TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294( 6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh a ghlac an Chomhairle chun go nglacfar togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn agus togra le haghaidh Cinnidh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Dhídeanaithe don tréimhse 2008 go 2013 trí dheireadh a chur leis an maoiniú le haghaidh gníomhaíochtaí áirithe Comhphobail agus athrú a dhéanamh ar an teorainn le maoiniú gníomhaíochtaí den sórt sin /* COIM/2010/0079 leagan deireanach - COD 2009/0027 */
[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH | An Bhruiséil 5.3.2010 COIM(2010)79 leagan deireanach 2009/0027 (COD)2009/0026 (COD) TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294( 6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh a ghlac an Chomhairle chun go nglacfar togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn agus togra le haghaidh Cinnidh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Dhídeanaithe don tréimhse 2008 go 2013 trí dheireadh a chur leis an maoiniú le haghaidh gníomhaíochtaí áirithe Comhphobail agus athrú a dhéanamh ar an teorainn le maoiniú gníomhaíochtaí den sórt sin 2009/0027 (COD)2009/0026 (COD) TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir leis an seasamh a ghlac an Chomhairle chun go nglacfar togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn agus togra le haghaidh Cinnidh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 573/2007/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Bealtaine 2007 lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Dhídeanaithe don tréimhse 2008 go 2013 trí dheireadh a chur leis an maoiniú le haghaidh gníomhaíochtaí áirithe Comhphobail agus athrú a dhéanamh ar an teorainn le maoiniú gníomhaíochtaí den sórt sin 1. CÚLRA An togra le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn (doiciméad COIM(2009/66 leagan deireanach – 2009/0027(COD)): an dáta ar seoladh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle é: An togra le haghaidh Cinnidh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh 573/2007/CE lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Dhídeanaithe don tréimhse 2008 go 2013 trí dheireadh a chur leis an maoiniú le haghaidh gníomhaíochtaí áirithe Comhphobail agus athrú a dhéanamh ar an teorainn le maoiniú gníomhaíochtaí den sórt sin (doiciméad COIM(2009)67 – 2009/0026(COD)): an dáta ar seoladh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle é: | 19 Feabhra 2009 18 Feabhra 2009 | An dáta ar tugadh an tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: | Ní bhaineann le hábhar | An dáta ar tugadh an tuairim ó Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh: | 7 Bealtaine 2009 | An dáta ar seoladh an togra leasaithe: | Ní bhaineann le hábhar | An dáta ar glacadh seasamh na Comhairle: | 25 Feabhra 2010 | 2. CUSPÓIR AN TOGRA ÓN g COIMISIÚN Is cuid d'iarrachtaí an Aontais Eorpaigh beartas cuimsitheach do ghnóthaí tearmainn a fhorbairt atá sa togra le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn agus an togra lena leasaítear an Cinneadh lena mbunaítear an Ciste Eorpach um Dhídeanaithe (ERF) 2008-2013. Is freagairt atá sna tograí sin ar na hiarrataí ón gComhairle agus ón gComhairle Eorpach struchtúr tacaíochta do ghnóthaí tearmainn a chruthú agus is cuid de na bearta iad a fógraíodh faoin bPlean Beartais maidir le Tearmann a ghlac an Coimisiún i Meitheamh 2008. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn a bhunú, agus beidh sé de chúram uirthi comhar praiticiúil a neartú agus a éascú idir na Ballstáit maidir le gnóthaí tearmainn, agus beidh uirthi cuidiú leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn a chur chun feidhme. Is gníomhaireacht rialúcháin a bheidh i stádas institiúideach na hOifige agus is comhlacht a bheidh ann arna bhunú mar a fhoráiltear dó in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais. Gheobhaidh an Oifig maoiniú faoi cheannteideal atá i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Ar mhaithe le húsáid na gcistí atá ar fáil a shimpliú, agus ós rud é go mbeidh an Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn freagrach as roinnt cúraimí a mhaoinítear faoi láthair faoin ERF, is éard a dhéanfar faoin togra le haghaidh Cinnidh go n-aistreofar roinnt acmhainní buiséid atá leithroinnte ar an ERF faoi láthair chuig an Oifig, ar mhaithe leis an maoiniú is fearr is féidir a thabhairt don chomhar praiticiúil a bhaineann le gnóthaí tearmainn. 3. BARÚLACHA FAOI SHEASAMH NA COMHAIRLE 3.1 Barúil ghinearálta faoi sheasamh na Comhairle Tá téacs an tseasaimh, go substaintiúil agus den chuid is mó, i gcomhréir leis na tograí ón gCoimisiún, agus is féidir lántacaíocht a thabhairt dó dá réir sin. 3.2 Comhaontú ag céim an tseasaimh Is toradh é seasamh na Comhairle ar dhian-idirbheartaíocht idirinstitiúideach, a tharla tar éis an togra ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2009 agus tar éis do Pharlaimint na hEorpa an tuairim uaithi ar an gcéad léamh a ghlacadh an 6 Bealtaine 2009. Tugadh an deis, le linn cruinnithe neamhfhoirmiúla agus teicniúla, teacht ar chomhghéilleadh faoi shaincheisteanna áirithe gan réiteach. Ní dhearna Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle aon leasú ar an togra le haghaidh Cinnidh faoi mhaoiniú na hOifige. Tar éis na hidirbheartaíochta sin, tháinig Coreper ar chomhaontú faoin téacs an 11 Samhain 2009. An 16 Samhain 2009, sheol cathaoirleach Choiste LIBE, an tUasal Juan Fernando López Aguilar, litir chuig an Uachtaránacht lenar dearbhaíodh comhaontú na rapóirtéirí agus na ndréachtóirí leis an téacs a d'fhormheas Coreper agus leis an ráiteas idirinstitiúideach a ghabhann leis, agus lenar tugadh le fios go molfadh sé do chomhaltaí Choiste LIBE agus don seisiún iomlánach ina dhiaidh sin iad a ghlacadh gan leasú a dhéanamh, dá mba rud é gur seoladh na téacsanna sin go foirmiúil mar sheasamh na Comhairle chuig Parlaimint na hEorpa. Tháinig Coreper ar chomhaontú polaitiúil ar an mbonn sin an 20 Samhain 2009. Tá na príomhábhair a pléadh agus a comhaontaíodh leagtha amach thíos. Bhí na meicníochtaí dlúthpháirtíochta a fhaigheann tacaíocht ón Oifig (athshuí agus athlonnú) faoi réir comhghéillte bunaithe ar fhoclaíocht neodrach, chun go bhféadfaidh an Oifig tacaíocht éifeachtach a thabhairt do na meicníochtaí atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo. Thángthas ar chomhghéilleadh faoi Stiúrthóir Feidhmiúcháin na hOifige a cheapadh, agus tugadh ról tábhachtach don Pharlaimint sa cheapachán sin trí dheis a thabhairt di tuairim a ghlacadh tar éis éisteacht leis an iarrthóir a d'ainmnigh an Bord Bainistíochta, agus cuireadh de cheangal ar an mBord Bainistíochta an Pharlaimint a chur ar an eolas faoin tslí inar cuireadh a tuairim san áireamh i gceapachán deiridh an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Bhí an Pharlaimint ag iarraidh go mbeadh an fhoráil chuimsitheach thras-institiúideach seo ag teacht go hiomlán leis an obair atá ar siúl faoi láthair sa Mheitheal Idirinstitiúideach um Ghníomhaireachtaí Rialúcháin. Dá dheasca sin, glacadh an ráiteas idirinstitiúideach seo a leanas: " Bhunaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Meitheal Idirinstitiúideach chun comhchuibheas, éifeachtacht agus trédhearcacht na ngníomhaireachtaí rialúcháin a mheas, mar aon leis an tslí ina dtuairiscíonn siad a gcuid gníomhaíochtaí agus comhdhearcadh a aimsiú maidir leis an tslí inar féidir a gcuid oibre a fheabhsú. Tá obair na meithle sin dírithe i láthair na huaire ar roinnt saincheisteanna, mar atá ról agus ionad na ngníomhaireachtaí rialúcháin i struchtúr institiúideach an AE, bunú na ngíomhaireachtaí sin, a struchtúr agus a bhfeidhmiú, agus ar cheisteanna a bhaineann lena maoiniú, lena maoirseacht bhuiséadach agus lena mbainistiú. Maidir leis an bhfoirmle a comhaontaíodh chun Stiúrthóir na hOifige Eorpaí Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn a cheapadh (Airteagal 28 den rialachán bunaidh), lena bhforáiltear gur féidir le Parlaimint na hEorpa "tuairim a ghlacadh ina leagtar amach an dearcadh atá aici ar an iarrthóir roghnaithe" agus go "gcuirfidh an Bord Bainistíochta an Pharlaimint ar an eolas faoin tslí inar cuireadh an tuairim uaithi san áireamh", ba cheart go bhfeicfí an fhoirmle sin i gcomhthéacs na n-iarrachtaí idirinstitiúideacha a dhéantar chun rialachas agus freagracht na ngníomhaireachtaí a fheabhsú. " Tháinig an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú trína gceadaítear d'Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe (UNHCR) páirt a ghlacadh in obair na hOifige agus trína gceadaítear don Oifig leas iomlán a bhaint as an saineolas atá ag UNHCR in obair a bheidh idir lámha aici amach anseo. Arna iarraidh sin don Pharlaimint, aimsíodh comhghéilleadh chun go mbeadh baint iomlán ag an tsochaí shibhialta le hobair na hOifige trí Fhóram Comhchomhairleach, agus leagadh síos rialacha oibre don Fhóram sin. 4. CONCLÚID Comhlíonann seasamh na Comhairle agus an ráiteas idirinstitiúideach a ghabhann leis aidhmeanna an togra bhunaidh ón gCoimisiún. Tacaíonn an Coimisiún le téacs an tseasaimh dá bhrí sin.