52010PC0145

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2006 lena mbunaítear bearta airgeadais Comhphobail maidir le cur chun feidhme an Chomhbheartais Iascaigh agus i réimse Dhlí na Farraige /* COIM/2010/0145 leagan deireanach - COD 2010/0080 */


[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 29.4.2010

COIM(2010)145 leagan deireanach

2010/0080 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2006 lena mbunaítear bearta airgeadais Comhphobail maidir le cur chun feidhme an Chomhbheartais Iascaigh agus i réimse Dhlí na Farraige

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. Trí na leasuithe atá molta a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2006 lena mbunaítear bearta airgeadais Comhphobail maidir le cur chun feidhme an Chomhbheartais Iascaigh agus i réimse Dhlí na Farraige[1], tá sé beartaithe comhleanúnachas a áirithiú idir an Rialachán agus eilimintí eile an chreata reachtaigh. I gcásanna áirithe, is léir ón taithí a fuarthas gur gá forálacha an Rialacháin a oiriúnú beagán chun go sásóidís na riachtanais níos fearr. Moltar freisin raon feidhme na mbeart arna maoiniú a shoiléiriú, nuair is gá, agus dréachtú roinnt de na hairteagail a fheabhsú.

Ní dhéanfaidh an t-athbhreithniú sin aon athruithe bunúsacha ar Rialachán (CE) Uimh. 861/2006: ní dhéanfar aon difear do na cuspóirí, don chineál beart arna maoiniú, don struchtúr ná don imchlúdach airgeadais.

2. Modhnuithe i ngeall ar fhorbairt an chreata reachtaigh:

Airteagail 2(b), 3(b), 5, 9, 10, 16, 17, 22 agus ceannteideal roinn 2. Tá raon feidhme an chreata nua um bailiú sonraí[2] níos leithne ná an raon feidhme a bhí ag an gcreat roimhe seo[3]. Ní hé amháin go gclúdaíonn sé sonraí arna mbailiú ag na Ballstáit, ach a mbainistiú agus a n-úsáide freisin. Cé go bhfuil foclaíocht reatha an Rialacháin leathan go leor chun bainistiú agus úsáid sonraí a chuimsiú, leasaíodh na forálacha thuas chun tagairt shainráite don mhéid sin a áireamh ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil.

Rinneadh Airteagal 12(c) a athdhréachtú chun a léiriú gur tugadh stádas mar chomhlachtaí a bhfuil aidhm leasa ghinearálta Eorpaigh á saothrú acu do na Comhairlí Comhairleacha Réigiúnacha i gCinneadh 2007/409/CE ón gComhairle an 11 Meitheamh 2007 lena leasaítear Cinneadh 2004/585/CE lena mbunaítear Comhairlí Comhairleacha Réigiúnacha faoin gComhbheartas Iascaigh[4]. Féadtar tacaíocht airgeadais a thabhairt dóibh chun a gcostais oibriúcháin a chlúdach agus scriosadh an srian a chuir teorainn lena gcéim thionscnaimh.

Leasaíodh Airteagal 5 chun forálacha an chreata nua um bailiú sonraí a mheabhrú, creat ina gcuimsíonn na sonraí atá le bailiú athróga socheacnamaíocha in earnálacha an iascaigh, an dobharshaothraithe agus na próiseála, amhail ioncam, costais chaipitil, fostaíocht, etc. Foráiltear do na heilimintí seo i gCinneadh 949/2008 ón gCoimisiún an 6 Samhain 2008 lena nglactar clár ilbhliantúil Comhphobail de bhua Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle lena mbunaítear creat Comhphobail chun sonraí in earnáil an iascaigh a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid agus le haghaidh tacaíochta do chomhairle eolaíochta maidir leis an gComhbheartas Iascaigh[5], go háirithe Foscríbhinní VI, X agus XII.

Rinneadh athfhoirmliú agus simpliú ar Airteagal 9 chun go mbeadh an tuairisc i gcomhréir le réimsí caiteachais eile arna gclúdach ag an Rialachán, trí aitheantas a thabhairt do na príomhchatagóirí beart amháin. Tá na bearta incháilithe leagtha amach go mionsonraithe i Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle an 25 Feabhra 2008 lena mbunaítear creat Comhphobail chun sonraí in earnáil an iascaigh a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid agus le haghaidh tacaíochta do chomhairle eolaíochta maidir leis an gComhbheartas Iascaigh[6].

Leasaíodh Airteagail 16 agus 24 chun forálacha ábhartha an chreata nua um bailiú sonraí a chur san áireamh, agus leagtar amach go mionsonraithe san forálacha sin na nósanna imeachta clárúcháin in Airteagail 4, 5 agus 6 de Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle agus Airteagail 1, 2 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 665/2008 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le Rialachán (CE) Uimh. 199/2008[7] ón gComhairle a chur i bhfeidhm.

Táthar tar éis Airteagal 23 a scriosadh mar go bhfuil sé imithe as feidhm ós rud é go sainmhínítear na nósanna imeachta clárúcháin anois sa chreat nua um bailiú sonraí.

3. Leasú teoranta ar an raon feidhme atá ag bearta áirithe chun freagairt níos fearr a thabhairt ar na riachtanais:

Leasaítear Airteagal 11 chun gur féidir leis an gCoimisiún conarthaí soláthair a shíniú leis na comhlachtaí idirnáisiúnta a bhfuil measúnú ar stoc faoina gcúram.

Oiriúnaíodh Airteagal 12(a) agus 18(2) chun go bhféadfaí maoiniú na gcostas a bhaineann le hullmhú an Choiste Chomhairligh um Iascach agus Dobharshaothrú (ACFA) a leathnú go heagraíochtaí ionadaíocha eile in ACFA. Tá an fhéidearthacht seo ann cheana d'Eagraíochtaí Trádála Eorpacha. Anuas air sin, foráiltear san Airteagal anois do thacaíocht airgeadais le haghaidh aistriúcháin, ateangaireachta agus costas a bhaineann le fruiliú seomraí nuair a bhaineann na costais sin leis na cruinnithe seo.

Leasaíodh Airteagal 20(1) chun an dáta d'iarratais ar thacaíocht Chomhphobail a chur ar aghaidh. Déantar an méid sin chun nósanna imeachta agus cur chun feidhme na gclár a luathú.

Leasaíodh Airteagal 20(2) chun tuairisc níos mionsonraithe a thabhairt ar an bhfaisnéis a sholáthrófar chun na sonraí arna bhfáil ar na tionscadail a chaighdeánú agus chun bainistíocht fhónta airgeadais a neartú. Sonraítear ann freisin an fhaisnéis is gá le haghaidh comhthionscadal arna gcur i gcrích ag níos mó ná Ballstát amháin.

In Airteagal 20(3)(b) atá leasaithe ceanglaítear faisnéis a sholáthar ar mheicníochtaí a cheadóidh gur féidir úsáid na n-acmhainní rialaithe cómhaoinithe a fhíorú.

Ceaptar Airteagal 20(4) nua chun feabhas a chur ar tharchur na sonraí a bhaineann leis na tionscadail.

4. Soiléiriú ar raon feidhme na ngníomhaíochtaí a dhéanfar:

Airteagal 32(a). Rinneadh Cinneadh 2000/439/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 maidir le ranníocaíocht ón gComhphobal i leith an chaiteachais arna thabhú ag Ballstáit le linn dóibh sonraí a bhailiú, agus chun staidéir agus treoirthograí a mhaoiniú chun an Comhbheartas Iascaigh a chur i gcrích[8], a aisghairm le Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 le héifeacht ón 1 Eanáir 2007, mar gur corpraíodh a lán de na forálacha arna leagan síos sa chinneadh sin sa rialachán. Níor clúdaíodh eilimintí áirithe, áfach, go háirithe an ráta cómhaoinithe níos ísle de 35 % do chláir fhadaithe (Airteagal 3, an dara fleasc), rialacha níos mionsonraithe maidir le tíolacadh clár agus réamhaisnéisí buiséid, tuarascálacha teicniúla agus airgeadais, rialacha mionsonraithe maidir le híocaíochtaí ón gCoimisiún (Airteagail 4 agus 6) agus sainmhíniú ar chaiteachas incháilithe faoi na cláir náisiúnta (iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh). Toisc nár glacadh aon rialacha cur chun feidhme chun na heilimintí sin a chlúdach, bhí ganntanas rialacha ann ag rialú na gclár náisiúnta in 2007 agus 2008, cé gur lean na Ballstáit agus an Coimisiún ag obair ar bhonn na rialacha a bhí ann roimhe sin. Lean an staid seo ar aghaidh go dtí gur glacadh an creat nua chun sonraí a bhailiú agus, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart a shoiléiriú go raibh feidhm ag forálacha áirithe fós do chláir náisiúnta 2007 agus 2008.

Soiléiríodh Airteagal 7(c) chun a léiriú gur féidir leis na comhpháirtíochtaí ar an leibhéal idirnáisiúnta a bheith ar leibhéal déthaobhach, réigiúnach nó iltaobhach.

Rinneadh athdhréachtú ar Airteagal 8(a)(i) agus (iii) ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht i dtaca le caiteachas incháilithe. Thairis sin, luaitear go sainráite na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail ag áirithiú chomhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh[9], i.e. córais bhraite soithí, córais aitheantais uathoibreacha, malartú agus anailís sonraí idir na Ballstáit, bunú suíomhanna gréasáin a bhaineann le rialú ar iascach.

In Airteagal 8(a)(ii) cuirtear an focail "pearsanra" in ionad "státseirbhísigh" ós rud é nach ionann agus státseirbhísigh i gcónaí na rannpháirtithe in oiliúint, cé go ndéanann siad ionadaíocht thar ceann údaráis Ballstáit.

In Airteagal 8(a)(v) cuirtear na focail "iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte", a úsáidtear go sonrach i Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle in ionad na foclaíochta "iascaireacht mhífhreagrach agus neamhdhleathach".

Leasaíodh Airteagal 8(b) chun na cúraimí arna gcur i gcrích ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde a léiriú ar shlí níos fearr. Ní hé amháin go ndéanann sé anailís ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí rialaithe ansin, ach tugann sé comhairle agus tá sé rannpháirteach i bhforbairt teicneolaíochtaí nua chomh maith.

Leasaíodh Airteagal (8)(d) chun catagóir iomarcach caiteachais don Ghníomhaireacht Chomhphobail um Rialú ar Iascach a scriosadh.

Airteagal 12(b). Nuashonraítear liosta na gcomhlachtaí comhairleacha a n-ainmníonn coiste iomlánach ACFA ionadaí dá gcruinnithe.

Leasaíodh Airteagal 13(e) chun an raon comhair ar ghá don Choimisiún a bhunú le heagraíochtaí idirnáisiúnta a léiriú.

5. Anuas ar an méid sin, rinneadh leasuithe in Aithris (12) agus in Airteagail 2(b), 3(b), 5, 10, 13(e), 18(3), 20(1), 24 chun foclaíocht an Rialacháin a fheabhsú agus a shoiléiriú.

6. Níl aon tionchar airgeadais ar bhuiséad an AE ag na modhnuithe a thugtar isteach leis an togra leasaitheach seo. Níl ann ach gur féidir suimeanna an bhuiséid a chur i gcrích mar atá cainníochtaithe sa Ráiteas Airgeadais atá i gceangal le Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle.

2010/0080 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2006 lena mbunaítear bearta airgeadais Comhphobail maidir le cur chun feidhme an Chomhbheartais Iascaigh agus i réimse Dhlí na Farraige

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh an togra a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) I Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle an 22 Bealtaine 2006 lena mbunaítear bearta airgeadais Comhphobail maidir le cur chun feidhme an Chomhbheartais Iascaigh agus i réimse Dhlí na Farraige[10], foráiltear do mhaoiniú sna réimsí seo a leanas: caidreamh idirnáisiúnta, rialachas, bailiú sonraí agus comhairle eolaíochta agus rialú agus cur i bhfeidhm an Chomhbheartais Iascaigh.

(2) I ngach réimse gníomhaíochta, comhlánaítear Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle le rialacháin nó le cinntí eile. Forbraíodh roinnt eilimintí den reachtaíocht ghaolmhar ó glacadh Rialachán (CE) Uimh. 861/2006, eilimintí ar cheart a leasú chun comhleanúnachas idir eilimintí uile an chreata reachtaigh a áirithiú.

(3) I bhfianaise na taithí a fuarthas, is gá an Rialachán a leasú d'fhonn mionleasú a dhéanamh ar roinnt forálacha chun go bhfreagróidh siad níos fearr do na riachtanais.

(4) Moltar freisin raon feidhme na mbeart arna maoiniú a shoiléiriú, nuair is gá, agus dréachtú roinnt de na hairteagail a fheabhsú.

(5) Is féidir le comhpháirtíochtaí sa réimse idirnáisiúnta a bheith ar leibhéal déthaobhach, réigiúnach nó iltaobhach.

(6) Tugadh stádas mar chomhlachtaí a bhfuil aidhm leasa ghinearálta Eorpaigh á saothrú acu do na Comhairlí Comhairleacha Réigiúnacha i gCinneadh 409/2007/CE ón gComhairle an 11 Meitheamh 2007 lena leasaítear Cinneadh 2004/585/CE lena mbunaítear Comhairlí Comhairleacha Réigiúnacha faoin gComhbheartas Iascaigh[11], agus ba cheart an méid sin a léiriú sa Rialachán.

(7) I gcás chruinnithe ullmhúcháin an Choiste Chomhairligh um Iascach agus Dobharshaothrú (ACFA), ba cheart deis a bheith ann tacaíocht airgeadais a thabhairt d'ionadaithe eile seachas ionadaithe ó Eagraíochtaí Trádála Eorpacha agus maoiniú i gcomhair aistriúcháin, ateangaireachta agus costas a bhaineann le fruiliú seomraí a cheadú. Ba cheart nuashonrú a dhéanamh ar liosta na gcomhlachtaí comhairleacha a n-ainmníonn coiste iomlánach an ACFA ionadaí dá gcruinnithe.

(8) Le Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle an 25 Feabhra 2008 maidir le creat Comhphobail a bhunú chun sonraí san earnáil iascaigh a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid agus le haghaidh tacaíochta do chomhairle eolaíochta maidir leis an gComhbheartas Iascaigh[12], leathnaíodh an bhrí atá le bailiú sonraí chun bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí a chuimsiú léi, agus ba cheart an méid sin a admháil go sainráite sa Rialachán.

(9) I gCinneadh 949/2008/CE ón gCoimisiún an 6 Samhain 2008 lena nglactar clár ilbhliantúil Comhphobail de bhun Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 lena mbunaítear creat Comhphobail chun sonraí san earnáil iascaigh a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid agus le haghaidh tacaíochta do chomhairle eolaíochta maidir leis an gComhbheartas Iascaigh[13], foráiltear go mbeidh athróga socheacnamaíocha ar áireamh sna sonraí a bhailítear.

(10) Tá na bearta atá incháilithe do thacaíocht airgeadais Comhphobail i réimse an bhailiúcháin sonraí agus na comhairle eolaíochta sainmhínithe i Rialachán (CE) Uimh. 199/2008, agus ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 a chur ina luí leis na sainmhínithe sin.

(11) Tá na bearta clárúcháin i réimse an bhailiúcháin sonraí agus na comhairle eolaíochta leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 agus i Rialachán cur chun feidhme (CE) Uimh. 665/2008 ón gCoimisiún an 14 Iúil 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 199/2008[14].

(12) Maidir le roinnt forálacha i gCinneadh 2000/439/CE an 29 Meitheamh 2000 maidir le ranníocaíocht ón gComhphobal le caiteachas a thabhaíonn na Ballstáit le linn dóibh sonraí a bhailiú, agus chun staidéir agus treoirthograí a mhaoiniú chun an Comhbheartas Iascaigh a chur i gcrích[15], níor cuireadh isteach i Rialachán (CE) 861/2006 iad agus níor tiontaíodh iad go rialacha cur chun feidhme. Chruthaigh sé seo folús sa dlí do na blianta 2007 agus 2008, blianta ina raibh ar an gCoimisiún na rialacha a bhí i bhfeidhm roimhe sin a chur i bhfeidhm mar atá leagtha síos i gCinneadh 2000/439/CE. Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart foráil a dhéanamh ar bhonn cúlghabhálach gur leanadh de na rialacha sin a chur i bhfeidhm sa tréimhse sin.

(13) Is gá a cheadú don Choimisiún conarthaí soláthair a shíniú leis na comhlachtaí idirnáisiúnta a bhfuil measúnú ar stoc faoina gcúram.

(14) Ba cheart na sonraí ar an gcaiteachas incháilithe i réimse an rialaithe a thíolacadh ar bhealach níos soiléire agus níos mionsonraithe agus nasc a dhéanamh le Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail d'fhonn comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh[16] a áirithiú agus le Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú[17].

(15) Cé go ndéanann rannpháirtithe in oiliúint i réimse an rialaithe agus an fhorfheidhmithe ionadaíocht thar ceann údaráis Ballstáit, ní chiallaíonn sin gur státseirbhísigh iad i gcónaí. Dá bhrí sin, ba cheart caiteachas a thabhaítear chun oiliúint a chur ar phearsanra eile a bheith cáilithe freisin le haghaidh beart airgeadais.

(16) Ní hé amháin go ndéanann an tAirmheán Comhpháirteach Taighde anailís ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí rialaithe, ach tugann sé comhairle agus bíonn sé páirteach i bhforbairt teicneolaíochtaí nua.

(17) Is gá na rialacha clárúcháin maidir le rialú caiteachais a oiriúnú chun bainistíocht fhónta airgeadais a fheabhsú, go háirithe tríd an dáta le haghaidh na hiarratais ar thacaíocht ón gComhphobal a chur isteach a luathú, agus trí shonrú breise a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá le soláthar maidir leis na tionscadail agus ar an bhformáid inar ceart í a sholáthar.

(18) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 mar a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) d'Airteagal 2:

"(b) bearta maidir le caomhnú, bailiú agus bainistiú sonraí agus úsáid sonraí chun comhairle eolaíochta a chruthú don Chomhbheartas Iascaigh;"

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) d'Airteagal 3:

"(b) bailiú, bainistiú agus úsáid na sonraí is gá don Chomhbheartas Iascaigh a fheabhsú;"

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5:

"Airteagal 5

Cuspóirí sonracha maidir le sonraí a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid agus maidir le comhairle eolaíochta

Rannchuideoidh na bearta airgeadais Comhphobail dá dtagraítear in Airteagail 9, 10 agus 11 leis an gcuspóir feabhas a chur ar na nithe seo a leanas: sonraí a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid agus comhairle eolaíochta ar staid na n-acmhainní, ar leibhéal na hiascaireachta, ar an tionchar atá ag an iascach ar na hacmhainní agus ar an éiceachóras muirí agus ar fheidhmíocht thionscal na hiascaireachta, laistigh agus lasmuigh d'uiscí an Chomhphobail. Déanfar an méid sin trí thacaíocht airgeadais a thabhairt do na Ballstáit chun tacair sonraí ilbhliantúla comhiomlánaithe agus eolaíochtbhunaithe a bhunú ina gcorprófar faisnéis bhitheolaíoch, theicniúil, chomhshaoil agus shocheacnamaíoch."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c) d'Airteagal 7(1):

"(c) lena bhforbraítear, trí chomhpháirtíocht ar an leibhéal déthaobhach, réigiúnach nó iltaobhach, cumas bainistíochta acmhainní iascaigh agus cumas rialaithe iascaigh tríú tíortha chun iascaireacht inbhuanaithe a áirithiú agus lena gcuirtear forbairt eacnamaíoch earnáil an iascaigh sna tíortha sin chun cinn trí mheastóireacht eolaíoch agus theicniúil an iascaigh lena mbaineann a fheabhsú, monatóireacht ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, ar dhálaí sláinte agus ar an timpeallacht ghnó san earnáil sin;"

(5) Leasaítear Airteagal 8 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(i):

"(i) infheistíochtaí, a bhaineann le gníomhaíochtaí rialaithe arna gur i gcrích ag comhlachtaí riaracháin nó ag an earnáil phríobháideach, sna nithe seo a leanas:

- ceannach agus suiteáil teicneolaíochta, lena n-áirítear crua-earraí agus bogearraí, córais braite soithí (VDS) agus gréasáin TF lena gceadaítear modhanna samplála a bhailiú, a riaradh, a bhailíochtú, a anailísiú, agus a fhorbairt agus sonraí a bhaineann le hiascach a mhalartú;

- ceannach agus suiteáil na gcomhpháirteanna is gá chun tarchur sonraí ó ghníomhaithe atá páirteach san iascaireacht a áirithiú, mar aon le táirgí iascaigh a mhargú leis na húdaráis Bhallstáit agus Chomhphobail ábhartha, lena n-áirítear na comhpháirteanna is gá le haghaidh córas taifeadta agus tuairiscithe leictreonach (ERS), córas monatóireachta soithí (VMS), agus córas aitheantais uathoibreach (AIS);

- cláir a chur chun feidhme lena ndírítear ar shonraí a mhalartú agus a anailísiú idir Bhallstáit;

- ceannach agus nuachóiriú modhanna rialaithe;

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(ii):

"(ii) cláir oiliúna agus malartaithe, lena n-áirítear idir Bhallstáit, don phearsanra sin atá freagrach as monatóireacht, rialú agus faireachas ar ghníomhaíochtaí iascaigh;"

(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(iii):

"(iii) treoirthograí a bhaineann le rialú iascaigh a chur chun feidhme, lena n-áirítear forbairt suíomhanna gréasáin i ndáil le rialú;"

(d) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a)(v):

"(v) tionscnaimh, lena n-áirítear seimineáir agus uirlisí meán, dírithe ar fheasacht a mhúscailt i measc iascairí agus gníomhaithe eile, ar nós cigirí, ionchúisitheoirí agus breitheamh, agus i measc an phobail i gcoitinne maidir leis an ngá iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac agus maidir le cur chun feidhme rialacha an Chomhbheartais Iascaigh;"

(e) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

"(b) caiteachas a bhaineann le socruithe riaracháin leis an Airmheán Comhpháirteach Taighde, nó aon chomhlacht comhairleach Comhphobail eile, chun teicneolaíochtaí rialaithe nua a mheasúnú agus a fhorbairt;"

(f) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d):

"(d) ranníocaíocht le buiséad na Gníomhaireachta Comhphobail um Rialú ar Iascach (CFCA) chun caiteachas foirne, riaracháin agus oibriúcháin i ndáil le plean oibre bliantúil CFCA a chlúdach."

(6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

"Airteagal 9

Bearta maidir le sonraí bunúsacha a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid

Maidir le sonraí a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid, beidh an caiteachas cáilithe le haghaidh tacaíochta airgeadais Comhphobail faoi chuimsiú na gclár náisiúnta ilbhliantúil:

(a) caiteachas arna thabhú i leith bailiú sonraí bitheolaíocha, teicniúla, comhshaoil agus socheacnamaíocha i ndáil le hiascach tráchtála agus le hiascach áineasa, lena n-áirítear sampláil, monatóireacht ar muir agus suirbhéanna taighde ar muir, agus bailiú sonraí socheacnamaíocha i dtionscal an dobharshaothraithe agus i dtionscal na próiseála, mar atá leagtha síos sa chlár Comhphobail ilbhliantúil;

(b) caiteachas arna thabhú i leith beart a bhaineann le forbairt, bainistíocht, feabhsú agus saothrú na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a);

(c) caiteachas arna thabhú i leith beart a bhaineann le húsáid na sonraí dá dtagraítear i bpointe (a), ar nós meastacháin ar pharaiméadair bhitheolaíocha, tacair sonraí a sholáthar le haghaidh anailíse eolaíochta agus comhairle eolaíochta;

(d) caiteachas arna thabhú i leith rannpháirtíochta i gCruinnithe Comhordúcháin Réigiúnacha, i gcruinnithe eolaíochta ábhartha na n-eagraíochtaí bainistíochta iascaigh réigiúnaigh a bhfuil an Comhphobal ina chomhpháirtí conarthach díobh nó ina bhreathnadóir orthu, agus i gcruinnithe de chomhlachtaí idirnáisiúnta atá freagrach as comhairle eolaíochta a sholáthar."

(7) Leasaítear Airteagal 10 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

"Bearta maidir le sonraí breise a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid"

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara habairt den chuid tosaigh de mhír 1:

"Ar na gníomhaíochtaí a d'fhéadfadh a bheith cáilithe le haghaidh tacaíochta airgeadais Comhphobail tá:"

(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) de mhír 1:

"(a) staidéir agus tionscadail mhodheolaíochta a dhíríonn ar mhodhanna bailiúcháin na sonraí is gá do chomhairle eolaíochta a bharrfheabhsú agus a chaighdeánú;"

(8) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) d'Airteagal 11:

"(a) caiteachas ar chonarthaí comhpháirtíochta le hinstitiúidí taighde náisiúnta nó le comhlachtaí idirnáisiúnta atá freagrach as measúnú ar stoc ar mhaithe le comhairle eolaíochta agus sonraí a sholáthar;"

(9) Leasaítear Airteagal 12 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

"(a) costais iompair agus lóistín do bhaill na n-eagraíochtaí ionadaíocha in AFCA, costais a bhaineann le cruinnithe ullmhúcháin roimh chruinnithe ACFA, agus costais aistriúcháin, costais ateangaireachta agus costais a bhaineann le fruiliú seomraí arna dtabhú i leith na gcruinnithe ullmhúcháin sin;"

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

"(b) an costas a bhaineann le rannpháirtíocht na n-ionadaithe arna n-ainmniú ag ACFA chun ionadaíocht a dhéanamh thar a cheann ag cruinnithe na gComhairlí Comhairleacha Réigiúnacha (RACanna), na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES) agus an Choiste Eolaíoch, Theicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF);"

(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

"(c) costais oibriúcháin na RACanna mar a fhoráiltear dóibh i gCinneadh 2004/585/CE ón gComhairle;"

(10) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e) d'Airteagal 13(1):

"(e) ranníocaíochtaí deonacha le hobair nó le cláir arna gcur i gcrích ag eagraíochtaí idirnáisiúnta a bhfuil spéis ag an gComhphobal iontu;"

(11) Leasaítear Airteagal 16 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

"Rátaí cómhaoinithe maidir le sonraí bunúsacha a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid"

(b) cuirtear na focail "Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 199/2008" in ionad na bhfocal "Airteagal 23(1)".

(12) cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Airteagal 17:

"Rátaí cómhaoinithe maidir le sonraí breise a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid"

(13) Leasaítear Airteagal 18 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. De réir comhaontaithe ar mhaoiniú leis an gCoimisiún, cionroinnfear cearta tarraingthe ar gach eagraíocht ionadaíoch atá ina ball de choiste iomlánach an ACFA, i gcomhréir leis na teidlíochtaí laistigh de choiste iomlánach an ACFA agus de réir na n-acmhainní airgeadais atá ar fáil."

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Is ar bhonn na gceart tarraingthe sin agus ar bhonn an mheánchostais ar thuras arna dhéanamh ag ball d'eagraíocht ionadaíoch a chinnteofar líon na dturas a mbeidh freagracht airgeadais ar gach eagraíocht astu chun cruinnithe a ullmhú. Laistigh de theorainn iomlán an chirt tarraingthe, coinneoidh gach eagraíocht ionadaíoch 20 % den chaiteachas incháilithe iarbhír mar chnapshuim chun a costais eagrúcháin agus riaracháin, nach mbaineann ach le heagrú na gcruinnithe ullmhúcháin amháin, a chlúdach."

(14) Leasaítear Airteagal 20 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fomhíre de mhír 1:

"Cuirfear iarratais ó na Ballstáit ar bhearta airgeadais Comhphobail faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Deireadh Fómhair sa bhliain roimh na bliana cur chun feidhme lena mbaineann."

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

"2. I gcás gach tionscadail faoi seach, sonrófar sa chlár rialaithe iascaigh an beart áirithe dá dtagraítear in Airteagal 8(a) a mbaineann sé leis, an aidhm agus tuairisc mhionsonraithe ina mbeidh na sonraí seo a leanas: an t-uinéir, an suíomh, an costas measta, an tráthchlár do chur i gcrích an tionscadail agus an nós imeachta soláthair phoiblí atá le leanúint. Nuair atá tionscadal á sheoladh go comhpháirteach ag níos mó ná Ballstát amháin, áireofar freisin sa chlár rialaithe iascaigh liosta na mBallstát sin atá ag seoladh an tionscadail, na costais iomlána mheasta don tionscadal, mar aon leis na costais mheasta in aghaidh an Bhallstáit."

(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b) de mhír 3:

"(b) an méid uaireanta nó laethanta thar thréimhse bliana ar dóigh é go n-úsáidfear iad chun críocha rialaithe iascaigh agus an córas a bhunófar sa Bhallstát chun gur féidir leis an gCoimisiún nó leis an gCúirt Iniúchóirí Eorpach a n-úsáid éifeachtach a sheiceáil chun críocha rialaithe;"

(d) cuirtear isteach an mhír 4 seo a leanas:

"4. Cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis a iarrtar i míreanna 1, 2 agus 3 ar fáil tríd an bhfoirm leictreonach a chuir an Coimisiún chucu a chur isteach go leictreonach agus mar chruachóip freisin."

(15) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad cheannteideal Roinn 2:

"Nósanna Imeachta maidir le sonraí a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid"

(16) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 22:

"Airteagal 22

Foráil tosaigh

Déanfar ranníocaíocht an Chomhphobail leis an gcaiteachas arna thabhú ag na Ballstáit chun na sonraí bunúsacha iascaigh dá dtagraítear in Airteagal 9 a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid a sholáthar i gcomhréir leis na nósanna imeachta atá leagtha amach sa Roinn seo."

(17) Scriostar Airteagal 23

(18) Leasaítear Airteagal 24 mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil:

"Cinneadh maidir le maoiniú ón gCoimisiun"

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

"1. Ar bhonn na gclár ilbhliantúil a chuireann na Ballstáit isteach i gcomhréir le hAirteagal 4(4) de Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 agus a fhormheasann an Coimisiún i gcomhréir le hAirteagal 6(3) den Rialachán sin, déanfar cinntí maidir le ranníocaíocht an Chomhphobail leis na cláir náisiúnta gach bliain faoi seach, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 30(2)."

(c) scriostar mír 2.

(19) Cuirtear isteach an tAirteagal 32a seo a leanas:

"Airteagal 32a

Bearta Idirthréimhseacha

D'ainneoin Airteagal 32 den Rialachán seo, leanfaidh an dara fleasc d'Airteagal 3 agus Airteagail 4 agus 6 de Chinneadh 2000/439/CE, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin, d'fheidhm a bheith acu maidir le cláir náisiúnta 2007 agus 2008 i ndáil le sonraí a bhailiú agus a bhainistiú."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

[Beidh feidhm ag Airteagal 1(19) ón 1 Eanáir 2007.]

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

[pic][pic][pic]

[1] IO L 160, 14.6.2006, lch. 1.

[2] Tá an creat nua chun sonraí a bhailiú comhdhéanta de roinnt gníomhartha reachtacha a glacadh in 2008:

- Rialachán (CE) Uimh. 1078/2008 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe i dtaca le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle maidir le caiteachas arna thabhú ag Ballstáit chun sonraí bunúsacha iascaigh a bhailiú agus a bhainistiú. IO L 295, 4.11.2008, lch. 24.

Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle an 25 Feabhra 2008 maidir le bunú creata Comhphobail chun sonraí san earnáil iascaigh a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid agus le haghaidh tacaíochta do chomhairle eolaíochta maidir leis an gComhbheartas Iascaigh. IO L 60, 5.3.2008, lch. 1.

- Rialachán (CE) Uimh. 665/2008 an 14 Iúil 2008 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha mionsonraithe i dtaca le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle maidir le bunú creata Comhphobail chun sonraí san earnáil iascaigh a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid agus le haghaidh tacaíochta do chomhairle eolaíochta maidir leis an gComhbheartas Iascaigh. IO L 186, 15.7.2008, lch. 3.

- Cinneadh 2008/949/CE ón gCoimisiún an 6 Samhain 2008 lena nglactar clár ilbhliantúil Comhphobail de bhun Rialachán (CE) Uimh. 199/2008 ón gComhairle lena mbunaítear creat Comhphobail chun sonraí san earnáil iascaigh a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid agus le haghaidh tacaíochta do chomhairle eolaíochta maidir leis an gComhbheartas Iascaigh. IO L 346, 23.12.2008, lch. 37.

[3] Bhí an creat chun sonraí a bhailiú roimhe seo comhdhéanta de:

- Rialachán (CE) Uimh 1543/2000 ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena mbunaítear creat Comhphobail le haghaidh bhailiú agus bhainistiú na sonraí is gá chun an Comhbheartas Iascaigh a chur i gcrích. IO L 176, 15.7.2000, lch. 1.

-Rialachán (CE) Uimh. 1639/2001 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2001 lena mbunaítear na híoschláir agus na cláir fhadaithe Comhphobail le haghaidh bailiú sonraí in earnáil an iascaigh agus lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le Rialachán (CE) Uimh. 1543/2000 a chur i bhfeidhm. IO L 222, 17.8.2001, lch. 53.

[4] IO L 155, 15.6.2007, lch. 68.

[5] IO L 346, 23.12.2008, lch. 37.

[6] IO L 60, 5.3.2008, lch. 1.

[7] IO L 186, 15.7.2008, lch. 3.

[8] IO L 176, 15.7.2000, lch. 42.

[9] IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

[10] IO L 160, 14.6.2006, lch. 1.

[11] IO L 155, 15.6.2007, lch. 68.

[12] IO L 60, 5.3.2008, lch. 1.

[13] IO L 346, 23.12.2008, lch. 37.

[14] IO L 186, 15.7.2008, lch. 3.

[15] IO L 176, 15.7.2000, lch. 42.

[16] IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

[17] IO L 286, 29.10.2008, lch. 1.