraítear sa chéad fhomhír. Tabharfaidh siad fógra
don Choimisiún agus don ESMA faoi aon leasú a dhéanfar orthu gan mhoill. 2. I bhfeidhmiú a gcumhachtaí smachtbhannaí faoi na himthosca atá sainithe
in Airteagal 25, comhoibreoidh údaráis inniúla go dlúth lena áirithiú go
soláthróidh na bearta agus smachtbhannaí riaracháin torthaí inmhianaithe an
Rialacháin seo agus comhordóidh siad a ngníomh chun dúbailt agus forluí a
d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint agus beart agus smachtbhannaí agus
fíneálacha riaracháin á gcur i bhfeidhm i ndáil leis na cásanna trasteorann sin
i gcomhréir le hAirteagal 19. Airteagal 25
Cumhachtaí smachtbhannaí Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le
gach ceann de na cásanna seo a leanas: (a) glacann
duine páirt i ndéileáil chos istigh de shárú ar Airteagal 9; (b) molann duine do dhuine eile nó spreagann
sé duine eile páirt a ghlacadh i ndéileáil chos istigh de shárú ar Airteagal 9; (c) nochtann
duine faisnéis ón taobh istigh go míchuí de shárú ar Airteagal 9; (d) glacann
duine páirt i gcúbláil mhargaidh de shárú ar Airteagal 10; (e) déanann
duine iarracht ar pháirt a ghlacadh i gcúbláil mhargaidh de shárú ar Airteagal
10; (f) mainníonn duine a oibríonn gnó ionaid
trádála ionaid trádála socruithe agus nósanna imeachta éifeachtacha a ghlacadh
agus a choinneáil atá dírithe ar chleachtais cúblála margaidh a bhrath agus a
chosc, de shárú ar Airteagal 11 (1); (g) mainníonn duine a bhíonn ag socrú nó ag
déanamh idirbheart córais a bheith i bhfeidhm aige chun idirbhearta a bhrath
agus a thuairisciú a d'fhéadfadh a bheith ina ndéileáil chos istigh, ina
gcúbláil mhargaidh nó ina n‑iarracht ar pháirt a ghlacadh i gcúbláil
mhargaidh nó mainníonn sé orduithe nó idirbhearta amhrasacha a fhógairt don
údarás inniúil gan mhoill, de shárú ar Airteagal 11 (2); (h) mainníonn eisitheoir ionstraime
airgeadais nó rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí, nach bhfuil
díolmhaithe de bhun an dara fomhír de mhír 2 d'Airteagal 12, faisnéis ón taobh
istigh a chur in iúl don phobal a luaithe is féidir nó mainníonn sé faisnéis ón
taobh istigh atá le nochtadh go poiblí a phostáil ar a láithreán Idirlín, de
shárú ar Airteagal 12 (1); (i) cuireann eisitheoir ionstraime
airgeadais nó rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí, nach bhfuil
díolmhaithe de bhun an dara fomhír de mhír 2 d'Airteagal 12, moill ar fhaisnéis
ón taobh istigh a nochtadh i gcás inar dóigh go gcuirfeadh moill den sórt sin
an pobal amú nó gan rúndacht na faisnéise sin a áirithiú, de shárú ar Airteagal
12 (2); (j) mainníonn eisitheoir ionstraime
airgeadais nó rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí, nach bhfuil
díolmhaithe de bhun an dara fomhír de mhír 2 d'Airteagal 12, cur in iúl don
údarás inniúil gur cuireadh moill ar nochtadh na faisnéise ón taobh istigh, de
shárú ar Airteagal 12 (2); (k) mainníonn eisitheoir ionstraime
airgeadais nó rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí, nó duine ag
gníomhú ar a shon nó chun a chuntais, an fhaisnéis ón taobh istigh a nochtadh
d'aon duine i ngnáthfheidhmiú na ndualgas mar thoradh ar fhostaíocht nó ar
ghairm a nochtadh don phobal, de shárú ar Airteagal 12 (4); (l) mainníonn eisitheoir ionstraime
airgeadais, rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí, nach bhfuil
díolmhaithe de bhun an dara fomhír de mhír 2 d'Airteagal 12, nó duine ag
gníomhú ar a shon nó chun a chuntais, liosta daoine ar an taobh istigh a
tharraingt suas, a thabhairt cothrom le dáta go rialta nó a tharchur chuig an
údarás inniúil ar iarratas, de shárú ar Airteagal 13 (1); (m) mainníonn
duine ag comhlíonadh freagrachtaí bainistíochta laistigh d'eisitheoir
d’ionstraimí airgeadais, de rannpháirtí sa mhargadh lamháltas astaíochtaí nach
bhfuil díolmhaithe de bhun an dara fomhír de mhír 2 d'Airteagal 12, nó duine a
bhfuil dlúthbhaint aige leis, faisnéis a chur ar fáil go poiblí idirbhearta a
bheith ann arna ndéanamh chun a chuntais féin, de shárú ar Airteagal 14 (1)
agus (2); (n) mainníonn
duine ag táirgeadh nó ag scaipeadh faisnéise ina moltar straitéis
infheistíochta nó ina dtugtar straitéis infheistíochta le fios, atá beartaithe do bhealaí
dáilte nó don phobal, cúram réasúnach a ghlacadh, chun a áirithiú go gcuirfear
an fhaisnéis i láthair go cothrom nó go nochtfar a leasanna nó a
choinbhleachtaí leasa, de shárú ar Airteagal 15 (1); (o) nochtann duine a oibríonn nó a d'oibrigh
d’údarás inniúil nó d’aon údarás nó d'aon ghnóthas margaidh a ndearna an
t-údarás inniúil a chumhachtaí a tharmligean chuige faisnéis ón taobh istigh
atá cumhdaithe ag rúndacht ghairmiúil de shárú ar Airteagal 21; (p) mainníonn
duine ceadú don údarás inniúil rochtain a fháil ar dhoiciméad agus cóip den
doiciméad a sholáthar, arna
iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 17 (2) (a); (q) mainníonn duine faisnéis a sholáthar nó
freagra a thabhairt ar thoghairm arna héileamh ag an údarás inniúil i gcomhréir
le hAirteagal 17 (2) (b); (r) mainníonn rannpháirtí sa mhargadh
faisnéis maidir le díorthaigh tráchtearraí nó tuairiscí ar idirbhearta
amhrasacha a chur ar fáil don údarás inniúil nó rochtain dhíreach a cheadú ar
chórais trádálaithe don údarás inniúil, arna iarraidh i gcomhréir le hAirteagal
17 (2) (c); (s) mainníonn duine rochtain a cheadú ar
láithreán le haghaidh imscrúdaithe, arna iarraidh ag an údarás inniúil i
gcomhréir le hAirteagal 17 (2) (d); (t) mainníonn duine rochtain a cheadú ar
thaifid de thrácht sonraí agus de thrácht teileafóin atá ann arna iarraidh i
gcomhréir le hAirteagal 17 (2) (f); (u) mainníonn duine cloí le hiarratas ón
údarás inniúil ar scor de chleachtas contrártha don Rialachán seo, ar thrádáil
ionstraimí airgeadais a chur ar fionraí nó ar ráiteas ceartaitheach a fhoilsiú; (v) déanann duine gníomhaíocht agus cosc
curtha air í a dhéanamh ag an údarás inniúil. Airteagal 26 Bearta agus smachtbhannaí riaracháin 1. Gan dochar do chumhachtaí
maoirseachta na n-údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 17, beidh sé de
chumhacht ag údaráis inniúla, i gcás sáraithe dá dtagraítear i mír 1, i
gcomhréir leis an dlí náisiúnta, na bearta agus na smachtbhannaí riaracháin seo
a leanas ar a laghad a ghearradh: (a) ordú
á cheangal ar an duine atá freagrach as an sárú scor den iompar agus scor den
iompar sin a dhéanamh arís; (b) bearta atá le cur i bhfeidhm mar gheall
ar mhainneachtain comhoibriú in imscrúdú atá cumhdaithe le hAirteagal 17; (c) bearta a bhfuil sé d’éifeacht leo
deireadh a chur le sárú leanúnach an Rialacháin seo agus deireadh a chur lena
éifeacht; (d) ráiteas poiblí ina léirítear an duine atá
freagrach as an sárú agus nádúr an tsáraithe, foilsithe ar shuíomh Gréasáin na
n-údarás inniúil; (e) ceartú faisnéise nochta atá bréagach nó
míthreorach, lena n-áirítear trí éileamh a dhéanamh ar aon eisitheoir a
d'fhoilsigh nó a scaip faisnéis bhréagach nó mhíthreorach ráiteas ceartaitheach
a fhoilsiú; (f) toirmeasc sealadach ar ghníomhaíocht; (g) tarraingt siar an údaraithe atá ag
gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4 (1) de Threoir
[MiFID nua]; (h) cosc sealadach i gcoinne aon chomhalta de
chomhlacht gnólachta infheistíochta, nó i gcoinne aon duine nádúrtha eile, atá
freagrach as an sárú nó na sáruithe, feidhmeanna a fheidhmiú i ngnólachtaí
infheistíochta; (i) trádáil na n-ionstraimí airgeadais lena
mbaineann a chur ar fionraí; (j) calcadh agus/nó forlámhú sócmhainní a
iarraidh; (k) smachtbhannaí airgid riaracháin de suas
le dhá oiread na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar
gheall ar an sárú, i gcásanna inar féidir iad sin a chinneadh; (l) maidir le duine nádúrtha, smachtbhannaí
airgid riaracháin suas go dtí [EUR 5,000,000] nó, sna Ballstáit nach é
an Euro an t-airgeadra oifigiúil iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra
náisiúnta ar dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo; (m) maidir le duine dlítheanach, smachtbhannaí
airgid riaracháin suas le 10% dá láimhdeachas bliantúil sa bhliain gnó roimhe
sin; i gcás ina bhfuil an duine dlítheanach ina fhochuideachta de
mháthairghnóthas [mar atá sainmhínithe in Airteagal 1 agus in Airteagal 2 de
Threoir 83/349/CEE], is ionann an láimhdeachas bliantúil iomlán agus an
láimhdeachas bliantúil iomlán atá mar thoradh ar chuntas comhdhlúite an
mháthairghnóthais deiridh sa bhliain gnó roimhe sin. 2. D’fhéadfaí go mbeadh
cumhachtaí smachtbhannaí eile ag údaráis inniúla de bhreis orthu siúd dá
dtagraítear i mír 2 a thabhairt d’údaráis inniúla agus féadfaidh siad foráil a
dhéanamh maidir le leibhéil níos airde smachtbhannaí airgid riaracháin ná iad
siúd atá bunaithe sa mhír sin. 3. Foilseofar gan aon mhoill
mhíchuí gach beart agus smachtbhanna riaracháin a fhorchuirtear i leith shárú
an Rialacháin seo, agus lena n-áireofar ar a laghad faisnéis ar chineál agus ar
nádúr an tsáraithe agus ar aitheantas na ndaoine atá freagrach as, mura
gcuirfeadh foilsiú den sórt sin cobhsaíocht na margaí airgeadais i gcontúirt go
mór. I gcás ina ndéanfadh foilsiú dochar díréireach
do na páirtithe lena mbaineann, foilseoidh údaráis inniúla na bearta agus na
smachtbhannaí ar bhonn gan ainm. Airteagal 27
Smachtbhannaí a chur i bhfeidhm go
héifeachtach 1. Agus cinneadh á dhéanamh acu ar an gcineál beart agus smachtbhannaí
riaracháin, cuirfidh údaráis inniúla gach cúinse ábhartha san áireamh, lena
n-áirítear: (a) tromaíocht
agus fad an tsáraithe; (b) leibhéal freagrachta an duine
fhreagraigh; (c) neart
airgeadais an duine fhreagraigh, arna léiriú le láimhdeachas iomlán an duine
dhlítheanaigh fhreagraigh nó le hioncam bliantúil an duine nádúrtha
fhreagraigh; (d) tábhacht
na mbrabús a ghnóthaigh an duine freagrach, nó tábhacht na gcaillteanas a
sheachain an duine freagrach, a mhéid is féidir iad a chinneadh; (e) leibhéal
comhair an duine fhreagraigh leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá atá le
haisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin, nó le haisíoc na gcaillteanas a
sheachain an duine sin, a áirithiú; (f) sáruithe roimhe sin ag an duine freagrach. Féadfaidh údaráis inniúla tosca breise a chur san
áireamh, má shonraítear na tosca sin sa dlí náisiúnta. 2. Eiseoidh an ESMA treoirlínte
atá dírithe ar údaráis inniúla i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE)
Uimh. 1095/2010 maidir le cineálacha beart agus smachtbhannaí riaracháin agus
le leibhéal na bhfíneálacha. Airteagal 28
Achomharc Áiritheoidh Ballstáit go bhfuil cinntí arna
ndéanamh ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an Rialachán seo faoi réir an
chirt chun achomhairc. Airteagal 29
Sáruithe a thuairisciú 1. Cuirfidh Ballstáit
meicníochtaí éifeachtacha i bhfeidhm chun tuairisciú sháruithe an Rialacháin
seo d’údaráis inniúla a spreagadh, lena n-áirítear iad seo a leanas ar a
laghad: (a) nósanna imeachta sainiúla maidir le fáil
na dtuairiscí ar sháruithe agus lena leanúint; (b) cosaint chuí le haghaidh daoine a thuairiscíonn
sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann nó sáruithe iarbhír; (c) cosaint sonraí pearsanta a bhaineann leis
an duine a thuairiscíonn na sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann nó na sáruithe
iarbhír agus leis an gcúisí araon i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha
amach i dTreoir 95/46/CE; (d) nósanna imeachta iomchuí lena
n-áiritheofar ceart an chúisí i leith cosanta agus an ceart chun éisteacht a
fháil sula nglacfar cinneadh a bhaineann leis, agus an ceart chun leigheas
breithiúnach éifeachtach a fháil in aghaidh aon chinnidh nó aon bhirt a
bhaineann leis. 2. D’fhéadfaí dreasachtaí
airgeadais a dheonú i gcomhréir leis an dlí náisiúnta do dhaoine a thairgeann
faisnéis shuntasach maidir le sáruithe an Rialacháin a d’fhéadfadh a bheith ann
i gcás nach bhfuil ann d’aon dualgas dlíthiúil nó conarthach ar na daoine seo
cheana féin an fhaisnéis sin a thuairisciú, gur faisnéis nua atá i gceist, agus
go mbeidh forchur smachtbhanna nó birt riaracháin nó smachtbhanna choiriúil i
leith shárú an Rialacháin seo mar thoradh uirthi. 3. Déanfaidh an Coimisiún, trí
bhíthin gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 31, bearta a
ghlacadh lena sonraítear tuilleadh na nósanna imeachta, meicníochtaí agus
socruithe dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear na módúlachtaí tuairiscithe
agus na módúlachtaí chun gníomh leantach a dhéanamh i leith tuairiscí, agus na
bearta i leith cosanta daoine. Airteagal 30
Malartú faisnéise leis an ESMA 1. Cuirfidh údaráis inniúla agus údaráis bhreithiúnacha ar fáil don ESMA
ar bhonn bliantúil faisnéis chomhiomlánaithe maidir le gach beart, smachtbhanna
agus fíneáil riaracháin arna fhorchur nó arna forchur i gcomhréir le hAirteagal
24, Airteagal 25, Airteagal 26, Airteagal 27m Airteagal 28 agus Airteagal 29. Foilseoidh an ESMA an fhaisnéis seo ina thuarascáil
bhliantúil. 2. I gcás inar nocht an t-údarás inniúil bearta, smachtbhannaí agus
fíneálacha riaracháin don phobal, tuairisceoidh sé na bearta, smachtbhannaí
agus fíneálacha riaracháin sin don ESMA an tráth céanna. 3. I gcás ina mbaineann beart,
smachtbhanna agus fíneáil riaracháin atá foilsithe le gnólacht infheistíochta
atá údaraithe i gcomhréir le Treoir [MiFID nua], cuirfidh an ESMA tagairt leis
an smachtbhanna foilsithe i gclár na ngnólachtaí infheistíochta arna bhunú faoi
Airteagal 5(3) de Threoir [MiFID nua]. 4. Forbróidh an ESMA
dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun na nósanna
imeachta agus foirmeacha maidir le malartú faisnéise dá dtagraítear san
Airteagal seo a chinneadh. Cuirfidh an ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur
chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír faoi bhráid an Choimisiúin faoin
[...]. Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla
cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le
hAirteagal 15 de Rialachán 1095/2010. CAIBIDIL 6
GNÍOMHARTHA TARMLIGTHE Airteagal 31
Cumhachtaí a tharmligean Tabharfar
de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 i leith fhorlíonadh agus leasú na ndálaí
do chláir aischeannaigh agus do chobhsú na n-ionstraimí airgeadais, i leith na
sainmhínithe sa Rialachán seo, i leith na ndálaí do liostaí daoine ar an taobh
istigh a tharraingt suas, i leith na ndálaí a bhaineann le hidirbhearta
bainisteoirí agus le socruithe maidir le daoine a chuireann fianaise ar fáil a
d'fhéadfadh a bheith ina cúis le sáruithe an Rialacháin seo a bhrath. Airteagal 32
An tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar
síos san Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha
tarmligthe a ghlacadh. 2. Tabharfar
tarmligean na cumhachta go ceann tréimhse éiginnte ama ón dáta dá dtagraítear
in Airteagal 36(1). 3. Féadfaidh Parlaimint na
hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta a chúlghairm am ar bith. I gcás
cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá
sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an
chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí
arna shonrú sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de
na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 4. A
luaithe agus a ghlacann sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra
ina thaobh sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle an tráth céanna. 5. Ní thiocfaidh
gníomh tarmligthe i bhfeidhm ach amháin má chuir Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na
hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an
tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an
gComhairle araon nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear 2 mhí leis an
tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle. CAIBIDIL 7
GNÍOMHARTHA CUR CHUN FEIDHME Airteagal 33
Nós imeachta coiste 1. D’fhonn gníomhartha cur chun
feidhme a ghlacadh faoi Airteagal 29(3), beidh de chúnamh ag an gCoimisiún an
Coiste um Urrúis Eorpacha arna bhunú le Cinneadh 2001/528/CE ón gCoimisiún[41]. Coiste de réir bhrí
Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa Choiste sin[42]. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag
Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011, ag féachaint d'fhorálacha
Airteagal 8 de. CAIBIDIL 8
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS
CRÍOCHNAITHEACHA Airteagal 34
Aisghairm Threoir 2003/6/CE Déanfar Treoir 2003/6/CE a aisghairm le
héifeacht ón [24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].
Déanfar na tagairtí do Threoir 2003/6/CE a fhorléiriú mar thagairtí don
Rialachán seo. Airteagal 35
Forálacha eatramhacha D’fhéadfadh cleachtaí margaidh atá ann cheana
roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus arna nglacadh ag údaráis
inniúla i gcomhréir le Rialachán an Choimisiúin (CE) Uimh. 2273/2003[43] chun críocha pointe 2(a)
d’Airteagal 1 de Threoir 2003/6/CE a chur i bhfeidhm, a bheith infheidhme go
ceann [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar an
gcoinníoll go gcuireann na húdaráis inniúla lena mbaineann in iúl iad don ESMA
roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Airteagal 36
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm 1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm [an fichiú lá tar éis a
fhoilsithe] in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. 2. Beidh feidhm aige ón [24 mhí
tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] seachas Airteagal 3(2), Airteagal
8(5), Airteagal 11(3), Airteagal 12(9), Airteagal 13(4), Airteagal 13(6),
Airteagal 14(5), Airteagal 14(6), Airteagal 15(3), Airteagal 18(9), Airteagal
19(9), Airteagal 28(3) agus Airteagal 29(3) a mbeidh feidhm acu láithreach tar
éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Beidh an Rialachán seo ceangailteach go huile agus go hiomlán agus
infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa
Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán IARSCRÍBHINN I A.
Táscairí iompraíochta cúblála a bhaineann le comharthaí bréagacha nó
míthreoracha agus le socrú praghsanna Chun críocha pointe (a) de mhír 1 d'Airteagal
8 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm, agus gan dochar do na foirmeacha
iompraíochta atá leagtha amach i mír 3 de, déanfar na táscairí nach bhfuil
uileghabhálach seo a leanas, nár cheart a mheas a bheith ina gcúbláil mhargaidh
iad féin, a chur san áireamh nuair a dhéanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh agus
údaráis inniúla scrúdú ar idirbhearta nó orduithe chun trádáil a dhéanamh: (a) a
mhéid is ionann orduithe chun trádáil a dhéanamh arna dtabhairt nó idirbhearta
arna ndéanamh agus cuid shuntasach de mhéid laethúil na n‑idirbheart san
ionstraim airgeadais ábhartha, sa chonradh spot-tráchtearraí gaolmhar ábhartha,
nó sa táirge ceantáilte ábhartha bunaithe ar liúntas astaíochtaí, go háirithe i
gcás ina bhfuil na gníomhaíochtaí seo ina gcúis le hathrú suntasach ar a
bpraghas; (b) a mhéid is ionann orduithe chun trádáil a
dhéanamh arna dtabhairt nó idirbhearta arna ndéanamh ag daoine a bhfuil ról
suntasach acu maidir le hionstraim airgeadais, conradh spot-tráchtearraí
gaolmhar, nó táirge ceantáilte bunaithe ar lamháltais astaíochtaí a cheannach
nó a dhíol, ina gcúis le hathruithe suntasacha ar an bpraghas atá ar an
ionstraim airgeadais sin, ar an gconradh spot-tráchtearraí gaolmhar sin, nó ar
an táirge ceantáilte sin bunaithe ar lamháltais astaíochtaí; (c) cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil
idirbhearta arna ndéanamh ina gcúis le gan aon athrú ar úinéireacht thairbhiúil
ionstraime airgeadais, conartha spot-tráchtearraí ghaolmhair, nó táirge
cheantáilte bunaithe ar lamháltais astaíochtaí; (d) a mhéid a áirítear le horduithe chun
trádáil a dhéanamh arna dtabhairt nó idirbhearta arna ndéanamh malartuithe ról
i dtréimhse ghearr agus a mhéid is ionann iad agus cuid shuntasach de mhéid
laethúil na n-idirbheart san ionstraim airgeadais ábhartha, sa chonradh
spot-tráchtearraí gaolmhar, nó sa táirge ceantáilte bunaithe ar lamháltais
astaíochtaí, agus a d’fhéadfaí a bheith bainteach le hathruithe suntasacha ar
an bpraghas atá ar ionstraim airgeadais, ar chonradh spot-tráchtearraí
gaolmhar, nó ar tháirge ceantáilte bunaithe ar lamháltais astaíochtaí; (e) a
mhéid atá orduithe chun trádáil a dhéanamh arna dtabhairt nó idirbhearta arna
ndéanamh comhchruinnithe laistigh de thréimhse ghearr ama sa seisiún trádála
agus a mhéid atá siad ina gcúis le hathrú praghais a fhreaschuirtear ina
dhiaidh sin; (f) a mhéid a athraíonn orduithe chun
trádáil a dhéanamh arna dtabhairt an t‑uiríoll ar an tairiscint is fearr
nó a thairgeann siad praghsanna in ionstraim airgeadais, i gconradh
spot-tráchtearraí gaolmhar, nó i dtáirge ceantáilte bunaithe ar lamháltas
astaíochtaí, nó, níos ginearálta, an t-uiríoll ar an leabhar orduithe atá ar
fáil do rannpháirtithe sa mhargadh, agus a bhaintear iad sula ndéantar iad; (g) a mhéid a thugtar orduithe chun trádáil a
dhéanamh nó a dhéantar idirbhearta ag am ar leith nó faoi am ar leith nuair a
dhéantar praghsanna tagartha, praghsanna socraithe agus luachálacha a ríomh
agus nuair atá siad ina gcúis le hathruithe praghsanna a bhfuil tionchar acu ar
phraghsanna agus luachálacha den sórt sin. B.
Táscairí iompraíochtaí cúblála a bhaineann le húsáid a bhaint as seifteanna
samhailteacha nó as aon fhoirm eile de dhallamullóg nó d'acra Chun críocha pointe (b) de mhír 1 d'Airteagal
8 den Rialachán seo a chur i bhfeidhm, agus gan dochar do na foirmeacha
iompraíochta atá leagtha amach sa dara mír de mhír 3 de, déanfar na táscairí
nach bhfuil uileghabhálach seo a leanas, nár cheart a mheas a bheith ina gcúbláil
mhargaidh iad féin, a chur san áireamh nuair a dhéanfaidh rannpháirtithe sa
mhargadh agus údaráis inniúla scrúdú ar idirbhearta nó orduithe chun trádáil a
dhéanamh: (a) cibé acu a théann nó nach dtéann orduithe
chun trádáil a dhéanamh arna dtabhairt nó idirbhearta arna ndéanamh ag daoine
roimh scaipeadh faisnéise atá bréagach nó míthreorach ag na daoine céanna nó ag
daoine nasctha leo, nó cibé acu a thagann nó nach dtagann siad ina ndiaidh; (b) cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil
orduithe chun trádáil a dhéanamh arna dtabhairt nó idirbhearta arna ndéanamh ag
daoine sula ndéanann na daoine céanna nó daoine nasctha leo moltaí
infheistíochta atá mícheart nó claonta nó go taispeántach faoi thionchar leasa
ábhartha a tháirgeadh nó a scaipeadh, nó tar éis dóibh iad a tháirgeadh nó a
scaipeadh. RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE
hAGHAIDH TOGRAÍ 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/AN TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/an tionscnaimh 1.2. Réimsí
beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 1.3. An
cineál togra/tionscnaimh 1.4. Cuspóirí
1.5. Na
forais leis an togra/an tionscnamh 1.6. Fad
agus tionchar airgeadais 1.7. Modhanna
bainistíochta atá beartaithe 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha
faireacháin agus tuairiscithe 2.2. Córas
bainistíochta agus rialaithe 2.3. Bearta
chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteideal/ceannteidil
an chreata airgeadais ilbhliantúil agus an líne/na línte buiséid lena mbaineann
3.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar
chaiteachas 3.2.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí 3.2.3. An
tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin 3.2.4. Comhoiriúnacht
don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 3.2.5. Ranníocaíochtaí
ó thríú páirtithe 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam RÁITEAS
AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/AN TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/an
tionscnaimh Togra
le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le
déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (drochúsáid mhargaidh) Togra
le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le
smachtbhannaí coiriúla maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh
(drochúsáid mhargaidh) 1.2. Réimse/réimsí beartais lena
mbaineann i gcreat ABM/ABB[44] Margadh
Inmheánach – Margaí airgeadais 1.3. An cineál togra/tionscnaimh ý Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua a leanann
treoirthionscadal/réamhghníomhaíocht[45]
¨ Baineann an togra/tionscnamh
le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i
dtreo gníomhaíochta nua 1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha
ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe Is
iad cuspóirí ginearálta an Rialacháin agus na Treorach um Dhrochúsáid Mhargaidh
cur le sláine an mhargaidh trí thoirmeasc a chur orthu siúd a bhfuil faisnéis
ón taobh istigh acu trádáil a dhéanamh in ionstraimí airgeadais bainteacha,
agus trí thoirmeasc a chur ar chúbláil mhargaí airgeadais trí chleachtais
amhail faisnéis bhréagach nó ráflaí a scaipeadh agus trádáil a dhéanamh a
dhaingníonn praghsanna ag leibhéal neamhghnách, agus leabhar rialacha aonair
agus deis chothrom iomaíochta a áirithiú agus tarraingteacht na margaí urrús le
haghaidh caipiteal a bhailiú d'eisitheoirí ar mhargaí fáis na bhfiontar beag
agus meánmhéide ag an am céanna. 1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na
gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann Cuspóir sonrach Uimh.. I bhfianaise na gcuspóirí ginearálta atá thuas, tá na
cuspóirí beartais níos sonraí seo a leanas ábhartha: - A áirithiú go gcoinníonn Rialachán agus Treoir suas le
forbairtí sa mhargadh; - Forghníomhú éifeachtach rialacha drochúsáide margaidh a
áirithiú; - Éifeachtacht an chórais drochúsáide margaidh a fheabhsú
trí níos mó soiléireachta agus deimhneachta dlíthiúla a áirithiú; - Ualaí riaracháin a laghdú nuair is féidir, go háirithe i
gcomhair eisitheoirí ar mhargaí na bhfiontar beag agus meánmhéide. Gníomhaíocht(aí) ABM/ABB lena mbaineann Ní
mór na spriocanna oibríochtúla seo a leanas a bhaint amach má tá na haidhmeanna
sonracha thuasluaite le baint amach: -
Drochúsáid mhargaidh a chosc ar ardáin eagraithe, ar mhargaí eagraithe agus ar
idirbhearta thar an gcuntar; -
Drochúsáid mhargaidh a chosc ar mhargaí tráchtearraí agus ar mhargaí díorthach
gaolmhar; -
A áirithiú go bhfuil an fhaisnéis agus an chumhacht a bhfuil gá leo ag
rialtóirí chun forfheidhmiú éifeachtach a dhéanamh; -
Smachtbhannaí comhsheasmhacha, éifeachtacha agus athchomhairleacha a áirithiú; -
Roghanna agus discréidí a laghdú nó a dhíchur; -
Príomhchoincheapa áirithe a shoiléiriú. 1.4.3. An toradh agus an tionchar a
bhfuil súil leis Sonraigh an tionchar a
bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe. Beidh
feabhsuithe suntasacha ar láimhseáil drochúsáide margaidh laistigh den AE mar
thoradh ar thionchar foriomlán na dtograí. Ar an
gcéad dul síos, feabhsófar sláine an mhargaidh agus cosaint infheisteoirí trí
shoiléiriú a thabhairt maidir leis na margaí agus na hionstraimí airgeadais a
chumhdaítear, agus áiritheofar leis sin go gcumhdaítear ionstraimí arna ligean
isteach chun a dtrádála ar MTF amháin agus cineálacha nua saoráidí trádála
eagraithe eile. Ina theannta sin feabhsófar an chosaint i gcoinne na
drochúsáide margaidh i ndíorthaigh tráchtearraí trí thrédhearcacht fheabhsaithe
an mhargaidh. Ina theannta sin, áiritheofar leo brath níos fearr ar dhrochúsáid
mhargaidh trí na cumhachtaí is gá a chur ar fáil d’údaráis inniúla chun
imscrúduithe a dhéanamh agus chun an díspreagadh a bhaineann le córais
smachtbhannaí a fheabhsú trí phrionsabail íosta a thabhairt isteach i ndáil le
bearta nó smachtbhannaí riaracháin agus trí thabhairt isteach smachtbhannaí
coiriúla a éileamh. Ina theannta sin, beidh cur chuige níos comhtháite ann i
ndáil le drochúsáid mhargaidh mar thoradh air freisin, ós rud é go laghdófar na
roghanna agus na discréidí do Bhallstáit agus go dtabharfar córas comhréireach
isteach d’eisitheoirí ar mhargadh fáis na bhFiontar Beag agus Meánmhéide. Ar an
iomlán, táthar ag súil go gcuirfidh sé le sláine fheabhsaithe na margaí
airgeadais. Beidh dea-thionchar aige sin ar mhuinín infheisteoirí, rud a
chuirfidh le cobhsaíocht airgeadais na margaí airgeadais a thuilleadh. 1.4.4 Táscairí a léiríonn toradh
agus tionchar Sonraigh na táscairí a
léiríonn faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is
iad seo a leanas na príomhtháscairí agus na príomhfhoinsí faisnéise a
d’fhéadfaí a úsáid sa mheastóireacht: Sonraí
ó údaráis inniúla náisiúnta ar líon na gcásanna drochúsáide margaidh a
d’imscrúdaigh siad agus ar chuir siad smachtbhannaí orthu; agus -
Tuarascáil (a d’fhéadfadh an ESMA a chur i gcrích) ar an taithí atá faighte ag
na rialtóirí maidir leis an reachtaíocht a chur i bhfeidhm. 1.5. Na forais leis an
togra/tionscnamh 1.5.1 Na ceanglais is gá a shásamh
sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Gearrthéarma: -
A áirithiú go bhfuil an fhaisnéis agus an chumhacht a bhfuil gá leo ag
rialtóirí chun forfheidhmiú éifeachtach a dhéanamh; -
Smachtbhannaí comhsheasmhacha, éifeachtacha agus athchomhairleacha a áirithiú; -
Roghanna agus discréidí a laghdú nó a dhíchur; -
Príomhchoincheapa áirithe a shoiléiriú. Fadtéarma:
-
Drochúsáid mhargaidh a chosc ar ardáin eagraithe, ar mhargaí eagraithe agus ar
idirbhearta thar an gcuntar; -
Drochúsáid mhargaidh a chosc ar mhargaí tráchtearraí agus margaí díorthach
gaolmhar. 1.5.2 Luach breise a bhaineann le
rannpháirteachas an AE Cé
go bhfuil impleachtaí tábhachtacha do gach Ballstát ar leith ag na fadhbanna a
luaitear sa Mheasúnú Tionchair, ní féidir a dtionchar iomlán a thuiscint i
gceart ach i gcomhthéacs trasteorann. Is é is cúis leis sin gur féidir le
drochúsáid mhargaidh tarlú aon áit a bhfuil an ionstraim sin liostaithe, nó á
díol thar an gcuntar, fiú i margaí seachas bunmhargadh na hionstraime lena
mbaineann. Tá an‑bhaol ann, dá bhrí sin, go dtiocfar timpeall ar na
freagairtí náisiúnta ar dhrochúsáid mhargaidh nó go mbeidh siad mí-éifeachtach
ceal gníomhaíochta ar leibhéal an AE. Ina theannta sin, tá cur chuige
comhsheasmhach fíor‑riachtanach chun arbatráiste rialála a sheachaint. Ós
rud é go bhfuil an cheist sin cuimsithe cheana féin ag acquis na
Treorach reatha um Dhrochúsáid Mhargaidh, is trí iarracht chomhchoiteann is
fearr a láimhseálfar na fadhbanna arna léiriú sa Mheasúnú Tionchair. 1.5.3 Ceachtanna a foghlaimíodh ó
thaithí chosúil roimhe seo Déanann
an togra le haghaidh an Rialacháin seo forbairt ar an Treoir reatha um
Dhrochúsáid Mhargaidh ina léiríodh roinnt teorainneacha maidir lena cur i
bhfeidhm agus cuireadh i bhfeidhm í ar dhóigheanna éagsúla i measc Ballstát,
agus dá bhrí sin tá gá le hathbhreithniú i bhfoirm Rialacháin agus Treorach. 1.5.4 Comhchuibheas agus
sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile Mar
a fógraíodh ina Theachtaireacht maidir le Rialáil Seirbhísí Airgeadais ar
Mhaithe le Fás Inbhuanaithe a Spreagadh an 2 Meitheamh 2010,[46] cuirfidh an Coimisiún a chlár
iomlán athchóirithe airgeadais i gcrích sna míonna atá le teacht. I measc na
dtograí reatha nó na dtograí ar feitheamh atá liostaithe sa Teachtaireacht, tá
roinnt acu bainteach leis an tionscnamh seo agus cuirfidh siad le baint amach a
chuspóirí i leith feabhas a chur ar chosaint infheisteoirí agus feabhas a chur
ar thrédhearcacht agus ar shláine an mhargaidh. Áirítear
leis an togra i leith Rialacháin maidir le díol folamh agus le gnéithe áirithe
de Bhabhtálacha Mainneachtana Creidmheasa córas nochta díola folaimh a fhágfadh
go mbeadh sé níos éasca ar rialtóirí cásanna féideartha cúblála margaidh nó
déileála ón taobh istigh atá nasctha le díol folamh a bhrath.[47] Leis
an togra i leith rialacháin maidir le díorthaigh thar an gcuntar (OTC),
contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála, méadófar trédhearcacht na ról
suntasach maidir le díorthaigh thar an gcuntar, rud a chuideoidh le rialtóirí
faireachán a dhéanamh ar dhrochúsáid mhargaidh trí úsáid na ndíorthach.[48] San
athbhreithniú ar an Treoir maidir le Margaí in Ionstraimí Airgeadais,
breithneofar roghanna chun leathnú a dhéanamh ar an raon feidhme reatha de
thuairisciú maidir le hidirbhearta in ionstraimí arna dtrádáil ar shaoráidí
trádála iltaobhacha (MTFanna) amháin agus de thuairisciú maidir le hidirbhearta
thar an gcuntar (OTC), lena n-áirítear díorthaigh. Níl tuairisciú d’údaráis
inniúla maidir le hidirbhearta thar an gcuntar nach ligtear isteach iad chun a
dtrádála ar mhargadh rialáilte éigeantach faoi láthair, agus d’éascódh an
cineál tuairiscithe sin do rialtóirí drochúsáid mhargaidh a d’fhéadfadh a
bheith ann trí ionstraimí den sórt sin a bhrath.[49] Tá
saincheisteanna na gceanglas trédhearcachta agus na n‑iompraíochtaí
cúblála atá sonrach i leith margaí fuinnimh, chomh maith le tuairisciú
idirbheart chun sláine na margaí fuinnimh a áirithiú, faoi réir thogra ón
gCoimisiún i leith Rialacháin maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh
fuinnimh.[50] 1.6. Fad agus tionchar airgeadais ¨ Togra/tionscnamh d’fhad teoranta –
¨ Togra/tionscnamh in
éifeacht ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB –
¨ Tionchar airgeadais
ó BBBB go BBBB ý Togra/tionscnamh d’fhad neamhtheoranta –
Cur chun feidhme le tréimhse thosaigh idir BBBB
agus BBBB, –
agus feidhm iomlán ina dhiaidh sin. 1.7 Modh(anna) bainistíochta atá
beartaithe[51] ý Bainistíocht dhíreach láraithe ag an gCoimisiún ¨ Bainistíocht indíreach láraithe trí na cúraimí cur chun
feidhme a tharmligean chuig: –
¨ gníomhaireachtaí feidhmiúcháin –
¨ comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[52] –
¨ comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil
misean de sheirbhís phoiblí acu –
¨ daoine ar cuireadh de chúram orthu gníomhaíochtaí sonracha
a chur chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach
agus atá sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí
Airteagal 49 den Rialachán Airgeadais ¨ Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit ¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha ¨ Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair
sonraí) I gcás ina
sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn
"Nótaí" le do thoil. Nótaí // 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus
tuairiscithe Sonraigh cé chomh
minic agus na coinníollacha. Foráiltear
le hAirteagal 81 den Rialachán lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach Urrús
agus Margaí go ndéanfar meastóireacht ar an taithí arna fáil mar thoradh ar
obair an Údaráis laistigh de thrí bliana ón dáta a chuirtear tús le hobair an
Údaráis. Chun na críche sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ghinearálta a
chuirfear ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle. 2.2. Córas bainistíochta agus
rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh Rinneadh
Measúnú Tionchair i leith athchóiriú an chórais maoirseachta airgeadais san AE
chun gabháil leis na Rialacháin lena mbunaítear an tÚdarás Baincéireachta
Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme agus an tÚdarás
Eorpach Urrús agus Margaí. Tá
gá leis an acmhainn bhreise don ESMA dá bhforáiltear mar gheall ar na tograí
reatha chun ligean don ESMA a chuid inniúlachtaí a chur i gcrích. 1. Áiritheoidh
an ESMA comhchuibhiú agus comhordú na rialacha maidir leo seo a leanas: -
Díolúine do chláir aischeannaigh agus do chobhsú (Airteagal 3); -
Socruithe teicniúla maidir le hidirbhearta amhrasacha a bhrath agus a chur in
iúl (Airteagal 11); - Modhanna teicniúla maidir le nochtadh iomchuí poiblí na
faisnéise ón taobh istigh (Airteagal 12); - Modhanna teicniúla maidir le nochtadh poiblí na faisnéise
ón taobh istigh a mhoilliú (Airteagal 12); - Liosta táscach agus nach bhfuil uileghabhálach de
theagmhais a bhaineann le heisitheoirí a ligtear a n-ionstraimí airgeadais
isteach chun a dtrádála ar mhargadh na bhfiontar beag agus meánmhéide a
d'fhéadfadh a bheith ina bhfaisnéis ón taobh istigh (Airteagal 12); - Inneachar agus formáid liostaí na ndaoine ón taobh istigh
(Airteagal 13); - Socruithe a bhaineann le moltaí infheistíochta agus
staidreamh (Airteagal 15); - Nósanna imeachta agus foirmeacha maidir le malartú
faisnéise idir údaráis inniúla agus rialála de chuid an AE agus údaráis inniúla
agus rialála eachtracha (Airteagail 18, 19, 20, 29). 2. Thairis
sin, má iarrann údarás inniúil air, déanfaidh an ESMA imscrúduithe agus
iniúchtaí idir údaráis inniúla i leith cásanna trasteorann drochúsáide margaidh
a chomhordú (Airteagal 19). 3. Déanfaidh
an ESMA forbairt socruithe comhair idir údaráis inniúla na mBallstát agus na
húdaráis inniúla iomchuí i dtríú tíortha a chomhordú freisin. Ullmhóidh an ESMA dréachtdoiciméid maidir le socruithe
comhair a fhéadfaidh údaráis inniúla a úsáid. Déanfaidh an ESMA an malartú idir
údaráis ar fhaisnéis a fhaightear ó údaráis inniúla i dtríú tíortha a chomhordú
freisin (Airteagal 20). 4. Ar deireadh, maidir le díorthaigh ar
spot-tráchtearraí, comhlíonfaidh an ESMA ról éascaithe agus comhordúcháin
maidir leis an gcomhar agus leis an malartú faisnéise idir údaráis inniúla agus
údaráis rialála i mBallstáit eile agus i dtríú tíortha atá freagrach as na
spotmhargaí (Airteagal 19). Ní
fhéadfadh an easpa acmhainne seo comhlíonadh tráthúil agus éifeachtach ról an
Údaráis a áirithiú. 2.2.2 Modh(anna) rialaithe atá
beartaithe Beidh
feidhm maidir le ról an ESMA de réir an togra reatha freisin ag córais
bhainistíochta agus rialaithe mar a fhoráiltear dóibh i Rialachán an ESMA.
Cinnfidh an Coimisiún ar an bhfoireann dheireanach táscairí chun measúnú a
dhéanamh ar fheidhmíocht an Údaráis Eorpaigh Urrús agus Margaí tráth a dhéanfar
an chéad mheastóireacht is gá. I gcás an mheasúnaithe dheireanaigh, beidh an
tábhacht chéanna leis na táscairí cainníochtúla is atá leis an bhfianaise
cháilíochtúil a bailíodh le linn an chomhairliúcháin. Déanfar meastóireacht nua
gach trí bliana. 2.3. Bearta chun calaois agus
neamhrialtachtaí a chosc Sonraigh bearta
coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. Ar
mhaithe le calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhlíthiúil eile a
chomhrac, beidh feidhm gan srian maidir leis an ESMA ag forálacha
Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna gcur
i gcrích ag an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF). Aontóidh
an tÚdarás do Chomhaontú Idir-institiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir
Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na
gComhphobal Eorpach, maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an
Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF) agus glacfaidh sé forálacha iomchuí
láithreach bonn maidir le foireann uile an Údaráis. Leagfar
amach go sainráite sna cinntí maidir le maoiniú agus sna comhaontuithe agus sna
hionstraimí cur chun feidhme a dtig astu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí
agus OLAF seiceálacha ar an láthair a chur i gcrích, más gá, ar
thairbhithe airgid atá íoctha amach ag an Údarás agus ar chomhaltaí foirne atá
freagrach as an airgead sin a leithdháileadh. 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteideal/ceannteidil an
chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear
tionchar ·
Línte buiséid atá ann cheana In ord cheannteidil
agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Cineál an chaiteachais || Ranníocaíocht || Uimhir [Tuairisc………………………...……….] || LD/LN ([53]) || ó thíortha[54] CSTE || ó thíortha is iarrthóirí[55] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais || 12.040401.01 ESMA – Fóirdheontas faoi Theideal 1 agus faoi Theideal 2 (Caiteachas foirne agus riaracháin) || Difreáilte || TÁ || NÍL || NÍL || NÍL ·
Línte nua buiséid atá á n-iarraidh In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata
airgeadais ilbhliantúil. /// 3.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a
mheastar a bheidh ar chaiteachas EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 1A || Iomaíochas le haghaidh Fáis agus Fostaíochta Ard-Stiúrthóireacht: <MARKT> || || || Bliain 2013[56] || Bliain 2014 || Bliain 2015 || || || IOMLÁN Ÿ Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || || || || || || || || 12.0404.01 || Oibleagáidí || (1) || 0,179 || 0,327 || 0,327 || || || || || 0.832 || Íocaíochtaí || (2) || 0,179 || 0,327 || 0,327 || || || || || 0.832 Leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach[57] || || || || || || || || Uimhir na líne buiséid || || (3) || 0 || 0 || 0 || || || || || IOMLÁN leithreasaí do AS MARKT || Oibleagáidí || =1+1a +3 || 0,179 || 0,327 || 0,327 || || || || || 0.832 || Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 0,179 || 0,327 || 0,327 || || || || || 0.832 Ÿ IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (4) || 0 || 0 || 0 || || || || || || Íocaíochtaí || (5) || 0 || 0 || 0 || || || || || Ÿ IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || 0 || 0 || 0 || || || || || IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 1A den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || =4+ 6 || 0,179 || 0,327 || 0,327 || || || || || 0.832 || Íocaíochtaí || =5+ 6 || 0,179 || 0,327 || 0,327 || || || || || 0.832 1. Beidh ar an ESMA líon áirithe
de dhréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a dhréachtú maidir leo seo a
leanas: –
Díolúine do chláir aischeannaigh agus do chobhsú
(Airteagal 3); –
Socruithe teicniúla maidir le hidirbhearta
amhrasacha a bhrath agus a chur in iúl (Airteagal 11); –
Modhanna teicniúla maidir le nochtadh iomchuí
poiblí na faisnéise ón taobh istigh (Airteagal 12); –
Modhanna teicniúla maidir le nochtadh poiblí na
faisnéise ón taobh istigh a mhoilliú (Airteagal 12); –
Liosta táscach agus nach bhfuil uileghabhálach de
theagmhais a bhaineann le heisitheoirí a ligtear a n-ionstraimí airgeadais
isteach chun a dtrádála ar mhargadh na bhfiontar beag agus meánmhéide a
d'fhéadfadh a bheith ina bhfaisnéis ón taobh istigh (Airteagal 12); –
Inneachar agus formáid liostaí na ndaoine ón taobh
istigh (Airteagal 13); –
Socruithe a bhaineann le moltaí infheistíochta agus
staidreamh (Airteagal 15); –
Nósanna imeachta agus foirmeacha maidir le malartú
faisnéise idir údaráis inniúla agus rialála de chuid an AE agus údaráis inniúla
agus rialála eachtracha (Airteagail 18, 19, 20, 29). 2. Má
iarrann údarás inniúil air, déanfaidh an ESMA imscrúduithe agus iniúchtaí idir
údaráis inniúla i leith cásanna trasteorann drochúsáide margaidh a chomhordú. 3. Déanfaidh an ESMA forbairt
socruithe comhair idir údaráis inniúla na mBallstát agus na húdaráis inniúla
iomchuí i dtríú tíortha a chomhordú. Ullmhóidh an ESMA dréachtdoiciméid maidir
le socruithe comhair a fhéadfaidh údaráis inniúla a úsáid. Déanfaidh an ESMA an
malartú idir údaráis ar fhaisnéis a fhaightear ó údaráis inniúla i dtríú
tíortha a chomhordú freisin. 4. Maidir le díorthaigh ar
spot-tráchtearraí, comhlíonfaidh an ESMA ról éascaithe agus comhordúcháin
maidir leis an gcomhar agus leis an malartú faisnéise idir údaráis inniúla agus
údaráis rialála i mBallstáit eile agus i dtríú tíortha atá freagrach as na
spotmhargaí. Má tá tionchar ag an togra/tionscnamh ar níos mó ná
ceannteideal amháin: Ÿ IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (4) || || || || || || || || || Íocaíochtaí || (5) || || || || || || || || Ÿ IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chlúdach na gclár sonrach || (6) || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 4 den chreat airgeadais ilbhliantúil (Méid tagartha) || Oibleagáidí || =4+ 6 || 0,179 || 0,327 || 0,327 || || || || || 0.832 || Íocaíochtaí || =5+ 6 || 0,179 || 0,327 || 0,327 || || || || || 0.832 Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || "Caiteachas riaracháin" EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) || || || Bliain 2013 || Bliain 2014 || Bliain 2015 || || || IOMLÁN Ard-Stiúrthóireacht: <…….> || Ÿ Acmhainní daonna || 0 || 0 || 0 || || || || || Ÿ Caiteachas riaracháin eile || 0 || 0 || 0 || || || || || IOMLÁN ARD-STIÚRTHÓIREACHT<…….> || Leithreasaí || || || || || || || || IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || 0 || 0 || 0 || || || || || EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) || || || Bliain 2013[58] || Bliain 2014 || Bliain 2015 || || || IOMLÁN IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || 0,179 || 0,327 || 0,327 || || || || || 0.832 || Íocaíochtaí || 0,179 || 0,327 || 0,327 || || || || || 0.832 3.2.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasaí faoi
chomhair oibríochtaí –
ý Éilíonn an togra/an tionscnamh go n‑úsáidfear
leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos: Leagtar cuspóirí sonracha an togra amach in
1.4.2. Bainfear amach iad trí na bearta reachtaíochta atá beartaithe, atá le
cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, agus trí rannpháirtíocht an Údaráis
Eorpaigh Urrús agus Margaí. Go háirithe, cé nach féidir aschuir uimhriúla
nithiúla a shannadh do gach cuspóir oibríochtúil, ba cheart do ról an ESMA, in
éineacht le cumhachtaí nua do rialtóirí náisiúnta cur le sláine an mhargaidh
agus le cosaint infheisteoirí a mhéadú trí thoirmeasc a chur orthu siúd a
bhfuil faisnéis ón taobh istigh acu trádáil a dhéanamh in ionstraimí airgeadais
bainteacha, agus trí thoirmeasc a chur ar chúbláil mhargaí airgeadais trí
chleachtais amhail faisnéis bhréagach nó ráflaí a scaipeadh agus trádáil a
dhéanamh a dhaingníonn praghsanna ag leibhéal neamhghnách. Cuirfidh an creat nua seo cosc ar dhrochúsáid mhargaidh ar
ardáin eagraithe, ar mhargaí eagraithe agus ar idirbhearta thar an gcuntar,
agus ar thráchtearraí ar mhargaí díorthach gaolmhara. Thairis sin, áiritheofar
leis an gcreat nua go bhfuil an fhaisnéis agus an chumhacht a bhfuil gá leo ag
an ESMA agus ag rialtóirí náisiúnta chun smachtbhannaí comhsheasmhacha,
éifeachtacha agus athchomhairleacha a fhorghníomhú. 3.2.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin 3.2.3.1 Achoimre –
ý Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear leithreasaí de
chineál riaracháin –
¨ Éilíonn an togra/an tionscnamh go n‑úsáidfear
leithreasaí riaracháin mar a mhínítear thíos: 3.2.3.2 Na hacmhainní daonna a mheastar
a bheidh riachtanach –
ý Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna
–
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go n-úsáidfear acmhainní daonna
mar a mhínítear thíos: Nóta: Ní bheidh gá le haon
acmhainní daonna agus riaracháin breise in Ard-Stiúrthóireacht MARKT mar
thoradh ar an togra. Leanfar ar aghaidh leis na hacmhainní atá in úsáid faoi
láthair chun leanúint leis an MAD. 3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat
airgeadais ilbhliantúil reatha –
¨ Tá an togra/an tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais
ilbhliantúil reatha. –
ý Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa chreat airgeadais
ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo. Foráiltear leis an togra maidir le cúraimí breise a
bheidh le cur i gcrích ag an ESMA. Éileoidh sé seo acmhainní breise faoi líne
buiséid 12.0404.01. –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim
sholúbthachta i bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais
ilbhliantúil[59]. Mínigh a bhfuil gá leis, agus sonraigh na ceannteidil
agus na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. 3.2.5 Ranníocaíochtaí ó thríú
páirtithe –
¨ Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú le
tríú páirtithe –
ý Déantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le cómhaoiniú atá
réamh-mheasta thíos: Leithreasaí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) || Bliain 2013 || Bliain 2014 || Bliain 2015 || || || Iomlán Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe Ballstáit, trí Mhaoirseoirí Náisiúnta an AE (*) || 0,268 || 0,490 || 0,490 || || || || || 1,248 IOMLÁN na leithreasaí cómhaoinithe || 0,268 || 0,490 || 0,490 || || || || || 1,248 (*) Meastachán bunaithe ar an meicníocht
mhaoinithe reatha i ndréacht-rialachán an ESMA (Ballstáit 60% - Comhphobal
40%).
3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam –
ý Níl tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar an
ioncam. –
¨ Tá an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh: ·
¨ ar acmhainní dílse ·
¨ ar ioncam ilghnéitheach Iarscríbhinn a ghabhann le Ráiteas Airgeadais
Reachtach le haghaidh togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (drochúsáid
mhargaidh) agus le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
maidir le smachtbhannaí coiriúla maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil
mhargaidh (drochúsáid mhargaidh). An mhodheolaíocht a úsáidfear agus na
príomh‑bhoinn tuisceana bhunúsacha Rinneadh na costais a bhaineann leis na
cúraimí atá le déanamh ag an ESMA a bhunaítear leis an dá thogra a mheas le
haghaidh chaiteachas na foirne (Teideal 1), i gcomhréir leis an aicmiú costais
i ndréachtbhuiséad an ESMA le haghaidh 2012 a cuireadh faoi bhráid an
Choimisiúin. Cuimsítear in dhá thogra an Choimisiúin
forálacha don ESMA chun thart ar 11 sraith de chaighdeáin theicniúla
cheangailteacha (BTS) úra a fhorbairt lena áirithiú go bhfuil forálacha de
chineál ardteicniúil curtha chun feidhme go comhsheasmhach ar fud an AE. De réir na dtograí, táthar ag súil go ndéanfaidh an ESMA an
BTS úr a sheachadadh 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin. Chun an
sprioc seo a bhaint amach, teastaíonn méadú ar leibhéal an tsoláthair foirne ag
tosú cheana le 2013. Maidir leis na cineálacha post, beidh oifigigh bhreise
beartais, dhlíthiúla agus measúnaithe tionchair go sonrach de dhíth maidir le
seachadadh rathúil agus tráthúil na BTS úra. Bunaithe ar mheastacháin
sheirbhísí an Choimisiúin agus an ESMA, cuireadh na toimhdí seo a leanas i
bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar thionchar líon na FTEanna a theastaíonn
chun BTS a bhaineann leis an dá thogra a fhorbairt: - Tá oifigeach beartais amháin, oifigeach
measúnaithe tionchair amháin agus oifigeach dlí amháin ag teastáil faoin
mbliain 2013. Dá bhrí sin, tá 3 FTE de dhíth chun BTS atá le
bheith réidh 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin a sheachadadh. Ar deireadh, chuirfí roinnt cúraimí buana de
chúram ar an ESMA, sna réimsí seo a leanas: - comhordú imscrúduithe agus iniúchtaí idir
údaráis inniúla i leith cásanna trasteorann drochúsáide margaidh; - forbairt socruithe comhair idir údaráis
inniúla na mBallstát agus na húdaráis inniúla iomchuí i dtríú tíortha. Ullmhóidh an ESMA dréachtdoiciméid maidir le socruithe
comhair a fhéadfaidh údaráis inniúla a úsáid. Déanfaidh an ESMA an malartú idir
údaráis ar fhaisnéis a fhaightear ó údaráis inniúla i dtríú tíortha a chomhordú
freisin; - ról éascaithe agus
comhordaithe maidir leis an gcomhar agus leis an malartú faisnéise idir údaráis
inniúla agus údaráis rialála i mBallstáit eile agus i dtríú tíortha atá
freagrach as na spotmhargaí agus as na lamháltais astaíochtaí. Tríd is tríd, fágann sé sin go bhfuil 6 FTE
bhreise de dhíth. Toimhdí eile: –
bunaithe ar dháileadh FTEanna i ndréachtbhuiséad
2012, meastar go gcuimsíonn an 6 FTE bhreise 3 gníomhairí shealadacha (50%), 2
shaineolaithe náisiúnta ar iasacht (33,3%) agus 1 ghníomhaire ar conradh
(16.7%); –
tá na meánchostais tuarastal bliantúil maidir le
catagóirí éagsúla pearsanra bunaithe ar threoir ón Ard-Stiúrthóireacht BUDG; –
comhéifeacht ualaithe tuarastail do Pháras de 1.27; –
costais oiliúna arna ngabháil ag EUR 1,000 in aghaidh
an FTE in aghaidh na bliana; –
costais mhisin de EUR 10,000, a measadh bunaithe ar
dhréachtbhuiséad 2012 le haghaidh misean in aghaidh líon na ndaoine; –
costais a bhaineann le hearcaíocht (costais
taistil, óstáin, scrúduithe leighis, suiteáil agus liúntais eile, costais
aistrithe, srl) de EUR 12,700, a measadh bunaithe ar dhréachtbhuiséad 2012
maidir le hearcaíocht in aghaidh líon nua na ndaoine. Glacadh leis go gcoimeádfar an t-ualach oibre
a bhaineann leis an méadú in FTEanna in 2014 agus ina dhiaidh sin, agus tá sé
nasctha leis na BTS atá forbartha cheana a leasú. Léirítear an modh chun an
méadú sa bhuiséad a theastaíonn a ríomh maidir leis na chéad trí bliana eile ar
bhealach níos mionsonraithe sa tábla thíos. Léiríonn an ríomh go bhfuil 40% de
na costais á gcistiú trí bhuiséad an Chomhphobail. Saghas costais || Ríomh || Suim (sna mílte) || || 2013 || 2014 || 2015 || Iomlán || || || || || Teideal 1: Caiteachas foirne || || || || || || || || || || 6 Tuarastail agus liúntais || || || || || - mar atá gníomhairí sealadacha || =3*127*1,27 || 241.93 || 483.87 || 483.87 || 1209.67 - mar atá Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht || =2*73*1,27 || 92.71 || 185.42 || 185.42 || 463.55 - mar atá gníomhairí ar conradh || =1*64*1,27 || 40.64 || 81.28 || 81.28 || 203.2 || || || || || 6 Caiteachas a bhaineann le hearcaíocht || || || || || || =6*12,7 || 76.2 || || || 76.2 || || || || || 6 Costais mhisean || || || || || || =6*10 || 30 || 60 || 60 || 150 || || || || || 6 Oiliúint || =6*1 || 3 || 6 || 6 || 15 || || || || || Iomlán Theideal 1: Caiteachas foirne || || 484.48 || 816.57 || 816.57 || 2079.53 || || || || || Mar atá Ranníocaíocht an Chomhphobail (40%) || || 193.79 || 326.63 || 326.63 || 847.05 Mar atá Ranníocaíocht na mBallstát (60%) || || 290.68 || 489.94 || 489.94 || 1270.56 Sa tábla seo a leanas cuirtear i láthair an
plean bunaíochta a bheartaítear i gcás na trí phost do ghníomhairí sealadacha: Grúpa Feidhme agus Grád || Poist Shealadacha AD16 AD15 AD14 AD13 AD12 AD11 AD10 AD9 AD8 AD7 AD6 AD5 AD Iomlán || 1 2 3 [1] IO L 16, 12.4.2003, lch. 16. [2] Report of the High-Level Group on Financial
Supervision in the EU (Tuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil um Maoirseacht
Airgeadais san AE), an Bhruiséil, 25.2.2009, lch.23. [3] Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Margaí
díorthach éifeachtúla, sábháilte agus fónta a áirithiú, COIM (2009)332, 3
Iúil 2009. [4] An Coimisiún Eorpach, Teachtaireacht maidir le Athbhreithniú
ar “an Acht um Ghnólachtaí Beaga” don Eoraip (Communication on Review of
the "Small Business Act" for Europe), COIM (2011) 78, 23 Feabhra
2011. [5] An Coimisiún Eorpach, Teachtaireacht maidir le Reinforcing
sanctioning regimes in the financial sector (Córais smachtbhannaí san earnáil
airgeadais a threisiú), COIM (2010) 716, 8 Nollaig 2010 [6] Tag.
CESR/07-380, Meitheamh 2007, ar fáil ar www.cesr-eu.org. [7] Tag. CESR/09-1120. [8] Grúpa
comhairleach don Choimisiún is ea ESME, ina bhfuil cleachtóirí agus
saineolaithe ar mhargaí urrús. Chuaigh a shainordú in éag ag deireadh 2009 agus
ní dhearnadh athnuachan air. Chuir an Coimisiún ar
bun é i mí Aibreáin 2006 agus bhí sé á rialú ar bhonn Chinneadh 2006/288/CE an
30 Márta 2006 ón gCoimisiún a chuir Sainghrúpa na Margaí Urrús Eorpacha ar bun chun
comhairle dhlíthiúil agus eacnamaíoch a chur ar fáil maidir le Treoracha urrús
an AE a chur i bhfeidhm (IO L 106, 19.4.2006, lch. 14–17). [9] Eisithe i Meitheamh 2007 dar teideal “Market abuse EU
legal framework and its implementation by Member States: a first evaluation” (Creat
dlí an AE maidir le drochúsáid mhargaidh agus a chur chun feidhme ag Ballstáit:
meastóireacht thosaigh). [10] Féach:
http://ec.europa.eu/internal_market/securities/abuse/12112008_conference_en.htm. [11] Féach:
http://ec.europa.eu/internal_market/consultations/2009/market_abuse_en.htm [12] Féach:
http://ec.europa.eu/internal_market/consultations/docs/2010/mad/consultation_paper.pdf [13] Féach:
http://ec.europa.eu/internal_market/consultations/2010/mad_en.htm [14] Tá an tuarascáil ar mheasúnú tionchair le fáil ar XXX. [15] Féach Iarscríbhinn 3 den tuarascáil ar mheasúnú tionchair
chun achoimre a fháil ar an bplé. [16] COIM(2009) 501, COIM(2009) 502,
COIM(2009) 503. [17] Treoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais. IO L
145, 30.4.2004. [18] http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=COM:2010:0726:FIN:EN:PDF [19] Freagra CESR ar an nglao ar fhianaise faoin athbhreithniú
ar an Treoir um Dhrochúsáid Mhargaidh, an 20 Aibreán 2009, ar fáil ag http://ec.europa.eu/internal_market/securities/abuse/index_en.htm [20] (COIM (2010) 1496) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig
Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus
Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, ag treisiú córais
smachtbhannaí in earnáil na seirbhísí airgeadais, Nollaig 2010, Caibidil 3. [21] IO C […], […], lch. […]. [22] IO C, , lch. . [23] IO C, , lch. . [24] IO L 16, 12.4.2003, lch. 16. [25] Tuarascáil ón nGrúpa Ardleibhéil um Maoirseacht
Airgeadais san AE, an Bhruiséil, 25.2.2009. [26] Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘Smaoinigh ar Ghnólachtaí
Beaga ar dTús’ - ‘Acht um Ghnólachtaí Beaga’ don Eoraip COIM(2008)394 críochnaitheach. [27] Rialachán an Choimisiúin (AE) Uimh. 1031/2010 ón
gComhairle an 12 Samhain 2010, maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a
bhaineann le ceantáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa de bhun Threoir
2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear scéim i
ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den
Chomhphobal, IO L 302, 18.11.2010 , lch 1. [28] IO
L 281, 23.11.1995, lch. 31. [29] IO L 8, 12.1.2001, lch. 1. [30] An Coimisiún Eorpach, Teachtaireacht maidir le Reinforcing
sanctioning regimes in the financial sector (Córais smachtbhannaí san
earnáil airgeadais a threisiú), COIM (2010) 716, 8 Nollaig 2010 [31] IO L 336, 23.12.2003, lch. 33. [32] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31. [33] IO L 8, 12.1.2001, lch. 1. [34] Rialachán an Choimisiúin (AE) Uimh. 1031/2010 ón
gComhairle an 12 Samhain 2010, maidir le huainiú, riarachán agus gnéithe eile a
bhaineann le ceantáil lamháltas astaíochtaí gáis cheaptha teasa de bhun Threoir
2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear scéim i
ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gáis cheaptha teasa laistigh den
Chomhphobal, IO L 302, 18.11.2010 , lch 1. [35] Rialachán (CE) Uimh. 1287/2006 an 10 Lúnasa 2006 lena
gcuirtear chun feidhme Treoir 2004/39/CE ó Рharlaimint na hЕorpa
agus ón gComhairle maidir le hoibleagáidí gnólachtaí infheistíochta maidir
le coimeád taifead, idirbhearta a thuairisciú, trédhearcacht margaidh,
ionstraimí airgeadais a ligean isteach chun a dtrádála, agus téarmaí a
mhínítear chun críocha na Treorach sin. [IO L 241, 2.9.2006, lch. 1]. [36] An Dara Treoir 77/91/CEE ón gComhairle an 13 Nollaig 1976
maidir le comhordú coimircí a éilíonn Ballstáit, do chosaint leas na gcomhaltaí
agus eile, ar chuideachtaí de réir bhrí an dara mír d'Airteagal 58 den
Chonradh, maidir le foirmiú cuideachtaí poiblí faoi dhliteanas teoranta agus
cothabháil agus athrú a gcaipitil, d'fhonn coimircí den sórt sin a dhéanamh
coibhéiseach. [IO L 26, 31.1.1977, lch. 1]. [37] Treoir 2003/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a
thairgfear urrúis don phobal nó a ligtear isteach iad chun a dtrádála agus lena
leasaítear Treoir 2001/34/CE. IO L 345,
31.12.2003, lch. 64. [38] Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus
ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear an
Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh. IO L 211, 14.8.2009, lch
1. [39] Rialachán (AE) Uimh... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Fuinnimh Mhórdhíola [40] Rialachán (AE) Uimh... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Fuinnimh Mhórdhíola [41] IO L 191, 13.7.2001, lch. 45. [42] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13. [43] IO L 162, 29.4.2004, lch. 72. [44] ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an
bhuiséid de réir gníomhaíochtaí. [45] Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den
Rialachán Airgeadais. [46] (COIM (2010) 301) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig
Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus
Sóisialta na hEorpa agus chuig an mBanc Ceannais Eorpach lena rialaítear
seirbhísí airgeadais le haghaidh fáis inbhuanaithe, Meitheamh 2010. [47] (COM(2010) 482) Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de
bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa, Meán Fómhair 2010. [48] (COM(2010) 484) Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díorthaigh thar an gcuntar,
contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála, Meán Fómhair 2010. [49] (COIM(2011) XXX) [50] (COM(2010) 484) Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh
fuinnimh, Nollaig 2010. [51] Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus
tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh Gréasáin BudgWeb: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [52] Mar a thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán
Airgeadais. [53] LD = Leithreasaí difreáilte / LN = Leithreasaí
neamhdhifreáilte [54] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [55] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a
d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí ó na Balcáin Thiar. [56] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun
feidhme an togra/tionscnaimh [57] Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar
mhaithe le cláir agus/nó gníomhaíochtaí an AE (seanlínte "BA”), agus le
taighde indíreach agus taighde díreach a chur chun feidhme. [58] Is í bliain N an bhliain a gcuirtear tús le cur chun
feidhme an togra/tionscnaimh [59] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.