TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a bhaineann le seasamh na Comhairle chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí bithicíde a chur ar an margadh agus a úsáid /* COIM/2011/0498 leagan deireanach - 2009/0076 (COD) */
2009/0076 (COD) TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG
PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh a bhaineann le seasamh na Comhairle chun go nglacfaí
Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí bithicíde
a chur ar an margadh agus a úsáid
1.
Cúlra
Tabhair faoi deara go dtagraíonn an
Teachtaireacht seo do theideal an Rialacháin agus d'uimhreacha na nAirteagal de
réir mar a tugadh iad i dtéacs an chomhaontaithe pholaitiúil (17474/10). An dáta a seoladh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COIM(2009)267 leagan deireanach – 2009/0076 (COD): || 12 Meitheamh 2009 An dáta a tugadh an tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: || 17 Feabhra 2010 An dáta a tugadh an tuairim ó Pharlaimint na hEorpa, ag an gcéad léamh: || 22 Meán Fómhair 2010 An dáta a glacadh seasamh na Comhairle: || 21 Meitheamh 2011
2.
Cuspóir an togra ón gCoimisiún
Is é is cuspóir don Rialachán seo feidhmiú an
mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí bhreis comhchuibhithe a dhéanamh ar na
rialacha a bhaineann le húdarú agus aithint fhrithpháirteach táirgí bithicíde agus,
ag an am céanna, ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte an duine agus do
shláinte ainmhithe agus don chomhshaol.
3.
Barúlacha faoi sheasamh na comhairle
3.1.
Barúlacha ginearálta
Thug Parlaimint na hEorpa a tuairim ag an
gcéad léamh an 22 Meán Fómhair 2010. Ghlac an Coimisiún, go hiomlán,
go páirteach nó i bprionsabal le 193 leasú as 309 leasú a ghlac Parlaimint na
hEorpa ag an gcéad léamh. Tá timpeall le leath de na 193 leasú sin le sonrú
cheana, go páirteach ar a laghad, sa chomhsheasamh. Tá seasamh an Choimisiúin
ar na leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa ag an gcéad léamh leagtha amach sa
doiciméad SP(2010)7193. Na leasuithe sin a shoiléireodh comhthéacs an
togra nó a chuirfeadh feabhas air, ghlac an Coimisiún leo go hiomlán, i
bprionsabal nó go páirteach. Orthu sin, go háirithe, tá modhnuithe ar an
sainmhíniú a thugtar ar tháirgí bithicíde, ar raon feidhme na maoluithe faoi na
critéir eisiata, ar an síneadh a chuirfear le raon feidhme údarú an Aontais, ar
na critéir maidir le táirgí bithicíde a mbaineann riosca íseal leo agus ar na
forálacha maidir le hearraí cóireáilte. Dhiúltaigh an Coimisiún do na leasuithe sin a
d'athródh nádúr an togra, mar shampla, leasuithe a d’ísleodh an leibhéal
cosanta ar shláinte an duine agus ar an gcomhshaol nó a dhéanfadh dochar do
mhargadh inmheánach na dtáirgí bithicíde. Dhiúltaigh sé freisin do na leasuithe
sin nach bhfuil indéanta go praiticiúil nó go teicniúil nó a chuireann ualach
neamhriachtanach ar an tionscal agus ar na húdaráis inniúla. Measann an Coimisiún nach n‑athraíonn an
comhsheasamh príomhchuspóirí an togra, agus dá bhrí sin, tugann sé a thacaíocht
dó. Mar sin féin, measann an Coimisiún gur cheart gnéithe áirithe den téacs a
fheabhsú agus bheadh an Coimisiún sásta oibriú leis na hinstitiúidí eile chun an
feabhsúchán sin a dhéanamh. Go háirithe, maidir leis na nósanna imeachta a
bhfuil foráil déanta dóibh chun Uasteorainneacha Iarmhair a bhunú, níl an
fhoclaíocht atá sa chomhsheasamh ag luí le Rialachán (CE) Uimh. 470/2009
agus ba cheart, mar thosaíocht, aghaidh a thabhairt ar an neamhréireacht sin.
3.2.
Barúlacha mionsonraithe
3.2.1.
Leasuithe na Parlaiminte ar ghlac an Coimisiún leo
go hiomlán, go páirteach nó i bprionsabal agus a áirítear go hiomlán, go
páirteach nó i bprionsabal sa chomhsheasamh
Ghlac an Coimisiún go hiomlán, go páirteach nó
i bprionsabal le leasuithe 1, 4-7, 9-10, 13, 21-23, 25, 27, 30-35, 37-39,
43-44, 49, 53, 55, 56, 58, 62-63, 70, 75, 79, 80, 82-83, 85-91, 93-96, 112,
115, 116, 123-125, 137, 139, 142-144, 160-161, 165, 167-172, 178-181, 183-187,
189-190, 194, 199, 206-215, 218-220, 225-232, 234-235, 239, 241-242, 247-249,
255-257, 266-267, 269, 272, 275-277, 279, 292-296, 299-303, 308, 310-312, 316,
319-320, 323-329, 331-332, 341, 346-347, 354, 359/rev agus 360-361 agus
áirítear iad go hiomlán, go páirteach nó i bprionsabal i seasamh na Comhairle.
3.2.2.
Leasuithe na Parlaiminte ar dhiúltaigh an Coimisiún
dóibh ach a áiríodh go hiomlán, go páirteach nó i bprionsabal sa chomhsheasamh
Dhiúltaigh an Coimisiún do leasuithe 2, 3, 17,
20, 52, 54, 69, 71, 126, 156 agus 349 ach áiríodh iad go hiomlán, go páirteach
nó i bprionsabal i seasamh na Comhairle. Baineann na leasuithe sin, den chuid
is mó, le teorainneacha ama níos giorra a shocrú chun clárú, nó athnuachan ar
chlárú, a dhéanamh ar shubstaintí atá le hionadú agus ar shubstaintí gníomhacha
eile agus le spriocdhátaí níos giorra a thabhairt don Ghníomhaireacht Eorpach
Ceimiceán ('an Ghníomhaireacht' anseo feasta) chun cúraimí áirithe a dhéanamh.
Cé gur dhiúltaigh an Coimisiún dóibh ar an mbonn go méadóidís an t‑ualach
riaracháin agus rialála ar an nGníomhaireacht, ar na Ballstáit agus ar na hoibreoirí
eacnamaíocha gan sochair chinnte a thabhairt i dtaobh leibhéal cosanta níos
fearr, mheas an Chomhairle go raibh siad inghlactha.
3.2.3.
Leasuithe na Parlaiminte ar ghlac an Coimisiún leo
go hiomlán, go páirteach nó i bprionsabal ach nár áiríodh sa chomhsheasamh
Ghlac an Coimisiún go hiomlán, go páirteach nó
i bprionsabal le leasuithe 11, 16, 24, 36, 48, 58-59, 62, 65-66, 72-74, 77-78,
99, 101, 106, 118, 120-121, 157, 162, 166, 175, 178, 191, 193, 196, 200,
203-204, 221-223, 236, 332, 358 agus 361 ach níor áiríodh iad i seasamh na
Comhairle. Is iad na cúiseanna is coitianta le diúltú na Comhairle do na
leasuithe sin nach bhfuil siad comhleanúnach le hathruithe eile a rinne an
Chomhairle, go gcuirfeadh siad ualach riaracháin neamhriachtanach ar an
tionscal, ar údaráis inniúla nó ar an nGníomhaireacht agus nach mbeadh aon
bhreisluach cinnte ag baint leis na leasuithe sin.
3.2.4.
Leasuithe na Parlaiminte ar dhiúltaigh an Coimisiún
agus an Chomhairle dóibh agus nár áiríodh sa chomhsheasamh
Dhiúltaigh an Coimisiún agus an Chomhairle do
leasuithe 12, 14-15, 19, 26, 28, 40-42, 45-47, 50-51, 57, 64, 81, 84, 92,
97-98, 100, 102-105, 107-111, 117, 119, 122, 127-136, 138, 140-141, 145-147,
150, 158-159, 163-164, 173-174, 176, 182, 188, 192, 195, 197-198, 201, 205,
216-217, 224, 233, 237-238, 240, 246, 250-253, 258-259, 262-265, 270-271, 274,
280-288, 291, 297, 306-307, 309, 318, 321-322, 330, 342-343, 350 agus 353.
3.2.5.
Athruithe a rinne an Chomhairle ar an togra
Seo a leanas na príomhathruithe a mhol an
Chomhairle a dhéanamh ar an togra ón gCoimisiún: Substaintí gníomhacha a chlárú: tá an nós imeachta maidir le formheas cláruithe substaintí gníomhacha
athraithe ag an gComhairle. Ní dhéanfaí liosta na substaintí gníomhacha
formheasta a áireamh i bhfoirm Iarscríbhinne a ghabhann leis an Rialachán ach
bhunófaí é mar bheart ann féin trí bhearta cur chun feidhme agus dhéanfaí é a
thabhairt cothrom le dáta go rialta. Measann an Coimisiún gur i bhfoirm
Iarscríbhinne a ghabhann leis an Rialachán ba cheart formheas na substaintí
gníomhacha a dhéanamh. Dá réir sin, b’athruithe ar eilimintí neamhriachtanacha
den Rialachán a bheadh i gceist le heolas breise a chuirfí leis an Iarscríbhinn
nó le leasuithe a dhéanfaí uirthi agus ghlacfaí iad trí ghníomhartha tarmligthe
de bhun Airteagal 290 den CFAE. Mar sin féin, ní chuirfidh an Coimisiún i
gcoinne na n‑athruithe a rinne an Chomhairle ar an mbonn nach bhfuil sé
ag iarraidh moill a chur ar an nós imeachta reachtach. Tráth an chomhaontaithe
pholaitiúil, rinne an Coimisiún ráiteas ar an ábhar sin (féach Iarscríbhinn 1). Nós imeachta simplithe um údarú: Chuir an Chomhairle táirgí atá faoi réir nós imeachta simplithe um
údarú in ionad an choincheapa 'táirgí bithicíde a mbaineann riosca íseal leo'. Bheadh
na critéir atáthar a mholadh le haghaidh táirgí den sórt sin dírithe níos mó ar
airíonna na substaintí atá sa táirge seachas ar mheasúnú riosca cás i ndiaidh
cáis ar an táirge féin, díreach mar a bhí sa togra ón gCoimisiún. Ní bheadh na
táirgí sin faoi réir nós imeachta um údarú ar leibhéal an Aontais a thuilleadh
mar a bhí foráilte sa togra ón gCoimisiún ach chuirfí iarratas isteach ar údarú
ina leith i mBallstát amháin. A luaithe a bheadh an t‑údarú bronnta i
mBallstát amháin, d'fhéadfaí, ach fógra a chur isteach, an táirge a chur ar an
margadh sna Ballstáit eile. Measann an Coimisiún go spreagfaidh cur chuige na
Comhairle forbairt agus margaíocht táirgí bithicíde a mbeidh níos lú riosca ag
gabháil leo don duine agus don chomhshaol agus, ar an ábhar sin, is féidir leis
an gCoimisiún glacadh le seasamh na Comhairle i leith na ceiste sin. Raon feidhme údarú an Aontais: Dé réir sheasamh na Comhairle, bheadh údarú an Aontais ar fáil, ó
2013, do tháirgí bithicíde de chineálacha táirgí 6, 7, 9, 10, 12, 13 agus 22
agus, ó 2020, do tháirgí bithicíde de chineálacha táirgí 14, 15, 17, 21 agus
23, ar choinníoll go mbeidh na coinníollacha úsáide céanna i bhfeidhm ar fud an
Aontais maidir leis na táirgí lena mbaineann. Dhéanfadh an Coimisiún
athbhreithniú faoi 2017 ar a dhéanaí agus dhéanfaí tograí reachtacha in
éineacht leis an athbreithniú sin, dá mba iomchuí sin; e.g. infhaighteacht
údarú an Aontais a chur ar athlá i gcás roinnt de na táirgí nó i gcás na
dtáirgí ar fad atá liostaithe. Cé gur mhol an Coimisiún, i dtosach, córas um
údarú an Aontais a mbeadh raon feidhme níos teoranta aige, is féidir leis an gCoimisiún
glacadh, i bprionsabal, le seasamh na Comhairle ar choinníoll go gcuirfí an
síneadh chun feidhme go céimnitheach agus go gcuirfí dóthain acmhainní ar fáil
don Ghníomhaireacht agus don Choimisiún. Rinne an Coimisiún ráiteas inar thug
sé chun suntais na himpleachtaí ó thaobh acmhainní agus inar iarr sé ar na
Ballstáit na céimeanna ina dhiaidh sin a thógáil lena áirithiú go mbeidh
dóthain acmhainní ar fáil faoi na peirspictíochtaí nua airgeadais (féach Iarscríbhinn 2). Earraí cóireáilte:
I gcomhréir le cur chuige Pharlaimint na hEorpa, thug an Chomhairle isteach 'an
phríomhfheidhm bhithicíde' mar chritéar lena ndéanfaí idirdhealú idir táirgí
bithicíde agus earraí cóireáilte. Ina theannta sin, d'athraigh sí ó rialú
dírithe ar tháirgí bithicíde go rialú dírithe ar shubstaintí gníomhacha. Chinn
an Chomhairle ceanglais níos déine a chur i bhfeidhm i gcás earraí cóireáilte a
bhfuil sé beartaithe go scaoilfear na substaintí gníomhacha iontu ('éifeacht
sheachtrach') ná mar a chuirfear i bhfeidhm i gcás earraí cóireáilte nach
bhfuil beartaithe go scaoilfear na substaintí gníomhacha iontu ('éifeacht
inmheánach'). Féadfaidh an Coimisiún rialacha breise a ghlacadh agus b’fhéídir
go mbeadh scéim fógraí ar cheann acu. Is féidir leis an gCoimisiún tacú leis na
hathruithe sin a bhaineann le hearraí cóireáilte ar an ábhar go bhfuil siad ag
luí le cuspóirí an Rialacháin. Nádúr agus comhdhéanamh an Choiste um
Tháirgí Bithicíde: Is éard a mhol an Coimisiún, i dtosach,
nach mbeadh ar an gCoiste ach saineolaithe eolaíochta neamhspleácha a
d'ainmneodh na Ballstáit ach a cheapfadh Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta.
Roghnaigh an Chomhairle cur chuige a chiallódh gurbh iad na Ballstáit a
cheapfadh baill an Choiste agus go mbeadh dlúthnaisc idir an Coiste agus
údaráis inniúla na mBallstát. Ós rud é gur ar na húdaráis inniúla sna Ballstáit
a bheidh an dualgas an Rialachán a chur chun feidhme is ciallmhar go mbeadh na
húdaráis sin páirteach go dlúth in obair an Choiste um Tháirgí Bithicíde. Is
féidir leis an gCoimisiún glacadh le seasamh na Comhairle dá bhrí sin. Táillí: Is éard a
mhol an Coimisiún, i dtosach, córas a dtiocfadh de go n‑íocfaí an táille
as údarú an Aontais leis an nGníomhaireacht agus gur i gcáil údaráis inniúil
atá i mbun meastóireachta a dhéanfadh an Ghníomhaireacht an cúiteamh as an
obair a íoc leis an mBallstát. Tá seasamh na Comhairle bunaithe ar chóras trína
ngearrtar táille as na nósanna imeachta a dhéantar ar leibhéal an Aontais;
íoctar táille amháin leis an nGníomhaireacht as a cuid oibre siúd agus íoctar
táille eile leis an údarás inniúil ina cháil mar údarás inniúil atá i mbun
meastóireachta. Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis sin. Mar bhreis air
sin, bhí foráil sa togra ón gCoimisiún gur trí ghníomhartha tarmligthe a
ghlacfaí méid na dtáillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht agus a ghlacfaí struchtúr
comhchuibhithe (lena n‑áirítear aisíocaíochtaí, laghduithe/tarscaoiltí)
na dtáillí is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht agus leis na Ballstáit.
Mar sin féin, foráiltear i seasamh na Comhairle gur cheart gur trí ghníomhartha
cur chun feidhme a ghlacfaí méid na dtáillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht
agus na rialacha a shainíonn na coinníollacha íocaíochta agus laghduithe a
d'fhéadfaí a dhéanamh. Maidir le struchtúr comhchuibhithe táillí a bhunú don Ghníomhaireacht
agus do na Ballstáit, tá foráil déanta ag an gComhairle go bhféadfadh an
Coimisiún dul i ngleic leis na ceisteanna sin trí dhoiciméid treorach. Cé gurb
oth leis an gCoimisiún an cur chuige atá glactha ag an gComhairle, is féidir
leis glacadh leis ar an mbonn nach bhfuil sé ag iarraidh moill a chur ar an nós
imeachta reachtach. In Iarscríbhinn 1 tá ráiteas a rinne an Coimisiún
maidir le seasamh na Comhairle i dtaobh úsáid gníomhartha tarmligthe chun na
táillí is iníoctha ag an nGníomhaireacht a shocrú. D'fhonn na himpleachtaí ó thaobh acmhainní a
chur san áireamh, impleachtaí a bheadh ag na hathruithe a thug an Chomhairle
agus an Pharlaimint isteach ag an gcéad léamh, lena n‑áirítear an gá leis
an gcóras táillí a choigeartú chun an tionchar ar bhuiséad an Aontais a laghdú,
tá ráiteas airgeadais leasaithe ullmhaithe ag an gCoimisiún agus tá sé i
gceangal mar Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an Teachtaireacht seo.
4.
Conclúid
Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis na
hathruithe atá tugtha isteach ag an gComhairle ar an ábhar go luíonn siad le
cuspóirí an togra ón gCoimisiún agus go bhforbraíonn siad é tuilleadh. Is
féidir leis an gCoimisiún glacadh le seasamh na Comhairle dá bhrí sin. Sa ráiteas atá leagtha amach in Iarscríbhinn 2
léirigh an Coimisiún an imní atá air faoi na himpleachtaí ó thaobh acmhainní
breise a bheadh ag teastáil ón nGníomhaireacht agus ón gCoimisiún. I bhfianaise
na gcúraimí breise a bheadh ar an nGníomhaireacht agus i bhfianaise an méid ama
a bheidh de dhíth chun gach gné d'obair na Gníomhaireachta amach anseo a
ullmhú, agus ó tharla go bhfuil an próiseas reachtach ag glacadh níos mó ama ná
mar a bhí beartaithe, measann an Coimisiún gur cheart dáta cur i bhfeidhm an
Rialacháin atá beartaithe a chur siar go dtí an 1 Meán Fómhair 2013
cé is moite de na forálacha sin a ligfeadh don Choimisiún agus don
Ghníomhaireacht réamhullmhúchán a dhéanamh (e.g. gníomhartha tarmligthe,
gníomhartha cur chun feidhme, doiciméid treorach). Iarscríbhinn 1
Ráiteas faoin nós imeachta coiste De mheon comhréitigh, ní chuirfidh an
Coimisiún i gcoinne vóta trí thromlach cáilithe ar son théacs na
hUachtaránachta. Mar sin féin, cuireann an Coimisiún i bhfios go láidir nach
bhfuil sé ar aon intinn le barúil na Comhairle gur bearta cur chun feidhme iad
na bearta maidir le substaintí gníomhacha a fhormheas (Airteagal 8a) agus
na bearta maidir le rialacha ar tháillí is iníoctha leis an nGníomhaireacht
Eorpach Ceimiceán (Airteagal 70(1)) agus go dtagann siad faoi Airteagal 291
den CFAE dá bhrí sin. Maidir leis an dá cheist sin, is é barúil an Choimisiúin
gurb é Airteagal 290 an nós imeachta iomchuí i bhfianaise go bhfuil bearta
cur i bhfeidhm ginearálta i gceist leo a dhéanfadh eilimintí neamhriachtanacha
an Rialacháin a mhodhnú nó a fhorlíonadh. Iarscríbhinn 2
Ráiteas faoi na himpleachtaí ó thaobh acmhainní Caithfidh go dtiocfaidh méadú suntasach ar
ualach oibre na Gníomhaireachta agus an Choimisiúin má shínítear raon feidhme
údarú an Aontais agus má dhéantar cúraimí breise a dháileadh ar an
nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, agus de thoradh spriocdhátaí níos giorra
agus substaintí gníomhacha a athnuachan níos rialta. Ag an am céanna, laghdófar,
dá réir, an t-ualach oibre ar údaráis náisiúnta de bharr raon feidhme níos
leithne a bheith ag údarú an Aontais. I bhfianaise an ualaigh oibre mhéadaithe,
beidh acmhainní daonna agus airgeadais breise de dhíth ar an nGníomhaireacht
agus ar an gCoimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an Rialachán chun feidhme go
héifeachtach. Agus an méid sin á chur san áireamh aige, iarrann an Coimisiún ar
an gComhairle aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin faoi na
peirspictíochtaí airgeadais nua. Tá an Coimisiún réidh chun oibriú leis an
gComhairle d'fhonn teacht ar réiteach iomchuí. Iarscríbhinn 3
RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh 1.2. Réimsí
beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB 1.3. An
cineál togra/tionscnaimh 1.4. Cuspóirí
1.5. Na
forais leis an togra/tionscnamh 1.6. Fad
agus tionchar airgeadais 1.7. Modhanna
bainistíochta atá beartaithe 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha
faireacháin agus tuairiscithe 2.2. Córas
bainistíochta agus rialaithe 2.3. Bearta
chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil
an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear
tionchar 3.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar
chaiteachas 3.2.2. An
tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí 3.2.3. An
tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin 3.2.4. Comhoiriúnacht
don chreat airgeadais ilbhliantúil reatha 3.2.5. Ranníocaíochtaí
ó thríú páirtithe 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam RÁITEAS
AIRGEADAIS REACHTACH LE hAGHAIDH TOGRAÍ 1. LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH 1.1. Teideal an togra/tionscnaimh Togra
le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le
táirgí bithicíde a chur ar an margadh agus a úsáid. 1.2. Réimsí beartais lena
mbaineann i gcreat ABM/ABB[1]
Réimse
beartais: 07 Comhshaol Cód
gníomhaíochta 07 03: Cur chun feidhme bheartas comhshaoil agus reachtaíocht
chomhshaoil an Aontais 1.3. An cineál togra/tionscnaimh X Baineann
an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua a leanann
treoirthionscadail/réamhghníomhaíochta[2]
¨ Baineann an
togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana ¨ Baineann an
togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua 1.4. Cuspóirí 1.4.1. Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a
bhfuil an togra/tionscnamh dírithe Tionscnaimh
nua beartais a fhorbairt (Cód ABB 07 05) – Plean Bainistíochta Bliantúil 2008
Beartais, bearta agus tionscnaimh a bhaineann leis an
gcomhshaol a ullmhú agus a mholadh, bunaithe ar shonraí cuimsitheacha agus
beachta maidir le riocht an chomhshaoil agus na brúnna atá air, comhairliúchán
forleathan le páirtithe leasmhara, séú Chlár Gníomhaíochta Comhshaoil (CGC) an
CE a chur chun feidhme. Freagairtí beartais a ullmhú a bhféadfadh gá a bheith
leo ar an ábhar go bhfuil fianaise nua ann faoi bhagairtí ar an gcomhshaol, nó
faoi bhagairtí ar shláinte an duine ón gcomhshaol. 1.4.2. Cuspóirí sonracha agus na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena
mbaineann Cuspóir sonrach Uimh.1c: Tionscnaimh
nua beartais a fhorbairt a chuideoidh le cuspóirí an réimse tosaíochta sa séú
CGC a bhaint amach. Cur le mianach saoil agus le folláine shóisialta ar
ardleibhéal do na saoránaigh trí chomhshaol a chothú nach gcruthaíonn an méid
truaillithe ann éifeachtaí díobhálacha do shláinte an duine agus don chomhshaol
agus trí fhorbairt inbhuanaithe ceantar uirbeach a spreagadh. Gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann: Cód ABB
07 05 1.4.3. An toradh agus an tionchar a
bhfuil súil leis Sonraigh an tionchar a
bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe. Is
iad cuspóirí an togra leibhéal ard cosanta ar shláinte phoiblí agus ar an
gcomhshaol a áirithiú chomh maith le comhchuibhiú an mhargaidh inmheánaigh i
dtáirgí bithicíde, agus iomaíochas agus nuálaíocht a fheabhsú ag an am céanna.
D'fhonn na cuspóirí sin a bhaint amach, is gá go mbeidh eolas iomlán ar na contúirtí
agus na rioscaí a bhaineann le substaintí gníomhacha agus táirgí bithicíde sula
gcuirtear ar an margadh iad.
Ar mhaithe le cur chun feidhme éifeachtúil an togra a áirithiú, is iomchuí
brath ar an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán atá ann cheana, a gheobhaidh agus
a thabharfaidh tuairimí uaithi ar na sonraí arna gcur isteach ag an tionscal,
mar shampla, chun meastóireacht a dhéanamh ar shubstaintí gníomhacha nó táirgí
bithicíde áirithe, agus a bheidh ina pointe lárnach chun comhairle agus
cúnamh eolaíoch a thabhairt don Choimisiún, d'údaráis inniúla na mBallstát,
d'fhiontair, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus chun faisnéis
ábhartha a chur ar fáil don phobal. Déanfar
comhchuibhiú an mhargaidh inmheánaigh i dtáirgí bithicíde agus treisiú
iomaíochais agus nuálaíochta a neartú trí chur chuige comhtháite a úsáid maidir
le hiarratais arna gcur isteach ag an tionscal a láimhseáil, trí nósanna
imeachta údaraithe táirgí a shimpliú agus trí fhorbairt substaintí agus táirgí
'nua' a bhfuil próifíl shláinte phoiblí nó chomhshaoil níos fearr acu a
spreagadh, d'fhonn a chur ar chumas an Aontais Eorpaigh dul in iomaíocht i
mbealach níos fearr lena iomaitheoirí idirnáisiúnta agus ionas go mbeidh fáil
níos fearr ar shubstaintí nó ar tháirgí a mbaineann riosca níos ísle leo. 1.4.4. Táscairí a léiríonn toradh
agus tionchar Sonraigh na táscairí a
léiríonn faireachán ar chur chun feidhme an togra/tionscnaimh. Is iad seo a leanas na cuspóirí agus na táscairí a
sainaithníodh go dtí seo: Cuspóirí || Táscairí don bheartas Substaintí gníomhacha nua a mheasúnú chun críche formheasa || Líon na dtuairimí a tugadh. An t‑am óna bhfaightear iarratas bailí go dtí an t‑am a tharchuirtear tuairim chuig an gCoimisiún. Formheas substaintí gníomhacha a athnuachan || Líon na dtuairimí a tugadh. An t‑am óna bhfaightear iarratas bailí go dtí an t‑am a tharchuirtear tuairim chuig an gCoimisiún. Coibhéis theicniúil a shuíomh idir substaintí gníomhacha || Líon na dtuairimí a tugadh. An t‑am óna bhfaightear iarratas bailí go dtí an t‑am a tharchuirtear tuairim chuig an gCoimisiún. Údaruithe táirgí || Líon na dtuairimí a tugadh. An t‑am óna bhfaightear iarratas bailí go dtí an t‑am a tharchuirtear tuairim chuig an gCoimisiún. Tuairim i gcás easaontais le linn nósanna imeachta maidir le haitheantas frithpháirteach || Líon na dtuairimí a tugadh. An t‑am óna bhfaightear iarratas bailí go dtí an t‑am a tharchuirtear tuairim chuig an gCoimisiún. Cúraimí a bhaineann le comhroinnt sonraí agus rúndacht || Líon na gcuardach sa bhunachar sonraí. Líon na n‑iarratas ar fhaisnéis maidir le sonraí nach bhfuil faoi rún. Doiciméid treorach ghinearálta agus shonracha a chur le chéile || Líon na ndoiciméad treorach a cuireadh le chéile. Clár an Aontais um Tháirgí Bithicíde a chothabháil || Líon na gcuardach sa bhunachar sonraí. Clár athbhreithniúcháin na substaintí atá ann cheana a chríochnú || Líon na dtuairimí a tugadh. An t‑am óna bhfaightear dréacht‑tuarascáil an údaráis inniúil go dtí an t‑am a chuirtear bailchríoch ar thuarascáil an údaráis inniúil. 1.5. Na forais leis an
togra/tionscnamh 1.5.1. Na ceanglais is gá a shásamh
sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Sula
bhféadfar údarú a thabhairt gur féidir substaint a úsáid i dtáirge bithicíde,
ní mór measúnú a dhéanamh féachaint an mbeidh aon riosca do-ghlactha don chomhshaol
nó do shláinte an duine i gceist leis an úsáid sin. Déanfaidh údaráis inniúla
na mBallstát an measúnú sin agus déanfar athbhreithniú piaraí ina dhiaidh sin
ar leibhéal an Aontais, sula ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh. Chomh
maith le próiseas údaraithe na dtáirgí bithicíde a fheabhsú, tá sé beartaithe
go ndéanfar táirgí áirithe a údarú ar leibhéal an Aontais de réir rogha an
iarratasóra. Leanfar de chatagóirí eile de tháirgí bithicíde a údarú ar
leibhéal na mBallstát. Maidir
le táirgí bithicíde a údaróidh na Ballstáit tríd an nós imeachta maidir le
haitheantas frithpháirteach, ní mór na difríochtaí tuairimí idir Bhallstáit a
réiteach trí leas a bhaint as nós imeachta ad hoc um réiteach coinbhleachta.
Meastar gur bonn eolaíoch nó bonn teicniúil a bheidh leis an gcuid is mó de na
difríochtaí tuairimí seo. Beidh
gá feabhas a chur agus/nó forbairt a dhéanamh freisin ar na próisis atá dírithe
ar chomhroinnt sonraí a éascú idir iarratasóirí ionchasacha, ar choibhéis
theicniúil a bhunú idir shubstaintí a monaraíodh ó fhoinsí éagsúla, ar
fhaisnéis a scaipeadh, ar mhonaróirí substaintí gníomhacha a aithint atá
cáilithe chun a substaintí gníomhacha a chur ar mhargadh an Aontais. Beidh
gá freisin, d'fhonn an Rialachán a chur chun feidhme, le fíorthacaíocht eolaíoch
agus theicniúil a sholáthar, lena n‑áirítear uirlisí TF a fhorbairt agus
a chothabháil. Tá
cur síos mionsonraithe déanta ar na cúraimí sin ar fad i bhFoscríbhinn II. 1.5.2. Luach breise a bhaineann le
rannpháirteachas an AE Go
dtí seo, tá Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin (JRC) ag cur go mór
le clár athbhreithniúcháin na substaintí gníomhacha atá ann cheana[3]. De bharr
laghdú ar líon a ghníomhaíochtaí i réimse na substaintí ceimiceacha mar thoradh
ar aistriú mhórchuid na ngníomhaíochtaí sin chuig an nGníomhaireacht Eorpach
Ceimiceán (ECHA), d'fhógair an JRC cheana go gcuirfeadh sé deireadh lena
ghníomhaíochtaí i réimse na dtáirgí bithicíde freisin ag deireadh 2013 agus go
ndíreodh sé a aird ansin ar thosaíochtaí eile. Ar
an ábhar nach mbeidh an saineolas ná na hacmhainní ag seirbhísí an Choimisiúin
a thuilleadh chun díriú ar shaincheisteanna de chineál eolaíoch nó teicniúil a
bhaineann le meastóireacht a dhéanamh ar shubstaintí gníomhacha agus le táirgí
bithicíde a údarú, measadh gurb é an rud is oiriúnaí comhairle agus tacaíocht a
iarraidh ó chomhlacht seachtrach. Má
chuirtear cúram an mheasúnaithe riosca ar chomhlacht seachtrach, luíonn sé leis
an gcur chuige a úsáidtear in earnálacha eile, amhail earnáil na dtáirgí
míochaine, earnáil na dtáirgí cosanta plandaí agus earnáil an bhia, cur chuige
trína ndéantar idirdhealú soiléir idir measúnú riosca (a dhéanann comhlachtaí
eolaíocha) agus bainistiú riosca (a dhéanann an Coimisiún). Nuair
a cuireadh as an áireamh an fhéidearthacht go mbunófaí comhlacht ar leith a
bheadh i gceannas ar an measúnú riosca ar shubstaintí gníomhacha agus ar
tháirgí bithicíde, measadh go bhféadfadh ceann amháin de thrí chomhlacht atá
ann cheana an tacaíocht eolaíoch agus theicniúil seo i réimse na mbithicídí a
sholáthar: -
An Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA), toisc go bhfuil an togra chun
táirgí bithicíde áirithe a údarú ar leibhéal an Aontais bunaithe ar a bhfuil
ann cheana ó 1995 de threoirlínte agus de phrionsabail maidir le táirgí
míochaine atá in úsáid ag tréidlianna agus ag an ngnáthdhuine; -
An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA), toisc go dtagraítear go minic
do Threoir 98/8/CE mar threoir atá comhthreomhar le
Treoir 91/414/CEE lena rialaítear an tslí ina gcuirtear táirgí cosanta
plandaí ar an margadh agus inarb é an EFSA an comhlacht eolaíoch oifigiúil a
bhfuil sé de dhualgas air tuairimí a ullmhú don Choimisiún; agus -
An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA). Is
féidir a bheith ag súil le sineirgíochtaí teoranta ón gcéad dá rogha, áfach. Ar
an taobh eile den scéal, táthar ag súil go gcruthófaí sineirgíochtaí suntasacha
dá roghnófaí an ECHA, bunaithe ar na tosca seo a leanas: -
Ar an gcéad dul síos, sa mheastóireacht ar shubstaintí gníomhacha a úsáidtear i
dtáirgí bithicíde, leantar an‑chuid de na modhanna agus de na prionsabail
a bhfuil feidhm acu freisin maidir le substaintí ceimiceacha atá á rialáil faoi
Rialachán REACH. Tá ceanglais sonraí chosúla i gceist leis an dá mheastóireacht
agus is le hinniúlacht dhíreach an ECHA a bhaineann an measúnú riosca ar na
substaintí sin, go háirithe i gcás ina mbíonn airíonna guaiseacha áirithe acu. -
Ina theannta sin, áirítear sa togra rialacha maidir le comhroinnt sonraí do tháirgí
bithicíde, atá curtha i gcomhréim le rialacha REACH anois agus lena ndéantar comhroinnt
sonraí a bhaineann le tástálacha ar ainmhithe veirteabracha éigeantach. Is iad
REACH agus an ECHA amháin a chuir na meicníochtaí agus na bunachair shonraí ar
bun cheana chun go bhféadfaí an chomhroinnt sin a dhéanamh. -
Gné thábhachtach eile a bhaineann leis an rogha sin is ea go bhfuil eolas faoi
tháirgí bithicíde ag cuid mhór d'fhoireann eolaíoch an ECHA cheana féin, tríd
an obair a rinne siad sa JRC agus in údaráis inniúla na mBallstát chomh maith
le hobair sa tionscal. -
Tá roinnt oibleagáidí faoi REACH cheana féin ar tháirgeoirí, úsáideoirí
iartheachtacha táirgí bithicíde, agus fiú ar an gCoimisiún. I gcomhréir le
foráil Airteagal 16 de Rialachán REACH, go háirithe, déanfar na sonraí atá
i seilbh an JRC agus a bhaineann le substaintí gníomhacha a bhfuil
meastóireacht á déanamh orthu sa chlár athbhreithniúcháin a chur ar fáil don
ECHA. Ar
na cúiseanna sin, as measc na roghanna eile atá ar fáil - gníomhaireacht nua, an
JRC, an EMEA nó an EFSA - táthar den tuairim gurb é an ECHA an rogha is éifeachtaí
ó thaobh sineirgíochtaí a d'fhéadfadh a bheith ann. Ina
theannta sin, maidir leis an bhfógra go gcuirfí deireadh ag deireadh 2013 leis
an tacaíocht a thugann an JRC don chlár athbhreithniúcháin ar shubstaintí
gníomhacha atá ann cheana, meastar go nglacfaidh an ECHA an ról sin chuici féin
ó 2014 ar aghaidh. Tá
an togra reachtach bunaithe sa chás sin ar an toimhde go ndéanfar roinnt
cúraimí de chineál eolaíoch agus teicniúil a bhaineann le measúnú ar
shubstaintí gníomhacha a úsáidtear i dtáirgí bithicíde agus ar tháirgí
bithicíde áirithe, a thabhairt don ECHA. Chun
na críche sin, beidh gá le hacmhainní airgeadais chun a áirithiú go mbeidh
leibhéal foirne iomchuí ag an ECHA agus go mbeidh an Ghníomhaireacht in ann an
méid cruinnithe is gá a thionól chun a tuairimí a thabhairt don Choimisiún. 1.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó
thaithí chosúil roimhe seo Tá
an togra bunaithe freisin ar chonclúidí staidéir a rinneadh in 2007 chun
anailís a dhéanamh ar laigí na Treorach reatha. Corpraíodh torthaí an staidéir sin
(atá ar fáil ar http://ec.europa.eu/environment/biocides/study.htm) i
dtuarascáil an Choimisiúin ar an tionchar a bheadh ag cur chun feidhme
Threoir 98/8/CE (atá ar fáil ar http://ec.europa.eu/environment/biocides/impl_report.htm). Sa
Mheasúnú Tionchair a rinne an Coimisiún déantar plé ar chúig shaincheist
beartais a dteastaíonn beart a dhéanamh ina leith: earraí agus ábhar a
chóireáiltear le táirgí bithicíde a áireamh faoi raon feidhme an Rialacháin;
nósanna imeachta chun táirgí a údarú a fheabhsú agus deis a thabhairt táirgí
áirithe a údarú ar leibhéal an Aontais; comhroinnt éigeantach sonraí a
thabhairt isteach agus na táirgí á n‑údarú agus na substaintí gníomhacha
á bhformheas de réir phrionsabail Rialachán REACH; soiléiriú maidir le
ceanglais sonraí agus meascán de tharscaoileadh sonraí agus an fhaisnéis atá
ann cheana a úsáid agus cur chuige nua i leith táirgí bithicíde a mbaineann
riosca íseal leo; páirt‑chomhchuibhiú struchtúr na dtáillí le go mbeidh
spreagadh ann tuilleadh substaintí gníomhacha nua a fhorbairt agus tuilleadh
substaintí gníomhacha atá ann cheana a choimeád. 1.5.4. Comhchuibheas agus
sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile Féach
1.5.2 1.6. Fad agus tionchar airgeadais ¨ Togra/tionscnamh d'fhad teoranta –
¨ Togra/tionscnamh i bhfeidhm ó [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB –
¨ Tionchar airgeadais ó BBBB go BBBB Togra/tionscnamh d’fhad neamhtheoranta[4] 1.7. Modhanna bainistíochta atá
beartaithe[5] X Bainistíocht dhíreach láraithe ag an
gCoimisiún X Bainistíocht indíreach láraithe trí na
cúraimí cur chun feidhme a tharmligean chuig: –
¨ gníomhaireachtaí feidhmiúcháin –
X comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail[6] –
¨ comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean
de sheirbhís phoiblí acu –
¨ daoine a bhfuil sé de chúram orthu gníomhaíochtaí ar leith a chur
chun feidhme de bhun Theideal V den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus atá
sainaitheanta sa ghníomh bunaidh ábhartha de réir bhrí Airteagal 49 den
Rialachán Airgeadais ¨ Bainistíocht chomhpháirteach leis na Ballstáit ¨ Bainistíocht dhíláraithe le tríú tíortha ¨ Comhbhainistíocht le
heagraíochtaí idirnáisiúnta (tabhair sonraí) I gcás ina sonraítear
níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí"
le do thoil. Nótaí Is ar sheirbhísí
an Choimisiúin a bheidh an fhreagracht iomlán as an reachtaíocht atá beartaithe
a chur chun feidhme agus a fhorghníomhú. Soláthróidh an Ghníomhaireacht Eorpach
Ceimiceán an tacaíocht eolaíoch agus theicniúil áfach. Beidh ar an ECHA, go
háirithe, tuairimí a sholáthar maidir le leibhéal an riosca a bheidh i gceist
le substaintí gníomhacha a úsáidtear i dtáirgí bithicíde chomh maith le
tuairimí maidir le húdaruithe a dheonú i leith táirgí bithicíde áirithe. Ní
sholáthróidh an ECHA ach tuairimí a ndéanfaidh an Coimisiún cinntí ar a mbonn. 2. BEARTA BAINISTÍOCHTA 2.1. Rialacha faireacháin agus
tuairiscithe Sonraigh cé chomh
minic agus na coinníollacha. D'fhonn
meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn i gcur chun feidhme an bheartais
nua agus ar na héifeachtaí a bhaineann leis, baileofar agus déanfar
monatóireacht go tráthrialta ar na táscairí atá leagtha amach in 1.4.4. Déanfar
é sin, den chuid is mó, mar chuid de ghnáthghníomhaíocht an ECHA ar bhonn
bliantúil. Ina theannta sin, cuirfidh na Ballstáit tuarascáil
faoi bhráid an Choimisiúin gach trí bliana, tuarascáil ar fhorghníomhú agus ar
bhearta rialaithe agus ar thorthaí na mbeart sin. Tarraingeoidh
an Coimisiún suas tuarascáil freisin ar chur chun feidhme an Rialacháin agus,
go háirithe, ar fheidhmiú nós imeachta an Aontais um údarú agus ar chur chun
feidhme na bhforálacha a bhaineann le hearraí cóireáilte. 2.2. Córas bainistíochta agus
rialaithe 2.2.1. Na rioscaí a aithníodh Ós
rud é go gcuirfeadh téacs na Comhairle méadú mór ar obair an ECHA agus an
Choimisiúin, bheadh gá le hacmhainní breise a chur ar fáil chun na cúraimí
breise a chomhlíonadh. Cuirtear
acmhainní breise ar fáil leis an ráiteas airgeadais leasaithe seo. Beidh gá
monatóireacht a dhéanamh ar an gcás le himeacht ama, áfach, le feiceáil an
bhfreagraíonn na hacmhainní sin mar is cóir do na cúraimí breise sin. 2.2.2. Modhanna rialaithe atá
beartaithe Mar
a tugadh le fios i Roinn 2.1, ullmhóidh an ECHA tuarascáil bhliantúil ar an dul
chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an bheartais nua agus ar na
héifeachtaí atá aige. Ullmhóidh na Ballstáit freisin tuarascáil gach trí bliana
ar fhorghníomhú agus ar bhearta rialaithe. Úsáidfidh an Coimisiún an fhaisnéis
sin chun an tuarascáil ar chur chun feidhme an Rialacháin a ullmhú. Sa
bhreis air sin, i bhfianaise líon na dtoimhdí agus an méid neamhchinnteachta a
bhaineann leis na ríomhaireachtaí éagsúla atá mar bhonn leis an ráiteas
airgeadais, beidh gá athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar leibhéil foirne an
ECHA agus an méid gníomhaíochtaí atá ann i ndáiríre a chur san áireamh. 2.3. Bearta chun calaois agus
neamhrialtachtaí a chosc Sonraigh bearta
coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. De
bhonn Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002, tá meicníochtaí agus
nósanna imeachta sonracha a bhaineann le rialú an bhuiséid ag an
nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán. Soláthraíonn
Bord Bainistíochta an ECHA, a bhfuil ionadaithe ó na Ballstáit, ón gCoimisiún
agus ó Pharlaimint na hEorpa air (Airteagal 79(1) de Rialachán REACH),
meastachán ar ioncam agus ar chaiteachas an ECHA (Airteagal 96(5)) agus
glacann sé an buiséad críochnaitheach (Airteagal 96(9)). Gach bliain,
seoltar na cuntais shealadacha agus chríochnaitheacha chuig Cúirt Iniúchóirí na
hEorpa (mír 4 agus mír 7 d'Airteagal 97). Tugann Parlaimint na
hEorpa urscaoileadh do Stiúrthóir Feidhmiúcháin an ECHA maidir le cur chun
feidhme an bhuiséid (Airteagal 97(10)). D'fhonn
calaois, éilliú agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile a chomhrac, tá feidhm
gan srian maidir leis an ECHA ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999
maidir le himscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise
(OLAF), i gcomhréir le hAirteagal 98(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006. I
gcomhréir le hAirteagal 98(2), tá an ECHA faoi cheangal freisin ag Comhaontú
Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe
inmheánacha a dhéanann an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise (OLAF). 3. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A
BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 3.1. Ceannteidil an chreata
airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid ar a n‑imrítear tionchar · Línte buiséid atá ann cheana Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil || Líne buiséid || Saghas caiteachais || Ranníocaíocht Uimhir [Tuairisc………………………...……….] || LD/LN ([7]) || ó thíortha an CSTE[8] || ó thíortha is iarrthóirí[9] || ó thríú tíortha || de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais 2 || 07 03 60 01 An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán - Gníomhaíochtaí i réimse na reachtaíochta bithicídí - Ranníocaíocht le Teidil 1 agus 2 de Cheannteideal 2 || LD || TÁ || NÍL || NÍL || NÍL 2 || 07 03 60 02 An Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán - Gníomhaíochtaí i réimse na reachtaíochta bithicídí - Ranníocaíocht le Teideal 3 de Cheannteideal 2 || LD || TÁ || NÍL || NÍL || NÍL Leis na línte buiséid sin, clúdófar caiteachas
an ECHA ar fhoireann agus ar riarachán (teideal 1 agus teideal 2)
agus caiteachas oibríochtúil an ECHA (teideal 3) maidir leis na gníomhaíochtaí
atá le cur i gcrích i réimse na dtáirgí bithicíde i gcomhréir leis an Rialachán
seo, mar chuid den fhóirdheontas bliantúil don Ghníomhaireacht Eorpach
Ceimiceán (ECHA) ó bhuiséad an Aontais (sa bhreis ar na leithreasaí a
dheonaítear faoi línte buiséid 02 03 03 01 agus 02 03 03 02 chun gníomhaíochtaí
Rialachán REACH (CE) Uimh. 1907/2006 agus Rialachán CLP (CE) Uimh. 1272/2008
a mhaoiniú). · Níl aon línte buiséid nua á n‑iarraidh 3.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ar chaiteachas 3.2.1. Achoimre ar an tionchar a
mheastar a bheidh ar chaiteachas EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 2 || Caomhnú agus bainistiú acmhainní nádúrtha (lena n‑áirítear caiteachas ar mhargaí agus íocaíochtaí díreacha) DG: ENV || || || 2012[10] || 2013 || Ní bhaineann na meastacháin ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí ach leis an gcláreagrú airgeadais reatha go dtí 2013. || IOMLÁN Leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || || || || Uimhir na líne buiséid: 07 03 60 01 || Oibleagáidí || (1) || 1,507 || 4,050 || 5,557 Íocaíochtaí || (2) || 1,507 || 4,050 || 5,557 Uimhir na líne buiséid: 07 03 60 02 || Oibleagáidí || (1a) || 1,249 || 2,302 || 3,551 Íocaíochtaí || (2a) || 1,249 || 2,302 || 3,551 Leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chiste clár sonrach[11] || || || Uimhir na líne buiséid || || (3) || || || IOMLÁN leithreasaí i gcomhair DG ENV || Oibleagáidí || =1+1a +3 || 2,756 || 6,352 || 9,108 Íocaíochtaí || =2+2a +3 || 2,756 || 6,352 || 9,108 IOMLÁN leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí || Oibleagáidí || (4) || 2,756 || 6,352 || || || || 9,108 Íocaíochtaí || (5) || 2,756 || 6,352 || || || || 9,108 IOMLÁN leithreasaí de chineál riaracháin arna maoiniú ó chiste clár sonrach || (6) || || || || || || IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 2 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || =4+ 6 || 2,756 || 6,352 || || || || 9,108 Íocaíochtaí || =5+ 6 || 2,756 || 6,352 || || || || 9,108 Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: || 5 || Caiteachas riaracháin EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || || || 2012 || 2013 || Ní bhaineann na meastacháin ar leithreasaí riaracháin ach leis an gcláreagrú airgeadais reatha go dtí 2013. || IOMLÁN DG: ENV || Acmhainní daonna || || || || Caiteachas riaracháin eile || 0,204 || 0,204 || 0,408 IOMLÁN DG ENV || Leithreasaí || 0,204 || 0,204 || 0,408 IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || (Iomlán oibleagáidí = Iomlán íocaíochtaí) || 0,204 || 0,204 || || 0,408 EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || || || 2012 || 2013 || Ní bhaineann na meastacháin ar iomlán na leithreasaí ach leis an gcláreagrú airgeadais reatha go dtí 2013. || IOMLÁN IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDIL 1 go 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || Oibleagáidí || 2,960 || 6,556 || || 9,516 Íocaíochtaí || 2,960 || 6,556 || 9,516 3.2.2. An tionchar a mheastar a
bheidh ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí faoi
chomhair oibríochtaí –
X Éilíonn an togra/an tionscnamh go n‑úsáidfear
leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí mar a mhínítear thíos: Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in
EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Sonraigh cuspóirí agus aschuir ò || || || 2012 || 2013 || Ní bhaineann na meastacháin ar leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí ach leis an gcláreagrú airgeadais reatha go dtí 2013. || IOMLÁN ASCHUIR Saghas aschuir[12] || Meánchostas an aschuir || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon na n‑aschur || Costas || Líon iomlán na n‑aschur || Costas iomlán CUSPÓIR SONRACH Uimh. 1: Tacaíocht eolaíoch agus theicniúil ón ECHA || Féach Foscríbhinn 1 chun miondealú mionsonraithe a fháil ar chostais an ECHA agus Foscríbhinn 2 do na príomhthoimhdí bunúsacha. COSTAS IOMLÁN || || 2,756 || || 6,352 || || || || || || || || || || || || 9,108 3.2.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar leithreasaí de chineál riaracháin 3.2.3.1. Achoimre –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasaí de
chineál riaracháin –
X Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear
leithreasaí de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos: EUR milliúin (go
dtí an 3ú deachúil) || 2012 || 2013 || Ní bhaineann na meastacháin ar leithreasaí riaracháin ach leis an gcláreagrú airgeadais reatha go dtí 2013. || IOMLÁN CEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || || || || Acmhainní daonna || || || || 07 01 02 11 01 – Misin || 0,024[13] || 0,024 || || 07 01 02 11 03 – Coistí || 0,180[14] || 0,180 || || Caiteachas riaracháin eile || || || || Fo-iomlán CHEANNTEIDEAL 5 den chreat airgeadais ilbhliantúil || 0,204 || 0,204 || || 0,408 Beidh gá le hacmhainní breise chun
rannpháirtíocht i gcruinnithe a reáchtálfar san ECHA a chlúdach agus chun
tuilleadh cruinnithe den Bhuanchoiste um Tháirgí Bithicíde a eagrú. IOMLÁN || 0,204 || 0,204 || || 0,408 3.2.3.2. Na hacmhainní daonna a mheastar
a bheidh riachtanach –
¨ Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna –
X Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear
acmhainní daonna mar a mhínítear thíos: Sloinnfear an meastachán i méideanna iomlána
(nó go dtí an 1ú deachúil ar a mhéad) || || 2012 || 2013 || Ní bhaineann na meastacháin ar acmhainní daonna ach leis an gcláreagrú airgeadais reatha go dtí 2013. Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus gníomhairí sealadacha) || || 07 01 01 01 (Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin) || 0 || 3 || || XX 01 01 02 (Toscaireachtaí) || || || || XX 01 05 01 (Taighde indíreach) || || || || 10 01 05 01 (Taighde díreach) || || || || Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE)[15] || || XX 01 02 01 (CA, INT, SNE ón “clúdach iomlánaíoch") || || || || XX 01 02 02 (CA, INT, JED, LA agus SNE sna Toscaireachtaí) || || || || XX 01 04 yy[16] || - sa Cheanncheathrú[17] || || || || - i dtoscaireachtaí || || || || XX 01 05 02 (CA, INT, SNE - Taighde indíreach) || || || || 10 01 05 02 (CA, INT, SNE - Taighde díreach) || || || || Línte buiséid eile (sonraigh) || || || || IOMLÁN || 0 || 3 || Ní bheidh gá le foireann bhreise in 2012.
Beidh gá le trí phost bhreise in 2013. Cuirfear na poist sin ar fáil trí ath‑imlonnú
inmheánach foirne. Féach Foscríbhinn IV chun miondealú mionsonraithe a
fháil. Cur síos ar na
cúraimí a bheidh le déanamh: Oifigigh agus gníomhairí sealadacha || Beidh gá le foireann bhreise chun na tuairimí a fhaightear ón ECHA a phróiseáil agus cinntí ón gCoimisiún a dhéanamh de na tuairimí sin trí ghníomhartha tarmligthe agus trí ghníomhartha cur chun feidhme. Pearsanra seachtrach || 3.2.4. Comhoiriúnacht don chreat
airgeadais ilbhliantúil reatha –
¨ Tá an togra/tionscnamh comhoiriúnach don chreat airgeadais
ilbhliantúil reatha. –
X Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa
chreat airgeadais ilbhliantúil ag gabháil leis an togra/tionscnamh seo. Mínigh an cineál athchláraithe a bhfuil gá leis, agus
sonraigh na línte buiséid lena mbaineann agus na méideanna comhfhreagracha. EUR 2 960 mill. in 2012 (EUR 1 507
mill. don líne buiséid 07 03 60 01 agus EUR 1 249 mill. don líne
buiséid 07 03 60 02) EUR 6 556 mill. in 2013 (EUR 4 050
mill. don líne buiséid 07 03 60 01 agus EUR 2 302 mill. don líne
buiséid 07 03 60 02) –
¨ Éilíonn an togra/tionscnamh go gcuirfear an ionstraim sholúbthachta i
bhfeidhm nó go ndéanfar athbhreithniú ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil[18]. 3.2.5. Ranníocaíochtaí ó thríú
páirtithe –
Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh maidir le
cómhaoiniú le tríú páirtithe. 3.3. An tionchar a mheastar a
bheidh ar ioncam –
X Níl tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar
ioncam. –
¨ Tá an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh: –
¨ ar acmhainní dílse –
¨ ar ioncam ilghnéitheach Níl aon tionchar ar
thaobh an ioncaim i mbuiséad an Aontais. Foráiltear i mbuiséad an ECHA go
mbeidh a ioncam féin aige ó na táillí a íocfaidh lucht tionscail, agus tá
údarás ag an ECHA na táillí sin a bhailiú de bhua na gcúraimí a shanntar dó
faoin Rialachán seo, agus go mbeidh fóirdheontas cothromaíochta ó bhuiséad an
Aontais ina chuid den ioncam sin freisin. Foráiltear
leis an togra go ngearrfadh an ECHA táillí (féach Foscríbhinn II), go
háirithe as substaintí gníomhacha a fhormheas agus as formheas a athnuachan, as
meastóireacht a dhéanamh ar iarratas ar tháirgí bithicíde áirithe a údarú ar
leibhéal an Aontais, ar údarú a mhodhnú nó a athnuachan, agus táille bhliantúil
a íocfar le sealbhóirí údaruithe an Aontais agus táille taiscthe a íocfaidh
gach iarratasóir as an gcéad údarú náisiúnta ar tháirge. Cé
go meastar go mbeidh na gníomhaíochtaí a bhaineann le substaintí gníomhacha a
fhormheas agus táirgí bithicíde a údarú féinmhaoinithe tar éis cúpla bliain, d'fhéadfadh
go mbeadh gá fós le fóirdheontas cothromaíochta ó bhuiséad an Aontais, i gcás
nach gclúdóidh struchtúr na dtáillí na speansais. Bunaíodh
an bhileog airgeadais reatha ar an tuiscint nach gclúdódh na táillí
gníomhaíochtaí áirithe: –
Tuairimí a ullmhú maidir le ceisteanna a
atreoraítear chuig an ECHA de bhua Airteagal 30 den togra, i gcás ina
mbeadh easaontas ann idir Bhallstáit le linn nós imeachta maidir le haitheantas
frithpháirteach –
Cúraimí a bhaineann le comhroinnt sonraí agus
rúndacht –
Doiciméid treorach ghinearálta agus shonracha a
chur le chéile –
Clár Athbhreithniúcháin na substaintí atá ann
cheana a chríochnú –
Laghduithe d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide (mar
atá molta i bpointe (a) d'Airteagal 70(2)) –
Cúraimí eile ar de leas an Aontais iad agus nach
gclúdaíonn na táillí Éilíonn an togra freisin
go ndéanfar idirdhealú soiléir i mbuiséad an ECHA idir gníomhaíochtaí a bheidh
le cur i gcrích i gcomhréir le forálacha Rialachán REACH agus na cúraimí nua
agus breise a thig as an togra seo. Dá thoradh sin, ní mór do chóras
cuntasaíochta na Gníomhaireachta caiteachas agus ioncam de bharr na gcúraimí
breise sin a shainaithint go soiléir. Foscríbhinn I
Dréachtbhuiséad don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (in euro)
Cúraimí a bhaineann le táirgí bithicíde || 2012 || 2013 || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || 2021 Caiteachas || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || Teideal 1 || || || || || || || || || || Tuarastail agus liúntais || 1.014.600 || 4.109.400 || 6.388.100 || 6.568.500 || 6.708.000 || 7.565.300 || 8.168.600 || 9.786.900 || 12.530.100 || 13.774.200 Costais eile phearsanra* || 157.300 || 637.000 || 990.200 || 1.018.100 || 1.039.700 || 1.172.600 || 1.266.100 || 1.517.000 || 1.942.200 || 2.135.000 || || || || || || || || || || Iomlán Theideal 1 || 1.171.900 || 4.746.400 || 7.378.300 || 7.586.600 || 7.747.700 || 8.737.900 || 9.434.700 || 11.303.900 || 14.472.300 || 15.909.200 || || || || || || || || || || Teideal 2* || || || || || || || || || || 20 Foirgnimh a fháil ar cíos agus costais ghaolmhara || 173.600 || 703.100 || 1.093.000 || 1.123.900 || 1.147.800 || 1.294.500 || 1.397.700 || 1.674.600 || 2.144.000 || 2.356.800 21 Teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide || 115.100 || 466.100 || 724.500 || 745.000 || 760.800 || 858.100 || 926.500 || 1.110.000 || 1.421.200 || 1.562.300 22 Maoin shochorraithe agus costais ghaolmhara || 24.000 || 97.300 || 151.300 || 155.500 || 158.800 || 179.100 || 193.400 || 231.700 || 296.700 || 326.100 23 Caiteachas riaracháin reatha || 21.900 || 88.800 || 138.100 || 142.000 || 145.000 || 163.500 || 176.600 || 211.500 || 270.800 || 297.700 25 Caiteachas ar chruinnithe || 400 || 1.700 || 2.700 || 2.800 || 2.800 || 3.200 || 3.500 || 4.100 || 5.300 || 5.800 || || || || || || || || || || Iomlán Theideal 2 || 335.000 || 1.357.000 || 2.109.600 || 2.169.200 || 2.215.200 || 2.498.400 || 2.697.700 || 3.231.900 || 4.138.000 || 4.548.700 || || || || || || || || || || Teideal 3* || || || || || || || || || || 3003-3006 Substaintí, táirgí agus coibhéis theicniúil || 7.400 || 15.900 || 24.200 || 24.700 || 25.300 || 28.200 || 30.600 || 35.300 || 45.100 || 49.800 3007 Cúnamh agus treoir ón deasc chabhrach || 50.000 || 59.500 || 90.800 || 92.400 || 94.600 || 105.400 || 114.500 || 132.200 || 169.000 || 186.500 3008 Uirlisí TF eolaíocha** || 1.000.000 || 1.700.000 || 400.000 || 400.000 || 400.000 || 400.000 || 400.000 || 400.000 || 400.000 || 400.000 3009 Comhairle eolaíoch agus theicniúil d'institiúidí agus comhlachtaí an AE || 8.300 || 17.900 || 27.300 || 27.800 || 28.400 || 31.700 || 34.400 || 39.700 || 50.800 || 56.000 3011 An Coiste um Tháirgí Bithicíde || 0 || 1.131.200 || 1.171.200 || 1.086.900 || 1.197.800 || 1.235.800 || 1.287.000 || 1.345.000 || 1.302.800 || 1.480.600 3011 Táillí íoctha le rapóirtéirí || 0 || 56.000 || 111.000 || 271.000 || 275.000 || 444.800 || 452.600 || 474.000 || 874.000 || 880.000 3012 Bord achomhairc || 0 || 22.400 || 34.200 || 34.900 || 35.700 || 39.800 || 43.200 || 49.900 || 63.800 || 70.300 3013 Cumarsáid lena n‑áirítear aistriúcháin || 100.000 || 300.000 || 200.000 || 200.000 || 200.000 || 200.000 || 200.000 || 200.000 || 200.000 || 200.000 3022 Bord Bainistíochta agus bainistiú na Gníomhaireachta || 44.300 || 95.500 || 145.600 || 148.300 || 151.800 || 169.200 || 183.700 || 212.100 || 271.200 || 299.200 3030 Misin || 25.000 || 25.800 || 39.300 || 40.000 || 41.000 || 45.700 || 49.600 || 57.200 || 73.200 || 80.800 3031 Oiliúint sheachtrach || 3.700 || 8.000 || 12.300 || 12.500 || 12.800 || 14.200 || 15.500 || 17.900 || 22.800 || 25.200 38 Gníomhaíochtaí idirnáisiúnta || 10.900 || 46.900 || 71.500 || 72.800 || 74.500 || 83.000 || 90.200 || 104.100 || 133.100 || 146.900 || || || || || || || || || || Iomlán Theideal 3 || 1.249.600 || 3.479.100 || 2.327.400 || 2.411.300 || 2.536.900 || 2.797.800 || 2.901.300 || 3.067.400 || 3.605.800 || 3.875.300 || || || || || || || || || || Costas || 2.756.500 || 9.582.500 || 11.815.300 || 12.167.100 || 12.499.800 || 14.034.100 || 15.033.700 || 17.603.200 || 22.216.100 || 24.333.200 || || || || || || || || || || Ioncam || || || || || || || || || || || || || || || || || || || || Fóirdheontas an Aontais || 2.756.500 || 6.351.800 || 4.936.800 || 3.151.800 || 3.053.000 || 1.842.200 || 1.974.600 || 2.954.300 || -322.800 || -1.386.400 Ioncam táillí na gníomhaireachta || 0 || 3.230.700 || 6.878.500 || 9.015.300 || 9.446.800 || 12.191.900 || 13.059.100 || 14.648.900 || 22.538.900 || 25.719.600 Ioncam a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad bhliain eile || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || 0 || || || || || || || || || || Costas || 2.756.500 || 9.582.500 || 11.815.300 || 12.167.100 || 12.499.800 || 14.034.100 || 15.033.700 || 17.603.200 || 22.216.100 || 24.333.200 *Baineann sé le costais foirne (bunaithe ar bhuiséad an
ECHA 2011 **Idir 2014 agus 2021, costais chothabhála bhliantúla
atá socraithe ag 20 % de na chéad chostais forbartha Foscríbhinn II
An modh a cuireadh i bhfeidhm agus na príomhthoimhdí bunúsacha do mhúnla
airgeadais na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán maidir le gníomhaíochtaí a
bhaineann le bithicídí Tráth an chomhaontaithe pholaitiúil, rinne an
Coimisiún ráiteas inar thug sé chun suntais go gciallódh téacs na Comhairle
méadú suntasach ar obair an ECHA agus an Choimisiúin agus go mbeadh gá le
hacmhainní breise chun na cúraimí breise a bheadh le déanamh a chomhlíonadh. A fhad a bhaineann le ról an ECHA, tá roinnt
athruithe tábhachtacha tugtha isteach le comhaontú polaitiúil na Comhairle i gcomparáid
leis an gcéad togra ón gCoimisiún: · tá raon feidhme nós imeachta láraithe an AE maidir le húdarú táirgí
méadaithe go mór, rud a chiallóidh go mbeidh ar an nGníomhaireacht – agus ar an
gCoimisiún – i bhfad níos mó iarratas a phróiseáil ná mar a bhí tuartha i
dtosach; · beidh páirt níos mó ag an ECHA i gcomhroinnt sonraí d'fhonn tástálacha
dúbailte ar veirteabraigh a sheachaint agus iarrfar air freisin cinntí a
dhéanamh maidir le "coibhéis theicniúil" substaintí gníomhacha
cosúla; · tá sé aitheanta go sainráite anois go gcuirfidh an ECHA an rúnaíocht ar
fáil don ghrúpa comhordaithe atá i bhfeighil an aitheantais fhrithpháirtigh; · beidh an ECHA freagrach as cothabháil an Chláir um Tháirgí Bithicíde
agus beidh faisnéis ann freisin atá tábhachtach ó thaobh comhroinnte sonraí de; ·
ní bhfaighidh an ECHA ach na táillí a theastaíonn
dá chuid oibre lena n‑áirítear feidhmiú an Choiste um Tháirgí Bithicíde.
Gearrfaidh na Ballstáit a dtáillí féin, lena n‑áirítear aon uair atá siad
ag gníomhú mar Bhallstát atá i mbun meastóireachta ar iarratas ar leibhéal an
AE. Cuirfear an t‑ualach oibre breise a
bheidh ar an ECHA agus ar an gCoimisiún san áireamh sa bhileog airgeadais
leasaithe seo. Cuirtear san áireamh freisin sa bhileog
airgeadais leasaithe seo an sceidealú leasaithe maidir leis an Rialachán a
ghlacadh. Ós rud é go bhfuil súil anois go nglacfar an Rialachán am éigin i lár
2012, rinneadh na leibhéil foirne don bhliain 2012 a choigeartú dá réir sin. Beidh gá le 19 mball foirne in 2012 agus le 59 in 2013 agus tá súil go
mbeidh 110 ball foirne ann faoi 2021 (tá sonraí breise le fáil i bhFoscríbhinn III). Cúiteofar an chuid is mó de chostais bhreise acmhainní an ECHA leis an ioncam
breise a gheofar ó na táillí. Mar sin féin, beidh gá le fóirdheontas ón AE sna
blianta tosaigh chun an bhearna a líonadh go dtí go mbeidh dóthain ioncaim á
shaothrú ó tháillí. Beidh costais mhóra infheistíochta ar an ECHA freisin chun
an córas TF a mbeidh gá leis chun an sreabhadh faisnéise idir na hiarratasóirí,
an Ghníomhaireacht, na Ballstáit, an Coimisiún agus an pobal i gcoitinne a
ionramháil. Cé go n‑aithnítear go bhfuil srianta
diana airgeadais ar an Aontas faoi láthair, ní bheadh sé réadúil cúraimí breise
a chur ar an ECHA ná ar an gCoimisiún gan na hacmhainní a theastódh chun na
cúraimí breise sin a chomhlíonadh a leithdháileadh orthu. Costais Theideal 1 (costais foirne) Toisc go bhfuil ról suntasach ag an JRC in
Ispra faoi láthair i bhfeidhmiú chlár athbhreithniúcháin na substaintí
gníomhacha a úsáidtear i dtáirgí bithicíde a bunaíodh le Treoir 98/8/CE, tá
taithí shuntasach acu maidir le cé chomh fada is a thógann sé cúraimí áirithe a
chur i gcrích agus cén saghas acmhainní a theastódh chun iad a chur i gcrích
(idirdhealú idir catagóirí foirne éagsúla). Forbraíodh múnla foirne i gcomhair fheidhmiú
na ngníomhaíochtaí a bhaineann le bithicídí bunaithe ar an taithí seo agus ar
an múnla a forbraíodh i gcomhair fheidhmiú REACH. Is é toradh an mhúnla foirne
sin an méid foirne (de réir gráid) is gá in aon bhliain áirithe amháin chun
cúraimí an ECHA a chur i gcrích (cúraimí oibríochtúla na reachtaíochta bithicídí).
Le cois an lín foirne sin, tá riachtanais
bhreise acmhainní daonna curtha leis a bhaineann leis na hacmhainní sin a
bhainistiú agus a thraenáil, agus cuirfear barainneachtaí scála san áireamh ar
féidir iad a bhaint amach, go háirithe, i gcúraimí tacaíochta agus san
fhoireann a thagann ó shocruithe a bunaíodh cheana i gcomhair chur chun feidhme
Rialachán REACH (e.g. caidreamh idirnáisiúnta, cumarsáid sheachtrach, seirbhísí
na deisce cabhrach, an Rannóg Dlí, Iniúchadh agus Rialú Inmheánach, Acmhainní
Daonna, Airgeadas, Teicneolaíocht Faisnéise agus Bainistiú Foirgneamh).
Bunaithe ar chóimheas foirne an ECHA atá ann faoi láthair, tá na hacmhainní
breise sin cothrom le 30 % díobh siúd is gá chun na cúraimí oibríochtúla a
bhaineann le reachtaíocht bhithicídí a chur i gcrích. Maidir leis an bhfoireann eolaíochta, tá an
cóimheas i gcéatadán de ghráid AD agus AST i gcomhréir le múnla foirne REACH.
Mar is amhlaidh i gcás na mball foirne a chuireann cúraimí a bhaineann le REACH
i gcrích, tá call le líon níos airde de bhaill foirne AD ná AST a bheith ann
mar gheall ar chastacht na gcúraimí eolaíochta. I gcás 2012, moltar go bhféadfadh an ECHA
foireann a earcú chun an réamhobair a dhéanamh roimh an dáta a dtiocfaidh
cúraimí an ECHA a bhaineann le táirgí bithicíde i ngníomh. Ó 2013 ar aghaidh, bheadh an ECHA ansin
freagrach as na cúraimí éagsúla atá leagtha síos sa togra. Ó 2014 ar aghaidh, dhéanfaí an fhreagracht as
comhordú chlár athbhreithnithe na substaintí gníomhacha atá ann cheana a
aistriú ón JRC chuig an ECHA. Bheadh acmhainní breise ag teastáil ón ECHA, dá
bhrí sin, chun an cúram breise seo a chur i gcrích. Ar bhonn na dtoimhdí
reatha, bheadh cúigear oifigeach eolaíochta breise ag teastáil ón ECHA chun an
cúram sin a chur i gcrích (d'fhéadfaí iad a earcú cheana sa dara seimeastar den
bhliain 2013 chun na gníomhaíochtaí a ullmhú agus chun aistriú rianúil a
áirithiú). Cuireadh san áireamh freisin, bunaithe ar an ráta reatha nuair nach
gcuireann na Ballstáit críoch ach le beagán faoi bhun 30 comhad sa bhliain, go
mairfeadh an Clár Athbhreithniúcháin go dtí 2024, ag glacadh leis go méadódh an
ráta meastóireachta go dtí 50 comhad a chríochnófaí in aghaidh na bliana ós rud
é go bhféadfaí comhaid áirithe a ghrúpáil i gcás substaintí a áirítear faoi
níos mó ná cineál amháin táirge. Tá an plean bunaíochta atá beartaithe i ndáil
leis an togra seo leagtha amach i bhFoscríbhinn III. Cuirtear san áireamh
sa bhuiséad atá leagtha amach i bhFoscríbhinn I foireann bhuan nó foireann
shealadach (i.e. atá sa phlean bunaíochta) agus gníomhairí ar conradh (déantar
iad a áireamh do na costais foirne ach ní áirítear iad sa phlean bunaíochta). Iolraíodh na
hacmhainní ar fad a ríomhadh faoin meánchostas bliantúil de réir gráid agus
fuarthas na costais foirne iomlána uaidh sin. Ina theannta sin, cuireadh i
bhfeidhm an fachtóir ualaithe i gcás Heilsincí (121.3 % – coigeartú i
leith an chostais mhaireachtála is infheidhme maidir le gach ball foirne) agus
innéacsú bliantúil 2 %. Glactar leis go
bhfuil na costais phearsanra eile i dTeideal 1 in ionannas le 15.5 % de na
costais tuarastail d'fhoireann bhuan/shealadach bunaithe ar an gcóimheas reatha
idir Airteagail 110, 111, 119 agus Airteagail eile Theideal 1 de bhuiséad
2011 na Gníomhaireachta. Meánchostais
fheidhmeacha ar fhoireann bhuan/shealadach de réir gráid in aghaidh na bliana
(foinse: ECHA) Grád || Tuarastal AD 13 || 243.156 AD 12 || 195.900 AD 5-11 || 120.288 AST 7-11 || 104.778 AST 1-6 || 66.872 Meánchostais
fheidhmeacha ar ghníomhairí ar conradh de réir grúpa feidhme (GF) in aghaidh na
bliana (foinse: ECHA) Grád || Tuarastal GF IV || 55.632 GF III || 54.648 GF II || 34.992 Ar mhaithe leis an líon foirne atá ag teastáil
a ríomh is gá glacadh leis go mbeadh gá leis na hacmhainní seo a leanas in
aghaidh na bliana: –
oifigeach deisce amháin do gach 8 n‑iarratas
ar údarú táirge; –
oifigeach deisce amháin do gach 8 n‑iarratas
ar mheastóireacht ar shubstaint ghníomhach nua; –
oifigeach deisce amháin do gach 20 iarratas ar
choibhéis theicniúil a shuíomh; –
oifigeach deisce amháin do gach 30 iarratas ar
leasú ar údarú táirge atá ann cheana; –
oifigeach deisce amháin do gach 20 tuairim arna n‑iarraidh
i gcás easaontais maidir le haitheantas frithpháirteach. Costais
Theideal 2 (caiteachas ar fhoirgnimh, ar threalamh agus caiteachas
ilghnéitheach oibriúcháin) Tá gach caiteachas ar
fhoirgnimh, ar threalamh, ar throscán, ar TF agus gach caiteachas riaracháin
eile i gcomhréir le líon na foirne a theastaíonn agus glactar leis go bhfuil
siad in ionannas le 28.6 % d'iomlán Theideal 1 bunaithe ar an gcóimheas
reatha idir Teideal 1 agus Teideal 2 de bhuiséad na Gníomhaireachta 2011. Costais Theideal 3 (caiteachas oibriúcháin) Is é an costas is mó faoin gcaiteachas
oibriúcháin ginearálta an caiteachas a bhaineann leis an gCoiste um Tháirgí
Bithicíde. EUR 70 000 an meánchostas reatha ar chruinniú trí lá de
Choiste Bhallstáit an ECHA. Ar na costais a bhaineann leis an gCoiste um
Tháirgí Bithicíde agus a ghrúpaí saineolaithe tá aisíoc na gcostas taistil agus
óstáin agus liúntais lae de réir rátaí an Choimisiúin is infheidhme faoi
láthair. Is 17 lá cruinnithe in aghaidh na bliana atá
socraithe don Choiste um Tháirgí Bithicíde in 2013. Méadóidh líon na gcruinnithe
ina dhiaidh sin chun an méadú comhréireach ar líon na dtuairimí a bheidh le
tabhairt a chur san áireamh. Tá na costais a bhaineann le cruinnithe
foghrúpaí curtha san áireamh freisin, ag glacadh leis gur 4 fhoghrúpa a bheadh
ann a thionólfadh 7 n‑uaire sa bhliain ar an meán ar feadh dhá lá agus go
mbeadh 15 saineolaí i láthair (2013 agus 2014). Méadóidh líon na gcruinnithe
ina dhiaidh sin chun an méadú comhréireach ar líon na dtuairimí a bheidh le
tabhairt a chur san áireamh. Níl aon chúiteamh curtha san áireamh do
chruinnithe an Ghrúpa Comhordaithe, ós rud é go n‑eagrófar na cruinnithe
sin san ECHA taobh le cruinnithe an Choiste um Tháirgí Bithicíde. Sna chéad bhlianta tar éis don Rialachán
teacht i bhfeidhm beidh gá le feasacht a ardú chun cuideachtaí a chur ar an
eolas faoina gcuid freagrachtaí agus beidh gá feachtas ar leith a phleanáil
agus a chur i ngníomh. Cé go bhfuil na riachtanais foirne don ghníomhaíocht sin
féin cuimsithe ag an bhfoireann chomhthreomhar agus ag an bhfoireann tacaíochta
beidh gá le buiséad freisin chun an costas a bhaineann le himeacht amháin ar a
laghad a chumhdach (EUR 100 000); táirgeadh agus aistriúchán (go 22
teanga) de Threoirleabhar, de lámhleabhar TF, d'fhoilseacháin shimplí ina
dtugtar míniú ar an reachtaíocht agus na himpleachtaí a bhaineann léi (EUR 400 000);
seimineáir ghréasáin do chuideachtaí (EUR 10 000); fógraíocht agus
tacaíocht caidrimh phoiblí (EUR 80 000); agus suirbhé tagarmharcála
ag tús an fheachtais chun críocha meastóireachta (EUR 10 000). Tá na
costais a bhaineann leis na gníomhaíochtaí sin cumhdaithe faoi bhuiséad an Choimisiúin
sna blianta 2012, 2013 agus 2014. Léiríonn na costais a bhaineann le misin na
gníomhaíochtaí éagsúla (tacaíocht do sheirbhísí an Choimisiúin, forbairt TF,
faireachán ar an gclár athbhreithniúcháin reatha, ardú feasachta) a mbeidh gá
acu le dlúth‑theagmháil le seirbhísí an Choimisiúin, le húdaráis inniúla
sna Ballstáit, le lucht tionscail agus le páirtithe leasmhara eile. Léiríonn na costais TF na riachtanais a bheidh
ann amach anseo. Beidh gá le EUR 1 milliún agus EUR 1.7 milliún
in 2012 agus 2013 faoi seach i ngeall ar an gcastacht atá sna hidirbhearta, ar
líon na n‑úsáideoirí gníomhacha agus na heilimintí nua. I ngeall air sin,
bheadh suimeanna na todhchaí cothrom le EUR 400 000 in aghaidh na
bliana ó tharla gur cheart na costais chothabhála a ríomh mar 20 % den
infheistíocht tosaigh. Tá call cuí leis an leibhéal cothabhála sin, go háirithe
ó tharla nach bhfuil sé réadúil glacadh leis go mbeidh córas cobhsaí ann gan go
leor eilimintí a bheidh ag athrú tar éis na hinfheistíochta tosaigh. Chun speansais an ECHA a ríomh, glacadh leis
freisin go n‑íocfaí 12.5 % den táille a íocadh leis an ECHA ar ais
leis an Rapóirtéir a bheidh i gceannas ar chomhordú an athbhreithnithe piaraí
ar an meastóireacht eolaíoch a rinne an t‑údarás inniúil a bhí i mbun
meastóireachta. Ríomh an ioncaim a mbeifear ag súil leis ó
tháillí: Glactar leis go mbeidh struchtúr táillí an‑simplí
ag an ECHA do chúraimí a bhaineann le táirgí bithicíde. Chun an t‑ioncam ó tháillí a mbeifear ag
súil leis a ríomh glacadh leis an méid seo a leanas: –
Beidh táille EUR 80 000 ar shubstaint
ghníomhach a fhormheas. –
Beidh táille EUR 20 000 ar fhormheas a
athnuachan nuair is gá meastóireacht chuimsitheach a dhéanamh ach féadfar í a
laghdú go EUR 5 000 nuair nach bhfuil gá le meastóireacht chuimsitheach. –
Beidh táille idir EUR 5 000 agus EUR 20 000
ar leasú ar údarú táirge ag brath ar nádúr an leasaithe agus ar cé chomh mion
agus is gá na sonraí a athmheasúnú. –
Beidh táille EUR 20 000 ar choibhéis
theicniúil a shuíomh. –
Beidh táille EUR 80 000 ar údarú táirge
ach féadfar í a ardú go EUR 120 000 más gá measúnú riosca
comparáideach a dhéanamh. –
Beidh an táille bhliantúil cothrom le EUR 20 000. –
Beidh táille iarratais EUR 4 000 ar an
gcéad údarú náisiúnta ar tháirge. Cuirfear riachtanais shonracha FBManna
san áireamh de réir mar is iomchuí. Rinneadh na táillí thuas a ríomh lena áirithiú
go bhféadfadh an Ghníomhaireacht na costais iomlána a aisghabháil agus go
mbeadh sí féinmhaoinithe faoi 2021. Ba cheart a mheabhrú freisin go ngearrfaidh an
Ballstát a bheidh i mbun meastóireachta táille freisin. I gcás údarú táirge a
eisítear ar leibhéal an Aontais, íocfaidh na hiarratasóirí EUR 80 000
leis an ECHA agus táille eile leis an mBallstát a bheidh i mbun meastóireachta.
Má chuirtear na táillí sin i gcomparáid leis an méid a chaithfí a íoc i gcás
aitheantais fhrithpháirtigh (táille mheastóireachta leis an mBallstát Tagartha
agus táille phróiseála leis an mBallstát lena mbaineann), glactar leis gurb é
an luach céanna a bheadh ar na táillí a ghearrfaí as nós imeachta láraithe agus
a ghearrfaí as nós imeachta maidir le haitheantas frithpháirteach ina mbeadh 18
mBallstát, nó níos lú b'fhéidir, ós rud é go gcaithfí na costais tacaíochta ar
fad a bhaineann le hiarratais a dhéanamh i mBallstáit éagsúla a chur san
áireamh, rud nach mbeadh ar chuideachtaí a roghnódh nós imeachta láraithe a
íoc. An táille iarratais a bheidh ar iarratasóirí a
íoc as an gcéad údarú náisiúnta ar tháirge, is éard atá beartaithe léi go
gclúdódh sí na costais a bhaineann le tacaíocht an ECHA le húdarú náisiúnta
agus le haitheantas frithpháirteach na n‑údaruithe sin. Cuirfidh an ECHA
an rúnaíocht ar fáil don ghrúpa comhordaithe a bheidh i mbun maoirseoireachta
ar an aitheantas frithpháirteach, mar aon le clár TF ba cheart do na
hiarratasóirí a úsáid chun a n‑iarratais a dhéanamh agus chun a n‑iarratais
a scaipeadh ar na Ballstáit. Ceann de na toimhdí bunúsacha eile atá le
ríomh an ioncaim a mbeifear ag súil leis ó tháillí is ea líon na dtáirgí a
ndéanfar iarratais ar údarú an Aontais ina leith. Tá an ríomh féin casta go leor agus áirítear
paraiméadair nó toimhdí éagsúla ann: · líon na dtáirgí atá ar an margadh faoi láthair (20 000); · cion na dtáirgí a dtabharfar tacaíocht agus údarú ina leith i gcomhréir
leis an Rialachán atá beartaithe (2/3); · cur i bhfeidhm an choincheapa nua d'fhine táirgí bithicíde, rud a
éascóidh údarú táirgí an‑chosúil in iarratas amháin agus i gcinneadh
amháin (glacadh leis go mbeadh 6 tháirge ar an meán i bhfine táirgí bithicíde i
gcás chineálacha táirgí 1 go 5); · uainiú na gcinntí a dhéanfar maidir le substaintí gníomhacha a
fhormheas i gcomhthéacs chlár athbhreithniúcháin na substaintí gníomhacha atá
ann cheana; · an oibleagáid go ndéanfaí táirgí a bhfuil na substaintí gníomhacha atá
ann cheana iontu a údarú i gcomhréir leis an Rialachán atá beartaithe faoi
cheann dhá bhliain ón tráth a bhformheasfar na substaintí gníomhacha; · na cineálacha táirgí a áirítear faoin raon feidhme agus amlínte na
gcineálacha táirgí sin a bheidh cáilithe don nós imeachta láraithe mar atá
molta ag an gComhairle; · roghnóidh 30 % de na cuideachtaí an nós imeachta láraithe nuair a
bheidh siad in acmhainn sin a dhéanamh. Nuair a chuirtear
an méid sin ar fad san áireamh, meastar go n‑ardóidh líon na n‑iarratas
ó 10 n‑iarratas in 2014 go 140 iarratas in 2021, mar a thugtar le fios sa
tábla thíos: || 2013 || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || 2021 || || || || || || || || || Iarratais/bliain || 0 || 10 || 40 || 50 || 70 || 70 || 70 || 140 || 140 Ar an gcaoi chéanna, tá líon na n‑iarratas
a bhfuil súil leo chun choibhéis theicniúil a shuíomh socraithe ag 50 iarratas
in aghaidh na bliana sna blianta tosaigh ón tráth a dtiocfaidh an Rialachán i
bhfeidhm, agus ag 20 iarratas ina dhiaidh sin, ar an mbonn go mbeadh súil le
buaicphointe iarratas sna blianta tosaigh nuair a bheidh ar chuideachtaí coibhéis
theicniúil idir a substaint ghníomhach agus substaint atá cláraithe faoi chlár athbhreithniúcháin
na substaintí gníomhacha atá ann cheana a shuíomh sula gcuirfear tús le
hidirbheartaíocht ar chomhaontuithe comhroinnte sonraí. || 2013 || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || 2021 || || || || || || || || || Iarratais/bliain || 50 || 50 || 50 || 20 || 20 || 20 || 20 || 20 || 20 I bhfianaise líon na
dtoimhdí agus an méid neamhchinnteachta a bhaineann leis na ríomhaireachtaí
éagsúla, beidh gá athbhreithniú bliantúil a dhéanamh ar leibhéil foirne agus an
méid gníomhaíochtaí atá ann i ndáiríre a chur san áireamh. Mar shampla, dá mbeadh méadú ioncaim ó tháillí
EUR 200 000 ann, d'fhéadfaí 1 FTE a chur leis an leibhéal foirne agus
chuirfí EUR 40 000 breise le Teideal 3. Mar sin féin, mura
dtiocfaidh na táillí mar atá súil leo, ba cheart na costais foirne agus costais
Theideal 3 a choigeartú dá réir. Foscríbhinn III
Riachtanais foirne i gcoibhéis lánaimseartha (FTE) || || 2012 || 2013 || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || 2021 || || || || || || || || || || || An clár athbhreithniúcháin a chríochnú || AD || || 5,0 || 5,0 || 5,0 || 5,0 || 5,0 || 5,0 || 5,0 || 5,0 || 5,0 || AST || || || 1,3 || 1,3 || 1,3 || 1,3 || 1,3 || 1,3 || 1,3 || 1,3 Substaintí gníomhacha nua a fhormheas || AD || || 0,6 || 0,6 || 0,6 || 0,6 || 0,6 || 0,6 || 0,6 || 0,6 || 0,6 || AST || || 0,2 || 0,2 || 0,2 || 0,2 || 0,2 || 0,2 || 0,2 || 0,2 || 0,2 Formheasanna ar shubstaintí gníomhacha a athnuachan || AD || || 0,3 || 0,3 || || || 0,2 || 0,4 || 4,0 || 6,0 || 6,0 || AST || || || || || || || || 1,4 || 2,1 || 2,1 Coibhéis theicniúil || AD || 2,0 || 2,5 || 2,5 || 2,5 || 1,0 || 1,0 || 1,0 || 1,0 || 1,0 || 1,0 || AST || || 0,9 || 0,9 || 0,9 || 0,4 || 0,4 || 0,4 || 0,4 || 0,4 || 0,4 Táirgí bithicíde a údarú || AD || || 1,0 || 1,3 || 5,0 || 5,0 || 8,8 || 8,8 || 8,8 || 17,5 || 17,5 || AST || || || 0,4 || 1,8 || 1,8 || 3,1 || 3,1 || 3,1 || 6,1 || 6,1 Leasuithe ar údaruithe an Aontais || AD || || || || 0,2 || 0,8 || 1,5 || 2,7 || 3,8 || 5,0 || 6,0 || AST || || || || 0,1 || 0,3 || 0,5 || 0,9 || 1,3 || 1,8 || 2,1 Easaontais maidir le haitheantas frithpháirteach || AD || || 2,0 || 2,0 || 2,0 || 2,0 || 2,0 || 2,0 || 2,0 || 2,0 || 2,0 || AST || || 0,7 || 0,7 || 0,7 || 0,7 || 0,7 || 0,7 || 0,7 || 0,7 || 0,7 Comhroinnt sonraí agus rúndacht || AD || || 3,0 || 3,0 || 2,0 || 2,0 || 2,0 || 2,0 || 2,0 || 2,0 || 2,0 || AST || || 0,8 || 0,8 || 0,5 || 0,5 || 0,5 || 0,5 || 0,5 || 0,5 || 0,5 Cumarsáid agus treoir || AD || 5,0 || 8,0 || 5,0 || 5,0 || 5,0 || 5,0 || 5,0 || 5,0 || 5,0 || 5,0 AST || || 2,0 || 2,8 || 2,8 || 2,8 || 2,8 || 2,8 || 2,8 || 2,8 || 2,8 Coistí agus bord achomhairc || AD || 1,0 || 4,1 || 4,2 || 4,1 || 4,2 || 4,2 || 4,3 || 4,3 || 4,3 || 4,5 || AST || || 0,8 || 0,8 || 0,7 || 0,8 || 0,8 || 0,8 || 0,9 || 0,9 || 0,9 Forbairt agus cothabháil TF || AD || 4,0 || 4,0 || 4,0 || 3,0 || 3,0 || 3,0 || 3,0 || 3,0 || 3,0 || 3,0 AST || 2,0 || 2,0 || 2,0 || 1,0 || 1,0 || 1,0 || 1,0 || 1,0 || 1,0 || 1,0 Foireann tacaíochta || AD || 3,0 || 10,0 || 9,0 || 10,0 || 9,0 || 11,0 || 11,0 || 14,0 || 18,0 || 17,0 || AST || 1,0 || 2,0 || 3,0 || 2,0 || 3,0 || 4,0 || 4,0 || 6,0 || 7,0 || 7,0 Bainistíocht fhoriomlán || AD || 1,0 || 5,3 || 5,2 || 5,3 || 5,2 || 5,5 || 5,6 || 10,2 || 11,0 || 11,1 || AST || || 2,0 || 3,0 || 3,0 || 3,0 || 3,0 || 3,0 || 5,0 || 5,0 || 5,0 || || || || || || || || || || || Foireann iomlán || AD || 16 || 47 || 43 || 45 || 44 || 50 || 52 || 63 || 81 || 81 || AST || 3 || 12 || 16 || 14 || 15 || 19 || 20 || 28 || 29 || 29 || || || || || || || || || || || || TA || 11 || 47 || 50 || 50 || 50 || 60 || 60 || 80 || 100 || 100 || CA || 8 || 12 || 9 || 9 || 9 || 9 || 12 || 9 || 10 || 10 || || || || || || || || || || || || Foriomlán || 19 || 59 || 59 || 59 || 59 || 69 || 72 || 87 || 110 || 110 Dréachtphlean
Bunaíochta 2012 || 2013 || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || 2021 || || || || || || || || || 11 || 47 || 50 || 50 || 50 || 60 || 60 || 80 || 100 || 100 Foscríbhinn IV
Acmhainní an Choimisiúin Tá súil go n‑ardóidh líon na dtuairimí a
thabharfaidh an Ghníomhaireacht uaithi ó 85 tuairim in 2013 go breis is 400
tuairim in 2021 (féach tábla thíos). || 2012 || 2013 || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || 2021 || || || || || || || || || || Substaintí gníomhacha nua a fhormheas || || 5 || 5 || 5 || 5 || 5 || 5 || 5 || 5 || 5 Substaintí gníomhacha atá ann cheana a fhormheas || || 50 || 50 || 50 || 50 || 50 || 50 || 50 || 50 || 50 Formheasanna ar shubstaintí gníomhacha a athnuachan || || 0 || 0 || 3 || 3 || 0 || 0 || 2 || 4 || 40 Táirgí bithicíde a údarú || || 0 || 0 || 10 || 40 || 40 || 70 || 70 || 70 || 140 Leasuithe ar údaruithe AE || || 0 || 0 || 0 || 5 || 25 || 45 || 80 || 115 || 150 Tuairim i gcás easaontais maidir le haitheantas frithpháirteach || || 30 || 30 || 30 || 30 || 30 || 30 || 30 || 30 || 30 || || || || || || || || || || Iomlán || || 85 || 85 || 98 || 133 || 150 || 200 || 237 || 274 || 415 Beidh gá cinntí ón gCoimisiún a dhéanamh de na
tuairimí sin ag úsáid gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme. Beidh méadú suntasach ar an ualach oibre
reatha i gceist leis sin, agus beidh gá acmhainní breise a chur ar fáil. I bhfianaise an chleachtais reatha agus na
taithí atá ag seirbhísí eile de chuid an Choimisiúin, meastar go mbeidh gá le
AST amháin do gach 40 tuairim. Beidh gá le hoifigigh AD freisin chun an
fhoireann AST a bhainistiú agus a chomhordú. Thiocfadh méadú ó 2 phost in 2013 go 12 phost
in 2021 ar líon na bpost breise. || 2012 || 2013 || 2014 || 2015 || 2016 || 2017 || 2018 || 2019 || 2020 || 2021 || || || || || || || || || || AD || || 1 || 1 || 1 || 1 || 1 || 1 || 1 || 1 || 2 AST || || 1 || 1 || 1 || 3 || 3 || 5 || 6 || 7 || 10 Iomlán || || 2 || 2 || 2 || 4 || 4 || 6 || 7 || 8 || 12 Cuirfear poist bhreise 2013 ar fáil trí ath‑imlonnú
inmheánach foirne. Déanfar measúnú ar fhorbairt riachtanas le linn an
chleachtais bhliantúil leithdháilte acmhainní. [1] ABM:
Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir
gníomhaíochtaí. [2] Mar a
thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais. [3] Tá foráil
i dTreoir reatha 98/8/CE go ndéanfar meastóireacht chórasach ar shubstaintí
gníomhacha a bhí ar an margadh cheana an 14 Bealtaine 2000 nuair a tháinig an
Treoir sin i bhfeidhm. Is iad na Ballstáit a dhéanann an mheastóireacht sin,
agus leithdháileadh roinnt substaintí orthu go léir nach mór dóibh
tuarascálacha measúnaithe a dhéanamh ina leith. Déanann na Ballstáit eile
athbhreithniú piaraí ar na tuarascálacha measúnaithe sin, agus pléitear iad le
linn cruinnithe éagsúla a eagraíonn an JRC i ndáil leis na saincheisteanna
eolaíocha agus teicniúla agus a eagraíonn Ard‑Stiurthóireacht an
Chomhshaoil ina dhiaidh sin maidir leis na pléití deiridh sula nglactar
céimeanna deiridh an phróisis chinnteoireachta (nós imeachta coiste). Tá gá le
hacmhainní suntasacha do na pléití eolaíocha agus teicniúla agus don obair
ullmhúcháin a bhíonn i gceist leo (na tuarascálacha a léamh agus anailís a
dhéanamh ar na saincheisteanna éagsúla), acmhainní a sholáthraíonn an JRC faoi
láthair agus a mhaoinítear faoin gclár LIFE + faoi líne buiséid 07 03 07. [4] Ní bheidh
teorainn ama leis an ngníomhaíocht toisc go mbunaítear leis an togra na
rialacha is infheidhme maidir le táirgí bithicíde a chur ar an margadh. Táthar
ag súil, áfach, go mbeidh an tionchar airgeadais teoranta do thacaíocht a
thabhairt don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (ECHA) agus í ag dul i mbun na
gcúraimí breise a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar shubstaintí gníomhacha a
úsáidtear i dtáirgí bithicíde agus ar tháirgí bithicíde áirithe. Gnóthóidh an
ECHA táillí sonracha ón tionscal mar chúiteamh as roinnt de na gníomhaíochtaí
sin mar aon le táille bhliantúil do tháirgí arna n‑údarú ag an Aontas.
Táthar ag súil go mbeidh an ECHA i mbun ullmhúcháin sna cúraimí sin ón
mbliain 2011 ar aghaidh. Ós rud é gurb í 2013 an bhliain dheiridh sa
chláreagrú airgeadais reatha, tá meastachán ar na leithreasaí faoi chomhair
oibleagáidí agus na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí teoranta do na
blianta 2012 agus 2013 sa ráiteas airgeadais seo.
Tá anailís mhionsonraithe ar bhuiséad an ECHA maidir leis na cúraimí breise sin
tugtha i bhfoscríbhínní a ghabhann leis an ráiteas airgeadais leasaithe seo do
na blianta 2012 agus 2013 chomh maith leis na chéad 8 mbliana eile (i.e. go
2021), le go mbeifear ag teacht leis an tráthchlár atá i gceangal le Ráiteas
Airgeadais Reachtach leasaithe REACH (SEC(2006)924). [5] Is féidir
mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais
a fheiceáil ar shuíomh gréasáin DG Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [6] Mar a
thagraítear dóibh in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais. [7] LD =
Leithreasaí difreáilte [8] CSTE:
Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [9] Tíortha
is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina
n‑iarrthóirí ó na Balcáin Thiar. [10] Tá
caiteachas 2012 bunaithe ar fhóirdheontas leis an ECHA ón dáta a nglacfar an
Rialachán ar aghaidh. Déantar roinnt beart ullmhúcháin a mhaoiniú freisin in
2011 agus 2012 faoi Chlár LIFE (líne buiséid 07 03 07) ar chaiteachas measta
EUR 1 500 milliún. [11] Cúnamh
agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó
gníomhaíochtaí AE (seanlínte "BA"), taighde indíreach, taighde
díreach a chur chun feidhme. [12] Is ionann
aschuir agus táirgí agus seirbhísí le soláthar (e.g.: líon na malartuithe mac
léinn a fhaigheann maoiniú, iomlán km de bhóithre a rinneadh, etc.). [13] 20 misean
a mhairfidh dhá lá an ceann chuig an nGníomhaireacht in aghaidh na bliana ar
chostas EUR 1 200 an misean. [14] Buanchoiste
um Tháirgí Bithicíde: 6 chruinniú a mhairfidh lá amháin an ceann in aghaidh na
bliana ar chostas EUR 30 000 an cruinniú. [15] CA=
Gníomhaire ar conradh; INT= Foireann ghníomhaireachta ("Intérimaire");
JED= "Jeune Expert en Délégation" (saineolaí óg i
dToscaireacht); LA= Gníomhaire áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; [16] Faoin
uasteorainn do phearsanra seachtrach ó leithreasaí faoi chomhair oibríochtaí
(na seanlínte "BA"). [17] Le
haghaidh na gCistí Struchtúracha, an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt
Tuaithe (CETFT) agus an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) go bunúsach. [18] Féach
pointe 19 agus pointe 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.