52010PC0488

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1288/2009 ón gComhairle lena mbunaítear bearta teicniúla idirthréimhseacha ón 1 Eanáir 2010 go dtí an 30 Meitheamh 2011.


[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 23.9.2010

COIM(2010) 488 leagan deireanach

2010/0255 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1288/2009 ón gComhairle lena mbunaítear bearta teicniúla idirthréimhseacha ón 1 Eanáir 2010 go dtí an 30 Meitheamh 2011.

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

An 4 Meitheamh 2008, rinne an Coimisiún togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla[1]. Bhí sé beartaithe go gcuirfí an togra sin in ionad Rialachán (CE) Uimh. 850/98 ón gComhairle maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla chun óg-orgánaigh mhuirí a chosaint[2] agus in ionad roinnt beart teicniúil idirthréimhseach mar atá siad leagtha síos in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachan (CE) Uimh. 43/2009 ón gComhairle[3] lenar bunaíodh na deiseanna iascaireachta agus na coinníollacha gaolmhara i leith stoc áirithe éisc agus i leith grúpaí áirithe de stoic éisc don bhliain 2009.

Níor glacadh an Rialachán ón gComhairle a bhí beartaithe roimh an dáta a scoir na bearta dá bhforáiltear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 43/2009 d'fheidhm a bheith acu. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus d'fhonn acmhainní muirí a chaomhnú agus a bhainistiú i gceart, glacadh Rialachán (CE) Uimh. 1288/2009 ón gComhairle lena mbunaítear bearta teicniúla idirthréimhseacha ón 1 Eanáir 2010 go dtí an 30 Meitheamh 2011[4], a rinne foráil do bhuanú beart teicniúil idirthréimhseach a bhfuil freastal déanta orthu in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 43/2009 ar feadh tréimhse idirthréimhseach de 18 mí.

I ngeall ar cheanglais nua Chonradh Liospóin, sa bhliain 2010 d'aistarraing an Coimisiún an togra le haghaidh Rialacháin ón gComhairle maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú trí bhearta teicniúla. Dhéanfaí prionsabail bhunúsacha maidir le bearta teicniúla a mheas sa bhun-Rialachán nua maidir le hathchóiriú leanúnach an chomhbheartais iascaigh, agus tá sé beartaithe go dtíolacfar an togra le haghaidh an Rialacháin sin le linn an tríú ráithe in 2011.

Éagfaidh Rialachán (CE) Uimh. 1288/2009 an 30 Meitheamh 2011. Ós rud é nach bhfuil gníomh reachtach reatha ann a d'fhéadfadh foráil a dhéanamh do bhearta teicniúla buana, agus chun deimhneacht dhlíthiúil agus caomhnú acmhainní muirí a áirithiú, is iomchuí bailíocht an Rialacháin réamhluaite a fhadú ar feadh 18 mí eile go dtí an 1 Eanáir 2013.

Níl aon impleachtaí airgeadais ag an togra ar bhuiséad an Aontais Eorpaigh.

2010/0255 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1288/2009 ón gComhairle lena mbunaítear bearta teicniúla idirthréimhseacha ón 1 Eanáir 2010 go dtí an 30 Meitheamh 2011.

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[5],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[6],

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

1. Le Rialachán (CE) Uimh. 1288/2009 ón gComhairle an 27 Samhain 2009 lena mbunaítear bearta teicniúla idirthréimhseacha ón 1 Eanáir 2010 go dtí an 30 Meitheamh 2011[7], déantar foráil do bhuanú beart teicniúil sealadach a rinneadh freastal orthu roimhe in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 43/2009. Ar an dóigh sin, ceadaítear go mbeidh feidhm ag na bearta sin go dtí go nglacfar bearta buana ar bhonn togra ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2008 le haghaidh Rialacháin nua maidir le caomhnú acmhainní iascaigh trí bhearta teicniúla[8].

2. I ngeall ar athchóiriú an Chomhbheartais Iascaigh atá ag teacht aníos agus i ngeall ar a hábhartha is atá an t-athchóiriú sin maidir le hábhar agus raon feidhme beart nua teicniúil buan, is iomchuí glacadh na mbeart sin a mhoilliú go dtí go nglacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle cinneadh ar Rialachán nua maidir le caomhnú agus saothrú acmhainní iascaigh faoin gComhbheartas Iascaigh, a chuirfear in ionad Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón 1 Eanáir 2013.

3. D'fhonn caomhnú agus bainistiú ceart acmhainní muirí a chothú, ba cheart feidhm a bheith ag na bearta teicniúla atá i bhfeidhm faoi láthair go dtí an dáta sin.

4. Dá thoradh sin, agus ag breathnú dóibh go scoirfidh na bearta teicniúla sealadacha atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1288/2009 d'fheidhm a bheith acu ón 1 Iúil 2011, ba cheart an Rialachán sin a leasú chun a bhailíocht a fhadú go dtí an 1 Eanáir 2013,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal aonair

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1288/2009 mar seo a leanas:

5. Leasaítear Airteagal 1 mar seo a leanas:

(a) I mír 1, cuirtear na focail "an 1 Eanáir 2013" in ionad na bhfocal "an 30 Meitheamh 2011".

(b) Leasaítear mír 2 mar seo a leanas:

(i) leasaítear fomhír (a) mar seo a leanas:

- i bpointe (i), scriostar na focail "an dara mír de phointe 6.8";

- i bpointe (ii), cuirtear na focail "ón 1 Eanáir 2010 go dtí an 1 Eanáir 2013" in ionad na bhfocal "ón 1 Eanáir 2010 go dtí an 30 Meitheamh 2011";

- i bpointe (iv), cuirtear na focail "an 1 Eanáir 2013" in ionad na bhfocal "an 30 Meitheamh 2011";

- i bpointe (v), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

"Déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann réamhthuarascáil ar líon iomlán bhaisceanna éisc na n-árthaí atá faoi réir an chláir bhreathnóireachta agus ar an líon a chaitear ó na hárthaí sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh den bhliain ina gcuirfear an clár i gcrích. Cuirfear tuarascáil dheireanach na bliana féilire lena mbaineann isteach tráth nach déanaí ná an 1 Feabhra den bhliain tar éis na bliana féilire sin.";

- cuirtear an pointe (vi) seo a leanas leis:

"(vi) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír de phointe 6.8: "Cuirfidh Ballstáit lena mbaineann torthaí na dtrialacha agus na dtástálacha isteach tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair den bhliain ina ndéanfar na trialacha agus na tástálacha sin.";

(ii) I bhfomhír (e), scriostar na focail "sa bhliain 2010 agus sa bhliain 2011 araon";

(iii) i bhfomhír (h), scriostar an bhliain "2010".

6. In Airteagal 2, cuirtear na focail "an 1 Eanáir 2013" in ionad na bhfocal "an 30 Meitheamh 2011".

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán […] […]

[1] COIM(2008) 324 leagan deireanach

[2] IO L 125, 27.4.1998, lch. 1.

[3] IO L 22, 26.1.2009, lch. 1.

[4] IO L 347, 24.12.2009, lch. 6.

[5] , , lch. .

[6] , , lch . .

[7] IO L 347, 24.12.2009, lch. 6.

[8] COIM(2008) 324 leagan deireanach