52010PC0544




[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 6.10.2010

COIM(2010) 544 leagan deireanach

2010/0272 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN (AE) Uimh. Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1541/98 ón gComhairle maidir le cruthúnas tionscnaimh do roinnt táirgí teicstíle a thagann faoi Roinn XI den Ainmníocht Chomhcheangailte agus a scaoiltear i gcomhar saorchúrsaíochta sa Chomhphobal, agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le glacadh leis an gcruthúnas sin, agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. Comhthéacs an togra

Comhthéacs an togra

Díríonn an togra i ndáil le haisghairm Rialachán (CE) Uimh. 1541/98 ón gComhairle an 13 Iúil 1998 maidir le cruthúnas tionscnaimh do roinnt táirgí teicstíle a thagann faoi Roinn XI den Ainmníocht Chomhcheangailte agus a scaoiltear i gcomhar saorchúrsaíochta sa Chomhphobal, agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le glacadh leis an gcruthúnas sin, ar na foirmiúlachtaí a dhéanann allmhaireoirí a shimpliú agus ar aonfhoirmeacht na rialacha allmhairithe a mhéadú. Ar mhaithe le comhsheasmhacht, tá sé beartaithe freisin Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1993 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha a leasú.

Comhthéacs ginearálta

Tugadh isteach na ceanglais maidir le cruthúnas tionscnaimh a sholáthar i ndáil le táirgí teicstíle d'fhonn a áirithiú go gcuirfí i bhfeidhm i gceart bearta ar na táirgí a mbaineann srianta cainníochtúla leo agus d'fhonn an cur isteach ar an margadh a bhíonn mar thoradh ar allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne a sheachaint.

Déantar foráil le Rialachán (CE) Uimh. 1541/98 do na coinníollacha i ndáil le cruthúnais tionscnaimh a ghlacadh do roinnt táirgí teicstíle de thionscnamh tríú tíortha agus a thagann faoi Roinn XI den Ainmníocht Chomhcheangailte, táirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93.

Le blianta beaga anuas, tá laghdú de réir a chéile tagtha ar líon agus ar thionchar na mbeart i leith allmhairí a chuireann an tAontas i fheidhm ar tháirgí teicstíle. Fuarthas réidh le srianta cainníochtúla ar allmhairí a thagann as tíortha ar Bhaill den Eagraíocht Dhomhanda Trádála iad, nuair a chuaigh Comhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála ar Theicstílí agus ar Éadaí i léig in 2005. Tháinig deireadh le forálacha speisialta cosanta le haghaidh teicstílí agus éadaí a thagann ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus arna gcumhdach leis an gComhaontú ar Theicstílí agus ar Éadaí an 31 Nollaig 2008, agus chuaigh an córas maidir le faireachas dúbailte a dhéanamh ar chatagóirí allmhairí a thagann as Daon-Phoblacht na Síne i léig.

Tá bainistiú allmhairí ar táirgí teicstíle ó thríú tíortha iad, tíortha nach bhfuil ina mbaill den Eagraíocht Dhomhanda Trádála, faoi réir na srianta cainníochtúla atá ann fós, bunaithe ar údaruithe allmhairithe seachas ar chruthúnais tionscnaimh.

Ní fiú cruthúnas tionscnaimh a sholáthar nuair a chuirtear córas faireachais i bhfeidhm le haghaidh na gcatagóirí táirgí nach bhfuil faoi réir srianta cainníochtúla. Ós rud é gur féidir na táirgí a allmhairiú gach srianadh, níl cúis ar bith ráthaíochtaí a lorg maidir lena n-áit tionscnaimh.

Dá bhrí sin, ós rud é go bhfuil bearta beartais trádála an Aontais teoranta in earnáil na dteicstílí agus gur féidir iad a bhainistiú gan cruthúnas tionscnaimh, tá sé beartaithe Rialachán (CE) Uimh. 1541/98 a aisghairm, agus go comhuaineach leis sin, forálacha gaolmhara Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle a leasú.

Forálacha atá ann cheana i réimse an togra

Rialachán (CE) Uimh. 1541/98 ón gComhairle an 13 Iúil 1998 maidir le cruthúnas tionscnaimh do roinnt táirgí teicstíle a thagann faoi Roinn XI den Ainmníocht Chomhcheangailte agus a scaoiltear i gcomhar saorchúrsaíochta sa Chomhphobal, agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le glacadh leis an gcruthúnas sin.

Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1993 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha.

Déantar foráil in Airteagal 26 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail go bhféadfaidh na húdaráis chustaim cruthúnas breise tionscnaimh a éileamh.

Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 ag leagan síos forálacha chun Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle ag bunú Chód Custaim an Chomhphobail a chur chun feidhme a fhorálann go mbeidh i mbosca 34 den doiciméad riaracháin aonair, arna chomhlíonadh i gcomhréir le nótaí míniúcháin an doiciméid riaracháin aonair atá in Iarscríbhinn 37, tír tionscnaimh na dtáirgí allmhairithe. Tá an sonrú sin faoi réir na ngnáthnósanna imeachta fíorúcháin, lena n-áirítear an fhéidearthacht go n-éileoidh na húdaráis custaim cruthúnas breise, más iomchuí, ar bhonn gach cáis faoi leith.

Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais Eorpaigh

Tá an togra seo ag teacht leis an mbeartas reatha maidir le simpliú, ós rud é go bhfuil sé de chuspóir aige ionstraim dlí nach bhfuil gá léi a bhaint ó fhoireann rialacha an Chomhphobail.

2. Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara agus measúnú iarmharta

Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

Ní bhaineann sé le hábhar.

Measúnú iarmharta

Toisc go mbaineann an togra le rialachán atá ann cheana a aisghairm, is iad an dá rogha fhéideartha atá ann ná: 1) gan gníomh reachtach ar bith a bheith ann; 2) gníomh reachtach.

Thabharfaí le tuiscint leis an gcéad rogha, in ainneoin na gcomhaontuithe déthaobhacha teicstíle agus na srianta cainníochtúla le haghaidh táirgí teicstíle a bheith imithe i léig, go bhfanfadh Rialachán Uimh. 1541/98 i bhfeidhm. Bheadh cruthúnas tionscnaimh do tháirgí teicstíle ag teastáil fós, dá bhrí sin, d'fhonn iad a scaoileadh i gcomhar saorchúrsaíochta, cé nach bhfuil aon bhaol ann a thuilleadh go bhféadfaí áit tionscnaimh earraí a úsáid d'fhonn teacht timpeall ar shrianta ar allmhairiú. Dealraíonn sé nach bhfuil an réiteach seo i gcomhréir le comhsheasmhacht dhlí an Chomhphobail agus an gá atá aitheanta i ndáil lena shimpliú. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin, go bhfuil gnólachtaí an-bhuartha faoin ualach rialaitheach atá ann cheana agus luann siad go bhfuil costais níos airde ag baint le deimhniúchán tionscnaimh ná mar a bheadh i gceist le córas éifeachtach rialaitheach.

Má aisghairtear Rialachán Uimh. 1541/98, áfach, cuideoidh sé an timpeallacht rialála a fheabhsú don tionscal agus na rialacha a bhaineann le hallmhairiú teicstílí a ailíniú leis na rialacha a bhaineann le táirgí tionsclaíocha eile, nach gá deimhniúcháin tionscnaimh a sholáthar ina dtaobh. I ngach cás, dearbhaítear an áit tionscnaimh sa doiciméad riaracháin aonair atá le soláthar chun earraí a scaoileadh i gcomhar saorchúrsaíochta.

3. Eilimintí dlí an togra

Achoimre ar an ngníomhaíocht atá beartaithe

Tá sé beartaithe Rialachán (CE) Uimh. 1541/98 ón gComhairle a aisghairm agus Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle a leasú.

Bunús dlí

Is é Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh bunús dlí an togra seo.

Prionsabal na coimhdeachta

Tagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.

Prionsabal na comhréireachta

Tá an togra ag teacht le prionsabal na comhréireachta ós rud é gurb é an t-aon bhealach chun Rialachán (CE) Uimh. 1541/98 ón gComhairle a aisghairm agus chun Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 ón gComhairle a leasú, Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh.

Ní bheidh aon ualach ar na húdaráis custaim i gceist leis an togra.

Rogha na nIonstraimí

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Ní bheadh modhanna eile leordhóthanach toisc go bhfuil an togra dírithe ar Rialachán ón gComhairle a aisghairm. Ní fhéadfar ach Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a úsáid chuige sin.

4. Impleacht buiséadach

Ní bheidh aon impleacht ag an togra do bhuiséad an Aontais toisc nach mbeidh aon chaiteachas breise i gceist leis.

5. Faisnéis bhreise

Simpliú

Déanann an togra foráil don reachtaíocht a shimpliú agus d'ualaigh riaracháin a laghdú.

An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Ní bhaineann an gníomh beartaithe leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

Teacht i bhfeidhm

Ar chúiseanna a bhaineann le comhsheasmhacht dhlíthiúil, ba cheart go dtiocfadh Rialachán (CE) Uimh. 1541/98 ón gComhairle i bhfeidhm an tráth céanna le leasuithe gaolmhara ar Rialachán Uimh. 3030/93 ón gComhairle.

2010/0272 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN (AE) Uimh. Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1541/98 ón gComhairle maidir le cruthúnas tionscnaimh do roinnt táirgí teicstíle a thagann faoi Roinn XI den Ainmníocht Chomhcheangailte agus a scaoiltear i gcomhar saorchúrsaíochta sa Chomhphobal, agus maidir leis na coinníollacha i ndáil le glacadh leis an gcruthúnas sin, agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93 maidir le comhrialacha le haghaidh allmhairí táirgí áirithe teicstíle ó thríú tíortha

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

1. Déantar foráil le Rialachán (CE) Uimh. 1541/98[1] do rialacha maidir le cruthúnas tionscnaimh le haghaidh roinnt táirgí teicstíle de thionscnamh tríú tíortha a bhfuil comhaontuithe déthaobhacha, prótacail, agus socruithe eile tugtha i gcrích ag an Aontas leo, nó le haghaidh táirgí teicstíle a bhfuil córas faireachais tugtha isteach ag an Aontas ina dtaobh d'fhonn monatóireacht a dhéanamh ar threochtaí allmhairithe táirgí, nó a bhfuil bearta speisialta cosanta curtha i bhfeidhm aige ina dtaobh.

2. Tá roinnt mórfhorbairtí tarlaithe ó glacadh Rialachán (CE) Uimh. 1541/98. Tá laghdú de réir a chéile tagtha ar líon agus ar thionchar na mbeart i leith allmhairí a chuireann an tAontas i bhfeidhm ar tháirgí teicstíle Roinn XI den Ainmníocht Chomhcheangailte sa chaoi gur bearta de chineál iarmharach anois iad, i dtéarmaí na gceannteideal um Ainmníocht Chomhcheangailte atá cumhdaithe agus na dtíortha lena mbaineann.

3. Déantar foráil in Airteagal 26 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 lena mbunaítear Cód Custaim an Chomhphobail, go bhféadfaidh na húdaráis custaim cruthúnas breise tionscnaimh a éileamh.

4. I ngach cás, ní mór tír thionscnaimh na dtáirgí allmhairithe a bheith sonraithe i mbosca 34 den doiciméad riaracháin aonair, arna chomhlíonadh i gcomhréir le nótaí míniúcháin an doiciméid riaracháin aonair atá in Iarscríbhinn 37 a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 ag leagan síos forálacha chun Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle ag bunú Chód Custaim an Chomhphobail [2] a chur chun feidhme. Tá an sonrú sin faoi réir na ngnáthnósanna imeachta fíorúcháin, lena n-áirítear an fhéidearthacht go n-éileoidh na húdaráis custaim cruthúnas breise, más iomchuí, ar bhonn gach cáis faoi leith.

5. Is oibleagáid dhíréireach anois í an oibleagáid maidir le cruthúnas breise tionscnaimh a sholáthar, ar bhonn córasach, maidir leis na táirgí teicstíle i dtrácht i dtaca leis an aidhm bearta áirithe i leith allmhairí a fhorlíonadh, ar bearta iad nach bhfuil in úsáid anois den chuid is mó agus, dá bhrí sin, a chuireann ualach nach gá ar na trádálaithe.

6. Ós rud é gur féidir na táirgí i dtrácht a allmhairiú gan srianadh agus go bhféadfadh údaráis custaim faisnéis bhreise a éileamh, mar atá luaite thuas, go háirithe i gcás amhrais tráth an allmhairithe, ní gá na ceanglais bhreise riaracháin dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1541/98 a choinneáil.

7. Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CEE) Uimh. 1541/98 a aisghairm.

8. Ba cheart Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93[3] ón gComhairle lena bhforáiltear go bhféadfar glacadh leis an gcruthúnas tionscnaimh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1541/98 a leasú dá réir.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1541/98.

Airteagal 2

Scriostar an dara habairt sa chéad fhomhír d'Airteagal 1(6) de Rialachán (CEE) Uimh. 3030/93.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[1] IO L 202, 18.7.1998, lch. 11.

[2] IO L 253, 11.10.1993, lch. 1.

[3] IO L 275, 8.11.1993, lch. 1.