52010PC0524




[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 29.9.2010

COIM(2010) 524 leagan deireanach

2010/0278 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le faireachas buiséadach a fhorfheidhmiú go héifeachtach i limistéar an euro

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

De bharr na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais ar leibhéal domhanda is léir go bhfuil gá agus gá breise ann anois le níos mó comhordaithe agus faireachais ar bheartais eacnamaíocha san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA). I ngeall ar na hionstraimí agus na modhanna comhordaithe agus faireachais atá ag an AE faoi láthair, d'éirigh leis an Aontas teacht slán as an ngéarchéim, rud nach bhféadfadh le Ballstát a dhéanamh as a stuaim féin. Thug na hinstitiúidí Eorpacha agus na Ballstáit freagairt thapa ar an ngéarchéim agus tá siad ag obair go dlúth le chéile fós chun teacht ar ais chucu féin tar éis géarchéim nach raibh a leithéid ann cheana lenár linnse.

Mar sin féin, tá sé tugtha le fios tríd an taithí is deireanaí go bhfuil bearnaí agus laigí ann fós sa chóras reatha comhordaithe agus sna nósanna imeachta faireachais atá againn. Tá comhaontú ginearálta ann nach mór an creat oibre atá ag an AEA a neartú go luath chun cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch agus inbhuaine an airgeadais phoiblí a chur i dtaca, rud atá réamhchoinníollach i gcomhair fáis inbhuanaithe aschuir agus fostaíochta.

Tá na dálaí fabhracha eacnamaíocha agus airgeadais a bhí i réim go dtí 2007 díbeartha ag an ngéarchéim agus tá sé léirithe arís nár úsáideadh an saibhreas a cruinníodh (amhantar) nuair a bhí an saol go maith dúinn chun lamháil inlíochta a chruthú don uair sin a tharlaíonn cor chun donais. Beidh comhdhlúthú ar mhórscála ag teastáil i bhformhór na mBallstát chun an treo ina bhfuil an fiachas poiblí ag dul a iompú droim ar ais. Is léir go mbeidh níos mó práinne ag baint leis sin de réir is a bheidh ar shochaí agus ar gheilleagair na hEorpa aghaidh a thabhairt ar na héifeachtaí a bhíonn ag daonraí ag dul in aois, rud a chuireann brú breise ar an soláthar saothair agus ar na buiséid phoiblí. Is an-ábhartha é an laghdú ar leibhéil na bhfiachas i bhformhór na mBallstát i bhfianaise na n-éifeachtaí diúltacha a bhíonn acu ar dhreasachtaí eacnamaíocha agus ar fhás eacnamaíoch trí chánacha agus préimheanna riosca a ardú.

Is é an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF), trína gcuirtear forálacha an Chonartha a bhaineann le smacht buiséadach chun feidhme, an phríomhionstraim atá ann i gcomhair comhordú agus faireachais ar an mbeartas fioscach. Tá neartú an Chomhshocraithe tábhachtach chun creidiúnacht na straitéise scoir fioscaí comhordaithe agus comhaontaithe a mhéadú agus lena sheachaint nach ndéanfar na botúin chéanna a rinneadh cheana. Is é is aidhm do na tograí atá á dtíolacadh an Comhshocrú a neartú mar a leanas: (i) forálacha an Chomhshocraithe a fheabhsú i bhfianaise taithí, agus taithí a fuarthas ón ngéarchéim dar ndóigh; (ii) ionstraimí forfheidhmithe atá níos éifeachtaí a chuimsiú ann; agus (iii) é a chomhlánú trí fhorálacha i gcreataí fioscacha náisiúnta. Tá na tograí seo ina gcuid d'athchóiriú níos leithne ar rialachas eacnamaíoch faoi scáth na straitéise Eoraip 2020 , lena n-áirítear tograí a théann i ngleic le míchothromachtaí maicreacnamaíocha trí fhaireachas níos géire, lena n-áirítear meicníochtaí rabhaidh agus smachtbhannaí. Déanfar na gnéithe éagsúla den chomhordú ar an mbeartas eacnamaíoch, lena n-áirítear faireachas ar athchóirithe struchtúracha, a chomhtháthú i dtimthriall faireachais nua, an Seimeastar Eorpach, ina gcruinneofar próisis le chéile faoi scáth an CCF agus na dTreoirlínte Ginearálta maidir le Beartais Eacnamaíocha, lena n-áirítear na cláir chobhsaíochta agus na cláir um chóineasú agus na cláir athchóirithe náisiúnta a thíolacadh le chéile.

2. TORTHAÍ ÓN g COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA

D'fhógair an Coimisiún an leagan amach a bheadh ar na tograí seo in dhá Theachtaireacht uaidh: Reinforcing economic policy coordination an 12 Bealtaine 2010 agus Enhancing economic policy coordination for stability, growth and jobs – Tools for stronger EU economic governance an 30 Meitheamh 2010. Roghnaigh an Coimisiún próiseas foirmiúil cumarsáide mar go raibh sé ag iarraidh a thiomantas a léiriú go gcothófaí comhphlé leis na Ballstáit, le Parlaimint na hEorpa agus leis na páirtithe leasmhara ar fad, ach ag an am céanna tograí praiticiúla a bheartú.

I Meitheamh 2010, tháinig an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú faoin ngéarghá atá ann an comhordú a dhéantar ar ár mbeartais eacnamaíocha a neartú. Áirítear sa chomhaontú na chéad treoirlínte a bhaineann leis an CCF agus le faireachas buiséadach. Tháinig an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú, go háirithe, faoin méid seo a leanas: (i) na codanna coisctheacha agus ceartaitheacha den CCF a neartú, lena n-áirítear smachtbhannaí agus an staid ar leith atá sna Ballstáit i limistéar an euro a chur san áireamh; (ii) ról níos tábhachtaí a thabhairt, san fhaireachas buiséadach, do na leibhéil agus na hathruithe fiachais agus don inbhuanaitheacht fhoriomlán; (iii) féachaint chuige go bhfuil rialacha buiséadacha náisiúnta agus creataí buiséid meántéarmacha ag na Ballstáit uile agus go bhfuil na rialacha agus na creataí sin ag teacht leis an CCF; (iv) cáilíocht na sonraí staidrimh a áirithiú.

Thug an Chomhairle Eorpach cuireadh don Tascfhórsa um rialachas eacnamaíoch a bhfuil Uachtarán na Comhairle ina chathaoirleach air agus a bunaíodh i Márta 2010 agus don Choimisiún treoirlínte breise a ullmhú agus na treoirlínte sin a chur i bhfeidhm. Tháinig caidreamh dearfach chun cinn idir an Coimisiún agus an Tascfhórsa. Chuidigh an Coimisiún le hobair an Tascfhórsa trí na Teachtaireachtaí dá dtagraítear thuas agus trí rannchuidiú ad hoc.

3. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

Tá bunús dlí an CCF leagtha síos in Airteagail 121 agus 126 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Seo a leanas an reachtaíocht atá sa CCF: Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú (dá ngairtear 'an chuid choisctheach'); Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (dá ngairtear 'an chuid cheartaitheach'); agus an Rún ón gComhairle Eorpach an 17 Meitheamh 1997 maidir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis. Leasaíodh na Rialacháin sin in 2005 le Rialachán (CE) Uimh. 1055/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1056/2005 agus tá comhlánú breise déanta sa Tuarascáil ón gComhairle an 20 Márta 2005 dar teideal ‘ Improving the implementation of the Stability and Growth Pact ’. Déantar iarracht leis na tograí seo leasuithe breise a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 agus Rialachán (CE) Uimh. 1467/97. Tá ionstraimí forfheidhmithe breise molta sa togra le haghaidh Rialacháin nua ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachas buiséadach a fhorfheidhmiú go héifeachtach i limistéar an euro, bunaithe ar Airteagal 136 den Chonradh, i gcomhar le hAirteagal 121(6). Tá na ceanglais maidir le creataí buiséid na mBallstát mar ábhar i dTreoir nua ón gComhairle atá bunaithe ar Airteagal 126(14): tá an Treoir dírithe go háirithe ar na hoibleagáidí atá ar na húdaráis náisiúnta cloí le forálacha Airteagal 3 de Phrótacal Uimh. 12 a ghabhann leis na Conarthaí a shonrú maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach.

Is éard atá i gceist leis an gcuid choisctheach den CCF a áirithiú go leanfaidh na Ballstáit beartais fhioscacha stuama ionas nach mbeidh aon ghá foirmeacha comhordaithe níos déine a ghlacadh lena sheachaint go gcuirfear inbhuaine an airgeadais phoiblí i mbaol, agus d'fhéadfadh iarmhairtí diúltacha a bheith aige sin don AEA ar an iomlán. Dá réir sin, ceanglaítear ar na Ballstáit cláir chobhsaíochta agus cláir um chóineasú a thíolacadh ina leagfar amach a bpleananna maidir le cuspóirí buiséadacha meántéarmacha a bhaint amach, a shainítear mar chéatadán den OTI i dtéarmaí struchtúracha (i.e. oiriúnú a dhéanamh d'éifeacht an timthrialla agus bearta aonuaire agus sealadacha a eisiamh) agus déanfar iad a dhifreálú idir na tíortha bunaithe ar riocht atá gar do riocht cothrom ar mhaithe le leibhéal an fhiachais phoiblí agus na ndliteanas a bhaineann le haosú a léiriú. Mura mbainfidh Ballstáit na cuspóirí buiséadacha meántéarmacha amach tá súil go ndéanfaidh siad cóineasú ina dtreo ag ráta bliantúil 0.5 % den OTI i dtéarmaí struchtúracha.

Ní leor an dul chun cinn atá déanta go dtí seo, áfach, i dtreo na gcuspóirí sin, agus bíonn an t-airgeadas poiblí neamhchosanta ar an gcor chun donais eacnamaíoch dá dheasca. Thairis sin, is léir nach leor an chothromaíocht struchtúrach, sa chleachtas, mar thomhas ar an riocht fioscach atá mar bhun le tír, i ngeall ar an deacracht a bhaineann le riocht timthriallach an gheilleagair a mheas i bhfíor-am agus i ngeall nach gcuirtear amhantar ioncaim agus gannchion ioncaim nach mbaineann go díreach leis an timthriall eacnamaíoch (go háirithe forbairtí tithíochta agus forbairtí ar mhargaí airgeadais) san áireamh i gceart. Dá bharr sin is uile, cheil riochtaí buiséadacha fónta a bhí ann roimh an ngéarchéim i dtíortha áirithe an spleáchas láidir ar amhantair ioncaim i gcaiteachas airgeadais, agus cruthaíodh móreasnaimh sa bhuiséad nuair a chlis ar na hamhantair sin.

Chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin, cé go gcoimeádtar na cuspóirí buiséadacha meántéarmacha atá ann faoi láthair agus an ceanglas 0.5 % den OTI le haghaidh cóineasú bliantúil, is éard é an tionchar a bheidh ag an leasú atá beartaithe ar an gcuid choisctheach go mbeidh feidhm leis na cuspóirí sin maidir le prionsabal nua de bheartas fioscach stuama. Is éard a chiallaíonn an prionsabal sin nár cheart don fhás ar an gcaiteachas bliantúil ráta fáis meántéarmach stuama an OTI a shárú, agus mura mbaintear amach an cuspóir sin ba cheart don fhás a bheith faoi bhun an ráta fáis sin, ach amháin má sáraíodh an cuspóir go mór os cionn an chuspóra a bhí súil leis nó má rinneadh an farasbarr ar an bhfás ar chaiteachas a sháraigh an ráta meántéarmach stuama a mheaitseáil le bearta lánroghnacha ar thaobh an ioncaim. Is é an aidhm bhunúsach atá leis a áirithiú nach gcaitear amhantair ioncaim ach go leithdháiltear iad chun an fiachas a laghdú. Cuirfidh an prionsabal nua tagarmharc ar fáil is féidir a úsáid mar thagarmharc d'aon scrúdú a dhéanfar ar phleananna fioscacha na mBallstát sa chlár cobhsaíochta agus sa chlár um chóineasú. Ina theannta sin, mura n-urramaítear an ráta fáis ar chaiteachas a comhaontaíodh, in éineacht leis na bearta ioncaim a bhfuil foráilte dóibh, féadfaidh an Coimisiún rabhadh a thabhairt don Bhallstát lena mbaineann agus, más sárú leanúnach agus/nó tromchúiseach go leor atá ann, féadfaidh an Chomhairle moladh a dhéanamh beart ceartaitheach a dhéanamh faoi Airteagal 121 den Chonradh. Cé gur leis an gcuid choisctheach a bhainfeadh moladh den sórt sin, bheadh meicníocht forfheidhmithe faoi Airteagal 136 den Chonradh, i bhfoirm taisce úsmhaire, cothrom le 0.2 % den OTI, mar bhunús leis den chéad uair riamh ach i gcás na dtíortha atá i limistéar an euro amháin. Tugtar isteach nós imeachta 'cúlvótáil' maidir le taisce úsmhar a fhorchur: agus moladh á eisiúint, bheadh an taisce dlite ar thogra ón gCoimisiún, ach amháin má chinneann an Chomhairle a mhalairt trí thromlach cáilithe laistigh de dheich lá. Ní fhéadfadh an Chomhairle suim na taisce a laghdú ach d'aon toil nó bunaithe ar thogra ón gCoimisiún agus ar iarraidh chuí-réasúnaithe ón mBallstát lena mbaineann a fháil is féidir méid na taisce a laghdú. Aisíocfar an taisce in éineacht leis an ús fabhraithe a luaithe is a bheidh an Chomhairle sásta go bhfuil deireadh tagtha leis an gcás a chruthaigh í.

Is éard is aidhm don chuid cheartaitheach den CCF earráidí ollmhóra i mbeartais bhuiséadacha, a d'fhéadfadh inbhuaine an airgeadais phoiblí a chur i mbaol agus an AEA a chur i gcontúirt, a sheachaint. Cruthaíonn sé sin oibleagáid ar na Ballstáit easnaimh iomarcacha rialtais a sheachaint, easnaimh a shainítear bunaithe ar thairseach uimhriúil easnaimh (3 % den OTI) agus fiachais (60 % den OTI nó go bhfuil a dhóthain laghdaithe á dhéanamh ina threo sin). Foráiltear leis an nós imeachta um easnamh iomarcach lena gcuirtear chun feidhme toirmeasc ar easnaimh iomarcacha, do shraith céimeanna, lena n-áirítear, i gcás thíortha limistéar an euro, go bhféadfaí smachtbhannaí airgeadais a fhorchur.

Tá an nós imeachta um easnamh iomarcach á chur i bhfeidhm go rialta i gcomhréir leis na forálacha ábhartha, fiú ar bhonn na n-imthosca eisceachtúla a bhí ann le linn na géarchéime airgeadais, agus sa tslí sin cuidíonn sé leis na hionchais maidir lena réiteach ar shlí ordúil a chur i dtaca. Tá easnaimh áirithe tagtha chun cinn áfach. Cé go bhfuil na critéir a bhaineann le heasnamh agus le fiachas cothrom i bprionsabal, agus gur bagairt níos tromchúisí d'inbhuaine an airgeadais phoiblí iad na leibhéil arda fiachais a leanann ar aghaidh go fadtéarmach ná na heasnaimh arda a tharlaíonn anois is arís, is é an tairseach ‘3 % den OTI’ a bhí mar fhócas eisiach beagnach sa nós imeachta um easnamh iomarcach sa chleachtas, agus ní raibh ach ról an-teoranta ag an bhfiachas ann go dtí seo. Is de thoradh an chuma dhíreach atá ar an easnamh i gcomparáid leis an tairseach fiachais, lena n-áirítear an athbhrí a bhaineann leis an gcoincheap an luas laghdaithe a ísliú a dhóthain agus an tionchar níos mó ar chóimheas fiachais na n-athróg nach bhfuil faoi smacht ag an rialtas, go háirithe an boilsciú. Tá meicníocht láidir forfheidhmithe mar bhunús leis an nós imeachta um easnamh iomarcach i bprionsabal, ós rud é gur féidir, agus gur cheart, smachtbhannaí airgeadais a fhorchur i gcás teipe arís is arís eile easnamh iomarcach a cheartú. Mar sin féin, ní bhíonn tionchar ag smachtbhannaí den sórt sin ach deireanach sa phróiseas, agus ní díspreagadh éifeachtach é, dá bhrí sin, earráidí ollmhóra a sheachaint sna beartais fhioscacha, agus d'fhéadfadh fiú an staid airgeadais sa tír lena mbaineann a bheith imithe chun donais a mhéid sin nárbh leor bagairt fíneála mar dhíspreagadh an tráth ar cheart an fhíneaíl a fhorchur. Léiríodh le linn na géarchéime is deireanaí má chuidíonn an oibleagáid easnaimh iomarcacha a cheartú leis na hionchais go gcoimeádfar sócmhainneacht an rialtais a chur i dtaca, d'fhéadfadh gá a bheith le comaoineacha uile-AEA a chur san áireamh san amlíne don cheartúchán agus i bpróifíl an choigeartaithe.

Chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin tá na príomhthograí seo a leanas le haghaidh an chuid cheartaitheach a leasú á moladh.

Cuirfear an critéar a bhaineann le fiachas atá luaite sa nós imeachta um easnamh iomarcach i bhfeidhm, go háirithe trí thagarmharc uimhriúil a ghlacadh lena mheas an bhfuil an cóimheas fiachais ag laghdú a dhóthain i dtreo na tairsí 60 % den OTI. Go sonrach, meastar go bhfuil cóimheas fiachais/OTI os cionn 60 % i mbun a dhóthain laghdaithe má laghdaigh an fad maidir leis an 60 % de thagarluach an OTI feadh na trí bliana roimhe sin ag ráta d'aon fhichiú in aghaidh na bliana. Mura gcomhlíontar an tagarmharc uimhriúil, áfach, ní hionann sin is a rá go ndéanfar an tír lena mbaineann a aicmiú mar easnamh iomarcach, ós rud é go gcaithfí na fachtóirí uile a bhaineann leis an gcás a chur san áireamh i gcinneadh den sórt sin, go háirithe maidir leis an measúnú ar fhorbairtí fiachais, mar shampla faoina bhfuil fás ainmniúil atá an-íseal ag cur bac ar laghdú an fhiachais, mar aon leis na fachtóirí riosca atá ceangailte le struchtúr an fhiachais, féichiúnas na hearnála príobháidí agus dliteanais intuigthe a bhaineann le haosú. I gcomhréir leis an mbéim níos mó ar fhiachas, ba cheart aird bhreise a thabhairt ar fhachtóirí ábhartha i gcás neamhchomhlíonadh an chritéir fhiachais, má tá fiachas faoi bhun na tairsí 60 % den OTI ag an tír lena mbaineann.

D'fhéadfadh cur chuige níos solúbtha atá á mholadh maidir le fachtóirí ábhartha a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh faoina bhfuil easnamh iomarcach ann, a bheith chun leasa tíortha atá ag déanamh leasuithe sistéamacha ar phinsin, a mhairfidh níos faide ná an idirthréimhse cúig bliana a bhfuil foráil déanta dó faoi láthair. Cuimseofar freisin an critéar fiachais faoi na forálacha speisialta atá in CCF i gcomhair leasuithe sistéamacha ar phinsin a bhaineann leis an gcritéar easnaimh faoi láthair; tríd an idirthréimhse cúig bliana chéanna a bhunú maidir leis na glanchostais a bhíonn ar leasuithe den sórt sin a mheas agus an measúnú á dhéanamh ar chomhlíonadh an chritéir fhiachais. Ar deireadh, déanfar freaschur páirteach nó iomlán na leasuithe sistéamacha ar phinsin a cuireadh chun feidhme roimhe seo a mheas ar bhonn cothrom le linn sheoladh agus aisghairm nós imeachta um easnamh iomarcach.

Déantar an forfheidhmiú a neartú trí smachtbhannaí airgeadais nua a thabhairt isteach do Bhallstáit limistéar an euro, smachtbhannaí a mbeadh feidhm leo níos luaithe sa phróiseas de réir chur chuige céimnithe. Go sonrach, bheadh feidhm ag taisce neamhúsmhar cothrom le 0.2 % den OTI maidir le cinneadh faoi thír a aicmiú mar easnamh iomarcach, agus thiontófaí é go fíneáil i gcás nach gcomhlíontar an moladh tosaigh an t-easnamh a cheartú. Tá an tsuim sin cothrom leis an eilimint neamhathraitheach de na smachtbhannaí dá bhforáiltear cheana sa chéim dheireanach den nós imeachta um easnamh iomarcach. Tá nasc ann freisin idir é agus buiséad an AE, rud a d'éascódh an t-athrú atá beartaithe go córas forfheidhmithe atá bunaithe ar bhuiséad an AE mar a leagtar amach sa Teachtaireacht thuasluaite ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2010. Is é an toradh a bheadh ar neamhchomhlíonadh breise go gcuirfí dlús breise leis an smachtbhanna, i gcomhréir leis na forálacha atá ann cheana in CCF. Chun lánrogha maidir le forfheidhmiú a laghdú, beartaítear meicníocht ‘cúlvótáil’ chun smachtbhannaí nua a fhorchur maidir leis na céimeanna leantacha sa nós imeachta um easnamh iomarcach. Go sonrach, ag gach céim den nós imeachta um easnamh iomarcach, déanfaidh an Coimisiún togra le haghaidh smachtbhanna iomchuí, agus measfar go bhfuil sé glactha, mura gcinneann an Chomhairle a mhalairt trí thromlach cáilithe laistigh de dheich lá. Is í an Chomhairle d'aon toil nó bunaithe ar thogra sonrach ón gCoimisiún ar fhorais imthosca eacnamaíocha eisceachtúla nó tar éis iarraidh chuí-réasúnaithe a fháil ón mBallstát lena mbaineann is féidir méid na taisce neamhúsmhaire nó na fíneála a laghdú nó a chur ar ceal.

Thairis sin, na critéir a bhaineann le comhlíonadh na moltaí ag gach céim ar leith a mheasúnú, lena n-áirítear an deis fadú na sprioc-amanna a cheadú maidir leis an easnamh iomarcach a cheartú, déantar iad a shoiléiriú trí bhéim shainráite a chur ar na hathróga fioscacha ar féidir glacadh leis go bhfuil siad faoi rialú díreach an rialtais, go háirithe caiteachas, de réir analaí leis an gcur chuige atá beartaithe don chuid choisctheach. Thar na cúinsí a bhaineann go sonrach leis an tír, tugtar isteach an deis na sprioc-amanna a fhadú tuilleadh i gcás géarchéime eacnamaíche ginearálta.

Ní féidir bheith ag súil go dtiocfaidh forfheidhmiú éifeachtach chreat an AEA i dtaobh comhordú buiséadach ó fhorálacha atá leagtha síos ar leibhéal an AE amháin. I ngeall ar an gcuma dhíláraithe atá ar bheartas fioscach san AE agus i ngeall ar an ngá le húinéireacht náisiúnta a fháil ar rialacha an AE, is ríthábhachtach go mbeidh cuspóirí chreat comhordaithe buiséid an AEA léirithe sna creataí buiséid náisiúnta. Is sa chreat buiséid náisiúnta atá na heilimintí atá mar bhunús leis an rialachas fioscach náisiúnta, i.e. is é leagan amach an bheartais insititiúidigh de réir tíre a chruthaíonn an beartas fioscach ar an leibhéal náisiúnta. Ar na heilimintí sin tá na córais chuntasaíochta poiblí, staidreamh, cleachtais réamhaisnéisithe, rialacha fioscacha uimhriúla, nósanna imeachta buiséadacha lena rialaítear gach céim de phróiseas an bhuiséid agus creataí buiséid meántéarmacha go háirithe, agus an caidreamh fioscach idir fo-earnálacha an rialtais. Cé gur gá riachtanais shonracha agus tosaíochtaí sonracha na mBallstát a urramú, tá gnéithe áirithe is léir gur gá iad chun íoscháilíocht agus comhsheasmhacht le creat buiséid an AEA a áirithiú. Tá na gnéithe sin mar ábhar sa Treoir um chreataí buiséid náisiúnta atá beartaithe mar chomhlánú ar leasú an CCF. Éilíonn gnéithe den sórt sin, i dtosach, go mbeidh na heilimintí is bunúsaí den chreat buiséid náisiúnta, eadhon saincheisteanna cuntasaíochta agus staidrimh agus cleachtais réamhaisnéisithe, ag obair i gcomhréir le híoschaighdeáin na hEorpa chun trédhearcacht agus monatóireacht ar fhorbairtí fioscacha a éascú. Is gá freisin do na creataí buiséid náisiúnta cur chuige ilbhliantúil a úsáid sa phleanáil fhioscach ar mhaithe lena áirithiú go mbainfear amach na cuspóirí meántéarmacha atá leagtha síos ar leibhéal an AE. Lena chois sin, ní mór do na Ballstáit rialacha fioscacha uimhriúla a chabhródh le comhlíonadh na dtairseach easnaimh agus fiachais a chur i bhfeidhm. Ní mór do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh feidhm ag na gnéithe sin maidir le fo-earnálacha uile an rialtais ghinearálta. Ní mór do na húdaráis náisiúnta trédhearcacht phróiseas an bhuiséid a urramú trí fhaisnéis mhionsonraithe a sholáthar faoi na cistí seachbhuiséadacha, na caiteachais fhioscacha agus na dliteanais theagmhasacha atá ann faoi láthair.

2010/0278 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le faireachas buiséadach a fhorfheidhmiú go héifeachtach i limistéar an euro

TÁ PARLAIMINT NA HEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 136, i gcomhar le hAirteagal 121(6) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[1],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Is chun leas na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, agus tá an fhreagracht ar na Ballstáit sin, beartais eacnamaíocha a chur i bhfeidhm a chuidíonn le feidhmiú ceart an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta agus beartais a chuirfeadh an t-aontas sin i mbaol a sheachaint.

(2) Ceadaítear leis an gConradh bearta sonracha a ghlacadh i limistéar an euro, ar bearta iad a théann thar na forálacha is infheidhme maidir le gach Ballstát, ar mhaithe le feidhmiú ceart an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta a áirithiú.

(3) Tá gá le smachtbhannaí breise chun forfheidhmiú faireachais bhuiséadaigh a dhéanamh níos éifeachtaí i limistéar an euro. Ba cheart do na smachtbhannaí sin inchreidteacht chreat faireachais bhuiséadaigh an Aontais a neartú.

(4) Leis na rialacha a leagfar síos leis an Rialachán seo, ba cheart go n-áiritheofaí meicníochtaí atá cothrom, tráthúil, céimnithe agus éifeachtach i gcomhair chomhlíonadh na gcodanna coisctheacha agus ceartaitheacha den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú[2] agus Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air[3].

(5) Ba cheart dreasachtaí le haghaidh beartais fhioscaigh stuama a sholáthar sna smachtbhannaí sa chuid choisctheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, ar smachtbhannaí iad ar Bhallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu. Ba cheart go n-áiritheofaí leis an mbeartas sin nach sáraíonn ráta fáis chaiteachas an rialtais ráta fáis stuama meántéarmach an OTI, mura ndéantar an farasbarr a mheaitseáil le méaduithe ar ioncam an rialtais nó mura ndéantar laghduithe ar ioncam lánroghnach a chúiteamh trí laghduithe ar chaiteachas.

(6) Ba cheart an cuspóir buiséadach meántéarmach a ghnóthú agus a chothabháil go héifeachtach trí bheartas fioscach stuama. Ba cheart go gcuirfeadh urramú an chuspóra mheántéarmaigh i leith riochtaí buiséadacha ar chumas na mBallstát lamháil sábháilteachta a bheith acu maidir leis an luach tagartha don easnamh rialtais, arb é 3 % den OTI é, dul chun cinn mear i dtreo inbhuanaitheachta a áirithiú, agus, ag an am céanna, lamháil inlíochta buiséadaí a bheith acu, go háirithe agus na riachtanais infheistíochta poiblí á gcur san áireamh.

(7) Sa chuid choisctheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, is é is ceart a bheith mar dhreasacht le haghaidh beartais fhioscaigh stuama, i gcás na mBallstát sin a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus nach bhfuil dul chun cinn leormhaith á dhéanamh acu maidir le comhdhlúthú buiséadach, oibleagáid taisce sealadach úsmhar a thaisceadh. Ba cheart don chás sin a bheith amhlaidh, tar éis do Bhallstát rabhadh tosaigh a fháil ón gCoimisiún, má leanann an Ballstát d'iompar, cé nach ionann é agus sárú an toirmisc ar easnaimh iomarcacha, ach atá místuama agus a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh d'fheidhmiú rianúil an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta, agus ina n-eisíonn an Chomhairle moladh, dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 121(4) den Chonradh.

(8) A luaithe is atá an Chomhairle sásta go bhfuil deireadh leis an staid a chruthaigh an oibleagáid an taisce sin a thaisceadh, ba cheart an taisce úsmhar arna fhorchur a aisíoc, in éineacht leis an ús fabhraithe, leis an mBallstát lena mbaineann.

(9) Sa chuid cheartaitheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, ba cheart, i gcás smachtbhannaí ar Bhallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu, go mbeadh na smachtbhannaí sin i bhfoirm oibleagáide taisce neamhúsmhar a thaisceadh a bheadh nasctha le cinneadh ón gComhairle lena suítear go bhfuil easnamh iomarcach ann agus lena leagtar síos oibleagáid fíneáil a íoc i gcás nár comhlíonadh moladh ón gComhairle easnamh iomarcach rialtais a cheartú. Ba cheart na smachtbhannaí sin a fhorchur is cuma ar forchuireadh nó nár forchuireadh taisce úsmhar cheana ar an mBallstát lena mbaineann.

(10) Ba cheart méid na taisce úsmhaire, na taisce neamhúsmhaire agus na fíneála dá bhforáiltear sa Rialachán seo a leagan síos sa chaoi is go n-áiritheofar céimniú smachtbhannaí sna codanna coisctheacha agus ceartaitheacha den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus go soláthrófar dreasachtaí leordhóthanacha do na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu creat fioscach an Aontais a chomhlíonadh. Is éard a bheidh san fhíneáil a bhaineann le hAirteagal 126(11) den Chonradh mar atá sonraithe in Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97[4], eilimint sheasta arb ionann í agus 0.2 % den OTI agus eilimint athraitheach. Sa chaoi sin, áirithítear céimniú agus cóir chomhionann idir Ballstáit más ionann an taisce úsmhar, an taisce neamhúsmhar agus an fhíneáil a shonraítear sa Rialachán seo agus 0.2 % den OTI, is é sin méid eilimint sheasta na fíneála a bhaineann le hAirteagal 126(11) den Chonradh.

(11) Ba cheart a fhoráil go bhféadfadh an Chomhairle na smachtbhannaí arna bhforchur ar Bhallstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu a laghdú nó a chur ar ceal ar bhonn togra ón gCoimisiún de bhun iarratais réasúnaithe ón mBallstát lena mbaineann. Sa chuid cheartaitheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, ba cheart freisin go bhféadfadh an Coimisiún laghdú mhéid smachtbhanna a mholadh nó an smachtbhanna a chur ar ceal ar fhorais imthosca eacnamaíocha eisceachtúla.

(12) Ba cheart an taisce neamhúsmhar a scaoileadh nuair atá an t-easnamh iomarcach ceartaithe agus ba cheart an t-ús ar a leithéidí de thaiscí agus na fíneálacha arna mbailiú a dháileadh i measc Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus nach bhfuil easnamh iomarcach acu ná nach bhfuil faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach.

(13) Ba cheart an chumhacht a thabhairt don Chomhairle cinntí aonair a ghlacadh d'fhonn na meicníochtaí do smachtbhannaí dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur chun feidhme. Mar chuid de chomhordú bheartais eacnamaíocha na mBallstát arna dhéanamh laistigh den Chomhairle mar atá sonraithe in Airteagal 121(1) den Chonradh, leanann na cinntí aonair sin go dlúth ó na bearta a ghlac an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagail 121 agus 126 den Chonradh agus Rialacháin (CE) Uimh. 1466/97 agus (CE) Uimh. 1467/97.

(14) Ós rud é go bhfuil rialacha ginearálta maidir le forfheidhmiú éifeachtach Rialacháin (CE) Uimh. 1466/97 agus (CE) Uimh. 1467/97 sa Rialachán seo, ba cheart é a ghlacadh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach dá dtagraítear in Airteagal 121(6).

(15) Ós rud é nach féidir an cuspóir meicníocht aonfhoirmeach do smachtbhannaí a chruthú a ghnóthú ag leibhéal na mBallstát, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I Ábhar

Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme

1. Leis an Rialachán seo leagtar amach córas smachtbhannaí chun forfheidhmiú na gcodanna coisctheacha agus ceartaitheacha den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis i limistéar an euro a threisiú.

2. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu.

Airteagal 2 Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo:

1. ciallaíonn 'an chuid choisctheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis' an córas faireachais iltaobhaigh mar atá eagraithe le Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 an 7 Iúil 1997;

2. ciallaíonn 'an chuid cheartaitheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis' an nós imeachta um rialú easnamh iomarcach na mBallstát mar atá rialaithe le hAirteagal 126 den Chonradh agus le Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 an 7 Iúil 1997;

3. ciallaíonn 'imthosca eacnamaíocha eisceachtúla' imthosca ina meastar go bhfuil sárú easnaimh rialtais os cionn an luacha thagartha eisceachtúil de réir bhrí an dara fleasc d'Airteagal 126(2)(a) den Chonradh agus faoi mar atá sonraithe i Rialachán (CE) Uimh. 1467/97.

Caibidil IISmachtbhannaí sa chuid choisctheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis

Airteagal 3 Taisce úsmhar

1. Má chuireann an Chomhairle moladh faoi bhráid Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 121(4) den Chonradh, na bearta coigeartaithe is gá a dhéanamh i gcás dialltaí leanúnacha, nó dialltaí a bhfuil tromchúis ar leith ag baint leo, ón mbeartas fioscach stuama mar atá leagtha síos in Airteagal 6(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1466/97, forchuirfidh an Chomhairle go ndéanfar taisce úsmhar, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún. Measfar an cinneadh a bheith glactha ag an gComhairle ach amháin má chinneann sí, trí thromlach cáilithe, an togra a dhiúltú laistigh de dheich lá ón tráth a ghlac an Coimisiún é. Féadfaidh an Chomhairle an togra a leasú i gcomhréir le hAirteagal 293(1) den Chonradh.

2. Is ionann an taisce úsmhar a bheartóidh an Coimisiún agus 0.2 % d'OTI an Bhallstáit lena mbaineann sa bhliain roimhe sin.

3. Saothróidh an taisce ús ag ráta a léireoidh riosca creidmheasa an Choimisiúin agus an tréimhse ábhartha infheistíochta.

4. De mhaolú ar mhír 2, féadfaidh an Coimisiún, de bhun iarratais réasúnaithe ón mBallstát lena mbaineann chuig an gCoimisiún laistigh de dheich lá ón tráth a glacadh an moladh ón gComhairle dá dtagraítear i mír 1, a mholadh méid na taisce úsmhaire a laghdú nó an taisce úsmhar a chur ar ceal.

5. Má thagann deireadh leis an staid ba chúis leis an moladh dá dtagraítear i mír 1, cinnfidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, go n-aisíocfar an taisce in éineacht leis an ús fabhraithe leis an mBallstát lena mbaineann. Féadfaidh an Chomhairle an togra ón gCoimisiún a leasú i gcomhréir le hAirteagal 293(1) den Chonradh.

Caibidil IIISmachtbhannaí sa chuid cheartaitheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis

Airteagal 4Taisce neamhúsmhar

1. Má chinneann an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(6) den Chonradh go bhfuil easnamh iomarcach ag Ballstát, forchuirfidh an Chomhairle go ndéanfar taisce neamhúsmhar, ag gníomhú di ar thogra ón gCoimisiún. Measfar an cinneadh a bheith glactha ag an gComhairle ach amháin má chinneann sí, trí thromlach cáilithe, an togra a dhiúltú laistigh de dheich lá ón tráth ar ghlac an Coimisiún é. Féadfaidh an Chomhairle an togra a leasú i gcomhréir le hAirteagal 293(1) den Chonradh.

2. Is ionann an taisce neamhúsmhar a bheartóidh an Coimisiún agus 0.2 % d'OTI an Bhallstáit lena mbaineann sa bhliain roimhe sin.

3. Má tá taisce úsmhar taiscthe ag an mBallstát leis an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 3, tiontófar an taisce úsmhar go taisce neamhúsmhar.

Má sháraíonn méid na taisce úsmhaire a taisceadh roimhe sin agus méid an úis a fabhraíodh méid na taisce neamhúsmhaire a cheanglaítear, aisíocfar an tsuim gan íoc leis an mBallstát.

Má sháraíonn méid na taisce neamhúsmhaire a cheanglaítear méid na taisce úsmhaire a taisceadh roimhe sin agus méid an úis a fabhraíodh, soláthróidh an Ballstát an an tsuim gan íoc nuair a thaiscfidh sé an taisce neamhúsmhar.

4. De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, ar fhorais imthosca eacnamaíocha eisceachtúla nó de bhun iarratais réasúnaithe ón mBallstát lena mbaineann chuig an gCoimisiún laistigh de dheich lá ón tráth a glacadh an cinneadh ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(6) den Chonradh, a mholadh méid na taisce neamhúsmhaire a laghdú nó an taisce neamhúsmhar a chur ar ceal.

Airteagal 5Fíneáil

1. Má chinneann an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(8) den Chonradh nach ndearna an Ballstát beart leordhóthanach mar fhreagairt ar mholadh ón gComhairle laistigh den tréimhse atá leagtha síos, cinnfidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, go n-íocfaidh an Ballstát fíneáil. Measfar an cinneadh a bheith glactha ag an gComhairle ach amháin má chinneann sí, trí thromlach cáilithe, an togra a dhiúltú laistigh de dheich lá ón tráth ar ghlac an Coimisiún é. Féadfaidh an Chomhairle an togra a leasú i gcomhréir le hAirteagal 293(1) den Chonradh.

2. Is ionann an fhíneáil a bheartóidh an Coimisiún agus 0.2 % d'OTI an Bhallstáit lena mbaineann sa bhliain roimhe sin.

3. Má tá taisce neamhúsmhar taiscthe ag an mBallstát leis an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 4, tiontófar an taisce neamhúsmhar go fíneáil.

Má sháraíonn méid na taisce neamhúsmhaire a taisceadh roimhe sin méid na fíneála a cheanglaítear, aisíocfar an tsuim gan íoc leis an mBallstát.

Má sháraíonn méid na fíneála a cheanglaítear méid na taisce neamhúsmhaire a taisceadh roimhe sin, nó más rud é nár taisceadh aon taisce neamhúsmhar roimhe sin, soláthróidh an Ballstát an tsuim gan íoc nuair a íocfaidh sé an fhíneáil.

4. De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh an Coimisiún, ar fhorais imthosca eacnamaíocha eisceachtúla nó de bhun iarratais réasúnaithe ón mBallstát lena mbaineann chuig an gCoimisiún laistigh de dheich lá ón tráth a glacadh an cinneadh ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(8) den Chonradh, a mholadh méid na fíneála a laghdú nó an fhíneáil a chur ar ceal.

Airteagal 6An taisce neamhúsmhar a aisíoc

Má chinneann an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(12) den Chonradh roinnt dá cinntí nó a cinntí uile a aisghairm, aisíocfar aon taisce neamhúsmhar arna taisceadh ag an mBallstát leis an gCoimisiún leis an mBallstát lena mbaineann.

Airteagal 7An t-ús agus na fíneálacha a dháileadh

Beidh an t-ús a ghnóthaíonn an Coimisiún ar thaiscí arna dtaisceadh i gcomhréir le hAirteagal 4 agus na fíneálacha a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 5 ina n-ioncam eile, mar a thagraítear dó in Airteagal 311 den Chonradh, agus dáilfear iad, i gcomhréir lena sciar d'ollioncam náisiúnta na mBallstát incháilithe, idir na Ballstáit a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus nach bhfuil easnamh iomarcach ar an mbuiséad acu de réir mar a chinntear i gcomhréir le hAirteagal 126(6) den Chonradh agus nach bhfuil nós imeachta um míchothromaíocht iomarcach ar bun ina leith de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. […/…].

Caibidil IV FORÁLACHA GINEARÁLTA

AIRTEAGAL 8 VÓTÁIL SA CHOMHAIRLE

I gcás na mbeart dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5, ní vótálfaidh ach comhaltaí den Chomhairle a dhéanann ionadaíocht thar ceann Ballstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu agus gníomhóidh an Chomhairle gan vóta an chomhalta a ionadaíonn an Ballstát lena mbaineann a chur san áireamh.

Déanfar tromlach cáilithe chomhaltaí na Comhairle a luaitear sa mhír roimhe seo a shainiú i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(a) den Chonradh.

Airteagal 9Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an [xx]ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[1] IO C , , lch. .

[2] IO L 209, 2.8.1997, lch. 1.

[3] IO L 209, 2.8.1997, lch. 6.

[4] IO L 209, 2.8.1997, lch. 6.