/* COIM/2011/0470 leagan deireanach - 2011/0206 (COD) */ Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoc bradán Mhuir Bhailt agus don iascach atá ag saothrú an stoic sin
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN COMHTHÉACS AN TOGRA - Forais agus cuspóirí an togra I gcomhairle eolaíoch ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (CITM), maíodh go bhfuil roinnt de na stoic sa 30 abhainn bradán fiáin a chuimsíonn stoc bradán Mhuir Bhailt lasmuigh de na teorainneacha bitheolaíocha atá sábháilte agus go bhfuil an baol ann go dtarlóidh ídiú géiniteach dá réir. Chuaigh plean bainistíochta neamhcheangailteach arna bhunú in 1997 ag an gCoimisiún Idirnáisiúnta um Iascach Mhuir Bhailt in éag in 2010 agus mura gcuirfear plean nua le chéile fágfar bainistíocht an stoic amach anseo gan cuspóirí gan intuarthacht ar bith d’iascairí agus d’fhiontair turasóireachta. Tá iarrtha dá bhrí sin ag Ballstáit, ag Coiste Comhairleach Réigiúnach Mhuir Bhailt (CCRMB) agus ag geallsealbhóirí arís is arís eile ar an gCoimisiún Eorpach teacht ar thogra le haghaidh córais nua bhainistíochta. Is é cuspóir an togra plean ilbhliantúil a bhunú chun an t-iascach ar stoic bradán i Muir Bhailt a bhainistiú lena áirithiú go mbeidh stádas caomhantais stoc iomlán Mhuir Bhailt, i.e. lena n-áirítear stoic na n-aibhneacha bradán go léir, fabhrach agus go mbeidh soláthar iontu le haghaidh taiscéalaíochta inbhuanaithe. Áiritheoidh cuspóirí sonracha an tionscnaimh na nithe seo a leanas: a) go saothraítear stoc bradán Mhuir Bhailt ar bhealach inbhuanaithe de réir phrionsabal na huastáirgeachta inbhuanaithe; b) go dtugtar cosaint do shláine ghéiniteach agus d’éagsúlacht stoc bradán Mhuir Bhailt. - Comhthéacs ginearálta - Áirítear leis an mbainistíocht reatha ar stoc bradán Mhuir Bhailt an ghabháil iomlán incheadaithe a leagan síos ar bhonn bliantúil agus bearta caomhnaithe teicniúla amhail séasúir choiscthe agus íosmhéid an éisc is féidir a thabhairt i dtír. Cuireann an cosc ar shruthlíonta atá i bhfeidhm chun muc mhara Mhuir Bhailt a chosaint teorainn freisin leis an iascaireacht bradán i bpríomh-imchuach na mara sin. Is speiceas é an bradán ar le leas an AE é, mar atá sainithe sa Treoir maidir le Gnáthóga[1] agus tá a ghnáthóg intíre cosanta sa Chreat-Treoir Uisce[2]. Ina theannta sin, shainigh an Coimisiún chun Muirthimpeallacht Mhuir Bhailt a Chosaint (HELCOM),[3] roinnt cuspóirí don speiceas atá cumhdaithe ag Plean gníomhaíochta Mhuir Bhailt HELCOM[4]. - I gcomhréir le cuspóir foriomlán an Chomhbheartais Iascaigh maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus le haird shonrach ar Airteagal 5 agus ar Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle an 20 Nollaig 2002 maidir le caomhnú agus saothrú inmharthana acmhainní iascaigh faoin gComhbheartas Iascaigh (Bun-Rialachán) ina n-iarrtar pleananna ilbhliantúla a fhorbairt, is iad seo a leanas príomhghnéithe an phlean: - Cuspóirí, agus spriocanna (75 % de tháirgeadh gealóg ionchais a bhaint amach i ngach abhainn bradán fiáin laistigh de dheich mbliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo); - GII (an ghabháil iomlán incheadaithe) bunaithe ar ráta básmhaireachta iascaigh seasta de 0.1. Ní chumhdóidh an GII ach iascach muirí ach áireofar leis máistrí soithí neamh-iascaireachta a thairgeann seirbhísí iascaigh áineasa; - Oibleagáid ar Bhallstáit bearta caomhnaithe teicniúla a shainiú agus a chur chun feidhme amhail limistéir choiscthe agus séasúir choiscthe chun éisc atá ar imirice sceite a chosaint ina gcuid uiscí cósta tráth nach déanaí ná 24 mí ó theacht i bhfeidhm an phlean; - Deireadh a chur de réir a chéile le scaoileadh bradán amach in aibhneacha ina bhfuil bacainní saorga agus nach bhfuil an acmhainn iontu pobal féinchothaitheach bradán fiáin a athbhunú d’fhonn éagsúlacht ghéiniteach na stoc fiáin a chosaint; - Cúnamh airgeadais ón gCiste Eorpach Iascaigh (CEI) chun athstocáil dhíreach a dhéanamh ar aibhneacha a bhfuil an acmhainn iontu pobail fhéinchothaitheacha bradán fiáin a bheith iontu mar bheart caomhnaithe don stoc bradán fiáin. - Forálacha de chuid an AE atá ann cheana i réimse an togra Leagtar amach creat ginearálta don Chomhbheartas Iascaigh sa Bhun-Rialachán agus tugtar le fios na cásanna ina nglacfaidh an Chomhairle pleananna ilbhliantúla. - I gcomhthéacs athchóiriú an Chomhbheartais Iascaigh atá ar na bacáin, ní mór a thabhairt faoi deara go mbeidh roinnt d’fhorálacha an dréacht-togra seo faoi réir athruithe amach anseo. Rialachán (CE) Uimh. 2187/05 ón gComhairle an 21 Nollaig 2005 ina dtugtar cuntas ar na bearta caomhnaithe teicniúla i Muir Bhailt, i.e. íosmhéid an éisc is féidir a thabhairt i dtír agus séasúir choiscthe iascaigh bradán. Leagtar amach sa Rialachán bliantúil ón gComhairle ina socraítear na deiseanna iascaireachta agus na coinníollacha gaolmhara atá ann do stoic éisc áirithe agus do ghrúpaí stoc éisc atá infheidhme i Muir Bhailt na leibhéil GII do bhradáin (mar shampla i gcás 2011 Rialachán (CE) Uimh. 1124/2010 ón gComhairle an 29 Samhain 2010 lena socraítear i gcomhair 2011 na deiseanna iascaireachta do stoic éisc áirithe agus do ghrúpaí stoc éisc is infheidhme i Muir Bhailt). Leagtar amach i Rialachán (CE) 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe iascaigh de chuid an AE an ceanglas rialaithe ginearálta d’iascach mar aon le ceanglais shonracha le haghaidh pleananna ilbhliantúla. - Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais Tá cuspóirí an togra comhsheasmhach le beartas comhshaoil an Aontais Eorpaigh, go speisialta na cuspóirí sa Treoir maidir le Gnáthóga, sa Chreat-Treoir Uisce agus sa Treoir Réime um Straitéis Mhuirí. Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara agus measúnú iarmharta Modhanna comhairliúcháin, na príomhearnálacha ar díríodh orthu agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí Toisc gur speiceas é an bradán a bhfuil leas forleathan ag baint leis, ní amháin ag iascairí tráchtála ach ag iascairí áineasa, ag cuideachtaí turasóireachta agus ag grúpaí sainleasa aibhneacha freisin, rinneadh iarracht díriú ar na grúpaí sainleasa ar fad sa phróiseas comhairliúcháin. Seoladh páipéar comhairliúcháin oscailte ar líne a bhí aistrithe go dtí na teangacha Baltacha ar fad. Bhí lucht riaracháin iascaigh agus comhshaoil ó na Ballstáit i Muir Bhailt agus na príomhpháirtithe leasmhara rannpháirteach freisin i gcruinniú comhairliúcháin an 28 Aibreán 2009 sa Bhruiséil. Cruthaíodh Grúpa Stiúrtha um Measúnú Iarmharta (GSMI) agus bhí ionadaithe air ó 6 Ard-Stiúrthóireacht, eadhon DG ENV, DG EMPL, DG REGIO, DG ECFIN, DG TRADE agus an Ardrúnaíocht. Na fearainn eolaíochta/saineolais atá i gceist Tá an togra bunaithe ar chomhairle eolaíoch ón CITM i dtaobh na bparaiméadar comhshaoil[5], ar chomhairle ó Fhoras Taighde na Fionlainne um Iascach agus Ghéim i dtaobh na measúnuithe sóisialta agus eacnamaíocha[6] agus ar mehasúnuithe agus ar chomhairle ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI)[7]. Achoimre ar na freagraí agus conas mar a cuireadh san áireamh iad Tá achoimre den chomhairle eolaíoch agus de na comhairliúcháin ar fáil sa tuarascáil ar an Measúnú Iarmharta atá ag gabháil leis an togra seo. Modhanna a úsáideadh chun comhairle na saineolaithe a phoibliú Is féidir an chomhairle agus an t-ionchur ar fad a bhain leis an bpróiseas comhairliúcháin a fháil ar shuíomh Gréasáin Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta: http://ec.europa.eu/fisheries/cfp/governance/consultations_en.htm - Measúnú iarmharta Má chuirtear chun feidhme iad i gceart agus i gcomhar le cur chun feidhme oibleagáidí dlíthiúla comhshaoil d’uiscí intíre, bainfidh na bearta arna mbeartú na cuspóirí seo a leanas amach: a) maidir le stoc bradán Mhuir Bhailt - Déanfar an stoc ar fad in aibhneacha bradán fiáin Mhuir Bhailt a atógáil go dtí na teorainneacha bitheolaíocha sábháilte agus bainfear stádas caomhantais fabhrach amach trí theorainn a chur ar an mbrú iascaireachta atá ar stoic in aibhneacha bradán atá lag. - Athbhunófar na pobail fhéinchothaitheacha bradán ar fad in aibhneacha a bhfuil pobail dhíofa nó an-lag iontu, rud a d’fhágfadh go mbeadh táirgeadh bradán fiáin foriomlán níos airde mar thoradh air. - Déanfar éagsúlacht ghéiniteach an bhradáin fhiáin a chosaint de réir mar a laghdófar go suntasach an stocáil a dhéanfar ar bhradáin thógtha a d'fhéadfadh tionchar géiniteach diúltach a bheith acu. b) maidir leis an earnáil gabhála tráchtála - Intuarthacht deiseanna iascaireachta mar thoradh ar rialacha soiléire maidir le rialú buainte. - Méadú ar tháirgeadh an bhrádáin fhiáin agus stoic na n-aibhneacha fiáine ar fad a aisghabháil, rud a thabharfaidh níos mó deiseanna iascaireachta go fadtéarmach. c) maidir leis an earnáil gabhála áineasa - Méadú ar tháirgeadh an bhrádáin fhiáin agus ar théarnamh stoic na n-aibhneacha fiáine ar fad, rud a thabharfaidh níos mó deiseanna iascaireachta go fadtéarmach. d) maidir leis an earnáil turasóireachta - D'fhéadfadh sí fás de bharr tuilleadh deiseanna iascaireacht a dhéanamh ar an mbradán fiáin ar muir agus in aibhneacha araon. Eilimintí dlí an togra - Bunús dlí Is é Airteagal 43 (2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra seo[8]. - Prionsabal na coimhdeachta I gcomhréir le hAirteagal 3(1)(d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh. Cé gur speiceas anadromach é bradán Mhuir Bhailt, cáilíonn sé mar ''acmhainní bitheolaíocha muirí” de réir bhrí Airteagal 3(1)(d) den CFAE. Tá sé de réir mheon na forála sin a áirithiú go ndéanfar caomhnú éifeachtach ar speicis mhuirí ar feadh a dtimthrialla imircigh iomláin. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta. - Comhréireacht Comhlíonann na bearta arna mbeartú prionsabal na comhréireachta de bhrí nach mó iad ná an méid is gá a dhéanamh chun an cuspóir maidir le caomhnú stoc bradán Mhuir Bhailt a bhaint amach faoin gComhbheartas Iascaigh agus tá siad oiriúnach chun inbhuaine fhadtéarmach an iascaigh sin a áirithiú. IMPLEACHT BHUISÉADACH Níl aon impleachtaí buiséadacha nua i gceist. Faisnéis bhreise - Clásal athbhreithnithe/leasaithe/éagtha Cuimsíonn an togra seo clásal athbhreithnithe agus leasaithe. 2011/0206 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoc bradán Mhuir Bhailt agus don iascach atá ag saothrú an stoic sin TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[9], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[10], Tar éis dóibh an togra a chur chuig na Parlaimintí Náisiúnta, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: 1. Chuaigh an Plean Gníomhaíochta Bradán, arna ghlacadh in 1997 trí bhíthin an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Iascach Mhuir Bhailt, in éag in 2010. Spreag páirtithe conarthacha sa Choimisiún chun Muirthimpeallacht Mhuir Bhailt a Chosaint (HELCOM) an AE chun plean fadtéarmach a fhorbairt chun bradán Mhuir Bhailt a bhainistiú. 2. Maítear i gcomhairle eolaíoch a fuarthas le déanaí ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (CITM) agus ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (CETEI) go bhfuil roinnt de na stoic in aibhneacha bradán Mhuir Bhailt lasmuigh de na teorainneacha bitheolaíocha atá sábháilte agus gur cheart plean ilbhliantúil a fhorbairt ar leibhéal Eorpach. 3. I gcomhréir le hAirteagal 3(1)(d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tá inniúlacht eisiach ag an Aontas chun acmhainní bitheolaíocha muirí a chaomhnú. Toisc gur speiceas anadromach é an bradán, ní fhéadfar stoic mhuirí bradán Mhuir Bhailt a chaomhnú in éagmais beart arna nglacadh chun stoic den sórt sin a chosaint fad is atá siad san abhainn. Dá bhrí sin, cumhdaítear bearta den sórt sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais chun a áirithiú go ndéanfar caomhnú éifeachtach ar speicis mhuirí ar feadh a dtimthrialla imircigh ina iomláine agus ba cheart aghaidh a thabhairt air sin sa phlean ilbhliantúil. 4. I dTreoir 92/43/CEE maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú,[11] tá an bradán liostaithe mar speiceas ar le leas an Aontais Eorpaigh é agus ba cheart bearta a ghlacfar de bhun na Treorach sin a cheapadh lena áirithiú go mbeidh an saothrú a dhéanfar ar an mbradán comhoiriúnach le stádas caomhantais fabhrach. Is gá mar sin a áirithiú go mbeidh bearta chun an bradán a chosaint faoin Rialachán seo comhsheasmhach agus comhordaithe leo sin arna nglacadh faoin Treoir a thuasluaite. 5. Tá sé i gceist le Treoir 2000/60/CE lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht de chuid an AE i réimse an bheartais uisce[12], an timpeallacht uisceach ina gcaitheann an bradán cuid dá shaolré, a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú. Ba cheart an plean ilbhliantúil do stoc bradán Mhuir Bhailt a bheith ina chuidiú chun cuspóirí Threoir 2000/60/CE a bhaint amach. Bearta atá iarrtha cheana féin sa Treoir sin, amhail pleananna bainistíochta abhantracha, níor cheart iad a iarraidh arís sa Rialachán seo ach is gá a áirithiú go mbeidh comhordú agus comhsheasmhacht idir bearta arna nglacadh faoin Rialachán seo agus iadsan faoin Treoir thuasluaite chun gnáthóga bradán a chosaint agus a fheabhsú in uiscí intíre. 6. Maíodh sa Phlean Cur Chun Feidhme a comhaontaíodh ag an gCruinniú Mullaigh Domhanda um Fhorbairt Inmharthana in Johannesburg in 2002 gur cheart na stoic thráchtála ar fad a thabhairt ar ais faoin mbliain 2015 go leibhéil ag ar féidir uastáirgeacht inbhuanaithe a tháirgeadh. Measann CITM i gcás stoc in aibhneacha bradán Mhuir Bhailt go gcomhfhreagraíonn an leibhéal sin do leibhéal táirgthe gealóg idir 60 % agus 75 % den chumas táirgthe gealóg a d’fhéadfadh a bheith sna haibhneacha éagsúla ina bhfuil an bradán fiáin. Ba cheart cuspóirí agus spriocanna an phlean ilbhliantúil a shocrú ar bhonn comhairle eolaíoch den sórt sin. 7. Tugann comhairle eolaíoch le fios go bhféadfadh sé a bheith mar thoradh ar thruailliú géiniteach stoic bradán Mhuir Bhailt go dtiocfadh meath ar ráta marthana agus ar líonmhaireacht na bpobal dúchasach agus go n-ídeofaí a n-acmhainneacht ghéiniteach chun aghaidh a thabhairt ar ghalair agus ar athruithe sna dálaí comhshaoil áitiúla. Dá bhrí sin tá sé ríthábhachtach sláine agus éagsúlacht ghéiniteach stoic bradán Mhuir Bhailt a bhuanú chun na stoic sin a chaomhnú agus ba cheart é sin a áireamh mar chuspóir sa phlean ilbhliantúil. 8. Ba cheart stoc bradán fiáin a bheith ann de thoradh an ráta básmhaireachta iascaigh ar muir agus in aibhneacha ar stoc é atá de mhéid a tháirgfidh an uastáirgeacht inbhuanaithe i gcomhréir leis na spriocanna agus na frámaí ama atá leagtha síos. Ba cheart an ráta básmhaireachta iascaigh ar muir a dhearbhú bunaithe ar chomhairle CETEI. 9. Chun an plean a chur chun feidhme ar bhealach níos éifeachtaí agus chun freagra níos spriocdhírithe a thabhairt do shainiúlacht gach stoic abhann bradán, ba cheart an chumhacht a thabhairt do na Ballstáit lena mbaineann leibhéal an ráta básmhaireachta iascaigh do bhradáin, an GII agus bearta caomhnaithe teicniúla áirithe ina gcuid aibhneacha a chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 2(1) den CFAE. 10. Agus bearta á nglacadh faoi chuimsiú an Rialacháin seo, ba cheart do na Ballstáit a gcuid oibleagáidí idirnáisiúnta a urramú ina n-iomláine, go háirithe na hoibleagáidí sin a thig ó Airteagal 66 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe an 10 Nollaig 1982 maidir le Dlí na Farraige[13] lena gceanglaítear inter alia gur cheart do stát tionscnaimh stoc anadromach agus stáit eile lena mbaineann comhoibriú le céile maidir le caomhnú agus bainistiú na stoc sin. 11. Ba cheart forálacha a dhéanamh maidir le measúnú tréimhsiúil ag an gCoimisiún ar leordhóthanacht agus ar éifeachtacht bhearta na mBallstát ar bhonn na spriocanna agus na gcuspóirí atá leagtha amach sa phlean ilbhliantúil. 12. De réir na comhairle eolaíche, d'fhéadfadh impleachtaí suntasacha a bheith ag nósanna imeachta stocála ar éagsúlacht ghéiniteach stoc bradán Mhuir Bhailt agus tá an baol ann go bhfuil tionchar ag an líon mór éisc thógtha a scaoiltear amach i Muir Bhailt gach bliain ar shláine ghéiniteach an bhradáin fhiáin agus gur cheart deireadh a chur leis an nós sin de réir a chéile. Dá bhrí sin ba cheart an coinníoll ar ar féidir iasc a scaoileadh a bhunú sa phlean ilbhliantúil sin. 13. Breithnítear athstocáil dhíreach aibhneacha bradán ionchais mar bheart caomhnaithe ar choinníollacha sonracha de bhrí go mbeidh tionchar dearfach aige ar líon foriomlán na mbradán agus ar an iascach, toisc gur féidir leis pobail fhéinchothaitheacha bradán a bhunú in athuair. Ba cheart forálacha a dhéanamh chun athstocáil dhíreach a cheadú go sainráite, ar athstocáil dhíreach é a chomhlíonann na coinníollacha sin sa chaoi gurb incháilithe é i gcomhair cistiú i gcomhréir le hAirteagal 38(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 maidir leis an gCiste Eorpach Iascaigh[14]. 14. Mar sin féin, toisc go bhféadfadh scaoileadh bradán a bheith éigeantach i mBallstáit áirithe i láthair na huaire agus d’fhonn am a thabhairt do Bhallstáit dul in oiriúint do na ceanglais seo, ba cheart scoileadh bradán a bheith ceadmhach ar feadh idirthréimhse seacht mbliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo seachas i gcás stocála agus athstocála dírí. 15. D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar na bearta atá leagtha síos sa Rialachán seo, ba cheart bearta sonracha um rialú a ghlacadh, chomh maith leis na bearta sin dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú[15]. 16. Tá cuid mhór de na soithí cósta a bhíonn ag iascaireacht bradán níos lú ná 10 m ar fhad. Ar an gcúis sin ba cheart úsáid logleabhair iascaireachta mar a cheanglaítear le hAirteagal 14 agus réamhfhógra mar a cheanglaítear le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) 1224/2009 a shíneadh chun gach soitheach a chumhdach. 17. Chun a áirithiú nach ndéantar gabhálacha bradán a thuairisciú go míchruinn mar bhreac geal chun an rialú iomchuí a sheachaint, is gá an oibleagáid réamhfhógraí a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) 1224/2009 a shíneadh freisin chuig gach soitheach a bhfuil breac gheal ar bord orthu. 18. Chun sonraí níos fearr agus níos eolaíche a sholáthar maidir leis an stoc bradán ba cheart leictriascaireacht a cheadú. 19. Tugann comhairle eolaíoch le fios le déanaí go bhfuil tionchar suntasach ag iascach áineasa na mbradán ar muir ar na stoic bradán, cé nach bhfuil cáilíocht na sonraí maidir leis seo ar leibhéal ard beachtais. Go háirithe, d’fhéadfadh sé gur chuid thábhachtach de ghabhálacha bhradán Mhuir Bhailt é an t-iascach áineasa a dhéantar ó shoithí arna bhfeidhmiú ag gnóthais a thairgeann a gcuid seirbhísí ar son brabúis. Dá bhrí sin, is iomchuí sainbhearta bainistíochta áirithe a thabhairt isteach chun gníomhaíochtaí den sórt sin a rialú ar mhaithe le feidhmiú an phlean ilbhliantúil. 20. Chun na spriocanna atá leagtha síos sa Rialachán seo a bhaint amach ar bhealach éifeachtúil agus chun a bheith in ann freagairt go tapa d’athruithe ar dhálaí stoic, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le gnéithe áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo dá bhforáiltear in Airteagail 6, 7, 11 agus 25 de. Ba cheart a áireamh leis na cumhachtaí sin an deis an ráta básmhaireachta iascaigh ar muir a leasú, an liosta aibhneacha ina bhfuil an bradán fiáin agus faisnéis theicniúil áirithe atá sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú, agus bearta a ghlacadh maidir le stoic abhann Mhuir Bhailt, i gcás nár ghlac Ballstáit bearta faoin gcumhachtú a luaitear in aithris 9 nó i gcás ina meastar iad a bheith neamhéifeachtach. 21. Ba cheart don Choimisiún, le linn dó gníomhartha tarmligthe a ullmhú agus a tharraingt suas, a áirithiú go ndéanfar doiciméid ábhartha a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle ar bhealach comhuaineach, tráthúil agus iomchuí. 22. Chun a áirithiú go mbeidh coinníollacha aonfhoirmeacha ann chun na forálacha maidir le stocáil bradán arna mbunú in Airteagal 12 den Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a chleachtadh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus prionsabail ghinearálta a bhaineann le meicníochtaí le haghaidh rialú na mBallstát ar fheidhmiú a chumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún[16]. TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: CAIBIDIL I ÁBHAR, RAON FEIDHME AGUS SAINMHÍNITHE Airteagal 1 Ábhar Bunaítear leis an Rialachán seo plean ilbhliantúil chun stoc bradán Mhuir Bhailt a chaomhnú agus a bhainistiú (dá ngairtear ‘an plean’ anseo feasta). Airteagal 2 Raon feidhme 1. Beidh feidhm ag an bplean (a) maidir le hiascach tráchtála i Muir Bhailt agus in aibhneacha atá nasctha léi ar chríoch na mBallstát (dá ngairtear na Ballstáit lena mbaineann anseo feasta); (b) maidir le hiascach áineasa bradán i Muir Bhailt i gcás ina seolfaidh soithí seirbhíse an t-iascach sin. Airteagal 3 Sainmhínithe 1. Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe mar atá leagtha síos in Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002, Airteagal 2 de Threoir 2000/60/CE agus Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. 2. Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas: 23. Ciallaíonn “Muir Bhailt” Forannáin CITM 22-32; 24. Ciallaíonn “aibhneacha Mhuir Bhailt” na haibhneacha atá nasctha le Muir Bhailt ar chríoch na mBallstát; 25. Ciallaíonn “stoc bradán Mhuir Bhailt” gach stoc bradán i Muir Bhailt agus in aibhneacha Mhuir Bhailt, idir stoic fhiáine agus stoic thógtha; 26. Ciallaíonn “abhainn bradán fiáin” abhainn ina bhfuil pobail fhéinchothaitheacha bradán fiáin agus nach scaoiltear aon bhradán tógtha isteach inti nó a scaoiltear líon teoranta díobh isteach inti mar atá liostaithe in Iarscríbhinn I; 27. Ciallaíonn “abhainn bradán ionchais” abhainn a raibh pobal nó pobail de bhradán fiáin riamh inti agus gan aon atáirgeadh nádúrtha nó gan ach méid beag atáirgthe nádúrtha inti faoi láthair agus acmhainn inti pobal féinchothaitheach bradán fiáin a athbhunú; 28. Ciallaíonn “cumas táirgthe gealóg ionchais” an cumas táirgthe gealóg arna ríomh do gach abhainn ar bhonn paraiméadar ábhartha a bhaineann go sonrach leis an abhainn; 29. Ciallaíonn “bearta caomhnaithe teicniúla” bearta lena rialáiltear comhdhéanamh an speicis, comhdhéanamh méide na ngabhálacha agus impleachtaí ar eilimintí de na héiceachórais a thagann ó ghníomhaíochtaí iascaireachta trí bhíthin coinníollacha a chur ar úsáid agus ar struchtúr an trealaimh iascaireachta agus srianta a chur ar rochtain ar limistéir iascaireachta; 30. Ciallaíonn “stocáil” bradáin thógtha atá ina ngealóga nó ag céimeanna níos luaithe dá saolré a scaoileadh d’aon turas in aibhneacha bradán fiáin; 31. Ciallaíonn “athstocáil dhíreach” bradáin thógtha atá ina ngealóga nó ag céimeanna níos luaithe dá saolré a scaoileadh in aibhneacha bradán ionchais; 32. Ciallaíonn “soitheach seirbhíse” soitheach, arna oibriú ag gnóthas a thairgeann seirbhísí, lena n-áirítear trealamh, iompar agus/nó treoir iascaireachta a sholáthar, chun críche iascaireachta áineasa atá dírithe ar bhradáin i Muir Bhailt; 33. Ciallaíonn “gabhálacha iomlána incheadaithe” (GII) an líon de bhradáin Mhuir Bhailt is féidir a thógáil agus a thabhairt i dtír ón stoc gach bliain. CAIBIDIL II CUSPÓIRÍ Airteagal 4 Cuspóirí Beidh sé mar aidhm ag an bplean na nithe seo a leanas a áirithiú: a) go saothraítear stoc bradán Mhuir Bhailt ar bhealach inbhuanaithe de réir phrionsabal na huastáirgeachta inbhuanaithe; b) go dtugtar cosaint do shláine ghéiniteach agus d’éagsúlacht stoc bradán Mhuir Bhailt. CAIBIDIL III SPRIOCANNA Airteagal 5 Spriocanna le haghaidh stoc aibhneacha bradán fiáin 34. I gcás aibhneacha bradán fiáin a bhfuil 50 % dá gcumas táirgthe gealóg ionchais sroichte acu faoi theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, sroichfidh táirgeadh na ngealóg fiáin iontu 75 % den chumas táirgthe gealóg ionchais i gcás gach abhann i gceann cúig bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. 35. I gcás aibhneacha bradán fiáin nach bhfuil 50 % dá gcumas táirgthe gealóg ionchais sroichte acu faoi theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, sroichfidh táirgeadh na ngealóg fiáin iontu 50 % den chumas táirgthe gealóg ionchais i gcás gach abhann i gceann cúig bliana agus sroichfidh sé 75 % i gceann deich mbliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. 36. Tar éis deich mbliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, coinneofar táirgeadh ghealóg an bhradáin fhiáin i ngach abhainn bradán fiáin ar leibhéal a bheidh ag 75 % ar a laghad dá cumas táirgthe gealóg ionchais. 37. Féadfaidh na Ballstáit lena mbaineann spriocanna níos déine a leagan síos maidir le gach abhainn bradán fiáin. CAIBIDIL IV RIALACHA BUAINTE Airteagal 6 GII a chinneadh in aibhneacha 38. Ní rachaidh an GII bliantúil do stoic bradán in aibhneacha bradán fiáin thar an leibhéal a chomhfhreagraíonn don ráta básmhaireachta iascaigh dá dtagraítear i mír 2. 39. Sonróidh gach Ballstát an ráta básmhaireachta iascaigh do stoic bradán in aibhneacha bradán fiáin i gcomhréir leis na spriocanna atá leagtha amach in Airteagal 5 agus tuairimí saineolacha CETEI agus CITM agus arna athmheasúnú go rialta ag na comhlachtaí sin nuair a bhíonn tuilleadh faisnéise ar fáil nó nuair a thagann athrú ar thréithe na habhann. Chun na críche sin cuirfidh Ballstáit an cumas táirgthe gealóg ionchais i gcuntas, arna ríomh do gach abhainn ag CITM ar bhonn paraiméadar ábhartha a bhaineann go sonrach leis an abhainn agus arna athmheasúnú go rialta ag an gcomhlacht sin nuair a bhíonn tuilleadh faisnéise ar fáil nó nuair a thagann athrú ar thréithe na habhann. 40. Foilseoidh na Ballstáit lena mbaineann an ráta básmhaireachta iascaigh in aibhneacha bradán fiáin agus an GII comhfhreagrach do bhradáin ar an gcuid sin dá suíomh Gréasáin oifigiúil atá inrochtana don phobal agus a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 114 de Rialachán 1224/2009 tráth nach déanaí ná aon bhliain amháin tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú orthu go bliantúil. 41. Déanfaidh an Coimisiún measúnú gach trí bliana ar chomhoiriúnacht agus ar éifeachtacht na mbeart arna nglacadh ag Ballstáit de bhun an Airteagail seo ar bhonn na gcuspóirí agus na spriocanna atá leagtha amach in Airteagal 4 agus Airteagal 5. 42. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun an ráta básmhaireachta iascaigh agus/nó an GII comhfhreagrach in aibhneacha bradán fiáin a shainiú agus/nó an t-iascach lena mbaineann a dhúnadh, mura bhfoilseoidh na Ballstáit i gceist na bearta sin i gcomhréir le míreanna 1, 2 agus 3 faoin spriocdháta socraithe, tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. 43. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun an ráta básmhaireachta iascaigh agus/nó an GII comhfhreagrach in aibhneacha bradán fiáin a shainiú agus/nó an t-iascach lena mbaineann a dhúnadh, más rud é, ar bhonn measúnaithe arna dhéanamh de bhun mhír 4, go meastar nach bhfuil bearta na mBallstát comhoiriúnach leis na cuspóirí agus na spriocanna atá leagtha amach in Airteagal 4 agus Airteagal 5 nó go meastar nach mbainfidís amach na cuspóirí agus na spriocanna sin. 44. Beidh sé d'aidhm ag na bearta arna nglacadh ag an gCoimisiún a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí agus na spriocanna atá leagtha amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 5. Ar ghlacadh an ghnímh tharmligthe ag an gCoimisiún, scoirfidh bearta na mBallstát d'éifeacht a bheith acu. Airteagal 7 GII a chinneadh ar muir 45. Ní rachaidh an GII bliantúil do na stoic bradán ar muir thar an leibhéal a chomhfhreagraíonn do ráta básmhaireachta iascaigh de 0.1. 46. Nuair is léir go bhfuil athrú tagtha ar na dálaí stoic agus/nó nach bhfuil an ráta básmhaireachta iascaigh iomchuí chun na cuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 4 a bhaint amach, féadfaidh an Coimisiún luach an ráta básmhaireachta iascaigh ar muir dá dtagraítear i mír 1 a leasú trí bhíthin gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 26. 47. I gcás ina dtiocfaidh ráig thobann de ghalar, rátaí ísle marthana iar-ghealóige atá géibheannach nó cora eile gan choinne, socróidh an Chomhairle ar GII atá níos ísle ná an GII a bheadh ann mar thoradh ar an ráta básmhaireachta iascaigh dá dtagraítear i mír 1. Airteagal 8 Úsáid an chuóta náisiúnta ag soithí seirbhíse Tiocfaidh bradán a mharaítear ar muir as an gcuóta náisiúnta. CAIBIDIL V BEARTA CAOMHNAITHE TEICNIÚLA Airteagal 9 Bearta na mBallstát chun stoic in aibhneacha bradán atá lag a chosaint 48. Maidir le haibhneacha bradán fiáin nach bhfuil 50 % dá gcumas táirgthe gealóg ionchais sroichte acu faoi theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, bunóidh na Ballstáit lena mbaineann bearta caomhnaithe teicniúla náisiúnta tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. 49. Beidh na bearta caomhnaithe teicniúla dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar cheanglais atá sonrach don abhainn chun rannchuidiú go leormhaith na cuspóirí agus na spriocanna atá leagtha amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 5 a bhaint amach. Beidh suíomh beart den sórt sin bunaithe ar an bhfaisnéis is fearr atá ar fáil maidir le bealaí imirce na mbradán ar muir. Airteagal 10 Bearta chun stoic bradán in aibhneacha eile a chosaint Féadfaidh Ballstáit bearta caomhnaithe teicniúla náisiúnta a bhunú ina gcuid aibhneacha i Muir Bhailt do stoic bradán in aibhneacha nach gcumhdaítear le hAirteagal 9 den Rialachán seo. Rannchuideoidh na bearta sin na cuspóirí agus na spriocanna atá leagtha amach in Airteagail 4 agus 5 a bhaint amach. Airteagal 11 Bearta an Choimisiúin 50. Déanfaidh an Coimisiún measúnú gach trí bliana ar chomhoiriúnacht agus ar éifeachtacht na mbeart arna nglacadh ag Ballstáit de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 10, go háirithe i gcás ina ngabhann aibhneacha bradán fiáin trí roinnt Ballstát, ar bhonn na spriocanna agus na gcuspóirí atá leagtha amach in Airteagail 4 agus 5. 51. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun na bearta caomhnaithe teicniúla is gá a shainiú, mura nglacfaidh na Ballstáit i gceist bearta den sórt sin i gcomhréir le hAirteagal 9 faoin spriocdháta socraithe, tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. 52. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 26 chun na bearta caomhnaithe teicniúla is gá a shainiú, más rud é, ar bhonn measúnaithe arna dhéanamh de bhun mhír 1, go meastar nach bhfuil bearta na mBallstát comhoiriúnach leis na cuspóirí agus na spriocanna atá leagtha amach in Airteagal 4 agus Airteagal 5 nó go meastar nach mbainfidís amach na cuspóirí agus na spriocanna sin. 53. Beidh sé d'aidhm ag na bearta arna nglacadh ag an gCoimisiún a áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí agus na spriocanna atá leagtha amach in Airteagal 4 agus in Airteagal 5. Ar ghlacadh an ghnímh tharmligthe ag an gCoimisiún, scoirfidh bearta na mBallstát d'éifeacht a bheith acu. CAIBIDIL VI SCAOILTEADH Airteagal 12 Stocáil 54. Ní fhéadfar stocáil a dhéanamh ar bhradáin ach amháin in abhainn bradán fiáin. Ní rachaidh líon na ngealóg a scaoilfear amach i ngach abhainn thar an meastachán ar chumas táirgthe gealóg ionchais na habhann. 55. Déanfar stocáil ar bhealach a thabharfaidh cosaint d’éagsúlacht ghéiniteach stoic éagsúla na n-aibhneacha bradán ag tabhairt airde ar phobail éisc atá san abhainn stocáilte cheana féin agus in aibhneacha in aice láimhe, fad is a dhéanfar éifeacht na stocála a uasmhéadú. 56. Féadfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe a bhunú maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo trí bhíthin na ngníomhartha cur chun feidhme arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta imscrúdaithe dá dtagraítear in Airteagal 27(2). Airteagal 13 Athstocáil dhíreach Ní dhéanfar athstocáil dhíreach ar aibhneacha bradán ionchais, ach amháin ar na coinníollacha seo a leanas: (a) go bhfuil uiscebhealaí imirceacha saora san abhainn, cáilíocht uisce iomchuí agus gnáthóg atá oiriúnach chun ligean do bhradáin atáirgeadh agus fás; (b) gurb é aidhm na hathstocála dírí pobal féinchothaitheach inmharthana bradán fiáin a bhunú nó a fheabhsú; (c) go bhfuil clár monatóireachta réamhscaoilte agus iar-scaoilte i bhfeidhm lena ngabhfaidh meastóireacht; (d) go bhfuil bearta caomhnaithe agus bainistíochta oiriúnacha agus leormhaithe i bhfeidhm chun athbhunú pobail fhéinchothaitheacha bradán san abhainn a éascú. Measfar gur beart caomhnaithe é athstocáil dhíreach i gcomhréir le mír 1 chun críocha Airteagal 38(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 maidir leis an gCiste Eorpach Iascaigh. Airteagal 14 Idirthréimhse Féadfar leanúint de scaoileadh bradán seachas scaoileadh a dhéantar i gcomhréir le hAirteagail 12 agus 13 go ceann 7 mbliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. CAIBIDIL VII RIALÚ AGUS FORGHNÍOMHÚ Airteagal 15 An gaol le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 Beidh feidhm leis na bearta rialaithe dá bhforáiltear sa Chaibidil seo mar aon leo sin atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, seachas i gcás ina bhforáiltear a mhalairt in Airteagail na Caibidle seo. Airteagal 16 Logleabhair De mhaolú ar Airteagal 14 de Rialachán 1224/2009 coinneoidh máistrí soithí iascaireachta ón Aontas Eorpach, is cuma cén fad an soitheach, agus a bhfuil údarú iascaireachta acu le haghaidh bradán, logleabhar dá gcuid oibríochtaí i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha amach in Airteagal 14 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Airteagal 17 Réamhfhógraí De mhaolú ar an abairt thosaigh in Airteagal 17(1) de Rialachán 1224/2009, tabharfaidh máistrí soithí iascaireachta ón Aontas Eorpach, is cuma cén fad an soitheach, agus a bhfuil bradáin agus/nó bric gheala ar bord orthu, fógra d’údaráis inniúla a mBallstáit bhrataí láithreach bonn tar éis dóibh an oibríocht iascaireachta a thabhairt chun críche maidir leis an bhfaisnéis atá liostaithe in Airteagal 17(1) de Rialachán 1224/2009. Airteagal 18 Údaruithe gníomhaíochta speisialta 57. Beidh údarú gníomhaíochta speisialta i seilbh soithí seirbhíse i gcomhair iascaireachta bradán, arna eisiúint i gcomhréir le hIarscríbhinn II den Rialachán seo. 58. Áireoidh na Ballstáit lena mbaineann údaruithe gníomhaíochta speisialta sa liosta d’údaruithe iascaireachta atá sa bhunachar sonraí leictreonach arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 116(1)(d) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Ina theannta sin, áireoidh na Ballstáit na sonraí maidir le húdaruithe gníomhaíochta speisialta sa chóras bailíochta ríomhairithe dá dtagraítear in Airteagal 109 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Airteagal 19 Dearbhú gabhála 59. Comhlánóidh máistir an tsoithigh seirbhíse dearbhú gabhála i gcomhréir le hIarscríbhinn III agus cuirfidh sé isteach é chuig údarás inniúil Bhallstát brataí an tsoithigh seirbhíse faoin lá deiridh de gach mí. 60. Faoin 15ú lá de gach mí cláróidh na Ballstáit lena mbaineann an fhaisnéis atá taifeadta sna dearbhuithe gabhála don mhí roimhe sin ina mbunachar sonraí leictreonach arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 116(1)(f) de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus ina gcóras bailíochtaithe ríomhairithe dá dtagraítear in Airteagal 109 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Coinneofar na sonraí leictreonacha agus na dearbhuithe gabhála ar feadh 3 bliana. Airteagal 20 Cigireachtaí ar thabhairt i dtír gabhálacha Deimhneoidh na Ballstáit lena mbaineann cruinneas na faisnéise a thaifeadtar sna dearbhuithe gabhála trí chigireachtaí a dhéanamh ar thabhairt i dtír gabhálacha. Le cigireachtaí den sórt sin ar thabhairt i dtír gabhálacha cumhdófar 10 % ar a laghad de líon iomlán na ngabhálacha a thabharfar i dtír. Airteagal 21 Cláir ghníomhaíochta náisiúnta um rialú Beidh an méid seo a leanas ar a laghad sna cláir ghníomhaíochta náisiúnta um rialú atá leagtha síos in Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009: a) bearta caomhnaithe teicniúla arna mbunú i gcomhréir le Caibidil V den Rialachán seo a chur i bhfeidhm; b) na rialacha maidir le glacadh an chuóta, údarú gníomhaíochtaí agus dearbhú gabhála ag na soithí seirbhíse a chomhlíonadh; c) monatóireacht ar rialacha maidir le stocáil agus athstocáil dhíreach. CAIBIDIL VIII SONRAÍ A BHAILIÚ Airteagal 22 Chun críocha sonraí a bhailiú féadfar suirbhé a dhéanamh ar gach cohórt bradán óg i ngach abhainn bradán fiáin trí leictriascaireacht sula ngabhfaidh siad tríd an ngealógú. CAIBIDIL IX GNÍOMHAÍOCHT LEANTACH Airteagal 23 Tuairisciú ag na Ballstáit 61. Tabharfaidh na Ballstáit lena mbaineann tuairisc don Choimisiún maidir leis na bearta caomhnaithe teicniúla arna nglacadh i gcomhréir le Caibidil V agus maidir leis an gcaoi a bhfuil siad ag comhlíonadh na gcuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 5, sa tríú bliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ansin gach trí bliana ina dhiaidh sin. 62. Tabharfaidh na Ballstáit lena mbaineann tuairisc don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus maidir le baint amach na gcuspóirí atá leagtha amach in Airteagal 5, sa séú bliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus ansin gach sé bliana ina dhiaidh sin. Soláthrófar an fhaisnéis seo a leanas go háirithe i dtuairisc an Bhallstáit: a) forbairt an iascaigh náisiúnta lena n-áirítear roinnt na ngabhálacha idir uiscí amach ón gcósta, uiscí cósta agus aibhneacha agus idir iascairí tráchtála, gnóthais a bhfuil soithí seirbhíse acu agus iascairí áineasa eile; b) maidir le gach abhainn bradán fiáin, táirgeadh colgóg agus gealóg agus an meastachán is fearr atá ar fáil ar an gcumas táirgthe gealóg ionchais; c) maidir le gach stoc abhann bradán fiáin, an fhaisnéis ghéiniteach atá ar fáil; d) gníomhaíocht stocála agus athstocála bradán; e) cur chun feidhme an chláir ghníomhaíochta náisiúnta um rialú dá dtagraítear in Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. Airteagal 24 Meastóireacht ar an bplean Déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn an tuairiscithe ag na Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 23 den Rialachán seo agus ar bhonn comhairle eolaíoch, meastóireacht ar thionchar na mbeart bainistíochta ar stoc bradán Mhuir Bhailt agus ar an iascach atá ag saothrú an stoic sin an bhliain tar éis dó tuairiscí na mBallstát a fháil. CAIBIDIL X LEASUITHE AR IARSCRÍBHINNÍ Airteagal 25 Leasuithe ar na hIarscríbhinní 63. Féadfaidh an Coimisiún liosta na n-aibhneacha bradán fiáin atá liostaithe in Iarscríbhinn I a leasú chun é a choinneáil cothrom le dáta leis an bhfaisnéis eolaíoch is déanaí, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 26. 64. Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinní II agus III a leasú chun foráil a dhéanamh maidir le rialú éifeachtach, trí bhíthin gníomhartha tarmligthe arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 26. CAIBIDIL XI FORÁLACHA MAIDIR LE NÓSANNA IMEACHTA Airteagal 26 Cumhachtaí tarmligthe a fheidhmiú 65. Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh. 66. Na cumhachtaí chun na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagail 6, 7, 11 agus 25 a ghlacadh, tabharfar don Choimisiún iad go ceann tréimhse éiginnte ama. 67. Maidir leis an tarmligean cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 6, 7, 11 agus 25, féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean sin a chúlghairm tráth ar bith. Cuirfidh cinneadh cúlghairme deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh sin a shonrófar sa chinneadh sin. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. 68. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. 69. Tiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 6, 7, 11 agus 25 i bhfeidhm ach amháin má chuir Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ó cuireadh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ar an eolas faoin ngníomh sin nó, sula dtéann an tréimhse sin in éag, má tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle araon nach gcuirfidh siad ina choinne. Cuirfear 2 mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh ó Pharlaimint na hEorpa nó ón gComhairle. Airteagal 27 Cumhachtaí a chúlghairm I gcás nach bhfuil na bearta atá leagtha amach in Airteagal 6 nó in Airteagal 11 bunaithe ná foilsithe ag an mBallstát lena mbaineann faoin spriocdháta atá leagtha síos, nó i gcás ina meastar go bhfuil bearta den sórt sin uireasach agus/nó neamhéifeachtach de thoradh an mheasúnaithe arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6(4) nó le hAirteagal 11(1), déanfaidh an Coimisiún na cumhachtaí arna dtabhairt don Bhallstát lena mbaineann agus dá dtagraítear in Airteagal 6 nó in Airteagal 11 a chúlghairm. Cuirfidh cinneadh maidir le cúlghairm deireadh leis an gcumhacht arna sonrú sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontas Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí arna shonrú sa chinneadh. Airteagal 28 Nós imeachta coiste 70. Beidh an Coiste um Iascach agus Dhobharshaothrú arna bhunú le hAirteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 de chúnamh ag an gCoimisiún. Is é a bheidh sa Choiste sin Coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. 71. I gcás ina dtagraítear don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. CAIBIDIL XII FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA Airteagal 29 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . Beidh feidhm ag an Rialachán seo ón XXX. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán IARSCRÍBHINN I Aibhneacha Bradán Fiáin i Muir Bhailt An Fhionlainn - Simojoki An Fhionlainn/An tSualainn - Tornionjoki/Torneälven An tSualainn - Kalixälven, Råneälven, Piteälven, Åbyälven, Byskeälven, Rickleån, Sävarån, Ume/Vindelälven, Öreälven, Lögdeälven, Emån, Mörrumsån, Ljungan An Eastóin - Pärnu, Kunda, Keila, Vasalemma An Laitvia - Salaca, Vitrupe, Peterupe, Irbe, Uzava, Saka An Laitvia /An Liotuáin - Barta/Bartuva An Liotuáin - Abhantrach Nemunas (Zeimena) IARSCRÍBHINN II FAISNÉIS ÍOSTA LE hAGHAIDH NA nÚDARUITHE GNÍOMHAÍOCHTA SPEISIALTA 1. SONRAÍ AN tSOITHIGH Ainm an tsoithigh[17] Stát na brataí Calafort cláraithe (Ainm agus cód náisiúnta) Marcáil sheachtrach Comhartha aitheantais raidió idirnáisiúnta (IRCS[18]) 2. SEALBHÓIR AN ÚDARAITHE, ÚINÉIR AN tSOITHIGH AGUS MÁISTIR[19] Ainm agus seoladh an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh 3. TRÉITHE AN tSOITHIGH Cumhacht an innill (kW)[20] Tonnáiste (GT) Fad foriomlán 4. COINNÍOLLACHA IASCAIREACHTA 1. Dáta eisiúna: 2. Tréimhse bailíochta: 3. Coinníollacha an údaraithe lena n-áirítear, más iomchuí, speicis, crios agus trealamh iascaireachta: IARSCRÍBHINN III DEARBHUITHE GABHÁLA Eiseoidh gach Ballstát lena mbaineann foirm oifigiúil dá shoithí seirbhíse a bheidh le comhlánú mar dhearbhú gabhála. Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad ar áireamh san fhoirm: a) Uimhir thagartha an údaraithe gníomhaíochta speisialta arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo; b) Ainm an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh ag a bhfuil an t-údarú gníomhaíochta speisialta arna eisiúint i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo; c) Ainm agus síniú mháistir an tsoithigh seirbhíse; d) Dáta agus am imeachta agus teachta chuig an gcalafort agus fad an turais iascaireachta; e) Suíomh agus am na tabhartha i dtír de réir an turais iascaireachta; f) Trealamh a bhí in úsáid de réir na hoibríochta iascaireachta; g) Cainníochtaí éisc arna dtabhairt i dtír de réir speicis agus turais iascaireachta; h) Cainníochtaí éisc a caitheadh ar ais san fharraige de réir speicis agus turais iascaireachta; i) Limistéar na ngabhálacha de réir turais iascaireachta arna shloinneadh mar dhronuilleoga staitistiúla CITM. [1] IO L 206, 22.7.1992, lch 7. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/105/CE (IO L 363, 20.12.2006, lch. 368). [2] IO L 327, 22.12.2000, lch 1. Treoir arna leasú le Cinneadh Uimh. 2455/2001/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 331, 15.12.2001, lch. 1). [3] An Coinbhinsiún chun Muirthimpeallacht Limistéar Mhuir Bhailt a Chosaint, 1992 (arna theacht i bhfeidhm an 17 Eanáir 2000). [4] Arna ghlacadh an 15 Samhain 2007 i Kraków, sa Pholainn ag Cruinniú Aireachta Urghnách HELCOM. [5] Comhairle speisialta CITM 2008, 8.3.3.3: Iarraidh ar CITM le haghaidh comhairle maidir le bainistiú bhradán Mhuir Bhailt. [6] Foras Taighde na Fionlainne um Iascach agus Ghéim, 2008. Anailís ar shonraí chun tacú le forbairt Plean Gníomhaíochta do Bhradán Mhuir Bhailt, SI2.491891, FISH/2007/03 – Beart 6. [7] Tuarascáil maidir leis an 31ú cruinniú iomlánach den Choiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach: (PLEN-09-02), 13-17 Iúil 2009, Cóbanhávan. [8] IO NO C, 09.5.2008, lch. 1- [9] IO C , , lch . [10] IO C , , lch . [11] IO L 206, 22.7.1992, lch 7. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/105/CE (IO L 363, 20.12.2006, lch. 368). [12] IO L 327, 22.12.2000, lch 1. Treoir arna leasú le Cinneadh Uimh. 2455/2001/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 331, 15.12.2001, lch. 1). [13] IO L 179, 23.6.1998, lch. 1–2 [14] IO L 223, 15.8.2006, lch. 1–44 [15] IO L 343, 22.12.2009, lch. 1–50 [16] IO L 55, 28.2.2011, lch 13. [17] Le haghaidh soithí a bhfuil ainm acu [18] Le haghaidh soithí a n-iarrtar orthu IRCS a bheith acu [19] Tabhair le fios maidir le gach duine lena mbaineann [20] I gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 2930/86