52010PC0570

TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i dtaca le leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar sheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 agus lena n aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún /* COM/2010/0570 final - COD 2008/0002 */


[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 11.10.2010

COIM(2010) 570 leagan deireanach

2008/0002 (COD)

TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i dtaca le leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar sheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún

2008/0002 (COD)

TUAIRIM ÓN gCOIMISIÚN de bhun Airteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i dtaca le leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar sheasamh na Comhairle maidir leis an togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún

1. Réamhrá

Foráiltear le hAirteagal 294(7)(c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh go dtabharfaidh an Coimisiún tuairim uaidh ar na leasuithe atá molta ag Parlaimint na hEorpa sa dara léamh. Leagann an Coimisiún amach thíos a thuairim ar an 104 leasú atá molta ag an bParlaimint.

2. Cúlra

An dáta ar seoladh an togra chuig an bParlaimint agus an Chomhairle: 14 Eanáir 2008

COIM(2007) 872 leagan deireanach - 2008/0002 (COD)

Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: 29 Bealtaine 2008

Dáta na tuairime ó Pharlaimint na hEorpa sa chéad léamh: 25 Márta 2009

An dáta ar seoladh an togra leasaithe chuig an bParlaimint agus an Chomhairle: dada

Dáta an chomhaontaithe pholaitiúil maidir le seasamh na Comhairle: 22 Meitheamh 2009

An dáta ar glacadh seasamh na Comhairle go foirmiúil: 11 Márta 2010

Dáta na tuairime ó Pharlaimint na hEorpa sa dara léamh: 7 Iúil 2010

An dáta ar seoladh an tuairim ó Pharlaimint na hEorpa sa dara léamh: 9 Lúnasa 2010

3. Cuspóir an Togra

Tá údarú agus úsáid bianna núíosacha á rialáil ar leibhéal an AE ó 1997 i leith, tráth a glacadh Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ón gComhairle. Is é is aidhm don dréacht-Rialachán an creat rialála le haghaidh údarú bianna núíosacha agus bianna den sórt sin a chur ar an margadh a thabhairt cothrom le dáta agus a shoiléiriú, agus, lena linn sin, sábháilteacht bia, cosaint sláinte poiblí agus leas na dtomhaltóirí agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Déantar Rialachán (CE) Uimh. 258/97 agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún a aisghairm leis an togra.

Is é is aidhm don togra seo an nós imeachta údaraithe a athchóiriú chun éifeachta agus a lárú ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 lena mbunaítear an nós imeachta comhchoiteann údaraithe. Forbraítear leis freisin nós imeachta údaraithe sonrach maidir le bianna traidisiúnta ó thríú tíortha agus soiléirítear ann an sainmhíniú ar bhianna núíosacha, lena n-áirítear teicneolaíochtaí nua a mbíonn tionchar acu ar bhia.

Cuirtear deireadh leis an nós imeachta atá ann faoi láthair chun an tréimhse úsáide a fhadú agus cuirtear cinntí údaraithe atá cineálach in ionad na n-údaruithe iarratasóir-nasctha ach amháin i gcásanna ina ndeonófar cosaint sonraí do tháirgí bia nuálacha.

Ina theannta sin, dearbhaítear leis an togra an "status quo" maidir le bia atá díorthaithe ó ainmhithe a fhaightear trí theicnící neamhghnácha pórúcháin (e.g. clóin) trína cheangal go sainráite údarú a fháil sula gcuirfear an bia ar an margadh cé nach meastar go bhfuil bia atá díorthaithe ó ainmhithe a fhaightear trí ghnáth-theicnící pórúcháin (e.g. sliocht clón) núíosach.

4. Tuairim ón g COIMISIÚN AR NA LEASUITHE A RINNE PARLAIMINT NA h EORPA

4.1. Achoimre ar an tuairim ón gCoimisiún

Tá 104 leasú ar sheasamh na Comhairle glactha ag an bParlaimint. Féadfaidh an Coimisiún glacadh le 34 leasú, bíodh sin go hiomlán nó go páirteach.

Féadfaidh an Coimisiún glacadh le 16 leasú mar atá siad (Uimh. 3, 8, 12, 17, 27, 44, 56, 57, 75, 90, 91, 93, 99, 111, 114, 117) agus féadfaidh sé glacadh le 18 leasú go páirteach nó faoi réir a n-athdhréachtaithe (Uimh. 1, 16, 26, 34, 35, 45, 47, 49, 50, 52, 82, 94, 95, 96, 97, 106, 109, 110).

Tá 70 leasú ann nach bhféadfaidh an Coimisiún a thacaíocht a thabhairt dóibh (Uimh. 2, 4, 5, 6, 9, 10, 11, 13, 14, 15, 20, 21, 22, 23, 25, 28, 29, 30, 32, 33, 37, 39, 40, 41, 42, 43, 46, 51, 53, 54, 55, 58, 59, 61, 62, 63, 64, 65, 66, 67, 68, 69, 70, 71, 72, 74, 77, 78, 80, 81, 84, 85, 87, 88, 89, 92, 98, 100, 101, 102, 103, 104, 105, 107, 108, 113, 115, 116, 118, 120).

4.2. Leasuithe ar ghlac an Coimisiún leo

4.2.1 Nanaitheicneolaíochtaí

Tugann an Coimisiún tacaíocht do phrionsabal an tsainmhínithe rialaithigh ar "nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu" d'fhonn a shoiléiriú cad iad na táirgí a mbeadh gá acu le formheas réamh-mhargaidh faoin Rialachán um Bia Núíosach (leasú 16). Ní mór an sainmhíniú seo, bunaithe ar eolaíocht, a bheith infhorghníomhaithe ag oibreoirí gnó bia agus ag údaráis rialaithe na mBallstát.

Má thagann faisnéis nua chun cinn le heolaíocht maidir leis na heilimintí atá le cur san áireamh sa dréacht-sainmhíniú sula nglacfar leagan deireanach an téacs, cuirfidh an Coimisiún na hathruithe iomchuí ar an sainmhíniú sin chuig na comhreachtóirí.

Aontaíonn an Coimisiún gur gá an sainmhíniú rialaitheach ar "nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu" a oiriúnú don dul chun cinn eolaíoch agus d'fhorbairtí idirnáisiúnta trí ghníomhartha tarmligthe (leasuithe 34 agus 49).

Fad a bhaineann le lipéadú nana-ábhar in earraí bia, féadfaidh an Coimisiún glacadh le prionsabal an lipéadaithe éigeantaigh agus chórasaigh gach bia agus gach comhábhair bhia ina bhfuil nana-ábhair (leasú 75). Bheadh feidhm ag an gceanglas lipéadaithe sin ar leibhéal liosta na gcomhábhar agus maidir le gach comhábhar bia ina bhfuil nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu atá cuimsithe faoin sainmhíniú thuasluaite.

Measann an Coimisiún gurbh fhearr go ndéanfaí an ceanglas lipéadaithe laistigh de chreat an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis faoi bhia a sholáthar do thomhaltóirí d'fhonn cur chuige comhtháite a bheith ann maidir le nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu a lipéadú i ngach bia.

4.2.2 Prionsabal an réamhchúraim, cosaint leasa ainmhithe agus gnéithe eiticiúla agus gnéithe a bhaineann leis an gcomhshaol

Is é is príomhchuspóir don Rialachán um Bia Núíosach sábháilteacht bia a áirithiú trí mheasúnú riosca córasach de chuid an AE a dhéanamh agus trí nós imeachta údaraithe sula bhfaightear rochtain ar an margadh agus saorchúrsaíocht earraí laistigh den AE.

Mar sin féin, tugann an Coimisiún a thacaíocht dó na cuspóirí a áireamh a bhaineann le cosaint sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe, le cosaint an chomhshaoil agus le cosaint na dtomhaltóirí (leasuithe 1, 3 agus 35).

4.2.3 Bianna traidisiúnta ó thríú tíortha

Féadfaidh an Coimisiún aontú leis an gceanglas maidir le tréimhse 25 bliain tomhaltais i dtríú tíortha d'fhonn tuairisc ar úsáid shábháilte bia a léiriú i gcás bianna traidisiúnta ó thríú tíortha (leasú 47). Áirítear sin i dteannta an riachtanais maidir leis na sonraí ábhartha is gá chun sábháilteacht na mbianna sin a bhunú a chur isteach.

4.2.4 Tástáil ainmhithe

Aontaíonn an Coimisiún gur cheart athdhéanamh tástálacha ar veirteabraigh a sheachaint a mhéid is féidir. Ar an ábhar sin, féadtar foráil a dhéanamh go bhféadfaidh iarratasóir dul i muinín torthaí staidéar ar thástálacha ar ainmhithe a rinne iarratasóir eile roimhe sin i gcomaoin cúitimh airgeadais, fiú nuair a dheonaítear cosaint sonraí. Ní ionann sin is a rá, áfach, go bhfuil ceangal ar an iarratasóir roimhe sin rochtain ar a shonraí a dheonú i gcónaí. Féadtar glacadh le leasú 99, dá réir sin, ar choinníoll go ndéanfar é a athdhréachtú chun an ghné sin a shoiléiriú.

4.2.5 Oiriúnú do Chonradh Liospóin

Maidir leis an sainmhíniú ar "nana-ábhair a ndearnadh innealtóireacht orthu" a oiriúnú do dhul chun cinn eolaíoch agus teicniúil agus do shainmhínithe a aontaíodh leo ar leibhéal idirnáisiúnta, measann an Coimisiún nach léireodh an sainmhíniú sin an staid is fearr san eolaíocht dá rachfaí ar iontaoibh an ghnáthnós imeachta reachtach chun é a athbhreithniú ach féadfaidh sé aontú lena athbhreithniú trí ghníomhartha tarmligthe (leasú 49).

Fad a bhaineann leis na rialacha mionsonraithe maidir le cumhacht a tharmligean agus a chúlghairm chuig an gCoimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh agus chun agóidí a dhéanamh ina gcoinne, féadfaidh an Coimisiún a thacaíocht a thabhairt do leasuithe na Parlaiminte (leasú 109 maidir le fad an tarmligin, leasú 110 maidir leis na rialacha mionsonraithe i dtaca le cúlghairm an tarmligin agus leasú 111 maidir leis na rialacha mionsonraithe i dtaca le hagóidí a dhéanamh i gcoinne gníomhartha tarmligthe).

4.3. Leasuithe ar dhiúltaigh an Coimisiún dóibh:

4.3.1. Clónáil

Iarrann an Pharlaimint togra reachtach chun bia ó chlóin agus óna sliocht de gach glúin a chosc laistigh de shé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin (leasú 5). Ina theannta sin, iarrann sí moratorium maidir le táirgí den sórt sin a chur ar an margadh go dtí go nglacfar an togra (leasú 14) agus iarrann sí tuarascáil a dhéileálann le gach gné de chlónáil laistigh de 3.5 bliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin um Bia Núíosach, lena ngabhfaidh aon togra reachtach más gá (leasú 113).

Tar éis díospóireachtaí forleathana ar leibhéal na Parlaiminte agus na Comhairle, measann an Coimisiún nach é an Rialachán um Bia Núíosach an creat dlí iomchuí chun díriú go domhanda ar shaincheist na clónála fad a bhaineann le táirgeadh bia. Ní fhéadtar, go háirithe, táirgeadh agus margaíocht táirgí seachas bia (ábhair atáirgthe) a chumhdach faoin Rialachán um Bia Núíosach a dhéileálann go heisiach le húdarú a dhéantar ar tháirgí bia sula gcuirtear ar an margadh iad.

Glacfaidh an Coimisiún tuarascáil freisin ar gach gné d'úsáid theicníc na clónála chun bia a tháirgeadh faoi lár mhí na Samhna ar a dhéanaí. Beidh an tuarascáil sin ina bunús do thuilleadh díospóireachtaí ar an ábhar sin idir Institiúidí an AE amach anseo. Tá an Coimisiún toilteanach teacht ar chomhthoil agus tá sé ag cur na roghanna le haghaidh creata dlí amach anseo san áireamh.

4.3.2. Nanaitheicneolaíochtaí

Ní aontaíonn an Coimisiún leis an bParlaimint a thoimhdíonn nach mbeadh an mhodheolaíocht ghinearálta a úsáidtear chun measúnú riosca a dhéanamh ar earraí bia infheidhme maidir le nana-ábhair i mbia (leasú 6) agus nár cheart, go dtí go bhforbraítear modhanna tástála sonracha, aon bhia le nana-ábhair a chur ar mhargadh an AE (leasú 120).

I gcomhréir le tuairim ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) an 10 Feabhra 2010, admhaíonn an Coimisiún gur gá tástálacha sábháilteachta breise agus uirlisí rialála breise a fhorbairt ach go bhfuil an mhodheolaíocht a úsáidtear chun measúnú riosca a dhéanamh ar earraí bia bailí i gcónaí (leasuithe 6, 10, 13 agus 23). Ní fhéadtar glacadh le leasuithe 6, 10, 13, 23 agus 120 dá bhrí sin.

Tá an Coimisiún tiomanta margaíocht bia a bhfuil nana-ábhair ann a fhormheas sa chás go bhfuil sábháilteacht bia cruthaithe dóibh sin.

4.3.3. Bianna traidisiúnta ó thríú tíortha

I gcás bianna traidisiúnta ó thríú tíortha, measann an Coimisiún gur cheart bia atá díorthaithe ó tháirgeadh príomhúil a chuimsiú faoina sainmhíniú, lena n-áirítear roinnt bianna próiseáilte ar choinníoll nach ndearnadh próiseáil fhorleathan ná nuálach bia orthu agus níl sé i bhfabhar "bianna núíosacha nádúrtha nach ndearnadh innealtóireacht orthu" a theorannú (leasú 47 – páirt-dhiúltiú).

D'aontaigh an Coimisiún le measúnú riosca córasach arna dhéanamh ag an EFSA agus le húdarú ar leibhéal an AE a dhéanamh ina dhiaidh sin le sprioc-amanna níos giorra mar atá leagtha síos i seasamh na Comhairle.

Mar sin féin, toisc go ndéantar tagairt i leasú 81 don nós imeachta fógartha dá bhforáiltear sa bhuntogra ón gCoimisiún agus go n-eascódh an leasú sin trádáil earraí bia traidisiúnta ó thríú tíortha gan dochar a dhéanamh do shábháilteacht an bhia, measann an Coimisiún gurbh iomchuí coincheap an nós imeachta fógartha a thabhairt isteach arís.

4.3.4. Cosaint sonraí

I gcásanna a bhfuil údar cuí tugtha leo a bhaineann le táirgí atá nuálach go fírinneach agus ar deonaíodh cosaint sonraí ina leith, measann an Coimisiún go bhféadfadh na bianna núíosacha sin tairbhe a bhaint as údarú ar leith agus as tréimhse eisiachais 5 bliana ar mhargadh an AE.

Toisc nach ndeonaítear le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1331/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear nós imeachta comhchoiteann údaraithe maidir le breiseáin bia, maidir le heinsímí bia agus maidir le blastáin bia ach údaruithe atá cineálach, is ríshoiléir go n-imíonn an nós imeachta údaraithe i gcásanna cosanta sonraí ón nós imeachta comhchoiteann údaraithe agus go gcoimeádfar mar sin é ar leithligh ón Rialachán um Bia Núíosach agus, dá bhrí sin, ní fhéadtar glacadh le leasuithe 100, 101 agus 102.

Maidir le sioncronú na dtréimhsí cosanta sonraí a fhéadfar a dheonú faoin Rialachán um Bia Núíosach agus faoi Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le maímh i leith cothaithe agus sláinte a dhéantar maidir le bianna, sholáthródh an sioncrónú sin leas feabhsaithe maidir le táirgí den sórt sin a chur ar an margadh.

Toisc go bhfuil na sonraí a bhfuil measúnú le déanamh orthu faoin dá Rialachán iomlán éagsúil ó thaobh ábhair de, agus go bhfuil ar phainéil éagsúla EFSA iad a scrúdú, ní féidir comhoiriúnú na dtréimhsí cosanta sonraí a áirithiú dáiríre agus mar sin de ní fhéadtar glacadh le leasuithe 28 agus 103.

4.3.5. Oiriúnú do Chonradh Liospóin

Ba cheart an deis a choimeád tuilleadh critéar a ghlacadh chun soiléiriú a thabhairt ar na sainmhínithe atá leagtha síos in Airteagal 3(2) pointí a) (i) go (iv) a bhaineann le fochatagóirí bianna núíosacha agus pointe d) agus e) a bhaineann le bianna traidisiúnta ó thríú tíortha. Dá bhfaighfí réidh leis an deis sin thabharfaí le tuiscint nach bhféadfaí é a dhéanamh ach tríd an "gnáthnós imeachta reachtach" (leasú 33). Measann an Coimisiún gurb ionann na critéir sin a chinneadh agus beart lena bhfuiltear ag iarraidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán a fhorlíonadh, agus gur cheart é a ghlacadh trí ghníomhartha tarmligthe.

Measann an Coimisiún freisin gur cheart na bearta seo a leanas a oiriúnú trí ghníomhartha cur chun feidhme:

- An nós imeachta maidir le stádas bia núíosaigh a chinneadh (mír 4 d'Airteagal 4);

- Na cinntí faoina dtagann cineálacha bianna faoin raon feidhme (Airteagal 5);

- Liosta na mbianna traidisiúnta ó thríú tíortha a thabhairt cothrom le dáta agus rialacha mionsonraithe a ghlacadh chun an nós imeachta maidir le bianna traidisiúnta ó thríú tíortha a chur chun feidhme (míreanna 5 agus 7 d'Airteagal 11);

- Bearta cur chun feidhme a ghlacadh chun faisnéis don phobal a áirithiú (Airteagal 17);

- Liosta an Aontais a thabhairt cothrom le dáta i gcás cosanta sonraí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana do chosaint sonraí (mír 5 d'Airteagal 16);

- Bearta idirthréimhseacha a ghlacadh d'iarrataí atá ar feitheamh (mír 2 d'Airteagal 27);

- Liosta an Aontais de bhianna núíosacha údaraithe a thabhairt cothrom le dáta (mír 8 d'Airteagal 28).

Dá bhrí sin, ní fhéadtar glacadh le leasuithe 32, 34, 54, 55, 70, 81, 100, 101, 102, 104, 108, 115 agus 118.

4.3.5. Saincheisteanna eile

Ní dhéanann roinnt leasuithe ar shaincheisteanna eile (amhail na nósanna imeachta is infheidhme maidir le stádas bia a chinneadh, bunú liostaí AE de bhianna núíosacha údaraithe, na rialacha maidir leis an tréimhse idirthréimhseach nó uasdátú Rialachán Uimh. 1331/2008 maidir leis an nós imeachta comhchoiteann údaraithe) foráil do thuilleadh leasuithe agus, ar an ábhar sin, ba cheart diúltú dóibh.