[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH | An Bhruiséil 21.3.2011 COIM(2011) 137 leagan deireanach 2008/0090 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. Chuir an Coimisiún togra isteach an 30 Aibreán 2008 maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a athmhúnlú[1]. Ghlac Parlaimint na hEorpa tuarascáil ina raibh líon mór leasuithe, ach chinn siad gan vóta a chaitheamh ar an rún reachtach a bhí ag gabháil léi. Dá bhrí sin, níl ann do sheasamh Pharlaimint na hEorpa ag an gcéad léamh. 2. Tar éis na dtoghchán Eorpach a reáchtáladh i Meitheamh 2009, lean an Pharlaimint nuathofa lena cuid oibre ar an togra reachtach i gcomhréir le Riail 214 de na Rialacha Nós Imeachta. Scaipeadh dréacht-tuarascáil leasaithe laistigh de Pharlaimint na hEorpa i mBealtaine 2010. Thug an Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla agus an Coiste um Achainíocha Pharlaimint na hEorpa a dtuairimí maidir leis an togra ón gCoimisiún an 30 Samhain agus an 1 Nollaig 2010, faoi seach. Níl dréacht-tuarascáil glactha fós ag an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta. Níl dáta socraithe do ghlacadh sheasamh Pharlaimint na hEorpa ag an gcéad léamh. 3. Tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009. Is é Airteagal 15(3) de leagan comhdhlúite an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí do rochtain phoiblí ar dhoiciméid. Cuireann an fhoráil nua sin leis an gceart rochtana poiblí ar dhoiciméid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí uile an Aontais. Ní bheidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach ná an Banc Eorpach Infheistíochta faoi réir na forála sin ach amháin nuair a bheidh a gcúraimí riaracháin á bhfeidhmiú acu. Níl feidhm ag an Rialachán seo go díreach ach i dtaobh Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. Mar sin féin, beidh feidhm aige anois maidir leis na gníomhaireachtaí de bhua forála sonraí atá i ngníomhartha bunaidh na ngníomhaireachtaí sin. Ina theannta sin, tá roinnt institiúidí agus comhlachtaí tar éis gníomhartha deonacha a ghlacadh lena leagtar síos rialacha maidir le rochtain ar a ndoiciméid, ar gníomhartha iad atá comhionann nó cosúil le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001. 4. I bhfianaise an leathnaithe sin ar raon feidhme institiúideach an chirt rochtana poiblí ar dhoiciméid, tá togra ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2008 maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a athmhúnlú, ar áireamh ag an gCoimisiún ina Theachtaireacht maidir le hiarmhairtí theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin do nósanna imeachta um chinnteoireacht idirinstitiúideach leanúnach[2]. D'fhéadfadh na comhreachtóirí, dá bhrí sin, an coigeartú sin a chomhtháthú sa Chonradh nua le linn an ghnáthnós imeachta reachtaigh leanúnaigh. 5. Breis is bliain tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, níl aon chinneadh déanta i dtaobh Rialachán nua a ghlacadh maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid, a thiocfaidh in ionad Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001. Léirigh na pléití a bhí ar siúl i bParlaimint na hEorpa agus sa Chomhairle go bhfuil dearcthaí láidre éagsúla ann maidir leis an Rialachán a leasú. 6. Fiú amháin má chuireann formhór institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 nó rialacha cosúla i bhfeidhm ar bhonn deonach sa chleachtas, tá oibleagáid dhlíthiúil ann iad ar fad a chuimsiú faoin gceart rochtana i gcomhréir leis an gConradh. 7. Ós rud é go gcuireann formhór institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh an Rialachán nó rialacha cosúla i bhfeidhm, is féidir iad ar fad a chuimsiú faoi raon feidhme institiúideach an Rialacháin seo, faoi réir na dteorainneacha dá bhforáiltear sa Chonradh maidir leis an gCúirt Bhreithiúnais, an Banc Ceannais Eorpach agus an Banc Eorpach Infheistíochta. 8. Measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gur cheart Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a leasú d’fhonn a raon feidhme institiúideach a leathnú i gcomhréir leis an mbunús dlí nua maidir le rochtain ar dhoiciméid dá bhforáiltear in Airteagal 15(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh gan a thuilleadh moille. Tá an leasú sin gan dochar don nós imeachta leanúnach maidir le Rialachán 1049/2001 a athmhúnlú ar bhonn an togra ón gCoimisiún, Aibreán 2008. 2008/0090 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 15(3) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: 9. Leagadh síos i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin[3], a glacadh ar bhonn Airteagal 255(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, na prionsabail ghinearálta agus na teorainneacha ar fhoras leasa phoiblí nó phríobháidigh a rialaíonn an ceart rochtana poiblí ar dhoiciméid. 10. I gcomhréir leis an Airteagal sin, ní rialaíonn Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ach an ceart rochtana poiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin. 11. Tar éis do Chonradh Liospóin teacht i bhfeidhm, cuireadh Airteagal 15(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh in ionad Airteagal 255 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh. 12. Deonaíonn an fhoráil nua ar aon saoránach den Aontas agus ar aon duine nádúrtha nó dlítheanach a chónaíonn nó a bhfuil a oifig chláraithe aige i mBallstát, ceart rochtana ar dhoiciméid de chuid institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, is cuma cén meán ina bhfuil siad, faoi réir na bprionsabal agus na gcoinníollacha a shaineoidh an reachtóir i gcomhréir leis an Airteagal sin. Maidir le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach agus an Banc Eorpach Infheistíochta, áfach, ní bheidh feidhm ag an gceart rochtana poiblí sin ach amháin nuair a bheidh a gcúraimí riaracháin á bhfeidhmiú acu. 13. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a leasú dá réir, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 mar seo a leanas: 1. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) d'Airteagal 1: "(a) d’fhonn sainmhíniú a thabhairt ar na prionsabail, coinníollacha agus teorainneacha ar fhoras leasa phoiblí nó phríobháidigh a rialaíonn an ceart rochtana poiblí ar dhoiciméid de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh, mar atá sainmhínithe in Airteagal 3(c), dá bhforáiltear in Airteagal 15(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, sa chaoi is go ndeonófar an rochtain phoiblí is leithne is féidir ar dhoiciméid." 2. In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3: "3. Beidh feidhm leis an Rialachán seo maidir leis na doiciméid ar fad atá i seilbh institiúide, mar atá sainmhínithe in Airteagal 3(c), eadhon doiciméid a tharraingíonn an institiúid sin suas, nó doiciméid a fhaigheann an institiúid sin agus atá ina seilbh, i réimsí gníomhaíochta ar fad an Aontais Eorpaigh. Maidir le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach agus an Banc Eorpach Infheistíochta, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo ach amháin nuair a bheidh a gcúraimí riaracháin á bhfeidhmiú acu." 3. Cuirtear pointe (c) seo a leanas isteach in Airteagal 3: "(c) ciallóidh 'institiúidí', institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí. " Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán [1] COIM(2008) 229 [2] COIM(2009) 665 [3] IO L 145 31.5.2001, lch. 43.