52010PC0102




[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 17.3.2010

COIM(2010)102 leagan deireanach

2010/0059 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN (AE) Uimh …/…Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

an […] lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe do chomhair um fhorbairt

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

De réir gnáis, tá réim fhabhrach trádála i gcomheagraíocht mhargaí bananaí an AE ag tíortha san Afraic, i Muir Charaib agus san Aigéan Ciúin (ACC) ar onnmhaireoirí bananaí iad. I gcás roinnt mhaith stát ACC, is gníomhaíocht eacnamaíoch thábhachtach í bananaí a tháirgeadh lena n-onnmhairíu chuig an AE agus is gníomhaíocht í a bhfuil éifeachtaí iolraitheora aici ar an gcuid eile den gheilleagar.

Ó bhí 1995 ann tá agóidí á ndéanamh i gcoinne chomheagraíocht mhargaí bananaí an AE trí mheicníocht na hEagraíocht Dhomhanda Trádála chun diospóidí a réiteach, ach rialaigh comhlacht na meicníochta sin ina n-aghaidh arís is arís eile. I ngeall air sin, chaibidligh an AE comhaontú trádála maidir le bananaí faoi chuimsiú na hEagraíochta Domhanda Trádála. Fágann sé sin gur fusa modhúlachtaí talmhaíochta Chlár Oibre Forbartha Doha agus Babhta iomlán Doha a chur i gcrích. Má chuirtear an comhaontú sin chun feidhme, tiocfaidh laghdú ar chorrlaigh fhabhair na dtíortha ACC.

D'fhonn forbairt inbhuanaithe agus laghdú bochtaineachta a chothú, agus d'fhonn comtháthú céimseach na dtíortha ACC ar allmhaireoirí bananaí iad sa gheilleagar domhanada a chur chun cinn, thug an AE cúnamh d'earnáil bananaí roinnt mhaith tíortha tríd an gCóras Speisialta Cúnaimh (1994-1999[1]) agus tríd an gCreat Speisialta Cúnaimh (1999-2008[2]). Bhí an Creat Speisialta Cúnaimh i bhfeidhm i ndosaen tíortha ACC[3] ar allmhaireoirí bananaí iad; d'éag sé i Nollaig 2008. Sa mheastóireacht sheachtrach a rinneadh ar an gCreat Speisialta Cúnaimh cuireadh béim ar na torthaí dearfacha a bhí air sin, rud a luadh sa dréacht-Theachtaireacht maidir leis an Tuarascáil Dhébhliantúil ar an gCreat Speisialta Cúnaimh do sholáthróirí traidisiúnta bananaí an ACC. D'éirigh le tíortha áirithe feabhas a chur a iomaíche atá siad; is léiriú air sin na méideanna seasmhacha bananaí a onnmhairíonn tíortha ACC agus an sciar de mhargadh an AE atá acu. Mar sin féin, tríd is tríd is airde fós costais táirgthe sna tíortha ACC ná sna tíortha ar Náisiúin Bharrfhabhair iad. Is deacair torthaí na mbeart a rinneadh ar mhaithe le héagsúlú a shonrú, agus is gá, dá bhrí sin, tuilleadh dua a chaitheamh.

Má laghdaítear fabhair taraife na dtíortha ACC ar soláthróirí bananaí iad, cruthófar riachtanais bhreise oiriúnaithe. Cuirfidh sé sin leis na próisis oiriúnaithe agus athstruchtúraithe atá ar siúl cheana. I bhfianaise na ndúshlán sin, tá sé i gceist ag an gCoimisiún Eorpach clár um Bearta Tionlacain do Bhananaí a chruthú do na tíortha ACC ar príomhsholáthróirí bananaí iad.

Is é is aidhm do na bearta a ghlacfar faoin gclár sin cuidiú le limistéir a bhraitheann ar allmhairí bananaí iad féin a oiriúnú, trí thacaíocht buiséid nó trí idirghabháil shonrach. Trí bhíthin na mbeart sin tacófar leis an oiriúnú a mbeidh gá leis i ngeall ar athruithe móra a thitfidh amach (e.g. athruithe sóisialta agus comhshaoil), agus tacófar le beartais éagsúlaithe, nó le hinfheistíochtaí ar mhaithe le hiomaíochas, nuair is féidir sin. Cuirfear san áireamh iontu na torthaí agus an taithí a gnóthaíodh tríd an gCóras Speisialta Cúnaimh agus tríd an Creat Speisialta Cúnaimh.

Is mar chlár sealadach a mhairfidh ceithre bliana (2010-2013) ar a mhéad a mholtar na Bearta Tionlacain do Bhananaí. Buiséad EUR 190 milliún a bheadh acu agus bheadh siad á rialú ag Rialachán Leasaitheach a ghabhfadh leis an Ionstraim do Chomhar um Fhorbairt.

2010/0059 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN (CE) Uimh …/…Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe do chomhair um fhorbairt

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 209(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[4],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[5],

Tar éis dóibh an togra a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

1. Tá an tAontas Eorpach, páirtí conarthach den Eagraíocht Dhomhanda Trádála, tiomanta do thrádáil a chomhtháthú isteach i straitéisí forbartha agus do thrádáil idirnáisiúnta a chur chun cinn d'fhonn forbairt agus laghdú bochtaineachta a chur chun cinn ar fud na cruinne.

2. Tacaíonn an tAontas Eorpach le Grúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (ACC) agus iad ag féachaint le laghdú bochtaineachta agus forbairt eacnamaíoch agus shóisialta inbhuanaithe a bhaint amach, agus aithníonn sé an tábhacht a bhaineann le hearnálacha tráchtearraí na dtíortha sin.

3. Tá an AE tiomanta tacú le comhtháthú réidh céimseach na dtíortha i mbéal forbartha isteach sa gheilleagar domhanda chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn. D'fhéadfadh dúshláin áirithe a bheith in ndán do na tíortha ACC ar príomhsholáthróirí bananaí iad i ngeall ar athruithe ar shocruithe trádála, go háirithe i ngeall ar an léirscaoileadh i leith na Náisiún Barrfhabhair arna dhéanamh faoi chuimsiú na hEagraíochta Trádála Domhanda. Ba cheart, dá bhrí sin, clár um Bearta Tionlacain do Bhananaí don ACC a chur le Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 atá ann cheana ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe do chomhair um fhorbairt[6].

4. Ba cheart gurbh é ab aidhm do na bearta cúnaimh airgid a ghlacfar faoin gclár sin limistéir a bhraitheann ar allmhairí bananaí a oiriúnú agus/nó a athstruchtúrú trí thacaíocht buiséid a bheadh dírithe ar earnáil ar leith nó trí idirghabháil a bheadh dírithe ar thionscadal ar leith. Ba cheart gurbh é ab aidhm do na bearta sin soláthar a dhéanamh do bheartais solúbthachta shóisialta, d'éagsúlú eacnamaíoch nó d'infheistíocht ar mhaithe le feabhsú iomaíochais, nuair is féidir sin, ag cur san áireamh na torthaí agus an taithí a gnóthaíodh tríd an gCóras Speisialta Cúnaimh do sholáthróirí traidisiúnta bananaí an ACC[7], agus tríd an Creat Speisialta Cúnaimh do sholáthróirí traidisiúnta bananaí an ACC[8].

5. Ba cheart an clár a bheith ina chomhlánú ar an bpróiseas oiriúnaithe i dtíortha ACC a d'allmhairigh lear mór bananaí isteach san AE le blianta beaga anuas agus a gcuirfidh léirscaoileadh a dhéanfar faoi chuimsiú na hEagraíochta Trádála Domhanda isteach orthu[9]. Cuireann an clár leis an gCreat Speisialta Cúnaimh do sholáthróirí traidisiúnta bananaí an ACC. Tá an clár de réir oibleagáidí idirnáisiúnta an AE faoi chuimsiú na hEagraíochta Trádála Domhanda agus is de nádúr follasach athstructúraithe, agus dá bhrí sin, de nádúr sealadach é; ceithre bliana ar a mhéad (2010-2013) a mhairfidh sé,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 mar a leanas:

6. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

" Airteagal 4

Cúnamh ón Aontas a chur chun feidhme

I gcomhréir le críoch ghinearálta agus raon feidhme ginearálta agus le cuspóirí agus le prionsabail ghinearálta an Rialacháin seo, déanfar cúnamh ón Aontas a chur chun feidhme trí chláir gheografacha agus théamacha atá leagtha amach in Airteagail 5 go 16 agus trí chláir atá leagtha amach in Airteagail 17 agus 17a."

7. Cuirtear isteach Airteagal 17a a leanas:

"Airteagal 17a

Na tíortha ACC ar príomhsholáthróirí bananaí iad

1. Na tíortha ACC ar soláthróirí bananaí iad agus atá liostaithe in Iarscríbhinn IIIa, bainfidh siad tairbhe as bearta tionlacain do bhananaí. Beidh sé d'aidhm ag an gcúnamh ón Aontas cuidiú leis na tíortha sin agus iad á gcur féin in oiriúint tar éis léirscaoileadh mhargadh an AE i mbananaí faoi chuimsiú na hEagraíochta Trádála Domhanda. Déanfar beartais agus straitéisí oiriúnaithe na dtíortha sin a chur san áireamh sa chúnamh ón Aontas agus tabharfar aird ar leith ann ar na réimsí comhair a leanas:

8. feabhas a chur ar a iomaíche atá an earnáil allmhairiúcháin bananaí, nuair is inbhuanaithe sin, ag cur san áireamh an staid ina bhfuil geallshealbhóirí éagsúla sa slabhra;

9. éagsúlú eacnamaíoch na limistéar a bhraitheann ar bhananaí a chur chun cinn;

10. aghaidh a thabhairt ar na himpleachtaí is suntasaí a eascraíonn ón bpróiseas oiriúnaithe; d'fhéadfadh baint a bheith acu sin le fostaíocht agus seirbhísí sóisialta, le húsáid talún agus athchóiriú na timpeallachta, agus le cobhsaíocht mhaicreanamaíoch, ach níor ghá gurbh iad sin amháin a bheadh i gceist.

2. Laistigh den mhéid dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV, socróidh an Coimisiún, ar bhonn táscairí oibiachtúla, an t-uasmhéid a bheidh le fáil ag gach tír ACC ar soláthróir bananaí í chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 a mhaoiniú. Beidh ar áireamh sna táscairí an trádáil i mbananaí leis an AE, an tábhacht a bhaineann le hallmhairí bananaí i ngeilleagar na tíre ACC i dtrácht, agus a fhorbartha atá an tír. Is ar bhonn mionsonraí maidir le blianta a bhí ann roimh 2009 a thomhaisfear na critéir leithdháiliúcháin.

3. Glacfaidh an Coimisiún straitéisí tacaíochta ilbhliantúla de réir analaí le hAirteagal 19 agus i gcomhréir le hAirteagal 21. Áiritheoidh sé go gcomhlánfaidh na straitéisí sin páipéir straitéise gheografacha na dtíortha i dtrácht agus nádúr sealadach na mbeart tionlacain do bhananaí araon. Féadfar na straitéisí tacaíochta a athbhreithniú ar bhonn ad hoc , más gá, agus ní dhéanfar athbhreithniú lár téarma orthu."

11. Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 21:

"Airteagal 21

Páipéir straitéise agus cláir ilbhliantúla tháscacha a ghlacadh

Na páipéir straitéise agus na cláir ilbhliantúla tháscacha dá dtagraítear in Airteagal 19 agus 20, agus aon athbhreithniú orthu dá dtagraítear in Airteagal 19(2) agus in Airteagal 20(1), mar aon leis na bearta tionlacain dá dtagraítear in Airteagail 17 agus 17a faoi seach, glacfaidh an Coimisiún iad i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 35(2)."

12. In Airteagal 29, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

1. Is ar bhonn cinntí arna ndéanamh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagail 17a (3), 22(1), 23(1) agus 26(1) a dhéanfar gealltanais bhuiséideacha."

13. In Article 31(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú fomhír:

"Beidh rannpháirtíocht i mbronnadh conarthaí soláthair nó deontais arna maoiniú faoi chlár téamach, faoi mar a shainítear in Airteagail 11 go 16, agus sna cláir atá leagtha amach in Airteagal 17 agus 17a, ar oscailt do gach duine nádúrtha ar náisiúnach de chuid tír i mbéal forbartha é, nó ar duine dlíthiúil é atá bunaithe i dtír i mbéal forbartha, faoi mar atá sainithe ag OECD/DAC agus in Iarscríbhinn II, agus do dhaoine nádúrtha nó dlíthiúila atá incháilithe de bhua an chláir théamaigh nó na gclár atá leagtha amach in Airteagail 17 agus 17a. Déanfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn II a fhoilsiú agus an t-eolas is deireanaí a chur leis i gcomhréir leis na hathbhreithnuithe rialta a dhéantar ar liosta faighteoirí cúnaimh OECD/DAC, agus cuirfidh sé an Chomhairle ar an eolas ina thaobh."

14. In Airteagal 38, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír (1) agus (2):

1. EUR 17 087 milliún atá sa mhéid tagartha airgeadais iomlán chun an Rialachán seo a chur chun feidhme le linn na tréimhse 2007-2013.

2. Is in Iarscríbhinn IV atá na méideanna táscacha atá leithdháilte ar gach clár dá dtagraítear in Airteagail 5 go 10, in Airteagail 11 go 16 agus in Airteagail 17 go 17a. Don tréimhse 2007-2013 atá na méideanna sin bunaithe."

15. Déantar Iarscríbhinnn IIIa, faoi mar atá sé ag gabháil le hIarscríbhinn I den Rialachán seo, a chur isteach.

16. Déantar a bhfuil in Iarscríbhinn II den Rialachán seo a chur in ionad Iarscríbhinn IV.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an […]ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

"IARSCRÍBHINN IIIa

NA TÍORTHA ACC AR PRÍOMHSHOLÁTHRÓIRÍ BANANAÍ IAD

1. An Bheilís

2. Camarún

3. Côte d’Ivoire

4. Doiminice

5. An Phoblacht Dhoiminiceach

6. Gána

7. Iamáice

8. St. Lucia

9. San Uinseann agus na Greanáidíní

10. Suranam"

IARSCRÍBHINN II

"ANNEX IV

LEITHDHÁILTÍ TÁSCACHA AIRGEADAIS DON TRÉIMHSE 2007-2013 (SNA MILLIÚIN EUR)

IOMLÁN | 17 087 |

CLÁIR GHEOGRAFACHA: | 10 057 |

MEIRICEÁ LAIDINEACH | 2 690 |

AN ÁISE | 5 187 |

AN ÁISE LÁIR | 719 |

AN MEÁNOIRTHEAR | 481 |

AN AFRAIC THEAS | 980 |

CLÁIR THÉAMACHA: | 5 596 |

INFHEISTÍOCHT I NDAOINE | 1 060 |

AN COMHSHAOL AGUS BAINISTIÚ INBHUANAITHE ACMHAINNÍ NÁDÚRTHA | 804 |

GNÍOMHAITHE NEAMHSTÁIT AGUS ÚDARÁIS ÁITIÚLA SAN FHORBAIRT | 1 639 |

SLÁNDÁIL BIA | 1 709 |

IMIRCE AGUS TEARMANN | 384 |

TÍORTHA ACC AR SÍNITHEOIRÍ LEIS AN BPRÓTACAL SIÚCRA IAD | 1 244 |

NA TÍORTHA ACC AR PRÍOMHSHOLÁTHRÓIRÍ BANANAÍ IAD | 190" |

.

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1. AINM AN TOGRA:

Bearta tionlacain do thíortha san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) ar príomhsholáthróirí bananaí iad.

2. CREAT "ABM/ABB" (bainistiú/bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí)

Réimse/réimsí beartais lena mbaineann agus aon Ghníomhaíocht ghaolmhar/Gníomhaíochtaí gaolmhara.

21 (Forbairt)

3. NA LÍNTE BUISÉID

3.1. Na línte buiséid (línte oibríochtúla agus línte a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (na seanlínte B.A.)) agus a gceannteidil san áireamh:

Línte a bheartaítear:

21.06.07 (Bearta Tionlacain do Bhananaí)21.01.04.01 (Ionstraim do Chomhar um Fhorbairt – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin)

Úsáidfear corrlach Cheannteideal 4 agus ath-imscaradh laistigh de Cheannteideal 4 chun na bearta a mholtar a mhaoiniú.

3.2. Fad thréimhse an ghnímh agus na hiarmharta airgeadais:

Beidh an tréimhse ionann le blianta buiséadacha 2010-2013; foráiltear €190 milliún.

I litir a seoladh an 15 Nollaig 2009 go dtí an tAire Luc Magloire Mbarga as Camarún, comhordaitheoir bananaí an ACC, rinne Coimisinéir Benita Ferrero-Waldner agus Coimisinéir Karel De Gucht tagairt do chlár de luach €200 milliún ar a mhéid chun cúnamh a thabhairt do phríomhsholáthróirí bananaí ACC leis an oiriúnú agus athstruchtúrú atá le déanamh acu de thoradh athruithe ar rátaí taraife. Chuir siad in iúl go mbeadh an Coimisiún – fairis na húdaráis bhuiséadacha – sásta scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht €10 milliún a chur leis an €190 milliún atá beartaithe cheana sa chás go mbeadh na creidmheasanna comhfhreagartha ar fáil i rith na nósanna imeachta buiséadacha bliantúla.

3.3. Tréithe buiséadacha:

Líne Buiséid | Saghas caiteachais | Nua | Ranníocaíocht CSTE | Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí | Ceannteideal sa PheirspictíochtAirgeadais |

21.06.07 | Éigeantach Neamhéigeantach | LD[10]/ | TÁ | NÍL | NÍL | Uimh. 4 |

21.01.04.01 | Éigeantach Neamhéigeantach | LN[11] | NÍL | NÍL | NÍL | Uimh. 4 |

4. ACHOIMRE AR NA h ACMHAINNÍ

4.1. Acmhainní Airgeadais

4.1.1. Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ)

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Saghas caiteachais | Uimh. coda | Bliain 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | n + 4* | n+5 agus níos déanaí* | Iomlán |

Caiteachas oibríochtúil[12] |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) | 8.1. | a | 75 | 43 | 41 | 31 | 190 |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) | b | 30 | 30 | 40 | * | * | 100* |

Caiteachas riaracháin laistigh den mhéid tagartha[13] |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin – (LN) | 8.2.4. | c | 0.217 | 0.750 | 0.950 | 0.700 | * | * | 2.617* |

AN MÉID TAGARTHA IOMLÁN |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí | a+c | 75.217 | 43.75 | 41.95 | 31.70 | * | * | 192.617* |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí | b+c | 0.217 | 30.75 | 30.95 | 40.70 | * | * | 102.617* |

Caiteachas riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha[14] |

Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (LN) | 8.2.5. | d | 0.043 | 0.128 | 0.128 | 0.128 | * | * | 0.427* |

Costais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus costais ghaolmhara, nach n-áirítear sa mhéid tagartha (LN) | 8.2.6. | e | 0.02 | 0.02 | 0.02 | 0.06* |

Costas táscach airgeadais iomlán na hidirghabhála |

LO IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | a+c+d+e | 75.26 | 43.898 | 42.098 | 31.848 | * | * | 193.04* |

LÍ IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | b+c+d+e | 0.26 | 30.898 | 31.098 | 40.848 | * | * | 103.104* |

* D'fhonn an clár gníomhaíochta mar aon le híocaíochtaí gaolmhara a chur i gcrích i ndiaidh 2013, is laistigh de chreat na gcéad pheirspictíochtaí airgeadais eile, a gcuirfear tús leo in 2014, a dhéanfar na tograí maidir le leithdháileadh leithreasaí a bhaineann le caiteachas tacaíochta riaracháin.

Sonraí an Chómhaoinithe

Má tá cómhaoiniú ó na Ballstáit nó ó chomhlachtaí eile (sonraigh cé hiad) i gceist sa togra, ba cheart meastachán a thabhairt ar an leibhéal cómhaoinithe sa tábla thíos (is féidir línte breise a chur leis má táthar ag súil go mbeidh comhlachtaí éagsúla páirteach sa chómhaoiniú):

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Comhlacht cómhaoinithe | Bliain n | n + 1 | n + 2 | n + 3 | n + 4 | n + 5 agus níos déanaí | Iomlán |

…………………… | f |

LO IOMLÁN lena n-áirítear cómhaoiniú | a+c+d+e+f |

4.1.2. Comhoiriúnacht leis an gClárú Airgeadais

( Tá an togra comhoiriúnach leis an gclárú airgeadais atá ann cheana.

( Beidh athchlárú an teidil ábhartha ag gabháil leis an togra seo sa pheirspictíocht airgeadais.

( Féadfaidh an togra a cheangal go mbeidh gá forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh[15] a chur i bhfeidhm (i.e. ionstraim sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais).

4.1.3. Iarmhairt Airgeadais ar Ioncam

( Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam

( Tá iarmhairt airgeadais ag an togra seo –is í seo a leanas an éifeacht ar ioncam:

NB: Ba cheart na sonraí agus na barúlacha a bhaineann leis an modh ina ríomhtar an éifeacht ar ioncam a thaispeáint in iarscríbhinn ar leith.

EUR milliún (go dtí an 1ú deachúil)

Roimh an ngníomh [Year n-1] | Staid tar éis an ghnímh |

Líon iomlán na n-acmhainní daonna | 2.3 | 7 | 7 | 7 |

* D'fhonn an clár gníomhaíochta mar aon leis na híocaíochtaí gaolmhara a chomhlíonadh i ndiaidh 2013.

4.3. Na Bearta a Mhaoiniú

Déanfar an clár a mhaoiniú trí leithreasaí faoi chaiteachas Cheannteideal 2 ("An AE mar Ghníomhaí Domhanda"). Tá sé beartaithe cuid den chorrlach atá ar fáil faoin gceannteideal seo a úsáid chun €75.9 milliún a sholáthar. Tá measúnú déanta ag seirbhísí an Choimisiúin ar na cistí a bheidh ar fáil thar an tréimhse 2010-2013 d'fhonn a fháil amach cad iad na féidearthachtaí ath-imscartha a d'fhéadfadh bheith ann de thoradh tearcúsáide, srianta ar ionsú agus/nó imthosca polaitiúla. De thoradh na hanailíse, tá sé beartaithe €95.8 milliún a ath-imscaradh faoi Cheannteideal 4. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an ionstraim sholúbthachta a úsáid chun an méid atá fágtha (€18.3 milliún) a sholáthar.

5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ

5.1. An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Gearrthéarma: Téann na bearta seo i ngleic le riachtanais na bpobal i limistéir a bhraitheann ar bhananaí sa ghrúpa de stáit na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin a bhfuil níos mó ná 10,000 tona bananaí allmhairithe acu ar an meán go dtí an tAontas Eorpach thar na deich mbliana atá caite, agus a gcuirfidh an t-athrú ar rátaí taraife bananaí an AE orthu.

5.2. An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí airgeadais eile agus le sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Leis an togra, bunaítear bearta atá faoi cheangal ama chun aghaidh a thabhairt ar an laghdú ar rátaí taraife. Comhlánfaidh na bearta ionstraimí comhair sheachtraigh atá ar fáil don Aontas cheana, agus cuirfidh siad le taithí choiteann an AE agus na gcomhpháirtithe maidir le bearta tacaíochta a chistítear tríd an gCreat Speisialta Cúnaimh do thíortha ACC ar soláthróirí traidisiúnta bananaí iad. Cruthófar sineirgíochtaí trína áirithiú go bhfuil na bearta a chuirfear chun feidhme ar comhréir le straitéisí cúnaimh thíortha an AE.

5.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí bainteacha an togra i gcomhthéacs an chreata le haghaidh bhainistiú na ngníomhaíochtaí (ABM)

Is iad na cuspóirí a bheidh ann caighdeáin mhaireachtála na ndaoine a bhfuil cónaí orthu i limistéir a bhraitheann ar bhananaí i dtíortha san ACC a sholáthraíonn bananaí a chothabháil nó a fheabhsú, ós rud é go ndéanfaidh an t-athrú ar rátaí taraife an AE difear dóibh. Beidh sé mar aidhm leis na bearta dul i ngleic leis na hiarmhairtí níos leithne a bhaineann leis an oiriúnú (iarmhairtí sóisialta, eacnamaíocha agus comhshaoil), éagsúlú eacnamaíoch a chothú nó tacaíocht a thabhairt d'infheistíochtaí ar mhaithe le hiomaíochas a fheabhsú i dtionscal na mbananaí, nuair is féidir sin.

Is iad na torthaí a bhfuiltear ag súil leo:

- I dtíortha ina n-áirítear éagsúlú eacnamaíoch sna cuspóirí: an t-ioncam teaghlaigh a chobhsú nó a mhéadú agus/nó na rátaí bochtaineachta a laghdú i leith (iar-)oibrithe bananaí agus a dteaghlach (rud a léireodh nach n-imreodh laghdú ar onnmhairithe chuig an AE tionchar diúltach ar gheilleagar na tíre ná ar an gcuid sin den phobal is mó a mbainfeadh an laghdú sin leo)

- I dtíortha ina mbainfear na cuspóirí amach trí infheistíocht chun iomaíochas a threisiú: onnmhairithe bananaí chuig an AE agus/nó tíortha eile a chobhsú nó a mhéadú (de réir méid)

Seo a leanas na táscairí a úsáidfear don mhonatóireacht agus don mheastóireacht:

- Ioncam teaghlaigh i limistéir a bhraitheann ar bhananaí (foinse na sonraí: oifigí staidrimh náisiúnta)

- Olltáirgeacht intíre per capita (foinse na sonraí: oifigí staidrimh náisiúnta nó an Banc Domhanda; bliain bhunlíne: 2008)

- Rátaí bochtaineachta i limistéir ina saothraítear (ina saothraítí) bananaí (foinse na sonraí: oifigí staidrimh náisiúnta. Is gá tomhas na bochtaineachta a bheith caighdeánaithe agus inchomparáide thar am; i gcásanna nach soláthróidh oifigí staidrimh náisiúnta sonraí i leith réigiún a bhraitheann ar bhananaí, úsáidfear táscairí malartacha a bheidh inchomparáide; sa chás nach ann do tháscaire inchomparáide ar bith, úsáidfear Innéacs na Náisiún Aontaithe um Fhorbairt Dhaonna)

- Onnmhairithe bananaí chuig margadh an AE (de réir méid agus luacha, arna dtomhas mar allmhairithe de chuid an AE; foinse sonraí: Eurostat, Comext)

- Onnmhairithe bananaí chuig tíortha eile (seachas an AE; foinse sonraí: le socrú, úsáidfear oifigí staidrimh náisiúnta murar ann do shonraí comhchuibhithe inchomparáide)

5.4. Modhanna don Chur Chun Feidhme (táscach)

Sonraigh thíos an modh/na modhanna[17] atá roghnaithe chun an gníomh a chur chun feidhme.

( Bainistiú láraithe

( ag an gCoimisiún go díreach

( go hindíreach trína tharmligean chuig:

( Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

( comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais

( comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

( Bainistiú comhpháirteach nó díláraithe

( leis na Ballstáit

( le Tríú tíortha

( Comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta (sonraigh le do thoil)

Barúlacha ábhartha:

Beidh na modhanna cur chun feidhme sainiúil don tír agus cinnfear iad i bhfianaise na straitéise freagartha a bheidh roghnaithe.

6. MONATÓIREACHT AGUS MEASTÓIREACHT

6.1. Córas Monatóireachta

Déanfaidh an Coimisiún an mhonatóireacht, ag baint úsáide as faisnéis arna bailiú ag Toscaireachtaí an AE agus as faisnéis ó oifigí staidrimh náisiúnta agus ó na haireachtaí líne is ábhartha. Beidh sé sin ag brath ar an gcineál meicníochtaí atá ann chun tacaíocht a thabhairt i ngach tír (tacaíocht bhuiséid nó tacaíocht chláir).

6.2. Meastóireacht

6.2.1. Meastóireacht ex-ante

Tá anailís déanta ag seirbhísí an Choimisiúin ar an iarmhairt dhóchuil do thíortha ACC a sholáthraíonn bananaí do mhargadh an AE a thiocfaidh as na hathruithe ar sceidil na dtaraifí bananaí. Thairis sin, rinneadh meastóireacht sheachtrach ar an gclár tacaíochta a bhí ann roimhe seo, an Creat Speisialta Cúnaimh do thíortha ACC ar soláthróirí traidisiúnta bananaí iad. Cé nach dócha go mbeidh iarmhairtí móra ann do thíortha ar an leibhéal maicreacnamaíoch mar gheall ar an laghdú ar rátaí taraife bananaí, d'fhéadfadh impleachtaí móra ar an leibhéal áitiúil a bheith ag baint leis an athrú ar tharaif na Náisiún Barrfhabhair, ag brath ar an struchtúr costais ar leith atá ag earnáil na mbananaí agus an lámhaltas atá ann chun costais a ghearradh.. Beidh ar gach tír coigeartú a dhéanamh mar gheall ar tharaifí níos ísle do na Náisiúin Bharrfhabhair agus d'fhéadfadh impleachtaí móra sóisialta a bheith ag baint leis an gcoigeartú sin.

Tá cásanna na dtíortha ACC an-éagsúil óna chéile: d'fhéadfadh roinnt de na tíortha a sholáthraíonn bananaí ach nach bhfuil chomh iomaíoch deireadh a chur lena n-onnmhairithe chuig an AE mar gheall ar laghdú ar tharaifí, ach i dtíortha eile d'fhéadfadh earnáil na mbananaí coigeartú a dhéanamh trí iarrachtaí breise athstruchtúrtha.

D'fhéadfadh an caillteanas iomlán bliantúil ar ioncam ó onnmhairithe a bheith mór sna tíortha a sholáthraíonn bananaí ach nach bhfuil chomh iomaíoch, agus d'fhéadfadh iarmhairt mhór a bheith ann don staid shocheacnamaíoch agus d'usáid na talún sna tíortha sin mar gheall ar an gcoigeartú.

Táthar ag súil leis go gcuirfidh an cúnamh, ar fiú €190 milliún é, ar chumas thíortha ACC a d'onnmhairigh méid mór bananaí chuig an AE le déanaí, leanúint le cláir infheistíochta láithreacha agus coigeartuithe agus/nó cláir den sórt sin a sheoladh d'fhonn iarmhairtí laghdú sna taraifí a chosc agus a mhaolú.

6.2.2. Bearta arna nglacadh tar éis meastóireachta idirmheánaí/ex-post (ceachtanna a foghlaimíodh ón taithí a fuarthas roimhe seo)

Leis an gCreat Speisialta Cúnaimh (1999-2008) tugadh tacaíocht do dhá cheann déag de thíortha ACC a onnmhairíonn bananaí. Léirigh an mheastóireacht dheiridh ar an gclár sin gur éirigh, go ginearálta, leis na cláir chun iomaíochas a fheabhsú in earnáil na mbananaí, ach gur cheart cláir éagsúlaithe a chomhthathú ar bhonn níos fearr. Fuarthas eolas freisin ón athbhreithniú in 2009 ar na Bearta Tionlacain do thíortha ar sínitheoirí leis an Phrótacail Siúcra iad, clár atá inchomparáide ó thaobh eagair agus an chineáil bhirt de. Baineann an t-eolas a fuarthas ón gclár sin leis an ngá atá ann tacaíocht buiséid a áireamh mar mhodh féideartha cur chun feidhme agus leis an ngá atá le comhairliúchán cuí le geallsealbhóirí i rith na pleanála agus an chuir chun feidhme.

6.2.3. Téarmaí agus minicíocht meastóireachta sa todhchaí

Ba cheart monatóireacht leanúnach a dhéanamh ar an scéim cúnaimh agus measúnú a dhéanamh uirthi in 2012. Ba cheart meastóireacht a dhéanamh ar an iarmhairt in 2015/2016, i.e. tar éis tréimhse cur chun feidhme de cheithre bliana ar a laghad.

7. BEARTA FRITH-CHALAOISE

Beidh feidhm ag na gnáthbhearta frith-chalaoise a bhíonn infheidhme maidir le cúnamh do chomhar um fhorbairt.

8. SONRAÍ NA n ACMHAINNÍ

8.1. Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadais

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Bliain 2010 | Bliain 2011 | Bliain 2012 | Bliain 2013 | Bliain 2014* | Bliain n+5 agus níos déanaí* |

Oifigigh nó foireann shealadach[19] (XX 01 01) | A*/AD |

B*, C*/AST |

Foireann arna maoiniú[20] ag Airteagal XX 01 02 | 0.67 | 2 | 2 | 2 |

Foireann eile[21] arna maoiniú ag Airteagal XX 01 04/05 | 1.67 | 5 | 5 | 5 |

IOMLÁN | 2.3 | 7 | 7 | 7 |

* D'fhonn an clár gníomhaíochta mar aon le híocaíochtaí gaolmhara a chur i gcrích i ndiaidh 2013, is laistigh de chreat na gcéad pheirspictíochtaí airgeadais eile, a gcuirfear tús leo in 2014, a dhéanfar na tograí maidir le leithdháileadh leithreasaí a bhaineann le caiteachas tacaíochta riaracháin.

8.2.2. Cur síos ar na cúraimí a thagann as an ngníomh

Comhordú le geallsealbhóirí (sna tíortha); comhordú leis na Ballstáit, leis an gComhairle agus leis an bParlaimint; ullmhú cinntí, ullmhú conarthaí, ullmhú íocaíochtaí, eagrú staidéar, iniúchtaí agus meastóireacht, tuairisciú.

8.2.3. Foinsí na n-acmhainní daonna (reachtúla)

Nuair a shonraítear níos mó ná foinse amháin, sonraigh an líon post a thagann as gach foinse.

( Poist leithdháilte faoi láthair ar bhainistíocht an chláir agus a bheidh le hathrú nó le síneadh.

( Poist leithdháilte laistigh de chleachtadh APS/PDB do bhliain n

( Poist a iarrfar sa chéad nós imeachta APS/PDB eile

( Poist a ath-imscarfar ag baint úsáide as na hacmhainní atá ann cheana laistigh den tseirbhís (ath-imscaradh inmheánach)

( Poist is gá do bhliain n cé nach raibh siad á dtuar i gcleachtadh APS/PDB na bliana a bhí i gceist

Beidh na riachtanais le haghaidh acmhainní daonna agus riaracháin cumhdaithe sa leithdháileadh is féidir a dheonú ar an Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.

* D'fhonn an clár gníomhaíochta mar aon le híocaíochtaí gaolmhara a chur i gcrích i ndiaidh 2013, is laistigh de chreat na gcéad pheirspictíochtaí airgeadais eile, a gcuirfear tús leo in 2014, a dhéanfar na tograí maidir le leithdháileadh leithreasaí a bhaineann le caiteachas tacaíochta riaracháin.

8.2.4. Caiteachas eile riaracháin a áirítear sa mhéid tagartha (XX 01 04/05 – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin)

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Líne Buiséid (uimhir agus ceannteideal) | Bliain n | Bliain n+1 | Bliainn+2 | Bliainn+3 | Bliainn+4* | Bliainn+5 agus níos déqanaí* | IOMLÁN |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile |

- intra muros |

- extra muros |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin iomlán | 0.217 | 0.750 | 0.950 | 0.700 | 2.617* |

* D'fhonn an clár gníomhaíochta mar aon le híocaíochtaí gaolmhara a chur i gcrích i ndiaidh 2013, is laistigh de chreat na gcéad pheirspictíochtaí airgeadais eile, a gcuirfear tús leo in 2014, a dhéanfar na tograí maidir le leithdháileadh leithreasaí a bhaineann le caiteachas tacaíochta riaracháin.

8.2.5. Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara nach n-áirítear sa mhéid tagartha

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Saghas acmhainní daonna | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4* | Bliain n+5 agus níos déanaí* |

Oifigigh agus foireann shealadach (XX 01 01) |

Foireann arna maoiniú ag Airteagal XX 01 02 (foireann chúnta, SNI, foireann ar conradh, etc.) (sonraigh an líne buiséid) | 0.043 | 0.128 | 0.128 | 0.128 |

Costas iomlán na nAcmhainní Daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 0.043 | 0.128 | 0.128 | 0.128 |

* D'fhonn an clár gníomhaíochta mar aon le híocaíochtaí gaolmhara a chur i gcrích i ndiaidh 2013, is laistigh de chreat na gcéad pheirspictíochtaí airgeadais eile, a gcuirfear tús leo in 2014, a dhéanfar na tograí maidir le leithdháileadh leithreasaí a bhaineann le caiteachas tacaíochta riaracháin.

Romh – Oifigigh agus gníomhairí sealadacha |

Ríomh – Foireann arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 02 |

Faoi mar atá leagtha amach i bpointe 8.2.1: |

Gníomhaire conartha amháin de Ghrúpa 4 DG Dev €64,000 in aghaidh na bliana, lena gclúdaítear 4 mhí in 2010 agus na blianta 2011 go 2013.* Gníomhaire conartha amháin de Ghrúpa 4 DG AIDCO €64,000 in aghaidh na bliana, lena gclúdaítear 4 mhí in 2010 agus na blianta 2011 go 2013.* Cúigear gníomhairí conartha de Ghrúpa 4 le haghaidh toscaireachtaí ACC €130,000 in aghaidh na bliana (lena n-airítear caiteachas bainteach ar infreastruchtúr agus ar oibriúchán), lena gclúdaítear 4 mhí in 2010 agus na blianta 2011 go 2013.* |

* D'fhonn an clár gníomhaíochta mar aon le híocaíochtaí gaolmhara a chur i gcrích i ndiaidh 2013, is laistigh de chreat na gcéad pheirspictíochtaí airgeadais eile, a gcuirfear tús leo in 2014, a dhéanfar na tograí maidir le leithdháileadh leithreasaí a bhaineann le caiteachas tacaíochta riaracháin .

Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4* | Bliain n+5 agus níos déanaí* |

XX 01 02 11 01 – Misin | 0.020 | 0.020 | 0.020 |

XX 01 02 11 02 – Cruinnithe agus comhdhálacha |

XX 01 02 11 03 -Coistí[23] |

XX 01 02 11 04 – Staidéir agus Comhairliúcháin |

XX 01 02 11 05 – Córais Faisnéise |

2 Caiteachas bainistíochta iomlán eile (XX 01 02 11) |

3 Caiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh agus cuir isteach tagairt don líne buiséid) |

Iomlán an chaiteachais riaracháin cé is moite d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 0.02 | 0.02 | 0.02 |

* D'fhonn an clár gníomhaíochta mar aon le híocaíochtaí gaolmhara a chur i gcrích i ndiaidh 2013, is laistigh de chreat na gcéad pheirspictíochtaí airgeadais eile, a gcuirfear tús leo in 2014, a dhéanfar na tograí maidir le leithdháileadh leithreasaí a bhaineann le caiteachas tacaíochta riaracháin.

Ríomh – Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha |

[1] Rialachán (CE) Uimh. 2686/94 ón gComhairle an 31 Deireadh fómhair 1994.

[2] Rialachán (CE) Uimh. 856/1999 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1609/1999 ón gCoimisiún.

[3] An Bheilís, Camarún, Rinn Verde, Côte d’Ivoire, Doiminice, Greanáda, Iamáice, Madagascar, St. Lucia, San Uinseann agus na Greanáidíní, an tSomáil agus Suranam.

[4] IO C […], […], lch […].

[5] IO C […], […], lch […].

[6] IO L 378, 27.12.2006, lch 41.

[7] Rialachán (CE) Uimh. 2686/94 ón gComhairle an 31 Deireadh Fómhair 1994 (IO L 286, 5.11.1994, lch 1).

[8] Rialachán (CE) Uimh. 856/1999 an 22 Aibreán 1999 (IO L 108, 27.4.1999, lch 2) agus Rialachán (CE) Uimh. 1609/1999 ón gCoimisiún an 22 Iúil 1999 (IO L 190, 23.7.1999, lch 14).

[9] [An tagairt do Chomhaontú na Ginéive maidir le trádáil bananaí le cur isteach]

[10] Leithreasaí difreáilte

[11] Leithreasaí neamhdhifreáilte dá ngairtear LN anseo feasta

[12] Caiteachas nach dtagann faoi Chaibidil xx 01 de Theideal xx lena mbaineann.

[13] Caiteachas laistigh d'Airteagal xx 01 04 de Theideal xx.

[14] Caiteachas laistigh de Chaibidil xx 01, seachas Airteagail xx 01 04 agus xx 01 05.

[15] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[16] Ba cheart colúin bhreise a chur leis más gá i.e. má théann tréimhse an ghnímh thar 6 bliana.

[17] Má shonraítear níos mó ná modh amháin cuir na sonraí breise sa chuid "Barúlacha ábhartha" den phointe seo.

[18] Mar a thuairiscítear i Mír 5.3.

[19] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha.

[20] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha.

[21] Costas ar áireamh sa mhéid tagartha.

[22] Ba cheart tagairt a dhéanamh don ráiteas airgeadais reachtach sonrach le haghaidh na Gníomhaireachta/na nGníomhaireachtaí Feidhmiúcháin lena mbaineann.

[23] Sonraigh an saghas coiste agus an grúpa a mbaineann sé leis.