52011PC0525

/* COIM/2011/0525 leagan deireanach - 2011/0229 (COD) */ Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 maidir le sainaithint leictreonach bó-ainmhithe agus lena scriostar na forálacha maidir le lipéadú deonach mairteola


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Le Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 an 17 Iúil 2000 ag bunú córais chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú[1], déantar foráil go mbunóidh gach Ballstát córas chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú i gcomhréir le forálacha an Rialacháin sin. Tugadh isteach rialacha an Aontais maidir le sainaithint agus inrianaitheacht bó-ainmhithe cheana féin sa bhliain 1997 de bharr na géarchéime d'einceifileapaite spúinseach bhólachta (ESB). Le Rialachán (CE) Uimh. 820/97 ón gComhairle bunaíodh córas inrianaitheachta aonair bó-ainmhithe trí shainaithint aonair ainmhithe a bhfuil dhá chlib chluaise orthu, trí chlár gabháltais a bheith ar gach gabháltas (e.g. feirm, margadh, seamlas), trí phas aonair a bheith ag gach ainmhí ina bhfuil sonraí ar na gluaiseachtaí ar fad agus a dtuairiscítear na gluaiseachtaí ar fad do bhunachar sonraí ríomhairithe ar féidir ainmhithe a rianú go tapa ann agus ónar féidir cohóirt a shainaithint i gcás galair. Cloíodh leis na prionsabail sin níos déanaí i Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba é an sprioc a bhí leis go mbeadh muinín arís ag tomhaltóirí as mairteoil agus as táirgí mairteola trí thrédhearcacht agus inrianaitheacht iomlán bó-ainmhithe agus táirgí mairteola a áirithiú agus freisin go bhféadfaí ainmhithe a spriocaimsiú agus a rianú chun críocha tréidliachta, rud a bhfuil an-tábhacht ag baint leis chun galair thógálacha a rialú. D'fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach, is féidir glacadh leis anois gur éirigh leis an gcóras (tá ESB faoi smacht san AE agus tá muinín ag tomhaltóirí arís as na táirgí[2]), rud a léiríonn cé chomh héifeachtach agus cé chomh héifeachtúil a bhí sé chun faisnéis thábhachtach a sholáthar lena áirithiú go bhféadfaí galair thógálacha a rialú (e.g. galar crúb is béil, galar gormtheanga) agus inrianaitheacht mairteola a áirithiú.

Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa (COIM(2009) 544) maidir le "Clár Gníomhaíochta chun ualaí riaracháin a laghdú san AE"[3] rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 (ag bunú córais chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú – lena n-áirítear lipéadú deonach – agus ina n-áirítear "clib chluaise dhúbailte", "clár gabháltais", "pas bó-ainmhithe" agus "bunachar sonraí ríomhairithe") a liostú i measc " oibleagáidí faisnéise a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo maidir leis na hualaí a chuireann siad ar ghnólachtaí ".

Is éard a fhoráiltear leis an bPlean Gníomhaíochta maidir le Straitéis nua AE um Shláinte Ainmhithe[4], go simpleoidh an Coimisiún na hoibleagáidí faisnéise (e.g. cláir ghabháltais, pasanna) le linn dó sainaithint leictreonach bó-ainmhithe (EID) a thabhairt isteach. Tá togra le haghaidh Rialacháin tríd an ngnáthnós imeachta reachtach curtha in áirithe i bpleanáil Chlár Oibre an Choimisiúin don chéad seimeastar de 2011.

Nuair a glacadh na rialacha reatha maidir le sainaithint bó-ainmhithe in 1997, áfach, ní raibh dóthain forbartha déanta fós ar EID ón taobh teicniúil de le go bhféadfaí é a chur i bhfeidhm maidir le bó-ainmhithe an tráth sin. Tá forbairt mhór déanta ar EID bunaithe ar shainaithint radaimhinicíochta (RFID) le deich mbliana anuas agus is féidir cóid aitheantais ainmhithe aonair a léamh níos tapa agus níos beaichte i gcórais phróiseála sonraí, rud a laghdaíonn na costais saothair i gcás léamh de láimh ach a mhéadaíonn na costais trealaimh ag an am céanna. De bharr an mhéid sin, níl an reachtaíocht atá ann faoi láthair maidir le sainaithint bó-ainmhithe chun dáta leis na forbairtí teicneolaíochta sin a rinneadh le cúpla bliain anuas. D'fhéadfaí an t-ualach riaracháin agus páipéarachais a laghdú ach aitheantóirí leictreonacha a úsáid, i gcásanna ina gcoimeádtar an clár gabháltais ar mheán ríomhairithe (an cás is minice i bhfeirmeacha anois) trí léamh uathoibríoch agus iontráil uathoibríoch a dhéanamh sa chlár. Ina theannta sin, trí chóras níos tapa agus níos iontaofa a úsáid, féadfar, i measc rudaí eile, beachtas léite níos tapa agus níos fearr a fháil ná leis na gnáthchlibeanna cluaise, rud a éascóidh an próiseas chun gluaiseachtaí ainmhithe a thuairisciú don bhunachar lárnach, agus féadfar inrianaitheacht níos fearr agus níos tapa a dhéanamh ar ainmhithe agus/nó ar bhia atá ionfhabhtaithe dá bhrí sin.

I bhfianaise an dul chun cinn theicneolaíoch atá déanta in EID, chinn roinnt Ballstát san AE EID le haghaidh bó-ainmhithe a chur chun feidhme ar bhonn deonach. Is léir ó thaithí lasmuigh den AE freisin go bhfuil EID le haghaidh bó-ainmhithe in úsáid níos minice anois. Lena chois sin, tá EID tugtha isteach cheana san AE i gcás roinnt speiceas ainmhithe (ar bhonn éigeantach atá a bhformhór).

Faoin gcreat dlíthiúil atá ann faoi láthair, ní chuirtear bac ar na Ballstáit aitheantóirí leictreonacha a úsáid ar bhonn deonach, ach ní foláir na gnáthchlibeanna cluaise sofheicthe oifigiúla a úsáid ina dteannta. Ós rud é nach bhfuil caighdeáin theicniúla chomhchuibhithe bunaithe ag an Aontas Eorpach, d'fhéadfaí cineálacha éagsúla aitheantóirí agus léitheoirí leictreonacha a bhfuil minicíochtaí éagsúla RFID acu a úsáid in áiteanna éagsúla. D'fhéadfadh gach Ballstát, dá bhrí sin, na caighdeáin atá uaidh a roghnú agus is dócha gur easpa comhchuibhithe a bheadh de thoradh an chur chuige sin, rud a chuirfeadh malartú leictreonach sonraí i mbaol agus chaillfí na sochair a bhaineann le córais EID.

Maidir le mairteoil a lipéadú ar bhonn deonach, is gá an t-ualach iomarcach riaracháin a bhaineann leis an gcóras deonach atá ann faoi láthair a laghdú. Le Rialachán (CE) Uimh. 820/97 bunaíodh córas chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú, agus neartaíodh an méid sin le Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000. Baineann sé sin le tásc éigeantach ar ionad tionscnaimh na bólachta (a rugadh/a ramhraíodh/a maraíodh) as a dtionscnaíonn an mhairteoil (níl aon fhorálacha nua sa togra seo a bhaineann le ceanglais éigeantacha chun mairteoil a lipéadú), tagairtí éigeantacha do chóduimhir aitheantais an ainmhí mharaithe, agus na gnóthais inar próiseáladh an fheoil (seamlas agus monarcha spólta feola) agus nós imeachta foirmiúil formheasa de chuid an Choimisiúin lena n-áirítear ceanglas fógartha i gcás aon faisnéise breise lipéadaithe seachas na ceanglais éigeantacha . Chuir an Coimisiún tuarascáil chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa cheana féin in 2004, tuarascáil ar an gcuid sin de Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000[5] a bhain le mairteoil a lipéadú agus inar tugadh easpaí sa scéim um lipéadú deonach mairteola chun suntais. Ba iad na heaspaí sin nach bhfuil an córas á chur i bhfeidhm ar shlí aonfhoirmeach sna Ballstáit ar fad ( e.g. tá difríocht mhór ann idir na cleachtais riaracháin sna Ballstáit éagsúla ) agus go mbeadh na tásca ar fad ar an lipéad (lena n-áirítear na tásca sin nach mbaineann le hionad tionscnaimh, le hinrianaitheacht ná le saintréithe cáilíochta na feola) faoi réir nós imeachta formheasa foirmiúil a dhéanfadh an t-údarás inniúil. Sa Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin a bhain le Simpliú an Chomhbheartais Talmhaíochta[6], tugadh suntas don mholadh a rinne "Grúpa Ardleibhéil na nGeallsealbhóirí Neamhspleácha ar Ualaí Riaracháin" (Grúpa Stoiber). Mhol Grúpa Stoiber an ceanglas fógartha maidir le tásca breise deonacha ar lipéid seachas na tásca sin atá éigeantach maidir le mairteoil[7] a aisghairm.

Cuirtear san áireamh sa togra na torthaí a bhí ar na comhairliúcháin a eagraíodh le páirtithe leasmhara agus an toradh a bhí ar an measúnú tionchair. Is í an chonclúid a bhí ar an measúnú tionchair go bhféadfadh am a bheith ag gníomhaithe eolas a chur ar an gcóras EID agus an breisluach a chruthódh sé i gcásanna áirithe a aithint, ach EID le haghaidh bó-ainmhithe a thabhairt isteach ar bhonn deonach mar uirlis do shainaitheantas oifigiúil. Tugtar tosaíocht don rogha sin ós rud é go bhfágann sé ag Ballstáit an AE agus ag na gníomhaithe príobháideacha ar fad a bheadh rannpháirteach ann iad féin a eagrú, le go bhféadfaidh siad na sochair a mheas maidir le difríochtaí réigiúnacha, cineálacha difriúla táirgthe agus tá an rogha sin sách solúbtha chun tacaíocht a fháil ó údaráis agus ó gheallsealbhóirí, rud a rachaidh chun sochair d'fhorfheidhmiú na rialacha. Is éard a chiallaíonn sé EID a thabhairt isteach ar bhonn deonach gur daoine a choinníonn ainmhithe agus a mbeadh sochair acu láithreach maidir le bainistiú feirmeoireachta a roghnódh EID. Dhéanfadh gach oibreoir eacnamaíoch an cinneadh sin ina aonar agus ar chúiseanna eacnamaíocha ( faoi thionchar an mhargaidh ). Faoin gcóras deonach, d'fhéadfaí bó-ainmhithe a shainaithint le dhá ghnáthchlib chluaise (an córas reatha), nó le gnáthchlib chluaise shofheicthe amháin agus aitheantóir leictreonach amháin (i.e. clib chluaise leictreonach nó bólas) a chomhlíonfadh caighdeáin chomhchuibhithe an AE a bheadh formheasta go hoifigiúil. Dá dtabharfaí isteach an tsainaithint leictreonach ar bhonn deonach mar atá molta sa togra, thabharfaí an rogha do Bhallstáit an AE freisin córas éigeantach a roghnú ar a gcríoch náisiúnta. I gcás ina roghnódh an Ballstát córas éigeantach, dhéanfaí gach bó-ainmhí a shainaithint le gnáthchlib chluaise shofheicthe amháin agus aitheantóir leictreonach amháin. B'fhéidir nach córas éigeantach ar leibhéal AE an cur chuige is fearr faoi láthair ós rud é go mbeadh roinnt geallsealbhóirí (e.g. feirmeoirí beaga) faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch. Mar sin féin, mura gcuirtear an costas san áireamh, is í an rogha is éifeachtúla a bheadh inti maidir le cosaint tomhaltóirí (inrianaitheacht), le laghdú ar an ualach riaracháin, agus le rioscaí a sheachaint a bhaineann le dhá chóras sainaitheantais a bheith i bhfeidhm ag an am céanna. Maidir leis an mbeartas a chomhchuibhiú le beartais an AE a bhaineann le EID i speicis eile ainmhithe (e.g. caoirigh), bheadh údar ann, i bpáirt, an rogha sin a ghlacadh.

I bhfianaise an mhéid sin, ós rud é go bhféadfadh cur chun feidhme éigeantach EID dochar eacnamaíoch a dhéanamh do roinnt oibreoirí eacnamaíocha, is í rogha na tosaíochta EID a thabhairt isteach mar chóras deonach i gcásanna ina meastar gur modh sainaitheantais barántúil é EID a bheadh inghlactha agus oiriúnach do bhó-ainmhithe, agus bheadh an deis ag na Ballstáit córas éigeantach a thabhairt isteach ar leibhéal náisiúnta.

Ina theannta sin, is gá freisin Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 a ailíniú i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Ó tháinig an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) i bhfeidhm, tá athruithe suntasacha déanta ar an gcreat faoina nglactar gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme. Maidir le gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, déantar idirdhealú soiléir in CFAE idir an dá mhodh glactha sin.

- Foráiltear le hAirteagal 290 den CFAE a bhaineann le gníomhartha tarmligthe go mbeidh rialú ag an reachtóir nó ag na reachtóirí ar fheidhmiú chumhachtaí an Choimisiúin trí cheart cúlghairme agus/nó agóide a bheith acu.

- Foráiltear le hAirteagal 291 den CFAE a bhaineann le gníomhartha cur chun feidhme go mbeidh rialú ag na Ballstáit ar chumhachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin. Tá creat dlíthiúil lena mbunaítear na sásraí a bhaineann le rialú den sórt sin leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[8].

Maidir le Rialachán (CE) Uimh. 182/2011 a ghlacadh, rinne an Coimisiún an ráiteas seo a leanas:

"Tabharfaidh an Coimisiún faoi scrúdú ar na gníomhartha reachtacha uile atá i bhfeidhm agus nár oiriúnaíodh don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú roimh do Chonradh Liospóin teacht i bhfeidhm, ionas a mheasúnú ar gá na hionstraimí sin a oiriúnú do chóras na ngníomhartha tarmligthe a tugadh isteach le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Cuirfidh an Coimisiún na tograí is iomchuí ar aghaidh chomh luath agus is féidir agus tráth nach déanaí ná na dátaí a luaitear san fhéilire táscach atá san iarscríbhinn a ghabhann leis an ráiteas seo."[9]

Tá Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ar cheann de na gníomhartha reachtacha nár oiriúnaíodh go dtí seo don nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus is gá é a ailíniú, dá bhrí sin, leis an gcreat dlíthiúil nua faoina nglactar gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme.

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000, dá bhrí sin, agus é a leasú dá réir maidir leis an ualach riaracháin a shimpliú agus a laghdú agus le forálacha nua a thabhairt isteach maidir le sainaithint bó-ainmhithe agus lipéadú deonach mairteola.

Níl aon impleachtaí airgeadais do bhuiséad an Aontais Eorpaigh ag an dréacht-togra seo le haghaidh Rialacháin ón bParlaimint agus ón gComhairle.

2011/0229 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 maidir le sainaithint leictreonach bó-ainmhithe agus lena scriostar na forálacha maidir le lipéadú deonach mairteola

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) agus Airteagal 168(4)(b) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[10],

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[11],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[12],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

1. Sa bhliain 1997, rinneadh rialacha an Aontais maidir le sainaithint agus inrianaitheacht bó-ainmhithe a threisiú i bhfianaise na heipidéime d'einceifileapaite spúinseach bhólachta (ESB) agus an gá méadaithe a bhí ann dá thoradh sin gluaiseacht agus ionad tionscnaimh an ainmhí a rianú le "gnáthchlib chluaise".

2. Le Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 ag bunú córais chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú[13], déantar foráil go mbunóidh gach Ballstát córas chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú i gcomhréir le forálacha an Rialacháin sin.

3. Bunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 córas chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú, córas ina gcuimsítear clibeanna cluaise a chuirtear ar dhá chluais gach ainmhí, bunachair shonraí ríomhairithe, pasanna ainmhí agus cláir aonair a choimeádtar ar gach gabháltas faoi seach.

4. Is réamhriachtanas a bhaineann leis an lipéadú de réir ionaid tionscnaimh go ndéantar an mhairteoil a rianú siar go dtí an fhoinse trí shainaithint agus trí chlárú feadh an tslabhra bia agus áirithíonn sé sin cosaint don tomhaltóir agus sláinte phoiblí.

5. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le "Clár Gníomhaíochta chun ualaí riaracháin a laghdú san AE"[14], rinneadh Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 agus, níos tábhachtaí fós, sainaithint bó-ainmhithe agus lipéadú deonach mairteola a liostú i measc "oibleagáidí faisnéise a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo maidir leis na hualaí a chuireann siad ar ghnólachtaí".

6. Dá n-úsáidfí córais um shainaithint leictreonach d'fhéadfaí na próisis inrianaitheachta a shruthlíniú trí léamh agus taifeadadh uathoibrithe níos beaichte a dhéanamh i gclár an ghabháltais. D'éascódh sé freisin taifeadadh uathoibrithe ar ghluaiseachtaí ainmhithe a dhéanamh sa bhunachar sonraí ríomhairithe agus d'fheabhsófaí luas, iontaofacht agus cruinneas an chórais dá bhrí sin.

7. Tá feabhas mór tagtha le deich mbliana anuas ar chórais um shainaithint leictreonach a úsáideann sainaithint radaimhinicíochta. Leis an teicneolaíocht sin is féidir cóid aitheantais ainmhithe aonair a léamh níos tapa agus níos beaichte i gcórais phróiseála sonraí, rud a laghdaíonn an méid ama is gá chun ainmhithe nó bia a d'fhéadfadh a bheith ionfhabhtaithe a rianú, agus a laghdaíonn na costais saothair ach a mhéadaíonn na costais trealaimh ag an am céanna.

8. Tá an Rialachán seo comhleanúnach le reachtaíocht eile lenar tugadh an tsainaithint leictreonach (EID) isteach san Aontas i gcás speiceas eile ainmhithe, seachas bó-ainmhithe, mar shampla an córas éigeantach a úsáidtear d'athchogantaigh bheaga.

9. I bhfianaise an dul chun cinn theicneolaíoch atá déanta in EID, chinn roinnt Ballstát EID le haghaidh bó-ainmhithe a chur chun feidhme ar bhonn deonach. Is dócha go dtiocfaidh córais éagsúla chun cinn as na tionscnaimh sin, córais a fhorbróidh Ballstáit aonair nó geallsealbhóirí. Chuirfeadh forbairt den sórt sin bac níos faide anall ar chomhchuibhiú caighdeán teicniúil laistigh den Aontas.

10. I dTuarascáil ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir leis na féidearthachtaí chun sainaithint leictreonach a thabhairt isteach le haghaidh bó-ainmhithe[15], tugadh le fios go bhfuil sé léirithe go bhfuil an tsainaithint radaimhinicíochta tagtha in inmhe a mhéid sin gur féidir í a úsáid sa chleachtas anois. Tugadh le fios sa tuarascáil freisin gur buntáisteach athrú go sainaithint leictreonach bó-ainmhithe san Aontas ós rud é go gcuideoidh sí, i measc rudaí eile, leis an ualach riaracháin a laghdú.

11. I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal "Plean Gníomhaíochta chun Straitéis an AE um Shláinte Ainmhithe a chur chun feidhme"[16], simpleoidh an Coimisiún na hoibleagáidí faisnéise, ar nós clár gabháltais agus pasanna, le linn EID a thabhairt isteach.

12. Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis um Shláinte Ainmhithe don Aontas Eorpach (2007-2013) ina luaitear "gur fearr cosc ná leigheas"[17], moltar EID le haghaidh bó-ainmhithe a mheas mar fheabhsú a d'fhéadfaí a dhéanamh ar chóras reatha an AE um shainaithint agus um chlárú chun oibleagáidí faisnéise a shimpliú (e.g. cláir ghabháltais, pasanna) agus áirítear ann tionscnamh chun malartán leictreonach pasanna bó-ainmhithe a chur chun feidhme. Chun an malartán sin a chur ar bun bheadh gá an tsainaithint leictreonach a chur i bhfeidhm agus sonraí a chlárú i bhfíor-am. Bheadh sé ina shábháil mhór costais agus iarrachta d'údaráis inniúla na mBallstát agus do gheallsealbhóirí eile agus laghdódh sé an t-ualach oibre a bhaineann le sonraí ó phasanna ainmhithe a iontráil i mbunachair shonraí ríomhairithe. Tá an Rialachán seo comhleanúnach leis an tionscnamh sin.

13. Tá súil go rannchuideoidh an Rialachán seo, dá bhrí sin, le roinnt príomhchuspóirí atá i mórstraitéisí AE, lena n-áirítear AE 2020, trí fhás eacnamaíoch, comhtháthú agus iomaíochas a fheabhsú.

14. Tá rialacha leagtha síos cheana ag roinnt tríú tíortha agus ceadaítear ardteicneolaíochtaí EID leis na rialacha sin. Ba cheart don Aontas rialacha cosúla a leagan síos chun an trádáil a éascú agus chun cur le hiomaíochas na hearnála.

15. Féadfar cineálacha éagsúla aitheantóirí leictreonacha, ar nós bólas cogansaí, clibeanna cluaise leictreonacha agus trasfhreagróirí in-insteallta a úsáid chun ainmhithe a shainaithint ina n-aonar sa bhreis ar na gnáthchlibeanna cluaise dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000. Is iomchuí, dá bhrí sin, cur leis an réimse de mhodhanna sainaitheantais dá bhforáiltear sa Rialachán sin le gur féidir sainaithint leictreonach a úsáid.

16. Má dhéantar EID éigeantach ar fud an Aontais d'fhéadfadh iarmhairtí dochracha eacnamaíocha a bheith ann d'oibreoirí eacnamaíocha áirithe. Is iomchuí, dá bhrí sin, go mbunófaí córas deonach chun EID a thabhairt isteach. Faoi chóras den sórt sin, is daoine a choinníonn ainmhithe agus a mbeadh sochair eacnamaíocha acu láithreach a roghnódh EID.

17. Ní ionann na córais saothraíochta, na cleachtais feirmeoireachta ná eagraíochtaí na hearnála sna Ballstáit éagsúla. Ba cheart an deis a bheith ag na Ballstáit, dá bhrí sin, gan EID a dhéanamh éigeantach ar a gcríoch ach amháin má mheasann siad gur iomchuí sin, tar éis na fachtóirí sin ar fad a mheas.

18. Ba cheart d'ainmhithe a thagann isteach san Aontas ó thríú tíortha a bheith faoi réir na gceanglas céanna aitheantais atá i bhfeidhm maidir le hainmhithe a bheirtear san Aontas.

19. Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 go n-eiseoidh an t-údarás inniúil pas do gach ainmhí is gá a shainaithint i gcomhréir leis an Rialachán sin. Cuireann sé sin ualach mór riaracháin ar na Ballstáit. Leis na bunachair shonraí ríomhairithe a chruthaíonn na Ballstáit, áirithítear go leormhaith inrianaitheacht gluaiseachtaí bó-ainmhithe laistigh de na Ballstáit. Níor cheart pasanna a eisiúint, dá bhrí sin, ach i gcás ainmhithe a bhfuil sé beartaithe go ndéanfar iad a thrádáil laistigh den Aontas. A luaithe a bheidh an malartú sonraí idir bunachair shonraí ríomhairithe náisiúnta i ngníomh, níor cheart go mbeadh feidhm a thuilleadh leis an gceanglas pasanna a eisiúint i gcás ainmhithe a bhfuil sé beartaithe go ndéanfar iad a thrádáil laistigh den Aontas.

20. Le Roinn II de Theideal II de Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000, leagtar síos rialacha maidir le córas chun mairteoil a lipéadú go deonach agus déantar foráil iontu maidir le sonraíochtaí áirithe lipéadaithe arna bhformheas ag údarás inniúil Ballstáit. Níl an t-ualach riaracháin ná na costais arna dtabhú ag na Ballstáit agus ag oibreoirí eacnamaíocha chun an córas seo a chur i bhfeidhm comhréireach leis na sochair a fhaightear ón gcóras. Ba cheart an Roinn sin a scriosadh dá bhrí sin.

21. Mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ní mór na cumhachtaí arna dtabhairt don Choimisiún le Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 a ailíniú le hAirteagal 290 agus le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (an Conradh).

22. D'fhonn a áirithiú go gcuirfear na rialacha is gá i bhfeidhm le go bhfeidhmeoidh sainaithint, clárú agus inrianaitheacht bó-ainmhithe agus mairteola go cuí, ba cheart an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh maidir leis an méid seo a leanas: na ceanglais a bhaineann le modhanna malartacha chun bó-ainmhithe a shainaithint, dálaí speisialta inar féidir leis na Ballstáit cur leis na huastréimhsí chun na modhanna sainaitheantais a chur i bhfeidhm, na sonraí a mhalartófar idir bunachair shonraí ríomhairithe na mBallstát, an uastréimhse a bhaineann le hoibleagáidí tuairiscithe áirithe, na ceanglais a bhaineann leis na modhanna sainaitheantais, an fhaisnéis a bheidh le háireamh sna pasanna agus sna cláir aonair a choimeádfar ar gach gabháltas, an leibhéal íosta de rialuithe oifigiúla, sainaithint agus clárú gluaiseachtaí bó-ainmhithe nuair a chuirtear ar buailteachas iad i gceantair sléibhe éagsúla, na rialacha a bhaineann le táirgí áirithe a lipéadú ar ceart dóibh a bheith i gcoibhéis leis na rialacha atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000, na sainmhínithe ar mhairteoil mhionaithe, ar fhuílleach mairteola nó ar mhairteoil spólta, na tásca sonracha is féidir a chur ar lipéid, na forálacha lipéadaithe a bhaineann le tásc an ionaid tionscnaimh a shimpliú, uasmhéid agus comhdhéanamh grúpaí áirithe ainmhithe, na nósanna imeachta formheasa a bhaineann le coinníollacha lipéadaithe ar phacáistíocht na feola spólta. Tá sé an-tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn na réamhoibre, comhairliúcháin le saineolaithe san áireamh.Ba cheart don Choimisiún, agus gníomhartha tarmligthe den sórt sin á n-ullmhú agus á ndréachtú aige, a áirithiú go dtarchuirtear na doiciméid ábhartha chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle go tráthúil, go hiomchuí agus go comhuaineach.

23. Ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún d'fhonn a áirithiú go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann chun an Rialachán seo a chur chun feidhme maidir leis an méid seo a leanas: clárú gabháltas atá ag úsáid modhanna malartacha sainaitheantais, saintréithe teicniúla agus módúlachtaí chun sonraí a mhalartú idir bunachair shonraí ríomhairithe na mBallstát, formáidiú agus dearadh na modhanna sainaitheantais, nósanna imeachta teicniúla agus caighdeáin theicniúla chun EID a chur chun feidhme, formáid na bpasanna agus an chláir a bheidh le coimeád ar gach gabháltas, rialacha maidir le módúlachtaí chun na smachtbhannaí a chuireann Ballstáit ar dhaoine a choinníonn ainmhithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 a chur i bhfeidhm. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[18].

24. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 mar seo a leanas:

(1) in Airteagal 1, scriostar an dara habairt de mhír 2.

(2) in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) den chéad mhír:

"(a) modhanna sainaitheantais chun ainmhithe a shainaithint ina n-aonar;"

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"Airteagal 4

Oibleagáid chun ainmhithe a shainaithint

1. Déanfar gach ainmhí ar ghabháltas a shainaithint ag úsáid dhá mhodh sainaitheantais aonair ar a laghad a bheidh údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 10 agus le hAirteagal 10a agus a bheidh formheasta ag an údarás inniúil.

Leithdháilfear na modhanna sainaitheantais ar an ngabháltas, agus dáilfear agus cuirfear i bhfeidhm iad maidir leis na hainmhithe ar shlí a bheidh cinnte ag an údarás inniúil.

Beidh an cód aitheantais uathúil céanna ar gach modh sainaitheantais a chuirfear i bhfeidhm maidir le hainmhí amháin, rud a chinnteoidh gur féidir an t-ainmhí a shainaithint ina aonar chomh maith leis an ngabháltas ar ar rugadh é.

2. Féadfaidh na Ballstáit forálacha náisiúnta a thabhairt isteach chun úsáid aitheantóra leictreonaigh a dhéanamh éigeantach mar cheann amháin den dá mhodh sainaitheantais dá bhforáiltear i mír 1.

Na Ballstáit sin a úsáidfidh an rogha seo, cuirfidh siad téacs forálacha náisiúnta den sórt sin ar fáil don Choimisiún.

3. De mhaolú ar mhír 1, féadfar bó-ainmhithe a bhfuil sé beartaithe go n-úsáidfear iad in imeachtaí cultúrtha agus spóirt seachas aontaí agus taispeántais a shainaithint trí mhodhanna malartacha sainaitheantais ina mbeidh caighdeáin sainaitheantais atá coibhéiseach leis na caighdeáin sin dá bhforáiltear sa mhír sin.

4. Déanfar gabháltais ina n-úsáidtear modhanna malartacha sainaitheantais a chlárú sa bhunachar sonraí ríomhairithe.

Úsáidfidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun rialacha a leagan síos maidir le clárú den sórt sin. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2).

5. Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22b maidir leis na ceanglais a bhaineann leis na modhanna malartacha sainaitheantais dá dtagraítear i mír 3, lena n-áirítear forálacha maidir leis na modhanna sin a bhaint nó a athsholáthar."

(4) Cuirtear isteach na hAirteagail 4a go 4d seo a leanas:

"Airteagal 4a

Tréimhse ama chun na modhanna sainaitheantais a chur i bhfeidhm

1. Cuirfear na modhanna sainaitheantais dá bhforáiltear in Airteagal 4(1) i bhfeidhm laistigh de thréimhse uasta ó bhreith an ainmhí, agus is é an Ballstát ina mbeirtear an t-ainmhí a chinnfidh an tréimhse sin. Ní mhairfidh sí níos faide ná:

(a) 20 lá don chéad mhodh sainaitheantais;

(b) 60 lá don dara modh sainaitheantais.

Ní fhéadfaidh ainmhí an gabháltas ar a mbeirtear é a fhágáil sula mbeidh an dá mhodh sainaitheantais curtha i bhfeidhm.

2. Faoi dhálaí speisialta féadfaidh Ballstáit síneadh a chur leis na huastréimhsí chun an modh sainaitheantais a chur i bhfeidhm go dtí tréimhse níos faide ná mar a fhoráiltear faoi mhír 1(a) agus (b). Cuirfidh na Ballstáit sin a úsáidfidh an rogha seo an Coimisiún ar an eolas faoin méid sin.

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22b chun na dálaí speisialta sin a chinneadh.

Airteagal 4b

Ainmhithe ó thríú tíortha a shainaithint

1. Aon ainmhí atá faoi réir seiceálacha tréidliachta a dhéantar ar ainmhithe a thagann isteach san Aontas ó thríú tír de bhun Threoir 91/496/CEE agus a bhfuil sé beartaithe iad a chur chuig gabháltas cinn scríbe atá ar chríoch an Aontais, déanfar iad a shainaithint ag an ngabháltas cinn scríbe ag úsáid na modhanna sainaitheantais dá bhforáiltear in Airteagal 4(1).

Déanfar an sainaitheantas bunaidh a cuireadh i bhfeidhm maidir leis an ainmhí sa tríú tír tionscnaimh a thaifeadadh sa bhunachar sonraí ríomhairithe dá bhforáiltear in Airteagal 5 chomh maith le cód aitheantais uathúil an mhodha sainaitheantais aonair a leithdháileadh ar an ainmhí sa Bhallstát cinn scríbe.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír, áfach, maidir le hainmhithe a bhfuil sé beartaithe iad a chur caoldíreach chuig seamlas atá lonnaithe i mBallstát, ar choinníoll go marófar na hainmhithe sin faoi cheann 20 lá ó na seiceálacha tréidliachta a dhéanamh.

2. Déanfar na modhanna sainaitheantais ainmhithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 1 a chur i bhfeidhm laistigh d'uastréimhse a bheidh le cinneadh ag an mBallstát ina bhfuil an gabháltas cinn scríbe suite.

Ní mhairfidh an tréimhse sin níos faide ná 20 lá tar éis na seiceálacha tréidliachta dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh. In aon chás, cuirfear na modhanna sainaitheantais i bhfeidhm maidir leis na hainmhithe sula bhfágfaidh siad an gabháltas cinn scríbe.

3. I gcás ina bhfuil an gabháltas cinn scríbe suite i mBallstát nach bhfuil forálacha náisiúnta tugtha isteach aige chun úsáid aitheantóra leictreonaigh dá dtagraítear in Airteagal 4(2) a dhéanamh éigeantach, déanfar na hainmhithe a shainaithint leis an aitheantóir leictreonach sin ag an ngabháltas cinn scríbe san Aontas, laistigh de thréimhse a bheidh le cinneadh ag an mBallstát cinn scríbe.

Ní mhairfidh an tréimhse sin níos faide ná 20 lá tar éis na seiceálacha tréidliachta dá dtagraítear i mír 1 a dhéanamh. In aon chás, cuirfear an t-aitheantóir leictreonach sin i bhfeidhm maidir leis na hainmhithe sula bhfágfaidh siad an gabháltas cinn scríbe.

Airteagal 4c

Ainmhithe a aistríodh ó Bhallstát amháin go Ballstát eile a shainaithint

1. I gcás ainmhithe a aistríodh ó Bhallstát amháin go Ballstát eile, coimeádfaidh siad na modhanna sainaitheantais sin a cuireadh i bhfeidhm maidir leo de bhun Airteagal 4.

2. I gcás ina bhfuil an gabháltas cinn scríbe suite i mBallstát a bhfuil forálacha náisiúnta tugtha isteach aige chun úsáid aitheantóra leictreonaigh a dhéanamh éigeantach, déanfar na hainmhithe a shainaithint leis an aitheantóir leictreonach sin:

(a) sula n-aistreofar iad chuig an ngabháltas cinn scríbe sa Bhallstát sin; nó

(b) ag an ngabháltas cinn scríbe laistigh d'uastréimhse a bheidh le cinneadh ag an mBallstát ina bhfuil an gabháltas sin suite.

Ní mhairfidh an uastréimhse dá dtagraítear i bpointe (b) níos faide ná 20 lá ón dáta a shroichfidh na hainmhithe an gabháltas cinn scríbe. In aon chás, cuirfear na modhanna sainaitheantais i bhfeidhm maidir leis na hainmhithe sula bhfágfaidh siad an gabháltas cinn scríbe.

Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír, áfach, maidir le hainmhithe a bhfuil sé beartaithe iad a chur caoldíreach chuig seamlas atá suite i mBallstát a bhfuil forálacha náisiúnta tugtha isteach aige chun úsáid aitheantóra leictreonaigh a dhéanamh éigeantach, ar choinníoll go marófar na hainmhithe sin faoi cheann 20 lá ó na seiceálacha tréidliachta a dhéanamh.

Airteagal 4d

Na modhanna sainaitheantais a bhaint nó a athsholáthar

Ní fhéadfar aon mhodhanna sainaitheantais a bhaint ná a athsholáthar gan cead agus gan rialú an údaráis inniúil. Ní fhéadfar cead den sórt sin a dheonú ach amháin i gcás nach gcuireann an bhaint nó an t-athsholáthar sin as d'inrianaitheacht an ainmhí.”

(5) Leasaítear Airteagal 5 mar seo a leanas:

- scriostar an dara mír agus cuirtear isteach an méid seo a leanas:

"Féadfaidh na Ballstáit sonraí leictreonacha a mhalartú idir a mbunachair shonraí ríomhairithe ón dáta a n-aithníonn an Coimisiún go bhfuil an córas malartaithe sonraí ag feidhmiú go hiomlán.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 22b chun na rialacha a bhaineann leis na sonraí a mhalartófar idir bunachair shonraí ríomhairithe na mBallstát a leagan síos.

Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a úsáid:

(a) chun na coinníollacha teicniúla agus na módúlachtaí do mhalartú den sórt sin a leagan síos;

(b) chun aitheantas a thabhairt go bhfuil an córas malartaithe sonraí ag feidhmiú go hiomlán.

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2)."

(6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6:

"Airteagal 6

I gcás nach ndéanfaidh Ballstát sonraí leictreonacha a mhalartú le Ballstáit eile faoi chuimsiú an chórais mhalartaithe sonraí dá dtagraítear in Airteagal 5:

(a) déanfaidh an t-údarás inniúil pas a eisiúint, i gcomhair gach ainmhí a bhfuil sé beartaithe iad a thrádáil laistigh den Aontas, bunaithe ar an bhfaisnéis atá sa bhunachar sonraí ríomhairithe a bunaíodh sa Bhallstát sin;

(b) beidh pas in éineacht le gach ainmhí ar eisíodh pas ina leith aon uair a bheidh an t-ainmhí sin á aistriú ó Bhallstát amháin go Ballstát eile;

(c) a luaithe a shroichfidh an t-ainmhí an gabháltas cinn scríbe, déanfar an pas a ghabhann leis an ainmhí a thabhairt suas d'údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an gabháltas cinn scríbe suite."

(7) Leasaítear Airteagal 7 mar seo a leanas:

(a) leasaítear mír 1 mar seo a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fleasc:

"– na gluaiseachtaí ar fad go dtí an gabháltas agus uaidh agus breitheanna agus básanna na n-ainmhithe ar fad ar an ngabháltas, in éineacht leis na dátaí ar ar tharla siad, a thuairisciú laistigh d'uastréimhse a bheidh socraithe ag an mBallstát; mairfidh an uastréimhse trí lá ar a laghad agus ní mhairfidh sí níos faide ná seacht lá tar éis an teagmhais; féadfaidh na Ballstáit iarraidh ar an gCoimisiún síneadh seacht lá a chur leis an uastréimhse."

(ii) cuirtear an dara fomhír seo a leanas isteach:

"Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22b chun na dálaí a chinneadh faoinar féidir leis na Ballstáit síneadh a chur leis an uastréimhse seacht lá dá bhforáiltear sa dara fleasc den chéad fhomhír, chomh maith le fad uasta na tréimhse sínte sin."

(b) cuirtear mír 5 isteach mar seo a leanas:

"5. De mhaolú ar mhír 4, is ar bhonn deonach a bheidh ar dhuine a choinníonn ainmhithe clár atá cothrom le dáta a choimeád más rud é:

(a) go bhfuil rochtain dhíreach aige ar an mbunachar sonraí ríomhairithe ina bhfuil an fhaisnéis a bheidh le háireamh sa chlár cheana féin; agus

(b) go gcuirfidh sé faisnéis atá cothrom le dáta isteach sa bhunachar sonraí ríomhairithe laistigh de cheithre huaire fichid ón tráth a dtarlaíonn an teagmhas."

(8) Cuirtear isteach Airteagal 9a mar a leanas:

"Airteagal 9a

Oiliúint

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfaighidh aon duine atá freagrach as ainmhithe a shainaithint agus a chlárú treoracha agus comhairle faoi na forálacha ábhartha sa Rialachán seo agus faoi aon ghníomhartha tarmligthe nó gníomhartha cur chun feidhme a ghlac an Coimisiún ar bhonn Airteagal 10 agus Airteagal 10a, agus go mbeidh cúrsaí oiliúna iomchuí ar fáil."

(9) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

"Airteagal 10

Cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha áirithe tarmligthe a ghlacadh

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22b chun na rialacha a bhfuil gá leo, lena n-áirítear bearta idirthréimhseacha a theastóidh chun iad a thabhairt isteach, a leagan síos maidir leo seo a leanas:

(a) na ceanglais a bhaineann leis na modhanna sainaitheantais dá bhforáiltear in Airteagal 4;

(b) an fhaisnéis a bheidh le háireamh sa phas dá bhforáiltear in Airteagal 6;

(c) an fhaisnéis a bheidh le háireamh sa chlár dá bhforáiltear in Airteagal 7;

(d) an leibhéal íosta de rialuithe oifigiúla a bheidh le cur i gcrích i gcomhréir le hAirteagal 22;

(e) sainaithint agus clárú gluaiseachtaí bó-ainmhithe nuair a chuirtear ar buailteachas iad i gceantair sléibhe éagsúla."

(10) Cuirtear isteach Airteagal 10a mar a leanas:

"Airteagal 10a

Cumhachtaí áirithe cur chun feidhme a tharmligean chuig an gCoimisiún

Féadfaidh an Coimisiún na rialacha a bhfuil gá leo, lena n-áirítear bearta idirthréimhseacha a theastóidh chun iad a thabhairt isteach, a leagan síos trí ghníomhartha cur chun feidhme, maidir leo seo a leanas:

(a) formáid agus dearadh na modhanna sainaitheantais dá bhforáiltear in Airteagal 4;

(b) na nósanna imeachta teicniúla agus na caighdeáin theicniúla chun sainaithint leictreonach bó-ainmhithe a chur chun feidhme;

(c) formáid an phas dá bhforáiltear in Airteagal 6;

(d) formáid an chláir dá bhforáiltear in Airteagal 7;

Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2)."

(11) Leasaítear Airteagal 13 mar seo a leanas:

(a) scriostar mír 3 agus mír 4;

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad réamhrá phointe (a) de mhír 5:

"(a) Tabharfaidh oibreoirí eacnamaíocha agus eagraíochtaí an méid seo a leanas le fios ar na lipéid:"

(12) In Airteagal 14, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an ceathrú mír:

"Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22b chun rialacha a leagan síos a bheidh coibhéiseach leis na rialacha sin sa chéad trí mhír den Airteagal seo maidir le fuílleach mairteola nó le mairteoil spólta."

(13) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 15:

"Airteagal 15

Mairteoil ó thríú tíortha a lipéadú ar bhonn éigeantach

De mhaolú ar Airteagal 13, i gcás mairteola a allmhairítear isteach ar chríoch an Aontais, agus nach bhfuil an fhaisnéis ar fad dá bhforáiltear in Airteagal 13 ar fáil maidir léi, cuirfear an tásc seo a leanas ar an lipéad:

'ionad tionscnaimh: ní de chuid an AE' agus 'Arna mharú in (ainm an tríú tír)'."

(14) Scriostar Airteagal 16, Airteagal 17 agus Airteagal 18.

(15) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 19:

"Airteagal 19

Cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha áirithe tarmligthe a ghlacadh

Beidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 22b maidir leo seo a leanas:

(a) na sainmhínithe ar mhairteoil mhionaithe, ar fhuílleach mairteola nó ar mhairteoil spólta dá dtagraítear in Airteagal 14;

(b) na tásca sonracha is féidir a chur ar lipéid;

(c) na forálacha lipéadaithe a bhaineann le tásc an ionaid tionscnaimh a shimpliú;

(d) uasmhéid agus comhdhéanamh an ghrúpa áirithe ainmhithe dá dtagraítear in Airteagal 13(2)(a);

(e) na nósanna imeachta formheasa a bhaineann le coinníollacha lipéadaithe ar phacáistíocht na feola spólta; "

(16) Scriostar Airteagal 20 agus Airteagal 21.

(17) Leasaítear Airteagal 22 mar seo a leanas:

(a) i mír 1, cuirtear an tríú fomhír seo a leanas isteach:

"Is trí ghníomhartha cur chun feidhme a leagfaidh an Coimisiún síos na rialacha a bhfuil gá leo, lena n-áirítear bearta idirthréimhseacha a theastóidh chun na rialacha sin a thabhairt isteach, maidir leis na nósanna imeachta agus na coinníollacha do chur i bhfeidhm na smachtbhannaí dá dtagraítear sa dara fomhír."

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. I gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil údar leis de bharr thoradh na seiceálacha, déanfaidh sé na bearta a theastaíonn chun comhlíonadh cuí a áirithiú a tharraingt suas trí ghníomh cur chun feidhme, go háirithe maidir leis an leibhéal de rialuithe, na smachtbhannaí riaracháin, agus an fhoráil a bhaineann leis na huastréimhsí dá dtagraítear in Airteagail 4, 4a, 4b agus 4c. Glacfar an gníomh cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 23(2)."

(c) scriostar mír 5 agus mír 6.

(18) Cuirtear isteach Airteagal 22a agus Airteagal 22b mar seo a leanas:

"Airteagal 22a

Údaráis inniúla

Ainmneoidh na Ballstáit an t-údarás inniúil nó na húdaráis inniúla a bheidh freagrach as a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo agus aon ghníomhartha arna nglacadh ag an gCoimisiún ar bhonn an Rialacháin seo.

Cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoi chéannacht na n-údarás sin.

Airteagal 22b

Cumhachtaí tarmligthe a fheidhmiú

1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo.

2. Déanfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(5) agus Airteagal 4a(2) agus in Airteagail 5, 7, 10, 14 agus 19 a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse éiginnte ama ón*

[*dáta a dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm nó ó aon dáta eile a bheidh socraithe ag an reachtóir].

3. Maidir le tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(5) agus Airteagal 4a(2) agus in Airteagail 5, 7, 10, 14 agus 19, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean sin a chúlghairm tráth ar bith. I gcás cinnidh maidir le cúlghairm, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis lá foilsithe an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon cheann de na gníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.

5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(5) agus Airteagal 4a(2) agus Airteagail 5, 7, 10, 14 agus 19 i bhfeidhm má tá agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Cuirfear dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle."

(19) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 23:

"Airteagal 23

An nós imeachta coiste

1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún:

(a) Coiste na gCistí Talmhaíochta a bunaíodh le hAirteagal 41 de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005[19], i gcás na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 22(1);

(b) an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe a bunaíodh le hAirteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[20], i gcás na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh de bhun Airteagal 4(4) agus Airteagail 5, 10a agus 22.

Is Coistí de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sna coistí sin.

2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.

I gcás ina gcaithfear tuairim an Choiste a fháil trí nós imeachta i scríbhinn, déanfar an nós imeachta sin a fhoirceannadh gan toradh más rud é, laistigh den tréimhse atá leagtha síos chun an tuairim a thabhairt, go gcinnfidh cathaoirleach an Choiste amhlaidh nó go n-iarrfaidh tromlach simplí de chomhaltaí an choiste amhlaidh."

Air teagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[1] IO L 204, 11.8.2000, lch. 1.

[2] COIM(2005) 322 críochnaitheach- Plean oibre maidir le TSE:http://ec.europa.eu/food/food/biosafety/tse_bse/docs/roadmap_en.pdf

[3] http://www.cc.cec/sg_vista/cgi-bin/repository/getdoc/COMM_PDF_COM_2009_0544_F_EN_ANNEXE.pdf

[4] Tagairt COIM(2007) 539 críochnaitheach.

[5] COIM(2004) 316 críochnaitheach.

[6] SEC(2009)1601, 16.11.2009 http://ec.europa.eu/agriculture/simplification/sec2009_1601_en.pdf

[7] http://ec.europa.eu/enterprise/policies/better-regulation/files/hlg_opinion_agriculture_050309_en.pdf, lch. 7.

[8] IO L 55, 28.2.2011 lch. 13.

[9] IO L 55, 28.2.2011, lch. 19.

[10] IO L xx, xx.xx. xxxx, lch. xx.

[11] IO L xx, xx.xx. xxxx, lch. xx.

[12] IO L xx, xx.xx. xxxx, lch. xx.

[13] IO L 204, 11.8.2000, lch. 1.

[14] COIM(2009) 544 críochnaitheach.

[15] COIM(2005) 9 críochnaitheach.

[16] COIM(2008) 545 críochnaitheach.

[17] COIM(2007) 539 críochnaitheach.

[18] IO L 55, 28.2.2011, lch. 13.

[19] IO L 209, 11.8.2005, lch. 1.

[20] IO L 31, 1.2.2002, lch. 1.