Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh fuinnimh /* COM/2010/0726 final - COD 2010/0363 */
GA An Bhruiséil 8.12.2010 COIM(2010) 726 leagan deireanach 2010/0363 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh fuinnimh {SEC(2010) 1510 leagan deireanach} {SEC(2010) 1511 leagan deireanach} MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. Comhthéacs an togra Is toradh dearfach ar an margadh leictreachais agus gáis a bheith á léirscaoileadh ar feadh deich mbliana é gur forbraíodh malartuithe cumhachta agus conarthaí caighdeánaithe thar an gcuntar a mheallann raon leathan gníomhaithe lena n-áirítear gineadóirí agus soláthraithe, úsáideoirí móra fuinnimh, glantrádálaithe, institiúidí airgeadais agus éascaitheoirí trádála eile. Cothaíonn margaí fuinnimh Eorpacha atá iomaíoch agus comhtháite nuálaíocht agus éifeachtúlacht. Tugann margaí mórdhíola leachtacha agus doimhne gáis agus leictreachais muinín do ghnóthais go bhfuil siad in ann freagairt go solúbtha d’athruithe ar choinníollacha an mhargaidh – agus infheistíocht i nginiúint agus i mbonneagar nua á cothú, nithe a bhfuil gá leo mar chuid den phróiseas chun soláthar fuinnimh na hEorpa a athrú ó bhonn. Cinntear na costais fuinnimh a bhíonn ag teaghlaigh agus ag gnóthais trí mheán na bpraghsanna ar mhargaí mórdhíola freisin. Dá bhrí sin, ní mór do shaoránaigh, do ghnóthais agus d’údaráis muinín a bheith acu as sláine na margaí mórdhíola fuinnimh sin. Mura dtugtar aghaidh go héifeachtach ar chleachtais éagóracha trádála, féadfaidh siad dochar a dhéanamh do mhuinín an phobail, daoine a chur ó infheistiú, cur le luaineacht praghsanna fuinnimh agus féadfar praghsanna níos airde tríd is tríd a bheith ann dá mbarr. I mí na Nollag 2007, d’iarr an Coimisiún comhairle ó Choiste na Rialtóirí um Urrúis Eorpacha (CESR) agus ó Ghrúpa Rialálaithe na hEorpa um Leictreachas agus um Ghás (ERGEG) maidir le saincheisteanna a bhaineann le trédhearcacht agus drochúsáid mhargaidh an mhargaidh mhórdhíola fuinnimh. Ba é an freagra a thug siad ná gur cheart don Choimisiún machnamh a dhéanamh ar thograí a fhorbairt agus a mheasúnú maidir le creat bunúsach saincheaptha do dhrochúsáid mhargaidh i reachtaíocht na hearnála fuinnimh le haghaidh na dtáirgí gáis agus leictreachais go léir nach bhfuil cumhdaithe faoin Treoir um Dhrochúsáid Mhargaidh [1]. Tugadh an chomhairle sin tar éis dóibh a chinneadh go bhfuil easnaimh sna rialacha infheidhme agus sa leibhéal trédhearcachta de bharr an chórais reatha. 2. Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara I mí na Bealtaine 2009 reáchtáil Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh (dá ngairtí DG TREN ag an am sin) ceardlann chun tuairimí na ngeallsealbhóirí a fháil agus chun plé a dhéanamh ar an tslí is fearr chun córas monatóireachta a fhorbairt d’fhonn sláine an mhargaidh agus trédhearcacht ar mhargaí fuinnimh a áirithiú. Reáchtáladh ceardlann eile i nDeireadh Fómhair 2009 ar ghlac go leor den lucht tionscail páirt ann agus rinneadh cur síos ar bhunchlocha córais i leith shláine an mhargaidh a bheidh sainiúil don earnáil. Thíolaic Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh dréacht-phlépháipéar [2] ag an bhFóram Eorpach um Rialáil Leictreachais (Fóram Fhlórans) i mí na Nollag 2009 agus ag an bhFóram Eorpach um Rialáil Gáis (Fóram Mhaidrid) in Eanáir 2010. Iarradh ar gheallsealbhóirí a dtograí agus a dtuairimí maidir leis na roghanna beartais a cuireadh i láthair a chur isteach faoi mhí Feabhra 2010. Reáchtáladh comhairliúchán poiblí iomlán ón 31 Bealtaine 2010 go dtí an 23 Iúil 2010. Cuireadh an fhaisnéis ar fad faoin bpróiseas comhairliúcháin, na doiciméid agus na cuir i láthair a úsáideadh i gcruinnithe na ngeallsealbhóirí ar fáil ar shuíomh Gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh [3]. 3. Measúnú tionchair Tá Measúnú Tionchair ag gabháil leis an togra seo ina ndéantar cíoradh mionchruinn ar na roghanna maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh fuinnimh a áirithiú. Tá an Tuarascáil ar an Measúnú Tionchair curtha ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisiúin. [4] 4. Eilimintí dlí an togra 4.1. Bunús dlí Tá an togra bunaithe ar Airteagal 194(2) CFAE. Sonraítear san Airteagal seo go bhféachfar chuige i mbeartas an Aontais maidir le fuinneamh, inter alia, i gcomhthéacs bhunú agus fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, feidhmiú an mhargaidh fuinnimh a áirithiú agus is ionann é dá bhrí sin agus an bunús dlí is feiliúnaí do Rialachán sa réimse sin. Tá Rialachán ar an ionstraim dlí is iomchuí chun rialacha comhsheasmhacha a bhunú a bhfuil feidhm acu maidir le margaí fuinnimh trasteorann, agus feidhm mhonatóireachta ar an leibhéal Eorpach agus forfheidhmiú comhordaithe ar fud na mBallstát i gceist leo. 4.2. Coimhdeacht agus comhréireacht 4.2.1. Prionsabal na coimhdeachta Beidh feidhm ag prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach é, sa mhéid is nach dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Tá margaí mórdhíola fuinnimh ríthábhachtach ó thaobh fholláine shaoránaigh na hEorpa, acmhainn iomaíochta ghnóthais na hEorpa agus ó thaobh rath a bheith ar bheartas fuinnimh an AE. Mar a tugadh le fios go soiléir sa chomhairle a chuir siad ar an gCoimisiún, ní féidir le rialálaithe airgeadais agus fuinnimh aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar imní faoi dhrochúsáid mhargaidh mar gheall ar mhainneachtain idirnáisiúnta agus rialú neamhiomlán i dteannta a chéile. Is minice ná a mhalairt a fheidhmíonn margaí fuinnimh an AE thar theorainneacha náisiúnta i dtéarmaí na n-áiteanna ina mbíonn trádáil ar siúl agus i dtéarmaí na n-áiteanna ina mbíonn táirgeadh agus tomhaltas ar siúl. Mar thoradh air sin, déantar praghsanna a shocrú bunaithe ar sholáthar agus ar éileamh i roinnt mhaith tíortha. [5] Beidh an cleachtas sin á threisiú le cúpláil an mhargaidh idir mhalartuithe cumhachta ar fud an AE [6] , atá beartaithe a bheith i bhfeidhm faoi 2015, agus leis an athrú chuig gás a thrádáil bunaithe ar mhoil mar aon le taraifí tarchurtha gáis iontrála/scoir. Ina theannta sin áirítear ar mhargaí mórdhíola fuinnimh malartuithe eagraithe agus idirbhearta bróicéireachta thar an gcuntar (OTC). Go háirithe, is minic a dhéantar idirbhearta OTC lasmuigh den tír a mbaineann an trádáil léi. Bíonn tionchar ag idirbhearta den sórt sin ar thrádáil ar mhalartuithe cumhachta freisin. Maidir le drochúsáid mhargaidh a tharlaíonn i margadh ar leith, is léir go mbeidh tionchar aici ar thíortha ar fud an Aontais Eorpaigh, seachas ar Bhallstát aonair, díreach mar a d’fhéadfadh iompar frithiomaíoch ar mhargaí fuinnimh dul i gcion ar thrádáil idir Bhallstáit agus difear a dhéanamh do chustaiméirí ar fud an mhargaidh inmheánaigh [7]. Dá bhrí sin, tá gá le rialacha comhsheasmhacha ar fud an mhargaidh inmheánaigh mar aon le meicníocht d’údaráis rochtain a dhéanamh ar fhaisnéis ó gach áit san Aontas d’fhonn forbairtí sa mhargadh a thuiscint go hiomlán. Tá iarrachtaí ar bun ar an leibhéal náisiúnta chun monatóireacht ar mhargaí fuinnimh a chur i bhfeidhm. [8] Mar gheall ar an gcaoi ina bhfuil margaí fuinnimh eagraithe, beidh sé deacair ar Bhallstáit ar leith rochtain a fháil ar an raon sonraí is gá lena áirithiú go ndéanfar drochúsáid mhargaidh a bhrath agus a chosc go héifeachtach. D’fhéadfadh na tionscnaimh sin iomadú gan gníomhaíocht ar leibhéal an AE agus d’fhéadfadh baol a bheith ann go mbeidh rannpháirtithe sa mhargadh neamhchosanta ar chórais chontrártha agus neamhchomhordaithe. Toisc gur fadhb thrasteorann atá ann, is léir go bhfuil ról ríthábhachtach le himirt ag gníomhaíocht ar leibhéal an AE maidir le sláine mhargaí fuinnimh na hEorpa a áirithiú. Is féidir le comhordú ar leibhéal an AE a áirithiú nach gcaillfear buntáistí an mhargaidh inmheánaigh i bhfuinnimh mar thoradh ar iompar sa mhargadh a dhéanann dochar don mhuinín atá ag saoránaigh agus ag lucht gnó as an bpróiseas socraithe praghsanna, i gcás a mbíonn an t-iompar ar bun i mBallstát nach é an Ballstát a bhíonn thíos leis an iompar sin. Cruthóidh an Rialachán creatlach ina sainítear rialacha atá comhsheasmhach agus curtha in oiriúint do shaintréithe na margaí fuinnimh agus ar ceapadh iad chun drochúsáid mhargaidh a bhrath agus a chosc go héifeachtach. Foráiltear sa rialachán go mbeidh an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (An Ghníomhaireacht) [9] ag obair go dlúth leis na húdaráis rialála náisiúnta a bunaíodh faoi Threoir 2009/72/CE agus faoi Threoir 2009/73CE agus le húdaráis inniúla eile chun monatóireacht a dhéanamh ar mhargaí leictreachais agus gáis, agus lena áirithiú go ndéanfar gníomhaíocht forfheidhmithe chomhordaithe. Ní amháin go mbíonn leas díreach ag údaráis na mBallstáit i dtorthaí a gcuid margaí, ach bíonn tuiscint thábhachtach acu ar fhorás thorthaí na margaí ina ndlínse. Mar sin, beidh sé ríthábhachtach prionsabal na coimhdeachta a urramú lena áirithiú go mbeidh gníomhaíocht ar leibhéal an AE éifeachtach. Éascófar, leis an Rialachán seo, monatóireacht níos éifeachtúla ar an leibhéal náisiúnta, trí rochtain ar shonraí cuimsitheacha a thabhairt d’údaráis ar an leibhéal náisiúnta, agus cinnteofar freisin go soláthróidh an Ghníomhaireacht dearcadh iomchuí ar an leibhéal Eorpach ar mhargaí gáis agus leictreachais, agus an saineolas is gá maidir le margaí agus córais leictreachais agus gáis na hEorpa a fheidhmiú. 4.2.2. Prionsabal na comhréireachta I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach in Airteagal 3(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach é, ní théann an togra seo thar a bhfuil riachtanach, go háirithe maidir lena thionchar orthu siúd a dhéanann trádáil i dtáirgí mórdhíola fuinnimh, chun na cuspóirí beartaithe a bhaint amach, eadhon feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh fuinnimh a áirithiú trí shláine agus thrédhearcacht margaí mórdhíola fuinnimh a áirithiú. 4.3. Míniú Mionsonraithe 4.3.1. Rialacha soiléire agus comhsheasmhacha Forbraítear faoin Rialachán seo rialacha lena dtoirmeasctar go soiléir drochúsáid mhargaidh ar mhargaí mórdhíola i leictreachas agus i dtáirgí gaolmhara, agus ar mhargaí mórdhíola i ngás nádúrtha agus i dtáirgí gaolmhara. Áirítear ar na rialacha sin toirmisc shoiléire ar thrádáil ar fhaisnéis ón taobh istigh, agus ar chúbláil mhargaidh. Ceaptar na rialacha sin i gcaoi is go mbeidh siad comhsheasmhach leis an Treoir um Dhrochúsáid Mhargaidh, agus níl feidhm acu maidir leis na hionstraimí airgeadais atá clúdaithe faoin Treoir sin cheana. Mar thoradh air sin líonfar na heasnaimh a shainaithin CESR agus ERGEG, agus toirmeascfar go sainráite drochúsáid mhargaidh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh. 4.3.2. Rialacha inoiriúnaithe agus comhoiriúnacha Ceadaítear leis an Rialachán na rialacha sin a shonrú i ngníomhartha tarmligthe an Choimisiúin. Bhí an cur chuige seo, lenar féidir saintréithe na margaí fuinnimh, atá faoi réir athruithe, a chur san áireamh, mar rogha cur chuige sna freagairtí a thug lucht tionscail don chomhairliúchán poiblí. Tá sé ábhartha anseo go n-athrófar an tslí ina n-oibreoidh margaí trasteorann ar go leor bealaí mar thoradh ar ghlacadh le cóid líonra faoi reachtaíocht an Tríú Pacáiste um Léirscaoileadh Fuinnimh. Mar gheall ar an gcur chuige sin, beidh rialálaithe airgeadais in ann rialacháin mhionsonraithe den sórt sin a chur san áireamh agus an Treoir um Dhrochúsáid Mhargaidh (MAD) á cur chun feidhme acu maidir le hionstraimí airgeadais a bhaineann le fuinneamh. 4.3.3. Bearta maidir le drochúsáid mhargaidh a bhrath agus a chosc go héifeachtach Monatóireacht ar an margadh D’fhonn drochúsáid mhargaidh a bhrath, tá gá le monatóir margaidh a fheidhmíonn go héifeachtach agus atá in ann sonraí iomlána idirbheart a rochtain go tráthúil. Is féidir le monatóireacht ar an margadh ar leibhéil an AE glacadh leis an dearcadh iomlánaíoch a bhfuil gá leis chun monatóireacht a dhéanamh ar mhargaí fuinnimh. Tá an saineolas is gá i margaí fuinnimh ag an nGníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (An Ghníomhaireacht) agus tá na naisc institiúideacha is gá le rialálaithe fuinnimh náisiúnta aici ionas gur féidir léi an ról sin a chomhlíonadh. Foráiltear leis an Rialachán seo go ndéanfadh an Ghníomhaireacht sonraí ó mhargaí mórdhíola fuinnimh a chruinniú, a athbhreithniú agus a roinnt. Bíonn leas díreach ag údaráis na mBallstáit, lena n-áirítear údaráis rialála náisiúnta, rialálaithe airgeadais agus údaráis iomaíochta i dtorthaí a gcuid margaí agus soláthraíonn siad tuiscint ríthábhachtach ar na margaí ina ndlínse. Dá bhrí sin, tá comhoibriú idir an Ghníomhaireacht agus na húdaráis náisiúnta ríthábhachtach le haghaidh na monatóireachta dá bhforáiltear. Tuairisciú Sonraí Leis an Rialachán seo, ceanglaítear ar rannpháirtithe sa mhargadh taifead ar a n-idirbhearta i dtáirgí mórdhíola fuinnimh a thabhairt don Ghníomhaireacht. Beidh foirm, inneachar agus tráthú na faisnéise a bheidh le soláthar leagtha síos i ngníomhartha tarmligthe an Choimisiúin. Beidh na nithe sin bunaithe ar dhréacht-treoirlínte arna bhforbairt ag an nGníomhaireacht. Déanfar foráil do roinnt bealaí le sonraí a thuairisciú faoi na treoirlínte sin. Éascóidh an méid sin an t-ualach ar rannpháirtithe sa mhargadh agus seachnófar oibleagáidí tuairiscithe dúbláilte a bheith ar eintiteas atá cumhdaithe ag an Treoir um Dhrochúsáid Mhargaidh. Imscrúdú agus Forfheidhmiú Déanfar imscrúdú éifeachtach in éineacht leis an monatóireacht ar an margadh má táthar in amhras go bhfuil drochúsáid mhargaidh ann, agus forchuirfear smachtbhannaí iomchuí más gá dá bharr. Is iad na húdaráis rialála náisiúnta is mó a bheidh freagrach as an méid sin faoin Rialachán, faoina gceanglaítear ar Bhallstáit na cumhachtaí is gá a thabhairt dóibh chun drochúsáid mhargaidh amhrasta a imscrúdú agus rialacha iomchuí maidir leis na pionóis is infheidhme i gcás sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos. Aithnítear faoin Rialachán freisin go mbeidh comhoibriú ríthábhachtach toisc gur margaí trasteorann iad margaí fuinnimh. Tugtar ról tábhachtach do ACER (an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh) maidir leis an gcomhoibriú sin. Áiritheoidh sé, i ndlúth-thadhall le rialálaithe fuinnimh agus le maoirseoirí airgeadais, go nglacfar le cur chuige comhsheasmhach i leith drochúsáid mhargaidh amhrasta, agus údaráis rialála náisiúnta á gcur san airdeall faoi dhrochúsáid mhargaidh a d’fhéadfadh a bheith ann agus malartú faisnéise á éascú. Beidh tábhacht faoi leith ag baint leis an ról comhordaithe sin má bhíonn roinnt Ballstát cumhdaithe in imscrúdú nó i gcás nach léir cá háit ar tharla an drochúsáid mhargaidh i ndáiríre. Déantar foráil leis an Rialachán go bhféadfaí grúpa imscrúdaithe a bhunú, arna chomhordú ag an nGníomhaireacht, ach ina mbeadh ionadaithe na n-údarás rialála náisiúnta lena mbaineann. 5. Impleachtaí buiséadacha Tá forbhreathnú ar impleacht an togra seo curtha i láthair sa ráiteas airgeadais reachtach a ghabhann leis. 2010/0363 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le sláine agus trédhearcacht an mhargaidh fuinnimh (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún [10], Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a tharchur chuig na Parlaimintí náisiúnta, Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa [11], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún [12], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, De bharr an méid seo a leanas: (1) Tá sé tábhachtach a áirithiú gur féidir le tomhaltóirí muinín a bheith acu as sláine na margaí leictreachais agus gáis agus go léireoidh praghsanna arna socrú ar mhargaí mórdhíola fuinnimh idirghníomhú cothrom idir soláthar agus éileamh. (2) Sa chomhairle a thug Coiste na Rialtóirí um Urrúis Eorpacha agus Grúpa Rialálaithe na hEorpa um Leictreachas agus um Ghás, dearbhaíodh go mb’fhéidir nach dtugtar aghaidh ar cheisteanna maidir le sláine an mhargaidh ar na margaí gáis agus leictreachais faoi raon feidhme na reachtaíochta reatha agus moladh machnamh a dhéanamh ar chreat reachtaíochta iomchuí a bhunú san earnáil fuinnimh chun drochúsáid mhargaidh a chosc. (3) Tá margaí fuinnimh nasctha le chéile níos mó ná riamh ar fud an Aontais. Bíonn tionchar ag drochúsáid mhargaidh i mBallstát amháin ar phraghsanna mórdhíola gáis agus leictreachais thar theorainneacha náisiúnta. Ní mór a áirithiú dá bhrí sin nach faoi Bhallstáit aonair, agus fúthu amháin, a bheidh sé sláine na margaí a áirithiú. (4) Cuimsíonn margaí mórdhíola fuinnimh margaí tráchtearraí agus margaí na ndíorthach, agus bíonn socrú praghsanna sa dá earnáil nasctha le chéile. (5) Bhí cleachtais mhonatóireachta ar mhargaí fuinnimh sainiúil don Bhallstát agus don earnáil go dtí seo. Ag brath ar chreat foriomlán an mhargaidh agus ar an staid ó thaobh cúrsaí rialúcháin, d’fhéadfadh gníomhaíochtaí trádála a bheith faoi réir ildlínsí agus monatóireacht á déanamh ag roinnt údarás éagsúil, a d’fhéadfadh a bheith i mBallstáit éagsúla. Mar thoradh air sin, d’fhéadfadh easpa soiléireachta a bheith ann faoi cé atá freagrach as an monatóireacht sin agus d’fhéadfadh cás a bheith ann ina mbeadh sí in easnamh fiú. (6) Níl iompar a dhéanann dochar do shláine an mhargaidh fuinnimh toirmiscthe go soiléir faoi láthair ar roinnt de na margaí fuinnimh is tábhachtaí. (7) Úsáidtear trádáil díorthach in éineacht le trádáil tráchtearraí ar mhargaí mórdhíola fuinnimh. Tá sé tábhachtach dá bhrí sin go mbeidh na sainithe ar dhrochúsáid mhargaidh, a bhfuil déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh i gceist léi, ag luí le chéile ag margaí na ndíorthach agus margaí tráchtearraí. (8) I Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha rochtana ar an ngréasán um malartuithe trasteorann sa leictreachas [13] agus i Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 maidir le coinníollacha le haghaidh rochtana ar na gréasáin gáis nádúrtha [14] aithnítear go bhfuil gá le rochtain chomhionann ar fhaisnéis maidir le stádas fisiceach agus le héifeachtúlacht an chórais ionas go mbeidh rannpháirtithe uile an mhargaidh in ann staid fhoriomlán an éilimh agus an tsoláthair a mheasúnú agus go mbeidh siad in ann cúiseanna na n-athruithe sa phraghas mórdhíola a shainaithint. (9) Ba cheart úsáid faisnéise ón taobh istigh nó féachaint lena húsáid ag duine le trádáil ar a chuntas féin nó ar chuntas tríú páirtí a thoirmeasc go soiléir. Féadfar gur úsáid faisnéise ón taobh istigh é táirgí mórdhíola fuinnimh a thrádáil ag daoine, a bhfuil a fhios acu nó ar cheart dóibh fios a bheith acu, gur faisnéis ón taobh istigh í an fhaisnéis atá acu. (10) Is é atá i gceist le cúbláil ar mhargaí mórdhíola fuinnimh é a chur faoi deara go saorga praghsanna a bheith ag leibhéal nach leibhéal cóir é ag féachaint d’infhaighteacht agus costais an táirgthe, acmhainn stórála nó iompair agus éileamh. (11) Tá gá leis na sainithe ar fhaisnéis ón taobh istigh agus ar chúbláil mhargaidh a shonrú chun sainiúlacht margaí mórdhíola fuinnimh, atá dinimiciúil agus faoi réir athruithe, a chur san áireamh. Ba cheart é a bheith de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh i ndáil le rialacha mionsonraithe den sórt sin. (12) I Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ón gComhairle Eorpach agus ón bParlaimint lena mbunaítear Gníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh [15] déantar cuspóirí Airteagal 194 den Chonradh a chur chun cinn. Dá mbeadh an tAirteagal sin i bhfeidhm nuair a glacadh le Rialachán (CE) Uimh. 713, dhéanfaí foráil leis maidir leis an mbunús dlí chun an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (An Ghníomhaireacht) a bhunú. (13) Tá monatóireacht éifeachtach ar an margadh ríthábhachtach le drochúsáid mhargaidh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh a bhrath agus a chosc. Is í an Ghníomhaireacht an grúpa is fearr chun an mhonatóireacht sin a dhéanamh, toisc go bhféachann sí ar mhargaí gáis agus leictreachais ar leibhéal an Aontais, agus toisc go bhfuil an saineolais is gá aici maidir le margaí agus córais leictreachais agus gáis san Aontas a fheidhmiú. Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta ról tábhachtach a bheith acu maidir le monatóireacht éifeachtúil ar an margadh a áirithiú toisc go bhfuil tuiscint acu ar fhorbairtí ar mhargaí fuinnimh ina mBallstát. (14) Tá gá le rochtain rialta ar thaifid na n-idirbheart ionas gur féidir monatóireacht éifeachtach a dhéanamh ar an margadh. Dá bhrí sin, ba cheart a cheangal ar rannpháirtithe sa mhargadh a thrádálann táirgí mórdhíola fuinnimh an fhaisnéis sin a sholáthar don Ghníomhaireacht. (15) Lena áirithiú go mbeidh an tsolúbthacht is gá ann maidir le faisnéis faoi idirbhearta táirgí mórdhíola fuinnimh a bhailiú, ba cheart é a bheith de chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh, ina mbeidh tráthú, foirm agus inneachar na faisnéise a cheanglófar ar rannpháirtithe sa mhargadh a sholáthar leagtha amach. Níor cheart d’oibleagáidí tuairiscithe costais nach bhfuil gá leo a chruthú do rannpháirtithe sa mhargadh. Maidir leis na daoine a thuairiscíonn idirbhearta d'údaráis inniúla i gcomhréir le forálacha Threoir 2004/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais [16], agus maidir le stórtha trádála agus údaráis inniúla i gcomhréir le forálacha Rialachán…/…ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díorthaigh, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála, ní cheart go mbeidís faoi réir aon oibleagáidí tuairiscithe breise faoin Rialachán seo. (16) D'fhonn monatóireacht éifeachtúil a dhéanamh ar na gnéithe ar fad a bhaineann le trádáil táirgí mórdhíola fuinnimh a éascú, ba cheart don Ghníomhaireacht meicníochtaí a bhunú chun rochtain ar an bhfaisnéis a fhaigheann sí faoi idirbhearta ar mhargaí mórdhíola fuinnimh a thabhairt d’údaráis iomchuí eile, go háirithe don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (an ESMA) a bunaíodh le Rialachán (AE) ---/---- ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí [rialachán an ESMA – togra ón gCoimisiún 2009/0144 (COD)] d’údaráis rialála náisiúnta, d’údaráis airgeadais inniúla na mBallstát, d’údaráis iomaíocha na mBallstát agus d’údaráis iomchuí eile. (17) Ba cheart don Ghníomhaireacht slándáil oibríochtúil na sonraí a fhaigheann sí a áirithiú, rochtain neamhúdaraithe ar an bhfaisnéis a choinníonn an Ghníomhaireacht a chosc, agus nósanna imeachta a bhunú lena áirithiú nach mbainfidh daoine a bhfuil rochtain údaraithe acu ar na sonraí a bhailíonn sí drochúsáid astu. Ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith cinnte freisin go mbeidh na húdaráis a bhfuil rochtain acu ar na sonraí atá i seilbh na Gníomhaireachta in ann leibhéal slándála a chothabháil atá chomh hard lena leibhéal slándála féin. (18) I gcás nach faisnéis íogair ó thaobh tráchtála í an fhaisnéis, ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith in ann an fhaisnéis sin a chur ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh agus don phobal trí chéile. Is féidir le trédhearcacht den sórt sin cabhrú le muinín as an margadh a chothú agus le heolas ar fheidhmiú margaí mórdhíola fuinnimh a fhorbairt. (19) Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta a bheith freagrach as a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm sna Ballstáit. Chuige sin, ba cheart na cumhachtaí imscrúdaithe is gá a bheith acu ionas gur féidir leo an cúram sin a chur i gcrích go héifeachtúil. (20) Ba cheart don Ghníomhaireacht a áirithiú go gcuirfear an Rialachán seo chun feidhme ar bhealach comhordaithe ar fud an Aontais, agus go mbeidh sé i gcomhréir le cur chun feidhme Threoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh (drochúsáid mhargaidh) [17]. Toisc gur minic a théann drochúsáid mhargaidh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh i gcion ar níos mó ná Ballstát amháin, ba cheart don Ghníomhaireacht ról tábhachtach a bheith aici maidir lena áirithiú go ndéanfar imscrúduithe ar bhealach éifeachtúil agus comhtháite. D’fhonn an cuspóir sin a bhaint amach, ba cheart di a bheith in ann feidhmiú na ngrúpaí imscrúdaithe a chomhordú ina bhfuil ionadaithe na n-údarás rialála náisiúnta lena mbaineann, agus nuair is iomchuí, údaráis eile. (21) Ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta agus d’údaráis airgeadais iomchuí comhoibriú chun cur chuige comhordaithe a áirithiú i dtaca le dul i ngleic le drochúsáid mhargaidh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh lena n-áirítear margaí tráchtearraí agus margaí na ndíorthach araon. (22) Tá sé tábhachtach go mbíonn feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir leo siúd a fhaigheann faisnéis rúnda i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo. (23) Tá sé tábhachtach go mbíonn pionóis de bharr sháruithe an Rialacháin seo comhréireach agus athchomhairleach, agus go dtagann siad le tromaíocht na sáruithe agus na ngnóthachan a d’fhéadfadh teacht as trádáil ar bhonn faisnéise ón taobh istigh agus cúbláil mhargaidh. D’fhonn a aithint go bhfuil idirghníomhaíocht idir earraí iarbhír leictreachais agus gáis agus earraí díorthacha leictreachais agus gáis a thrádáil, ba cheart do na pionóis de bharr sháruithe an Rialacháin seo a bheith ag teacht leis na pionóis arna nglacadh ag na Ballstáit maidir le Treoir 2003/6/CE a chur i bhfeidhm. (24) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon creat comhchuibhithe a sholáthar chun trédhearcacht agus sláine an mhargaidh fuinnimh a áirithiú, a ghnóthú go leordhóthanach ag feidhmiú ina n-aonar agus, dá bhrí sin, gur fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Ábhar, raon feidhme agus gaol le reachtaíocht eile de chuid an Aontais Bunaítear rialacha faoin Rialachán seo lena dtoirmeasctar míchleachtais ar mhargaí mórdhíola fuinnimh atá ag luí leis na cinn atá i bhfeidhm i margaí airgeadais. Foráiltear leis do mhonatóireacht a dhéanamh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh ag an ngníomhaireacht. Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí mórdhíola fuinnimh a thrádáil. Ní bheidh feidhm ag forálacha Airteagal 3 agus Airteagal 4 maidir le táirgí mórdhíola fuinnimh ar ionstraimí airgeadais iad agus nach bhfuil feidhm ag forálacha Airteagal 9 de Threoir 2003/6/CE ina leith. Tá an Rialachán seo gan dochar do Threoir 2003/6/CE agus Threoir 2004/39/CE agus tá sé gan dochar freisin do chur i bhfeidhm fhorálacha dhlí Eorpach na hiomaíochta maidir leis na cleachtais a chumhdaítear sa Rialachán seo. Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht, údaráis rialála náisiúnta agus údaráis airgeadais inniúla lena áirithiú go nglacfar le cur chuige comhordaithe i leith na rialacha iomchuí a fhorfheidhmiú i gcás ina mbaineann na gníomhartha le hionstraim airgeadais nó le hionstraimí airgeadais a bhfuil feidhm ag forálacha Airteagal 9 de Threoir 2003/6/CE ina leith agus le táirge mórdhíola fuinnimh amháin nó níos mó a bhfuil feidhm ag forálacha Airteagal 3 agus Airteagal 4 ina leith. Airteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: 1. Ciallaíonn “faisnéis ón taobh istigh” faisnéis chruinn nár cuireadh ar fáil don phobal, agus a bhaineann go díreach nó go hindíreach le táirge miondíola fuinnimh amháin nó níos mó, faisnéis a d’fhéadfadh, dá gcuirfí ar fáil don phobal í, tionchar mór a bheith aici ar phraghsanna na dtáirgí mórdhíola fuinnimh sin; Ar mhaithe leis an gcéad fhomhír a chur i bhfeidhm, faisnéis ar dhócha go n-úsáidfeadh rannpháirtí réasúnta sa mhargadh í mar chuid den bhunús dá chinneadh idirbheart a bhaineann le táirge mórdhíola fuinnimh a dhéanamh, is faisnéis í, ar dhóigh di tionchar mór a bheith aici ar phraghsanna na dtáirgí mórdhíola fuinnimh sin dá gcuirfí ar fáil don phobal í. Áirítear ar an bhfaisnéis sin faisnéis a bhaineann le hacmhainn saoráidí maidir le leictreachas nó gás nádúrtha a tháirgeadh, a stóráil, a ídiú nó a tharchur agus faisnéis nach foláir a nochtadh de réir forálacha dlíthiúla nó forálacha rialála ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal náisiúnta, de réir rialacha an mhargaidh, agus de réir conarthaí nó custam ar an margadh mórdhíola fuinnimh iomchuí. Mar shampla, d’fhéadfadh faisnéis nach foláir a chur ar fáil don phobal de réir fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 nó Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, lena n-áirítear treoirlínte agus cóid líonra arna nglacadh de bhun na Rialachán sin, a bheith mar fhaisnéis ón taobh istigh. 2. Ciallaíonn cúbláil mhargaidh: (a) idirbhearta a dhéanamh nó orduithe a thabhairt táirgí mórdhíola fuinnimh a thrádáil más rud gur idirbheart nó ordú é: – faoina dtugtar nó faoinar dócha go dtabharfar comharthaí míthreoracha nó bréagacha maidir le soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh maidir leis an éileamh atá orthu, nó maidir lena bpraghsanna, nó – faoina ndéanann duine nó daoine ag gníomhú i gcomhar le chéile an praghas atá ar tháirge mórdhíola fuinnimh amháin nó níos mó nó a shocrú ag leibhéal neamhghnách nó saorga nó faoina bhféachann siad lena shocrú, mura suíonn an duine a rinne na hidirbhearta nó a thug na horduithe chun trádáil a dhéanamh go bhfuil cúiseanna dlisteanacha aige amhlaidh a dhéanamh agus go bhfuil na hidirbhearta nó na horduithe sin chun trádáil a dhéanamh i gcomhréir le cleachtais mhargaidh a nglactar leo ar an margadh mórdhíola fuinnimh lena mbaineann; nó – ina n-úsáidtear seifteanna samhailteacha nó dallamullóg nó gléas de chineál eile nó ina bhféachtar lena n-úsáid; (b) ina ndéantar faisnéis a scaipeadh a thugann, nó is dócha a thabharfaidh, comharthaí bréagacha nó míthreoracha maidir le táirgí mórdhíola fuinnimh, lena n-áirítear ráflaí agus scéala bréagach nó míthreorach a scaipeadh, i gcás ina raibh a fhios ag an duine a scaip é nó inar cheart dó fios a bheith aige, gur faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a bhí ann. Maidir le hiriseoirí ag gníomhú dóibh i gcáil ghairmiúil, ní foláir measúnú a dhéanamh ar scaipeadh faisnéise den sórt sin ag féachaint do na rialacha faoina rialaítear a ngairm, mura mbaineann na daoine sin, go díreach nó go hindíreach, buntáiste nó brabúis ón bhfaisnéis atá i gceist a scaipeadh. Mar shampla, is cúbláil mhargaidh é a thabhairt le tuiscint go bhfuil toilleadh giniúna leictreachais infheidhme nó gás infheidhme ann, nó go bhfuil toilleadh tarchurtha infheidhme ann nach ionann é agus an toilleadh atá ar fáil go fisiciúil i ndáiríre. 3. Ciallaíonn “iarracht chun an margadh a chúbláil”: (a) idirbheart a dhéanamh, ordú chun trádáil a dhéanamh, nó aon ghníomh eile a dhéanamh a bhaineann le táirge mórdhíola fuinnimh ar mhaithe leis na nithe seo a leanas a dhéanamh: – comharthaí míthreoracha nó bréagacha a thabhairt maidir le soláthar táirgí mórdhíola fuinnimh maidir leis an éileamh atá orthu, nó maidir lena bpraghsanna; – an praghas atá ar tháirge mórdhíola fuinnimh amháin nó níos mó a shocrú ar leibhéal neamhghnách nó saorga; nó – seifteanna samhailteacha nó dallamullóg nó gléas de chineál eile a úsáid a bhaineann le táirge mórdhíola fuinnimh (c) faisnéis a scaipeadh trí na meáin, lena n-áirítear an tIdirlíon, nó ar aon bhealach eile ar mhaithe le comharthaí bréagacha nó míthreoracha a thabhairt maidir le táirgí mórdhíola fuinnimh. 4. Ciallaíonn “táirgí mórdhíola fuinnimh” na conarthaí agus na díorthaigh seo a leanas, beag beann ar an áit agus an dóigh ina dtrádáiltear iad: (a) conarthaí maidir le gás nádúrtha nó leictreachas a sholáthar; (b) díorthaigh a bhaineann le gás nádúrtha nó leictreachas a sholáthar; (c) conarthaí a bhaineann le gás nádúrtha nó leictreachas a iompar; (d) díorthaigh a bhaineann le gás nádúrtha nó leictreachas a iompar Ní táirgí mórdhíola fuinnimh iad conarthaí maidir le gás nádúrtha nó leictreachas a sholáthar lena úsáid ag tomhaltóirí deiridh. 5. Ciallaíonn "margadh mórdhíola fuinnimh" aon áit mhargaidh laistigh den Aontas ar a dtrádáiltear táirgí mórdhíola fuinnimh; 6. Ciallaíonn “údarás airgeadais inniúil” údarás inniúil arna shainiú i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 11 de Threoir 2003/6/CE; 7. Ciallaíonn “údarás rialála náisiúnta” údarás rialála náisiúnta arna shainiú i gcomhréir le hAirteagal 35(1) de Threoir 2009/72/CE ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle [18] nó le hAirteagal 39(1) de Threoir 2009/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [19]; 8. Tá le “oibreoir córais tarchurtha” an bhrí atá leagtha amach in Airteagal 2(4) de Threoir 2009/72/CE agus in Airteagal 2(4) de Threoir 2009/73/CE. Airteagal 3 Déileáil chos istigh a thoirmeasc agus oibleagáid chun faisnéis ón taobh istigh a fhoilsiú 1. Toirmiscfear ar dhaoine a bhfuil faisnéis ón taobh istigh maidir le táirge mórdhíola fuinnimh acu na nithe seo a leanas a dhéanamh: (a) an fhaisnéis sin a úsáid le táirgí mórdhíola fuinnimh a mbaineann an fhaisnéis sin leo a fháil nó a dhiúscairt, nó le féachaint lena bhfáil nó a dhiúscairt, ar a gcuntas féin, nó ar chuntas tríú páirtí, go hindíreach nó díreach; (b) an fhaisnéis sin a nochtadh d’aon duine eile, mura nochtar í sa ghnáthchúrsa i bhfeidhmiú a bpoist, a ngairme nó a ndualgas. Sa chás sin ní foláir dóibh an fhaisnéis sin a nochtadh ar bhealach poiblí go hiomlán agus go héifeachtúil. Má nochtar an fhaisnéis sin d’aon toisc cuirfear í ar fáil do gach duine go comhuaineach. Sa chás nach raibh sé beartaithe an fhaisnéis sin a nochtadh cuirfear í ar fáil do gach duine go comhuaineach a luaithe is féidir tar éis an nochta neamhbheartaithe. Ní bheidh feidhm ag an bpointe sin má tá dualgas rúndachta ar an duine, is cuma má tá an dualgas sin bunaithe ar dhlí, ar rialacháin, ar airteagail chomhlachais nó ar chonradh; (c) duine eile a spreagadh nó a mholadh dó, ar bhonn faisnéise ón taobh istigh, táirgí mórdhíola fuinnimh lena mbaineann an fhaisnéis sin a fháil nó a dhiúscairt 2. Tá feidhm ag an toirmeasc atá leagtha amach i mír 1 maidir leis na daoine seo a leanas a bhfuil faisnéis ón taobh istigh i ndáil le táirge mórdhíola fuinnimh acu: (a) comhaltaí de chomhlachtaí riaracháin, bainistíochta nó maoirseachta de chuid gnóthais; (b) daoine a bhfuil sealúchais acu i gcaipiteal de chuid gnóthais; (c) daoine a bhfuil rochtain acu ar an bhfaisnéis i bhfeidhmiú a bpoist, a ngairme nó a ndualgas; (d) daoine a fuair faisnéis den sórt sin trí ghníomhaíocht choiriúil; (e) daoine a bhfuil a fhios acu nó ar cheart dóibh fios a bheith acu, gur faisnéis ón taobh istigh í an fhaisnéis. 3. Más duine dlítheanach an duine a bhfuil faisnéis ón taobh istigh i ndáil le táirge mórdhíola fuinnimh aige, beidh feidhm ag na toirmisc atá leagtha síos i mír 1 freisin maidir leis na daoine nádúrtha a ghlacann páirt sa chinneadh an t-idirbheart a dhéanamh ar chuntas an duine dhlítheanaigh lena mbaineann. 4. Nochtfaidh rannpháirtithe sa mhargadh go poiblí faisnéis ón taobh istigh i ndáil le gnóthaí nó le saoráidí a rialaíonn an rannpháirtí lena mbaineann nó ar leis iad, nó a bhfuil an rannpháirtí lena mbaineann freagrach as cúrsaí oibríochtúla ina leith, go hiomlán nó i bpáirt. Áireofar ar an bhfaisnéis sin faisnéis a bhaineann leis an gcumas atá ag na saoráidí leictreachas nó gás nádúrtha a tháirgeadh, a stóráil, a ídiú nó a tharchur. Féadfaidh rannpháirtí sa mhargadh moill a chur le faisnéis ón taobh istigh a nochtadh go poiblí ar a fhreagracht féin, ionas nach ndéanfar dochar dá leasanna dlisteanacha féin ar an gcoinníoll nach dócha go gcuirfí an pobal amú toisc nár nocht sé í agus ar an gcoinníoll gur féidir leis an rannpháirtí sa mhargadh rúndacht na faisnéise sin a áirithiú agus nach ndéanfaidh sé cinntí a bhaineann le táirgí mórdhíola fuinnimh a thrádáil bunaithe ar an bhfaisnéis sin. Sa chás sin cuirfidh an rannpháirtí sa mhargadh an fhaisnéis sin ar fáil don Ghníomhaireacht agus don údarás rialála náisiúnta iomchuí ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 7(4) Ní dhéanfaidh an chéad fhomhír ná an dara fomhír dochar d’oibleagáidí na rannpháirtithe sa mhargadh faoi fhorálacha Threoir 2009/72/CE, Threoir 2009/73/CE, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009, lena n-áirítear treoirlínte agus cóid líonra arna nglacadh de bhun na dTreoracha agus na Rialachán sin, go háirithe maidir le tráthú agus modh foilsithe na faisnéise. 5. Ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo maidir le hidirbhearta a dhéantar i gcomhlíonadh oibleagáide atá tagtha chun bheith dlite chun táirgí mórdhíola fuinnimh a fháil nó a dhiúscairt i gcás ina n-eascraíonn an oibleagáid sin as chomhaontú a rinneadh sula raibh faisnéis ón taobh istigh ag an duine lena mbaineann. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1(a) agus (c) maidir le hoibreoirí córais tarchurtha agus iad ag ceannach gáis nó leictreachais lena áirithiú go n-oibreoidh an córas go slán sábháilte i gcomhréir lena n-oibleagáid faoi Airteagal 12(d) agus (e) de Threoir 2009/72/CE nó Airteagal 13(1)(a) agus (c) de Threoir 2009/73/CE. Airteagal 4 Cúbláil mhargaidh a thoirmeasc Toirmiscfear gabháil do chúbláil mhargaidh nó féachaint le gabháil di ar mhargaí mórdhíola fuinnimh. Airteagal 5 Sainmhínithe ar fhaisnéis ón taobh istigh agus ar chúbláil mhargaidh a shonrú 1. D’fhonn forbairtí amach anseo ar mhargaí mórdhíola fuinnimh a chur san áireamh, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 15 agus faoi réir choinníollacha Airteagal 16 agus 17, ina mbeidh na sainmhínithe atá leagtha amach in Airteagal 2(1) go dtí (5) sonraithe. 2. Cuirfear na nithe seo a leanas ar a laghad san áireamh sna gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1: (a) feidhmiú sonrach na margaí mórdhíola fuinnimh agus an t-idirghníomhú idir margaí tráchtearraí agus margaí na ndíorthach; (b) an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag táirgeadh, tomhaltas, tarchur a úsáid, nó toilleadh stórais a úsáid, atá beartaithe nó iarbhír, ar phraghsanna an mhargaidh mhórdhíola fuinnimh (c) cóid líonra agus treoirlínte réime arna nglacadh de réir fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009. Airteagal 6 Monatóireacht ar an margadh 1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht monatóireacht ar ghníomhaíocht trádála i dtáirgí mórdhíola fuinnimh chun trádáil atá bunaithe ar fhaisnéis ón taobh istigh agus ar chúbláil mhargaidh a aimsiú agus a chosc. Baileoidh sí na sonraí chun measúnú agus monatóireacht a dhéanamh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh dá bhforáiltear in Airteagal 7. 2. Comhoibreoidh údaráis rialála náisiúnta leis an nGníomhaireacht chun monatóireacht a dhéanamh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh dá dtagraítear i mír 1. Chun na críche seo beidh rochtain ag údaráis rialála náisiúnta ar fhaisnéis iomchuí arna sealbhú ag an nGníomhaireacht agus atá bailithe aici i gcomhréir le mír 1, faoi réir fhorálacha Airteagal 8(2). 3. Cuirfidh an Ghníomhaireacht tuarascáil isteach chuig an gCoimisiún uair sa bhliain ar a laghad maidir lena cuid gníomhaíochtaí faoin Rialachán sin. Tabharfaidh tuarascálacha den sórt sin faoi shúile an Choimisiúin lochtanna i rialacha, i gcaighdeáin agus i nósanna imeachta an mhargaidh, rud a d’fhéadfadh déileáil chos istigh agus cúbláil mhargaidh a éascú nó go deimhin an bonn a bhaint den mhargadh inmheánach. Féadfar an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 713/2009. Féadfaidh an Ghníomhaireacht moltaí a dhéanamh maidir le taifid na n-idirbheart, lena n-áirítear orduithe chun trádála, a mheasann sí go bhfuil gá leo chun monatóireacht éifeachtach agus éifeachtúil a dhéanamh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh. Roimh di moltaí dá leithéidí a dhéanamh rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle le páirtithe leasmhara i gcomhréir le forálacha Airteagal 10 den Rialachán (CE) Uimh. 713/2009. Rachaidh an Ghníomhaireacht i gcomhairle go háirithe leis an ESMA, le húdaráis rialála náisiúnta agus le húdaráis airgeadais inniúla sna Ballstáit. Airteagal 7 Sonraí a bhailiú 1. Tabharfar taifead d’idirbhearta sa mhargadh mórdhíola fuinnimh don Ghníomhaireacht, lena n-áirítear orduithe chun trádála. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 15 agus faoi réir choinníollacha Airteagal 16 agus 17, ina leagtar síos an tráth, an fhoirm agus an t-ábhar ina dtuairiscítear an fhaisnéis sin agus, nuair is iomchuí, ina dtabharfar sainmhíniú ar thairseacha chun idirbhearta a thuairisciú chomh maith le cineálacha conarthaí a shonrú lena dtuairisceofar idirbhearta. 2. Áiritheoidh na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 nach mbeidh daoine dá dtagraítear i mír 3(a), (b) agus (c) a bhfuil idirbhearta tuairiscithe acu i gcomhréir le Treoir 2004/39/CE [20] nó Rialachán (CE) ---/---- ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle maidir le Díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle [Rialachán um Bonneagar Margaidh Eorpach – 2010/0250(COD)] faoi réir ag oibleagáidí tuairiscithe sa bhreis ar na hoibleagáidí atá leagtha amach sa reachtaíocht sin. Gan dochar don chéad fhomhír, féadfar leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 creat neamhcheangailteach a bhunú a údaróidh margaí eagraithe agus córais chomhoiriúnaithe trádála nó córais thuairiscithe trádála taifead d'idirbhearta mórdhíola fuinnimh a sholáthar don Ghníomhaireacht. 3. Chun críocha mhír 1, soláthróidh siad seo a leanas faisnéis: (a) an rannpháirtí sa mhargadh; (b) tríú páirtí a bheidh ag gníomhú thar ceann an rannpháirtí sa mhargadh; (c) margadh eagraithe, córas comhoiriúnaithe trádála nó córas tuairiscithe trádála; (d) stórtha trádála atá cláraithe nó aitheanta faoi Rialachán (CE) ---/---- ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle [Rialachán um Bonneagar Margaidh Eorpach – 2010/0250(COD)]; (e) údarás inniúil a fuair an fhaisnéis sin i gcomhréir le forálacha Airteagal 25 (3) Treoir 2004/39/CE nó Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) ---/---- [Rialachán um Bonneagar Margaidh Eorpach – 2010/0250(COD)]. 4. Soláthróidh rannpháirtithe sa mhargadh faisnéis don Ghníomhaireacht agus do na húdaráis rialála náisiúnta a bhaineann leis an gcumas atá ag na saoráidí leictreachas nó gás nádúrtha a tháirgeadh, a stóráil, a ídiú nó a tharchur ar mhaithe le monatóireacht a dhéanamh ar thrádáil i margaí mórdhíola fuinnimh. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 15 agus faoi réir choinníollacha Airteagal 16 agus 17, ina leagtar síos tráth, foirm agus ábhar na faisnéise a bheidh le tuairisciú. Airteagal 8 Faisnéis a chomhroinnt idir an Ghníomhaireacht agus comhlachtaí eile 1. Bunóidh an Ghníomhaireacht meicníochtaí chun faisnéis a fhaigheann sí i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus Airteagal 7 a chomhroinnt le húdaráis rialála náisiúnta, le húdaráis airgeadais inniúla na mBallstát, le húdaráis iomaíochta na mBallstát agus le húdaráis iomchuí eile. Ní thabharfaidh an Ghníomhaireacht rochtain ar na meicníochtaí dá dtagraítear i mír 1 ach amháin do chomhlachtaí a bhfuil córais bunaithe acu a chuireann ar chumas na Gníomhaireachta ceanglais Airteagal 9(1) a chomhlíonadh. 2. Cuirfidh stórtha trádála atá cláraithe nó aitheanta faoi Rialachán (CE) ---/---- ó Рharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle [Rialachán um Bonneagar Margaidh Eorpach – 2010/0250(COD)] gach faisnéis a bhaineann le táirgí mórdhíola fuinnimh arna mbailiú acu ar fáil don Ghníomhaireacht. Cuirfidh údaráis airgeadais inniúla tuarascálacha maidir le hidirbhearta i dtáirgí mórdhíola fuinnimh a fuarthas faoi Airteagal 25(3) de Threoir 2004/39/CE ar fáil don Ghníomhaireacht agus Airteagal 6(2) de Rialachán (CE) ---/---- [Rialachán um Bonneagar Margaidh Eorpach – 2010/0250(COD)]. Airteagal 9 Cosaint sonraí agus iontaofacht oibríochtúil 1. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht rúndacht, sláine agus cosaint na faisnéise a fhaightear faoi Airteagal 7. Déanfaidh an Ghníomhaireacht gach beart le cosc a chur ar aon mhí-úsáid faisnéise atá á coimeád ina córais. Nuair is iomchuí, comhlíonfaidh an Ghníomhaireacht Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil arna dhéanamh ag na hinstitiúidí agus na comhlachtaí Comhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí dá leithéidí. [21] Aithneoidh an Ghníomhaireacht na foinsí riosca oibriúcháin go léir agus déanfaidh sí iad a íoslaghdú trí chórais, rialuithe agus nósanna imeachta atá iomchuí a fhorbairt. 2. Féadfaidh an Ghníomhaireacht cinneadh a dhéanamh codanna den fhaisnéis atá ina seilbh a chur ar fáil don phobal ar an gcoinníoll nach n-eisítear faisnéis atá íogair ó thaobh tráchtála de maidir le rannpháirtithe aonair sa mhargadh nó idirbhearta aonair. Airteagal 10 Toirmisc a chur chun feidhme i gcoinne drochúsáid mhargaidh 1. Áiritheoidh údaráis rialála náisiúnta go gcuirfear i bhfeidhm na toirmisc atá leagtha amach in Airteagal 3 agus Airteagal 4. Áiritheoidh gach Ballstát go mbeidh na cumhachtaí imscrúdaithe is gá ag na húdaráis rialála náisiúnta chun an fheidhm sin a fheidhmiú. Feidhmeofar na cumhachtaí seo ar bhealach comhréireach. Féadfar na cumhachtaí seo a fheidhmiú: (a) go díreach (b) i gcomhar le húdaráis eile nó le gnóthais mhargaíochta; (c) trí iarratas a chur isteach chuig na húdaráis bhreithiúnacha inniúla. 2. Cuimseoidh na cumhachtaí imscrúdaithe dá dtagraítear i mír 1 an ceart chun na nithe seo a leanas a dhéanamh: (a) rochtain a fháil ar dhoiciméad iomchuí ar bith i bhfoirm ar bith, agus cóip de a fháil; (b) faisnéis a éileamh ó aon duine, lena n-áirítear iadsan a bhfuil baint leanúnach acu le tarchur orduithe nó leis na hoibríochtaí lena mbaineann a dhéanamh, chomh maith lena gcuid prionsabal, agus más gá, duine den sórt sin a thoghairm agus éisteacht leis; (c) tabhairt faoi chigireachtaí ar an láthair; (d) taifid de thrácht teileafóin agus sonraí atá ann a éileamh; (e) scor aon chleachtais atá contrártha don Rialacháin seo nó a ghníomhartha tarmligthe a éileamh; (f) iarraidh ar chúirt sócmhainní a chalcadh nó a fhorlámhú; (g) iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht ghairmiúil a thoirmeasc go sealadach. 3. Déanfaidh aon duine atá i mbun idirbheart i dtáirgí mórdhíola fuinnimh ar bhonn gairmiúil agus a bhfuil amhras réasúnta air/uirthi go bhféadfadh idirbheart forálacha Airteagal 3 nó Airteagal 4 a shárú fógra ina leith sin a thabhairt don údarás rialála náisiúnta gan a thuilleadh moille. Bunóidh daoine atá i mbun idirbheart i dtáirgí mórdhíola fuinnimh ar bhonn gairmiúil socruithe agus nósanna imeachta éifeachtacha chun sáruithe ar fhorálacha Airteagal 3 nó Airteagal 4 a shainaithint agus déanfaidh sé/sí cothabháil ar na socruithe agus na nósanna imeachta sin. Airteagal 11 Comhar ar leibhéal an Aontais 1. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go gcomhlíonfaidh údaráis rialála náisiúnta a gcuid cúraimí faoin Rialachán seo ar bhealach comhordaithe. Comhoibreoidh údaráis rialála náisiúnta leis an nGníomhaireacht agus lena chéile ar mhaithe lena gcuid dualgas a chomhlíonadh i gcomhréir leis an Rialachán seo. 2. Tabharfaidh údaráis rialála náisiúnta fógra sa tslí is sonraí agus is féidir don Ghníomhaireacht i gcás ina bhfuil forais réasúnta acu a bheith in amhras go bhfuil gníomhaíochtaí atá contrártha d'fhorálacha an Rialacháin seo á ndéanamh nó déanta sa Bhallstát sin nó i mBallstát eile. I gcás ina bhfuil amhras ar údarás rialála náisiúnta go bhfuil gníomhaíochtaí a mbeidh tionchar acu ar mhargaí mórdhíola fuinnimh nó ar phraghas táirgí mórdhíola fuinnimh sa Bhallstát sin á ndéanamh i mBallstát eile, féadfaidh sé iarraidh ar an nGníomhaireacht bearta a ghlacadh i gcomhréir le mír 4. 3. D’fhonn cur chuige comhordaithe a áirithiú i dtaca le drochúsáid mhargaidh ar mhargaí mórdhíola fuinnimh: (a) tabharfaidh údaráis rialála náisiúnta fógra d’údarás airgeadais inniúil a mBallstáit agus don Ghníomhaireacht i gcás ina bhfuil forais réasúnta acu a bheith in amhras go bhfuil gníomhaíochtaí, ar ionann iad agus drochúsáid mhargaidh de réir bhrí Threoir 2003/6/CE, á ndéanamh nó déanta ar mhargaí mórdhíola fuinnimh agus a bhfuil tionchar acu ar ionstraimí airgeadais faoi réir fhorálacha Airteagal 9 na Treorach sin; (b) tabharfaidh an Ghníomhaireacht fógra don ESMA agus don údarás airgeadais inniúil iomchuí i gcás ina bhfuil forais réasúnta aici a bheith in amhras go bhfuil gníomhaíochtaí, ar ionann iad agus drochúsáid mhargaidh de réir bhrí Threoir 2003/6/CE, á ndéanamh nó déanta ar mhargaí mórdhíola fuinnimh agus a bhfuil tionchar acu ar ionstraimí airgeadais faoi réir fhorálacha Airteagal 9 na Treorach sin; (c) tabharfaidh údarás airgeadais inniúil Ballstáit fógra don ESMA agus don Ghníomhaireacht i gcás ina bhfuil forais réasúnta aige a bheith in amhras go bhfuil gníomhaíochtaí, a sháraíonn forálacha Airteagal 3 agus Airteagal 4, á ndéanamh nó déanta ar mhargaí mórdhíola fuinnimh i mBallstát eile. 4. D’fhonn a cuid feidhmeanna a chomhlíonadh faoi mhír 1, i gcás ina bhfuil amhras uirthi gur sáraíodh forálacha an Rialacháin seo, beidh sé de chumhacht ag an nGníomhaireacht na nithe seo a leanas a dhéanamh: (a) iarraidh ar údarás rialála náisiúnta amháin nó níos mó aon fhaisnéis a bhaineann leis an sárú a bhfuil amhras faoi a sholáthar; (b) iarraidh ar údarás rialála náisiúnta amháin nó níos mó tús a chur le himscrúdú faoin sárú a bhfuil amhras faoi, agus gníomhaíocht iomchuí a ghlacadh chun aon sárú dá leithéidí a leigheas; (c) I gcás ina measann sí go bhfuil nó go raibh tionchar trasteorann ag an sárú a d’fhéadfadh a bheith ann, tionólfaidh sí grúpa imscrúdaithe comhdhéanta d’ionadaithe as údaráis rialála náisiúnta lena mbaineann chun imscrúdú a dhéanamh féachaint ar sáraíodh forálacha an Rialacháin seo agus cén Ballstát inar tharla an sárú; nuair is iomchuí, féadfaidh an Ghníomhaireacht a iarraidh freisin ar ionadaithe as údarás airgeadais inniúil nó as údarás ábhartha eile as Ballstát amháin nó níos mó a bheith rannpháirteach sa ghrúpa imscrúdaithe. 5. Comhlíonfaidh údaráis rialála náisiúnta iarratas na Gníomhaireachta arna dhéanamh i gcomhréir le forálacha mhír 4. Glacfaidh údaráis rialála náisiúnta a fhaigheann iarraidh ar fhaisnéis i gcomhréir le mír 4(a), nó a fhaigheann iarraidh tús a chur le himscrúdú maidir le sárú a bhfuil amhras faoi i gcomhréir le mír 4(b), na bearta is gá láithreach d’fhonn cloí leis an iarratas sin. Mura bhfuil údarás rialála in ann an fhaisnéis atá de dhíth a sholáthar láithreach, tabharfaidh sé fógra don Ghníomhaireacht gan mhoill maidir leis na cúiseanna atá leis sin. Beidh údaráis rialála náisiúnta rannpháirteach i ngrúpa imscrúdaithe arna thionól i gcomhréir le mír 4(c), agus soláthróidh siad gach cúnamh is gá. Beidh an grúpa imscrúdaithe faoi réir a chomhordaithe ón nGníomhaireacht. 6. Ní bheidh feidhm ag abairt deiridh Airteagal 15(1) de Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 maidir leis an nGníomhaireacht agus a cúraimí á cur i gcrích aici faoin Rialachán seo. Airteagal 12 Rúndacht ghairmiúil 1. Beidh aon fhaisnéis rúnda a gheofar, a mhalartófar nó a tharchuirfear de bhun an Rialacháin seo faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla atá leagtha síos i míreanna 2, 3 agus 4. 2. Beidh feidhm ag an oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil orthu seo a leanas: (a) daoine atá ag obair nó a d’oibrigh don Ghníomhaireacht; (b) iniúchóirí agus saineolaithe arna dtreorú ag an nGníomhaireacht; (c) daoine atá ag obair nó a d’oibrigh do na húdaráis rialála náisiúnta; (d) iniúchóirí agus saineolaithe arna dtreorú ag údaráis rialála náisiúnta agus a fhaigheann faisnéis rúnda i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo. 3. Ní féidir aon fhaisnéis rúnda a fhaigheann na daoine dá dtagraítear i mír 2 i mbun a gcuid dualgas a sceitheadh le duine nó le húdarás ar bith, seachas i bhfoirm achoimre nó i bhfoirm chomhiomlán ionas nach bhféadfaí rannpháirtí aonair sa mhargadh nó san áit mhargaidh a shainaithint, gan dochar do chásanna a chumhdaítear faoin dlí coiriúil ná d'fhorálacha eile an Rialacháin seo, ná do reachtaíocht iomchuí eile an Aontais. 4. Gan dochar do chásanna a chumhdaítear faoin dlí coiriúil, ní féidir leis an nGníomhaireacht, na húdaráis rialála náisiúnta, na húdaráis airgeadais inniúla, an ESMA, na comhlachtaí nó na daoine nádúrtha nó dlítheanacha a fhaigheann faisnéis rúnda de bhun an Rialacháin seo an fhaisnéis sin a úsáid ach amháin i bhfeidhmiú a ndualgas agus chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú. Féadfaidh údaráis, comhlachtaí, daoine nádúrtha nó daoine dlítheanacha eile an fhaisnéis sin a úsáid chun na críche ar soláthraíodh an fhaisnéis sin dóibh nó laistigh de chomhthéacs imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin a bhaineann go sonrach le feidhmiú na bhfeidhmeanna sin, i gcás ina dtugann an Ghníomhaireacht, na húdaráis rialála náisiúnta, na húdaráis airgeadais inniúla, an ESMA, comhlachtaí nó daoine nádúrtha nó dlítheanacha a dhéanann cumarsáid a dtoiliú air, féadfaidh an t-údarás a fhaigheann an fhaisnéis í a úsáid chun críocha eile. Airteagal 13 Pionóis Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní mór na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún maidir leis na forálacha sin faoin [22]... ar a dhéanaí agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill maidir le haon leasú ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh. Airteagal 14 Caidreamh le tríú tíortha Gan dochar d’inniúlachtaí institiúidí an Aontais, lena n-áirítear an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, féadfaidh an Ghníomhaireacht teagmhálacha a bhunú le húdaráis mhaoirseachta ó thríú tíortha. Féadfaidh sé comhaontuithe riaracháin a thabhairt i gcrích le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le riaracháin tríú tíortha. Airteagal 15 An tarmligean a fheidhmiú 1. Déanfar na cumhachtaí chun na gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5 agus Airteagal 7 a thabhairt don Choimisiún ar feadh tréimhse éiginnte ama. 2. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra ina leith sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ag an am céanna. 3. Tá na cumhachtaí a thugtar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos in Airteagal 16 agus Airteagal 17. Airteagal 16 An tarmligean a chúlghairm 1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí mar a thagraítear dó in Airteagal 5 agus in Airteagal 7 a chúlghairm tráth ar bith. 2. Cuirfidh an institiúid a chuir tús leis an nós imeachta inmheánach chun a chinneadh an ceart tarmligean na gcumhachtaí a chúlghairm an méid sin in iúl don institiúid eile agus don Choimisiún laistigh de thréimhse réasúnta ama sula ndéanfar an cinneadh deiridh, ag tabhairt le fios cé hiad na cumhachtaí tarmligthe a d’fhéadfaí a chúlghairm agus cúiseanna na cúlghairme. 3. Le cinneadh cúlghairme cuirfear deireadh le tarmligean na gcumhachtaí atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an gcinneadh láithreach nó ag dáta níos déanaí a bheidh sonraithe ann. Ní bheidh éifeacht aige ar bhailíocht na ngníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin. Foilseofar é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Airteagal 17 Agóidí i gcoinne gníomhartha tarmligthe 1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe laistigh de thréimhse dhá mhí ó dháta an fhógra. Ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle, déanfar an tréimhse sin a shíneadh ar feadh míosa amháin. 2. Más rud é, nuair a thiocfaidh deireadh leis an tréimhse sin, nach ndearna Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle agóid i gcoinne an ghnímh tharmligthe, foilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh é agus tiocfaidh sé i bhfeidhm ar an dáta atá sonraithe ann. Féadfar an gníomh tarmligthe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus féadfaidh sé teacht i bhfeidhm roimh dhul in éag don tréimhse sin, más rud é gur chuir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon an Coimisiún ar an eolas nach bhfuil sé ar intinn acu agóidí a dhéanamh. 3. Má dhéanann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid i gcoinne gnímh tharmligthe, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm. Luafaidh an institiúid a dhéanann agóid na cúiseanna atá aici agóid a dhéanamh i gcoinne an ghnímh tharmligthe. Airteagal 18 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […] Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán […] […] RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH DO THOGRAÍ 6. LEAGAN AMACH AN TOGRA/AN TIONSCNAIMH 6.1. Teideal an togra/an tionscnaimh Rialachán (CE) Uimh. xxx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Fuinnimh 6.2. Réimse/réimsí beartais lena mbaineann i gcreat ABM/ABB [23] Réimse beartais: Fuinneamh Gníomhaíocht: An margadh inmheánach san fhuinneamh 6.3. An cineál togra/tionscnaimh Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht nua tar éis treoirthionscadail/réamhghníomhaíochta [24] Baineann an togra/tionscnamh le síneadh ar ghníomhaíocht atá ann cheana Baineann an togra/tionscnamh le gníomhaíocht a atreoraíodh i dtreo gníomhaíochta nua 6.4. Cuspóirí 6.4.1. Cuspóirí straitéiseacha ilbhliantúla an Choimisiúin ar a bhfuil an togra/tionscnamh dírithe Má chuirtear margaí fuinnimh doimhne, leachtacha agus comhtháite ar fáil, oirfidh sé sin do straitéis 2020 na hEorpa maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus uileghabhálach a bhaint amach san Eoraip. Éilíonn an sprioc sin i measc nithe eile go mbeadh “margaí atá conasctha go maith againn áit a spreagann iomaíochas agus rochtain ar an tomhaltóir fás agus nuálaíocht" [25] Má dhéantar creat ceart a chruthú do shláine agus do thrédhearcacht margaí fuinnimh na hEorpa atá i mbun trádála cothóidh sé sin an lánpháirtiú a theastaíonn sa mhargadh agus beidh sé mar bhuntaca ag cuspóirí beartais Eorpacha uileghabhálacha 6.4.2. Cuspóirí sonracha agus an ghníomhaíocht nó na gníomhaíochtaí ABM/ABB lena mbaineann Táthar ag súil go ndéanfaidh ACER mí-iompar sa mhargadh a bheidh ar bun ar bhonn tras-tráchtearraí agus trasteorann ar mhargaí mórdhíola fuinnimh a bhrath go héifeachtach agus go gcuirfidh sé cosc leis an mí-iompar sin. Táthar ag súil freisin go gcuirfidh a cuid gníomhaíochtaí cosc ar chleachtais a dhéanfaidh iarracht an margadh a shaobhadh. 6.4.3. An toradh agus an tionchar a bhfuil súil leis Sonraigh an tionchar a bheadh ag an togra/tionscnamh ar na tairbhithe/grúpaí ar a bhfuil sé dírithe. Tabharfaidh monatóireacht rialta agus thráthúil ar mhargaí mórdhíola fuinnimh, lena n-áirítear sonraí ar idirbhearta mórdhíola agus feidhmiú sócmhainní fuinnimh (figiúirí táirgeachta imdhealaithe, bristí, sonraí sreafa, oibríocht stórála, etc) deis do ACER drochúsáid mhargaidh a bhrath agus a chosc go héifeachtach. Tabharfaidh sé sin muinín do rannpháirtithe sa mhargadh agus cuirfear leis an muinín a bheidh i bhfeidhmiú ceart na margaí tríd is tríd. Ina theannta sin, má laghdaítear préimheanna riosca táthar ag súil go mbeidh praghsanna fuinnimh níos ísle mar thoradh air sin do gach úsáideoir fuinnimh. 6.4.4. Táscairí a léiríonn toradh agus tionchar Sonraigh na táscairí a léiríonn monatóireacht ar chur chun feidhme an togra/an tionscnaimh. - Líon na n-idirbheart a bailíodh agus a ndearnadh monatóireacht orthu - Líon na mí-úsáidí a braitheadh - Forbairt raon tairisceana is atairisceana thar am (mar sheachvóta do phréimheanna riosca margaidh) 6.5. Na forais leis an togra/an tionscnamh 6.5.1 Na ceanglais is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Is é cuspóir an Rialacháin maidir le Sláine agus Trédhearcacht an Mhargaidh Fuinnimh (REMIT) creat éifeachtúil agus éifeachtach a bheith ann a áiritheoidh go bhfeidhmeoidh margaí fuinnimh na hEorpa atá á dtrádáil mar is ceart, i.e. nach ndéanfaidh mí-úsáid an mhargaidh a dtorthaí a shaobhadh, ach go léireoidh siad dálaí bunúsacha an mhargaidh i gceart. Is é gné lárnach an chreata seo feidhm mhonatóireachta margaidh a bhunú ar leibhéal Eorpach. Comhlíonfaidh an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh a bunaíodh le déanaí an fheidhm seo [26] (ACER). D’fhonn a cuid cuspóirí a chomhlíonadh ní mór do ACER aonad tiomnaithe a bhunú ina mbeidh speisialtóirí a mbeidh taithí mhór acu ag plé le margaí airgeadais arna dtrádáil agus le margaí fuinnimh araon. Ní mór di bonneagar IT a chur ag obair freisin a bheidh in ann líon mór sonraí agus bogearraí speisialaithe a láimhseáil chun críocha anailíse sonraí uathoibrithe. 6.5.2. Luach breise a bhaineann le rannpháirteachas an AE Is feidhm riachtanach é monatóireacht rialta a dhéanamh ar idirbhearta mórdhíola mar aon le bunfhaisnéis a fháil faoin margadh ionas go mbeidh sláine agus trédhearcacht rialála ag baint le margaí fuinnimh arna dtrádáil. Toisc go bhfuil margaí leictreachais agus gáis arna dtrádáil nasctha le chéile go láidir, bheadh tionchar uathoibríoch ag cúbláil ar bith a bheadh ag tarlú i margadh amháin ar an margadh eile. Toisc go ndéantar na tráchtearraí seo agus a gcuid díorthach a thrádáil go comhuaineach go minic i mBallstáit dhifriúla agus go ndéantar é sin trí chainéil trádála dhifriúla, ní bhfaighfear amach go héifeachtach faoi aon chúbláil a mbeidh idirbhearta nó ardáin tráchtearraí difriúla i gceist leo ach amháin má dhéantar an mhonatóireacht a eagrú go lárnach. Thaispeáin an Measúnú Tionchair a ghabhann leis an tionscnamh seo nach soláthróidh an margadh feidhm mhonatóireachta lárnaí ach gurb é an bealach is fearr lena eagrú ar leibhéal Eorpach é a dhéanamh laistigh de Ghníomhaireacht atá ann cheana agus a bhfuil próifíl fuinnimh aici. Má shocraítear feidhm mhonatóireachta margaidh laistigh den ACER cuirfidh sé ar a cumas saineolas fuinnimh luachmhar na foirne atá in oifig a úsáid agus oibríocht a chumasú ag na costais is lú ar bith trí roinnt d'fhorchostais ACER atá buiséadaithe cheana féin a chomhroinnt 6.5.3. Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí chosúil roimhe seo Níl aon taithí mar sin ann 6.5.4. Comhchuibheas agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann le hionstraimí ábhartha eile Tá na rialacha a chuireann cosc ar mhí-iompar margaidh comhchuibhithe le rialacha inchomparáide i rialachán airgeadais infheidhme, go sonrach an Treoir um Dhrochúsáid Mhargaidh. Ina theannta sin, tabharfaidh an togra isteach feidhm mhonatóireachta dhílis ar idirbhearta mórdhíola fuinnimh ar leibhéal Eorpach 6.6. Ré agus tionchar airgeadais Togra/tionscnamh de ré neamhtheoranta Tá tionchar airgeadais an tionscnaimh do na blianta 2012 agus 2013 sa bhreis ar chistí dá bhforáiltear cheana sa chlárú airgeadais ilbhliantúil reatha. 6.7. Modh(anna) bainistíochta atá beartaithe [27] Déanfaidh an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh (ACER) bainistiú ar acmhainní 7. BEARTA BAINISTÍOCHTA 7.1. Rialacha monatóireachta agus tuairiscithe Sonraigh cé chomh minic agus na coinníollacha. Tabharfaidh ACER tuairisc rialta don Choimisiún maidir lena cuid gníomhaíochtaí i réimse na monatóireachta ar idirbhearta mórdhíola agus maidir leis an drochúsáid mhargaidh a shainaithin sí agus maidir le torthaí na n-imscrúduithe arna ndéanamh ag údaráis forfheidhmithe 7.2. Córas bainistíochta agus rialaithe 7.2.1. An riosca/na rioscaí a aithníodh An riosca maidir le sonraí a láimhseáil go míchuí 7.2.2. Modh(anna) rialúcháin atá beartaithe Tá roinnt beart maidir le cosaint sonraí agus iontaofacht oibríochtúil sa togra dlíthiúil. Tá roinnt beart rialaithe eile beartaithe freisin ag rialacha rialaithe ACER. Féach freisin Airteagal 34 de Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh. 7.3. Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc Sonraigh bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe. Is faoi stiúir na Cúirte Iniúchóirí (Airteagal 21), Pharlaimint na hEorpa (Airteagal 21) agus na hOifige Eorpaigh Frith-Chalaoise (Airteagal 23) atá bainistíocht na gcistí atá faoi chúram na Gníomhaireachta. 8. AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH 8.1. Ceannteideal/ceannteidil an chreata airgeadais ilbhliantúil agus an líne/na línte buiséid ar a n-imrítear tionchar · Línte buiséid don chaiteachas reatha In ord cheannteidil agus línte buiséid an chreata airgeadais ilbhliantúil. Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil | Líne buiséid | Saghas caiteachais | Ranníocaíocht | | Líon [Tuairisc………………………...……….] | LD/LN ( [28]) | ó thíortha [29] an CSTE | ó thíortha is iarrthóirí [30] | ó thríú tíortha | de réir bhrí Airteagal 18(1)(aa) den Rialachán Airgeadais | 1 A | 32.04.10. – An Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh | LD | TÁ | NÍL | NÍL | TÁ | 8.2. An tionchar a mheastar ar chaiteachas 8.2.1. Achoimre ar an tionchar a mheastar ar chaiteachas EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil: | Líon | [Ceannteideal ...1 A…………...……………………………………………………………….] | ACER (An Ghníomhaireacht) | | | Bliain 2012 | Bliain 2013 | | | ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le ré an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) | IOMLÁN | leithreasaí | | | | | | | | | Trealamh | Oibleagáidí/Íocaíochtaí | (1) | 0.985 | 0.100 | | | | | | | | | | | | | | | | | | Costais oibriúcháin | Oibleagáidí/Íocaíochtaí | (2) | 0.050 | 0.100 | | | | | | | | | | | | | | | | | | Caiteachas ar mhisin don chúram nua | Oibleagáidí/Íocaíochtaí | (3) | 0.015 | 0.090 | | | | | | | Acmhainní Daonna | Oibleagáidí/Íocaíochtaí | (4) | 0,265 | 1,323 | | | | | | | | | | | | | | | | | | EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) | | | Bliain 2012 | Bliain 2013 | | | ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le ré an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) | IOMLÁN | IOMLÁN leithreasaí faoi CHEANNTEIDEAL 1 den chreat airgeadais ilbhliantúil | Oibleagáidí | 1,315 | 1,613 | | | | | | | | Íocaíochtaí | 1,315 | 1,613 | | | | | | | 8.2.2. An tionchar a mheastar ar leithreasaí ACER – Éilíonn an togra/an tionscnamh go n-úsáidfear leithreasaí mar a mhínítear thíos: Trealamh De réir an mheastacháin atá againn d’fhéadfadh costas EUR 500 000 a bheith leis an gcéim forbartha d’ailtireacht bogearraí, agus sin gan aon sonraí a chomhtháthú ann. D’fhéadfadh EUR 50 000 a bheith i gceist leis an táille ar cheadúnais, lena n-áirítear bunachar sonraí Oracle, scáileán speisialaithe agus bogearraí ETL le haghaidh anailísí breise. Maidir leis an gcostas crua-earraí, d’fhéadfadh EUR 15 000 a bheith i gceist. Anuas ar an EUR 565 000 atá luaite thuas, ba cheart sreabhadh sonraí a bhunú ó gach soláthraí sonraí chuig an mbunachar sonraí. Tá costas mór ag baint le gach tábla nua (casta) a shuiteáil le sonraí a iompórtáil ó sholáthraí. Tá costas EUR 1500/in aghaidh an tábla i gceist. Ag glacadh leis go mbeidh 200 soláthraí sonraí ann (20 ardán trádála agus 180 trádálaí a bheidh ag tuairisciú go díreach ar fud na hEorpa), agus tábla aonair a chuirfidh gach soláthraí sonraí ar fáil ar a bhfreastalaí http/ftp, is gá EUR 300 000 breise a chur ar fáil. Is ionann é sin agus (EUR 565 000 + EUR 300 000) EUR 865 000. Is ionann an costas a bhainfidh le seiceáil tosaigh agus tástáil a dhéanamh ar an bhforbairt bogearraí agus ar na táblaí forfheidhmithe, arna bhforchur ag caighdeáin an Choimisiúin agus 15% breise anuas ar na costais thuas (gan táillí crua-earraí agus ceadúnais san áireamh). Sin EUR 985 000 ar an iomlán. Meastar go mbeadh EUR 100.000 mar chostas bliantúil chun an bunachar sonraí a chothabháil agus feabhsuithe a dhéanamh air. Is féidir é sin a bhriseadh síos mar seo a leanas: ag glacadh go mbeidh gá 30 soláthraí sonraí breise a chur san áireamh in aghaidh na bliana ar feadh cúpla bliain, bheadh costas thart ar 30* EUR 1.500 = EUR 45 000 i gceist. D’fhéadfadh EUR 25 000 a bheith i gceist leis an táille ar cheadúnais bhogearraí ag brath ar riachtanais, agus d’fhéadfadh EUR 5 000 a bheith i gceist le costas cothabhála na gcrua-earraí agus EUR 25 000 a bheith i gceist le feabhsuithe ar bhogearraí. Costais oibriúcháin Teastóidh buiséad breise chun na costais a bhainfidh le cruinnithe agus staidéir a chumhdach, chomh maith le costais aistriúcháin, foilseacháin agus idirchaidrimh phoiblí. Bunaithe ar réamh-mheastacháin, beidh costas EUR 50 000 i gceist leis na costais oibriúcháin sa chéad bhliain, EUR 100 000 sa dara bliain, agus EUR 300 000 ón tríú bliain ar aghaidh ag glacadh leis nach n-ordófar aon staidéir le linn na chéad bhlianta. Caiteachas ar mhisin D’fhonn a cuid cúraimí a chomhlíonadh, beidh ar an bhfoireann costais iompair agus cóiríochta a eagrú do mhisin. Meastar go mbeidh buiséad caiteachais an mhisin cothrom le EUR 0 113 milliún in aghaidh na bliana nuair a bheidh an fhoireann bhreise ag feidhmiú go hiomlán. Tá na meastacháin sin bunaithe ar mheánchostais caiteachais iarbhír i misin i leith Ard-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh. Caiteachas foirne Anuas ar an mbunachar sonraí féin agus forbairt an bhunachair óna dteastóidh saineolas seachtrach, beidh 15 bhall foirne breise de dhíth chun forbairtí ar an gcóras a chothabháil agus a mhaoirsiú, chun na sonraí a bhailítear a bhailíochtú, na sonraí a anailísiú, tuarascálacha a dhréachtú, agus foirne imscrúdaithe a reáchtáil. Is é sin an líon is lú ar fad a bheidh ag teastáil. Déantar é sin a bhriseadh síos mar seo a leanas: Áirítear le cothabháil agus maoirseacht na bhforbairtí, i measc nithe eile, conarthaí le soláthraithe sonraí agus forbróirí (airgeadais agus conarthachta) a bhainistiú, sonraíochtaí teicniúla a dhréachtú, an timpeallacht a thástáil, bainistíocht agus tacaíocht don úsáideoir, etc. Beidh beirt ag teastáil chun an tacaíocht riachtanach a thabhairt don fhoireann. Is cúram riachtanach eile é na sonraí a bhailítear a bhailíochtú, agus teastóidh triúr ar a laghad mar gheall ar an líon soláthraithe sonraí a bheidh i gceist (200 soláthraí le sonraí in aghaidh na huaire/an lae). Teastóidh seisear ar a laghad le hanailís a dhéanamh ar na sonraí. Beidh triúr ag teastáil chun tuarascálacha a dhréachtú, agus chun na cásanna a thabharfar chuig an mbord monatóireachta a ullmhú, agus chun na grúpaí imscrúdaithe a reáchtáil. Beidh duine amháin ag teastáil chun an fhoireann monatóireachta a bhainistiú. Meastar go mbeidh an caiteachas foirne bliantúil ag EUR 1,59 milliún nuair a bheidh an fhoireann bhreise ag feidhmiú go hiomlán, ag glacadh leis gurb ionann costas fhoireann an Choimisiúin Eorpaigh ar an meán, i.e. EUR 0 127 milliún in aghaidh na bliana, a chuimsíonn caiteachas a bhaineann le foirgnimh agus riarachán gaolmhar (postas, teileachumarsáid, etc.). Cumhdóidh caiteachas foirne costais earcaíochta ó 2012 ar aghaidh. Is ar an bplean earcaíochta seo a leanas atá an meastachán ar chaiteachas ar fhoireann bunaithe: | Earcaíocht | Foireann ACER – Gníomhairí Sealadacha | Foireann Sheachtrach – SNI ó ÚRN | An chéad seimeastar 2012 | 0 | | 0 | An dara seimeastar 2012 | +5 | 3 | 2 | An chéad seimeastar 2013 | +5 | 6 | 4 | An dara seimeastar 2013 | +5 | 9 | 6 | Ghlacamar leis ag déanamh an ríomha go mbeidh acmhainní daonna breise cothrom le 60% arna gcumhdach ag Gníomhairí Sealadacha (EUR 127.000 in aghaidh na bliana) agus 40% ag Saineolaithe Náisiúnta (EUR 74.000 in aghaidh na bliana). Léiríonn sé sin meascán a bhaineann úsáid as an saineolas sa mhargadh fuinnimh atá ann cheana le rialtóirí fuinnimh náisiúnta (ÚRN) agus saineolaithe a bhfuil eolas sonrach acu ar thrádáil mórdhíola tráchtearraí nó díorthach. Is beag seans go mbeidh saineolaithe den sórt sin ag obair le ÚRN (Údaráis Rialála Náisiúnta) agus dá bhrí sin chaithfí iad a earcú mar Ghníomhairí Sealadacha. | Bliain 2012 | Bliain 2013 | | | ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le ré an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) | Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach) | Gníomhairí sealadacha ag ACER | 0,191 | 0,952 | | | | | | Pearsanra seachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) [31] | Saineolaithe Náisiúnta ar Iasacht in ACER | 0,074 | 0,370 | | | | | | IOMLÁN | 0,265 | 1,323 | | | | | | Éileoidh an ghníomhaireacht an fhoireann bhreise i gcreat an nós imeachta do dhréachtbhuiséad na bliana lena mbaineann trí bhíthin an MASPP agus an ráiteas airgeadais buiséadach. 8.2.3. Comhoiriúnacht leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha – Tá an togra/an tionscnamh comhoiriúnach leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil reatha. 8.2.4. Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe – Ní dhéantar foráil sa togra/tionscnamh do chómhaoiniú le tríú páirtithe – Déantar foráil sa togra/tionscnamh don chómhaoiniú atá réamh-mheasta thíos: Leithreasaí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) | Bliain N | Bliain N+1 | Bliain N+2 | Bliain N+3 | ... tabhair na blianta ar fad a theastaíonn le ré an tionchair a thaispeáint (féach pointe 1.6) | Iomlán | Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe | | | | | | | | | IOMLÁN leithreasaí cómhaoinithe | | | | | | | | | 8.3. An tionchar a mheastar ar ioncam – Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam. [1] Comhairle CESR agus ERGEG don Choimisiún Eorpach i gcomhthéacs an Tríú Pacáiste Fuinnimh, arb é atá ann ná trí dhoiciméad ar leith (Tag: CESR/08-527, CESR/08-998, CESR/08-739) a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin idir Deireadh Fómhair 2008 agus Eanáir 2009. [2] http://ec.europa.eu/energy/gas_electricity/forum_electricity_florence_en.htm [3] http://ec.europa.eu/energy/gas_electricity/consultations/2010_07_23_energy_markets_en.htm [4] http://ec.europa.eu/governance/impact/index_en.htm [5] Cothaíonn an comhghaol ard idir praghsanna i dtíortha comharsanacha an cleachtas sin, mar shampla mhéadaigh comhghaol phraghsanna leictreachais an chéad lae eile de chuid na hÍsiltíre-na Gearmáine ó 0.57 (2004) agus 0.67 (2005) go dtí 0.85 agus 0.91 in 2008 agus in 2009, faoi seach. Déantar anailís níos iomláine air sin sa tuarascáil ar an measúnú tionchair thíos. [6] Cur i láthair a rinneadh ag Fóram Fhlórans: "Target Model for Interregional Congestion Management", 10 Nollaig 2009, http://ec.europa.eu/energy/gas_electricity/forum_electricity_florence_en.htm [7] Fiosrúchán ar fheidhmiú mhargaí gáis agus leictreachais 2005, de bhun Airteagal 17 de Rialachán 1/2003 CE - http://ec.europa.eu/competition/sectors/energy/inquiry/index.html#final - agus Cinneadh ón gCoimisiún an 28.11.2008 a bhaineann le cásanna COMP/39.388 – Margadh Mórdhíola Leictreachais na Gearmáine agus Margadh Cothromaíochta Leictreachais na Gearmáine [8] Tá cumhachtaí leathana ag rialtóir fuinnimh na Fraince (CRE) chun maoirseacht a dhéanamh ar mhargaí mórdhíola (lena n-áirítear spotbhearta agus idirbhearta díorthach thar an gcuntar) agus tá tús curtha aige le sonraí idirbheart a bhaineann le margaí na Fraince a iarraidh ar rannpháirtithe sa mhargadh ar fud na hEorpa. D’éiligh Monopolkommission na Gearmáine go mbunófaí monatóir neamhspleách margaidh sa Ghearmáin a bheadh in ann rochtain a fháil ar idirbhearta laistigh agus lasmuigh den mhalartán le soláthar sa Ghearmáin. I Márta 2009, d’eisigh Ofgem, rialálaí fuinnimh na Ríochta Aontaithe, páipéar ar dhrochúsáid mhargaidh a chosc. [9] Bunaíodh an Ghníomhaireacht faoi Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ón gComhairle Eorpach agus ón bParlaimint lena mbunaítear an Ghníomhaireacht um Chomhoibriú na Rialtóirí Fuinnimh, a raibh Airteagal 95 den Chonradh mar bhunús dlí di ansin. Cuireann an Ghníomhaireacht cuspóirí Airteagal 194 den Chonradh chun cinn. Dá mbeadh an tAirteagal sin i bhfeidhm nuair a glacadh le Rialachán (CE) Uimh. 713, dhéanfaí foráil leis don bhunús dlí chun an Ghníomhaireacht a bhunú. [10] IO C , , lch . [11] IO C , , lch . [12] IO C , , lch . [13] IO L 211, 14.8.2009, lch. 15. [14] IO L 211, 14.8.2009, lch. 36. [15] IO L 211, 14.8.2009, lch. 1. [16] IO L 145, 30.4.2004, lch. 0001-0044 [17] IO L 96, 12.4.2003, lch. 16. [18] IO L 211, 14.8.2009, lch. 55. [19] IO L 211, 14.8.2009, lch. 94. [20] IO L 145, 30.4.2004, lch. 1. [21] IO L 8, 12.1.2001, lch.1. [22] IO cuir dáta isteach bliain amháin i ndiaidh ghlacadh an rialacháin seo. [23] ABM: Bainistiú de réir gníomhaíochtaí – ABB: Bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí. [24] Mar a thagraítear dó in Airteagal 49(6)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais. [25] COIM(2010) 2020, 3.3.2010: Europe 2020 – A strategy for smart, sustainable and inclusive growth (An Eoraip 2020 – Straitéis le haghaidh fáis chliste, inbhuanaithe agus chuimsithigh), lch. 19. [26] Rialachán (CE) Uimh. 713/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh, IO Imleabhar 52, 14 Lúnasa 2009. [27] Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh Gréasáin Budg: http://www.cc.cec/budg/man/budgmanag/budgmanag_en.html [28] LD = Leithreasaí difreáilte / LN = Leithreasaí neamhdhifreáilte. [29] CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa. [30] Tíortha is iarrthóirí agus, nuair is iomchuí, tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí ó na Balcáin Thiar. [31] GC = Gníomhaire ar conrardh; INT = foireann ghníomhaireachta ("Intérimaire"); JED= "Jeune Expert en Délégation" (Saineolaithe Óga i dToscaireachtaí); GÁ = Gníomhaire Áitiúil; SNI = Saineolaí Náisiúnta ar Iasacht. --------------------------------------------------