Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle maidir le roinnt tíortha a eisiamh ó liosta na réigiún nó na stát a bhfuil caibidlíochtaí tugtha i gcrích acu /* COIM/2011/0598 leagan deireanach - 2011/0260 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN COMHTHÉACS AN TOGRA Tar éis phróiseas caibidlíochta na gComhaontuithe
um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch (EPA) leis na réigiúin ACC (Stáit san Afraic, i
Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin) a thosaigh in 2002 agus a tugadh i gcrích i
Nollaig 2007, tá roinnt tíortha ann nach ndearna na bearta is gá chun EPA
a dhaingniú ná nár thug caibidlíochtaí réigiúnacha cuimsitheacha i gcrích. Go háirithe, tá Poblacht na Burúine, Aontas
Oileáin Chomóra, Poblacht Ghána, Poblacht na Céinia, Poblacht na Namaibe,
Poblacht Ruanda, Poblacht Aontaithe na Tansáine, Poblacht Uganda, Poblacht na
Saimbia tar éis caibidlíochtaí a thabhairt i gcrích ach níor shínigh siad a
gComhaontuithe faoi seach. Tá Poblacht na Botsuáine, Poblacht Chamarún,
Poblacht an Chósta Eabhair, Poblacht Fhidsí, Poblacht Háítí, Ríocht Leosóta,
Poblacht Mhósaimbíc, Ríocht na Suasalainne, agus Poblacht na Siombáibe tar éis
síniú ach ní dhearna siad na bearta is gá chun a gComhaontuithe faoi seach a
dhaingniú. Dá bhrí sin, ní chomhlíonann na tíortha seo
coinníollacha an Rialacháin um Rochtain ar an Margadh maidir le cur i bhfeidhm
réamhtheachtach sealadach fabhar trádála a tugadh dóibh amhail ón 1 Eanáir 2008
in oirchill na bearta a dhéanamh chun EPA a dhaingniú. De réir na gcritéar atá
leagtha amach in Airteagal 2(3) de Rialachán
(CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle an 20 Nollaig 2007, ní
ceart na fabhair thrádála do na tíortha seo a choimeád níos a thuilleadh. Leis
an togra a ghabhann leis seo beartaítear an liosta tíortha a bhaineann tairbhe
as na fabhair (Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán
(CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle) a leasú trí na tíortha a bhaint
nach bhfuil na bearta chun EPA a dhaingniú déanta acu go fóill. Leanfaidh an Coimisiún de bheith ag obair chun a
áirithiú go mbeidh na tíortha seo ina bpáirtithe conarthacha d'EPA, agus
bainfidh sé úsáid iomlán as an mborradh a tháinig le déanaí ar na
caibidlíochtaí éagsúla chun córas trádála fadtéarmach inbhuanaithe a chruthú
leis na comhpháirtithe seo i gcomhréir leis na treoracha maidir le caibidlíocht
an EPA agus na tosaíochtaí atá leagtha amach i gComhaontú Cotonou. Tá an Coimisiún tar éis a chur i bhfios don
Chomhairle, do Pharlaimint na hEorpa, do ghrúpa na Stát ACC agus don tsochaí
shibhialta nach bhfuil an staid reatha inbhuanaithe, mar go dtugtar rochtain
fós ar an margadh saor ó dhleacht agus saor ó chuóta do thíortha is tairbhithe
nach bhfuil na bearta á ndéanamh acu is gá chun na comhaontuithe ar a bhfuil an
rochtain seo bunaithe a dhaingniú, rud a fhágann go gcuirtear deireadh leis an
mbonn cirt chun é a chur i bhfeidhm go sealadach réamhtheachtach. Dá mba rud é go ndéanfadh na tíortha a
bhaintear d'Iarscríbhinn I na bearta is gá chun EPA a dhaingniú, leanfaidís
siad de thairbhe a bhaint as na fabhair thrádála faoi seach agus d'fhéadfaí iad
a ath‑fhorchur san Iarscríbhinn chomh luath agus is féidir chun go
leanfaidís de rochtain a bheith acu ar an margadh. Chun na críche sin ba cheart
a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i
gcomhréir le hAirteagal 290 den CFAE chun Iarscríbhinn I a leasú chun
na tíortha sin a athshuíomh/a chur ar ais ann. 2011/0260 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Iarscríbhinn I a
ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle maidir le roinnt
tíortha a eisiamh ó liosta na réigiún nó na stát a bhfuil caibidlíochtaí tugtha
i gcrích acu TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí Náisiúnta, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis
an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Rinneadh caibidlíocht ar na
Comhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch ('na Comhaontuithe') a thabhairt
i gcrích idir:
Stáit CARIFORUM de pháirt amháin agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit
den pháirt eile, an 16 Nollaig 2007;
An Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit de pháirt amháin agus Páirtí na
hAfraice Láir, den pháirt eile, an 17 Nollaig 2007 (Poblacht
Chamarún);
Gána de pháirt amháin agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit den pháirt
eile, an 13 Nollaig 2007;
An Cósta Eabhair de pháirt amháin agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit
den pháirt eile, an 7 Nollaig 2007;
Stáit Oirthear agus Dheisceart na hAfraice de pháirt amháin agus an Comhphobal
Eorpach agus a Bhallstáit den pháirt eile, an 28 Samhain 2007
(Poblacht na Séiséal agus Poblacht na Siombáibe), an 4 Nollaig 2007
(Poblacht Oileán Mhuirís), an 11 Nollaig 2007 (Aontas Oileáin Chomóra
agus Poblacht Mhadagascar) agus an 30 Meán Fómhair 2008 (Poblacht na
Saimbia);
Na stáit sa Chomhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch le
Comhphobal Forbartha Dheisceart na hAfraice (SADC EPA) de pháirt amháin agus an
Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit de pháirt eile, an
23 Samhain 2007 (Poblacht na Botsuáine, Ríocht Leosóta, Ríocht na
Suasalainne, Poblacht Mhósaimbíc) agus an 3 Nollaig 2007 (Poblacht na
Namaibe);
Na Stáit is Comhpháirtithe ó Chomhphobal Oirthear na hAfraice de pháirt amháin
agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit den pháirt eile, an
27 Samhain 2007;
Stáit an Aigéin Chiúin de pháirt amháin agus an Comhphobal Eorpach, den pháirt
eile, an 23 Nollaig 2007. (2) I ngeall ar chaibidlíocht a
bheith tugtha i gcrích maidir le Comhaontuithe ag na tíortha seo a leanas:
Antigua agus Barbúda, Comhlathas na mBahámaí, Barbadós, an Bheilís, Poblacht na
Botsuáine, Poblacht na Burúine, Poblacht Chamarún, Aontas Oileáin Chomóra,
Poblacht an Chósta Eabhair, Comhlathas Dhoiminice, Poblacht Fhidsí, Poblacht
Ghána, Greanáda, Comharphoblacht na Guáine, Poblacht Háítí, Iamáice, Poblacht
na Céinia, Ríocht Leosóta, Poblacht Mhadagascar, Poblacht Oileán Mhuirís,
Poblacht Mhósaimbíc, Poblacht na Namaibe, Stát Neamhspleách Nua‑Ghuine
Phapua, Poblacht Ruanda, Cónaidhm San Críostóir‑Nimheas, Saint Lucia, San
Uinseann agus na Greanáidíní, Poblacht na Séiséal, Poblacht Shuranam, Ríocht na
Suasalainne, Poblacht Aontaithe na Tansáine, Poblacht Oileán na Tríonóide agus
Tobága, Poblacht Uganda, Poblacht na Saimbia[1] agus Poblacht na
Siombáibe, ceadaíodh iad a áireamh in Iarscríbhinn I de Rialachán
(CE) Uimh. 1528/2007 ón gComhairle, an 20 Nollaig 2007 lena
gcuirtear chun feidhme na socruithe maidir le táirgí de thionscnamh Stát
áirithe is cuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan
Ciúin (ACC) dá bhforáiltear i gcomhaontuithe lena mbunaítear Comhaontuithe um
Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch, nó as ar tháinig bunú na gComhaontuithe sin[2]. (3) Maidir
le Poblacht na Botsuáine, Poblacht na Burúine, Poblacht Chamarún, Aontas
Oileáin Chomóra, Poblacht an Chósta Eabhair, Poblacht Fhidsí, Poblacht Ghána,
Poblacht Háítí, Poblacht na Céinia, Ríocht Leosóta, Poblacht Mhósaimbíc,
Poblacht na Namaibe, Poblacht Ruanda, Ríocht na Suasalainne, Poblacht Aontaithe
na Tansáine, Poblacht Uganda, Poblacht na Saimbia agus Poblacht na Siombáibe,
ní dhearna siad na bearta is gá chun a gComhaontuithe faoi seach a dhaingniú. (4) Dá
thoradh sin, i bhfianaise Airteagal 2(3) de Rialachán
(CE) Uimh. 1528/2007, agus go háirithe pointe (b) de, ba cheart Iarscríbhinn I
a ghabhann leis an Rialachán sin a leasú chun na tíortha sin a bhaint. (5) Chun a
áirithiú gur féidir comhpháirtithe a athshuíomh go tapa in Iarscríbhinn I
a ghabhann leis an Rialachán sin chomh luath agus atá na bearta is gá chun a
gComhaontuithe faoi seach a dhaingniú déanta acu, agus ar feitheamh ar a
dteacht i bhfeidhm, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i
gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
a tharmligean chuig an gCoimisiún Eorpach i ndáil le tíortha a baineadh d'Iarscríbhinn I
a athshuíomh tríd an Rialachán seo. Tá sé an‑tábhachtach go ndéanfaidh an
Coimisiún Eorpach comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid réamhoibre, lena n‑áirítear
ar leibhéal na saineolaithe. Agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus
á dtarraingt suas aige, ba cheart don Choimisiún Eorpach a áirithiú go ndéanfar
na doiciméid ábhartha a tharchur go comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí
chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: Airteagal 1 Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007
mar seo a leanas: (1) Cuirtear isteach an tAirteagal 2a
agus an tAirteagal 2b seo a leanas: 'Airteagal 2a Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 2b chun Iarscríbhinn I
a leasú trí na réigiúin nó na stáit sin ó Ghrúpa na Stát ACC a baineadh den
Iarscríbhinn sin de bhua [Rialacháin (AE) Uimh. …/…[3]]
agus a bhfuil na bearta is gá chun a gComhaontuithe faoi seach a dhaingniú
déanta acu tar éis a mbaint d'Iarscríbhinn I, a athshuíomh. Airteagal 2b An
tarmligean a fheidhmiú 1. Is faoi réir na gcoinníollacha
atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 2. Is go ceann tréimhse éiginnte
ama ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo a thabharfar tarmligean na cumhachta
dá dtagraítear in Airteagal 2a don Choimisiún. 3. Féadfaidh Parlaimint na
hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 2a
a chúlghairm tráth ar bith. Nuair a dhéantar cinneadh cúlghairm a dhéanamh,
cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí atá sonraithe sa chinneadh sin.
Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil
an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna shonrú sa chinneadh. Ní
dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm
cheana féin. 4. A luaithe a ghlacfaidh sé
gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 5. Ní thiocfaidh gníomh
tarmligthe a ghlacfar de bhun Airteagal 2a i bhfeidhm ach amháin i gcás
nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de
thréimhse 2 mhí ó fhógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don
Chomhairle maidir leis an ngníomh sin nó i gcás, roimh dhul in éag na tréimhse
sin, ina gcuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon in iúl don
Choimisiún nach gcuirfidh siad i gcoinne an ghnímh. Cuirfear 2 mhí leis an
tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle'. (2) Cuirtear an téacs a leagtar amach san
Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I. Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá
tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2014
ar aghaidh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal
go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An tUachtarán An
tUachtarán IARSCRÍBHINN 'IARSCRÍBHINN I Liosta réigiún nó stát a bhfuil caibidlíocht
tugtha i gcrích acu de réir bhrí Airteagal 2(2): ANTIGUA AGUS BARBÚDA COMHLATHAS NA mBAHÁMAÍ BARBADÓS AN BHEILÍS COMHLATHAS DHOIMINICE AN PHOBLACHT DHOIMINICEACH GREANÁDA COMHARPHOBLACHT NA GUÁINE IAMÁICE POBLACHT MHADAGASCAR POBLACHT OILEÁN MHUIRÍS STÁT NEAMHSPLEÁCH NUA‑GHUINE PHAPUA CÓNAIDHM SAN CRÍOSTÓIR‑NIMHEAS SAINT LUCIA SAN UINSEANN AGUS NA GREANÁIDÍNÍ POBLACHT NA SÉISÉAL POBLACHT SHURANAM POBLACHT OILEÁN NA TRÍONÓIDE AGUS TOBÁGA' RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE
hAGHAIDH TOGRAÍ A BHFUIL TIONCHAR BUISÉADACH ACU ATÁ TEORANTA GO hEISIACH DON
IONCAM 1. AINM AN TOGRA: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle lena leasaítear Iarscríbhinn I de Rialachán (CE)
Uimh. 1528/2007 ón gComhairle maidir le roinnt tíortha a eisiamh ó liosta
na réigiún nó na stát a bhfuil caibidlíochtaí tugtha i gcrích acu. 2. NA LÍNTE BUISÉID: Caibidil agus Airteagal: Caibidil 12, Airteagal 120 (dleachtanna custaim) An méid arna bhuiséadú
don bhliain 2011: EUR 16 653 700 000 3. TIONCHAR AIRGEADAIS x Níl aon tionchar airgeadais ag an togra ar chaiteachas ach tá
tionchar airgeadais aige ar ioncam – mar seo a leanas a bheidh an éifeacht: EUR milliún (go dtí an 1ú deachúil) Líne buiséid || Ioncam[4] || Tréimhse 1 bhliain dar tús 01/01/2014 || 2014 Airteagal 120 || Acmhainní dílse –dleachtanna custaim || || + 381.6 Staid tar éis na gníomhaíochta || 2015 || 2016 || || || Airteagal 120 || + 381.6 || + 381.6 || || || || || || || || 4. BEARTA FRITH‑CHALAOISE Ní leasaítear leis an togra reatha ach amháin
liosta na dtairbhithe i Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 agus ní
bhaineann sé le bearta an Rialacháin maidir leis an gcomhrac in aghaidh
calaoise. 5. BARÚLACHA EILE I Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007
tugadh rochtain saor ó dhleacht, saor ó chuóta do roinnt tíortha ar mhargadh an
AE faoi choinníollacha áirithe. Leis an togra reatha leasaítear liosta na
dtairbhithe (Iarscríbhinn I) atá sa Rialachán sin. Má
bhaintear tír de liosta na dtairbhithe, onnmhaireoidh sí earraí chuig an AE
faoi chóras trádála eile nach bhfuil chomh fabhrach nóar a mhéid nach bhfuil
ach cothrom leis an gcóras arna thairiscint faoin Rialachán, rud a chiallaíonn
go mbaileofar níos mó dleachtanna custaim thar ceann an AE. Agus an tionchar ar bhuiséad an AE á ríomh
glactar leis an staid arna cruthú le Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007
mar status quo (rochtain saor ó dhleacht, saor ó chuóta ar mhargadh an
AE, dleachtanna ar bith á n‑íoc). Ansin, i gcás gach tíre lena mbaineann,
déantar comparáid idir an status quo agus na dleachtanna a íocfaidh gach
tír faoi chóras trádála malartach, chomh luath agus a bhainfear í de liosta na
dtairbhithe, atá mar seo a leanas: ·
i gcás na dtíortha is lú forbairt (LDCanna): Socrú Gach Ní seachas Airm (EBA), lena dtairgtear rochtain saor ó
dhleacht, saor ó chuóta ar mhargadh an AE (dleachtanna ar bith á n‑íoc); ·
tíortha ard‑mheánioncaim (UMICanna): cóir na náisiún barrfhabhair (NBF) (dleachtanna á n‑íoc de réir
sceideal taraife ginearálta an AE)
[5]; ·
i gcás tíortha eile i mbéal forbartha (DCanna): Córas na bhFabhar Ginearálaithe (GSP) lena gcuirtear taraifí ar
fionraí nó lena laghdaítear iad (roinnt dleachtanna á n‑íoc, roinnt á n‑íoc
ar ráta laghdaithe). Tabhair faoi deara go mbraithfidh tionchar
críochnaitheach bhuiséad an AE ar an méid tíortha a bhainfear de liosta na
dtairbhithe. Leis an leasú reatha beartaítear 18 dtír a bhaint d'Iarscríbhinn I,
nach dtairbheoidh 9 dtír díobh den scéim EBA agus bheadh a n‑onnmhairí
chuig an AE faoi réir dleachta dá bhrí sin. Mar sin féin, má chomhlíonann siad
coinníollacha áirithe sula dtagann an leasú i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2014,
leanfaidh siad de thairbhe a bhaint as na fabhair trádála reatha. I ndáil leis
seo, is uasmhéid atá san fhigiúr a thugtar, mar glacann sé leis go mbainfear
gach ceann de na 9 dtír lena mbaineann den liosta: ar ndóigh, má leanann
tír de thairbhiú den Rialachán, ní fhabhróidh na dleachtanna custaim chuig
buiséad an AE agus beidh an figiúr níos ísle. I dTábla 1 tugtar miondealú de thionchar
buiséadach in aghaidh gach tíre lena mbaineann. Tá an ríomh bunaithe ar an
mbliain 2009 agus glacann sé leis go bhfanann sreabhanna trádála tairiseach. Is
léiriú ar stádas na tíre é méid na n‑allmhairí indleachta, i.e. an córas
trádála is infheidhme in éagmais na bhfabhar dá bhforáiltear le Rialachán
(CE) Uimh. 1528/2007. Déantar na dleachtanna custaim atá le fabhrú
chuig buiséad an AE a ríomh trí mhéid na n‑allmhairí indleachta (colún 4)
a iolrú faoin gcorrlach fabhrach (arb ionann é agus an difríocht idir na rátaí
dleachta is infheidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 1528/2007 agus an
córas trádála malartach, colún 5). Déanann an glanmhéid dleachtanna iomlán atá
le fabhrú chuig buiséad an AE an t‑olliomlán a laghdú faoi 25 % den
chostas bailiúcháin a choimeádann na Ballstáit. Tábla 1: Tionchar
buiséadach in aghaidh gach tíre a bhféadfadh an leasú a mholtar ar Rialachán
(CE) Uimh. 1528/2007 difear a dhéanamh di: 1 || 2 || 3 || 4 || 5 || 6 = 5*4 Tír || Stádas tíre || Allmhairí AE || Allmhairí indleachta || Rialachán Fabhracha 1528/2007 || Luach fabhracha (dleachtanna) || || 1000 EUR || 1000 EUR || % || 1000 EUR An Bhotsuáin || UMIC || 370.707 || 35.639 || 81,7 || 29.111 An Bhurúin || LDC || 39.000 || 0 || 0 || 0 Camarún || DC || 1.741.473 || 333.724 || 14,9 || 49.858 Oileáin Chomóra || LDC || 9.000 || 0 || 0 || 0 Fidsí || DC || 92.402 || 89.986 || 75,3 || 67.782 Gána || DC || 1.087.880 || 376.548 || 10,3 || 38.654 Háítí || LDC || 19.000 || 0 || 0 || 0 An Cósta Eabhair || DC || 3.051.022 || 1.029.512 || 10,3 || 105.662 an Chéinia || DC || 1.075.563 || 751.792 || 5,8 || 43.804 Leosóta || LDC || 101.000 || 0 || 0 || 0 Mósaimbíc || LDC || 679.000 || 0 || 0 || 0 an Namaib || UMIC || 585.765 || 298.663 || 19,5 || 58.156 Ruanda || LDC || 37.000 || 0 || 0 || 0 an tSuasalainn || DC || 130.656 || 125.764 || 52 || 65.427 an Tansáin || LDC || 348.000 || 0 || 0 || 0 Uganda || LDC || 371.000 || 0 || 0 || 0 An tSaimbia || LDC || 233.000 || 0 || 0 || 0 an tSiombáib || DC || 234.992 || 167.459 || 30,1 || 50.365 IOMLÁN || 508.819 IOMLÁN glan (tar éis costais bailiúcháin) || 381.614 Foinse: COMEXT (Eurostat), ríomhanna Ard‑Stiúrthóireacht
na Trádála [1] IO L 330, 9.12.2008,
lch. 1. [2] IO L 348, 31.12.2007, lch. 1. [3] IO L…,……,lch. [4] A fhad a bhaineann le hacmhainní traidisiúnta dílse
(dleachtanna talmhaíochta, tobhaigh siúcra, dleachtanna custaim), ní mór na
méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána tar
éis 25 % de chostais bhailiúcháin a bhaint astu. De réir an Chinnidh
reatha maidir le hAcmhainní Dílse (Cinneadh (CE, Euratom) Uimh. 436/2007
ón gComhairle an 7 Meitheamh 2007 maidir le córas acmhainní dílse na gComhphobal Eorpach (IO
L 163, 23.6.2007, lgh. 17‑21). D'fhéadfadh
sé go mbeadh sé sin faoi réir athrú le teacht i bhfeidhm Cinnidh nua maidir le
hAcmhainní Dílse. [5] Ag glacadh leis go nglacfar le leasú an GSP (Togra le
haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear i
bhfeidhm scéim um fhabhair taraife ginearálaithe).