Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach /* COIM/2011/0635 leagan deireanach - 2011/0284 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA ·
Forais agus cuspóirí an togra Cuireann na difríochtaí idir dlí conarthaí na
mBallstát bac ar thomhaltóirí ar mian leo trádáil trasteorann a dhéanamh
laistigh den mhargadh inmheánach. Fágann sin go mbíonn drogall ar thrádálaithe,
fiontair bheaga agus mheánmhéide go háirithe, dul i mbun trádála trasteorann
agus a ngnó a leathnú amach chuig margaí Ballstát eile. Níl teacht ag
tomhaltóirí, dá dheasca sin, ar tháirgí a dhíolann trádálaithe i mBallstáit
eile. I láthair na huaire, as gach deich dtrádálaí
atá ag gabháil do dhíol earraí níl ach duine amháin acu a dhéanann onnmhairiú
laistigh den Aontas, agus a bhformhór sin féin, is chuig dornán beag Ballstát a
onnmhairíonn siad. Bacainní a bhaineann le dlí na gconarthaí ceann de na
príomhchúiseanna leis sin. De réir na suirbhéanna atá déanta[1] ar na bacainní go léir atá le
trádáil trasteorann, amhail rialúcháin chánach, ceanglais riaracháin,
deacrachtaí seachadta, cúrsaí teanga agus cultúir, is iad na bacainní a
bhaineann le dlí na gconarthaí na bacainní is mó tromchúis. Ó tharla go gcaithfidh trádálaithe dul i
dtaithí ar chórais éagsúla de dhlí na gconarthaí agus iad i mbun trádála
trasteorann, is casta agus is costasaí i bhfad an trádáil sin i gcomórtas le
trádáil intíre, ó thaobh idirbheart idir gnólachtaí agus tomhaltóirí agus ó
thaobh idirbheart idir gnólachtaí. Is gnách freisin go mbíonn costais bhreise
idirbheart ar thrádálaithe sa trádáil trasteorann nach mbíonn orthu sa trádáil
intíre. Mar shampla, tagann costais as na deacrachtaí a bhíonn acu eolas a
fháil ar na forálacha de dhlí conarthaí is infheidhme i dtír iasachtach,
comhairle dlí a fháil, an dlí is infheidhme maidir le hidirbhearta idir
gnólachtaí a chaibidliú, agus conarthaí a chur in oiriúint do na ceanglais atá
i ndlíthe an tomhaltóra maidir le hidirbhearta idir gnólachtaí agus
tomhaltóirí. I gcás idirbheart trasteorann idir gnólachtaí
agus tomhaltóirí, beidh éifeacht mhór ag dlí na gconarthaí a bhaineann le
costais idirbhearta agus ag bacainní dlí a thagann as difríochtaí idir na
rialacha sainordaitheacha náisiúnta maidir le cosaint tomhaltóirí. De bhun
Airteagal 6 de Rialachán 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 17 Bealtaine 2008 maidir leis an dlí is infheidhme
maidir le hoibleagáidí conarthacha (An Róimh 1)[2],
aon uair a bhaineann gníomhaíochtaí gnólachta le tomhaltóirí i mBallstát eile,
caithfidh an gnólacht sin dlí conarthaí an Bhallstáit sin a chomhlíonadh. I
gcásanna ina bhfuil dlí eile infheidhme roghnaithe ag na páirtithe agus ina
bhfuil leibhéal níos airde cosanta i bhforálacha Bhallstát an tomhaltóra maidir
le cosaint shainordaitheach tomhaltóirí, ní mór na rialacha sainordaitheacha
sin de na dlíthe an tomhaltóra a urramú. Fágann sin go gcaithfidh trádálaithe
fáil amach roimh ré an bhfuil leibhéal níos airde cosanta i ndlíthe an
Bhallstáit ina bhfuil gnáthchónaí ar an tomhaltóir agus féachaint chuige go
gcomhlíonann a gconradh ceanglais na ndlíthe sin. An comhchuibhiú atá déanta go
dtí seo ar dhlí an tomhaltóra ar leibhéal an Aontais, tháinig roinnt
neastacháin as i réimsí áirithe ach mar sin féin, tá difríochtaí móra idir
dlíthe na mBallstát. Nuair a dhéanann trádálaithe idirbhearta ríomhthráchtála,
tabhaíonn siad costais eile a bhaineann le dlíthe conarthaí ós rud é go gcaithfidh
siad a suíomh gréasáin a chur in oiriúint do cheanglais dlí gach Ballstáit ina
mbíonn siad gníomhach. I gcás idirbheart trasteorann idir
trádálaithe, níl na páirtithe faoi réir na srianta céanna sa dlí is infheidhme.
Mar sin féin, tá mórthionchar eacnamaíoch ag baint le dlí iasachtach a
chaibidliú agus a chur i bhfeidhm. Ualach an‑mhór, ar fhiontair bheaga is
mheánmhéide go háirithe, is ea na costais a thagann as an bplé a dhéantar le
dlíthe náisiúnta éagsúla. Agus iad a plé le comhlachtaí móra, is gnách go
mbíonn ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide toiliú dlí a gcomhpháirtí gnó a
chur i bhfeidhm agus na costais a sheasamh a thagann as an dlí iasachtach a
scrúdú agus a chomhlíonadh. Is bac mór le trádáil trasteorann go gcaithfidh
fiontair bheaga agus mheánmhéide an dlí infheidhme a chaibidliú nuair atá siad
ag déanamh conartha le chéile. I gcás gach ceann den dhá chineál conartha
(conradh idir gnólachtaí agus conradh idir gnólachtaí agus tomhaltóirí),
féadann na costais bhreise ar fhiontair bheaga is mheánmhéide a bheith as
compás le luach an idirbhirt. Méadaíonn na costais bhreise sin i gcomhréir
le líon na mBallstát a n‑onnmhairíonn an trádálaí chucu. Go deimhin, dá mhéad
líon na dtíortha a n‑onnmhairíonn trádálaithe chucu is ea is mó a chuireann
difríochtaí i ndlí na conarthaí bac le trádáil, dar leo. Tá fiontair bheaga
agus mheánmhéide faoi bhac ar leith: dá laghad láimhdeachas an chomhlachta, is
ea is mó an sciar de na costais idirbheart a sheasann sé. Thairis sin, an chastacht dlí a gcaithfidh
trádálaithe dul i ngleic léi sa trádáil trasteorann tá sí níos mó ná castacht
dlí na trádála intíre de bhrí gur minic a bhíonn siad ag déileáil leis an
iliomad dlíthe conarthaí náisiúnta atá éagsúil le chéile. Cuireann dlíthe iasachtacha le castacht
idirbheart trasteorann. Rinne trádálaithe a chasta atá sé forálacha de dhlí
conarthaí iasachtach a fháil amach a aicmiú mar an deacracht is mó, i gcás
idirbheart idir gnólachtaí agus tomhaltóirí, agus chuir siad sa tríú háit í i
gcás idirbheart idir gnólachtaí[3].
Bíonn cúrsaí dlí níos casta nuair atá trádálaí ag trádáil le tír a bhfuil a
córas dlí an‑éagsúil le córas dlí thír an trádálaí. Tá sé cruthaithe go
heimpíreach go ndéanann tíortha ag a bhfuil córas dlí den bhunadh céanna i
bhfad níos mó trádála le chéile ná a dhéanann tíortha nach bhfuil córas dlí den
bhunadh céanna acu[4]. Fágann na difríochtaí sin i ndlí na
gconarthaí, na costais bhreise idirbheart agus an chastacht a thagann as an dá
rud sin nuair atáthar i mbun idirbheart trasteorann, go mbíonn drogall ar go
leor trádálaithe, fiontair bheaga agus mheánmhéide go háirithe, a ngnó a
leathnú amach chuig margaí Ballstát eile. Toradh eile atá air sin go sriantar
iomaíocht sa mhargadh inmheánach. Tá luach na mbilliún euro ar an trádáil a
ligtear thar ceal gach bliain idir na Ballstáit i ngeall ar dhifríochtaí idir
dlí na gconarthaí. Tá drochthionchar aige sin ar thomhaltóirí
Eorpacha freisin. Dá laghad trádáil trasteorann a dhéantar is ea is lú
allmhairiú a dhéantar agus is lú iomaíocht idir trádálaithe. D'fhéadfadh a
theacht as sin raon níos srianta táirgí ar phraghas níos airde i margadh an
tomhaltóra. Cé go bhféadfadh mórbhuntáistí eacnamaíocha,
mar atá méadú ar thairiscintí agus tairiscintí níos fearr, teacht as an
tsiopadóireacht trasteorann, déanann formhór tomhaltóirí na hEorpa fós a gcuid
siopadóireachta ina dtír féin. Ceann de na príomhchúiseanna leis sin gur minic
nach mbíonn a fhios ag tomhaltóirí, i ngeall ar na ndifríochtaí idir dlíthe
náisiúnta, cé na cearta atá acu nuair a dhéanann siad siopadóireacht trasteorann.
Mar shampla, ceann de na húdair scime is mó atá ag tomhaltóirí is ea fios a
bheith acu cé na leigheasanna atá ann má cheannaíonn siad i mBallstát eile
táirge nach bhfuil ag teacht leis an gconradh faoinar ceannaigh siad é.
Cuireann sé sin drogall ar go leor tomhaltóirí táirgí a cheannach lasmuigh dá
dtír féin. Tá tomhaltóirí ag ligean tharastu deiseanna sa mhargadh inmheánach
óir is minic a bhíonn tairiscintí níos fearr ó thaobh cáilíochta agus
praghsanna i mBallstáit eile. A bhuí le ríomhthráchtáil is fusa tairiscintí
a chuardach, agus praghsanna agus coinníollacha eile a chur i gcomparáid is
cuma cá háit a bhfuil an trádálaí lonnaithe. Ach is minic a éiríonn sé do
thomhaltóirí, ar ordú a chur isteach dóibh chuig gnólacht i mBallstát eile, go ndiúltaítear
aon ní a dhíol leo ar bhonn prionsabail ghnó; is iondúil gur difríochtaí idir
dlíthe conarthaí faoi deara sin. Is éard is aidhm fhoriomlán don togra
feabhas a chur ar bhunú agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí bhíthin
spreagadh a thabhairt don trádáil trasteorann a dhéanann gnólachtaí agus don
cheannach trasteorann a dhéanann custaiméirí. Is féidir an aidhm sin a bhaint
amach ach tacar rialacha aonfhoirmeacha neamhspleácha maidir le dlí na
gconarthaí a thabhairt ar aird, lena n‑áirítear forálacha chun custaiméirí a
chosaint, i.e. an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach, rud a mheasfar a bheith mar
dhara córas de dhlí conarthaí laistigh de dhlí náisiúnta gach Ballstáit. Ba cheart go mbeadh trádálaithe in ann an Dlí
Coiteann Díolacháin Eorpach a chur i bhfeidhm san uile chineál gnó trasteorann
a dhéanann siad laistigh den Aontas Eorpach seachas bheith ag déanamh
oiriúnuithe i ndáil le dlíthe conarthaí náisiúnta éagsúla, má thoilíonn an
páirtí eile sa chonradh leis sin. Ba cheart go gclúdódh an Dlí Coiteann
Díolacháin Eorpach saolré iomlán an chonartha, ag cuimsiú fhormhór na réimsí a
bhíonn ábhartha agus conarthaí trasteorann á dtabhairt i gcrích. Dá thoradh
sin, i dtaca le heolas ar dhlí náisiúnta Ballstát eile, ní bheadh ag teastáil ó
thrádálaithe ach roinnt gnéithe de nach bhfuil cumhdaithe ag an Dlí Coiteann
Díolacháin Eorpach agus ar lú i bhfad a dtábhacht. I gcás idirbheart idir
gnólachtaí agus tomhaltóirí níor ghá na forálacha sainordaitheacha maidir le
cosaint tomhaltóirí i ndlí náisiúnta an tomhaltóra a shainaithint, de bhrí go
mbeadh sa Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach rialacha lán‑chomhchuibhithe maidir
le cosaint tomhaltóirí a chuirfeadh ardchaighdeán cosanta ar fáil ar fud an
Aontais Eorpaigh. I gcás idirbheart trasteorann idir trádálaithe, b'fhusa an
chaibidlíocht a dhéanamh ar an dlí is infheidhme ós rud é go bhféadfadh na
páirtithe conarthacha comhaontú úsáid a bhaint as an Dlí Coiteann Díolacháin
Eorpach, rud a mbeadh fáil ag an dá pháirtí air, chun an conradh eatarthu a
rialú. Mar thoradh díreach air sin, d'fhéadfadh
trádálaithe na costais bhreise idirbheart a sheachaint a thagann as dlíthe
conarthaí, agus d'fhéadfaidís a gcuid gnó a dhéanamh i gcomhthéacs ina mbeadh
an dlí maidir le trádáil trasteorann níos simplí, a bhuí sin le tacar amháin
rialacha a bheith i bhfeidhm ar fud an Aontais Eorpaigh. D'fhágfadh sé sin go
bhféadfadh trádálaithe leas níos mó a bhaint as an margadh inmheánach trí
bhíthin a gcuid gnó a leathnú amach thar theorainneacha, agus ar an dóigh sin
mhéadófaí ar iomaíocht sa mhargadh inmheánach. Bheadh tomhaltóirí thuas leis
toisc go mbeadh teacht níos fusa acu ar thairiscintí ó gach tír san Aontas
Eorpach ar phraghsanna níos ísle agus toisc gurb annaimhe a dhiúltófaí earraí a
dhíol leo. Ina cheann sin bheadh tuiscint níos glaine ag tomhaltóirí ar a
gcearta maidir le siopadóireacht trasteorann ós rud é go mbeadh tacar amháin
rialacha sainordaitheacha ann a chuirfeadh ardleibhéal cosanta ar fáil dóibh. Comhthéacs ginearálta Le teachtaireacht a d'eisigh an Coimisiún in
2001[5] cuireadh tús le próiseas
leathan comhairliúcháin phoiblí chun plé a dhéanamh ar an gcreat dlí i réimse
dhlí na gconarthaí a bheith ilroinnte agus ar an mbac a chuireann sin le
trádáil trasteorann. I mí Iúil 2010 sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí ar
fhoilsiú dó an 'Páipéar Uaine ar roghanna beartais chun dul chun cinn a
dhéanamh ionsar dhlí Eorpach na gconarthaí le haghaidh tomhaltóirí agus
gnólachtaí'[6].
Leagtar amach sa Pháipéar sin na roghanna beartais éagsúla a d'fhéadfaí a úsáid
chun an margadh inmheánach a neartú trí bhíthin tosú ar dhlí conarthaí Eorpach
a bhunú. Mar fhreagra ar an bPáipéar Uaine, d'eisigh
Parlaimint na hEorpa rún an 8 Meitheamh 2011 inar dhearbhaigh sí go mbeadh sí
go mór ar son ionstraim a chuirfeadh feabhas ar bhunú agus ar fheidhmiú an
mhargaidh inmheánaigh agus a bheadh le leas trádálaithe, tomhaltóirí agus
chórais dlí na mBallstát. Aithnítear sa Tuarascáil ón gCoimisiún 'Eoraip
2020'[7]
nach mór an costas agus an dua a laghdú a bhíonn ar thrádálaithe agus ar thomhaltóirí
agus iad ag tabhairt i gcrích conarthaí le comhpháirtithe agus le Ballstáit
eile, trí bhíthin, go háirithe, dul chun cinn a dhéanamh ionsar dhlí Eorpach na
gconarthaí roghnach. Sa Chlár Oibre Digiteach don Eoraip[8] pléitear ionstraim roghnach a
bheith i ndlí Eorpach na gconarthaí chun ilroinnt dhlí na gconarthaí a chealú
agus chun muinín tomhaltóirí sa ríomhthráchtáil a mhéadú. ·
Forálacha atá ann cheana i réimse an togra Tá mórdhifríochtaí idir dlíthe conarthaí na
mBallstát. Ar dtús, bhí an tAontas ag rialáil réimse dhlí na gconarthaí le
Treoracha um chomhchuibhiú íosta a glacadh i réimse na ndlíthe maidir le
cosaint tomhaltóirí. D'fhág na Treoracha um chomhchuibhiú íosta sin gur fhéad
na Ballstáit ceanglais shainordaitheacha níos déine ná iad sin dá bhforáiltear
san acquis a choinneáil nó a thabhairt isteach. Is é toradh atá air sin
go bhfuil cleachtais na mBallstát díréireach fiú amháin sna réimsí sin a
ndearnadh comhchuibhiú orthu ar leibhéal an Aontais. Os a choinne sin, sa
Treoir um Chearta Tomhaltóirí a glacadh le déanaí, tá lán‑chomhchuibhiú déanta
ar an bhfaisnéis réamhchonarthach atá le tabhairt do chustaiméirí, ar an gceart
chun tarraingt siar atá ag tomhaltóirí i gcianchonarthaí agus i gconarthaí
seacháitribh agus ar ghnéithe áirithe de sheachadadh earraí agus ar riosca a
chur ar aghaidh. Maidir leis an gcaidreamh idir trádálaithe, tá
an tAontas tar éis íosrátaí úis a bhunú chun an comhrac in aghaidh íocaíochtaí
déanacha a rialáil. Ar an leibhéal idirnáisiúnta, bíonn feidhm ag Coinbhinsiún
Vín ar Dhíolacháin Idirnáisiúnta Earraí (Coinbhinsiún Vín) nuair nach
dtograíonn na páirtithe dlí eile a chur i bhfeidhm. Rialaíonn Coinbhinsiún Vín
ar Dhíolacháin Idirnáisiúnta Earraí gnéithe áirithe de chonarthaí díolacháin
earraí ach tá ceisteanna tábhachtacha lasmuigh dá raon feidhme, amhail
fabhtanna comhthola, téarmaí éagóracha conartha, agus rúradh. Tá srianta eile
ar a infheidhmeacht ar siocair nár shínigh na Ballstáit go léir é[9] agus nach bhfuil aon
mheicníocht ann a d'fhéadfadh a áirithiú nach mbeadh ach aon léirmhíniú amháin
air. Tá roinnt gníomhartha reachtacha de chuid an
Aontais atá ábhartha don chaidreamh idir gnólachtaí agus tomhaltóirí agus don
chaidreamh idir gnólachtaí araon. Tá rialacha sa Treoir maidir le
Ríomhthráchtáil[10]
a bhaineann le bailíocht conarthaí arna dtabhairt i gcrích go leictreonach agus
maidir le ceanglais réamhchonarthacha. I réimse an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh,
tá ionstraimí maidir le roghnú dlí glactha ag an Aontas, go háirithe Rialachán
(CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh
2008 maidir leis an dlí is infheidhme maidir le hoibleagáidí conarthacha (Róimh
I)[11], agus, i dtaca le dualgais
faisnéise réamhchonarthacha, Rialachán (AE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint
na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme
maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha (Róimh II)[12]. Leagtar amach sa chéad cheann
acu sin na rialacha maidir leis an dlí is infheidhme i réimse na n‑oibleagáidí
conarthacha a chinneadh, agus leagtar amach sa dara ceann na rialacha maidir
leis an dlí is infheidhme i réimse na n‑oibleagáidí neamhchonarthacha a
chinneadh, lena n‑áirítear iad sin a thagann as ráitis réamhchonarthacha. Leanfaidh d'fheidhm a bheith ag Rialachán
Róimh I agus ag Róimh II agus ní dhéanfaidh an togra aon difear dóibh, ach
beidh sé riachtanach i gcónaí an dlí is infheidhme maidir le conarthaí
trasteorann a chinneadh. Déanfar sin de réir ghnáthfheidhmiú Rialachán Róimh I.
Féadfaidh na páirtithe féin é sin a dhéanamh (Airteagal 3 de Rialachán
Róimh I) agus, mura ndéanann siad é, déanfar é ar bhonn na rialacha
réamhshocraithe in Airteagal 4 de Rialachán Róimh I. A fhad a bhaineann le
conarthaí le tomhaltóirí, faoi choinníollacha Airteagal 6(1) de Rialachán
Róimh I, mura bhfuil an dlí is infheidhme roghnaithe ag na páirtithe, is éard a
bheidh sa dlí sin dlí gnátháit chónaithe an tomhaltóra. Beidh an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach ar an
dara córas de dhlí na gconarthaí laistigh de dhlí náisiúnta gach Ballstáit. I
gcás ina gcomhaontaíonn na páirtithe an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a
úsáid, is ag rialacha an dlí sin, agus acu sin amháin, a bheidh feidhm i dtaca
le ceisteanna a thagann faoina raon feidhme. I gcás ina dtagann ceist faoi raon
feidhme an Dlí Choitinn Díolacháin Eorpaigh, ní fhéadfaidh feidhm a bheith ag
aon rialacha náisiúnta eile. Is éard atá i gcomhaontú an Dlí Choitinn
Díolacháin Eorpach a úsáid, rogha a dhéanamh idir dhá thacar dlíthe díolacháin
laistigh d'aon dlí náisiúnta amháin; ní hionann é, dá bhrí sin, agus roghnú an
dlí is infheidhme de réir bhrí rialacha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh,
agus ní ceart é a thógáil in ábhraíocht sin. Ós rud é nach gcumhdóidh an Dlí Coiteann
Díolacháin Eorpach gach gné de chonradh (e.g. neamhdhleathacht conarthaí,
ionadaíocht) leanfaidh na rialacha atá ann cheana de dhlí sibhialta an
Bhallstáit is infheidhme maidir leis an gconradh, leanfaidh siad de bheith ag
rialú na gceisteanna iarmharacha sin. Faoi ghnáthfheidhmiú Rialachán Róimh I, áfach,
tá srianta ar roghnú an dlí i gcás idirbheart idir gnólachtaí agus tomhaltóirí.
Má roghnaíonn na páirtithe in idirbheart idir gnólachtaí agus tomhaltóirí dlí
Ballstáit nach dlí Bhallstát an tomhaltóra é, faoi choinníollacha
Airteagal 6(1) de Rialachán Róimh I, ní fhéadfaidh an rogha sin baint den
chustaiméir an chosaint atá aige faoi fhorálacha sainordaitheacha an dlí maidir
lena gnáthchónaí (Airteagal 6(2) de Rialachán Róimh I). Ní bheidh aon
tábhacht phraiticiúil ag an bhforáil dheireanach sin má roghnaíonn na páirtithe
an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach laistigh de dlí náisiúnta is infheidhme. Is
é is cúis leis sin gurb ionann forálacha Dhlí Coiteann Díolacháin Eorpach dhlí
na tíre arna roghnú agus forálacha Dhlí Coiteann Díolacháin Eorpach thír an
tomhaltóra. Dá bhrí sin, níl leibhéal na ndlíthe sainordaitheacha maidir le
cosaint tomhaltóirí i dtír an tomhaltóra níos airde agus ní bhaintear den
tomhaltóirí an chosaint atá aige faoi dhlí a ghnátháit chónaithe. ·
Comhsheasmhacht le beartais agus le cuspóirí eile
an Aontais Tá an togra comhsheasmhach leis an gcuspóir
ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach, ós rud é go bhfuil rialacha
sainordaitheacha maidir le cosaint tomhaltóirí ann nach féidir leis na
páirtithe maolú uathu chun aimhleasa an tomhaltóra. Ina theannta sin, tá
leibhéal cosanta na bhforálacha sainordaitheacha cothrom leis an leibhéal atá
san acquis reatha, nó níos airde ná é. Tá an togra comhsheasmhach freisin le beartas
an Aontais cuidiú le fiontair bheaga agus mheánmhéide leas níos mó a bhaint as
an margadh inmheánach. Is féidir an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a roghnú i
gcás conarthaí idir trádálaithe nuair is fiontar beag nó meánmhéide ar a laghad
ceann amháin acu, de réir Mholadh 2003/361[13]
maidir le micreafhiontair, fiontar bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainiú,
ag cur san áireamh forbairtí a dhéanfar sa todhchaí. Ar deireadh, tá an togra comhsheasmhach le
beartas trádála an Aontais sa mhéid is nach ndéanann sé idirdhealú in aghaidh
páirtithe ó thríú tíortha a d'fhéadfadh togradh an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach
a chur i bhfeidhm ar chuntar go bhfuil páirtí amháin sa chonradh bunaithe i
mBallstát. Tá an togra seo gan dochar do thionscnaimh de
chuid an Choimisiúin amach anseo a bhaineann le sáruithe ar an gConradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, mar shampla tionscnaimh a bhaineann leis na
rialacha iomaíochta. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁIN LE
PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE TIONCHAIR ·
Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara Le foilsiú an Pháipéir Uaine, sheol an
Coimisiún comhairliúchán fairsing poiblí a dúnadh an 31 Eanáir 2011. Mar
fhreagra ar an bPáipéar Uaine, fuair an Coimisiún 320 freagra ó gach catagóir
geallsealbhóirí ó gach cearn den Aontas. Dar le go leor freagróirí go raibh
dealramh le Rogha 1 (foilsiú thorthaí an Ghrúpa Saineolaithe) agus le Rogha 2
('bosca uirlisí' do reachtóir an Aontais). Thacaigh roinnt Ballstát agus roinnt
geallsealbhóirí eile le Rogha 4 (ionstraim roghnach de dhlí Eorpach na
gconarthaí), ina haonar nó i dteannta an 'bosca uirlisí'. ar chuntar go
gcomhlíonfadh sé coinníollacha áirithe, e.g. ardleibhéal cosanta do
thomhaltóirí, soiléire, agus na forálacha a bheith furasta le húsáid. Ar cheann
de na príomhchúiseanna imní a bhí i bhfreagraí na ngeallsealbhóirí ar an
bPáipéar Uaine bhí an easpa soiléire i leith an méid a d'fhéadfadh a bheith in
ionstraim de dhlí Eorpach na gconarthaí. Thug an Coimisiún aghaidh ar an gcúis
imní sin trí chaoi a thabhairt do na geallsealbhóirí a dtuairimí a thabhairt
uathu maidir leis an staidéar féidearthachta a rinne an Grúpa Saineolaithe ar Dhlí
Eorpach na gConarthaí. Tugadh fabhair le fios sna freagraí ar an
bPáipéar Uaine maidir le raon feidhme ábhartha na hionstraime. De thoradh air
sin, tá béim sa togra ar chonarthaí maidir le hearraí a dhíol. Le Cinneadh an 26 Aibreán 2010[14], bhunaigh an Coimisiún an
Grúpa Saineolaithe ar dhlí Eorpach na gconarthaí. Cuireadh de chúram ar an
ngrúpa sin staidéar féidearthachta a ullmhú maidir le dlí Eorpach na gconarthaí
a chumhdódh na príomhghnéithe a thiocfadh anuas in idirbhearta trasteorann. Rinneadh grúpa príomh‑gheallshealbhóirí
(gnólachtaí agus comhlachais tomhaltóirí, ionadaithe don earnáil
baincéireachta, don earnáil árachais, agus do dhlíodóirí agus nótairí) a bhunú
i Meán Fómhair 2010 chun eolas praiticiúil a thabhairt don Ghrúpa Saineolaithe
i dtaca le rialacha an staidéir féidearthachta. Foilsíodh an staidéar
féideartha an 3 Bealtaine 2011 agus osclaíodh comhairliúchán neamhfhoirmiúil go
dtí an 1 Iúil 2011. ·
An Measúnú Tionchair Rinneadh anailís sa mheasúnú tionchair ar na
seacht rogha atá leagtha amach sa Pháipéar Uaine; tá an tuairisc iomlán agus an
anailís ar na roghanna sin sa tuarascáil ar an measúnú tionchair. Seo iad na roghanna sin: an cás bunlíne (gan
athrú beartais), 'bosca uirlisí' a bheith ag an reachtóir, Moladh maidir le Dlí
Coiteann Díolacháin Eorpach, Rialachán ag bunú Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach
roghnach, Treoir (lán‑chomhchuibhiú nó comhchuibhiú íosta) maidir le Dlí
Coiteann Díolacháin Eorpach, Rialachán ag bunú dhlí Eorpach na gConarthaí agus
Rialachán ag bunú Cóid Shibhialta Eorpaigh. Tar éis anailís chomparáideach a dhéanamh ar
an tionchar a bheadh ag na roghanna sin, thángthas ar an tuairim i dtuarascáil
an mheasúnaithe iarmharta go ndéanfadh Treoir um Lán‑chomhchuibhiú agus
Rialachán ag bunú córas aonfhoirmeach sainordaitheach de dhlí conarthaí na
spriocanna beartais a bhaint amach. Laghdódh an dá rogha dheireanacha sin go
mór na costais idirbheart a sheasann trádálaithe agus laghdóidís an chastacht
dlí dóibh siúd a bhíonn i mbun trádála trasteorann, ach mar sin féin chuirfidís
ualach mór ar thrádálaithe ós rud é go mbeadh orthu siúd nach ndéanann ach
trádáil intíre oiriúnaithe a dhéanamh do chreat dlí nua. Na costais a bheadh ar
dhul i dtaithí ar chóras nua sainordaitheach dá leithéid, bheidís an‑mhór i
gcomparáid leis an gcostas ar chóras aonfhoirmeach roghnach de dhlí na
gconarthaí, de bhrí go mbeadh tionchar acu ar gach trádálaí. Ní thiocfadh as
córas aonfhoirmeach roghnach de dhlí na gconarthaí ach costais aonuaire a
bheadh ar thrádálaithe a thogródh é a úsáid don trádáil trasteorann. Measadh,
dá bhrí sin, go raibh córas aonfhoirmeach roghnach de dhlí na gconarthaí ar an
rogha ab oiriúnaí ós rud é go laghdódh sé na costais idirbheart ar thrádálaithe
a onnmhairíonn chuig roinnt Ballstát agus ós rud é go dtabharfadh sé rogha níos
leithne táirgí ar phraghas níos ísle do thomhaltóirí. San am céanna, mhéadódh
sé an leibhéal cosanta a bheadh ag custaiméirí a dhéanann a gcuid
siopadóireachta i dtíortha eile agus chothódh sé muinín iontu ó tharla go
mbeadh na cearta céanna acu ar fud an Aontais. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA ·
Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe Déantar foráil sa togra maidir le bunú Dlí
Coiteann Díolacháin Eorpach. Seachas leasuithe a dhéanamh ar dhlí náisiúnta
conarthaí na mBallstát, déantar dlíthe conarthaí na mBallstát a chomhchuibhiú
leis an Rialachán seo trí chóras eile de dhlí na gconarthaí a bhunú laistigh de
dhlí náisiúnta gach Ballstáit i dtaca le conarthaí atá laistigh dá raon
feidhme, ar córas é a bheidh ann le cois na rialacha náisiúnta maidir le dlí na
gconarthaí. Beidh feidhm ag an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach maidir le
conradh trasteorann ar bhonn deonach, faoi chomhaontú sainráite na bpáirtithe. ·
Bunús dlí Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 114
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Déantar foráil sa togra maidir le tacar
aonfhoirmeach amháin de rialacha lán‑chomhchuibhithe maidir le dlí na
gconarthaí, lena n‑áirítear rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí i bhfoirm
Dlí Choitinn Díolacháin Eorpaigh a mheasfar a bheith mar dhara córas de dhlí na
gconarthaí laistigh de dhlí náisiúnta gach Ballstáit, córas a bheidh ar fáil
d'idirbhearta trasteorann arna chomhaontú sin go bailí ag na páirtithe. Ní
hionann an comhaontú sin agus roghnú an dlí is infheidhme de réir bhrí rialacha
an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh, agus ní ceart é a thógáil in ábhraíocht
sin. Ina ionad sin, déantar an rogha de réir dlí idirnáisiúnta is infheidhme de
réir rialacha an dlí idirnáisiúnta phríobháidigh. Tá d'aidhm ag an réiteach sin bunú agus
feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Chuirfeadh sé deireadh le bacainní atá le
feidhmiú na saoirsí bunúsacha, bacainní a thagann as difríochtaí idir dlíthe
náisiúnta, go háirithe na costais bhreise idirbheart agus an chastacht dlí a
mheastar a bheith ag trádálaithe agus iad ag tabhairt i gcrích idirbhearta
trasteorann agus an easpa muiníne atá ag tomhaltóirí agus iad ag ceannach ó
thír eile de chuid an AE, nithe a bhfuil tionchar díreach acu ar bhunú agus
feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus a chuireann srian leis an iomaíocht. I gcomhréir le hAirteagal 114(3) den
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ráthódh Dlí Coiteann Díolacháin
Eorpach ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí trí thacar rialacha
sainordaitheacha dá chuid féin a leagan síos a choinneodh gan athrú an leibhéal
cosanta atá ag tomhaltóirí faoi na dlíthe maidir le tomhaltóirí atá san AE faoi
láthair nó a chuirfeadh feabhas air. ·
Prionsabal na coimhdeachta Comhlíonann an togra prionsabal na
coimhdeachta arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas
Eorpach. Tá gné shoiléir trasteorann ag cuspóir an
togra – i.e. ceartfheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a éascú trí thacar
aonfhoirmeach roghnach rialacha maidir le dlí na gconarthaí a chur ar fáil –
agus ní féidir leis na Ballstáit an ghné sin a bhaint amach faoina gcóras
náisiúnta. A fhad a leanfaidh difríochtaí idir na dlíthe
náisiúnta de bheith ina siocair le mórchostais bhreise idirbheart i gcás
idirbheart trasteorann, ní fhéadfar an margadh inmheánach a chur i gcrích trína
ndéanamh níos fusa do thrádálaithe trádáil trasteorann a dhéanamh agus trína
ndéanamh níos fusa do thomhaltóirí ceannach trasteorann a dhéanamh. Fiú amháin má dhéanann na Ballstáit bearta
neamh‑chomhordaithe ar leibhéal náisiúnta ní fhéadfaidh siad deireadh a chur
leis na costais bhreise idirbheart ná leis an gcastacht dlí a thagann as na
difríochtaí sna rialacha náisiúnta maidir le conarthaí agus a bhíonn ag cur ar
thrádálaithe agus iad i mbun trádála trasteorann san AE. Beidh rogha srianta
agus rochtain theoranta ag tomhaltóirí i gcónaí ar tháirgí as Ballstáit eile.
Ina theannta sin tá siad gan an mhuinín a bheadh acu dá mbeadh fios a gceart
acu. Dá bhrí sin, is fearr is féidir cuspóir an
togra a bhaint amach le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais, i gcomhréir le
prionsabal na coimhdeachta. Is don Aontas is fusa dul i ngleic leis na
fadhbanna a bhaineann le hilroinnt dlí, trí bhíthin birt arna dhéanamh i réimse
dhlí na gconarthaí a chóineasódh na rialacha is infheidhme maidir le
hidirbhearta trasteorann. Ina cheann sin, de réir mar a athraíonn treochtaí an
mhargaidh agus a spreagtar na Ballstáit chun gníomh aonair, mar shampla rialáil
a dhéanamh ar mhargadh borrúil an ábhair dhigitigh, is dóchúil go méadóidh ar
éagsúlachtaí rialála agus go rachaidh costais idirbheart agus na bearnaí i gcosaint
tomhaltóirí i méadaíocht. ·
Prionsabal na comhréireachta Comhlíonann an togra prionsabal na
comhréireachta arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas
Eorpach. Ní bhaineann raon feidhme an togra ach le
ceisteanna atá ina bhfadhbanna tromchúiseacha in idirbhearta trasteorann, agus
ní bhaineann sé do cheisteanna is fearr a fhágáil faoi na dlíthe náisiúnta.
Maidir lena raon feidhme ábhartha, tá forálacha sa togra a bhaineann le cearta
agus oibleagáidí na bpáirtithe le linn shaolré an chonartha, ach ní bhaineann
sé do nithe eile amhail na rialacha maidir le hionadaíocht dhlíthiúil nach
dócha a bheith ina gcnámh spairne dlithiúil. Maidir lena raon feidhme
críochach, cuimsíonn an togra cásanna trasteorann ina dtagann fadhb na gcostas
breise idirbheart agus fadhb na castachta dlí chun cinn. Ar deireadh, ní théann
raon feidhme pearsanta an togra thar idirbhearta ina dtagann fadhbanna chun
cinn go minic atá bainteach leis an margadh inmheánach, i.e. caidreamh idir
gnólachtaí inar fiontar beag nó meánmhéide ar a laghad ceann amháin de na
páirtithe, agus caidreamh idir gnólachtaí agus tomhaltóirí. Ní áirítear
conarthaí arna dtabhairt i gcrích idir daoine príobháideacha agus trádálaithe
nach fiontar beag nó meánmhéide aon cheann acu, ós rud é nach léir aon ghá a
bheith le gníomhaíocht sna cineálacha sin conarthaí trasteorann. Fágann an
Rialachán dhá rogha ag na Ballstáit: cinneadh a dhéanamh an Dlí Coiteann
Díolacháin Eorpach a chur ar fáil do pháirtithe lena úsáid i gcomhthéacs atá go
hiomlán náisiúnta agus i dtaca le conarthaí arna dtabhairt i gcrích idir
trádálaithe nach fiontar beag nó meánmhéide ceachtar den dá pháirtí. Gníomhaíocht chomhréireach atá sa togra, i
gcomórtas le roghanna eile a ndearnadh anailís orthu, toisc gur dlí roghnach
deonach an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach. Ciallaíonn sé sin go bhfuil a chur
i bhfeidhm ag brath ar chomhaontú na bpáirtithe ar chonradh nuair atá siad ar
aon fhocal go mbeadh sé fónta é aon conradh sin úsáid in idirbheart
trasteorann. Ó tharla gurb é atá sa Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach tacar
roghnach rialacha nach bhfuil feidhm leis ach i gcásanna trasteorann, is féidir
leis bacainní le trádáil trasteorann a laghdú gan cur isteach ar chórais dlí
agus ar thradisiúin atá seanbhunaithe. Beidh an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach
ina chóras roghnach le cois na rialacha atá ann cheana féin maidir le dlí na
gconarthaí – ní ghlacfaidh sé a n‑áit. Dá bhrí sin, ní rachaidh an beart
reachtach thar a bhfuil gá leis chun deiseanna breise a chruthú do thrádálaithe
sa mhargadh aonair. ·
Roghnú na n‑ionstraimí Is é ionstraim atá roghnaithe don tionscnamh
seo Rialachán maidir le Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach atá roghnach. Ionstraimí neamhcheangailteacha amhail 'bosca
uirlisí' do reachtóir an AE, nó Moladh a bheadh dírithe ar na Ballstáit, ní
bhainfidís amach an cuspóir arb é atá ann feabhas a chur ar bhunú agus ar
fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Aon Treoir nó Rialachán lena gcuirfí dlí
Eorpach na gconarthaí neamhroghnach in ionad na ndlíthe náisiúnta, rachaidís
thar a bhfuil gá leis ós rud é go gcuirfidís ar thrádálaithe intíre nach mian
leo nithe a dhíol i dtíortha eile costais a sheasamh nach gcuirfeadh laghduithe
costais ar ceal, ós rud é nach ann do na laghduithe sin ach i gcás idirbheart
trasteorann. Ina cheann sin, Treoir ag bunú íoschaighdeán maidir le dlí Eorpach
na gconarthaí neamhroghnach, ní bheadh sé oiriúnach ó tharla nach mbainfeadh sé
amach an leibhéal is gá deimhneachta dlíthiúla agus an leibhéal is gá
aonfhoirmeachta chun costais idirbheart a laghdú. 4. IMPLEACHT BHUISÉADACH Nuair a ghlacfar an togra, bunóidh an
Coimisiún bunachar sonraí ina bhféadfar faisnéis a mhalartú maidir le
breitheanna deiridh ina dtagraítear don Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach nó
d'aon fhoráil eile den Rialachán, agus maidir le breitheanna ábhartha ó Chúirt
Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh freisin. Is dóchúil go méadóidh costais an
bhunachair shonraí sin de réir mar a chuirtear níos mó breitheanna deiridh ar
fáil. San am céanna, eagróidh an Coimisiún seisiúin oiliúna do chleachtóirí dlí
a úsáideann an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach[15].
Is dócha go laghdófar ar na costais sin le himeacht aimsire de réir mar a
scaipfear eolas ar fheidhmiú an Dlí Choitinn Díolacháin Eorpaigh. 5. FAISNÉIS BHREISE ·
Simpliú Tá de bhua ag an moladh dara córas de dhlí na
gconarthaí a bheith ann go ligeann sé do na páirtithe aon tacar amháin de
rialacha maidir le dlí na gconarthaí a úsáid ar fud an AE, gan áit na ndlíthe
náisiúnta conarthaí a ghlacadh. D'fhéadfadh an tacar seo de rialacha
aonfhoirmeacha a bheith ina réiteach ag páirtithe ar na mórfhadhbanna a thagann
chun cinn ó thaobh dhlí na gconarthaí nuair atá gnó trasteorann á dhéanamh.
D'fhágfadh sé nach mbeadh ar thrádálaithe dlíthe éagsúla náisiúnta a scrúdú.
D'fhonn cuidiú le tomhaltóirí a gcearta faoin Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a
thuiscint, chuirfí fógra caighdeánach faisnéise ar fáil dóibh a chuirfeadh ar
an eolas iad maidir leis na cearta sin. Ar deireadh, d'fhéadfadh an togra
comhsheasmhacht a áirithiú i reachtaíocht an AE i réimsí eile beartais ina
mbeidh dlí na gconarthaí ábhartha. ·
Clásal athbhreithnithe Déantar foráil sa togra maidir le
hathbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Dlí Choitinn Díolacháin Eorpaigh nó cur i
bhfeidhm aon fhorála eile den Rialachán cúig bliana tar éis a dháta cur i
bhfeidhm, ag cur san áireamh, go háirithe, inter alia, an gá an raon
feidhme a leathnú a thuilleadh ó thaobh conarthaí idir gnólachtaí, forbairtí sa
mhargadh agus forbairtí teicneolaíochtaí a bhaineann le hábhar digiteach, agus
forbairtí in acquis an Aontais. Chun na críche sin, déanfaidh an Coimisiún
tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus Choiste
Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, agus beidh ag gabháil léi, más gá, moltaí
i dtaca leis an Rialachán a leasú. ·
An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) Ábhar a bhaineann leis an LEE atá sa Rialachán
atá beartaithe agus ba cheart, dá bhrí sin, an LEE a chuimsiú ann. ·
An togra a mhíniú Tá trí phríomhchuid sa togra: Rialachán,
Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán, ina bhfuil na rialacha maidir le
dlí na gconarthaí (an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach) agus Iarscríbhinn II ina
bhfuil an fógra caighdeánach faisnéise. A. An Rialachán In Airteagal 1 leagtar amach
cuspóir agus ábhar an Rialacháin. In Airteagal 2 tá liosta
sainmhínithe ar théarmaí atá in úsáid sa Rialachán. Cé gurb ann do sainmhínithe
áirithe san acquis ábhartha cheana, tá coincheapa eile ann atá
sainmhínithe anseo den chéad uair. In Airteagal 3 mínítear cineál
roghnach na rialacha maidir le dlí na gconarthaí i leith conarthaí trasteorann
i gcás díol earraí, soláthair ábhair dhigitigh agus soláthair seirbhísí
gaolmhara. In Airteagal 4 leagtar amach raon
feidhme críochach an Rialacháin, atá teoranta do chonarthaí trasteorann. In Airteagal 5 tugtar raon feidhme
ábhartha na gconarthaí maidir le díol earraí agus soláthar ábhair dhigitigh
agus seirbhísí gaolmhara, e.g. suiteáil agus deisiú. In Airteagal 6 déantar conarthaí a
bhfuil cuspóirí éagsúla acu agus díolacháin suiteála a eisiamh ó raon feidhme
an chuir i bhfeidhm. Tá tuairisc in Airteagal 7 ar raon
feidhme pearsanta an chuir i bhfeidhm a chumhdaíonn conarthaí idir gnólachtaí
agus tomhaltóirí agus na conarthaí sin idir gnólachtaí inar fiontar beag nó
meánmhéide ar a laghad ceann amháin de na páirtithe. Mínítear in Airteagal 8 go bhfuil
comhaontú na bpáirtithe ag teastáil chun an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a
roghnú. I gconarthaí idir trádálaí agus tomhaltóir níl roghnú an Dlí Choitinn
Díolacháin Eorpach bailí ach amháin má thugann an tomhaltóir toiliú le ráiteas
sainráite atá ar leithligh ón ráiteas lena sonraítear an comhaontú an conradh a
thabhairt i gcrích. In Airteagal 9 tá roinnt ceanglas
faisnéise a bhaineann leis an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach i gconarthaí idir
trádálaí agus tomhaltóir. Go háirithe, gheobhaidh an tomhaltóir an fógra
faisnéise atá in Iarscríbhinn II. In Airteagal 10 ceanglaítear ar na
Ballstáit féachaint chuige go bhfuil smachtbhannaí i bhfeidhm maidir le
trádálaithe a bheith ag sárú an dualgas na ceanglais speisialta arna bhunú le
hAirteagal 8 agus 9 a chomhlíonadh. Mínítear in Airteagal 11 gurb é an
Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach an t‑aon dlí is infheidhme i gcás
saincheisteanna a chumhdaíonn rialacha an dlí sin, nuair a roghnaítear go bailí
é, agus nach bhfuil feidhm dá bhrí sin ag rialacha eile i dtaca le ceisteanna a
thagann faoina raon feidhme.Feidhmíonn roghnú an Dlí Choitinn Díolacháin
Eorpaigh go siarghabhálach chun comhlíonadh agus neamh‑chomhlíonadh dualgas
faisnéise réamhchonarthach a chumhdach. In Airteagal 12 soiléirítear go
bhfuil an Rialachán gan dochar do cheanglais faisnéise Threoir 2006/123/CE
maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach[16]. In Airteagal 13 tugtar an chaoi do
na Ballstáit reachtaíocht a achtú a chuireann an Dlí Coiteann Díolacháin
Eorpach ar fáil do pháirtithe lena úsáid i gcomhthéacs atá go hiomlán náisiúnta
agus i gconarthaí idir trádálaithe nach fiontar beag ná meánmhéide ceachtar
acu. In Airteagal 14 ceanglaítear ar na
Ballstáit fógra a thabhairt i leith breitheanna deiridh óna gcúirteanna, ar
breitheanna iad ina bhfuil léirmhíniú ar fhorálacha an Dlí Choitinn Díolacháin
Eorpaigh nó ar aon fhoráil eile de chuid an Rialacháin. Bunóidh an Coimisiún
bunachar sonraí de bhreitheanna den chineál sin. Tá clásal athbhreithnithe in Airteagal 15.
Foráiltear in Airteagal 16 go
dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris
Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. B. Iarscríbhinn I Tá téacs an Dlí Choitinn Díolacháin Eorpaigh
in Iarscríbhinn I. Leagtar amach i gCuid I 'Forálacha Tosaigh'
prionsabail ghinearálta dhlí na gconarthaí nach mór do na páirtithe go léir
cloí leo, mar shampla meon macánta agus cóirdhéileáil. Áirithíonn prionsabal na
saoirse conarthaí gur féidir le páirtithe imeacht ó rialacha an Dlí Choitinn
Díolacháin Eorpaigh ach amháin má tá sé sonraithe go sainráite gur rialacha
sainordaithe iad, mar shampla na rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí. I gCuid II 'Conradh ceangailteach a
dhéanamh' tá na forálacha maidir le cearta na bpáirtithe faisnéis
réamhchonarthach shár-riachtanach a fháil agus na rialacha maidir le conas a
thugtar comhaontuithe idir dhá pháirtí i gcrích. Tá sa chuid sin freisin
forálacha sonracha a thugann ceart do thomhaltóirí tarraingt siar ó
chianchonarthaí agus ó chonarthaí seacháitribh. Ina theannta sin tá forálacha
ann maidir le seachaint conarthaí ar thoradh iad ar bhotúin, calaois, bagairtí
nó dúshaothrú éagórach. I gCuid III 'Measúnú a dhéanamh ar a bhfuil
sa chonradh' déantar forálacha ginearálta maidir leis an gcaoi nach mór
téarmaí conartha a léirmhíniú i gcás amhrais. Tá rialacha ann freisin maidir le
hinneachar agus éifeachtaí conarthaí mar aon leis na téarmaí conartha a
d'fhéadfadh a bheith éagórach agus, dá bhrí sin, neamhbhailí. I gCuid IV 'Oibleagáidí agus leigheasanna
na bpáirtithe maidir le conradh díola' cíortar go mion na rialacha atá
sonrach do chonarthaí díolacháin agus do chonarthaí chun ábhar digiteach a
sholáthar, ar conarthaí iad ina bhfuil oibleagáidí an díoltóra agus an
cheannaitheora. Tá na rialacha maidir le leigheasanna ar neamh‑chomhlíonadh
ceannaitheoirí agus díoltóirí ann freisin. Baineann Cuid V 'Oibleagáidí agus
leigheasanna na bpáirtithe maidir le conradh seirbhíse gaolmhar' le cásanna
ina soláthraíonn díoltóir, i ndlúthbhaint le conradh díolacháin earraí nó
soláthar ábhair dhigitigh, seirbhísí áirithe amhail suiteáil, deisiú nó
cothabháil. Mínítear sa chuid seo cé go díreach na rialacha a bhfuil feidhm leo
i gcás den sórt sin, go háirithe cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe faoi na
conarthaí sin. I gCuid VI 'Damáistí agus ús' tá rialacha
breise coiteanna maidir le damáistí de dheasca caillteanais agus maidir le hús
atá le híoc as íocaíocht dhéanach. I gCuid VII 'Tabhairt ar ais' mínítear
na rialacha a bhfuil feidhm leo maidir lena bhfuil le tabhairt ar ais nuair a
sheachnaítear nó nuair a fhoirceanntar conradh. Déanann Cuid VIII 'Rúradh' rialú ar na
héifeachtaí atá ag imeacht aimsire ar fheidhmiú ceart faoi chonradh. Tá i bhFoscríbhinn 1 an treoir
shamplach maidir le tarraingt siar nach mór don trádálaí a sholáthar don
tomhaltóir sula dtugtar cianchonradh nó conradh seacháitribh i gcrích. Tá an
fhoirm shamplach tarraigthe siar i bhFoscríbhinn 2. C. Iarscríbhinn II Is éard atá in Iarscríbhinn II an Fógra
Caighdeánach Faisnéise maidir leis an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach nach mór
don trádálaí a sholáthar don tomhaltóir sula ndéantar comhaontú an Dlí Coiteann
Díolacháin Eorpach a úsáid. 2011/0284 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE maidir le Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[17],
Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[18], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis
an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1)
Tá roinnt mhaith bac ar ghníomhaíocht eacnamaíoch
trasteorann ann go fóill a fhágann nach féidir leis an margadh inmheánach
sochar iomlán a bhaint as a acmhainn fás agus fostaíocht a chruthú. Ní
onmhairíonn ach aon trádálaí amháin as deich gcinn san Aontas faoi láthair
earraí laistigh den Aontas agus ní dhéanann formhór na dtrádálaithe sin ach
earraí a onnmhairiú go líon beag Ballstát. De na baic go léir ar thrádáil
trasteorann, lena n‑áirítear rialacháin chánach, ceanglais riaracháin agus
deacrachtaí a bhaineann le seachadadh na n‑earraí, le teanga agus le cultúr,
measann trádálaithe gurb é ceann de na bacainní is mó ar idirbhearta idir
gnólachtaí agus tomhaltóirí agus ar idirbhearta idir gnólachtaí ná eolas a chur
ar fhorálacha dlí eachtraigh conarthaí. Bíonn míbhuntáistí ag baint leis sin do
thomhaltóirí freisin toisc nach bhfuil ach teacht teoranta acu ar earraí. Sa
dóigh sin cuireann dlíthe éagsúla náisiúnta do chonarthaí isteach ar fheidhmiú
saoirsí bunúsacha, amhail an tsaoirse chun earraí agus seirbhísí a sholáthar,
agus cuireann sin bac ar fheidhmiú agus ar bhunú leanúnach an mhargaidh
inmheánaigh. Cuireann na baic sin srian ar iomaíocht freisin, go háirithe i
margaí na mBallstát beag. (2)
Uirlis dhlíthiúil fhíor‑riachtanach atá i
gconarthaí ag gach idirbheart eacnamaíoch. Mar sin féin, tá trádáil trasteorann
níos casta agus níos costasaí ná trádáil intíre toisc go mbíonn ar thrádálaithe
an dlí is infheidhme a shainaithint nó a chaibidliú, forálacha an dlí
eachtraigh infheidhme sin a fhiosrú (agus aistriúchán i gceist leis sin go
minic), comhairle dlí a fháil chun eolas a chur ar cheanglais an dlí sin agus a
gconarthaí a chur in oiriúint do dhlíthe éagsúla náisiúnta. Dá bhrí sin,
cuirtear roinnt mhaith trádálaithe atá dírithe ar an onnmhairiú ó thrádáil
trasteorann a dhéanamh nó óna n‑oibríochtaí a leathnú amach go níos mó Ballstát
mar gheall ar bhaic a bhaineann le dlíthe conarthaí. Tá an éifeacht
dhíspreagthach sin ann go háirithe i gcás fiontar beag nó meánmhéide (FBManna)
toisc go bhfuil na costais a bhaineann le dul isteach i roinnt margaí
eachtracha éagsúla iontach ard do na fiontair sin i gcomparáid lena
láimhdeachas. Mar gheall air sin, d'fhéadfadh trádálaithe costais a spáráil dá
bhféadfaidís earraí agus seirbhísí a chur ar an margadh ar bhonn dlí
aonfhoirmigh conarthaí amháin dá n‑idirbhearta trasteorann ar fad agus, ó
thaobh an idirlín de, ar bhonn aon suímh ghréasáin amháin. (3)
Costais idirbheart atá measartha ard agus a
bhaineann le dlíthe conarthaí agus baic dhlíthiúla a bhaineann leis na
difríochtaí idir rialacha sainordaitheacha náisiúnta maidir le cosaint
tomhaltóirí, tá tionchar díreach acu sin ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh
maidir le hidirbhearta idir gnólachtaí agus tomhaltóirí. De bhun Airteagal 6
de Rialachán Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an
17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme maidir le
hoibleagáidí conarthacha (Rialachán (CE) Uimh. 593/2008)[19], má dhíríonn trádálaí a
ghníomhaíochtaí ar thomhaltóirí i mBallstát eile beidh feidhm ag forálacha
cosanta tomhaltóirí an Bhallstáit ina bhfuil gnáthchónaí ar an tomhaltóir, ar
forálacha iad a bhfuil leibhéal níos airde cosanta ag baint leo agus nach
féidir maolú orthu trí chomhaontú faoin dlí sin, fiú amháin má roghnaíonn na
páirtithe dlí infheidhme eile. Dá bhrí sin, ní mór do thrádálaithe fáil amach
roimh ré má tá cosaint níos airde ag baint le dlí an tomhaltóra agus a áirithiú
go bhfuil a gconradh i gcomhréir le ceanglais an dlí sin. Ina theannta sin,
maidir le ríomhthráchtáil, tá tuilleadh costas ag baint fosta leis na hathruithe
a dhéantar ar shuímh ghréasáin nach mór a bheith i gcomhréir le ceanglais
shainordaitheacha dlíthe conarthaí eachtracha do thomhaltóirí. Tá comhfhogasú
áirithe déanta i roinnt réimsí i ngeall ar an gcomhchuibhiú atá déanta cheana
ar na dlíthe tomhaltais ar leibhéal an Aontais. Tá na difríochtaí idir dlíthe
na mBallstát mór go fóill féin áfach; fágann an comhchuibhiú atá déanta go dtí
seo réimse leathan roghanna ag na Ballstáit maidir le conas ceanglais
reachtaíochta de chuid an Aontais a chomhlíonadh agus maidir leis an leibhéal
cosanta do thomhaltóirí is ceart a roghnú. (4)
Tá drochthionchar ar thomhaltóirí freisin ag na
baic a bhaineann le dlíthe conarthaí agus a choisceann trádálaithe ar an leas
is mó is féidir a bhaint as an margadh inmheánach. Níos lú allmhairí agus níos
lú iomaíochta atá mar thoradh ar níos lú trádála trasteorann. D'fhéadfadh
tomhaltóirí a bheith thíos le rogha theoranta earraí ag praghsanna níos airde
toisc níos lú trádálaithe eachtracha ag tairiscint a dtáirgí agus a seirbhísí
dóibh go díreach agus chomh maith leis sin d'fhéadfaidís a bheith thíos leis go
hindíreach toisc go gcuirtear srian le trádáil trasteorann idir gnólachtaí ar
leibhéal an mhórdhíola. Cé go bhféadfadh buntáistí móra eacnamaíocha a bheith
ag baint le siopadóireacht trasteorann ó thaobh níos mó tairiscintí agus
tairiscintí níos fearr a bheith ar fáil, tá drogall ar chuid mhór tomhaltóirí
freisin siopadóireacht trasteorann a dhéanamh toisc go bhfuil doiléireacht ann
maidir lena gcearta. Baineann cuid de phríomhábhair imní na dtomhaltóirí le dlí
na gconarthaí, mar shampla bíonn tomhaltóirí buartha nach mbeidh cosaint
leordhóthanach acu i gcás táirgí lochtacha a cheannach. De thoradh air sin, is
fearr le roinnt mhaith tomhaltóirí siopadóireacht a dhéanamh sa bhaile fiú má
fhágann sin nach bhfuil an rogha chéanna acu nó go bhfuil orthu praghsanna níos
airde a íoc. (5)
Ina theannta sin, na tomhaltóirí sin ar mhaith leo
tairbhe a bhaint as na difríochtaí sna praghsanna idir Ballstáit trí earraí a
cheannach ó thrádálaí i mBallstát eile, is minic nach féidir leo toisc go
ndiúltaíonn trádálaí na hearraí a dhíol. Cé go bhfuil aimsiú tairiscintí agus
comparáid praghsanna agus coinníollacha eile i bhfad níos éasca anois a bhuí
leis an ríomhthráchtáil, is cuma cá bhfuil an trádálaí lonnaithe, is minic nach
nglacann trádálaithe le hordaithe ó thomhaltóirí thar lear toisc nach ndéanann
siad idirbhearta trasteorann. (6)
Mar sin de, is baic iad na difríochtaí idir dlíthe
náisiúnta conarthaí nach ligeann do thomhaltóirí agus trádálaithe leasanna a
bhaint as an margadh inmheánach. Thiocfadh laghdú ar na baic sin a bhaineann le
dlíthe conarthaí dá bhféadfaí conarthaí a bhunú ar shraith aonfhoirmeach
rialacha maidir le dlí na gconarthaí, is cuma cá bhfuil na páirtithe lonnaithe.
Ba cheart saolré iomlán an chonartha, ag cuimsiú na réimsí is tábhachtaí a
bhaineann le tabhairt i gcrích conarthaí trasteorann, a chumhdach faoi shraith
aonfhoirmeach rialacha maidir le dlí na gconarthaí. Ba cheart forálacha lán‑chomhchuibhithe
chun tomhaltóirí a chosaint a áireamh freisin. (7)
Cuireann na difríochtaí idir dlíthe náisiúnta
conarthaí agus an éifeacht atá acu sin ar thrádáil trasteorann srian le
hiomaíocht freisin. I gcás nach ndéantar mórán trádála trasteorann, tá níos lú
iomaíochta ann agus níos lú spreagtha mar sin ag trádálaithe bheith níos nuálaí
agus cáilíocht a dtáirgí a fheabhsú nó praghsanna a laghdú. Go háirithe i gcás
na mBallstát beag a bhfuil líon teoranta oibreoirí baile iontu, má chinneann
trádálaithe eachtracha gan dul isteach sna margaí sin mar gheall ar chostais
agus castacht féadfar srian a chur le hiomaíocht, rud a mbíonn mórthionchar
aige ar rogha agus ar leibhéil praghsanna na dtáirgí atá ar fáil. Ina theannta
sin, féadfaidh na baic ar thrádáil trasteorann dochar a dhéanamh d'iomaíocht
idir FBManna agus cuideachtaí níos mó ná iad. I bhfianaise an mhórthionchair
atá ag costais idirbheart ar FBManna i gcomparáid le láimhdeachas, is dóchúla i
bhfad nach rachadh FBM isteach i margadh eachtrach seachas iomaitheoir níos mó.
(8)
Chun na baic sin a bhaineann le dlíthe conarthaí a
shárú, ba cheart deis a bheith ag páirtithe teacht ar chomhaontú gur cheart a
gconarthaí a rialú le sraith aonfhoirmeach rialacha maidir le dlí na gconarthaí
a bhfuil an bhrí agus an léiriú céanna ag baint leo sna Ballstáit go léir, i.e.
Dlí Coiteann Díolacháin. Rogha bhreise ba cheart a bheith sa Dlí Coiteann
Díolacháin Eorpach a chuirfí leis na roghanna atá ar fáil do pháirtithe cheana
agus ba cheart a bheith in ann é a úsáid nuair a mheasann na páirtithe go léir
go n‑éascódh sé trádáil trasteorann agus go laghdódh sé costais idirbheart mar
aon le baic eile ar thrádáil trasteorann a bhaineann le dlíthe conarthaí. Níor
cheart é a bheith ina bhunús le caidreamh conarthach ach amháin má chinneann na
páirtithe ar fad é a úsáid. (9)
Bunaítear Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach leis an
Rialachán seo. Seachas leasuithe a dhéanamh ar dhlí náisiúnta conarthaí atá ann
cheana, déantar dlíthe conarthaí na mBallstát a chomhchuibhiú leis an Rialachán
seo trí chóras eile de dhlí na gconarthaí a bhunú laistigh de dhlí náisiúnta
gach Ballstáit maidir le conarthaí laistigh dá raon feidhme. Ba cheart don dara
córas sin a bheith comhionann ar fud an Aontais agus a bheith ann taobh leis na
rialacha atá ann cheana maidir le dlíthe náisiúnta conarthaí. Ba cheart feidhm
a bheith ag an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach maidir le conradh trasteorann ar
bhonn deonach agus faoi chomhaontú sainráite na bpáirtithe. (10)
Rogha is ceart a bheith sa chomhaontú an Dlí
Coiteann Díolacháin Eorpach a úsáid, rogha a dhéanfar a fheidhmiú laistigh de
raon feidhme an dlí náisiúnta lena mbaineann agus atá infheidhme de bhun
Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 nó, maidir le dualgais faisnéise
réamhchonarthacha, de bhun Rialachán (CE) Uimh 864/2007 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is
infheidhme maidir le hoibleagáidí neamhchonarthacha (Rialachán (CE)
Uimh. 864/2007)[20],
nó de bhun aon rialach eile maidir le coinbhleacht dlí. Dá bhrí sin níor cheart
gurbh ionann úsáid an Dlí Choitinn Díolacháin Eorpaigh agus an dlí is
infheidhme a roghnú de réir bhrí rialacha na heasaontachta dlíthe agus níor
cheart iad sin a thógáil in ábhraíocht a chéile. Ba cheart freisin go mbeadh
úsáid an Dlí gan dochar do na rialacha sin. Dá bhrí sin, ní dhéanfaidh an
Rialachán seo difear d'aon cheann de na rialacha atá ann cheana maidir le
heasaontacht dlíthe. (11)
Ba cheart sraith iomlán rialacha sainordaitheacha
maidir le cosaint tomhaltóirí a bheith sa Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach. I
gcomhréir le hAirteagal 114(3) den Chonradh, ba cheart do na rialacha sin
ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí a ráthú d'fhonn muinín tomhaltóirí sa Dlí
Coiteann Díolacháin Eorpach a fheabhsú agus, ar an mbonn sin, tomhaltóirí a
spreagadh le conarthaí trasteorann a dhéanamh. Ba cheart do na rialacha a bheith
ar chomhchéim leis an leibhéal cosanta atá ag tomhaltóirí faoi dhlíthe
tomhaltais an Aontais nó ba cheart an leibhéal cosanta sin a ardú. (12)
Toisc go bhfuil sraith iomlán rialacha
sainordaitheacha lán‑chomhchuibhithe maidir le cosaint do thomhaltóirí sa Dlí
Coiteann Díolacháin Eorpach, ní bheidh aon difríochtaí idir dlíthe na mBallstát
sa réimse seo má chinneann na páirtithe an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a
úsáid. Dá bhrí sin, níl aon tábhacht phraiticiúil ag baint le hAirteagal 6(2)
de Rialachán (CE) Uimh. 593/2008, a bhaineann le leibhéil éagsúla cosanta
a bheith ag tomhaltóirí sna Ballstáit, maidir leis na saincheisteanna a
chumhdaítear faoin Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach. (13)
Ba cheart an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a
bheith ar fáil chun conarthaí trasteorann a dhéanamh toisc gur sa chomhthéacs
sin atá na difríochtaí idir dlíthe náisiúnta as a dtagann castacht agus costais
bhreise agus a chuireann páirtithe ó dhul isteach i gcaidreamh conarthach. Ba
cheart a mheas cé acu conradh trasteorann é nó nach ea i bhfianaise áit
ghnáthchónaithe na bpáirtithe i gconarthaí idir gnólachtaí. I gconradh idir
gnólacht agus tomhaltóir ba cheart an ceanglas trasteorann a chomhlíonadh i
gcás ina bhfuil an seoladh a thugann an tomhaltóir, an seoladh chun a
seachadtar na hearraí nó an seoladh billeála a thugann an tomhaltóir suite i
mBallstát seachas an Stát ina bhfuil gnáthchónaí ar an trádálaí. (14)
Níor cheart úsáid an Dlí Choitinn Díolacháin
Eorpaigh a theorannú d'idirbhearta trasteorann nach bhfuil ach Ballstáit
páirteach iontu ach ba cheart a bheith in ann é a úsáid chun trádáil idir
Ballstáit agus tríú tíortha a éascú freisin. Maidir le tomhaltóirí ó thríú
tíortha, má chomhaontaíonn siad an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a úsáid, rud
a fhágann gur ag roghnú dlí eachtrach atá siad, ba cheart an comhaontú sin a
chur faoi réir na rialacha is infheidhme maidir le heasaontacht dlíthe. (15)
D'fhéadfadh sé a bheith úsáideach freisin do
thrádálaithe a dhéanann idirbhearta intíre agus idirbhearta trasteorann conradh
aonfhoirmeach amháin a úsáid dá n‑idirbhearta ar fad. Dá bhrí sin, ba cheart go
mbeadh an tsaoirse ag na Ballstáit an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a chur ar
fáil do pháirtithe nach ndéanann ach idirbhearta intíre. (16)
Ba cheart an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a
bheith ar fáil go háirithe do chonarthaí chun earraí sochorraithe a dhíol, lena
n‑áirítear monarú agus táirgeadh na n‑earraí sin, toisc gurb é sin an t‑aon
chineál conartha atá tábhachtach ó thaobh na heacnamaíochta de sa mhéid is go
bhfuil sé d'acmhainn aige fás a chruthú i dtrádáil trasteorann, sa
ríomhthráchtáil go háirithe. (17)
Chun an tábhacht mhéadaitheach a bhaineann leis an
ngeilleagar digiteach a thabhairt san áireamh, ba cheart conarthaí chun ábhar
digiteach a sholáthar a chumhdach freisin leis an Dlí Coiteann Díolacháin
Eorpach. Tá fás as cuimse ag teacht ar aistriú ábhair dhigitigh chun é a
stóráil, a phróiseáil nó chun rochtain a fháil air le gur féidir é a úsáid arís
is arís eile, amhail ceol a íoslódáil mar shampla. Tá deis iontach ann go
dtiocfaidh tuilleadh forbartha ar an réimse seo ach tá roinnt mhaith
éagsúlachta dlíthiúla agus doiléireachta ag baint leis go fóill. Ba cheart
soláthar ábhair dhigitigh a chumhdach leis an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach,
is cuma cé acu a sholáthraítear an t‑ábhar sin ar mheán inláimhsithe nó nach
soláthraítear. (18)
Is minic nach soláthraítear ábhar digiteach mar
mhalairt ar phraghas a íoc ach soláthraítear é in éineacht le hearraí nó
seirbhísí íoctha eile agus bíonn baint aige le comaoin neamhairgeadaíochta
amhail rochtain shaor in aisce a thabhairt ar shonraí pearsanta i gcomhthéacs
straitéise margaíochta atá bunaithe ar an tuiscint go gceannóidh an tomhaltóir
táirgí breise ábhair dhigitigh nó táirgí níos sofaisticiúla tráth níos déanaí.
I bhfianaise an tsainstructúir margaidh sin agus ós rud é go bhféadfaidh
lochtanna in ábhar digiteach arna sholáthar dochar a dhéanamh do leasanna
eacnamaíocha tomhaltóirí, is cuma cad iad na coinníollacha faoina soláthraítear
é, níor cheart gur ghá praghas a íoc as an ábhar sonrach digiteach i gceist
chun úsáid a bhaint as an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach. (19)
D'fhonn bhreisluach an Dlí Choitinn Díolacháin
Eorpaigh a mhéadú a oiread is féidir é, ba cheart seirbhísí áirithe arna
soláthar ag an díoltóir a áireamh sa raon feidhme ábhartha, ar seirbhísí iad a
bhaineann go díreach agus go dlúth le hearraí sonracha nó ábhar digiteach
sonrach a soláthraíodh ar bhonn an Dlí Choitinn Díolacháin Eorpaigh agus a
bhaineann go minic leis an gconradh céanna nó le conradh gaolmhar a rinneadh an
tráth céanna, go háirithe maidir le deisiú, cothabháil nó suiteáil na n‑earraí
nó an ábhair dhigitigh. (20)
Aon chonarthaí gaolmhara lena bhfaigheann an
ceannaitheoir earraí ó thríú páirtí nó lena soláthraíonn tríú páirtí seirbhís,
níor cheart an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach iad a chumhdach. Níorbh iomchuí
sin toisc nach mbaineann an tríú páirtí leis an gcomhaontú idir na páirtithe sa
chonradh chun na rialacha maidir leis an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a
úsáid. Ba cheart conradh gaolmhar le tríú páirtí a rialú leis an dlí náisiúnta
lena mbaineann atá infheidhme de bhun Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 agus
Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 nó de bhun aon rialach ábhartha eile maidir
le heasaontacht dlíthe. (21)
Chun dul i ngleic leis na fadhbanna atá sa
mhargadh inmheánach faoi láthair agus leis na fadhbanna iomaíochta ar bhealach
spriocdhírithe agus comhréireach, ba cheart raon feidhme pearsanta an Dlí
Choitinn Díolacháin Eorpaigh a dhíriú ar pháirtithe a bhfuil beaguchtach orthu
dul i mbun gnó thar lear toisc go bhfuil dlíthe náisiúnta conartha éagsúil lena
chéile, rud a mbíonn drochthionchar suntasach aige ar thrádáil trasteorann. Ba
cheart mar sin gach idirbheart idir gnólacht agus tomhaltóir agus gach conradh
idir trádálaithe a chumhdach faoin dlí nuair is FBM ar a laghad ceann amháin de
na páirtithe de réir Mholadh 2003/361 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir
le micreafhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainiú[21]. Ba cheart, áfach, go mbeadh
sin gan dochar don fhéidearthacht atá ag Ballstáit reachtaíocht a achtú a
chuirfeadh an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach ar fáil do chonarthaí idir
trádálaithe nuair nach FBM ceachtar acu. I ngach cás, in idirbhearta idir
gnólachtaí tá saoirse iomlán chonarthach ag trádálaithe agus moltar dóibh an
Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a úsáid agus iad ag dréachtú a dtéarmaí
conartha. (22)
Tá comhaontú ina leith ó na páirtithe sa chonradh
fíor‑riachtanach chun an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a chur i bhfeidhm. Ba
cheart go mbeadh an comhaontú sin faoi réir ceanglas dian i gcás idirbheart
idir gnólachtaí agus tomhaltóirí. Ós rud é gur gnách gurb é an trádálaí a
mholann úsáid an Dlí Choitinn Díolacháin Eorpaigh, ní mór do thomhaltóirí a
bheith lán ar an eolas go bhfuil siad ag comhaontú rialacha a úsáid nach ionann
iad agus na rialacha atá ann cheana a bhaineann lena ndlí náisiúnta. Dá bhrí
sin, níor cheart glacadh le toiliú ón tomhaltóir maidir le húsáid an Dlí
Choitinn Díolacháin Eorpaigh ach amháin má thugann sé é mar ráiteas sainráite
atá ar leithligh ón ráiteas lena sonraítear an comhaontú chun an conradh a
thabhairt i gcrích. Níor cheart a bheith in ann mar sin úsáid an Dlí Choitinn
Díolacháin Eorpaigh a thairiscint mar théarma sa chonradh atá le tabhairt i
gcrích, go háirithe mar ghné de théarmaí caighdeánacha ná de choinníollacha
caighdeánacha an trádálaí. Ba cheart don trádálaí daingniú maidir leis an
gcomhaontú an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a úsáid a thabhairt don
tomhaltóir ar mheán buanfasach. (23)
Rogha chomhfhiosach is ceart a bheith i dtoiliú ón
tomhaltóir an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a úsáid ach ba cheart don rogha
sin a bheith eolasach chomh maith. Ní amháin gur cheart don trádálaí aird an
tomhaltóra a tharraingt ar úsáid an Dlí Choitinn Díolacháin Eorpaigh atá
beartaithe ach ba cheart dó eolas a sholáthar freisin maidir leis an gcineál
dlí atá ann agus maidir lena ghnéithe suntasacha. Chun an tasc sin a éascú do
thrádálaithe, sa dóigh is go seachnófaí aon ualach neamhriachtanach riaracháin,
agus chun comhsheasmhacht a áirithiú i leibhéal agus i gcáilíocht na faisnéise
a thugtar do thomhaltóirí, ba cheart do thrádálaithe an fógra caighdeánach
faisnéise dá bhforáiltear sa Rialachán seo agus atá ar fáil mar sin i
dteangacha oifigiúla an Aontais a thabhairt do thomhaltóirí. I gcás nach féidir
an fógra faisnéise a thabhairt don tomhaltóir (i gcás glao gutháin mar
shampla), nó i gcás nár thug an trádálaí an fógra faisnéise, níor cheart go
mbeadh an tomhaltóir faoi cheangal ag an gcomhaontú an Dlí Coiteann Díolacháin
Eorpach a úsáid go bhfaighidh sé an fógra faisnéise mar aon le daingniú maidir
leis an gcomhaontú agus go dtabharfaidh sé toiliú ina leith ina dhiaidh sin. (24)
Le nach gcuirfí gnéithe áirithe den Dlí Coiteann
Díolacháin Eorpach i bhfeidhm go roghnaíoch, rud a d'fhéadfadh cur isteach ar
an gcothromaíocht idir cearta agus oibleagáidí na bpáirtithe agus a d'fhéadfadh
drochthionchar a imirt ar an leibhéal cosanta do thomhaltóirí, ba cheart an Dlí
Coiteann Díolacháin Eorpach ina iomláine a chumhdach faoin rogha seachas
díreach codanna de a chumhdach. (25)
I gcás ina mbeadh feidhm, murach an Dlí Coiteann
Díolacháin Eorpach agus maidir leis an gconradh i gceist, ag Coinbhinsiún na
Náisiún Aontaithe maidir le conarthaí chun earraí a dhíol go hidirnáisiúnta, ba
cheart go dtabharfaí le tuiscint tríd an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a
roghnú go gcomhaontaíonn na páirtithe sa chonradh an Coinbhinsiún sin a
eisiamh. (26)
Ba cheart a chumhdach faoi rialacha an Dlí Choitinn
Díolacháin Eorpaigh ábhair a bhaineann le dlí na gconarthaí a mbíonn
ábharthacht phraiticiúil ag baint leo le linn shaolré na gcineálacha conarthaí
a thagann faoin raon feidhme ábhartha agus pearsanta, go háirithe na conarthaí
sin a thugtar i gcrích ar líne. I dteannta chearta agus oibleagáidí na
bpáirtithe agus na leigheasanna ar neamh‑chomhlíonadh, ba cheart na rudaí seo a
leanas a rialú faoin Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach: dualgais faisnéise
réamhchonarthacha; tabhairt i gcrích conartha lena n‑áirítear ceanglais
fhoirmiúla, an ceart chun tarraingt siar agus iarmhairtí an chirt sin; neamhniú
conartha de thoradh earráide, calaoise, bagairtí nó dúshaothraithe agus
iarmhairtí an neamhnithe sin; léiriú; ábhair agus éifeachtaí conartha; measúnú
a dhéanamh ar a éagóraí atá téarmaí conartha agus iarmhairtí na héagothroime
sin; tabhairt ar ais tar éis neamhnithe; agus foirceannta agus rúradh agus
toirmeasc ceart. Ba cheart dó na smachtbhannaí a shainiú a bheadh ar fáil i
gcás shárú na n‑oibleagáidí agus na ndualgas ar fad a bhaineann le cur i
bhfeidhm an dlí. (27)
Gach ábhar conarthach nó neamhchonarthach nach
bhfuil foráil déanta ina leith sa Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach, beidh sé
faoi rialú na rialacha atá ann cheana maidir leis an dlí náisiúnta taobh amuigh
den Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach ar rialacha iad is infheidhme faoi
Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 agus Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 nó
faoi aon riail ábhartha eile maidir le coinbhleacht dlí. Áirítear i measc na n‑ábhar
sin pearsantacht dhlítheanach, neamhbhailíocht conartha a thagann as easpa
acmhainne, as neamhdhleathacht nó as mímhoráltacht, roghnú na teanga don
chonradh, ábhair a bhaineann le neamh‑idirdhealú, ionadaíocht, iolracht na
bhféichiúnaithe agus na gcreidiúnaithe, athrú sna páirtithe maidir le sannadh,
fritháireamh agus sa cumasc, dlí réadmhaoine lena n‑áirítear aistriú
úinéireachta, dlí na maoine intleachtúla agus dlí na dtortanna. Ina theannta
sin, maidir le cé acu is féidir nó nach féidir gabháil d'éilimh chonarthacha
agus d'éilimh neamhchonarthacha ar dhliteanas ag an am céanna, ní thagann sin
faoi raon feidhme an Dlí Choitinn Díolacháin Eorpaigh. (28)
Níor cheart go mbeadh aon ábhar nach dtagann faoi
shainchúram dhlí na gconartha á rialú faoin Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach. Ba
cheart go mbeadh an Rialachán seo gan dochar do dhlí an Aontais agus don dlí
náisiúnta maidir le haon ábhar den sórt sin. Maidir le dualgais faisnéise a
fhorchuirtear chun sláinte agus sábháilteacht a chosaint nó ar chúiseanna
comhshaoil mar shampla, níor cheart iad a áireamh faoi raon feidhme an Dlí
Choitinn Díolacháin Eorpaigh. Ba cheart go mbeadh an Rialachán seo gan dochar freisin
do na ceanglais faisnéise i dTreoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa
agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh
inmheánach[22].
(29)
A luaithe agus a bheidh sé ina chomhaontú bailí an
Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a úsáid, is faoi rialú an Dlí Choitinn
Díolacháin Eorpaigh amháin iad na hábhair a thagann faoina raon feidhme. Ba
cheart na rialacha maidir leis an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a léiriú go
huathrialaitheach agus i gcomhréir leis na prionsabail sheanbhunaithe maidir le
reachtaíocht an Aontais a léiriú. Aon cheisteanna a bhaineann le hábhair a
thagann faoi raon feidhme an Dlí Choitinn Díolacháin Eorpaigh ach nach bhfuil
socraithe go sainráite inti, ba cheart iad a réiteach trí rialacha an Dlí sin
amháin a léiriú agus gan dul i muinín aon dlí eile. Ba cheart na rialacha
maidir leis an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a léiriú ar bhonn na bprionsabal
agus na gcuspóirí is bun leis agus ar bhonn a gcuid forálacha go léir. (30)
Saoirse chonarthach is ceart a bheith sa phrionsabal
treorach is bun leis an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach. Níor cheart srian a
chur le neamhspleáchas na bpáirtithe ach amháin má tá sé fíor‑riachtanach é sin
a dhéanamh, go háirithe ar chúiseanna cosanta tomhaltóirí. I gcás inar gá é sin
a dhéanamh, ba cheart a chur in iúl go soiléir gur rialacha sainordaitheacha
iad na rialacha i gceist. (31)
Ba cheart go dtabharfadh an prionsabal maidir le
meon macánta agus cóirdhéileáil treoir maidir le comhar idir na páirtithe. Ar
an ábhar go mbaineann roinnt rialacha le gnéithe sonracha den phrionsabal
ginearálta maidir le meon macánta agus cóirdhéileáil, ba cheart tosaíocht a
bheith ag na rialacha sin ar an bprionsabal ginearálta. Dá bhrí sin, níor
cheart an prionsabal ginearálta a úsáid mar uirlis chun cearta agus oibleagáidí
sonracha páirtithe, faoi mar atá siad leagtha amach sna rialacha sonracha, a
leasú. Na ceanglais tháigiúla a bhaineann leis an bprionsabal maidir le meon
macánta agus cóirdhéileáil, ba cheart go mbeidís ag brath ar leibhéal
coibhneasta saineolais na bpáirtithe agus dá bhrí sin níor cheart gurbh ionann
iad in idirbheart idir gnólacht agus tomhaltóir agus in idirbheart idir
gnólachtaí. Maidir le hidirbhearta idir trádálaithe, ba cheart go mbeadh dea‑chleachtas
tráchtála sa chás lena mbaineann ina fhachtóir ábhartha sa chomhthéacs sin. (32)
Ba cheart go mbeadh sé d'aidhm ag an Dlí Coiteann
Díolacháin Eorpach conradh bailí a chaomhnú nuair is féidir agus is iomchuí sin
i bhfianaise leasanna dlisteanacha na bpáirtithe. (33)
Ba cheart don Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach
réitigh chothroma a shainaithint ag cur leasanna dlisteanacha na bpáirtithe san
áireamh agus iad ag ceapadh agus ag feidhmiú na leigheasanna atá ar fáil i gcás
nach gcomhlíontar an conradh. I gconarthaí idir gnólacht agus tomhaltóir, ba
cheart léiriú a bheith i gcóras na leigheasanna go dtagann neamh‑chomhréireacht
earraí, ábhair dhigitigh nó seirbhísí faoi shainchúram an trádálaí. (34)
Chun an deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú trí
chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus na gcúirteanna náisiúnta
a chur ar fáil don phobal maidir le léiriú an Dlí Choitinn Díolacháin Eorpaigh
nó léiriú aon fhorála eile de chuid an Rialacháin seo, ba cheart don Choimisiún
bunachar sonraí a chruthú ina mbeidh na cinntí deireanacha ábhartha. Le gur
féidir é sin a dhéanamh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go gcuirtear an
Coimisiún ar an eolas faoi bhreithiúnais den chineál sin go tapa. (35)
Is iomchuí feidhmiú an Dlí Choitinn Díolacháin
Eorpaigh nó aon fhorála eile de chuid an Rialacháin seo a athbhreithniú freisin
tar éis don dlí a bheith i bhfeidhm ar feadh cúig bliana. Ba cheart a thabhairt
san áireamh san athbhreithniú sin, i measc rudaí eile, an gá atá le leathnú an
raon feidhme maidir le conarthaí idir gnólachtaí, forbairtí sa mhargadh agus
forbairtí teicneolaíocha i ndáil le hábhar digiteach agus forbairtí ar acquis
an Aontais amach anseo. (36)
Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an
Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach, eadhon cuidiú le dea‑fheidhmiú
an mhargaidh inmheánaigh trí shraith aonfhoirmeach rialacha maidir le dlí na
gconarthaí a chur ar fáil a fhéadfaidh a úsáid le haghaidh idirbheart
trasteorann ar fud an Aontais, agus gur fearr is féidir, dá bhrí sin, iad a
bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i
gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5
den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na
comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann
an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a
bhaint amach. (37)
Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta
bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear, go háirithe, le Cairt um Chearta
Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 16, 38 agus 47
di, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1
Cuspóir agus ábhar an Rialacháin 1.
Is é is cuspóir don Rialachán seo na coinníollacha
a bhaineann le bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí
shraith aonfhoirmeach rialacha a chur ar fáil maidir le dlí na gconarthaí mar
atá leagtha amach in Iarscríbhinn I ('an Dlí Coiteann Díolacháin
Eorpach'). Is féidir na rialacha sin a úsáid le haghaidh idirbheart trasteorann
chun earraí a dhíol, chun ábhar digiteach a sholáthar agus chun seirbhísí
gaolmhara eile a chur ar fáil má aontaíonn na páirtithe sa chonradh é sin a
dhéanamh. 2.
I ngeall ar an Rialachán seo féadfaidh trádálaithe
brath ar shraith choiteann rialacha agus na téarmaí conartha céanna a úsáid dá n‑idirbhearta
trasteorann go léir, rud a laghdóidh costais neamhriachtanacha agus a
áiritheoidh ardleibhéal deimhneachta dlíthiúla. 3.
Maidir le conarthaí idir trádálaithe agus
tomhaltóirí, tá sraith chuimsitheach rialacha maidir le cosaint tomhaltóirí sa
Rialachán seo chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do thomhaltóirí, chun muinín
na dtomhaltóirí as an margadh inmheánach a fheabhsú agus chun tomhaltóirí a
spreagadh le siopadóireacht a dhéanamh thar theorainneacha. Airteagal 2
Sainmhínithe Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag
na sainmhínithe seo a leanas: (a) ciallaíonn 'conradh' comhaontú a
bhfuil d'aidhm leis oibleagáidí nó éifeachtaí dlíthiúla eile a thionscnamh; (b) ciallaíonn 'meon macánta agus
cóirdhéileáil' caighdeán iompair lena mbaineann macántacht, oscailteacht agus
tuiscint do leasanna an pháirtí eile san idirbheart nó sa chaidreamh i gceist; (c) ciallaíonn 'caillteanas' caillteanas
eacnamaíoch agus caillteanas neamheacnamaíoch i bhfoirm péine agus fulaingthe,
gan aon chineálacha caillteanais neamheacnamaíoch eile a chur san áireamh
amhail laghdú ar cháilíocht an tsaoil agus laghdú ar an taitneamh a bhaintear
as an saol; (d) ciallaíonn 'téarmaí caighdeánacha
conartha' téarmaí conartha arna ndréachtú roimh ré le haghaidh roinnt
idirbheart lena mbaineann páirtithe éagsúla, ar téarmaí iad nach ndearna na
páirtithe a chaibidliú ar leithligh de réir bhrí Airteagal 7 den Dlí
Coiteann Díolacháin Eorpach; (e) ciallaíonn 'trádálaí' aon duine
nádúrtha nó dlítheanach a ghníomhaíonn chun críocha a bhaineann le gnó,
gnólacht, ceird nó gairm beatha an duine sin; (f) ciallaíonn 'tomhaltóir' aon duine
nádúrtha nó dlítheanach a ghníomhaíonn chun críocha nach mbaineann le gnó,
gnólacht, ceird nó gairm beatha an duine sin; (g) ciallaíonn 'damáistí' suim airgid a
bhféadfadh duine a bheith ina teideal mar chúiteamh i leith caillteanais,
díobhála nó damáiste; (h) ciallaíonn 'earraí' aon ítimí
sochorraithe inláimhsithe; ní áirítear ann: (i) leictreachas ná gás nádúrtha; agus (ii) uisce ná cineálacha eile gáis mura gcuirtear
ar díol iad i méid teoranta nó i gcainníocht sheasta; (i) ciallaíonn 'praghas' airgead atá
dlite mar mhalairt ar earraí a díoladh, ar ábhar digiteach a soláthraíodh nó ar
sheirbhís ghaolmhar a cuireadh ar fáil; (j) ciallaíonn 'ábhar digiteach' sonraí
a tháirgtear agus a sholáthraítear i bhfoirm dhigiteach, bíodh siad déanta de
réir sonraíochtaí an cheannaitheora nó ná bíodh, lena n‑áirítear físeán, fuaim,
pictiúr nó ábhar digiteach scríofa, cluichí digiteacha, bogearraí agus ábhar
digiteach lenar féidir crua‑earraí nó bogearraí atá ann cheana a oiriúnú; ní
áirítear: (i) seirbhísí airgeadais, lena n‑áirítear
seirbhísí baincéireachta ar líne; (ii) comhairle dlí nó airgeadais a thugtar i
bhfoirm leictreonach; (iii) seirbhísí leictreonacha cúraim sláinte; (iv) seirbhísí agus gréasáin leictreonacha
cumarsáide, agus áiseanna agus seirbhísí gaolmhara eile; (v) cearrbhachas; (vi) cruthú ábhair nua dhigitigh agus leasú
ábhair dhigitigh atá ann cheana ag tomhaltóirí nó aon idirghníomhaíocht eile le
rudaí a chruthaigh úsáideoirí eile; (k) ciallaíonn 'conradh díolacháin' aon
chonradh faoina n‑aistríonn an trádálaí ('an díoltóir') úinéireacht na n‑earraí
chuig duine eile ('an ceannaitheoir') nó faoina ngabhann an trádálaí air féin
an úinéireacht a aistriú amhlaidh, agus faoina n‑íocann an ceannaitheoir an
praghas nó faoina ngabhann an ceannaitheoir air féin an praghas a íoc as;
áirítear i gconradh den chineál sin conradh chun earraí atá le monarú nó le
táirgeadh a sholáthar agus ní áirítear ann conradh le haghaidh díola
éigeantaigh ná iad a bhaineann ar shlí eile le feidhmiú údaráis phoiblí; (l) ciallaíonn 'conradh díolacháin le
tomhaltóir' conradh díolacháin i gcás inar trádálaí é an díoltóir agus inar
tomhaltóir é an ceannaitheoir; (m) ciallaíonn 'seirbhís ghaolmhar' aon
seirbhís a bhaineann le hearraí nó le hábhar digiteach, amhail suiteáil,
cothabháil, deisiú nó aon phróiseáil eile a chuireann díoltóir na n‑earraí nó
soláthraí an ábhair dhigitigh ar fáil faoin gconradh díolacháin, faoin gconradh
chun ábhar digiteach a sholáthar nó faoi chonradh seirbhíse gaolmhaire eile a
tugadh i gcrích tráth a tugadh i gcrích an conradh díolacháin nó an conradh
chun ábhar digiteach a sholáthar; agus ní áirítear: (i) seirbhísí iompair, (ii) seirbhísí traenála, (iii) seirbhísí tacaíochta teileachumarsáide;
agus (iv) seirbhísí airgeadais; (n) ciallaíonn 'soláthróir seirbhíse'
díoltóir earraí nó soláthraí ábhair dhigitigh a ghabhann air féin seirbhís a
bhaineann leis na hearraí sin nó leis an ábhar digiteach sin a chur ar fáil do
chustaiméir; (o) ciallaíonn 'custaiméir' aon duine a
cheannaíonn seirbhís ghaolmhar; (p) ciallaíonn 'cianchonradh' aon
chonradh idir an trádálaí agus an tomhaltóir faoi chianscéim eagraithe
díolacháin a thugtar i gcrích gan an trádálaí agus an tomhaltóir a bheith i
láthair le chéile san am céanna nó, i gcás inar duine dlítheanach é an
trádálaí, gan an duine nádúrtha a fheidhmíonn ar son an trádálaí agus an
tomhaltóir a bheith i láthair le chéile san am céanna, agus úsáid eisiach á
baint as modh cianchumarsáide nó as modhanna cianchumarsáide go dtugtar an
conradh i gcrích agus tráth a thugtar an conradh i gcrích san áireamh; (q) ciallaíonn 'conradh seacháitribh'
aon chonradh idir trádálaí agus tomhaltóir: (i) a thugtar i gcrích le linn don trádálaí
nó, i gcás inar duine dlítheanach é an trádálaí, le linn don duine nádúrtha a
fheidhmíonn ar son an trádálaí agus don tomhaltóir a bheith i láthair le chéile
san am céanna in áit seachas in áitreabh gnó an trádálaí, nó a thugtar i gcrích
ar bhun tairiscint arna déanamh ag an tomhaltóir sna himthosca céanna; nó (ii) a thugtar i gcrích in áitreabh gnó an
trádálaí nó trí aon mhodh cianchumarsáide díreach tar éis forrán a chur ar an
tomhaltóir féin, agus airsean amháin, in áit nach áitreabh gnó an trádálaí í le
linn don trádálaí nó, i gcás inar duine dlítheanach é an trádálaí, don duine
nádúrtha a fheidhmíonn ar son an trádálaí, agus don tomhaltóir a bheith i
láthair le chéile san am céanna; nó (iii) a thugtar i gcrích le linn turais arna
eagrú ag an trádálaí nó, i gcás inar duine dlítheanach é an trádálaí, ag an
duine nádúrtha a fheidhmíonn ar son an trádálaí, arb é is aidhm nó is éifeacht
don turas earraí a chur chun cinn nó a dhíol nó ábhar digiteach nó seirbhísí
gaolmhara a sholáthar don tomhaltóir; (r) ciallaíonn 'áitreabh gnó': (i) aon áitreabh dochorraithe miondíola ina
mbíonn an trádálaí i mbun gníomhaíochtaí ar bhonn buan, nó (ii) aon áitreabh sochorraithe miondíola inar
gnách le trádálaí a bheith i mbun gníomhaíochaí; (s) ciallaíonn 'ráthaíocht tráchtála'
aon ghealltanas a thugann an trádálaí nó táirgeoir don tomhaltóir, i dteannta
oibleagáidí dlíthiúla faoi Airteagal 106 i gcás easpa comhréireachta, go
ndéanfaidh sé an praghas a íocadh a aisíoc nó go malartóidh, go ndeiseoidh nó
go seirbhíseoidh sé earraí nó ábhar digiteach mura gcomhlíonann siad na
sonraíochtaí nó aon cheanglais eile nach mbaineann le comhréireacht arna leagan
amach i ráiteas na ráthaíochta nó san fhógraíocht ábhartha tráth a tugadh an
conradh i gcrích nó roimhe sin; (t) ciallaíonn 'meán buanfasach' aon
mheán trínar féidir le páirtí faisnéis a díríodh chuig an bpáirtí sin féin a
stóráil sa dóigh is gur féidir tagairt di sa todhchaí go ceann tréimhse
leordhóthanaí chun críocha na faisnéise sin agus sa dóigh is gur féidir an
fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú; (u) ciallaíonn 'ceant poiblí' modh díola
ina dtairgeann an trádálaí earraí nó ábhar digiteach don tomhaltóir atá i
láthair nó a bhfuil an deis aige a bheith i láthair é féin ag an gceant, trí
nós imeachta trédhearcach iomaíoch tairisceana atá á reáchtáil ag ceantálaí
agus ina gceanglaítear ar an tairgeoir a n‑éiríonn leis na hearraí nó an t‑ábhar
digiteach a cheannach; (v) ciallaíonn 'riail shainordaitheach'
aon fhoráil nach bhféadfaidh na páirtithe a feidhmiú a eisiamh ná maolú uirthi
ná a héifeachtaí a athrú; (w) ciallaíonn 'creidiúnaí' duine a
bhfuil sé de cheart aige comhlíonadh a chur á dhéanamh ag duine eile, i.e. an
féichiúnaí, is cuma cé acu oibleagáid airgeadaíochta nó oibleagáid
neamhairgeadaíochta atá ann; (x) ciallaíonn 'féichiúnaí' duine atá
faoi oibleagáid do dhuine eile, .i. an creidiúnaí, is cuma cé acu oibleagáid
airgeadaíochta nó oibleagáid neamhairgeadaíochta atá ann; (a)
ciallaíonn 'oibleagáid' dualgas atá ar pháirtí
amháin i gcaidreamh dlíthiúil rud a chomhlíonadh do pháirtí eile. Airteagal 3
An Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a bheith roghnach Féadfaidh na páirtithe a chomhaontú go
rialóidh an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a gconarthaí trasteorann chun
earraí a dhíol, chun ábhar digiteach a sholáthar agus chun seirbhísí gaolmhara
a chur ar fáil laistigh den raon feidhme críochach, ábhartha agus pearsanta atá
leagtha amach in Airteagail 4–7. Airteagal 4
Conarthaí trasteorann 1.
Féadfar an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a úsáid
le haghaidh conarthaí trasteorann. 2.
Chun críocha an Rialacháin seo, conradh trasteorann
atá i gconradh idir trádálaithe má tá gnáthchónaí ar na trádálaithe i dtíortha
éagsúla ar Ballstát é ar a laghad ceann amháin de na Stáit sin. 3.
Chun críocha an Rialacháin seo, conradh trasteorann
atá i gconradh idir trádálaí agus tomhaltóir sna cásanna seo a leanas: (a)
má tá an seoladh a thugann an tomhaltóir, an
seoladh chun a seachadtar na hearraí nó an seoladh billeála suite i dtír
seachas an tír ina bhfuil gnáthchónaí ar an trádálaí; agus (b)
más Ballstát é ar a laghad ceann amháin de na
tíortha sin. 4.
Chun críocha an Rialacháin seo, measfar gurb í áit
an riaracháin lárnaigh áit ghnáthchónaithe cuideachtaí nó gnólachtaí agus
comhlachtaí eile, corpraithe nó neamhchorpraithe. Is ionann áit ghnáthchónaithe
trádálaí ar duine nádúrtha é agus príomháit ghnó an duine sin. 5.
I gcás ina dtugtar an conradh i gcrích i rith
oibríochtaí de chuid brainse, gníomhaireachta nó bunaíochta eile trádálaí,
glacfar leis gurb é an áit ina bhfuil an brainse, an ghníomhaireacht nó an
bhunaíocht eile suite áit ghnáthchónaithe an trádálaí. 6.
Chun a chinneadh an conradh trasteorann é conradh
nó nach ea is é an tráth a thagtar ar chomhaontú faoi úsáid an Dlí Choitinn
Díolacháin Eorpaigh an tráth is ábhartha. Airteagal 5
Conarthaí is féidir an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a úsáid lena n‑aghaidh Féadfar an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a
úsáid le haghaidh na gconarthaí seo a leanas: (a) conarthaí díolacháin; (b) conarthaí chun ábhar digiteach a
sholáthar, bíodh sin á sholáthar ar mheán inláimhsithe nó ná bíodh, ar ábhar é
a fhéadfaidh an úsáideoir a stóráil, a phróiseáil nó rochtain a fháil air, agus
a úsáid arís, is cuma má sholáthraítear an t‑ábhar digiteach mar mhalairt ar
phraghas a íoc. (c) conarthaí seirbhíse gaolmhaire, is
cuma má comhaontaíodh praghas ar leith don tseirbhís ghaolmhar. Airteagal 6
Eisiamh conarthaí a bhfuil cuspóirí éagsúla acu agus conarthaí a bhfuil nasc
acu le creidmheas tomhaltais 1.
Ní fhéadfar an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a
úsáid le haghaidh conarthaí a bhfuil cuspóirí éagsúla acu, lena n‑áirítear aon
ní seachas earraí a dhíol, ábhar digiteach a sholáthar agus seirbhísí gaolmhara
a chur ar fáil de réir bhrí Airteagal 5. 2.
Ní fhéadfar an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a
úsáid le haghaidh conarthaí idir trádálaí agus tomhaltóir i gcás ina dtugann an
trádálaí creidmheas don tomhaltóir nó ina ngeallann sé go dtabharfaidh sé
creidmheas dó, ar creidmheas é i bhfoirm íocaíochta iarchurtha, iasachta nó
cineál comhréitigh eile dá samhail. Féadfar an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach
a úsáid le haghaidh conarthaí idir trádálaí agus tomhaltóir i gcás ina
soláthraítear earraí, ábhar digiteach nó seirbhísí gaolmhara den chineál céanna
ar bhonn leanúnach agus go n‑íocann an tomhaltóir as na hearraí sin nó as an
ábhar digiteach nó na seirbhísí gaolmhara sin ar feadh an tsoláthair sin trí
bhíthin tráthchodanna a íoc. Airteagal 7
Páirtithe sa chonradh 1.
Ní fhéadfar an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a
úsáid ach amháin más trádálaí é díoltóir na n‑earraí nó soláthraí an ábhair
dhigitigh. I gcás inar trádálaithe
iad na páirtithe go léir i gconradh, féadfar an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach
a úsáid más fiontar beag nó meánmhéide ('FBM') é ceann de na páirtithe sin. 2.
Chun críocha an Rialacháin seo, is ionann FBM agus
trádálaí (c)
a fhostaíonn níos lú ná 250 duine; agus (d)
a bhfuil láimhdeachas bliantúil aige nach mó ná
EUR 50 milliún nó clár comhardaithe bliantúil iomlán nach mó ná
EUR 43 milliún, nó, i gcás fiontar beag nó meánmhéide a bhfuil a áit
ghnáthchónaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige nó a bhfuil
a áit ghnáthchónaithe i dtríú tír, má tá láimhdeachas bliantúil nó clár
comhardaithe bliantúil iomlán aige nach mó ná na méideanna coibhéiseacha in
airgeadra an Bhallstáit nó an tríú tír sin. Airteagal 8
Comhaontú maidir le húsáid an Dlí Choitinn Díolacháin Eorpaigh 1.
Chun an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a úsáid ní
mór do na páirtithe teacht ar chomhaontú ina leith. Déanfar cinneadh maidir le comhaontú den chineál sin a bheith ann agus
maidir le bailíocht an chomhaontaithe ar bhonn mhír 2 agus mhír 3 den Airteagal
seo agus ar bhonn Airteagal 9 mar aon leis na forálacha ábhartha sa Dlí
Coiteann Díolacháin Eorpach. 2.
I gcaidreamh idir trádálaí agus tomhaltóir ní
bheidh an comhaontú maidir le húsáid an Dlí Choitinn Díolacháin Eorpaigh bailí
ach amháin má thugann an tomhaltóir toiliú le sainráiteas atá ar leithligh ón
ráiteas lena sonraítear an comhaontú chun conradh a thabhairt i gcrích.
Tabharfaidh an trádálaí daingniú don tomhaltóir maidir leis an gcomhaontú sin
ar mheán buanfasach. 3.
I gcaidreamh idir trádálaí agus tomhaltóir ní
fhéadfar páirt den Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a roghnú ach ní mór an t‑iomlán
de a roghnú. Airteagal 9
Fógra Caighdeánach Faisnéise i gconarthaí idir trádálaí agus tomhaltóir 1.
I dteannta na ndualgas faisnéise réamhchonarthach
atá leagtha síos sa Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach, i gcaidreamh idir trádálaí
agus tomhaltóir tabharfaidh an trádálaí le tuiscint don tomhaltóir go bhfuil sé
ar intinn aige feidhm a bhaint as an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach, agus sin
sula ndéantar an comhaontú, tríd an bhfógra faisnéise in Iarscríbhinn II a
thabhairt don tomhaltóir ar bhealach suntasach. I gcás ina dtugtar an comhaontú maidir le húsáid an Dlí Choitinn
Díolacháin Eorpaigh i gcrích ar an nguthán nó ar dhóigh eile a fhágann nach
féidir an fógra faisnéise a thabhairt don tomhaltóir, nó i gcás nár thug an
trádálaí an fógra faisnéise, ní bheidh an tomhaltóir faoi cheangal ag an
gcomhaontú go bhfaighidh sé an daingniú dá dtagraítear in Airteagal 8(2)
agus an fógra faisnéise agus go dtoileoidh sé go sainráite an Dlí Coiteann
Díolacháin Eorpach a úsáid. 2.
Má thugtar an fógra faisnéise dá dtagraítear i
mír 1 i bhfoirm leictreonach, beidh hipearnasc ann nó, i ngach cás eile,
luafar suíomh gréasáin ann trínar féidir teacht ar théacs an Dlí Choitinn
Díolacháin Eorpaigh saor in aisce. Airteagal 10
Pionóis i leith sáruithe ar cheanglais shonracha Leagfaidh na Ballstáit síos pionóis i leith
sáruithe ag trádálaithe i gcaidreamh le tomhaltóirí ar na ceanglais atá leagtha
síos in Airteagal 8 agus in Airteagal 9 agus déanfaidh siad gach
beart is gá chun a áirithiú go gcuirtear na pionóis sin i bhfeidhm. Beidh na
pionóis sin dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
Tabharfaidh Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha ábhartha tráth
nach déanaí ná [aon bhliain ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo]
agus tabharfaidh siad fógra dó faoi aon athruithe ina dhiaidh sin a luaithe is
féidir. Airteagal 11
Na hiarmhairtí a bhaineann le húsáid an Dlí Choitinn Díolacháin Eorpaigh I gcás ina n‑aontaíonn na páirtithe an Dlí
Coiteann Díolacháin Eorpach a úsáid le haghaidh conradh, is faoi rialú an Dlí
Choitinn Díolacháin Eorpaigh amháin a bheidh na hábhair i rialacha an
chonartha. Ar choinníoll go bhfuil an conradh tugtha i gcrích iarbhír, rialóidh
an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach freisin comhlíonadh na ndualgas faisnéise
réamhchonarthach agus na leighis i gcás neamhchomhlíonadh na ndualgas sin. Airteagal 12
Ceanglais faisnéise a bhaineann leis an Treoir um Sheirbhísí Tá an Rialachán seo gan dochar do na ceanglais
faisnéise atá leagtha síos ag dlíthe náisiúnta a thrasuíonn forálacha Treoir 2006/123/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir
le seirbhísí sa mhargadh inmheánach agus ar ceanglais iad a chomhlánaíonn na
ceanglais faisnéise atá leagtha síos sa Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach. Airteagal 13 Roghanna
na mBallstát Féadfaidh Ballstát cinneadh a dhéanamh an Dlí
Coiteann Díolacháin Eorpach a chur ar fáil i gcás na gcineálacha conarthaí seo
a leanas: (a) conarthaí ina bhfuil áit
ghnáthchónaithe na dtrádálaithe nó, i gcás conartha idir trádálaí agus
tomhaltóir, áit ghnáthchónaithe an trádálaí, an seoladh a thugann an
tomhaltóir, an seoladh chun a seachadtar na hearraí agus an seoladh billeála
suite sa Bhallstát sin; agus/nó (b) conarthaí inar trádálaithe iad na
páirtithe go léir ach nach FBM aon cheann acu de réir bhrí Airteagal 7(2). Airteagal 14
Breithiúnais lena gcuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm a chur in iúl 1.
Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar breithiúnais
chríochnaitheacha a gcúirteanna lena gcuirtear rialacha an Rialacháin seo i
bhfeidhm, go ndéanfar iad a chur in iúl don Choimisiún gan moill mhíchuí. 2.
Cuirfidh an Coimisiún córas ar bun trínar bhféadfar
dul i gcomhairle na faisnéise a bhaineann leis na breithiúnais dá dtagraítear i
mír 1 agus le breithiúnais ábhartha eile ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais
Eorpaigh. Beidh teacht ag an bpobal ar an gcóras sin. Airteagal 15
Athbhreithniú 1.
Faoi ... [4 bliana ó dháta chur i bhfeidhm an
Rialacháin seo], tabharfaidh na Ballstáit faisnéis don Choimisiún a
bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, go háirithe maidir leis an méid
ar glacadh leis an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach, a mhéid a d'éirigh
dlíthíocht as forálacha an dlí agus maidir le haon difear sa leibhéal cosanta
do thomhaltóirí idir an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach agus an dlí náisiúnta.
Beidh san fhaisnéis sin forbhreathnú cuimsitheach ar chásdlí na gcúirteanna
náisiúnta lena léirítear forálacha an Dlí Choitinn Díolacháin Eorpaigh. 2.
Faoi ... [5 bliana ó dháta chur i bhfeidhm an
Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún tuarascáil mhionshonraithe a chur
faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choiste Eacnamaíoch
agus Shóisialta lena n‑athbhreithneofar feidhmiú an Rialacháin seo, agus lena
gcuirfear san áireamh, i measc nithe eile, an gá atá le leathnú an raon feidhme
maidir le conarthaí idir gnólachtaí, forbairtí sa mhargadh agus forbairtí
teicneolaíocha i ndáil le hábhar digiteach agus forbairtí ar acquis an
Aontais sa todhchaí. Airteagal 16
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm 1.
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá
tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. 2.
Beidh feidhm aige ón [6 mhí óna theacht i
bhfeidhm]. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile
agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán IARSCRÍBHINN I
AN DLÍ COITEANN DÍOLACHÁIN EORPACH CLÁR NA nÁBHAR Cuid I Forálacha tosaigh............................................................................................................... 5 Caibidil 1: Prionsabail ghinearálta agus cur i
bhfeidhm..................................................................... 5 Roinn 1: Prionsabail ghinearálta..................................................................................................... 5 Roinn 2: Cur i bhfeidhm................................................................................................................. 5 Cuid II: Conradh ceangailteach a dhéanamh................................................................................... 5 Caibidil 2: Faisnéis réamhchonarthach............................................................................................ 5 Roinn 1: Faisnéis réamhchonarthach atá ar
thrádálaí a thabhairt agus é ag déileáil le tomhaltóir......... 5 Roinn 2: Faisnéis réamhchonarthach atá le
tabhairt ag trádálaí agus é ag déileáil le trádálaí eile......... 5 Roinn 3: Conarthaí a thugtar i gcrích trí mhodh
leictreonach............................................................ 5 Roinn 4: An dualgas a áirithiú go bhfuil an
fhaisnéis arna soláthar ceart............................................ 5 Roinn 5: Leigheasanna ar shárú ar dhualgais faisnéise..................................................................... 5 Caibidil 3: Conradh a thabhairt i gcrích.......................................................................................... 5 Caibidil 4: Ceart tarraingt siar ó
chianchonarthaí agus ó chonarthaí seacháitribh idir trádálaithe agus tomhaltóirí 5 Caibidil 5: Lochtanna sa toiliú........................................................................................................ 5 Cuid III: Measúnú a dhéanamh ar a bhfuil sa
chonradh................................................................... 5 Caibidil 6 Léiriú............................................................................................................................ 5 Caibidil 7 Ábhair agus Éifeachtaí................................................................................................... 5 Caibidil 8 Téarmaí éagóracha conartha.......................................................................................... 5 Roinn 1: Forálacha ginearálta......................................................................................................... 5 Roinn 2: Téarmaí éagóracha i gconarthaí idir
trádálaí agus tomhaltóir.............................................. 5 Roinn 3: Téarmaí éagóracha i gconarthaí idir
trádálaithe.................................................................. 5 Cuid IV: Oibleagáidí agus leigheasanna páirtithe
i gconradh díola nó i gconradh chun ábhar digiteach a sholáthar 5 Caibidil 9: Forálacha ginearálta...................................................................................................... 5 Caibidil 10: Oibleagáidí an díoltóra................................................................................................ 5 Roinn 1: Forálacha ginearálta......................................................................................................... 5 Roinn 2: Seachadadh.................................................................................................................... 5 Roinn 3: Comhréireacht na nearraí agus an ábhair
dhigitigh............................................................. 5 Caibidil 11: Leigheasanna an cheannaitheora.................................................................................. 5 Roinn 1: Forálacha ginearálta......................................................................................................... 5 Roinn 2: Leigheas an díoltóra......................................................................................................... 5 Roinn 3: Comhlíonadh a cheangal.................................................................................................. 5 Roinn 4: Comhlíonadh oibleagáidí an díoltóra a
choinneáil siar........................................................ 5 Roinn 5: Foirceannadh.................................................................................................................. 5 Roinn 6: An praghas a laghdú........................................................................................................ 5 Roinn 7: Ceanglais scrúdúcháin agus ceanglais um
fhógra a thabhairt i gconradh idir trádálaithe........ 5 Caibidil 12: Oibleagáidí an cheannaitheora..................................................................................... 5 Roinn 1: Forálacha ginearálta......................................................................................................... 5 Roinn 2: An praghas a íoc............................................................................................................. 5 Roinn 3: Glacadh le seachadadh.................................................................................................... 5 Caibidil 13: Leigheasanna an díoltóra............................................................................................. 5 Roinn 1: Forálacha ginearálta......................................................................................................... 5 Roinn 2: Comhlíonadh a cheangal.................................................................................................. 5 Roinn 3: Comhlíonadh oibleagáidí an díoltóra a
choinneáil siar........................................................ 5 Roinn 4: Foirceannadh.................................................................................................................. 5 Caibidil 14: An riosca a chur ar aghaidh......................................................................................... 5 Roinn 1: Forálacha ginearálta......................................................................................................... 5 Roinn 2: Riosca a chur ar agahdih i gconarthaí
díola le tomhaltóirí................................................... 5 Roinn 3: An riosca a chur ar aghaidh i gcás
conarthaí idir trádálaithe............................................... 5 Cuid V: Oibleagáidí agus leigheasanna na
bpáirtithe maidir le conradh seirbhíse gaolmhaire............. 5 Caibidil 15: Oibleagáidí agus leigheasanna na
bpáirtithe.................................................................. 5 Roinn 1: Rialacha áirithe ginearálta a chur i
bhfeidhm ar chonarthaí díola 102 Roinn 2: Oibleagáidí an tsoláthróra seirbhíse.................................................................................. 5 Roinn 3: Oibleagáidí an chustaiméara............................................................................................. 5 Roinn 4: Leigheasanna................................................................................................................... 5 Cuid VI: Damáistí agus ús............................................................................................................. 5 Caibidil 16: Damáistí agus ús......................................................................................................... 5 Roinn 1: Damáistí.......................................................................................................................... 5 Roinn 2: Ús ar íocaíochtaí déanacha: forálacha
ginearálta................................................................ 5 Roinn 3: Íocaíochtaí déanacha trádálaithe....................................................................................... 5 Cuid VII: Tabhairt ar ais................................................................................................................ 5 Caibidil 17: Tabhairt ar ais............................................................................................................. 5 Cuid VIII: Rúradh......................................................................................................................... 5 Caibidil 18: Rúradh....................................................................................................................... 5 Roinn 1: Forálacha ginearálta......................................................................................................... 5 Roinn 2: Tréimhsí rúraidh agus a dtosach feidhme........................................................................... 5 Roinn 3: Na tréimhsí rúraidh a shíneadh......................................................................................... 5 Roinn 4: Na tréimhsí rúraidh a athnuachan...................................................................................... 5 Roinn 5: Éifeachtaí rúraidh............................................................................................................. 5 Roinn 6: Modhnú trí theacht ar chomhaontú................................................................................... 5 Foscríbhinn 1................................................................................................................................ 5 Foscríbhinn 2................................................................................................................................ 5 Cuid I Forálacha
tosaigh Caibidil 1 Prionsabail
ghinearálta agus cur i bhfeidhm Roinn 1 Prionsabail ghinearálta Airteagal 1
Saoirse chonarthach 1.
Tá an tsaoirse ag páirtithe conradh a thabhairt i
gcrích agus ábhar an chonartha a shocrú, faoi réir aon rialacha
sainordaitheacha infheidhme. 2.
Féadfaidh páirtithe feidhmiú aon fhorálacha de
chuid an Dlí Choitinn Díolacháin Eorpaigh a eisiamh, maolú ar a n‑éifeachtaí nó
na héifeachtaí sin a athrú, mura bhforáiltear a mhalairt sna forálacha sin. Airteagal 2
Meon macánta agus cóirdhéileáil 1.
Tá de dhualgas ar gach páirtí gníomhú i gcomhréir
leis na ceanglais maidir le meon macánta agus cóirdhéileáil. 2.
Nuair a sháraítear an dualgas sin, féadfar cosc a
chur ar an bpáirtí a bhfuil an dualgas á shárú aige ceart, leigheas nó cosaint
a fheidhmiú nó dul i muinín iontu, ar ceart, leigheas nó cosaint é a bheadh ag
an bpáirtí murach an sárú sin, é sin nó féadfaidh an sárú dliteanas aon
chaillteanais a éiríonn don pháirtí eile a chur ar an bpáirtí. 3.
Ní fhéadfaidh na páirtithe feidhmiú an Airteagail
seo a eisiamh ná maolú ar a éifeachtaí ná na héifeachtaí sin a athrú. Airteagal 3
Comhar Tá sé d’oibleagáid ar na páirtithe dul i
gcomhar lena chéile a mhéid is féidir a bheith ag súil leis sin chun a n‑oibleagáidí
conarthacha a chomhlíonadh. Roinn 2 Cur i bhfeidhm Airteagal 4
Léiriú 1.
Déanfar an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach a léiriú
go neamhspleách agus i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail is bun
leis. 2.
Aon saincheisteanna a thagann faoi raon feidhme an
Dlí Choitinn Díolacháin Eorpaigh ach nach bhfuil socraithe go sainráite ann,
déanfar iad sin a shocrú i gcomhréir leis na cuspóirí agus na prionsabail is
bun leis agus lena fhorálacha go léir, gan leas a bhaint as an dlí náisiúnta a
mbeadh feidhm aige mura mbeadh comhaontú ann an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach
a úsáid ná leas a bhaint as aon dlí eile. 3.
I gcás ina bhfuil feidhm ag riail ghinearálta agus
ag riail speisialta maidir le himthosca ar leith a thagann faoi raon feidhme na
rialach ginearálta, is ag an riail speisialta a bheidh an forlámhas i gcás aon
easaontais. Airteagal 5
Réasúnacht 1.
Déanfar réasúntacht a fhionnadh go hoibíochtúil, ag
féachaint do chineál agus cuspóir an chonartha, ag féachaint d'imthosca an
cháis agus d'úsáidí agus cleachtais na ngnóthaí nó na ngairmeacha lena
mbaineann. 2.
Aon tagairt a dhéantar don mhéid is féidir a bheith
ag súil leis ó dhuine nó don mhéid is féidir le duine a bheith ag súil leis, nó
don mhéid is féidir a bheith ag súil leis in imthosca ar leith, is tagairt í
don mhéid is féidir le réasún a bheith ag súil leis. Airteagal 6
Ní cheanglaítear foirm ar leith a úsáid Mura sonrófar a mhalairt sa Dlí Coiteann
Díolacháin Eorpach, ní gá conradh, ráiteas ná aon bheart eile a rialaítear leis
an Dlí, ní gá é a dhéanamh i bhfoirm áirithe nó a fhianú i bhfoirm áirithe. Airteagal 7
Téarmaí nár caibidlíodh ar leithligh 1.
Téarma nár caibidlíodh ar leithligh is ea téarma
conartha má sholáthair páirtí amháin é agus nach raibh an páirtí eile in ann
tionchar a imirt ar a ábhar. 2.
I gcás ina soláthraíonn páirtí amháin rogha téarmaí
conartha don pháirtí eile, ní mheasfar gur téarma a caibidlíodh ar leithligh é
de bhrí go roghnaíonn an dara páirtí é ón rogha sin, agus dá bhrí sin amháin 3.
Aon pháirtí a mhaíonn go ndearnadh téarma conartha
a soláthraíodh mar chuid de théarmaí caighdeánacha conartha, go ndearnadh é a
chaibidliú ar leithligh ó soláthraíodh é, is airsean atá dualgas a chruthaithe. 4.
Maidir le conradh idir trádálaí agus tomhaltóir, is
ar an trádálaí atá an dualgas a chruthú gur caibidlíodh ar leithligh an téarma
conartha arna sholáthar aige. 5.
Maidir le conradh idir trádálaí agus tomhaltóir,
meastar gurb é an trádálaí a sholáthair aon téarmaí conartha a dhréachtaigh
tríú páirtí, ach amháin más é an tomhaltóir a thug isteach sa chonradh iad. Airteagal 8
Conradh a fhoirceannadh 1.
Ciallaíonn 'conradh a fhoirceannadh' deireadh a
chur le cearta agus le hoibleagáidí na bpáirtithe faoin gconradh cé is moite
dóibh siúd a éiríonn as aon téarma conartha lena ndéantar foráil maidir le
díospóidí a réiteach nó as aon téarma conartha eile a bheidh feidhm aige fiú
amháin tar éis an conradh a fhoirceannadh. 2.
Aon íocaíochtaí a bhí dlite agus aon chúiteamh ar
neamh‑chomhlíonadh a bhí le híoc roimh an gconradh a fhoirceannadh, beidh siad
fós le híoc ina dhiaidh. I gcás ina ndéantar conradh a fhoirceannadh toisc nach
bhfuil sé á chomhlíonadh nó toisc go bhfuiltear ag súil le neamh‑chomhlíonadh,
tá an páirtí a fhoirceannann an conradh i dteideal damáistí freisin i leaba
fheidhmíocht todhchaí an pháirtí eile. 3.
Na héifeachtaí atá ag foirceannadh maidir le
haisíoc an phraghais agus tabhairt ar ais na n‑earraí nó an ábhair dhigitigh
agus éifeachtaí eile a bhaineann le haiseag, déanfar iad a rialú leis na
rialacha maidir le haiseag atá leagtha amach i gCaibidil 17. Airteagal 9
Conarthaí a bhfuil cuspóirí éagsúla acu 1.
I gcás ina ndéantar foráil i gconradh maidir le
hearraí a dhíol nó ábhar digiteach a sholáthar agus maidir le seirbhís
ghaolmhar a sholáthar, tá feidhm ag na rialacha i gCuid IV maidir le
hoibleagáidí agus leigheasanna na bpáirtithe mar dhíoltóir agus mar cheannaitheoir
earraí nó ábhair dhigitigh agus tá feidhm ag na rialacha i gCuid V maidir
le hoibleagáidí agus leigheasanna na bpáirtithe mar sholáthróir seirbhíse agus
mar chustaiméir. 2.
Maidir le conradh a thagann faoi réim mhír 1, i
gcás ina bhfuil oibleagáidí an díoltóra agus an tsoláthraí seirbhíse faoin
gconradh le comhlíonadh i gcodanna ar leith nó i gcás inar féidir iad a
dheighilt ar bhealach eile, agus má tá foras le foirceannadh toisc nach bhfuil
cuid amháin á comhlíonadh, cuid ar féidir cuid den phraghas a shannadh di, ní
fhéadfaidh an díoltóir agus an custaiméir an foirceannadh a dhéanamh ach i
dtaobh na coda sin. 3.
Níl feidhm ag mír 2 i gcás nach féidir a
bheith ag súil go nglacfaidh an ceannaitheoir agus an custaiméir le comhlíonadh
na gcodanna eile nó más amhlaidh a bheidh údar cuí le foirceannadh an chonartha
ina iomláine de thoradh an neamh‑chomhlíonta. 4.
Nuair nach féidir oibleagáidí an díoltóra agus an
tsoláthraí seirbhíse faoin gconradh a dheighilt nó nuair nach féidir an praghas
a chionroinnt, ní fhéadfaidh an ceannaitheoir agus an custaiméir foirceannadh a
dhéanamh ach amháin más amhlaidh a bheidh údar cuí le foirceannadh an chonartha
ina iomláine de thoradh an neamh‑chomhlíonta. Airteagal 10
Fógra 1.
Tá feidhm ag an Airteagal seo maidir le fógra a
thabhairt chun aon chríche faoi rialacha an Dlí Choitinn Díolacháin Eorpaigh
agus an chonartha. Cumhdaíonn 'fógra'
cur in iúl aon ráitis a bheartaítear éifeacht dhlíthiúil a bheith aige nó a
bheartaítear chun faisnéis a chur in iúl chun críche dlíthiúla. 2.
Féadfar fógra a thabhairt trí aon mhodh is iomchuí
do na himthosca sin. 3.
Tagann fógra in éifeacht nuair a fhaigheann an
seolaí é, ach amháin má dhéantar foráil san fhógra maidir le héifeacht
mhoillithe a bheith aige. 4.
Meastar go bhfuil fógra faighte ag an seolaí: (a)
nuair atá sé seachadta ar an seolaí sin; (b)
nuair atá sé seachadta ar áit ghnó an tseolaí nó, i
gcás nach bhfuil a léithéid d'áit ghnó ann nó go bhfuil an fógra dírithe chuig
tomhaltóir, nuair atá sé seachadta ar an áit ina bhfuil gnáthchónaí ar an
seolaí; (c)
i gcás fógra a tharchuirtear le ríomhphost nó le
modh cumarsáide aonair eile, nuair atá rochtain ag an seolaí air; nó (d)
nuair a chuirtear an fógra ar fáil don seolaí ar
dhóigh eile ag áit agus ar bhealach a d'fhéadfaí a bheith ag súil go mbeadh
rochtain ag an seolaí air gan moill mhíchuí. Meastar go bhfuil fógra faighte ag an seolaí nuair
a chomhlíontar ceann de na ceanglais i bpointe (a), (b), (c) nó (d), cibé acu
is túisce. 5.
Níl aon éifeacht ag fógra má fhaigheann an seolaí
cúlghairm sula bhfaigheann sé an fógra féin nó má fhaigheann sé cúlghairm agus
an fógra féin ag an am céanna. 6.
I gcaidreamh idir trádálaí agus tomhaltóir ní
fhéadfaidh na páirtithe, chun aimhleasa an tomhaltóra, feidhmiú mhír 3
agus mhír 4 a eisiamh, ná maolú ar a n‑éifeachtaí ná na héifeachtaí sin a
athrú. Airteagal 11
Tréimhsí ama a ríomh 1.
Tá feidhm ag forálacha an Airteagail seo i ndáil le
tréimhsí a ríomh chun aon chríche faoin Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach. 2.
Faoi réir mhíreanna 3 go 7: (a)
aon tréimhse arna sloinneadh i laethanta, tosaíonn
sí ag tús na chéad uaire an chloig den chéad lá agus críochnaíonn sí ag
deireadh na huaire an chloig deireanaí ar lá deireanach na tréimhse; (b)
aon tréimhse arna sloinneadh i seachtainí, i míonna
nó i mblianta, tosaíonn sí ag tús na chéad uaire an chloig den chéad lá sa
tréimhse agus críochnaíonn sí ag deireadh na huaire an chloig deireanaí cibé lá
den tseachtain dheireanach, den mhí dheireanach nó sa bhliain dheireanach atá
ar an lá céanna den tseachtain, nó a thiteann ar an dáta céanna, leis an lá a
thosaíonn an tréimhse; i gcás tréimhse arna sloinneadh i míonna nó i mblianta,
mura bhfuil an lá ar cheart don tréimhse dul in éag ann sa mhí dheireanach,
críochnóidh an tréimhse ag deireadh na huaire an chloig deireanaí ar an lá
deireanach den mhí sin. 3.
I gcás tréimhse arna sloinneadh i laethanta, i
seachtainí, i míonna nó i mblianta a ríomh ó imeacht, ó bheart nó ó am sonrach
éigin, ní áirítear sa tréimhse i gceist an lá atá an imeacht ar siúl, an lá a
dhéantar an beart ná an lá atá an t‑am sonrach sin. 4.
Áirítear sna tréimhsí sin an Satharn, an Domhnach
agus laethanta saoire poiblí, seachas i gcás ina ndéantar eisceacht díobh sin
go sainráite nó i gcás ina bhfuil sé sonraithe gur laethanta oibre atá i
gceist. 5.
I gcás inar Satharn, Domhnach nó saoire phoiblí é
lá deireanach na tréimhse san áit a bhfuil beart forordaithe le déanamh,
críochnaíonn an tréimhse ag deireadh na huaire an chloig deireanaí den chéad lá
oibre eile. Níl feidhm ag an bhforáil sin maidir le tréimhsí arna ríomh go
haisghníomhach ó dháta nó ó imeacht sonraithe. 6.
Más rud é go seolann duine doiciméad chuig duine
eile lena leagtar síos an fad ama atá ag an seolaí freagra a thabhairt nó beart
eile a dhéanamh ach nach sonraítear ann cathain a chuirfear tús leis an
tréimhse sin, sa chás sin, in éagmais comharthaí dá mhalairt, déantar an
tréimhse a ríomh ón uair a fhaigheann an seolaí an doiciméad. 7.
Chun críocha an Airteagail seo: (a)
ciallaíonn "saoire phoiblí", i dtagairt
do Bhallstát nó do chuid de Bhallstát den Aontas Eorpach, aon lá atá ainmnithe
amhlaidh don Bhallstát sin nó don chuid sin de Bhallstát i liosta arna fhoilsiú
in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh; agus (b)
ciallaíonn "laethanta oibre" gach lá
seachas an Satharn, an Domhnach agus laethanta saoire poiblí. Airteagal 12
Ráitis aontaobhacha nó iompar aontaobhach 1.
Aon ráiteas aontaobhach a chuireann intinn in iúl,
léireofar é sa dóigh a bhféadfaí a bheith ag súil go dtuigfeadh an duine ar a
bhfuil sé dírithe é. 2.
I gcás ina raibh sé ar intinn ag an duine a bhí ag
déanamh an ráitis brí áirithe a bheith ag focail a úsáidtear ann agus má bhí an
páirtí eile ar an eolas faoin intinn sin nó dá bhféadfaí a bheith ag súil go
raibh sé ar an eolas fúithi, déanfar na focail a léiriú sa dóigh a raibh sé ar
intinn ag an duine a bhí ag déanamh an ráitis iad a léiriú. 3.
Tá feidhm ag Airteagail 59 go 65 mar aon le
hoiriúnuithe iomchuí maidir le léiriú ráiteas aontaobhach a chuireann intinn in
iúl. 4.
Na rialacha maidir le lochtanna sa toiliú i
gCaibidil 5, tá feidhm acu mar aon le hoiriúnuithe iomchuí maidir le ráitis
aontaobhacha a chuireann intinn in iúl. 5.
Aon tagairt a dhéantar do ráiteas dá dtagraítear
san Airteagal seo, cumhdaíonn sí tagairt d'iompar a fhéadfar a mheas a bheith
coibhéiseach le ráiteas. Cuid II Conradh
ceangailteach a dhéanamh Caibidil 2 Faisnéis
réamhchonarthach Roinn 1 Faisnéis réamhchonarthach
atá ar thrádálaí a thabhairt agus é ag déileáil le tomhaltóir Airteagal 13
Dualgas faisnéis a sholáthar agus cianchonradh nó conradh seacháitribh á
thabhairt i gcrích 1.
Aon trádálaí a thugann cianchonradh nó conradh
seacháitribh i gcrích, tá de dhualgas air an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar
don tomhaltóir ar bhealach soiléir sothuigthe, sula dtugtar an conradh i gcrích
nó sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag aon tairiscint: (a)
príomh‑shaintréithe aon earraí, ábhair dhigitigh nó
seirbhísí gaolmhara atá le soláthar, a mhéid is iomchuí don mhodh cumarsáide
agus do na hearraí, don ábhar digiteach nó do na seirbhísí gaolmhara; (b)
an praghas iomlán agus na muirir agus na costais
bhreise, i gcomhréir le hAirteagal 14; (c)
ainm agus seoladh an trádálaí, i gcomhréir le hAirteagal 15; (d)
na téarmaí conartha, i gcomhréir le hAirteagal 16;
(e)
na cearta chun tarraingt siar, i gcomhréir le hAirteagal 17;
(f)
nuair is infheidhme, aon chúnamh iardhíola do
chustaiméirí, seirbhísí iardhíola, ráthaíochtaí tráchtála agus aon bheartas
chun gearáin a láimhseáil atá ann agus na coinníollacha a bhaineann leo sin; (g)
nuair is infheidhme, an fhéidearthacht dul i muinín
na meicníochta um Réiteach Malartach Díospóide a mbeidh an trádálaí faoina réir
agus na modhanna chun rochtain a fháil ar an meicníocht sin; (h)
nuair is infheidhme, feidhmiúlacht ábhair
dhigitigh, lena n‑áirítear aon bhearta cosanta teicniúla atá infheidhme; agus (i)
nuair is infheidhme, aon idir‑inoibritheacht
ábhartha idir ábhar digiteach agus crua‑earraí agus bogearraí a bhfuil an
trádálaí ar an eolas fúithi nó a d'fhéadfaí a bheith ag súil go bhfuil sé ar an
eolas fúithi. 2.
Cuid dhílis den chonradh is ea an fhaisnéis atá le
soláthar, cé is moite de na seoltaí a cheanglaítear le pointe (c) de
mhír 1, agus ní athrófar iad ach amháin má chomhaontaíonn na páirtithe a
mhalairt. 3.
I gcás cianchonartha, is mar seo a leanas a bheidh
an fhaisnéis a cheanglaítear faoin Airteagal seo: (a)
ní mór í a thabhairt nó a chur ar fáil ar dhóigh is
iomchuí don mhodh cianchumarsáide arna úsáid; (b)
ní mór í a bheith i dteanga shoiléir shothuigthe;
agus (c)
toisc go bhfuil sé á soláthar ar mheán buanfasach,
ní mór í a bheith soléite. 4.
I gcás cianchonartha, is mar seo a leanas a bheidh
an fhaisnéis a cheanglaítear faoin Airteagal seo: (a)
ní mór í a thabhairt ar pháipéar nó, má
chomhaontaíonn an tomhaltóir leis, ar mheán buanfasach eile; agus (b)
ní mór í a bheith soléite agus sothuigthe. 5.
Níl feidhm ag an Airteagal seo nuair is conradh den
chineál seo atá i gceist: (a)
conradh chun earraí bia, deochanna nó earraí eile a
sholáthar atá ceaptha lena gcaitheamh sa bhaile, ar earraí iad a sholáthraíonn
an trádálaí féin don tomhaltóir trí theacht go minic agus go rialta chuig baile
an tomhaltóra, chuig a áit chónaithe nó chuig a áit oibre; (b)
conradh a thugtar i gcrích ag úsáid meaisín díola
uathoibríoch nó uatháitribh tráchtála; (c)
conradh seacháitribh mura bhfuil an praghas nó, i
gcás ina dtugtar níos mó ná conradh amháin i gcrích ag an am céanna, mura
bhfuil praghas iomlán na gconarthaí níos mó ná EUR 50 nó suim
choibhéiseach san airgeadra arna chomhaontú do phraghas an chonartha. Airteagal 14
Faisnéis faoin bpraghas agus faoi mhuirir agus costais bhreise 1.
Ní mór an méid seo a leanas a áireamh san fhaisnéis
atá le soláthar faoi Airteagal 13(1): (a)
praghas iomlán na n‑earraí, an ábhair dhigitigh nó
na seirbhísí gaolmhara, agus cáin san áireamh, nó, i gcás earraí, ábhair
dhigitigh nó seirbhísí gaolmhara de chineál nach féidir le réasún an praghas a
ríomh roimh ré, modh ríofa an phraghais a lua; agus (b)
nuair is infheidhme, aon last‑táille, muirir le
haghaidh seachadta nó costais phoist agus aon chostais eile nó, i gcás nach
féidir le réasún iad sin a ríomh roimh ré, ráiteas á rá go bhféadfadh sé go
mbeadh na muirir agus costais bhreise sin le híoc. 2.
I gcás conartha faid éiginnte nó conartha a bhfuil
suibscríbhinn ann, ní mór an praghas iomlán in aghaidh na tréimhse billeála a
áireamh sa phraghas iomlán. I gcás ina ndéantar conarthaí den chineál sin a
mhuirearú ag ráta seasta, ní mór an praghas iomlán in aghaidh na míosa a
áireamh sa phraghas iomlán. I gcás nach féidir le réasún an praghas iomlán a
ríomh roimh ré, ní mór an chaoi ina ndéanfar an praghas a ríomh a sholáthar. 3.
Nuair is infheidhme, ní mór don trádálaí an
tomhaltóir a chur ar an eolas faoin gcostas atá ar an modh cianchumarsáide a
úsáid chun an conradh a thabhairt i gcrích i gcás nach ndéantar an costas sin a
ríomh ag an mbunráta. Airteagal 15
Faisnéis faoi ainm agus seoladh an trádálaí Ní mór an méid seo a leanas a áireamh san
fhaisnéis atá le soláthar faoi phointe (c) d'Airteagal 13(1): (a) ainm an trádálaí, e.g. a ainm
trádála; (b) an seoladh poist ag a bhfuil an
trádálaí lonnaithe; (c) uimhir ghutháin, facs agus seoladh
ríomhphoist an trádálaí, má bhíonn a leithéid ar fáil, le gur féidir leis an
tomhaltóir dul i dteagmháil leis an trádálaí go tapa agus cumarsáid a dhéanamh
leis go héifeachtúil; (d) nuair is infheidhme, ainm agus
seoladh poist aon trádálaí eile atá ag gníomhú thar ceann an trádálaí; agus (e) i gcás nach ionann é agus an seoladh
arna lua de bhun phointe (b) agus phointe (d) den Airteagal seo, seoladh
poist an trádálaí, agus nuair is infheidhme seoladh an trádálaí atá ag gníomhú
thar a cheann, ar féidir an tomhaltóir aon ghearáin a dhíriú air. Airteagal 16
Faisnéis faoi na téarmaí conartha Ní mór an méid seo a leanas a áireamh san
fhaisnéis atá le soláthar faoi phointe (d) d'Airteagal 13(1): (a) na socruithe maidir le híocaíocht,
seachadadh na n‑earraí, soláthar an ábhair dhigitigh nó comhlíonadh na
seirbhísí gaolmhara agus maidir leis an am faoina ngabhfaidh an trádálaí air
féin na hearraí a sheachadadh, an t‑ábhar digiteach a sholáthar nó na seirbhísí
gaolmhara a chomhlíonadh; (b) nuair is infheidhme, fad an
chonartha, fad íosta oibleagáidí an tomhaltóra nó, más conradh faid éiginnte é
an conradh nó má tá síneadh le cur leis go huathoibríoch, na coinníollacha a
bhaineann le foirceannadh an chonartha; agus (c) nuair is infheidhme, aon éarlaisí nó
ráthaíochtaí airgeadais eile atá le híoc nó le soláthar ag an tomhaltóir arna
iarraidh sin don trádálaí agus na coinníollacha a bhaineann leo sin; (d) nuair is infheidhme, aon chóid
ábhartha iompair atá ann agus an dóigh ar féidir cóipeanna díobh sin a fháil. Airteagal 17
Faisnéis faoi chearta chun tarraingt siar agus cianchonradh nó conradh
seacháitribh á thabhairt i gcrích 1.
I gcás ina bhfuil ceart chun tarraingt siar ag an
tomhaltóir faoi Chaibidil 4, ní mór a áireamh san fhaisnéis atá le
soláthar faoi phointe (e) d'Airteagal 13(1) na coinníollacha, an
teorainn ama agus na nósanna imeachta a bhaineann le feidhmiú an chearta sin i
gcomhréir le hIarscríbhinn 1, chomh maith leis an bhfoirm shamplach
tarraingthe siar atá leagtha amach in Iarscríbhinn 2. 2.
Nuair is infheidhme, ní mór a áireamh san fhaisnéis
atá le soláthar faoi phointe (e) d'Airteagal 13(1) gur faoin
tomhaltóir a bheidh sé an costas a íoc as na hearraí a thabhairt ar ais i gcás
tarraingthe siar agus, maidir le cianchonarthaí, gur faoin tomhaltóir a bheidh
sé an costas a íoc as na hearraí a thabhairt ar ais i gcás tarraingthe siar
murar féidir na hearraí a sheoladh ar ais ar an ngnáthbhealach tríd an bpost. 3.
I gcás inar féidir leis an tomhaltóir an ceart chun
tarraingt siar a fheidhmiú tar éis dó a iarraidh go gcuirfear tús le soláthar
na seirbhísí gaolmhara le linn na tréimhse tarraingthe siar, ní mór a áireamh
san fhaisnéis atá le soláthar faoi phointe (e) d'Airteagal 13(1) go
mbeadh an tomhaltóir faoi dhliteanas an méid dá dtagraítear in Airteagal 45(5)
a íoc leis an trádálaí. 4.
Maidir leis an dualgas an fhaisnéis a cheanglaítear
le mír (1), mír (2) agus mír (3) a sholáthar, féadfar é a
chomhlíonadh trí na treoracha samplacha maidir le tarraingt siar atá leagtha
amach in Iarscríbhinn 1 a sholáthar don tomhaltóir. Measfar go bhfuil na
ceanglais faisnéise sin comhlíonta ag an trádálaí má thugann sé na treoracha
sin don tomhaltóir agus iad líonta isteach i gceart. 5.
I gcás nach bhfuil foráil déanta maidir le ceart
chun tarraingt siar i gcomhréir le pointí (c) go (i) d'Airteagal 40(2)
agus le mír 3 den Airteagal sin, ní mór ráiteas a áireamh san fhaisnéis
atá le soláthar faoi phointe (e) d'Airteagal 13(1) á rá nach
mbainfidh an tomhaltóir leas as ceart chun tarraingt siar nó, nuair is
infheidhme, ní mór na himthosca a áireamh ann faoina gcailleann an tomhaltóir
an ceart chun tarraingt siar. Airteagal 18
Conarthaí seacháitribh: ceanglais bhreise faisnéise agus daingniú 1.
Ní mór don trádálaí cóip shínithe den chonradh a
sholáthar don tomhaltóir nó cóip de dhaingniú an chonartha, lena n‑áireofar,
nuair is infheidhme, daingniú go bhfuil toiliú agus aitheantas faighte ón
tomhaltóir mar a fhoráiltear i bpointe (d) d'Airteagal 40(3), agus
iad sin a sholáthar ar pháipéar nó ar mheán buanfasach eile. 2.
I gcás inar mian leis an tomhaltóir tosú ar na
seirbhísí gaolmhara a sholáthar le linn na tréimhse tarraingthe siar dá bhforáiltear
in Airteagal 42(2), ní mór don trádálaí a cheangal ar an tomhaltóir
iarraidh sainráite den chineál sin a dhéanamh ar mheán buanfasach. Airteagal 19
Cianchonarthaí: faisnéis bhreise agus ceanglais eile 1.
Nuair a chuireann trádálaí glao gutháin ar
thomhaltóir, d'fhonn cianchonradh a thabhairt i gcrích, ní mór don trádálaí, ag
tús an chomhrá leis an tomhaltóir, a chéannacht a nochtadh agus, nuair is
infheidhme, céannacht an duine a bhfuil sé ag cur an ghlao thar a cheann a
nochtadh mar aon le cuspóir tráchtála an ghlao. 2.
Má thugtar an cianchonradh i gcrích trí mheán
cianchumarsáide a fhágann nach bhfuil ach slí teoranta nó tréimhse teoranta ann
chun an fhaisnéis a thaispeáint, ní mór don trádálaí an fhaisnéis dá
dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ar a laghad a sholáthar ar an meán
áirithe sin sula dtugtar an conradh i gcrích. Soláthróidh an trádálaí an
fhaisnéis eile dá dtagraítear in Airteagal 13 don tomhaltóir ar bhealach
iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 13(3). 3.
Is é seo a leanas an fhaisnéis a cheanglaítear faoi
mhír 2: (a)
príomh‑shaintréithe na n‑earraí, an ábhair
dhigitigh nó na seirbhísí gaolmhara, de réir mar a cheanglaítear le
pointe (a) d'Airteagal 13(1); (b)
céannacht an trádálaí, de réir mar a cheanglaítear
le pointe (a) d'Airteagal 15; (c)
an praghas iomlán, lena n‑áirítear na hítimí ar fad
dá dtagraítear i bpointe (b) d'Airteagal 14(1) agus (2); (d)
an ceart chun tarraingt siar; agus (e)
nuair is ábhartha, fad an chonartha nó, más conradh
faid éiginnte é an conradh, na ceanglais a bhaineann le foirceannadh an
chonartha, faoi mar a thagraítear dóibh i bpointe (b) d'Airteagal 16. 4.
I gcás cianchonartha a thugtar i gcrích ar an
nguthán, níl sé bailí ach amháin má tá an tairiscint sínithe ag an tomhaltóir
nó má tá toiliú scríofa seolta aige lena sonraítear go gcomhaontaíonn sé leis
an gconradh a thabhairt i gcrích. Ní mór don trádálaí daingniú a thabhairt don
tomhaltóir maidir leis an gcomhaontú sin ar mheán buanfasach. 5.
Ní mór don trádálaí daingniú a sholáthar don
tomhaltóir maidir leis an gconradh arna thabhairt i gcrích, lena n‑áireofar,
nuair is infheidhme, daingniú go bhfuil toiliú agus aitheantas faighte ón
tomhaltóir dá dtagraítear i bpointe (d) d'Airteagal 40(3), agus an
fhaisnéis ar fad dá dtagraítear in Airteagal 13, agus iad sin a sholáthar
ar mheán buanfasach. Ní mór don trádálaí an fhaisnéis sin a thabhairt laistigh
de thréimhse réasúnta tar éis an cianchonradh a thabhairt i gcrích, agus ar a
dhéanaí tráth a sheachadtar na hearraí nó sula gcuirtear tús le soláthar an
ábhair dhigitigh nó na seirbhíse gaolmhaire, ach amháin má tugadh an fhaisnéis
don tomhaltóir cheana ar mheán buanfasach roimh thabhairt i gcrích an
chianchonartha. 6.
I gcás inar mian leis an tomhaltóir tosú ar na
seirbhísí gaolmhara a sholáthar le linn na tréimhse tarraingthe siar dá bhforáiltear
in Airteagal 42(2), ní mór don trádálaí a cheangal ar an tomhaltóir
iarraidh sainráite a dhéanamh ina leith ar mheán buanfasach. Airteagal 20
An dualgas faisnéis a sholáthar agus conarthaí á dtabhairt i gcrích nach
cianchonarthaí ná conarthaí seacháitribh iad 1.
I gconarthaí seachas cianchonarthaí agus conarthaí
seacháitribh, tá de dhualgas ar thrádálaí an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar
don tomhaltóir ar bhealach soiléir sothuigthe, sula dtugtar an conradh i gcrích
nó sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag aon tairiscint, mura bhfuil an
fhaisnéis sin soiléir cheana ón gcomhthéacs: (a)
príomh‑shaintréithe aon earraí, ábhair dhigitigh nó
seirbhísí gaolmhara atá le soláthar, a mhéid is iomchuí don mhodh cumarsáide
agus do na hearraí, don ábhar digiteach nó do na seirbhísí gaolmhara i gceist; (b)
an praghas iomlán agus na muirir agus na costais
bhreise, i gcomhréir le hAirteagal 14(1); (c)
céannacht an trádálaí, e.g. ainm trádála an
trádálaí, an seoladh poist ag a bhfuil sé lonnaithe agus a uimhir ghutháin; (d)
na téarmaí conartha, i gcomhréir le pointí (a)
agus (b) d'Airteagal 16; (e)
nuair is infheidhme, aon seirbhísí iardhíola,
ráthaíochtaí tráchtála agus aon bheartas chun gearáin a láimhseáil atá ag an
trádálaí agus na coinníollacha a bhaineann leo sin; (f)
nuair is infheidhme, feidhmiúlacht ábhair
dhigitigh, lena n‑áirítear aon bhearta cosanta teicniúla atá infheidhme; agus (g)
nuair is infheidhme, aon idir‑inoibritheacht
ábhartha idir ábhar digiteach agus crua‑earraí agus bogearraí a bhfuil an
trádálaí ar an eolas fúithi nó a d'fhéadfaí a bheith ag súil go bhfuil sé ar an
eolas fúithi. 2.
Níl feidhm ag an Airteagal seo i gcás ina mbaineann
an conradh le hidirbheart ó lá go lá a dhéantar láithreach ar thabhairt i
gcrích an chonartha. Airteagal 21
Dualgas cruthúnais Is ar an trádálaí atá an dualgas a chruthú gur
sholáthair sé an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Roinn seo. Airteagal 22
Cur i bhfeidhm sainordaitheach fhorálacha na Roinne seo Ní fhéadfaidh na páirtithe, chun aimhleasa an
tomhaltóra, feidhmiú na Roinne seo a eisiamh ná maolú ar a héifeachtaí ná na
héifeachtaí sin a athrú. Roinn 2 Faisnéis réamhchonarthach
atá le tabhairt ag trádálaí agus é ag déileáil le trádálaí eile Airteagal 23
An dualgas faisnéis faoi earraí agus seirbhísí gaolmhara a nochtadh 1.
Sula dtugtar conradh i gcrích le go bhféadfaidh
trádálaí earraí a dhíol, ábhar digiteach a sholáthar nó seirbhísí gaolmhara a
sholáthar do thrádálaí eile, tá de dhualgas ar an soláthraí aon fhaisnéis a
bhaineann le príomh‑shainthréithe na n‑earraí, an ábhair dhigitigh nó na
seirbhísí gaolmhara atá le soláthar a nochtadh don trádálaí eile, ar faisnéis í
atá ag an soláthraí nó a bhféadfaí a bheith ag súil go bhfuil sí aige agus a
bheadh contrártha le meon macánta agus cóirdhéileáil mura nochtfá é don pháirtí
eile. 2.
Agus cinneadh á dhéanamh an bhfuil sé de cheangal
ar an soláthraí aon fhaisnéis a nochtadh faoi mhír 1, ba cheart aird a
thabhairt ar na himthosca uile, lena n‑áirítear: (a)
má bhí saineolas ar leith ag an soláthraí; (b)
an costas ar an soláthraí maidir leis an bhfaisnéis
ábhartha a fháil; (c)
a éasca agus a d'fhéadfadh an trádálaí eile an
fhaisnéis a fháil ar dhóigh eile; (d)
cineál na faisnéise; (e)
an tábhacht is dócha a bheith ag an bhfaisnéis leis
an trádálaí eile; agus (f) dea‑chleachtas tráchtála sa chás i
gceist. Roinn 3 Conarthaí a thugtar i gcrích trí mhodh leictreonach Airteagal 24
Dualgais bhreise maidir le faisnéis a sholáthar i gcianchonarthaí a thugtar
i gcrích trí mhodh leictreonach 1.
Tá feidhm ag an Airteagal seo i gcás ina
soláthraíonn trádálaí na modhanna chun conradh a thabhairt i gcrích agus gur
modhanna leictreonacha iad sin nach mbaineann go heisiach le malartú ríomhphost
ná le haon chumarsáid aonair eile. 2.
Ní mór don trádálaí a chur ar fáil don pháirtí eile
modhanna teicniúla atá oiriúnach, éifeachtach agus inrochtana chun botúin
ionchuir a aithint agus a cheartú sula ndéanann an páirtí eile tairiscint nó
sula nglacann sé le tairiscint. 3.
Ní mór don trádálaí faisnéis a sholáthar faoi na
hábhair seo a leanas sula ndéanann an páirtí eile tairiscint nó sula nglacann
sé le tairiscint: (a)
na bearta teicniúla ata le déanamh chun an conradh
a thabhairt i gcrích; (b)
cé acu a chomhdóidh an trádálaí an doiciméad
conartha nó nach gcomhdóidh agus cé acu a bheidh fáil air nó nach mbeidh; (c)
na modhanna teicniúla chun botúin ionchuir a aithint
agus a cheartú sula ndéanann an páirtí eile tairiscint nó sula nglacann sé le
tairiscint; (d)
na teangacha inar féidir an conradh a thabhairt i
gcrích; (e)
na téarmaí conartha. 4.
Ní mór don trádálaí a áirithiú go bhfuil téarmaí an
chonartha dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 3 curtha ar fáil i
gcarachtair aibítreacha nó i gcarachtair shothuigthe eile ar mheán buanfasach
trí mheán aon tacaíochta lenar féidir an fhaisnéis atá sa téacs a léamh agus a
thaifeadadh agus a atáirgeadh i bhfoirm inláimhsithe. 5.
Ní mór don trádálaí a thabhairt le fios, trí mhodh
leictreonach agus gan moill mhíchuí, go bhfuair sé tairiscint nó glacadh ón
bpáirtí eile. Airteagal 25
Ceanglais bhreise i gcás cianchonarthaí a thugtar i gcrích trí mhodh
leictreonach 1.
I gcás ina gcuirfeadh cianchonradh a thugtar i
gcrích trí mhodh leictreonach iallach ar an tomhaltóir íocaíocht a dhéanamh, ní
mór don trádálaí an tomhaltóir a chur ar an eolas faoin bhfaisnéis a
cheanglaítear le pointe (a) d'Airteagal 13(1), le hAirteagal 14(1)
agus (2), agus pointe (b) d'Airteagal 16, agus é sin a dhéanamh ar
bhealach soiléir sonrach go díreach sula gcuireann an tomhaltóir ordú isteach. 2.
Ní mór don trádálaí a áirithiú go n‑aithníonn an
tomhaltóir go sainráite, agus an t‑ordú á chur isteach aige, go dtugtar le
tuiscint leis an ordú go bhfuil oibleagáid íocaíochta ann. I gcás ina
ngníomhachtaítear cnaipe nó feidhm chomhchosúil chun ordú a chur isteach, ní
mór an lipéadú ar an gcnaipe nó ar an bhfeidhm chomhchosúil a bheith soiléite
agus gan ach na focail "ordú le hoibleagáid íocaíochta" nó foclaíocht
shoiléir chomhchosúil le léamh air a thugann le tuiscint gurb ionann ordú a
chur isteach agus a bheith faoi oibleagáid íocaíocht a íoc leis an trádálaí. I
gcás nach bhfuil an mhír seo comhlíonta ag an trádálaí, níl an tomhaltóir faoi
cheangal ag an gconradh ná ag an ordú. 3.
Ní mór don trádálaí a thabhairt le tuiscint go
soiléir soléite ar a shuíomh gréasáin trádála ag tús an phróisis ordúcháin ar a
dhéanaí má tá feidhm ag aon shrianta maidir le seachadadh agus cé na modhanna
íocaíochta a nglactar leo. Airteagal 26
An dualgas cruthúnais I gcaidreamh idir trádálaí agus tomhaltóir, is
ar an trádálaí atá an dualgas a chruthú gur sholáthair sé an fhaisnéis a
cheanglaítear leis an Roinn seo. Airteagal 27
Cur i bhfeidhm sainordaitheach fhorálacha na Roinne seo I gcaidreamh idir trádálaí agus tomhaltóir ní
fhéadfaidh na páirtithe, chun aimhleasa an tomhaltóra, feidhmiú na Roinne seo a
eisiamh, ná maolú ar a héifeachtaí ná na héifeachtaí sin a athrú. Roinn 4 An dualgas a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis arna soláthar ceart Airteagal 28
An dualgas a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis arna soláthar ceart 1.
Aon pháirtí a sholáthraíonn faisnéis roimh chonradh
a thabhairt i gcrích nó tráth a thugtar conradh i gcrích, bíodh sin chun na
dualgais a fhorchuirtear leis an gCaibidil seo a chomhlíonadh nó ná bíodh, tá
de dhualgas ar an bpáirtí sin féachaint chuige go bhfuil an fhaisnéis a
sholáthraítear ceart agus nach bhfuil sí míthreorach. 2.
Aon pháirtí dá soláthraítear faisnéis mhícheart nó
faisnéis mhíthreorach de shárú ar an dualgas dá dtagraítear i mír 1, agus
atá ag brath le réasún ar an bhfaisnéis sin agus conradh á thabhairt i gcrích
aige leis an bpáirtí a sholáthair an fhaisnéis, tá ar fáil dó na leigheasanna
atá leagtha amach in Airteagal 29. 3.
I gcaidreamh idir trádálaí agus tomhaltóir ní
fhéadfaidh na páirtithe, chun aimhleasa an tomhaltóra, feidhmiú an Airteagail
seo a eisiamh, ná maolú ar a éifeachtaí ná na héifeachtaí sin a athrú. Roinn 5 Leigheasanna ar shárú ar
dhualgais faisnéise Airteagal 29
Leigheasanna ar shárú ar dhualgais faisnéise 1.
Aon pháirtí nár chomhlíon aon dualgas a
fhorchuirtear leis an gCaibidil seo, tá sé faoi dhliteanas aon chaillteanais a
éiríonn don pháirtí eile mar gheall air sin. 2.
I gcás nár chomhlíon an trádálaí na ceanglais faisnéise
maidir le muirir bhreise nó costais eile dá dtagraítear in Airteagal 14 nó
maidir leis na costais a bhaineann leis na hearraí a thabhairt ar ais dá
dtagraítear in Airteagal 17(2), níl an tomhaltóir faoi dhliteanas na
muirir bhreise ná na costais eile a íoc. 3.
Tá na leigheasanna a bhfuil foráil déanta ina leith
faoin Airteagal seo gan dochar d'aon leigheas a d'fhéadfadh a bheith ar fáil
faoi Airteagal 42(2), Airteagal 48 nó Airteagal 49. 4.
I gcaidreamh idir trádálaí agus tomhaltóir ní
fhéadfaidh na páirtithe, chun aimhleasa an tomhaltóra, feidhmiú an Airteagail
seo a eisiamh, ná maolú ar a éifeachtaí ná na héifeachtaí sin a athrú. Caibidil 3 Conradh
a thabhairt i gcrích Airteagal 30
Ceanglais maidir le conradh a thabhairt i gcrích 1.
Tá conradh tugtha i gcrích; (a)
má thagann na páirtithe ar chomhaontú; (b)
má tá sé ar intinn acu éifeacht dhlíthiúil a bheith
ag an gcomhaontú; agus (c)
más leor ábhar agus deimhneacht an chomhaontaithe,
arna fhorlíonadh más gá le rialacha an Dlí Choitinn Díolacháin Eorpaigh, chun
éifeacht dhlíthiúil a thabhairt dó. 2.
Tagtar ar chomhaontú trí ghlacadh le tairiscint.
Féadfar glacadh le tairiscint go sainráite nó trí ráitis nó iompar eile. 3.
Is le ráitis agus iompar na bpáirtithe a chinnfear
an bhfuil sé ar intinn acu éifeacht dhlíthiúil a bheith ag an gcomhaontú. 4.
I gcás ina gceanglaíonn ceann de na páirtithe nach
mór comhaontú a bheith ann maidir le hábhar sonrach éigin chun conradh a
thabhairt i gcrích, ní bheidh conradh ann go dtiocfar ar chomhaontú maidir leis
an ábhar sin. Airteagal 31
Tairiscint 1.
Tairiscint is ea togra: (a)
má tá sé beartaithe gur conradh a bheidh sa togra
sin má ghlactar leis; agus (b)
más leor ábhar agus deimhneacht an togra chun
conradh a dhéanamh. 2.
Féadfar tairiscint a dhéanamh do dhuine ar leith nó
do roinnt daoine ar leith. 3.
Ní tairiscint é togra a dhéantar don phobal, mura
dtugann na himthosca a mhalairt le fios. Airteagal 32
Tairiscint a chúlghairm 1.
Féadfar tairiscint a chúlghairm má fhaigheann an
tairgí an chúlghairm sula seolann sé glacadh, nó, i gcás tairiscint a ghlactar
trí bhíthin iompair, sula dtugtar an conradh i gcrích. 2.
I gcás inar tairiscint é togra a dhéantar don
phobal, is féidir an tairiscint sin a chúlghairm sa dóigh chéanna a ndearnadh
an tairiscint. 3.
Tá cúlghairm tairisceana gan éifeacht sna cásanna
seo a leanas: (c)
má thugtar le fios sa tairiscint nach féidir í a
chúlghairm; (d)
má tá tráth socraithe luaite sa tairiscint maidir
lena glacadh; nó (e)
má bhí sé réasúnach, ar dhóigh eile, go gcreidfeadh
an tairgí gur thairiscint neamh‑chúlghairthe í agus gur ghníomhaigh an tairgí
sin ar an mbonn sin. Airteagal 33
Tairiscint a dhiúltú Nuair a fhaigheann an tairgeoir diúltú do
thairiscint téann an tairiscint in éag. Airteagal 34
Glacadh le tairiscint 1.
Glacadh atá in aon chineál ráitis nó iompair de
chuid an tairgí má léiríonn an ráiteas nó an t‑iompar sin go n‑aontaítear leis
an tairiscint. 2.
Ní ionann tost nó gan ghníomhú iontu féin agus
glacadh. Airteagal 35
Tráth thabhairt i gcrích an chonartha 1.
I gcás ina seolann an tairgí glacadh, tugtar an
conradh i gcrích tráth a fhaigheann an tairgeoir an glacadh sin. 2.
I gcás ina nglactar le tairiscint trí bhíthin
iompair, tugtar an conradh i gcrích tráth a fhaigheann an tairgeoir fógra
maidir leis an iompar sin. 3.
D'ainneon mhír 2, más rud é, de bhua na
tairisceana, de bhua cleachtas atá bunaithe ag na páirtithe eatarthu féin nó de
bhua úsáide, go bhféadfaidh an tairgí glacadh leis an tairiscint trí bhíthin
iompair gan fógra a thabhairt don tairgeoir, tugtar an conradh i gcrích nuair a
thosaíonn an tairgí ag gníomhú. Airteagal 36
Teorainn ama chun glacadh le tairiscint 1.
Níl éifeacht le glacadh le tairiscint ach amháin má
fhaigheann an tairgeoir an glacadh sin laistigh d'aon teorainn ama atá
socraithe sa tairiscint ag an tairgeoir. 2.
I gcás nach bhfuil aon teorainn ama socraithe ag an
tairgeoir níl éifeacht leis an nglacadh ach amháin má fhaigheann an tairgeoir
an glacadh sin laistigh de thréimhse réasúnta tar éis an tairiscint a dhéanamh. 3.
I gcás ina bhféadfar glacadh le tairiscint trí
bheart a dhéanamh gan fógra a thabhairt don tairgeoir, níl éifeacht leis an
nglacadh ach má dhéantar an beart laistigh den tréimhse atá socraithe ag an
tairgeoir chun glacadh leis an tairiscint nó, mura bhfuil a leithéid de
thréimhse socraithe, laistigh de thréimhse réasúnta. Airteagal 37
Glacadh leis an tairiscint go déanach 1.
Tá éifeacht le glacadh déanach mar ghlacadh má
chuireann an tairgeoir in iúl don tairgí, gan moill mhíchuí, go bhfuil sé ag
caitheamh leis an nglacadh mar ghlacadh éifeachtach. 2.
Más rud é go léiríonn litir nó cumarsáid de chineál
eile ina bhfuil glacadh déanach gur seoladh an glacadh in imthosca de shórt a
d'fhág go mbeadh sé faighte ag an tairgeoir in am trátha dá mbeadh sé seolta ar
an ngnáthbhealach, tá éifeacht leis an nglacadh déanach sin mar ghlacadh mura
gcuireann an tairgeoir in iúl don tairgí, gan moill mhíchuí, go bhfuil an
tairiscint dulta in éag. Airteagal 38
Glacadh modhnaithe 1.
Aon fhreagra a thugann an tairgí ina luaitear nó
ina dtugtar le tuiscint téarmaí conartha breise nó téarmaí conartha difriúla a
dhéanann athrú ábhartha ar théarmaí na tairisceana, is diúltú é agus tairiscint
nua atá ann. 2.
Aon téarmaí conartha breise nó téarmaí conartha
difriúla a bhaineann, i measc rudaí eile, leis an bpraghas, le híocaíocht, le
cáilíocht agus cainníocht na n‑earraí, leis an ionad seachadta agus am an
tseachadta, leis an méid a bhfuil páirtí amháin faoi dhliteanas don pháirtí
eile nó a bhaineann le réiteach díospóidí, meastar go ndéanann na téarmaí sin
athrú ábhartha ar théarmaí na tairisceana. 3.
Glacadh le tairiscint is ea aon fhreagra lena
léirítear go cinnte go n‑aontaítear le tairiscint, fiú má luaitear téarmaí
conartha breise nó téarmaí conartha difriúla ann nó má thugtar le tuiscint go
bhfuil a leithéid ann, ar choinníoll nach ndéanfaidh siad athrú ábhartha ar
théarmaí na tairisceana. Cuid den chonradh atá sna téarmaí breise nó sna
téarmaí difriúla ansin. 4.
Aon fhreagra ina luaitear téarmaí conartha breise
nó téarmaí conartha difriúla nó ina dtugtar le fios go bhfuil a leithéid ann,
is diúltú atá ann i gcónaí, más rud é: (a)
go sonraítear go sainráite sa tairiscint nach
féidir glacadh leis an tairiscint ach faoi théarmaí na tairisceana, agus fúthu
sin amháin; (b)
go gcuireann an tairgeoir i gcoinne na dtéarmaí
breise nó na dtéarmaí difriúla gan moill mhíchuí; nó (c)
go gcuireann an tairgí de choinníoll ar an nglacadh
go n‑aontóidh an tairgeoir leis na téarmaí breise nó leis na téarmaí difriúla,
agus nach bhfaigheann an tairgí an t‑aontú laistigh de thréimhse réasúnta. Airteagal 39
Téarmaí caighdeánacha conartha a thagann salach ar a chéile 1.
I gcás ina dtagann na páirtithe ar chomhaontú ach
go dtagann téarmaí caighdeánacha conartha na tairisceana agus téarmaí
caighdeánacha conartha an ghlactha salach ar a chéile, tugtar conradh i gcrích
ar a shon sin. Cuid den chonradh is
ea iad na téarmaí caighdeánacha conartha a mhéid is ionann iad ó thaobh
substainte de. 2.
D'ainneoin mhír 1, ní thugtar conradh i gcrích
má dhéanann páirtí amháin ceann de na nithe seo a leanas: (a)
má chuireann sé in iúl go sainráite roimh ré, gan
téarmaí caighdeánacha a úsáid, go bhfuil sé ar intinn aige gan an conradh a
bheith ina cheangal air ar bhonn mhír 1; nó (b)
má chuireann sé in iúl don pháirtí eile, gan moill
mhíchuí, gurb é sin atá ar intinn aige. Caibidil 4 Ceart tarraingt siar ó chianchonarthaí agus ó chonarthaí seacháitribh
idir trádálaithe agus tomhaltóirí Airteagal 40
An ceart chun tarraingt siar 1.
Le linn na tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 42,
tá ceart ag an tomhaltóir tarraingt siar ó na conarthaí seo a leanas gan cúis a
thabhairt, agus gan aon chostas a ghearradh ar an tomhaltóir ach amháin mar a
dhéantar foráil in Airteagal 45: (a)
cianchonradh; (b)
conradh seacháitribh, ar choinníoll go bhfuil an
praghas nó, i gcás ina dtugtar níos mó ná conradh amháin i gcrích ag an am
céanna, praghas iomlán na gconarthaí níos mó ná EUR 50 nó suim
choibhéiseach san airgeadra arna chomhaontú do phraghas an chonartha tráth a
thugtar an conradh i gcrích. 2.
Níl feidhm ag mír (1) maidir leis na
conarthaí seo a leanas: (a)
conradh a thugtar i gcrích ag úsáid meaisín díola
uathoibríoch nó uatháitribh tráchtála; (b)
conradh chun earraí bia, deochanna nó earraí eile a
sholáthar atá ceaptha lena gcaitheamh sa bhaile, ar earraí iad a sholáthraíonn
an trádálaí féin don tomhaltóir trí theacht go minic agus go rialta chuig baile
an tomhaltóra, chuig a áit chónaithe nó chuig a áit oibre; (c)
conradh chun earraí nó seirbhísí gaolmhara a
sholáthar a bhfuil a bpraghas ag brath ar luaineachtaí sa mhargadh airgeadais
nach féidir leis an trádálaí a rialú agus a d'fhéadfadh titim amach le linn na
tréimhse tarraingthe siar; (d)
conradh chun earraí nó ábhar digiteach a
sholáthar atá déanta de réir sonraíochtaí an tomhaltóra nó ar léir gur cuireadh
in oiriúint iad don tomhaltóir; (e)
conradh chun earraí a sholáthar ar baol go
dtiocfaidh meath orthu nó go rachaidh siad in éag go gasta; (f)
conradh chun deochanna meisciúla a sholáthar, a
mbeidh comhaontú déanta maidir lena bpraghas tráth a thugtar an conradh díola i
gcrích, ar deochanna iad nach féidir a sheachadadh ach 30 lá tar éis an conradh
a thabhairt i gcrích agus a bhfuil a luach iarbhír ag brath ar luaineachtaí sa
mhargadh nach féidir leis an trádálaí a rialú; (g)
conradh chun nuachtán, tréimhseachán nó irisleabhar
a dhíol cé is moite de chonarthaí suibscríbhinne chun foilseacháin den chineál
sin a sholáthar; (h)
conradh a thugtar i gcrích ag ceant poiblí; agus (i)
conradh maidir le lónadóireacht nó maidir le
soláthar seirbhísí a bhaineann le gníomhaíochtaí fóillíochta, ar conradh é ina
ndéantar foráil maidir le dáta sonrach nó maidir le tréimhse shonrach
comhlíonta. 3.
Níl feidhm ag mír 1 sna cásanna seo a
leanas: (a)
i gcás ina raibh na hearraí a soláthraíodh
séalaithe, gur oscail an tomhaltóir iad agus nach féidir iad a thabhairt ar ais
ansin ar chúiseanna cosanta sláinte nó ar chúiseanna sláinteachais; (b)
i gcás inar meascadh na hearraí a soláthraíodh, de
réir a gcineáil, le hearraí eile tar éis iad a sheachadadh, sa mhéid agus nach
féidir iad a scaradh arís óna chéile; (c)
i gcás inar taifeadtaí séalaithe fuaime nó físe nó
bogearraí séalaithe ríomhaireachta iad na hearraí a soláthraíodh agus gur
oscail an tomhaltóir an séala; (d)
i gcás inar tosaíodh ar ábhar digiteach a
sholáthar, ar ábhar é nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe, i ndiaidh don
tomhaltóir toiliú sainráite a thabhairt agus i ndiaidh dó a aithint go
gcaillfidh sé an ceart chun tarraingt siar; (e)
i gcás ina n‑iarrann an tomhaltóir go sonrach ar an
trádálaí cuairt a thabhairt air chun deisiúcháin phráinneacha nó obair
chothabhála a dhéanamh. I gcás cuairte den chineál sin, má sholáthraíonn an
trádálaí seirbhísí gaolmhara chomh maith leis na seirbhísí a d'iarr an tomhaltóir
go sonrach nó má sholáthraíonn sé earraí seachas páirteanna athsholáthair a
úsáidtear chun obair chothabhála nó deisiúcháin a dhéanamh, tá feidhm ag an
gceart chun tarraingt siar maidir leis na seirbhísí breise gaolmhara nó na
maidir leis na hearraí breise sin. 4.
I gcás ina bhfuil tairiscint déanta ag an
tomhaltóir a d'fhágfadh, dá nglacfaí leis, go dtabharfaí conradh i gcrích ina
mbeadh ceart chun tarraingt siar faoin gCaibidil seo, féadfaidh an tomhaltóir
an tairiscint a tharraingt siar fiú dá mba thairiscint neamh‑chúlghairithe é
murach sin. Airteagal 41
An ceart chun tarraingt siar a fheidhmiú 1.
Féadfaidh an tomhaltóir an ceart chun tarraingt
siar a fheidhmiú am ar bith roimh dheireadh na tréimhse tarraingthe siar dá
bhforáiltear in Airteagal 42. 2.
Déanann an tomhaltóir an ceart chun tarraingt siar
a fheidhmiú trí fhógra a thabhairt don trádálaí. Chun na críche sin, féadfaidh
an tomhaltóir an fhoirm shamplach tarraingthe siar atá leagtha amach in
Iarscríbhinn 2 a úsáid nó féadfaidh sé aon ráiteas aonchiallach eile a
úsáid lena leagtar amach an cinneadh maidir le tarraingt siar. 3.
I gcás ina dtugann an trádálaí an rogha don
tomhaltóir tarraingt siar go leictreonach ar shuíomh gréasáin an trádálaí, agus
go ndéanann an tomhaltóir sin, tá de dhualgas ar an trádálaí a chur in iúl don
tomhaltóir, gan mhoill agus ar mheán buanfasach, go bhfuil an tarraingt siar
sin faighte aige. Tá an trádálaí faoi dhliteanas aon chaillteanais a éiríonn
don pháirtí eile mar gheall ar shárú ar an dualgas sin. 4.
Meastar go bhfuil cumarsáid maidir le tarraingt
siar in am má sheoltar é roimh dheireadh na tréimhse tarraingthe siar. 5.
Is ar an tomhaltóir atá an dualgas a chruthú go
ndéantar an ceart chun tarraingt siar a fheidhmiú i gcomhréir leis an Airteagal
seo. Airteagal 42
Tréimhse tarraingthe siar 1.
Téann an tréimhse tarraingthe siar in éag tar éis
ceithre lá dhéag ó cheann de na laethanta seo a leanas: (a)
an lá a sheachadtar na hearraí ar an tomhaltóir i
gcás conartha díolacháin, lena n‑áirítear conradh díolacháin faoina n‑aontaíonn
an díoltóir seirbhísí gaolmhara a sholáthar freisin; (b)
an lá a sheachadtar an ítim dheireanach ar an
tomhaltóir i gcás conradh díola earraí éagsúla a d'ordaigh an tomhaltóir in aon
ordú amháin agus a seachadadh ar leithligh, lena n‑áirítear conradh faoina n‑aontaíonn
an díoltóir seirbhísí gaolmhara a sholáthar freisin; (c)
an lá a sheachadtar an mhír dheireanach nó an
píosa deireanach ar an tomhaltóir i gcás conartha maidir le hearraí a mbaineann
míreanna nó píosaí éagsúla leo, lena n‑áirítear conradh faoina n‑aontaíonn an
díoltóir seirbhísí gaolmhara a sholáthar freisin; (d)
an lá a sheachadtar an chéad ítim ar an tomhaltóir
i gcás conartha chun earraí a sheachadadh go rialta le linn tréimhse sonraithe
ama, lena n‑áirítear conradh faoina n‑aontaíonn an díoltóir seirbhísí gaolmhara
a sholáthar freisin; (e)
an lá a thugtar an conradh i gcrích, i gcás
conartha chun seirbhísí gaolmhara a sholáthar a thugtar i gcrích tar éis
sheachadadh na n‑earraí; (f)
an lá a sheachadtar an meán inláimhsithe ar an
tomhaltóir i gcomhréir le pointe (a) i gcás conartha chun ábhar digiteach
a sholáthar agus ina soláthraítear an t‑ábhar digiteach ar mheán inláimhsithe; (g)
lá thabhairt i gcrích an chonartha i gcás conartha
nach soláthraítear an t‑ábhar digiteach leis ar mheán inláimhsithe. 2.
I gcás nach dtugann an trádálaí an fhaisnéis dá
dtagraítear in Airteagal 17(1) don tomhaltóir, téann an tréimhse
tarraingthe siar in éag: (a)
bliain ó dheireadh na buntréimhse tarraingthe siar,
arna chinneadh i gcomhréir le mír 1; nó (b)
i gcás ina soláthraíonn an trádálaí an fhaisnéis is
gá don tomhaltóir laistigh de bhliain ó dheireadh na tréimhse tarraingthe siar
faoi arna chinneadh i gcomhréir le mír 1, tar éis ceithre lá dhéag ón lá a
fhaigheann an tomhaltóir an fhaisnéis. Airteagal 43
Eifeachtaí na tarraingthe siar I gcás tarraingthe siar, foirceanntar oibleagáidí an
dá pháirtí faoin gconradh: (a) an conradh a chomhlíonadh; nó (b) an conradh a thabhairt i gcrích i
gcás ina ndéanann an tomhaltóir tairiscint. Airteagal 44
Oibleagáidí an trádálaí i gcás tarraingthe siar 1.
Ní mór don trádálaí na híocaíochtaí go léir a fuair
sé ón tomhaltóir a íoc ar ais, lena n‑áirítear, nuair is infheidhme, na costais
seachadta, gan moill mhíchuí agus i ngach cás tráth nach déanaí ná ceithre lá
dhéag ón lá ar a dtugtar le tuiscint don trádálaí go bhfuil sé beartaithe ag an
tomhaltóir tarraingt siar ón gconradh i gcomhréir le hAirteagal 41. Ní mór don trádálaí na híocaíochtaí sin a íoc ar
ais leis na modhanna céanna íocaíochta agus a úsáideadh don chéad idirbheart,
ach amháin má chomhaontaigh an tomhaltóir a mhalairt go sainráite agus ar
choinníoll nach dtabhaíonn an tomhaltóir aon taillí mar gheall ar an
aisíocaíocht sin. 2.
D'ainneoin mhír 1, ní cheanglaítear ar an
trádálaí na costais bhreise a aisíoc má roghnaigh an tomhaltóir go sainráite
cineál seachadta seachas an cineál seachadta chaighdeánaigh is saoire a
thairgeann an trádálaí. 3.
I gcás conartha chun earraí a dhíol, féadfaidh an
trádálaí an t‑aisíoc a choinneáil siar go bhfaighidh sé na hearraí ar ais, nó
go soláthróidh an tomhaltóir fianaise go bhfuil na hearraí seolta ar ais aige,
cibé acu is luaithe, mura bhfuil tairiscint déanta ag an trádálaí go rachaidh
sé féin faoi choinne na n‑earraí. 4.
I gcás conartha seacháitribh ina seachnaítear na
hearraí ar bhaile an tomhaltóra tráth a thugtar an conradh i gcrích, ní mór don
trádálaí dul faoi choinne na n‑earraí ar a chostas féin más earraí iad de
chineál nach féidir a chur ar ais tríd an bpost. Airteagal 45
Oibleagáidí an tomhaltóra i gcás tarraingthe siar 1.
Ní mór don tomhaltóir na hearraí a sheoladh ar ais
nó iad a thabhairt don trádálaí nó do dhuine atá údaraithe ag an trádálaí gan
moill mhíchuí agus i ngach cás tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag ón lá a
chuireann an tomhaltóir in iúl don trádálaí go bhfuil sé beartaithe aige
tarraingt siar ón gconradh i gcomhréir le hAirteagal 41, ach amháin má
thairg an trádálaí go rachadh sé faoi choinne na n‑earraí. Meastar go
gcomhlíontar an spriocdháta sin má sheolann an tomhaltóir na hearraí ar ais
sula n‑imíonn an tréimhse ceithre lá dhéag in éag. 2.
Ní mór don tomhaltóir na costais dhíreacha a íoc as
na hearraí a thabhairt ar ais, ach amháin má chomhaontaigh an trádálaí na
costais sin a íoc nó murar chuir an trádálaí in iúl don tomhaltóir go mbeadh ar
an tomhaltóir iad a íoc. 3.
Níl an tomhaltóir faoi dhliteanas luach laghdaithe
na n‑earraí ach i gcás ina bhfuil an luach laghdaithe sin ann de thoradh a
láimhseála ar aon bhealach seachas an bealach is gá chun cineál, saintréithe
agus feidhmiú na n‑earraí a bhunadh. Níl an tomhaltóir faoi dhliteanas luacha
laghdaithe i gcás nach soláthraíonn an trádálaí an fhaisnéis ar fad faoin
gceart chun tarraingt siar i gcomhréir le hAirteagal 17(1). 4.
Gan dochar do mhír 3, níl an tomhaltóir faoi
dhliteanas aon chuiteamh a íoc as úsáid na n‑earraí le linn na tréimhse
tarraingthe siar. 5.
I gcás ina bhfeidhmíonn an tomhaltóir an ceart chun
tarraingt siar ó chianchonradh tar éis dó iarraidh go sainráite go dtosnófar ar
sheirbhísí gaolmhara a sholáthar le linn na tréimhse tarraingthe siar, ní mór
don tomhaltóir méid a íoc leis an trádálaí atá i gcomhréir lenar soláthraíodh
sular fheidhmigh an tomhaltóir an ceart chun tarraingt siar, i gcomparáid le
cumhdach iomlán an chonartha. Ní mór an méid comhréireach atá le híoc ag an
tomhaltóir leis an trádálaí a ríomh ar bhonn an phraghais iomláin a
comhaontaíodh sa chonradh. I gcás ina bhfuil an praghas iomlán ró-ard, ní mór
an méid comhréireach a ríomh ar bhonn mhargadhluach na seirbhísí a
soláthraíodh. 6.
Níl an tomhaltóir faoi dhliteanas chostas an méid
seo a leanas: (a)
soláthar seirbhísí gaolmhara, ina n‑iomláine nó i
bpáirt, le linn na tréimhse tarraingthe siar, sna cásanna seo a leanas: (i) má theipeann ar an trádálaí faisnéis a
sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 17(1) agus (3); nó (ii) mura n‑iarrann an tomhaltóir go
sainráite go dtosófar ar na seirbhísí a sholáthar le linn na tréimhse
tarraingthe siar i gcomhréir le hAirteagal 18(2) agus Airteagal 19(6);
(b)
soláthar ábhair dhigitigh, ina iomláine nó i
bpáirt, ar ábhar é nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe, sna cásanna seo a
leanas: (i) mura bhfuil toiliú sainráite tugtha
roimh ré ag an tomhaltóir chun tús a chur le soláthar an ábhair dhigitigh roimh
dheireadh na tréimhse tarraingthe siar dá dtagraítear in Airteagal 42(1); (ii) mura dtugann an tomhaltóir le fios
nuair a thugann sé toiliú go n‑aithníonn sé go gcaillfidh sé an ceart chun
tarraingt siar; nó (iii) má theipeann ar an trádálaí daingniú
a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 18(1) agus le hAirteagal 19(5). 7.
Seachas mar a fhoráiltear san Airteagal seo, ní
théann an tomhaltóir faoi aon dliteanas i ngeall ar an gceart chun tarraingt
siar a fheidhmiú. Airteagal 46
Conarthaí coimhdeacha 1.
I gcás ina bhfeidhmíonn tomhaltóir an ceart chun
tarraingt siar ó chianchonradh nó ó chonradh seacháitribh i gcomhréir le hAirteagal 41
agus le hAirteagal 45, foirceanntar aon chonarthaí coimhdeacha láithreach
gan aon chostas a ghearradh ar an tomhaltóir seachas de réir mar a fhoráiltear
i mír 2 agus i mír 3. Chun
críche an Airteagail seo, ciallaíonn conradh coimhdeach conradh trína
bhfaigheann tomhaltóir earraí, ábhar digiteach nó seirbhísí gaolmhara a
bhaineann le cianchonradh nó le conradh seacháitribh agus soláthraíonn an
trádálaí nó tríú páirtí na hearraí, an t‑ábhar digiteach nó na seirbhísí
gaolmhara sin ar bhonn socraithe idir an tríú páirtí sin agus an trádálaí. 2.
Tá feidhm ag forálacha Airteagail 43, 44 agus
45 dá réir maidir le conarthaí coimhdeacha a mhéid a bhfuil na conarthaí sin
faoi rialú ag an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach. 3.
I gcás conarthaí coimhdeacha nach bhfuil faoi rialú
ag an Dlí Coiteann Díolacháin Eorpach, rialaíonn an dlí is infheidhme
oibleagáidí na bpáirtithe i gcás tarraingthe siar. Airteagal 47
Cur i bhfeidhm sainordaitheach fhorálacha na Caibidle seo Ní fhéadfaidh na páirtithe, chun aimhleasa an
tomhaltóra, feidhmiú na Caibidle seo a eisiamh ná maolú ar a héifeachtaí ná na
héifeachtaí sin a athrú. Caibidil 5 Lochtanna
sa toiliú Airteagal 48
Earráid 1.
Féadfaidh páirtí conradh a neamhniú toisc earráid
fhíorais nó earráid dlí a bheith ann nuair a tugadh an conradh i gcrích más rud
é: (a)
nach mbeadh an conradh tugtha i gcrích ag an
bpáirtí murach an earráid nó nach mbeadh sin déanta aige ach ar théarmaí
conartha iomlán difriúil agus go raibh an páirtí eile ar an eolas faoi sin nó
go bhféadfaí a bheith ag súil go raibh sé ar an eolas faoi; agus (b)
más rud é: (i) gurbh é an páirtí eile ba chúis leis
an earráid; (ii) gurbh é an páirtí eile ba chúis leis
an gconradh a thabhairt i gcrích agus earráid ann toisc nár chomhlíon sé
dualgas faisnéise réamhchonarthach faoi Chaibidil 2, Ranna 1 go 4; (iii) go raibh an páirtí eile ar an eolas
faoin earráid nó go bhféadfaí a bheith ag súil go raibh sé ar an eolas fúithi
agus gurbh é ba chúis leis an gconradh a thabhairt i gcrích agus earráid ann
toisc nár chuir sé an fhaisnéis ábhartha ar shúile an chéad pháirtí, ar
choinníoll go bhfágfadh meon macánta agus cóirdhéileáil go mbeadh ar pháirtí
atá ar an eolas faoin earráid í sin a chur ar shúile an pháirtí eile; nó (iv) go ndearna an páirtí eile an earráid
chéanna. 2.
Ní fhéadfaidh páirtí conradh a neamhniú mar gheall
ar earráid más rud é gur ghlac an páirtí sin air féin an riosca a bhain leis an
earráid, nó sna himthosca i gceist gur chóir dó glacadh air féin an riosca a
bhain leis an earráid. 3.
Aon mhíchruinneas atá i nochtadh ráitis nó i
dtarchur an ráitis sin, caithfear leis mar earráid de chuid an duine a rinne nó
a sheol an ráiteas. Airteagal 49
Calaois 1.
Féadfaidh páirtí conradh a neamhniú más rud é gur
spreag an páirtí eile tabhairt i gcrích an chonartha trí mhífhaisnéis
chalaoiseach a thabhairt, lena fhocail nó lena iompar, nó trí neamhnochtadh
calaoiseach aon fhaisnéise a bhí de cheangal ar an bpáirtí sin a nochtadh i
gcomhréir leis na ceanglais maidir le meon macánta agus cóirdhéileáil. 2.
Tá mífhaisnéis calaoiseach má thugann an páirtí í
agus fios nó barúil aige go bhfuil an fhaisnéis bréagach, nó má thugann sé í ar
nós cuma liom maidir lena bheith fíor nó bréagach, agus má tá sé tugtha chun an
faighteoir a mhealladh le hearráid a dhéanamh. Tá neamhnochtadh calaoiseach má
dhéantar é chun an duine óna gcoinnítear an fhaisnéis siar a mhealladh le
hearráid a dhéanamh. 3.
Agus cinneadh á dhéanamh maidir le cé acu a
chuireann nó nach gcuireann meon macánta agus cóirdhéileáil de cheangal ar
pháirtí faisnéis ar leith a nochtadh, ba cheart aird a thabhairt ar na
himthosca uile, lena n‑áirítear: (a)
má bhí saineolas ar leith ag an bpáirtí; (b)
an costas ar an bpáirtí maidir leis an bhfaisnéis
ábhartha a fháil; (c)
a éasca agus a d'fhéadfadh an páirtí eile an
fhaisnéis a fháil ar dhóigh eile; (d)
cineál na faisnéise; (e)
an tábhacht is cosúil a bheith ag an bhfaisnéis
leis an bpáirtí eile; agus (f)
i gconarthaí idir trádálaí, dea‑chleachtas
tráchtála sa chás i gceist. Airteagal 50
Bagairtí Féadfaidh páirtí conradh a neamhniú má spreag
an páirtí eile tabhairt i gcrích an chonartha le gardhíobháil éagórach
thromchúiseach a bhagairt, nó le beart éagórach a bhagairt. Airteagal 51
Dúshaothrú éagórach Féadfaidh páirtí conradh a neamhniú más rud é,
nuair a tugadh an conradh i gcrích: (a) go raibh an páirtí ag brath ar an
bpáirtí eile nó go raibh gaol muiníne aige leis an bpáirtí eile, go raibh sé i
gcruachás eacnamaíoch nó go raibh géarriachtanais aige, go raibh sé éigríonna,
aineolach nó neamhchleachtach; agus (b) go raibh an páirtí eile ar an eolas
faoi sin nó go bhféadfaí a bheith ag súil go raibh sé ar an eolas faoi agus go
ndearna sé, i bhfianaise na n‑imthiosca agus chuspóir an chonartha, dúshaothrú
ar an gcéad pháirtí trí thairbhe iomarcach nó leas éagórach a bhaint as. Airteagal 52
Fógra maidir le neamhniú 1.
Is trí fhógra a thabhairt don pháirtí eile a
dhéantar conradh a neamhniú. 2.
Níl éifeacht ag fógra maidir le neamhniú ach amháin
má thugtar é laistigh den tréimhse seo a leanas tar éis don pháirtí atá ag
déanamh neamhniú fáil amach faoi na himthosca ábhartha nó tar éis dó a bheith
in ann gníomhú faoi shaoirse: (a)
laistigh de shé mhí i gcás earráide; agus (b)
laistigh de bhliain amháin i gcás caolaoise,
bagairtí agus dúshaothrú éagórach; Airteagal 53
Daingniú I gcás ina ndéanann an páirtí atá i dteideal
conradh a neamhniú faoin gCaibidil seo an conradh sin a dhaingniú, go sainráite
nó go hintuigthe, tar éis dó fáil amach faoi na himthosca ábhartha, nó tar éis
dó a bheith in ann gníomhú faoi shaoirse, ní fhéadfaidh an páirtí sin an
conradh a neamhniú a thuilleadh. Airteagal 54
Éifeachtaí an neamhnithe 1.
Aon conradh is féidir a neamhniú, tá sé bailí go
ndéantar é a neamhniú ach, a luaithe atá sé neamhnithe, tá sé neamhbhailí go
cúlghabhálach ón tús. 2.
I gcás nach ndéanann foras le haghaidh neamhniú
difear ach do théarmaí conartha áirithe, tá éifeacht an neamhnithe teoranta do
na téarmaí sin amháin mura bhfuil sé míréasúnta an chuid eile den chonradh a
chomhlíonadh. 3.
Maidir le ceart a bheith ag ceachtar de na
páirtithe aon rud a aistríodh nó a soláthraíodh faoin gconradh neamhnithe a
fháil ar ais, nó a choibhéis in airgead a fháil, déantar an ceart sin a rialáil
leis na rialacha maidir le haiseag i gCaibidil 17. Airteagal 55
Damáistí a fháil ar chaillteanas Aon pháirtí a bhfuil de cheart aige conradh a
neamhniú faoin gCaibidil seo, nó a raibh an ceart sin aige sular cuireadh ar
ceal é mar gheall ar theorainneacha ama nó daingniú, tá an páirtí sin, is cuma
má tá an conradh neamhnithe nó nach bhfuil, tá sé i dteideal damáistí a fháil
ón bpáirtí eile i ngeall ar chaillteanas a tharla de thoradh na hearráide, na
calaoise, na mbagairtí nó an dúshaothraithe éagóraigh, ar choinníoll go raibh
an páirtí eile ar an eolas faoi na himthosca ábhartha nó go bhféadfaí a bheith
ag súil go raibh sé ar an eolas faoi. Airteagal 56
Leigheasanna a eisiamh nó srian a chur leo 1.
Ní fhéadfar leigheasanna ar chalaois, bagairtí agus
dúshaothrú éagórach a eisiamh ná srian a chur leo go díreach ná go hindíreach. 2.
I gcaidreamh idir trádálaí agus tomhaltóir ní
fhéadfaidh na páirtithe, chun aimhleasa an tomhaltóra, leigheasanna ar earráid
a eisiamh ná srian a chur leo go díreach ná go hindíreach. Airteagal 57
Leigheas a roghnú Aon pháirtí atá i dteideal leigheas faoin
gCaibidil seo in imthosca ina bhfuil leigheas ar neamh‑chomhlíonadh ar fáil dó
freisin, féadfaidh an páirtí sin ceachtar den dá leigheas a lorg. Cuid III Measúnú a
dhéanamh ar a bhfuil sa chonradh Caibidil 6 Léiriú Airteagal 58
Rialacha ginearálta maidir le léiriú conarthaí 1.
Déanfar conradh a léiriú de réir intinn choiteann
na bpáirtithe fiú murab ionann sin agus gnáthbhrí na bhfocal a úsáidtear ann. 2.
I gcás ina raibh sé ar intinn ag páirtí amháin brí
áirithe a bheith ag focail a úsáidtear sa chonradh agus go raibh an páirtí eile
ar an eolas faoi sin tráth a tugadh an conradh i gcrích, nó dá bhféadfaí a
bheith ag súil go raibh sé ar an eolas faoi, déanfar na focail a léiriú sa
dóigh a raibh sé ar intinn ag an gcéad pháirtí iad a léiriú. 3.
Mura bhforáiltear a mhalairt i mír 1 agus i
mír 2, déanfar an conradh a léiriú de réir na brí a thuigfeadh duine
réasúnta as. Airteagal 59
Nithe ábhartha Agus conradh á léiriú, féadfar aird a
thabhairt ar na nithe seo a leanas go háirithe: (a) na himthosca inar tugadh an conradh
i gcrích, lena n‑áirítear an réamhchaibidlíocht; (b) iompar na bpáirtithe, fiú roimh
thabhairt i gcrích an chonartha; (c) an léiriú atá bainte cheana féin ag
na páirtithe as focail atá comhionann nó cosúil leo siúd a úsáidtear sa
chonradh; (d) gnáthaimh a mheasfadh páirtithe sa
chás céanna a bheith infheidhme go ginearálta; (e) cleachtais atá bunaithe ag na
páirtithe eatarthu féin; (f) an bhrí is gnách a thuiscint as
focail sa réimse gníomhaíochta lena mbaineann; (g) cineál agus cuspóir an chonartha;
agus (h) meon macánta agus cóirdhéileáil. Airteagal 60
Tagairt do chonradh ina iomláine Is i bhfianaise an chonartha ina iomláine a
léireofar focail a úsáidtear i gconradh. Airteagal 61
Neamhréireachtaí teanga I gcás ina bhfuil dhá leagan teanga nó níos mó
ann de dhoiciméad conartha agus nach bhfuil sé luaite le haon ceann acu go
bhfuil údarás aige, agus má tá neamhréireacht ann idir na leaganacha sin,
glacfar leis gurb é an leagan inar tarraingíodh an conradh suas ar dtús an
leagan údarásach. Airteagal 62
Tosaíocht a thabhairt do théarmaí conartha a caibidlíodh ar leithligh Má tá neamhréireacht ann, tá forlámhas ag
téarmaí conartha a caibidlíodh ar leithligh ar théarmaí nár caibidlíodh ar
leithligh de réir bhrí Airteagal 7. Airteagal 63
Tosaíocht a thabhairt do léiriú lena dtugtar éifeacht do théarmaí conartha Tá forlámhas ag léiriú lena dtugtar éifeacht
do na téarmaí conartha ar léiriú nach ndéanann sin. Airteagal 64
Léiriú i bhfabhar tomhaltóirí 1.
I gcás ina bhfuil amhras ann i dtaobh brí téarma
conartha idir trádálaí agus tomhaltóir, beidh forlámhas ag an léiriú is fabhraí
don tomhaltóir, ach amháin más é an tomhaltóir a sholáthair an téarma. 2.
Ní fhéadfaidh na páirtithe, chun aimhleasa an
tomhaltóra, feidhmiú an Airteagail seo a eisiamh ná maolú ar a éifeachtaí ná na
héifeachtaí sin a athrú. Airteagal 65
Léiriú i gcoinne soláthraí téarma conartha Más rud é, i gcás conartha nach dtagann faoi
réim Airteagal 64, go bhfuil amhras ann i dtaobh brí téarma conartha nár
caibidlíodh ar leithligh de réir bhrí Airteagal 7, beidh forlámhas ag
léiriú atá i gcoinne an pháirtí a sholáthair an téarma. Caibidil 7 Ábhair
agus Éifeachtaí Airteagal 66
Téarmaí conartha Is ó na nithe seo a leanas a dhíorthaítear
téarmaí an chonartha; (a) comhaontú na bpáirtithe, faoi réir
aon rialacha sainordaitheacha de chuid an Dlí Choitinn Díolacháin Eorpaigh; (b) aon ghnáthamh nó aon chleachtas atá
ina cheangal orthu de bhua Airteagal 67; (c) aon riail de chuid an Dlí Choitinn
Díolacháin Eorpaigh a bhfuil feidhm aici in éagmais comhaontú dá mhalairt idir
na páirtithe; agus (d) aon téarma conartha is intuigthe de
bhua Airteagal 68. Airteagal 67
Gnáthaimh agus cleachtais i gconarthaí idir trádálaithe 1.
I gconradh idir trádálaithe, tá na páirtithe faoi
cheangal ag aon ghnáthamh a chomhaontaigh siad ba cheart a bheith infheidhme
agus ag aon chleachtas a bhunaigh siad eatarthu féin. 2.
Aon ghnáthamh a mheasfaí a bheith infheidhme de
ghnáth ag trádálaithe sa chás céanna leis na páirtithe, tá an gnáthamh sin ina
cheangal ar na páirtithe. 3.
Níl gnáthaimh ná cleachtais ina gceangal ar na
páirtithe má tá siad ar neamhréir le téarmaí conartha a caibidlíodh ar
leithligh nó ar neamhréir le haon rialacha sainordaitheacha de chuid an Dlí
Choitinn Díolacháin Eorpaigh. Airteagal 68
Téarmaí conartha a fhéadfar a thabhairt a bheith intuigthe 1.
Nuair is gá foráil a dhéanamh maidir le hábhar nach
rialaítear go sainráite le comhaontú na bpáirtithe ná le haon ghnáthamh,
cleachtas ná riail de chuid an Dlí Choitinn Díolacháin Eorpaigh, féadfar téarma
conartha breise a thabhairt a bheith intuigthe, ag féachaint go háirithe do na
nithe seo a leanas: (a)
cineál agus cuspóir an chonartha; (b)
na himthosca inar tugadh an conradh i gcrích; agus (c)
meon macánta agus cóirdhéileáil. 2.
Aon téarma is intuigthe faoi mhír 1, úsáidfear
é chun éifeacht a thabhairt, a mhéid is féidir, don rud ba dhóchúla a bheadh
comhaontaithe idir na páirtithe dá mbeadh foráil déanta acu maidir leis an
ábhar sin. 3.
Níl feidhm ag mír 1 más rud é gur fhág na
páirtithe ábhar éigin gan rialáil d'aon ghnó, ar an tuiscint go mbainfeadh an
riosca le ceann acu. Airteagal 69
Téarmaí conartha atá díorthaithe ó ráitis réamhchonarthacha áirithe 1.
I gcás ina ndéanann an trádálaí ráiteas leis an
bpáirtí eile nó go poiblí, sula dtugtar an conradh i gcrích, maidir le
saintréithe a bhfuil le soláthar ag an trádálaí sin faoin gconradh, áireofar an
ráiteas sin már théarma conartha seachas sna cásanna seo a leanas: (a)
má bhí an páirtí eile ar an eolas nuair a tugadh an
conradh i gcrích go raibh an ráiteas mícheart nó nach bhféadfaí seasamh air mar
théarma conartha, nó dá bhféadfaí le réasún a bheith ag súil go raibh an páirtí
eile ar an eolas faoi sin; nó (b)
más rud é nár fhéad tionchar a bheith ag an ráiteas
ar chinneadh an pháirtí eile an conradh a thabhairt i gcrích. 2.
Chun críocha mhír 1, meastar gur ón trádálaí
féin atá aon ráiteas a dhéanann duine a bhíonn ag gabháil d'fhógraíocht nó do
mhargaíocht don trádálaí. 3.
I gcás inar tomhaltóir é an páirtí eile, meastar,
chun críocha mhír 1, gur ón trádálaí féin atá aon ráiteas poiblí a
dhéanann táirgeoir nó duine eile nó a dhéantar thar ceann táirgeora nó duine
eile ag tús an phróisis as a ndearnadh an conradh, ach amháin mura raibh an trádálaí
ar an eolas faoi sin tráth a tugadh an conradh i gcrích agus nach bhféadfaí a
bheith ag súil go raibh sé ar an eolas faoi. 4.
I gcaidreamh idir trádálaí agus tomhaltóir ní
fhéadfaidh na páirtithe, chun aimhleasa an tomhaltóra, feidhmiú an Airteagail
seo a eisiamh, ná maolú ar a éifeachtaí ná na héifeachtaí sin a athrú. Airteagal 70
An dualgas an páirtí eile a chur ar an eolas maidir le téarmaí conartha nár
caibidlíodh ar leithligh 1.
Aon téarmaí conartha arna soláthar ag páirtí amháin
agus nár caibidlíodh ar leithligh de réir bhrí Airteagal 7, ní fhéadfar
iad a agairt in aghaidh páirtí eile ach amháin má bhí an páirtí eile ar an
eolas fúthu, nó má rinne an páirtí a bhfuil na téarmaí á soláthar aige bearta
réasúnta chun aird an pháirtí eile a tharraingt orthu, roimh an gconradh a
thabhairt i gcrích nó tráth a tugadh i gcrích é. 2.
Chun críocha an Airteagail seo, i gcaidreamh idir
trádálaí agus tomhaltóir, ní leor díreach tagairt a dhéanamh do théarmaí
conartha i ndoiciméad conartha chun aird an tomhaltóra a tharraingt orthu go
leordhóthanach, fiú má shíníonn an tomhaltóir an doiciméad. 3.
Ní fhéadfaidh na páirtithe feidhmiú an Airteagail
seo a eisiamh ná maolú ar a éifeachtaí ná na héifeachtaí sin a athrú. Airteagal 71
Téarmaí breise i gconarthaí idir trádálaí agus tomhaltóir 1.
I gconradh idir trádálaí agus tomhaltóir, aon
téarma a chuireann d'oibleagáid ar an tomhaltóir aon íocaíocht a íoc sa bhreis
ar an luach saothair atá ina phríomhoibleagáid chonarthach ag an trádálaí, go
háirithe i gcás inar tugadh an téarma isteach trí roghanna réamhshocraithe a
úsáid a bhfuil ar an tomhaltóir diúltú dóibh chun an íocaíocht bhreise a
sheachaint, níl an téarma sin ceangailteach ar an tomhaltóir ach amháin má
chomhthoiligh an tomhaltóir go sainráite leis an íocaíocht bhreise sula raibh
an tomhaltóir faoi cheangal ag an gconradh. Má íocann an tomhaltóir an íocaíocht bhreise, féadfaidh sé í a fháil ar
ais. 2.
Ní fhéadfaidh na páirtithe, chun aimhleasa an
tomhaltóra, feidhmiú an Airteagail seo a eisiamh ná maolú ar a éifeachtaí ná na
héifeachtaí sin a athrú. Airteagal 72
Clásail chumaisc 1.
I gcás ina bhfuil téarma i gconradh i scríbhinn á
rá go bhfuil téarmaí uile an chonartha ar fáil sa doiciméad (clásal cumaisc),
ní cuid den chonradh iad aon ráitis, gnóthais ná comhaontuithe a rinneadh roimhe
sin agus nach bhfuil sa doiciméad. 2.
Mura bhforáiltear a mhalairt sa chonradh, ní
chuireann clásal cumaisc cosc ar ráiteas a rinne páirtithe roimhe sin a úsáid
chun an conradh a léiriú. 3.
I gcás conartha idir trádálaí agus tomhaltóir, níl
an tomhaltóir faoi cheangal ag clásal cumaisc. 4.
Ní fhéadfaidh na páirtithe, chun aimhleasa an
tomhaltóra, feidhmiú an Airteagail seo a eisiamh ná maolú ar a éifeachtaí ná na
héifeachtaí sin a athrú. Airteagal 73
Praghas a chinneadh I gcás nach féidir méid an phraghais is iníoctha
faoi chonradh a chinneadh ar dhóigh eile, is ionann an praghas is iníoctha, in
éagmais aon chomhartha dá mhalairt, agus an praghas is gnách a ghearradh in
imthosca den tsamhail chéanna tráth a thugtar an conradh i gcrích nó, mura
bhfuil praghas den sórt sin ar fáil, is ionann é agus praghas réasúnta. Airteagal 74
Cinneadh aontaobhach páirtí 1.
I gcás ina bhfuil an praghas nó aon téarma conartha
eile le cinneadh ag páirtí amháin agus go ndéanann an páirtí sin cinneadh atá an‑mhíréasúnta,
cuirfear ina ionad an praghas is gnách a ghearradh nó an téarma is gnách a
úsáid in imthosca den tsamhail chéanna tráth a thugtar an conradh i gcrích nó,
mura bhfuil praghas den sórt sin ar fáil, cuirfear praghas réasúnta nó téarma
réasúnta ina ionad. 2.
Ní fhéadfaidh na páirtithe feidhmiú an Airteagail
seo a eisiamh ná maolú ar a éifeachtaí ná na héifeachtaí sin a athrú. Airteagal 75
Cinneadh tríú páirtí 1.
I gcás ina bhfuil an praghas nó aon téarma conartha
eile le cinneadh ag tríú páirtí agus nach féidir leis é a dhéanamh nó nach
ndéanfaidh sé é, féadfaidh cúirt duine eile a cheapadh lena chinneadh, mura
bhfuil sin ar neamhréir le téarmaí an chonartha. 2.
I gcás ina bhfuil an praghas nó aon téarma conartha
eile le cinneadh ag tríú páirtí agus go ndéanann an tríú páirtí sin cinneadh
atá an‑mhíréasúnta, cuirfear ina ionad an praghas is gnách a ghearradh nó an
téarma is gnách a úsáid in imthosca den tsamhail chéanna tráth a thugtar an
conradh i gcrích nó, mura bhfuil praghas den sórt sin ar fáil, cuirfear praghas
réasúnta nó téarma réasúnta ina ionad. 3.
Chun críche mhír 1 áirítear binse eadrána faoi bhrí
'cúirt'. 4.
I gcaidreamh idir trádálaí agus tomhaltóir ní
fhéadfaidh na páirtithe, chun aimhleasa an tomhaltóra, feidhmiú mhír 2 a
eisiamh, ná maolú ar a héifeachtaí ná na héifeachtaí sin a athrú. Airteagal 76
Teanga Maidir leis an teanga atá le húsáid i
gcumarsáid a bhaineann leis an gconradh nó leis na cearta nó na hoibleagáidí a
éiríonn as, mura féidir an teanga sin a chinneadh ar dhóigh eile is í an teanga
a úsáidtear chun an conradh a thabhairt i gcrích is ceart a úsáid. Airteagal 77
Conarthaí faid éiginnte 1.
I gcás oibleagáid chonarthach a chomhlíonadh go
leanúnach nó go leantach, mura bhfuil sé sonraithe sna téarmaí conartha cathain
a thiocfaidh deireadh leis an ngaol conarthach nó mura ndéantar foráil ann
maidir leis an gconradh a fhoirceannadh trí fhógra a thabhairt chuige sin,
féadfaidh ceachtar den dá pháirtí an conradh a fhoirceannadh trí thréimhse
réasúnta fógra a thabhairt nach faide ná dhá mhí. 2.
I gcaidreamh idir trádálaí agus tomhaltóir ní
fhéadfaidh na páirtithe, chun aimhleasa an tomhaltóra, feidhmiú an Airteagail
seo a eisiamh, ná maolú ar a éifeachtaí ná na héifeachtaí sin a athrú. Airteagal 78
Téarmaí conartha i bhfabhar tríú páirtithe 1.
Féadfaidh na páirtithe sa chonradh, trí bhíthin an
chonartha, ceart a thabhairt do thríú páirtí. Ní gá gurb ann don tríú páirtí ná go mbeidh sé sainaitheanta tráth a
thugtar an conradh i gcrích ach ní mór dó a bheith so‑aitheanta. 2.
Cinntear leis an gconradh cineál agus ábhar cheart
an tríú páirtí. Féadfaidh an ceart a bheith i bhfoirm eisiamh nó teorannú ar
dhliteanas an tríú páirtí i leith ceann de na páirtithe sa chonradh. 3.
I gcás ina bhfuil sé de cheangal ar cheann de na
páirtithe sa chonradh oibleagáid a chomhlíonadh don tríú páirtí faoin gconradh: (a)
tá na cearta céanna maidir le comhlíonadh agus
leigheasanna ar neamh‑chomhlíonadh ag an tríú páirtí agus a bheadh aige dá
mbeadh sé de cheangal ar an bpáirtí sa chonradh oibleagáid a chomhlíonadh faoi
chonradh leis an tríú páirtí; agus (b)
féadfaidh an páirtí sa chonradh a bhfuil ceangal
air gach cosaint a d'fhéadfadh sé a dhearbhú i gcoinne an pháirtí eile sa
chonradh, féadfaidh sé iad sin a dhearbhú i gcoinne an tríú páirtí. 4.
Aon cheart a thugtar do thríú páirtí, féadfaidh sé
é a dhiúltú trí fhógra a thabhairt do cheachtar de na páirtithe sa chonradh má
dhéantar amhlaidh sula nglactar leis an gceart go sainráite nó go hintuigthe.
Nuair a dhéantar diúltú den sórt sin, déileáiltear leis an gceart ar nós nár
fhabhraigh sé riamh chuig an tríú páirtí. 5.
Féadfaidh na páirtithe sa chonradh an téarma
conartha lena dtugtar an ceart a bhaint den chonradh nó a mhodhnú má dhéantar
amhlaidh sula dtugann ceachtar acu fógra don tríú páirtí go bhfuil an ceart
tugtha. Caibidil 8 Téarmaí
éagóracha conartha Roinn 1 Forálacha ginearálta Airteagal 79
Éifeachtaí dlíthiúla téarmaí éagóracha conartha 1.
Aon téarma conartha arna sholáthar ag páirtí amháin
agus atá éagórach de réir Roinn 2 agus Roinn 3 den Chaibidil seo, ní
bheidh an téarma sin ina cheangal ar an bpáirtí eile. 2.
I gcás inar féidir an conradh a choinneáil in
éagmais an téarma éagóraigh conartha, beidh na téarmaí eile fós ina gceangal. Airteagal 80
Eisiaimh ón tástáil le haghaidh éagóra 1.
Níl feidhm ag Roinn 2 ná ag Roinn 3 maidir le
téarmaí conartha a bhaineann le rialacha an Dlí Choitinn Díolacháin Eorpaigh a
mbeadh feidhm acu mura mbeadh an t‑ábhar á rialú ag na téarmaí. 2.
Níl feidhm ag Roinn 2 maidir le sainmhíniú
phríomhábhar an chonartha ná maidir lena oiriúnaí atá an praghas atá le híoc
fad agus atá an dualgas trédhearcachta comhlíonta ag an trádálaí i gcomhréir le
hAirteagal 82. 3.
Níl feidhm ag Roinn 3 maidir le sainmhíniú
phríomhábhar an chonartha ná maidir lena oiriúnaí atá an praghas atá le híoc. Airteagal 81
Cur i bhfeidhm sainordaitheach fhorálacha na Caibidle seo Ní fhéadfaidh na páirtithe feidhmiú na
Caibidle seo a eisiamh ná maolú ar a héifeachtaí ná na héifeachtaí sin a athrú.
Roinn 2 Téarmaí éagóracha i gconarthaí idir trádálaí agus tomhaltóir Airteagal 82
An dualgas trédhearcachta maidir le téarmaí conartha nár caibidlíodh ar
leithligh I gcás ina soláthraíonn trádálaí téarmaí
conartha nár caibidlíodh ar leithligh leis an tomhaltóir de réir bhrí Airteagal 7,
tá de dhualgas ar an trádálaí a áirithiú go ndéantar iad a dhréachtú agus a
chur in iúl i dteanga shoiléir shothuigthe. Airteagal 83
An bhrí atá le "éagórach" i gconarthaí idir trádálaí agus
tomhaltóir 1.
I gconradh idir trádálaí agus tomhaltóir, aon
téarma conartha a sholáthraíonn an trádálaí agus nár caibidlíodh ar leithligh
de réir bhrí Airteagal 7, is téarma conartha éagórach é sin chun críocha
na Roinne seo má chruthaíonn sé éagothroime shuntasach maidir le cearta agus
oibleagáidí na bpáirtithe faoin gconradh, chun aimhleasa an tomhaltóra,
contrártha le meon macánta agus cóirdhéileáil. 2.
Agus measúnú á dhéanamh ar a éagóraí atá téarma
chun críocha na Roinne seo, tabharfar aird ar na nithe seo a leanas: (a)
má chomhlíon an trádálaí an dualgas trédhearcachta
atá leagtha amach in Airteagal 82; (b)
an cineál ní a sholáthrófar faoin gconradh; (c)
na himthosca faoina dtugtar an conradh i gcrích; (d)
na téarmaí conartha eile; agus (e)
téarmaí aon chonartha eile ar a bhfuil an conradh
ag brath. Airteagal 84
Téarmaí conartha atá éagórach i gcónaí Téarma éagórach atá i dtéarma conartha i
gcónaí chun críocha na Roinne seo más é seo a leanas is cuspóir dó nó is
éifeacht leis: (a) dliteanas an trádálaí a eisiamh nó a
chur faoi theorainn i leith bhás an tomhaltóra nó i leith díobhála pearsanta
don tomhaltóir a tharla de bharr ghnímh nó neamhghnímh de chuid an trádálaí nó
de bharr gnímh nó neamhghnímh duine éigin atá ag gníomhú thar ceann an
trádálaí; (b) dliteanas an trádálaí a eisiamh nó a
chur faoi theorainn i leith aon chaillteanais nó damáiste don tomhaltóir a
tharla d'aon ghnó nó de bharr mórfhaillí; (c) teorainn a chur le hoibleagáid an
trádálaí a bheith faoi cheangal ag na ceangaltais a ghabh a ghníomhairí
údaraithe orthu féin nó na ceangaltais sin a chur faoi réir comhlíonadh
coinníll shonraigh, ar coinníoll é a bhfuil a chomhlíonadh ag brath ar an
trádálaí, agus airsean amháin; (d) ceart an tomhaltóra caingean dlí a
thionscnamh nó aon leigheas dlí eile a fheidhmiú, a eisiamh, nó a bhac, go
háirithe tríd an tomhaltóir a chur faoi cheanglas díospóidí a thabhairt go
heisiach chuig córas eadrána nach ndéantar foráil ina leith de ghnáth i
bhforálacha dlíthiúla a bhfuil feidhm acu maidir le conarthaí idir trádálaí
agus tomhaltóir; (e) maidir le gach díospóid a thagann
chun cinn faoin gconradh, dlínse eisiach a thabhairt do chúirt san áit a bhfuil
an trádálaí lonnaithe ach amháin más ionann an chúirt sin agus an chúirt san
áit a bhfuil sainchónaí ar an tomhaltóir; (f) an ceart eisiach a thabhairt don
trádálaí cinneadh an bhfuil na hearraí, an t‑ábhar digiteach nó na seirbhísí
gaolmhara i gcomhréir leis an gconradh nó an ceart eisiach a thabhairt dó aon
téarma conartha a léiriú; (g) foráil a dhéanamh go bhfuil an
tomhaltóir faoi cheangal ag an gconradh nuair nach bhfuil an trádálaí faoina
cheangal; (h) ceangal a chur ar an tomhaltóir modh
níos foirmiúla a úsáid chun an conradh a fhoirceannadh de réir bhrí Airteagal 8
ná an modh a úsáideadh chun an conradh a thabhairt i gcrích; (i) tréimhse fógra níos giorra a
thabhairt don trádálaí chun an conradh a fhoirceannadh ná an tréimhse a
cheanglaítear ar an tomhaltóir; (j) oibleagáid a chur ar an tomhaltóir
íoc as earraí, ábhar digiteach nó seirbhísí gaolmhara nár seachadadh, nár
soláthraíodh nó nár tugadh ar chor ar bith; (k) cinneadh go bhfuil forlámhas ag
téarmaí conartha nár caibidlíodh ar leithligh de réir bhrí Airteagal 7 ar
théarmaí a caibidlíodh ar leithligh nó go dtugtar tosaíocht dóibh ar théarmaí a
caibidlíodh ar leithligh. Airteagal 85
Téarmaí conartha a mheastar a bheith éagórach Meastar go bhfuil téarma conartha éagórach
chun críocha na Roinne seo más é seo a leanas is cuspóir dó nó is éifeacht
leis: (a) srian a chur leis an bhfianaise atá
ar fáil don tomhaltóir nó dualgas cruthúnais a chur ar an tomhaltóir ar dualgas
é ba cheart ó thaobh dlí a bheith ar an trádálaí; (b) na leigheasanna a eisiamh nó a chur
faoi theorainn go míchuí ar leigheasanna iad atá ar fáil don tomhaltóir i
gcoinne an trádálaí nó i gcoinne tríú páirtí i gcás nach gcomhlíonann an
trádálaí oibleagáidí faoin gconradh; (c) an ceart chun éilimh a d'fhéadfadh a
bheith ag an tomhaltóir i gcoinne an trádálaí a fhritháireamh i gcoinne an méid
a d'fhéadfadh a bheith dlite don trádálaí ón tomhaltóir, an ceart sin a eisiamh
nó a chur faoi theorainn go míchuí; (d) cead a thabhairt do thrádálaí
airgead a d'íoc an tomhaltóir a choinneáil má chinneann an tomhaltóir nach
dtabharfar an conradh i gcrích nó nach gcomhlíonfar oibleagáidí faoi, gan
foráil a dhéanamh go dtabharfadh an trádálaí suim choibhéiseach don tomhaltóir
mar chúiteamh ina mhalairt de chás; (e) ceangal a chur ar aon tomhaltóir
nach gcomhlíonann a oibleagáidí faoin gconradh méid atá go díréireach ard a íoc
mar dhamáistí nó mar íocaíocht shonraithe as neamh‑chomhlíonadh; (f) ceart a thabhairt do thrádálaí
tarraingt siar ón gconradh nó an conradh a fhoirceannadh de réir bhrí Airteagal 8
ar bhonn lánroghnach gan an ceart céanna a thabhairt don tomhaltóir, nó ceart a
thabhairt do thrádálaí airgead a íocadh as seirbhísí gaolmhara nár soláthraíodh
go fóill a choinneáil i gcás ina dtarraingíonn an trádálaí siar ón gconradh nó
ina ndéantar an conradh a fhoirceannadh; (g) trádálaí a chumasú conradh faid
éiginnte a fhoirceannadh gan fógra réasúnta a thabhairt, seachas i gcás ina
bhfuil cúiseanna tromchúiseacha ann é sin a dhéanamh; (h) conradh faid chinnte a fhadú go
huathoibríoch mura gcuireann an tomhaltóir a mhalairt in iúl, i gcásanna ina
ndéantar foráil le téarmaí an chonartha maidir le sprioc chun fógra a thabhairt
atá míréasúnta luath; (i) trádálaí a chumasú téarmaí conartha
a athrú go haontaobhach gan cúis bhailí a bheith sonraithe sa chonradh; ní
dhéanann sin difear do théarmaí conartha faoina bhforchoimeádann trádálaí an
ceart na téarmaí a bhaineann le conradh faid éiginnte a athrú go haontaobhach,
ar choinníoll go mbeidh de cheangal ar an trádálaí é sin a chur in iúl don
tomhaltóir le fógra réasúnta, agus go mbeidh cead ag an tomaltóir an conradh a
fhoirceannadh gan aon chostas a ghearradh ar an tomhaltóir; (j) trádálaí a chumasú aon saintréithe
de chuid na n‑earraí, an ábhair dhigitigh nó na seirbhísí gaolmhara atá le
soláthar a athrú go haontaobhach gan cúis bhailí nó aon tréithe eile den
chomhlíonadh a athrú amhlaidh; (k) foráil a dhéanamh go gcinnfear
praghas na n‑earraí, an ábhair dhigitigh nó na seirbhísí gaolmhara tráth a
sheachadtar nó a sholáthraítear iad, nó cead a thabhairt do thrádálaí an
praghas a ardú gan cead a thabhairt don tomhaltóir tarraingt siar má tá an
praghas ardaithe sin ró-ard i ndáil leis an bpraghas a comhaontaíodh tráth a
tugadh an conradh i gcrích; ní dhéanann sin difear do chlásail innéacsaithe
praghsanna, nuair is dleathach sin, ar choinníoll go ndéantar tuairisc
shainráite ar an modh athraithe praghsanna; (l) oibleagáid a chur ar thomhaltóir na
hoibleagáidí ar fad faoin gconradh a chomhlíonadh i gcás ina mainníonn an
trádálaí a oibleagáidí féin a chomhlíonadh; (m) cead a thabhairt do thrádálaí a
chearta agus a oibleagáidí faoin gconradh a aistriú gan toiliú an tomhaltóra,
ach amháin más chuig fochuideachta atá á rialú ag an trádálaí a aistrítear iad
nó má dhéantar sin de thoradh cumaisc nó idirbhirt dhleathaigh cuideachta den
chineál céanna agus nach dócha go mbeidh drochthionchar ag aistriú den chineál
sin ar aon cheart de chuid an tomhaltóra; (n) cead a thabhairt do thrádálaí, i
gcás nach bhfuil ar ordaíodh ar fáil, coibhéis a sholáthar gan an tomhaltóir a
chur ar an eolas go sainráite roimh ré faoin bhféidearthacht sin agus faoin
dóigh nach mór don trádálaí íoc as an gcostas a bhaineann lena bhfuil faighte
ag an tomhaltóir faoin gconradh a thabhairt ar ais má fheidhmíonn an tomhaltóir
an ceart diúltú do chomhlíonadh an chonartha; (o) cead a thabhairt do thrádálaí
tréimhse atá i bhfad rófhada nó atá sonraithe go huireasach a leagan amach chun
glacadh le tairiscint nó chun tairisicint a dhiúltú; (p) cead a thabhairt do thrádálaí
tréimhse atá rófhada ar fad nó atá sonraithe go huireasach a leagan amach chun
na hoibleagáidí faoin gconradh a chomhlíonadh; (q) na leigheasanna atá ar fáil don
tomhaltóir i gcoinne an trádálaí a eisiamh nó a chur faoi theorainn go míchuí
nó na cosaintí atá ar fáil don tomhaltóir i gcoinne éileamh ón trádálaí a
eisiamh nó a chur faoi theorainn go míchuí; (r) oibleagáidí a chomhlíonann an
trádálaí faoin gconradh nó éifeachtaí tairbheacha eile a bhaineann leis an
gconradh don tomhaltóir a chur faoi réir foirmiúlachtaí áirithe nach bhfuil
ceangailteach ó thaobh an dlí agus atá míréasúnta; (s) réamhíocaíochtaí iomarcacha nó
ráthaíochtaí iomarcacha maidir le comhlíonadh oibleagáidí a chur de cheangal ar
an tomhaltóir; (t) an tomhaltóir a chosc gan chall ar
sholáthairtí nó deisiúcháin a fháil ó fhoinsí tríú páirtí; (u) an conradh a chuachadh gan chall le
conradh eile leis an trádálaí, le fochuideachta de chuid an trádálaí, nó le
tríú páirtí, ar bhealach nach bhféadfadh an tomhaltóir le réasún a bheith ag
súil leis; (v) dualgas iomarcach a chur ar an
tomhaltóir chun conradh faid éiginnte a fhoirceannadh; (w) maidir le conradh chun earraí, ábhar
digiteach nó seirbhísí gaolmhara a sholáthar go leanúnach, tréimhse tosaigh an
chonartha, nó aon tréimhse athnuachana, a bheith níos faide ná aon bhliain
amháin, ach amháin má fhéadfaidh an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh am ar
bith le tréimhse foirceanta nach faide ná 30 lá. Roinn 3 Téarmaí éagóracha i gconarthaí idir trádálaithe Airteagal 86
An bhrí atá le "éagórach" i gconarthaí idir trádálaithe 1.
I gconradh idir trádálaithe, téarma éagórach is ea
é téarma conartha chun críocha na Roinne seo sa chás seo amháin: (a)
más cuid de théarmaí nár caibidlíodh ar leithligh é
de réir bhrí Airteagal 7; agus (b)
más de chineál é go gclaontar go mór ó dhea‑chleachtas
tráchtála nuair a úsáidtear é, contrártha le meon macánta agus cóirdhéileáil. 2.
Agus measúnú á dhéanamh ar a éagóraí atá téarma
chun críocha na Roinne seo, tabharfar aird ar na nithe seo a leanas: (a)
an cineál ní a sholáthrófar faoin gconradh; (b)
na himthosca faoina dtugtar an conradh i gcrích; (c)
na téarmaí conartha eile; agus (d)
téarmaí aon chonartha eile ar a bhfuil an conradh
ag brath. Cuid IV Oibleagáidí
agus leigheasanna páirtithe i gconradh díola nó i gconradh chun ábhar digiteach
a sholáthar Caibidil 9 Forálacha
ginearálta Airteagal 87
Neamh‑chomhlíonadh agus neamh‑chomhlíonadh bunúsach 1.
Is éard is neamh‑chomhlíonadh oibleagáide ann,
mainneachtain i dtaobh an oibleagáid a chomhlíonadh, cibé acu a scaoiltear leis
an mainneachtain nó nach scaoiltear, agus áirítear leis na nithe seo a leanas: (a)
earraí nach seachadtar nó moill ar sheachadadh
earraí; (b)
ábhar digiteach nach soláthraítear nó moill ar
sholáthar ábhair dhigitigh; (c)
earraí a sheachadtar nach bhfuil i gcomhréir leis
an gconradh; (d)
ábhar digiteach a sholáthraítear nach bhfuil i
gcomhréir leis an gconradh; (e)
praghas nach n‑íoctar nó moill ar íoc an phraghais;
agus (f)
aon chomhlíonadh airbheartaithe eile nach bhfuil i
gcomhréir leis an gconradh. 2.
I gcás nach gcomhlíonann páirtí amháin oibleagáid,
is neamh‑chomhlíonadh bunúsach é sna cásanna seo a leanas: (a)
má bhaineann sé den pháirtí eile an méid a raibh an
páirtí sin i dteideal a bheith ag súil leis faoin gconradh, ach amháin i gcás
nár thuar an páirtí neamh‑chomlíontach, nó nach bhféadfaí a bheith ag súil gur
thuar sé, an toradh sin tráth a tugadh an conradh i gcrích; nó (b)
más neamh‑chomhlíonadh é a léiríonn nach bhféadfaí
brath ar chomhlíonadh an pháirtí neamh‑chomhlíontaigh sa todhchaí. Airteagal 88
Neamh‑chomhlíonadh a scaoiltear leis 1.
I gcás nach gcomhlíonann páirtí oibleagáid,
scaoilfear leis más é is cúis leis an neamh‑chomhlíonadh bac nach bhfuil aon
neart ag an bpáirtí sin air agus mura bhféadfaí a bheith ag súil leis an mbac
sin a bheith curtha san áireamh ag an bpáirtí tráth a tugadh an conradh i
gcrích, nó a bheith ag súil leis an mbac nó le hiarmhairtí an bhaic a bheith
seachanta nó sáraithe. 2.
I gcás baic shealadaigh, scaoiltear leis an neamh‑chomhlíonadh
fad is a mhaireann an bac. Más é neamh‑chomhlíonadh bunúsach an toradh ar an
moill, áfach, féadfaidh an páirtí eile caitheamh leis mar neamh‑chomhlíonadh. 3.
Tá sé de dhualgas ar an bpáirtí nach bhfuil in ann
an oibleagáid a chomhlíonadh a áirithiú go bhfaigheann an páirtí eile fógra
faoin mbac agus faoi thionchar an bhaic ar chomhlíonadh laistigh de thréimhse
réasúnta ón uair a bheidh an chéad pháirtí ar an eolas, nó a d’fhéadfaí a
bheith ag súil leis an gcéad pháirtí a bheith ar an eolas, faoi na himthosca
sin. Beidh an páirtí eile i dteideal damáistí i ngeall ar aon chaillteanas de
thoradh shárú an dualgais sin. Airteagal 89
Athrú sna himthosca 1.
Ní foláir do pháirtí a chuid oibleagáidí a
chomhlíonadh fiú amháin má tá an comhlíonadh dochraideach de thoradh go bhfuil
méadú tagtha ar chostas an chomhlíonta nó de bharr go bhfuil laghdú tagtha ar
an méid atá le fáil ar ais. I gcás ina mbíonn comhlíonadh ró-dhochraideach
toisc athrú eisceachtúil a theacht ar na himthosca, tá dualgas ar na páirtithe
dul i mbun caibidlíochtaí d'fhonn an conradh a oiriúnú nó a fhoirceannadh. 2.
Mura dtagann na páirtithe ar chomhaontú laistigh de
thréimhse réasúnta, féadfaidh an chúirt an méid seo a leanas a dhéanamh, ar
iarrtas ó cheachtar den dá pháirtí: (a)
an conradh a oiriúnú chun go mbeidh sé i gcomhréir
leis an méid a mbeadh comhaontaithe go réasúnach ag na páirtithe tráth a
aontaíodh an conradh dá mbeidís tar éis an t‑athrú sna himthosca a chur san
áireamh; nó (b)
an conradh a fhoirceannadh de réir bhrí Airteagal 8
ar dháta agus ar théarmaí a bheidh le cinneadh ag an gcúirt. 3.
Beidh feidhm ag mír 1 agus ag mír 2 sna
cásanna seo amháin: (a)
má tháinig athrú ar na himthosca tar éis an conradh
a thabhairt i gcrích; (b)
murar thug an páirtí a bhí ag brath ar an athrú ar
na himthosca san áireamh an uair sin, agus mura bhféadfaí a bheith ag súil leis
a thabhairt san áireamh, féidearthacht nó scála an athruithe sin sna himthosca;
agus (c)
mura ghlac an páirtí éagóirithe leis an mbaol, agus
mura féidir a mheas go réasúnach gur ghlac sé leis, go dtiocfadh athrú sna
himthosca. 4.
Chun críche mhír 2 agus mhír 3, áirítear binse
eadrána faoi bhrí 'cúirt'. Airteagal 90
Síneadh a chur le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le híocaíocht agus
earraí nó ábhar digiteach nár glacadh leo 1.
Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt, beidh feidhm
ag na rialacha maidir leis an gceannaitheoir an praghas a íoc, arna leagan síos
i gCaibidil 12, agus oiriúnuithe iomchuí déanta ar íocaíochtaí eile. 2.
Beidh feidhm ag Airteagal 97 agus
oiriúnuithe iomchuí déanta maidir le cásanna eile ina bhfágtar earraí nó ábhar
digiteach i seilbh duine toisc nár ghlac duine eile leo nuair a bhí ceangal air
é sin a dhéanamh. Caibidil 10 Oibleagáidí
an díoltóra Roinn 1 Forálacha ginearálta Airteagal 91
Príomhoibleagáidí an díoltóra Ní foláir do dhíoltóir na n‑earraí nó
soláthróir an ábhair dhigitigh (dá ngairtear 'an díoltóir' sa chuid seo): (a) na hearraí a sheachadadh nó an t‑ábhar
digiteach a sholáthar; (b) úinéireacht na n‑earraí a aistriú,
lena n‑áirítear an meán inláimhsithe ar a sholáthraítear an t‑ábhar digiteach; (c) a áirithiú go bhfuil na hearraí nó
an t‑ábhar digiteach i gcomhréir leis an gconradh; (d) a áirithiú go bhfuil an ceart ag an
gceannaitheoir an t‑ábhar digiteach a úsáid i gcomhréir leis an gconradh; agus (e) na doiciméid a sheachadadh atá in
ionannas na n‑earraí sin nó a bhaineann leo nó leis an ábhar digiteach, de réir
mar a bheidh i gceanglais an chonartha. Airteagal 92
Comhlíonadh tríú páirtí 1.
Féadfaidh díoltóir comhlíonadh a chur de chúram ar
dhuine eile, ach amháin má cheanglaítear comhlíonadh pearsanta an díoltóra i
dtéarmaí an chonartha. 2.
Díoltóir a thugann cúram an chomhlíonta do dhuine
eile, leanfaidh sé de bheith freagrach as an gcomhlíonadh. 3.
I gcaidreamh idir trádálaí agus tomhaltóir ní
fhéadfaidh na páirtithe, chun aimhleasa an tomhaltóra, feidhmiú mhír 2 a
eisiamh, ná maolú ar a héifeachtaí ná na héifeachtaí sin a athrú. Roinn 2 Seachadadh Airteagal 93
Áit seachadta 1.
I gcás nach féidir an áit seachadta a chinneadh ar
dhóigh eile is í an áit seachadta: (a)
áit chónaithe an tomhaltóra tráth a thugtar an
conradh i gcrích i gcás conartha díola le tomhaltóirí nó conradh chun ábhar
digiteach a sholáthar, ar cianchonradh nó conradh seacháitribh é, nó i gcás gur
conradh é ina nglacann an díoltóir ar láimh na hearraí a chur á n‑iompar chuig
an gceannaitheoir; (b)
i ngach cás eile, (i) an pointe bailithe is cóngaraí don
chéad iompróir i gcás ina mbíonn iompróir nó roinnt iompróirí ag iompar earraí mar
chuid den chonradh díola; (ii) áit ghnó an díoltóra tráth a thugtar
an conradh i gcrích i gcás nach bhfuil iompar ina chuid den chonradh. 2.
Má tá níos mó ná áit ghnó amháin ag an díoltóir, is
é an áit ghnó chun críocha phointe (b) de mhír 1 an áit is mó a bhfuil baint
aici leis an oibleagáid seachadta. Airteagal 94
Modh seachadta 1.
Mura gcomhaontaítear a mhalairt, is é an díoltóir a
chomhlíonfaidh an oibleagáid seachadta sna cásanna seo a leanas: (a)
i gcás conartha díola le tomhaltóirí nó conradh
chun ábhar digiteach a sholáthar ar cianchonradh nó conradh seacháitribh é nó i
gcás gur conradh é ina nglacann an díoltóir ar láimh na hearraí a chur á n‑iompar
chuig an gceannaitheoir, trí sheilbh nó rialú na n‑earraí nó an ábhair
dhigitigh a aistriú chuig an tomhaltóir; (b)
i gcásanna eile ina n‑iompraíonn an t‑iompróir na
hearraí mar chuid den chonradh, trí na hearraí a thabhairt don chéad iompróir
le haistriú chuig an gceannaitheoir agus trí aon doiciméad is gá a thabhairt
don cheannaitheoir chun go mbeidh sé ar a chumas na hearraí a thógáil ón
iompróir a bhfuil na hearraí ina sheilbh aige; nó (c)
i gcásanna nach dtagann faoi (a) ná (b), trí na
hearraí nó an t‑ábhar digiteach a chur ar fáil don díoltóir, nó má
chomhaontaítear nach gá don díoltóir ach na doiciméid atá in ionannas na n‑earraí
a sheachadadh, trí na doiciméid a chur ar fáil don díoltóir. 2.
I bpointe (a) agus i bpointe (c) de mhír 1,
áirítear le haon tagairt don tomhaltóir nó don cheannaitheoir tríú páirtí,
seachas an t‑iompróir, a luann an tomhaltóir nó an ceannaitheoir i gcomhréir
leis an gconradh. Airteagal 95
Am seachadta 1.
Nuair nach féidir an t‑am seachadta a chinneadh ar
dhóigh eile, ní foláir na hearraí nó an t‑ábhar digiteach a sheachadadh gan
moill mhíchuí tar éis an conradh a thabhairt i gcrích. 2.
I gcás conarthaí idir trádálaí agus tomhaltóir,
mura mbeidh a mhalairt comhaontaithe ag na páirtithe, ní foláir don trádálaí na
hearraí nó an t‑ábhar digiteach a sheachadadh tráth nach déanaí ná 30 lá ón lá
ar a dtugtar an conradh i gcrích. Airteagal 96
Oibleagáidí an díoltóra maidir le hearraí a iompar 1.
I gcás ina gceanglaíonn an conradh ar an díoltóir
na hearraí a chur á n‑iompar, ní foláir don díoltóir na conarthaí is gá a
thabhairt i gcrích maidir le hiompar chuig an áit atá socraithe, trí mhodh
iompair is iomchuí sna himthosca sin agus i gcomhréir leis na gnáth‑théarmaí a
bhaineann le hiompar den sórt sin. 2.
I gcás ina ndéanann an díoltóir, i gcomhréir leis
an gconradh, na hearraí a thabhairt d’iompróir agus nach n‑aithnítear na
hearraí go soiléir le marcanna orthu, le doiciméid loingseoireachta nó ar shlí
eile, mar na hearraí atá le soláthar faoin gconradh, ní foláir don díoltóir
fógra a thabhairt don cheannaitheoir faoin gcoinsíneacht ina sonrófar na
hearraí. 3.
I gcás nach gceanglaíonn an conradh ar an díoltóir
árachas a fháil i ndáil le hiompar na n‑earraí, ní foláir don díoltóir, ar
iarratas ón gceannaitheoir, an fhaisnéis ar fad is gá atá ar fáil a sholáthar
don cheannaitheoir chun a chur ar chumas an cheannaitheora an t‑árachas sin a
fháil. Airteagal 97
Earraí nó ábhar digiteach nach nglacann an ceannaitheoir leo 1.
Maidir le díoltóir a bhfágtar na hearraí nó an t‑ábhar
digiteach ina sheilbh toisc nár ghlac an ceannaitheoir leis an seachadadh nuair
a bhí sé de cheangal air, ní foláir don díoltóir sin bearta réasúnta a dhéanamh
chun na hearraí sin a chosaint agus a chaomhnú. 2.
Scaoiltear an díoltóir ón oibleagáid seachadta sna
cásanna seo a leanas: (a)
má fhágann an díoltóir na hearraí nó an t‑ábhar
digiteach le tríú páirtí a choinneoidh iad ar théarmaí réasúnta go dtí go
bhfaighidh sé ordú ón gceannaitheoir, agus má thugtar fógra don cheannaitheoir
ina leith sin; nó (b)
má dhíolann an díoltóir na hearraí nó an t‑ábhar
digiteach ar théarmaí réasúnta tar éis fógra a thabhairt don cheannaitheoir,
agus má íocann sé na glanfháltais leis an gceannaitheoir. 3.
Tá an díoltóir i dteideal aisíocaíochta nó aon
chostais a thabhaítear go réasúnta as an díolachán a choinneáil. Airteagal 98
An éifeacht atá le riosca a chur ar aghaidh Is le Caibidil 14 a rialaítear an
éifeacht atá ag seachadadh ar an riosca a chur ar aghaidh. Roinn 3 Comhréireacht na nearraí agus an ábhair dhigitigh Airteagal 99
Comhréireacht leis an gconradh 1.
Chun go mbeidh siad i gcomhréir leis an gconradh,
ní foláir do na hearraí nó don ábhar digiteach na coinníollacha seo a leanas a
chomhlíonadh: (a)
méid, cáilíocht agus tuairisc na n‑earraí agus an
ábhair dhigitigh a bheith ag teacht le ceanglais an chonartha; (b)
iad a bheith coinnithe nó pacáistithe ar an
mbealach a cheanglaítear leis an gconradh; agus (c)
iad a sholáthar in éineacht le haon ghabhálais,
treoracha suiteála nó aon treoracha eile a cheanglaítear leis an gconradh. 2.
Chun go mbeidh siad i gcomhréir leis an gconradh,
ní foláir do na hearraí nó don ábhar digiteach ceanglais Airteagal 100, Airteagal 101
agus Airteagal 102 a chomhlíonadh, sa mhéid nach mbeidh a mhalairt
comhaontaithe ag na páirtithe. 3.
I gcás conartha díola le tomhaltóirí, aon
chomhaontú ar maolú é ó cheanglais Airteagal 100, Airteagal 102 agus Airteagal 103
chun aimhleasa an tomhaltóra, ní bheidh sé bailí ach amháin má bhí eolas ag an
tomhaltóir ar riocht shonrach na n‑earraí nó an ábhair dhigitigh tráth a tugadh
i gcrích an conradh agus má ghlac sé go raibh na hearraí nó an t‑ábhar
digiteach i gcomhréir leis an gconradh nuair a tugadh i gcrích é. 4.
I gcás conartha díola le tomhaltóirí, ní
fhéadfaidh na páirtithe, chun aimhleasa an tomhaltóra, feidhmiú mhír 3 a
eisiamh ná maolú ar a héifeachtaí ná na héifeachtaí sin a athrú. Airteagal 100
Critéir maidir le comhréireacht na n‑earraí agus an ábhair dhigitigh Ní foláir na hearraí nó an t‑ábhar digiteach: (a) a bheith oiriúnach chun críche ar
leith a cuireadh in iúl don díoltóir tráth a tugadh an conradh i gcrích, ach
amháin i gcás inar léir nach raibh an ceannaitheoir ag brath ar scil agus
breithiúnas an díoltóra, nó go raibh sé míréasúnta ag an gceannaitheoir bheith
ag brath air sin; (b) a bheith oiriúnach chun críocha a
d'úsáidfí earraí nó ábhar digiteach den chineál sin de ghnáth; (c) cailíochtaí na n‑earraí nó an ábhair
dhigitigh a thaispeáin an díoltóir don cheannaitheoir mar shampla nó mar
shamhail a bheith acu; (d) a bheith coinnithe nó pacáistithe ar
an mbealach is gnách d’earraí dá samhail nó, i gcás nach ann dá leithéid, ar
bhealach ar leor é chun na hearraí a chaomhnú agus a chosaint; (e) a bheith á soláthar lena leithéid de
ghabhálais, de threoracha suiteála nó de threoracha eile a mbeadh an
ceannaitheoir ag súil go réasúnta lena bhfáil; (f) na cáilíochtaí agus na
hinniúlachtaí comhlíonta a luaitear in aon ráiteas réamhchonarthach, ar cuid é
de théarmaí an chonartha de bhua Airteagal 69, a bheith acu; agus (g) na cáilíochtaí agus na hinniúlachtaí
comhlíonta a mbeadh an ceannaitheoir ag súil leo a bheith acu. Nuair a dhéanfar
cinneadh maidir leis an méid is féidir leis an tomhaltóir a bheith ag súil le
bheith san ábhar digiteach, ní foláir aird a thabhairt ar cé acu a soláthraíodh
an t‑ábhar digiteach mar mhalairt ar íocaíocht praghais nó nár soláthraíodh. Airteagal 101
Suiteáil mhícheart faoi chonradh díola le tomhaltóirí 1.
I gcás ina ndéantar earraí nó ábhar digiteach arna
soláthar faoi chonradh díola le tomhaltóirí a shuiteáil go mícheart, meastar
gur neamh‑chomhréireacht na n‑earraí nó an ábhair dhigitigh aon neamh‑chomhréireacht
atá mar thoradh ar an tsuiteáil mhícheart sna cásanna seo a leanas: (a)
más é an díoltóir a rinne na hearraí nó an t‑ábhar
digiteach a shuiteáil, nó má rinneadh faoina fhreagracht é; nó (b)
más é an tomhaltóir a bhí ceaptha na hearraí nó an t‑ábhar
digiteach a shuiteáil agus más easnamh sna treoracha suiteála ba chúis leis an
tsuiteáil mhícheart. 2.
Ní fhéadfaidh na páirtithe, chun aimhleasa an
tomhaltóra, feidhmiú an Airteagail seo a eisiamh ná maolú ar a éifeachtaí ná na
héifeachtaí sin a athrú. Airteagal 102
Cearta nó éilimh tríú páirtí 1.
Ní foláir na hearraí bheith saor ó aon cheart agus
ní foláir an t‑ábhar digiteach bheith saor ó aon cheart nó ó aon éileamh tríú
páirtí nach léir gan bunús a bheith leis. 2.
Maidir le cearta nó éilimh atá bunaithe ar mhaoin
intleachtúil, faoi réir mhír 3 agus mhír 4, ní foláir na hearraí sin
bheith saor ó aon cheart agus ní foláir an t‑ábhar digiteach bheith saor ó aon
cheart nó ó aon éileamh tríú páirtí nach léir gan bunús a bheith leis: (a)
faoi dhlí an stáit ina n‑úsáidfear na hearraí nó an
t‑ábhar digiteach de réir an chonartha nó, in éagmais comhaontaithe den chineál
sin, faoi dhlí an stáit ina bhfuil gnó an cheannaitheora nó i gcás conarthaí
idir trádálaí agus tomhaltóir, an stát ina bhfuil áit chónaithe an tomhaltóra a
luann sé tráth a thugtar an conradh i gcrích; agus (b)
a raibh an díoltóir ar an eolas faoi nó a
d'fhéadfaí a bheith ag súil é a bheith ar an eolas faoi tráth a tugadh an
conradh i gcrích. 3.
I gcás conarthaí idir gnóthais, ní bheidh feidhm
ag mír 2 i gcás ina raibh an ceannaitheoir ar an eolas, nó i gcás ina bhféadfaí
a bheith ag súil é a bheith ar an eolas, faoi na cearta nó na héilimh atá
bunaithe ar mhaoin intleachtúil tráth a tugadh an conradh i gcrích. 4.
I gcás conarthaí idir trádálaí agus tomhaltóir,
ní bheidh feidhm ag mír 2 i gcás ina raibh an tomhaltóir ar an eolas faoi na
cearta nó na héilimh atá bunaithe ar mhaoin intleachtúil tráth a tugadh an
conradh i gcrích. 5.
I gcás conarthaí idir trádálaí agus tomhaltóir,
ní fhéadfaidh na páirtithe, chun aimhleasa an tomhaltóra, feidhmiú an
Airteagail seo a eisiamh, ná maolú ar a éifeachtaí ná na héifeachtaí sin a
athrú. Airteagal 103
Teorainn le comhréireacht ábhair dhigitigh Ní mheastar nach bhfuil ábhar digiteach i
gcomhréir leis an gconradh de bhrí go bhfuil ábhar digiteach nuashonraithe ar
fáil tar éis an conradh a thabhairt i gcrích, agus de bhrí sin amháin. Airteagal 104
Eolas an cheannaitheora ar easpa comhréireachta i gconradh idir trádálaithe I gcás conartha idir trádálaithe, níl an
díoltóir faoi dhliteanas easpa comhréireachta na n‑earraí más rud, tráth a
tugadh an conradh i gcrích, go raibh an ceannaitheoir ar an eolas faoin easpa
comhréireachta nó nach bhféadfadh sé gan a bheith ar an eolas faoi. Airteagal 105
Am ábhartha chun comhréireacht a shuíomh 1.
Tá an díoltóir faoi dhliteanas aon easpa
comhréireachta atá ann tráth a chuirtear an riosca ar aghaidh chuig an
gceannaitheoir faoi Chaibidil 14. 2.
I gcás conartha díola le tomhaltóirí, glactar
leis i gcás aon easpa comhréireachta a thagann chun solais laistigh de shé mhí
ón uair a aistrítear an riosca chuig an gceannaitheoir, go raibh an easpa comhréireachta
ann an uair sin ach amháin má thagann sé sin salach ar chineál na n‑earraí nó
an ábhair dhigitigh i gceist nó ar an gcineál easpa comhréireachta. 3.
I gcás arna rialú le pointe (a) d'Airteagal 101(1),
féadfar aon tagairt i mír 1 nó i mír 2 den Airteagal sin don uair a
aistrítear an riosca chuig an gceannaitheoir a léamh mar thagairt don uair atá
an tsuiteáil curtha i gcrích. I gcás arna rialú le pointe (b) d'Airteagal 101(1),
féadfar é a léamh mar thagairt don uair a bhí dóthain ama ag an tomhaltóir don
tsuiteáil. 4.
I gcás inar gá don trádálaí an t‑ábhar digiteach
a nuashonrú níos déanaí, ní foláir don trádálaí a áirithiú go mbeidh an t‑ábhar
digiteach i gcomhréir i gcónaí leis an gconradh fad is atá an conradh i
bhfeidhm. 5.
I gcás conartha idir trádálaí agus tomhaltóir, ní
fhéadfaidh na páirtithe, chun aimhleasa an tomhaltóra, feidhmiú an Airteagail
seo a eisiamh, ná maolú ar a éifeachtaí ná na héifeachtaí sin a athrú. Caibidil 11 Leigheasanna
an cheannaitheora Roinn 1 Forálacha ginearálta Airteagal 106
Forbhreathnú ar leigheasanna an cheannaitheora 1.
I gcás nach gcomhlíonann díoltóir oibleagáid,
féadfaidh an ceannaitheoir an méid seo a leanas a dhéanamh: (a)
comhlíonadh, lena n‑áirítear sainchomhlíonadh,
deisiú nó athsholáthar na n‑earraí nó an ábhair dhigitigh a cheangal, faoi
Roinn 3 den Chaibidil seo; (b)
comhlíonadh an cheannaitheora féin a choinneáil
siar faoi Roinn 4 den Chaibidil seo; (c)
an conradh a fhoirceannadh faoi Roinn 5 den
Chaibidil seo agus aisíocaíocht aon phraghais a íocadh cheana a éileamh,
faoi Chaibidil 17; (d)
an praghas a laghdú faoi Roinn 6 den Chaibidil seo;
agus (e)
damáistí a éileamh faoi Chaibidil 16. 2.
Más trádálaí an ceannaitheoir: (a)
beidh cearta an cheannaitheora aon leigheas a
fheidhmiú, seachas comhlíonadh a choinneáil siar, faoi réir leigheas an
díoltóra mar atá leagtha amach i Roinn 2 den Chaibidil seo; agus (b)
(b) beidh cearta an cheannaitheora i dtaobh
bheith ag brath ar easpa comhréireachta faoi réir na gceanglas scrúdúcháin agus
na gceanglas um fhógra a thabhairt atá leagtha amach i Roinn 7 den
Chaibidil seo. 3.
Más tomhaltóir an ceannaitheoir: (c)
(a) níl cearta an cheannaitheora faoi réir
leigheas an díoltóra; agus (d)
(b) ní bheidh feidhm ag na ceanglais
scrúdúcháin ná ag na ceanglais um fhógra a thabhairt atá leagtha amach i
Roinn 7 den Chaibidil seo. 4.
Má scaoiltear le neamh‑chomhlíonadh an díoltóra,
féadfaidh an ceannaitheoir dul i muinín aon cheann de na leigheasanna dá
dtagraítear i mír 1, seachas na leigheasanna sin a cheanglaíonn comhlíonadh
agus damáistí. 5.
Ní féidir leis an gceannaitheoir dul i muinín aon
cheann de na leigheasanna dá dtagraítear i mír 1, sa mhéid gurbh é an
ceannaitheoir ba chúis le neamh‑chomhlíonadh an díoltóra. 6.
Féadfar leigheasanna nach bhfuil comhoiriúnach a
chruinniú. Airteagal 107
Leigheasanna a theorannú i gcás ábhair dhigitigh nár soláthraíodh mar
mhalairt ar phraghas a íoc I gcás nach soláthraítear ábhar digiteach mar
mhalairt ar phraghas a íoc, ní fhéadfaidh an ceannaitheoir dul i muinín na
leigheasanna dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) d'Airteagal 106(1). Ní
fhéadfaidh an ceannaitheoir damáistí a éileamh faoi phointe (e) d'Airteagal 106(1)
ach i leith caillteanas nó damáiste a rinneadh do sheilbh an cheannaitheora
arbh é easpa comhréireachta an ábhair dhigitigh a soláthraíodh, lena n‑áirítear
earraí crua, earraí boga agus sonraí, ba chúis leis, seachas i gcás aon
ghnóthachan nach bhfuair an ceannaitheoir de dheasca an damáiste sin. Airteagal 108
Cineál sainordaitheach I gcás conartha idir trádálaí agus tomhaltóir,
ní fhéadfaidh na páirtithe, chun aimhleasa an tomhaltóra, feidhmiú na Caibidle
seo a eisiamh, ná maolú ar a éifeachtaí ná na héifeachtaí sin a athrú, sula
gcuirfidh an tomhaltóir an easpa comhréireachta in iúl don trádálaí. Roinn 2 Leigheas an díoltóra Airteagal 109
Leigheas an díoltóra 1.
Díoltóir a rinne tairiscint an oibleagáid a
chomhlíonadh go luath, agus a dtugtar fógra dó nach bhfuil an comhlíonadh i
gcomhréir leis an gconradh, féadfaidh sé tairiscint nua atá comhréireach a
dhéanamh más féidir sin a dhéanamh laistigh den tréimhse a cheadaítear le haghaidh
comhlíonadh. 2.
I gcásanna nach bhfuil cumhdaithe faoi
mhír 1, féadfaidh díoltóir a rinne tairiscint an oibleagáid a chomhlíonadh
ach nach raibh an comhlíonadh i gcomhréir leis an gconradh, tairiscint a
dhéanamh é a leigheas ar a chostas féin nuair a fhaigheann sé fógra faoin easpa
comhréireachta. 3.
Ní chuirfidh fógra faoi fhoirceannadh bac le
tairiscint leighis. 4.
Ní fhéadfaidh an díoltóir tairiscint leighis a
dhiúltú ach sna cásanna seo: (e)
(a) mura féidir an leigheas a chur i
bhfeidhm gan mhoill agus gan ciotaí go mór don cheannaitheoir; (f)
(b) má chreideann an ceannaitheoir nach bhféadfaí
brath ar chomhlíonadh an díoltóra sa todhchaí; nó (g)
(c) dá mbeadh neamh‑chomhlíonadh bunúsach
mar thoradh ar mhoill ar an gcomhlíonadh. 5.
Beidh tréimhse réasúnta ag an díoltóir an leigheas
a chur i bhfeidhm. 6.
Féadfaidh an ceannaitheoir comhlíonadh a
choinneáil siar agus é ag feitheamh ar leigheas, ach cearta sin an
cheannaitheora nach bhfuil ag teacht le tréimhse a thabhairt don díoltóir
leigheas a chur i bhfeidhm, cuirtear ar fionraí iad go dtí go bhfuil an
tréimhse sin imithe in éag. 7.
Beag beann ar an leigheas, coinníonn an
ceannaitheoir an ceart damáistí a éileamh de thoradh moille agus de thoradh aon
dochair arb é an leigheas is cúis leis nó aon dochair nach dtoirmeascann an leigheas. Roinn 3 Comhlíonadh a cheangal Airteagal 110
Comhlíonadh oibleagáidí an díoltóra a cheangal 1.
Tá an ceannaitheoir i dteideal chomhlíonadh
oibleagáidí an díoltóra a cheangal. 2.
Ar áireamh sa chomhlíonadh a fhéadfar a
cheangal, tá leigheas saor is aisce a dhéanamh ar chomhlíonadh nach bhfuil i
gcomhréir leis an gconradh. 3.
Ní féidir comhlíonadh a cheangal sna cásanna seo a
leanas: (a)
i gcás ina mbeadh comhlíonadh dodhéanta nó ina
mbeadh sé neamhdhleathach; nó (b)
i gcás ina mbeadh ualach nó costas an chomhlíonta ar
neamhréir leis an sochar a bhainfeadh an ceannaitheoir as. Airteagal 111
Rogha an tomhaltóra idir deisiú agus athsholáthar 1.
Nuair is gá don trádálaí, i gconradh díola le
tomhaltóirí, easpa comhréireachta a leigheas faoi Airteagal 110(2),
féadfaidh an tomhaltóir rogha a dhéanamh idir deisiú agus athsholáthar ach
amháin dá mbeadh rogha amháin acu neamhdhleathach nó dodhéanta nó, i gcomparáid
leis an rogha eile atá ar fáil, go gcuirfeadh sé costais dhíréireacha ar an
díoltóir, agus an méid seo a leanas á chur san áireamh: (a)
an luach a bheadh ar na hearraí mura mbeadh aon
easpa comhréireachta ann; (b)
tábhacht na heaspa comhréireachta; agus (c)
an bhféadfaí an leigheas malartach a chur i gcrích
gan aon mhíchaoithiúlacht shuntasach don tomhaltóir. 2.
I gcás ina gceanglaíonn an tomhaltóir an easpa
comhréireachta a leigheas trí dheisiú nó athsholáthar de bhun mhír 1, ní
fhéadfaidh an tomhaltóir dul i muinín leigheasanna eile ach amháin mura bhfuil
an deisiú nó an t‑athsholáthar curtha i gcrích ag an trádálaí laistigh de thréimhse
réasúnta nach faide ná 30 lá. Mar sin féin, féadfaidh an tomhaltóir comhlíonadh
a choinneáil siar le linn an ama sin. Airteagal 112
An ítim athsholáthraithe a thabhairt ar ais 1.
I gcás ina leigheasann an díoltóir an easpa
comhréireachta le hathsholáthar, tá sé de cheart agus d’oibleagáid ag an
díoltóir an ítim athsholáthraithe a thógáil ar ais ar chostas an díoltóra. 2.
Níl an díoltóir faoi dhliteanas íoc as
úsáid a bhaintear as an ítim athsholáthraithe sa tréimhse roimh an
athsholáthar. Roinn 4 Comhlíonadh oibleagáidí
an díoltóra a choinneáil siar Airteagal 113
An ceart comhlíonadh a choinneáil siar 1.
Tá sé de cheart ag ceannaitheoir a bhfuil
oibleagáid le comhlíonadh aige ag an am céanna leis an díoltóir, nó ina
dhiaidh, comhlíonadh a choinneáil siar go dtí go ndéanann an díoltóir
tairiscint an oibleagáid a chomhlíonadh nó go dtí go bhfuil an oibleagáid
comhlíonta ag an díoltóir. 2.
Féadfaidh ceannaitheoir a bhfuil
oibleagáidí le comhlíonadh aige roimh an díoltóir agus a chreideann le réasún
nach gcomhlíonfaidh an díoltóir na hoibleagáidí nuair a bheidh sé in am don
chomhlíonadh, féadfaidh sé comhlíonadh a choinneáil siar fad a chreideann sé
sin. 3.
An comhlíonadh is féidir a choinneáil siar faoin Airteagal
seo, is é iomlán nó cuid den chomhlíonadh a mhéid a thugann an neamh‑chomhlíonadh
údar leis. I gcás ina bhfuil oibleagáidí an díoltóra le comhlíonadh i gcodanna
éagsúla, nó gur féidir iad a roinnt ar bhealach eile, ní fhéadfaidh an
ceannaitheoir chomhlíonadh a choinneáil siar ach amháin i ndáil leis an gcuid
sin nach bhfuil comhlíonta, ach amháin má thugann neamh‑chomhlíonadh an
díoltóra údar le comhlíonadh iomlán an cheannaitheora a choinneáil siar. Roinn 5 Foirceannadh Airteagal 114
Foirceannadh de thoradh neamh‑chomhlíonadh 1.
Féadfaidh ceannaitheoir an conradh a fhoirceannadh
de réir bhrí Airteagal 8 más neamh‑chomhlíonadh bunúsach é neamh‑chomhlíonadh
an díoltóra de réir Airteagal 87(2). 2.
I gconradh díola le tomhaltóirí agus i gconradh
chun ábhar digiteach a sholáthar idir trádálaí agus tomhaltóir, nuair is ann do
neamh‑chomhlíonadh toisc nach bhfuil na hearraí i gcomhréir leis an gconradh,
féadfaidh an tomhaltóir an conradh a fhoirceannadh ach amháin más neamh‑chomhréireacht
neamhshuntasach é. Airteagal 115
Foirceannadh i gcás moille ar sheachadadh tar éis fógra a thabhairt lena
socraítear am breise le haghaidh comhlíonadh 1.
Féadfaidh ceannaitheoir an conradh a fhoirceannadh
i gcás moill ar sheachadadh, nach moill bhunúsach ann féin é má thugann an
ceannaitheoir fógra lena socrófar tréimhse bhreise ar tréimhse réasúnta é
maidir le comhlíonadh, agus mura gcomhlíonann an díoltóir an conradh sa
tréimhse sin. 2.
Glactar leis go bhfuil fad réasúnta sa tréimhse
bhreise dá dtagraítear i mír 1 mura gcuireann an díoltóir ina coinne gan moill
mhíchuí. 3.
I gcás ina ndéantar foráil san fhógra an conradh
a fhoirceannadh go huathoibríoch mura gcomhlíonann an díoltóir é laistigh den
tréimhse arna socrú san fhógra, déanfar an foirceannadh tar éis na tréimhse sin
gan a thuilleadh fógra a thabhairt. Airteagal 116
Foirceannadh de thoradh neamh‑chomhlíonadh a bhfuiltear ag súil leis Féadfaidh ceannaitheoir an conradh a
fhoirceannadh sula mbeidh sé in am an conradh a chomhlíonadh má tá fógra tugtha
ag an díoltóir, nó más léir ar bhealach eile nach gcomhlíonfar é agus má
thugann an neamh‑chomhlíonadh údar le foirceannadh. Airteagal 117
Raon feidhme an chearta chun foirceannadh 1.
Nuair atá oibleagáidí an díoltóra faoin gconradh le
comhlíonadh i gcodanna ar leith nó nuair is féidir iad a roinnt ar bhealach
eile, agus má tá foras le foirceannadh faoin Roinn seo de chuid ar féidir cuid
den phraghas a leithdháileadh uirthi, ní fhéadfaidh an díoltóir an foirceannadh
a dhéanamh ach i dtaobh na coda sin. 2.
Níl feidhm ag mír 1 i gcás nach féidir a
bheith ag súil go nglacfaidh an ceannaitheoir le comhlíonadh na gcodanna eile
nó má thugann an neamh‑chomhlíonadh údar le foirceannadh an chonartha ina
iomláine. 3.
Nuair nach féidir oibleagáidí an díoltóra faoin
gconradh a roinnt nó nuair nach féidir cuid den phraghas a leithdháileadh, ní
fhéadfaidh an ceannaitheoir foirceannadh a dhéanamh ach amháin má thugann an
neamh‑chomhlíonadh údar le foirceannadh an chonartha ina iomláine. Airteagal 118
Fógra faoi fhoirceannadh Déantar an ceart chun foirceannadh faoin Roinn
seo a fheidhmiú trí fhógra a thabhairt don díoltóir. Airteagal 119
An ceart chun foirceannadh a chailleadh 1.
Cailleann an ceannaitheoir an ceart chun
foirceannadh faoin Roinn seo mura dtugtar fógra faoi fhoirceannadh laistigh de
thréimhse réasúnta ón uair a bhí an ceart ann an chéad uair, nó ón uair a bhí
an ceannaitheoir ar an eolas, nó a d'fhéadfaí a bheith ag súil lena bheith ar
an eolas, faoin neamh‑chomhlíonadh, cibé ceann acu sin is déanaí. 2.
Ní bheidh feidhm ag mír 1: (a)
nuair is tomhaltóir an ceannaitheoir; nó (b)
nuair nach ndearnadh tairiscint ar bith ar
oibleagáid a chomhlíonadh. Roinn 6 An praghas a laghdú Airteagal 120
An ceart chun an praghas a laghdú 1.
Féadfaidh ceannaitheoir a ghlacann le chomhlíonadh
nach bhfuil i gcomhréir leis an gconradh an praghas a laghdú. Beidh an laghdú i
gcomhréir leis an laghdú ar luach an méid a fuarthas sa chomhlíonadh tráth a
rinneadh é, i gcomparáid le luach an méid a gheofaí le comhlíonadh
comhréireach. 2.
Féadfaidh ceannaitheoir atá i dteideal an praghas
a laghdú faoi mhír 1 agus a bhfuil suim íoctha aige cheana atá níos mó ná an
praghas laghdaithe, féadfaidh sé an farasbarr a fháil ar ais ón díoltóir. 3.
I gcás ceannaitheora a laghdaíonn an praghas, ní
féidir leis damáistí a fháil i leith an chaillteanais a cúitíodh leis an
laghdú, ach beidh sé i dteideal damáistí i leith caillteanais ar bith eile a
bheidh ann. Roinn 7 Ceanglais scrúdúcháin
agus ceanglais um fhógra a thabhairt i gconradh
idir trádálaithe Airteagal 121
Earraí i gconarthaí idir trádálaithe a scrúdú 1.
I gcás conartha idir trádálaithe, táthar ag súil go
scrúdóidh an ceannaitheoir na hearraí, nó go gcuirfidh sé socrú a scrúdú iad,
laistigh den tréimhse is giorra is féidir, ar tréimhse í nach faide ná 14 lá
ón dáta a sheachadtar na hearraí, nó ón dáta a sholáthraítear an t‑ábhar
digiteach nó seirbhísí gaolmhara. 2.
Más cuid den chonradh é na hearraí a iompar,
féadfar an scrúdú a chur ar athló go dtí go mbeidh ceann scríbe bainte amach ag
na hearraí. 3.
Má dhéantar na hearraí a atreorú le linn
idirthurais, nó má athsheolann an ceannaitheoir iad sula mbíonn deis réasúnta
ag an gceannaitheoir iad a scrúdú, agus má bhí an díoltóir ar an eolas nuair a
cuireadh an conradh i gcrích go bhféadfaí na hearraí a atreorú nó a
athsheoladh, nó go bhféadfaí a bheith ag súil an díoltóir a bheith ar an eolas
go bhféadfadh sé sin titim amach, féadfar an scrúdú a chur ar athló go dtí go
mbeidh an ceann scríbe nua bainte amach ag na hearraí. Airteagal 122
Fógra maidir le heaspa comhréireachta i gconarthaí seirbhíse idir
trádálaithe a cheangal 1.
I gcás conartha idir trádálaithe, ní fhéadfaidh an
ceannaitheoir a bheith ag brath ar easpa comhréireachta mura dtugann an
ceannaitheoir fógra don díoltóir laistigh de thréimhse réasúnta ina sonrófar an
cineál easpa comhréireachta atá i gceist. Cuirfear tús leis an tréimhse sin ón uair a
sholáthraítear na hearraí nó ón uair a thugann an ceannaitheoir easpa
comhréireachta faoi deara, nó ón uair a d'fhéadfaí a bheith ag súil go
dtabharfaidh sé faoi deara é, cibé acu is déanaí. 2.
Cailleann an ceannaitheoir an ceart chun a bheith
ag brath ar easpa comhréireachta mura dtugann an ceannaitheoir fógra don
díoltóir maidir leis an easpa comhréireachta laistigh de dhá bhliain ón uair a
tugadh na hearraí don cheannaitheoir i gcomhréir leis an gconradh. 3.
Má chomhaontaíonn na páirtithe nach mór na hearraí
a bheith oiriúnach chun críche áirithe nó chun a ngnáthchríche le linn tréimhse
socraithe, ní rachaidh an tréimhse le haghaidh fógra a thabhairt faoi mhír 2 in
éag roimh dheireadh na tréimhse comhaontaithe. 4.
Ní bheidh feidhm ag mír 2 maidir leis na
héilimh ná na cearta tríú páirtí dá dtagraítear in Airteagal 102. 5.
Ní gá don cheannaitheoir fógra a thabhairt don
díoltóir nár seachadadh na hearraí ar fad má tá cúis ag an gceannaitheoir a
chreidiúint go seachadfar an chuid eile de na hearraí. 6.
Níl an díoltóir i dteideal brath ar an Airteagal
seo má bhaineann an easpa comhréireachta le fíricí a bhí ar eolas ag an
díoltóir, nó a d'fhéadfaí a bheith ag súil iad a bheith ar eolas ag an
díoltóir, agus nár nocht sé don cheannaitheoir. Caibidil 12 Oibleagáidí
an cheannaitheora Roinn 1 Forálacha ginearálta Airteagal 123
Príomhoibleagáidí an cheannaitheora 1.
Ní foláir don cheannaitheoir: (a)
an praghas a íoc; (b)
glacadh le seachadadh na n‑earraí nó an ábhair
dhigitigh; agus (c)
glacadh le doiciméid atá in ionannas na n‑earraí
sin nó a bhaineann leo nó leis an ábhar digiteach, de réir mar a bheidh i
gceanglas an chonartha. 2.
Ní bheidh feidhm ag pointe (a) de mhír 1 maidir le
conarthaí chun ábhar digiteach a sholáthar i gcás nach soláthraítear an t‑ábhar
digiteach mar mhalairt ar phraghas a íoc. Roinn 2 An praghas a íoc Airteagal 124
Modhanna íocaíochta 1.
Déanfar íocaíocht trí bhíthin an mhodha íocaíochta
atá luaite i dtéarmaí an chonartha nó, mura luaitear a leithéid, trí mhodh ar
bith a úsáidtear sa ghnó de ghnáth ag an áit íoctha, agus an cineál idirbhirt á
chur san áireamh. 2.
Meastar go nglacann díoltóir le seic nó le hordú
íocaíochta eile nó le gealltanas íocaíochta ar choinníoll go n‑urramófar iad.
Féadfaidh an díoltóir an bhunoibleagáid íocaíochta a fhorghníomhú i gcás nach n‑urramaítear
an t‑ordú nó an gealltanas. 3.
Cuirtear bunoibleagáid an cheannaitheora ar ceal má
ghlacann an díoltóir le gealltanas íocaíochta ó thríú páirtí a bhfuil socrú
déanta ag an díoltóir leis cheana féin glacadh le gealltanas an tríú páirtí mar
mhodh íocaíochta. 4.
I gcás conartha idir trádálaí agus tomhaltóir, níl
an tomhaltóir faoi dhliteanas, i ndáil leis an dóigh a úsáidtear modh áirithe
íocaíochta, táillí ar mó iad ná an costas a sheasann an trádálaí as an modh sin
a úsáid. Airteagal 125
Áit íoctha 1.
I gcás nach féidir cinneadh a dhéanamh maidir leis
an áit íoctha, is í an áit íoctha áit ghnó an díoltóra tráth a thugtar an
conradh i gcrích. 2.
Má tá níos mó ná áit ghnó amháin ag an díoltóir, is
í an áit íoctha áit ghnó an díoltóra a bhfuil an bhaint is mó aici leis an
oibleagáid íocaíochta. Airteagal 126
Am na híocaíochta 1.
Beidh íocaíocht an phraghais dlite tráth an
tseachadta. 2.
Féadfaidh an díoltóir tairiscint íocaíocht a
dhéanamh sula mbíonn sé dlite a dhiúltiú má tá leas dlisteanach aige a leithéid
a dhéanamh. Airteagal 127
Íocaíocht tríú páirtí 1.
Féadfaidh ceannaitheoir an cúram íocaíochta a
thabhairt do dhuine eile. Aon cheannaitheoir a thugann an cúram íocaíochta do
dhuine eile, beidh sé freagrach as an íocaíocht i gcónaí. 2.
Ní féidir le díoltóir íocaíocht tríú páirtí a
dhiúltú sna cásanna seo a leanas: (d)
(a) má ghníomhaíonn an tríú páirtí le haontú
an cheannaitheora; nó (e)
(b) má tá leas dlisteanach ag an tríú páirtí
an íocaíocht a dhéanamh agus má mhainníonn an ceannaitheoir an íocaíocht a dhéanamh,
nó má tá sé soiléir nach n‑íocfaidh an ceannaitheoir tráth a bheidh an
íocaíocht dlite. 3.
Má dhéanann tríú páirtí íocaíocht i gcomhréir le
mír 1 nó mír 2, scaoiltear an ceannaitheoir ó dhliteanas don
díoltóir. 4.
I gcás ina nglacann an díoltóir le híocaíocht ó
thríú páirtí in imthosca nach bhfuil cumhdaithe ag mír 1 agus mír 2,
scaoiltear an ceannaitheoir ó dhliteanas don díoltóir, ach tá an díoltóir faoi
dhliteanas i leith ceannaitheora maidir le haon chaillteanas atá mar thoradh ar
an íocaíocht sin a ghlacadh. Airteagal 128
Íocaíocht a chur i leith oibleagáide 1.
I gcás ina mbíonn ar cheannaitheoir roinnt
íocaíochtaí a dhéanamh leis an díoltóir, agus nach leor an íocaíocht a dhéantar
chun iad ar fad a chumhdach, féadfaidh an ceannaitheoir fógra a thabhairt don
díoltóir, tráth na híocaíochta, maidir le cé acu oibleagáid a bhfuil an
íocaíocht le cur ina leith. 2.
Mura dtugann an ceannaitheoir fógra faoi mhír 1,
féadfaidh an díoltóir, trí fhógra a thabhairt don cheannaitheoir laistigh de
thréimhse réasúnta, an íocaíocht a chur i leith ceann de na hoibleagáidí. 3.
Ní bheidh éifeacht ag íocaíocht faoi mhír 2 má
dhéantar é a chur i leith oibleagáid nach bhfuil le comhlíonadh fós nó a bhfuil
agóid fúithi. 4.
Mura gcuireann ceachtar den dá pháirtí íocaíocht
éifeachtach i leith oibleagáide, déanfar í a chur i leith na hoibleagáide sin a
chomhlíonann ceann amháin de na critéir seo a leanas san ord atá luaite: (a)
an oibleagáid atá le comhlíonadh nó an chéad
oibleagáid a bheidh le comhlíonadh; (b)
an oibleagáid a mbaineann an t‑urrús is lú léi, nó
nach bhfuil aon urrús ag baint léi; (c)
an oibleagáid is mó ualach ar an gceannaitheoir; (d)
an chéad oibleagáid a tháinig chun cinn. Mura bhfuil feidhm ag aon cheann de na critéir
sin, déanfar an íocaíocht a chur go comhréireach i leith na n‑oibleagáidí ar
fad. 5.
Faoi mhír 2, mír 3 agus mír 4, ní fhéadfar an
íocaíocht a chur i leith oibleagáid nach féidir a fhorghníomhú de dheasca
rúraidh ach amháin murab ann d’aon oibleagáid eile a bhféadfaí an íocaíocht a
leithdháileadh uirthi, i gcomhréir leis na míreanna sin. 6.
Maidir le hoibleagáid ar leith, beidh íocaíocht ón
gceannaitheoir le cur i leith na hoibleagáide sin maidir le costais ar an gcéad
dul síos, ar ús ar an dara dul síos, agus ar phrionsabal ar an tríú dul síos,
ach amháin má dhéanann an díoltóir leithdháileadh difriúil. Roinn 3 Glacadh le seachadadh Airteagal 129
Glacadh le seachadadh Is mar seo a leanas a chomhlíonann an
ceannaitheoir an oibleagáid i dtaobh glacadh le seachadadh: (a) trí na gníomhaíochtaí ar fad a
dhéanamh a d'fhéadfaí a bheith ag súil leo chun go mbeidh ar chumas an díoltóra
an oibleagáid seachadta a chomhlíonadh; agus (b) glacadh leis na hearraí, nó na
doiciméid atá in ionannas na n‑earraí sin nó a bhaineann leo nó leis an ábhar
digiteach, de réir mar a bheidh i gceanglais an chonartha. Airteagal 130
Seachadadh luath agus an chainníocht mhícheart a sheachadadh 1.
Má sheachadann an díoltóir na hearraí nó má
sholáthraíonn sé an t‑ábhar digiteach roimh an am atá socraithe, ní foláir don
cheannaitheoir glacadh leis an seachadadh ach amháin más le leas dlisteanach an
cheannaitheora diúltú leis. 2.
Má sheachadann an díoltóir cainníocht níos lú
earraí nó ábhair dhigitigh ná mar a fhoráiltear sa chonradh, ní foláir don
cheannaitheoir glacadh leis an seachadadh ach amháin má tá leas dlisteanach ag
an gceannaitheoir diúltú glacadh leis. 3.
Má sheachadann an díoltóir cainníocht níos mó
earraí nó abhair dhigitigh ná mar a fhoráiltear sa chonradh, féadfaidh an
ceannaitheoir an farasbarr a choinneáil nó a dhiúltú. 4.
Má choinníonn an ceannaitheoir an farasbarr,
glactar leis gur soláthraíodh é faoin gconradh agus ní foláir íoc as ag an ráta
conarthach. 5.
Ní bheidh feidhm ag mír 4 i gconradh díola le
tomhaltóirí má tá cúis réasúnta ag an gceannaitheoir le creidiúint gur
sheachaid an díoltóir an farasbarr d’aon ghnó agus nár bhotún é, agus go raibh
fhios aige nár ordaíodh é. 6.
Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le
conarthaí chun ábhar digiteach a sholáthar i gcás nach soláthraítear an t‑ábhar
digiteach mar mhalairt ar phraghas a íoc. Caibidil 13 Leigheasanna
an díoltóra Roinn 1 Forálacha ginearálta Airteagal 131
Forbhreathnú ar leigheasanna an díoltóra 1.
I gcás nach gcomhlíonann ceannaitheoir oibleagáid,
féadfaidh an díoltóir an méid seo a leanas a dhéanamh: (a)
comhlíonadh a cheangal faoi Roinn 2 den Chaibidil
seo; (b)
comhlíonadh an díoltóra féin a choinneáil siar faoi
Roinn 3 den Chaibidil seo; (c)
an conradh a fhoirceannadh faoi Roinn 4 den
Chaibidil seo; agus (d)
ús a éileamh ar an bpraghas nó ar na damáistí faoi
Chaibidil 16. 2.
Má scaoiltear le neamh‑chomhlíonadh an
cheannaitheora, féadfaidh an díoltóir dul i muinín aon cheann de na
leigheasanna dá dtagraítear i mír 1, seachas na leigheasanna sin a cheanglaíonn
comhlíonadh agus damáistí. 3.
Ní fhéadfaidh an ceannaitheoir dul i muinín aon
cheann de na leigheasanna dá dtagraítear i mír 1, sa mhéid gurbh é an díoltóir
ba chúis le neamh‑chomhlíonadh an cheannaitheora. 4.
Féadfar leigheasanna nach bhfuil neamhréititheach a
chruinniú. Roinn 2 Comhlíonadh a cheangal Airteagal 132
Comhlíonadh oibleagáidí an díoltóra a cheangal 1.
Tá an díoltóir i dteideal íocaíocht an phraghais a
fháil arais nuair atá sé dlite, agus comhlíonadh aon oibleagáide eile arna
gabháil air féin ag an gceannaitheoir a cheangal. 2.
I gcás nach bhfuil glactha ag an gceannaitheoir
leis na hearraí nó leis an ábhar digiteach agus inar léir nach mbeidh an ceannaitheoir
sásta glacadh le comhlíonadh, féadfaidh an díoltóir a cheangal ar an
gceannaitheoir, mar sin féin, glacadh leis an seachadadh agus féadfaidh sé an
praghas a aisghabháil, ach amháin i gcás ina bhféadfadh an díoltóir idirbheart
ionadach réasúnta a dhéanamh gan iarracht shuntasach nó costas suntasach. Roinn 3 Comhlíonadh oibleagáidí
an díoltóra a choinneáil siar Airteagal 133
An ceart comhlíonadh a choinneáil siar 1.
Aon díoltóir a bhfuil oibleagáidí le comhlíonadh
aige ag an am céanna leis an gceannaitheoir, nó ina dhiaidh, tá sé de cheart
aige comhlíonadh a choinneáil siar go dtí go ndéanann an ceannaitheoir
tairiscint an oibleagáid a chomhlíonadh nó go dtí go mbeidh na hoibleagáidí
comhlíonta ag an gceannaitheoir. 2.
Féadfaidh díoltóir a bhfuil oibleagáidí le
comhlíonadh aige roimh an gceannaitheoir agus a chreideann le réasún nach
gcomhlíonfaidh an ceannaitheoir na hoibleagáidí nuair a bheidh sé in am don
chomhlíonadh, féadfaidh sé comhlíonadh a choinneáil siar fad a chreideann sé
sin. Mar sin féin, cailltear an ceart comhlíonadh a choinneáil siar má thugann
an ceannaitheoir dearbhú leordhóthanach maidir leis an gcomhlíonadh atá le
déanamh nó má sholáthraíonn sé urrús leordhóthanach. 3.
An comhlíonadh is féidir a choinneáil siar faoin Airteagal
seo, is é iomlán nó cuid den chomhlíonadh a mhéid a thugann an neamh‑chomhlíonadh
údar leis. I gcás ina bhfuil oibleagáidí an cheannaitheora le comhlíonadh ina
gcodanna ar leith, nó inar féidir iad a roinnt ar bhealach eile, ní fhéadfaidh
an díoltóir comhlíonadh a choinneáil siar ach amháin i ndáil leis an gcuid sin
nach bhfuil comhlíonta, ach amháin má thugann neamh‑chomhlíonadh an
cheannaitheora údar le neamh‑chomhlíonadh iomlán an díoltóra a choinneáil siar. Roinn 4 Foirceannadh Airteagal 134
Foirceannadh de thoradh neamh‑chomhlíonadh bunúsach Féadfaidh díoltóir an conradh a fhoirceannadh
de réir Airteagal 8 más neamh‑chomhlíonadh bunúsach é neamh‑chomhlíonadh
an cheannaitheora de réir bhrí Airteagal 87(2). Airteagal 135
Foirceannadh i gcás moille tar éis fógra a thabhairt lena socraítear am
breise le haghaidh comhlíonadh 1.
Féadfaidh díoltóir an conradh a fhoirceannadh i
gcás moill ar chomhlíonadh, nach moill bhunúsach ann féin é má thugann an
díoltóir fógra lena socrófar tréimhse bhreise ar tréimhse réasúnta é maidir le
comhlíonadh, agus mura gcomhlíonann an ceannaitheoir an conradh sa tréimhse
sin. 2.
Glactar leis go bhfuil an tréimhse fada a dóthain
mura gcuireann an ceannaitheoir ina coinne gan moill mhíchuí. I gcaidreamh idir
trádálaí agus tomhaltóir, ní thiocfaidh deireadh leis an am breise le haghaidh
comhlíonadh roimh dheireadh na tréimhse 30 lá dá dtagraítear in Airteagal 167(2). 3.
I gcás ina ndéantar foráil san fhógra an conradh a
fhoirceannadh go huathoibríoch mura gcomhlíonann an ceannaitheoir é laistigh
den tréimhse arna socrú san fhógra, déanfar an foirceannadh tar éis na tréimhse
sin gan a thuilleadh fógra a thabhairt. 4.
I gcás conartha díola le tomhaltóirí, ní fhéadfaidh
na páirtithe, chun aimhleasa an tomhaltóra, feidhmiú an Airteagail seo a
eisiamh ná maolú ar a héifeachtaí ná na héifeachtaí sin a athrú. Airteagal 136
Foirceannadh de thoradh neamh‑chomhlíonadh a bhfuiltear ag súil leis Féadfaidh díoltóir an conradh a fhoirceannadh
sula mbeidh sé in am an conradh a chomhlíonadh má tá fógra tugtha ag an gceannaitheoir,
nó más léir, ar bhealach eile. nach gcomhlíonfar é agus gur neamh‑chomhlíonadh
bunúsach a bheadh ann. Airteagal 137
Raon feidhme an chearta chun foirceannadh 1.
Nuair atá oibleagáidí an díoltóra faoin gconradh le
comhlíonadh ina gcodanna ar leith nó nuair is féidir iad a roinnt ar bhealach
eile, agus má tá foras le foirceannadh faoin Roinn seo a dhéanamh ar chuid a
fhreagraíonn do chuid inroinnte d'oibleagáidí an díoltóra, ní fhéadfaidh an
díoltóir an foirceannadh a dhéanamh ach i dtaobh na coda sin. 2.
Níl feidhm ag mír 1 más neamh‑chomhlíonadh bunúsach
atá ann i ndáil leis an gconradh ina iomláine. 3.
I gcás nach bhfuil oibleagáidí an cheannaitheora
faoin gconradh le comhlíonadh ina gcodanna ar leith, ní fhéadfaidh an díoltóir
foirceannadh a dhéanamh ach amháin más neamh‑chomhlíonadh bunúsach atá ann
maidir leis an gconradh ina iomláine. Airteagal 138
Fógra faoi fhoirceannadh Déantar an ceart chun conradh a fhoirceannadh
faoin Roinn seo a fheidhmiú trí fhógra a thabhairt don cheannaitheoir. Airteagal 139
An ceart chun foirceannadh a chailleadh 1.
I gcás ina ndéantar tairiscint ar an oibleagáid a
chomhlíonadh go déanach, nó i gcás nach bhfuil an tairiscint an oibleagáid a
chomhlíonadh i gcomhréir leis an gconradh, cailleann an díoltóir an ceart chun
foirceannadh faoin Roinn seo ach amháin má thugtar fógra faoi fhoirceannadh
laistigh de thréimhse réasúnta ón uair a bheidh an díoltóir ar an eolas, nó a
d'fhéadfaí a bheith ag súil lena bheith ar an eolas, faoin tairiscint nó faoin
easpa comhréireachta. 2.
Cailleann díoltóir an ceart chun foirceannadh le
fógra faoi Airteagal 136 ach amháin má thugann an díoltóir fógra faoi
fhoirceannadh laistigh de thréimhse réasúnta ón uair a éiríonn an ceart. 3.
I gcás nach n‑íocann an ceannaitheoir an praghas nó
i gcás nach bhfuil sé tar éis an conradh a chomhlíonadh ar bhealach bunúsach
eile, coinníonn an díoltóir an ceart chun foirceannadh. Caibidil 14 An
riosca a chur ar aghaidh Roinn 1 Forálacha ginearálta Airteagal 140
An éifeacht atá le riosca a chur ar aghaidh Ní hionann na hearraí nó an t‑ábhar digiteach
a chailleadh nó damáiste a dhéanamh dóibh tar éis an riosca a chur ar aghaidh
chuig an gceannaitheoir agus an ceannaitheoir a scaoileadh ón oibleagáid maidir
leis an bpraghas a íoc, ach amháin más toradh é an caillteanas nó an damáiste
ar ghníomh nó neamhghníomh de chuid an díoltóra. Airteagal 141
Earraí nó ábhar digiteach atá le haithint don chonradh Ní chuirfear an riosca ar aghaidh chuig an
gceannaitheoir go dtí go n‑aithneofar na hearraí nó an t‑ábhar digiteach go
soiléir mar na hearraí nó an t‑ábhar digiteach atá le soláthar faoin gconradh,
cibé acu leis an mbun‑chomhaontú, leis an bhfógra a thugtar don cheannaitheoir
nó ar bhealach eile a dhéanfar é. Roinn 2 Riosca a chur ar agahdih
i gconarthaí díola le tomhaltóirí Airteagal 142
Riosca a chur ar aghaidh i gconarthaí díola le tomhaltóirí 1.
I gconradh díola le tomhaltóirí, cuirtear an riosca
ar aghaidh tráth a fhaigheann an tomhaltóir nó tríú páirtí arna ainmniú ag an
tomhaltóir, seachas an t‑iompróir, seilbh ar na hearraí nó ar an meán
inláimhsithe ar a soláthraítear an t‑ábhar digiteach. 2.
I gcás conartha chun ábhar digiteach nach
soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar, cuirtear an riosca ar aghaidh
tráth a bheidh an t‑ábhar digiteach faoi rialú an tomhaltóra nó an tríú páirtí
arna ainmniú ag an tomhaltóir chun na críche sin. 3.
Ach amháin más cianchonradh nó conradh seacháitribh
an conradh, ní bheidh feidhm ag mír 1 ná ag mír 2 i gcás nach gcomhlíonann an
tomhaltóir an oibleagáid maidir le glacadh leis na hearraí nó leis an ábhar
digiteach agus i gcás nach scaoiltear leis an neamh‑chomhlíonadh faoi Airteagal 88.
Sa chás sin, chuirtear an riosca ar aghaidh tráth a bheadh na hearraí ina
seilbh ag an tomhaltóir, nó ag an tríú páirtí arna ainmniú ag an tomhaltóir, nó
tráth a bheadh an t‑ábhar digiteach faoina rialú acu, dá mbeadh an oibleagáid
maidir le glacadh leo comhlíonta. 4.
I gcás ina ndéanann an tomhaltóir na hearraí a chur
á n‑iompar nó an ábhar digiteach a sholáthraítear ar mheán inláimhsithe a chur
á iompar agus nach dtairgeann an trádálaí an rogha sin, cuirtear an riosca ar
aghaidh tráth a thugtar don iompróir na hearraí nó an t‑ábhar digiteach a
sholáthraítear ar mheán inláimhsithe, gan dochar do chearta an tomhaltóra i
gcoinne an iompróra. 5.
Ní fhéadfaidh na páirtithe, chun aimhleasa an
tomhaltóra, feidhmiú an Airteagail seo a eisiamh ná maolú ar a éifeachtaí ná na
héifeachtaí sin a athrú. Roinn 3 An riosca a chur ar
aghaidh i gcás conarthaí idir trádálaithe Airteagal 143
An uair a chuirtear an riosca ar aghaidh 1.
I gcás conartha idir trádálaithe, cuirtear an
riosca ar aghaidh tráth a ghlacann an ceannaitheoir le seachadadh na n‑earraí
nó an ábhair dhigitigh nó na doiciméad atá in ionannas na n‑earraí sin. 2.
Tá mír 1 faoi réir Airteagal 144, Airteagal 145
agus Airteagal 146. Airteagal 144
Earraí a chuirtear ar fáil don cheannaitheoir 1.
Má chuirtear na hearraí nó an t‑ábhar digiteach ar
fáil don cheannaitheoir agus má tá an ceannaitheoir ar an eolas faoi, cuirtear
an riosca ar aghaidh chuig an gceannaitheoir tráth ba cheart bheith glactha
leis na hearraí nó leis an ábhar digiteach, ach amháin má bhí an ceannaitheoir
i dteideal glacadh le seachadadh a choinneáil siar de bhun Airteagal 113. 2.
Má chuirtear na hearraí nó an t‑ábhar digiteach ar
fáil don cheannaitheoir in áit éigin seachas áit ghnó an díoltóra, cuirtear an
riosca ar aghaidh tráth atá an seachadadh le teacht, agus tá an ceannaitheoir
ar an eolas go bhfuil na hearraí nó an t‑ábhar digiteach á gcur ar fáil don
cheannaitheoir ag an áit sin. Airteagal 145
Na hearraí a iompar 1.
Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le conradh
díolacháin a bhaineann le hearraí a iompar. 2.
Mura bhfuil sé de cheangal ar an díoltóir na
hearraí a thabhairt ar aghaidh ag áit áirithe, cuirtear an riosca ar aghaidh
chuig an gceannaitheoir tráth a thugtar na hearraí don chéad iompróir chun iad
a chur ar aghaidh chuig an gceannaitheoir i gcomhréir leis an gconradh. 3.
Má tá sé de cheangal ar an díoltóir na hearraí a
thabhairt ar aghaidh chuig iompróir ag áit áirithe, ní chuirfear an riosca ar
aghaidh chuig an gceannaitheoir go dtí go dtabharfar na hearraí don iompróir ag
an áit sin. 4.
Cé go bhfuil an díoltóir údaraithe na doiciméid a
rialaíonn cineál na n‑earraí a choinneáil, ní dhéanann sé sin difear don riosca
a chur ar aghaidh. Airteagal 146
Earraí a dhíoltar le linn idirthurais 1.
Beidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le conradh
díolacháin a bhaineann le hearraí a dhíoltar le linn idirthurais. 2.
Cuirtear an riosca ar aghaidh chuig an
gceannaitheoir tráth a thugtar na hearraí don chéad iompróir. Mar sin féin, in
himthosca áirithe, cuirtear an riosca ar aghaidh chuig an gceannaitheoir tráth
a thugtar an conradh i gcrích. 3.
Más amhlaidh atá a fhios ag an díoltóir tráth a
tugadh an conradh i gcrích, nó dá bhféadfaí a bheith ag súil go mbeadh a fhios
aige, gur cailleadh na hearraí nó go ndearnadh damáiste dóibh agus mura nocht
sé an méid sin don cheannaitheoir, is faoi riosca an díoltóra atá an
caillteanas nó an damáiste. Cuid V Oibleagáidí agus leigheasanna na bpáirtithe maidir le conradh
seirbhíse gaolmhaire Caibidil 15 Oibleagáidí
agus leigheasanna na bpáirtithe Roinn 1 Rialacha áirithe ginearálta a chur i bhfeidhm
ar chonarthaí díola Airteagal 147
Rialacha áirithe ginearálta a chur i bhfeidhm ar chonarthaí díola 1.
Beidh feidhm ag na rialacha i gCaibidil 9 chun
críocha na Coda seo. 2.
I gcás ina ndéantar conradh díola nó conradh chun
ábhar digiteach a sholáthar a fhoirceannadh, déantar aon chonradh seirbhíse
gaolmhaire a fhoirceannadh freisin. Roinn 2 Oibleagáidí an tsoláthróra seirbhíse Airteagal 148
An oibleagáid toradh a bhaint amach agus an oibleagáid cúraim agus scile 1.
Ní foláir don soláthróir seirbhíse aon toradh
sonrach a cheanglaítear leis an gconradh a bhaint amach. 2.
In éagmais aon oibleagáide conarthaí sonraí nó
intuigthe maidir le toradh sonrach a bhaint amach, ní foláir don soláthróir
seirbhíse an tseirbhís ghaolmhar a chomhlíonadh leis an gcúram agus an scil
lena ndéanfadh soláthróir seirbhíse réasúnta é, agus i gcomhréir le haon
rialacha dlíthiúla reachtacha nó ceangailteacha is infheidhme maidir leis an
tseirbhís ghaolmhar. 3.
Agus an cúram agus an scil réasúnta a theastaíonn
ón soláthróir seirbhíse á chinneadh, ní foláir féachaint do na nithe seo a
leanas, i measc nithe eile: (a)
cineál, méid, minicíocht agus intuarthacht na
rioscaí a bhaineann le comhlíonadh na seirbhíse gaolmhaire don
chustaiméir; (b)
i gcás damáiste a bheith déanta, costais aon
réamhchúraimí a bheadh tar éis an damáiste sin nó damáiste dá samhail a
chosc; agus (c)
an méid ama atá ar fáil chun an tseirbhís ghaolmhar
a chomhlíonadh. 4.
I gcás conartha idir trádálaí agus tomhaltóir,
nuair is cuid den tseirbhís ghaolmhar suiteáil na n‑earraí ní foláir na hearraí
arna suiteáil a bheith i gcomhréir leis an gconradh faoi mar a cheanglaítear le
hAirteagal 101. 5.
I gcaidreamh idir trádálaí agus tomhaltóir ní
fhéadfaidh na páirtithe, chun aimhleasa an tomhaltóra, feidhmiú mhír 2 a
eisiamh, ná maolú ar a héifeachtaí ná na héifeachtaí sin a athrú. Airteagal 149
Oibleagáid damáiste a chosc Ní foláir don soláthróir seirbhíse
réamhchúraimí réasúnta a ghlacadh chun aon damáiste do na hearraí nó don ábhar
digiteach a chosc, nó aon ghortú fisiciúil nó aon chaillteanas nó damáiste eile
a chosc le linn chomhlíonadh na seirbhíse gaolmhaire nó mar thoradh ar an
gcomhlíonadh sin. Airteagal 150
Comhlíonadh tríú páirtí 1.
Féadfaidh soláthróir seirbhíse comhlíonadh a chur
de chúram ar dhuine eile, ach amháin má cheanglaítear comhlíonadh pearsanta an
tsoláthróra seirbhíse. 2.
Soláthróir seirbhíse a thugann cúram an chomhlíonta
do dhuine eile, leanfaidh sé de bheith freagrach as an gcomhlíonadh. 3.
I gcaidreamh idir trádálaí agus tomhaltóir ní
fhéadfaidh na páirtithe, chun aimhleasa an tomhaltóra, feidhmiú mhír 2 a
eisiamh, ná maolú ar a héifeachtaí ná na héifeachtaí sin a athrú. Airteagal 151
Oibleagáid sonrasc a sholáthar I gcás ina bhfuil praghas ar leith iníoctha i
leith na seirbhíse gaolmhaire agus nach cnapshuim arna comhaontú tráth a tugadh
i gcrích an chonartha an praghas, ní foláir don soláthróir seirbhíse sonrasc a
sholáthar don chustaiméir ina míneofar, ar bhealach soiléir intuigthe, an chaoi
a ríomhadh an praghas. Airteagal 152
An oibleagáid rabhadh a thabhairt maidir le costas gan choinne nó costas
neamheacnamaíoch 1.
Sna cásanna seo a leanas, ní foláir don soláthróir
seirbhíse rabhadh a thabhairt don chustaiméir agus toiliú an chustaiméara a
fháil le leanúint ar aghaidh: (a)
i gcás ina mbeadh costas na seirbhíse gaolmhaire
níos mó ná an costas a luaigh an soláthróir seirbhíse don chustaiméir roimhe
sin; nó (b)
i gcás ina mbeadh an tseirbhís ghaolmhar níos
costasaí ná luach na n‑earraí nó an ábhair dhigitigh tar éis an tseirbhís
ghaolmhar a sholáthar, a mhéid go bhfuil an méid sin ar eolas ag an soláthróir
seirbhíse. 2.
Aon soláthróir seirbhíse nach bhfaigheann toiliú an
chustaiméara i gcomhréir le mír 1, níl sé i dteideal praghas níos mó nó an
costas a luadh cheana nó, de reir an cháis, praghas níos mó ná luach na n‑earraí
nó an ábhair dhigitigh tar éis an tseirbhís ghaolmhar a sholáthar. Roinn 3 Oibleagáidí an
chustaiméara Airteagal 153
An praghas a íoc 1.
Ní foláir don chustaiméir aon phraghas a íoc is iníoctha
as an tseirbhís ghaolmhar i gcomhréir leis an gconradh. 2.
Beidh an praghas iníoctha nuair a chuirfear an
tseirbhís ghaolmhar i gcrích agus nuair a chuirfear cuspóir na seirbhíse
gaolmhaire ar fáil don chustaiméir. Airteagal 154
Rochtain a sholáthar Nuair is gá don soláthróir seirbhíse rochtain
a fháil ar áitribh an chustaiméara chun an tseirbhís ghaolmhar a chomhlíonadh,
ní foláir don chustaiméir an rochtain sin a sholáthar ag tráthanna réasúnta. Roinn 4 Leigheasanna Airteagal 155
Leigheasanna an chustaiméara 1.
I gcás nach gcomhlíonann soláthróir seirbhíse
oibleagáid, tá na leigheasanna céanna ag an gcustaiméir, maille leis na
hoiriúnuithe atá leagtha amach san Airteagal seo, dá bhforáiltear don
cheannaitheoir i gCaibidil 11, eadhon: (a)
comhlíonadh sonrach a cheangal; (b)
comhlíonadh an chustaiméara féin a choinneáil siar; (c)
an conradh a fhoirceannadh; (d)
an praghas a laghdú; agus (e)
damáistí a éileamh. 2.
Gan dochar do mhír 3, tá leigheasanna an
chustaiméara faoi réir cheart chun leigheas an tsoláthróra seirbhíse, is cuma
cé acu tomhaltóir an custaiméir nó nach ea. 3.
I gcás suiteála míchirte faoi chonradh díola le
tomhaltóirí dá dtagraítear in Airteagal 101, níl leigheasanna an
chustaiméara faoi réir cheart chun leigheas an tsoláthróra seirbhíse. 4.
Más tomhaltóir an custaiméir tá sé de cheart aige
an conradh a fhoirceannadh de thoradh aon neamh‑chomhréireachta sa tseirbhís
ghaolmhar arna soláthar ach amháin i gcás inar neamh‑chomhréireacht
neamhshuntasach é. 5.
Beidh feidhm ag Caibidil 11 agus na
hoiriúnuithe is gá déanta uirthi, go háirithe: (a)
maidir le ceart chun leigheas an tsoláthróra
seirbhíse, níor cheart an tréimhse réasúnta faoi Airteagal 109(5)
bheith níos faide ná 30 lá i gcás conarthaí idir trádálaí agus tomhaltóir; (b)
maidir le comhlíonadh neamh‑chomhréireach a
leigheas, ní bheidh feidhm ag Airteagal 111 ná ag Airteagal 112;
agus (c)
beidh feidhm ag Airteagal 156 seachas ag Airteagal 122. Airteagal 156
Fógra maidir le heaspa comhréireachta i gconarthaí seirbhíse gaolmhaire idir
trádálaithe a cheangal 1.
I gcás conartha seirbhíse idir trádálaithe, ní
fhéadfaidh an custaiméir easpa comhréireachta a éileamh mura dtugann an
custaiméir fógra don soláthróir seirbhíse laistigh de thréimhse réasúnta ina
sonrófar an cineál easpa comhréireachta. 2.
Cuirfear tús leis an tréimhse ón uair a chuirtear
an tseirbhís ghaolmhar i gcrích nó ón uair a thugann an custaiméir easpa
comhréireachta faoi deara, nó ón uair atáthar ag súil go dtabharfaidh sé faoi
deara é, cibé acu is déanaí. 3.
Níl an soláthróir seirbhíse i dteideal dul i muinín
an Airteagail seo má bhaineann an easpa comhréireachta le fíricí a bhí ar eolas
ag an soláthróir seirbhíse, nó a d'fhéadfaí a bheith ag súil iad a bheith ar
eolas aige, agus nár nocht sé don chustaiméir. Airteagal 157
Leigheasanna an tsoláthróra seirbhíse 4.
I gcás nach gcomhlíonann an custaiméir a
oibleagáidí, tá na leigheasanna céanna ag an soláthróir seirbhíse, maille leis
na hoiriúnuithe atá leagtha amach i mír 2, dá bhforáiltear don díoltóir i
gCaibidil 13, eadhon: (a)
comhlíonadh a cheangal; (b)
comhlíonadh an tsoláthróra seirbhíse féin a
choinneáil siar; (c)
an conradh a fhoirceannadh; agus (d)
ús a éileamh ar an bpraghas nó ar na damáistí. 5.
Beidh feidhm ag Caibidil 13 leis na
hoiriúnuithe is gá. Go háirithe, beidh feidhm ag Airteagal 158 seachas ag Airteagal 132(2); Airteagal 158
Ceart an chustaiméara comhlíonadh a dhiúltú 1.
Féadfaidh an custaiméir fógra a thabhairt don
soláthróir seirbhíse am ar bith nach bhfuil gá le comhlíonadh an seirbhíse
gaolmhaire nó nach bhfuil gá le tuilleadh comhlíonta di. 2.
I gcás ina dtugtar fógra faoi mhír 1: (a)
ní bheidh sé de cheart ag an soláthróir seirbhíse
ná d’oibleagáid air an tseirbhís a sholáthar a thuilleadh; agus (b)
beidh an custaiméir, mura bhfuil aon fhoras le
foirceannadh in aon fhoráil eile, faoi dhliteanas an praghas a íoc lúide na
costais a spáráil an soláthróir seirbhíse, nó a d'fhéadfaí a bheith ag súil a
spáráil sé, toisc nár cuireadh an comhlíonadh i gcrích. 3.
I gcaidreamh idir trádálaí agus tomhaltóir ní
fhéadfaidh na páirtithe, chun aimhleasa an tomhaltóra, feidhmiú an Airteagail
seo a eisiamh, ná maolú ar a éifeachtaí ná na héifeachtaí sin a athrú. Cuid VI Damáistí agus
ús Caibidil 16 Damáistí
agus ús Roinn 1 Damáistí Airteagal 159
Ceart chun damáistí 1.
Tá an creidiúnaí i dteideal damáistí de dheasca
caillteanas atá mar thoradh ar neamh‑chomhlíonadh oibleagáide an fhéichiúnaí,
ach amháin má scaoiltear leis an neamh‑chomhlíonadh. 2.
Áirítear leis an gcaillteanas ar féidir damáistí a
aisghabháil ina leith, caillteanas todhchaí a bhféadfadh an féichiúnaí a bheith
ag súil leis. Airteagal 160
Tomhas ginearálta ar dhamáistí Nuair a dhéanfar tomhas ginearálta ar
dhamáistí de dheasca caillteanais atá mar thoradh ar neamh‑chomhlíonadh
oibleagáidí, is leor an tsuim sin chun go mbeidh an creidiúnaí sa staid chéanna
is a bheadh sé dá mbeadh an oibleagáid comhlíonta go cuí nó, nuair nach bhfuil
an méid sin indéanta, go mbeidh sé sa staid nach mór chéanna. Cumhdaíonn na
damáistí sin caillteanas a bhain don chreidiúnaí agus gnóthachan nach bhfuair
an creidiúnaí. Airteagal 161
Intuarthacht caillteanais Níl an féichiúnaí faoi dhliteanas caillteanais
ach amháin an caillteanas sin a thuar an féichiúnaí, nó a d'fhéadfaí a bheith
ag súil gur thuar sé, tráth a tugadh an conradh i gcrích ar caillteanas mar
thoradh ar an neamh‑chomhlíonadh é. Airteagal 162
Caillteanas is inchurtha i leith an chreidiúnaí Níl an féichiúnaí faoi dhliteanas aon
chaillteanais a bhain don chreidiúnaí sa mhéid gur chuir an creidiúnaí leis an
neamh‑chomhlíonadh nó lena éifeachtaí. Airteagal 163
Caillteanas a laghdú 1.
Níl an féichiúnaí faoi dhliteanas aon chaillteanais
a bhain don chreidiúnaí sa mhéid go bhféadfadh an creidiúnaí an caillteanas a
laghdú trí bhearta réasúnta a dhéanamh. 2.
Tá an creidiúnaí i dteideal aon chostas a
aisghabháil a tabhaíodh go réasúnta agus iarracht á déanamh an caillteanas a
laghdú. Airteagal 164
Idirbheart ionadach I gcás creidiúnaí a rinne conradh a
fhoirceannadh ina iomláine nó i bpáirt, agus a bhfuil idirbheart ionadach
déanta aige laistigh de thréimhse réasúnta agus ar bhealach réasúnta, féadfaidh
sé, a mhéid atá sé i dteideal damáistí, an difríocht idir luach an méid a
bheadh iníoctha faoin gconradh foirceanta agus luach an méid is iníoctha faoin
idirbheart ionadach a aisghabháil, mar aon le damáistí i dtaobh aon
chaillteanais eile. Airteagal 165
Praghas reatha I gcás ina ndearna creidiúnaí an conradh a
fhoirceannadh agus nach bhfuil idirbheart ionadach déanta aige, ach go bhfuil
praghas reatha ar an gcomhlíonadh, féadfaidh an creidiúnaí, a mhéid atá sé i
dteideal damáistí, an difríocht idir an praghas conartha agus an praghas reatha
tráth an fhoirceanta a aisghabháil, mar aon le damáistí i dtaobh aon
chaillteanais eile. Roinn 2 Ús ar íocaíochtaí
déanacha: forálacha ginearálta Airteagal 166
Ús ar íocaíochtaí déanacha 1.
I gcás ina mbíonn moill ar shuim airgid a íoc, tá an
creidiúnaí i dteideal ús ar an tsuim sin ón uair atá an íocaíocht dlite go dtí
an uair a dhéantar an íocaíocht ag an ráta atá sonraithe i mír 2, gan fógra a
thabhairt. 2.
Is éard atá i ráta úis íocaíochta a bhfuil moill
uirthi: (c)
(a) i gcás inarb é gnátháit chónaithe an
chreidiúnaí Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra aige nó tríú tír, an
ráta atá curtha i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar an
bpríomhghníomhaíocht athmhaoinithe is déanaí a rinne siad roimh an gcéad
lá den leathbhliain i dtrácht, nó an ráta úis imeallach atá mar thoradh ar na
nósanna imeachta tairisceana a mbaineann ráta athraitheach leo le haghaidh
na bpríomhghníomhaíochtaí athmhaoinithe is déanaí de chuid an Bhainc
Ceannais Eorpaigh, móide dhá phointe céatadáin; (d)
(b) i gcás inarb é gnátháit chónaithe an
chreidiúnaí Ballstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige, an ráta
coibhéiseach arna leagan síos ag banc ceannais náisiúnta an Bhallstáit sin,
móide dhá phointe céatadáin. 3.
Féadfaidh an creidiúnaí damáistí a aisghabháil i
dtaobh aon chaillteanais eile. Airteagal 167
Ús nuair is tomhaltóir an féichiúnaí 1.
Nuair is tomhaltóir an féichiúnaí, beidh an t‑ús de
thoradh moille ar íocaíocht dlite ag an ráta dá bhforáiltear in Airteagal 166
i gcás nach scaoiltear le neamh‑chomhlíonadh. 2.
Ní thiocfaidh an t‑ús i bhfeidhm go dtí 30 lá tar
éis don chreidiúnaí fógra a thabhairt don fhéichiúnaí ina sonrófar an
oibleagáid ús a íoc agus ráta an úis sin. Féadfar fógra a thabhairt roimh an
dáta ar a mbeidh an íocaíocht dlite. 3.
Aon téarma den chonradh lena socraítear ráta úis
atá níos airde ná an ráta dá bhforáiltear in Airteagal 166, nó lena
socraítear fabhrú níos luaithe ná an t‑am atá sonraithe i mír 2 den Airteagal sin,
níl sé ceangailteach sa mhéid go mbeadh sé sin míchothrom de réir Airteagal 83.
4.
Ní féidir ús de thoradh moille ar íocaíocht a chur
leis an gcaipiteal chun ús a sholáthar. 5.
Ní fhéadfaidh na páirtithe, chun aimhleasa an
tomhaltóra, feidhmiú an Airteagail seo a eisiamh ná maolú ar a éifeachtaí ná na
héifeachtaí sin a athrú. Roinn 3 Íocaíochtaí déanacha
trádálaithe Airteagal 168
Ráta úis agus fabhrú 1.
I gcás ina gcuireann trádálaí moill ar íocaíocht
praghais atá dlite faoi chonradh chun earraí a sheachadadh nó chun ábhar
digiteach nó seirbhísí gaolmhara a sholáthar, gan é a scaoileadh de bhua Airteagal 88,
beidh an t‑ús dlite ag an ráta atá sonraithe i mír 5 den Airteagal sin. 2.
Tiocfaidh an t‑ús i bhfeidhm ag an ráta atá
sonraithe i mír 5 ar an lá tar éis an dáta nó tar éis dheireadh na
tréimhse le haghaidh íocaíochta dá bhforáiltear sa chonradh. Murab ann don dáta
nó don tréimhse sin, tiocfaidh an t‑ús ag an ráta sin i bhfeidhm: (a)
30 lá tar éis an dáta ar a bhfaigheann an
féichiúnaí an sonrasc nó iarraidh choibhéiseach ar íocaíocht; nó (b)
30 lá tar éis an dáta ar a bhfaightear na hearraí,
an t‑ábhar digiteach nó na seirbhísí gaolmhara, más dáta níos luaithe nó dáta
neamhchinnte an dáta dá bhforáiltear i bpointe (a), nó mura léir an bhfuil
sonrasc nó iarraidh choibhéiseach ar íocaíocht faighte ag an bhféichiúnaí. 3.
I gcás ina mbeidh comhréireacht earraí, ábhair
dhigitigh nó seirbhísí gaolmhara leis an gconradh le fionnadh trí ghlacadh leo
nó trí scrúdú a dhéanamh orthu, cuirtear tús leis an tréimhse 30 lá dá
bhforáiltear i bpointe (b) de mhír 2 ar an dáta glactha nó ar an dáta ar a
gcuirtear an nós imeachta scrúdúcháin i gcrích. Ní féidir le huastréimhse an
nós imeachta scrúdúcháin a bheith níos faide ná 30 lá ón dáta ar a seachadtar
na hearraí nó ar a soláthraítear an t‑ábhar digiteach nó na seirbhísí
gaolmhara, ach amháin má chomhaontaíonn na páirtithe a mhalairt agus mura
bhfuil an comhaontú sin míchothrom de réir Airteagal 170. 4.
Ní féidir leis an tréimhse le haghaidh íocaíochta
arna cinneadh faoi mhír 2 dul thar 60 lá, ach amháin má chomhaontaíonn na
páirtithe a mhalairt agus mura bhfuil an comhaontú míchothrom de réir Airteagal 170. 5.
Is éard atá i ráta úis íocaíochta a bhfuil moill
uirthi: (c)
(a) i gcás inarb é gnátháit chónaithe an
chreidiúnaí Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra aige nó tríú tír, an
ráta úis atá curtha i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach ar an
bpríomhgníomhaíocht athmhaoinithe is déanaí a rinne siad roimh an gcéad lá
den leathbhliain i dtrácht, nó an ráta úis imeallach atá mar thoradh ar na
nósanna imeachta tairisceana a mbaineann ráta athraitheach leo le haghaidh
na bpríomhghníomhaíochtaí athmhaoinithe is déanaí de chuid an Bhainc
Ceannais Eorpaigh, móide ocht bpointe céatadáin; (d)
(b) i gcás inarb é gnátháit chónaithe an
chreidiúnaí Ballstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige, an ráta
coibhéiseach arna leagan síos ag banc ceannais náisiúnta an Bhallstáit sin,
móide ocht bpointe céatadáin. 6.
Féadfaidh an creidiúnaí damáistí a aisghabháil i
dtaobh aon chaillteanais eile. Airteagal 169
Cúiteamh as costais aisghabhála 1.
I gcás ina bhfuil an t‑ús iníoctha i gcomhréir le hAirteagal 168,
tá an creidiúnaí i dteideal suim sheasta EUR 40, ar a laghad, a fháil ón
bhféichiúnaí, nó suim choibhéiseach san airgeadra a comhaontaíodh don phraghas
conartha mar chúiteamh as costais aisghabhála an chreidiúnaí. 2.
Tá an creidiúnaí i dteideal cúiteamh réasúnta a fháil
ón bhféichiúnaí as aon chostas aisghabhála atá níos mó ná an tsuim sheasta dá
dtagraítear i mír 1 agus a tabhaíodh de bharr íocaíocht dhéanach an
fhéichiúnaí. Airteagal 170
Téarmaí míchothroma conartha a bhaineann le hús de bharr íocaíochta déanaí 1.
Aon téarma conartha a bhaineann leis an dáta nó an
tréimhse le haghaidh íocaíochta, leis an ráta úis de bharr íocaíochta déanaí nó
leis an gcúiteamh as costais aisghabhála, ní bheidh sé ceangailteach sa mhéid
go bhfuil an téarma sin míchothrom. Bíonn téarma míchothrom má chlaonann sé go
mór ó dhea-chleachtas tráchtála, contrártha le meon macánta agus cóirdhéileáil,
ag cur san áireamh imthosca ar fad an cháis, lena n‑áirítear cineál na n‑earraí,
an ábhair dhigitigh nó na seirbhíse gaolmhaire. 2.
Chun críche mhír 1, meastar gur téarma conartha
míchothrom téarma a dhéanann foráil maidir le ham nó tréimhse le haghaidh
íocaíochta nó ráta úis nach bhfuil chomh fabhrach don chreidiúnaí is atá an t‑am,
an tréimhse nó an ráta atá sonraithe in Airteagal 167 agus Airteagal 168,
nó téarma a dhéanann foráil maidir le méid an chúitimh as costais aisghabhála
atá níos lú ná an méid atá sonraithe in Airteagal 169. 3.
Chun críche mhír 1, aon téarma conartha a eisiann
ús de bharr íocaíochta déanaí nó cúiteamh as costais aisghabhála, míchothrom i
gcónaí. Airteagal 171
Cineál sainordaitheach Ní fhéadfaidh na páirtithe feidhmiú na Roinne
seo a eisiamh ná maolú ar a héifeachtaí ná na héifeachtaí sin a athrú. Cuid VII Tabhairt ar
ais Caibidil 17
Tabhairt ar ais Airteagal 172
Tabhairt ar ais de thoradh neamhniú nó foirceannadh 1.
Nuair a dhéanann páirtí amháin an conradh a
neamhniú nó a fhoirceannadh, ní foláir don dá pháirtí an méid a fuair an páirtí
sin (“an faighteoir”) ón bpáirtí eile a thabhairt ar ais. 2.
Maidir leis an oibleagáid an méid a fuarthas a
thabhairt ar ais, áirítear leis aon torthaí nádúrtha agus dlíthiúla a tháinig
ón méid a fuarthas. 3.
Nuair a dhéantar conradh comhlíonta a fhoirceannadh
ina thráthchodanna nó ina chodanna, ní cheanglaítear go dtabharfar ar ais an
méid a fuarthas maidir le haon tráthchuid ná aon chuid i gcás inar gcomhlíonadh
na hoibleagáidí ar an dá thaobh ina n‑iomláine, nó i gcás ina bhfuil an praghas
ar an méid a rinneadh iníoctha faoi Airteagal 8(2), ach amháin má fhágann
cineál an chonartha nach maith ar bith do cheann amháin de na conarthaí páirt‑chomhlíonadh.
Airteagal 173
Íocaíocht an luacha airgeadaíochta 1.
I gcás nach féidir an méid a fuarthas, lena n‑áirítear
torthaí nuair is ábhartha, a thabhairt ar ais nó, i gcás ábhair dhigitigh, cé
acu a soláthraíodh ar mheán inláimhsithe é nó nár soláthraíodh, ní foláir don
fhaighteoir an luach airgeadaíochta a íoc. I gcás inar féidir an méid a
fuarthas a thabhairt ar ais, ach go mbeadh iarracht mhíréasúnta nó costas
míréasúnta mar thoradh air, féadfaidh an faighteoir rogha a dhéanamh an luach
airgeadaíochta a íoc, ar chuntar nach ndéanfadh sin dochar do leasanna
dílseanaigh an pháirtí eile. 2.
Is é luach airgeadaíochta earraí an luach a bheadh
acu ar an dáta ar a bhfuil an luach airgeadaíochta le híoc dá mbeidís coinnithe
ag an bhfaighteoir gan scriosadh gan damáiste go dtí an dáta sin. 3.
I gcás ina ndéanann custaiméir conradh seirbhíse
gaolmhaire a neamhniú nó a fhoirceannadh tar éis an tseirbhís ghaolmhar sin a
chomhlíonadh ina hiomláine nó i bpáirt, is é luach airgeadaíochta an méid a
fuarthas an méid a shábháil an custaiméir tríd an tseirbhís ghaolmhar a fháil. 4.
I gcás ábhair dhigitigh, is é luach airgeadaíochta
an méid a fuarthas an méid a shábháil an tomhaltóir trí úsáid a bhaint as an
ábhar digiteach. 5.
I gcás ina bhfuair an faighteoir ionadaí in airgead
nó i gcomhchineál mar mhalairt ar earraí nó ar ábhar digiteach nuair a bhí an
faighteoir ar an eolas, nó nuair a d'fhéadfaí bheith ag súil é a bheith ar an
eolas, faoin bhforas le neamhniú nó le foirceannadh, féadfaidh an páirtí eile
rogha a dhéanamh an t‑ionadaí nó luach airgeadaíochta an ionadaí a éileamh.
Féadfaidh faighteoir a fuair ionadaí in airgead nó i gcomhchineál mar mhalairt
ar earraí nó ar ábhar digiteach nuair nach raibh an faighteoir ar an eolas, nó
nuair nach bhféadfaí bheith ag súil é a bheith ar an eolas, faoin bhforas le
neamhniú nó le foirceannadh, rogha a dhéanamh an t‑ionadaí nó luach
airgeadaíochta an ionadaí a thabhairt ar ais. 6.
I gcás ábhair dhigitigh nach soláthraítear mar
mhalairt ar phraghas a íoc, ní thabharfar rud ar bith ar ais. Airteagal 174
Íocaíocht as úsáid agus ús ar airgead a fuarthas 1.
I gcás faighteora a d’úsáid na hearraí, ní mór dó
luach airgeadaíochta na húsáide sin a íoc leis an bpáirtí eile le haghaidh
tréimhse ar bith: (a)
a raibh an faighteoir mar fhoras le neamhniú nó
foirceannadh lena linn; (b)
a raibh an faighteoir, roimh thús na tréimhse sin,
ar an eolas faoin bhforas le neamhniú nó le foirceannadh lena linn; nó (c)
ag féachaint do chineál na n‑earraí atá ann, cineál
agus méid na húsáide agus an fáil atá ar leigheasanna seachas foirceannadh, ní
bheadh sé cothrom ligean don fhaighteoir saorúsáid a bhaint as na hearraí don
tréimhse sin. 2.
Faighteoir a bhfuil sé d'oibleagáid air airgead a
thabhairt ar ais, ní foláir dó ús a íoc ag an ráta atá luaite in Airteagal 166,
sna cásanna seo a leanas: (a)
i gcás ina bhfuil sé d’oibleagáid ar an bpáirtí
eile íoc as an úsáid; nó (b)
i gcás ina raibh an faighteoir ina chúis leis an
gconradh a neamhniú de dheasca calaoise, bagairtí agus dúshaothraithe éagóraigh. 3.
Chun críocha na Caibidle seo, níl sé d’oibleagáid
ar an bhfaighteoir íoc as úsáid na n‑earraí a fhaightear nó an t‑ús a íoc ar
airgead a fuarthas in imthosca eile seachas iad sin atá leagtha amach i
mír 1 agus mír 2. Airteagal 175
Cúiteamh as caiteachas 1.
I gcás ina bhfuil caiteachas tabhaithe ag
faighteoir ar earraí nó ar ábhar digiteach, tá an faighteoir i dteideal cúitimh
sa mhéid go ndeachaigh an caiteachas chun leasa an pháirtí eile, chomh fada is
a rinneadh an caiteachas nuair nach raibh an faighteoir ar an eolas, nó nach
bhféadfaí ag súil é a bheith ar an eolas, faoin bhforas le neamhniú nó le
foirceannadh. 2.
Maidir le faighteoir a bhí ar an eolas, nó a bheifí
ag súil é a bheith ar an eolas, faoin bhforas le neamhniú nó le foirceannadh,
níl sé i dteideal cúitimh ach as an gcaiteachas a bhí de dhith chun na hearraí
nó an t‑ábhar digiteach a chosaint ó chaillteanas nó ó thitim sa luach, ar
choinníoll nach raibh deis ag an bhfaighteoir comhairle a lorg ón bpáirtí eile. Airteagal 176
Modhnú cothrom Féadfar aon oibleagáid maidir le tabhairt ar
ais nó íocaíocht faoin gCaibidil seo a mhodhnú sa mhéid go mbeadh comhlíonadh
na hoibleagáide sin an‑mhíchothrom, ag cur san áireamh go háirithe nach raibh
an páirtí ina chúis leis an bhforas le neamhniú nó foirceannadh, nó nach raibh
eolas aige air sin. Airteagal 177
Cineál sainordaitheach I gcaidreamh idir trádálaí agus tomhaltóir ní
fhéadfaidh na páirtithe, chun aimhleasa an tomhaltóra, feidhmiú na Caibidle seo
a eisiamh, ná maolú ar a héifeachtaí ná na héifeachtaí sin a athrú. Cuid VIII Rúradh Caibidil 18 Rúradh Roinn 1 Forálacha ginearálta Airteagal 178
Cearta atá faoi réir rúraidh Tá ceart chun comhlíonadh oibleagáide a
fhorghníomhú, agus aon cheart coimhdeach a ghabhann leis an gceart sin, faoi
réir rúraidh faoin am a rachaidh an tréimhse in éag i gcomhréir leis an
gCaibidil seo. Roinn 2 Tréimhsí rúraidh agus a dtosach feidhme Airteagal 179
Tréimhsí rúraidh 1.
Is é dhá bhliain an tréimhse ghairid rúraidh. 2.
Is é deich mbliana nó, i gcás ceart chun damáistí
de dheasca gortaithe pearsanta, tríocha bliain an tréimhse fhada rúraidh. Airteagal 180
Tosach feidhme 1.
Cuirfear tús leis an tréimhse ghairid rúraidh ón
uair a bheidh an creidiúnaí ar an eolas, nó a d'fhéadfaí a bheith ag súil é a
bheith ar an eolas, faoi na fíricí arb iad an bunús ar a bhfeidhmeofar an
ceart. 2.
Cuirfear tús leis an tréimhse fhada rúraidh ón uair
a bheidh ar an bhféichiúnaí an oibleagáid a chomhlíonadh nó, i gcás ceart chun
damáistí, ó uair na gníomhaíochta is bunús leis an gceart. 3.
I gcás ina bhfuil sé d’oibleagáid ar an
bhféichiúnaí rud a dhéanamh go leanúnach, nó gan é a dhéanamh, meastar go
bhfuil ceart ar leithligh ag an gcreidiúnaí gach uair nach gcomhlíontar an
oibleagáid. Roinn 3 Na tréimhsí rúraidh a
shíneadh Airteagal 181
Fionraí i gcás imeachtaí breithiúnacha agus eile 1.
Cuirtear an dá thréimhse rúraidh ar fionraí ón uair
a chuirtear tús le himeachtaí breithiúnacha chun an ceart a dhearbhú. 2.
Ní thiocfaidh deireadh leis an bhfionraí go dtí go
ndéanfar cinneadh críochnaitheach, nó go dtí go mbeidh an cás réitithe ar
bhealach eile. I gcás ina gcuirtear deireadh leis na himeachtaí laistigh de na
sé mhí dheireanacha den tréimhse rúraidh gan cinneadh a dhéanamh maidir lena
dtuillteanas, ní rachaidh an tréimhse rúraidh in éag sula mbeidh sé mhí caite ón
tráth a cuireadh na himeachtaí i gcrích. 3.
Beidh feidhm ag mír 1 agus mír 2, agus
oiriúnuithe iomchuí déanta orthu, maidir le himeachtaí eadrána, le himeachtaí
idirghabhála, le himeachtaí ina gcuirtear an cás atá idir dhá pháirtí faoi
bhráid tríú páirtí le haghaidh cinnidh cheangailtigh agus le haon imeachtaí
eile a thionscnaítear ar mhaithe le teacht ar chinneadh maidir leis an gceart,
nó chun dócmhainneacht a neamhniú. 4.
Próiséas struchtúrtha atá san idirghabháil, is cuma
cad a thugtar air nó cén chaoi a ndéantar tagairt dó, ar próiseas é ina
ndéanann dhá pháirtí nó níos mó atá i mbun díospóide teacht ar chomhaontú
eatarthu féin, ar bhonn deonach, chun an díospóid a réiteach le cúnamh an
idirghabhálaí. Féadfaidh na páirtithe tús a chur leis an bpróiséas, féadfaidh
cúirt é a ordú nó a mholadh, nó féadfar é a fhorordú trí bhíthin an dlí
náisiúnta. Cuirtear deireadh leis an idirghabháil le comhaontú na bpáirtithe nó
le dearbhú an idirghabhálaí nó le dearbhú páirtí amháin. Airteagal 182
An dáta éaga a chur siar i gcás caibidlíochta Má théann na páirtithe i mbun caibidlíochta
faoin gceart, nó faoi na himthosca is cúis le héileamh a bhaineann leis an
gceart, ní rachaidh ceachtar tréimhse rúraidh in éag laistigh de bhliain ón
tráth a dhéantar an chumarsáid dheireanach sa chaibidlíocht nó ón uair a
chuireann páirtí amháin in iúl don pháirtí eile nach dteastaíonn uaidh leanúint
leis an gcaibidlíocht. Airteagal 183
An dáta éaga a chur siar i gcás neamhinniúlachta Mura bhfuil ionadaí ag duine atá faoi réir
neamhinniúlachta, ní rachaidh ceachtar tréimhse rúraidh maidir le ceart an
duine sin in éag laistigh de bhliain bliana tar éis deireadh a theacht leis an
neamhinniúlacht sin, nó tar éis ionadaí a cheapadh. Roinn 4 Na tréimhsí rúraidh a
athnuachan Airteagal 184
Athnuachan de thoradh aitheantas a fháil Má dhéanann an féichiúnaí an ceart a aithint
maidir leis an gcreidiúnaí, trí chuid den fhiach a íoc, tríd an ús a íoc, trí
urrús a thabhairt, trí fhritháireamh nó ar bhealach ar bith eile, cuirfear tús
le tréimhse ghairid rúraidh nua. Roinn 5 Éifeachtaí rúraidh Airteagal 185
Éifeachtaí rúraidh 1.
Nuair a rachaidh an tréimhse rúraidh ábhartha in
éag beidh an féichiúnaí i dteideal comhlíonadh na hoibleagáide i dtrácht a
dhiúltú agus caillfidh an creidiúnaí na leigheasanna ar fad ar neamh‑chomhlíonadh,
seachas comhlíonadh a choinneáil siar. 2.
Ní fhéadfar an méid a d'íoc nó a d'aistrigh an
féichiúnaí agus an oibleagáid á comhlíonadh aige a aisghabháil toisc an
tréimhse rúraidh a bheith imithe in éag tráth a cuireadh an comhlíonadh i gcrích. 3.
Ní rachaidh an tréimhse rúraidh maidir le ceart
chun ús a íoc, ná cearta coimhdeacha eile, in éag roimh an tréimhse a bhaineann
leis an bpríomhcheart. Roinn 6 Modhnú trí theacht ar
chomhaontú Airteagal 186
Comhaontuithe maidir le rúradh 1.
Féadfar rialacha na Caibidle seo a mhodhnú trí
theacht ar chomhaontú idir na páirtithe, go háirithe trí na tréimhsí rúraidh a
ghiorrú nó a fhadú. 2.
Ní fhéadfar an tréimhse ghairid rúraidh a ghiorrú
go dtí níos lú ná bliain amháin, ná a shíneadh go dtí níos mó ná deich mbliana. 3.
Ní fhéadfar an tréimhse fhada rúraidh a ghiorrú go
dtí níos lú ná bliain amháin, ná a shíneadh go dtí níos mó ná tríocha bliain. 4.
Ní fhéadfaidh na páirtithe feidhmiú an Airteagail
seo a eisiamh ná maolú ar a éifeachtaí ná na héifeachtaí sin a athrú. 5.
I gcás conartha idir trádálaí agus tomhaltóir, ní
fhéadfar an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm chun aimhleasa an tomhaltóra. Foscríbhinn 1 Treoracha samplacha maidir le tarraingt siar Ceart chun
tarraingt siar Tá sé de cheart
agat tarraingt siar ón gconradh seo laistigh de 14 lá gan cúis a
thabhairt. Tiocfaidh deireadh leis an tréimhse
tarraingthe siar 14 lá tar éis an chéad lá. Chun an ceart chun tarraingt siar a fheidhmiú,
ní foláir duit sinn a chur ar an eolas (2) faoi do chinneadh tarraingt siar ón
gconradh seo i ráiteas soiléir (e.g. i litir a sheolfar tríd an bpost, le facs
nó le ríomhphost). Féadfaidh tú an fhoirm shamplach tarraingthe siar atá i
gceangal leis seo a úsáid, ach níl dualgas ort í a úsáid. 3 Chun sprioc na tarraingthe siar a chomhlíonadh,
is leor duit, sula dtéann an tréimhse tarraingthe siar in éag, an ráiteas a
chur isteach maidir le do cheart chun tarraingt siar a fheidhmiú. Éifeachtaí na
tarraingthe siar Má tharraingíonn tú siar ón gconradh seo,
déanfaimid na híocaíochtaí ar fad a rinne tú a aisíoc, lena n‑áirítear na
costais seachadta (seachas na costais fhorlíontacha a bhaineann leis an rogha a
rinne tú maidir leis an modh seachadta amach ón gcineál seachadta
chaighdeánaigh is saoire a thairgimid), gan moill mhíchuí agus tráth nach
déanaí ná 14 lá ón lá ar a gcuirtear do chinneadh tarraingthe siar ón
gconradh seo in iúl dúinn. Déanfaimid an t‑aisíoc sin leis an modh íocaíochta
céanna a d'úsáid tusa don bhun‑idirbheart, ach amháin má tá a mhalairt
comhaontaithe go sainráite agat; pé ar bith, ní ghearrfar aon táillí ort as an aisíoc
sin. 4 5 6 Treoracha maidir le cur i gcrích: 1 Cuir ceann amháin de na téacsanna
seo a leanas isteach anseo idir uaschamóga: a) i gcás conartha seirbhíse gaolmhaire nó
conradh chun uisce, gás nó leictreachas a sholáthar, nuair nach gcuirtear méid
teoranta ná cainníocht sheasta daoibh ar díol nó i gcás conartha chun téamh
dúiche nó ábhar digiteach nach soláthraítear ar mheán inláimhsithe a sholáthar:
“nuair a thugtar an conradh i gcrích.”: b) i gcás conartha díolacháin: "tráth a
ghlacann tusa, nó tríú páirtí seachas an t‑iompróir arna ainmniú agat, seilbh
ar na hearraí."; c) i gcás conartha a bhaineann le hearraí
éagsúla a d’ordaigh an tomhaltóir in aon ordú amháin agus a seachadadh ar
leithligh: "tráth a ghlacann tusa, nó tríú páirtí seachas an t‑iompróir
arna ainmniú agat, seilbh ar an earra deireanach."; d) i gcás conartha a bhaineann le seachadadh
earra ina bhfuil míreanna nó píosaí éagsúla: "tráth a ghlacann tusa, nó
tríú páirtí seachas an t‑iompróir agus arna ainmniú agat, seilbh ar an mír
dheireanach nó ar an bpíosa deireanach."; e) i gcás conartha le haghaidh seachadta
rialta earraí laistigh de thréimhse shonraithe ama: "tráth a ghlacann
tusa, nó tríú páirtí seachas an t‑iompróir agus arna ainmniú agat, seilbh ar an
gcéad earra."; 2 Cuir
isteach d'ainm, do sheoladh poist agus, nuair is ann dóibh, d'uimhir ghutháin,
d'uimhir facs agus do sheoladh ríomhphoist. 3 Má
tá tú chun an rogha a thabhairt don tomhaltóir an fhaisnéis a líonadh agus a
chur isteach go leictreonach ar do láithreán gréasáin maidir lena tharraingt
siar ón gconradh, cuir isteach an méid seo a leanas: "Féadfaidh tú freisin
an fhoirm shamplach tarraingthe siar nó aon ráiteas soiléir eile a líonadh agus
a chur isteach ar ár láithreán gréasáin [cuir isteach an seoladh idirlín]. Má
thograíonn tú sin a dhéanamh, cuirfimid admháil chugat go bhfuarthas an t‑iarratas
ar tharraingt siar ar mheán buanfasach (e.g. le ríomhphost) gan mhoill." 4 I
gcás conarthaí díolacháin nach bhfuil tairiscint iontu na hearraí a bhailiú i
gcás tarraingt siar, cuir isteach an méid seo a leanas: "Féadfaimid an t‑aisíoc
a choinneáil siar go dtí go bhfaighimid na hearraí ar ais nó go dtí go mbeidh
fianaise curtha ar fáil agat gur seoladh na hearraí ar ais chugainn, cibé acu
is luaithe." 5 Má
fuair an tomhaltóir earraí faoin gconradh, cuir isteach an méid seo a leanas: a cuir isteach: –
"Baileoimid na hearraí."; nó –
"Seolfaidh tú ar ais chugainn na hearraí nó
tabharfaidh tú dúinn iad nó do ____[cuir isteach ainm agus seoladh poist, nuair
is infheidhme, an duine arna údarú agat chun na hearraí a fháil] gan moill
mhíchuí agus i ngach cás tráth nach déanaí ná 14 lá ón lá a chuireann tú
an tarraingt siar ón gconradh in iúl dúinn. Meastar go gcomhlíontar an
spriocdháta má sheolann tú na hearraí ar ais sula n‑imíonn an tréimhse 14 lá
in éag." b cuir isteach: –
"Orainn a bheidh costas na hearraí a chur ar
ais."; nó –
"Ortsa a bheidh costas díreach na hearraí a
chur ar ais."; nó –
Más rud e, i gcás cianchonartha, nach ndéanann tú
tairiscint costas na hearraí a chur ar ais a íoc, agus nach féidir an cineál
sin earraí a chur ar ais tríd an bpost: "Ortsa a bheidh costas díreach na
hearraí a chur ar ais, ___ EUR [cuir isteach an méid]."; nó mura féidir
costas na hearraí a chur ar ais a ríomh go réasúnta maith roimh ré: "Ortsa
a bheidh costas díreach na hearraí a chur ar ais. Meastar an costas a bheith
thart ar ___ EUR[cuir isteach an méid] ar a mhéad"; nó –
Más rud é, i gcás conartha seacháitribh, nach
féidir na cineálacha sin earraí a chur ar ais tríd an bpost agus má seachadadh
ar theach an tomhaltóra iad tráth a tugadh an conradh i gcrích: "Rachaimid
faoi choinne na n‑earraí ar ár gcostas féin." c "Ní bheidh tú ach faoi dhliteanas luach laghdaithe na n‑earraí
atá mar thoradh ar a láimhseáil, seachas an láimhseáil a bhí de dhíth chun
cineál, tréithe agus feidhmiú na n‑earraí a chinneadh." 6 I
gcás conartha chun seirbhísí gaolmhara a sholáthar, cuir isteach an méid seo a
leanas: "Má d'iarr tú tús a chur le comhlíonadh na seirbhísí gaolmhara le
linn na tréimhse tarraingthe siar, íocfaidh tú suim linn atá i gcomhréir leis
an méid a soláthraíodh go dtí go mbeidh sé curtha in iúl agat gur tharraing tú
siar ón gconradh seo, i gcomparáid le cumhdach iomlán an chonartha". Foscríbhinn 2 Foirm
shamplach tarraingthe siar (ná
déantar an fhoirm seo a líonadh agus a chur ar ais ach amháin má theastaíonn
uait tarraingt siar ón gconradh) –
Do [Ainm an trádálaí, a sheoladh poist agus, nuair
atá sé ar fáil, a uimhir facs agus a sheoladh ríomhphoist le cur isteach anseo
ag an trádálaí]: –
Tugaim/Tugaimid* fógra anseo go bhfuil mé/go
bhfuilimid* ag tarraingt siar ó mo chonradh/ónár gconradh* díolacháin maidir
leis na hearraí/maidir leis an tseirbhís ghaolmhar seo thíos* a sholáthar –
Arna ordú an*/Arna fháil an* –
Ainm an tomhaltóra/ainmneacha na dtomhaltóirí –
Seoladh an tomhaltóra/na dtomhaltóirí –
Síniú an tomhaltóra/na dtomhaltóirí (más ar
pháipéar atá an fhoirm seo á líonadh) –
Dáta:
* Scrios de réir mar is cuí. IARSCRÍBHINN II
FÓGRA CAIGHDEÁNACH FAISNÉISE Beidh an conradh atá á thabhairt i gcrích agat
faoi rialú an Dlí Choitinn Díolacháin Eorpaigh, ar córas malartach é den dlí
náisiúnta conarthach atá ar fáil do thomhaltóirí atá i mbun idirbheart
trasteorann. Is ionann na comhrialacha sin ar fud an Aontais Eorpaigh, agus
ceapadh iad chun leibhéal ard cosanta a sholáthar do thomhaltóirí. Ní bheidh
feidhm ag na rialacha sin ach amháin má aontaíonn tú go bhfuil an conradh faoi
rialú an Dlí Choitinn Díolacháin Eorpaigh. B'fhéidir gur
aontaigh tú freisin le conradh ar an bhfón nó ar bhealach eile (e.g.
téacstheachtaireacht) agus nach bhfuair tú an fógra seo roimh ré, dá bhrí sin.
Más amhlaidh atá, ní bheidh an conradh bailí go dtí go mbeidh an fógra sin
faighte agat agus do thoiliú curtha in iúl agat. Déantar cur síos ar do bhunchearta thíos. AN DLÍ COITEANN DÍOLACHÁIN EORPACH:
ACHOIMRE AR PHRÍOMCHEARTA AN TOMHALTÓRA Na cearta atá agat sula síníonn tú an
conradh Caithfidh an trádálaí an fhaisnéis
thábhachtach maidir leis an gconradh a thabhairt duit, mar shampla maidir
leis an táirge agus an praghas, lena n‑áirítear na cánacha agus na táillí ar
fad, agus sonraí teagmhála an trádálaí. Ní foláir an fhaisnéis sin a bheith
níos mionsonraithe má cheannaíonn tú rud éigin in áit seachas i siopa an
trádálaí nó mura mbuaileann tú leis an trádálaí tú féin in aon chor, mar
shampla má cheannaíonn tú rud ar líne nó ar an bhfón. Beidh tú i dteideal
damáistí mura bhfuil an fhaisnéis sin iomlán nó má tá sí míchruinn. Na cearta atá agat tar éis duit an
conradh a shíniú I bhformhór na gcásanna tá 14 lá agat tarraingt
siar ón gceannach má cheannaigh tú na hearraí in áit seachas i siopa an
trádálaí nó mura bhuail tú leis an trádálaí go dtí an uair a rinneadh an
ceannachán (mar shampla má cheannaigh tú rud ar líne nó ar an bhfón). Ní foláir
don trádálaí faisnéis agus foirm shamplach tarraigthe siar[23] a
sholáthar duit freisin. Mura bhfuil an méid sin déanta ag an trádálaí,
féadfaidh tú an conradh a chur ar ceal laistigh de bhliain amháin. Cad is féidir leat a dhéanamh nuair atá na
táirgí lochtach nó nuair nach seachadtar iad de réir mar a cinneadh? Tá tú i dteideal rogha a dhéanamh idir: 1) seachadadh 2) athsholáthar
nó 3) deisiú an táirge 4) laghdú ar an bpraghas a iarraidh 5) féadfaidh tú an
conradh a chur ar ceal, an táirge a thabhairt ar ais agus aisíocaíocht a fháil
seachas más locht an‑bheag atá ann 6) féadfaidh tú damáistí a éileamh as an
gcaillteanas. Ní gá duit an praghas a íoc go dtí go mbeidh an táirge faighte
agat gan locht. Más rud é nach bhfuil seirbhís
ghaolmhar comhlíonta ag an trádálaí faoi mar a gealladh sa chonradh, tá cearta
cosúla agat. Tar éis duit gearán a dhéanamh leis an trádálaí, áfach, bíonn sé
de cheart aige de ghnáth iarracht a dhéanamh i dtús báire an jab a dhéanamh i
gceart. Má theipeann ar an trádálaí athuair, ansin beidh rogha agat idir 1)
iarraidh ar an trádálaí arís an tseirbhís ghaolmhar a sholáthar 2) gan an
praghas a íoc go dtí go ndéanfar an tseirbhís ghaolmhar a sholáthar i gceart 3)
laghdú ar an bpraghas a iarraidh nó 4) damáistí a éileamh. 5) Féadfaidh tú
freisin an conradh a chur ar ceal agus aisíocaíocht a fháil, ach amháin más
teip an‑bheag atá ann i leith an tseirbhís ghaolmhar a sholáthar. An
tréimhse chun do chearta a éileamh nuair atá táirgí lochtach nó mura seachadtar
iad de réir mar a cinneadh: Tá dhá bhliain agat do chearta a éileamh ón
uair a thuigeann tú, nó ón uair ba cheart duit a thuiscint, nach ndearna an
trádálaí rud faoi mar a bhí comhaontaithe sa chonradh. I gcás ina dtagann na
fadhbanna seo chun cinn go han‑déanach, is é an nóiméad deireanach is féidir
leat éileamh den chineál sin a dhéanamh, 10 mbliana ón uair a bhí ar an
trádálaí na hearraí a sheachadadh, nó an t‑ábhar digiteach nó an tseirbhís
ghaolmhar a sholáthar. Cosaint i gcoinne téarmaí éagóracha: Ní bheidh téarmaí caighdeánacha conartha trádálaí ar téarmaí éagóracha
iad ceangailteach ort ó thaobh dlí. Níl i liosta seo na gceart ach achoimre
agus ní liosta cuimsitheach é ná níl na sonraí ar fad ann. Féadfaidh tú téacs
iomlán an Dlí Choitinn Díolacháin Eorpaigh a cheadú anseo. Léigh do
chonradh go cúramach. I gcás díospóide, féadfaidh tú comhairle
dlí a lorg [1] Eorabharaiméadar 320 maidir le Dlí
Conarthaí na hEorpa in idirbhearta idir gnólachtaí, 2011, lch. 15 agus
Eorabharaiméadar 321 maidir le Dlí Conarthaí na hEorpa in idirbhearta
tomhaltóirí, 2011, lch. 19. [2] IO L 177, 4.7.2008, lch. 6. [3] Eorabharaiméadar 320 maidir le Dlí Eorpach na gConarthaí
in idirbhearta idir gnólachtaí, 2011, lch. 15; Eorabharaiméadar 321 maidir le
Dlí Eorpach na gConarthaí in idirbhearta custaiméirí, 2011, lch. 19. [4] "Agus anailís á déanamh ar thrádáil idirnáisiúnta
ar fud thíortha an ECFE, léirítear go n‑imrítear mórthionchar ar thrádáil [...]
i gcás tíortha a bhfuil córas dlí cosúla acu ag cur san áireamh tosca tír‑shonracha,
achair, teorainn agus teanga chomónta a bheith a bheith ann [...] . Is gnách go
mbíonn sreabha trádála atá 40% níos mó ag na tíortha sin." 'Traders,
Courts and the Border Effect Puzzle' le A. Turrini and T. Van Ypersele,
Regional Science and Urban Economics 40 (2010), lch.82. [5] COIM (2001) 398, 11.7.2001. [6] COIM (2010) 348 críochnaitheach, 1.7.2010. [7] Tá tagairt don tionscnamh maidir le dlí Eorpach na
gconarthaí sa Ghníomh um an Margadh Aonair COIM (2011) 206 críochnaitheach,
lch. 19, 13.4.2011 agus sa Suirbhé Bliantúil Fáis, Iarscríbhinn 1, tuarascáil
dul chun cinn ar an Eoraip 2020 COIM (2011) 11 – A1/2, 12.1.2010, lch. 5
freisin. [8] COIM (2010) 245 críochnaitheach, 26.8.2010, lch. 13. [9] Níor shínigh an Ríocht Aontaithe, Éire, an Phortaingéil
ná Málta é. [10] Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na
sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach
IO L 178, 17.7.2000, lch. 1-16. [11] IO L 177, 4.7.2008, lch. 6. [12] IO L 199, 31.7.2007, lch. 40. [13] IO L 124, 20.5.2003, lch. 36. [14] IO L 105, 27.4.2010, lch. 109. [15] Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le muiniú a chothú i
gceartas uile-Eorpach: gné nua san oiliúint bhreithiúnach Eorpach, COIM (2011)
551 críochnaitheach, 13.9.2011. [16] IO L 376, 27.12.2006, lch. 36 [17] IO C […], […], lch. […]. [18] IO C […], […], lch. […]. [19] IO L 177, 4.7.2008, lch. 6. [20] IO L 199, 31.7.2007, lch. 40. [21] IO L 124, 20.5.2003, lch. 36. [22] IO L 376, 27.12.2006, lch.
36. [23] Nasc le cur isteach anseo.