TUARIM ÓN gCOIMISIÚN __de bhun pointe (c) den tríú fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE _ar an leasú/na leasaithe a rinne Parlaimint na hEorpa _don chomhsheasamh na Comhairle maidir leis an _togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLEmaidir le hainmneacha teicstílí agus lipéadú gaolmhar táirgí teicstíle /* COIM/2011/0423 leagan deireanach - 2009/0006 (COD) */
2009/0006 (COD) TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN
de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
maidir le leasú[leasuithe] Pharlaimint na hEorpa
ar sheasamh na Comhairle maidir leis an
togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir le hainmneacha teicstílí agus lipéadú gaolmhar táirgí teicstíle (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) 1. Réamhrá Foráiltear le hAirteagal 294(7)(c) den
Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go dtabharfaidh an Coimisiún tuairim
uaidh ar na leasuithe atá molta ag Parlaimint na hEorpa ag an dara léamh.
Leagann an Coimisiún amach thíos a thuairim ar na leasuithe atá molta ag an
bParlaimint. 2. Cúlra An dáta a seoladh an togra chuig an
bParlaimint agus an Chomhairle: 30 Eanáir 2009 Dáta na tuairime ó Pharlaimint na hEorpa ag an
gcéad léamh: 18 Bealtaine 2010 Tuairim ón
gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta: 16 Nollaig 2009 An dáta a glacadh seasamh na Comhairle: 6 Nollaig 2010 Dáta chomhaontú COREPER ar an gcomhréiteach ag
an dara léamh: 20 Aibreán 2011 Dáta na tuairime ó Pharlaimint na hEorpa ag an
dara léamh: 11 Bealtaine 2011 3. Cuspóir an togra ón gCoimisiún Glacadh an togra ón gCoimisiún i gcomhthéacs
an tionscnaimh 'Rialáil Níos Fearr.' Is é is aidhm don togra simpliú agus
feabhsú a dhéanamh ar an gcreat rialála atá ann cheana maidir le táirgí
teicstíle a lipéadú d'fhonn a spreagadh go bhforbrófar agus go nglacfar le
snáithíní nua agus nuálaíocht san earnáil teicstíle agus éadaigh. Chun an
cuspóir ginearálta sin a bhaint amach, díríonn an togra ar an méid seo a
leanas: · An próiseas reachtach a éascú d’fhonn an reachtaíocht a chur in
oiriúint don chur chun cinn teicniúil trí bhíthin na trí Threoir atá ann cheana
a aistriú isteach in aon Rialachán amháin, rud a sheachnódh an gá le
nuashonruithe nach bhfuil iontu ach nuashonruithe teicniúla a thrasuíomh. · An tréimhse a ghiorrú idir an uair a chuirtear iarratas isteach agus an
uair a ghlactar ainm nua don snáithín. 4. Tuairim ón gCoimisiún
ar leasuithe Pharlaimint na hEorpa Comhréiteach cothrom atá i dtuairim
Pharlaimint na hEorpa ag an dara léamh an 11 Bealtaine 2011, lena ndéantar méid
teoranta leasuithe ar sheasamh na Comhairle chun tuilleadh faisnéise a chur ar
fáil do thomhaltóirí maidir le codanna neamhtheicstíleacha de bhunús ainmhíoch
a bheith i láthair agus maidir le comhdhéanamh iomlán táirgí teicstíle. I
gclásal maidir le hathbhreithniú cuimsitheach iarrtar ar an gCoimisiún scrúdú a
dhéanamh ar lipéadú táirgí teicstíle a chomhchuibhiú tuilleadh, lena n-áirítear
scéim um lipéadú maidir le hionad tionscnaimh. Tá téacs an chomhréitigh ag
teacht le cuspóir ginearálta an togra. Is toradh é seasamh na Parlaiminte ar
chomhréiteach a rinneadh le linn comhráite idir na trí pháirtí a tionóladh an
12 Aibreán 2011 agus a daingníodh an 20 Aibreán 2011 sa
Chomhairle. 5. Conclúid Glacann an Coimisiún leis na leasuithe dar
vótáil Parlaimint na hEorpa ag an dara léamh de réir an téacs chomhréitigh ón
gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa a bhfuil tuairisc air thuas.