52010PC0767




[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 17.12.2010

COIM(2010) 767 leagan deireanach

2010/0370 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN (AE) Uimh…/… Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an …

lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i gcomhair na n-oileán Aeigéach beag

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHFHOGASÚ LEIS AN g CONRADH AR FHEIDHMIÚ AN AONTAIS EORPAIGH (CFAE)

Leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) leagtar síos idirdhealú soiléir idir na cumhachtaí a tharmligtear chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha (gníomhartha tarmligthe) a bhfuil feidhm ghinearálta leo agus a fhorlíonann nó a leasaíonn eilimintí áirithe neamhriachtanacha den ghníomh reachtach, ar cumhachtaí iad atá leagtha síos in Airteagal 290 ar thaobh amháin, agus na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh, ar cumhachtaí iad atá leagtha síos in Airteagal 291, ar an taobh eile.

Maidir le gníomhartha tarmligthe, déanann an Reachtóir cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun bearta gar-reachtacha a ghlacadh. Tá an comhthéacs iontach difriúil i gcás gníomhartha cur chun feidhme. Tá na Ballstáit freagrach go príomha dar ndóigh as gníomhartha an Aontais Eorpaigh atá ceangailteach ó thaobh dlí de a chur chun feidhme. Más gá, áfach, coinníollacha cur chun feidhme aonfhoirmeacha chun an gníomh reachtach a chur i bhfeidhm, beidh ar an gCoimisiún iad a ghlacadh.

Tá comhfhogasú Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 le rialacha nua an Chonartha bunaithe ar aicmiú, i gcumhachtaí tarmligthe agus i gcumhacht cur chun feidhme, na bhforálacha a ghlac an Coimisiún faoin Rialachán sin (Rialachán (CE) Uimh. 1914/2006 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle a chur i bhfeidhm).

Ina dhiaidh sin, dréachtadh dréacht-togra le haghaidh athmhúnlú Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006. Tugann an togra sin de chumhacht don Reachtóir eilimintí riachtanacha scéime sonraí do tháirgí áirithe talmhaíochta de chuid na n-oileán Aeigéach beag a ghlacadh chun na deacrachtaí arb í a gciandacht, a n-iargúltacht, a n-oileánachas, a mbeagmhéid, a dtír-raon sléibhtiúil, a n-aeráid agus a spleáchas eacnamaíoch ar bheagán táirgí is cúis leo, a leigheas.

Cinnfidh an Reachtóir treoirlínte ginearálta na scéime sin agus na prionsabail ghinearálta ar bunús léi iad. Sa chaoi sin, sainfidh an Reachtóir cuspóirí na mbeart a thabharfar isteach leis an scéim shonrach sin agus prionsabail an chláraithe, na comhoiriúnachta agus na chomhsheasmhachta le beartais eile an Aontais. Sa chaoi chéanna, leagfaidh an Reachtóir síos na prionsabail chun scéim deimhnithe a bhunú agus smachtbhannaí, laghduithe agus eisiaimh a chur i bhfeidhm.

I gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tabharfaidh an Reachtóir an cúram don Choimisiún eilimintí áirithe neamhriachtanacha a fhorlíonadh nó a leasú. Sa chaoi sin féadfar na heilimintí breise is gá do dhea-fheidhmiú na scéime arna sainiú ag an Reachtóir a leagan síos le gníomh tarmligthe ón gCoimisiún. Sa chaoi sin, déanfaidh an Coimisiún na coinníollacha do chlárú na n-oibreoirí ar chlár na ndeimhnithe a ghlacadh trí ghníomh tarmligthe agus, más gá i bhfianaise na staide eacnamaíche, forchuirfidh sé ráthaíocht le haghaidh eisiúint na ndeimhnithe (Airteagal 11(2)). Sa chaoi chéanna, déanann an Reachtóir cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún bearta a ghlacadh maidir le bunú nós imeachta chun leasuithe ar an gclár a ghlacadh (Airteagal 6(3)), maidir leis na coinníollacha próiseála (Airteagal 13(3)), maidir leis na coinniollacha chun méid na cabhrach a shocrú (Airteagal 15(4) agus Airteagal 18(4)), agus maidir leis na smachtbhannaí (Airteagal 14(2)).

I gcomhréir le hAirteagal 291 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, cuirfidh an Reachtóir de fhreagracht ar na Ballstáit an scéim arna sainiú aige a chur chun feidhme. Dealraíonn sé, áfach, gur gá a áirithiú go ndéanfaidh an Ghréig an scéim a chur chun feidhme go haonfhoirmeach i gcás na n-oileán Aeigeách beag i gcomparáid le scéimeanna dá samhail d'fhonn saobhadh iomaíochta nó idirdhealuithe idir oibreoirí a sheachaint. Dá bharr sin, tugann an Reachtóir cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 291(2) den Chonradh, a bhaineann go háirithe leis na coinníollacha aonfhoirmeacha do chur chun feidhme chóras na ndeimhnithe agus le dualgais na n-oibreoirí maidir le socruithe sonracha soláthair (Airteagal 11(3)), leis na coinníollacha aonfhoirmeacha do chur chun feidhme an chláir (Airteagal 6(2), Airteagal 15(3) agus Airteagal 18(3)), chomh maith le réim ghinearálta do na rialuithe nach mór don Ghréig a chur i bhfeidhm (Airteagail 7, 12(2) agus 14(1)).

LEASUITHE SUBSTAINTEACHA

Ós rud é, ó glacadh é an 18 Meán Fómhair 2006, go ndearnadh roinnt leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i gcomhair na n-oileán Aeigéach beag, beartaítear é a athmhúnlú ar mhaithe le soiléireacht.

Ina theannta sin, fágann forbairt na reachtaíochta Comhphobail agus cur chun feidhme praiticiúil an Rialacháin seo ó glacadh é gur gá freisin forálacha áirithe a leasú agus struchtúr nua a chur ar an téacs reachtach d'fhonn é a oiriúnú don scéim mar atá sí.

Leis an Rialachán nua seo léirítear i mbealach níos soiléire príomhchuspóirí na scéime a gcaithfidh na bearta sonracha don talmhaíocht sna hoileáin Aeigéacha bheaga rannchuidiú lena gcur i gcrích (Airteagal 2).

Léiríonn struchtúr nua an Rialacháin ról lárnach an chláir thacaíochta atá sainithe as seo amach ag an nGréig le haghaidh na n-oileán Aeigéach beag ar an leibheál is iomchuí agus is comhordaithe. Dírítear leis an gclár sin ar an dá ghné bunúsacha de na socruithe sonracha soláthair agus na bearta sonracha maidir leis an táirgeadh áitiúil (Airteagal 3).

Rinneadh mionleasuithe eile ar théacs an Rialacháin, go háirithe:

1. Rinneadh an nós imeachta chun an clár agus leasuithe ar an gclár a thíolacadh don Choimisiún lena bhformheas, a shonrú chun go mbeidh sé ag teacht níos fearr leis an gcleachtas reatha agus leis an ngá oiriúnú an chláir d'fhíor-riachtanais na talmhaíochta agus soláthair táirgí riachtanacha do na hoileáin Aeigéacha bheaga a dhéanamh níos solúbtha agus níos éifeachtaí (Airteagal 6).

2. In Airteagal 10, sonraítear nach mór na socruithe sonracha soláthair a cheapadh de réir an táirgthe áitiúil thalmhaíochta, nach ceart go mbeadh a fhorbairt teoranta ag cabhair i gcomhair soláthair atá ró-ard do tháirgí a tháirgtear go háitiúil freisin. Meastar go bhfuil gá leis an bhforáil seo chun comhoiriúnacht idir an dá ionstraim maidir leis na socruithe a dhéanamh éigeantach.

3. D'fhonn dea-bhainistiú buiséid a áirithiú, ní mór don Ghréig an chabhair ar íocaíochtaí díreacha í a léiriú ina gclár (Airteagal 15(2d)).

4. Ba cheart a léiriú conas a shainítear méid na cabhrach do na bearta i gcomhair an táirgthe áitiúil thalmhaíochta, rud nár léiríodh cheana sa ghníomh bunúsach (Airteagal 15(2), pointe (e)).

5. Méadaíodh an uasteorainn do mhaoiniú na socruithe sonracha soláthair faoi 20% (Airteagal 18(3)), tar éis faisnéis a fháil ón gCúirt Iniúchóirí faoi neamhdhóthanacht na gcistí sin.

6. Faoi dheireadh, rinneadh dáta tíolactha na tuarascála bliantúla ar chur chun feidhme na mbeart dá bhforáiltear sa chlár tacaíochta sa bhliain roimhe sin a chur siar go ceann míosa chun deis a thabhairt do na húdaráis Ghréigeacha staid dheireanach na gcaiteachas ar bhearta i gcomhair an táirgthe áitiúil thalmhaíochta a chur san áireamh sa tuarascáil sin.

Ní athraíonn an Rialachán na foinsí maoinithe ná fairsinge na tacaíochta ón gComhphobal.

2010/0370 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN (AE) Uimh…/… Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an …

lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i gcomhair na n-oileán Aeigéach beag

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an chéad fhomhír d'Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[1],

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ón gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta[2],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[3],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach[4],

De bharr an méid seo a leanas:

7. Rinneadh bearta sonracha don talmhaíocht chun dul i ngleic le deacrachtaí a eascraíonn as staid gheografach eisceachtúil oileán áirithe de na hoileáin Aeigéacha bheaga a leagan síos i Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2006 lena nglactar bearta sonracha don talmhaíocht i gcomhair na n-oileán Aeigéach beag agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003[5]. Cuirtear na bearta sin i ngníomh trí chlár tacaíochta ar uirlis fíor-riachtanach é chun táirgí talmhaíochta a sholáthar do na hoileáin sin agus chun tacú leis an táirgeadh áitiúil talmhaíochta. De bharr na leasuithe nua is gá a dhéanamh agus tar éis theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 a aisghairm agus téacs nua a chur ina áit.

8. Ba cheart na cuspóirí bunúsacha a shainiú, ar cuspóirí iad a rannchuidíonn an scéim i gcomhair na n-oileán Aeigéach beag a chur i gcrích.

9. Ba cheart ábhar an chláir thacaíochta do na hoileáin Aeigéacha bheaga a shainiú (dá ngairtear anseo feasta 'clár tacaíochta'), clár nach mór don Ghréig a bhunú, ar an leibhéal geografach is iomchuí, i bhfeidhmiú phrionsabal na coimhdeachta, agus a thíolacadh don Choimisiún lena fhormheas.

10. D'fhonn cuspóirí na scéime i gcomhair na n-oileán Aeigéach beag a chur i gcrích níos fearr, caithfear a áireamh sa chlár tacaíochta bearta lena ráthófar soláthar táirgí talmhaíochta agus caomhnú agus forbairt an táirgthe áitiúil thalmhaíochta. Ba cheart an leibhéal cláraithe a chomhchuibhiú agus an cur chuige comhpháirtíochta idir an Coimisiún agus an Ballstát a chórasú.

11. De réir phrionsabal na coimhdeachta agus de mheon solúbthachta atá mar bhunús don chur chuige cláraithe a glacadh don scéim do na hoileáin Aeigéacha bheaga, féadfaidh na h-údaráis arna n-ainmnú ag an nGréig modhnuithe ar an gclár a mholadh d'fhonn é a oiriúnú do na hoileáin mar atá siad. Den mheon céanna, ní mór an nós imeachta chun an clár a mhodhnú a oiriúnú d'ábharthacht gach cineáil modhnaithe.

12. De bharr staide geografaí eisceachtúla cuid de na hoileán Aeigéacha bheaga, a mhéid is a bhaineann le foinsí soláthair táirgí atá riachtanach lena gcaiteamh ag an duine nó don phróiseáil nó mar ionchur talmhaíochta, tá costais bhreise ag baint le hiompar táirgí sna hoileáin sin. Ina theannta sin, cuireann na fachtóirí oibiachtúla a bhaineann le ciandacht, oileánachas agus iargúltacht baic bhreise ar oibreoirí eacnamaíocha agus ar tháirgeoirí na n-oileán Aeigéach beag a chruthaíonn fadhbanna móra dóibh agus iad i mbun a ngníomhaíochtaí. I gcásanna áirithe, bíonn na hoibreoirí agus na táirgeoirí thíos leis an oileánachas faoi dhó mar go ndéantar an soláthar trí na hoileáin eile. Is féidir na fadhbanna sin a fhuascailt trí phraghsanna na dtáirgí riachtanacha thuasluaite a laghdú. Ar an gcaoi sin, ba cheart socruithe sonracha soláthair a bhunú, d'fhonn soláthar a ráthú do na hoileáin Aeigéacha bheaga agus d'fhonn na costais bhreise i ngeall ar iargúltacht, oileánachas agus beagmhéid na n-oileán sin a laghdú.

13. Cuirtear le fadhbanna uile na n-oileán Aeigéach beag i ngeall ar a mbeagmhéid. D'fhonn éifeachtacht na mbeart atá beartaithe a ráthú, níor cheart go ndíreoidís ach ar oileáin bheaga amháin.

14. D'fhonn na cuspóirí a bhaint amach go héifeachtach, arb iad na cuspóirí sin na praghsanna a laghdú sna hoileáin Aeigéacha bheaga agus na costais bhreise a bhaineann le hiargúltacht agus oileánachas a laghdú, agus san am céanna iomaíochas tháirgí an Aontais a choimeád, ba cheart cabhair a thabhairt i gcomhair soláthair tháirgí an Aontais do na hoileáin Aeigéacha bheaga. Ba cheart go gcuirfí san áireamh leis an gcabhair sin na costais bhreise a bhaineann le hiompair go dtí na hoileáin Aeigéacha bheaga, agus, i gcás ionchuir thalmhaíochta nó táirgí a bheartaítear a phróiseáil, costais bhreise a bhaineann le hoileánachas agus le beagmhéid.

15. Ar mhaithe le hamhantraíocht a sheachaint a dhéanfadh dochar do na húsáideoirí deiridh sna hoileáin Aeigéacha bheaga, ba cheart a shonrú nach gcumhdófar ach táirgí fónta ar cháilíocht mhaith, ar féidir iad a chur ar an margadh, leis na socruithe sonracha soláthair.

16. Toisc go bhfuil na cainníochtaí atá faoi réir na socruithe sonracha soláthair teoranta do riachtanais soláthair na n-oileán Aeigéach beag, ní dhéanann na socruithe sin dochar do dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Thairis sin, níor cheart go mbeadh sraonadh i dtrádáil na dtáirgí lena mbaineann mar thoradh ar shochair eacnamaíocha na socruithe sonracha soláthair. Ba cheart, dá bhrí sin, seoladh nó onnmhairiú na dtáirgí sin ó na hoileáin Aeigéacha bheaga a thoirmeasc. Ba cheart, áfach, seoladh nó onnmhairiú na dtáirgí sin a údarú i gcás ina n-aisíoctar an sochar eacnamaíoch ó na socruithe sonracha soláthair.

17. Maidir le táirgí próiseáilte, ba cheart malartú idir na hoileáin Aeigéacha bheaga a údarú ionas go mbeidh tráchtáil ar siúl eatarthu. Ba cheart freisin, i gcomhthéacs na tráchtála réigiúnaí agus i gcomhthéacs na n-onnmhairí agus seoltaí traidisiúnta chuig an gcuid eile den Aontas nó chuig tríú tíortha, na sreabha trádála a chur san áireamh agus, dá bhrí sin, ba cheart, onnmhairí táirgí próiseáilte a údarú arb ionann iad agus na sreabha trádála traidisiúnta.

18. D'fhonn cuspóirí na socruithe sonracha soláthair a bhaint amach, caithfear sochair eacnamaíocha na socruithe sin a fheiceáil ag céim na gcostas táirgthe agus caithfidh na sochair sin na praghsanna a laghdú go dtí céim an úsáideora dheiridh. Níor cheart, dá bhrí sin, na sochair eacnamaíocha sin a thabhairt ach amháin ar choinníoll go gcuirfear i bhfeidhm iad agus ba cheart na rialuithe is gá a dhéanamh.

19. Ba cheart a fhoráil go mbeidh rialacha ann i gcomhair fheidhmiú na socruithe, go háirithe maidir le clár oibreoirí agus córas deimhniúcháin a chruthú, bunaithe ar na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagail 161 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2007 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí talmhaíochta agus maidir le forálacha sonracha i gcás táirgí áirithe talmhaíochta (An Rialachán maidir le CEM Aonair)[6].

20. Maidir le beartas an Aontais i dtaca le táirgeadh áitiuil na n-oileán Aeigéach beag, arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006, bhain sé le hiliomad táirgí, agus go leor beart chun a dtáirgeadh, a margú nó a bpróiseáil a chur chun cinn. Léiríodh éifeachtacht na mbeart sin agus leis na bearta céanna áirithíodh gur lean na gníomhaíochtaí talmhaíochta agus gur fhorbair siad. Ba cheart don Aontas leanúint de thacaíocht a thabhairt do na gníomhaíochtaí táirgthe sin, ar cuid bhunúsach iad de chóimheá chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíoch na n-oileán Aeigéach beag. Mar an gcéanna leis an mbeartas forbartha tuaithe, is léir ón taithí gur féidir, tríd an gcomhpháirtíocht neartaithe leis na húdaráis áitiúla, aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna sonracha na n-oileán lena mbaineann ar bhealach níos spriocdhírithe. Ba cheart mar sin leanúint de thacaíocht a thabhairt don táirgeadh áitiúil tríd an gclár tacaíochta arna bhunú den chéad uair le Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006.

21. Ba cheart na heilimintí íosta a chinneadh, ar eilimintí iad nach mór a sholáthar sa chlár tacaíochta chun na bearta i gcomhair an táirgthe áitiúil thalmhaíochta a shainiú, go háirithe cur síos ar an gcás, ar an straitéis atá molta, ar na cuspóirí, ar na bearta. Ba cheart freisin prionsabail chomhsheasmhachta na mbeart sin le bearta eile an Aontais a shonrú d'fhonn gach neamhréireacht agus forluí cabhrach a sheachaint.

22. Chun críocha a chur chun feidhme, féadfaidh bearta chun staidéir, tionscadail taispeána, oiliúint agus cúnamh teicniúil a mhaoiniú a bheith ar áireamh freisin sa chlár tacaíochta.

23. Ba cheart táirgeoirí talmhaíochta na n-oileán Aeigéach beag a spreagadh chun táirgí ar cháilíocht mhaith a sholáthar agus margú na dtáirgí sin a chur chun cinn.

24. Is féidir maolú a thabhairt ar bheartas seasmhach an Choimisiúin gan státchabhair oibriúcháin a údarú do tháirgeadh, do phróiseáil agus do mhargú na dtáirgí talmhaíochta atá cumhdaithe ag Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh d'fhonn srianta sonracha tháirgeadh talmhaíochta na n-oileán Aeigéach beag a laghdú, ar srianta iad a bhaineann lena n-iargúltacht, lena gciandacht, lena n-oileánachas, lena mbeagmhéid, lena dtír-raon sléibhtiúil, lena n-aeráid agus lena spleáchas eacnamaíoch ar bheagán táirgí.

25. Ní foláir nach ndéanfaidh cur chun feidhme an Rialacháin seo dochar do leibhéal na tacaíochta sonraí ar bhain na hoileáin Aeigéacha bheaga tairbhe aisti go dtí seo. Sin an fáth, do chur i gcrích na mbeart cuí, gur cheart na suimeanna a bheith ag an nGréig, arb ionann iad agus an tacaíocht a thug an tAontas cheana faoi Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006.

26. Ó 2007 i leith, tá méadú tagtha ar na riachtanais i dtáirgí riachtanacha sna hoileáin Aeigéacha bheaga, i ngeall ar fhorbairt an bheostoic agus ar an mbrú déimeagrafach. Ba cheart, dá bhrí sin, an chuid den bhuiséad is féidir leis an nGréig a úsáid do shocruithe sonracha soláthair na n-oileán Aeigéach beag a mhéadú.

27. D'fhonn meastóireacht a dhéanamh ar na gnéithe uile a bhaineann le cur chun feidhme an chláir thacaíochta don bhliain roimhe sin, agus d'fhonn tuarascáil mheastóireachta bhliantúil iomlán a thíolacadh don Choimisiún, ba cheart dáta tíolactha na tuarascála sin a chur siar ón 30 Meitheamh go dtí an 31 Iúil sa bhliain i ndiaidh na bliana tagartha.

28. Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh, d'fhonn eilimintí áirithe neamhriachtanacha den Rialachán seo a fhorlíonadh nó a leasú. Ba cheart na réimsí ina bhféadfar an chumhacht sin a úsáid, agus na coinníollacha ar cheart an tarmligean a bheith faoina réir, a shainiú.

29. D'fhonn a áirithiú go mbeidh cur chun feidhme na scéime i gcomhair na n-oileán Aeigéach beag aonfhoirmeach le scéimeanna eile dá samhail agus saobhadh iomaíochta nó idirdhealuithe idir na hoibreoirí a sheachaint, ba cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 291(2) den Chonradh. Ba cheart, dá bhrí sin, inniúlachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún faoin bhforáil sin, go háirithe maidir leis na coinníollacha aonfhoirmeacha faoina dtagann na táirgí atá faoi réir na socruithe sonracha soláthair isteach sna hoileáin Aeigéacha bheaga, na coinníollacha aonfhoirmeacha faoina bhfágann na táirgí sin na hoileáin Aeigéacha bheaga agus na coinníollacha aonfhoirmeacha faoina ngluaiseann na táirgí sin sna hoileáin Aeigéacha bheaga, coinníollacha aonfhoirmeacha chur chun feidhme na gclár, chomh maith le saintréithe íosta na rialuithe nach mór don Ghréig a chur i bhfeidhm.

30. Ba cheart don Choimisiún na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) Uimh. xxx/xxx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann le meicníochtaí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú inniúlachtaí cur chun feidhme an Choimisiúin[7],

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

RAON FEIDHME

Airteagal 1

Ábhar

31. Leis an Rialachán seo glactar bearta sonracha don talmhaíocht chun dul i ngleic leis na fadhbanna a eascraíonn as ciandacht, iargúltacht, oileánachas agus beagmhéid na n-oileán Aeigéach beag, dá ngairtear 'oileáin bheaga' anseo feasta.

32. Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn 'oileáin bheaga' oileáin uile na Mara Aeigéiche, cé is moite den Chréit agus d'Evvoia.

Airteagal 2

Cuspóirí

1. Cuidíonn na bearta sonracha dá dtagraítear in Airteagal 1 le cur i gcrích na gcuspóirí seo a leanas:

(a) soláthar táirgí riachtanacha do na hoileáin bheaga a ráthú, ar táirgí iad atá riachtanach lena gcaitheamh ag an duine nó don phróiseáil agus mar ionchur talmhaíochta, trí na costais a bhaineann leis an iargúltacht, an oileánachas agus an beagmhéid a laghdú;

(b) gníomhaíocht talmhaíochta na n-oileán beag a chaomhnú agus a fhorbairt, lena n-áirítear táirgeadh, próiseáil agus margú táirgí áitiúla.

2. Cuirfear chun feidhme na cuspóirí atá leagtha amach i mír 1 trí bhíthin na mbeart atá sonraithe i gCaibidlí III, IV agus V.

CAIBIDIL II

CLÁR TACAÍOCHTA

Airteagal 3

An clár tacaíochta a bhunú

33. Sainítear na bearta dá dtagraítear in Airteagal 1 do na hoileáin bheaga le clár tacaíochta, a chuimsíonn:

(a) socruithe sonracha soláthair, mar a fhoráiltear i gCaibidil III, agus

(b) bearta sonracha don táirgeadh áitiúil talmhaíochta, mar a fhoráiltear i gCaibidil IV.

34. Bunófar an clár tacaíochta ar an leibhéal geografach a mheasfaidh an Ghréig a bheith is iomchuí. Ullmhóidh na húdaráis inniúla arna n-ainmniú ag an mBallstát sin an clár agus tar éis don Bhallstát dul i gcomhairle leis na húdaráis agus leis na heagraíochtaí inniúla ar an leibhéal críochach iomchuí, cuirfidh sé an clár faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh formheasa i gcomhréir le hAirteagal 6.

Airteagal 4

Comhoiriúnacht agus comhsheasmhacht

35. Ní foláir na bearta a dhéanfar faoin gclár tacaíochta a bheith i gcomhréir le dlí an Aontais agus comhsheasmhach le beartais eile an Aontais agus leis na bearta arna ndéanamh de réir na mbeartas sin.

36. Ní mór a áirithiú go bhfuil na bearta a dhéanfar faoin gclár tacaíochta comhsheasmhach leis na bearta arna gcur chun feidhme faoi ionstraimí eile an chomhbheartais talmhaíochta, agus go háirithe le comheagraíochtaí margaidh, forbairt tuaithe, cáilíocht na dtáirgí, leas ainmhithe agus cosaint an chomhshaoil.

Go háirithe, ní féidir aon bheart a mhaoiniú faoin Rialachán seo, ar ceann de na bearta seo a leanas é:

(a) tacaíocht bhreise do scéimeanna préimhe nó cabhrach arna mbunú faoi chomheagraíocht an mhargaidh, seachas i gcásanna eisceachtúla a bhfuil cúiseanna oibiachtúla leo;

(b) tacaíocht do thionscadail taighde, is é sin le rá bearta atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do thionscadail taighde nó bearta atá cáilithe do mhaoiniú an Aontais faoi Chinneadh 2009/470/CE ón gComhairle[8];

(c) tacaíocht do bhearta a thagann faoi raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 [ón gComhairle[9]].

Airteagal 5

Ábhar an chláir thacaíochta

Cuimsítear sa chlár tacaíochta:

(a) plean do chur chun feidhme na mbeart agus tábla bliantúil ginearálta táscach airgeadais ina ndéantar achoimre ar na hacmhainní ar gá leas a bhaint astu;

(b) fírinniú maidir le hoiriúnacht agus comhsheasmhacht bheart éagsúil an chláir chomh maith le sainiú na gcritéar agus na dtáscairí cainníochtúla a úsáidfear chun monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh;

(c) na forálacha a dhéanfar chun a áirithiú go gcuirfear an clár chun feidhme go héifeachtach agus go hiomchuí, lena n-áirítear na socruithe le haghaidh poiblíochta, monatóireachta agus meastóireachta, chomh maith le sainiú na dtáscairí cainníochtaithe a úsáidfear chun meastóireacht a dhéanamh;

(d) ainmniú na n-údarás inniúil agus na gcomhlachtaí a bheidh freagrach as cur chun feidhme an chláir, agus ainmniú, ar na leibhéil iomchuí, údarás nó comhlachtaí a bhfuil baint acu leis an gclár agus ainmniú comhpháirtithe soch-eacnamaíocha, chomh maith le torthaí na gcomhairliúchán arna ndéanamh.

Airteagal 6

An clár a fhormheas agus a leasú

37. Cuirfidh an Ghréig dréachtchlár tacaíochta faoi bhráid an Choimisiúin faoin dearlaic airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 18(2) agus (3).

Beidh na nithe seo a leanas ar áireamh sa dréachtchlár: dréacht-réamhmheastachán soláthair ina léireofar na táirgí, cainníochtaí na dtáirgí agus méideanna na cabhrach do sholáthar ón Aontas, chomh maith le dréachtchlár tacaíochta don táirgeadh áitiúil.

Déanfaidh an Coimisiún an clár tacaíochta arna mholadh a mheas agus déanfaidh sé cinneadh maidir lena fhormheas trí ghníomh cur chun feidhme.

38. Ag brath ar an meastóireacht bhliantúil ar chur chun feidhme na mbeart sa chlár tacaíochta, féadfaidh an Ghréig tograí a thíolacadh don Choimisiún chun iad a leasú faoin dearlaic airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 18(2) agus (3), d'fhonn iad a oiriúnú níos fearr do riachtanais na n-oileán beag agus don straitéis mholta. Trí ghníomh cur chun feidhme glacfaidh an Coimisiún na rialacha mionsonraithe aonfhoirmeacha chun tograí le haghaidh leasú an chláir a thíolacadh.

39. D'fhonn na cineálacha éagsúla leasuithe arna moladh agus an sprioc dá gcur i bhfeidhm a chur san áireamh, cinnfidh an Coimisiún trí ghníomh tarmligthe nós imeachta formheasa na leasuithe.

Airteagal 7

Rialuithe agus monatóireacht

Déanfaidh an Ghréig na rialuithe trí rialuithe riaracháin agus rialuithe ar an láthair a dhéanamh. D'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún saintréithe íosta na rialuithe a ghlacadh trí ghníomh cur chun feidhme, arb iad na rialuithe nach mór don Ghréig a chur i bhfeidhm.

Tríd an gcineál céanna gnímh, glacfaidh an Coimisiún freisin na nósanna imeachta agus na táscairí fisiceacha agus airgeadais chun monatóireacht éifeachtach ar chur chun feidhme na gclár a áirithiú.

CAIBIDIL III

SOCRUITHE SONRACHA SOLÁTHAIR

Airteagal 8

Réamh-mheastachán soláthair

40. Bunaítear socruithe sonracha soláthair do na táirgí talmhaíochta de chuid an Aontais atá luaite in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, (dá ngairtear 'na táirgí talmhaíochta' anseo feasta) ar táirgí iad atá riachtanach sna hoileáin bheaga lena gcaitheamh ag an duine nó do mhonarú táirgí eile, nó mar ionchur talmhaíochta.

41. Leagfaidh an Ghréig síos, ar an leibhéal geografach a mheasfar is iomchuí, réamh-mheastachán soláthair chun riachtanais bhliantúla soláthair na n-oileán beag a chainníochtú ó thaobh táirgí talmhaíochta de.

Maidir leis an meastóireacht ar riachtanais gnóthas pacáistithe nó próiseála táirgí atá beartaithe don mhargadh áitiúil, arna seoladh chuig an gcuid eile den Aontas, arna n-onnmhairiú chuig tríú tíortha mar chuid de thrádáil thraidisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 13(2) agus (3), is féidir í a chur i réamh-mheastachán soláthair eile.

Airteagal 9

Feidhmiú na socruithe

42. Tabharfar cabhair chun táirgí talmhaíochta a sholáthar do na hoileáin bheaga.

Cinnfear méid na cabhrach do gach táirge lena mbaineann ag cur san áireamh na costais bhreise a bhaineann le margú na dtáirgí sna hoileáin bheaga, arna ríomh ón uair a fhágann siad calafoirt mhorroinn na Gréige áit óna ndéantar na gnáthsholáthairtí, agus ón uair a fhágann siad calafoirt na n-oileán idirthurais freisin nó na calafoirt ina luchtaítear na táirgí ar a mbealach go dtí na hoileáin cinn scríbe deiridh. I gcás ionchuir thalmhaíochta nó táirgí a bheartaítear a phróiseáil, ní foláir na costais bhreise a bhaineann le hoileánachas agus beagmhéid a chur san áireamh agus an chabhair á chinneadh.

43. Ní chuimseofar faoi na socruithe sonracha soláthair ach táirgí talmhaíochta fónta atá ar cháilíocht mhaith, ar féidir iad a chur ar an margadh.

Airteagal 10

Cur chun feidhme

Cuirfear na socruithe sonracha soláthair chun feidhme sa chaoi is go gcuirfear an méid seo a leanas go háirithe san áireamh:

(a) riachtanais shonracha na n-oileán beag agus na ceanglais cháilíochta a éilítear;

(b) na sreabha trádála traidisiúnta le calafoirt mhorroinn na Gréige agus idir na hoileáin Aeigéacha bheaga;

(c) gné eacnamaíoch na cabhrach atá beartaithe;

(d) más gá sin, an gá gan cur isteach ar fhorbairt an táirgthe áitiúil.

Airteagal 11

Deimhnithe

44. Deonófar teidlíocht ar an gcabhair dá bhforáiltear in Airteagal 9(1) ach deimhniú a thíolacadh.

Eiseofar na deimhnithe do na hoibreoirí, agus dóibh sin amháin, atá ar chlár a choimeádann na húdaráis inniúla.

Ní fhéadfar na deimhnithe a tharchur.

45. D'fhonn a áirithiú go bhfuil láncheart ag na hoibreoirí páirt a ghlacadh sna socruithe sonracha soláthair, cinnfidh an Coimisiún trí ghníomh tarmligthe na coinníollacha chun na hoibreoirí a chur ar an gclár agus, más gá, forchuirfidh sé ráthaíocht le haghaidh eisiúint na ndeimhnithe.

46. Trí ghníomh cur chun feidhme, glacfaidh an Coimisiún na bearta ar fad is gá chun a áirithiú go gcuirfidh an Ghréig an t-Airteagal seo i bhfeidhm go haonfhoirmeach, go háirithe maidir le cur chun feidhme chóras na ndeimhnithe, seachas an ráthaíocht le haghaidh na ndeimhnithe, agus maidir le dualgais na n-oibreoirí le linn an chlárúcháin.

Airteagal 12

An sochar a chur ar aghaidh

1. Maidir le teidlíocht faoi na socruithe sonracha soláthair a thagann ó dheonú na cabhrach, beidh sí faoi réir an choinníll go gcuirfear an sochar eacnamaíoch ar aghaidh i ndáiríre go dtí an t-úsáideoir deiridh, ar féidir leis, ag brath ar an gcás, a bheith ina thomhaltóir i gcás táirgí atá beartaithe don tomhaltas díreach, ina phróiseálaí nó ina phacálaí deiridh i gcás táirgí atá beartaithe do thionscail na próiseála nó an phacáistithe, nó ina fheirmeoir i gcás táirgí a úsáidtear le haghaidh cothú ainmhithe nó mar ionchur talmhaíochta.

2. D'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach mhír 1 a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún, trí ghníomh cur chun feidhme, na rialacha mionsonraithe dá cur i bhfeidhm, agus go háirithe na coinníollacha faoina bhféadfaidh an Ballstát a sheiceáil go gcuirfear ar aghaidh i ndáiríre an sochar go dtí an t-úsáideoir deiridh, a ghlacadh.

Airteagal 13

Onnmhairiú go dtí tríú tíortha agus seoladh go dtí an chuid eile den Aontas

47. Ní fhéadfar na táirgí atá i dteideal na socruithe sonracha soláthair a onnmhairiú go dtí tríú tíortha nó a sheoladh go dtí an chuid eile den Aontas ach faoi choinníollacha aonfhoirmeacha, arna leagan síos ag an gCoimisiún trí ghníomh cur chun feidhme.

Cuimseofar sna coinníollacha sin go háirithe aisíocaíocht na cabhrach a fuarthas faoi na socruithe sonracha soláthair.

Maidir leis na táirgí atá cumhdaithe ag na socruithe sonracha soláthair, ní bheidh onnmhairiú na dtáirgí sin go dtí tríú tíortha faoi réir deimhniú a thíolacadh.

48. Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír de mhír 1 maidir leis na táirgí a phróiseáltar sna hoileáin bheaga ó na tairgí talmhaíochta atá cumhdaithe ag na socruithe sonracha soláthair, ar táirgí iad:

(a) a onnmhairítear go dtí tríú tíortha nó a sheoltar go dtí an chuid eile den Aontas laistigh de theorainneacha na gcainníochtaí a fhreagraíonn do na seoltaí traidisiúnta agus na honnmhairí traidisiúnta. Socróidh an Coimisiún na cainníochtaí trí ghníomh cur chun feidhme;

(b) a onnmhairítear go dtí tríú tíortha mar chuid de thrádáil réigiúnach i gcomhréir leis na cinn scríbe agus coinníollacha atá le cinneadh ag an gCoimisiún trí ghníomh cur chun feidhme;

(c) a sheoltar idir na hoileáin bheaga;

Maidir leis na táirgí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, (a) agus (b), ní bheidh onnmhairiú na dtáirgí sin go dtí tríú tíortha faoi réir deimhniú a thíolacadh.

Ní dheonófar aon aisíocaíocht ar onnmhairí táirgí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, (a) agus (b).

49. D'fhonn an sochar ó chur i bhfeidhm na socruithe sonracha soláthair a dhíriú ar an trádáil thraidisiúnta, déanfaidh an Coimisiún, maidir leis na hoibríochtaí próiseála, ar féidir seoladh traidisiúnta nó onnmhairiú traidisiúnta a dhéanamh dá mbarr, na coinníollacha nach mór dóibh a chomhlíonadh a leagan síos, trí ghníomh tarmligthe.

Airteagal 14

Rialuithe agus smachtbhannaí

50. Déanfar rialuithe riaracháin ar tháirgí atá cumhdaithe ag na socruithe sonracha soláthair ag tráth a dtabhairt isteach sna hoileáin bheaga agus ag tráth a n-onnmhairithe nó a seolta ó na hoileáin sin.

D'fhonn cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na forála seo a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún saintréithe íosta na rialuithe a ghlacadh trí ghníomh cur chun feidhme, arb iad na rialuithe nach mór don Ghréig a chur i bhfeidhm.

51. Más rud é go ndéanann an t-oibreoir mainneachtain sna gealltanais a tugadh faoi Airteagal 11, seachas i gcás foiche Dé nó i gcás tarlaithe aeráide as an ngnách, gabhfar ar ais an sochar a deonaíodh do shealbhóir an deimhnithe agus cuirfear a chlárúchán ar fionraí nó ar ceal ag brath ar thromchúis na mainneachtana.

D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh na hoibreoirí atá páirteach sna socruithe a n-oibleagáidí, cinnfidh an Coimisiún, trí ghníomh tarmligthe, na coinníollacha is gá chun an chéad fhomhír a chur i bhfeidhm agus an nós imeachta do phróiseáil na n-iarratas nua ar dheimhnithe oibreora.

CAIBIDIL IV

BEARTA MAIDIR I g COMHAIR AN TÁIRGTHE ÁITIÚIL THALMHAÍOCHTA

Airteagal 15

Bearta

52. Cuimsítear sa chlár tacaíochta na bearta is gá chun leanúnachas agus forbairt an táirgthe áitiúil thalmhaíochta sna hoileáin bheaga a áirithiú, faoi chuimsiú Chuid III de Theideal III den Chonradh.

53. Beidh na heilimintí seo a leanas ar a laghad ar áireamh sa chuid den chlár ina bhfuil na bearta i gcomhair an táirgthe áitiúil thalmhaíochta:

(a) tuairisc chainníochtaithe ar staid reatha an táirgthe thalmhaíochta, ag cur san áireamh na dtorthaí meastóireachta atá ar fáil, ag léiriú na n-éagothromaíochtaí, na n-easnamh agus na hacmhainneachta forbartha, na n-acmhainní airgeadais a úsáideadh;

(b) tuairisc ar an straitéis bheartaithe, na tosaíochtaí arna roghnú agus na cuspóirí ginearálta agus oibriúcháin cainníochtaithe, chomh maith le measúnú ar an tionchar eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta, lena n-áirítear an tionchar ar fhostaíocht, a mbeifear ag súil leis;

(c) tuairisc ar na bearta a fhoráiltear, go háirithe na scéimeanna cabhrach chun iad a chur chun feidhme, agus más gá, faisnéis faoi na riachtanais i dtéarmaí staidéar, tionscadal taispeána, oiliúna agus cúnaimh theicniúil a bhaineann le hullmhúchán, le cur chun feidhme nó le hoiriúnú na mbeart lena mbaineann;

(d) liosta na gcineál cabhrach ar íocaíochtaí díreacha iad, de réir bhrí Airteagal 2(d) de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009;

(e) méid na cabhrach atá leagtha síos do gach beart nó gníomhaíocht d'fhonn cuspóir amháin nó roinnt cuspóirí ar an gclár a bhaint amach.

54. Déanfaidh an Coimisiún na coinníollacha aonfhoirmeacha faoina n-íocfar an chabhair dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh trí ghníomh cur chun feidhme.

55. Féadfaidh bearta tacaíochta do tháirgeadh, do phróiseáil nó do mhargú tháirgí talmhaíochta na n-oileán beag a bheith ar áireamh sa chlár.

Féadfar gach beart a bhriseadh síos i ngníomhaíochtaí. Do gach gníomhaíocht sainítear sa chlár ar a laghad na heilimintí seo a leanas:

(a) na tairbhithe;

(b) na coinníollacha cáilitheachta;

(c) cabhair aonair;

(d) an uasteorainn.

D'fhonn tacaíocht a thabhairt do mhargú táirgí lasmuigh de réigiún a dtáirgthe, féadfaidh an Coimisiún na coinníollacha a ghlacadh trí ghníomh tarmligthe chun méid na cabhrach a dheonófar le haghaidh margú a shocrú agus, más gá, na huasmhéideanna a ghlacadh ar féidir an chabhair sin a dheonú ina leith.

Airteagal 16

Rialuithe agus íocaíocht mhícheart

56. Déanfar rialuithe na mbeart dá dtagraítear sa chaibidil seo trí rialuithe riaracháin agus rialuithe ar an láthair.

57. I gcás íocaíochta míchirte, tá oibleagáid ar an tairbhí lena mbaineann na méideanna i gceist a aisíoc. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagal 80 de Rialachán (CE) Uimh. 1122/2009 ón gCoimisiún[10].

CAIBIDIL V

BEARTA TIONLACAIN

Airteagal 17

Státchabhair

58. I gcás na dtáirgí talmhaíochta atá cumhdaithe ag Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gConradh, a bhfuil feidhm ag Airteagail 107, 108 agus 109 maidir leo, féadfaidh an Coimisiún cabhair oibriúcháin a údarú, i gcomhréir le hAirteagal 108 den Chonradh, in earnálacha tháirgeadh, phróiseáil agus mhargú na dtáirgí sin, ar cabhair í lena bhféachtar le baic an táirgthe thalmhaíochta a bhaineann go sonrach leis na hoileáin bheaga a mhaolú, ar baic iad a bhaineann lena gciandacht, a n-iargúltacht, a n-oileánachas, a mbeagmhéid, a dtír-raon sléibhtiúil, a n-aeráid agus a spleáchas eacnamaíoch ar bheagán táirgí.

59. Féadfaidh an Ghréig maoiniú comhlántach a dheonú chun an clár tacaíochta a chur chun feidhme. Sa chás sin, ní mór don Ghréig an státchabhair a fhógairt don Choimisiún agus ní foláir don Choimisiún an státchabhair a fhormheas, i gcomhréir leis an Rialachán seo, mar chuid den chlár sin. Measfar gur fograíodh an státchabhair a fógraíodh amhlaidh de réir bhrí na chéad abairte d'Airteagal 108(3) den Chonradh.

60. Gan dochar do mhír 1 agus do mhír 2 den Airteagal seo agus de mhaolú ar an gcéad fhomhír d'Airteagal 180 de Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 agus ar Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1184/2006 ón gComhairle[11], ní bheidh feidhm ag Airteagail 107, 108 agus 109 den Chonradh maidir leis na híocaíochtaí arna ndéanamh ag an nGréig, i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus Caibidil III agus IV den Rialachán seo á gcur i bhfeidhm.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 18

Dearlaic airgeadais

61. Is idirghabhálacha iad na bearta dá bhforáiltear leis an Rialachán seo, chun na margaí talmhaíochta a thabhairt chun rialtachta de réir bhrí Airteagal 3(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle[12].

62. Maoineoidh an tAontas na bearta dá bhforáiltear i gCaibidil III agus i gCaibidil IV suas le huasmhéid bliantúil de EUR 23,93 milliún.

63. Ní fhéadfaidh an méid a leithdháilfear gach bliain chun na socruithe sonracha soláthair dá bhforáiltear i gCaibidil III a mhaoiniú EUR 6,56 milliún a shárú.

Maidir leis na coinníollacha aonfhoirmeacha faoina bhféadfaidh an Ghréig athrú a dhéanamh ar leithdháileadh na n-acmhainní a leithdháiltear gach bliain do na táirgí éagsúla a chumhdaítear ag na socruithe sonracha soláthair, déanfaidh an Coimisiún iad a leagan síos trí ghníomh cur chun feidhme.

64. D'fhonn leithdháileadh réasúnta agus comhréireach a áirithiú do bhearta maoinithe staidéar, tionscadal taispeána, oiliúna agus cúnaimh theicniúil, socróidh an Coimisiún, trí ghníomh tarmligthe, uasmhéid bliantúil a fhéadfar a leithdháileadh do na bearta sin.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA GINEARÁLTA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 19

Bearta náisiúnta

Déanfaidh an Ghréig na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo, go háirithe maidir leis na rialuithe agus na smachtbhannaí riaracháin, agus cuirfidh sí an Coimisiún ar an eolas ina leith sin.

Airteagal 20

Cumarsáid agus tuarascálacha

65. Tráth nach déanaí ná an 15 Feabhra gach bliain, cuirfidh an Ghréig in iúl don Choimisiún na leithreasaí arna gcur ar fáil di agus a bhfuil sé ar intinn aici a chaitheamh, an bhliain dár gcionn, chun an réamh-mheastachán soláthair agus gach beart i gcomhair an táirgthe áitiúil thalmhaíochta a áirítear sa chlár íocaíochta a chur chun feidhme.

66. Tráth nach déanaí ná an 31 Iúil gach bliain cuirfidh an Ghréig faoi bhráid an Choimisiúin tuarascáil ar chur chun feidhme, i rith na bliana roimhe sin, na mbeart dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

67. Tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2016, agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle tuarascáil ghinearálta ina léireofar tionchar na ngníomhaíochtaí a rinneadh i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus más gá beidh tograí iomchuí ag gabháil leis an tuarascáil sin.

Airteagal 21

Cumhachtaí an Choimisiúin

Nuair a thabharfar cumhachtaí don Choimisiún, gníomhóidh sé i gcomhréir leis an nós imeachta dá tagraítear in Airteagal 22, i gcás gníomhartha tarmligthe, agus i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 25, i gcás gníomhartha cur chun feidhme.

Airteagal 22

Feidhmiú an tarmligin

68. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, ar gníomhartha iad dá dtagraítear sa Rialachán seo, ar feadh tréimhse éiginnte ama.

69. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, ní mór don Choimisiún fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith ag an am céanna.

70. Tugtar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh don Choimisiún faoi reir na bhforálacha dá bhforáiltear in Airteagal 23 agus Airteagal 24.

Airteagal 23

Tarmligean a chúlghairm

71. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 22(1) a chúlghairm tráth ar bith.

72. Déanfaidh an institiúid a chuir tús le nós imeachta inmheánach chun a chinneadh an gcúlghairfear tarmligean na gcumhachtaí an reachtóir eile agus an Coimisiún a chur ar an eolas, ar a dhéanaí aon mhí amháin sula nglacfar an cinneadh deireanach, agus sonróidh sí na cumhachtaí tarmligthe a d'fhéadfadh a bheith faoi réir cúlghairme agus cúiseanna na cúlghairme sin.

73. Leis an gcinneadh an chúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí a bheidh sonraithe sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm láithreach nó ar dháta níos déanaí a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é.

Airteagal 24

Agóidí in aghaidh gníomhartha tarmligthe

74. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe laistigh de dhá mhí ó dháta an fhógra. Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle cuirfear síneadh míosa leis an tréimhse sin.

75. Más rud é, ar dhul in éag na tréimhse sin, nach ndearna Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe nó, más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in iúl don Choimisiún roimh an dáta sin go bhfuil sé beartaithe acu gan agóid a dhéanamh, tiocfaidh an gníomh tarmligthe i bhfeidhm ar an dáta atá leagtha síos i bhforálacha an ghnímh.

76. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh an gníomh sin i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanfaidh an agóid na cúiseanna atá lena hagóid in aghaidh an ghnímh tharmligthe.

Airteagal 25

Gníomhartha cur chun feidhme – coiste

1. Beidh an Coiste um Íocaíochtaí Díreacha arna bhunú le hAirteagal 141 de Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 de chúnamh ag an gCoimisiún.

2. Nuair a ghlacfar na gníomhartha cur chun feidhme de bhua an Rialacháin seo, beidh feidhm ag Airteagal [5] de Rialachán (AE) Uimh. [xxxx/yyyy] (le comhlánú tar éis an rialachán maidir le meicníochtaí i dtaca le rialú dá dtagraítear in Airteagal 291(3) CFAE a ghlacadh, rialachán atá faoi chaibidil faoi láthair ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle). (an nós imeachta scrúdúcháin)

Airteagal 26

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006.

Déanfar tagairtí don Rialachán a aisghaireadh a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil atá san Iarscríbhinn.

Airteagal 27

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an […]ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

[Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2012.]

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh [...], an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

TÁBLA COMHGHAOIL

Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 | An Rialachán seo |

Airteagal 1 | Airteagal 1 |

Airteagal 2 | Airteagal 3(1) |

Airteagal 3 | Airteagal 8 |

Airteagal 4(1) | Airteagal 9(1) |

Airteagal 4(2) | Airteagal 10 |

Airteagal 4 (3) | Airteagal 12(1) |

Airteagal 5 | Airteagal 13 |

Airteagal 7(1) | Airteagal 15(1) |

Airteagal 7(2) | Airteagal 3(2) |

Airteagal 8 | Airteagal 4 |

Airteagal 9(a) agus (b) | Airteagal 15(2) |

Airteagal 9(c), (d), (e) agus (f) | Airteagal 5 |

Airteagal 10 | Airteagal 7, an dara fomhír |

Airteagal 11 | Airteagal 17 |

Airteagal 12 | Airteagal 18 |

Airteagal 13 | Airteagal 6(1) |

Airteagal 14 (a) | Airteagal 6(2) agus (3) |

Airteagal 14 (b) | Airteagal 1, an chéad fhomhír agus Airteagal 14(1) an dara fomhír |

Airteagal 16 | Airteagal 19 |

Airteagal 17 | Airteagal 20 |

Airteagal 18 | Airteagal 26 |

Airteagal 21 | Airteagal 27 |

RÁITEAS AIRGEADAIS | Ráiteas Airgeadais/10/642710 RVDE |

6.13.2010.1 |

DÁTA: |

1. | LÍNE BUISÉID 05 02 11 04 & 05 03 02 51 | LEITHREASAÍ EUR 231 milliún agus EUR 18 milliún |

2. | TEIDEAL: Togra le haghaidh Rialachán (AE) Uimh…/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena nglactar bearta sonracha don talmhaíocht i gcomhair na n-oileán Aeigéach beag |

3. | BUNÚS DLÍ: Airteagal 42 agus Airteagal 43 den Chonradh |

4. | AIDHMEANNA: Comhfhogasú leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh |

5. | IMPLEACHTAÍ AIRGEADAIS | TRÉIMHSE 12 MHÍ (EUR milliún) | BLIAIN REATHA AIRGEADAIS [2010] (EUR milliún) | BLIAIN AIRGEADAIS DÁR gCIONN [2011] (EUR milliún) |

5.0 | CAITEACHAS A GHEARRTAR - AR BHUISÉID AN AE (AISÍOCAÍOCHTAÍ/IDIRGHABHÁLACHA) - Ó NA BUISÉID NÁISIÚNTA - Ó EARNÁLACHA EILE | [1] | - | - |

5.1 | IONCAM - ACMHAINNÍ AN AE FÉIN (TOBHAIGH/DLEACHTANNA CUSTAIM) - NÁISIÚNTA | - | - | - |

2012 | 2013 | 2014 | 2015 |

5.0.1 | CAITEACHAS MEASTA | (1) | (1) | (1) | (1) |

5.1.1 | IONCAM MEASTA | (1) | (1) | (1) | (1) |

5.2 | MODH DON RÍOMH: |

6.0 | AN FÉIDIR AN TIONSCNAMH A MHAOINIÚ Ó LEITHREASAÍ A CUIREADH ISTEACH SA CHAIBIDIL ÁBHARTHA DEN BHUISÉAD REATHA? | IS FÉIDIR NÍ FÉIDIR |

6.1 | AN FÉIDIR AN TIONSCNAMH A MHAOINIÚ LE TRASDUL IDIR CAIBIDILÍ AN BHUISÉID REATHA? | IS FÉIDIR NÍ FÉIDIR |

6.2 | AN mBEIDH GÁ LE BUISÉAD FORLÍONTACH? | BEIDH NÍ BHEIDH |

6.3 | AN mBEIDH GÁ LEITHREASAÍ A CHUR ISTEACH I mBUISÉID AMACH ANSEO? | BEIDH NÍ BHEIDH |

BARÚLACHA: Beidh ardleibhéal cur chun feidhme ag na cláir seo. Cé nach n-athrófar an t-uasmhéid bliantúil i ngeall ar na leasuithe atá beartaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle, athrófar uasmhéid na socruithe sonracha soláthair go EUR 6.56 milliún, rud as a dtiocfaidh leithdháileadh difriúil na n-acmhainní a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar luas an chaiteachais. Ní féidir, áfach, an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ann a thomhas ag an bpointe seo. |

[1] IO C […], […], lch. […].

[2] IO C […], […], lch. […].

[3] IO C […], […], lch. […].

[4] IO C […], […], lch. […].

[5] IO L 265 an 26.9.2006, lch. 1 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 (IO L 270 an 21.10.2003, lch. 1.)

[6] IO L 299, 16.11.2007, lch. 1.

[7] IO C […], […], lch. […].

[8] IO L 155, 18.6.2009, lch. 30.

[9] IO L 277, 21.10.2005, lch. 1.

[10] IO L 316, 2.12.2009, lch. 65.

[11] IO L 214, 4.8.2006, lch. 7.

[12] IO L 209, 11.8.2005, lch. 1.