52010PC0794

/* COM/2010/0794 final - COD 2010/0380 */ Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a chur chun feidhme


[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 20.12.2010

COIM(2010) 794 leagan deireanach

2010/0380 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a chur chun feidhme

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus leis an Eilvéis)

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tá sé beartaithe leis an togra seo Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 a thabhairt cothrom le dáta chun athruithe ar reachtaíocht slándála sóisialta náisiúnta na mBallstát a léiriú agus chun coinneáil ar chomhchéim le hathruithe ar an réaltacht shóisialta a dhéanann difear do chomhordú córas slándála sóisialta.

Fairis sin, tá moltaí ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú Córas Slándála Sóisialta (dá ngairtear 'an Coimisiún Riaracháin' anseo feasta) ar áireamh sa togra seo, ar moltaí iad lena mbeartaítear an acquis a fheabhsú agus a nuachóiriú i gcomhréir le hAirteagal 72(f) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004.

Tá na leasuithe sa togra seo dírithe ar dheimhneacht dhlíthiúil a ráthú le haghaidh geallsealbhóirí.

Comhthéacs ginearálta

Baineann an togra le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 a thabhairt cothrom le dáta, mar a dhéantar go tráthrialta. Tá sé d'aidhm leis comhordú iomchuí ón AE a áirithiú maidir le córais slándála sóisialta náisiúnta. Tugann sé léiriú ar athruithe atá tagtha ar an dlí ag leibhéal náisiúnta agus cuireann sé san áireamh forbairtí a tharla le déanaí maidir le soghluaisteacht trasteorann, ar forbairtí iad a dhéanann difear do chomhordú córas slándála sóisialta.

Na forálacha atá ann cheana i réimse an togra

Tá na forálacha atá ann cheana leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 988/2009) agus i Rialachán (CE) Uimh. 987/2009.

Ní mór Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 a choigeartú chun iad a choinneáil cothrom le dáta i bhfianaise na bhforbairtí a tharla maidir le reachtaíocht náisiúnta agus i bhfianaise na n-athruithe ar réaltacht shóisialta a dhéanann difear do chomhordú córas slándála sóisialta. Ina theannta sin, fuarthas moltaí ábhartha ón gCoimisiún Riaracháin arb é is aidhm leo an córas comhordaithe a fheabhsú. Tá na moltaí sin, mar aon le hoiriúnuithe teicniúla eile ar an téacs, ionchorpraithe sa togra seo. Leis an togra, déanfar na tagairtí do reachtaíocht náisiúnta in iarscríbhinní áirithe a ghabhann leis an Rialachán a thabhairt cothrom le dáta agus a leasú.

Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais

Neamhbhainteach.

2. TORTHAÍ COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNUITHE IARMHARTA

Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

211 Modhanna comhairliúcháin, na príomhearnálacha ar díríodh orthu agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí

Iarradh ar Bhallstáit moltaí a chur isteach faoi 2010 maidir le leasuithe ilchineálacha ar na Rialacháin. Ina theannta sin, d'iarr an Coimisiún Riaracháin leasuithe chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 a shoiléiriú agus a thabhairt cothrom le dáta.

Achoimre ar na freagraí agus conas mar a cuireadh san áireamh iad

Tá na moltaí a mheastar a bheith i gcomhréir le dlí an AE agus lenar aontaigh an Coimisiún Riaracháin ionchorpraithe sa togra seo.

221 Na fearainn eolaíochta/saineolais atá i gceist

Comhordú slándála sóisialta

222 An mhodheolaíocht a úsáideadh

Rinneadh plé in dhá chruinniú den Choimisiún Riaracháin in 2010, agus nuair ba ghá, rinneadh tuilleadh plé chun soiléiriú a dhéanamh, go háirithe maidir le sonraí reachtaíochta náisiúnta, le hionadaithe ó na Ballstáit lena mbaineann ar an gCoimisiún Riaracháin.

223 Príomheagraíochtaí/saineolaithe a ndeachthas i gcomhairle leo

An Coimisiún Riaracháin, chomh maith le hionadaithe ó na Ballstáit ar leith lena mbaineann.

2249 Achoimre ar an gcomhairle a fuarthas agus a úsáideadh

Níor luadh go bhfuil rioscaí tromchúiseacha ann nach bhfuil aon teacht aniar óna n-iarmhairtí.

Comhaontú an Choimisiúin Riaracháin an téacs a chomhlánú, a fheabhsú agus a thabhairt cothrom le dáta, agus iontrálacha áirithe maidir le Ballstáit áirithe sna hiarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 a thabhairt cothrom le dáta.

226 Modhanna a úsáidtear chun comhairle na saineolaithe a chur ar fáil don phobal

Níor úsáideadh modh ar bith.

Measúnú iarmharta

Ón 1 Bealtaine 2010, tá dhá Rialachán nuachóirithe maidir le comhordú córas slándála sóisialta, mar atá Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009, arna gcur i bhfeidhm i ngach Ballstát den AE. Toradh deich mbliana caibidlíochtaí idir na Ballstáit iad na Rialacháin nuachóirithe sin maidir le slándáil shóisialta. D'eascair an gá le nuachóiriú, as measc foinsí eile, ó athruithe ar reachtaíocht náisiúnta agus ó chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Is minic a dhéanann Ballstáit leasuithe ar a gcuid reachtaíochta slándála sóisialta. Dá thoradh sin, is féidir le tagairtí do reachtaíocht náisiúnta arna ndéanamh i reachtaíocht an AE lena gcomhordaítear córais slándála sóisialta a bheith as dáta, rud a chruthaíonn neamhdheimhneacht dhlíthiúil do gheallsealbhóirí agus na Rialacháin á gcur i bhfeidhm acu.

Is gá na tagairtí i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 a thabhairt cothrom le dáta dá bhrí sin, chun athruithe ar dhlí ar leibhéal náisiúnta agus athruithe ar an réaltacht shóisialta a léiriú mar is ceart. Ní féidir na Rialacháin sin a thabhairt cothrom le dáta ach amháin trí bhíthin Rialacháin eile.

Ceann de phríomhghnéithe na bhforálacha nuachóirithe maidir le comhordú is ea an simpliúchán. Trí na Rialacháin a shimpliú is éasca iad a fhorléiriú agus is lú seans go mbeidh dearcaí ann a thagann salach ar a chéile. Chun a áirithiú go ndéanfaidh na forálacha simplithe cearta na saoránach a chosaint ina n-iomláine, ba ghá forálacha áirithe a leasú, go háirithe i réimse na reachtaíochta is infheidhme agus na sochar dífhostaíochta. San fhoráil maidir leis an reachtaíocht is infheidhme a chinneadh i gcás ina bhfuil duine ag obair in dhá Bhallstát nó níos mó, déanfar an critéar "cuid shubstaintiúil den ghníomhaíocht" a shíneadh agus déanfar an nóisean "oifig chláraithe nó áit ghnó" a shainiú níos beaichte. Is gá leasuithe i réimse na sochar dífhostaíochta chun réiteach sásúil a sholáthar i gcás ina raibh duine féinfhostaithe árachaithe in aghaidh dífhostaíochta i mBallstát na gníomhaíochta is deireanaí, ach ina bhfillfidh sé ar a Bhallstát cónaithe áit nach bhfuil aon árachas dífhostaíochta le haghaidh daoine féinfhostaithe.

Le blianta beaga anuas, tá roinnt mhaith cineálacha nua soghluaisteachta ag teacht chun cinn. Tá struchtúir nua soláthair saothair le sonrú in earnálacha áirithe amhail an t-aeriopmar, mar a soláthraíonn cuideachtaí a gcuid seirbhísí ó "bunáiteanna", mar a ghlaotar orthu, i mBallstáit éagsúla. Tá sé ar intinn ag an gCoimisiún Páipéar a eisiúint in 2011 maidir le patrúin athraithe shoghluaisteachta i ndáil le ceart saorghluaiseachta oibrithe agus slándála sóisialta. Sa Pháipéar sin, sainaithneoidh an Coimisiún na bearta sonracha is gá dó a dhéanamh chun freagairt níos fearr a thabhairt ar na riachtanais atá ag cineálacha éagsúla oibrithe imirceacha. Ní mian leis an gCoimisiún tosach a bhaint den Pháipéar, ach measann sé gurb iomchuí an nóisean "oifig chláraithe nó áit ghnó" a shonrú cheana féin i ndáil le baill d'aerchriú, chun cuidiú leis na hinstitiúidí an suíomh ina bhfuil an "oifig chláraithe nó áit ghnó" a chinneadh agus chun cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 san earnáil sin a éascú. Tá sé an-ábhartha sa chás seo gur sainmhíníodh an coincheap "bunáit" cheana i Rialachán (CE) Uimh. 1899/2006 ó Pharlaimint an hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 maidir le comhchuibhiú ceanglas teicniúil agus nósanna imeachta riaracháin i réimse na heitlíochta sibhialta, agus go bhfuil an coincheap sin in úsáid cheana san earnáil sin.

Cé go bhfuil Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 i bhfeidhm ón 1 Bealtaine 2010 i leith, léiríonn siad reachtaíocht na mBallstát mar a bhí sí an 26 Eanáir 2004 (i gcás Rialachán (CE) Uimh. 883/2004) agus an 17 Nollaig 2008 (i gcás Rialachán (CE) Uimh. 987/2009). Is chun leasa na saoránach lena mbaineann atá sé go ndéanfaí na Rialacháin a thabhairt cothrom le dáta laistigh d'achar réasúnta ama tar éis athruithe a bheith déanta ar reachtaíocht náisiúnta. Ní féidir ach le Rialacháin atá cothrom le dáta maidir le forbairtí ar reachtaíocht náisiúnta agus a bhfuil forálacha follasacha agus comhlánaithe iontu trédhearcacht agus deimhneacht do gheallsealbhóirí a ráthú agus cosaint iomlán a sholáthar do shaoránaigh a ghluaiseann.

Trí an togra seo, éascófar comhordú córas slándála sóisialta sna Ballstáit agus cuirfear le cosaint saoránach a théann ar imirce laistigh den AE. Na Ballstáit agus an Coimisiún Riaracháin a mhol formhór na n-athruithe. I dtéarmaí ualaigh oibre nó costas, ní mheastar go ndéanfaidh an Rialachán leasaitheach atá beartaithe aon difear substaintiúil do staid reatha an chomhordaithe slándála sóisialta d'institiúidí ná do rialtais, d'oibrithe ná d'fhostóirí, ná do shaoránaigh nach bhfuil gníomhach.

3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

Leis an togra seo, déantar roinnt forálacha i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 a fhorlíonadh, a shoiléiriú agus a thabhairt cothrom le dáta chun athruithe ar reachtaíocht slándála sóisialta náisiúnta na mBallstát a léiriú mar aon le patrúin soghluaisteachta athraithe a dhéanann difear do chomhordú córas slándála sóisialta. De bharr na n-athruithe sin is éasca a bheidh sé reachtaíocht an AE lena gcomhordaítear córais slándála sóisialta a chur i bhfeidhm ar bhealach éifeachtúil agus is fearr an chosaint a bheidh ar dhaoine aonair a ghluaiseann laistigh den AE.

Bunús dlí

Airteagal 48 den CFAE.

Prionsabal na coimhdeachta

Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta a mhéid nach bhfuil an togra faoi inniúlacht eisiach an AE.

Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a ghnóthú go leordhóthanach ar na cúiseanna seo a leanas.

Ceanglaítear le hAirteagal 48 de CFAE gníomh ón AE i bhfoirm beart comhordaitheach i réimse na slándála sóisialta agus tá gá leis sin chun a ráthú gur féidir an ceart chun saorghluaiseachta atá leagtha síos in CFAE a fheidhmiú go hiomlán. Gan comhordú den sórt sin, bheadh baol ann nach bhféadfaí an tsaorghluaisteacht a oibriú, toisc gur neamhdhóchúil go n-úsáidfí é dá bhfágfadh sé, go bunúsach, go gcaillfidís cearta slándála sóisialta a fuair siad cheana féin i mBallstát eile. Níl sé d'aidhm le reachtaíocht reatha an AE maidir le slándáil shóisialta ionad na gcóras náisiúnta éagsúil a ghabháil. Is ceart a mheabhrú nach beart comhchuibhithe an Rialachán leasaitheach atá beartaithe agus nach dtéann sé thar a bhfuil gá leis le haghaidh comhordú éifeachtach. Go bunúsach, is é aidhm an togra na rialacha comhordaithe atá ann cheana a thabhairt cothrom le dáta chun na hathruithe atá tagtha ar an dlí ar an leibhéal náisiúnta a léiriú agus chun athruithe eile a chur chun feidhme, ar athruithe iad a bhfuil gá leo de bharr athruithe ar an réaltacht shóisialta. Tá sé d'aidhm leis freisin téacs na Rialachán a chomhlánú agus a fheabhsú d'fhonn cearta saoránach a chosaint agus iad ag gluaiseacht laistigh den AE.

Cé go bhfuil an togra bunaithe ar ionchur ó na Ballstáit, ní fhéadfadh Ballstáit na forálacha sin a ghlacadh ar leibhéal náisiúnta ós rud é go bhféadfadh sé sin a bheith ar neamhréir leis na Rialacháin seo. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach a áirithiú go ndéanfar coirp na n-iarscríbhinní a ghabhann leis na Rialacháin a oiriúnú go cuí chun go bhféadfaí na Rialacháin a chur i bhfeidhm go héifeachtach laistigh den AE.

Baineann comhordú slándála sóisialta le cásanna trasteorann, ar cásanna iad nach féidir le haon Bhallstát gníomhú ina aonar iontu. Gabhann an reachtaíocht chomhordaitheach ón AE ionad na gcomhaontuithe líonmhara déthaobhacha atá ann cheana. Ní hamháin go ndéanann sé sin simpliú ar chomhordú slándála sóisialta do na Ballstáit ach áirithíonn sé cóir chomhionann do shaoránaigh de chuid an AE atá árachaithe de réir reachtaíochta náisiúnta slándála sóisialta.

Is fearr a bhainfidh beart de chuid an AE cuspóirí an togra amach ar an gcúis/na cúiseanna seo a leanas.

Is ag leibhéal an AE amháin atá ciall le comhordú scéimeanna slándála sóisialta. Is í an aidhm a chinntiú go n-oibróidh comhordú scéimeanna slándála sóisialta go héifeachtach ar fud na mBallstát go léir. Tá sé sin bunaithe ar shaorghluaiseacht daoine laistigh den AE agus is í an tsaorghluaiseacht a fhágann go bhfuil call leis.

Níl aon táscairí cáilíochtúla ann, ach baineann na Rialacháin seo le gach saoránach de chuid an AE a ghluaiseann, ar chúis ar bith, laistigh de chríoch an AE.

Beart atá comhordaitheach ina iomláine agus nach féidir a dhéanamh ach ar leibhéal an AE atá sa togra seo. Fós féin, is faoi na Ballstáit a bheidh sé a gcuid córas slándála sóisialta féin a eagrú agus a mhaoiniú.

Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta.

Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas:

Tá beart den sórt seo de dhíth ar Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 toisc nach féidir Rialachán a leasú ach le Rialachán eile. Ní bhaineann an beart leis an gcóras comhordaithe ann féin. Fós féin, is faoi na Ballstáit amháin a bheidh sé a gcuid scéimeanna slándála sóisialta náisiúnta a eagrú agus a mhaoiniú.

Leis an togra seo, éascaítear comhordú scéimeanna slándála sóisialta do na Ballstáit agus dá n-institiúidí. Tá sé d'aidhm leis freisin daoine aonair a ghluaiseann laistigh den AE a chosaint. Déantar an méid sin trí fhorálacha áirithe i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 agus roinnt de na hiarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a fheabhsú agus a thabhairt cothrom le dáta. Tá na forálacha leasaithe bunaithe ar mholtaí ó na Ballstáit go príomha, rud a fhágann go bhfuil aon ualach airgeadais agus riaracháin ionchasach íoslaghdaithe agus i gcomhréir leis an gcuspóir thuasluaite. Ina choinne sin, mura dtabharfaí Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 cothrom le dáta is dealraitheach go mbeadh na hualaí airgeadais agus riaracháin ní ba throime, ós rud é nach sásódh na forálacha riachtanais athraitheacha na mBallstát.

Rogha na nIonstraimí

Na hionstraimí atá beartaithe: Rialachán.

Níor leor modhanna eile ar na cúiseanna seo a leanas:

Níl rogha eile ann ós rud é nach féidir Rialachán a leasú ach le Rialachán.

4. IMPLEACHT BHUISÉADACH

Níl aon impleachtaí ag an togra do bhuiséad an Aontais.

5. EILIMINTÍ ROGHNACHA

Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus an Eilvéis

Tá an gníomh atá beartaithe ábhartha don Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus don Eilvéis, agus dá bhrí sin ba cheart é a shíneadh chun an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus an Eilvéis a chuimsiú.

Míniú mionsonraithe ar an togra

Airteagal 1

Baineann Airteagal 1 le leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 883/2004.

A. Airteagal 9 a leasú

1. Airteagal 9(1) a leasú

In Airteagal 9, ba cheart an tagairt d'Airteagal 1, mír (1) in Airteagal 9(1) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a léamh mar "Airteagal 1, litir (l)". Thairis sin, tá an fógra maidir le foráil chonarthach i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 1(l) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 le déanamh ar leithligh ón dearbhú atá le déanamh i gcomhréir le hAirteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, agus is réamhriachtanas é don dearbhú sin.

2. Airteagal 9(2) a leasú

Ba cheart Airteagal 9(2) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a leasú chun é a chur i gcomhréir leis an dara fomhír d'Airteagal 71(2) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004.

B. Airteagal 12(1) a leasú

Soiléirítear sna leasuithe atá beartaithe nach féidir duine postaithe eile a chur in ionad duine phostaithe tar éis do thréimhse postaithe an chéad duine a postaíodh dul in éag. Fágadh an focal "postaithe" ar lár de thaisme sa chuid sin.

C. Airteagal 13(1) a leasú

I dtéacs Airteagal 13(1) mar atá sé faoi láthair, ní bhaineann an coinníoll maidir le "cuid shubstaintiúil" a shaothrú le cás ina mbeidh duine ag obair in dhá Bhallstát nó níos mó ar son roinnt gnóthas nó fostóirí. Níl sé sin i gcomhréir lena raibh beartaithe nuair a rinneadh an chaibidlíocht sa Chomhairle, go háirithe i gcás ina mbeidh an ghníomhaíocht atá á saothrú sa Bhallstát cónaithe sách beag. Is é críoch an leasaithe seo go mbeadh sé soiléir go mbaineann an coinníoll maidir le "cuid shubstaintiúil" a shaothrú le duine a shaothraíonn gníomhaíocht de ghnáth ar son roinnt gnóthas nó fostóirí in dhá Bhallstát nó níos mó. I gcás nár comhlíonadh an coinníoll maidir le "cuid shubstaintiúil" den ghníomhaíocht sa Bhallstát cónaithe, is í reachtaíocht an Bhallstáit eile ina bhfuil oifig chláraithe nó áit ghnó na ngnóthas nó na bhfostóirí an reachtaíocht is infheidhme. Mura féidir Ballstát amháin a cheapadh ina bhfuil an oifig chláraithe nó áit ghnó, e.g. i gcás ina mbeidh dhá fhostóir nó níos mó atá bunaithe in dhá Bhallstát éagsúla lasmuigh den Bhallstát cónaithe, is í reachtaíocht an Bhallstáit cónaithe a bheidh infheidhme. Tá sé d'aidhm leis an leasú cúbláil na reachtaíochta infheidhme a sheachaint, agus prionsabail an tsimpliúcháin agus an phragmatachais á n-urramú.

D. Airteagal 36(2a) a leasú

Ba cheart Airteagal 36(2a) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a leasú chun raon feidhme a chur i bhfeidhm féin a chur i gcomhréir le raon feidhme an chuid eile de Chaibidil 2 de Theideal III de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus leis an tríú fomhír d'Airteagal 26(2) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 lena rialaítear an tsaincheist chomhchosúil i réimse an tsochair bhreoiteachta, an tsochair máithreachais agus an tsochair choibhéiseacha atharthachta.

E. Airteagal 65(5) a leasú

Tá an leasú seo dírithe ar chás ina raibh duine féinfhostaithe árachaithe in aghaidh dífhostaíochta i mBallstát na gníomhaíochta is deireanaí agus, ar a dhífhostú dó, d'fhill sé ar a Bhallstát cónaithe áit nach bhfuil árachas dífhostaíochta do dhaoine féinfhostaithe.

I gcás den sórt sin, murab ionann is cás daoine fostaithe, ní féidir an fhreagracht as íoc na sochar dífhostaíochta a aistriú ó Bhallstát na gníomhaíochta is deireanaí go dtí an Ballstát cónaithe mar níl foráil i reachtaíocht an Bhallstáit cónaithe maidir le sochair dhífhostaíochta do dhaoine féinfhostaithe. I gcomhréir le críoch Airteagal 65, áfach, mar a dearbhaíodh i gcásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (féach rialuithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le hAirteagal 71 de Rialachán 1408/71 a chomhfhreagraíonn d'Airteagal 65 nua Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, e.g. Cásanna C-454/93 Van Gestel [1995] ECR I-1707, 58/87 Rebmann [1988] ECR 3467) tá ceart ag na daoine atá faoi réir an Airteagail sin, ar a dhífhostú dóibh, filleadh ar a Stát cónaithe agus obair a chuardach. Is é an réasúnú laistiar den Airteagal seo go bhfuil an t-ionchas is fearr ag na daoine sin dul isteach arís i margadh saothair a mBallstáit cónaithe, de bharr na dlúthbhainte atá acu ansin. Chuige sin, ní chuirfear srian ar a gcearta chun sochar sóisialta, go háirithe nuair is contrapháirt ranníocaíochtaí a d'íoc siad féin atá sna sochair sin (Cás C-228/07 Petersen [2008] ECR I-6989). Thairis sin, rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine go bhfuil ceart chun sochar dífhostaíochta atá nasctha le ranníocaíochtaí a íoc leis an gciste árachais dífhostaíochta le tabhairt – mar cheart airgid – faoi chosaint Airteagal 1 de Prótacal Uimh. 1 den Choinbhinsiún Eorpach (Gaygusuz i gcoinne na hOstaire).

F. Airteagal 71(2) a leasú

Tháinig an gá atá le nósanna imeachta vótála an Choimisiúin Riaracháin a shoiléiriú chun solais le linn plé i dtaobh na nósanna imeachta sin. Luíonn an nós imeachta vótála atá beartaithe leis na forbairtí nua a tugadh isteach le Conradh Liospóin, go háirithe Airteagal 48 nua CFAE.

Airteagal 2

Baineann Airteagal 2 le leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 987/2009.

A. Airteagal 6(1) a leasú

Tá foclaíocht an Airteagail seo arna cur i gcomhréir níos dlúithe leis an méid ar ar comhaontaíodh sa Chomhairle. I bpointe 1(b), tá sé soiléirithe anois nach féidir reachtaíocht an Bhallstáit cónaithe a chur i bhfeidhm go sealadach mura saothraíonn an duine lena mbaineann aon ghníomhaíochtaí sa Bhallstát cónaithe.

B. Airteagal 14(5) a leasú

Soiléirítear sa leasú nach gcuirfear gníomhaíochtaí imeallacha agus coimhdeachta san áireamh, ar gníomhaíochtaí iad atá suntasach ó thaobh ama agus brabúis eacnamaíoch de, chun an reachtaíocht is infheidhme a chinneadh ar bhonn Theideal II de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004. Tá na gníomhaíochtaí iontu féin fós ábhartha maidir le reachtaíocht náisiúnta slándála sóisialta a chur i bhfeidhm; má ghineann an ghníomhaíocht imeallach cleamhnacht slándála sóisialta, íocfar na ranníocaíochtaí sa Bhallstát inniúil le haghaidh an ioncaim fhoriomláin ó gach gníomhaíocht.

Tá dhá chuspóir ag an leasú.

1) na forálacha atá ann cheana a shimpliú tríd an idirdhealú idir gníomhaíochtaí "comhuaineacha" nó "malartacha" a scriosadh, agus ar an dóigh sin feabhsófar an deimhneacht dhlíthiúil do dhaoine a shaothraíonn gníomhaíocht éifeachtach agus dhílis i mBallstát amháin agus gníomhaíocht nach bhfuil ach imeallach i mBallstát eile ag an am céanna, agus

2) mí-úsáid a sheachaint, ar mí-úsáid í a d'fhéadfaí a bhaint as na forálacha maidir le reachtaíocht infheidhme Rialachán (CE) Uimh. 883/2004.

C. Mír 14(5a) a chur isteach

Áirithítear leis an leasú seo go gcuirfear brí an natha "oifig chláraithe nó áit ghnó" i bhfeidhm i gcomhréir le cásdlí Chúirte Breithiúnais an Aontais Eorpaigh agus le Rialacháin eile de chuid an AE. Cloch chora atá sa leasú le go bhféadfaidh an Coimisiún Riaracháin eilimintí breise a shainiú.

Maidir le baill d'aerchriú, meastar gurb ionann "oifig chláraithe nó áit ghnó" agus an "bunáit". Tá an coincheap "bunáit" aitheanta agus in úsáid san earnáil sin agus sainmhíníodh é cheana i Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91, rud a éascaíonn agus a thugann údar le húsáid an téarma sin sa réimse seo, i.e. comhordú córas slándála sóisialta. Ní dhéanann an tagairt do "bunáit" maidir le baill d'aerchriú aon difear don phrionsabal gur ceart cás gach baill d'aerchriú a scrúdú ar leithligh agus ar bhonn faisnéise oibiachtúla chun a chinneadh cén reachtaíocht is infheidhme ar bhonn Theideal II de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004.

D. Airteagal 15(1) a leasú

Leis an leasú seo cuirtear téacs an Airteagail seo i gcomhréir leis an gcomhaontú deireanach sa dara léamh de chuid Pharlaimint na hEorpa sa nós imeachta comhchinnteoireachta chun Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 a ghlacadh chun an duine lena mbaineann a chur ar an eolas maidir leis an reachtaíocht is infheidhme air i gcásanna postú.

E. Airteagal 54(2) a leasú

Leis an leasú seo ceartaítear earráid a rinneadh le linn na seiceála teanga sa Chomhairle agus cuirtear bunbhrí na forála ar ais i réim.

F. Airteagal 55(7) a chur isteach

Cuirtear mír nua isteach le go gcuirfear an nós imeachta a úsáidtear le haghaidh allmhairiú sochar mutatis mutandis i bhfeidhm ar an gcás a chlúdaítear le forálacha nua Airteagal 65(5)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, cé is moite de na forálacha i ndáil leis an srianadh ama ar an teidlíocht dá dtagraítear i mír 1(c) d'Airteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009.

G. Airteagal 56(2) a leasú

Is gá an téacs a leasú chun dul i ngleic leis an gcás ina gcláróidh duine atá faoi réir an airteagail nua, Airteagal 65(5)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, le seirbhísí fostaíochta Bhallstát a ghníomhaíochta is deireanaí, mar chéim fhorlíontach.

I gcás den sórt sin, ba cheart tosaíocht a thabhairt do na hoibleagáidí agus do na gníomhaíochtaí cuardaigh fostaíochta a bhaineann le Stát na gníomhaíochta is deireanaí ós rud é gurb é an Stát sin a sholáthróidh na sochair don duine. Leis an bhfoclaíocht nua tugtar tosaíocht do na hoibleagáidí agus do na gníomhaíochtaí cuardaigh fostaíochta a bhaineann leis an Stát a sholáthraíonn na sochair agus cuirtear éifeacht dhiúltach a neamhchomhlíonta sa Bhallstát eile as an áireamh.

Iarscríbhinn

A. Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (CE) 883/2004 a leasú

Tá na sochair speisialta neamhranníocacha in airgead tirim liostaithe in Iarscríbhinn X. Sa roinn "AN ÍSILTÍR", cuirfear "An tAcht um Thacaíocht Oibre agus Fostaíochta le haghaidh Daoine Óga atá Faoi Mhíchumas" (Wet Wajong) in ionad an Achta um Chúnamh Míthreorach do Dhaoine Óga Éislinneacha an 24 Aibreán 1997 (Wajong).

Ar aon dul leis an Acht a tháinig roimhe, cuirtear an tacaíocht ioncaim dá bhforáiltear san Acht ar fáil do dhaoine óga atá faoi mhíchumas a bhfuil a gcumas oibre laghdaithe, de dheasca a míchumais, agus a bhfuil a n-ioncam faoi bhun an íostuarastail reachtaigh. Daoine óga atá faoi mhíchumas agus a chomhallann coinníollacha áirithe, is féidir leo tacaíocht ioncaim a fháil, chun a n-ioncam féin a fhorlíonadh go dtí leibhéal an íostuarastail reachtaigh, más ísle an t-ioncam a thuilleann siad óna gcuid oibre ná 75% den íostuarastal reachtach. Is féidir an chosaint ioncaim a thabhairt freisin do dhaoine óga atá faoi mhíchumas agus atá ag staidéar agus óna dteastaíonn tacaíocht airgeadais. Thairis sin, is féidir é a thabhairt do dhaoine óga nach féidir leo obair ar chor ar bith, i.e. iad siúd atá go hiomlán neamhábalta obair agus a bheidh mar sin go buan.

Scrúdaigh an Coimisiún Riaracháin an iontráil nua sin de chuid na hÍsiltíre agus measadh gur sochar speisialta neamhranníocach in airgead tirim a bhí sa tacaíocht ioncaim, de réir bhrí Airteagal 70 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004.

Sa roinn "AN RÍOCHT AONTAITHE" liostófar sochar speisialta neamhranníocach in airgead tirim i gcás na Ríochta Aontaithe, mar atá Liúntas Fostaíochta agus Tacaíochta Ioncam-Choibhneasta (ESA(IR) anseo feasta).

Is é príomhaidhm ESA(IR) íos-ioncam cothaithe a áirithiú i bhfianaise staid eacnamaíoch agus sóisialta na Ríochta Aontaithe. Bíonn ESA(IR) ar fáil nuair nach iníoctha Liúntas Fostaíochta agus Tacaíochta ranníocach, nó nuair nach leor an leibhéal ag a n-íocfaí é, de dheasca na ranníocaíochtaí a rinne an duine i gceist nó de dheasca staid airgeadais an duine sin.

Mheas an Coimisiún Riaracháin gur sochar speisialta neamhranníocach in airgead tirim a bhí in EAS(IR), de réir bhrí Airteagal 70 de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, agus go bhféadfaí é a liostú in Iarscríbhinn X a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004.

Sa roinn "AN RÍOCHT AONTAITHE" arís eile, scriosfar an Tacaíocht Ioncaim ón Iarscríbhinn. Is é an éifeacht atá ann de bharr na sochar nua atá de réir tástála acmhainne (Liúntas cuardaitheora poist, Liúntas Fostaíochta agus Tacaíochta, agus Creidiúint Phinsin Stáit) le haghaidh grúpaí áirithe a mbaineann riosca leo, gur sochar cothaithe teoranta atá sa Tacaíocht Ioncaim anois, ar sochar é a íoctar le daoine ar ioncam an-íseal, nó gan ioncam ar bith. Ós rud é go bhfuil cúnamh sóisialta ar eisiamh ó raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 883/2004, bainfear an Tacaíocht Ioncaim den liosta.

B. Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a leasú

1. An roinn "AN ÍSILTÍR" a leasú

Agus pointe 1(h) curtha isteach, sínfear an ceart sochair chomhchineáil a fháil le linn cónaithe san Ísiltír do phinsinéir agus daoine dá mhuintir atá árachaithe faoi reachtaíocht Ballstáit eile agus cuirtear leas breise ar fáil do phinsinéirí agus do dhaoine dá muintir i réimse na sochar breoiteachta.

Féadtar pointe 1(g) a scriosadh toisc gur cuireadh barrachas éigeantach riosca isteach i gcóras árachais sláinte na hÍsiltíre in ionad an aisíoca cheal éilimh.

Leasuithe teanga atá i gceist leis na hathruithe eile ar Iarscríbhinn XI chun comhsheasmhacht a áirithiú agus tagairt á déanamh do reachtaíocht na hÍsiltíre.

2010/0380 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a chur chun feidhme

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE agus leis an Eilvéis)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 48 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[1],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

1. Chun athruithe ar an dlí i mBallstáit áirithe a chur san áireamh agus chun deimhneacht dhlíthiúil a ráthú do gheallsealbhóirí, is gá Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 a oiriúnú.

2. Fuarthas moltaí ábhartha ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú Córas Slándála Sóisialta maidir le comhordú scéimeanna slándála sóisialta d'fhonn an acquis a fheabhsú agus a nuachóiriú. Tá na moltaí a bhfuil comhaontú ann ina leith ar áireamh sa téacs seo.

3. Is féidir le hathruithe ar an réaltacht shóisialta difear a dhéanamh do chomhardú córas slándála sóisialta. Chun freagairt a thabhairt ar na hathruithe sin, táthar ag beartú leasuithe maidir leis an gcinneadh faoin reachtaíocht is infheidhme agus na sochair dífhostaíochta is infheidhme.

4. I gcásanna ina bhfuil duine ag obair in dhá Bhallstát nó níos mó, ba cheart a shoiléiriú go bhfuil na coinníollacha maidir le "cuid shubstaintiúil den ghníomhaíocht" a shaothrú de réir bhrí Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 infheidhme maidir le daoine a shaothraíonn gníomhaíochtaí ar son roinnt gnóthas nó fostóirí.

5. Toisc éagsúlacht na ndálaí ina saothraítear gníomhaíochtaí gairmiúla agus toisc go mbíonn siad ag athrú, is gá cás oibrithe ardtaistil a chur san áireamh. Tá struchtúir nua soláthair saothair tagtha chun solais, i measc strúchtúr eile, in earnála an aeriompair. Tá sé éifeachtach gan an reachtaíocht is infheidhme maidir le baill d'aerchriú a nascadh ach leis an mBallstát ina bhfuil oifig chláraithe nó áit ghnó an ghnóthais nó an fhostóra a fhostaíonn an ball suite, má tá baint atá dlúth go leor ann leis an oifig chláraithe nó leis an áit ghnó. Maidir le baill d'aerchriú, meastar gurb iomchuí tagairt do "bunáit" mar shonrú ar an nóisean "oifig chláraithe nó áit ghnó" agus Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 á chur i bhfeidhm.

6. Ba cheart Airteagal 65(5) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a leasú lena áirithiú go bhfaighidh daoine féinfhostaithe sochair i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit inniúil chun an t-ionchas is fearr a thabhairt dóibh dul isteach arís i margadh an tsaothair ina mBallstát cónaithe nuair a fhillfidh siad ar an Stát sin.

7. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 mar seo a leanas:

8. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte d'Airteagal 9(1):

"1. Tabharfaidh na Ballstáit fógra i scríbhinn don Choimisiún Eorpach maidir leis na dearbhuithe arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 1(l), an reachtaíocht agus na scéimeanna dá dtagraítear in Airteagal 3, na coinbhinsiúin a ndeachthas isteach iontu faoi mar a thagraítear dóibh in Airteagal 8(2) agus na sochair íosta dá dtagraítear in Airteagal 58, chomh maith le leasuithe substaintiúla arna ndéanamh ina dhiaidh sin."

9. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 d'Airteagal 9:

"2. Cuirfear na fógraí sin faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh gach bliain agus poibleofar mar is gá iad.

10. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 d'Airteagal 12:

"1. Duine a shaothraíonn gníomhaíocht mar dhuine fostaithe i mBallstát thar ceann fostóra a dhéanann a ghníomhaíochtaí de ghnáth san áit sin, agus a ndéanann an fostóir sin é a phostú chuig Ballstát eile chun obair a dhéanamh thar ceann an fhostóra, leanfaidh an duine sin de bheith faoi réir reachtaíocht an chéad Bhallstáit, ar choinníoll nach sáróidh fad réamh-mheasta na hoibre sin 24 mí agus nach mbeidh an duine sin á sheoladh chun ionad duine phostaithe eile a ghabháil."

11. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 d'Airteagal 13:

"1. Beidh duine a shaothraíonn gníomhaíocht de ghnáth mar dhuine fostaithe in dhá Bhallstát nó níos mó faoi réir an méid seo a leanas:

(a) reachtaíocht an Bhallstáit cónaithe má shaothraíonn sé cuid shubstaintiúil dá ghníomhaíocht sa Bhallstát sin, nó

(b) más rud é nach saothraíonn an duine sin cuid shubstaintiúil dá ghníomhaíocht sa Bhallstát sin:

(i) reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil oifig chláraithe nó áit ghnó an ghnóthais nó an fhostóra suite má tá sé fostaithe ag aon ghnóthas nó ag aon fhostóir amháin, nó

(ii) reachtaíocht an Bhallstáit ina bhfuil oifig chláraithe nó áit ghnó an ghnóthais nó an fhostóra suite lasmuigh den Bhallstát cónaithe má tá sé fostaithe ag dhá ghnóthas nó dhá fhostóir nó níos mó agus má tá oifig chláraithe nó áit ghnó ceann amháin de na gnóthais sin ar a laghad suite i mBallstát amháin lasmuigh den Bhallstát cónaithe, nó

(iii) reachtaíocht an Bhallstáit cónaithe má tá sé fostaithe ag dhá ghnóthas nó dhá fhostóir nó níos mó a bhfuil a n-oifig chláraithe nó a n-áit ghnó i mBallstáit éagsúla lasmuigh den Bhallstát cónaithe."

12. In Airteagal 36, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2a:

"2a. Ní fhéadfaidh an institiúid inniúil diúltú an t-údarú dá bhforáiltear in Airteagal 20(1) a dheonú do dhuine árachaithe ar bhain tionóisc ag an obair dó nó a tholg galar ceirde agus atá i dteideal sochar atá inmhuirearaithe ar an institiúid sin, i gcás nach féidir an chóireáil atá iomchuí do riocht sláinte an duine sin a thabhairt sa Bhallstát a bhfuil cónaí air ann, laistigh de theorainn ama atá inchosanta ó thaobh leighis de, agus riocht sláinte reatha an duine sin agus cúrsa dóchúil na breoiteachta á gcur san áireamh."

13. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5 d'Airteagal 65:

"5.

14. Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt i bpointe (b), gheobhaidh an duine dífhostaithe dá dtagraítear sa chéad agus sa dara habairt de mhír 2 sochair i gcomhréir le reachtaíocht an Bhallstáit cónaithe amhail is dá mbeadh sé faoi réir na reachtaíochta sin le linn a ghníomhaíochta is deireanaí mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe. Is í institiúid na háite cónaithe a sholáthróidh na sochair sin.

15. I gcás nach bhforáiltear i reachtaíocht an Bhallstáit cónaithe maidir le hárachas do dhaoine féinfhostaithe in aghaidh riosca na dífhostaíochta, gheobhaidh an duine dífhostaithe dá dtagraítear sa chéad agus sa dara habairt de mhír 2, agus a bhí árachaithe i mBallstát a ghníomhaíochta is deireanaí mar dhuine féinfhostaithe in aghaidh dífhostaíochta sochair i gcomhréir le reachtaíocht Bhallstát a ghníomhaíochta is deireanaí.

16. Maidir le hoibrí seachas oibrí imeallchríche a bhfuil sochair faighte aige ar chostas institiúid inniúil an Bhallstáit is deireanaí a raibh sé faoi réir a reachtaíochta, áfach, gheobhaidh sé, ar fhilleadh ar an mBallstát cónaithe dó, sochair i gcomhréir le hAirteagal 64 ar dtús, agus beidh fáil na sochar i gcomhréir le pointe (a) ar fionraí ar feadh na tréimhse a bhfuair sé sochair lena linn faoin reachtaíocht is deireanaí a raibh sé faoina réir."

17. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 d'Airteagal 71:

"2. Déanfar rialacha an Choimisiúin Riaracháin a tharraingt suas trí chomhaontú frithpháirteach i measc a chomhaltaí.

I ngach cás eile, gníomhóidh an Coimisiún Riaracháin trí thromlach cáilithe mar atá sainithe sna Conarthaí.

Déanfar an phoiblíocht is gá maidir le cinntí i dtaobh ceisteanna maidir le léirmhíniú dá dtagraítear in Airteagal 72(a)."

18. Leasaítear Iarscríbhinn X agus Iarscríbhinn XI i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 mar seo a leanas:

1. Leasaítear Airteagal 6(1) mar a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

"(b) reachtaíocht an Bhallstáit cónaithe i gcás ina saothraíonn an duine lena mbaineann fostaíocht nó féinfhostaíocht in dhá Bhallstát nó níos mó agus ina ndéanann sé cuid dá ghníomhaíocht nó dá ghníomhaíochtaí sa Bhallstát sin, nó i gcás nach bhfuil an duine fostaithe ná féinfhostaithe;"

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

"(c) i gcásanna eile, reachtaíocht an Bhallstáit ar iarradh í a chur i bhfeidhm i dtús báire má tá an duine ag saothrú gníomhaíochta nó gníomhaíochtaí in dhá Bhallstát nó níos mó."

2. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5 d'Airteagal 14:

"5. Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán, tagróidh "duine a shaothraíonn gníomhaíocht mar dhuine fostaithe de ghnáth in dhá Bhallstát nó níos mó" do dhuine a chleachtann gníomhaíocht leithleach amháin nó níos mó go comhuaineach, nó go malartach, thar ceann an ghnóthais nó an fhostóra chéanna nó ar son roinnt gnóthas nó fostóirí, in dhá Bhallstát nó níos mó, cé is moite de ghníomhaíochtaí imeallacha."

3. Cuirtear mír 5a isteach mar seo a leanas in Airteagal 14:

"5a. Chun críocha Theideal II den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, tagróidh "oifig chláraithe nó áit ghnó" don oifig chláraithe nó áit ghnó ina nglactar cinntí bunriachtanacha an ghnóthais agus ina ndéantar feidhmeanna a riaracháin lárnaigh.

I gcás baill d'aerchriú a dhéanann seirbhísí do phaisinéirí aeir nó seirbhísí lastais, measfar gurb é an "oifig chláraithe nó áit ghnó" mar atá sainmhínithe i dTeideal II den bhun-Rialachán an "bunáit", mar atá sainmhínithe in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3922/91 ón gComhairle[2] maidir le comhchuibhiú ceanglas teicniúil agus nósanna imeachta riaracháin i réimse na heitlíochta sibhialta."

4. In Airteagal 15(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

Déanfaidh an institiúid sin an fianú dá dtagraítear in Airteagal 19(2) den Rialachán cur chun feidhme a eisiúint don duine lena mbaineann agus cuirfidh sí faisnéis ar fáil, gan mhoill, maidir leis an reachtaíocht is infheidhme i dtaca leis an duine lena mbaineann, de bhun Airteagal 11(3)(b) nó Airteagal 12 den bhun-Rialachán, don institiúid arna hainmniú ag údarás inniúil an Bhallstáit ina bhfuil an ghníomhaíocht á saothrú."

5. In Airteagal 54, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. Chun críocha Airteagal 62(3) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm, déanfaidh institiúid inniúil an Bhallstáit a raibh an duine lena mbaineann faoi réir a reachtaíochta maidir leis an ngníomhaíocht is deireanaí a bhí aige mar dhuine fostaithe nó féinfhostaithe, gach faisnéis a sholáthar gan mhoill d'institiúid na háite cónaithe arna iarraidh sin di, ar faisnéis í atá riachtanach chun sochar dífhostaíochta a fhéadfar a fháil sa Bhallstát ina bhfuil sé suite a ríomh, go háirithe an tuarastal nó an t-ioncam gairmiúil a fuarthas."

6. In Airteagal 55, cuirtear isteach mír 7 mar a leanas:

"7. Beidh mír 1 go mír 6 infheidhme mutatis mutandis maidir le daoine dá dtagraítear in Airteagal 65(5)(b) den bhun-Rialachán, ach amháin mír 1(c) den Airteagal seo."

7. In Airteagal 56, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. I gcás ina gceanglófar, leis an reachtaíocht is infheidhme sna Ballstáit lena mbaineann, go gcomhlíonfaidh an duine dífhostaithe oibleagáidí agus/nó gníomhaíochtaí cuardaithe poist ar leith, beidh tosaíocht ag na hoibleagáidí agus na gníomhaíochtaí cuardaithe poist a dhéanfaidh an duine dífhostaithe sa Bhallstát a sholáthróidh na sochair.

Mura gcomhlíonfaidh an duine dífhostaithe na hoibleagáidí agus/nó na gníomhaíochtaí cuardaithe poist uile sa Bhallstát nach soláthróidh na sochair, ní bheidh aon tionchar aige sin ar na sochair a dhámhfar air sa Bhallstát eile."

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh [...],

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Déantar Iarscríbhinn X agus Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a leasú mar a leanas:

1. Leasaítear Iarscríbhinn XI mar seo a leanas:

(a) Sa roinn "AN ÍSILTÍR", tá an méid seo a leanas le cur in ionad phointe (a):

"(a) An tAcht um Thacaíocht Oibre agus Fostaíochta do Dhaoine Óga atá Faoi Mhíchumas an 24 Aibreán 1997 (Wet Wajong)";

(b) Sa roinn "AN RÍOCHT AONTAITHE";

(i) Scriostar pointe (c);

(ii) Cuirtear pointe (e) isteach mar seo a leanas:

"(e) Liúntas Fostaíochta agus Tacaíochta Ioncam-Choibhneasta (An tAcht um Athchóiriú Leasa Shóisialta 2007 agus an tAcht um Athchóiriú Leasa Shóisialta (Tuaisceart Éireann) 2007)."

2. Leasaítear Iarscríbhinn XI mar a leanas:

Leasaítear an roinn "AN ÍSILTÍR" mar seo a leanas:

(i) I bpointe "1. Árachas cúraim sláinte " scriostar pointe (g);

(ii) Cuirtear pointe (h) isteach mar seo a leanas:

"(h) Chun críocha Airteagal 18(1) den Rialachán seo, beidh na daoine dá dtagraítear i bpointe 1(a)(ii) den Iarscríbhinn seo agus a fhanann go sealadach san Ísiltír i dteideal sochar comhchineáil i gcomhréir leis an bpolasaí a thairgeann institiúid na háite cónaithe do dhaoine árachaithe san Ísiltír, agus Airteagal 11(1), (2) agus (3) agus Airteagal 19(1) den Zorgverzekeringswet (an tAcht um Árachas Cúraim Sláinte) á gcur san áireamh, agus i dteideal na sochar comhchineáil dá bhforáiltear leis an Algemene Wet Bijzondere Ziektekosten (An tAcht Ginearálta um Chostais Eisceachtúla Liachta). ;

(iii) I bpointe 2, cuirtear "An tAcht um Phinsin Seanaoise Ghinearálta" in ionad "(Reachtaíocht na hÍsiltíre maidir le hárachas seanaoise ginearálta)";

(iv) I bpointe 2(b), cuirtear "an reachtaíocht thuasluaite" in ionad "an reachtaíocht sin";

(v) I bpointe 2(g), cuirtear "(An tAcht Ginearálta um Ghaolta Marthanacha)" in ionad "(reachtaíocht na hÍsiltíre maidir leis an dlí ginearálta i leith cleithiúnaithe marthanacha)";

(vi) I bpointe 3, cuirtear "(An tAcht Ginearálta um Ghaolta Marthanacha)" in ionad "(dlí ginearálta na hÍsiltíre maidir le hárachas do chleithiúnaithe marthanacha)";

(vii) I bpointe 3(d), cuirtear "an reachtaíocht thuasluaite" in ionad "an reachtaíocht sin";

(viii) I bpointe 4(a)(i), an chéad fhleasc, cuirtear "(an tAcht um Árachas Míchumais)" in ionad "(An tAcht um Éagumas chun Oibre)";

(ix) I bpointe 4(a)(ii), cuirtear "(an tAcht um Shochair Míchumais do Dhaoine Féinfhostaithe)" in ionad "(an tAchta um Dhaoine Féinfhostaithe agus Éagumas chun Oibre)".

[1] IO C , , lch. .

[2] IO L 373, 31.12.1991, lch.4.