Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle maidir le cúnamh inaisíoctha agus innealtóireacht airgeadais /* COIM/2011/0483 leagan deireanach - 2011/0210 (COD) */
MEABHRÁN
MÍNIÚCHÁIN 1. Cúlra an togra · Cúiseanna agus cuspóirí an togra In Airteagal 28(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999
ón gComhairle sainaithníodh na cineálacha éagsúla cúnaimh a d'fhéadfaí a
thabhairt trí rannchuidiú ó na Cistí Struchtúracha, eadhon cúnamh díreach nach
bhfuil inaisíoctha chomh maith le cineálacha eile cúnaimh, amhail cúnamh
inaisíoctha, fóirdheontas ráta úis, ráthaíocht, sealúchas cothromais, sealúchas
caipitil fiontair nó foirm eile airgeadais. Sainíodh i Rialachán (CE) Uimh. 448/2004
ón gCoimisiún gurb í an riail ghinearálta incháilitheachta go gcaithfidh na
tairbhithe deiridh an caiteachas i ndáiríre agus go mbeidh sonraisc admhaithe
ina gcruthúnas de sin nó doiciméid chuntasaíochta a bhfuil an fiúntas céanna
cruthúnais iontu (Riail Uimh. 1) agus sainíodh tuilleadh rialacha sonracha
incháilitheachta maidir le rannchuidiú ó na Cistí Struchtúracha le cistí
caipitil fiontair agus iasachta (Riail Uimh. 8) agus le cistí ráthaíochta
(Riail Uimh. 9) agus leagadh amach freisin go gcaithfear le híocaíochtaí
isteach i gcistí den sórt sin mar chaiteachas incháilithe a íocadh i ndáiríre
(Riail uimh.1 mír 1.3). Bhunaigh na Ballstáit na cineálacha cúnaimh sin le
linn na tréimhse cláraithe 2000‑2006 le haghaidh Cistí Struchtúracha trí
chistí sonracha a chur ar bun i gcomhréir le rialacha Uimh. 8 agus Uimh. 9,
agus trí chúnaimh inaisíoctha a thugtar trí bhíthin ionstraimí eile. I
mBallstát amháin ar a laghad, rinneadh meastóireacht neamhspleách inar moladh
na hionstraimí sin mar dhea‑chleachtas. I gcodarsnacht leis sin, ní shainítear i Rialachán
(CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle go bhfuil cúnamh inaisíoctha nó nach
bhfuil. Tá forálacha in Airteagal 44 den Rialachán maidir le
"Ionstraimí Innealtóireachta Airgeadais". Tá na forálacha sin mós
cúng, sa tréimhse chláraithe atá ann faoi láthair, ós rud é go gceadaíonn siad
maoiniú caiteachais i ndáil le hoibríocht lena bhfuil sé i gceist rannchuidiú a
thabhairt chun tacú a) le hionstraimí innealtóireachta airgeadais le haghaidh
gnóthas, b) le cistí forbartha uirbí agus c) le cistí nó le scéimeanna
dreasachtaí eile le haghaidh éifeachtúlachta fuinnimh agus úsáid fuinnimh in‑athnuaite
i bhfoirgnimh. Mar thoradh air sin, go cuí – agus gan dochar d'fhorálacha Airteagal 11
de Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006, ina bhforáiltear cheana go bhféadtar
cúnamh a thabhairt i bhfoirm deontais inaisíoctha – tá an chuma ar an scéal
nach gcumhdaíonn an Rialachán is infheidhme cúnamh inaisíoctha. Lean Ballstáit de chineálacha cúnaimh inaisíoctha
a úsáid bunaithe ar an taithí dhearfach a fuarthas le linn na tréimhse
cláraithe deireanaí 2000-2006 agus chuir roinnt acu tuairiscí ar na córais sin
lena ndoiciméid chláraithe le haghaidh na tréimhse 2007-2013, ar doiciméid iad
a d'fhormheas an Coimisiún. Thairis sin, cuireadh tús an athuair i roinnt
Ballstát le scéimeanna den sórt sin sa tréimhse chláraithe atá ann faoi
láthair. Dá bhrí sin, is gá sainmhíniú ginearálta ar
chúnamh inaisíoctha a thabhairt isteach i Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006
agus sa bhreis ar sin foráil a dhéanamh go gcoinneofar an cúnamh arna íoc ar
ais i gcuntas ar leith agus go n‑athúsáidfear é chun na críche céanna nó
i gcomhréir le cuspóirí an chláir. Cumhdaíonn an "cúnamh inaisíoctha"
mar atá sé sainmhínithe deontais inaisíoctha (i.e. deontais is féidir a aisíoc,
ina n‑iomláine nó i bpáirt, gan ús) agus línte creidmheasa arna
mbainistiú ag an údarás bainistíochta trí bhíthin comhlachtaí idirmheánacha (ar
institiúidí airgeadais poiblí iad). Thairis sin, maidir le hinnealtóireacht
airgeadais, i.e. ionstraimí a chumhdaítear in Airteagal 44 de Rialachán
(CE) Uimh. 1083/2006, is é an tuiscint a bhfuil an Coimisiún cleachtaithe
lena ghlacadh faoi láthair nach bhfuil na rialacha maidir le tionscadail mhóra,
tionscadail ghinte ioncaim agus maidir le marthanacht oibríochtaí infheidhme.
Maidir leis an gcleachtas sin, ar chúiseanna a bhaineann le deimhneacht
dhlíthiúil, is caoithiúil a shoiléiriú i dtéacs iomchuí dlí nach bhfuil na
rialacha maidir le tionscadail mhóra, tionscadail ghinte ioncaim agus maidir le
marthanacht oibríochtaí (Airteagail 39, 55 agus 57 de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006
ón gComhairle) infheidhme maidir leis na hoibríochtaí a thagann faoi Airteagal 44.
Go deimhin, i gcás innealtóireachta airgeadais faoi Airteagal 44, is éard
atá i gceist leis an oibríocht an rannchuidiú airgeadais a thugtar don
ionstraim innealtóireachta airgeadais agus an cúnamh a thugann na hionstraimí
innealtóireachta airgeadais do thairbhithe deiridh ina dhiaidh sin. Tugtar
cúnamh den sórt sin trí thacaíocht inaisíoctha agus ní mór na hacmhainní
gaolmhara arna dtabhairt ar ais d'oibríochtaí a athúsáid de bhun na rialacha
sonracha atá leagtha síos in Airteagal 78(7) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006.
De réir an méid sin is léir nach gá agus nach bhfuil sé inchosanta Airteagail 39,
55 agus 57 a chur i bhfeidhm maidir le hoibríochtaí faoi Airteagal 44. Ina theannta sin, maidir leis an ngá a áirithiú go
gcaithfear go tráthúil (i gcás caiteachais incháilithe) na hacmhainní arna gcur
ar fáil d'ionstraimí innealtóireachta airgeadais ag na cláir oibríochta agus go
ndéanfaidh na Ballstáit chomh maith leis an gCoimisiún faireachán iomchuí ar
chur chun feidhme ionstraimí innealtóireachta airgeadais a bunaíodh faoi Airteagal 44,
is gá na nithe seo a leanas a thabhairt isteach: (i) oibleagáid dhlíthiúil go
gcaithfidh ionstraimí innealtóireachta airgeadais laistigh de thréimhse dhá
bhliain, i gcomhréir le hAirteagal 78(6) (a) go (e) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006,
an rannchuidiú airgeadais arna íoc ag údaráis bhainistíochta chun cistí den
sórt sin a bhunú nó chun rannchuidiú leo (murab amhlaidh an cás, ceartófar na
dearbhuithe caiteachais a dhéanfar ina dhiaidh sin dá réir sin trí na méideanna
nár caitheadh a asbhaint); (ii) foráil dhlíthiúil maidir le faireachán a
dhéanamh ar chur chun feidhme, inter alia chun na Ballstáit a chumasú
tuairisciú iomchuí a dhéanamh chuig an gCoimisiún i dtaobh na gcineálacha
ionstraimí arna gcur i bhfeidhm agus na gníomhaíochtaí ábhartha arna ndéanamh
ag na hionstraimí sin ar an talamh. ·
An comhthéacs ginearálta Forbraíodh cineálacha nua maoinithe le haghaidh
cúnaimh le linn na tréimhse cláraithe 2007-2013, lenar casadh ón maoiniú
traidisiúnta atá bunaithe ar dheontais i dtreo cineálacha nua maoinithe atá
roithleánach. Amharctar ar na hionstraimí airgeadais nua sin mar chatalaígh
d'acmhainní poiblí agus príobháideacha, chun na leibhéil infheistíochta a
bhaint amach a bhfuil gá leo chun straitéis 2020 an AE a chur chun
feidhme. I dtéarmaí an raoin feidhme, tá cineálacha
maoinithe atá roithleánach á n‑úsáid faoi láthair le haghaidh raoin
fhairsing gníomhaíochtaí seachas le haghaidh innealtóireachta airgeadais
amháin. Is gá an Rialachán a mhodhnú chun tacaíocht d'oibríochtaí a chur
isteach i gcás ina bhforálfar go n‑aisíocfar an tacaíocht airgeadais agus
más oibríochtaí iad nach mbaineann saintréithe ionstraimí innealtóireachta
airgeadais leo agus a thagann lasmuigh de mheicníochtaí na n‑ionstraimí
sin mar atá sainmhínithe in Airteagal 44 de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006
ón gComhairle. Cumhdaítear leis sin deontais inaisíoctha agus línte creidmheasa
arna mbainistiú ag údaráis bhainistíochta nó ag comhlachtaí idirmheánacha. Ag an am céanna, i bhfianaise an mhéadaithe atá ag
teacht ar ionstraimí innealtóireachta airgeadais faoi Airteagal 44 a chur
chun feidhme ar an talamh agus i bhfianaise a theoranta a bhíonn an fhaisnéis a
bhíonn ar fáil don Choimisiún maidir leis na hionstraimí sin, is gá an
Rialachán a mhodhnú chun a áirithiú go bhféadfaidh Ballstáit, chomh maith leis
an gCoimisiún, faireachán iomchuí a dhéanamh ar na cineálacha cúnaimh
inaisíoctha sin agus iad a thuairisciú don Choimisiún. Ag an am céanna,
tabharfaidh an méid sin uirlis fhónta don Choimisiún chun measúnú foriomlán a
dhéanamh ar fheidhmíocht na gcineálacha cúnaimh sin. ·
Forálacha atá i bhfeidhm i réimse beartais an
togra Sainítear in Airteagal 44 de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006
ón gComhairle na foirmeacha is féidir a bheith ag ionstraimí innealtóireachta
airgeadais le linn na tréimhse cláraithe reatha chomh maith le raon feidhme na
hidirghabhála a bhaineann leo: tacaíocht a thabhairt do FBManna rochtain a
fháil ar mhaoiniú, athnuachan uirbeach agus éifeachtúlacht fuinnimh. In Airteagal 78(6)
den Rialachán thuasluaite tá forálacha speisialta maidir le haisíocaíocht
caiteachais arna íoc ag Ballstáit nó ag údaráis bhainistíochta agus atá
bunaithe ar rannchuidiú le hionstraimí den sórt sin. In Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006
léirítear an cineál cúnaimh a thugann Ciste Sóisialta na hEorpa: deontais
aonair nó deontais fhoriomlána nach bhfuil inaisíoctha, deontais inaisíoctha,
lacáistí ar ús ar iasachtaí, micrichreidmheasa, cistí ráthaíochta agus ceannach
earraí agus seirbhísí i gcomhréir le rialacha an tsoláthair phoiblí. ·
Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile
an Aontais Neamhbhainteach. 2. COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE
LEASMHARA AGUS ANAILÍS AR AN TIONCHAR ·
Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara Shainaithin Cúirt Iniúchóirí na hEorpa saincheist
an chúnaimh inaisíoctha lasmuigh d'Airteagal 44 ina hiniúchtaí ar
oibríochtaí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, rud a spreag an togra seo
le haghaidh leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle.
Tionscnaíodh an modhnú atá beartaithe tar éis mapáil chríochnaitheach a bheith
déanta ar an staid mar atá sí ar an talamh sna Ballstáit agus, dá thoradh sin,
pléadh é leis na Ballstáit faoi chuimsiú chruinnithe Choiste Comhordúcháin na
gCistí. Thairis sin, bunaithe ar mholadh Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le
faireachán ar na hionstraimí innealtóireachta airgeadais, tá forálacha ar leith
sa togra seo maidir le caiteachas a dhéanamh go tráthúil agus go héifeachtach
agus maidir le hionstraimí innealtóireachta airgeadais faoi Airteagal 44 a
thuairisciú. ·
Saineolais a sholáthar agus a úsáid Níor ghá saineolas seachtrach a úsáid. ·
Anailís ar Thionchar Leis an togra seo soiléireofar an úsáid a
bhaintear as cineálacha cúnaimh inaisíoctha ar leibhéal tionscadal, cleachtas
ar cuireadh bonn maith faoi le linn na tréimhse cláraithe 2000‑2006, agus
treiseofar úsáid na gcistí struchtúracha agus tabharfar breis giarála don úsáid
sin. Trí na rialacha a rialaíonn beartas comhtháthaithe
a shoiléiriú, athdheimhnítear do na Ballstáit gur féidir leanúint leis na
scéimeanna sin atá bunaithe ar chineálacha cúnaimh inaisíoctha a úsáideadh ar
bhealach rathúil san am a chuaigh thart, agus gur féidir tógáil ar na
scéimeanna sin. Imreoidh sé tionchar dearfach ar an luas ag a gcuirtear cláir
chun feidhme freisin, go háirithe trí dheis a thabhairt d'údaráis náisiúnta,
réigiúnacha agus áitiúla cistí a athúsáid chun na críche céanna. Leis an oibleagáid nua an caiteachas a dhéanamh go
tráthúil (laistigh de dhá bhliain ón uair a théann an íocaíocht isteach sa
chiste) agus ionstraimí innealtóireachta airgeadais a thuairisciú, cuirfear
uirlis fhónta ar fáil don Choimisiún chun faireachán agus measúnú foriomlán a
dhéanamh ar fheidhmíocht na gcineálacha cúnaimh sin. Tá sé d'aidhm ag an togra soiléireacht a sholáthar
i dtaobh dlíthiúlachta cleachtais dlí atá ann cheana. Is é an tionchar is mó
lena bhfuiltear ag súil dá bhrí sin go laghdófar éideimhneacht dhlíthiúil.
Beidh tionchar an togra ar chleachtais teoranta, agus bainfidh sé le méadú ar
an oibleagáid atá ar ionstraimí innealtóireachta airgeadais atá i bhfeidhm
cheana tuairisc a thabhairt. Ní iarrtar aon bhuiséad nua. 3. Eilimintí dlí an togra ·
Achoimre ar na bearta atá beartaithe Tá an modhnú atá beartaithe bunaithe ar an raon
feidhme níos fairsinge atá ag cineálacha éagsúla cúnaimh mar atá sonraithe in Airteagal 28(3)
de Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999 ón gComhairle agus déanfaidh sé an creat
rialála atá ann faoi láthair a chomhlánú agus a choigeartú mar is gá, rud a
bhfuil tuairisc mhionsonraithe air thíos. Tá sé beartaithe mír 8 a chur isteach in Airteagal 2,
agus leis sin foráil a dhéanamh d'fhonn deontas inaisíoctha a shainmhíniú mar
rannchuidiú airgeadais díreach trí bhíthin dámhachtana is féidir a aisíoc, ina
hiomláine nó i bpáirt, gan ús. I Roinn 3a, atá nua agus a bheartaítear a
chur isteach faoi Theideal III de Chaibidil II tugtar forálacha
maidir le "cúnamh inaisíoctha" isteach. Tá Airteagal 43a nua
agus tá sé d'aidhm aige a leagan síos go bhféadfaidh na Cistí Struchtúracha
caiteachas a mhaoiniú i ndáil le hoibríocht a chuimsíonn rannchuidiú chun tacú
le cúnamh inaisíoctha. Cumhdaítear leis an bhforáil sin deontais inaisíoctha
agus línte creidmheasa arna mbainistiú ag údaráis bhainistíochta trí
chomhlachtaí idirmheánacha ar institiúidí airgeadais poiblí
"inmheánacha" iad. Ar mhaithe le soiléireacht, is ionann i gcónaí an
mheicníocht lena ndearbhaítear caiteachas agus aisíocaíocht le haghaidh cúnaimh
inaisíoctha den sórt sin agus an mheicníocht le haghaidh cúnaimh nach bhfuil
inaisíoctha (i.e. le haghaidh deontas ar deontais amach is amach iad), ós rud é
go bhfuil sí bunaithe ar shonraisc admhaithe nó ar dhoiciméid a bhfuil an
fiúntas céanna cruthúnais iontu (de réir Airteagal 78 (1) go (5) de
Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006). Ina theannta sin, cuirtear Airteagal 43b
isteach chun a shoiléiriú go ndéanfar an cúnamh a aisíocfar leis an gcomhlacht
a thug an cúnamh, nó le húdarás inniúil poiblí eile de chuid an Bhallstáit, go
ndéanfar é a choinneáil i gcuntas ar leith agus go n‑athúsáidfear é chun
na críche céanna nó i gcomhréir le cuspóirí an chláir oibríochta." Tá sé beartaithe Airteagal 44a a thabhairt
isteach chun a shoiléiriú nach bhfuil na forálacha maidir le tionscadail mhóra
(Airteagal 39), tionscadail ghinte ioncaim (Airteagal 55) agus maidir
le marthanacht oibríochtaí (Airteagal 57) infheidhme mar phrionsabal
maidir le hionstraimí innealtóireachta airgeadais faoi Airteagal 44, ós
rud é gur ceapadh na rialacha sin le haghaidh cineálacha eile cúnaimh i
ndáiríre. Sa chomhthéacs céanna, tugtar isteach Airteagal 67a
maidir le hionstraimí innealtóireachta airgeadais a thuairisciú faoi Airteagal 44.
Tá an méid sin á dhéanamh ag féachaint don ghá a áirithiú go ndéanfaidh na
Ballstáit chomh maith leis an gCoimisiún faireachán iomchuí ar chur chun
feidhme ionstraimí innealtóireachta airgeadais, inter alia ionas gur
féidir leis na Ballstáit faisnéis iomchuí a thabhairt don Choimisiún i dtaobh
na gcineálacha ionstraimí arna gcur i bhfeidhm agus i dtaobh na ngníomhaíochtaí
ábhartha arna ndéanamh ag na hionstraimí sin ar an talamh. Sa chomhthéacs céanna, tá sé d'aidhm ag an mír nua
atá beartaithe in Airteagal 78(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006
oibleagáid dhlíthiúil a thabhairt isteach chun a áirithiú go ndéanfar an
rannchuidiú airgeadais arna íoc ag údaráis bhainistíochta chun ionstraimí
innealtóireachta airgeadais a bhunú nó chun rannchuidiú leo a chaitheamh ar
chaiteachas incháilithe laistigh de thréimhse dhá bhliain ón uair a théann an
íocaíocht isteach sa chiste. Murab amhlaidh an cás, ní mór an ráiteas
caiteachais a dhéanfar ina dhiaidh sin a cheartú dá réir trí na méideanna nár
caitheadh a asbhaint. Táthar á dhéanamh sin d'fhonn a sheachaint go bhfanfadh
airgead curtha i leataobh gan a chaitheamh i gcistí den sórt sin ar feadh i
bhfad. Le hAirteagal 78a atá nua, cuirfear isteach
foráil ghinearálta maidir leis na ceanglais i dtaca leis an ráiteas
caiteachais. Maidir le hAirteagal 61(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1605/2002
ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le
buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach, cuirfidh sé ar chumas an Choimisiúin
cuntais a sholáthar a léireoidh go fírinneach sócmhainní na gComhphobal agus
cur chun feidhme an bhuiséid. ·
Bunús dlí Sainítear na rialacha coiteanna atá infheidhme
maidir leis na trí Chiste i Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle
an 11 Iúil 2006 lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta
Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa agus leis an gCiste
Comhtháthaithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999.
Ar bhonn phrionsabal na bainistíochta comhpháirtí idir an Coimisiún agus na
Ballstáit, tá forálacha sa Rialachán seo maidir leis an bpróiseas cláraithe
chomh maith le socruithe le haghaidh bainistithe clár (bainistiú airgeadais san
áireamh), faireacháin, rialaithe airgeadais agus meastóireachta ar
thionscadail. ·
Prionsabal na coimhdeachta Comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta sa
mhéid go bhfuil sé d'aidhm aige deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil ar
leibhéal an Aontais Eorpaigh gur ceadmhach agus gur dlisteanach, faoi na
rialacháin a rialaíonn na Cistí Struchtúracha faoi láthair, an tacaíocht a
thugann Ballstáit trí bhíthin Cistí Struchtúracha do scéimeanna atá bunaithe ar
chineálacha cúnaimh inaisíoctha agus a cuireadh chun feidhme go dleathach le
linn na tréimhse cláraithe roimhe sin agus/nó a thosaigh le linn na tréimhse
reatha ach nach mbaineann saintréithe ionstraimí innealtóireachta airgeadais
leo. Sa chomhthéacs sin, is gá a shainiú freisin ar an leibhéal Eorpach an
chaoi a gcaithfear le cúnamh arna aisíoc i gcás na gcineálacha sin scéimeanna
nach mbaineann saintréithe ionstraimí innealtóireachta airgeadais leo. Thairis sin, tabharfar isteach oibleagáid
caiteachas a dhéanamh go tráthúil (laistigh de dhá bhliain ón uair a théann an
íocaíocht isteach sa chiste) agus oibleagáid ionstraimí innealtóireachta
airgeadais faoi Airteagal 44 a thuairisciú chun a chur ar chumas na
mBallstát na hionstraimí a chur chun feidhme go tapa agus chun faisnéis iomchuí
a sholáthar don Choimisiún maidir leis an gcineál ionstraime arna gcur i
bhfeidhm agus maidir leis na gníomhaíochtaí ábhartha arna ndéanamh ag
ionstraimí den sórt sin ar an talamh. Ag an am céanna, tabharfaidh an méid sin
uirlis fhónta don Choimisiún chun measúnú foriomlán a dhéanamh ar fheidhmíocht
fhoriomlán na gcineálacha cúnaimh sin. ·
Prionsabal na comhréireachta Luíonn an togra le prionsabal na comhréireachta: Go deimhin, tá an togra seo comhréireach ós rud é
nach dtéann sé thar an íosmhéid rialacha is gá chun deimhneacht dhlíthiúil a
sholáthar do na Ballstáit gur ceadmhach sa tréimhse chláraithe reatha
scéimeanna atá bunaithe ar chúnamh inaisíoctha lena dtacaíonn Cistí
Struchtúracha ach nach mbaineann saintréithe ionstraimí innealtóireachta
airgeadais leo. Chun ligean do na Ballstáit tairbhe a bhaint as na soiléirithe
ar feadh na tréimhse cláraithe ina hiomláine, is gá an togra a chur i bhfeidhm
go haisghníomhach. An oibleagáid go gcaithfear laistigh de dhá
bhliain rannchuidiú airgeadais na n‑údarás bainistíochta chun ionstraimí
innealtóireachta airgeadais a bhunú (murab amhlaidh an cás, ní mór an ráiteas
caiteachais a dhéanfar ina dhiaidh sin a cheartú dá réir trí na méideanna nár
caitheadh a asbhaint) agus roinnt oibleagáidí maidir le tuairisciú, leagtar iad
amach i gcomhair ionstraimí innealtóireachta airgeadais amháin (murab ionann is
cúnamh inaisíoctha nach mbaineann saintréithe Airteagal 44 leis, cuirtear
chun feidhme trí bhíthin "cistí" iad), agus bunaítear iad chun an t‑íosmhéid
faisnéise a chur ag sreabhadh ó na Ballstáit chuig an gCoimisiún maidir le
hionstraimí innealtóireachta airgeadais a chur chun feidhme ar an talamh go
tráthúil ceart. Ina theannta sin, ní chuirfear an oibleagáid caiteachas a
dhéanamh go tráthúil ná na hoibleagáidí maidir le tuairisciú breise i bhfeidhm
go haisghníomhach. ·
Rogha ionstraimí An ionstraim atá beartaithe: rialachán. Ní bheadh ionstraimí eile iomchuí ar na cúiseanna
seo a leanas: D'fhiosraigh an Coimisiún na deiseanna
beartaíochta faoin gcreat dlí chun a dhearbhú i leith an chleachtais atá
bunaithe le haghaidh oibríochtaí a bhainistíonn comhlachtaí idirmheánacha nó
údaráis bhainistíochta go díreach agus nach mbaineann saintréithe ionstraimí
innealtóireachta airgeadais leo, go bhfuil sé i gcomhréir mar chleachtas leis
an rialachán atá ann faoi láthair maidir le Cistí Struchtúracha. Tar éis
comhairliúcháin inmheánaigh chríochnaithigh áfach, ba léir go raibh sé
riachtanach ar mhaithe le cinnteacht leasú a dhéanamh ina leith sin ar
Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle. Is é cuspóir na leasuithe
sin úsáid acmhainní an Aontais a éascú a thuilleadh le haghaidh tionscadal
éagsúil atá lasmuigh de raon feidhme Airteagal 44 agus leis sin líon na
dtionscadal a bhaineann tairbhe as tacaíocht na gCistí Struchtúracha a mhéadú.
Ionstraimí arna gcur ar bun faoi fhorálacha Airteagal 44 den Rialachán
seo, ní fhéadfaí iad a bhunú i gcomhair na n‑oibríochtaí
neamhchaighdeánacha sin, toisc go bhfuil Airteagal 44 teoranta do chistí a
infheistíonn i bhfabhar FBManna, athnuachana uirbí agus éifeachtúlachta
fuinnimh. Faoi láthair, níl aon oibleagáid dhlíthiúil ann an
rannchuidiú airgeadais arna íoc isteach ag na húdaráis bhainistíochta in ionstraimí
innealtóireachta airgeadais a chaitheamh laistigh d'amchlár sainithe faoi
dheireadh an chláir, ós rud é nach ndéantar "glanluacháil" an
rannchuidithe sin (i dtéarmaí "caiteachas incháilithe" a fhíorú) ach
ar dhúnadh an chláir oibríochta; ina theannta sin, níor tugadh isteach ach le
déanaí ar bhonn deonach an faireachán agus an tuairisciú a dhéanann na
Ballstáit ar ionstraimí innealtóireachta airgeadais. Ní leor sin chun go mbeadh
an Coimisiún in ann pictiúr foriomlán a fháil de chur chun feidhme na
gcineálacha cúnaimh inaisíoctha sin ar an talamh. Ina theannta sin, mhol Cúirt
Iniúchóirí na hEorpa don Choimisiún seiceáil iomchuí a dhéanamh go gcaitear go
hiomchuí na hacmhainní arna leithdháileadh ar ionstraimí innealtóireachta
airgeadais chomh maith le faireachán iomchuí a dhéanamh ar chur chun feidhme
ghníomhaíochtaí na n‑ionstraimí sin. I bhfianaise a bhfuil thuas, tá
forálacha ar leith sa togra seo (i) maidir leis an rannchuidiú airgeadais arna
íoc isteach in ionstraimí innealtóireachta airgeadais faoi Airteagal 44 a
chaitheamh go tráthúil (murab amhlaidh an cás, ní mór an ráiteas caiteachais a
dhéanfar ina dhiaidh sin a cheartú dá réir trí na méideanna nár caitheadh a
asbhaint) agus (ii) maidir le hionstraimí innealtóireachta airgeadais faoi Airteagal 44
a thuairisciú. 4. Tionchar buiséadach Níl aon tionchar ar leithreasaí faoi chomhair
oibleagáidí ós rud é nach mbeartaítear aon athrú ar na huasmhéideanna maoinithe
ó Chistí Struchtúracha dá bhforáiltear sna Cláir Oibríochta i gcomhair na
tréimhse cláraithe 2007‑2013. Creideann an Coimisiún go bhféadfadh an beart atá
beartaithe cur chun feidhme a fheabhsú trí bhíthin deimhneacht dhlíthiúil a
mhéadú do na Ballstáit. 2011/0210 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006
ón gComhairle maidir le cúnamh inaisíoctha agus innealtóireacht airgeadais TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 177 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí Náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[1], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[2], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis
an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1)
Eispéiris dhearfacha a bhí ag na Ballstáit le
scéimeanna cúnaimh inaisíoctha ar leibhéal na n‑oibríochtaí le linn na
tréimhse cláraithe 2000-2006 agus dá bhrí sin lean siad le scéimeanna den sórt
sin nó thosaigh siad ag cur scéimeanna cúnaimh inaisíoctha chun feidhme sa
tréimhse chláraithe reatha 2007-2013. Chuir roinnt Ballstát tuairiscí ar na
scéimeanna sin ar áireamh ina ndoiciméid chláraithe, doiciméid a d'fhormheas an
Coimisiún. (2)
Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle
an 11 Iúil 2006 lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le
Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa agus leis an
gCiste Comhtháthaithe, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999[3], leagtar
amach ann ionstraimí innealtóireachta airgeadais lena mbaineann réimsí beachta
agus raon feidhme idirghabhála beacht. Na scéimeanna a chuireann Ballstáit chun
feidhme i bhfoirm deontas inaisíoctha agus línte creidmheasa arna mbainistiú ag
údaráis bhainistíochta trí chomhlachtaí idirmheánacha, ámh, ní iomchuí mar a
chumhdaíonn na forálacha maidir le hionstraimí innealtóireachta airgeadais, ná
na forálacha eile de chuid Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 iad. Dá bhrí
sin, i gcomhréir le hAirteagal 11(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le Ciste
Sóisialta na hEorpa agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1784/1999[4], lena
bhforáiltear go bhféadtar cúnamh a thabhairt i bhfoirm deontas inaisíoctha, is
gá a leagan amach i Roinn nua de chuid Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 gur
féidir cúnamh inaisíoctha a chómhaoiniú as na Cistí Struchtúracha. Ba cheart go
gcumhdódh an Roinn sin deontais inaisíoctha agus línte creidmheasa arna
mbainistiú ag údaráis bhainistíochta trí chomhlachtaí idirmheánacha ar
institiúidí airgeadais poiblí iad. (3)
Ó tharla go n‑aisíocann na tairbhithe i
bpáirt nó ina n‑iomláine na hacmhainní airgeadais a úsáidtear le haghaidh
cúnaimh inaisíoctha, is gá forálacha iomchuí a thabhairt isteach go n‑athúsáidfear
cúnamh arna aisíoc chun na críche céanna nó i gcomhréir le cuspóirí an chláir
ar leith. (4)
Na forálacha maidir le tionscadail mhóra,
tionscadail ghinte ioncaim agus marthanacht oibríochtaí, is gá a shoiléiriú nár
cheart feidhm a bheith acu mar phrionsabal maidir le hionstraimí
innealtóireachta airgeadais, ós rud é gur ceapadh na rialacha sin i gcomhair
oibríochtaí de chineálacha eile. (5)
Maidir leis an ngá a áirithiú go ndéanfaidh na
Ballstáit chomh maith leis an gCoimisiún faireachán iomchuí ar chur chun
feidhme ionstraimí innealtóireachta airgeadais, inter alia ionas gur
féidir leis na Ballstáit faisnéis iomchuí a thabhairt don Choimisiún i dtaobh
na gcineálacha ionstraimí arna gcur i bhfeidhm agus i dtaobh na ngníomhaíochtaí
ábhartha arna ndéanamh ag na hionstraimí sin ar an talamh, is gá foráil a
thabhairt isteach maidir le tuairisciú. Chuirfeadh an méid sin ar chumas an
Choimisiúin measúnú níos fearr a dhéanamh ar fheidhmíocht ionstraimí
innealtóireachta airgeadais freisin. (6)
Chun a áirithiú go gcaithfear go héifeachtach agus
laistigh d'amchlár sainithe an rannchuidiú airgeadais arna íoc isteach ag na
húdaráis bhainistíochta in ionstraimí innealtóireachta airgeadais agus arna áireamh
i ráiteas caiteachais, is gá oibleagáid a thabhairt isteach nach mór
d'ionstraimí innealtóireachta airgeadais an rannchuidiú le haghaidh caiteachais
incháilithe a chaitheamh laistigh de dhá bhliain ó dháta an ráitis chaiteachais
dheimhnithe ábhartha. Ba cheart an ráiteas
caiteachais ina dhiaidh sin a cheartú dá réir sin, trí na méideanna nár
caitheadh a asbhaint, más rud é nár caitheadh an rannchuidiú i dtrácht laistigh
den tréimhse shonraithe. (7)
Chun a áirithiú go gcomhlíonfar Airteagal 61(2)
de Rialachán (CE) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an
Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal
Eorpach[5],
is gá a cheangal go soláthrófar sa ráiteas caiteachais a chuirfear faoi bhráid
an Choimisiúin an fhaisnéis ar fad is gá ionas gur féidir leis an gCoimisiún
cuntais a sholáthar a léireoidh go fírinneach sócmhainní na gComhphobal agus
cur chun feidhme an bhuiséid. (8)
Ba cheart éifeacht aisghníomhach arna háireamh ó
thús na tréimhse cláraithe reatha 2007-2013 a bheith ag an leasú lena
mbeartaítear soiléiriú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht cur i bhfeidhm cleachtais
atá ann cheana agus a bhfuil éifeacht aige ó thús na tréimhse incháilitheachta
mar atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006. (9)
Ba cheart mar sin Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006
a leasú dá réir sin, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A
GHLACADH: Airteagal 1 Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006
mar seo a leanas: (1) Cuirtear pointe 8 mar seo a
leanas le hAirteagal 2: "(8) "deontas inaisíoctha":
rannchuidiú airgeadais díreach ar mhodh dámhachtana ar féidir dó a bheith
inaisíoctha, ina iomláine nó i bpáirt, gan ús." (2) I gCaibidil II de Theideal III,
cuirtear Roinn 3a isteach mar seo a leanas: "Roinn 3a Cúnamh
inaisíoctha Airteagal 43a
Cineálacha
cúnaimh inaisíoctha 1. Mar chuid de chlár oibríochta, féadfar
cómhaoiniú a thabhairt as na Cistí Struchtúracha le haghaidh cúnaimh
inaisíoctha i bhfoirm deontas inaisíoctha, nó línte creidmheasa arna mbainistiú
ag údaráis bhainistíochta trí chomhlachtaí idirmheánacha ar institiúidí
airgeadais poiblí iad. 2. Déanfar an ráiteas caiteachais maidir le
cúnamh inaisíoctha a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 78(1) go (5). Airteagal 43b
Cúnamh inaisíoctha a athúsáid Déanfar cúnamh a aisíocfar leis an gcomhlacht a
thug an cúnamh nó le húdarás inniúil eile de chuid an Bhallstáit a choinneáil i
gcuntas ar leith agus athúsáidfear é chun na críche céanna nó i gcomhréir le
cuspóirí an chláir oibríochta." (3) Cuirtear Airteagal 44a isteach
mar seo a leanas isteach: "Airteagal 44a
Gan forálacha áirithe a chur
i bhfeidhm Ní bheidh feidhm ag Airteagail 39, 55 ná 57
maidir le hoibríochtaí a thagann faoi Airteagal 44." (4) Cuirtear isteach Airteagal 67a
mar seo a leanas: "Airteagal 67a
Tuarascálacha maidir le cur
chun feidhme ionstraimí innealtóireachta airgeadais. 1. Faoin 31 Eanáir agus faoin 15 Meán
Fómhair gach bliain, cuirfidh an t‑údarás bainistíochta tuarascáil
shonrach chuig an gCoimisiún ina gcumhdófar na hoibríochtaí a chuimsíonn
ionstraimí innealtóireachta airgeadais le haghaidh na tréimhse go dtí an 31 Nollaig
agus go dtí an 30 Meitheamh faoi seach. 2. Beidh an fhaisnéis seo a leanas, i gcás
gach ionstraime innealtóireachta airgeadais, ar áireamh sna tuarascálacha dá
dtagraítear i mír 1: (a) tuairisc ar an ionstraim innealtóireachta
airgeadais agus ar na socruithe cur chun feidhme; (b) sainaithint na n‑eintiteas a
chuireann an ionstraim innealtóireachta airgeadais chun feidhme, lena n‑áirítear
iad siúd a ghníomhaíonn trí chistí sealbhaíochta, chomh maith le tuairisc ar a
bpróiseas roghnúcháin; (c) dátaí na n‑íocaíochtaí agus
méideanna an chúnaimh ó na Cistí Struchtúracha agus ó chómhaoiniú náisiúnta
arna íoc leis an ionstraim innealtóireachta airgeadais; (d) dátaí agus méideanna comhfhreagracha atá
ar áireamh i ráitis chaiteachais arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin agus
dátaí agus méideanna arna n‑aisíoc ag an gCoimisiún; (e) méideanna an chúnaimh ó na Cistí
Struchtúracha agus ó chómhaoiniú náisiúnta arna íoc ag an ionstraim
innealtóireachta airgeadais;" (5) Cuirtear an fhomhír seo a leanas le
hAirteagal 78(6): "An rannchuidiú airgeadais le hionstraimí
innealtóireachta airgeadais mar atá sainithe in Airteagal 44, ar
rannchuidiú airgeadais é atá ar áireamh i ráiteas caiteachais agus nár íocadh
mar chaiteachas incháilithe i gcomhréir leis an dara fomhír den mhír seo
laistigh de dhá bhliain ó dháta an ráitis chaiteachais dheimhnithe lena
mbaineann, bainfear an rannchuidiú sin as an gcéad ráiteas caiteachas
deimhnithe eile." (6) Cuirtear isteach Airteagal 78a
mar seo a leanas: "Airteagal 78a
Ceanglas maidir le faisnéis a
sholáthar sa ráiteas caiteachais Soláthrófar sa ráiteas caiteachais a chuirfear
faoi bhráid an Choimisiúin an fhaisnéis ar fad is gá ionas gur féidir leis an
gCoimisiún cuntais a sholáthar i gcomhréir le hAirteagal 61(2) de
Rialachán (CE) Uimh. 1605/2002. Chun na coinníollacha aonfhoirmeacha a shainiú le
haghaidh chur i bhfeidhm an Airteagail seo, tabharfar de chumhacht don
Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 291
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh." Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an
tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2007
ar aghaidh. Beidh feidhm ag míreanna 4, 5 agus 6 d'Airteagal 1
le héifeacht ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, áfach. Chun críocha Airteagal 1(5), i gcás inar
áiríodh an rannchuidiú airgeadais i ráiteas caiteachais cheana féin roimh
theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, tosóidh an tréimhse dhá bhliain an lá a
thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile
agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an Thar ceann Pharlaimint na hEorpa, Thar
ceann na Comhairle, An tUachtarán An
tUachtarán RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 1. AINM AN TOGRA: Togra le haghaidh RIALACHÁIN (AE) Uimh. .../2011
Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006
maidir le cúnamh inaisíoctha agus innealtóireacht airgeadais. 2. CREAT ABM/ABB (bainistiú de réir
gníomhaíochtaí/bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí) Réimsí beartais lena mbaineann agus aon
Ghníomhaíochtaí gaolmhara: Beartas réigiúnach; Gníomhaíocht ABB 13.03 Fostaíocht agus Gnóthaí Sóisialta; Gníomhaíocht
ABB 04.02 3. NA LÍNTE BUISÉID 3.1. Na línte buiséid (línte
oibríochtúla agus línte a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (na
seanlínte B.A.)): Cuirfear an ghníomhaíocht nua atá beartaithe
chun feidhme ar na línte buiséid seo a leanas: · 13.031600 Cóineasú (Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa - CFRE) · 13.031700 Síocháin (CFRE) · 13.031800 Fostaíocht agus iomaíocht réigiúnach (CFRE) · 13.031900 Comhar críochach (CFRE) · 04.0217 Cóineasú (Ciste Sóisialta na hEorpa - CSE) · 04.0219 Fostaíocht agus iomaíocht réigiúnach (CSE) 3.2. Fad thréimhse na
gníomhaíochta agus an tionchair airgeadais: D'fhéadfadh an beart atá beartaithe feabhas a
chur ar chur chun feidhme toisc go soláthróidh sé deimhneacht dhlíthiúil do na
Ballstáit maidir le húsáid gach cineáil cúnaimh inaisíoctha. Ina theannta sin,
tabharfar oibleagáidí dlíthiúla isteach go gcaithfidh ionstraimí
innealtóireachta airgeadais laistigh de thréimhse dhá bhliain an rannchuidiú
airgeadais arna íoc ag údaráis bhainistíochta chun cistí den sórt sin a bhunú
nó chun rannchuidiú leo; thairis sin tá oibleagáidí tuairiscithe leagtha amach
le haghaidh ionstraimí innealtóireachta airgeadais, agus bunófar iad chun an t‑íosmhéid
faisnéise a chur ag sreabhadh ó na Ballstáit chuig an gCoimisiún maidir le
hionstraimí innealtóireachta airgeadais a chur chun feidhme ar an talamh. Ní
chuirfear na hoibleagáidí sin i bhfeidhm go haisghníomhach. Níl aon tionchar
airgeadais aige ar bhuiséad an Aontais toisc nach gá aon acmhainní breise. 3.3. Saintréithe buiséadacha: Líne buiséid || Saghas caiteachais || Nua || Ranníocaíocht CSTE || Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí || Ceannteideal sa Pheirspictíocht Airgeadais 13.031600 || Neamhéigeantach || Difreáilte || Níl || Níl || Níl || Uimh. 1b 13.031700 || Neamhéigeantach || Difreáilte || Níl || Níl || Níl || Uimh. 1b 13.031800 || Neamhéigeantach || Difreáilte || Níl || Níl || Níl || Uimh. 1b 13.031900 || Neamhéigeantach || Difreáilte || Níl || Níl || Níl || Uimh. 1b 04.0217 || Neamhéigeantach || Difreáilte || Níl || Níl || Níl || Uimh. 1b 04.0219 || Neamhéigeantach || Difreáilte || Níl || Níl || Níl || Uimh. 1b 4. ACHOIMRE AR NA hACMHAINNÍ 4.1. Acmhainní Airgeadais 4.1.1. Achoimre ar na leithreasaí
faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus na leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí
(LÍ) Léirítear sna táblaí a leanas an tionchar a
mheastar a bheidh ag na bearta atá beartaithe idir 2011 agus 2013. EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Saghas caiteachais || Uimh. na coda || || Bliain n || n + 1 || n + 2 || n + 3 || n + 4 || n+5 agus níos déanaí || Iomlán Caiteachas oibríochtúil[6] || || || || || || || || Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) || 8.1 || a || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) || || b || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach Caiteachas riaracháin laistigh den mhéid tagartha[7] || || || || Cúnamh teicniúil agus riaracháin – (Leithreasaí neamhdhifreáilte) || 8.2.4 || c || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach AN MÉID TAGARTHA IOMLÁN || || || || || || || Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí || || a+c || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí || || b+c || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || 0,000 Caiteachas riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha[8] || || Acmhainní daonna agus caiteachas a bhaineann leo (LN) || 8.2.5 || d || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach Costais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus caiteachas a bhaineann leo, nach n-áirítear sa mhéid tagartha (LN) || 8.2.6 || e || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach Costas táscach iomlán ar an idirghabháil i
dtéarmaí airgeadais IOMLÁN LO agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh || || a+c+d+e || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach IOMLÁN LÍ agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh || || b+c+d+e || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach Sonraí an Chómhaoinithe EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Comhlacht cómhaoinithe || || Bliain n || n + 1 || n + 2 || n + 3 || n + 4 || n+5 agus níos déanaí || Iomlán …………………… || f || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach IOMLÁN LO lena n-áirítear cómhaoiniú || a+c+d+e+f || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach 4.1.2. Comhoiriúnacht
don Chlárú Airgeadais x Tá an togra comhoiriúnach don chlárú airgeadais atá ann cheana. ¨ Tiocfaidh den togra seo go ndéanfar athchlárú faoin teideal
ábhartha sa pheirspictíocht airgeadais. ¨ Féadfaidh an togra a cheangal go mbeidh
gá forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh[9] a chur chun feidhme (i.e. ionstraim
sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais). 4.1.3. Tionchar airgeadais ar Ioncam x Níl tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam ¨ Tá tionchar airgeadais ag an togra seo – is í seo a leanas an
tionchar ar ioncam: EUR milliún (go
dtí an 1ú deachúil) || || Roimh ghníomhaíocht [Bliain n-1] || || Staid tar éis na gníomhaíochta Líne buiséid || Ioncam || || [Bliain n] || [n+1] || [n+2] || [n+3] || [n+4] || [n+5][10] || a) Ioncam mar ghlanfhigiúr || || || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach b) Athrú san ioncam || D || || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach (Sonraigh gach líne buiséid ioncaim atá i
gceist, ag cur na sraitheanna breise is gá leis an tábla má tá tionchar ar níos
mó ná líne buiséid amháin.) 4.2. Acmhainní
daonna FTE (lena n-áirítear oifigigh, foireann shealadach agus foireann
sheachtrach) – féach na sonraí faoi phointe 8.2.1. Riachtanais Bhliantúla || Bliain n || n + 1 || n + 2 || n + 3 || n + 4 || n+5 agus níos déanaí Líon iomlán na n-acmhainní daonna || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach 5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ 5.1. An riachtanas is gá a shásamh
sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Ós rud é go
bhfuil sé nasctha le fíorchaiteachas arna thabhú ag tairbhithe, nuair a aisíocfar
éilimh íocaíochta lena n‑áirítear cineálacha cúnaimh atá inaisíoctha ar
leibhéal oibríochtaí, cuirfear le fad thionchar idirghabhálacha na gcistí
struchtúracha i réimsí agus in earnálacha ina dtugtar cúnamh. 5.2. An breisluach toisc an
Comhphobal a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí
airgeadais eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann Trí leanúint le
dea‑chleachtas maidir le cineálacha cúnaimh inaisíoctha ar leibhéal na
dtionscadal, cruthófar ionstraimí a mhairfidh i bhfad agus beifear in ann Cistí
a athúsáid. 5.3. Cuspóirí, torthaí a
bhfuiltear ag súil leo agus táscairí bainteacha an togra i gcomhthéacs an
chreata le haghaidh bainistíochta de réir gníomhaíochta (ABM) Beidh éifeachtaí dearfacha ar chur chun
feidhme clár ar an talamh a bhuí le tuilleadh soiléirithe ar na rialacha a
rialaíonn an beartas comhtháthaithe. Déanfar tuilleadh spreagtha chun úsáid a
bhaint as cineálacha cúnaimh inaisíoctha agus fágfaidh sin go mbeidh breis
giarála agus inmharthanachta in idirghabhálacha. 5.4. Modhanna cur chun feidhme
(táscach) Léirigh thíos na modhanna a roghnaíodh do chur
chun feidhme na gníomhaíochta. ·
Leis na Ballstáit 6. FAIREACHÁN AGUS MEASTÓIREACHT 6.1. An córas faireacháin Níl gá le ceann,
ós rud é go dtagann sé faoi fhaireachán bunaithe na gCistí Struchtúracha. 6.2. Meastóireacht 6.2.1. Meastóireacht ex-ante Ós rud é go bhfuil sé d'aidhm ag an togra seo
cleachtas bunaithe agus inchosanta a cheadú agus go gcuirfidh sé easnamh atá sa
Rialachán atá ann faoi láthair ina cheart, ní dhearnadh aon mheastóireacht ex-ante. 6.2.2. Bearta a rinneadh i ndiaidh
meastóireachta idirmheánaí/ex-post (ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí a
fuarthas san am atá thart) Neamhbhainteach 6.2.3. Téarmaí agus minicíocht
meastóireachta sa todhchaí Neamhbhainteach 7. BEARTA FRITH-CHALAOISE neamhbhainteach 8. SONRAÍ NA nACMHAINNÍ 8.1. Cuspóirí an togra i dtéarmaí
a gcostais airgeadais Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliúin
(go dtí an 3ú deachúil) (Is ceart ceannteidil na gcuspóirí, na ngníomhaíochtaí agus na n-aschur a sholáthar) || Saghas aschuir || Meán-chostas || Bliain n || Bliain n + 1 || Bliain n + 2 || Bliain n + 3 || Bliain n+4 || Bliain n + 5 agus níos déanaí || IOMLÁN Líon aschur || Costas iomlán || Líon aschur || Costas iomlán || Líon aschur || Costas iomlán || Líon aschur || Costas iomlán || Líon aschur || Costas iomlán || Líon aschur || Costas iomlán || Líon aschur || Costas iomlán CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL Uimh. 1 Cur chun feidhme na gclár oibríochta a chothabháil || || || || || || || || || || || || || || || || Gníomhaíocht 1 – ráta cómhaoinithe 100% || || || || 0,000 || || 0,000 || || || || || || || || || || 0,000 COSTAS IOMLÁN || || || || 0,000 || || 0,000 || || || || || || || || || || 0,000 8.2. Caiteachas Riaracháin 8.2.1. Líon agus saghas acmhainní
daonna Cineál poist || || Na baill foirne a mbeidh sé de chúram orthu an ghníomhaíocht a bhainistiú ag baint úsáide as acmhainní atá ann cheana agus/nó acmhainní breise (an líon post/FTEnna) || || Bliain n || Bliain n + 1 || Bliain n + 2 || Bliain n + 3 || Bliain n+4 || Bliain n + 5 Oifigigh nó foireann shealadach (XX 01 01) || A*/AD || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach B*, C*/AST || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach Foireann arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 02 || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach Foireann eile arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 04/05 || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach IOMLÁN || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach 8.2.2. Tuairisc
ar na cúraimí a thagann as an ngníomhaíocht N/B 8.2.3. Foinsí na n-acmhainní daonna
(reachtúla) (Nuair a luaitear níos mó ná foinse amháin,
sonraigh an líon post a thagann as gach foinse) ¨ Poist leithdháilte faoi láthair ar bhainistiú an chláir agus a
bheidh le hathrú nó le síneadh. ¨ Poist leithdháilte roimh ré laistigh de chleachtadh APS/PDB do
bhliain n ¨ Poist a iarrfar sa chéad nós imeachta APS/PDB eile ¨ Poist a ath-imscarfar ag baint úsáide as na hacmhainní atá ann
cheana laistigh den tseirbhís (ath-imscaradh inmheánach) ¨ Poist is gá do bhliain n cé nach raibh siad á dtuar i gcleachtadh
APS/PDB na bliana a bhí i gceist 8.2.4. Caiteachas Riaracháin eile a
chumhdaítear sa mhéid tagartha (XX 01 04/05 – Caiteachas ar bhainistiú
riaracháin) EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Líne buiséid (uimhir agus ceannteideal) || Bliain n || Bliain n + 1 || Bliain n + 2 || Bliain n + 3 || Bliain n+4 || Bliain n + 5 agus níos déanaí || IOMLÁN 1 Cúnamh teicniúil agus riaracháin (lena n-áirítear costais a bhaineann le foireann) || || || || || || || Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach - intra muros || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach - extra muros || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach Cúnamh teicniúil agus riaracháin iomlán || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach 8.2.5. Costas
airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara nach n-áirítear sa
mhéid tagartha EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) Cineál acmhainní daonna || Bliain n || Bliain n + 1 || Bliain n + 2 || Bliain n + 3 || Bliain n+4 || Bliain n + 5 agus níos déanaí Oifigigh agus foireann shealadach (XX 01 01) || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach Foireann atá á maoiniú ag Airteagal XX 01 02 (foireann chúnta, END, foireann ar conradh, etc.) (sonraigh an líne sonrach buiséid) || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach Costas iomlán na nAcmhainní Daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach Ríomh – Oifigigh
agus Gníomhairí sealadacha Is ceart
tagairt a dhéanamh do Phointe 8.2.1. más iomchuí neamhbhainteach Ríomh – Foireann
arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 02 Is ceart
tagairt a dhéanamh do Phointe 8.2.1. más iomchuí neamhbhainteach 8.2.6. Caiteachas eile riaracháin
nach n-áirítear sa mhéid tagartha EUR milliúin (go dtí an 3ú deachúil) || Bliain n || Bliain n + 1 || Bliain n + 2 || Bliain n + 3 || Bliain n+4 || Bliain n + 5 agus níos déanaí || IOMLÁN XX 01 02 11 01 – Misin || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach XX 01 02 11 02 – Cruinnithe agus comhdhálacha || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach XX 01 02 11 03 – Coistí || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach XX 01 02 11 04 – Staidéir agus comhairliúcháin || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach XX 01 02 11 05 – Córais faisnéise || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach 2 Caiteachas iomlán eile bainistíochta (XX 01 02 11) || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach 3 Caiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh agus cuir isteach tagairt don líne buiséid) || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach Iomlán an chaiteachais riaracháin cé is moite d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach || neamhbhainteach Ríomh – Caiteachas
eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha neamhbhainteach [1] IO L , ,
lch . [2] IO L , ,
lch . [3] IO L 210,
31.7.2006, lch 25. [4] IO L 210,
31.7.2006, lch 12. [5] IO L 248,
16.9.2002, lch 1. [6] Caiteachas
nach dtagann faoi Chaibidil xx 01 de Theideal xx atá i gceist [7] Caiteachas
laistigh d'Airteagal xx 01 04 de Theideal xx. [8] Caiteachas
laistigh de Chaibidil xx 01, seachas Airteagail xx 01 04 nó xx 01 05. [9] Féach
pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach. [10] Ba cheart
colúin bhreise a chur leis más gá i.e. má théann tréimhse na gníomhaíochta thar
6 bliana.