52010PC0309

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal sin /* COIM/2010/0309 leagan deireanach - COD 2010/0171 */


[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 9.6.2010

COIM(2010) 309 leagan deireanach

2010/0171 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal sin

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA |

Bunaíodh oifig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin le Conradh Liospóin, a tháinig i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009. I gcomhréir leis an gConradh sin, beidh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Eachtraí (EEAS) de chúnamh ag an Ardionadaí agus Leas-Uachtarán. Is coinníoll é in Airteagal 27(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach go n-oibreoidh an EEAS i gcomhar le seirbhísí taidhleoireachta na mBallstát agus go gcomhdhéanfar í d'oifigigh ó na rannóga ábhartha d'Ardrúnaíocht na Comhairle agus den Choimisiún mar aon le foireann arna tabhairt ar iasacht ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát. Mar is amhlaidh i gcás institiúidí agus comhlachtaí uile an Aontais, feidhmeoidh beartas foirne agus pearsanra an EEAS faoin réim feidhme a bunaíodh le Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal sin. Le go mbeidh an EEAS in ann feidhmiú mar atá leagtha amach sa Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus i gcomhréir leis an treoir a soláthraíodh i dTuarascáil na hUachtaránachta a d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 29 Deireadh Fómhair 2009, ní mór leasuithe áirithe a dhéanamh ar na Rialacháin Foirne agus ar na Coinníollacha Fostaíochta. Amach ó oiriúnuithe a rinneadh ar an téarmaíocht nua a tháinig as teacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin, níl i gceist leis na leasuithe atá beartaithe ach a bhfuil riachtanach le haghaidh bhunú agus fheidhmiú an EEAS. Tá an togra seo ar cheann de na bearta reachtaíochta is gá a ghlacadh sa chomhthéacs sin. Socrófar eagrúchán agus feidhmiú an EEAS le Cinneadh ón gComhairle, mar a fhoráiltear dó in Airteagal 27(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Déanfar an Rialachán Airgeadais a oiriúnú, freisin, do riachtanais shonracha an EEAS. |

COMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ IARMHARTA |

Pléadh eilimintí an togra le hionadaithe na foirne i gcomhréir leis na nósanna imeachta iomchuí. Cuirtear tuairimí na bpáirtithe a ndeachthas i gcomhairle leo san áireamh sa togra. |

EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA |

Achoimre ar an ngníomhaíocht atá molta Le go mbeidh an EEAS i mbun a chuid oibre ó uair a bhunaithe, ní mór dó foireann cháilithe a bhfuil taithí acu a bheith faoina réir aige. I gcás ina bhfuil sé leagtha síos sa Chinneadh ón gComhairle lena mbunaítear an EEAS go n-aistreofar eintiteas ó chairt eagrúcháin na Comhairle nó an Choimisiúin chuig an EEAS, deimhnítear leis an Rialachán go ndéanfar na hoifigigh agus an fhoireann shealadach a bhfuil post acu san eintiteas sin agus foireann eile atá sannta chuig an eintiteas sin a aistriú óna n-institiúidí faoi seach chuig an EEAS. Tréith bhunúsach de chuid an EEAS is ea go gcaitear go cothrom leis na foinsí éagsúla óna n-earcaítear foireann an EEAS. Dá bhrí sin, beidh na nósanna imeachta roghnúcháin oscailte agus ar bhonn cothrom (murab ionann agus an dóigh a gcuirtear i bhfeidhm anois iad, i.e. bíonn tosaíocht ag iarrthóirí inmheánacha ar dtús agus ag iarrthóirí idirinstitiúideacha ina dhiaidh sin). Ar an ábhar sin, i gcás iarratas ar fholúntais san EEAS, breithneoidh an tÚdarás Ceapacháin iarratais ó chatagóirí éagsúla foirne – foireann ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta, oifigigh ón gCoimisiún, ón gComhairle agus ón EEAS, chomh maith le foireann shealadach an EEAS ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta – agus ní thabharfar tosaíocht d'aon chatagóir as measc na gcatagóirí sin. Tar éis na céime tionscnaimh, ach faoin 1 Iúil 2013 ar a dhéanaí, cuimseofar oifigigh ó institiúidí eile an Aontais faoin nós seo i dtaobh rochtana níos éasca ar fholúntais san EEAS. Le go ráthófar go mbeidh ionadaíocht chuí ar fhoireann an EEAS ag na seirbhísí taidhleoireachta náisiúnta, ba cheart go bhféadfaí tosaíocht a thabhairt, go dtí an 30 Meitheamh 2013, d'iarrthóirí ar phoist AD ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát, i gcás ina bhfuil cáilíochtaí comhionanna ag na hiarrthóirí go bunúsach. Fostóidh an EEAS foireann ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta mar chatagóir ar leith d'fhoireann shealadach. Maidir leis an gcatagóir áirithe foirne sealadaí sin, cuirtear rialacha áirithe ar chomhréim leis na rialacha sin a bhaineann le hoifigigh (rialacha i dtaobh na haoise scoir, deiseanna maidir le dul ar iasacht agus saoire ar chúiseanna pearsanta mar shampla). Ar an dóigh sin, bainfidh na baill foirne sin leas as na coinníollacha oibre céanna atá ag oifigigh. Beidh oifigigh de chuid an EEAS a bhí ina n-oifigigh sa Chomhairle nó sa Choimisiún sula ndeachaigh siad i mbun a ndualgas san EEAS in ann iarratas a dhéanamh ar fholúntais ina n-insitiúid bhunaidh ar an mbonn céanna leis na hoifigigh inmheánacha sna hinstitiúidí sin. Déanfar a n-iarratas a mheas, dá bhrí sin, sa tslí chéanna ina measfar iarratais ó iarrthóirí inmheánacha. In imthosca eisceachtúla, féadfar foireann a aistriú ar mhaithe leis an tseirbhís, i.e. gan an post a fhoilsiú roimh ré, ón EEAS chuig an gComhairle nó chuig an gCoimisiún agus a mhalairt. Chun críocha na Rialachán Foirne, caithfear leis an EEAS mar a chaitear le hinstitiúid. Is iad an tArdionadaí agus Leas-Uachtarán a ghníomhóidh mar Údarás Ceapacháin i gcás fhoireann an EEAS (agus beidh deis ann na cumhachtaí sin a chur de chúram ar bhaill foirne an EEAS). Foráiltear freisin go mbeidh socruithe speisialta ann do chásanna ina mbeidh ar fhoireann an EEAS feidhmeanna a fheidhmiú thar ceann an Choimisiúin. Ar an ábhar sin, beidh orthu treoracha a ghlacadh ón gCoimisiún. Thairis sin, beidh baint ag an gCoimisiún le hearcú agus le measúnú na mball foirne sin, agus le bearta araíonachta. Ina theannta sin, tugtar aird ar stádas oifigigh an Choimisiúin atá ag obair i dtoscaireachtaí an Aontais agus a mbeidh orthu treoracha a ghlacadh, i réimsí áirithe, ó Cheann na Toscaireachta (a bheidh ina oifigeach nó ina ghníomhaire sealadach de chuid an EEAS). Baineann leasuithe eile, níos teicniúla áfach, le hIarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin Foirne (a bhaineann le foireann atá ag fónamh i dtríú tíortha), le foireann ar conradh agus le foireann áitiúil. Ba cheart go dtiocfadh feabhas ar fheidhmiú thoscaireachtaí an Aontais i ngeall ar na leasuithe sin. Beidh feidhm ag Iarscríbhinn X ina hiomláine (seachas díreach forálacha áirithe) maidir le foireann ar conradh atá ag fónamh i dtríú tír, lena n-áirítear foireann an Choimisiúin. Aon bhall foirne ar conradh atá fostaithe chun dualgais a chomhlíonadh i dtoscaireachtaí, beidh sé nó sí in ann páirt a ghlacadh sa chóras uainíochta idir na toscaireachtaí agus an Cheanncheathrú. D'fhonn cothromaíocht inscne níos fearr i dtoscaireachtaí a áirithiú, beidh foireann atá ag fónamh i dtríú tíortha i dteideal saoire do thuismitheoirí a ghlacadh agus iad ag baint leasa fós as forálacha áirithe atá in Iarscríbhinn X (lóistín curtha ar fáil ag an institiúid nó cúiteamh cíosa, árachas breise sláinte agus liúntas oideachais) ar feadh tréimhse teoranta ama. Tá na leasuithe a bhaineann le foireann áitiúil dírithe ar a gcosaint slándála sóisialta a fheabhsú. I láthair na huaire, má tá foireann áitiúil ag obair i dtíortha nach bhfuil córas slándála sóisialta iontu, nó a bhfuil córas easpach iontu, iarrtar orthu ranníocaíocht a dhéanamh le scéim bunaithe ag an AE, agus íocann an Coimisiún as ranníocaíocht an fhostóra. Ba cheart foráil ar leith a thabhairt isteach sna Coinníollacha Fostaíochta, ós rud é go soláthraítear ráthaíochtaí íosta sóisialta sa scéim sin, rud nach n-áirithítear leis an dlí náisiúnta. |

Bunús dlí Beidh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle na leasuithe ar na Rialacháin Foirne agus ar na Coinníollacha Fostaíochta a ghlacadh de bhun Airteagal 336 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, is é sin le rá i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis na hinstitiúidí eile lena mbaineann. |

Prionsabal na coimhdeachta Baineann an togra le réimse a thagann faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta. |

IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA |

Ó thaobh an bhuiséid de, tá an togra neodrach go ginearálta, cé go bhfuil tionchar beag ar an mbuiséad ag roinnt forálacha: Dá ndéanfaí Airteagal 9a d'Iarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a chur i bhfeidhm, shábhálfaí tuairim agus EUR 189 000 in aghaidh na bliana (laghdú ar chaiteachas). Is é is cúis leis sin go bhfaigheann oifigigh atá ar saoire do thuismitheoirí liúntas atá níos ísle ná a ngnáth-thuarastal. Táthar ag tuar go mbeidh níos mó daoine ag glacadh saoire do thuismitheoirí amach anseo. Tá foráil in Airteagal 18 d'Iarscríbhinn X chun costais óstáin a chúiteamh nuair nach féidir an lóistín dá bhforáiltear in Airteagal 5 den Iarscríbhinn sin a chur ar fáil go fóill. Dá gcuirfí Airteagal 18 i bhfeidhm maidir le foireann atá ar conradh meastar go mbeadh tuairim agus 24 cás ann. EUR 130 000 in aghaidh na bliana an tionchar a bheadh ag an bhforáil sin (méadú ar chaiteachas). Ní mheastar go mbeadh aon tionchar ar an mbuiséad ag an leasú ar Airteagal 3a de na Coinníollacha Fostaíochta lena gceadaítear don fhoireann atá fostaithe ar conradh sna toscaireachtaí dul ag uainíocht ar a chéile idir na toscaireachtaí agus an Cheanncheathrú. Maidir leis an modhnú ar Airteagal 121 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, ní bheidh aon chostas breise le tabhú toisc go bhfuil an scéim i bhfeidhm cheana agus go gcuireann an t-údarás buiséadach na costais riachtanacha san áireamh i mbuiséid bhliantúla an Aontais Eorpaigh. |

2010/0171 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal sin

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 336 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, a tíolacadh tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste um Rialacháin Foirne[1],

Tar éis dóibh an togra a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

1. I gcomhréir le hAirteagal 27 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, beidh Seirbhís Eorpach Gníomhaíochta Eachtraí (EEAS) de chúnamh ag Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála. Oibreoidh an tseirbhís sin i gcomhar le seirbhísí taidhleoireachta na mBallstát agus comhdhéanfar í d'oifigigh ó na rannóga ábhartha d'Ardrúnaíocht na Comhairle agus den Choimisiún, mar aon le d'fhoireann arna tabhairt ar iasacht ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát.

2. Ag féachaint dá cúraimí sonracha, ba cheart neamhspleáchas a thabhairt don EEAS faoi chuimsiú na Rialachán Foirne. Dá bhrí sin, chun críocha na Rialachán Foirne agus na gCoinníollacha Fostaíochta, ba cheart caitheamh leis an EEAS mar a chaitear le hinstitiúidí de chuid an Aontais.

3. Ba cheart d'Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin gníomhú mar Údarás Ceapacháin agus mar Údarás chun conarthaí a thabhairt i gcrích d'fhoireann an EEAS, agus féadfaidh sé nó sí na cumhachtaí sin a chur de chúram ar an EEAS. Toisc go mbeidh ar bhaill foirne áirithe in EEAS, lena n-áirítear Cinn na dToscaireachtaí, cúraimí a chomhlíonadh thar ceann an Choimisiúin mar chuid dá ngnáthdhualgais, ba cheart foráil a dhéanamh go mbeidh an Coimisiún rannpháirteach i gcinntí a bhaineann leis na baill foirne sin.

4. Is iomchuí a shoiléiriú gur cheart d'fhoireann an EEAS a chomhlíonfaidh cúraimí thar ceann an Choimisiúin mar chuid dá ndualgas, treoracha a thabharfaidh an Coimisiún a leanúint. Ar an dóigh chéanna, ba cheart go leanfadh oifigigh ón gCoimisiún atá ag obair i dtoscaireachtaí an Aontais treoracha a thabharfaidh Ceann na Toscaireachta, go háirithe maidir le cúrsaí eagrúcháin agus riaracháin agus le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais.

5. Ar mhaithe le hamhras a sheachaint, ba cheart a dheimhniú maidir le haon oifigeach nó le haon bhall den fhoireann shealadach a bhfuil post acu in eintiteas eagraíochtúil a aistrítear ó Ardrúnaíocht na Comhairle nó ón gCoimisiún chuig an EEAS de bhun an Chinnidh ón gComhairle dá dtagraítear in Airteagal 27(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go measfar go n-aistreofar na daoine sin leis an bpost. Ba cheart feidhm a bheith aige sin, freisin, maidir le foireann ar conradh agus le foireann áitiúil a shanntar d'eintiteas eagraíochtúil den sórt sin. Ba cheart bearta sonracha a dhéanamh lena áirithiú go bhfaighidh na baill foirne a mbaineann an t-aistriú leo an ghairmthreoir chuí agus an cúnamh cuí.

6. Ba cheart d'oifigigh ón gComhairle nó ón gCoimisiún atá i mbun dualgas san EEAS bheith in ann iarratas a dhéanamh ar fholúntais ina n-institiúid bhunaidh féin ar chomhchéim le hiarrthóirí inmheánacha na n-institiúidí sin.

7. Chun aird a thabhairt ar chásanna sonracha ar shlí sholúbtha (mar shampla dá mbeadh géarghá le post a líonadh nó dá mbeadh cúraimí tacaíochta le haistriú ón gComhairle nó ón gCoimisiún chuig an EEAS amach anseo), ba cheart go mbeadh deiseanna ann, i gcásanna eisceachtúla, oifigigh a aistriú ón gComhairle nó ón gCoimisiún chuig an EEAS, ar mhaithe leis an tseirbhís, gan an folúntas a bheith foilsithe roimh ré. Ar an dóigh chéanna, ba cheart go mbeadh an deis ann oifigigh a aistriú, ar mhaithe leis an tseirbhís, ón EEAS chuig an gComhairle nó chuig an gCoimisiún.

8. Ní mór a áirithiú gur féidir le foireann ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta, le hiarrthóirí ón gComhairle agus ón gCoimisiún, agus le hiarrthóirí inmheánacha iarratas a dhéanamh ar phoist san EEAS ar chomhchéim. Ba cheart go mbeadh feidhm aige sin, freisin, maidir le hoifigigh ó institiúidí eile ón 1 Iúil 2013 ar a dhéanaí. Le go ráthófar go mbeidh ionadaíocht chuí ar fhoireann an EEAS ag na seirbhísí taidhleoireachta náisiúnta, áfach, ba cheart d'Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin bheith in ann a chinneadh i gcás post sa ghrúpa feidhme AD, go dtí an 30 Meitheamh 2013, go bhféadfaí tosaíocht a thabhairt d'iarrthóirí ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát, i gcás ina bhfuil cáilíochtaí comhionanna ag na hiarrthóirí go bunúsach.

9. Ba cheart iarrthóirí roghnaithe ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta atá ar iasacht óna mBallstáit féin a fhostú mar ghníomhairí sealadacha agus iad a bheith, dá bhrí sin, ar chomhchéim le hoifigigh. Ba cheart do na forálacha cur chun feidhme atá le glacadh ag an EEAS ionchais ghairme atá ar chomhchéim le hionchais na n-oifigeach a ráthú do ghníomhairí sealadacha.

10. D'fhonn srianta neamhriachtanacha ar fhostú foirne ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta san EEAS a sheachaint, ba cheart rialacha sonracha maidir le fad conarthaí a ghlacadh. Maidir leis an gcatagóir áirithe sin d'fhoireann shealadach, ba cheart na rialacha maidir le dul ar iasacht, na rialacha i dtaobh saoire ar chúiseanna pearsanta agus na rialacha i dtaobh na huasaoise scoir a chur ar chomhréim leis na rialacha sin atá infheidhme maidir le hoifigigh.

11. Ba cheart na rialacha sonracha sin a dhéanamh infheidhme freisin, arna iarraidh sin do na daoine lena mbaineann, maidir le gníomhairí sealadacha ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát a bhí fostaithe ag na rannóga ábhartha d'Ardrúnaíocht na Comhairle nó den Choimisiún sular bunaíodh an EEAS, ach tar éis do Chonradh Liospóin teacht i bhfeidhm.

12. Chun ualach riaracháin an EEAS a laghdú, ba cheart don Bhord Araíonachta a bunaíodh sa Choimisiún feidhmiú mar Bhord Araíonachta don EEAS freisin, ach amháin má chinneann Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin, Bord Araíonachta a bhunú don EEAS.

13. D'fhonn ionadaíocht chomhtháite fhoireann an Choimisiúin agus an EEAS a áirithiú i dtoscaireachtaí, ba cheart go bhforáilfí go ndéanfaidh Coiste Foirne an Choimisiúin ionadaíocht thar ceann fhoireann an EEAS freisin agus bheadh foireann an EEAS i dteideal vóta a chaitheamh agus seasamh mar iarrthóirí i dtoghcháin choiste foirne an Choimisiúin.

14. Toisc nach bhfuil feidhm ag na forálacha sonracha a leagtar síos in Iarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin Foirne maidir le hoifigigh atá ag fónamh i dtríú tír le linn dóibh bheith ar saoire do thuismitheoirí nó ar saoire teaghlaigh, téann sé rite le hoifigigh atá ag obair i dtoscaireachtaí saoire den sórt sin a ghlacadh. Tagann an méid sin salach ar an gcuspóir ginearálta comhréiteach níos fearr a bheith ann idir an saol príobháideach agus an saol pearsanta agus is bac é, go háirithe, ar mhná a d'fhéadfadh suim a bheith acu post a ghlacadh i dtoscaireacht de chuid an Aontais murach sin. Is cuí, dá bhrí sin, go mbeadh feidhm i gcónaí leis na forálacha in Iarscríbhinn X, go feadh méid teoranta, le linn saoire do thuismitheoirí agus saoire teaghlaigh.

15. I bhfianaise na taithí a fuarthas ó 2004 i leith, ní dealraitheach go bhfuil sé cóir an teorannú reatha a choimeád maidir le hIarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a chur i bhfeidhm maidir le foireann atá ar conradh. Ciallaíonn sé sin, go háirithe, gur cheart d'fhoireann ar conradh páirt iomlán a ghlacadh i nós imeachta na soghluaisteachta faoi Airteagal 2 agus Airteagal 3 d'Iarscríbhinn X. Chuige sin, is gá foráil a dhéanamh go bhféadfaidh foireann ar conradh atá fostaithe ag toscaireachtaí, a bhfuil feidhm ag Airteagal 3a de na Coinníollacha Fostaíochta maidir leo, a shannadh ar bhonn sealadach do cheanncheathrú na hinstitiúide.

16. Maidir le slándáil shóisialta le haghaidh foirne áitiúla, tagraíonn Airteagal 121 de na Coinníollacha Fostaíochta do na ranníocaíochtaí slándála sóisialta faoi rialacháin reatha na háite sin ina bhfeidhmeoidh an seirbhíseach a dhualgais nó a dualgais. Toisc nach bhfuil aon chóras slándála sóisialta i dtíortha áirithe nó i gcás ina bhfuil córas easpach iontu, ba cheart bonn reachtúil a chruthú chun córas slándála sóisialta a chur ar bun a bheadh uathrialach nó forlíontach.

17. Ba cheart deis a bheith ann laissez-passer a eisiúint, má éilíonn leas na seirbhíse amhlaidh, le go n-éascófar do bhaill foirne taisteal taobh amuigh den Aontas Eorpach agus iad i mbun a ndualgas, agus ba cheart comhairleoirí speisialta a fholú faoin bhféidearthacht sin.

18. Ní mór na téarmaí a úsáidtear sna Rialacháin Foirne agus sna Coinníollacha Fostaíochta a oiriúnú don Chonradh ar an Aontas Eorpach agus don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a tháinig i bhfeidhm an 1 Nollaig 2009.

19. Ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm a luaithe is féidir, toisc gurb ionann na leasuithe atá beartaithe a dhéanamh ar na Rialacháin Foirne agus ar na Coinníollacha Fostaíochta agus coinníoll atá riachtanach do dhea-fheidhmiú an EEAS,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach mar seo a leanas:

20. Cuirtear 'Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh' in ionad an teidil.

21. Ach amháin in Airteagal 66a(1), cuirtear na focail 'an tAontas Eorpach' in ionad na bhfocal 'na Comhphobail Eorpacha'.

Seachas na tagairtí don Chomhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach, do Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa nó don Chomhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach in Airteagal 68 agus Airteagal 83, cuirtear na focail 'an tAontas' in ionad na bhfocal 'an Comhphobal' agus 'na Comhphobail' agus déanfar aon athruithe gramadaí is gá ar na focail sin.

Cuirtear na focail 'an tAontas Eorpach' in ionad na bhfocal 'na trí Chomhphobal Eorpacha' agus 'ceann de na trí Chomhphobal Eorpacha'.

22. In Airteagal 64, an dara mír, agus in Airteagal 65(3), cuirtear na focail 'in Airteagal 16(4) agus (5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach' in ionad na bhfocal 'sa chéad fhleasc den dara fomhír d'Airteagal 148(2) den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Airteagal 118(2) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach'. In Airteagal 13, an chéad mhír, an dara habairt, d'Iarscríbhinn X, cuirtear na focail 'in Airteagal 16(4) agus (5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach' in ionad na bhfocal 'sa chéad chás atá leagtha amach sa dara fomhír d'Airteagal 148(2) den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Airteagal 118 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach'.

In Airteagal 83a(5), Airteagal 14(2) d'Iarscríbhinn XII agus Airteagal 22(3) d'Iarscríbhinn XIII cuirtear na focail 'in Airteagal 16(4) agus (5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach' in ionad na bhfocal 'sa chéad fhleasc d'Airteagal 205(2) de Chonradh CE'. In Airteagal 13(3) d'Iarscríbhinn VII, cuirtear na focail 'in Airteagal 16(4) agus (5) den Chonradh ar an Aontas Eorpach' in ionad na bhfocal 'sa chéad fhleasc den dara fomhír d'Airteagal 205(2) de Chonradh CE'.

In Airteagal 45(2) cuirtear na focail 'Airteagal 55 den Chonradh ar an Aontas Eorpach' in ionad na bhfocal 'Airteagal 314 de Chonradh CE'.

23. In Airteagal 7(1) d'Iarscríbhinn III cuirtear na focail 'an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne' in ionad na bhfocal 'Oifig Roghnaithe Foirne na gComhphobal Eorpach'.

In Airteagal 7(3) d'Iarscríbhinn VII cuirtear na focail 'Iarscríbhinn II den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh' in ionad na bhfocal 'in Iarscríbhinn IV den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa'.

In Airteagal 40 d'Iarscríbhinn VIII cuirtear na focail 'an Coimisiún Eorpach' in ionad na bhfocal 'Coimisiún na gComhphobal Eorpach'.

24. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír d'Airteagal 6(4):

'Cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 336 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh'.

In Airteagal 9(2) d'Iarscríbhinn VIII agus in Airteagal 15(2) d'Iarscríbhinn IX, cuirfear na focail 'Airteagal 336 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh' in ionad 'Airteagal 283 de Chonradh CE'.

In Airteagal 10 d'Iarscríbhinn IX cuirfear na focail 'cinnfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 336 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh' in ionad 'gníomhóidh an Chomhairle i gcomhréir leis an nós imeachta arna leagan síos in Airteagal 283 de Chonradh CE'.

25. Leasaítear Airteagal 1b mar seo a leanas:

(a) Cuirtear isteach pointe (a) mar seo a leanas:

'(a) an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Eachtraí faoi údarás Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin (dá ngairtear an EEAS anseo feasta),';

(b) Déantar pointí (b) go (e) de na pointí (a) go (d) mar atá anois.

26. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír d'Airteagal 23:

'Eiseofar an laissez-passez dá bhforáiltear sa Phrótacal ar Phribhléidí agus Díolúintí do chinn aonaid, d'oifigigh ghráid AD12 go AD16, d'oifigigh atá ag fónamh lasmuigh de chríoch an Aontais Eorpaigh agus d'oifigigh eile dá dteastaíonn amhlaidh ar mhaithe leis an tseirbhís.'

27. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír d'Airteagal 77:

'I gcás oifigeach a bhí ag cuidiú le duine atá in oifig dá bhforáiltear sa Chonradh ar an Aontas Eorpach agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nó le hUachtarán tofa ceann d'institiúidí nó d'orgáin an Aontais nó le Cathaoirleach tofa ceann de ghrúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa, déanfar an teidlíocht chun pinsean a fhreagraíonn do líon na mblianta de sheirbhís inphinsin a fuarthas ag obair sa cháil sin a ríomh, trí thagairt a dhéanamh don bhuntuarastal deiridh a fuarthas le linn na tréimhse sin más rud é go sáraíonn an buntuarastal a fuarthas an buntuarastal sin a sonraíodh mar thagairt chun críocha an dara mír den Airteagal seo.'

28. Déantar Teideal VIIIb de Theideal VIIIa. Cuirtear an teideal nua seo a leanas, Teideal VIIIa, isteach i ndiaidh Theideal VIII:

'TEIDEAL VIIIa

FORÁLACHA SPEISIALTA IS INFHEIDHME MAIDIR LEIS AN EEAS

Airteagal 95

1. Déanfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin na cumhachtaí a thugtar don Údarás Ceapacháin leis na Rialacháin Foirne seo a fheidhmiú i leith fhoireann an EEAS. Féadfaidh sé nó sí an duine laistigh den EEAS a fheidhmeoidh na cumhachtaí sin a chinneadh. Beidh feidhm ag Airteagal 2(2).

2. Maidir le Cinn na dToscaireachtaí, áfach, feidhmeofar na cumhachtaí a bhaineann le ceapacháin ar bhonn liosta iarrthóirí lenar chomhaontaigh an Coimisiún faoi chuimsiú na gcumhachtaí a thugtar dó faoi na Conarthaí. Beidh feidhm aige sin mutatis mutandis maidir le haistrithe foirne ar mhaithe le leas na seirbhíse.

3. Maidir le hoifigigh an EEAS a bhfuil orthu cúraimí a chomhlíonadh thar ceann an Choimisiúin mar chuid dá ndualgas, tionscnóidh an tÚdarás Ceapacháin na fiosrúcháin riaracháin agus imeachtaí araíonachta dá dtagraítear in Airteagal 22 agus Airteagal 86 agus in Iarscríbhinn IX, más rud é go n-iarrann an Coimisiún amhlaidh.

Chun críocha chur i bhfeidhm Airteagal 43, rachfar i gcomhairle leis an gCoimisiún.

Airteagal 96

D'ainneoin Airteagal 11, glacfaidh oifigeach de chuid an Choimisiúin atá ag obair i dtoscaireacht de chuid an Aontais treoir ó Cheann na Toscaireachta, go háirithe maidir le cúrsaí eagrúcháin agus riaracháin agus, i gcomhréir le gníomhartha dlí arna nglacadh faoi Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais.

Déanfaidh oifigeach de chuid an EEAS a bhfuil cúraimí le comhlíonadh aige nó aici thar ceann an Choimisiúin mar chuid dá ghnáthdhualgais nó dá gnáthdhualgais, treoir a ghlacadh ón gCoimisiún maidir leis na cúraimí sin.

Tiocfaidh an Coimisiún agus an EEAS ar chomhaontú faoi na rialacha mionsonraithe maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 97

Faoi na coinníollacha arna leagan amach in Airteagal 7(1) agus d'ainneoin Airteagal 4 agus Airteagal 29, féadfaidh Údaráis Cheapacháin na n-institiúidí lena mbaineann, i gcásanna eisceachtúla, ag gníomhú dóibh de thoil a chéile agus ar mhaithe leis an tseirbhís amháin, tar éis dóibh éisteacht leis an oifigeach i dtrácht, é a aistriú ón gComhairle nó ón gCoimisiún chuig an EEAS gan fógra a thabhairt don fhoireann maidir leis an bhfolúntas sin. Féadfar oifigeach de chuid an EEAS a aistriú chuig an gComhairle nó chuig an gCoimisiún faoi na coinníollacha céanna.

Airteagal 98

1. Chun críocha Airteagal 29(1)(a) agus gan dochar d'Airteagal 97, nuair a bheidh folúntas á líonadh san EEAS, breithneoidh an tÚdarás Ceapacháin iarratais ó oifigigh na Comhairle, ó oifigigh an Choimisiúin agus ó oifigigh an EEAS, iarratais ó fhoireann shealadach a bhfuil feidhm ag Airteagal 2(e) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile maidir leo agus iarratais ó fhoireann sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát agus ní thabharfar tosaíocht d'aon cheann de na catagóirí sin.

Ó dháta a bheidh socraithe ag Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin, ach tráth nach déanaí ná ón 1 Iúil 2013, breithneoidh an tÚdarás Ceapacháin iarratais ó oifigigh ó institiúidí eile freisin agus ní thabharfar tosaíocht d'aon cheann de na catagóirí sin.

2. Chun críocha Airteagal 29(1)(a) agus gan dochar d'Airteagal 97, nuair a bheidh folúntas á líonadh sa Chomhairle nó sa Choimisiún, breithneoidh an tÚdarás Ceapacháin iarratais ó iarrthóirí inmheánacha agus ó oifigigh an EEAS a bhí ina n-oifigigh den institiúid lena mbaineann go dtí go ndearnadh oifigigh de chuid an EEAS díobh agus ní thabharfar tosaíocht d'aon cheann de na catagóirí sin.

Airteagal 99

1. Mura gcinneann Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin Bord Araíonachta a bhunú don EEAS, feidhmeoidh Bord Araíonachta an Choimisiúin mar Bhord Araíonachta don EEAS freisin.

Sa chás sin, déanfar an bheirt chomhaltaí breise dá dtagraítear in Airteagal 5(2) d'Iarscríbhinn IX a cheapadh as measc oifigigh an EEAS. Is iad Údarás Ceapacháin agus Coiste Foirne an EEAS a fheidhmeoidh mar Údarás Ceapacháin agus mar Choiste Foirne dá dtagraítear dóibh in Airteagal 5(5) agus in Airteagal 6(4) d'Iarscríbhinn IX.

2. De mhaolú ón gcéad fhleasc d'Airteagal 9(1)(a), déanfaidh Coiste Foirne an Choimisiúin ionadaíocht thar ceann oifigigh agus sheirbhísigh eile an EEAS.

29. Cuirtear Airteagal 9a isteach i gCaibidil 3 d'Iarscríbhinn X mar seo a leanas:

'Airteagal 9a

Le linn saoire do thuismitheoirí agus saoire teaghlaigh dá bhforáiltear in Airteagal 42a agus Airteagal 42b de na Rialacháin Foirne, beidh Airteagal 5, Airteagal 23 agus Airteagal 24 den Iarscríbhinn seo infheidhme i gcónaí ar feadh tréimhse carnaí nach mó ná sé mhí i ngach tréimhse dhá bhliain a mbeidh duine sannta do thríú tír lena linn, agus beidh Airteagal 15 den Iarscríbhinn reatha infheidhme i gcónaí ar feadh tréimhse carnaí nach mó ná naoi mí i ngach tréimhse dhá bhliain a mbeidh duine sannta do thríú tír lena linn.'

Airteagal 2

Leasaítear Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach mar seo a leanas:

30. Cuirtear 'Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh' in ionad an teidil.

31. Ach amháin in Airteagal 28a(8), cuirfear na focail 'an tAontas Eorpach' in ionad na bhfocal 'na Comhphobail Eorpacha' agus cuirfear na focail 'an tAontas' in ionad na bhfocal 'an Comhphobal' agus 'na Comhphobail' agus déanfar aon athruithe gramadaí is gá ar na focail sin.

32. In Airteagal 12(3) agus Airteagal 82(5) cuirtear na focail 'an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne' in ionad na bhfocal 'Oifig Roghnaithe Foirne na gComhphobal Eorpach'.

33. In Airteagal 39(1) cuirfear na focail 'Airteagal 336 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh' in ionad 'Airteagal 283 de Chonradh CE'.

34. Leasaítear Airteagal 2 mar seo a leanas:

(a) i bpointe (c) cuirtear na focail 'an Conradh ar an Aontas Eorpach agus an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nó Uachtarán tofa ceann d'institiúidí nó d'orgáin an Aontais' isteach in ionad 'na Conarthaí ag bunú na gComhphobal nó an Conradh ag bunú Comhairle Aonair agus Coimisiún Aonair de na Comhphobail Eorpacha, nó Uachtarán tofa ceann d'institiúidí nó d'orgáin na gComhphobal'.

(b) cuirtear pointe (e) isteach mar seo a leanas:

'(e) foireann arna tabhairt ar iasacht ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát atá fostaithe chun post buan san EEAS a líonadh ar bhonn sealadach.'

35. Cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach sa chéad mhír d'Airteagal 3a:

'Maidir le foireann atá fostaithe chun dualgais lánaimseartha nó pháirtaimseartha a chomhlíonadh i dtoscaireachtaí de chuid an Aontais, is féidir iad sin a shannadh go sealadach do cheanncheathrú na hinstitiúide faoi nós imeachta na soghluaisteachta a leagtar amach in Airteagal 2 agus Airteagal 3 d'Iarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin Foirne.'

36. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara mír d'Airteagal 3b:

'Ach amháin i gcásanna dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 3a(1), eisiatar úsáid a bhaint as foireann ar conradh le haghaidh cúraimí cúnta i gcás ina bhfuil feidhm ag Airteagal 3a.'

37. Leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

(a) uimhrítear na ceithre mhír atá ann cheana;

(b) scriostar abairt dheireanach mhír 4;

(c) cuirtear mír 5 isteach mar seo a leanas:

'5. Beidh feidhm ag Airteagal 95, Airteagal 96 agus Airteagal 99 de na Rialacháin Foirne de réir analaí leis an bhfoireann shealadach. Beidh feidhm ag Teideal VIIIb de na Rialacháin Foirne de réir analaí leis an bhfoireann shealadach atá ag fónamh i dtríú tír.

38. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) d'Airteagal 47:

'(a) ag deireadh na míosa sin ina mbaineann an seirbhíseach 65 bliain d'aois amach nó, nuair is infheidhme, ar an dáta arna shocrú i gcomhréir le hAirteagal 50c(3); nó'

39. Cuirtear Caibidil 10 'Forálacha speisialta le haghaidh ball foirne sealadach dá dtagraítear in Airteagal 2(e)', isteach faoi Theideal II:

'CAIBIDIL 10

Forálacha speisialta le haghaidh ball foirne sealadach dá dtagraítear in Airteagal 2(e)

Airteagal 50b

1. Maidir le foireann ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát a roghnaíodh faoin nós imeachta a leagadh síos in Airteagal 98(1) de na Rialacháin Foirne agus atá ar iasacht ó na seirbhísí taidhleoireachta náisiúnta, beidh an fhoireann sin fostaithe mar fhoireann shealadach faoi Airteagal 2(e).

2. Féadfar iad a fhostú ar feadh tréimhse nach mó ná ceithre bliana. Féadfar na conarthaí a athnuachan níos mó ná uair amháin ar feadh tréimhse nach mó ná ceithre bliana do gach athnuachan faoi seach. Tabharfar athnuachan ar an gcoinníoll go leathnófar an tréimhse ar iasacht ar feadh thréimhse iomlán an athnuachain.

Airteagal 50c

1. Beidh feidhm de réir analaí ag Airteagal 37, Airteagal 38 agus Airteagal 39 de na Rialacháin Foirne. Ní rachaidh tréimhse ar iasacht thar théarma an chonartha.

2. Beidh feidhm de réir analaí ag Airteagal 40 de na Rialacháin Foirne. Ní rachaidh saoire ar fhorais phearsanta thar théarma an chonartha. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 17 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

3. Beidh feidhm de réir analaí ag an dara fomhír d'Airteagal 52(b) de na Rialacháin Foirne.'

40. Cuirtear mír 5 isteach in Airteagal 80 mar seo a leanas:

'5. Beidh feidhm de réir analaí ag Airteagal 95, Airteagal 96 agus Airteagal 99 de na Rialacháin Foirne.'

41. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 118:

'Airteagal 118

Beidh feidhm de réir analaí ag Iarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin Foirne maidir le foireann ar conradh atá ag fónamh i dtríú tíortha. Ní bheidh feidhm ag Airteagal 21 den Iarscríbhinn sin, áfach, ach amháin má tá conradh bliana ar a laghad i gceist.'

42. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 121:

' Airteagal 121

Maidir leis an tslándáil shóisialta, beidh an institiúid freagrach as sciar an fhostóra de na ranníocaíochtaí slándála sóisialta faoi na rialacháin reatha na háite ina bhfeidhmeoidh an seirbhíseach a dhualgais nó a dualgais, mura bhforáiltear a mhalairt sa chomhaontú maidir le ceanncheathrú. Féadfaidh an institiúid córas slándála sóisialta a bheadh uathrialach nó forlíontach a chur ar bun do thíortha nach bhfuil aon chóras slándála sóisialta iontu nó a bhfuil córas easpach iontu.'

43. In Airteagal 124, cuirtear na focail 'Airteagal 23' in ionad na bhfocal 'an chéad mhír agus an dara mír d'Airteagal 23'.

Airteagal 3

1. Maidir le hoifigigh agus foireann shealadach a bhfuil post acu in eintiteas eagraíochtúil a aistrítear ó Ardrúnaíocht na Comhairle nó ón gCoimisiún chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaireachta Eachtraí (EEAS) de bhun an Chinnidh ón gComhairle a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 27(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, measfar go bhfuil siad aistrithe chuig an EEAS ó na hinstitiúidí ábhartha ar an dáta a bheidh socraithe sa Chinneadh sin. Beidh feidhm aige sin, freisin, maidir le foireann ar conradh agus le foireann áitiúil atá sannta d'eintiteas eagraíochtúil den sórt sin, a bhfanfaidh coinníollacha an chonartha gan athrú dóibh.

I gcás ina n-aistrítear cuid d'eintiteas eagraíochtúil agus nach féidir oifigigh agus seirbhísigh eile an choda sin den eintiteas a chéannú go huathoibreach, déanfaidh an Chomhairle nó an Coimisiún, de réir mar a bheidh, cinneadh maidir le haistriú na foirne i gcomhaontú leis an Ardionadaí agus tar éis éisteacht leis na hoifigigh agus na seirbhísigh eile a bhféadfadh tionchar a bheith ag an aistriú sin orthu.

2. Arna iarraidh sin do na daoine lena mbaineann, agus gan nós imeachta roghnúcháin nua a úsáid, déanfar conarthaí faoi Airteagal 2(e) de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile de chonarthaí foirne sealadaí ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát a fostaíodh tar éis an 30 Samhain 2009 agus a bhfuil post acu in eintiteas eagraíochtúil a aistrítear ó Ardrúnaíocht na Comhairle nó ón gCoimisiún chuig an EEAS de bhun an Chinnidh ón gComhairle a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 27(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Maidir le haon duine eile, ní athrófar coinníollacha an chonartha. Ní mór an iarraidh sin a dhéanamh laistigh d'aon bhliain amháin tar éis dháta an aistrithe mar a socraíodh é sa Chinneadh ón gComhairle a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 27(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

3. Le go ráthófar go mbeidh ionadaíocht leormhaith ar fhoireann an EEAS ag na seirbhísí taidhleoireachta náisiúnta, féadfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin cinneadh a dhéanamh, de mhaolú ar Airteagal 98(1) de na Rialacháin Foirne, go bhféadfaí tosaíocht a thabhairt, go dtí an 30 Meitheamh 2013, i gcás post áirithe sa ghrúpa feidhme AD san EEAS, d'iarrthóirí ó sheirbhísí taidhleoireachta náisiúnta na mBallstát, i gcás ina bhfuil cáilíochtaí comhionanna ag na hiarrthóirí.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1. AINM AN TOGRA:

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal sin

2. CREAT "ABM/ABB"

Réimse nó réimsí beartais lena mbaineann agus aon ghníomhaíocht ghaolmhar nó aon ghníomhaíochtaí gaolmhara: Caidreamh seachtrach – Caiteachas riaracháin thoscaireachtaí an Aontais Eorpaigh

3. NA LÍNTE BUISÉID

3.1. Na línte buiséid (línte oibríochtúla agus línte a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (na seanlínte B.A.) agus a gceannteidil san áireamh:

XX 01 01 02 01: Luach saothair agus Liúntais

XX 01 02 02 01: Luach saothair d'fhoireann eile

XX 01 02 02 03: Costais foirne eile agus costas seirbhísí eile

04.010413: An Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) – Acmhainní daonna – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin

08.010501: Caiteachas a bhaineann le foireann taighde

08.010502: Foireann sheachtrach le haghaidh taighde

11.010404: Comhaontuithe idirnáisiúnta iascaigh – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin

13.010402: An Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) – Forbairt réigiúnach – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin

19.010401: An Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt (DCI) – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin

19.010402: An Ionstraim Eorpach um Chomharsanacht agus um Chomhpháirtíocht (ENPI) – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin

19.010407: An Ionstraim Eorpach i gcomhair an Daonlathais agus Ceart Daonna (EIDHR) – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin

21.010401: An Ionstraim maidir le Comhar um Fhorbairt (DCI) – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin

21.010405: Saoráid chun freagairt thapa a thabhairt ar an ardú as cuimse atá ag teacht ar phraghsanna bia i dtíortha atá i mbéal forbartha – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin

21.010410: Ranníocaíocht ó Chiste Forbraíochta na hEorpa leis an gcaiteachas ar chomhthacaíocht riaracháin

22.010401: Cúnamh Réamhaontachais – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin

24.0106: An Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin

N.B. Beidh tionchar freisin ar línte buiséid eile faoi Cheannteideal 5 faoina gcuimsítear an tSeirbhís Sheachtrach, ach ní thagraítear dóibh anseo mar go bhfuil na suimeanna róbheag le cur in iúl ar shlí réasúnach sa chomhthéacs seo.

3.2. Fad thréimhse na gníomhaíochta agus an tionchair ar airgeadas:

Baineann an togra seo le coinníollacha fostaíochta na ngníomhairí ar conradh agus na foirne áitiúla atá fostaithe i dtoscaireachtaí an Aontais Eorpaigh, agus níl aon teorainn curtha leis an bhfad a mhairfidh an ghníomhaíocht. Tá an méid seo a leanas beartaithe go háirithe:

- Bheadh an deis ag oifigigh agus ag gníomhairí ar conradh atá ag fónamh i dtoscaireachtaí leas a bhaint as saoire do thuismitheoirí agus as saoire teaghlaigh gan sochair áirithe dá bhforáiltear le hIarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a chailleadh. Ós rud é go bhfuil an méid a shábháiltear i dtaobh tuarastail duine atá ar saoire do thuismitheoirí/saoire teaghlaigh níos airde ná na costais a bhaineann le sochair Iarscríbhinn X a bheartaítear a sholáthar anois, meastar go sábhálfadh an beart seo EUR 189 000 in aghaidh na bliana roinnte idir na línte buiséid ar fad dá dtagraítear i bpointe 3.3 thíos (féach an briseadh síos mionsonraithe in Iarscríbhinn I) .

- Forálacha Iarscríbhinn X a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a chur i bhfeidhm go hiomlán maidir le gníomhairí ar conradh. Is éard a chiallaíonn sé sin, murab ionann agus i láthair na huaire, go bhféadfadh gníomhaire ar conradh bheith i dteideal aisíoc na gcostas ar lóistín sealadach, i gcás nach féidir an chóiríocht dá bhforáiltear in Airteagal 5 a chur ar fáil go fóill. Meastar go mbeadh costas EUR 130 000 ar an mbeart seo, costas atá níos ísle ná an méid a shábhálfaí ar shaoire do thuismitheoirí agus ar shaoire teaghlaigh. Bheadh an costas sin roinnte idir na línte buiséid ar fad dá dtagraítear i bpointe 3.3 thíos, ach amháin na línte sin a bhaineann le hoifigigh amháin (08.010501 agus XX01010201) (féach an briseadh síos mionsonraithe in Iarscríbhinn I).

- Foráil reachtúil a dhéanamh d'uainíocht na ngníomhairí ar conradh. Faoi mar atá sé i láthair na huaire, bíonn ar na gníomhairí seo filleadh ar a n-áit bhunaidh ag deireadh a gconartha agus cailltear an taithí atá acu sa tSeirbhís Sheachtrach. Bheadh sé áisiúil córas uainíochta a chur ar bun a bheadh cosúil leis an gcóras sin atá ann d'oifigigh. Ós rud é go bhfuil soláthar déanta sa bhuiséad reatha do ráta athraithe 25 % de ghníomhairí ar conradh, ní mheastar go mbeadh aon tionchar ag an mbeart seo ar airgeadas.

- Bunús reachtúil a chur faoin gCiste Coigiltis agus faoi na scéimeanna árachais liachta atá á bhfeidhmiú thar ceann na foirne áitiúla. I gcomhaontú leis an bhfoireann áitiúil agus a n-ionadaithe, agus de réir na rialacha réime lena leagtar síos na coinníollacha fostaíochta d'fhoireann áitiúil Choimisiún na gComhphobal Eorpach atá ag fónamh i dtríú tíortha, ranníocann an Coimisiún agus an fhoireann áitiúil go comhpháirteach le Ciste Coigiltis forlíontach agus le ciste árachais sláinte forlíontach do ghníomhairí áitiúla. Déanann na scéimeanna sin foráil do chnapshuim aonuaire ar fhostaíocht a fhoirceannadh agus d'aisíoc costas liachta (faoi réir coinníollacha áirithe) leis an ngníomhaire agus lena chleithiúnaigh/cleithiúnaigh atá i dteideal aisíoc le linn na tréimhse fostaíochta. 5 % agus 3.22 % faoi seach den bhuntuarastal is ea an costas a bheadh ar na bearta sin don Choimisiún, agus tá an lamháil sin curtha san áireamh i mbuiséid bhliantúla riaracháin na dtoscaireachtaí. Tá an costas bliantúil leagtha amach i bpointe 4.1.1 thíos (féach an briseadh síos mionsonraithe in Iarscríbhinn I). Tugtar chun suntais, áfach, nach costas sa bhreis atá i gceist leis an gcostas sin, mar go raibh sé san áireamh sa bhuiséad bliantúil le blianta fada anois.

Faoi láthair, tá timpeall 2 870 gníomhaire áitiúil atá cleamhnaithe leis an gCiste Coigiltis agus timpeall 2 840 gníomhaire áitiúil (móide a gcleithiúnaigh atá i dteideal aisíocíochta) atá cleamhnaithe leis an árachas sláinte. Ag deireadh na bliana 2009, bhí iarmhéid EUR 38.5 milliún sa Chiste Coigiltis agus iarmhéid EUR 11 mhilliún sa Chiste árachais sláinte.

Meastar gur cheart na scéimeanna sin a chur ar bhonn foirmiúil i gCoinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.

3.3. Saintréithe buiséadacha:

Líne Buiséid | Saghas caiteachais | Nua | Ranníocaíocht CSTE | Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí | Ceannteideal sa Pheirspictíocht Airgeadais |

XX 01 01 02 01 | Neamhdhifreáilte | NÍL | NÍL | NÍL | Uimh. 5 |

XX 01 02 02 01 | Neamhdhifreáilte | NÍL | NÍL | NÍL | Uimh. 5 |

XX 01 02 02 03 | Neamhdhifreáilte | NÍL | NÍL | NÍL | Uimh. 5 |

04.010413 | Neamhdhifreáilte | NÍL | NÍL | NÍL | Uimh. 4 |

08.010501 | Neamhdhifreáilte | NÍL | NÍL | NÍL | Uimh. 1a |

08.010502 | Neamhdhifreáilte | NÍL | NÍL | NÍL | Uimh. 1a |

11.010404 | Neamhdhifreáilte | NÍL | NÍL | NÍL | Uimh. 4 |

13.010402 | Neamhdhifreáilte | NÍL | NÍL | NÍL | Uimh. 4 |

19.010401 | Neamhdhifreáilte | NÍL | NÍL | NÍL | Uimh. 4 |

19.010402 | Neamhdhifreáilte | NÍL | NÍL | NÍL | Uimh. 4 |

19.010407 | Neamhdhifreáilte | NÍL | NÍL | NÍL | Uimh. 4 |

21.010401 | Neamhdhifreáilte | NÍL | NÍL | NÍL | Uimh. 4 |

21.010405 | Neamhdhifreáilte | NÍL | NÍL | NÍL | Uimh. 4 |

21.010410 | Neamhdhifreáilte | NÍL | NÍL | NÍL | Uimh. 4 |

22.010401 | Neamhdhifreáilte | NÍL | NÍL | NÍL | Uimh. 4 |

24.01600 | Neamhdhifreáilte | NÍL | NÍL | NÍL | Uimh. 5 |

4. ACHOIMRE AR NA h ACMHAINNÍ

4.1. Acmhainní Airgeadais

4.1.1. Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ)

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Saghas caiteachais | Uimh. coda | Bliain n | n + 1 | n + 2 | n + 3 | n + 4 | n+5 agus níos déanaí | Iomlán |

Caiteachas oibríochtúil[2] |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) | 8.1. | a |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) | b |

Caiteachas riaracháin laistigh den mhéid tagartha[3] |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin – (Neamhdhifreáilte) |

04.010413 | 8.2.4. | c | 0.043 | 0.043 | 0.043 | 0.043 | 0.043 | 0.043 | 0.258 |

08.010501 | 8.2.4 | c | -0.001 | -0.001 | -0.001 | -0.001 | -0.001 | -0.001 | -0.006 |

08.010502 | 8.2.4. | c | 0.040 | 0.040 | 0.040 | 0.040 | 0.040 | 0.040 | 0.240 |

11.010404 | 8.2.4. | c | 0.002 | 0.002 | 0.002 | 0.002 | 0.002 | 0.002 | 0.012 |

13.010402 | 8.2.4. | c | 0.085 | 0.085 | 0.085 | 0.085 | 0.085 | 0.085 | 0.510 |

19.010401 | 8.2.4. | c | 0.824 | 0.824 | 0.824 | 0.824 | 0.824 | 0.824 | 4.944 |

19.010402 | 8.2.4. | c | 0.706 | 0.706 | 0.706 | 0.706 | 0.706 | 0.706 | 4.560 |

19.010407 | 8.2.4. | c | 0.114 | 0.114 | 0.114 | 0.114 | 0.114 | 0.114 | 0.684 |

21.010401 | 8.2.4. | c | 0.392 | 0.392 | 0.392 | 0.392 | 0.392 | 0.392 | 2.352 |

21.010405 | 8.2.4. | c | 0.030 | 0.030 | 0.030 | 0.030 | 0.030 | 0.030 | 0.180 |

21.010410 | 8.2.4. | c | 1.033 | 1.033 | 1.033 | 1.033 | 1.033 | 1.033 | 6.198 |

22.010401 | 8.2.4. | c | 1.031 | 1.031 | 1.031 | 1.031 | 1.031 | 1.031 | 6.186 |

24.010600 | 8.2.4. | c | 0.006 | 0.006 | 0.006 | 0.006 | 0.006 | 0.006 | 0.036 |

AN MÉID TAGARTHA IOMLÁN |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí | a+c | 4.296 | 4.296 | 4.296 | 4.296 | 4.296 | 4.296 | 25.776 |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí | b+c | 4.296 | 4.296 | 4.296 | 4.296 | 4.296 | 4.296 | 25.776 |

Caiteachas riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha[4] |

Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (Neamhdhifreáilte) XX01010201 XX01020201 XX 01020203 | 8.2.5 8.2.5 8.2.5. | d d d | -0.096 0.006 2.191 | -0.096 0.006 2.191 | -0.096 0.006 2.191 | -0.096 0.006 2.191 | -0.096 0.006 2.191 | -0.096 0.006 2.191 | -0.576 0.036 13.146 |

Speansais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus costais ghaolmhara, nach n-áirítear sa mhéid tagartha (Neamhdhifreáilte) | 8.2.6. | E |

Costas táscach iomlán ar an idirghabháil i dtéarmaí airgeadais |

LO IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | a+c+d+e | 6.397 | 6.397 | 6.397 | 6.397 | 6.397 | 6.397 | 38.382 |

LÍ IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | b+c+d+e | 6.397 | 6.397 | 6.397 | 6.397 | 6.397 | 6.397 | 38.382 |

Ní costas breise atá i gceist anseo ach an buiséad bliantúil reatha.

4.1.2. Comhoiriúnacht leis an gClárú Airgeadais

( Tá an togra comhoiriúnach leis an gclárú airgeadais atá ann cheana.

( Beidh athchlárú an teidil ábhartha ag gabháil leis an togra seo sa pheirspictíocht airgeadais.

( Féadfaidh an togra a cheangal go mbeidh gá forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh[5] a chur i bhfeidhm (i.e. ionstraim sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais).

4.1.3. Tionchar airgeadais ar Ioncam

( Níl tionchar airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam

4.2. Acmhainní daonna FTE (lena n-áirítear oifigigh, foireann shealadach agus sheachtrach) – féach na sonraí faoi phointe 8.2.1.

Dada

5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ

5.1. An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Féach pointe 3.2 thuas. Tá sé beartaithe leis an togra bunús reachtúil a chur faoin gCiste Coigiltis agus faoi na scéimeanna árachais liachta atá ann. Chomh maith leis sin, ceadófar d'fhoireann na dtoscaireachtaí a ghlacann saoire do thuismitheoirí nó saoire teaghlaigh leas a bhaint as coinníollacha áirithe d'Iarscríbhinn X, déanfar foráil d'uainíocht na ngníomhairí ar conradh agus cuimseofar na gníomhairí ar conradh atá ag fónamh i dtoscaireachtaí faoi chur i bhfeidhm Iarscríbhinn X.

5.2. An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí airgeadais eile agus le sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Neamhbhainteach

5.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí gaolmhara an togra i gcomhthéacs an chreata le haghaidh bhainistiú na ngníomhaíochtaí (ABM)

Is é is cuspóir don togra coinníollacha inchomparáide fostaíochta idir na gníomhairí ar conradh agus na hoifigigh i dtoscaireachtaí a chruthú, bonn foirmiúil a chur le huainíocht na ngníomhairí ar conradh agus bunús dlí a chur faoi Chiste Coigiltis agus faoi scéimeanna árachais sláinte na ngníomhairí áitiúla.

5.4. Modh don chur chun feidhme (táscach)

( Bainistiú láraithe

( ag an gCoimisiún go díreach

( go hindíreach trína tharmligean chuig:

( Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

( comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais

( comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí arb é seirbhís phoiblí a misean

( Bainistiú comhpháirteach nó díláraithe

( leis na Ballstáit

( le Tríú tíortha

( Comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta (sonraigh le do thoil)

Barúlacha ábhartha:

6. MONATÓIREACHT AGUS MEASTÓIREACHT

6.1. Córas Monatóireachta

6.2. Meastóireacht

7. Bearta frit H-CHALAOISE

8. Son RAÍ NA n ACMHAINNÍ

8.1. Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadais

Is é is cuspóir don togra coinníollacha inchomparáide fostaíochta idir na gníomhairí ar conradh agus na hoifigigh i dtoscaireachtaí a chruthú, bonn foirmiúil a chur le huainíocht na ngníomhairí ar conradh agus bunús dlí a chur faoi Chiste Coigiltis agus faoi scéimeanna árachais liachta na ngníomhairí áitiúla.

8.2. Caiteachas Riaracháin

8.2.1. Líon agus saghas acmhainní daonna

Níl aon acmhainní daonna breise beartaithe leis an togra seo.

8.2.2. Cur síos ar na cúraimí a thagann as an ngníomhaíocht

8.2.3. Foinsí na n-acmhainní daonna (reachtúil) - Dada

( Poist leithdháilte faoi láthair ar bhainistiú an chláir agus a bheidh le hathrú nó le síneadh.

( Poist leithdháilte roimh ré laistigh de chleachtadh APS/PDB do bhliain n

( Poist a iarrfar sa chéad nós imeachta APS/PDB eile

( Poist a ath-imlonnófar ag baint úsáide as na hacmhainní atá ann cheana laistigh den tseirbhís bainistíochta (ath-imlonnú inmheánach)

( Poist is gá do bhliain n cé nach raibh siad á dtuar i gcleachtadh APS/PDB na bliana a bhí i gceist

8.2.4. Caiteachas riaracháin eile a áirítear sa mhéid tagartha (XX 01 04/05 – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin)

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Líne Buiséid (uimhir agus ceannteideal) | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n + 4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile |

- intra muros |

- extra muros |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin iomlán | 4.296 | 4.296 | 4.296 | 4.296 | 4.296 | 4.296 | 25.776 |

8.2.5. Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara nach n-áirítear sa mhéid tagartha

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Saghas acmhainní daonna | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n + 4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN |

Oifigigh agus foireann shealadach (XX 01 01) | -0.096 | -0.096 | -0.096 | -0.096 | -0.096 | -0.096 | -0.576 |

Foireann atá á maoiniú le hAirteagal XX 01 02 (foireann chúnta, END, foireann ar conradh, etc.) XX01020201 XX 01020203 | 0.006 2.191 | 0.006 2.191 | 0.006 2.191 | 0.006 2.191 | 0.006 2.191 | 0.006 2.191 | 0.036 13.146 |

Costas iomlán na nAcmhainní Daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 2.101 | 2.101 | 2.101 | 2.101 | 2.101 | 2.101 | 12.606 |

8.2.6. Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) |

Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n + 4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN |

XX 01 02 11 01 – Misin |

XX 01 02 11 02 – Cruinnithe agus comhdhálacha |

XX 01 02 11 03 -Coistí[7] |

XX 01 02 11 04 – Staidéir agus Comhairliúcháin |

XX 01 02 11 05 – Córais Faisnéise |

2. Caiteachas bainistíochta iomlán eile (XX 01 02 11) |

3. Caiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh agus cuir isteach tagairt don líne buiséid) |

Iomlán an chaiteachais riaracháin, cé is moite d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) |

[1] IO C , , lch.

[2] Caiteachas nach dtagann faoi Chaibidil xx 01 de Theideal xx lena mbaineann.

[3] Caiteachas laistigh d'Airteagal xx 01 04 de Theideal xx.

[4] Caiteachas laistigh de Chaibidil xx 01, seachas Airteagail xx 01 04 nó xx 01 05.

[5] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[6] Ba cheart tagairt a dhéanamh don ráiteas airgeadais reachtach sonrach le haghaidh na Gníomhaireachta/na nGníomhaireachtaí Feidhmiúcháin lena mbaineann.

[7] Sonraigh an saghas coiste agus an grúpa a mbaineann sé leis.