Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena gcruthaítear Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas chun aisghabháil fiach trasteorann in ábhair shibhialta agus tráchtála a éascú /* COIM/2011/0445 leagan deireanach - 2011/0204 (COD) */
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. COMHTHÉACS AN TOGRA 1.1 Comhthéacs ginearálta I gclár Stócólm 2009 maidir le ceartas,
saoirse agus slándáil a sholáthar do shaoránaigh[1],
leagtar béim air gur cheart an limistéar breithiúnach Eorpach a bheith ag tacú
le gníomhaíocht eacnamaíoch sa Mhargadh Aonair agus iarrtar ar an gCoimisiún
tograí iomchuí a chur ar aghaidh chun, mar shampla, éifeachtúlacht
forghníomhaithe breithiúnas san AE maidir le cuntais bhainc agus sócmhainní
féichiúnaithe a fheabhsú. I bPlean Gníomhaíochta an Choimisiúin lena gcuirtear
chun feidhme clár Stócólm[2]
deimhnítear an sainordú polaitiúil seo trí fhoráil a dhéanamh maidir le
Rialachán maidir le héifeachtúlacht forghníomhaithe breithiúnas san Aontas
Eorpach a fheabhsú: urghabháil cuntas bainc. Thug an Coimisiún dá aire cheana na
deacrachtaí a bhain le haisghabháil fiach trasteorann i dTeachtaireacht in 1998
'I dTreo Éifeachtúlachta níos fearr chun Breithiúnais a fháil agus a
Fhorghníomhú san Aontas Eorpach'[3],
teachtaireacht ina leagtar béim ar an ngá atá le forghníomhú cinntí a fheabhsú
agus le bearta cosantacha a bhunú in aghaidh sócmhainní féichiúnaithe ar
leibhéal an AE. D'fhormhuinigh an Chomhairle an cur chuige seo ina Clár um
Aitheantas Frithpháirteach in 2000[4].
Cé go bhfuil mórán dul chun cinn déanta chun fíor‑Limistéar Eorpach um Cheartas
Sibhialta a chruthú ó shin i leith, níor dhírigh an reachtóir Eorpach ar na
ceisteanna seo go fóill. Maidir leis na hionstraimí atá ann cheana i réimse an
cheartais shibhialta, mar shampla Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 ón
gComhairle an 22 Nollaig 2000 maidir le dlínse agus aitheantas agus
forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (Rialachán ‘an
Bhruiséil I’ anseo feasta)[5]
ní áirithítear leo ach go n‑aithnítear agus gur infhorghníomhaithe
breithiúnas a thugtar i mBallstát amháin i mBallstát eile ach níl aon fhoráil
iontu maidir le conas mar a fhorghníomhaítear breithiúnas iarbhír. Go dtí seo, is é an dlí náisiúnta go
heisiach a rialaíonn forghníomhú breithiúnais nó aon teidil infhorghníomhaithe
eile. Ní athraítear an cur chuige seo leis an leasú atá beartaithe ar Rialachán
'an Bhruiséil I'[6].
Chuir Parlaimint na hEorpa béim le déanaí ar
an ngá atá le haisghabháil fiach trasteorann a fheabhsú agas ba í a ghlac
tuarascáil féintionscnaimh i mBealtaine 2011 inar iarr sí ar an gCoimisiún
togra a chur ar aghaidh maidir le bearta eatramhacha chun sócmhainní féichiúnaí
a chalcadh agus a nochtadh i gcásanna trasteorann[7]. 1.2 Forais agus cuspóirí an togra Faoi láthair tá
deacrachtaí suntasacha roimh an gcreidiúnaí atá ag iarraidh a fhiach a
aisghabháil i mBallstát eile. Go háirithe, tá sé níos liopasta, níos faide agus
níos costasaí dó bearta sealadacha a fháil chun sócmhainní a fhéichiúnaí atá
lonnaithe thar lear a chaomhnú. Tá fadhb leis sin mar go bhfuil rochtain tapa
agus éasca ar na bearta sealadacha sin ríthábhachtach go minic chun a áirithiú
nach bhfuil an féichiúnaí tar éis a shócmhainní a aistriú nó a scaipeadh faoin
am a bhíonn breithiúnas ar na tuillteanais faighte agus forghníomhaithe ag an
gcreidiúnaí. Tá an méid sin ríthábhachtach maidir le sócmhainní i gcuntais
bhainc. Faoi láthair, is féidir le féichiúnaithe éalú go héasca ó bhearta
forghníomhaithe trína n‑airgead a aistriú go tapa ó chuntas bainc i mBallstát
amháin go cuntas bainc i mBallstát eile. Is beag seans atá ag creidiúnaí,
áfach, cuntais bhainc thar lear de chuid féichiúnaí a bhlocáil chun íocaíocht a
éilimh a chur faoi urrús. Dá thoradh sin, tá a lán creidiúnaithe nach n‑eiríonn
leo a n‑éilimh thar lear a aisghabháil nó a mheasann nach fiú dul sa tóir orthu
agus a dhíscríobhann iad. Go bunúsach, is féidir ceithre phríomhlaige a
aithint sa chor reatha: ·
Tá difríochtaí suntasacha idir na coinníollacha
maidir le heisiúint orduithe lena gcaomhnaítear sócmhainní i gcuntais bhainc
faoin dlí náisiúnta ar fud an AE. I ngeall air seo tá sé níos deacra do
chreidiúnaithe ordú um chaomhnú a fháil (nó ceann a fháil gan an féichiúnaí a
éisteacht roimh ré) i mBallstáit áirithe seachas Ballstáit eile agus taobhaíonn
sé le daoine a bheith ag dul ó chúirt go cúirt sa tóir ar na coinníollacha is
fearr. De réir mar atá an dlí Eorpach faoi láthair, tá fadhb bhreise ann maidir
le bearta sealadacha arna n‑eisiúint gan an féichiúnaí a éisteacht roimh ré mar
nach n‑aithnítear agus nach bhforghníomhaítear iad i mBallstát eile faoin
Rialachán 'An Bhruiséil I' de réir chás-dlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais
Eorpaigh[8].
Táthar tar éis díriú ar an bhfadhb seo cheana sa togra ón gCoimisiún maidir le
Rialachán 'an Bhruiséil I' a leasú. ·
Fadhb eile atá ann gur deacair, mura bhfuil sé
dodhéanta, do chreidiúnaí in go leor Ballstát faisnéis a fháil faoi cá bhfuil
cuntas bainc a fhéichiúnaí gan dul ar iontaoibh gníomhaireachtaí príobháideacha
imscrúdaithe. Is minic a chuirfidh an easpa trédhearcachta seo cosc ar
chreidiúnaí teacht ar an gcineál seo birt shealadaigh. ·
Ar an tríú dul síos, tá na costais a bhaineann le
hordú um chaomhnú cuntas a fháil agus a fhorghníomhú níos airde i gcás
trasteorann ná mar atá i gcásanna intíre de ghnáth, rud a dhímhisníonn
creidiúnaithe óna n‑éilimh thar lear a aisghabháil le cabhair an chórais
bhreithiúnaigh. ·
Faoi dheireadh, is fadhb mhór é do na creidiúnaithe
atá ag iarraidh cinneadh breithiúnach a fhorghníomhú na héagsúlachtaí sna
córais fhorghníomhaithe náisiúnta agus an fad ama a bhaineann leo. I ngeall air
seo déantar éifeachtacht beart sealadach amhail orduithe um chaomhnú cuntas a
bhíonn ag brath go bunúsach ar chur chun feidhme tapa a chur i gcontúirt. Sa Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis seo tá
anailís mhionsonraithe ar laigí an chórais reatha mar aon leis an tionchar a
bheadh ag na roghanna éagsúla atá á mbreithniú le dul i ngleic leo. Is iad cuspóirí ginearálta an togra seo
rannchuidiú le forbairt mhargadh inmheánach an AE mar atá leagtha amach i
Straitéis Eoraip 2010 um Fhás[9]
agus le cruthú fíor-limistéir Eorpaigh um Cheartas Sibhialta i réimse an
fhorghníomhaithe. Is iad cuspóirí ginearálta an togra seo aisghabháil éileamh
trasteorann a éascú do shaoránaigh agus do ghnóthais, go háirithe FBManna agus
éifeachtúlacht forghníomhaithe breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála
a bhaineann le díospóidí trasteorann a fheabhsú, sa chaoi sin ag laghdú na
rioscaí a bhaineann le trádáil trasteorann, ag méadú muiníne trádálaithe, ag
feabhsú iompraíocht íocaíochta féichiúnaithe i gcásanna trasteorann agus ag
spreagadh tuilleadh gníomhaíochta gnó trasteorann. Ar leibhéal níos sonraí, díríonn an togra seo
ar: ·
Creidiúnaithe a chumasú chun orduithe um chaomhnú
cuntas a fháil ar bhonn na gcoinníollacha céanna beag beann ar an tír ina
bhfuil an chúirt inniúil suite; ·
A chur ar chumas creidiúnaithe faisnéis a fháil
faoi cá bhfuil cuntais bhainc a bhféichiúnaithe lonnaithe; agus ·
Costais agus moilleanna a laghdú do chreidiúnaithe
atá ag iarraidh ordú um chaomhnú cuntas a fháil agus a fhorghníomhú i gcásanna
trasteorann. 2. TORTHAÍ AN CHOMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA
PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ TIONCHAIR Sular ullmhaíodh an togra seo, rinneadh
comhairliúchán fairsing leis na geallsealbhóirí, leis na Ballstáit, leis na
hinstitiúidí eile agus le saineolaithe maidir leis na fadhbanna atá ann faoi
láthair sa chóras reatha agus na bealaí éagsúla ar a bhfhéadfaí iad a leigheas.
Ar an 24 Deireadh Fómhair 2006, ghlac an Coimisiún Páipéar Uaine maidir le
héifeachtúlacht forghníomhaithe breithiúnas san AE a fheabhsú: urghabháil
cuntas bainc[10]
rud a mhol beart sealadach Eorpach a chruthú chun cuntais bhainc a chaomhnú
agus a bhfuarthas 68 freagairt ina thaobh. Agus na moltaí seo á leagan amach,
chuir an Coimisiún san áireamh torthaí staidéir chomparáidigh dhlí arna thíolacadh
ag an Ollamh Burkhard Hess ó Ollscoil Heidelberg i bhFeabhra 2004 (agus a
chuimsigh an 15 Bhallstát mar a bhí an tráth sin)
[11].
Bailíodh sonraí eimpíreacha ar thionchar na roghanna éagsúla le haghaidh an
togra seo trí staidéar seachtrach breise a tugadh chun críche i mí Eanáir 2011[12] chomh maith le suirbhé
cuideachtaí Eorpacha a lainseáladh tríd an bPainéal Tástála Gnó Eorpach (PTGE)
ar foilsíodh a thorthaí i mí Lúnasa 2010[13].
Tharla éisteacht phoiblí i mí an Mheithimh 2010. D'fhonn cuidiú leis an gCoimisiún
an togra seo a leagan amach, cuireadh grúpa príobháideach saineolaithe ar bun a
tháinig le chéile ceithre huaire idir mí Feabhra agus mí Aibreáin 2011.
Chuathas i gcomhairle le saineolaithe de chuid na mBallstát maidir le
réamhdhréacht an togra ag cruinniú i mí an Mhárta. Is léir ón bpróiseas comhairliúcháin go bhfuil
tacaíocht mhór ó na geallsealbhóirí agus ó na Ballstáit araon do chruthú nós
imeachta Eorpaigh neamhspleáigh um chaomhnú cuntas bainc. Tá an beagán
geallsealbhóirí a chuireann in aghaidh an ghá leis an tionscnamh den tuairim go
bhfuil a nósanna imeachta náisiúnta féin ag feidhmiú go maith. Mar sin féin,
aithníonn daoine eile, cé gur féidir nach bhfuil gá le nós imeachta Eorpach nua
chun nósanna imeachta ina mBallstát féin a fheabhsú, go mbeadh breisluach ann i
gcás iarratas 'amach' a ndéileáiltear leo i dtíortha eile, a meastar go bhfuil
nósanna imeachta an-neamhéifeachtúil ag cuid acu le haghaidh orduithe um
chaomhnú cuntas. Maidir le príomhghnéithe an togra bheartaithe, aontaíonn
tromlach mór geallsealbhóirí agus Parlaimint na hEorpa gur cheart nach mbeadh
san ordú Eorpach um chaomhnú cuntas bainc a bheartaítear ach beart sealadach.
Tá tacaíocht mhillteanach ann don ordú a eisiúint gan an féichiúnaí a éisteacht
roimh ré chun an éifeacht 'ghanfhiosachta' a chaomhnú. Baineann na gnéithe is
conspóidí den tionscnamh le ceisteanna cosanta féichiúnaí, go háirithe cén
chúirt ar cheart dlínse a bheith aici chun an ordú a chonspóid, agus na
rialacha mionsonraithe maidir le forghníomhú an ordaithe i gcásanna
trasteorann. Rinne an Coimisiún anailís ar chostais agus ar
shochair phríomhghnéithe an leasaithe atá beartaithe sa Mheasúnú Tionchair a
ghabhann leis an togra seo. 3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA 3.1. Achoimre ar an ngníomhaíocht
atá beartaithe Leis an Rialachán beartaithe bunófar nós
imeachta Eorpach nua neamhspleách um chaomhnú cuntas bainc a chumasóidh
creidiúnaí chun cosc a chur le haistriú nó aistarraingt sócmhainní a
fhéichiúnaí in aon chuntas bainc atá lonnaithe san Aontas Eorpach. Beidh
an nós imeachta Eorpach ar fáil do shaoránaigh agus do chuideachtaí mar
mhalairt ar na nósanna imeachta atá ann cheana faoin dlí náisiúnta. Rialálfaidh
an Rialachán beartaithe an nós imeachta chun an t-ordú Eorpach um chaomhnú
cuntas a eisiúint chomh maith lena chur chun feidhme ag an mbanc ag a bhfuil an
cuntas ar a bhfuiltear ag díriú. Is de chineál cosantach amháin a bheadh an
t-ordú Eorpach um chaomhnú cuntas, i.e. ní dhéanfaí leis ach cuntas an
fhéichiúnaí a bhlocáil ach ní cheadófaí airgead a íoc as leis an gcreidiúnaí. I
gcomhréir le traidisiúin dlí thromlach mór na mBallstát, beidh éifeacht in
rem ag an ordú Eorpach, i.e. díreofar é ar chuntais áirithe seachas ar an
bhféichiúnaí go pearsanta. Is féidir achoimre a dhéanamh ar
phríomhghnéithe an togra mar seo a leanas: 3.1.1. Raon feidhme (Airteagail 2, 3) Tá feidhm ag an Rialachán beartaithe maidir le
hábhair shibhialta agus tráchtála. Freagraíonn na heisiaimh ón raon feidhme do
na heisiaimh i Rialachán 'an Bhruiséil I' den chuid is mó. Amhail Rialachán 'an
Bhruiséil I', eisiatar dócmhainneacht agus slándáil shóisialta ón raon feidhme.
Eisiatar eadráin ón raon feidhme chomh maith. Cé go bhféadfadh sé go mbeadh cás
ann chun a cheadú do na páirtithe eadrána dul ar iontaoibh an nós imeachta
Eorpaigh, bheadh ceisteanna casta nár dhírigh dlí an AE orthu go fóill ag baint
le headráin a áireamh, mar shampla, cé hiad na dálaí faoinar féidir
dámhachtainí eadrána a chur ar chomhréim le breithiúnais agus measadh nár
iomchuí díriú orthu den chéad uair san ionstraim seo. I gcodarsnacht le Rialachán 'an Bhruiséil I',
beidh feidhm ag an Rialachán beartaithe maidir le hábhair socruithe maidir le
maoin phósta, iarmhairtí comhpháirtíochtaí cláraithe agus comharbas a luaithe
is a ghlactar na hionstraimí dlí arna mbeartú ag an gCoimisiún sa dá réimse seo
agus go dtagann siad i bhfeidhm. Tá an ionstraim seo teoranta do chásanna a
bhfuil impleachtaí trasteorann acu. Is ó Airteagal 1 de Choinbhinsiún na Háige
um Chomhaontuithe maidir le Rogha Cúirte a tháinig an spreagadh don chur chuige
na cásanna seo a shainiú ar 'bhealach diúltach'. 3.1.2. Coinníollacha agus nós
imeachta eisiúna ·
Infhaighteacht (Airteagal 5) ·
Beartaítear sa togra go mbeidh an nós imeachta
Eorpach ar fáil in dhá chineál cásanna: roimh nó tar éis teideal is infhorghníomhaithe
sa Bhallstát ina bhfuil an cuntas lonnaithe a fháil. Go praiticiúil, ciallaíonn
an méid sin go bhféadfadh creidiúnaí iarratas a chur isteach ar ordú (1) roimh
imeachtaí breithiúnacha ar na tuillteanais nó lena linn nó tar éis teideal
infhorghníomhaithe a fháil sa Bhallstát tionscnaimh nach infhorghníomhaithe go
fóill i mBallstát an fhorghníomhaithe agus (2) tar éis teideal is
infhorghníomhaithe i mBallstát an fhorghníomhaithe a fháil. Cé go bhfuil an
Coimisiún ag súil go mbeidh an ionstraim is ábhartha sa chéad chás, is féidir
go mbeidh breisluach aici sa dara cás trí éifeachtacht an fhorghníomhaithe a
uasmhéadú. I bhfianaise go bhfuil teideal is infhorghníomhaithe ag an
gcreidiúnaí sa chás sin, níl na coinníollacha eisiúna chomh dian agus atá sa chéad
chás. ·
Dlínse chun ordú a eisiúint (Airteagail 6, 14) Go ginearálta, tá cúirteanna an Bhallstáit a
bhfuil dlínse acu ar an tsubstaint mar a chinntear sna hionstraimí Eorpacha nó
sa dlí náisiúnta inniúil chun ordú Eorpach um chaomhnú cuntas a eisiúint. Ina
mhalairt de chás, is féidir le cúirteanna an Bhallstáit ina bhfuil an cuntas
lonnaithe an t-ordú a eisiúint. Sa chás sin, áfach, chun go seachnófar daoine a
bheith ag dul ó chúirt go chéile sa tóir ar na coinníollacha is fearr, tá
éifeacht an ordaithe teoranta don Bhallstát inar eisíodh é agus ní aithnítear é
ná ní fhorghníomhaítear é i mBallstáit eile faoin Rialachán beartaithe. I
gcásanna ina bhfuair an creidiúnaí teideal infhorghníomhaithe cheana, is féidir
leis an t-Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas a fháil ó chúirt a d'eisigh an
teideal infhorghníomhaithe nó ó údarás forghníomhaithe an Bhallstáit ina bhfuil
an cuntas bainc lonnaithe. Ní chuireann na rialacha maidir le dlínse an
Rialacháin seo cosc ar an éilitheoir bearta cosantacha a lorg faoin dlí náisiúnta
ar bhonn Airteagal 31 de Rialachán ‘an Bhruiséil I’. ·
Coinníollacha eisiúna (Airteagail 7, 12) I gcomhréir leis an gcur chuige ginearálta a
ghlactar i dtromlach na mBallstát ceanglaítear leis an Rialachán beartaithe go
dtaispeánfaidh an creidiúnaí go bhfuil seans maith ann go mbuafaidh sé an cás
ar an tsubstaint, i.e. go bhfuil bunús maith prima facie lena éileamh,
agus go bhfuil baol ann go gcuirfí bac ar fhorghníomhú breithiúnais iardain
mura ndeonaítear an beart mar go bhfuil an baol ann go n-aistreoidh an
féichiúnaí a shócmhainní nó go scaipfidh sé iad. Ina theannta sin, féadfaidh an
chúirt a iarraidh ar an gcreidiúnaí urrús a sholáthar chun cúiteamh a áirithiú
i leith aon damáiste a bhain don fhéichiúnaí más rud é gur cuireadh an t‑ordú
ar leataobh ina dhiaidh sin mar nach raibh údar maith leis, mar shampla mar
nach raibh aon éileamh bailí ar an tsubstaint ag an gcreidiúnaí. ·
Gnéithe an nós imeachta (Airteagail 10, 11, 44) Eiseofar an t-ordú Eorpach um chaomhnú cuntas
i nós imeachta ex parte, i.e. gan an féichiúnaí a éisteacht roimh ré.
Leis seo beifear in ann an 'éifeacht ghanfhiosachta' a chaomhnú. I gcásanna
nach bhfuil gá leis an 'éifeacht ghanfhiosachta' iontu, mar shampla, toisc go
bhfuil an cuntas curtha i ngeall le creidiúnaí eile, is féidir leis an
éilitheoir, áfach, a iarraidh go mbeidh an nós imeachta inter partes. Ós
rud é go bhfuil luas ríthábhachtach sna himeachtaí do bhearta sealadacha, ní
údaraítear leis an Rialachán glacadh le fianaise ó bhéal ach amháin in imthosca
eisceachtúla. Tá cúirteanna i dteideal glacadh le ráitis scríofa ó fhinnéithe
nó ó shaineolaithe mar fhianaise. Bunaítear sa Rialachán freisin teorainneacha
sonracha ama maidir leis an ordú Eorpach a eisiúint agus a chur chun feidhme. I
gcás nach féidir leis an gcúirt nó an údarás forghníomhaithe, in imthosca
eisceachtúla, na teorainneacha ama sin a chomhlíonadh ní mór di/dó údar maith a
thabhairt leis an moill bhreise atá uathu. ·
Faisnéis a fháil i dtaobh chuntas/chuntais an
fhéichiúnaí (Airteagal 17) I bhfianaise na ndeacrachtaí a d'fhéadfadh a
bheith ag an gcreidiúnaí faisnéis a fháil faoi chuntas/chuntais a fhéichiúnaí
cuireann an Rialachán iallach ar Bhallstáit foráil a dhéanamh maidir le
meicníocht chun an tasc sin a éascú. Sa Rialachán tá rogha ag Ballstáit idir dhá
mheicníocht dhifriúla: is féidir le Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le hordú
nochta lena gcuirtear iallach ar na bainc go léir ina gcríoch a nochtadh an
bhfuil cuntas ag an bhféichiúnaí leo. Ina mhalairt de chás, is féidir leo
rochtain a thabhairt dá n‑údaráis fhorghníomhaithe ar fhaisnéis atá i seilbh na
n‑údarás poiblí i gcláir nó ar bhealach eile. Tá an dara meicníocht le feiceáil
freisin in Airteagal 61 den Rialachán maidir le Cothabháil. Ar chúiseanna
cosanta sonraí ceanglaítear go mbeidh an fhaisnéis phearsanta a mhalartaítear
faoin bhforáil seo teoranta don fhaisnéis is gá chun an t-ordú a fhorghníomhú
agus a chur chun feidhme. 3.1.3. Infhorghníomhaitheacht agus
forghníomhú an ordaithe ·
Exequatur a dhíothú (Airteagal 23) I gcomhréir le nósanna imeachta Eorpacha[14] atá ann cheana, déanfar
orduithe um chaomhnú cuntas arna n‑eisiúint faoin nós imeachta beartaithe i
mBallstát amháin a aithint agus a fhorghníomhú go huathoibríoch i mBallstát
eile gan gá le haon nós imeachta speisialta. ·
An t-ordú a sheirbheáil ar an mbanc agus ar an
gcosantóir (Airteagail 24, 25) Is ionann na forálacha maidir le forghníomhú
iarbhír an ordaithe Eorpaigh atá le heisiúint faoin nós imeachta nua agus
príomh-urnuacht an Rialacháin bheartaithe. Déantar ordú um chaomhnú cuntas le
héifeacht in rem a fhorghníomhú trína sheirbheáil ar an mbanc nó ar na
bainc atá i seilbh na gcuntas a bhfuiltear ag díriú orthu agus atá faoi
oibleagáid an t‑ordú a chur chun feidhme. I bhforálacha an Rialacháin
bheartaithe maidir le seirbheáil ar an mbanc déantar idirdhealú idir dhá staid.
Más rud é go bhfuil an chúirt suite sa Bhallstát céanna ina bhfuil an banc,
rialaíonn an dlí náisiúnta an tseirbheáil. Más gá an tseirbheáil a chur i
gcrích thar theorainneacha, ní foláir an méid sin a dhéanamh i gcomhréir le
Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 le modhnú tábhachtach maidir leis an
modh seirbheála: tá na doiciméid atá le seirbheáil le tarchur ón gcúirt
tionscnaimh nó ón éilitheoir díreach chuig an údarás inniúil i mBallstát an
fhorghníomhaithe, a dhéanann, ar a uain, iad a sheirbheáil ar an mbanc nó ar an
gcosantóir. I gcomparáid le modhanna eile seirbheála nó saor-rogha idir
modhanna difriúla, tá sé de bhuntáiste nach beag ag an modh seirbheála seo go
bhfuil údaráis inniúla Bhallstát an fhorghníomhaithe bainteach leis. Ní hé
amháin go n-áiritheofar leis seo go bhfaighidh na bainc an t-ordú trí bhealaí a
bhfuil siad eolach orthu ach féadfaidh an t-údarás inniúil suimeanna ex
officio atá díolmhaithe ó fhorghníomhú a chur san áireamh i gcás inar
féidir an méid sin a dhéanamh faoin dlí náisiúnta. Ní foláir fógra a thabhairt don fhéichiúnaí
láithreach tar éis don bheart teacht i bhfeidhm chun go mbeidh sé in ann a
chosaint a ullmhú. Leis an Rialachán beartaithe áirithítear go gcuirtear an
tseirbheáil i gcrích chomh tapa agus is féidir tar éis an t-ordú a chur chun
feidhme. ·
Cur chun feidhme ag an mbanc agus dearbhú an bhainc
(Airteagail 26, 27) Tá an banc faoi oibleagáid an t-ordú a chur
chun feidhme láithreach trí shuim a chomhfhreagraíonn do shuim an ordaithe a bhlocáil.
I bhforálacha speisialta cuirtear san áireamh staid cuntas ina bhfuil
ionstraimí airgeadais agus staid cuntas in airgeadra difriúil ón airgeadra ina
n-eisítear an t‑ordú. Laistigh de 8 lá, ní foláir don bhanc dearbhú a eisiúint
i dtaobh ar chaomhnaigh an t-ordú dóthain cistí. Chun cosaint dhóthanach
fhaisnéis phearsanta an fhéichiúnaí a áirithiú, ní féidir comhardú an chuntais
a chur i bhfios más féidir an t-ordú a shásamh go hiomlán leis an gcomhardú
sin. ·
Roinnt cuntas, comhchuntais agus cuntais
ainmnitheacha a chaomhnú (Airteagail 28, 29) I gcás ina n-ordaítear roinnt cuntas a
chaomhnú, sa Rialachán beartaithe teorannaítear an fhéidearthacht go
n-urghabhálfadh an creidiúnaí an iomarca trí cheangal a chur ar an gcreidiúnaí
aon suim a sháraíonn a éileamh a scaoileadh chomh luath agus a chuirfear ar an
eolas é faoi. I bhfianaise éagsúlacht mhór an dlí náisiúnta maidir leis na
coinníollacha faoinar féidir comhchuntais agus cuntais ainmnitheacha
(iontaobhais) a chaomhnú, fágtar an cheist seo faoin dlí náisiúnta is
infheidhme sa Rialachán beartaithe. ·
Suimeanna atá díolmhaithe ó fhorghníomhú (Airteagal
32) Chomh fada agus a bhaineann le suimeanna atá
díolmhaithe ó fhorghníomhú chun slí bheatha an fhéichiúnaí agus a theaghlach a
áirithiú nó chun go bhféadfadh cuideachta a gnáthchúrsa gnó a leanúint tá
éagsúlacht mhór sa dlí náisiúnta laistigh den AE. Baineann sé seo go háirithe
leis an gceist maidir le suimeanna a bheith díolmhaithe ex officio nó
arna iarraidh sin don fhéichiúnaí amháin. Leis an Rialachán beartaithe
féadfaidh na Ballstáit a gcóras náisiúnta a choimeád. ·
Aicmiú creidiúnaithe atá in iomaíocht (Airteagal
33) Tá difríocht mhór freisin idir dlí náisiúnta
na mBallstát san AE fad agus a bhaineann le héifeachtaí birt shealadaigh ar
aicmiú creidiúnaithe. Tá an cheist seo an-chasta agus tá dlúthbhaint aici le
forghníomhú náisiúnta agus dlí na dócmhainneachta. I bhfianaise na ndifríochtaí
seo, foráiltear sa Rialachán beartaithe go dtugtar an t-aicmiú a thugtar do
bheart coibhéiseach faoin dlí náisiúnta d’ordú Eorpach. 3.1.4. Leigheasanna in aghaidh an
Ordaithe Eorpaigh um Chaomhnú Cuntas (Airteagail 34, 35, 36) Tugann an Rialachán beartaithe de cheart don
fhéichiúnaí an t-ordú um chaomhnú a chonspóid ar fhorais shubstainteacha agus
ar fhorais nós imeachta araon. Maidir leis an gceist i dtaca le cad iad na
cúirteanna ar cheart dlínse a bheith acu ar iarratas an fhéichiúnaí ar
athbhreithniú, leanann an Rialachán beartaithe an cur chuige a ghlactar san
athbhreithniú ar Rialachán ‘an Bhruiséil I’. I bprionsabal, ní foláir don
chosantóir a agóidí in aghaidh an ordaithe a dhéanamh os comhair na cúirte a
d'eisigh é (an chúirt tionscnaimh). Leis an gcur chuige seo áirithítear gurb í
an chúirt chéanna i bprionsabal a chinneann an t‑ordú agus a athbhreithniú. Mar
eisceacht, ní foláir agóidí a bhaineann le gnéithe áirithe an nós imeachta
fhorghníomhaithe, go háirithe na suimeanna atá díolmhaithe ó fhorghníomhú, a
dhéanamh os comhair chúirteanna Bhallstát an fhorghníomhaithe mar gurb é an
Ballstát sin atá freagrach as an nós imeachta. Chun tasc an fhéichiúnaí a éascú
agus é ag cur isteach ar athbhreithniú an ordaithe os comhair cúirteanna
Ballstáit eile, foráiltear sa Rialachán go mbeidh foirmeacha caighdeánacha ar
fáil i dteangacha uile an Aontais, ag laghdú ar an gcuma sin costais an
aistriúcháin. Tá feidhm ag riail eile maidir le dlínse maidir le catagóirí
féichiúnaithe a mheastar go ginearálta gur 'páirtithe níos laige' i ndíospóid
atá iontu – tomhaltóirí, fostaithe agus árachaithe. Tá na cineálacha sin
féichiúnaithe in ann agóidí a dhéanamh i gcoinne an ordaithe os comhair
chúirteanna Bhallstáit a sainchónaithe. Leis an riail seo áirithítear gur
féidir leis na páirtithe níos laige ordú Eorpach a chonspóid i gcónaí ina
ndlínse baile, ar an gcuma sin ag cur sraithe cosanta leis na rialacha
cosantacha maidir le dlínse do na cásanna sin atá i Rialachán 'an Bhruiséil I'.
3.1.5. Forálacha eile ·
Ionadaíocht dhlíthiúil (Airteagal 41) I gcomhréir leis an staid dhlíthiúil i
bhformhór na mBallstát agus chun costais imeachtaí a laghdú, foráiltear sa
Rialachán beartaithe nach mbeidh ionadaíocht dhlíthiúil éigeantach in imeachtaí
chun ordú Eorpach um chaomhnú cuntas a fháil. Ar an gcuma sin féadfaidh
creidiúnaí iarratas a dhéanamh ar ordú Eorpach gan dul ar iontaoibh dlíodóra ar
chor ar bith nó dlíodóir a fháil atá ceadúnaithe chun cleachtaidh sa Bhallstát
ina bhfuil an chúirt lonnaithe. Mar sin féin, d'fhéadfaí go gceanglófaí faoin
dlí náisiúnta go mbeadh na páirtithe á n-ionadú ag dlíodóirí más rud é go
gconspóideann an féichiúnaí an t‑ordú. Chun tasc an chreidiúnaí a éascú agus
iarratas á dhéanamh aige ar ordú Eorpach, tá foirm chaighdeánach iarratais sa
Rialachán atá beartaithe le treoirlínte iomchuí maidir lena comhlánú. Beidh an
fhoirm ar fáil i dteangacha uile an Aontais, agus dá dhroim sin laghdófar an gá
le haistriúchán go dtí cúpla eilimint saorthéacs. ·
Ceisteanna costas (Airteagail 30, 31, 43) I roinnt forálacha den Rialachán beartaithe
déileáiltear le costais: Ní féidir leis na bainc táille a ghearradh chun ordú
Eorpach um chaomhnú cuntas a chur chun feidhme ach amháin i gcás ina bhfuil
siad i dteideal é a dhéanamh agus bearta coibhéiseacha á gcur chun feidhme acu
faoin dlí náisiúnta. Chun trédhearcacht a mhéadú, ní foláir do na Ballstáit
lena mbaineann táille shocraithe aonair is infheidhme ina gcríoch a chinneadh.
Ní foláir táille shocraithe aonair a chinneadh le haghaidh na gcostas a thig as
dul ar iontaoibh údaráis inniúil, amhail báille. Le hAirteagal 43 cuirtear
iallach ar an bpáirtí nach n‑éiríonn leis costais an nós imeachta Eorpaigh a
íoc. Cé go bhfuil saoirse ag Ballstáit táillí cúirte a thoibhiú i leith an nós
imeachta Eorpaigh, ní féidir iad a bheith níos airde ná na táillí chun beart
coibhéiseach a fháil faoin dlí náisiúnta, ní féidir iad a bheith díréireach le
suim an éilimh agus ní féidir iad a bheith chomh hard sin go gcuirfí daoine ón
nós imeachta a úsáid. 3.2. Bunús Dlí Tá an togra seo bunaithe ar Airteagal 81(2)
den CFAE a thugann de cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, go
háirithe nuair is gá le haghaidh fheidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh,
bearta a ghlacadh chun a áirithiú, inter alia, aithint agus forghníomhú
breithiúnas go cómhalartach idir Bhallstáit (pointe a), rochtain éifeachtach ar
cheartas (pointe e) agus díothú na gconstaicí ar fheidhmiú cuí imeachtaí
sibhialta, más gá trí chomhoiriúnacht rialacha maidir le nós imeachta sibhialta
is infheidhme sna Ballstáit a chur chun cinn (pointe f). Níl Teideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh infheidhme maidir leis an Danmhairg mar gheall ar
an bPrótacal maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis na Conarthaí.
Níl Teideal V infheidhme maidir leis an Ríocht Aontaithe ná le hÉirinn ach
oiread, mura gcinnfidh an dá thír sin ar a mhalairt, i gcomhréir leis na
rialacha ábhartha den Phrótacal maidir lena seasamh i leith limistéar na
Saoirse, na Slándála agus an Cheartais. 3.3. Coimhdeacht agus
Comhréireacht Comhlíonann an togra seo ceanglais na
coimhdeachta agus na comhréireachta. Maidir le coimhdeacht, tá gné soiléir
trasteorann ag na fadhbanna a thuairiscítear thuas agus ní féidir leis na
Ballstáit leo féin iad a réiteach go leordhóthanach. Cé gur féidir é a dhéanamh
go teoiriciúil, is beag seans go ndéanfadh Ballstáit gníomhaíocht
chomhbheartaithe chun a reachtaíocht maidir le caomhnú cuntas bainc a
chomhfhogasú, rud a bhéarfadh nár ghá aon bheart AE. Ní raibh ceist an
fhorghníomhaithe ina hábhar do chomhaontuithe idirnáisiúnta nó do shamhlacha
dlí arna dtíolacadh ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus níl aon ní a thugann le
fios go dtarlódh tionscnamh idirnáisiúnta sa todhchaí intuartha. Ina theannta
sin, fiú dá mba rud é gurb amhlaidh an cás, i ngeall ar na difríochtaí sna
córais fhorghníomhaithe san AE faoi láthair, is beag seans go dtiocfaí ar
chomhaontú maidir le cur chuige coiteann idir na Ballstáit laistigh de
thréimhse réasúnach, go háirithe toisc gur gá aontoilíocht le haghaidh aon
chomhaontú lasmuigh den phróiseas reachtach Eorpach. Sa Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra
seo léirítear gur mó an tairbhe a bhainfidh le príomheilimintí an togra seo ná
a gcostais agus go bhfuil na bearta atá beartaithe comhréireach dá bhrí sin. 3.4. An tionchar ar Chearta
Bunúsacha Mar atá leagtha amach go mionsonraitheach sa
Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra seo agus i gcomhréir le Straitéis
an Aontais chun Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh[15] a chur chun feidhme go
héifeachtach, urramaíonn eilimintí uile an togra na cearta atá leagtha amach sa
Chairt um Chearta Bunúsacha. Trí nós imeachta Eorpach um chaomhnú cuntas bainc
atá tapa agus ar chostas íseal a chruthú, feabhsaíonn an togra ceart an
chreidiúnaí chun forghníomhú éifeachtach a
éileamh a fháil atá ina chuid den cheart chun leigheas éifeachtach a fháil mar
a leagtar síos in Airteagal 47(1) den Chairt. Ag an am céanna, áirithítear leis
an togra seo go gcosnaítear cearta an fhéichiúnaí i gcomhlíonadh iomlán na
gceanglas maidir leis an gceart chun triail chóir a fháil (Airteagal 47(2) den
Chairt) agus an ceart maidir le hurraim ar dhínit an duine agus ar shaol an
teaghlaigh (Airteagal 1 agus Airteagal 7 den Chairt faoi seach). Áirithítear
cosaint chearta an fhéichiúnaí go háirithe leis na heilimintí seo a leanas den
togra: ·
an ceanglas go dtabharfar fógra don fhéichiúnaí
láithreach tar éis an t-ordú a chur chun feidhme mar aon leis na doiciméid uile
a chuir an creidiúnaí faoi bhráid na cúirte; ·
an deis atá ann don fhéichiúnaí an t-ordú a
chonspóid trí iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú chuig an gcúirt tionscnaimh,
chuig an gcúirt fhorghníomhaithe nó – más tomhaltóir, fostaí nó árachaí an
féichiúnaí – chuig an gcúirt san áit ina bhfuil sainchónaí air; ·
na suimeanna is gá chun slí bheatha an fhéichiúnaí
agus a theaghlaigh a áirithiú a bheith díolmhaithe ó fhorghníomhú. 2011/0204 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS
ÓN gCOMHAIRLE lena gcruthaítear Ordú Eorpach um Chaomhnú
Cuntas chun aisghabháil fiach trasteorann in ábhair shibhialta agus tráchtála a
éascú TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS
COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an
Aontais Eorpaigh, agus go háirithe pointí (a), (e) agus (f)
d'Airteagal 81(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a
chur chuig na Parlaimintí Náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch
agus Sóisialta na hEorpa[16],
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis
an ngnáthnós imeachta reachtach, Tar éis dul i gcomhairle leis an Maoirseoir
Eorpach ar Chosaint Sonraí, De bharr an méid seo a leanas: (1)
Tá sé leagtha amach mar chuspóir dó féin ag an
Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais a chothabháil agus a fhorbairt
ina ndéanfar saorghluaiseacht daoine a áirithiú. Chun a leithéid de limistéar a
bhunú de réir a chéile, ba cheart don Aontas bearta a bhaineann le comhar
breithiúnach in ábhair shibhialta a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, inter
alia, a ghlacadh, go háirithe nuair is gá sin d’fheidhmiú ceart an
mhargaidh inmheánaigh. (2)
I gcomhréir le hAirteagal 81(2) den Chonradh ar
Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh ('CFAE'), ní foláir do na bearta seo díriú ar a
áirithiú, inter alia, aithint agus forghníomhú cómhalartach breithiúnas idir
Bhallstáit, rochtain éifeachtach ar cheartas agus díothú na gconstaicí ar
fheidhmiú ceart imeachtaí sibhialta trí chomhoiriúnacht na rialacha maidir le
nós imeachta sibhialta is infheidhme sna Ballstáit a chur chun cinn. Ag
cruinniú na Comhairle Eorpaí in Tampere an 15 agus 16 Deireadh Fómhair 1999
formhuiníodh prionsabal na haitheanta cómhalartaí breithiúnas mar chloch
coirnéil sa chomhar breithiúnach in ábhair shibhialta, ag sonrú gur cheart go
mbeadh feidhm aige, inter alia, maidir le horduithe cosantacha lena
gcumasaítear d'údaráis inniúla sócmhainní atá sochorraithe go héasca a
urghabháil. (3)
I gclár na mbeart chun an prionsabal um aithint
chómhalartach cinntí in ábhair shibhialta agus tráchtála a chur chun feidhme,
clár is coiteann don Choimisiún agus don Chomhairle agus a glacadh ar an 30
Samhain 2000[17],
foráiltear go mbunófar bearta cosantacha ar leibhéal Eorpach agus go
bhfeabhsófar chomh maith bearta urghabhála a bhaineann le bainc, mar shampla,
trí chóras Eorpach um urghabháil cuntas bainc a bhunú. (4)
Ghlac an Coimisiún Páipéar Uaine maidir le
héifeachtúlacht forghníomhaithe breithiúnas san Aontas Eorpach a fheabhsú:
urghabháil cuntas bainc ar an 24 Deireadh Fómhair 2006[18]. Leis an bPáipéar Uaine
lainseáileadh comhairliúchán ar an ngá atá le nós imeachta Eorpach
aonfhoirmeach um chaomhnú cuntas bainc agus ar na gnéithe a d'fhéadfadh a
bheith ann. (5)
I gclár Stócólm i Nollaig 2009[19], ina leagtar amach tosaíochtaí
ceartais, saoirse agus slándála do 2010 go 2014, iarradh ar an gCoimisiún
tograí iomchuí a thabhairt ar aghaidh chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht
forghníomhaithe breithiúnas san Aontas maidir le cuntais bhainc agus sócmhainní
féichiúnaithe. (6)
Ba cheart do chreidiúnaí bheith in ann ordú
cosantach a fháil lena gcoisctear aistarraingt nó aistriú cistí atá i seilbh a
fhéichiúnaí i gcuntais bhainc atá lonnaithe san Aontas má tá baol ann go
scaipfidh an féichiúnaí a shócmhainní agus nach bhféadfaí a bhreithiúnas ar an
tsubstaint a fhorghníomhú go hiardain nó go mbeadh sé i bhfad níos deacra é a
dhéanamh dá bharr. (7)
Tá nósanna imeachta náisiúnta chun bearta
cosantacha a fháil amhail orduithe um chaomhnú cuntas bainc ann sna Ballstáit
uile ach athraíonn na coinníollacha maidir le heisiúint an bhirt agus
éifeachtúlacht a chur chun feidhme go suntasach ó Bhallstát go chéile. Ina
theannta sin, tá sé liopasta, fada agus costasach dul ar iontaoibh beart
cosantach náisiúnta i gcásanna a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, go
háirithe, nuair atá an creidiúnaí ag iarraidh roinnt cuntas atá lonnaithe i
mBallstáit éagsúla a chaomhnú. Ba cheart go leighseofar laigí na staide faoi
láthair trí nós imeachta Eorpach lenar féidir leis an gcreidiúnaí cuntais bhainc
a fhéichiúnaí a chaomhnú i gcásanna a bhfuil impleachtaí trasteorann acu ar
bhealach simplí, tapa agus neamhchostasach. (8)
Ba cheart gurb ionann an nós imeachta arna bhunú ag
an Rialachán seo agus modh roghnach don éilitheoir chun a chearta a fheidhmiú
atá ar fáil mar mhalairt ar na nósanna imeachta atá ann cheana chun bearta
cosantacha a fháil faoin dlí náisiúnta. (9)
Ba cheart na príomhábhair shibhialta agus
tráchtála, amach ó roinnt ábhar arna sainiú go soiléir, a chumhdach faoi raon
feidhme an Rialacháin seo. Go háirithe, níor cheart go mbeadh feidhm ag an
Rialachán seo i gcomhthéacs nósanna imeachta eadrána nó dócmhainneachta. (10)
Ba cheart an nós imeachta a bheith ar fáil
d'éilitheoir ar mian leis forghníomhú breithiúnais níos déanaí ar an tsubstaint
a áirithiú sula dtionscnaítear imeachtaí ar an tsubstaint agus ag céim ar bith
le linn na n‑imeachtaí sin. Ba cheart an nós imeachta a bheith ar fáil freisin
don éilitheoir a fuair breithiúnas nó teideal eile infhorghníomhaithe ar an
tsubstaint cheana. Sa dara cás, is féidir go mbeidh breisluach ag an nós
imeachta i gcás ina bhfuil forghníomhú an teidil mall nó i gcás inar mian leis
an gcreidiúnaí a chinneadh cén Ballstát ina bhfuil cistí leordhóthanacha ag an
bhféichiúnaí chun gur fiú an nós imeachta forghníomhaithe a sheoladh. (11)
Chun dlúthnasc idir an chúirt agus an beart
cosantach a áirithiú, ba cheart an dlínse chun an t‑ordú a eisiúint a bheith ag
na cúirteanna a bhfuil dlínse ar shubstaint an ábhair acu. Ina theannta sin, ba
cheart don éilitheoir a bheith in ann iarratas a dhéanamh ar ordú um chaomhnú
cuntas san áit ina bhfuil an cuntas a bhfuiltear ag díriú air. Sa chás sin,
áfach, ba cheart éifeacht an ordaithe a theorannú do chríoch an Bhallstáit inar
eisíodh é. (12)
Ba cheart do na coinníollacha maidir le hordú um
chaomhnú cuntas cothromaíocht chuí a bhaint amach idir leasanna an chreidiúnaí
i dtaobh ordú a fháil nuair is gá agus leasanna an fhéichiúnaí i dtaobh
mí-úsáid an ordaithe a chosc. Dá dhroim sin, sula bhfaightear breithiúnas atá
infhorghníomhaithe sa Bhallstát ina bhfuil an cuntas lonnaithe, ní foláir go
mbeadh an chúirt sásta go ndealraíonn sé go bhfuil údar maith le héileamh an
chreidiúnaí in aghaidh an fhéichiúnaí agus go gcuirfí bac ar fhorghníomhú
iardain a bhreithiúnais sa todhchaí nó go mbeadh sé i bhfad níos deacra é a
fhorghníomhú, gan an t-ordú. (13)
Chun éifeacht ghanfhiosachta an ordaithe um
chaomhnú cuntas a áirithiú, ní ceart an t‑iarratas a chur i bhfios don
fhéichiúnaí ná an féichiúnaí a éisteacht sula n-eisítear an t-ordú, ná ní ceart
fógra a thabhairt dó i leith an ordaithe roimh don bhanc é a chur chun feidhme.
Ba cheart don fhéichiúnaí, áfach, a bheith in ann an t-ordú a chonspóid díreach
tar éis a chur chun feidhme. (14)
Níor cheart é a bheith de cheangal ar cheachtar den
dá pháirtí dlíodóir nó gairmí dlí a bheith mar ionadaí acu in imeachtaí faoin
Rialachán seo. (15)
Ba cheart don Rialachán seo foráil a dhéanamh
maidir le cosaintí leordhóthanacha in aghaidh mhí-úsáid an ordaithe. Go
háirithe, mura bhfuil breithiúnas infhorghníomhaithe ag an gcreidiúnaí cheana i
mBallstát an fhorghníomhaithe, ba cheart don chúirt a bheith in ann a cheangal
ar an gcreidiúnaí urrús a sholáthar chun cúiteamh a áirithiú ar aon damáiste a
bhain don fhéichiúnaí de thoradh ordú nach raibh údar maith leis. Ba cheart na
coinníollacha faoina mbeidh an creidiúnaí faoi dhliteanas an féichiúnaí a
chúiteamh ar an damáiste sin a bheith faoi rialú an dlí náisiúnta. I gcás nach
bhforáileann dlí Ballstáit go mbeidh dliteanas reachtúil ag an éilitheoir, níor
cheart don Rialachán seo a fhágáil nach féidir dul ar iontaoibh beart a bhfuil
éifeacht coibhéiseach acu, amhail an oibleagáid atá ar an éilitheoir gealltanas
a thabhairt maidir le damáistí. (16)
Ó tharla go bhfuil deacrachtaí praiticiúla faoi
láthair ag na creidiúnaithe teacht ar fhaisnéis faoi fhéichiúnaithe ó fhoinsí
poiblí nó príobháideacha i gcomhthéacs trasteorann, ba cheart don Rialachán
meicníocht a bhunú lena gcumasaítear don údarás inniúil i mBallstáit an
fhorghníomhaithe faisnéis a fháil faoi chuntais bhainc an fhéichiúnaí, cibé acu
trína cheangal ar na bainc go nochtfaidís cá bhfuil cuntais an fhéichiúnaí
lonnaithe sa Bhallstát sin nó trí rochtain a thabhairt ar fhaisnéis atá i
gcláir nó atá ag údaráis nó riaracháin phoiblí ar bhealach eile. (17)
Chun forghníomhú tapa ordaithe um chaomhnú cuntas a
áirithiú, ba cheart don Rialachán a fhoráil go ndéanfar tarchur an ordaithe ón
gcúirt eisiúna chuig an mbanc trí sheirbheáil dhíreach mar atá leagtha amach i
Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 maidir le doiciméid bhreithiúnacha
agus doiciméid sheachbhreithiúnacha a sheirbheáil sna Ballstáit[20]. Ba cheart don Rialachán seo
rialacha iomchuí a sholáthar maidir le cur chun feidhme an ordaithe ag an mbanc
agus a cheangal ar an mbanc a dhearbhú ar éirigh leis an ordú teacht ar chistí
ar bith an fhéichiúnaí. (18)
Ba cheart ceart an fhéichiúnaí chun triail chóir a
fháil a chosaint sna himeachtaí le haghaidh ordú um chaomhnú cuntas. Éilítear
leis seo, go háirithe, go ndéanfar an t‑ordú agus na doiciméid uile arna
dtíolacadh ag an éilitheoir a sheirbheáil ar an gcosantóir go pras tar éis a
chur chun feidhme agus gur féidir leis an gcosantóir iarratas a dhéanamh ar
athbhreithniú ar an ordú sin. Ba cheart an dlínse le haghaidh an
athbhreithnithe a bheith ag an gcúirt a d'eisigh an t‑ordú ach amháin má
chonspóidtear gnéithe den fhorghníomhú. Mar sin féin, más tomhaltóir, fostaí nó
árachaí an cosantóir, ba cheart dó a bheith ábalta iarratas a dhéanamh ar
athbhreithniú os comhair na gcúirteanna i mBallstát a shainchónaithe. Ba cheart
é a bheith de cheart ag an bhféichiúnaí freisin cistí sa chuntas a scaoileadh
má thugann sé urrús malartach. (19)
Chun a áirithiú go n-eisítear agus go
bhforghníomhaítear an t‑ordú um chaomhnú cuntas go tapa agus gan mhoill, ba
cheart don Rialachán uasteorainneacha ama a bhunú faoinar gá na céimeanna
difriúla sa nós imeachta a chur i gcrích. Ina theannta sin, ba cheart don
Rialachán seo a cheangal ar Bhallstáit déileáil leis an nós imeachta Eorpach
chomh tapa agus a dhéileáilfidís leis an nós imeachta chun beart coibhéiseach a
fháil faoin dlí náisiúnta. Ciallaíonn sé seo, go háirithe, i gcás ina mbunaíonn
an dlí náisiúnta teorainneacha ama níos giorra ná na cinn a leagtar amach sa
Rialachán seo chun bearta náisiúnta a eisiúint, gur cheart feidhm a bheith ag
na teorainneacha ama níos giorra maidir leis an nós imeachta Eorpach freisin.
Agus na tréimhsí agus na teorainneacha ama dá bhforáiltear sa Rialachán seo á
ríomh, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71
ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is
infheidhme maidir le tréimhsí, le dátaí agus le teorainneacha ama[21]. (20)
Urramaíonn an Rialachán seo na cearta bunúsacha
agus na prionsabail arna n-aithint i gCairt an Aontais Eorpaigh um Chearta
Bunúsacha. Go háirithe, féachtar leis an Rialachán seo le dínit an duine a
urramú go hiomlán agus le cur i bhfeidhm Airteagail 7, 8, 17 agus 47 a chur
chun cinn, Airteagail a bhaineann, faoi seach, le hurraim don saol
príobháideach agus do shaol an teaghlaigh, cosaint sonraí pearsanta, an ceart
chun maoine agus an ceart chun leigheas éifeachtach agus triail chóir a fháil. (21)
Maidir le Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine
aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le
saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[22],
tá feidhm aici maidir le próiseáil sonraí pearsanta arna déanamh faoi chuimsiú
an Rialacháin seo. (22)
Chun dul chun cinn teicniúil a chur san áireamh, ba
cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290
den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún
i ndáil le leasuithe ar iarscríbhinní an Rialacháin seo. Tá sé thar a bheith
tábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid
oibre ullmhúcháin, lena n‑áirítear comhairliúchán le saineolaithe. Ba cheart
don Choimisiún a áirithiú, agus gníomhartha tarmligthe á n‑ullmhú agus á
dtarraingt suas aige, go ndéanfar doiciméid ábhartha a tharchur go
comhuaineach, go tráthúil agus go hiomchuí chuig Parlaimint na hEorpa agus
chuig an gComhairle. (23)
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le
hAirteagal 2 den Phrótacal maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na
hÉireann, i leith limistéir saoirse, slándála agus ceartais atá i gceangal leis
an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an CFAE, [tá sé curtha in iúl ag an
Ríocht Aontaithe agus ag Éirinn gur mhian leo bheith rannpháirteach i nglacadh
agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo]/[gan dochar d'Airteagal 4 den
Phrótacal sin, ní bheidh an Ríocht Aontaithe agus Éire rannpháirteach i
nglacadh an Rialacháin seo agus ní bheidh sé ina cheangal orthu ná ní bheidh
siad faoi réir a chur i bhfeidhm]. (24)
I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal
2 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge atá i gceangal leis an gConradh
ar an Aontas Eorpach agus leis an CFAE, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach i
nglacadh an Rialacháin seo agus dá bhrí sin níl sé ina cheangal ar an Danmhairg
ná níl sé de cheangal uirthi é a chur i bhfeidhm, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Caibidil 1 Ábhar, raon
feidhme agus sainmhínithe Airteagal 1 Ábhar 1. Leis an Rialachán seo bunaítear nós
imeachta Eorpach um bheart cosantach a chumasaíonn do chreidiúnaí Ordú Eorpach
um Chaomhnú Cuntas a fháil (dá ngairtear 'OECC' anseo feasta) lena gcoisctear aistarraingt
nó aistriú cistí atá i seilbh an fhéichiúnaí i gcuntas bainc laistigh den
Aontas. 2. Beidh an OECC ar fáil don chreidiúnaí mar
mhalairt ar na bearta cosantacha atá ann cheana sna Ballstáit. Airteagal 2 Raon feidhme 1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le
héilimh airgid in ábhair shibhialta agus tráchtála a bhfuil impleachtaí
trasteorann acu mar a shainmhínítear in Airteagal 3 is cuma cén cineál cúirte
nó binse atá ann. Eisiatar óna réim, go háirithe, cúrsaí ioncaim, custaim agus
riaracháin. 2. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir
leis na nithe seo a leanas: (a) féimheacht, imeachtaí maidir le
foirceannadh cuideachtaí dócmhainneacha nó daoine dlítheanacha eile atá
dócmhainneach, comhshocraíochtaí breithiúnacha, imshocraíochtaí agus imeachtaí
cosúil leo sin; (b) slándáil shóisialta; (c) eadráin. 3. Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir
le cuntais bhainc atá díolmhaithe ó urghabháil, de réir an dlí a rialaíonn
díolúine ó fhorghníomhú an Bhallstáit ina bhfuil an cuntas lonnaithe, ná maidir
le córais um urrúis a shocrú arna n-ainmniú ag Ballstáit i gcomhréir le
hAirteagal 10 de Threoir 98/26/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[23]. 4. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le
hábhair maidir le maoin phósta, iarmhairtí maoine comhpháirtíochtaí cláraithe
nó comharbas i gcás ina gcuirtear i bhfeidhm reachtaíocht Aontais a bhaineann
le dlínse, an dlí is infheidhme agus aithint agus forghníomhú cinntí maidir
leis na hábhair sin. Airteagal 3 Cásanna a bhfuil impleachtaí trasteorann
acu Chun críocha an Rialacháin seo, meastar go
bhfuil impleachtaí trasteorann ag ábhar mura bhfuil an chúirt ar tugadh an
t-iarratas ar OECC os a comhair, na cuntais bhainc uile atá le caomhnú ag an
ordú agus na páirtithe lonnaithe sa Bhallstát céanna nó mura bhfuil sainchónaí
orthu sa Bhallstát céanna. Airteagal 4 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo: 1.
ciallaíonn 'cuntas bainc' aon chuntas ina bhfuil
airgead nó ionstraimí airgeadais atá á shealbhú i mbanc in ainm an chosantóra
nó in ainm tríú páirtí thar ceann an chosantóra; 2.
ciallaíonn 'banc' gnólacht arb é a ghnó glacadh le
taiscí agus cistí inaisíoctha eile ón bpobal agus creidmheasanna a dheonú ar a
chuntas féin; 3.
ciallaíonn 'ionstraimí airgeadais' ionstraim
airgeadais de réir bhrí phointe 17 d'Airteagal 4(1) de Threoir 2004/39/CE
ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[24]; 4.
ciallaíonn 'airgead' airgead a creidiúnaíodh do
chuntas in airgeadra ar bith, nó éilimh chomhchosúla ar aisíocaíocht airgid,
amhail taiscí margaidh airgid; 5.
ciallaíonn 'cistí' airgead nó ionstraimí
airgeadais; 6.
ciallaíonn 'an Ballstát ina bhfuil an cuntas bainc
lonnaithe': (a) i gcás cuntais bainc ina bhfuil airgead,
an Ballstát a léirítear in IBAN an chuntais; (b) i gcás cuntais bainc ina bhfuil
ionstraimí airgeadais, an Ballstát ina bhfuil gnáthchónaí ag an mbanc atá i
seilbh an chuntais mar a chinntear le hAirteagal 19 de Rialachán
(CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [25]; 7.
ciallaíonn 'éileamh' éileamh atá ann cheana ar
íocaíocht suime sonraí nó inchinntithe airgid; 8.
ciallaíonn 'breithiúnas' aon bhreithiúnas a
thug cúirt nó binse Ballstáit, cibé ainm a thugtar ar an mbreithiúnas, lena
n-áirítear cinneadh ar chostais nó ar chaiteachas arna gcinneadh ag
oifigeach den chúirt; 9.
ciallaíonn 'cúirt' cúirt nó aon údaráis arna
n-ainmniú ag Ballstát mar údaráis a bhfuil dlínse acu in ábhair a thagann faoi
raon feidhme an Rialacháin seo; 10.
ciallaíonn 'socraíocht chúirte' socraíocht atá
formheasta ag cúirt nó tugtha chun críche os comhair cúirte i gcúrsa imeachtaí; 11.
ciallaíonn 'ionstraim bharántúil' doiciméad a
tarraingíodh suas go foirmiúil nó a cláraíodh mar ionstraim bharántúil i
mBallstát agus a bhfuil an méid seo fíor i dtaobh a bharántúlachta: (a) go mbaineann sé le síniú na hionstraime
barántúla agus lena bhfuil inti, agus (b) gur údarás poiblí nó údarás eile arna
chumhachtú chun na críche sin a bhunaigh é. 12.
ciallaíonn 'Ballstát Tionscnaimh' an Ballstát
inar eisíodh an OECC; 13.
ciallaíonn 'Ballstát an fhorghníomhaithe' an
Ballstát ina bhfuil an cuntas bainc atá le caomhnú lonnaithe; 14.
ciallaíonn 'údarás inniúil' údarás a d'ainmnigh
Ballstát an fhorghníomhaithe mar inniúil chun an fhaisnéis is gá a fháil faoi
chuntas an chosantóra de bhun Airteagal 17, seirbheáil an OECC de bhun
Airteagail 24 go 28 a dhéanamh agus na suimeanna atá díolmhaithe ó fhorghníomhú
de bhun Airteagal 32 a chinneadh; 15.
ciallaíonn 'sainchónaí' sainchónaí mar a chinntear
i gcomhréir le hAirteagal 59 agus le hAirteagal 60 de Rialachán
(CE) Uimh. 44/2001 ón gComhairle[26]; Caibidil 2 Nós imeachta
chun oecc a fháil Airteagal 5 Infhaighteacht 1.
Beidh feidhm ag Roinn 1 sna cásanna seo a leanas: (a) i gcás ina ndéanann an t‑éilitheoir
iarratas ar OECC roimh thionscnamh imeachtaí breithiúnacha ar shubstaint an
ábhair i gcoinne an chosantóra nó ag céim ar bith le linn na n-imeachtaí sin; (b) i gcás ina bhfuair an t‑éilitheoir
breithiúnas, socraíocht chúirte nó ionstraim bharántúil i gcoinne an chosantóra
ar infhorghníomhaithe é nó í sa Bhallstát tionscnaimh ach nár dearbhaíodh go
fóill é nó í a bheith infhorghníomhaithe i mBallstát an fhorghníomhaithe i gcás
ina bhfuil gá le dearbhú dá leithéid. 2.
Tá feidhm ag Roinn 2 maidir le cásanna ina ndéanann
an t‑éilitheoir iarratas ar OECC tar éis dó breithiúnas, socraíocht chúirte, nó
ionstraim bharántúil a fháil i gcoinne an chosantóra, atá infhorghníomhaithe
trí oibriú an dlí i mBallstát an fhorghníomhaithe nó a dearbhaíodh a bheith
infhorghníomhaithe ansin. Roinn 1 an OECC a
eisiúint sula bhfaightear an teideal infhorghníomhaithe Airteagal 6 Dlínse 1.
Eiseoidh cúirt an OECC. 2.
Beidh an dlínse chun an OECC a eisiúint ag
cúirteanna an Bhallstáit inar gá imeachtaí ar shubstaint an ábhair a
thionscnamh i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le dlínse. I gcás
ina bhfuil dlínse ag níos mó ná cúirt amháin maidir le substaint an ábhair,
beidh dlínse ag cúirt an Bhallstáit inar thionscain an t‑éilitheoir imeachtaí
ar an tsubstaint nó ina mbeartaíonn sé imeachtaí ar an tsubstaint a
thionscnamh. 3.
D'ainneoin mhír 2, beidh dlínse ag cúirteanna an
Bhallstáit ina bhfuil an cuntas bainc lonnaithe chun OECC atá le forghníomhú sa
Bhallstát sin a eisiúint. Airteagal 7 Coinníollacha maidir le OECC a eisiúint 1.
Eiseofar OECC sa tsuim a n-iarrtar é ina leith nó i
gcuid den tsuim sin i gcás ina dtíolacann an t‑éilitheoir fíricí ábhartha, arna
gcomhthacú go réasúnach le fianaise, chun an chúirt a shásamh maidir leis an dá
phointe seo a leanas: (a) go ndealraíonn sé go bhfuil údar maith
leis an éileamh i gcoinne an chosantóra; (b) gur dóchúil, dá mba rud é nach n‑eiseofaí
an t‑ordú, go gcuirfí bac ar theideal atá ann nó a bheidh ann sa todhchaí a
fhorghníomhú go hiardain nó is dóchúil go mbeadh sé i bhfad níos deacra é a
dhéanamh, lena n‑airítear toisc go bhfuil an‑bhaol ann go ndéanfadh an
cosantóir sócmhainní atá i seilbh sa chuntas bainc nó sna cuntais bhainc atá le
caomhnú a aistriú, a dhiúscairt nó a fholú. 2.
I gcás ina bhfuair an t‑éilitheoir breithiúnas,
socraíocht chúirte nó ionstraim bharántúil cheana le haghaidh íocaíochta suime
airgid i gcoinne an chosantóra atá infhorghníomhaithe sa Bhallstát tionscnaimh
agus atá i dteideal aitheanta i mBallstát an fhorghníomhaithe faoi ionstraimí
infheidhme dhlí an Aontais, measfar go bhfuil an coinníoll a leagtar amach i
mír 1(a) comhlíonta. Airteagal 8 Iarratas ar OECC 1.
Déanfar iarratais ar OECC trí úsáid a bhaint as an
bhfoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn I. 2.
Áireofar na sonraí seo a leanas go léir san fhoirm
iarratais: (a) ainm agus seoladh an éilitheora, agus,
nuair is infheidhme, a ionadaithe, agus ainm agus seoladh na cúirte a ndéantar
an t-iarratas chuici; (b) ainm agus seoladh an chosantóra, agus,
nuair is infheidhme, ionadaí an chosantóra; (c) an fhaisnéis faoin gcuntas nó faoi na
cuntais i gcomhréir le hAirteagal 16 mura ndéantar iarraidh ar fhaisnéis
chuntais de bhun Airteagal 17; (d) suim an éilimh chomh maith le méid an úis
agus na dtáillí a mhéid is féidir na táillí sin a chur faoi urrús de bhun
Airteagal 18; (e) tuairisc ar na himthosca ábhartha uile a
agraítear mar bhonn don éileamh, agus, i gcás inarb infheidhme, ar an ús a
éilítear; (f) tuairisc ar na himthosca ábhartha uile
ar údar maith iad leis an ordú a eisiúint mar a cheanglaítear le hAirteagal
7(1)(b); (g) tuairisc ar na heilimintí ábhartha uile a
thacaíonn le dlínse na cúirte a bhfuiltear os a comhair; (h) liosta na fianaise a sholáthraíonn an t‑éilitheoir
nó a thairgeann sé a sholáthar; (i) i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal
7(2), cóip den bhreithiúnas, den tsocraíocht chúirte nó den ionstraim
bharántúil a shásaíonn na coinníollacha is gá chun a barántúlacht a bhunú; (j) dearbhú maidir le cibé ar thug an t‑éilitheoir
iarrtatas ar OECC nó ordú le héifeacht choibhéiseach faoin dlí náisiúnta dá
bhforáiltear in Airteagal 19 os comhair cúirteanna eile. 3.
Gabhfaidh aon doiciméid ábhartha tacaíochta leis an
iarratas. 4.
Féadfar an t-iarratas a chur isteach trí aon mhodh
cumarsáide, lena n‑áirítear modh leictreonach. Airteagal 9 Scrúdú an iarratais 1.
Déanfaidh an chúirt a dtugtar iarratas ar OECC os a
comhair scrúdú féachaint an gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach in
Airteagail 2, 6, 7 agus 8. 2.
I gcás nach gcomhlíontar na ceanglais a leagtar
amach in Airteagal 8, tabharfaidh an chúirt deis don éilitheoir an t-iarratas a
chomhlánú nó a cheartú, mura léir go bhfuil an t‑éileamh gan bhunús nó mura
bhfuil an t‑iarratas neamh-inghlactha. Airteagal 10 Nós imeachta ex parte Ní thabharfar fógra don chosantóir i leith an
iarratais ná ní éistfear é sula n‑eiseofar an OECC, mura rud é go n‑iarrann an
t‑éilitheoir a mhalairt. Airteagal 11 Fianaise 1.
I gcás ina measann an chúirt inniúil nach féidir
léi OECC a eisiúint gan fianaise bhreise, féadfaidh sí glacadh leis an
bhfianaise sin i bhfoirm ráiteas scríofa ó fhinnéithe nó ó shaineolaithe. 2.
Ní ghlacfaidh an chúirt le fianaise ó bhéal ach
amháin nuair a mheasann sí go bhfuil gá léi. I gcás nach bhfuil sainchónaí ag
an éilitheoir, finné nó saineolaí san áit chéanna ina bhfuil an chúirt inniúil,
glacfaidh an chúirt le fianaise trí fhíschomhdháil nó trí theicneolaíocht eile
chumarsáide i gcás ina bhfuil an teicneolaíocht sin ar fáil. Airteagal 12 Urrús atá le soláthar ag an éilitheoir Roimh di OECC a eisiúint, féadfaidh an chúirt
a cheangal go soláthróidh an t‑éilitheoir taisce ráthaíochta nó árachas
coibhéiseach chun cúiteamh ar aon damáiste a bhain don chosantóir a áirithiú a
mhéid is atá an cosantóir faoi dhliteanas an damáiste sin a chúiteamh faoin dlí
náisiúnta. Airteagal 13 Tionscnamh na n‑imeachtaí ar an tsubstaint I gcás ina ndéantar iarratas ar OECC roimh
thionscnamh imeachtaí ar an tsubstaint, tionscnóidh an t‑éilitheoir na
himeachtaí sin laistigh de 30 lá ón dáta ar ar eisíodh an t‑ordú nó laistigh
d'aon tréimhse níos giorra arna leagan síos ag an gcúirt eisiúna, ina éagmais
sin beidh an t‑ordú in-chúlghairthe i gcomhréir le hAirteagail 34(1)(b) nó
35(2). Roinn 2 an OECC a
eisiúint tar éis teideal infhorghníomhaithe a fháil Airteagal 14 Inniúlacht maidir leis an OECC a eisiúint 1.
I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 5(2), ina
bhfuair an t‑éilitheoir breithiúnas nó socraíocht chúirte, féadfaidh an t‑éilitheoir
sin a iarraidh ar an gcúirt a d'eisigh an breithiúnas nó an tsocraíocht chúirte
OECC a eisiúint freisin. 2.
I gcás ina bhfuair an t‑éilitheoir ionstraim
bharántúil, féadfaidh an t‑éilitheoir sin iarraidh ar an údarás inniúil sa
Bhallstát ina ndearna gach Ballstát an ionstraim bharántúil a tharraingt suas
agus a ainmniú chun na críche sin OECC a eisiúint. 3.
Féadfaidh an t‑éilitheoir an t‑iarratas ar OECC a
sheoladh díreach chuig an údarás i mBallstát an fhorghníomhaithe a d'ainmnigh
an Ballstát sin mar údarás inniúil chun an t‑ordú a eisiúint agus ar tugadh
fógra ina leith don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 48 ('an t‑údarás
eisiúna' anseo feasta). 4.
Maidir le himeachtaí chun OECC a eisiúint dá
dtagraítear sa Roinn seo, beidh feidhm ag Airteagal 10. Airteagal 15 Iarratas ar OECC 1.
Déanfar iarratais ar OECC trí úsáid a bhaint as an
bhfoirm iarratais a leagtar amach in Iarscríbhinn I. 2.
Áireofar na sonraí seo a leanas uile san fhoirm
iarratais: (a) ainm agus seoladh an éilitheora, agus,
nuair is infheidhme, ionadaithe an éilitheora, agus ainm agus seoladh na cúirte
a ndéantar an t-iarratas chuici; (b) ainm agus seoladh an chosantóra, agus,
nuair is infheidhme, ionadaí an chosantóra; (c) méid na suime atá sonraithe sa
bhreithiúnas, sa tsocraíocht chúirte nó san ionstraim bharántúil chomh maith le
méid an úis agus na dtáillí chomh fada agus is féidir iad a chur faoi urrús de
bhun Airteagal 18; (d) an fhaisnéis faoin gcuntas nó na cuntais
i gcomhréir le hAirteagal 16 mura ndéantar iarraidh chun faisnéis faoin gcuntas
a fháil de bhun Airteagal 17; (e) cóip den bhreithiúnas, den tsocraíocht
chúirte nó den ionstraim bharántúil a chomhlíonann na coinníollacha is gá chun
a barántúlacht a shuíomh; (f) dearbhú nár comhlíonadh an breithiúnas
go fóill; (g) i gcás inar eisíodh an breithiúnas, an
tsocraíocht chúirte nó an ionstraim bharántúil i mBallstát eile: (i) i gcás breithiúnais, socraíochta cúirte
nó ionstraimí barántúla nach gceanglaítear aon dearbhú infhorghníomhaitheachta
ina leith, an deimhniú ábhartha dá bhforáiltear faoin ionstraim is infheidhme
chun críocha an fhorghníomhaithe i mBallstát eile, lena ngabhann, nuair is gá,
traslitriú nó aistriúchán i gcomhréir le hAirteagal 47; nó (ii) i gcás breithiúnas, socraíocht chúirte
nó ionstraim bharántúil a gceanglaítear dearbhú infhorghníomhaitheachta ina
leith, an dearbhú infhorghníomhaitheachta. (h) dearbhú i dtaobh ar thug an t‑éilitheoir
iarratas ar OECC nó ordú le héifeacht choibhéiseach faoin dlí náisiúnta de bhun
Airteagal 19 os comhair cúirteanna eile. 3.
Féadfar an t-iarratas a chur isteach trí aon mhodh
cumarsáide, lena n‑áirítear modh leictreonach. Roinn 3 Forálacha
coiteanna Airteagal 16 Faisnéis faoin gcuntas Mura n‑iarrann an t‑éilitheoir go bhfaighidh
an t‑údarás inniúil faisnéis faoin gcuntas de bhun Airteagal 17, soláthróidh an
t‑éilitheoir an fhaisnéis go léir faoin gcosantóir agus faoi chuntas nó cuntais
an chosantóra ar gá í chun gur féidir leis an mbanc nó na bainc an cosantóir
sin agus a chuntas/chuntais nó a cuntas/cuntais a aithint, lena n‑áirítear an
méid seo a leanas: (a) ainm iomlán an chosantóra, (b) ainm an bhainc ina bhfuil cuntas amháin
nó roinnt cuntas i seilbh an chosantóra atá le caomhnú chomh maith le seoladh
cheanncheathrú an bhainc sa Bhallstát ina bhfuil an cuntas lonnaithe, agus (c) ceann amháin díobh seo a leanas: (i) uimhir nó uimhreacha an chuntais, (ii) seoladh iomlán an chosantóra, (iii) i gcás inar duine nádúrtha an
cosantóir, a dháta breithe nó a chéannacht náisiúnta nó a uimhir phas, nó (iv) i gcás inar duine dlítheanach an
cosantóir, uimhir an duine dhlítheanaigh sin sa chlár gnó. Airteagal 17 Iarraidh ar fhaisnéis faoin gcuntas 1.
I gcás nach bhfuil an fhaisnéis go léir faoin
gcuntas a cheanglaítear de bhun Airteagal 16 ag an éilitheoir, féadfaidh an t‑eilitheoir
sin a iarraidh go bhfaighidh údarás inniúil Bhallstát an fhorghníomhaithe an
fhaisnéis is gá. Déanfar an iarraidh sin san iarratas ar OECC. 2.
Áireofar san iarratas an fhaisnéis go léir faoin
gcosantóir agus faoina chuntais bhainc atá ar fáil don éilitheoir. 3.
Eiseoidh an chúirt nó an t‑údarás eisiúna an OECC
de bhun Airteagal 21 agus tarchuirfidh sí/sé é chuig an údarás inniúil i
gcomhréir le hAirteagal 24. 4.
Úsáidfidh an t‑údarás inniúil na modhanna uile
iomchuí agus réasúnacha atá ar fáil i mBallstát an fhorghníomhaithe chun an
fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a fháil. A luaithe is a gheofar an fhaisnéis
sin, déanfaidh an t‑údarás inniúil an OECC a sheirbheáil ar an mbanc i
gcomhréir le hAirteagal 24. 5.
Chun an fhaisnéis atá le soláthar don Choimisiún a
fháil faoin dlí náisiúnta de bhun Airteagal 48, úsáidfear ceann de na modhanna
seo a leanas: (a) an deis ceangal a chur ar na bainc uile
ina gcríoch a nochtadh an bhfuil cuntas i seilbh an chosantóra leo. (b) roctain a bheith ag an údarás inniúil ar
an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 1 i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin i
seilbh údarás nó riarachán poiblí i gcláir nó ar bhealach eile. 6.
Beidh faisnéis dá dtagraítear i mír 4
leordhóthanach chun na críche cuntas nó cuntais an chosantóra a aithint, beidh
sí ábhartha gan a bheith iomarcach agus beidh sí teoranta don mhéid seo a
leanas: (a) seoladh an chosantóra, (b) an banc a bhfuil cuntas an chosantóra ina
sheilbh nó na bainc a bhfuil cuntais an chosantóra ina seilbh, (c) uimhir chuntas an chosantóra nó
uimhreacha chuntais an chosantóra. Airteagal 18 Suim an OECC 1.
I gcás inar eisíodh an OECC ar bhonn breithiúnas,
socraíocht chúirte nó ionstraim bharántúil is infhorghníomhaithe sa Bhallstát
tionscnaimh, beidh an t‑éilitheoir ábalta an tsuim atá leagtha amach san OECC
chomh maith le haon ús agus costais atá sonraithe ann a chaomhnú. 2.
I ngach cás eile, beidh an t‑éilitheoir in ann suim
an éilimh chomh maith le haon ús a fabhraíodh ar an éileamh a chaomhnú. Airteagal 19 Faisnéis faoi iarratais atá ar feitheamh i
gcúirteanna eile 1.
Agus iarratas ar OECC á chur isteach aige,
nochtfaidh an t‑éilitheoir ar thug sé nó sí iarratas ar OECC nó ar bheart
cosantach coibhéiseach faoin dlí náisiúnta os comhair aon chúirte eile i
gcoinne an chosantóra chéanna agus leis an aidhm an t‑éileamh céanna a chur
faoi urrús. 2.
Déanfaidh an t‑éilitheoir an chúirt ar tugadh
iarratas ar OECC os a comhair a chur ar an eolas faoi aon OECC eile nó aon
bheart cosantach eile faoin dlí náisiúnta arna eisiúint de bhun an iarratais dá
dtagraítear i mír 1. Sa chás sin, féadfaidh an chúirt nó an t-údarás eisiúna
staonadh ó ordú breise a eisiúint i gcás ina measann sí go dtugann na bearta a
deonaíodh cheana leorchosaint do leasanna an éilitheora. Airteagal 20 Cumarsáid agus Comhar idir chúirteanna 1.
I gcás ina dtugtar iarratas ar OECC os comhair
cúirteanna Ballstáit agus ina dtugtar imeachtaí maidir leis an tsubstaint os
comhair cúirteanna Ballstáit eile, féadfaidh na cúirteanna sin lena mbaineann
comhoibriú chun comhordú cuí idir na himeachtaí maidir leis an tsubstaint agus
na himeachtaí maidir leis an OECC a áirithiú. 2.
Féadfaidh an chúirt ar tugadh an t-iarratas ar OECC
os a comhair faisnéis a lorg ón gcúirt eile dá dtagraítear i mír 1 faoi
imthosca ábhartha uile an cháis nó a cheangal ar an éilitheoir an fhaisnéis sin
a fháil, amhail an baol go scaipfeadh an cosantóir na sócmhainní nó aon diúltiú
do bheart dá leithéid ón gcúirt ar tugadh an tsubstaint os a comhair. Féadfar
an fhaisnéis sin a lorg go díreach nó trí phointí teagmhála an Ghréasáin
Bhreithiúnaigh Eorpaigh in ábhair shibhialta agus tráchtála a bunaíodh le
Cinneadh 2001/470/CE[27]. Airteagal 21 Eisiúint, Éifeacht agus Ré an OECC 1.
I gcás ina gcomhlíontar na ceanglais dá dtagraítear
sa Chaibidil seo, eiseoidh an chúirt nó an t‑údarás eisiúna OECC. 2.
I gcás inar gá an t‑ordú a fhorghníomhú i mBallstát
eile, eiseofar é san fhoirm a leagtar amach in Iarscríbhinn II. 3.
I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 5(1),
eiseoidh an chúirt an OECC laistigh de 7 lá féilire ar a dhéanaí ónar taisceadh
an t‑iarratas. 4.
I gcás ina meastar go bhfuil gá le héisteacht ó bhéal
i ngeall ar imthosca eisceachtúla, comórfaidh an chúirt an éisteacht laistigh
de 7 lá féilire breise ar a dhéanaí agus eiseoidh sí an t-ordú laistigh de 7 lá
féilire ar a dhéanaí tar éis na héisteachta. 5.
I gcásanna dá dtagraítear in Airteagal 5(2), eiseoidh
an t‑údarás eisiúna an OECC laistigh de 3 lá féilire ar a dhéanaí ónar
taisceadh an t‑iarratas. 6.
Gan dochar d'Airteagal 32, leis an OECC coiscfear
an cosantóir nó creidiúnaithe an chosantóra ó aon aistriú, aistarraingt nó
diúscairt eile na gcistí atá i seilbh sa chuntas nó sna cuntais atá ainmnithe
ann. 7.
Leanfaidh an OECC de bheith i bhfeidhm: (a) go dtí go gcuirfidh cúirt ar leataobh é
de bhun Airteagail 34, 35, 36 nó 40 nó, (b) i gcás ina bhfuair an t‑éilitheoir
breithiúnas, ionstraim bharántúil nó socraíocht chúirte ar an tsubstaint atá
infhorghníomhaithe sa Bhallstát tionscnaimh nó i gcásanna dá dtagraítear in
Airteagal 5(2), go dtí go ndéanfar beart forghníomhaithe le héifeacht
choibhéiseach faoin dlí náisiúnta a chur in ionad éifeacht an OECC, ar choinníoll
gur sheol an t‑éilitheoir sa chás is túisce atá luaite na himeachtaí
forghníomhaithe laistigh de 30 lá tar éis an breithiúnas, an ionstraim
bharántúil nó an tsocraíocht chúirte a bheith fógartha nó infhorghníomhaithe,
cibé acu is deireanaí. Airteagal 22 Achomharc in aghaidh eisiúint an OECC a
dhiúltú 1. Féadfaidh an t‑éilitheoir
achomharc in aghaidh chinneadh na cúirte nó an údaráis eisiúna diúltú
d’iarratas ar OECC a thaisceadh leis an gcúirt a bhfuil fógra le tabhairt ina
leith don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 48. 2. Tá achomharc le taisceadh
laistigh de 30 lá ó tugadh fógra i leith an chinnidh dá dtagraítear i mír 1. Caibidil 3 Infhorghníomhaitheacht
agus forghníomhú an OECC Airteagal 23 Exequatur a dhíothú Déanfar OECC arna eisiúint i mBallstát amháin
de bhun Airteagal 6(2) agus Airteagal 14(1) a aithint sna Ballstáit eile agus
beidh sé infhorghníomhaithe iontu gan gá a bheith ann le dearbhú
infhorghníomhaitheachta agus gan aon fhéidearthacht a bheith ann cur i gcoinne
an aitheantais sin. Airteagal 24 An OECC a sheirbheáil ar an mbanc 1.
Déanfar an OECC a sheirbheáil ar an mbanc arna
shonrú nó ar na bainc arna sonrú ann i gcomhréir leis an Airteagal seo. 2.
I gcás inar eisigh cúirt nó an t-údarás eisiúna i
mBallstát an fhorghníomhaithe an OECC, déanfar an tseirbheáil ar an mbanc i
gcomhréir le dlí an Bhallstáit sin. 3.
I gcás ina bhfuil an chúirt a d'eisigh an OECC
lonnaithe i mBallstát seachas Ballstát an fhorghníomhaithe, déanfar an
tseirbheáil i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 ó Pharlaimint na
hEorpa agus ón gComhairle[28].
Maidir le tarchur an OECC, beidh feidhm ag an méid
seo a leanas: (a) Déanfaidh an duine nó an t-údarás atá
freagrach as an tseirbheáil i mBallstát an fhorghníomhaithe an OECC a tharchur
go díreach chuig údarás inniúil Bhallstát an fhorghníomhaithe. (b) Tarchuirfear na doiciméid seo a leanas: (i) cóip den OECC san fhoirm atá leagtha
amach in Iarscríbhinn II, arb í sin an fhoirm a chomhlíon na coinníollacha is
gá chun a bharántúlacht a shuíomh; (ii) i gcás inar gá, traslitriú nó
aistriúchán den fhoirm i gcomhréir le hAirteagal 48; (iii) an fhoirm tarchuir atá leagtha amach in
Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 agus, i gcás inar gá,
traslitriú nó aistriúchán den fhoirm ag gabháil léi i gcomhréir le hAirteagal
48. (c) Déanfaidh an t-údarás inniúil an OECC a
sheirbheáil ar an mbanc arna shonrú nó ar na bainc arna sonrú ann. Déanfaidh an
t-údarás inniúil gach beart is gá chun seirbheáil an ordaithe a dhéanamh
laistigh de 3 lá ar a dhéanaí ón ordú a fháil. (d) A luaithe is a sheirbheáiltear an t-ordú
ar an mbanc, tarraingeoidh an t-údarás inniúil suas deimhniú seirbheála i
gcomhréir le hAirteagal 10 de Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007 agus tarchuirfidh
sé an deimhniú chuig an duine nó an údarás a d’iarr an tseirbheáil. Airteagal 25 Seirbheáil
an OECC ar an gcosantóir 1.
Déanfar an OECC agus gach doiciméad a tíolacadh don
chúirt nó don údarás inniúil a sheirbheáil ar an gcosantóir d’fhonn an t-ordú a
fháil gan mhoill mhíchuí tar éis na seirbheála ar an mbanc de bhun Airteagal 24
agus tar éis don bhanc an dearbhú a eisiúint de bhun Airteagal 27. 2.
I gcás ina bhfuil sainchónaí ar an gcosantóir i
mBallstát an fhorghníomhaithe, déanfar an tseirbheáil i gcomhréir le rialacha
dhlí náisiúnta an Bhallstáit sin. 3.
I gcás ina bhfuil sainchónaí ar an gcosantóir i
mBallstát an fhorghníomhaithe, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ar
tarchuireadh an OECC chuige de bhun Airteagal 24(3) an t-ordú agus na doiciméid
a ghabhann léi a sheirbheáil ar an gcosantóir i gcomhréir le Rialachán (CE)
Uimh. 1393/2007. 4.
Má tá sainchónaí ar an gcosantóir i mBallstát
seachas an Ballstát tionscnaimh nó Ballstát an fhorghníomhaithe, déanfaidh
údarás inniúil Bhallstát an fhorghníomhaithe ar tarchuireadh an OECC chuige de
bhun Airteagal 24(3) é a tharchur go díreach chuig údarás inniúil Bhallstát
shainchónaí an chosantóra. Déanfaidh an t-údarás sin é a sheirbheáil ar an
gcosantóir i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1393/2007. Airteagal 26 Cur
chun feidhme an OECC 1.
Déanfaidh banc a seirbheáiltear OECC air é a chur
chun feidhme láithreach ar fháil an ordaithe dó trína áirithiú nach ndéantar an
tsuim arna sonrú ann a aistriú, a dhiúscairt ná a aistarraingt ón gcuntas/ó na
cuntais arna ainmniú/n-ainmniú san ordú nó arna shainaithint/sainaithint ag an
mbanc mar chuntas/chuntais atá i seilbh an chosantóra Aon chistí ar mó iad ná
an tsuim arna sonrú san OECC, caithfidh siad leanúint de bheith faoi réir an
chosantóra. 2.
I gcás ina ndéantar an t-órdú a sheirbheáil
lasmuigh de na huaireanta gnó, cuirfear chun feidhme é díreach tar éis thús na
chéad tréimhse eile gnó. 3.
I gcás inarb iad ionstraimí airgeadais atá sna
cistí sa chuntas arna ainmniú san OECC de bhun mhír 1, déanfar a luach a
chinneadh trí thagairt don ráta ábhartha margaidh is infheidhme ar an lá a
chuirfear an t-ordú chun feidhme. 4.
I gcás nach ionann airgeadra na gcistí atá sa
chuntas agus an t-airgeadra inar eisíodh an OECC, déanfaidh an banc an tsuim a
chomhshó trí thagairt don ráta oifigiúil malairte ar an lá a chuirfear an
t-ordú chun feidhme. 5.
Is é an dlí náisiúnta a rialóidh dliteanas an
bhainc i leith aon mhainneachtana na hoibleagáidí atá leagtha amach san
Airteagal seo a chomhlíonadh. Airteagal 27 Dearbhú ón mbanc 1.
Laistigh de 3 lá oibre ón OECC a fháil, cuirfidh an
banc an t-údarás inniúil agus an t‑éilitheoir ar an eolas, trí úsáid a bhaint
as an bhfoirm atá leagtha amach in Iarscríbhinn III, i dtaobh ar caomhnaíodh
cistí i gcuntas an chosantóra agus cé mhéad de na cistí sin a caomhnaíodh.
Laistigh de lá amháin oibre déanfaidh an t-údarás inniúil an dearbhú a tharchur
chuig an duine nó an údarás a d’iarr an tseirbheáil de bhun Airteagal 24(3)(a).
2.
I gcás inar leor an t-iarmhéid cuntais chun an
tsuim arna sonrú san OECC a chlúdach, ní nochtóidh an banc iarmhéid chuntas an
chosantóra. 3.
Féadfaidh an banc a dhearbhú a tharchur trí mhodh
leictreonach sábháilte cumarsáide. 4.
Is é an dlí náisiúnta a rialóidh dliteanas an
bhainc i leith mainneachtana an oibleagáid sin a chomhlíonadh. Airteagal 28 Roinnt cuntas a chaomhnú 1.
I gcás ina gclúdaíonn an OECC roinnt cuntas i
seilbh an chosantóra sa bhanc céanna, ní dhéanfaidh an banc an t-ordú a chur
chun feidhme ach go dtí an tsuim a shonrófar ann. 2.
I gcás inar eisíodh OECC amháin nó níos mó nó
orduithe coibhéiseacha cosantacha faoin dlí náisiúnta, ar OECC é nó iad nó ar
orduithe cosantacha iad a chlúdaíonn roinnt cuntas atá i seilbh an chosantóra
le bainc éagsúla, bíodh siad sa Bhallstát céanna nó i mBallstáit éagsúla, beidh
sé de dhualgas ar an éilitheoir aon tsuim arna sonrú san ordú nó sna horduithe
sin a scaoileadh ar suim í atá níos mó ná an tsuim arna sonrú san OECC. Déanfar
an scaoileadh sin laistigh de 48 uair tar éis dearbhú an chéad bhainc de bhun
Airteagal 27 a fháil ag taispeáint an bharrachais sin. Déanfaidh údarás inniúil
Bhallstát ábhartha an fhorghníomhaithe an scaoileadh. Airteagal 29 Comhchuntais
agus cuntais ainmitheacha a chaomhnú Cuntais ar cuntais iad, de réir thaifid an
bhainc, nach bhfuil i seilbh eisiach an chosantóra, cuntais atá i seilbh tríú
pháirtí thar ceann an chosantóra nó cuntais atá i seilbh an chosantóra thar
ceann tríú pháirtí, ní fhéadfar iad a chaomhnú ach a mhéid is féidir iad a
chaomhnú faoi rialacha an dlí náisiúnta a rialaíonn an cuntas a bhfuil fógra le
tabhairt ina leith don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 48. Airteagal 30 Costais
a bhaineann leis na bainc 1.
Ní bheidh banc i dteideal íocaíocht nó aisíocaíocht
na gcostas a thig as cur chun feidhme an OECC nó ordaithe de bhun Airteagal 17(5)(a)
ach amháin i gcás ina bhfuil sé i dteideal na híocaíochta nó na haisíocaíochta
sin as orduithe a bhfuil éifeacht choibhéiseach acu agus a eisítear faoin dlí
náisiúnta. 2.
Is é a bheidh i dtáillí a ghearrfar chun an OECC nó
ordú de bhun Airteagal 17(4)(a) a chur chun feidhme táillí socraithe aonair a
chinnfidh an Ballstát ina bhfuil an cuntas lonnaithe roimh ré agus ar táillí
iad a urramóidh prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe. 3.
Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún i
gcomhréir le hAirteagal 48 an bhfuil bainc i dteideal a gcostais a ghabháil ar
ais agus, má tá, méid na táille de bhun mhír 2. Airteagal 31 Costais a bhaineann leis an údarás inniúil Is é a bheidh in aon táillí a ghearrfaidh
údarás inniúil as cur chun feidhme an OECC nó as déileáil le hiarraidh chun
faisnéis chuntais a fháil dá dtagraítear in Airteagal 17(4) táillí socraithe
aonair a chinnfidh an Ballstát ábhartha roimh ré, ar táillí iad a urramóidh
prionsabail na comhréireachta agus an neamh-idirdhealaithe agus a dtabharfar
fógra ina leith don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 48. Airteagal 32 Suimeanna
atá diolmhaithe ó fhorghníomhú 1.
I gcás ina bhforáiltear amhlaidh le dlí Bhallstát
an fhorghníomhaithe, na suimeanna is gá chun slí bheatha an chosantóra agus a
theaghlaigh a áirithiú i gcás inar duine nádúrtha an cosantóir, nó, i gcás inar
duine dlíthiúil an cosantóir, chun a áirithiú gur féidir le gnáthchúrsaí gnó
leanúint ar aghaidh, beidh siad díolmhaithe ó fhorghníomhú an ordaithe. 2.
Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi
na rialacha is infheidhme faoina ndlí náisiúnta sna cásanna sin, go háirithe cé
na suimeanna nó na cineálacha infháltas i seilbh i gcuntas bainc atá
díolmhaithe ó fhorghníomhú. 3.
A mhéid is féidir an tsuim dá dtagraítear i mír 1 a
chinneadh gan faisnéis bhreise a fháil ón gcosantóir, déanfaidh údarás inniúil
Bhallstát an fhorghníomhaithe an tsuim sin a chinneadh, ar fháil an OECC dó,
agus cuirfidh sé in iúl don bhanc nach mór an tsuim sin a fhágáil faoi réir an
chosantóra tar éis chur chun feidhme an ordaithe. 4.
Agus an tsuim dá dtagraítear i mír 1 á cinneadh
aige, cuirfidh an t-údarás inniúil dlí an Bhallstáit a d’ainmnigh é i bhfeidhm,
fiú má tá sainchónaí ar an gcosantóir i mBallstát eile. Airteagal 33 Aicmiú
creidiúnaithe atá in iomaíocht Tugann an OECC an t-aicmiú céanna le
hionstraim a bhfuil éifeacht choibhéiseach aici faoi dhlí an Bhallstáit ina
bhfuil an cuntas lonnaithe. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi
na hionstraimí coibhéiseacha agus faoin aicmiú a thugann siad i gcomhréir le
hAirteagal 48. Caibidil 4 Leigheasanna i gcoinne an OECC Airteagal 34 Leigheaseanna
an chosantóra sa Bhallstát tionscnaimh 1.
I gcás inar eisíodh an OECC de bhun Roinn 1 de
Chaibidil 2, féadfaidh an cosantóir iarratas a dhéanamh ar an méid seo a leanas (a) athbhreithniú ar an OECC ar an bhforas
nár comhlíonadh na ceanglais chun é a eisiúint atá leagtha amach in Airteagail
2, 6 agus 7; (b) athbhreithniú ar an OECC ar an bhforas
nár thionscain an t-éilitheoir imeachtaí ar shubstaint an ábhair laistigh den
teorainn ama dá dtagraítear in Airteagal 13. 2.
Cé is moite d’athbhreithniú de bhun mhír 1(b), is
go pras a dhéanfar an t‑iarratas ar athbhreithniú, agus in aon chás laistigh de
45 lá ón lá ar cuireadh an cosantóir ar an eolas go héifeachtach faoi ábhar an
ordaithe agus a raibh deis aige freagairt. 3.
Díreofar an t-iarratas ar athbhreithniú ar an
gcúirt a d’eisigh an t-ordú. Cuirfear an t-iarratas isteach ag baint úsáide as
an bhfoirm atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV nó trí aon mhodh cumarsáide,
lena n‑áirítear modh leictreonach. 4.
Déanfar an t-iarratas a sheirbheáil ar an
éilitheoir i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le seirbheáil
doiciméad. 5.
I gcás ina bhfuil bonn údair leis an athbhreithniú
ar cheann de na forais atá leagtha síos i mír 1, laistigh de 30 lá féilire ar a
dhéanaí ó sheirbheáil an iarratais ar an éilitheoir, tabharfaidh an chúirt a
cinneadh lena gcuirfear an OECC ar leataobh nó lena modhnófar é de réir an
athbhreithnithe sin. 6.
Beidh an cinneadh an t-ordú a chur ar leataobh nó a
mhodhnú infhorghníomhaithe láithreach d’ainneoin aon achomhairc faoi Airteagal
37, mura gcinneann an chúirt, chun leasanna an éilitheora a chosaint, nach
mbeidh a cinneadh infhorghníomhaithe ach amháin nuair a bheidh sé
críochnaitheach. 7.
Déanfar an cinneadh a sheirbheáil ar an mbanc nó ar
na bainc lena mbaineann láithreach agus cuirfidh an banc nó na bainc an
cinneadh chun feidhme láithreach ar fháil an chinnidh dó nó dóibh tríd an tsuim
arna caomhnú i bpáirt nó ina hiomláine a dhíbhlocáil. Déanfar é a sheirbheáil
ar an éilitheoir láithreach freisin i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme
maidir le seirbheáil doiciméad. Airteagal 35 Leigheaseanna
an chosantóra i mBallstát an fhorghníomhaithe 1.
I gcás inar eisíodh an OECC de bhun Roinn 1 nó
Roinn 2 de Chaibidil 2, féadfaidh an cosantóir an méid seo a leanas a iarraidh (a) forghníomhnú an ordaithe a theorannú ar
an bhforas go bhfuil suimeanna áirithe sa chuntas díolmhaithe ó fhorghníomhú
faoi dhlí an Bhallstáit ina bhfuil an cuntas lonnaithe agus nár chuir an
t-údarás inniúil na suimeanna sin san áireamh nó nár chuir siad san áireamh i
gceart iad de bhun Airteagal 32; (b) forghníomhú an ordaithe a fhoirceannadh
ar an bhforas (i) gur tugadh breithiúnas i mBallstát an
fhorghníomhaithe ar breithiúnas é a dhíbheann an t‑éileamh a bhfuil an
t-éilitheoir ag iarraidh a fhorghníomhú a fháil leis an ordú; nó (ii) go bhfuil an cuntas bainc arna chaomhnú
díolmhaithe ó fhorghníomhú faoin dlí a rialaíonn díolúine ó fhorghníomhú de
chuid an Bhallstáit ina bhfuil an cuntas lonnaithe. 2.
I gcás inar eisíodh an t-ordú de bhun Roinn 1 de
Chaibidil 2, tá sé de cheart ag an gcosantóir a iarraidh go gcuirfear an t-ordú
ar leataobh ar an bhforas nár thionscain an t-éilitheoir imeachtaí ar
shubstaint an ábhair laistigh den teorainn ama dá dtagraítear in Airteagal 13. 3.
I gcás inar eisíodh an t-ordú de bhun Roinn 2 de
Chaibidil 2, féadfaidh an cosantóir an méid seo a leanas a iarraidh (i) an t-ordú a chur ar leataobh ar an
bhforas go ndearnadh an breithiúnas, an tsocraíocht chúirte nó an ionstraim
bharántúil a chur ar leataobh sa Bhallstát tionscnaimh; (ii) forghníomhú an ordaithe a chur ar
fionraí ar an bhforas go ndearnadh infhorghníomhaitheacht an bhreithiúnais, na
socraíochta cúirte nó na hionstraime barántúla a chur ar fionraí sa Bhallstát
tionscnaimh. 4.
Cé is moite d’athbhreithniú de bhun mhír 2, is go
pras a dhéanfar an t‑iarratas ar athbhreithniú, agus in aon chás laistigh de 45
lá ón lá ar cuireadh an cosantóir ar an eolas go héifeachtach faoi ábhar an
ordaithe agus a raibh deis aige freagairt. 5.
Déanfar an t-iarratas a dhíriú ar chúirteanna
inniúla Bhallstát an fhorghníomhaithe ar thug na Ballstáit fógra dóibh de bhun
Airteagal 48. Cuirfear an t-iarratas isteach ar pháipéar nó trí aon mhodh eile
cumarsáide, lena n‑áirítear modh leictreonach agus ag úsáid na foirme atá
leagtha amach in Iarscríbhinn IV. 6.
Déanfar an t-iarratas a sheirbheáil ar an
éilitheoir i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le seirbheáil
doiciméad. 7.
Má tá bonn údair leis an iarratas, laistigh de 30
lá féilire ar a dhéanaí ó sheirbheáil an iarratais ar an éilitheoir,
tabharfaidh an chúirt a cinneadh lena gcuirfear an OECC ar leataobh nó lena
modhnófar é dá réir sin. 8.
Beidh an cinneadh an t-ordú a chur ar leataobh nó a
mhodhnú infhorghníomhaithe láithreach d’ainneoin aon achomhairc faoi Airteagal
37, mura gcinneann an chúirt, chun leasanna an éilitheora a chosaint, nach
mbeidh a cinneadh infhorghníomhaithe ach amháin nuair a bheidh sé
críochnaitheach. Airteagal 36 Leigheaseanna
an chosantóra i mBallstát a shainchónaithe Más tomhaltóir, fostaí nó árachaí an cosantóir,
féadfaidh sé freisin an t-iarratas ar athbhreithniú faoi Airteagal 34 agus
Airteagal 35 a dhíriú ar an gcúirt inniúil sa Bhallstát ina bhfuil sainchónaí
air agus beidh fógra ina leith sin le tabhairt don Choimisiún i gcomhréir le
hAirteagal 48. Airteagal 37 An
ceart chun achomhairc Is é an dlí náisiúnta a rialóidh an ceart
achomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh a eisíodh de bhun Airteagail 34, 35 nó
36. Airteagal 38 An
ceart urrús malartach a sholáthar 1.
Déanfaidh údarás inniúil Bhallstát an fhorghníomhaithe
forghníomhú an OECC a fhoirceannadh má sholáthraíonn an cosantóir taisce
ráthaíochta don údarás inniúil sin arb é atá ann an tsuim arna sonrú i
gcomhréir le mír 2, nó árachas coibhéiseach, lena n‑áirítear ráthaíocht bhainc,
mar bhealach eile chun cearta an éilitheora a chosaint. 2.
Déanfaidh an OECC suim an urrúis is gá a shonrú
chun forghníomhú an ordaithe a fhoirceannadh. Airteagal 39 Ceart tríú páirtithe Tá an ceart ag tríú páirtí agóidí a dhéanamh
in aghaidh an OECC os comhair chúirteanna an Bhallstáit tionscnaimh nó
Bhallstát an fhorghníomhaithe a mhéid is a dhéanann an t-ordú nó a fhorghníomhú
dochar dá chearta. Airteagal 40 Athrú nó cúlghairm an OECC Gan dochar do chearta an chosantóra de bhun
Airteagail 34, 35 agus 36, is féidir le ceachtar den dá pháirtí iarratas a
dhéanamh tráth ar bith ar an gcúirt tionscnaimh ar athrú nó cúlghairm an OECC
ar an bhforas go bhfuil na himthosca inar eisíodh an t-ordú tar éis athrú san
idirlinn, lena n-áirítear gur tugadh breithiúnas ar an tsubstaint a dhíbhigh an
t-éileamh a rabhthas ag iarraidh a fhorghníomhú a áirithiú leis an ordú nó ar
an bhforas gur íoc an cosantóir an t‑éileamh. Caibidil 5 Forálacha
ginearálta Airteagal 41 Ionadaíocht na bpáirtithe Ní bheidh ionadaíocht dlíodóra nó gairmí eile
dlí éigeantach in imeachtaí chun OECC a eisiúint faoin Rialachán seo. Airteagal 42 Na costais atá le híoc ag an bpáirtí nár
éirigh leis 1.
Íocfaidh an páirtí nár éirigh leis costais na
n-imeachtaí. Ní dhéanfaidh an chúirt, áfach, costais a dhámhachtain don pháirtí
ar éirigh leis sa mhéid go ndearnadh iad a thabhú go neamhriachtanach nó go
bhfuil siad díréireach leis an éileamh. 2.
I gcás inar eisíodh an OECC de bhun Roinn 1 de
Chaibidil 2, is í an chúirt ar tugadh na himeachtaí ar an tsubstaint os a
comhair nó an chúirt a chuireann an t-ordú ar leataobh de bhun Airteagal
34(1)(b) nó Airteagal 35(2) a dhéanfaidh costais na n-imeachtaí a dhámhachtain.
3.
I gcás inar eisíodh an t-ordú de bhun Roinn 2 de
Chaibidil 2, is é an t-údarás inniúil atá ag forghníomhú an bhreithiúnais, na
hionstraime barántúla nó na socraíochta cúirte ar eisíodh an t-ordú ar a bhonn
nó ar a bonn a dhéanfaidh na costais a chinneadh. Airteagal 43 Táillí cúirte 1.
Ní bheidh na táillí cúirte as an OECC a fháil níos
airde ná na táillí as beart coibhéiseach a fháil faoin dlí náisiúnta, ná ní
bheidh siad díréireach le suim an éilimh ná ní dhímhisneoidh siad an
t-éilitheoir ó úsáid a bhaint as an nós imeachta. 2.
Cuirfidh na Ballstáit na táillí cúirte is
infheidhme in iúl don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 48. Airteagal 44 Teorainneacha
Ama I gcás nach féidir, in imthosca eisceachtúla,
leis an gcúirt, leis an údarás eisiúna ná leis an údarás inniúil cloí leis na
teorainneacha ama dá bhforáiltear in Airteagail 21(3) agus (4), 24(3)(c),
27(1), 34(5) agus (7) agus 35(8), déanfaidh an chúirt nó an t-údarás na bearta
a cheanglaítear leis na forálacha sin a luaithe is féidir. Ar iarraidh ó
pháirtí, tabharfaidh an chúirt nó an t‑údarás bonn údair leis na himthosca
eisceachtúla. Airteagal 45 An
gaol leis an dlí náisiúnta nós imeachta Is é an dlí náisiúnta a rialóidh gach
saincheist nós imeachta nach ndéileáiltear léi go sonrach sa Rialachán seo. Airteagal 46 An
gaol le hionstraimí eile 1.
Gan dochar d’Airteagail 24, 25 agus 27, ní
dhéanfaidh an Rialachán seo dochar do chur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh.
1393/2007. 2.
Beidh an Rialachán seo gan dochar do Rialachán (CE)
Uimh. 44/2001 ón gComhairle[29]. 3.
Beidh an Rialachán seo gan dochar do chur i
bhfeidhm Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Airteagal 47 Ceanglais
aistriúcháin agus traslitrithe 1.
I gcás ina bhfuil gá le traslitriú nó aistriúchán
faoin Rialachán seo, is go teanga oifigiúil an Bhallstáit lena mbaineann nó, i
gcás ina bhfuil roinnt teangacha oifigiúla sa Bhallstát sin, go teanga oifigiúil
nó go ceann de theangacha oifigiúla imeachtaí cúirte in áit an fhorghníomhaithe
a dhéanfar traslitriú nó aistriúchán den sórt sin, i gcomhréir le dlí an
Bhallstáit sin. 2.
Chun críocha na bhfoirmeacha dá dtagraítear in
Airteagail 8(1), 15(1), 21(2), 24(3) (b)(ii) agus (iii) agus 24(3)(d), 27(1)
agus 34(3) nó aon doiciméad eile atá le cur isteach ag na páirtithe de bhun
Airteagail 8(2), 34, 35 nó 36, féadfaidh aistriúcháin nó traslitrithe go haon
teanga oifigiúil eile nó teangacha oifigiúla eile institiúidí an Aontais ar
shonraigh an Ballstát lena mbaineann gur féidir leis glacadh léi nó leo a
bheith sna haistriúcháin nó sna traslitrithe. 3.
Is duine atá cáilithe chun aistriúcháin a dhéanamh
i gceann de na Ballstáit a dhéanfaidh aon aistriúchán faoin Rialachán seo. Airteagal 48 Faisnéis
atá le soláthar ag na Ballstáit 1.
Faoin __________ [12 mhí tar éis theacht i bhfeidhm
an Rialacháin] ar a dhéanaí, cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas in
iúl don Choimisiún (a) an t-údarás atá inniúil chun OECC a eisiúint
i gcomhréir le hAirteagal 14(2); (b) na modhanna atá ar fáil chun faisnéis a
fháil faoina ndlí náisiúnta de bhun Airteagal 17(4); (c) an chúirt a bhfuil achomharc in aghaidh
an chinnidh gan OECC a eisiúint le taisceadh léi dá dtagraítear in Airteagal
22; (d) an t-údarás atá inniúil chun an OECC a
fhorghníomhú i gcomhréir le Caibidil 3; (e) a mhéid is féidir comhchuntais agus
cuntais ainmnitheacha a chaomhnú faoina ndlí náisiúnta dá dtagraítear in
Airteagal 29; (f) na rialacha is infheidhme maidir le
suimeanna atá díolmhaithe ó fhorghníomhú faoin dlí náisiúnta dá dtagraítear in
Airteagal 32; (g) táillí socraithe aonair na mbanc agus an
údaráis inniúil dá dtagraítear in Airteagal 30 agus Airteagal 31; (h) an t-aicmiú a thugtar do bhearta
cosantacha atá coibhéiseach le OECC faoin dlí náisiúnta dá dtagraítear in
Airteagal 33; (i) na cúirteanna atá inniúil i mBallstát an
fhorghníomhaithe ar féidir an t-iarratas ar athbhreithniú a chur faoina mbráid
i gcomhréir le hAirteagal 34(3) nó le hAirteagal 36; (j) táillí cúirte as an OECC a eisiúint dá
dtagraítear in Airteagal 43; (k) na teangacha a bhfuil sé inghlactha na
doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 47 a aistriú isteach iontu. 2.
Cuirfidh na Ballstáit aon athrú ar an bhfaisnéis
atá leagtha amach i mír 1 in iúl don Choimisiún gan mhoill mhíchuí. 3.
Déanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis arna cur in iúl
dó de bhun an Airteagail seo a chur ar fáil don phobal trí aon mhodh iomchuí,
go háirithe tríd an nGréasán Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus
tráchtála a bunaíodh le Treoir 2001/470/CE. Airteagal 49 Leasú na n-Iarscríbhinní Tabharfar de chumhacht don Choimisiún
gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 maidir le
leasuithe ar na hIarscríbhinní. Airteagal 50 Gníomhartha tarmligthe 1.
Is faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos san
Airteagal seo a thugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe
a ghlacadh. 2.
Is go ceann tréimhse éiginnte ama ó theacht i
bhfeidhm an Rialacháin seo a thabharfar tarmligean na cumhachta dá dtagraítear
in Airteagal 49 don Choimisiún. 3.
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle
tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 49 a chúlghairm tráth
ar bith. Cuirfidh cinneadh maidir le cúlghairm deireadh le tarmligean na
cumhachta a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar
éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar
dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon
ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana. 4.
A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe,
tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith go comhuaineach do Pharlaimint na
hEorpa agus don Chomhairle. 5.
Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlacfar de bhun
Airteagal 49 i bhfeidhm ach amháin i gcás nár chuir Parlaimint na hEorpa nó an
Chomhairle ina choinne laistigh de thréimhse 2 mhí ón uair a tugadh fógra do
Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an ngníomh sin nó i gcás,
roimh dhul in éag na tréimhse sin, ina gcuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an
Chomhairle araon in iúl don Choimisiún nach gcuirfidh siad i gcoinne an ghnímh.
Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, cuirfear 2 mhí leis an
tréimhse sin. Airteagal 51 Faireachán agus Athbhreithniú 1.
Faoi [5 bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm], déanfaidh
an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a thíolacadh do
Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste Eacnamaíoch agus
Sóisialta na hEorpa. Beidh sa tuarascáil sin measúnú ar fheidhmiú an nós
imeachta agus ar fhorghníomhú OECCanna sna Ballstáit. 2.
Beidh tograí ag gabháil leis an tuarascáil, más
iomchuí, le haghaidh oiriúnú an Rialacháin seo. 3.
Baileoidh agus cuirfidh Ballstáit faisnéis ar fáil
don Choimisiún faoin méid seo a leanas (a) líon na n-iarratas ar OECC, líon na gcásanna
inar deonaíodh an t-ordú agus an tsuim a chlúdaigh gach ordú; agus (b) líon na n-iarratas ar athbhreithniú faoi
Airteagail 34, 35 agus 36 agus toradh na nósanna imeachta sin. Caibidil 6 Forálacha
críochnaitheacha Airteagal 52 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an
bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile
agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir
leis na Conarthaí. Beidh feidhm
aige ón [24 mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm] cé is moite d’Airteagal 48,
a mbeidh feidhm aige ón [12 mhí tar éis dó teacht i bhfeidhm]. Arna dhéanamh [...], Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar
ceann na Comhairle An
tUachtarán An tUachtarán IARSCRÍBHINN I ORDÚ EORPACH UM
CHAOMHNÚ CUNTAS Foirm iarratais (Airteagal 8(1) agus
Airteagal 15(1) de Rialachán (CE) Uimh. XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón
gComhairle lena gcruthaítear Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas chun aisghabháil
fiach trasteorann in ábhair shibhialta agus tráchtála a éascú) Le líonadh isteach ag an gcúirt nó ag an
mbinse Uimhir an cháis: Faighte ag an gcúirt nó ag an mbinse an: ___/___/_____ FAISNÉIS THÁBHACHTACH
LÉIGH NA TREOIRLÍNTE AG TÚS GACH RANNA LE DO THOIL - CABHRÓIDH SIAD LEAT AN
FHOIRM SEO A LÍONADH ISTEACH Teanga Líon an fhoirm seo isteach i dteanga na
cúirte a bhfuil tú ag cur d'iarratais chuici nó i dteanga an bhinse a bhfuil tú
ag cur d'iarratais chuige. Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil an fhoirm
ar fáil i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais Eorpaigh ar shuíomh
gréasáin an Atlais Bhreithiúnaigh Eorpaigh ag http://ec.europa.eu/justice_home/judicialatlascivil/html/index_fr.htm.
D'fhéadfadh sé sin cabhrú leat chun an fhoirm a líonadh isteach sa teanga is
gá. Doiciméid
tacaíochta Tabhair
faoi deara le do thoil gur cheart aon doiciméid ábhartha tacaíochta nó aon
fhianaise, amhail conradh, sonraisc, comhfhreagras idir na páirtithe etc. a
bheith ag gabháil leis an bhfoirm iarratais. Tar éis don bhanc an t-Ordú Eorpach um
Chaomhnú Cuntas a chur chun feidhme, déanfar cóip den fhoirm éilimh agus, i
gcás inarb iomchuí, de na doiciméid tacaíochta, a sheirbheáil ar an gcosantóir.
Beidh deis ag an gcosantóir iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú ar an Ordú
Eorpach. 1. An
chúirt nó an binse
Cuir isteach sa bhosca seo ainm na cúirte a bhfuil tú
ag déanamh d'éilimh os a comhair nó aimn an bhinse a bhfuil tú ag déanamh
d'éilimh os a chomhair. I roinn 5 tá liosta neamhchuimsitheach de na
forais dlínse a fhéadfadh a bheith ann. 1.1. Ainm:
1.2. Sráid agus uimhir/bosca poist:
1.3. Cathair agus postchód:
1.4. Ballstát: An Ostair (AT) □ an Bheilg (BE) □ an Bhulgáir (BU) □ an Chipir (CY) □
Poblacht na Seice (CZ) □ an Ghearmáin (DE) □ an Eastóin (EE) □ an Ghréig (EL) □
an Spáinn (ES) □ an Fhionlainn (FI) □ an Fhrainc (FR) □ an Ungáir (HU) □ Éire
(IE) □ an Iodáil (IT) □ an Liotuáin (LT) □ Lucsamburg (LU) □ Laitvia (LV) □
Málta (MT) □ an Ísiltír (NL) □ an Pholainn (PL) □ an Phortaingéil (PT) □ an
Rómáin (RO) □ an tSualainn (SE) □ an tSlóivéin (SI) □ an tSlóvaic (SK) □ an
Ríocht Aontaithe (UK) □ 2. An tÉilitheoir Cuir isteach sa bhosca seo do shonraí féin mar éilitheoir agus sonraí
d'ionadaí, má tá ionadaí agat. Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfuil sé
éigeantach duit dlíodóir ná gairmí eile dlí a bheith agat. B'fhéidir nach leor
i dtíortha áirithe bosca poist amháin a thabhairt mar sheoladh; ba cheart duit
dá bhrí sin ainm na sráide agus uimhir a chur isteach maille le postchód. Mura
ndéanfaidh tú amhlaidh, d'fhéadfadh sé nach seirbheálfaí an doiciméad. Is féidir leat a chur faoi “Sonraí eile”
faisnéis atá úsáideach chun tú a aithint, mar shampla, do dháta breithe,
d’uimhir aitheantais phearsanta nó cód clárúcháin na cuideachta. 2.1. Sloinne, céadainm/ainm na cuideachta nó na heagraíochta:
2.2. Sráid agus uimhir/bosca poist:
2.3. Cathair agus postchód:
2.4. Tír (más Ballstát, sonraigh an cód tíre atá leagtha amach i roinn 1 le do
thoil):
2.5. Teileafón[30]:
2.6. Seoladh ríomhphoist[31]:
Ionadaí an éilitheora, más ann dó, agus sonraí teagmhála*:
2.8. Sonraí eile*: 3. An
Cosantóir
Cuir isteach sa bhosca seo sonraí an chosantóra agus,
más eol, sonraí a ionadaí. Tabhair faoi deara le do thoil nach bhfuil sé
éigeantach don chosantóir dlíodóir ná gairmí eile dlí a bheith aige. B´fhéidir nach leor i dtíortha áirithe bosca
poist amháin a thabhairt mar sheoladh; ba cheart duit dá bhrí sin ainm na
sráide agus uimhir a chur isteach maille le postchód. Mura ndéanfaidh tú
amhlaidh, d'fhéadfadh sé nach seirbheálfaí an doiciméad. Mura féidir leat gach mír faisnéise nach
sonraítear go bhfuil sí roghnach (*) a thabhairt, iarrtar ort faisnéis bhreise
a thabhairt i roinn 4. 3.1. Sloinne, céadainm, (aon dara hainm*), ainm na cuideachta nó na
heagraíochta:
3.2. Sráid agus uimhir/bosca poist:
3.3. Cathair agus postchód:
3.4. Tír (más Ballstát í, sonraigh an cód tíre atá leagtha amach i roinn 1 le
do thoil):
3.5. Teileafón*:
3.6. Seoladh ríomhphoist*:
3.7. Ionadaí an chosantóra, más eol, agus sonraí teagmhála*: 4.
Sonraí chuntas bainc an chosantóra Is
tábhachtach a oiread faisnéise is féidir a thabhairt faoi chuntas bainc an
chosantóra chun am agus costais a shábháil. Mura féidir leat níos mó faisnéise
ná an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe 4.1 a thabhairt, is féidir leis an
údarás inniúil sa Bhallstát nó sna Ballstáit ina bhfuil an cuntas lonnaithe a
iarraidh faisnéis bhreise a fháil ó na bainc nó ó chláir phoiblí atá ann
cheana. Tógfaidh an nós imeachta sin roinnt ama, áfach, agus b'fhéidir go
ngearrfaí táille ort as an bhfaisnéis sin. Más mian leat níos mó ná cuntas amháin a
chaomhnú, úsáid bileoga breise le do thoil. 4.1. An Ballstát ina bhfuil an cuntas lonnaithe (sonraigh an cód tíre
atá leagtha amach i roinn 1 le do thoil)
4.2. Ainm an bhainc 4.3. Seoladh cheanncheathrú an bhainc: Sráid agus uimhir/bosca poist,
cathair agus postchód/tír
4.4. Uimhir an chuntais 4.5. Teileafón/facs an bhainc*:
4.6. Sonraí eile maidir leis an gcineál cuntais*:
Mura féidir leat faisnéis faoin gcuntas bainc a thabhairt seachas an
tír ina bhfuil an cuntas lonnaithe (4.1) agus mura bhfuil seoladh iomlán an
chosantóra ar eolas agat ach oiread (3.2 agus 3.3 thuas), tá ceann amháin de na
míreanna breise faisnéise seo ag teastáil: 4.7. Más duine nádúrtha an cosantóir, 4.7.1. Dáta breithe an chosantóra:
4.7.2. Uimhir aitheantais náisiúnta an chosantóra:
4.7.3. Uimhir phas an chosantóra: 4.8. Más duine dlítheanach an cosantóir, uimhir an duine dhlítheanaigh
sin sa chlár gnó: 5. Dlínse An bhfuair tú breithiúnas, ionstraim
bharántúil nó socraíocht chúirte cheana in aghaidh an chosantóra? Fuair || ¨ Ní bhfuair || ¨ Má fuair, lean ar aghaidh go dtí bosca 6. Mura bhfuair, tabhair an fhaisnéis seo a
leanas sa bhosca agus lean ar aghaidh ansin go dtí bosca 7.
Ní foláir d'iarratas a thaisceadh leis an gcúirt a bhfuil dlínse aici nó leis
an mbinse a bhfuil dlínse aige chun déileáil leis. Is ag an gcúirt a bhfuil
dlínse aici maidir le substaint an ábhair de réir rialacha ionstraimí ábhartha
an dlí Eorpaigh atá dlínse chun an t-Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas a
eisiúint. Tá faisnéis ar fáil maidir leis na rialacha dlínse ar shuíomh
gréasáin an Atlais Bhreithiúnaigh Eorpaigh ag http://ec.europa.eu/justice_home/judicialatlascivil/html/index_fr.htm.
Is féidir leat freisin iarratas a dhéanamh ar Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas
go díreach sa Bhallstát ina bhfuil an cuntas lonnaithe. Sa roinn seo tá
liosta neamhchuimsitheach de na forais dlínse a fhéadfadh a bheith ann de réir
an Rialacháin thuasluaite. Gheobhaidh tú
míniú freisin ar chuid de na téarmaí dlí a úsáidtear ag http://ec.europa.eu/civiljustice/glossary/glossary_fr.htm. 5. Cad é an foras a thugann go bhfuil dlínse ag an gcúirt nó ag an mbinse dar leat? || 5.1. Sainchónaí an chosantóra || ¨ 5.2. An áit ina gcomhlíontar an conradh || ¨ 5.3. An áit inar tharla an teagmhas díobhálach || ¨ 5.4. Rogha cúirte nó rogha binse arna comhaontú ag na páirtithe || ¨ 5.5. An áit ina bhfuil an cuntas bainc atá le caomhnú lonnaithe || ¨ 5.6. Eile (sonraigh le do thoil) 6.
Breithiúnas, socraíocht chúirte nó ionstraim bharántúil atá ann cheana
6.1. Ainm na cúirte/an bhinse/údaráis eile: 6.2. Dáta an bhreithiúnais: 6.3. Airgeadra: □ euro (EUR) □ lev na Bulgáire (BGN) □ koruna Phoblacht na Seice (CZK) □ forint na hUngáire (HUF) □ litas na Liotuáine (LTL) □ lats na Laitvia (LVL) □ zloty na Polainne (PLN) □ punt steirling (GBP) □ leu na Rómáine (RON) □ krona na Sualainne (SEK) □ Eile (sonraigh an cód ISO le do thoil): 6.4. An tsuim a chaithfidh an cosantóir a íoc leis an éilitheoir de réir an bhreithiúnais 6.4.1. Príomhshuim: 6.4.2. Ús a dhamhtar leis an mbreithiúnas: – Suim:_____ , nó – ráta ... %. Ríomhfar an t-ús ón ... (dd/mm/bbbb) go dtí an ... (dd/mm/bbbb). □ Ríomhfar an t‑ús amhail ó dháta an bhreithiúnais: – ráta ... %. 6.4.3. Costais atá le híoc ag an gcosantóir □ Níl □ Tá. Sonraigh na costais sin agus tabhair suim na gcostas atá á n-éileamh nó atá tabhaithe le do thoil. □ Táillí cúirte: … □ Táillí dlíodóirí: …. □ Costas ar dhoiciméid a sheirbheáil: … □ Eile: … 6.5. Dearbhaím nár comhlíonadh an breithiúnas, an ionstraim bharántúil nó an tsocraíocht chúirte go fóill □ Níor comhlíonadh 6.6. An bhfuil an breithiúnas, an ionstraim bharántúil nó an tsocraíocht chúirte infhorghníomhaithe trí oibriú an dlí i mBallstát an fhorghníomhaithe nó an bhfuiltear tar éis a dhearbhú go bhfuil sé nó sí infhorghníomhaithe sa Bhallstát sin? □ Níl – téigh go dtí bosca 8 le do thoil. □ Tá – cuir i gceangal le do thoil □ an deimhniú a d’eisigh an chúirt nó an t-údarás inniúil faoin ionstraim is infheidhme de chuid an Aontais chun críocha an fhorghníomhaithe, nó □ an dearbhú infhorghníomhaitheachta agus téigh go dtí bosca 9. || 7. Suim
agus forais an éilimh (níl an chuid seo le líonadh
isteach má líon tú isteach Roinn 6)
Is féidir Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas a
dheonú, má thíolacann tú fíricí ábhartha, arna gcomhthacú go réasúnach le fianaise,
chun an chúirt a shásamh go ndealraíonn sé go bhfuil bunús le d’éileamh in
aghaidh an chosantóra sa tsuim ar a n-iarrtar ordú. 7.1. Méid phríomhshuim an éilimh:
7.2. Méid an úis:
7.2.1. An t-ús arna ríomh go dtí lá an chur i bhfeidhm:
7.2.2. Ráta ... %
7.3. Na forais ar a bhfuil an t-éileamh in aghaidh an chosantóra bunaithe:
7.4. Liosta fianaise (tá fianaise scríofa i gceangal): 8. Na cúiseanna ar a bhfuil gá leis an Ordú
Eorpach um Chaomhnú Cuntas (níl an chuid seo le
líonadh isteach má d'fhreagair tú 'tá' i roinn 6.5): Ní féidir an t-Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas
a dheonú ach amháin má thíolacann tú fíricí ábhartha a chruthaíonn gur dóichúil
go gcuirfí bac ar theideal atá ann nó a bheidh ann sa todhchaí a fhorghníomhú
in aghaidh an chosantóra nó gur dóichúil go mbeadh sé i bhfad níos deacra é a
dhéanamh, go háirithe toisc go bhfuil riosca ann go ndéanfadh an cosantóir
sócmhainní atá ina sheilbh sa chuntas bainc nó sna cuntais bhainc atá le
caomhnú a aistriú, a dhiúscairt nó a fholú. 8.1. An bhfuil riosca ann go ndéanfadh an cosantóir sócmhainní atá ina
sheilbh i gcuntas bainc a aistriú, a dhiúscairt nó a fholú, má tá tabhair
tuilleadh faisnéise faoin scéal:
8.2. An bhfuil cineál eile riosca ann seachas an riosca atá luaite sa bhosca
thuas, má tá, tabhair tuilleadh faisnéise:
8.3. Liosta fianaise (tá fianaise scríofa i gceangal): 9. Cúirteanna eile ar tugadh iarratas ar
bhearta cosantacha os a gcomhair
Ní mór duit a nochtadh ar thug tú iarratas ar bheart
cosantach in aghaidh an chosantóra chéanna os comhair aon chúirte eile agus ar
fhéach tú leis na cearta céanna a fháil agus ní mór duit an chúirt ar thug tú
an t-iarratas ar Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas os a comhair a choinneáil ar
an eolas faoi aon Ordú Eorpach eile um Chaomhnú Cuntas nó aon bheart cosantach
eile a deonaíodh faoin dlí náisiúnta.
9.1. Iarratais ar Ordú Eorpach eile um Chaomhnú Cuntas
9.1.1. Ainm na cúirte:
9.1.2. Seoladh na cúirte:
9.1.3. Uimhir thagartha an iarratais:
9.1.4. An ionann suim an éilimh agus an tsuim a iarrtar anseo? □ Is ionann. □ Ní hionann Murab ionann, sonraigh an tsuim a bhfuil an
t-iarratas eile déanta ina leith agus airgeadra an iarratais sin: 9.2. Iarratais ar bheart cosantach náisiúnta
9.2.1. Ainm na cúirte:
9.2.2. Seoladh na cúirte:
9.2.3. Uimhir thagartha an iarratais:
9.1.4. An ionann suim an éilimh agus an tsuim a iarrtar anseo? □ Is ionann. □ Ní hionann Murab ionann, sonraigh an tsuim a bhfuil an
t-iarratas eile déanta ina leith agus airgeadra an iarratais sin: 10. Dáta
agus síniú
Scríobh
d'ainm go soiléir le do thoil agus sínigh d'iarratas ag an deireadh agus cuir
dáta leis. Iarraim leis
seo ar an gcúirt nó ar an mbinse Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas a eisiúint i
gcoinne an chosantóra ar bhonn an éilimh atá déanta agam. Dearbhaím go
bhfuil an fhaisnéis atá tugtha agam fíor a mhéid is fearr is eol dom agus go
bhfuilim á tabhairt de mheon macánta. Arna dhéanamh
i/in/sa: Dáta: ___/___/_____ Ainm agus
síniú: Liosta
na ndoiciméad atá ag gabháil leis an iarratas seo:
IARSCRÍBHINN II ORDÚ EORPACH UM CHAOMHNÚ
CUNTAS (Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. XXX ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcruthaítear Ordú Eorpach um
Chaomhnú Cuntas chun aisghabháil fiach trasteorann in ábhair shibhialta agus
tráchtála a éascú) 1. An
Chúirt tionscnaimh 1.1 Ainm: 1.2 Seoladh: 1.3 Sráid agus uimhir/bosca poist: 1.4 Áit agus postchód: 1.5 Ballstát AT □ BE □ BU □CY □ CZ □ DE □ EE □ EL □ ES □ FI
□ FR □ HU □ IE □ IT □ LT □ LU □ LV □ MT □ NL □ PL □ PT □ RO □SE □ SI □ SK □ UK
□ 1.6 Teil./facs/ríomhphost: 2. An
tÉilitheoir 2.1. Sloinne agus céadainm(neacha)/ainm
na cuideachta nó na heagraíochta: 2.2. Seoladh: 2.2.1. Sráid agus uimhir/bosca poist: 2.2.2. Áit agus postchód: 2.2.3. Tír (más Ballstát, sonraigh an cód
tíre atá leagtha amach i roinn 1 le do thoil): 3. An Cosantóir 3.1. Sloinne agus céadainm(neacha)/ainm
na cuideachta nó na heagraíochta: 3.2. Seoladh: 3.2.1. Sráid agus uimhir/bosca poist: 3.2.2. Áit agus postchód: 3.2.3. Tír (más Ballstát, sonraigh an cód
tíre atá leagtha amach i roinn 1 le do thoil): 4. Dáta agus tagairt an Ordaithe
Eorpaigh um Chaomhnú Cuntas 4.1. Dáta 4.2. Uimhir thagartha an ordaithe 5. Na cuntais bhainc atá le caomhnú D’ordaigh an chúirt nach mór cuntas bainc seo
a leanas an chosantóra a chaomhnú suas leis an tsuim atá sonraithe i bpointe
6.5: 5.1. Faisnéis faoin gcéad chuntas bainc
atá le caomhnú 5.1.1. An Ballstát ina bhfuil an cuntas
lonnaithe (sonraigh an cód tíre atá leagtha amach i roinn 1 le do thoil): 5.1.2. Ainm agus seoladh an bhainc: 5.1.3. Uimhir an chuntais bhainc: 5.2. Faisnéis faoin dara cuntas bainc atá
le caomhnú: 5.2.1. An Ballstát ina bhfuil an cuntas
bainc lonnaithe: 5.2.2. Ainm agus seoladh an bhainc: 5.2.3. Uimhir an chuntais bhainc: (úsáid bileog ar leithligh le haghaidh cuntas
breise le do thoil) I gcás ina gcaomhnaítear níos mó ná cuntas amháin,
tá sé de dhualgas ar an éilitheoir aon tsuim arna caomhnú a scaoileadh ar suim
í atá níos mó ná an tsuim atá sonraithe i bpointe 6.5. (Airteagal 28(2)). NÓTA: Mura raibh an t-éilitheoir in ann faisnéis
eile a thabhairt seachas an Ballstát ina bhfuil an cuntas lonnaithe, ní féidir
an t-ordú seo a fhorghníomhú ach amháin má fhaigheann an t‑údarás inniúil i
mBallstát an fhorghníomhaithe an fhaisnéis is gá. 6. Suim chaomhnaithe 6.1. Airgeadra □ euro (EUR) □ lev na Bulgáire (BGN) □ koruna
Phoblacht na Seice (CZK) □ kroon na hEastóine (EEK) □ forint na hUngáire (HUF)
□ litas na Liotuáine (LTL) □ lats na Laitvia (LVL) □ zloty na Polainne (PLN) □
punt steirling (GBP) □ leu na Rómáine (RON) □ krona na Sualainne (SEK) □ Eile (sonraigh an cód ISO le do thoil): 6.2. Príomhshuim: 6.3. Ús: 6.4. Costais (ar costais iad a dhámhtar
leis an mbreithiúnas): 6.5. Iomlán na suime caomhnaithe: 7. Urrús 7.1. An bhfuil ar an éilitheoir urrús a
sholáthar? □ Níl □ Tá, arb í suim an urrúis sin Airgeadra □ euro (EUR) □ lev na Bulgáire (BGN) □ koruna
Phoblacht na Seice (CZK) □ forint na hUngáire (HUF) □ litas na Liotuáine (LTL)
□ lats na Laitvia (LVL) □ zloty na Polainne (PLN) □ punt steirling (GBP) □ leu
na Rómáine (RON) □ krona na Sualainne (SEK) □ Eile (sonraigh an cód ISO le do
thoil): 7.2 Tiocfaidh deireadh leis an
bhforghníomhú má sholáthraíonn an cosantóir an méid seo urrúis: 8. Costais 8.1. Airgeadra □ euro (EUR) □ lev na Bulgáire (BGN) □ koruna
Phoblacht na Seice (CZK) □ kroon na hEastóine (EEK) □ forint na hUngáire (HUF)
□ litas na Liotuáine (LTL) □ lats na Laitvia (LVL) □ zloty na Polainne (PLN) □
punt steirling (GBP) □ leu na Rómáine (RON) □ krona na Sualainne (SEK) □ Eile
(sonraigh an cód ISO le do thoil): 8.2. An bhfuil ar an gcosantóir costais
na n-imeachtaí a íoc ina n-iomláine nó i bpáirt? □ Níl □ Tá. Sonraigh na costais sin agus tabhair
suim na gcostas atá á n-éileamh nó atá tabhaithe le do thoil. □ Táillí cúirte: … □ Táillí dlíodóirí: …. □ Costas ar dhoiciméid a sheirbheáil: … □ Eile: … 9. Fad an
ordaithe Beidh an t-ordú in-chúlghairthe mura
dtionscnaíonn an t-éilitheoir imeachtaí ar an tsubstaint go dtí …………..(dáta)
[30 lá ó dháta eisiúna an ordaithe] [32] Arna dhéanamh
i/in/sa ………………. Dáta ……………………….. ……………………………..
Síniú agus/nó stampa IARSCRÍBHINN III Dearbhú ón mbanc Faisnéis don údarás inniúil
agus don éilitheoir maidir le cistí arna gcaomhnú de thoradh Ordaithe Eorpaigh
um Chaomhnú Cuntas (Airteagal 27(1) de Rialachán (CE) Uimh. XXX ó
Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcruthaítear Ordú Eorpach um
Chaomhnú Cuntas chun aisghabháil fiach trasteorann in ábhair shibhialta agus
tráchtála a éascú) Tá an fhaisnéis seo le cur chuig an údarás
inniúil agus chuig an éilitheoir ar bhealach leictreonach sábháilte nó tríd an
bpost.
1.
An Chúirt tionscnaimh
1.1.
Ainm:
1.2.
Seoladh:
1.2.1.
Sráid agus uimhir/bosca
poist:
1.2.2.
Áit agus postchód:
1.2.3.
Ballstát
AT □ BE □ BU □CY □ CZ □ DE □ EE □ EL □ ES □ FI
□ FR □ HU □ IE □ IT □ LT □ LU □ LV □ MT □ NL □ PL □ PT □ RO □SE □ SI □ SK □ UK
□ 2. Ordú Eorpach a dheonaigh an chúirt
tionscnaimh 2.1. Uimhir thagartha an Ordaithe
Eorpaigh: 2.2. An tsuim iomlán atá le caomhnú: 3. An tÉilitheoir 3.1. Sloinne agus céadainm(neacha)/ainm
na cuideachta nó na heagraíochta: 3.2. Seoladh: 3.2.1. Sráid agus uimhir/bosca poist: 3.2.2. Áit agus postchód: 3.2.3. Tír (más Ballstát, sonraigh an cód
tíre atá leagtha amach i roinn 1 le do thoil): 3.3. Seoladh ríomhphoist: 4. An Cosantóir 4.1. Sloinne agus céadainm(neacha)/ainm
na cuideachta nó na heagraíochta: 4.2. Seoladh: 4.2.1. Sráid agus uimhir/bosca poist: 4.2.2. Áit agus postchód: 4.2.3. Tír (más Ballstát, sonraigh an cód
tíre atá leagtha amach i roinn 1 le do thoil): 5. Cistí caomhnaithe 5.1. Ainm an bhainc: 5.2. Seoladh an bhainc: 5.3. Ballstát
(sonraigh an cód tíre atá leagtha amach i roinn 1 le do thoil): 5.4 Teil./facs/seoladh
ríomhphoist an bhainc: 5.5. Suim an
airgid arna caomhnú: Arna dhéanamh
i/in/sa ………………. Dáta ……………………….. ……………………………..
Síniú agus/nó stampa IARSCRÍBHINN IV IARRATAS AR
ATHBHREITHNIÚ (Airteagail 34, 35 agus 36 de Rialachán (CE) Uimh.
XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcruthaítear Ordú Eorpach
um Chaomhnú Cuntas chun aisghabháil fiach trasteorann in ábhair shibhialta agus
tráchtála a éascú) FAISNÉIS THÁBHACHTACH Teanga
Líon an fhoirm seo isteach i dteanga na cúirte a
bhfuil tú ag cur d'iarratais chuici nó i dteanga an bhinse a bhfuil tú ag cur
d'iarratais chuige. Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil an fhoirm ar fáil
i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais Eorpaigh ar shuíomh gréasáin
an Atlais Bhreithiúnaigh Eorpaigh ag http://ec.europa.eu/justice_home/judicialatlascivil/html/index_fr.htm.
D'fhéadfadh sé sin cabhrú leat chun an fhoirm a líonadh isteach sa teanga is
gá.
1.
Iarratasóir
1.1.
Sloinne agus
céadainm(neacha)/ainm na cuideachta nó na heagraíochta:
1.2.
Seoladh:
1.2.1.
Sráid agus
uimhir/bosca poist:
1.2.2.
Áit agus postchód:
1.2.3.
Tír (más Ballstát,
sonraigh an cód tíre atá leagtha amach i roinn 2 le do thoil):
2.
An Chúirt tionscnaimh (an chúirt a d’eisigh an t-ordú
eorpach um chaomhnú cuntas)
2.1.
Ainm:
2.2.
Seoladh:
2.2.1.
Sráid agus uimhir/bosca
poist:
2.2.2.
Áit agus postchód:
2.2.3.
Ballstát
AT □ BE □ BU □CY □ CZ □ DE □ EE □ EL □ ES □ FI
□ FR □ HU □ IE □ IT □ LT □ LU □ LV □ MT □ NL □ PL □ PT □ RO □SE □ SI □ SK □ UK
□
3.
ordú Eorpach um Chaomhnú cuntas:
3.1.
Dáta agus uimhir
thagartha:
3.2. An tsuim iomlán atá le caomhnú:
4.
Ballstát an fhorghníomhaithe
An Ballstát inar forghníomhaíodh an t-ordú
(sonraigh an cód tíre atá leagtha amach i roinn 2 le do thoil):
5.
An tÉilitheoir
5.1.
Sloinne agus
céadainm(neacha)/ainm na cuideachta nó na heagraíochta:
5.2.
Seoladh:
5.2.1.
Sráid agus uimhir/bosca
poist:
5.2.2.
Áit agus postchód:
5.2.3.
Tír (más Ballstát,
sonraigh an cód tíre atá leagtha amach i Roinn 2 le do thoil):
Iarraidh ar
athbhreithniú I bhformhór na
gcásanna, ní mór an t-iarratas ar athbhreithniú ar an Ordú Eorpach um Chaomhnú
Cuntas a dhíriú ar an gcúirt tionscnaimh. Is amhlaidh atá más mian leat aon
agóidí atá liostaithe i Roinn 6 thíos a dhéanamh, go háirithe agóidí i
gcoinne an t-éileamh a bheith ann nó i gcoinne shuim an éilimh nó i gcoinne
riosca scaipeadh sócmhainní. Más mian leat
aon agóid i gcoinne an nós imeachta fhorghníomhaithe atá liostaithe i Roinn
7 thíos a dhéanamh, go mór mór agóid a bhaineann leis na suimeanna atá
díolmhaithe ó fhorghníomhú, ní mór duit d’iarratas a dhíriú ar an gcúirt i
mBallstát an fhorghníomhaithe. Má cuireadh
an dlí ort i do cháil mar thomhaltóir, fostaí nó duine árachaithe, is féidir
leat d’iarratas ar athbhreithniú a dhíriú ar an gcúirt inniúil sa Bhallstát ina
bhfuil gnáthchónaí ort. Sa chás sin, cuir tic in aice leis na hagóidí is mian
leat a dhéanamh i Roinn 6 agus/nó Roinn 7 le do thoil agus cuir tic sa bhosca i
Roinn 8.
6.
iarraidh ar athbhreithniú sa chúirt tionscnaimh
N.B. Má eisíodh an t-Ordú Eorpach um Chaomhnú
Cuntas ar bhonn breithiúnais, socraíochta cúirte nó ionstraime barántúla atá
ann cheana i do choinne, níl sé de cheart agat ach na hagóidí atá liostaithe i
bpointí 6.1.1, 6.1.2 agus 6.2 a dhéanamh. Leis seo taiscím iarratas ar athbhreithniú ar
an Ordú Eorpach toisc (cuir tic sa bhosca iomchuí le do thoil) 6.1. nár comhlíonadh na coinníollacha chun an
t-Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas a eisiúint; toisc 6.1.1. □ nach bhfuil an rialachán infheidhme
maidir le héileamh/breithiúnas an éilitheora (Airteagal 2) 6.1.2. □ nach bhfuil aon dlínse ag an gcúirt
tionscnaimh (Airteagal 6 nó Airteagal 14(1)) 6.1.3. □ nach bhfuil bunús le héileamh an
éilitheora (Airteagal 7 (1)), tabhair fáthanna le do thoil: 6.1.4. □ nach bhfuil aon riosca ann go
ndéanfaí cistí arna sealbhú sa chuntas bainc a aistriú, a dhiúscairt nó a fholú
(Airteagal 7(2)), tabhair fáthanna le do thoil: 6.2. □ 6.3. □ gur cheart é a bheith curtha de
cheangal ar an éilitheoir urrús a sholáthar nó urrús níos airde ná an ceann a
d’ordaigh an chúirt a sholáthar (tabhair fáthanna le do thoil): 6.4 □ nár thionscain an t-éilitheoir na
himeachtaí ar shubstaint an ábhair laistigh de 30 lá ó dháta eisiúna an
ordaithe nó sa tréimhse ama níos giorra a leag an chúirt eisiúna síos.
7.
iarraidh ar athbhreithniú i mballstát an fhorghníomhaithe
N.B. Má eisíodh an t-Ordú Eorpach um Chaomhnú
Cuntas ar bhonn breithiúnais, socraíochta cúirte nó ionstraime barántúla atá
ann cheana i do choinne, níl sé de cheart agat na hagóidí atá liostaithe i
bpointe 7.4 a dhéanamh. Leis seo taiscím iarratas ar athbhreithniú ar
fhorghníomhú an Ordaithe Eorpaigh toisc (cuir tic sa bhosca iomchuí le do
thoil) 7.1. gur forghníomhaíodh an t-Ordú Eorpach in
aghaidh dhlí Bhallstát an fhorghníomhaithe toisc: 7.1.1. □ go bhfuil sé de cheart ag an
gcosantóir suim áirithe airgid a dhíolmhú agus faoin am seo gur caomhnaíodh an
tsuim sin freisin nó cuid di 7.1.2. □ go bhfuil cuntas an chosantóra
díolmhaithe ó fhorghníomhú faoin dlí a rialaíonn díolúine ó fhorghníomhú 7.2. □ go bhfuil an t-Ordú Eorpach le
foirceannadh toisc gur tugadh breithiúnas i mBallstát an fhorghníomhaithe a
dhíbheann éileamh an éilitheora. 7.3. □ go bhfuil an t-Ordú Eorpach le cur ar
leataobh ar an bhforas go ndearnadh socraíocht chúirte nó ionstraim bharántúil
a chur ar leataobh sa Bhallstát tionscnaimh. 7.4. □ nár thionscain an t-éilitheoir na
himeachtaí ar shubstaint an ábhair laistigh de 30 lá ó dháta eisiúna an
ordaithe nó sa tréimhse ama níos giorra a leag an chúirt eisiúna síos. 7.5. □ nach mór an t-Ordú Eorpach a chur ar
fionraí ar an bhforas go ndearnadh infhorghníomhaitheacht an bhreithiúnais, na
socraíochta cúirte nó na hionstraime barántúla a chur ar fionraí sa Bhallstát
tionscnaimh.
8.
iarraidh ar athbhreithniú i mballstát shainchónaí an chosantóra
Eisíodh an t-Ordú Eorpach um Chaomhnú Cuntas i
mo choinne i mo cháil □ tomhaltóra □ fostaí □ duine árachaithe. Arna
dhéanamh i/in/sa: … Dáta
(dd/mm/bb): Ainm an
iarratasóra nó an ionadaí údaraithe Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis atá tugtha
agam fíor a mhéid is fearr is eol dom agus go bhfuilim á tabhairt de mheon
macánta. Síniú: [1] Arna ghlacadh ag cruinniú na
Comhairle Eorpaí a tionóladh an 10 agus 11 Nollaig 2009. [2] COIM(2010) 171, 20.4.2010. [3] OJ C 33 an 31.1.1998, lch. 3. [4] IO C 12, 15.1.2001,
lch. 1. [5] IO L 12, 16.1.2011, lch. 1. [6] Togra le haghaidh Rialacháin maidir
le dlínse agus aitheantas agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta
agus tráchtála (Athmhúnlú), COIM(2010) 748, 14.12.2010. [7] Cruinniú iomlánach PE an 10
Bealtaine 2011. Doiciméad JURI
2009/2169(INI) an 16.2.2011, Raportéir Arlene McCarthy (S-D/UK). [8] Cás 125/79 Denilauler an 21
Bealtaine 1980. [9] Ag cruinniú na Comhairle Eorpaí an
26 Márta 2010, rinne ceannairí an Aontais Eorpaigh a bplean 'Eoraip 2020' a
leagan amach, straitéis chun iomaíochas an AE a fheabhsú agus chun tuilleadh
fáis agus post a chruthú, http://ec.europa.eu/europe2020/index_fr.htm [10] COIM(2006) 618. [11] 'Forghníomhú cinntí breithiúnacha san
Aontas Eorpach a fheabhsú: trédhearcacht
sócmhainní an fhéichiúnaí, urghabháil cuntas bainc; forghníomhú sealadach agus bearta cosantacha sealadacha'
http://ec.europa.eu/civiljustice/publications/docs/enforcement_judicial_decisions_180204_en.pdf [12] 'Staidéar le haghaidh Measúnú
Tionchair ar dhréacht-togra reachtach maidir le hurghabháil cuntas bainc' CSES
Londain, le teacht. [13] Díospóidí trachtála agus aisghabháil
fiach trasteorann, ar fáil ag http://ec.europa.eu/yourvoice/ebtp/consultations/2010/cross-border-debt-recovery/index_fr.htm [14] An Nós Imeachta Eorpach um Éilimh
Bheaga arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 861/2007 agus an tOrdú Eorpach
maidir le nós imeachta Íocaíochta arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh.
1896/2006. [15] Teachaireacht ón gCoimisiún
COIM(2010) 573 19.10.2010. [16] IO C , , lch. . [17] IO C 12, 15.1.2001, lch. 1. [18] COIM(2006) 618. [19] IO C 115, 4.5.2010, lch. 1. [20] IO L 324, 10.12.2007,
lch. 79. [21] IO L 124, 8.6.1971, lch. 1. [22] OJ L 281, 23.11.1995, lch. 319. [23] IO L 166, 11.6.1998,
lch. 47. [24] IO L 145, 30.4.2004,
lch. 1. [25] IO L 177, 4.7.2008, lch. 6. [26] IO L 12, 16.1.2001, lch. 1. [27] IO L 174, 27.6.2001,
lch. 25. [28] IO L 324, 10.12.2007,
lch. 79. [29] IO L 12, 16.1.2001, lch. 1. [30] Roghnach [31] Roghnach [32] Níl feidhm aige seo ach amháin má eisítear an t-ordú roimh
thionscnamh imeachtaí ar an tsubstaint