52010PC0283




[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil, 31.5.2010

COIM(2010)283 leagan deireanach

2010/0150 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 lena mbunaítear clár chun cur leis an téarnamh eacnamaíoch trí chúnamh airgeadais an Chomhphobal a dheonú ar thionscadail i réimse an fhuinnimh

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Bhunaigh Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 an 13 Iúil 2009[1] clár (EEPR) chun cur leis an téarnamh eacnamaíoch san Eoraip trí bhíthin EUR 3.98 billiún a dheonú faoi dheireadh 2010. Ionstraim airgeadais í an EEPR arb aidhm di go foriomlán geilleagar an AE a chur ag téarnamh as an gcor chun donais a tharla dó agus ag an am céanna príomhspriocanna bheartas fuinnimh an AE a bhaint amach, is é sin le rá, slándáil agus éagsúlú an tsoláthair fhuinnimh, feidhmiú an mhargaidh fhuinnimh inmheánaigh agus laghdú astaíochtaí gáis cheaptha teasa. Leithdháileadh maoiniú seo an Chomhphobail ar thrí fhochlár a bhaineann le tionscadail bhonneagair gháis agus leictreachais; tionscadail leictreachais ghaoithe amach ón gcósta (OWE), agus tionscadail cheaptha agus stórála carbóin (CCS).

Ghlac an Coimisiún leis na cinntí deonaithe do na fochláir faoi seach an 9 Nollaig 2009 do na fochláir OWE agus CCS agus an 4 Márta 2010 do na tionscadail bhonneagair gháis agus leictreachais. Meastar i dTuarascáil an 27 Aibreáin 2010 ón gCoimisiún[2] a bhaineann le cur chun feidhme EEPR go gcuirfear clúdach airgeadais iomlán an EEPR (€3.98 billiún), nach mór, in áirithe i rith earrach na bliana 2010. Ach coinneofar siar suim arb ionann í agus timpeall €114 milliún de bhun an Rialachán EEPR a glacadh an 13 Iúil 2009. Tugann an Tuarascáil le tuiscint nach meastar go dtiocfaidh athrú ar an tsuim seo ach gur féidir, ar chúiseanna dlíthiúla, airgeadais nó teicniúla, nach gcomhlíonfaidh tionscnóir/í sainchoinníollacha áirithe a bhaineann le híoc na ndeontas sa chaoi is gur féidir nach n-íocfar suimeanna eile de bhun an Rialachán EEPR a glacadh an 13 Iúil 2009. Beidh a fhios cé mhéad de na cistí nár cuireadh in áirithe faoi dheireadh na bliana 2010.

Is í sábháil an fhuinnimh an bealach is gaire agus is costéifeachtaí atá ag an AE le cuspóirí straitéiseacha an AE a bhaint amach, is é sin le rá, cur in aghaidh an athraithe aeráide, soláthar an fhuinnimh a chur ar láimh shábhála agus forbairt shóisialta agus eacnamaíoch inbhuanaithe a bhaint amach. De réir mheon straitéis An Eoraip 2020 ar mhaithe leis an bhfás inbhuanaithe agus leis an bhfostaíocht, chuirfí le Fás Glas trí bhíthin foinsí breise in-athnuaite a fhorbairt agus éifeachtúlacht fuinnimh a chothú, nithe a thógfadh geilleagar iomaíoch inbhuanaithe agus a rachadh i ngleic leis an athrú aeráide. Trí thacú leis na beartais sin, cruthóidh an Eoraip poist nua agus deiseanna don mhargadh glas, rud a chothóidh geilleagar a bheidh inbhuanaithe, sábháilte agus iomaíoch.

Cé go bhfuil feabhas beag ar na réamh-mheastacháin ar fhás an OTI don chéad leath de 2010, is beag an t-athrú ar an ráta fáis a mheastar a bheidh ar 2010 ina iomláine, ionann agus 0.7% san AE. Ina theannta sin, is lú an gealladh atá faoi na huimhreacha táirgthe agus miondíola, i measc rudaí eile, agus tá an infheistíocht lag i gcónaí. Ina theannta sin, tá na margaí airgeadais guagach éiginnte[3]. Agus margadh an tsaothair lag i gcónaí, tá géarchéim na heacnamaíochta fós ann san Eoraip agus bearta meara éifeachtacha ag teastáil ón AE, i gcomhréir le haidhmeanna an pholasaí.

Buneilimint is ea breis dreasachtaí airgeadais agus cúnaimh theicniúil a sholáthar d’fhonn dul i ngleic le constaicí na n-ardchostas tosaigh agus d’fhonn feabhsú an fhuinnimh inbhuanaithe a spreagadh. Agus géarchéimeanna eacnamaíocha ag cur as don mhargadh agus na bainc thráchtála chomh faichilleach sin sa chaoi is gurb íseal an ráta infheistíochta, tá constaicí breise sa tslí ar mhaoiniú tionscadal i réimse na mbeartas seo. Léiríonn an taithí a fuarthas ar fud na hEorpa an chaoi ar éirigh le beartais chúnaimh airgid atá dea-cheaptha agus spriocdhírithe feabhas thar na bearta a bhaint amach agus teacht i dtír ar acmhainneacht an fhuinnimh inbhuanaithe.

Is féidir leis an infheistíocht san fhuinneamh inbhuanaithe a bheith is éifeachtaí agus is tairbhí nuair a dhírítear í ar leibhéil áitiúla. Le hathnuachan a dhéanamh ar chórais fhuinnimh tithe, le saoráidí fuinnimh in-athnuaite díláraithe a chur ar fáil, le pleananna soghluaisteachta uirbeacha a chur i gcrích, tá obair mhór ag teastáil ó dhaoine cáilithe, agus is obair í nach féidir a dhílogánú. Dá bhrí sin gineann sé an-chuid fostaíochta. Lena chois sin, cabhraíonn an fuinneamh inbhuanaithe go mór le beartais eile ar an leibhéal áitiúil, amhail an lánpháirtiú sóisialta, nó an feabhas ar cháilíocht na beatha nó tarraingt na bpobal áitiúil ar lucht gnó agus ar chuairteoirí.

Sa chomhthéacs sin, tá gach seans, má thugtar an cúnamh teicniúil agus na dreasachtaí airgeadais, gurb éasca na Cistí Comhtháthaithe agus Struchtúracha a ullmhú agus a chur i bhfeidhm go hoptamach.

Sa 2ú Athbhreithniú ar an Straitéis Fuinnimh[4], d’fhógair an Coimisiún Eorpach go raibh rún aige Tionscnamh Maoinithe don Fhuinneamh Inbhuanaithe a lainseáil i gcomhar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta agus le hInstitiúidí Airgeadais Idirnáisiúnta eile d’fhonn meicníochtaí maoinithe oiriúnacha a bhunú ar mhaithe le forbairt ollmhór a dhéanamh ar éifeachtúlacht fuinnimh agus ar fhoinsí fuinnimh in-athnuaite.

Trí chúnamh airgeadais a chur ar fáil trína leithéidí d’idirghabhálaithe, is féidir cistiúchán an AE a úsáid ar an mbealach is éifeachtaí agus a thoradh a mhéadú sa ghearrthéarma, rud a rachaidh go mór chun tairbhe don ghníomhaíocht eacnamaíoch agus do chruthú post. Má mhaoinítear cúnamh teicniúil le forbairt na dtionscadal, in éineacht le scéimeanna nuálacha dreasachta airgeadais (amhail ráthaíochtaí, iasachtaí boga le rátaí úis fabhracha, ionstraimí cumaisc agus maoiniú tionscadal), is féidir fachtóir ard giarála a chinntiú idir cistiúchán an AE agus an infheistíocht iomlán arna chur i bhfeidhm.

Cuireadh na gnéithe seo san áireamh agus an togra seo á dhréachtú.

Moltar na cistí nár cuireadh in áirithe de bhun Chaibidil II den Rialachán EEPR a úsáid d’fhonn ionstraim airgeadais thiomnaithe a chruthú le tacú le héifeachtúlacht fuinnimh agus le tionscnaimh in-athnuaite laistigh den Tionscnamh Maoinithe don Fhuinneamh Inbhuanaithe. Tacóidh an tsaoráid airgeadais le tionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite atá iontaofa ó thaobh brabúis agus éascóidh sí maoiniú infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh agus in-athnuaite, go háirithe i gceantair uirbeacha. D'fhonn líon mór infheistíochtaí díláraithe a chothú, is iad na húdaráis bhardasacha, áitiúla agus réigiúnacha a bhainfidh tairbhe as seo. Tiocfaidh an cur chuige seo i dtír ar an rath a bhí ar Chúnant na Méaraí, ar shínigh breis agus 1600 réigiún agus cathair ar fud na hEorpa é.

I measc na dtionscadal fuinnimh inbhuanaithe atá le maoiniú, tá foirgnimh phoiblí agus phríobháideacha, comhsholáthar teasa agus cumhachta le hardéifeachtúlacht fuinnimh agus líonraí téite/fuaraithe ceantair (go háirithe ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite), foinsí fuinnimh in-athnuaite díláraithe atá lonnaithe i gceantair áitiúla, iompar uirbeach glan agus bonneagair áitiúla amhail greillí cliste, soilsiú sráide éifeachtúil agus méadrú cliste.

Cuirfidh idirghabhálaí/ithe airgeadais, amhail Institiúidí Airgeadais Idirnáisiúnta, an tsaoráid chun feidhme. Déanfar an roghnú ar bhonn an chumais atá léirithe ag na hidirghabhálaithe airgeadais an cistiúchán a úsáid ar an mbealach is éifeachtúla agus is éifeachtaí. Cuirfidh na hidirghabhálaithe airgeadais scéimeanna airgeadais ar bun a áiritheoidh go mbeidh fachtóir ard giarála ann idir cistiúchán an AE agus an infheistíocht iomlán d’fhonn infheistíochtaí nach beag a chruinniú san AE. Réamhchoinníoll é le cúnamh airgeadais a fháil an fachtóir giarála seo a bhaint amach. Cleachtfaidh na hidirghabhálaithe airgeadais nósanna imeachta bainistíochta agus tuarascála atá trédhearcach le go mbeidh an Coimisiún in ann úsáid na gcistí a mhaoirsiú go dian; ní chuirfear maoiniú ar bith eile seachas táillí bainistíochta agus na costais a bhaineann le bunú agus feidhmiú na saoráide ar fáil do na hidirghabhálaithe airgeadais. Ar deireadh thiar, is féidir idirbheartaíocht a dhéanamh leis na hInstitiúidí Airgeadais Idirnáisiúnta go comhuaineach leis an nós imeachta reachtach a éascóidh cur in áirithe luath na gcistí.

I gcomhlíonadh an Rialachán EEPR, ní mhaoineoidh an tsaoráid ach bearta a rachaidh i gcion go tapa, go substaintiúil agus ar bhealach intomhaiste ar théarnamh eacnamaíoch an AE, ar mhéadú slándála fuinnimh agus ar laghdú astaíochtaí gáis cheaptha teasa.

Ba cheart na critéir atá leagtha amach sa Rialachán EEPR a glacadh an 13 Iúil 2009 a bheith go hiomlán infheidhme i leith roghnú agus cáilitheacht na mbeart a mhaoineofar de bhun na saoráide. Cuimsíonn na critéir sin fóntacht agus leormhaithe theicniúil an chur chuige, fóntacht an phacáiste airgeadais, aibíocht an tionscadail, a mhéad atá easpa rochtana ar mhaoiniú ag cur moille ar fheidhmiú an ghnímh agus a mhéad a spreagfaidh cúnamh an EEPR maoiniú poiblí agus príobháideach, chomh maith leis an iarmhairt shocheacnamaíoch agus an iarmhairt ar an gcomhshaol. Níor mhór an chothromaíocht gheografach a chur san áireamh freisin mar ghné bhunúsach.

Tá an togra seo i gcomhréir go hiomlán le Dearbhú an Choimisiúin[5] dá dtagraítear in Aithris 7 den Rialachán EEPR[6], a thugann le fios go bhfuil rún aige, más cuí, agus é ag tuairisciú in 2010 ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, bearta a mholadh a cheadóidh cistí nár cuireadh in áirithe a leithdháileadh an athuair ar mhaoiniú tionscadal i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh agus an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite.

2010/0150 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 lena mbunaítear clár chun cur leis an téarnamh eacnamaíoch trí chúnamh airgeadais an Chomhphobal a dheonú ar thionscadail i réimse an fhuinnimh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194(1)(c) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach[7],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[8],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[9],

Tar éis dóibh an togra a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

1. Faoi Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009[10], bunaíodh clár chun cur leis an téarnamh eacnamaíoch san Eoraip (EEPR) trí bhíthin EUR 3.98 billiún a dheonú faoi dheireadh 2010.

2. Ní dhéanfar cuid den airgead seo a chur in áirithe de réir na bhfochlár dá bhforáiltear i gCaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 663/2009.

3. De réir mheon straitéis An Eoraip 2020 ar mhaithe leis an bhfás inbhuanaithe agus leis an bhfostaíocht, chuirfí le Fás Glas trí bhíthin foinsí breise in-athnuaite a fhorbairt agus éifeachtúlacht fuinnimh a chothú, nithe a thógfadh geilleagar iomaíoch inbhuanaithe agus a rachadh i ngleic leis an athrú aeráide. Trí thacú leis na beartais sin, cruthóidh an Eoraip poist nua agus deiseanna don mhargadh glas, rud a chothóidh geilleagar a bheidh inbhuanaithe, sábháilte agus iomaíoch.

4. Buneilimint is ea breis dreasachtaí airgeadais a sholáthar d’fhonn dul i ngleic le constaicí na n-ardchostas tosaigh agus d’fhonn feabhsú an fhuinnimh inbhuanaithe a spreagadh. Is féidir leis an infheistíocht san fhuinneamh inbhuanaithe a bheith is éifeachtaí agus is tairbhí nuair a dhírítear í ar an leibhéal áitiúil.

5. Ba cheart dá bhrí sin ionstraim airgeadais thiomnaithe a chruthú chun tacú le héifeachtúlacht fuinnimh agus le tionscnaimh in-athnuaite laistigh den Tionscnamh Maoinithe don Fhuinneamh Inbhuanaithe[11], ar ionstraim í a d’úsáidfeadh na cistí nár cuireadh in áirithe de bhun Chaibidil II de Rialachán (CE) Uimh. 663/2009. Ba cheart don tsaoráid airgeadais sin tacú le forbairt tionscadal éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite a bheadh iontaofa ó thaobh brabúis agus éascaíonn sí maoiniú na gclár infheistíochta san éifeachtúlacht fuinnimh agus san fhuinneamh in-athnuaite ag na húdaráis phoiblí áitiúla agus réigiúnacha, go háirithe i gceantair uirbeacha.

6. Le go mbeidh an tionchar is mó is féidir ag cistiúchán an AE sa ghearrthéarma, ba cheart d'idirghabhálaí airgeadais amháin nó roinnt idirghabhálaithe airgeadais amhail Institiúidí Airgeadais Idirnáisiúnta (IAI) an tsaoráid a bhainistiú. Ba cheart an roghnú a dhéanamh ar bhonn an chumais atá léirithe ag na hidirghabhálaithe airgeadais an cistiúchán a úsáid ar an mbealach is éifeachtúla agus is éifeachtaí agus leis an ngiaráil is airde idir cistiúchán an AE agus an infheistíocht iomlán d’fhonn infheistíochtaí nach beag a chur á ndéanamh san AE.

7. I gcomhlíonadh Rialachán (CE) Uimh. 663/2009, ba cheart an tsaoráid a theorannú go bearta a mhaoiniú ar bearta iad a rachaidh i gcion go tapa, go substaintiúil agus ar bhealach intomhaiste ar théarnamh eacnamaíoch laistigh den AE, ar mhéadú slándála fuinnimh agus ar laghdú astaíochtaí gáis cheaptha teasa. Ba cheart na critéir atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 a bheith go hiomlán infheidhme i leith roghnú agus cáilitheacht na mbeart a mhaoineofar de bhun na saoráide. Ba cheart cothromaíocht gheografach na dtionscadal a chur san áireamh freisin mar ghné bhunúsach.

8. Ós rud é gur féidir nach mbeidh a fhios ach ag deireadh 2010 cé mhéad de na cistí nach mbeidh curtha in áirithe, ba cheart gealltanais dhlíthiúla aonair, ar gealltanais iad a chuirfidh na gealltanais bhuiséadacha chun feidhme, a dhéanamh faoin 31 Márta 2011.

9. Toisc an ghá phráinnigh atá ann dul i ngleic leis na géarchéimeanna eacnamaíocha agus le riachtanais dhithneasacha an Aontais i gcúrsaí fuinnimh, ba cheart an caiteachas a bheith incháilithe ón 13 Iúil 2009 amach, óir d’iarr go leor iarratasóirí go mbeadh an caiteachas incháilithe ón tráth a chuirtear an t-iarratas ar dheontas isteach i gcomhréir le hAirteagal 112 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach.

10. Toisc an ghá phráinnigh atá ann dul i ngleic leis na géarchéimeanna eacnamaíocha agus le riachtanais dhithneasacha an Aontais i gcúrsaí fuinnimh, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm díreach tar éis a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 663/2009

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 mar seo a leanas:

11. In Airteagal 1, cuirtear an ceathrú mír seo a leanas leis:

“Cheadóidh an Rialachán seo ionstraimí airgeadais a chruthú chun tacú le héifeachtúlacht fuinnimh agus le tionscnaimh in-athnuaite."

12. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 in Airteagal 3:

“Maidir leis na gealltanais dhlíthiúla aonair faoi Chaibidil II lena gcuirfear na gealltanais bhuiséadacha arna ndéanamh sa bhliain 2009 agus sa bhliain 2010 chun feidhme, déanfar faoin 31 Nollaig 2010 iad. Déanfar gealltanais dhlíthiúla aonair i gcomhréir le hAirteagal 22 faoin 31 Márta 2011.”

13. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

“Airteagal 22 Cistí nach féidir a chur in áirithe faoi Chaibidil II nó a bheidh le fáil faoin 31 Nollaig 2010

1. I gcomhlíonadh Airteagal 3(2), na leithreasaí sin nárbh fhéidir a chur faoi réir gealltanas dlíthiúil aonair faoi Chaibidil II do shuim arb ionann í agus EUR 114 milliún agus leithreasaí eile a bheidh ann faoi dheoidh agus a bheidh le fáil toisc nár cuireadh na tionscadail chun feidhme go hiomlán nó i bpáirt i gcomhréir le Caibidil II, tiomnófar iad do shaoráid airgeadais laistigh den Tionscnamh Maoinithe don Fhuinneamh Inbhuanaithe[12].

2. Cuirfear an tsaoráid airgeadais dá dtagraítear i mír 1 chun feidhme i gcomhlíonadh Iarscríbhinn II. Ní bheidh feidhm ag forálacha Airteagal 23(1).

14. I mír (2) d’Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt:

“Féadfaidh caiteachas a bheith incháilithe ón 13 Iúil 2009."

15. Tabharfar Iarscríbhinn I ar an Iarscríbhinn feasta agus cuirfear Iarscríbhinn II nua leis:

“Iarscríbhinn II Saoráid airgeadais laistigh den Tionscnamh Maoinithe don Fhuinneamh Inbhuanaithe

I. Cur chun feidhme saoráide airgeadais le haghaidh tionscadal fuinnimh inbhuanaithe

Tacóidh an tsaoráid airgeadais le forbairt tionscadal éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite atá iontaofa ó thaobh brabúis agus éascóidh sí maoiniú infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh agus i bhfuinneamh in-athnuaite ag na húdaráis bhardasacha, áitiúla agus réigiúnacha. Cuirfear an tsaoráid seo chun feidhme i gcomhréir leis na forálacha maidir le tarmligean na gcúram feidhmithe buiséid atá leagtha síos sa Rialachán Airgeadais agus ina chuid Rialacha Cur chun Feidhme.

Úsáidfear an tsaoráid le haghaidh tionscadal fuinnimh inbhuanaithe go háirithe i gceantair uirbeacha. Lena n-áirítear na nithe seo a leanas:

(a) tionscadail le haghaidh foirgneamh poiblí agus príobháideach a chuimsíonn réitigh fuinnimh in-athnuaite agus/nó éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear iad siúd atá bunaithe ar úsáid Theicneolaíochtaí na Faisnéise agus na Cumarsáide (TFC);

(b) infheistíochtaí le haghaidh comhsholáthair teasa agus cumhachta le hardéifeachtúlacht fuinnimh agus líonraí téite/fuaraithe ceantair, go háirithe ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite;

(c) foinsí fuinnimh in-athnuaite díláraithe atá lonnaithe sa timpeallacht áitiúla;

(d) iompar uirbeach glan chun tacú le héifeachtúlacht fuinnimh agus le lánpháirtiú foinsí fuinnimh in-athnuaite;

(e) bonneagar áitiúil, lena n-áirítear soilsiú sráide éifeachtach, méadrú cliste agus greillí cliste a bhaineann leas iomlán as TFC.

Féadfaidh an tsaoráid a úsáid d’fhonn dreasachtaí agus cúnamh teicniúil a chur ar fáil agus feasacht na n-údarás náisiúnta agus áitiúil a mhúscailt, lena áirithiú go mbaintear an leas is fearr as na Cistí Struchtúracha agus Comhtháthaithe, go háirithe maidir le feabhsúcháin a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite i dtithe agus i bhfoirgnimh eile.

Is iad na húdaráis phoiblí, ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil de rogha, nó eintitis phríobháideacha atá ag gníomhú thar ceann na n-údarás poiblí sin, a bhainfidh tairbhe as an tsaoráid. Tabharfar aird ar leith ar thograí a bhfuil an comhar idir comhlachtaí den chineál seo agus cumainn tithíochta agus gníomhaireachtaí forbartha i dtreis iontu.

II. Comhar le hIdirghabhálaithe Airgeadais

Cuirfidh idirghabhálaí/ithe airgeadais, amhail Institiúidí Airgeadais Idirnáisiúnta, an tsaoráid chun feidhme. Déanfar an roghnú ar bhonn an chumais atá léirithe ag na hidirghabhálaithe airgeadais an cistiúchán a úsáid ar an mbealach is éifeachtúla agus is éifeachtaí agus i gcomhréir leis na rialacha agus na critéir atá leagtha amach san Iarscríbhinn seo.

Comhlíonfaidh na hidirghabhálaithe airgeadais na ceanglais chuí a bhaineann le tarmligean na gcúram feidhmithe buiséid atá leagtha amach sa Rialachán Airgeadais agus a chuid Rialacha Cur chun Feidhme, go háirithe maidir le rialacha an tsoláthair, leis an rialú inmheánach, leis an gcuntasaíocht agus leis an iniúchadh seachtrach. Ní chuirfear cistiúchán ar bith eile ar fáil do na hidirghabhálaithe airgeadais sin seachas táillí bainistíochta nó costais a bhaineann le bunú agus feidhmiú na saoráide.

Leagfar síos téarmaí agus coinníollacha mionsonraithe na saoráide, lena n-áirítear an mhonatóireacht agus an rialú, i gcomhaontú/uithe idir an Coimisiún agus na hidirghabhálaithe airgeadais.

III. Coinníollacha maoinithe agus critéir roghnaithe agus cáilitheachta

Beidh an tsaoráid teoranta go bearta a mhaoiniú a rachaidh i gcion go tapa, go substaintiúil agus ar bhealach intomhaiste ar théarnamh eacnamaíoch laistigh den AE, ar mhéadú slándála fuinnimh agus ar laghdú astaíochta gáis cheaptha teasa.

Tabharfar aird chuí ar fhachtóir suntasach giarála a bhaint amach idir an infheistíocht iomlán agus cistiúchán an AE d’fhonn infheistíochtaí nach beag a chruinniú san AE. Ba cheart d'údaráis phoiblí a bhaineann leas as an maoiniú na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

(a) tá tiomantas polaitiúil déanta acu an t-athrú aeráide a mhaolú, lena n-áirítear spriocanna beachta;

(b) tá fardal astaíochtaí déanta acu agus forbraíonn siad straitéisí ilbhliantúla chun na spriocanna a bhaint amach;

(c) tá siad sásta a bheith cuntasach go poiblí as dul chun cinn a straitéise foriomláine.

Comhlíonfaidh na bearta a mhaoineofar leis an tsaoráid na critéir roghnaithe agus cáilitheachta seo a leanas:

(i) fóntacht agus leormhaithe theicniúil an chur chuige;

(ii) fóntacht an phacáiste airgeadais le haghaidh chéim infheistíochta iomlán an ghnímh;

(iii) cothromaíocht gheografach na dtionscadal;

(iv) aibíocht, a shainítear mar chéim na hinfheistíochta a bhaint amach, agus caiteachas caipitil a thabhú chomh luath agus is féidir;

(v) a mhéad atá easpa rochtana ar mhaoiniú ag cur moille ar chur chun feidhme an ghnímh;

(vi) a mhéad a spreagfaidh cúnamh an EEPR maoiniú poiblí agus príobháideach;

(vii) iarmhairtí socheacnamaíocha cainníochtaithe;

(viii) iarmhairtí cainníochtaithe ar an gcomhshaol."

Airteagal 2 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[1] Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Iúil 2009 lena mbunaítear clár chun cur leis an téarnamh eacnamaíoch trí chúnamh airgeadais an Chomhphobal a dheonú ar thionscadail i réimse an fhuinnimh.

[2] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, Tuarascáil ar chur chun feidhme Chlár Fuinnimh na hEorpa ar mhaithe leis an Téarnamh, COIM (2010)191 leagan deireanach.

[3] Réamh-mheastacháin eacnamaíocha eatramhacha an Choimisiúin an 25 Feabhra 2010, preaseisiúint ECFIN an 25/2/2010.

[4] 2ú Athbhreithniú ar an Straitéis Fuinnimh 13 Samhain 2008, Plean Gníomhaíochta Slándála agus Dlúthpháirtíochta Fuinnimh de chuid an AE, COIM(2008)781.

[5] Is é seo a deir Dearbhú an Choimisiúin: “Má aimsíonn an Coimisiún, agus tuairisciú á dhéanamh aige sa bhliain 2010 maidir le cur chun feidhme an Rialacháin faoina Airteagal 28, nach bhféadfaí a chur in áirithe, faoi dheireadh 2010, cuid de na cistí dá bhforáiltear le haghaidh na dtionscadal a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán, molfaidh an Coimisiún, más iomchuí agus i slí a bheadh cothrom ó thaobh na tíreolaíochta de, leasú a dhéanamh ar an Rialachán lena gceadófar maoiniú na dtionscadal i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh agus na bhfoinsí fuinnimh inathnuaite, de bhreis ar na tionscnaimh thuas, lena n-áirítear critéir cáilitheachta a bheadh cosúil leis na critéir a bhaineann leis na tionscadail san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo".

[6] Mar seo a deir Aithris 7 den Rialachán EEPR: "I gcás nach féidir na cistí go léir a chur in áirithe faoi dheireadh na bliana 2010, tá sé dearbhaithe ag an gCoimisiún go bhfuil rún aige, nuair a bheidh tuarascáil á dhéanamh aige sa bhliain 2010 ar chur chun feidhme an Rialacháin seo, bearta a mholadh, más iomchuí, lena gceadófar maoiniú a dhéanamh ar thionscadail atá i gcomhréir leis an bPlean don Téarnamh, amhail tionscadail i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh agus i réimse an fhuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite".

[7] IO C , , lch.

[8] IO C , , lch.

[9] IO C , , lch.

[10] IO L 200, 31.7.2009, lch. 31.

[11] 2ú Athbhreithniú ar an Straitéis Fuinnimh 13 Samhain 2008, COIM(2008)781.

[12] 2ú Athbhreithniú ar an Straitéis Fuinnimh 13 Samhain 2008, COIM(2008)781.