MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. Cúlra an togra - Cúiseanna agus cuspóirí an togra Tá an ghéarchéim mharthanach airgeadais agus eacnamaíoch ag méadú an bhrú ar acmhainní airgeadais na mBallstát de réir mar atá siad ag laghdú a mbuiséad. Sa chomhthéacs sin, is tábhachtach an uirlis é a áirithiú go gcuirtear cláir chomhtháthaithe chun feidhme go rianúil chun cistí a instealladh sa gheilleagar. Mar sin féin, is minic a bhíonn sé deacair na cláir a chur chun feidhme de thoradh na bhfadhbanna leachtachta atá ann de dheasca srianta buiséid. Is amhlaidh an cás go mór mór i gcás na mBallstát sin is mó atá buailte ag an ngéarchéim agus a fuair cúnamh airgeadais faoi chlár faoin Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSM) i gcás tíortha a bhfuil an EURO acu nó faoi shásra Chomhardú na nÍocaíochtaí (BoP) i gcás tíortha nach bhfuil an EURO acu. Tá cúnamh airgeadais faoi na sásraí sin iarrtha go dtí seo ag sé thír – an Ghréig san áireamh, tír a fuair cúnamh airgeadais sular bunaíodh an EFSM – agus tá clár de choigeartuithe maicreacnamaíocha aontaithe acu leis an gCoimisiún. Is iad sin an Ungáir, an Rómáin, an Laitvia, an Phortaingéil, an Ghréig agus Éire, dá ngairtear "tíortha cláir" ina dhiaidh seo. Ba cheart a thabhairt chun suntais i gcás na hUngáire gur aontaigh sí le sásra Chomhardú na nÍocaíochtaí in 2008, ach gur fhág sí an clár in 2010. Chun a áirithiú go leanfaidh na Ballstáit sin de chláir an Chiste Eorpaigh Iascaigh (CEI) a chur chun feidhme ar bhonn praiticiúil agus de chistí a eisíoc le tionscadail, tá forálacha sa togra seo lena bhféadfadh an Coimisiún íocaíochtaí méadaithe a dhéanamh leis na tíortha sin, le linn na tréimhse a bheidh siad faoi chuimsiú na sásraí tacaíochta. Dá bharr sin, cuirfear acmhainní airgeadais breise ar fáil do na Ballstáit agus is éasca a bheidh sé leanúint de na cláir a chur chun feidhme ar bhonn praiticiúil. - Comhthéacs ginearálta Níl aon amhras ach go bhfuil díobháil nach beag á déanamh don fhíorgheilleagar de réir mar a théann an ghéarchéim in olcas i roinnt Ballstát. Is é méid na bhfiach agus an deacracht atá ag na rialtais iasachtaí airgid a fháil ón margadh is cúis leis an díobháil sin. In 2008, ghlac an Chomhairle rialachán (bunaithe ar thogra ón gCoimisiún) mar fhreagairt ar an ngéarchéim agus ar na hiarmhairtí socheacnamaíocha a bhaineann léi. Faoi chuimsiú an phacáiste seo, déantar foráil sa rialachán i leith líon athruithe rialaitheacha lena bhfuil sé mar chuspóir réamh-mhaoiniú breise a chur ar fáil trí réamhíocaíochtaí le cláir an CEI. Chruthaigh na réamhíocaíochtaí breise a íocadh leis na Ballstáit instealladh láithreach airgid EUR 293 milliún, faoin gclúdach airgeadais a comhaontaíodh do gach Ballstát faoi seach le linn na tréimhse 2007-2013. EUR 586.4 milliún is ea iomlán na réamhíocaíochtaí. - Forálacha atá i bhfeidhm i réimse beartais an togra Le hAirteagal 76 de Rialachán (CE) 1198/2006 ón gComhairle déantar foráil maidir le dhá rogha chun íocaíochtaí eatramhacha a ríomh. Is éard a fhoráiltear le mír 1, de ghnáthriail, go ndéanfar íocaíochtaí eatramhacha a ríomh tríd an ráta cómhaoinithe arna bhunú faoin bplean maoinithe reatha maidir leis an ais tosaíochta agus leis an gcuspóir cóineasaithe/neamhchóineasaithe ábhartha a chur i bhfeidhm maidir leis an ranníocaíocht phoiblí a tuairiscíodh sa ráiteas caiteachais atá deimhnithe ag an údarás deimhniúcháin faoi gach ais tosaíochta agus faoi gach cuspóir cóineasaithe/neamhchóineasaithe. Is éard a fhoráiltear le mír 2, mar fhreagairt ar iarraidh shonrach ó Bhallstát a bhfuil foras cuí leis, go ndéanfar íocaíochtaí eatramhacha a ríomh mar shuim an chúnaimh ón Aontas atá íoctha nó atá dlite le híoc leis na tairbhithe i leith na haise tosaíochta agus na gcuspóirí. Foráiltear le hAirteagal 77 de Rialachán (CE) 1198/2006 go mbeidh íocaíocht na hiarmhéide teoranta do cibé ceann de na suimeanna seo a leanas is lú: (a) an tsuim a ríomhtar trí ráta cómhaoinithe an Aontais arna bhunú faoin bplean maoinithe reatha maidir leis an ais tosaíochta agus leis an gcuspóir cóineasaithe/neamhchóineasaithe sin a chur i bhfeidhm maidir leis an ranníocaíocht phoiblí a tuairiscíodh sa ráiteas caiteachais deiridh atá deimhnithe ag an údarás deimhniúcháin faoi gach ais tosaíochta agus faoi gach cuspóir cóineasaithe/neamhchóineasaithe nó (b) suim an chúnaimh ón Aontas atá íoctha nó atá dlite le híoc leis na tairbhithe maidir le gach ais tosaíochta agus le gach cuspóir. Ní mór an tsuim dheiridh sin a bheith sonraithe ag an mBallstát sa ráiteas caiteachais deiridh atá deimhnithe ag an údarás deimhniúcháin maidir le gach ais tosaíochta agus le gach cuspóir. - Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais Tá an togra comhsheasmhach le tograí agus le tionscnaimh eile arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach mar fhreagairt ar an ngéarchéim airgeadais. 2. COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS ANAILÍS AR AN TIONCHAR - Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara Níor eagraíodh aon chomhairliúchán le geallsealbhóirí seachtracha. - Bailiú agus úsáid saineolais Níor ghá saineolas seachtrach a úsáid. - Anailís ar an tionchar Chuirfeadh an togra ar chumas an Choimisiúin íocaíochtaí leis na tíortha lena mbaineann a mhéadú le linn na tréimhse a bheidh siad faoi chuimsiú na sásraí tacaíochta. Is éard a bheidh sa mhéadú sin suim a ríomhfar trí bhreisiú de dheich bpointe céatadáin a chur leis na rátaí cómhaoinithe atá infheidhme maidir le hais tosaíochta na gclár maidir le gach caiteachas nuadheimhnithe a chuirtear isteach le linn na tréimhse i dtrácht. Tríd an mbreisiú sin a chur i bhfeidhm, ní fhéadfaidh ráta cómhaoinithe an chláir uasteorainneacha Airteagal 53(3) de Rialachán CEI a shárú le breis is deich bpointe céatadáin. Ar chuma ar bith, ní fhéadfaidh ranníocaíocht an AE leis na cláir oibríochtúla agus leis an ais tosaíochta lena mbaineann bheith níos airde ná an tsuim atá luaite sa chinneadh ón gCoimisiún. Ní chuirfidh sé sin ceanglais bhreise airgeadais ar an mbuiséad foriomlán ós rud é nach n-athróidh an leithdháileadh iomlán airgeadais don tréimhse sin ón CEI leis na tíortha sin agus leis na cláir sin. 3. Eilimintí dlí an togra - Achoimre ar na bearta atá beartaithe Tá sé beartaithe Airteagal 76 agus Airteagal 77 de Rialachán CEI a mhodhnú le go mbeidh an Coimisiún in ann an caiteachas nuathuairiscithe maidir leis an tréimhse agus leis na tíortha lena mbaineann a aisíoc le suim mhéadaithe arna ríomh trí bhreisiú deich bpointe céatadáin a chur leis na rátaí cómhaoinithe atá infheidhme maidir leis an ais tosaíochta. Tríd an mbreisiú sin a chur i bhfeidhm, ní fhéadfaidh ráta cómhaoinithe an chláir uasteorainneacha Airteagal 53(3) de Rialachán CEI a shárú le breis is deich bpointe céatadáin. Ar chuma ar bith, ní féidir leis an ranníocaíocht ó na cistí leis an ais tosaíochta lena mbaineann bheith níos airde ná an tsuim atá luaite sa chinneadh ón gCoimisiún. Tar éis don Chomhairle cinneadh a ghlacadh lena ndeonófar cúnamh do Bhallstát faoi na sásraí tacaíochta, cuirfidh an Coimisiún an ríomh thuasluaite i bhfeidhm maidir le gach caiteachas nuathuairiscithe faoi chlár oibríochtúil don Bhallstát lena mbaineann. Beart sealadach a bheidh sa mhéid sin agus cuirfear deireadh leis a luaithe a fhágfaidh an Ballstát an sásra tacaíochta. - Bunús dlí Le Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle an 27 Iúil 2006 lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir leis an gCiste Eorpach Iascaigh sainítear an creat do thacaíocht an Aontais le forbairt inbhuanaithe earnáil an iascaigh agus limistéar iascaigh agus iascaireachta intíre. Bunaithe ar phrionsabal na bainistíochta comhroinnte idir an Coimisiún agus na Ballstáit, tá forálacha sa Rialachán seo maidir leis an bpróiseas cláraithe chomh maith le socruithe chun bainistíocht clár (lena n-áirítear cláir airgeadais), faireachán, rialú airgeadais agus meastóireacht a dhéanamh ar thionscadail. - Prionsabal na coimhdeachta Comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta sa mhéid go ndéantar iarracht ann tacaíocht mhéadaithe a thabhairt tríd an gCiste Eorpach Iascaigh do Bhallstáit áirithe atá i ndeacrachtaí tromchúiseacha [nó a bhfuil deacrachtaí den sórt sin ag bagairt orthu] go háirithe fadhbanna lena bhfás eacnamaíoch agus lena gcobhsaíocht airgeadais agus le meathlúchán ar a riocht easnaimh agus fiachais, ar de dheasca na ndálaí idirnáisiúnta eacnamaíocha agus airgeadais iad freisin. Sa chomhthéacs sin, is gá sásra sealadach a bhunú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh lena gceadófar don Choimisiún Eorpach an aisíocaíocht a mhéadú ar bhonn an chaiteachais dheimhnithe faoin gCiste Eorpach Iascaigh. - Prionsabal na comhréireachta Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta. Go cinnte dearfa, tá an togra seo comhréireach óir is fada a théann sé chun tacaíocht mhéadaithe a thabhairt ón gCiste Eorpach Iascaigh do na Ballstáit atá i ndeacrachtaí nó a bhfuil géardheacrachtaí ag bagairt orthu de bhun tarluithe eisceachtúla nach bhfuil neart acu orthu agus a thig faoi choinníollacha Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle (lena mbunaítear an sásra Eorpach um chobhsaíocht airgeadais), nó do na Ballstáit atá i ndeacrachtaí nó a bhfuil deacrachtaí ag dianbhagairt orthu maidir le comhardú a n-íocaíochtaí agus a thig faoi choinníollacha Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle, agus don Ghréig, a thig faoi Chinneadh 2010/320/AE ón gComhairle lenar tugadh fógra don Ghréig d'fhonn faireachas fioscach a threisiú agus d'fhonn bearta a dhéanamh chun an t-easnamh iomarcach a leigheas. - Rogha ionstraimí An ionstraim atá beartaithe: rialachán. Ní bheadh ionstraimí eile iomchuí ar na cúiseanna seo a leanas: Tá iniúchadh déanta ag an gCoimisiún i dtaobh na ndeiseanna atá ann bearta a dhéanamh faoin gcreat dlí atá ann agus measann sé, i bhfianaise na taithí atá faighte go dtí seo, gur gá modhnuithe ar an Rialachán Ginearálta a mholadh. Is é cuspóir atá leis an athbhreithniú seo éascú breise a dhéanamh ar chómhaoiniú tionscadal agus sa dóigh sin luas a chur faoi chur chun feidhme na dtionscadal sin agus faoin tionchar a bheidh ag infheistíochtaí den sórt sin ar an bhfíorgheilleagar. 4. Tionchar buiséadach Níl aon tionchar ar leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí ós rud é nach bhfuil aon mhodhnú beartaithe ar na suimeanna uasta de mhaoiniú an Chiste Eorpaigh Iascaigh dá bhforáiltear sna Cláir Oibríochtúla do thréimhse cláraithe 2007-2013. Léiríonn an togra go bhfuil toilteanas sa Choimisiún cuidiú le hiarrachtaí na mBallstát dul i ngleic leis an ngéarchéim airgeadais. Soláthróidh an leasú na cistí is gá do na Ballstáit lena mbaineann chun tacaíocht a thabhairt do thionscadail agus do théarnamh geilleagrach. I gcás leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí in 2012, féadfaidh a bheith de thoradh ar an togra go dtabharfaí aisíocaíocht níos airde do na Ballstáit lena mbaineann. Is éard a chiallóidh na leithreasaí breise faoi chomhair íocaíochtaí sa togra seo go mbeidh méadú ar na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (timpeall EUR 20 milliún in 2010) a dhéanfar a chúiteamh faoi dheireadh na tréimhse cláraithe. Dá bhrí sin, níl aon athrú ar iomlán na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí don tréimhse iomlán comheagrúcháin. Ós rud é gur iarr na Ballstáit go mbeadh sochar le baint acu as an mbeart agus i bhfianaise an athraithe ar an nós imeachta maidir le híocaíochtaí eatramhacha a chur isteach, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú in 2012 ar an riachtanas atá le creidmheas íocaíochta breise agus molfaidh sé, más gá, na bearta riachtanacha don Údarás Buiséadach. 2011/0212 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Iascaigh, i dtaca le forálacha áirithe a bhaineann le bainistíocht airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe atá i ndeacrachtaí tromchúiseacha nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[1], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[2], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: 1. I ngeall ar an ngéarchéim airgeadais agus ar an gcor chun donais eacnamaíoch, nár tháinig a samhail riamh roimhe, atá ann ar fud an domhain, tá díobháil thromchúiseach déanta don fhás eacnamaíoch agus don chobhsaíocht airgeadais agus tá meath mór tagtha ar dhálaí airgeadais agus eacnamaíocha i roinnt Ballstát. Go háirithe, tá Ballstáit áirithe i ndeacrachtaí tromchúiseacha nó tá deacrachtaí den sórt sin ag bagairt orthu, go háirithe fadhbanna lena bhfás eacnamaíoch agus lena gcobhsaíocht airgeadais agus le meathlúchán ar a riocht easnaimh agus fiachais, agus de dheasca na ndálaí idirnáisiúnta eacnamaíocha agus airgeadais freisin. 2. Cé go ndearnadh gníomhaíochtaí tábhachtacha cheana féin, lena n-áirítear leasuithe ar an gcreat reachtach, ar mhaithe le héifeachtaí diúltacha na géarchéime a fhrithchothromú, tá tionchar na géarchéime airgeadais ar an bhfíorgheilleagar, ar mhargadh an tsaothair agus ar na saoránaigh le brath go forleathan. Tá an brú ar acmhainní airgeadais náisiúnta ag dul i méid agus ba cheart tuilleadh beart a dhéanamh chun an brú sin a mhaolú tríd an úsáid is mó agus an úsáid is éifeachtaí agus is féidir a bhaint as cistiú ón gCiste Eorpach Iascaigh. 3. Le Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle an 11 Bealtaine 2010 lena mbunaítear sásra Eorpach um chobhsaíocht airgeadais[3] bunaíodh sásra den sórt sin d'fhonn cobhsaíocht airgeadais an Aontais a chaomhnú, rud atá fothaithe ar Airteagal 122(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) lena bhforáiltear go mbeidh deis ann cúnamh airgeadais ón Aontas a dheonú do Bhallstát atá i ndeacrachtaí nó a bhfuil géardheacrachtaí ag dianbhagairt air de bhun tarluithe eisceachtúla nach bhfuil neart aige orthu. 4. Trí Chinneadh Cur Chun Feidhme 2011/77/AE ón gComhairle an 7 Nollaig 2010[4] agus trí Chinneadh Cur Chun Feidhme 2011/344/AE ón gComhairle an 30 Bealtaine 2011[5] deonaíodh cúnamh airgeadais den sórt sin ón Aontas d'Éirinn agus don Phortaingéil. 5. Bhí an Ghréig i ndeacrachtaí tromchúiseacha maidir lena cobhsaíocht airgeadais sular tháinig Rialachán (AE) Uimh. 407/2010 i bhfeidhm. Níorbh fhéidir, dá bhrí sin, cúnamh airgeadais don Ghréig a bhunú ar an Rialachán sin. 6. Tháinig an Comhaontú idir Chreidiúnaithe agus an Comhaontú maidir le Saoráid Iasachta a tugadh i gcrích don Ghréig an 8 Bealtaine 2011 i bhfeidhm an 11 Bealtaine 2011. Foráiltear ann go mbeidh lánfheidhm agus lánéifeacht ag an gComhaontú idir Chreidiúnaithe ar feadh clárthréimhse trí bliana fad is a bheidh aon suimeanna gan íoc faoin gComhaontú maidir le Saoráid Iasachta. 7. Le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle an 18 Feabhra 2002 lena mbunaítear saoráid trína soláthraítear cúnamh meántéarmach i leith iarmhéideanna íocaíochtaí na mBallstát[6] bunaíodh ionstraim lena bhforáiltear go ndeonóidh an Chomhairle cúnamh frithpháirteach i gcás ina mbeidh Ballstát nár ghlac an euro i ndeacrachtaí nó ina mbeidh deacrachtaí ag dianbhagairt air maidir le comhardú a íocaíochtaí. 8. Trí Chinntí 2009/102/CE an 4 Samhain 2009[7], 2009/290/CE an 20 Eanáir 2009[8] agus 2009/459/CE an 26 Meitheamh 2009[9] ón gComhairle deonaíodh cúnamh airgeadais den sórt sin don Ungáir, don Laitvia agus don Rómáin. 9. Tá an tréimhse a mbeidh an cúnamh ar fáil faoi Rialachán 407/2010 agus Rialachán 332/2002 lena linn leagtha amach sna Cinntí Cur Chun Feidhme ábhartha ón gComhairle. Chuaigh an Cinneadh ón gComhairle lenar deonaíodh cúnamh don Ungáir in éag an 4 Samhain 2010. 10. An 11 Iúil 2011, shínigh airí airgeadais na 17 mBallstát atá i limistéar an euro an Conradh lena mbunaítear an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht (ESM). Foráiltear go nglacfaidh an ESM, faoi 2013, na tascanna a chomhlíonann an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF) agus an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSM) faoi láthair. 11. Chun bainistíocht chistiú an Aontais a éascú, le gur féidir infheistíochtaí i mBallstáit agus i réigiúin a luasghéarú agus chun feabhas a chur ar infhaighteacht an chistithe don gheilleagar is gá go bhféadfaidh méadú teacht ar íocaíochtaí eatramhacha ón gCiste Eorpach Iascaigh de réir suime a fhreagraíonn do dheich bpointe céatadáin os cionn an ráta chómhaoinithe iarbhír maidir le gach ais tosaíochta i gcás Ballstát atá i ndeacrachtaí tromchúiseacha i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais. 12. Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh dá réir sin ar na rialacha maidir le híocaíochtaí eatramhacha agus le híocaíocht na hiarmhéide deiridh i gcláir oibríochtúla a ríomh le linn na tréimhse ina bhfaigheann na Ballstáit cúnamh airgeadais chun dul i ngleic le deacrachtaí tromchúiseacha i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais. 13. Tar éis dheireadh na tréimhse inar cuireadh cúnamh airgeadais ar fáil, d'fhéadfadh sé go dtabharfaí chun suntais i dtorthaí ar mheastóireachtaí a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 18(2) go bhfuil gá a mheas, inter alia, an gciallaíonn an laghdú ar an gcomhchistiú náisiúnta go bhfuiltear ag imeacht go suntasach ó na spriocanna a leagadh síos ar dtús. D'fhéadfaí athbhreithniú ar an gclár oibríochtúil teacht as meastóireacht den sórt sin. 14. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle an 27 Iúil 2006 lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir leis an gCiste Eorpach Iascaigh[10] a leasú dá réir. 15. Ós rud é go bhfuil dochar tromchúiseach déanta do chobhsaíocht airgeadais roinnt Ballstát i ngeall ar an ngéarchéim, nár tháinig a samhail riamh roimhe, atá ag déanamh dochair do mhargaí airgeadais idirnáisiúnta agus i ngeall ar an gcor chun donais eacnamaíoch, agus gur gá gníomhú go pras chun an tionchar ar an ngeilleagar ina iomláine a chosc, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm a luaithe is féidir agus ba cheart feidhm a bheith aige go cúlghabhálach maidir leis na tréimhsí ina bhfuair na Ballstáit cúnamh airgeadais ón Aontas nó ó Bhallstáit eile i limistéar an euro chun dul i ngleic le deacrachtaí tromchúiseacha i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 76 agus Airteagal 77 de Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006: "Airteagal 76 Rialacha maidir le híocaíochtaí eatramhacha a ríomh 1. Déanfar íocaíochtaí eatramhacha a ríomh tríd an ráta cómhaoinithe arna bhunú faoin bplean maoinithe reatha maidir le gach ais tosaíochta agus le gach cuspóir cóineasaithe/neamhchóineasaithe a chur i bhfeidhm maidir leis an ranníocaíocht phoiblí a tuairiscíodh sa ráiteas caiteachais atá deimhnithe ag an údarás deimhniúcháin faoi gach ais tosaíochta agus faoi gach cuspóir cóineasaithe/neamhchóineasaithe. 2. De mhaolú ar mhír 1, mar fhreagairt ar iarraidh shonrach ó Bhallstát a bhfuil foras cuí leis, is é a bheidh in íocaíocht eatramhach suim an chúnaimh ón Aontas atá íoctha nó atá dlite le híoc leis na tairbhithe i leith na haise tosaíochta agus an chuspóra. Ní mór an tsuim sin a bheith sonraithe ag an mBallstát sa ráiteas caiteachais. 3. De mhaolú ar Airteagal 53(3), ar iarraidh ó Bhallstát, féadfar íocaíochtaí eatramhacha a mhéadú le suim a fhreagraíonn do dheich bpointe céatadáin os cionn an ráta chómhaoinithe is infheidhme maidir le gach ais tosaíochta agus a bheidh le cur i bhfeidhm maidir le suim an chaiteachais phoiblí incháilithe atá nua-thuairiscithe i ngach ráiteas deimhnithe caiteachais a cuireadh isteach le linn na tréimhse ina gcomhlíonann Ballstát ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas: 16. tá cúnamh airgeadais curtha ar fáil dó faoi Rialachán (CE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle lena mbunaítear sásra Eorpach um chobhsaíocht airgeadais* nó, curtha ar fáil dó ag Ballstáit eile i limistéar an euro sular tháinig an Rialachán sin i bhfeidhm; 17. tá cúnamh airgeadais meántéarmach curtha ar fáil dó i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle**; 18. tá cúnamh airgeadais curtha ar fáil dó i gcomhréir leis an gConradh lena mbunaítear an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht a síníodh an 11 Iúil 2011. 4. Chun na críche íocaíochtaí eatramhacha a chuirtear isteach tar éis don Bhallstát scor de bheith ag baint sochair as an gcúnamh airgeadais dá dtagraítear i mír 3 a ríomh, ní chuirfidh an Coimisiún san áireamh na suimeanna méadaithe arna n-íoc i gcomhréir leis an mír sin. Cuirfear na suimeanna sin san áireamh chun críche Airteagal 79(1) áfach. * IO L 118, 12.5.2010, lch.1. ** IO L 53, 23.2.2002, lch. 1. Airteagal 77 Rialacha maidir le híocaíochtaí na hiarmhéide a ríomh 1. Beidh íocaíocht na hiarmhéide teoranta do cibé ceann de na suimeanna seo a leanas is lú: 19. an tsuim a ríomhtar tríd an ráta cómhaoinithe arna bhunú faoin bplean maoinithe reatha maidir leis an ais tosaíochta agus leis an gcuspóir cóineasaithe/neamhchóineasaithe ábhartha a chur i bhfeidhm maidir leis an ranníocaíocht phoiblí a tuairiscíodh sa ráiteas caiteachais deiridh atá deimhnithe ag an údarás deimhniúcháin faoi gach ais tosaíochta agus faoi gach cuspóir cóineasaithe/neamhchóineasaithe; 20. suim an chúnaimh ón Aontas atá íoctha nó atá dlite le híoc leis na tairbhithe maidir le gach ais tosaíochta agus le gach cuspóir. Ní mór an tsuim dheiridh sin a bheith sonraithe ag an mBallstát sa ráiteas caiteachais deiridh atá deimhnithe ag an údarás deimhniúcháin i leith gach aise tosaíochta agus gach cuspóra. 2. De mhaolú ar Airteagal 53(3), ar iarraidh ó Bhallstát, féadfar íocaíochtaí na hiarmhéide deiridh a mhéadú le suim a fhreagraíonn do dheich bpointe céatadáin os cionn an ráta chómhaoinithe is infheidhme maidir le gach ais tosaíochta agus a bheidh le cur i bhfeidhm maidir le suim an chaiteachais phoiblí incháilithe arna nua-thuairisciú i ngach ráiteas deimhnithe caiteachais arna chur isteach le linn na tréimhse ina gcomhlíonann Ballstát ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas: 21. tá cúnamh airgeadais curtha ar fáil dó faoi Rialachán (CE) Uimh. 407/2010 ón gComhairle lena mbunaítear sásra Eorpach um chobhsaíocht airgeadais* nó, curtha ar fáil dó ag Ballstáit eile i limistéar an euro sular tháinig an Rialachán sin i bhfeidhm; 22. tá cúnamh airgeadais meántéarmach curtha ar fáil dó i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 332/2002 ón gComhairle**; 23. tá cúnamh airgeadais curtha ar fáil dó i gcomhréir leis an gConradh lena mbunaítear an Sásra Eorpach um Chobhsaíocht a síníodh an 11 Iúil 2011. 3. Chun na críche íocaíocht na hiarmhéide deiridh a ríomh tar éis don Bhallstát scor de bheith ag baint sochair as an gcúnamh airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 76(3), ní chuirfidh an Coimisiún san áireamh na suimeanna méadaithe arna n-íoc i gcomhréir leis an mír sin.” 2. Cuirtear Airteagal 77a isteach: "Airteagal 77a Uasteorainn le ranníocaíocht an Aontais trí íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí na hiarmhéide Ainneoin Airteagal 76(3) agus Airteagal 77(2), ní bheidh ranníocaíocht an Aontais trí íocaíochtaí eatramhacha agus íocaíochtaí na hiarmhéide deiridh níos airde ná an ranníocaíocht phoiblí agus uasmhéid an chúnaimh ó na Cistí maidir le gach ais tosaíochta agus le gach cuspóir mar atá leagtha síos sa chinneadh ón gCoimisiún lena bhformheastar an clár oibríochtúil." Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . Beidh feidhm chúlghabhálach aige, áfach, maidir leis na Ballstáit seo a leanas le héifeacht ón tráth a cuireadh cúnamh airgeadais ar fáil dóibh: (a) Éire ón 10 Nollaig 2010; (b) an Ghréig ón 11 Bealtaine 2010; (c) an Laitvia ón 23 Eanáir 2009; (d) an Ungáir ón 5 Samhain 2008; (e) an Phortaingéil ón 24 Bealtaine 2011; (f) an Rómáin ón 11 Bealtaine 2009; Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 1. AINM AN TOGRA: Togra le haghaidh RIALACHÁIN (AE) Uimh. .../2011 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle maidir le forálacha áirithe a bhaineann le bainistíocht airgeadais i gcomhair Ballstát áirithe atá i ndeacrachtaí tromchúiseacha nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais 2. CREAT ABM/ABB Réimsí beartais lena mbaineann agus gníomhaíochtaí gaolmhara: an Ciste Eorpach Iascaigh; ABB gníomhaíocht 11.06 3. NA LÍNTE BUISÉID 3.1. Na línte buiséid (línte oibríochtúla agus línte a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (na seanlínte B.A .): Cuirfear an ghníomhaíocht nua atá beartaithe chun feidhme de réir na línte buiséid seo a leanas: - 11.0612 Cóineasú (CEI) - 11.0613 Neamh-Chóineasú (CEI) 3.2. Fad na gníomhaíochta agus an tionchair airgeadais: 3.3. Tréithe buiséadacha: Líne buiséid | Saghas caiteachais | Nua | Ranníocaíocht CSTE | Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí | Ceannteideal sa Pheirspictíocht Airgeadais | 11.0612 | Neamhéigeantach | Difreáilte | NÍL | NÍL | NÍL | Uimh 2 | 11.0613 | Neamhéigeantach | Difreáilte | NÍL | NÍL | NÍL | Uimh 2 | 4. ACHOIMRE AR NA h ACMHAINNÍ 4.1. Acmhainní Airgeadais 4.1.1. Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) Léirítear sna táblaí seo a leanas an tionchar a mheastar a bheidh ag na bearta atá beartaithe sna blianta 2011-2013. Ós rud é nach bhfuil aon acmhainní nua airgeadais beartaithe, níor cuireadh aon fhigiúirí isteach sna táblaí ach cuireadh "neamhbhainteach" isteach. I gcás leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí in 2012, is é an toradh a bheadh ar an togra go dtabharfaí aisíocaíocht níos airde do na Ballstáit lena mbaineann. Is éard a chiallóidh na leithreasaí breise faoi chomhair íocaíochtaí sa togra seo go mbeidh méadú ar na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (timpeall EUR 20 milliún in 2012) a dhéanfar a chúiteamh faoi dheireadh na tréimhse cláraithe. Dá bhrí sin, níl aon athrú ar iomlán na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí don tréimhse iomlán comheagrúcháin. Ós rud é gur iarr an Ballstát sochar a bhaint as an mbeart agus i bhfianaise an athraithe ar an nós imeachta maidir le híocaíochtaí eatramhacha a chur isteach, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú in 2012 ar an riachtanas atá ann le creidmheas íocaíochta breise agus molfaidh sé, más gá, na bearta riachtanacha don Údarás Buiséadach. EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Saghas caiteachais | Uimh. na coda | Bliain n | n + 1 | n + 2 | n + 3 | n + 4 | n+5 agus níos déanaí | Iomlán | Caiteachas oibríochtúil[11] | Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) | 8.1 | a | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) | b | neamhbhainteach | 20 | neamhbhainteach | neamhbhainteach | -20 | neamhbhainteach | neamhbhainteach | Caiteachas riaracháin laistigh den mhéid tagartha[12] | Cúnamh teicniúil agus riaracháin – (LN) | 8.2.4 | c | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | AN MÉID TAGARTHA IOMLÁN | Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí | a+c | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí | b+c | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | 0,000 | Caiteachas riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha[13] | Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (LN) | 8.2.5 | d | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | Costais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus costais ghaolmhara, nach n-áirítear sa mhéid tagartha (LN) | 8.2.6 | e | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | Costas táscach iomlán ar an idirghabháil i dtéarmaí airgeadais IOMLÁN LO agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | a+c+d+e | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | IOMLÁN LÍ agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | b+c+d+e | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | Sonraí an chómhaoinithe EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Comhlacht cómhaoinithe | Bliain n | n + 1 | n + 2 | n + 3 | n + 4 | n+5 agus níos déanaí | Iomlán | …………………… | f | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | IOMLÁN LO lena n-áirítear cómhaoiniú | a+c+d+e+f | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | 4.1.2. Comhoiriúnacht don Chlárú Airgeadais ( Tá an togra comhoiriúnach don chlárú airgeadais atá ann cheana. ( Beidh athchlárú an cheannteidil ábhartha sa pheirspictíocht airgeadais ag gabháil leis an togra seo. ( D'fhéadfadh sé gur ghá forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh a chur i bhfeidhm i ngeall ar an togra[14] (i.e. ionstraim sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais). 4.1.3. Tionchar airgeadais ar Ioncam ( Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam ( Tá tionchar airgeadais ag an togra seo – is í seo a leanas an éifeacht ar ioncam: EUR milliúin (go dtí an 1ú deachúil) Roimh ghníomhaíocht [Bliain n-1] | Staid tar éis na gníomhaíochta | Líon iomlán na n-acmhainní daonna | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | Neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | 5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ 5.1. An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Tá an ghéarchéim mharthanach airgeadais agus eacnamaíoch ag méadú an bhrú ar acmhainní airgeadais náisiúnta na mBallstát de réir mar atá siad ag laghdú a mbuiséad. Sa chomhthéacs sin, chuirfeadh an togra ar chumas na mBallstát sin leanúint ar aghaidh de na cláir a chur chun feidhme tríd an deis a thabhairt dóibh ráta cómhaoinithe níos airde ón gCiste Eorpach Iascaigh agus ráta níos ísle ó na hacmhainní náisiúnta a úsáid. 5.2. An breisluach toisc an tAontas a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí eile airgeadais agus le sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann De bharr an togra, beifear in ann leanúint de na cláir a chur chun feidhme, airgead a instealladh sa gheilleagar agus an t-ualach ar chaiteachas poiblí a laghdú ag an am céanna. 5.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí bainteacha an togra i gcomhthéacs an chreata le haghaidh bhainistiú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí (ABM) Is é an cuspóir atá leis cuidiú leis na Ballstáit sin is mó atá buailte ag an ngéarchéim airgeadais a bheith in ann leanúint de na cláir a chur chun feidhme ar bhonn praiticiúil, agus ar an dóigh sin cistí a instealladh sa gheilleagar. 5.4. Modhanna don Chur Chun Feidhme (táscach) Sonraigh thíos an modh/na modhanna atá roghnaithe chun an gníomh a chur chun feidhme. - i gcomhar leis na Ballstáit 6. FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT 6.1. An córas faireacháin Ní theastaíonn sé, ós rud é go dtagann sé faoin gcóras faireacháin atá bunaithe faoin gCiste Eorpach Iascaigh. 6.2. Meastóireacht 6.2.1. Meastóireacht ex ante Ullmhaíodh an togra seo ar iarraidh ó Oifig Uachtarán an Choimisiúin. 6.2.2. Bearta a rinneadh tar éis meastóireachta idirmheánaí/ex-post (ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil a fuarthas roimhe seo) Neamhbhainteach 6.2.3. Téarmaí agus minicíocht meastóireachta sa todhchaí Neamhbhainteach 7. BEARTA FRITH-CHALAOISE NEAMHBHAINTEACH 8. SONRAÍ NA n ACMHAINNÍ 8.1. Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadais Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 | Oifigigh nó foireann shealadach (11 01 01) | A*/AD | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach. | B*, C*/AST | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | Foireann arna maoiniú faoi Airteagal 11 01 02 | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | Foireann eile arna maoiniú faoi Airteagal 11 01 04/05 | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | IOMLÁN | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | 8.2.2. Cur síos ar na cúraimí a thagann as an ngníomhaíocht Neamhbhainteach 8.2.3. Foinsí na n-acmhainní daonna (reachtúla) (Nuair a luaitear níos mó ná foinse amháin, sonraigh an líon post a thagann as gach foinse) ( Poist leithdháilte faoi láthair ar bhainistiú an chláir agus a bheidh le hathrú nó le síneadh. ( Poist leithdháilte roimh ré laistigh de chleachtadh APS/PDB do bhliain n ( Poist a iarrfar sa chéad nós imeachta APS/PDB eile ( Poist a ath-imlonnófar ag baint úsáide as na hacmhainní atá ann cheana laistigh den tseirbhís bainistíochta (ath-imlonnú inmheánach) ( Poist is gá do bhliain n cé nach raibh siad á dtuar i gcleachtadh APS/PDB na bliana a bhí i gceist 8.2.4. Caiteachas eile Riaracháin a áirítear sa mhéid tagartha (11 01 04/05 – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin) EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Líne buiséid (uimhir agus ceannteideal) | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN | Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | - intra muros | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | - extra muros | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | Cúnamh teicniúil agus riaracháin iomlán | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | 8.2.5. Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara nach n-áirítear sa mhéid tagartha EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Saghas acmhainní daonna | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | Oifigigh agus foireann shealadach (11 01 01) | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | Foireann arna maoiniú faoi Airteagal 11 01 02 (foireann chúnta, END, foireann ar conradh, etc.) (sonraigh an líne buiséid) | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | Costas iomlán na nAcmhainní Daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | Ríomh – Oifigigh agus Gníomhairí sealadacha Is ceart tagairt a dhéanamh do Phointe 8.2.1. más iomchuí neamhbhainteach Ríomh – Foireann arna maoiniú faoi Airteagal 11 01 02 Is ceart tagairt a dhéanamh do Phointe 8.2.1. más iomchuí neamhbhainteach 8.2.6. Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN | 11 01 02 11 01 – Misin | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | 11 01 02 11 02 – Cruinnithe agus Comhdhálacha | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | 11 01 02 11 03 – Coistí | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | 11 01 02 11 04 – Staidéir & comhairliúcháin | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | 11 01 02 11 05 – Córais faisnéise | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | 2 Caiteachas iomlán eile bainistíochta (11 01 02 11) | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | 3 Caiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh agus cuir isteach tagairt don líne buiséid) | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | Iomlán an chaiteachais riaracháin, cé is moite d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | neamhbhainteach | Ríomh – Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha neamhbhainteach [1] IO L , , lch. . [2] IO L , , lch. . [3] IO L 118, 12.5.2010, lch. 1. [4] IO L 30, 4.2.2011, lch. 34. [5] IO L 159, 17.6.2011, lch. 88. [6] IO L 53, 23.2.2002, lch. 1. [7] IO L 37, 6.2.2009, lch. 5. [8] IO L 79, 25.3.2009, lch. 39. [9] IO L 150, 13.6.2009, lch. 8. [10] IO L 223, 15.8.2006, lch. 1. [11] Caiteachas nach dtagann faoi Chaibidil 11 01 de Theideal 11 lena mbaineann. [12] Caiteachas laistigh d'Airteagal 11 01 04 de Theideal 11. [13] Caiteachas laistigh de Chaibidil 11 01 seachas Airteagal 11 01 04 nó Airteagal 11 01 05. [14] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach. [15] Ba cheart colúin bhreise a chur leis más gá, i.e. má mhaireann an ghníomhaíocht níos faide ná 6 bliana