52010PC0085

Togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na heorpa agus ón Gcomhairle lena leasaítear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach, i dtaca leis an tseirbhís Eorpach gníomhaíochta seachtraí /* COIM/2010/0085 leagan deireanach - COD 2010/0054 */


[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil, 24.3.2010

COIM(2010) 85 leagan deireanach

2010/0054 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach, i dtaca leis an tseirbhís Eorpach gníomhaíochta seachtraí

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Is í aidhm an togra seo ón gCoimisiún an Rialachán Airgeadais a leasú i gcomhréir le cruthú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (EEAS anseo feasta) dá bhforáiltear i gConradh Liospóin. Rialaítear na rialacha agus na nósanna imeachta ar fad is infheidhme ar úsáid chistí an AE leis an Rialachán Airgeadais (RA) agus ní mór do na hinstitiúidí ar fad é a urramú. Comhlánann Rialacha Cur chun Feidhme é, ar rialacha iad ar cheart a leasú, i dtogra ar leith, chun fónamh do chruthú EEAS. Cuirtear sainiúlachtaí i gcomhair bhainistíocht fhoireann EEAS ar aghaidh i dtogra ar leith ón gCoimisiún chun an Rialachán Foirne a leasú.

Tógfaidh na hathruithe a mholtar ar threoirlínte a d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 29-30 Deireadh Fómhair 2009 i gcomhair EEAS a chruthú sa todhchaí mar sheirbhís sui generis .

Déanfaidh an Coimisiún a thogra le haghaidh athbhreithniú tríbhliantúil an Rialacháin Airgeadais a thíolacadh, mar a fhoráiltear in Airteagal 184 den Rialachán Airgeadais, ag deireadh na chéad sheimeastar de 2010. Measann an Coimisiún, ámh, go gcaithfear athbhreithniú ad-hoc a dhéanamh ar an RA roimh an athbhreithniú tríbhliantúil agus ar leithligh uaidh má táthar chun EEAS a bhunú gan mhoill. Cuimsíodh gnéithe eile a bhaineann le cur chun feidhme Chonradh Liospóin i dtogra ar leith a ghlac an Coimisiún an 3 Márta 2010 (COIM(2010)71).

1. Na príomhathruithe a bhaineann le cruthú EEAS

Foráiltear in Airteagal 27(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) go gcuideoidh EEAS leis an Ardionadaí a shainordú a chomhlíonadh agus go mbunófar eagrúchán agus feidhmiú na seirbhíse le cinneadh ón gComhairle, ar thogra ón Ardionadaí i ndiaidh comhairliúcháin le Parlaimint na hEorpa agus i ndiaidh thoiliú an Choimisiúin a fháil.

Ina cuid conclúidí, d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 29-30 Deireadh Fómhair 2009 roinnt treoirlínte i gcomhair chruthú EEAS sa todhchaí mar sheirbhís sui generis agus d'iarr sí ar an Ardionadaí EEAS a bhunú 'faoi dheireadh mhí Aibreáin 2010'.

I dtéarmaí an bhuiséid, áireofar EEAS mar institiúid i gciall Airteagal 1 den Rialachán Airgeadais le go mbeidh uathriail bhuiséid aige, i.e. a roinn féin i mbuiséad an AE. Cuirfidh sé a chaiteachas riaracháin féin chun feidhme (ar nós gach institiúide eile) agus dá bhrí sin gheobhaidh sé urscaoileadh ó Pharlaimint na hEorpa ina leith. Dá bhrí sin, feidhmeoidh Parlaimint na hEorpa a cumhachtaí buiséid agus rialaithe ar fad i leith EEAS.

Ina theannta sin, iompófar toscaireachtaí ar fud na cruinne, ar Toscaireachtaí an Choimisiúin iad faoi láthair, ina dToscaireachtaí de chuid an Aontais agus cuid de EEAS a bheidh iontu. Ós rud é go leanfaidh na Toscaireachtaí sin de chúnamh seachtrach a chur chun feidhme, rud ar príomhchúram é d'fhormhór acu faoi láthair, ba cheart slite a aimsiú chun a chur ar a gcumas caiteachas oibriúcháin a chur chun feidhme nuair nach cuid den Choimisiún a thuilleadh iad, á chur san áireamh gur cuid d'fhoireann an Choimisiúin i gcónaí a bheidh sa chuid sin den fhoireann atá i gceist, i.e. foireann oibriúcháin agus airgeadais. Bhí an Coimisiún an-chúramach go gcuirfeadh an togra seo ar chumas EEAS a chúram a chomhlíonadh mar atá gníomhaíocht sheachtrach aontaithe, gan a bheith ina chúis laige i mbainistíocht fhónta airgeadais, i gcuntasacht agus i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais. Ar ndóigh, leanfaidh Parlaimint na hEorpa d'urscaoileadh a dheonú don Choimisiún i gcomhair chur chun feidhme roinn an Choimisiúin den Bhuiséad, lena n-áirítear leithreasaí oibriúcháin arna gcur chun feidhme ag Cinn Thoscaireachtaí an Aontais a ghníomhóidh mar oifigigh údarúcháin fhothairmligthe ón gCoimisiún.

Chun an sprioc sin a bhaint amach, is é is aidhm do na coigeartuithe arna dtabhairt isteach sa Rialachán Airgeadais EEAS a chomhtháthú i gcreat rialachais airgeadais an Choimisiúin aon uair a ghlacann sé páirt i gcur chun feidhme a bhuiséid oibriúcháin. Sa chomhthéacs sin, tá sé ríthábhachtach go dtógfadh EEAS ar an taithí, an treoir, an tacaíocht agus an oiliúint atá forbartha ag an gCoimisiún thar na blianta i leith bainistíochta airgeadais agus rialú inmheánach i réimse an chaidrimh sheachtraigh.

Is é an cur chuige a mholtar go dtabharfadh na hArd-Stiúrthóireachtaí de chuid an Choimisiúin atá freagrach cumhachtaí fotharmligthe cur chun feidhme do Chinn Thoscaireachtaí an Aontais. Bheidís ina n-oifigeach údarúcháin trí fhotharmligean ón gCoimisiún agus bheidís freagrach os comhair na hArd-Stiúrthóireachta a d'fhotharmlig cúraimí cur chun feidhme buiséid dóibh. Moltar rialacha sonracha dá bhrí sin le go gcuirfidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais, nuair a chuirfidh siad cuid de roinn an Choimisiúin den bhuiséad chun feidhme, rialacha an Choimisiúin i bhfeidhm le haghaidh chur chun feidhm an bhuiséid agus go mbeidh siad faoi réir na ndualgas agus na n-oibleagáidí céanna le hoifigeach údarúcháin fotharmligthe ar bith eile de chuid an Choimisiúin. Chuige sin, féadfaidh an Coimisiún treoracha a thabairt dóibh más gá agus más iomchuí.Beidh feidhm ag na rialacha atá ag OLAF faoi láthair i leith Chinn Thoscaireachtaí an Aontais i gcásanna mírialtachtaí airgeadais a bhaineann le bainistíocht leithreasaí ó roinn EEAS den Bhuiséad agus leithreasaí arna bhfotharmligean dóibh ó roinn an Choimisiúin den Bhuiséad. Ní gá aon fhoráil shonrach maidir le OLAF sa Rialachán Airgeadais. Áirítear foráil nua, ámh, sa togra seo ón gCoimisiún ionas go mbeidh painéal an Choimisiúin um mírialtachtaí ina phainéal um mírialtachtaí i gcomhair EEAS freisin i gcásanna ina bhfotharmligfidh an Coimisiún cumhachtaí cur chun feidhme do Chinn Thoscaireachtaí an Aontais.Moltar forálacha nua freisin lena n-áirithiú go mbeidh ról lárnach ag an Ardionadaí maidir le faisnéis a chomhordú agus a mhalartú go cuí idir EEAS agus an Coimisiún.

Ar deireadh thiar, d'fhonn bainistíocht éifeachtúil a áirithiú i leith Thoscaireachtaí an Aontais, moltar go ndéanfadh seirbhís tacaíochta amháin an caiteachas riaracháin agus tacaíochta lena maoinítear costais choiteanna i dToscaireachtaí, pé roinn den Bhuiséad ina gcuirfí na leithreasaí faoi seach isteach. Chuige sin, ba cheart foráil a dhéanamh in Airteagal 50 den Rialachán Airgeadais don fhéidearthacht rialacha mionsonraithe a cheapadh, a bheidh le comhaontú leis an gCoimisiún.

2. Doiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin maidir le Rialacha Cur chun Feidhme

D'fhonn an togra seo ón gCoimisiún maidir le leasú an Rialacháin Airgeadais a chomhlánú, leagtar amach na hathruithe is gá ar na Rialacha Cur chun Feidhme i ndoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin. Glacfaidh an Coimisiún na hathruithe sin a luaithe a ghlacfar an Rialachán Airgeadais leasaithe agus bainfidh siad leis na forálacha sonracha ar cheart a bheith infheidhme ar Chinn Thoscaireachtaí an Aontais agus iad ag gníomhú mar oifigigh údarúcháin fhotharmligthe ón gCoimisiún, go háirithe:

- go mbeidh orthu an Chairt d'oifigigh údarúcháin fhotharmligthe a shíniú, ar cairt í ina leagtar síos go mionsonraithe a ndualgais agus a n-oibleagáidí, sula dtosóidh siad ar Bhuiséad an AE a chur chun feidhme;

- Rialacha Inmheánacha an Choimisiúin maidir leis an mBuiséad a fheidhmiú;

- an cód maidir le caighdeáin ghairmiúla arna ghlacadh ag an gCoimisiún;

- painéal an Choimisiúin um mírialtachtaí (cumhdaítear sna Rialacha Cur chun Feidhme forálacha a chomhlánann na forálacha arna leagan amach cheana sa Rialachán Airgeadais).

2010/0054 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach, i dtaca leis an tseirbhís Eorpach gníomhaíochta seachtraí

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322 de, i dteannta leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe d'Airteagal 106a de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí[1],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

3. Le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach[2] (an Rialachán Airgeadais anseo feasta), leagtar síos na prionsabail bhuiséadacha agus na rialacha airgeadais ar cheart a urramú i ngach gníomh reachtach. Is gá forálacha áirithe de chuid an Rialacháin Airgeadais a leasú d'fhonn na leasuithe a thug Conradh Liospóin isteach a chur san áireamh.

4. Le Conradh Liospóin bunaítear an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (“EEAS” anseo feasta). De réir chonclúidí na Comhairle Eorpaí an 29 agus 30 Deireadh Fómhair 2009, seirbhís de nádúr sui generis is ea EEAS agus ba cheart plé leis mar institiúid chun críocha an Rialacháin Airgeadais.

5. Ó tharla gur cheart EEAS a áireamh mar institiúid chun críocha an Rialacháin Airgeadais, deonóidh Parlaimint na hEorpa urscaoileadh do EEAS i gcomhair chur chun feidhme na leithreasaí arna vótáil i roinn EEAS den Bhuiséad. Ba cheart do Pharlaimint na hEorpa leanúint d'urscaoileadh a dheonú don Choimisiún i gcomhair chur chun feidhme roinn an Choimisiúin den Bhuiséad, lena n-áirítear leithreasaí oibriúcháin arna gcur chun feidhme ag Cinn Toscaireachtaí atá ina n-oifigigh údarúcháin fhotharmligthe ón gCoimisiún.

6. Foráiltear i gConradh Liospóin go ndéanfar cuid de EEAS mar Thoscaireachtaí an Aontais de Thoscaireachtaí an Choimisiúin. D'fhonn a áirithiú go mbainistítear iad go héifeachtúil, ba cheart go ndéanfadh seirbhís tacaíochta amháin caiteachas riaracháin agus tacaíochta uile Thoscaireachtaí an Aontais a mhaoiníonn costais choiteanna. Chuige sin, ba cheart go bhforálfaí sa Rialachán Airgeadais don fhéidearthacht rialacha mionsonraithe a cheapadh, ar rialacha iad a gcomhaontófaí leis an gCoimisiún, d'fhonn cur chun feidhme leithreasaí oibriúcháin Thoscaireachtaí an Aontais arna gcur isteach i ranna EEAS agus na Comhairle den Bhuiséad a éascú.

7. Is gá feidhmiú leanúnach Thoscaireachtaí an Aontais a áirithiú agus go háirithe leanúnachas agus éifeachtúlacht na bainistíochta a dhéanann na Toscaireachtaí ar chúnamh seachtrach. Dá bhrí sin, ba cheart an Coimisiún a údarú chun a chumhachtaí maidir le cur chun feidhme caiteachais oibriúcháin sa bhuiséad a fhotharmligean do Chinn Thoscaireachtaí an Aontais ar chuid de EEAS mar institiúid ar leith iad. Ina theannta sin, i gcás ina gcuirfidh an Coimisiún an buiséad chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach láraithe, ba cheart gur cheadmhach dó amhlaidh a dhéanamh trí bhíthin an fhotharmligin do Chinn Thoscaireachtaí an Aontais freisin. Ba cheart do na hoifigigh údarúcháin trí tharmligean ón gCoimisiún leanúint de bheith freagrach as córais inmheánacha bainistíochta agus rialaithe a shainiú, agus ba cheart do Chinn Thoscaireachtaí an Aontais a bheith freagrach as socrú agus feidhmiú leormhaith i leith córas inmheánach bainistíochta agus rialaithe agus as bainistíocht na gcistí agus na n-oibriúchán arna ndéanamh laistigh dá dToscaireachtaí agus ba cheart dóibh tuairisc a thabhairt faoi dhó in aghaidh na bliana chuige sin.

8. D'fhonn prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais a chomhlíonadh, ba cheart do Chinn Thoscaireachtaí an Aontais agus iad ag gníomhú i gcáil oifigeach údarúcháin fotharmligthe ón gCoimisiún rialacha an Choimisiúin a chur i bhfeidhm agus ba cheart dóibh a bheith faoi réir na ndualgas, na n-oibleagáidí agus na cuntasachta céanna le hoifigeach údarúcháin fotharmligthe ar bith eile ón gCoimisiún. Chun na críocha sin, ba cheart dóibh tagairt a dhéanamh don Choimisiún i gcáil a n-institiúide más gá.

9. Coinníonn an Coimisiún an fhreagracht iomlán as an nós imeachta urscaoilte maidir le roinn an Choimisiúin den bhuiséad arna chur chun feidhme ag EEAS. D'fhonn an Coimisiún a chumasú chun a chuid freagrachtaí a chomhlíonadh, ba cheart do Chinn Thoscaireachtaí an Aontais an fhaisnéis is gá a sholáthar. Ba cheart d'Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála comhar a éascú idir Toscaireachtaí an Aontais agus ranna an Choimisiúin.

10. Tá oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin freagrach i gcónaí as roinn an Choimisiúin den Bhuiséad ina hiomlán, lena n-áirítear oibriúcháin chuntasaíochta a bhaineann le leithreasaí arna bhfotharmligean do Chinn Thoscaireachtaí an Aontais. Dá bhrí sin, is gá a shoiléiriú nár cheart baint a bheith ag freagrachtaí oifigeach cuntasaíochta EEAS ach le roinn EEAS den bhuiséad chun forluí freagrachtaí ar bith a sheachaint.

11. D'fhonn comhchuibheas agus cóir chomhionann a áirithiú idir oifigigh údarúcháin fhotharmligthe ar baill d'fhoireann EEAS iad agus iad siúd ar baill d'fhoireann an Choimisiúin iad, agus d'fhonn faisnéis iomchuí a áirithiú chomh maith, ba cheart do shainphainéal an Choimisiúin um mírialtachtaí airgeadais a bheith freagrach i leith mírialtachtaí laistigh de EEAS a láimhseáil freisin i gcásanna inar fhotharmlig an Coimisiún cumhachtaí cur chun feidhme do Chinn Thoscaireachtaí an Aontais. Mar sin féin, d'fhonn an nasc a choinneáil idir freagracht as bainistíocht airgeadais agus gníomh araíonachta, beidh an Coimisiún i dteideal a iarraidh ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála imeachtaí a thionscnamh i gcás inar aimsigh an painéal mírialtachtaí maidir le hinniúlachtaí an Choimisiúin arna bhfotharmligean do Chinn Thoscaireachtaí an Aontais. I gcás den sórt sin ba cheart don Ardionadaí an gníomh iomchuí a dhéanamh i gcomhréir leis an Rialachán Foirne.

12. D'fhonn comhchuibheas, éifeachtúlacht agus cost-éifeachtacht an rialaithe airgeadais a áirithiú, ba cheart d'iniúchóir inmheánach an Choimisiúin gníomhú mar iniúchóir inmheánach EEAS maidir le cur chun feidhme buiséid roinn an Choimisiúin agus roinn EEAS den Bhuiséad araon.

13. Ba cheart Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear na focail 'an tseirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí' isteach roimh 'an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta' sa chéad fhomhír in Airteagal 1(2).

(2) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 28(1):

”Maidir le haon togra nó tionscnamh a thíolacfaidh an Coimisiún, Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála nó Ballstát don údarás reachtach, a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar an mbuiséad, lena n-áirítear athruithe ar líon na bpost, ní mór ráiteas airgeadais a bheith ag gabháil leis agus an mheastóireacht dá bhforáiltear in Airteagal 27(4) den Rialachán seo. ”

(3) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 30(3):

"Cuirfidh an Coimisiún ar fáil, ar mhodh iomchuí, faisnéis faoi thairbhithe cistí a eascróidh ón mbuiséad a bheidh á theachtadh aige agus an buiséad á chur chun feidhme ar bhonn láraithe de bhun Airteagal 53 a , agus faisnéis faoi thairbhithe cistí arna soláthar ag na heintitis a ndéanfar cúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean chucu faoi mhodhanna eile bainistíochta."

(4) Cuirtear na focail 'an tseirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí' isteach roimh 'an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta' sa chéad mhír d'Airteagal 31.

(5) Cuirtear an abairt seo a leanas isteach sa chéad mhír d' Airteagal 50:

“Féadfaidh rialacha mionsonraithe a chomhaontú leis an gCoimisiún d'fhonn chur chun feidhme leithreasaí oibriúcháin Thoscaireachtaí an Aontais arna gcur isteach i ranna EEAS agus na Comhairle den Bhuiséad a éascú. ”

(6) Cuirtear na míreanna seo a leanas le hAirteagal 51:

“Féadfaidh an Coimisiún, ámh, a chumhachtaí cur chun feidhme buiséid maidir le leithreasaí ina roinn féin a tharmligean do Chinn Thoscaireachtaí an Aontais. Nuair a ghníomhaíonn Cinn Thoscaireachtaí an Aontais mar oifigigh údarúcháin fhotharmligthe ón gCoimisiún, cuirfidh siad rialacha an Choimisiúin le haghaidh chur chun feidhme an bhuiséid i bhfeidhm agus beidh siad faoi réir na ndualgas, na n-oibleagáidí agus na cuntasachta céanna le hoifigeach údarúcháin fotharmligthe ar bith eile ón gCoimisiún.

Chun críocha an dara mír, déanfaidh Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála na bearta is gá chun comhar a éascú idir Toscaireachtaí an Aontais agus ranna an Choimisiúin. ”

(7) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 53a:

"Airteagal 53a

I gcás ina gcuirfidh an Coimisiún an buiséad i bhfeidhm ar bhonn láraithe, comhlíonfaidh a ranna cúraimí cur chun feidhme nó comhlíonfaidh Toscaireachtaí an Aontais iad go díreach i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 51, nó go hindíreach i gcomhréir le hAirteagal 54 go hAirteagal 57. ”

(8) Cuirtear mír 5 isteach mar seo a leanas in Airteagal 59:

'5. I gcás ina ngníomhóidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais mar oifigigh údarúcháin trí fhotharmligean i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 51, déanfaidh siad tagairt don Choimisiún i gcáil a n-institiúide, más gá sin de bharr a ndualgas mar oifigigh údarúcháin . ”

(9) Cuirtear Airteagal 60a isteach mar seo a leanas i roinn 2:

'1. I gcás ina ngníomhóidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais mar oifigigh údarúcháin trí fhotharmligean i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 51, oibreoidh siad i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún le haghaidh chur chun feidhme iomchuí na gcistí, d'fhonn dlíthiúlacht agus rialtacht idirbheart airgeadais, urramú phrionsabal na bainistíochta fónta airgeadais i dtaca le bainistíocht cistí agus cosaint éifeachtach leasanna airgeadais an Aontais a áirithiú go háirithe.

Chuige sin, déanfaidh siad na bearta is gá chun cosc a chur ar aon staid ina bhféadfaí freagracht an Choimisiúin as cur chun feidhme an bhuiséid arna fhotharmligean dóibh a chur i ngeall chomh maith le haon choinbhleacht leasa nó tosaíochtaí ag a bhfuil iarmhairt do chur chun feidhme na gcúraimí bainistíochta airgeadais arna bhfotharmligean dóibh.

I gcás ina dtiocfaidh staid nó coinbhleacht dá dtagraítear sa dara fomhír chun cinn, cuirfidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais é sin in iúl don roinn fhreagrach de chuid an Choimisiúin agus d'Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála gan mhoill.

2. Nuair a bhíonn Ceann Toscaireachta de chuid an Aontais i staid dá dtagraítear in Airteagal 60(6), tarchuirfidh sé chuig an sainphainéal um mírialtachtaí airgeadais arna bhunú de bhun Airteagal 66(4). I gcás aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí nó aon chalaoise nó aon éillithe a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh do leas an Aontais, cuirfidh sé na húdaráis agus na comhlachtaí arna n-ainmniú leis an reachtaíocht is infheidhme ar an eolas.

3. Déanfaidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais ag gníomhú dóibh mar oifigigh údarúcháin trí fhotharmligean i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 51 tuairisc a thabhairt faoi dhó in aghaidh na bliana dá n-oifigeach údarúcháin trí tharmligean ionas go bhféadfaidh an t-oifigeach sin a dtuairiscí a chomhtháthú ina thuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 60(7). Cuimseoidh an tuairisc dhébhliantúil sin a chuirfidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais isteach faisnéis maidir le héifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras inmheánach bainistíochta agus rialaithe arna mbunú ag a dtoscaireachtaí, chomh maith le bainistíocht oibriúchán arna bhfotharmligean dóibh.

4. Tabharfaidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais ag gníomhú dóibh mar oifigigh údarúcháin trí fhotharmligean i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 51 freagra ar iarraidh ar bith a dhéanfaidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean ón gCoimisiún.

(10) Cuirtear an fhomhír seo a leanas le hAirteagal 61(1):

“Ní bhainfidh freagrachtaí oifigeach cuntasaíochta EEAS ach le roinn EEAS den bhuiséad mar a chuirfidh EEAS chun feidhme í."

(11) Leasaítear Airteagal 66 mar seo a leanas:

(a) cuirtear mír 3a isteach mar seo a leanas:

'3a. I gcás fotharmligin do Chinn Thoscaireachtaí an Aontais, beidh an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean freagrach as sainiú na gcóras inmheánach bainistíochta agus rialaithe arna mbunú, agus as éifeachtúlacht agus éifeachtacht na gcóras sin. Beidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais freagrach as bunú agus feidhmiú leormhaith na gcóras sin, i gcomhréir le treoracha an oifigigh údarúcháin trí tharmligean, agus as bainistíocht na gcistí agus na n-oibriúchán a dhéanann siad laistigh den Toscaireacht de chuid an Aontais faoina gcúram.

Tabharfaidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais tuairisc maidir lena bhfreagrachtaí de bhun na chéad fhomhíre den mhír seo i gcomhréir le hAirteagal 60a(3).

Soláthraíonn Cinn Thoscaireachtaí an Aontais ráiteas urrúis gach bliain maidir leis na córais inmheánacha bainistíochta agus rialaithe arna mbunú ina dToscaireacht d'oifigeach údarúcháin trí tharmligean ón gCoimisiún d'fhonn a chur ar chumas an oifigigh údarúcháin a ráiteas urrúis féin a bhunú.'

(b) cuirtear isteach mír 5 mar seo a leanas:

5. I gcásanna ina ngníomhóidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais mar oifigigh údarúcháin trí fhotharmligean i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 51, is é an sainphainéal um mírialtachtaí airgeadais arna bhunú ag an gCoimisiún de bhun mhír 4 den Airteagal seo a bheidh inniúil le haghaidh cásanna dá dtagraítear sa mhír sin.

Má bhraitheann an painéal fadhbanna sistéamacha, seolfaidh sé tuarascáil, ina mbeidh moltaí, chuig an oifigeach údarúcháin, chuig Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus chuig an oifigeach údarúcháin trí tharmligean ón gCoimisiún, ar choinníoll nach é an t-oifigeach údarúcháin trí tharmligean ón gCoimisiún an té atá i gceist, agus seolfaidh sé chuig an iniúchóir inmheánach freisin í.

Ar bhonn thuairim an phainéil, féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, i gcáil údaráis ceapacháin, imeachtaí a thionscnamh in aghaidh oifigeach údarúcháin trí fhotharmligean lena ndlífear gníomh araíonachta nó cúiteamh a íoc má bhaineann na mírialtachtaí le hinniúlachtaí an Choimisiúin arna bhfotharmligean dóibh. I gcás den sórt sin déanfaidh an tArdionadaí an gníomh iomchuí i gcomhréir leis an Rialachán Foirne. ”

(12) Cuirtear na míreanna seo a leanas le hAirteagal 85:

”Chun críocha iniúchóireacht inmheánach EEAS, beidh Cinn Thoscaireachtaí an Aontais, ag gníomhú dóibh mar oifigigh údarúcháin trí fhotharmligean i gcomhréir leis an dara mír d'Airteagal 51, faoi réir chumhachtaí fíoraithe iniúchóir inmheánach an Choimisiúin i gcomhair na bainistíochta airgeadais arna fotharmligean dóibh.

Ar chúiseanna comhchuibhis, éifeachtúlachta agus cost-éifeachta, gníomhóidh iniúchóir inmheánach an Choimisiúin mar iniúchóir inmheánach EEAS freisin i leith chur chun feidhme buiséid roinn EEAS den bhuiséad.”

(13) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte d'Airteagal 163:

”Féadfaidh an Coimisiún na gníomhartha dá dtagraítear sa Teideal seo a chur chun feidhme ar bhonn láraithe de bhun Airteagal 53 a , trí bhainistíocht chomhpháirteach, ar bhonn díláraithe ag an tríú tír is tairbhí nó ag na tríú tíortha is tairbhithe nó i gcomhpháirt le heagraíochtaí idirnáisiúnta i gcomhlíonadh fhorálacha ábhartha Airteagail 53 go 57. ”

(14) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte d'Airteagal 165:

”Beidh cur chun feidhme na ngníomhartha ag tríú tíortha is tairbhithe nó ag eagraíochtaí idirnáisiúnta faoi réir grinnscrúdú ón gCoimisiún de bhun Airteagal 53 a .”

(15) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 185(3):

”3. Feidhmeoidh iniúchóir inmheánach an Choimisiúin na cumhachtaí céanna ar na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1 agus a dhéanann sé nó sí i leith ranna an Choimisiúin nó Thoscaireachtaí an Aontais. ”

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an [...]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán […] […]

[1] IO C […], […], lch. […].

[2] IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.