52011PC0611

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríche Eorpaigh /* COIM/2011/0611 leagan deireanach - 2011/0273 (COD) */


{SEC(2011) 1138 final}

{SEC(2011) 1139 final}

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

An 29 Meitheamh 2011, ghlac an Coimisiún togra le haghaidh an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile don tréimhse 2014-2020: buiséad chun Straitéis Eoraip 2020 a sholáthar. Ina thogra, chinn an Coimisiún gur cheart beartas comhtháthaithe a bheith ina ghné riachtanach den chéad phacáiste airgeadais eile i gcónaí agus chuir sé béim ar a ról ríthábhachtach maidir leis an Straitéis Eoraip 2020 a sholáthar.

Mhol an Coimisiún roinnt athruithe tábhachtacha ar an mbealach ina ndéantar beartas comhtháthaithe a cheapadh agus a chur chun feidhme. Is iad príomh-shainmharcanna an togra cistiú a dhíriú ar líon níos lú tosaíochtaí atá nasctha níos fearr le Straitéis Eoraip 2020, díriú ar thorthaí, faireacháin a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo cuspóirí comhaontaithe, úsáid coinníollachta a mhéadú agus an soláthar a shimpliú.

Leagtar amach sa Rialachán seo na forálacha ginearálta a rialaíonn Comhar Críche Eorpach. Baintear leas ann as an obair a rinneadh ó foilsíodh an Ceathrú Tuarascáil faoin gComhtháthú i mí Bealtaine 2007 ina bhfuil cuntas ar na príomhdhúshláin atá os comhair na réigiún sna blianta atá le teacht agus inar cuireadh tús leis an díospóireacht ar an mbeartas comhtháthaithe amach anseo. Ar an 9 Samhain 2010, ghlac an Coimisiún leis an gCúigiú Tuarascáil faoin gComhtháthú inar soláthraíodh anailís ar na treochtaí sóisialta agus eacnamaíocha agus inar cuireadh síos ar na treoshuímh maidir leis an mbeartas comhtháthaithe amach anseo.

Is é an beartas comhtháthaithe an phríomhionstraim infheistíochta chun tacú le heochairthosaíochtaí an Aontais mar atá siad cumhdaithe i Straitéis Eoraip 2020. Déanann sé amhlaidh trí dhíriú isteach ar na tíortha agus na réigiúin is mó atá i ngátar. Is é ceann de mhóréachtaí an AE an chaoi a bhfuil sé in ann caighdeáin mhaireachtála a ardú dá shaoránaigh uile. Déanann sé é seo, trí chuidiú leis na Ballstáit agus na réigiún níos boichte forbairt agus fás agus chomh maith leis sin trí bhíthin a róil i lánpháirtiú an Mhargaidh Aonair a sholáthraíonn margaí agus barainneachtaí scála de bharr a mhéide, i ngach áit san AE, idir shaibhir agus bhocht, mhór agus bheag. Léiríodh a lán samplaí i meastóireacht an Choimisiúin ar bheartas comhtháthaithe san am a chuaigh thart de luach breise agus d’fhás agus infheistíocht chruthaithe post nach dtarlódh murach tacaíocht ó bhuiséad an AE. Mar sin féin, léirítear tionchar an scaipthe agus an easpa ord tosaíochta sna torthaí. Ag tráth a bhfuil airgead poiblí gann agus infheistíocht lena neartaítear fás de dhíth níos mó ná mar a bhí riamh, chinn an Coimisiún athruithe tábhachtacha a bheartú ar an mbeartas comhtháthaithe.

Is cuid den phacáiste reachtach do bheartas comhtháthaithe don tréimhse 2014-2020 é an togra. Tá Comhar Críche Eorpach ar cheann de na spriocanna atá i mbeartas comhtháthaithe agus cuireann sé creat ar fáil chun gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus malartuithe beartais a chur chun feidhme idir gníomhaithe náisiúnta, gníomhaithe réigiúnacha agus gníomhaithe áitiúla ó Bhallstáit éagsúla. Tá tábhacht níos mó ag baint leis seo de bharr na ndúshlán atá roimh Bhallstáit agus réigiúin á ngearradh níos minice thar theorainneacha náisiúnta/réigiúnacha agus óna dteastaíonn gníomhaíocht chomhoibritheach ar an leibhéal críochach iomchuí. Is féidir le Comhar Críche Eorpach, dá bhrí sin, cabhrú freisin chun cuspóir an Chonartha nua maidir le comhtháthú críochach a chothú.

Tá luach ar leith ag baint le Comhar Críche Eorpach toisc na nithe seo a leanas:

· Is féidir fadhbanna trasteorann a réiteach ar an mbealach is éifeachtaí má chomhoibríonn gach réigiún lena mbaineann le chéile chun costais dhíréireacha roinnt díobh agus saorthairbhiú roinnt eile díobh a sheachaint (e.g. truailliú comhshaoil trasteorann).

· Is féidir meicníocht éifeachtach a chur ar fáil trí chomhar chun dea-chleachtas a roinnt agus chun a fhoghlaim conas fios gnó a scaipeadh (e.g. iomaíochas a bhreisiú).

· Is féidir a áirithiú trí chomhar go mbíonn réiteach níos éifeachtaí ar fhadhb shonrach i ngeall ar bharainneachtaí scála agus i ngeall ar mhais chriticiúil a ghnóthú (bunú braislí chun taighde agus nuálaíocht a chothú).

· D’fhéadfaí rialachas a fheabhsú mar thoradh ar chomhordú a dhéanamh ar bheartais, ar ghníomhaíochtaí agus ar infheistíochtaí na hearnála ar scála trasteorann agus trasnáisiúnta.

· Is féidir le caidrimh le comharsana an AE trí chláir chomhair ar theorainneacha seachtracha an AE rannchuidiú le sábháilteacht agus le cobhsaíocht, agus le caidrimh chomhthairbheacha.

· I roinnt comhthéacsanna amhail imchuacha agus réigiúin ar an gcósta, ní féidir déanamh d’uireasa comhair agus gníomhaíochta trasnáisiúnta i ndáil le tacú le fás, fostaíocht agus le bainistíocht bunaithe ar éiceachóras.

Tá na treoshuímh beartais uileghabhálacha maidir le beartas comhtháthaithe amach anseo infheidhme chomh maith i gcomhthéacs an Chomhair Chríche Eorpaigh. Dá bhrí sin, cuimsíonn an rialachán arna bheartú ailíniú le Straitéis Eoraip 2020, gnéithe chun éifeachtacht na n‑idirghabhálacha Ciste a mhéadú agus cur chuige foriomlán simplithe maidir le cur chun feidhme.

2. TORTHAÍ COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS NA MEASÚNUITHE TIONCHAIR 2.1. Comhairliúchán agus comhairle na saineolaithe

Baintear leas sa rialachán sin as comhairliúchán forleathan leis na páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear Ballstáit, réigiúin, comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha.

Tionóladh an comhairliúchán poiblí maidir le Conclúidí an 5ú Tuarascáil faoin gComhtháthú idir an 12 Samhain 2010 agus an 31 Eanáir 2011. Chuir 444 páirtí ar an iomlán leis an gcomhairliúchán. Áiríodh leis na freagróirí Ballstáit, údaráis réigiúnacha agus áitiúla, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí a bhfuil leas Eorpach acu, eagraíochtaí neamhrialtasacha, saoránaigh agus páirtithe leasmhara eile. Cuireadh sraith ceisteanna ag an gcomhairliúchán poiblí maidir le todhchaí an bheartais chomhtháthaithe. Foilsíodh achoimre ar na torthaí an 13 Bealtaine 2011[1].

Úsáideadh torthaí na meastóireachtaí ex-post a rinneadh maidir le cláir INTERREG 2000-2006[2], an “Tuarascáil maidir le cuspóir 3” ón bparlaimint[3] agus raon leathan staidéar agus comhairle na saineolaithe, mar shampla trí bhíthin an chláir INTERACT, mar ionchur. Cuireadh comhairle na saineolaithe ar fáil chomh maith tríd an nGrúpa Ardleibhéil ag machnamh ar Bheartas Comhtháthaithe amach anseo, ina raibh saineolaithe as riaracháin náisiúnta, a raibh dhá chruinniú acu ina raibh díospóireachtaí níos sonraithe maidir le Comhar Críche Eorpach.

Léiríonn torthaí an chomhairliúcháin phoiblí ar an 5ú tuarascáil faoin gcomhtháthú, gur aontaíodh go forleathan maidir leis an ard-bhreisluach atá le baint as Comhar Críche Eorpach. Éilíodh, áfach, caighdeánú níos mó a dhéanamh ar rialacha agus ar nósanna imeachta ar fud na mBallstát[4]. Cuirtear béim chomh maith in aighneachtaí roinnt de na Ballstáit ar an ngá atá le rialachán ar leithligh nó le creat dlíthiúil ar leithligh le haghaidh clár comhair chun dul i ngleic ar bhealach níos fearr leis an gcomhthéacs ilnáisiúnta [5].

Príomhphointe ón meastóireacht ex-post is ea nach ndíríonn cláir chomhair chríche ar líon teoranta topaicí a bhfuil tosaíocht acu i gcónaí, ach go nglacann siad straitéisí idirghabhála leathana, rud a chruthaíonn deacrachtaí i dtaobh iarmhairtí atá so‑aitheanta go héasca a bhaint amach[6]. Baineann moladh mór eile leis an ngá atá le hidirghníomhaíocht níos réamhghníomhaí agus níos leanúnaí a bhunú leis na cláir Chóineasaithe agus Iomaíochais agus cláir chomhair chríche eile i réimse an chláir, d’fhonn comhlántacht, comhordú agus sineirgí a áirithiú. Moltar go sainráite sa mheastóireacht cur chuige níos comhlántaí agus níos comhtháite a fhorbairt don tréimhse tar éis 2013[7].

Ar an dóigh chéanna, chuir saineolaithe béim sa Ghrúpa Ardleibhéil ar an ngá atá le comhordú níos fearr agus díriú straitéiseach, ar leibhéal beartais ghinearálta agus aonair an chláir[8]. Thug siad le fios chomh maith gur cheart go láidreofaí naisc leis na cláir Chóineasaithe agus Iomaíochais agus d’éiligh siad forálacha sonracha rialála maidir le comhar críche agus comhchuibhiú foriomlán rialacha infheidhme agus simpliú[9].

Cuireadh béim sa tuarascáil pharlaiminteach ar an ngá le comhtháthú níos fearr a dhéanamh ar Chomhar Críche Eorpach ar gach leibhéal pleanála straitéisí, clárú níos fearr a chomhordú idir cláir chomhair agus cláir réigiúnacha agus cur chun feidhme a shimpliú trí rialachán ar leithligh um chomhar a léireoidh na sainiúlachtaí ar bhealach níos fearr[10].

2.2. Measúnú tionchair

Baineann na roghanna a ndéanfar measúnú orthu sa mheasúnú tionchair leis an díriú straitéiseach agus an comhordú idir cláir chomhair agus cláir réigiúnacha a fheabhsú. Áiríodh leis na roghanna a breithníodh leanúint den status quo (tosaíochtaí leathana, gan nasc foirmiúil ar bith idir cláir chomhair agus cláir réigiúnacha), bunchás dírithe ar dhíriú téamach agus ar chomhtháthú an chomhair i gcreat straitéiseach foriomlán (líon teoranta cuspóirí téamacha is féidir le cláir trasteorann agus cláir trasnáisiúnta a roghnú, comhtháthú ghnéithe comhair i gCreat Straitéiseach Coiteann agus Conradh Comhpháirtíochta) agus ar deireadh bunchás ina ndéanfaí comhtháthú iomlán ar ghnéithe i gcláir réigiúnacha gan gá le cláir chomhair ar leithligh. Glacadh an dara rogha mar an rogha tosaíochta mar gheall go n‑áiritheofar léi go ndíreofar níos fearr ar thosaíochtaí Eorpacha, go láidreofar loighic idirghabhála an chláir agus go n‑áiritheofar nasc agus comhchuibheas níos fearr le cláir réigiúnacha.

Mar thoradh ar na comhairliúcháin agus an measúnú tionchair a rinneadh agus an t-ionchur a fuarthas, foráiltear sa togra reachtach do Rialachán na bhForálacha Coiteanna comhtháthú daingean ar Chomhar Críche Eorpach sa Chomhchreat Straitéiseach agus sa chonradh Comhpháirtíochta araon mar aon leis na nósanna imeachta tuairiscithe gaolmhara. Ina theannta sin, tá gnéithe maidir le comhchuibheas idir na cláir réigiúnacha agus na cláir chomhair atá ag feidhmiú sa limistéar céanna mar chuid de na doiciméid chláraithe. Feabhsófar leis seo comhchuibheas an bheartais chomhtháthaithe ina iomláine.

D'fhonn creat níos sainchuspóra a chur ar fáil do chláir chomhair, beartaítear rialachán ar leithligh do chláir um chomhar críche Eorpach. Tá forálacha maidir le díriú téamach agus díriú níos mó ar thorthaí mar aon le roinnt gnéithe simplithe sa rialachán seo (féach thíos).

3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

In Airteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) iarrtar go ngníomhóidh an tAontas Eorpach chun comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach a neartú agus chun forbairt chomhchuí fhoriomlán a chur chun cinn trí bhíthin na n‑éagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil a laghdú agus forbairt a chur chun cinn sna réigiúin is mídheisiúla.

Cuirtear an sprioc maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach chun cinn trí thrí chiste de chuid an AE. Mar a shonraítear in Airteagal 176 den CFAE, is é aidhm an ERDF forbairt agus coigeartú struchtúrach a chur chun cinn i réigiúin atá tite ar gcúl agus i réigiúin ina bhfuil meath tionsclaíoch ag tarlú.

Sonraítear in Airteagal 174 den CFAE, go dtabharfar aird faoi leith ar limistéir thuaithe, ar limistéir a bhfuil an trasdul tionsclaíoch ag dul dóibh agus ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu ar nós na réigiún is faide ó thuaidh a bhfuil dlús fíoríseal daonra iontu agus ar nós na réigiún oileánach, na réigiún trasteorann agus na réigiún sléibhteach.

Sonraítear in Airteagal 349 den CFAE go nglacfar le bearta sonracha chun aird a thabhairt ar staid shóisialta agus eacnamaíoch struchtúrach na réigiúin is forimeallaí, staid is measa fós mar gheall ar ghnéithe sonracha áirithe a dhéanann mórdhochar dá bhforbairt. Áireofar leis na bearta ar leith dálaí rochtana ar na cistí struchtúracha.

Beartaítear rialachán ar leithligh do Chomhar Críche Eorpach chun cuntas níos fearr a ghlacadh ar chomhthéacs iltíre na gclár agus forálacha níos mionsonraí a dhéanamh do chláir chomhair agus d’oibríochtaí, arna iarraidh ag roinnt mhór páirtithe leasmhara. Bunaítear sa togra raon feidhme Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa le haird ar sprioc an Chomhair Chríche Eorpaigh. Sainítear ann na cuspóirí tosaíochta agus eagrúchán ERDF, critéir incháilitheachta, na hacmhainní airgeadais atá ar fáil agus na critéir dá leithdháileadh. Leagtar amach ann chomh maith socruithe cur chun feidhme, lena n‑áirítear forálacha maidir le bainistíocht agus rialú airgeadais. Tá feidhm ag Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus ag an rialachán ERDF araon faoi réir na bhforálacha sonracha atá sa rialachán seo.

Tá an ionstraim reachtach, agus an cineál birt araon (i.e. cistiú) sainithe san CFAE, ina soláthraítear an bunús dlí maidir leis na Cistí Struchtúracha, agus ina sonraítear go mbeidh na cúraimí, na cuspóirí tosaíochta agus eagrúchán na gCistí Struchtúracha sainithe i rialacháin. Mar a léirítear thuas, tá údar leis an togra chun rialachán ar leithligh a bheith ann de bhrí go gcaithfear na forálacha ginearálta a bhaineann leis na Cistí agus leis an rialachán ERDF a aistriú isteach i gcomhthéacs comhair.

4. IMPLEACHT BHUISÉADACH

Foráiltear le haghaidh suim EUR 376 billiún le haghaidh na tréimhse 2014-2020 i dtogra an Choimisiúin le haghaidh an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach.

Buiséad molta 2014-2020 || EUR billiún

Réigiúin bheagfhorbartha Réigiúin trasdula Réigiúin mhórfhorbartha Comhar críche Ciste comhtháthaithe Leithdháileadh breise le haghaidh na réigiún is forimeallaí agus is lú daonra || 162,6 39 53,1 11,7 68,7 0,926

An tSaoráid “Connecting Europe” maidir le hiompar, fuinneamh agus TFC || EUR 40 billiún (chomh maith le EUR 10 mbilliún breise imfhálaithe sa Chiste Comhtháthaithe)

*Tá na figiúirí ar fad i bpraghsanna tairiseacha 2011

Leagtar amach sa togra arna bheartú an chionroinnt cistiúcháin a fhoráiltear maidir le Comhar Críche idir na comhpháirteanna éagsúla comhair mar seo a leanas:

(a) 73,24 % (i.e., iomlán EUR 8 569 000 003) le haghaidh comhair thrasteorann;

(b) 20,78 % (i.e., iomlán EUR 2 431 000 001) le haghaidh comhair thrasnáisiúnta;

(c) 5,98 % (i.e., iomlán EUR 700 000 000) le haghaidh comhair idir-réigiúnaigh.

5. ACHOIMRE AR ÁBHAR AN RIALACHÁIN

Is é is aidhm do rialachán ar leithligh don CCE cur i láthair níos soiléire a cheadú maidir le sainiúlachtaí CCE d’fhonn cur chun feidhme a éascú, toisc gur féidir téarmeolaíocht a oiriúnú go díreach do chomhthéacs iltíre na gclár comhair. Tá roinnt tagairtí sa togra dá réir sin do rannpháirtíocht tríú tír más gá chun fírinneacht an chomhair a léiriú ar bhealach níos fearr. Tá tagairtí níos córasaí ann chomh maith don ról is féidir le Grúpálacha Eorpacha an Chomhair Chríche (EGTC) a bheith acu i gcomhthéacs comhair.

Bunaítear sa rialachán raon feidhme an ERDF le haird ar sprioc an chomhair chríche Eorpaigh.

Leagtar amach sa togra na hacmhainní airgeadais atá ar fáil maidir le gach sraith agus na critéir dá leithdháileadh ar Bhallstáit. Áirítear anseo chomh maith leanúint le meicníocht chun acmhainní a aistriú le haghaidh gníomhaíochtaí comhair ag teorainneacha seachtracha an Aontais, le tacaíocht faoin Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus um Chomhpháirtíocht agus an ionstraim do Chúnamh Réamhaontachais. Déanfar sineirgí agus comhlántacht idir cláir faoi sprioc an Chomhair Chríche Eorpaigh agus faoi chláir arna maoiniú faoi ionstraimí seachtracha a chur chun cinn.

Gné nua sa togra is ea na forálacha maidir le díriú téamach agus tosaíochtaí infheistíochta. Tá sé seo le feiceáil sa chomhthéacs foriomlán de dhíriú straitéiseach clár agus a dtreoshuíomh torthaí a fheabhsú. Is féidir le cláir líon teoranta tosaíochtaí a roghnú ó roghchlár téamach le tosaíochtaí infheistíochta comhfhreagracha, ag áirithiú dá réir sin go ndírítear ar thosaíochtaí agus ar idirghabhálacha Eorpacha sa chás ina dtabharfaidh comhar an breisluach is mó. Ina theannta sin, sainaithníodh critéir roghnúcháin ar bhealach níos géire lena áirithiú go dtugtar cistiú do chomhoibríochtaí dílse. Beidh creat feidhmíochta sna cláir chomh maith ag sainiú garspriocanna sonracha don chlár ar féidir dul chun cinn ó thaobh cur chun feidhme a mheas ina gcoinne.

Tháinig cineálacha nua comhair críche, freagairtí sainchuspóra chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin mhacrairéigiúnacha, chun cinn sa tréimhse chlárúcháin 2007-2013. Ar iarratas ón gComhairle Eorpach, réitigh an Coimisiún dhá straitéis mhacrairéigiúnacha don Mhuir Bhailt agus do réigiúin na Danóibe faoi seach[11]. Ina theannta sin, baineann comhpháirt shuntasach den Bheartas Muirí Comhtháite leis an gcur chuige córasach maidir le gníomhaíocht bheartais chomhtháite faoi bheartais mhuirí agus faoi bheartais chósta i gcomhthéacs imchuach agus éiceachóras. Is ionstraimí comhtháite le bunús leathan iad straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuacha ina gcuimsítear roinnt Ballstát agus réigiún ag díriú ar bheartais agus ar chistiú a chur ar chomhréim d’fhonn comhchuibheas beartais agus tionchar foriomlán an chaiteachais phoiblí a mhéadú. De bhrí go bhféadfadh forluí féideartha a bheith idir réimsí cláir macrairéigiúnacha, imchuacha agus trasnáisiúnta atá ann cheana agus a bheidh ann sa todhchaí, foráiltear go sainráite sa rialachán arna bheartú gur féidir leis an gcomhar trasnáisiúnta tacú freisin le forbairt agus le cur chun feidhme straitéisí macrairéigiúnacha agus clár imchuach (lena n-áirítear na cinn arna mbunú ar theorainneacha seachtracha an AE).

Rinneadh sruthlíniú ar mhódúlachtaí cur chun feidhme do chláir chomhair. Laghdaíodh líon na n‑údarás a bhí bainteach le cur chun feidhme clár agus rinneadh soiléiriú breise ar róil agus ar fhreagrachtaí. Rinneadh riachtanais ábhar na gclár comhair agus na dtuarascálacha ar chur chun feidhme níos cruinne d’fhonn an t-ualach riaracháin ar údaráis na gclár a laghdú. Sainaithníodh comhtháscairí chun aschuir an treoshuímh fhoriomláin ar thorthaí a ghabháil ar bhealach níos fearr agus iad a mhéadú.

Foráiltear comhchuibhiú níos fearr ar rialacha sa togra. Socrófar rialacha incháilitheachta don chlár ina iomláine ar leibhéal an AE nó socróidh an Coiste Faireacháin iad. Ní bheidh feidhm ag rialacha náisiúnta ach amháin mura bhfuil a leithéid de rialacha ar fáil. Éascóidh sé seo cur chuige comhpháirteach agus fíoruithe bainistíochta agus iniúchtaí á ndéanamh ag an údarás iniúchóireachta agus dá bhrí sin rannchuideoidh sé le comhchuibhiú níos fearr sa réimse seo.

Ar deireadh, mar thoradh ar shíneadh a chur leis an spriocdháta don riail um dhíscor agus forálacha sonracha do chur i bhfeidhm na rialacha maidir le státchabhair agus comhshó airgeadraí coigríche go dtí an Euro, éascóidh sé tuilleadh cur chun feidhme an chláir.

2011/0273 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríche Eorpaigh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 178 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[12],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[13],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Foráiltear in Airteagal 176 den Chonradh go bhfuil sé i gceist go gcabhróidh Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) leis na príomh-éagothromaíochtaí réigiúnacha san Aontas a chur i gceart. I gcomhréir le hAirteagal 174 den Chonradh, rannchuidíonn an ERDF chun na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla a laghdú, ina measc siúd gur chóir aird faoi leith a thabhairt ar réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana nádúrtha nó déimeagrafacha acu ar nós na réigiún oileánach, na réigiún trasteorann agus na réigiún sléibhteach.

(2) Leagtar amach na forálacha is coiteann don ERDF, Ciste Sóisialta na hEorpa (in éineacht leis na ‘Cistí Struchtúracha’: na 'Cistí') agus don Chiste Comhtháthaithe i Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 an [...] ina leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus Ciste Muirí agus Iascaigh na hEorpa arna gcuimsiú ag an gComhchreat Straitéiseach agus ina leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006[14] [Rialachán na bhForálacha Coiteanna - RFC]. Leagtar amach forálacha sonracha a bhaineann leis an gcineál gníomhaíochtaí a fhéadfaidh an ERDF a mhaoiniú faoi na spriocanna a shainítear i Rialachán (AE) Uimh. /2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006[15] [Rialachán CFRE] sa Rialachán sin. Níl na Rialacháin sin oiriúnaithe go hiomlán do riachtanais shonracha sprioc an chomhair chríche Eorpaigh, ina mbíonn comhar idir dhá Bhallstát ar a laghad nó Ballstát amháin agus tríú tíortha. Is gá dá bhrí sin forálacha a leagan síos a bhaineann go sonrach le sprioc an chomhair chríche Eorpaigh maidir le raon feidhme agus le cumhdach geografach, acmhainní airgeadais, tosaíochtaí infheistíochta agus díriú infheistíochta, clárú, faireachán agus athbhreithniú, cúnamh teicniúil, tacaíocht airgeadais agus incháilitheacht airgeadais, bainistíocht, rialú agus creidiúnú agus bainistíocht airgeadais.

(3) Chun breisluach bheartas comhtháthaithe an Aontais a ardú, ba chóir go mbeadh simpliú suntasach ar gach leibhéal mar thoradh ar fhorálacha sonracha: tairbhithe, údaráis clár, Ballstáit rannpháirteacha agus tríú tíortha, mar aon leis an gCoimisiún.

(4) Faoi sprioc an chomhair chríche Eorpaigh, tacaíonn an ERDF le comhar trasteorann, trasnáisiúnta, agus idir-réigiúnach.

(5) Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag comhar trasteorann dul i ngleic le dúshláin choitianta arna sainaithint i réigiúin teorann (amhail droch-inrochtaineacht, timpeallacht ghnó mhíchuí, easpa líonraí i measc riarachán áitiúil agus réigiúnach, taighde agus nuálaíocht agus glacadh teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide, truailliú comhshaoil, cosc ar riosca, meonta diúltacha i dtreo saoránach comharsanachta na tíre) agus na féidearthachtaí nach bhfuil saothraithe i limistéar na teorann a shaothrú (forbairt áiseanna agus braislí taighde agus nuálaíochta trasteorann, comhtháthú mhargadh an tsaothair trasteorann, comhar i measc ollscoileanna nó ionaid sláinte), agus ag an am céanna ag breisiú an phróisis chomhair ar mhaithe le forbairt chomhchuí fhoriomlán an Aontais. I gcás aon chláir trasteorann idir Tuaisceart Éireann agus contaetha teorann na hÉireann ar mhaithe le síochán agus athmhuintearas, rannchuideoidh CFRE freisin le seasmhacht shóisialta agus eacnamaíoch a chur chun cinn sna réigiúin lena mbaineann, go háirithe trí ghníomhaíochtaí chun comhtháthú idir pobail a chur chun cinn.

(6) Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag comhar trasnáisiúnta comhar a láidriú trí mheán gníomhartha a chabhraíonn le forbairt chríochach chomhtháite nasctha le tosaíochtaí bheartas comhtháthaithe an Aontais.

(7) Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm ag comhar idir-réigiúnach éifeachtacht an bheartais chomhtháthaithe a threisiú trí mhalartú taithí idir réigiúin a spreagadh chun dearadh agus cur chun feidhme na gclár oibríochta a bhreisiú faoi sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post. Ba cheart dó, go háirithe comhar idir braislí agus malairtí nuálacha agus dian‑thaighde a chothú idir taighdeoirí agus institiúidí taighde, bunaithe ar “Réigiúin Eolais” agus “An cumas Taighde i Réigiúin Chóineasaithe agus sna Réigiúin is forimeallaí” faoin Seachtú Creatchlár um Thaighde.

(8) Ba cheart critéir oibiachtúla a shocrú chun réigiúin agus limistéir incháilithe a ainmniú. Chuige sin, ba cheart sainaithint réigiún agus limistéar incháilithe ar leibhéal an Aontais a bhunú ar chóras coitianta aicmithe na réigiún arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú aonad críochach le haghaidh staidrimh (NUTS) a bhunú[16].

(9) Ba cheart go dtacódh comhar trasteorann le réigiúin atá lonnaithe ar theorainneacha talún nó farraige. Bunaithe ar thaithí ó thréimhsí clárúcháin roimhe seo, ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún sainiú níos simplí a dhéanamh ar an liosta de na limistéir trasteorann chun tacaíocht a fháil faoi chláir um chomhar trasteorann, de réir cláir chomhair. Agus an liosta sin á tharraingt suas aige, ba cheart go gcuirfeadh an Coimisiún san áireamh na coigeartuithe a theastaíonn chun comhchuibheas a áirithiú, go háirithe maidir le teorainneacha talún agus muirí, agus leanúnachas limistéar clár arna bhunú don tréimhse chlárúcháin 2007-2013. Is féidir leis na coigeartuithe seo na limistéir clár atá ann nó líon na gclár um chomhar trasteorann a laghdú nó a mhéadú ach is féidir leo forluí tíreolaíoch a cheadú freisin.

(10) Ba cheart limistéir do chomhar trasnáisiúnta a shainiú ag féachaint do ghníomhaíochtaí a theastaíonn chun forbairt chríochach chomhtháite a chur chun cinn. Ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún chun limistéir um chomhar trasnáisiúnta a shainiú.

(11) Ba cheart go gcumhdódh aon chlár um chomhar idir-réigiúnach an tAontas ar fad.

(12) Is gá tacaíocht a thabhairt i gcónaí do chomhar trasteorann, trasnáisiúnta agus idir-réigiúnach le tríú tíortha comharsanachta an Aontais – nó, i gcás ina bhfuil gá leis, an comhar sin a chur ar bun – toisc go rachaidh sé seo chun leasa réigiúin na mBallstát atá ar an teorainn le tríú tíortha. Chuige sin, rannchuideoidh an ERDF leis na cláir trasteorann agus imchuacha a bunaíodh faoin Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht (ENI) de bhun Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012[17] agus faoin ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) de bhun Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012.[18].

(13) Chun leasa réigiúin an Aontais, ba cheart meicníocht a bhunú chun tacaíocht ón ERDF d’ionstraimí beartais sheachtraigh amhail ENI agus IPA a eagrú, lena n‑áirítear nuair nach féidir cláir um chomhar seachtrach a ghlacadh nó má chaitear deireadh a chur leo.

(14) Seachas na hidirghabhálacha ar theorainneacha seachtracha atá á gcothú ag ionstraimí beartais sheachtraigh an Aontais a chumhdaíonn réigiúin teorann taobh istigh agus taobh amuigh den Aontas, d’fhéadfadh cláir chomhair a bheith ann arna gcothú ag an ERDF a chumhdaíonn réigiúin taobh istigh agus taobh amuigh den Aontas i gcás nach gcumhdaíonn ionstraimí beartais sheachtraigh na réigiúin taobh amuigh den Aontas, toisc nach bhfuil siad ina dtír tairbhí sainithe nó toisc nach féidir cláir um chomhar seachtrach den sórt sin a bhunú. Ba cheart cumhacht a thabhairt don Choimisiún dá bhrí sin, agus liostaí de limistéir clár trasteorann agus trasnáisiúnta á ndréachtú aige, réigiúin ó thríú tíortha a chumhdach chomh maith.

(15) Is gá na hacmhainní a leagan amach atá leithdháilte do gach eilimint éagsúil de sprioc an chomhair chríche Eorpaigh, agus ag an am céanna díriú go suntasach ar chomhar trasteorann agus ar leibhéil cistithe leordhóthanacha a áirithiú do chomhar i measc na réigiún forimeallach.

(16) Ba cheart teorainn a chur le roghnú na gcuspóirí téamacha d’fhonn tionchar an bheartais chomhtháthaithe ar fud an Aontais a uasmhéadú. Mar sin féin, ba cheart an díriú faoin gcomhar idir-réigiúnach a léiriú in aidhm gach oibríochta seachas i dteorannú líon cuspóirí téamacha, d’fhonn an méid is mó a bhaint as comhar idir-réigiúnach chun éifeachtacht an bheartais chomhtháthaithe a atreisiú faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post agus faoi sprioc an chomhair chríche Eorpaigh.

(17) D’fhonn na spriocanna agus na cuspóirí i dtaca le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach mar atá leagtha amach sa straitéis Eoraip 2020 a sholáthar[19], ba cheart don ERDF, faoi sprioc an chomhair chríche Eorpaigh, rannchuidiú leis na cuspóirí téamacha a bhaineann le geilleagar a fhorbairt atá bunaithe ar eolas, ar thaighde agus ar nuálaíocht, rud a chuirfidh geilleagar níos glaise, níos éifeachtúla ó thaobh acmhainní agus níos iomaíche chun cinn, ag cothú ardfhostaíochta a chuireann comhtháthú sóisialta agus críochach ar fáil agus a fhorbraíonn cumas riaracháin. Mar sin féin, ba cheart an liosta de thosaíochtaí infheistíochta faoi na cuspóirí téamacha éagsúla a chur in oiriúint do riachtanais shonracha sprioc an chomhair chríche Eorpaigh, go háirithe trí chead a thabhairt leanúint faoi chomhar trasteorann de chomhar dlí agus riaracháin agus comhar idir saoránaigh agus institiúidí, comhar i réimsí fostaíochta, oiliúna agus cuimsithe sóisialta i gcomhthéacs trasteorann, trí chead a thabhairt leanúint faoi chomhar trasnáisiúnta do chomhar trasteorann muirí nach gcumhdaítear i gcláir um chomhar trasteorann, agus trí straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme.

(18) Is gá ceanglais inneachair clár comhair a chur in oiriúint faoi sprioc an chomhair chríche Eorpaigh dá riachtanais shonracha. Caithfidh siad, dá bhrí sin, gnéithe a chumhdach atá riachtanach do chur chun feidhme éifeachtach ar chríoch Ballstát rannpháirteach, amhail na comhlachtaí atá freagrach as iniúchóireacht agus rialú, an nós imeachta chun comhrúnaíocht a bhunú, agus leithdháileadh na ndliteanas i gcás ceartuithe airgeadais. Ina theannta sin, mar gheall ar nádúr cothrománach clár comhair idiréigiúnach, ba cheart inneachar na gclár comhair sin a oiriúnú, go mór mór maidir le sainmhíniú an tairbhí nó na dtairbhithe faoi chláir reatha INTERACT agus ESPON. 

(19) Ag teacht leis an sprioc maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach, ba cheart go dtabharfadh na Cistí Struchtúracha cur chuige níos comhtháite agus níos cuimsithí chun dul i ngleic le fadhbanna áitiúla. D’fhonn an cur chuige sin a láidriú, ba cheart tacaíocht ón ERDF i réigiúin teorann a chomhordú le tacaíocht ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (an CETFT) agus Ciste Muirí agus Iascaigh na hEorpa agus ba cheart dó, nuair is iomchuí, a bheith bainteach le grúpálacha Eorpacha um chomhar críche arna mbunú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1082/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le grúpáil Eorpach um chomhar críche (EGTC)[20]i gcás ina bhfuil forbairt áitiúil i measc a gcuid cuspóirí.

(20) Bunaithe ar thaithí ó thréimhse chlárúcháin 2007-2013, ba cheart na dálaí maidir le roghnú oibríochtaí a shoiléiriú agus a neartú d'fhonn a áirithiú nach roghnaítear ach comhoibríochtaí dílse. Ba cheart coincheap na dtairbhithe aonair a shainmhíniú agus ba cheart a shoiléiriú gur ceadmach dóibh oibríochtaí comhair a chur i gcrích leo féin

(21) Ba cheart freagrachtaí príomhthairbhithe, a bhfuil freagracht fhoriomlán acu as cur chun feidhme oibríochta, a shonrú.

(22) Ba cheart na ceanglais maidir le tuarascálacha cur chun feidhme a chur in oiriúint do chomhthéacs an chomhair agus timthriall chur chun feidhme an chláir a léiriú. Ar mhaithe le bainistíocht fhónta, féadfar tabhairt faoi chruinnithe bliantúla athbhreithnithe i scríbhinn.

(23) Ba cheart sraith comhtháscairí a leagan síos chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn atáthar a dhéanamh maidir le cur chun feidhme an chláir arna chur in oiriúint do shaintréith shonrach na gclár comhair agus sin a dhéanamh sula ndéanfaidh Ballstáit a gcuid clár comhair féin a dhréachtú. Ba cheart go mbeidh táscairí atá sonrach don chlár mar thaca ag na táscairí sin.

(24) I ngeall ar rannpháirtíocht níos mó ná Ballstát amháin agus na costais riaracháin a bheith níos airde dá réir, go háirithe maidir le rialuithe agus aistriúchán, ba cheart go mbeadh an uasteorainn le haghaidh caiteachais ar chúnamh teicniúil níos airde ná mar a bhí faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post. Ina theannta sin, ba cheart do chláir chomhair a bhfuil tacaíocht shrianta ERDF acu mionshuim áirithe a fháil chun gníomhaíochtaí éifeachtacha cúnaimh theicniúil a áirithiú.

(25) I ngeall ar rannpháirtíocht níos mó ná Ballstát amháin, níl an riail ghinearálta atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [RFC] go nglacann gach Ballstát lena rialacha incháilitheachta náisiúnta, níl sí iomchuí maidir le sprioc an chomhair chríche Eorpaigh. Bunaithe ar thaithí ón tréimhse chlárúcháin 2007-13, ba cheart go mbunófaí cliarlathas soiléir maidir le rialacha incháilitheachta agus claonadh láidir ann i dtreo rialacha comhpháirteacha maidir le hincháilitheacht.

(26) I ngeall ar rannpháirtíocht mhinic foirne ó níos mó ná Ballstát amháin i gcur chun feidhme oibríochtaí, agus mar gheall ar líon na n‑oibríochtaí dá bhfuil costais foirne ina ghné shuntasach, ba cheart ráta comhréidh le haghaidh costas a chuimsíonn foireann a chur i bhfeidhm ar chostais dhíreacha eile oibríochtaí comhair, ag seachaint cuntasaíochta aonair le haghaidh bainistíocht oibríochtaí den sórt sin dá réir.

(27) Ba cheart na rialacha ar sholúbthacht maidir le suíomh oibríochtaí lasmuigh de réimse an chláir a shimpliú. Ina theannta sin, is gá comhar éifeachtach trasteorann, trasnáisiúnta agus idir-réigiúnach a chothú le tríú tíortha comharsanachta an Aontais nuair is gá lena áirithiú gur féidir cuidiú go héifeachtach le forbairt réigiúin na mBallstát atá ar an teorainn le tríú tíortha. Dá réir sin, is iomchuí údarás a thabhairt ar bhonn eisceachtúil agus faoi dhálaí áirithe do mhaoiniú an chúnaimh ón ERDF le haghaidh oibríochtaí atá lonnaithe ar chríoch tríú tíortha i gcás ina rachaidh na hoibríochtaí chun leasa réigiúin an Aontais.

(28) Ba cheart go spreagfaí Ballstáit tasc an údaráis bhainistíochta a thabhairt do EGTC nó grúpáil den sórt sin a dhéanamh freagrach as an gcuid den chlár comhair a bhainistiú ina gcuimsítear an chríoch lena mbaineann ag an EGTC.

(29) Ba cheart don údarás bainistíochta comhrúnaireacht a bhunú ar cheart dó faisnéis a sholáthar d’iarratasóirí ar thacaíocht, déileáil le iarratais ar thograí agus cuidiú le tairbhithe a n‑oibríochtaí a chur chun feidhme.

(30) Ba cheart go mbeadh údaráis bhainistíochta freagrach as feidhmeanna uile an údaráis bhainistíochta atá liostaithe in Airteagal 114 de Rialachán (AE) Uimh. […]/2012 [RFC], lena n‑áirítear as fíoruithe bainistíochta chun caighdeáin aonfhoirmeacha a áirithiú i réimse iomlán an chláir. Mar sin féin, i gcas ina mbíonn EGTC ceaptha mar údarás bainistíochta, ba cheart go mbeadh sé údaraithe le tabhairt faoi fhíoruithe den sórt sin, de bhrí go ndéantar ar gach Ballstát rannpháirteach ina orgáin. Fiú i gcás nach mbíonn EGTC ar bith ceaptha, ba cheart go mbeadh an t-údarás bainistíochta údaraithe ag na Ballstáit rannpháirteacha chun tabhairt faoi fhíoruithe ar réimse iomlán an chláir.

(31) Ba cheart go mbeadh údarás aonair iniúchóireachta freagrach as tabhairt faoi gach feidhm atá liostaithe in Airteagal 116 de Rialachán (AE) Uimh. […]/2012 [RFC]  chun caighdeáin aonfhoirmeacha a áirithiú i réimse iomlán an chláir. I gcás nach bhfuil sé seo indéanta, ba cheart go mbeadh grúpa iniúchóirí in ann cuidiú le húdarás iniúchóireachta an chláir.

(32) Ba cheart slabhra soiléir dliteanais airgeadais a bhunú maidir le neamhrialtachtaí a aisghabháil, ó thairbhithe agus go dtí an príomhthairbhí go dtí an údarás bainistíochta go dtí an Coimisiún. Ba cheart foráil a dhéanamh le haghaidh dliteanais Bhallstát i gcás nach féidir teacht ar théarnamh ar bith.

(33) Bunaithe ar an taithí ón tréimhse chlárúcháin 2007-2013, ba cheart maolú sainráite a bhunú chun caiteachas tabhaithe a chomhshó in airgeadra seachas an euro, tríd an ráta comhshóite a chur i bhfeidhm ar dháta chomh cóngarach agus is féidir do phointe ama an chaiteachais. Níor cheart pleananna maoinithe, tuairiscí agus cuntais i dtaobh comhoibríochtaí comhair a chur isteach in euro i gcás ar bith ach chuig an gcomhrúnaireacht, chuig údaráis an chláir agus chuig an gcoiste faireacháin. Ba cheart ceartaiseacht an chomhshóite a bheith fíoraithe.

(34) Ag féachaint do na deacrachtaí agus na moilleanna a bhíonn ann nuair atá struchtúir na gclár comhpháirteach á mbunú, ba cheart go mairfeadh an tréimhse ama le haghaidh íocaíochtaí a dhlisteanú maidir le ceangaltais bhuiséadacha faoi sprioc an chomhair chríche Eorpaigh trí bliana i ndiaidh bhliain an cheangaltais bhuiséadaigh.

(35) Is gá soiléiriú a dhéanamh ar na rialacha is infheidhme maidir le bainistíocht airgeadais, clárú, faireachán, meastóireacht agus rialú maidir le rannpháirtíocht tríú tíortha i gcláir um chomhar trasnáisiúnta agus i gcláir um chomhar idir-réigiúnach. Ba cheart na rialacha sin a bhunú sa chlár comhair iomchuí agus/nó sa chomhaontú maoinithe iomchuí idir an Coimisiún, gach ceann de na tríú tíortha agus an Ballstát atá ina n‑óstach ar údarás bainistíochta an chláir chomhair iomchuí.

(36) Chun rialacha sonracha incháilitheachta a leagan amach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún maidir le hinneachar agus maidir le raon feidhme atá leagtha amach in Airteagal 17. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúchán iomchuí le linn a oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á dtarraingt suas aige, go ndéanfar na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

(37) D'fhonn coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú le haghaidh cur chun feidhme an Rialacháin seo, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún maidir leis na liostaí de limistéir thrasteorann agus de limistéir thrasnáisiúnta, maidir le taisceadh na ndréachtchlár comhair, an ainmníocht maidir le catagóirí idirghabhála agus tuarascálacha cur chun feidhme. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 ina leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[21].

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme

1. Bunaítear sa Rialachán raon feidhme Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (ERDF) le haird ar sprioc an chomhair chríche Eorpaigh agus leagtar forálacha sonracha síos ann maidir leis an sprioc sin.

2. Sainítear sa Rialachán seo, maidir le sprioc an chomhair chríche Eorpaigh, príomhchuspóirí agus eagrúchán an ERDF, critéir le haghaidh na mBallstát agus na réigiún le bheith incháilithe le haghaidh tacaíochta ón ERDF, na hacmhainní airgeadais atá ar fáil le haghaidh tacaíochta ón ERDF agus na critéir maidir lena leithdháileadh.

Leagtar síos ann freisin na forálacha is gá d’fhonn cur chun feidhme éifeachtach, bainistíocht airgeadais agus cláir oibríochta a rialú faoi sprioc an chomhair chríche Eorpaigh a áirithiú (‘cláir chomhair’), lena n‑áirítear i gcás tríú tíortha a ghlacann páirt i gcláir chomhair den sórt sin.

3. Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [RFC] agus ag Caibidil I de Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [Rialachán ERDF] maidir le sprioc an chomhair chríche Eorpaigh agus ar chláir oibríochta faoi, cé is moite dá bhforáiltear go sonrach faoin Rialachán seo nó i gcás nach féidir feidhm a bheith ag forálacha den sórt sin ach amháin do sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post.

Airteagal 2 Eilimintí de sprioc an chomhair chríche Eorpaigh

Faoi sprioc an chomhair chríche Eorpaigh, tacóidh an ERDF le:

(1)          comhar trasteorann idir réigiúin chóngaracha chun forbairt chomhtháite réigiúnaí a chur chun cinn idir talamh comharsanachta agus réigiúin teorann mhuirí ó dhá Bhallstát nó níos mó nó idir réigiúin teorann chomharsanachta ó Bhallstát amháin ar a laghad agus tríú tír ar theorainneacha seachtracha an Aontais seachas iad siúd a chuimsítear ag cláir faoi ionstraimí seachtracha airgeadais an Aontais;

(2)          comhar trasnáisiúnta ar fud críocha trasnáisiúnta níos mó, lena n‑áirítear údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus lena gcumhdaítear freisin comhar trasteorann muirí i gcásanna nach bhfuil cumhdaithe ag comhar trasteorann, d’fhonn céim níos airde comhtháthaithe chríochaigh a bhaint amach sna críocha sin, agus a chuirfidh ar an gcaoi sin le comhtháthú críochach ar fud an Aontais;

(3)          comhar idir-réigiúnach le héifeachtacht an bheartais chomhtháthaithe a threisiú tríd na nithe seo a leanas a chur chun cinn:

(a)     taithí a mhalartú ar chuspóirí téamacha idir comhpháirtithe ar fud an Aontais maidir le sainaithint agus scaipeadh dea-chleachtais d’fhonn aistriú chuig cláir oibríochta faoin sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post;

(b)     taithí a mhalartú maidir le sainaithint, aistriú agus scaipeadh dea-chleachtais maidir le forbairt tuaithe agus uirbeach inbhuanaithe;

(c)     taithí a mhalartú maidir le sainaithint, aistriú agus scaipeadh dea-chleachtais agus cineálacha cur chuige nuálacha maidir le gníomhaíochtaí a bhaineann le comhar críche agus le húsáid EGTCanna;

(d)     anailís ar threochtaí forbartha maidir le haidhmeanna comhtháthaithe chríochaigh agus forbairt chomhchuí ar chríoch na hEorpa trí staidéir, trí bhailiú sonraí agus trí bhearta eile.

Airteagal 3 Cumhdach geografach

1. Maidir le comhar trasteorann, is iad réigiúin leibhéal NUTS 3 an Aontais na réigiúin a dtacófar leo ar gach teorainn talún inmheánach agus seachtrach seachas na cinn sin a chuimsítear ag cláir faoi ionstraimí seachtracha airgeadais an Aontais, agus gach réigiún leibhéal NUTS 3 an Aontais ar theorainneacha muirí scartha ag 150km ar a mhéad, gan dochar do choigeartuithe féideartha is gá chun comhchuibheas agus leanúnachas limistéar clár comhair a áirithiú arna mbunú le haghaidh tréimhse clárúcháin 2007-2013.

Glacfaidh an Coimisiún le liosta na limistéar trasteorann a gheobhaidh tacaíocht, arna miondealú de réir cláir chomhair trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

Agus dréachtchláir um chomhar trasteorann á gcur isteach, féadfaidh Ballstáit a iarraidh go gcuirtear réigiúin bhreise leibhéal NUTS 3 cóngarach dóibh siúd atá liostaithe sa chinneadh dá dtagraítear sa dara fomhír le limistéar comhair trasteorann agus tabharfaidh cúiseanna le haghaidh an iarratais.

2. Gan dochar d’Airteagal 19(2) agus (3), féadfaidh cláir chomhair trasteorann réigiúin ón Iorua, ón Eilvéis, ó Lichtinstéin, ó Andóra, ó Monacó agus ó San Marino agus ó thríú thíortha nó ó chríocha comharsanachta na réigiún is forimeallaí.

Réigiúin leibhéal NUTS 3 nó réigiúin choibhéiseacha a bheidh i réigiúin den sórt sin.

3. Maidir le comhar trasnáisiúnta, glacfaidh an Coimisiún liosta na limistéar trasnáisiúnta a gheobhaidh tacaíocht, arna miondealú de réir cláir chomhair agus ina gcuimsítear réigiúin leibhéal NUTS 2 agus áiritheoidh sé leanúnachas an chomhair sin i limistéir chomhtháite níos fairsinge bunaithe ar chláir roimhe seo, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

Déanfaidh an liosta sin na réigiúin leibhéal NUTS 3 san Aontas a shonrú freisin, ar réigiúin iad arna gcur san áireamh do leithdháileadh CFRE do chomhar trasteorann ar gach teorainn inmheánach agus ar na teorainneacha seachtracha uile sin atá cumhdaithe ag ionstraimí seachtracha airgeadais an Aontais, amhail ENI de bhun Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [an Rialachán maidir leis an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht] agus IPA de bhun Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [an Rialachán maidir leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais].

Agus dréachtchláir chomhair trasnáisiúnta á gcur isteach, féadfaidh Ballstáit a iarraidh go gcuirtear réigiúin bhreise leibhéal NUTS 3 cóngarach dóibh siúd atá liostaithe sa chinneadh dá dtagraítear sa chéad fhomhír le limistéar comhair trasnáisiúnta agus tabharfaidh cúiseanna le haghaidh an iarratais.

4. Gan dochar d’Airteagal 19(2) agus (3), is féidir go gcumhdóidh cláir chomhair thrasnáisiúnta réigiúin ó na tríú tíortha nó ó na críocha seo a leanas:

(a) na tríú tíortha nó na críocha atá liostaithe nó dá dtagraítear i mír 2; agus

(b) Oileáin Fharó agus an Ghraonlainn.

Gan dochar d’Airteagal 19(2) agus (3), is féidir go gcumhdóidh cláir chomhair thrasnáisiúnta réigiúin ó thríú tíortha arna gcuimsiú ag ionstraimí seachtracha airgeadais an Aontais, amhail ENI de bhun Rialachán (CE) Uimh. […]/2012, lena n‑áirítear réigiúin ábhartha Chónaidhm na Rúise, agus IPA de bhun Rialachán (AE) Uimh. […]/2012. Déanfar leithreasaí bliantúla a chomhfhreagraíonn do thacaíocht ENI agus IPA do na cláir sin a chur ar fáil, ar choinníoll go dtugann na cláir aghaidh mar is ceart ar na cuspóirí ábhartha maidir le comhar seachtrach.

Réigiúin leibhéal NUTS 2 nó réigiúin choibhéiseacha a bheidh i réigiúin den sórt sin.

5. Maidir le comhair idir-réigiúnach, cumhdóidh tacaíocht ón ERDF críoch iomlán an Aontais.

Gan dochar d’Airteagal 19(2) agus (3), is féidir go gcumhdóidh cláir um chomhar idir-réigiúnach críoch iomlán tríú tíortha dá dtagraítear i mír 4(a) agus (b) nó cuid den chríoch sin.

6. Chun críocha faisnéise, déanfar réigiúin i dtríú tíortha nó i gcríoch dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 4 a lua sna liostaí dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 3.

Airteagal 4 Acmhainní le haghaidh comhair chríche Eorpaigh

1. Beidh acmhainní le haghaidh sprioc an chomhair chríche Eorpaigh cothrom le 3,48% de na hacmhainní domhanda atá ar fáil le haghaidh an cheangaltais bhuiséadaigh ó na Cistí le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020 agus atá leagtha amach in Airteagal 83 (1) de Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [RFC] (i.e., EUR 11 700 000 004 san iomlán) agus leithdháilfear iad mar seo a leanas:

(a)     73,24 % (i.e., iomlán EUR 8 569 000 003) le haghaidh comhair thrasteorann;

(b)     20,78 % (i.e., iomlán EUR 2 431 000 001) le haghaidh comhair thrasnáisiúnta;

(c)     5,98 % (i.e., iomlán EUR 700 000 000) le haghaidh comhair idir-réigiúnaigh.

2. Gheobhaidh na cláir chomhair lena mbaineann na réigiúin is forimeallaí nach lú ná 150% den tacaíocht ERDF a fuair siad sa tréimhse 2007-2013. Ina theannta sin, cuirfear EUR 50 000 000 ón leithdháileadh le haghaidh comhair idir-réigiúnaigh ar leataobh le haghaidh comhair na réigiún is forimeallaí. Maidir le díriú téamach, beidh feidhm ag Airteagal 5 (b) ar an leithdháileadh breise seo.

3. Glacfaidh an Coimisiún cinneadh amháin ina leagfar amach liosta na gclár comhar ar fad agus ina sonrófar méideanna thacaíocht iomlán CFRE in aghaidh an chláir agus leithdháileadh 2014 in aghaidh an chláir agus sin trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

Bainfear úsáid as daonáireamh sna limistéir dá dtagraítear sa tríú fomhír d'Airteagal 3(1) agus sa chéad fhomhír d'Airteagal 3(3) mar chritéar don mhiondealú bliantúil de réir Ballstáit.

4. Bunóidh an Coimisiún agus na Ballstáit lena mbaineann an tacaíocht ón ERDF do chláir trasteorann agus imchuacha faoi ENI agus do chláir trasteorann faoi IPA.

5. Deonófar tacaíocht ón CFRE do gach clár trasteorann agus imchuacha farraige faoin ENI agus IPA ar choinníoll go soláthraíonn an ENI agus IPA méideanna cothroma ar a laghad. Beidh an coibhéis faoi réir ag uasmhéid atá leagtha amach sa Rialachán maidir leis an Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht nó sa Rialachán maidir leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais.  

6. Cuirfear isteach na leithreasuithe bliantúla atá comhionann le tacaíocht ón ERDF chuig cláir faoin ENI agus IPA i línte buiséid iomchuí na n‑ionstraimí sin laistigh d’fheidhm bhuiséadach 2014.

7. Sa bhliain 2015 agus 2016 déanfar an ranníocaíocht bhliantúil ón ERDF chuig na cláir faoin ENI agus IPA nach bhfuil clár ar bith curtha isteach ina leith chuig an gCoimisiún faoin 30 Meitheamh faoi na cláir trasteorann agus imchuacha farraige faoin ENI agus IPA, déanfar an ranníocaíocht sin a leithdháileadh ar na cláir inmheánacha um chomhar trasteorann faoi mhír 1(a) ina nglacann an Ballstát lena mbaineann páirt.

Má bhíonn, faoin 30 Meitheamh 2017, cláir ann go fóill faoi na cláir trasteorann agus imchuacha farraige faoin ENI agus IPA nár cuireadh isteach chuig an gCoimisiún, déanfar an tacaíocht iomlán ón ERDF atá luaite i mír 4 le haghaidh na mblianta atá fanta suas go dtí 2020 a leithdháileadh ar na cláir inmheánacha um chomhar trasteorann faoi mhír 1(a) ina nglacann an Ballstát lena mbaineann páirt.

8. Scoirfear de chláir trasteorann agus imchuacha dá dtagraítear i mír 4 arna nglacadh ag an gCoimisiún:

(c) murar shínigh ceachtar de na tíortha comhpháirtíochta arna gcumhdach ag an gclár an comhaontú maoinithe iomchuí faoin spriocdháta atá leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh./2012 [a rialachán ENI] nó Rialachán (AE) Uimh. /2012 [IPA]; nó

(d) murar féidir an clár a chur chun feidhme i ngeall ar fhadhbanna a thagann chun cinn i gcaidrimh idir na tíortha rannpháirteacha.

I gcás teagmhais den sórt sin, déanfar an tacaíocht ón ERDF a luadh i mír 4 a chomhfhreagraíonn do thráthchodanna bliantúla nár cuireadh in áirithe go fóill a leithdháileadh chuig na cláir inmheánacha um chomhar trasteorann faoi mhír 1(a) ina nglacann an Ballstát lena mbaineann páirt, nuair a iarrtar é.

CAIBIDIL II díriú téamach agus tosaíochtaí infheistíochta

Airteagal 5 Díriú téamach

Díreofar na cuspóirí téamacha dá dtagraítear in Airteagal 9 de Rialachán (AE) Uimh. […]/2012 [RFC] mar seo a leanas:

(a)          roghnófar suas le 4 chuspóir théamacha le haghaidh gach cláir um chomhar trasteorann;

(a)          roghnófar suas le 4 chuspóir théamacha le haghaidh gach cláir um chomhar trasnáisiúnta;

(c)          féadfar gach cuspóir téamach a roghnú le haghaidh clár um chomhar idir-réigiúnach de bhun Airteagal 2(3)(a).

Airteagal 6 Tosaíochtaí infheistíochta

I dteannta Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [Rialachán ERDF], tacóidh an ERDF le hacmhainní daonna, le saoráidí agus le bonneagair a roinnt thar theorainneacha faoi na tosaíochtaí infheistíochta difriúla, chomh maith leis na tosaíochtaí infheistíochta seo a leanas laistigh de na cuspóirí téamacha:

(a)          faoi chomhar trasteorann:

(i)      margaí saothair trasteorann a chomhtháthú, lena n‑áirítear soghluaisteacht trasteorann, comhthionscnaimh áitiúla fostaíochta agus comhoiliúint (laistigh den chuspóir téamach maidir le fostaíocht a chur chun cinn agus tacú le soghluaisteacht lucht saothair);

(ii)     comhionannas inscne agus comhdheiseanna a chur chun cinn thar theorainneacha, chomh maith le cuimsiú sóisialta a chur chun cinn thar theorainneacha (laistigh den chuspóir téamach maidir le cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus an bhochtaineacht a chomhrac);

(iii)     scéimeanna comhpháirteacha oideachais agus oiliúna a fhorbairt agus a chur chun feidhme (laistigh den chuspóir téamach maidir le hinfheistíocht a dhéanamh i scileanna, in oideachas agus san fhoghlaim ar feadh an tsaoil);

(iv)    comhar dlíthiúil agus comhar riaracháin a chur chun cinn idir saoránaigh agus institiúidí (laistigh den chuspóir téamach maidir le méadú cumais institiúidigh agus riarachán poiblí éifeachtúil);

(b)          faoi chomhar trasnáisiúnta: forbairt agus cur chun feidhme straitéisí macrairéigiúnacha agus imchuacha (laistigh den chuspóir téamach maidir le méadú cumais institiúidigh agus riarachán poiblí éifeachtúil).

CAIBIDIL III CLÁRÚ

Airteagal 7 Ábhar na gclár comhair

1. Cuimseoidh clár comhair aiseanna tosaíochta. Bainfidh ais tosaíochta le Ciste amháin agus comhfhreagróidh sí do chuspóir téamach agus is éard a bheidh inti tosaíocht infheistíochta amháin nó níos mó de chuid an chuspóra théamaigh sin i gcomhréir le hAirteagal 5 agus Airteagal 6 den Rialachán seo.

2. Leagfar an méid seo a leanas amach i gclár comhair:

(e) straitéis maidir le rannchuidiú an chláir chomhair le straitéis an Aontais maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uilechuimsitheach lena n‑áireofar:

(i)      sainaithint na riachtanas a thugann aghaidh ar na dúshláin maidir le réimse an chláir ina iomláine;

(ii)      dlisteanú ar rogha na gcuspóirí téamacha agus na dtosaíochtaí infheistíochta comhfhreagracha, ag féachaint don Chomhchreat Straitéiseach agus do thorthaí na meastóireachta ex ante;

(f) le haghaidh gach aise tosaíochta:

(i)      na tosaíochtaí infheistíochta agus na cuspóirí sonracha comhfhreagracha;

(ii)      táscairí sonracha agus comhtháscairí ar thorthaí agus ar aschur, mar aon le luach bonnlíne agus luach sprice cainníochtaithe nuair is iomchuí, i gcomhréir leis na rialacha atá sainiúil do Chiste;

(iii)     tuairisc ar ghníomhaíochtaí a bhfuil tacaíocht le fáil acu lena n‑áirítear na príomh-spriocghrúpaí, na críocha sonracha ar díríodh orthu mar aon le cineálacha na dtairbhithe, nuair is iomchuí, agus úsáid bheartaithe na n‑ionstraimí airgeadais a shainaithint;

(iv)     na catagóirí comhfhreagracha idirghabhála bunaithe ar ainmníocht a ghlac an Coimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 30(3) agus miondealú táscach ar na hacmhainní cláreagraithe;

(g) a mhéid a rannchuidítear leis an straitéis chomhtháite maidir le forbairt chríochach arna leagan amach sa chonradh comhpháirtíochta lena n‑áirítear;

(i)      na meicníochtaí lena n‑áirithítear comhordú idir na Cistí, an CETFT, an EMFF agus ionstraimí cistiúcháin náisiúnta agus ionstraimí cistiúcháin eile de chuid an Aontais agus leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI);

(ii)      nuair is iomchuí, cur chuige comhtháite pleanáilte i leith fhorbairt chríochach na limistéar uirbeach, tuaithe, cósta agus na limistéar ag a bhfuil sainghnéithe críochacha áirithe, go háirithe na socruithe cur chun feidhme maidir le hAirteagal 28 agus Airteagal 29 de Rialachán (AE) Uimh./2012 [CPR];

(iii)     i gcás inarb iomchuí, liosta de na cathracha ina ndéanfar gníomhaíochtaí comhtháite maidir le forbairt uirbeach inbhuanaithe a chur chun feidhme; an cionroinnt bliantúil táscach de thacaíocht an ERDF le haghaidh na ngníomhaíochtaí seo, lena n‑áirítear na hacmhainní arna dtarmligean do chathracha lena mbainistiú faoi Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) Uimh./2012 [ERDF];

(iv)     déanfar na limistéir ina gcuirfear forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail chun feidhme a shainaithint;

(v)     i gcás inarb iomchuí, a mhéid a rannchuidíonn na hidirghabhálacha beartaithe le straitéisí macrairéigiúnacha agus straitéisí imchuacha;

(h) socruithe d’fhonn cur chun feidhme éifeachtach na gcistí a áirithiú lena n‑áirítear:

(i)      creat feidhmíochta i gcomhréir le hAirteagal 19(1) de Rialachán (AE) Uimh./2012 [CPR];

(ii)      na gníomhaíochtaí arna ndéanamh chun na comhpháirtithe a tharraingt isteach in ullmhú an chláir chomhair, agus ról na gcomhpháirtithe maidir le cur chun feidhme an chláir chomhair agus faireachán agus meastóireacht a dhéanamh air;

(i) socruithe chun cur chun feidhme éifeachtach na gcistí a áirithiú lena n‑áirítear:

(i)      úsáid bheartaithe an chúnaimh theicniúil lena n‑áirítear gníomhaíochtaí chun cumas riaracháin na n‑údarás agus na dtairbhithe a threisiú leis an bhfaisnéis ábhartha dá dtagraítear i mír 2(b) le haghaidh na haise tosaíochta lena mbaineann;

(ii)      measúnú ar an ualach riaracháin le haghaidh tairbhithe agus na gníomhaíochtaí arna mbeartú chun laghdú a bhaint amach mar aon le spriocanna ag gabháil leo;

(iii)     liosta de na príomhthionscadail a bhfuil an dáta tosaithe measta maidir le feidhmiú na bpríomhoibreacha roimh an 1 Eanáir 2018;

(j) plean maoinithe ina bhfuil dhá thábla (gan aon roinnt in aghaidh an Bhallstáit rannpháirtigh):

(i)      tábla ina saineofar le haghaidh gach bliana, i gcomhréir le hAirteagail 53,  110 agus 111 de Rialachán (AE) Uimh./2012 [CPR], méid an leithreasaithe airgeadais iomláin atá beartaithe don tacaíocht ó CFRE;

(ii)      tábla ina saineofar méid an leithreasaithe airgeadais iomláin den tacaíocht ón ERDF agus ón gcómhaoiniú náisiúnta le haghaidh na tréimhse clárúcháin ar fad, maidir leis an gclár comhair agus maidir le gach ais tosaíochta. Sa chás ina bhfuil an cómhaoiniú náisiúnta comhdhéanta de chómhaoiniú poiblí agus príobháideach, beidh miondealú táscach sa tábla idir na comhpháirteanna poiblí agus príobháideacha. Déanfar rannpháirtíocht bheartaithe an BEI a léiriú ann chun críocha faisnéise;

(k) na forálacha cur chun feidhme le haghaidh an chláir chomhair, lena n‑áirítear an méid seo a leanas:

(i)      an comhlacht creidiúnaithe, t-údarás bainistíochta agus an t-údarás iniúchóireachta a shainaithint;

(ii)      an comhlacht arna ainmniú nó na comhlachtaí arna n-ainmniú chun tascanna rialaithe a dhéanamh;

(iii)     an comhlacht arna ainmniú nó na comhlachtaí arna n-ainmniú le bheith freagrach as tascanna iniúchóireachta a dhéanamh;

(iv)     an nós imeachta chun an chomhrúnaireacht a bhunú;

(v)     tuairisc achoimre ar na socruithe rialaithe agus bainistíochta;

(vi)     cionroinnt dliteanas i measc na mBallstát rannpháirteach i gcás ceartuithe airgeadais arna bhforchur ag an údarás bainistíochta nó ag an gCoimisiún.

Cuirfear faisnéis a éilítear faoi phointí (a) go (d) in oiriúint do shaintréith na gclár comhair faoi Airteagal 2(3)(b), (c) agus (d) den Rialachán seo.

Ní áireofar faisnéis a éilítear faoi phointe (e)(ii) agus (iii) i gcláir chomhair faoi Airteagal 2(3)(b), (c) agus (d) den Rialachán seo.

3. Áireofar an méid seo a leanas i ngach clár comhair:

(i)      tuairisc ar na gníomhaíochtaí sonracha chun ceanglais chosanta comhshaoil, éifeachtúlacht taighde, maolú athrú na haeráide agus oiriúnú don athrú aeráide, agus cosc ar riosca agus bainistíocht riosca a chur san áireamh i roghnú na n‑oibríochtaí;

(ii)     tuairisc ar na gníomhaíochtaí sonracha chun comhdheiseanna a chur chun cinn agus idirdhealú ar bith bunaithe ar inscne, ar chine nó bunadh eitneach, ar reiligiún nó creideamh, ar mhíchumas, ar aois nó ar chlaonadh gnéasach a chosc agus an clár comhair á ullmhú, á cheapadh agus á chur chun feidhme agus go háirithe maidir le rochtain ar chistiú ag féachaint do riachtanais na spriocghrúpaí éagsúla atá i mbaol idirdhealaithe den chineál sin, go háirithe na ceanglais chun inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas a áirithiú;

(iii)     tuairisc ar a mhéid a rannchuidíonn sé le cur chun cinn an chomhionannais idir fir agus mná agus ar na socruithe chun comhtháthú na gné inscne a áirithiú ar leibhéal an chláir agus na hoibríochta, nuair is iomchuí.

Déanfaidh na Ballstáit tuairim ó na comhlachtaí comhionannais náisiúnta maidir leis na bearta arna leagan amach i bpointí (ii) agus (iii) a chur isteach in éineacht leis an togra le haghaidh cláir chomhair.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír agus ag an dara fomhír maidir le cláir chomhair faoi Airteagal 2(3)(b), (c) agus (d).

4. Saineoidh cláir chomhair faoi Airteagal 2(3)(c) agus (d) an tairbhí nó na tairbhithe le haghaidh cláir chomhair den sórt sin agus féadfaidh siad an nós imeachta deonaithe a shonrú.

5. Daingneoidh na Ballstáit rannpháirteacha agus na tríú tíortha nó na críocha i scríbhinn, nuair is infheidhme, a gcomhaontú le hinneachar cláir chomhair sula ndéantar é a thaisceadh don Choimisiún. Áireofar leis an gcomhaontú seo freisin tiomantas gach Ballstáit rannpháirtigh an cómhaoiniú is gá chun an clár comhair a chur chun feidhme.

6. Déanfaidh na Ballstáit na cláir chomhair a dhréachtú de réir na samhla arna glacadh ag an gCoimisiún.

7. Déanfaidh an Coimisiún an tsamhail sin a ghlacadh trí bhíthin na ngníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

Airteagal 8

Comhphlean Gníomhaíochta

I gcás ina dtugtar faoi chomhphlean gníomhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 93(1) de Rialachán (AE) Uimh./2012 [CPR] faoi chúram EGTC mar thairbhí, féadfaidh go mbeidh foireann chomhrúnaireacht an chláir chomhair agus comhaltaí Thionól an EGTC ina gcomhaltaí den choiste stiúrtha dá dtagraítear in Airteagal 97(1) de Rialachán (AE) Uimh./2012 [CPR]. Ní bheidh móramh ag comhaltaí Thionól EGCT laistigh den choiste stiúrtha sin.

Airteagal 9 Forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail

Féadfar forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail faoi Airteagal 28 den Rialachán (AE) Uimh./2012 [CPR] i gcláir um chomhar trasteorann a chur chun feidhme, ar an gcoinníoll go bhfuil ionadaithe dhá thír, ceann acu ina Bhallstát, ar a laghad, sa ghrúpa forbartha áitiúil.

Airteagal 10 Infheistíocht chríochach chomhtháite

I gcás clár comhair, is EGTC nó comhlacht dlíthiúil eile atá bunaithe faoi dhlíthe cheann de na tíortha rannpháirteacha a bheidh sa chomhlacht idirmheánach a dhéanfaidh bainistíocht agus cur chun feidhme ar Infheistíocht chríochach chomhtháite dá dtagraítear in Airteagal 99(3) de Rialachán (AE) Uimh./2012 [CPR] ar an gcoinníoll gur údaráis phoiblí ó dhá thír rannpháirteacha ar a laghad a bhunóidh é.

Airteagal 11 Oibríochtaí a roghnú

1. Roghnóidh an coiste faireacháin dá dtagraítear in Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh.[...]/2012 [CPR] oibríochtaí faoi chláir chomhair.

2. Beidh baint ag tairbhithe ó dhá thír rannpháirteacha ar a laghad, agus ceann acu ar a laghad ó Bhallstát, le hoibríochtaí roghnaithe faoi chomhar trasteorann agus faoi chomhar trasnáisiúnta. Féadfar oibríocht a chur chun feidhme i dtír aonair, fad is gur ar mhaithe le leas limistéar an chláir atá sé.

Beidh baint ag tairbhithe ó thrí thír ar a laghad, agus dhá cheann acu ina mBallstáit, le hoibríochtaí maidir le comhar idir-réigiúnach faoi Airteagal 2(3)(a) agus (b).

3. D'ainneoin mhír 2, féadfaidh EGTC nó comhlacht dlíthiúil eile bunaithe faoi dhlíthe cheann de na tíortha rannpháirteacha iarratas a chur isteach mar thairbhí aonair le haghaidh oibríochta ar an gcoinníoll go bhfuil sé bunaithe ag údaráis phoiblí agus ag comhlachtaí ó dhá thír rannpháirteacha ar a laghad, le haghaidh comhair thrasteorann agus thrasnáisiúnta, agus ó thrí thír rannpháirteacha ar a laghad, le haghaidh comhair idir-réigiúnaigh.

4. Comhoibreoidh tairbhithe i bhforbairt, i gcur chun feidhme, i soláthar foirne agus i maoiniú oibríochtaí.

5. Cuirfidh an t-údarás bainistíochta ar fáil, don phríomhthairbhí nó don tairbhí aonair le haghaidh gach oibríochta, doiciméad ina leagtar amach na dálaí tacaíochta le haghaidh gach oibríochta lena n‑áirítear na ceanglais shonracha maidir leis na táirgí nó na seirbhísí atá le seachadadh faoin oibríocht, an plean maoinithe, agus an teorainn ama lena chur i ngníomh.

Airteagal 12 Tairbhithe

1. I gcás ina bhfuil beirt tairbhithe nó níos mó le haghaidh oibríochta i gclár comhair, ainmneoidh na tairbhithe uile duine acu mar phríomhthairbhí.

2. Beidh de chúram ar an bpríomhthairbhí an méid seo a leanas:

(a)     na socruithe le tairbhithe eile a leagan síos i gcomhaontú ina bhfuil forálacha lena ráthaítear, inter alia, bainistíocht fhónta airgeadais na gcistí atá leithdháilte ar an oibríocht, lena n‑áirítear na socruithe chun méideanna a íocadh go míchuí a fháil ar ais;

(b)     freagracht a ghlacadh as cur chun feidhme na hoibríochta iomláine a áirithiú;

(c)     a áirithiú go bhfuil caiteachas arna thíolacadh ag tairbhithe tabhaithe i gcur chun feidhme na hoibríochta agus go gcomhfhreagraíonn sé do na gníomhaíochtaí a comhaontaíodh idir na tairbhithe ar fad;

(d)     deimhniú go bhfuil caiteachas arna thíolacadh ag tairbhithe eile bailíochtaithe ag rialtóir nó ag rialtóirí i gcás nach bhfuil an bailíochtú seo déanta ag an údarás bainistíochta de bhun Airteagal 22(3).

3. Áiritheoidh an príomhthairbhí go bhfaighidh na tairbhithe eile méid iomlán na tacaíochta poiblí a luaithe agus is féidir agus ina iomlán. Ní asbhainfear méid ar bith ná ní choinneofar méid ar bith siar agus ní thoibheofar muirear sonrach ar bith ná muirear ar bith eile den éifeacht chéanna a laghdódh na méideanna sin ar na tairbhithe eile.

4. Beidh príomhthairbhithe lonnaithe i mBallstát agus beidh tairbhithe aonair cláraithe i mBallstát.

CAIBDIL IV FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT

Airteagal 13 Tuarascálacha cur chun feidhme

1. Déanfaidh an t-údarás bainistíochta tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 44(1) de Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [RFC]. Cumhdófar na blianta airgeadais 2014 agus 2015, chomh maith leis an tréimhse idir an dáta tosaigh le haghaidh incháilitheachta caiteachais agus an 31 Nollaig 2013, sa tuarascáil a chuirfear isteach in 2016.

2. Leagfar amach faisnéis i dtuarascálacha cur chun feidhme maidir leo seo a leanas:

(l) cur chun feidhme an chláir chomhair i gcomhréir le hAirteagal 44(2) de Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [RFC];

(m) dul chun cinn ó thaobh mórthionscadail agus comhphleananna gníomhaíochta a ullmhú agus a chur chun feidhme.

3. Sna tuarascálacha bliantúla ar chur chun feidhme a chuirfear isteach in 2017 agus 2019, leagfar amach an fhaisnéis a cheanglaítear faoi Airteagal 44(3) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [RFC] faoi seach agus an fhaisnéis atá leagtha amach i mír 2 agus déanfar measúnú uirthi, chomh maith leis an méid seo a leanas:

(n) dul chun cinn i gcur chun feidhme an chur chuige chomhtháite i dtaobh forbartha críochaí, lena n-áirítear forbairt inbhuanaithe uirbeach, agus forbairt áitiúil faoi stiúr an phobail faoin gclár oibríochtúil;

(o) an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme gníomhaíochtaí chun cumas údarás agus tairbhithe CFRE a riar agus úsáid a bhaint as a atreisiú;

(p) na gníomhaíochtaí sonracha a rinneadh chun comhionannas idir fir agus mná chur chun cinn agus chun idirdhealú a chosc, lena n-áirítear inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas, agus na socruithe a cuireadh chun feidhme chun a áirithiú gur ionchorpraíodh gné na hinscne sa chlár oibríochtúil agus sna hoibríochtaí;

(q) gníomhaíochtaí a rinneadh chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn;

(r) torthaí na faisnéise agus na mbeart poiblíochta a dtugtar fúthu faoin straitéis chumarsáide;

(s) dul chun cinn i gcur chun feidhme gníomhaíochtaí i réimse na nuálaíochta sóisialta, i gcás inarb iomchuí;

(t) rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe maidir le cur chun feidhme, monatóireacht agus meastóireacht an chláir chomhair.

4. Déanfar na tuarascálacha bliantúla agus deiridh ar chur chun feidhme a tharraingt suas de réir samhlacha arna nglacadh ag an gCoimisiún trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme seo i gcomhréir leis an nós imeachta comhairleach dá dtagraítear in Airteagal 30(2).

Airteagal 14 Athbhreithniú bliantúil

I gcás nach n-eagraítear cruinniú maidir le hathbhreithniú bliantúil de bhun Airteagal 45(3) de Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [CPR], féadfar an t-athbhreithniú bliantúil a dhéanamh i scríbhinn.

Airteagal 15 Táscairí maidir le sprioc an chomhair chríche Eorpaigh

Bainfear úsáid as comhtháscairí de réir mar atá leagtha amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le hAirteagal 24(3) de Rialachán (AE) Uimh./2012 [CPR]. Socrófar a mbonnlínte ag nialas agus socrófar spriocanna carnacha do 2022.

Maidir le táscairí i ndáil le haschur a bhaineann go sonrach le clár, socrófar na bonnlínte ag nialas agus socrófar na spriocanna carnacha do 2022.

Maidir le táscairí i ndáil le torthaí a bhaineann go sonrach le clár, socrófar bonnlínte ag baint úsáide as na sonraí is déanaí atá ar fáil agus socrófar spriocanna don bhliain 2022, ach féadfar iad a léiriú i dtéarmaí cainníochtúla nó cáilíochtúla.

Airteagal 16

Cúnamh teicniúil

Beidh méid an ERDF a leithdháilfear ar chúnamh teicniúil teoranta do 6% den mhéid iomlán a leithdháilfear ar chláir chomhair, ach ní bheidh sé níos lú ná EUR 1 500 000.

CAIBIDIL VI INCHÁILITHEACHT

Airteagal 17 Rialacha ginearálta maidir le hincháilitheacht caiteachais

1. Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 29 d’fhonn rialacha breise sonracha a shocrú maidir le hincháilitheacht caiteachais le haghaidh clár comhair.

2. Gan dochar do na rialacha incháilitheachta atá leagtha síos nó ar bhonn Airteagail 55 go 61 de Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [CPR], Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [CFRE] nó an Rialacháin seo, bunóidh an coiste faireacháin rialacha incháilitheachta le haghaidh an chláir chomhair ina iomláine.

3. Maidir le ceisteanna nach bhfuil cumhdaithe ag rialacha incháilitheachta atá leagtha síos sa Rialachán seo nó ar bhonn Airteagail 55 go 61 de Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [CPR], Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [CFRE], nó an Rialacháin seo nó ag an gcoiste faireacháin, beidh feidhm ag rialacha náisiúnta na tíre ina dtabhaítear an caiteachas.

Airteagal 18 Costais foirne

Féadfar costais foirne oibríochta a ríomh mar ráta comhréidh suas le 15 % de na costais dhíreacha seachas costais foirne na hoibríochta sin.

Airteagal 19 Incháilitheacht oibríochtaí i gcláir chomhair ag brath ar láthair

4. Beidh oibríochtaí faoi chláir chomhair, faoi réir ag na maoluithe dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3, lonnaithe sa chuid den limistéar cláir ina bhfuil críoch an Aontais (‘cuid an Aontais de limistéar an chláir’).

5. Féadfaidh an t-údarás bainistíochta glacadh leis go bhfuil oibríocht iomlán nó cuid de á cur chun feidhme taobh amuigh de limistéar chuid an Aontais de limistéar an chláir, ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(u) is chun leasa limistéar an chláir atá an oibríocht;

(v) ní sháraíonn an tsuim iomlán arna leithdháileadh faoin gclár comhair d’oibríochtaí atá lonnaithe lasmuigh de chuid an Aontais de limistéar an chláir 20 % den tacaíocht ón ERDF ar leibhéal cláir, nó 30 % i gcás clár comhair ina gcuimsítear na réigiúin is forimeallaí i gcuid an Aontais den chlár;

(w) comhlíonfaidh údaráis na gclár comhar oibleagáidí na n‑údarás bainistíochta agus iniúchóireachta i dtaca le bainistíocht, rialú agus iniúchóireacht a bhaineann leis an oibríocht nó déanann siad comhaontú le húdaráis sa Bhallstát nó sa tríú tír nó sa chríoch ina gcuirtear an oibríocht chun feidhme ar choinníoll go gcomhlíontar na hoibleagáidí maidir le bainistíocht, rialú agus iniúchóireacht a bhaineann leis an oibríocht.

6. Féadfar caiteachas maidir le hoibríochtaí a bhaineann le gníomhaíochtaí fógraíochta agus forbairt acmhainní, féadfar caiteachas a thabhú lasmuigh de chuid an Aontais de limistéar an chláir ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha i mír 2(a) agus i mír 2(c).

CAIBIDIL VII BAINISTÍOCHT, RIALÚ AGUS CREIDIÚNÚ

Airteagal 20 Údaráis a ainmniú

1. Chun críocha Airteagal 113(1) agus (2) de Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [CPR], ceapfaidh Ballstáit a bheidh rannpháirteach i gclár comhair údarás bainistíochta aonair agus, chun críche Airteagal 113(4) den Rialachán sin, údarás iniúchóireachta aonair, a bheidh lonnaithe sa Bhallstát céanna.

2. Gheobhaidh an t-údarás bainistíochta na híocaíochtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún agus déanfaidh íocaíochtaí leis an bpríomhthairbhí i gcomhréir le hAirteagal 122 de Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [CPR].

Airteagal 21 Grúpáil Eorpach um chomhar críche

Féadfaidh Ballstáit a bheidh rannpháirteach i gclár comhair úsáid a bhaint as EGTC d’fhonn an ghrúpáil a dhéanamh freagrach as an gclár comhair nó cuid de a bhainistiú, go háirithe trí fhreagrachtaí údaráis bhainistíochta a thabhairt dó.

Airteagal 22 Feidhmeanna an údaráis bhainistíochta

1. Tabharfaidh údarás bainistíochta cláir chomhair faoi fheidhmeanna uile an údaráis bhainistíochta agus an údaráis dheimhniúcháin leagtha síos in Airteagal 114 agus agus in Airteagal 115 de Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [CPR].

2. Bunóidh an t-údarás bainistíochta, i ndiaidh comhairliúcháin leis na Ballstáit agus leis na tríú tíortha atá ag glacadh páirte i gclár comhair, bunóidh sé comhrúnaireacht.

Cuideoidh an chomhrúnaíocht leis an údarás bainistíochta agus leis an gcoiste faireacháin tabhairt faoina bhfeidhmeanna faoi seach. Cuirfidh an chomhrúnaireacht faisnéis ar fáil do thairbhithe féideartha faoi dheiseanna cistiúcháin faoi chláir chomhair agus cuideoidh le tairbhithe leis na hoibríochtaí a chur chun feidhme.

3. Tabharfaidh an t-údarás bainistíochta faoi fhíoruithe faoi Airteagal 114(4)(a) de Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [CPR] le haghaidh limistéar iomlán an chláir i gcás gur EGTC é an t-údarás bainistíochta.

4. I gcás nach féidir leis an údarás bainistíochta tabhairt faoi fhíoruithe faoi Airteagal 114(4)(a) de Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [CPR] ar fud limistéar iomlán an chláir, saineoidh gach Ballstát nó tríú tír an comhlacht nó an duine atá freagrach as tabhairt faoi fhíoruithe den chineál seo maidir le tairbhithe ar a chríoch (‘rialtóir nó rialtóirí’).

Is éard a bheidh sna rialtóirí seo, nuair is féidir é, na comhlachtaí céanna atá freagrach as tabhairt faoi fhíoruithe le haghaidh na gclár oibríochtúil faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post nó, i gcás tríú tíortha, iad siúd atá freagrach as tabhairt faoi fhíoruithe inchomparáide faoi ionstraimí beartais sheachtraigh an Aontais.

Beidh gach Ballstát nó tríú tír freagrach as na fíoruithe a dtugtar fúthu ar a chríoch nó a críoch féin.

5. I gcás ina féidir seachadadh táirgí nó seirbhísí cómhaoinithe a fhíorú maidir le hoibríocht iomlán amháin, déanfaidh an t-údarás bainistíochta nó rialtóir an Bhallstáit ina bhfuil an príomhthairbhí lonnaithe an fíorú.

Airteagal 23 Feidhmeanna an údaráis iniúchóireachta

1. Féadfaidh na Ballstáit agus na tríú tíortha atá ag glacadh páirte i gclár comhair cinneadh a dhéanamh go bhfuil an t-údarás iniúchóireachta údaraithe le tabhairt faoi na feidhmeanna go díreach dá bhforáiltear in Airteagal 116 de Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [CPR] sa chríoch iomlán atá cumhdaithe ag clár comhair. Saineoidh siad nuair a bheidh iniúchóir Ballstáit nó tríú tír in éineacht leis an údarás iniúchóireachta.

2. I gcás nach bhfuil an t-údarás ag údarás iniúchóireachta dá dtagraítear i mír 1, beidh cúnamh aige ó ghrúpa iniúchóirí comhdhéanta d’ionadaí ó gach Ballstát nó tríú tír atá ag glacadh páirte sa chlár comhair agus ag tabhairt faoi na feidhmeanna dá bhforáiltear in Airteagal 116 de Rialachán (AE) Uimh. {...]/2012 [CPR].

Beidh gach ionadaí freagrach as na gnéithe fíorasacha a bhaineann le caiteachas ar a chríoch agus atá ag teastáil ón údarás bainistíochta d’fhonn a mheasúnú a chur i gcrích.

Bunófar grúpa iniúchóirí ar a dhéanaí laistigh de thrí mhí ón gcinneadh ina ndéantar an clár comhair a fhormheas. Dréachtóidh sé a rialacha nós imeachta féin agus beidh údarás bainistíochta an chláir chomhair sa chathaoir air.

3. Beidh na hiniúchóirí neamhspleách ó thaobh feidhme de ó rialtóirí a thugann faoi fhíoruithe faoi Airteagal 22.

Airteagal 24 Creidiúnú

Gheobhaidh údarás bainistíochta creidiúnú ó chomhlacht creidiúnaithe an Bhallstáit ina bhfuil an t-údarás bainistíochta lonnaithe.

CAIBIDIL VIII BAINISTÍOCHT AIRGEADAIS

Airteagal 25 Ceangaltais bhuiséadacha, íocaíochtaí agus aisghabhálacha

4. Íocfar tacaíocht ERDF le cláir chomhair isteach i gcuntas aonair gan fochuntais ar bith náisiúnta.

5. Áiritheoidh an t-údarás bainistíochta go bhfaighfear ar ais ón bpríomhthairbhí nó ón tairbhí aonair méid ar bith a íocfar mar gheall ar neamhrialtacht. Aisíocfaidh tairbhithe méideanna ar bith a íocadh go míchuí leis an bpríomhthairbhí.

6. Mura n‑éiríonn leis an bpríomhthairbhí aisíocaíocht a dhaingniú ó thairbhithe eile nó mura n‑éiríonn leis an údarás bainistíochta aisíocaíocht a dhaingniú ón bpríomhthairbhí nó ón tairbhí aonair, aisíocfaidh an Ballstát nó an tríú tír ina bhfuil an príomhthairbhí nó an tairbhí aonair lonnaithe ar a chríoch nó, i gcás EGTC, cláraithe, aisíocfaidh sé leis an údarás bainistíochta an méid a íocadh go míchuí leis an tairbhí sin. Beidh an t-údarás bainistíochta freagrach as na méideanna a bhaineann le buiséad ginearálta an Aontais a aisíoc, i gcomhréir le cionroinnt na ndliteanas i measc na mBallstát rannpháirteach mar atá leagtha síos sa chlár comhair.

Airteagal 26 Úsáid an euro

De mhaolú ar Airteagal 123 de Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [CPR], déanfaidh na tairbhithe caiteachas arna thabhú in airgeadra seachas an euro a chomhshó go euro sa mhí inar tabhaíodh an caiteachas lena linn.

Is é an t-údarás bainistíochta nó an rialtóir sa Bhallstát nó sa tríú tír ina bhfuil an tairbhí lonnaithe a fhíoróidh an comhshó.

Airteagal 27 Saoradh

De mhaolú ar an gcéad fhomhír d'Airteagal 127(1), ach gan dochar d'Airteagal 127(4) de Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [CPR], déanfaidh an Coimisiún saoradh ar aon chuid den mhéid arna ríomh i gcomhréir leis an dara fomhír den Airteagal sin i gclár comhair nár úsáideadh chun an réamh-mhaoiniú tosaigh bliantúil, íocaíochtaí eatramhacha agus an iarmhéid bliantúil a íoc faoin 31 Nollaig den tríú bliain airgeadais i ndiaidh bhliain an cheangaltais bhuiséadaigh faoin gclár comhair nó nach ndearnadh iarratas ar íocaíocht ina leith i gcomhréir le hAirteagal 126(1) de Rialachán (AE) Uimh. [...]/2012 [CPR].

Airteagal 28 Rannpháirtíocht tríú tíortha

Rialacha mionsonraithe maidir le bainistíocht airgeadais chomh maith le clárú, faireachán, meastóireacht agus rialú rannpháirtíocht tríú tíortha i gcláir um chomhar trasnáisiúnta agus um chomhar idir-réigiúnach dá dtagraítear in Airteagal 3(4), an dara fomhír, agus (5), déanfar iad a bhunú sa chlár comhair iomchuí agus/nó sa chomhaontú maoinithe iomchuí idir an Coimisiún, gach ceann de na tríú tíortha agus an Ballstát atá ina n‑óstach ar údarás bainistíochta an chláir chomhair ábhartha, de réir mar is iomchuí.

CAIBIDIL X FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 29 An tarmligean a fheidhmiú

1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2. Déanfar na cumhachtaí chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 17(1) a ghlacadh a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse neamhchinntithe ama ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 17(1) a chúlghairm am ar bith.

I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ag dáta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an am céanna.

5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 17(1) i bhfeidhm ach amháin mura ndéanann Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid ina choinne laistigh de thréimhse dhá mhí ó fhógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, sula dtéann an tréimhse sin in éag, go gcuireann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl nach ndéanfaidh siad agóid ina choinne. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle.

Airteagal 30 Nós imeachta coiste

1. Tabharfaidh Coiste Comhordúcháin na gCistí cúnamh don Choimisiún. Is é a bheidh sa Choiste sin Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

Airteagal 31 Forálacha idirthréimhseacha

1. Chomh fada agus a bhaineann sé le cuspóir an chomhair chríche Eorpaigh, ní bheidh tionchar ag an Rialachán seo ar an tacaíocht arna faomhadh ag an gCoimisiún ar bhonn Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 ón gComhairle, nó reachtaíocht ar bith eile a bhaineann leis an gcúnamh sin an 31 Nollaig 2013, a bhainfidh leis an gcúnamh sin nó leis na tionscadail atá i gceist ina dhiaidh sin go dtí go ndúnfar iad, a mhodhnú ná leanúint léi, lena n‑áirítear an tacaíocht sin a chur ar ceal i bpáirt nó ina hiomláine.

2. Beidh iarratais a bhaineann le cuspóir an chomhair chríche Eorpaigh sa tréimhse 2007-2013 ar thacaíocht a fháil a rinneadh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1080/2006 roimh an 1 Eanáir 2014 fós bailí.

Airteagal 32 Athbhreithniú

Déanfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle athbhreithniú ar an Rialachán seo faoi 31 Nollaig 2022, i gcomhréir le hAirteagal 178 den Chonradh.

Airteagal 33

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa              Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán                                               An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Comhtháscairí maidir le sprioc an chomhair chríche Eorpaigh (dá dtagraítear in Airteagal 15)

|| AONAD || AINM

Infheistíocht tháirgiúil || ||

|| fiontair || Líon na bhfiontar a fhaigheann deontais

|| fiontair || Líon na bhfiontar a fhaigheann tacaíocht airgeadais seachas deontais

|| fiontair || Líon na bhfiontar a fhaigheann tacaíocht neamhairgeadais

|| fiontair || Líon na bhfiontar nua a fhaigheann tacaíocht

|| EUR || Infheistíocht phríobháideach atá ar aon dul le tacaíocht phoiblí do FBManna (deontais)

|| EUR || Infheistíocht phríobháideach atá ar aon dul le tacaíocht phoiblí do FBManna (nach deontais atá inti)

|| coibhéisí lánaimseartha || Líon na bpost cruthaithe i FBManna a fhaigheann cúnamh

Turasóireacht || cuairteanna || Líon na gcuairteanna ar nithe is díol spéise do thurasóirí a fhaigheann tacaíocht

Bonneagar TFC || daoine || Daonra a bhfuil rochtain leathanbhanda de 30 Mbps ar a laghad ar fáil dóibh

Iompar || ||

Iarnród || km || Fad iomlán na líne iarnróid nua

|| || ar ciliméadair díobh sin ar cuid de TEN‑T iad:

|| km || Fad iomlán na líne iarnróid atógtha nó uasghrádaithe

|| ar ciliméadair díobh sin ar cuid de TEN‑T iad:

Bóithre || km || Fad iomlán na mbóithre nuathógtha

|| || ar ciliméadair díobh sin ar cuid de TEN‑T iad:

km || Fad iomlán na mbóithre atógtha nó uasghrádaithe

|| ar ciliméadair díobh sin ar cuid de TEN‑T iad:

Iompar uirbeach || turais phaisinéirí || Méadú ar thurais phaisinéirí ina n-úsáidtear seirbhís iompair uirbigh a fhaigheann tacaíocht

Uiscebhealaí intíre || tona-km || Méadú ar an lasta a iompraítear ar uiscebhealaí intíre feabhsaithe

Comhshaol || ||

Dramhaíl sholadach || tonaí || Cumas athchúrsála dramhaíola breise

Soláthar uisce || daoine || Daonra breise a chuirtear soláthar uisce feabhsaithe ar fáil dó

|| m3 || Laghdú measta ar sceitheadh sa ghréasán dáilte uisce

Cóireáil fuíolluisce || coibhéis áitritheora || Daonra breise a chuirtear cóireáil fuíolluisce feabhsaithe ar fáil dó

Cosc ar  riosca agus bainistíocht riosca || daoine || Daonra a bhaineann tairbhe as bearta um chosaint ar thuile

|| daoine || Daonra a bhaineann tairbhe as cosaint dóiteáin foraoise agus as bearta eile cosanta

Athshlánú talún || heicteáir || Achar dromchla iomlán na talún athshlánaithe

Séalú ithreach || heicteáir || Athru ar an talamh arna séalú de dheasca forbartha

Nádúr agus bithéagsúlacht || Heicteáir || Achar dromchla gnáthóg a bhfuil bail níos fearr orthu ó thaobh caomhnú de

Taighde, Nuálaíocht || ||

|| Daoine || Líon na foirne/na dtaighdeoirí T&F atá ag obair i mbonneagair thaighde nuathógtha nó trealmhaithe

|| Fiontair || Líon na bhfiontar atá ag comhoibriú le hinstitiúidí taighde a fhaigheann cúnamh

|| Coibhéisí lánaimseartha || Líon na bpost d'fhoireann/do thaighdeoirí T&F cruthaithe in aonáin a fhaigheann cúnamh

|| EUR || Infheistíocht phríobháideach atá ar aon dul le tacaíocht phoiblí do thionscadail nuálaíochta nó T&F

|| Fiontair || Líon na bhfiontar a thug isteach táirgí nua nó táirgí atá feabhsaithe go mór, ar táirgí nua ar an margadh iad mar thoradh ar thionscadail T&F nó nuálaíochta a fhaigheann tacaíocht

|| Fiontair || Líon na bhfiontar a thug isteach táirgí nua nó táirgí atá feabhsaithe go mór, ar táirgí nua don ghnólacht iad mar thoradh ar thionscadail T&F nó nuálaíochta a fhaigheann tacaíocht

Fuinneamh agus Athrú Aeráide || ||

Foinsí inathnuaite fuinnimh || MW || Cumas breise maidir le fuinneamh inathnuaite a tháirgeadh

Éifeachtúlacht fuinnimh || teaghlaigh || Líon na dteaghlach a bhfuil aicmiú ídithe fuinnimh feabhsaithe acu

|| kWh/bliana || Laghdú ar ídiú fuinnimh phríomhúil i bhfoirgnimh phoiblí

|| úsáideoirí || Líon na n‑úsáideoirí breise fuinnimh atá nasctha le heangacha cliste

Laghdú ar ghás ceaptha teasa || tonaí de choibhéisí CO2 || Laghdú measta ar ghás ceaptha teasa i gcoibhéisí CO2

Bonneagar sóisialta || ||

Cúram leanaí & oideachas || daoine || Cumas seirbhíse an bhonneagair oideachais nó cúraim leanaí a fhaigheann tacaíocht

Sláinte || daoine || Cumas seirbhísí sláinte a fhaigheann tacaíocht

Tithíocht || teaghlaigh || Líon na dteaghlach a bhaineann tairbhe as dálaí tithíochta feabhsaithe

Turasóireacht || cuairteanna || Líon na gcuairteanna ar nithe is díol spéise do thurasóirí a fhaigheann tacaíocht

Oidhreacht chultúrtha || cuairteanna || Líon na gcuairteanna ar shuíomhanna is díol spéise iad a fhaigheann tacaíocht

Forbairt uirbeach || Daoine || Daonra a bhfuil cónaí air i limistéir a bhfuil straitéisí comhtháite forbartha uirbí acu

|| méadair chearnacha || Spás oscailte nua i limistéir uirbeacha

|| méadair chearnacha || Foirgnimh phoiblí nó thráchtála nua i limistéir uirbeacha

|| méadair chearnacha || Tithíocht nua i limistéir uirbeacha

Margadh an tSaothair agus Oiliúint || || ||

|| daoine || Líon na rannpháirtithe i dtionscnaimh trasteorann soghluaisteachta ||

|| daoine || Líon na rannpháirtithe i dtionscnaimh chomhpháirteacha fostaíochta áitiúla agus in oiliúint chomhpháirteach ||

|| daoine || Líon rannpháirtithe i dtionscadail a chuireann comhionannas inscne, comhdheiseanna agus cuimsiú sóisialta thar theorainneacha chun cinn ||

|| daoine || Líon na rannpháirtithe i scéimeanna comhpháirteacha oideachais agus oiliúna chun tacú le fostaíocht na n‑óg, deiseanna oideachais agus ardoideachas agus gairmoideachas thar theorainneacha ||

Cumas Institiúide agus Riaracháin || || ||

|| líon || Líon na dtionscadal a chuireann comhar dlíthiúil agus comhar riaracháin agus comhar idir saoránaigh agus institiúidí chun cinn ||

|| líon || Líon na dtionscadal arna bhforbairt agus arna gcur chun feidhme chun tacú le cur chun feidhme straitéisí macrairéigiúnacha agus straitéisí imchuacha ||

|| líon || Líon na dtionscadal arna bhforbairt i gcomhar idir-réigiúnach le héifeachtacht an bheartais chomhtháthaithe a atreisiú ||

|| líon || Líon na dtionscadal arna bhforbairt i gcomhar idir-réigiúnach agus arna gcur chun feidhme le héifeachtacht an bheartais chomhtháthaithe a atreisiú ||

[1]               Results of the public consultation on the conclusions of the fifth report on economic, social and territorial cohesion (Torthaí an chomhairliúcháin phoiblí ar na conclúidí maidir leis an gcúigiú tuarascáil faoin gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach), an Bhruiséil, Doiciméad Oibre Fhoireann an Choimisiúin SEC(2011) 590 leagan deireanach, 13.5.2011.

[2]               INTERREG III Community Initiative (2000-2006) Ex Post evaluation, de chuid Panteia and Partners, Bealtaine 2010.

[3]               Report on Objective 3: a challenge for territorial cooperation – the future agenda for cross-border, transnational and interregional cooperation (2010/2155(INI)) (Tuarascáil maidir le Cuspóir 3: dúshlán do chomhar críche – an clár amach anseo do chomhar trasteorann, trasnáisiúnta agus idir-réigiúnach (2010/2155(INI)), arna glacadh an 23 Meitheamh 2011.

[4]               Results of the public consultation on the conclusions of the fifth report on economic, social and territorial cohesion (Torthaí an chomhairliúcháin phoiblí ar na conclúidí maidir leis an gcúigiú tuarascáil faoin gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach), an Bhruiséil, Doiciméad Oibre Fhoireann an Choimisiúin SEC(2011) 590 leagan deireanach, 13.5.2011.

[5]               Aighneachtaí ó FR, HU, AT, MT, IT, ES, RO.

[6]               INTERREG III Community Initiative (2000-2006) Ex Post evaluation, de chuid Panteia and Partners, Bealtaine 2010, lch 3, 4.

[7]               INTERREG III Community Initiative (2000-2006) Ex Post evaluation, de chuid Panteia and Partners, Bealtaine 2010, lch 9.

[8]               High level Group reflecting on future cohesion policy ‑ report of fourth meeting – 25-26 March 2010 (Grúpa Ardleibhéil ag machnamh ar bheartas comhtháthaithe amach anseo – tuarascáil ón gceathrú cruinniú – 25-26 Márta 2010), lch. 2.

[9]               High level Group reflecting on future cohesion policy- report of Fifth meeting – 7-8 June 2010 (Grúpa Ardleibhéil ag machnamh ar bheartas comhtháthaithe amach anseo – tuarascáil ón gCúigiú cruinniú – 7-8 Meitheamh 2010), lch. 6.

[10]             Report on Objective 3: a challenge for territorial cooperation – the future agenda for cross-border, transnational and interregional cooperation (2010/2155(INI)) (Tuarascáil maidir le Cuspóir 3: dúshlán do chomhar críche – an clár amach anseo do chomhar trasteorann, trasnáisiúnta agus idir-réigiúnach (2010/2155(INI)), arna glacadh an 23 Meitheamh 2011.

[11]             An Teachtaireacht European Union Strategy for the Baltic Sea Region (Straitéis an Aontais Eorpaigh do Réigiún Mhuir Bhailt), COIM (2009) 248, 10.6.2009 agus an Teachtaireacht European Union Strategy for Danube Region (Straitéis an Aontais Eorpaigh do Réigiún na Danóibe), An Bhruiséil, 8.12.2010, COIM(2010) 715.

[12]             IO C , , lch. .

[13]             IO C , , lch. .

[14]             IO L , , lch. .

[15]             Féach leathanach yy den Iris Oifigiúil seo.

[16]             IO L 154, 21.6.2003, lch. 1.

[17]             IO L

[18]             IO L

[19]             Teachtaireacht ón gCoimisiún: Europe 2020 – A strategy for smart, sustainable and inclusive growth (An Eoraip 2020 – Straitéis maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach), leagan deireanach, 3.3.2010.

[20]             IO L 210, 31.7.2006, lch. 19.

[21]             IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.