Teachtaireacht ón gcoimisiún chuig parlaimint na heorpa de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh chun go nglacfar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gréasán iarnróid Eorpach d'iompar lasta iomaíoch /* COIM/2010/0068 leagan deireanach - COD 2008/0247 */
[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH | An Bhruiséil 24.2.2010 COIM(2010)68 leagan deireanach 2008/0247 (COD) TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh chun go nglacfar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gréasán iarnróid Eorpach d'iompar lasta iomaíoch 2008/0247 (COD) TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le seasamh na Comhairle ag an gcéad léamh chun go nglacfar Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gréasán iarnróid Eorpach d'iompar lasta iomaíoch (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) CÚLRA An dáta ar seoladh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COIM(2008)852 deireanach – 2008/0247 (COD)): | 11.12.2008 | An dáta ar tugadh an tuairim ó Pharlaimint na hEorpa ag an gcéad léamh: An dáta ar tugadh an tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: An dáta ar tugadh an tuairim ó Choiste na Réigiún Dáta glactha an seasaimh ón gComhairle ag an gcéad léamh (d'aon ghuth) | 23.04.2009 15.07.2009 07.10.2009 22.02.2010 | CUSPÓIR AN TOGRA ÓN g COIMISIÚN Is é cuspóir an togra le haghaidh Rialacháin na Ballstáit, agus go háirithe bainisteoirí an bhonneagair iarnróid, a spreagadh le gréasán iarnróid Eorpach "d'iompar lasta iomaíoch" a fhorbairt. Beidh sé comhdhéanta de chonairí idirnáisiúnta iarnróid d'iompar lasta iomaíoch. I ngeall ar na conairí sin beidh na traenacha lasta ar línte iarnróid d'ardcháilíocht agus beidh siad níos iontaofa agus níos iomaíche dá bharr. Nuair a chruthófar na conairí sin scaoilfear saor acmhainní breise don iompar lasta d'iarnród. Chun na críche sin, beartaíonn an Coimisiún na conairí lasta a chruthú ar bhonn ceithre eilimint straitéiseacha: - An comhoibriú idir bainisteoirí an bhonneagair iarnróid a neartú i dtaca le bainistíocht oibríochtúil na mbonneagar agus leis na hinfheistíochtaí araon. Cuirfear an méid sin i gcrích go háirithe trí struchtúr rialachais a bhunú le haghaidh gach conaire. - Iontaofacht an n-acmhainní bonneagair atá ar fáil don iompar lasta d'iarnród a mhéadú; - Féachaint leis go mbainisteofar an bonneagar agus na críochfoirt earraí (calafoirt mhuirí agus calafoirt intíre, clóis eagraithe, …) ar bhealach níos comhordaithe; - Rochtain neamh-idirdhealaitheach ar na conairí sin a áirithiú do na hoibreoirí go léir. BARÚLACHA GINEARÁLTA MAIDIR LEIS AN SEASAMH ÓN g COMHAIRLE Is éard atá sa seasamh a ghlac an Chomhairle ag an gcéad léamh na bunphrionsabail a bhí sa togra bunaidh ón gCoimisiún. Leagtar béim níos lú ann, áfach, ar eilimintí áirithe a bhaineann le roghnú na gconairí, an comhoibriú idir bainisteoirí bonneagair agus an tosaíocht a thugtar d'iompar earraí. Anuas air sin, scriosadh eilimintí eile amhail na forálacha maidir le hiarratasóirí údaraithe agus maidir leis an oibleagáid na haonaid uileghnó a úsáid do na hiarratais ar línte iarnróid idirnáisiúnta. In ainneoin na leasuithe sin, measann an Coimisiún go leanann an seasamh a ghlac an chomhairle ag an gcéad léamh de chuspóirí a thogra bunaidh a chomhlíonadh. BARÚLACHA MIONSONRAITHE MAIDIR LEIS AN SEASAMH ÓN g COMHAIRLE AG AN g CÉAD LÉAMH Na príomhleasuithe ar an togra ón gCoimisiún - Roghnú na gconairí iarnróid d'iompar lasta (Airteagal 3) Sa togra bunaidh ón gCoimisiún foráiltear go gcruthófar idir conair amháin agus trí chonair in aghaidh gach Ballstáit agus roghnófar na conairí sin ar bhonn tograí réasúnaithe ó na Ballstáit lena mbaineann agus ó bhainisteoirí an bhonneagair iarnróid. Molann an Chomhairle cur chuige ina bhfuil dhá chéim: roghnófar an chéad sraith conairí trí chomhchinnteoireacht a bheidh i gceangal leis an Rialachán agus bunófar í laistigh de na trí bliana tar éis an Rialachán a ghlacadh; roghnófar conairí eile (aon chonair amháin ar a laghad in aghaidh gach Ballstáit ) ar bhonn tograí réasúnaithe ó na Ballstáit.Cé gurb é is cuspóir don togra conairí a chruthú a shásóidh riachtanais an mhargaidh, is ar bhonn polaitiúil a shainmhíneofar an chéad sraith conairí. Sáraíonn an cur chuige polaitiúil sin céad tosaíocht an togra reachtaigh, is é sin le rá bainistiú an bhonneagair a fheabhsú ar leibhéal trasnáisiúnta. Níl sé de chuspóir aige bonneagair nua a thógáil. - Na conairí a rialú (Airteagal 7) Sa togra bunaidh tá foráil déanta do rialú a bheidh bunaithe go háirithe ar ghníomhaíocht bhainisteoirí an bhonneagair iarnróid trí chomhlacht bainistíochta a chruthú ar a mbeidh stiúrthóir agus a mbeidh stádas eintitis dhlíthiúil neamhspleách aige. Theastaigh ón gComhairle struchtúr an chomhlachta sin a laghdú (is é sin gan foráil a dhéanamh níos mó do stiúrthóir ná d'eintiteas dlíthiúil neamhspleách) agus, ar bhonn na taithí a fuarthas ar chonairí áirithe CEBTI (An Córas Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid), maoirseoireacht ar na Ballstáit a thabhairt isteach trí chomhlacht feidhmiúcháin ina mbeadh ionadaithe na mBallstát a chruthú.Féadfaidh an Coimisiún glacadh leis an maoirseoireacht seo a thabhairt isteach a mhéid is nach gcuireann sí isteach ar neamhspleáchas bainistíochta na mbainisteoirí bonneagair. - Aonad Uileghnó (One Stop Shop) Airteagal 12 Foráiltear sa togra bunaidh gur trí aonad uileghnó na conaire a dhéanfar gach iarratas ar líne iarnróid idirnáisiúnta. Sa seasamh a ghlac an Chomhairle ag an gcéad léamh tá sé roghnach an t-aonad uileghnó sin a úsáid. Féadfaidh an Coimisiún glacadh leis an leasú seo. - Toilleadh a leithdháileadh do na traenacha lasta (Airteagal 13) Is ionann an t-airteagal seo agus croí an rialacháin. Is é is cuspóir don togra, ar ndóigh, toilleadh iontaofa agus breise a ráthú do na traenacha lasta trí chur chuige a shonrú a shásódh riachtanais na n-úsáideoirí. Is ar riachtanais an mhargaidh a bhraitheann an t-éileamh ar thoilleadh do thraenacha lasta agus ní féidir iad a thuar ar bhealach cinnte bliain roimh ré mar a dhéantar i gcás traenacha paisinéirí.Is i ngeall air sin a fhoráiltear sa togra ón gCoimisiún do thoilleadh a réamhdháileadh roimh ré le húsáid agus na hamchláir á leagan amach agus do thoilleadh a chur in áirithe laistigh de na hamchláir bhliantúla chun freastal ar iarratais ad hoc ar línte iarnróid do thraenacha lasta.Cé gur chloígh an Chomhairle leis an togra ón gCoimisiún agus go ndearna sí níos oibríochtúla é (trí na línte iarnróid réamhbhunaithe a shonrú) teastaíonn uaithi tionchar an réamhdháilte sin agus an chur in áirithe toillte sin a theorannú trí thagairt do riachtanais an iompair do phaisinéirí a thabhairt isteach. - Rialacha tosaíochta i gcás teagmhas (Airteagal 15) Sa togra ón gCoimisiún foráiltear go bhféadfaidh traein atá in am leanúint de bheith in am i gcás suaite. Moltar sa seasamh a ghlac an Chomhairle ag an gcéad léamh nach mór freisin féachaint leis " an aga is gá chun an gréasán a athbhunú a íoslaghdú a oiread agus is féidir" (A) "ag cur san áireamh riachtanais na modhanna iompair go léir" (B).Tá an méid a chuir an Chomhairle isteach (Cuid A) iomarcach i ngeall ar Chinneadh 2001/14/CE. Is foráil reachtach Cuid B nach bhfuil soiléir ná sothuigthe a dhóthain. D'fhéadfadh sé go mbeadh léirmhínithe de dhroim ar Chuid B a thiocfadh salach ar chuspóirí an rialacháin sin. - Leasú liosta na gcritéar a rialaíonn cruthú agus modhnú na gconairí Sa togra ón gCoimisiún agus i gcomhaontú polaitiúl an 11 Meitheamh 2009 foráileadh gurbh fhéidir leasú a dhéanamh ar liosta na gcritéar sin faoi chuimsiú an nós imeachta coiste (PRAC), atá liostaithe in Iarscríbhinn II.Tar éis don Chonradh ar Fheidhmiú an AE teacht i bhfeidhm, cuireadh gníomhartha tarmligthe in ionad an nós imeachta coiste. I dtaca leis sin glacann an Coimisiún an seasamh seo a leanas: - Srian a chur le cumhachtaí an Choimisiúin: Theastaigh ón gComhairle srian a chur le cumhachtaí an Choimisiúin, maidir leis na gníomhartha tarmligthe, trí cheangal a chur ar an gCoimisiún an reachtaíocht thánaisteach a urramú agus trí eilimintí tábhachtacha an bheartais iarnróid a chur san áireamh.Níl an breisiú sin ón gComhairle i gcomhréir leis na gníomhartha tarmligthe. Anuas air sin, tá an breisiú sin iomarcach mar is léir go n-urramóidh an Coimisiún, mar chosantóir na gConarthaí, an reachtaíocht thánaisteach. - Tarmligean na gcumhachtaí agus agóid in aghaidh na ngníomhartha tarmligthe: I gcomhréir lena Theachtaireacht maidir le cur chun feidhme Airteagal 290 de CFAE agus ar bhonn anailíse ar na bearta sonracha dá bhforáiltear sa seasamh ón gComhairle, agus i bhfianaise an chirt chun cúlghairme dá bhforáiltear sa téacs ón gComhairle, is fearr leis an gCoimisiún tarmligean na gcumhachtaí go ceann tréimhse éiginnte, ach féadfaidh sé glacadh le cur chuige na Comhairle (5 bliana le hathnuachan intuigthe). Anuas air sin, is olc leis an gCoimisiún go dtugann an Chomhairle isteach, ag an gcéad léamh, tréimhse trí mhí don Chomhairle agus don Pharlaimint chun agóid a chur isteach. Is fearr leis an gCoimisiún tréimhse dhá mhí chun agóid a chur isteach, a fhéadfar a fhadú de mhí amháin ar thionscnamh na Comhairle agus na Parlaiminte. Cabhróidh an méid seo leis na nósanna imeachta a dhéanamh níos éifeachtúla, gan amhras a chur ar phrionsabal tréimhse iomláine de thrí mhí. - Comhairliúchán leis na saineolaithe Thug an Coimisiún dá aire an aithris ina gceanglaítear go rachfar i gcomhairle le saineolaithe i gcéim ullmhúcháin na ngníomhartha tarmligthe. Is é tuairim an Choimisiúin nach féidir ról foirmiúil institiúideach a bheith ag grúpaí saineolaithe. Ní fhéadtar mar sin aithris dá leithéid a áireamh i dtéacs an ghnímh bhunúsaigh. Déanann an Coimisiún tagairt sa chomhthéacs sin freisin dá Theachtaireacht an 9 Nollaig 2009. Leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa arna n-ionchorprú go hiomlán nó go páirteach sa seasamh a ghlac an Chomhairle ag an gcéad léamh. - Na conairí a rialú Is ar dhá chomhlacht atá rialachas na gconairí bunaithe: an coiste bainistíochta, ar a mbeidh ionadaithe na mbainisteoirí bonneagair, agus an coiste feidhmiúcháin, ar a mbeidh ionadaithe na mBallstát (Leasú 31). Sa togra bunaidh ón gCoimisiún ní dearnadh foráil ach do chomhlacht amháin ar a mbeadh ionadaithe na mbainisteoirí bonneagair.Is féidir leis na Ballstáit maoirseoireacht bhreise a dhéanamh sa mhéid is nach gcuireann sí isteach ar neamhspleáchas bainistíochta na mbainisteoirí bonneagair. - Rialacha maidir le bainistiú tráchta Tá Parlaimint na hEorpa (Leasú 62) agus an Chomhairle tar éis na rialacha maidir le bainistiú tráchta i gcás suaite a mhaolú. Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis go mbeidh feidhm ag an riail 'an traein lasta atá in am ní scorfaidh sí de bheith in am' 'a mhéid is féidir' seachas go rianúil.Ar an taobh eile de, ní féidir leis glacadh leis nach gcuirfear an riail sin i bhfeidhm le linn buaicuaireanta, is é sin le linn tréimhsí an lae inar féidir í a chur i ngníomh. Lena chois sin, measann sé go bhfuil foráil déanta cheana sa reachtaíocht don chuspóir maidir le filleadh chomh tapa agus is féidir ar an staid a foráileadh di. Mar sin, níl aon mhaitheas é a chur isteach sa téacs. Leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa a d'fhormheas an Coimisiún agus nár corpraíodh sa seasamh a ghlac an Chomhairle ag an gcéad léamh - Leithdháileadh toillte Na leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an ábhar seo (Leasuithe 52 agus Leasuithe 54 go 58, go háirithe) ní athraíonn siad substaint an togra bhunaidh ón gCoimisiún. Ar an taobh eile de, tá tagairtí sa seasamh a ghlac an Chomhairle ag an gcéad léamh don iompar do phaisinéirí a dhéanann an teachtaireacht doiléir agus nach bhfuil iomchuí do reachtaíocht atá dírithe ar ráthaíochtaí breise a thabhairt do thraenacha lasta. - Roghnú na gconairí Tá de dhifear idir an seasamh a ghlac an Chomhairle ag an gcéad léamh agus an seasamh ó Pharlaimint na hEorpa sa mhéid is go dtugann sé isteach liosta conairí in Iarscríbhinn a glacadh trí chomhchinnteoireacht. CONCLÚID Measann an Coimisiún go bhféadfadh an seasamh a ghlac an Chomhairle ag an gcéad léamh (d'aon toil), cabhrú le cuspóirí ginearálta an togra, in ainneoin cur chuige rópholaitiúl a bheith ann nach ndéileálann a dhóthain le riachtanais iarbhír an mhargaidh agus in ainneoin easpa uaillmhéine i dtaca le ráthaíochtaí breise a thabhairt do thraenacha lasta ag an mbonneagar. Cuireann an Coimisiún in iúl a fhorchoimeádais i dtaca leis an gcreat arna thabhairt isteach ag an gComhairle maidir le húsáid na gníomhartha arna dtarmligean ag an gCoimisiún, mar atá sonraithe in Airteagal 4(8). Dá bhrí sin, is féidir leis an gCoimisiún tacú leis an seasamh a ghlac an Chomhairle ag an gcéad léamh.