52010PC0096




[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 17.3.2010

COIM(2010)96 leagan deireanach

2010/0056 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1964/ 2005 ón gComhairle maidir le rátaí taraife le haghaidh bananaí

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Le Rialachán (CEE) Uimh. 404/93 ón gComhairle an 13 Feabhra 1993 bunaíodh comheagraíocht an mhargaidh i mbananaí sna Comhphobail Eorpacha. Tar éis Rialachán seo na Comhairle a ghlacadh, thionscain roinnt ball den Eagraíocht Domhanda Trádála (WTO) ó Mheiriceá Laidineach a bhí ag soláthar bananaí don AE ar bhonn an Náisiúin Bharrfhabhair (MFN), agus na Stáit Aontaithe, imeachtaí WTO um réiteach díospóidí i gcoinne an AE (go háirithe díospóid WT/DS27 atá ag dul ar aghaidh le fada) maidir leis na bealaí éagsúla a phléitear le bananaí a thugann soláthróirí éagsúla isteach i margadh an Aontais Eorpaigh.

An 11 Aibreán 2001 agus an 30 Aibreán 2001 faoi seach, tháinig an Coimisiún ar Chomhthuiscintí le hEacuadór agus leis na Stáit Aontaithe a d'ullmhaigh an bealach chun na díospóidí a réiteach. Rinneadh foráil sna Comhthuiscintí sin do 'chóras taraife amháin' a thabhairt isteach le haghaidh allmhairí bananaí in 2006. An 14 Samhain 2001, ghlac Comhdháil Airí an WTO in Doha tarscaoiltí ó oibleagáidí an AE faoi Airteagal I (Tarscaoileadh Doha) agus Airteagal XIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) maidir leis an bhfabhar a fuair táirgí as Stáit san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) faoi Chomhaontú Cotonou. Bhí sé mar choinníoll ag na tarscaoiltí sin maidir leis an tarscaoileadh i ndáil leis na bananaí, go mbeadh sé de thoradh ar an gcóras nua taraife amháin arna thabhairt isteach in 2006 'go gcoimeádfaí ar a laghad rochtain iomlán ar an margadh le haghaidh soláthróirí bananaí ó na Náisiúin Bharrfhabhair' agus rinneadh foráil do chóras eadrána i gcás easaontaithe.

An 12 Iúil 2004, thug an Chomhairle an t-údarás don Choimisiún tús a chur le hidirbheartaíochtaí faoi Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta ar Tharaifí agus Trádáil 1994 ('GATT 1994') d'fhonn córas taraife amháin a thabhairt isteach le haghaidh bananaí i sceideal an CE. Dá réir sin, chuir an Comhphobal an WTO ar an eolas an 15 Iúil 2004 faoin méid a bhí beartaithe acu maidir leis na lamháltais ar ítim 0803 00 19 (bananaí) a mhodhnú i Sceideal CE an WTO (CXL). Thug an Coimisiún faoi na hidirbheartaíochtaí, i gcomhar leis an gCoiste arna bhunú le hAirteagal 133 den Chonradh agus leis an gCoiste Speisialta ar Thalmhaíocht, agus laistigh de chreat na dtreoracha idirbheartaíochta arna n-eisiúint ag an gComhairle. Níor thángthas ar aon chomhaontú de thoradh na n-idirbheartaíochtaí sin.

An 31 Eanáir 2005 chuir an Comhphobal an WTO ar an eolas go raibh sé i gceist aige dleacht faoi cheangal EUR 230/tonna a chur in áit na lamháltas ar ítim 0803 00 19 (bananaí). An 30 Márta 2005, d'iarr roinnt ball den WTO (an Bhrasaíl, An Cholóim, Cósta Ríce, Eacuadór, Guatamala, Hondúras, Nicearagua, Panama, Veiniséala) eadráin faoi tharscaoileadh Doha. Ba é cinneadh an eadránaí a rinneadh an 1 Lúnasa 2005, nach raibh ráta taraife an MFN, arna mholadh ag an gComhphobal agus arbh ionann é agus EUR 230/tonna, ag teacht le coinníollacha Tharscaoileadh Doha. Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar thogra an Chomhphobail i bhfianaise thorthaí an eadránaí. I gcás dara cinneadh eadrána a rinneadh an 27 Deireadh Fómhair 2005, ba é tátal an eadránaí nár éirigh leis an togra leasaithe maidir le ráta taraife an MFN, arbh ionann e agus EUR 187/tonna, an fhadhb a réiteach ach an oiread.

I bhfianaise na hoibleagáide atá air córas taraife amháin a thabhairt isteach faoin 1 Eanáir 2006, agus ag féachaint don easpa comhaontaithe maidir le dleacht faoi cheangal, thug an AE isteach dleacht MFN, arbh ionann é agus EUR 176/tonna, le Rialachán (CE) Uimh. 1964/2005 ón gComhairle. Chuir an rialachán seo ar bun freisin cuóta uathrialach taraife arbh ionann é agus glanmheáchan 775,000 tonna, faoi réir ráta dleachta nialasach le haghaidh allmhairithe bananaí ag teacht ó thíortha ACC. Níor chuir an AE in iúl d'aon togra eile a sceideal taraife le haghaidh bananaí a mhodhnú, ar feitheamh comhaontaithe le soláthróirí bananaí MFN.

Ón 1 Eanáir 2008 i leith, bhí rochtain gan chuóta, saor ó dhleacht ag soláthróirí bananaí ACC ar mhargadh an AE ar bhonn Comhaontuithe Comhpháirtíochta Eacnamaíocha leis an AE.

An 23 Feabhra 2007 agus an 29 Meitheamh 2007, faoi seach, d'iarr Eacuadór agus na Stáit Aontaithe go mbunófaí painéal de bhun Airteagal 21.5 de Chomhthuiscint an WTO um Réiteach Díospóide maidir leis an neamhréireacht líomhainte le comhaontuithe an WTO i ndáil le bearta a ghlac an AE chun tuarascálacha Chomhlacht um Réiteach Díospóide (DSB) an WTO sa díospóid WT/DS27 a chomhlíonadh. Ghlac DSB na tuarascálacha deireanacha i mí na Nollag 2008. Dúradh sa tuarascáil a bhain leis an gcás a thóg Eacuadór nach raibh an taraif a bhí á cur i bhfeidhm ag an AE ar bhananaí (EUR 176/tonna) ag teacht le taraifí an AE arna gceangal faoi GATT 1994. Rialaíodh sa dá thuarascáil freisin nach raibh an fábhar a thug an AE nuair a bunaíodh an painéal (775,000 tonna saor ó dhleacht) ag teacht le GATT 1994 ach an oiread.

An 22 March 2004 agus an 29 Eanáir 2007, thug an Chomhairle an t-údarás don Choimisiún tús a chur le hidirbheartaíochtaí faoi Airteagal XXIV:6 de GATT 1994 le linn aontachas Phoblacht na Seice, Phoblacht na Eastóine, Phoblacht na Cipire, Phoblacht na Laitvia, Phoblacht na Liotuáine, Phoblacht Mhálta, Phoblacht na Polainne, Phoblacht na Slóivéine, Phoblacht na Slóvaice, Phoblacht na Bulgáire agus Phoblacht na Rómáine, faoi seach.

Cuireadh na hidirbheartaíochtaí faoi Airteagal XXVIII agus Airteagal XXIV:6 de GATT 1994 i gcrích an 15 Nollaig 2009 trí 'Comhaontú na Ginéive ar Thrádáil i mBananaí' a shíniú leis an mBrasaíl, leis an gColóim, le Cósta Ríce, le hEacuadór, le Guatamala, le Hondúras, le Meicsiceo, le Nicearagua, le Panama, le Peiriú agus le Veiniséala ('comhaontú na Ginéive') agus trí 'Comhaontú ar Thrádáil i mBananaí' a shíniú le Stáit Aontaithe Mheiriceá ('Comhaontú an AE/SA').

Déantar foráil sna comhaontuithe a chaibidil an Coimisiún do réiteach éilimh na dtíortha lena mbaineann faoi Airteagal XXIV:6 agus Airteagal XXVIII de GATT. Ina theannta sin, cuireann siad chun feidhme na Comhthuiscintí trí 'réimse taraife amháin' a cheangal agus cuireann siad réiteach ar fáil le haghaidh na ndíospóidí ar fad atá ar feitheamh agus a bhaineann leis na taraifí ar bhananaí. Ba cheart, dá bhrí sin, na díospóidí sin a réiteach go foirmiúil nuair a dhéanfar sceideal taraife nua an AE le haghaidh bananaí a dheimhniú.

Le teacht i bhfeidhm Chomhaontú na Ginéive, tá sé riachtanach, dá bhrí sin, fáil réidh le ráta taraife MFN an AE atá ann cheana maidir le bananaí a allmhairiú, trí Rialachán (CE) Uimh. 1964/2005 ón gComhairle an 29 Samhain 2005 maidir le rátaí taraife le haghaidh bhananaí a aisghairm, rialachán lena mbunaítear an ráta atá á chur i bhfeidhm faoi láthair arb ionann é agus EUR 176/tonna.

2010/0056 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1964/ 2005 ón gComhairle maidir le rátaí taraife le haghaidh bananaí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(2) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an togra a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

1. Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 1964/2005[1] ón gComhairle gurb é EUR 176/tonna an ráta taraife le haghaidh bananaí chód CN 0803 00 19 ón 1 Eanáir 2006.

2. An xx.xx.2010 shínigh an tAontas Eorpach 'Comhaontú na Ginéive ar Thrádáil i mBananaí' leis an mBrasaíl, leis an gColóim, le Cósta Ríce, le hEacuadór, le Guatamala, le Hondúras, le Meicsiceo, le Nicearagua, le Panama, le Peiriú agus le Veiniséala maidir le struchtúr agus le hoibriú chóras trádála an Aontais le haghaidh bananaí chód CN 0803 00 19 (an 'Comhaontú').

3. I gcomhréir leis an gComhaontú, laghdóidh an tAontas an taraif banana de réir a chéile ó EUR 176/tonna go EUR 114/tonna. Íslíodh an taraif go EUR 148/tonna leis an gcéad laghdú, a cuireadh i bhfeidhm go haisghníomhach ón 15 Nollaig 2009, an dáta ar ar síníodh an Comhaontú. Cuirfear na laghduithe eile i bhfeidhm i seacht dtráthchuid in aghaidh na bliana agus féadfar moill dhá bhliain ar a mhéid a bheith ann má chuirtear moill ar chomhaontú ar rialacha mionsonraithe talmhaíochta le linn Chomhdháil an WTO in Doha. Níor mhór an taraif deiridh EUR 114/tonna a bheith ann an 1 Eanáir 2019 ar a dhéanaí. Beidh na laghduithe taraife ceangailte san WTO a luaithe agus a dhéantar sceideal an AE maidir leis na bananaí a dhearbhú.

4. Tar éis a chur i bhfeidhm go sealadach ón dáta sínithe, rinne Cinneadh …/…/AE[2] ón gComhairle an Comhaontú a fhormheas. Tháinig sé i bhfeidhm an [...].

5. Dá bhrí sin, is iomchuí Rialachán (CE) Uimh. 1964/2005 a aisghairm,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1964/2005.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an [[3]…]

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS | Ráiteas Airgeadais/10/50124(DDG/EM/tm) 6.9.2010.1 |

DÁTA: 27/01/2010 |

1. | CEANNTEIDEAL BUISÉID Caibidil 12 – Dleachtanna custaim agus dleachtanna eile | LEITHREASAÍ: B2010 : 14.079,7 Milliúin d'euro |

2. | TEIDIL: Togra le haghaidh Cinnidh ón gComhairle maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach 'Comhaontú Ginearálta ar Thrádáil i mBananaí' idir an tAontas Eorpach agus an Bhrasaíl, an Cholóim, Cósta Ríce, Eacuadór, Guatamala, Hondúras, Meicsiceo, Nicearagua, Panama, Peiriú agus Veiniséala agus 'Comhaontú ar Thrádáil i mBananaí' idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe, & Togra le haghaidh Cinnidh ón gComhairle maidir le cur i gcrích 'Comhaontú Ginearálta ar Thrádáil i mBananaí' idir an tAontas Eorpach agus an Bhrasaíl, an Cholóim, Cósta Ríce, Eacuadór, Guatamala, Hondúras, Meicsiceo, Nicearagua, Panama, Peiriú agus Veiniséala agus 'Comhaontú ar Thrádáil i mBananaí' idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe, & Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1964/2005 ón gComhairle maidir le rátaí taraife le haghaidh bananaí |

3. | BUNÚS DLÍ: Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Airteagal 207(4), Airteagal 218(5)(6) agus Airteagal 207(2). |

4. | AIDHMEANNA: Síniú, cur i bhfeidhm sealadach agus cur i gcrích dhá Chomhaontú ar Thrádáil i mBananaí agus an rialachán maidir le rátaí taraife le haghaidh bananaí a aisghairm. |

5. | IMPLEACHTAÍ AIRGEADAIS | AN BHLIAIN AIRGEADAIS SEO CAITE 2009 (milliún EUR) | AN BHLIAIN REATHA AIRGEADAIS 2010 (milliún EUR) | AN BHLIAIN AIRGEADAIS SEO CHUGAINN 2011 (milliún EUR) | AN BHLIAIN AIRGEADAIS INA DHIAIDH SIN 2012 (milliún EUR) |

5.0 | CAITEACHAS - GEARRTHA AR BHUISÉAD AN CE (AISÍOCAÍOCHTAÍ/IDIRGHABHÁLAITHE) - ÚDARÁIS NÁISIÚNTA - EILE | - | - | - | - |

5.1 | IONCAM - ACMHAINNÍ AN CE FÉIN (TOBHAIGH/DLEACHTANNA CUSTAIM) | -3.5 | -74.8 | -88.1 | -106.8 |

5.2 | MODH DON RÍOMH: Bunaithe ar na rátaí laghdaithe taraife a chur i bhfeidhm ar allmhairthe Chód CN 0803.00.19 atá le fáil don 12 mhí dheireanacha. |

6.0 | AN FÉIDIR AN TIONSCNAMH A MHAOINIÚ Ó LEITHREASAÍ A CUIREADH ISTEACH SA CHAIBIDIL ÁBHARTHA DEN BHUISÉAD REATHA? | IS FÉIDIR NÍ FÉIDIR |

6.1 | AN FÉIDIR AN TIONSCNAMH A MHAOINIÚ LE TRASDUL IDIR CHAIBIDILÍ AN BHUISÉID REATHA? | IS FÉIDIR NÍ FÉIDIR |

6.2 | AN mBEIDH GÁ LE BUISÉAD FORLÍONTACH? | BEIDH NÍ BHEIDH |

6.3 | AN mBEIDH GÁ LEITHREASAÍ A CHUR ISTEACH I mBUISÉID AMACH ANSEO? | BEIDH NÍ BHEIDH |

BARÚLACHA: Laghdaíonn na Comhaontuithe na rátaí taraife le haghaidh bananaí de réir a chéile. Féadfar a mheas go mbeidh acmhainní an CE féin níos lú mar thoradh ar na bearta leo, rud atá léirithe i bpointe 5.1, is é sin glanmhéideanna tar éis do na Ballstáit na costais bhailithe a bhaint. (Áiríodh meastachán ar chailliúint acmhainní an CE féin le haghaidh 2009 toisc bailíocht aisghníomhach na gComhaontuithe sin go dtí 15/12/2009). |

[1] IO L 316, 2.12.2005, lch. 1.

[2] IO L.....

[3] Dáta nach luaithe ná dáta theacht i bhfeidhm Chomhaontú na Ginéive ar Thrádáil i mBananaí; le cinneadh