52010PC0061




[pic] | AN COIMISIÚN EORPACH |

An Bhruiséil 24.2.2010

COIM(2010) 61 leagan deireanach

2010/0039 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

ag leasú Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (FRONTEX)

{SEC(2010) 149}{SEC(2010) 150}

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Tugtar aghaidh sa togra seo ar leasuithe a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (FRONTEX). Tá gá leis na leasuithe sin chun a áirithiú go mbeidh leagan amach cuí ar Ghníomhaireacht FRONTEX agus go bhfeidhmeoidh sí i gceart sna blianta amach romhainnn. Is é is cuspóir don togra an Rialachán a oiriúnú, i bhfianaise na meastóireachtaí a rinneadh agus na taithí praiticiúla, ar mhaithe le sainordú na Gníomhaireachta a shoiléiriú agus le haghaidh a thabhairt ar easpaí sainaitheanta.

Comhthéacs ginearálta

Bunaíodh Gníomhaireacht FRONTEX in 2004 agus thosaigh sí ag feidhmiú in 2005. Faoi mar a iarradh i gClár na Háige, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht an 13 Feabhra 2008 maidir le meastóireacht agus forbairt a dhéanamh ar Ghníomhaireacht FRONTEX (COIM(2008) 67 leagan deireanach), agus cuireadh measúnú iarmharta i gceangal leis an Teachtaireacht sin.

Eisíodh moltaí sa Teachtaireacht, moltaí a bhain leis an ngearrthéarma agus leis an meántéarma, agus seoladh smaointe faoi fhorbairt na Gníomhaireachta san fhadtéarma.

Chuir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa fáilte roimh Theachtaireacht 2008, agus bhí an dá institiúid sin ar aon tuairim leis an gCoimisiún gur éirigh go han-mhaith leis an nGníomhaireacht ó bunaíodh í agus d'iarr siad an Ghníomhaireacht a neartú tuilleadh. Tá an cuspóir sin léirithe freisin in a lán conclúidí ón gComhairle agus ón gComhairle Eorpach, sa Chomhaontú um inimirce agus tearmann, agus i gClár Stócólm, a ghlac an Chomhairle Eorpach an 10-11 Nollaig 2009, lenar iarradh an Ghníomhaireacht a neartú, go háirithe trína creat dlíthiúil a athbhreithniú. Tá ról na Gníomhaireachta i mbainistiú comhtháite theorainneacha an Aontais, agus an treo atá beartaithe di don todhchaí, faoi réir chomhthoil láidir a fháil ar an leibhéal idirinstitiúideach.

Mar bhreis ar an Tuarascáil thuasluaite ón gCoimisiún ar an meastóireacht agus ar fhorbairt Ghníomhaireacht FRONTEX sa todhchaí, rinneadh meastóireacht neamhspleách sa bhliain 2008, mar a éilíodh le hAirteagal 33 de Rialachán FRONTEX. Ar bhonn na meastóireachta sin, chuir Bord Bainistíochta FRONTEX sraith moltaí a bhaineann le hathruithe ar bhunús dlí na Gníomhaireachta chuig an gCoimisiún.

Tá na moltaí ar fad a bhí i dTeachtaireacht 2008 agus moltaí an Bhoird Bainistíochta léirithe sa togra seo a mhéid a bhfuil gá acu le leasú ar chreat dlíthiúil na Gníomhaireachta, ach amháin i gcás na n-eisceachtaí atá luaite sa mheasúnú iarmharta.

Forálacha atá ann cheana

Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2004 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 lena mbunaítear meicníocht chun Foirne Mear-Idirghabhála Teorann a chruthú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle maidir leis an meicníocht sin agus lena rialaítear cumhachtaí agus cúraimí na n-aoi-oifigeach.

Treoir 2005/358/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 2005 lena n-ainmnítear oifig chláraithe na Gníomhaireachta Eorpaí chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh.

2. COMHAIRLIÚCHÁN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ IARMHARTA

DE THORADH NA TEACHTAIREACHTA SIN , eagraíodh díospóireachtaí forleathana sa Chomhairle agus i bParlaimint na hEorpa. D'eagraigh an tsochaí shibhialta agus lucht léinn díospóireachtaí freisin ar an ról atá ag FRONTEX maidir le beartas inimirce an Aontais.

Tharla díospóireachtaí rialta agus malartú faisnéise le Ballstáit le linn chruinnithe Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta. Rinne an Ghníomhaireacht tuairisciú ar bhonn leanúnach ar a gníomhaíochtaí sa Bhord Bainistíochta, sna hinstitiúidí agus trí thuarascálacha éagsúla a foráladh leis an mbunús dlí. Thairis sin, eagraíodh seisiúin chomhairliúcháin idir oifigigh an Choimisiúin a mbíonn teagmháil acu le Gníomhaireacht FRONTEX agus a macasamhla sa Ghníomhaireacht.

An 10 Meán Fómhair 2009, i gcomhar le húdaráis na hOstaire, d'eagraigh FRONTEX ceardlann in Baden na hOstaire do chomhaltaí nó d'ionadaithe an Bhoird Bainistíochta, faoi chathaoirleacht an Choimisiúin, agus is éard a bhí faoi chaibidil sa cheardlann sin athbhreithniú ar chreat dlíthiúil na Gníomhaireachta. Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle, freisin, leis na Ballstáit sa Choiste um Inimirce agus Tearmann le linn chruinniú an Choiste an 5 Deireadh Fómhair 2008.

Measúnú iarmharta

Rinneadh measúnú iarmharta – doiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin SEC(2010) 149. Rinneadh measúnú ar fhoroghanna maidir leis na "bloic thógála" seo a leanas, agus léiríonn siad príomhchuspóirí agus gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta:

- Athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha atá ann cheana maidir le húsáid trealaimh theicniúil i gcomhoibríochtaí, lena n-áirítear na meicníochtaí i gcomhair rannchuidiú trealaimh den sórt sin ó na Ballstáit;

- Meicníochtaí chun feabhas a chur ar infhaighteacht gardaí teorann i gcomhoibríochtaí;

- Athbhreithniú a dhéanamh ar ról na Gníomhaireachta maidir le hoibríochtaí a ullmhú, a chomhordú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear cúraimí a chomhroinnt idir an Ghníomhaireacht agus na Ballstáit;

- Sainordú na Gníomhaireachta a leathnú i dtaca le comhar le tríú tíortha maidir le bainistiú teorann;

- Sainordú a thabhairt don Ghníomhaireacht maidir le sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil;

- Sainordú na Gníomhaireachta a athbhreithniú maidir le hoibríochtaí cur ar ais;

- Sainordú a thabhairt don Ghníomhaireacht chun rannchuidiú le meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht na mBallstát i réimse an bhainistithe teorann.

Rinneadh na roghanna beartais a mheasúnú de réir na gcritéar seo a leanas:

- An rannchuidíonn an rogha chun an easpa atá aitheanta a shásamh, i.e. an cuspóir/na cuspóirí ábhartha a bhaint amach níos fearr?

- An mbaineann iarmhairt do thríú tíortha leis an rogha?

- An bhfuil tionchar buiséadach ag an rogha ar an nGníomhaireacht nó ar na Ballstáit?

- Cad iad na hiarmhartaí a d'fhéadfadh a bheith ann do chearta bunúsacha?

Is é rogha na tosaíochta sa mheasúnú iarmharta meascán de na foroghanna seo a leanas:

- Meicníocht leasaithe ina gcuimsítear rannchuidiú éigeantach trealaimh ó na Ballstáit mar aon le trealamh FRONTEX féin bheith á fháil/á léasú de réir a chéile, bunaithe ar anailísí breise ar na riachtanais agus ar an costais;

- Meicníocht leasaithe ina gcuimsítear soláthar éigeantach acmhainní daonna ó na Ballstáit mar aon le díorma de ghardaí teorann ar iasacht leathbhuan ó na Ballstáit le FRONTEX, agus bheadh stádas saineolaithe náisiúnta acu sin;

- Ról comhcheannais a thabhairt don Ghníomhaireacht chun comhoibríochtaí a chur chun feidhme, mar aon le rialacha mionsonraithe don phlean oibríochta, don mheastóireacht, agus don tuairisciú ar theagmhais, agus is í FRONTEX a chuirfeadh na rialacha sin i bhfeidhm;

- É a chur ar chumas FRONTEX tionscadail chúnaimh theicniúil a mhaoiniú agus a chur chun feidhme i dtríú tíortha agus oifigigh idirchaidrimh a imscaradh i dtríú tíortha;

- Sainordú teoranta a thabhairt do FRONTEX chun sonraí pearsanta a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne líonraí coiriúla a bhíonn ag eagrú inimirce neamhdhleathach, ar choinníoll go bhfuil an phróiseáil a dhéanann FRONTEX ar na sonraí pearsanta sin de réir an dlí, riachtanach agus comhréireach maidir le cúraimí na Gníomhaireachta;

- Ról comhordaithe a thabhairt do FRONTEX chun comhoibríochtaí cur ar ais a chur chun feidhme;

- Sainordú a thabhairt do FRONTEX chun rioscaí agus ceanglais oibríochtúla sna Ballstáit a anailísiú.

Tar éis tuairimí a fháil ón gcoiste um an measúnú iarmharta an 8 Nollaig 2009 agus an 11 Eanáir 2010, tá leasú suntasach déanta ar an measúnú iarmharta, go háirithe maidir leis an sainmhíniú ar an bhfadhb agus leis an mbonnlíne, leis an sainmhíniú ar na cuspóirí ginearálta agus oibríochtúla, leis na codanna a bhaineann le coimhdeacht agus comhréireacht, agus le costais.

Léirítear rogha na tosaíochta go hiomlán sa togra reachtach seo, ach amháin i gcás sainordú teoranta a thabhairt do FRONTEX chun sonraí pearsanta a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne líonraí coiriúla a bhíonn ag eagrú inimirce neamhdhleathach a phróiseáil. Níl an Coimisiún den tuairim gur cheart fiosrú a dhéanamh ar na deiseanna ar fad atá ann chun an comhrac i gcoinne imircigh a smuigleáil agus i gcoinne na gáinneála ar dhaoine a threisiú. Is fearr leis, áfach, díriú ar cheist na sonraí pearsanta i ndáil leis an straitéis fhoriomlán do mhalartú faisnéise a dhéanfar a thíolacadh níos déanaí an bhliain seo agus aird a thabhairt ar an smaoineamh atá le déanamh faoin tslí ina bhforbrófar an comhar idir Ghníomhaireachtaí maidir le ceartas agus gnóthaí baile mar a éilíodh i gClár Stócólm.

3. EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA

Achoimre

Léirítear sna leasuithe is tábhachtaí atá beartaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle na hathruithe a bhfuil gá leo chun fónamh do rogha na tosaíochta atá sa mheasúnú iarmharta. Thairis sin, tugadh isteach mionleasuithe áirithe nach mbaineann ach le gnéithe riaracháin go bunúsach, agus tugadh aird ar mholtaí an Bhoird Bainistíochta, agus tugadh isteach forálacha nua "caighdeánacha" atá in úsáid i dtograí eile ón gCoimisiún chun Gníomhaireachtaí nua a bhunú.

Bunús dlí

Airteagal 74 agus Airteagal 77(1) (b) agus (c) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Déanann an togra seo leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht FRONTEX, a leasaíodh in 2007 le Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear meicníocht chun Foirne Mear-Idirghabhála Teorann a bhunú, a bhí bunaithe ar fhorálacha comhionanna den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, is é sin le rá Airteagal 62(2)(a) agus Airteagal 66.

Prionsabal na coimhdeachta

Is éard a fhoráiltear le hAirteagal 74 go nglacfaidh an Chomhairle bearta chun comhar riaracháin a áirithiú idir ranna inniúla na mBallstát sna réimsí a thagann faoin Teideal seo, agus idir na ranna sin agus an Coimisiún.

Le hAirteagal 77(1)(b) agus (c) tugtar de chumhacht don Aontas beartas a fhorbairt d'fhonn seiceálacha a dhéanamh ar dhaoine agus monatóireacht éifeachtúil a dhéanamh ar thrasnú na dteorainneacha seachtracha, agus córas comhtháite chun na teorainneacha seachtracha a bhainistiú a thabhairt isteach ar bhonn céimnitheach.

Tá an togra seo suite laistigh de na teorainneacha a leagtar síos leis na forálacha seo agus, go háirithe, urramaítear comhroinnt na n-inniúlachtaí a fhoráiltear leis an gConradh sa chaoi is go luíonn an fhreagracht i gcónaí ar na Ballstáit as a dteorainneacha seachtracha féin a rialú. Comhlíonann an togra seo, go háirithe, an prionsabal nach bhféadfaidh aoi-oifigigh cúraimí a chomhlíonadh ná cumhachtaí a fheidhmiú, i gcás oibríochtaí arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht, ach amháin faoi threoracha ghardaí teorann an Bhallstáit aíochta agus, mar riail ghinearálta, i láthair na ngardaí sin. Is iad gardaí teorann an Bhallstáit aíochta amháin a dhéanfaidh cinntí maidir le cead isteach a dhiúltú i gcomhréir le Cód Teorainneacha Schengen. Ní aistrítear aon chumhacht cinnteoireachta i ndáil leis sin don Ghníomhaireacht.

Is ionann cuspóirí an togra seo agus forbairt bhreise ar an mbainistiú comhtháite a dhéantar ar an gcomhar oibríochtúil, agus cé go n-urramaíonn sé na srianta bunúsacha céanna atá sna forálacha reatha, ní féidir leis na Ballstáit na cuspóirí sin a bhaint amach ar shlí leordhóthanach.

Prionsabal na comhréireachta

Dearbhaítear in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach nach rachaidh aon ghníomhaíocht de chuid an Aontais thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an Chonartha a bhaint amach. An fhoirm a roghnófar le haghaidh ghníomhaíocht seo an Aontais, ní foláir di a áirithiú gur féidir cuspóir an togra a bhaint amach agus a chur chun feidhme ar shlí atá chomh héifeachtaí agus is féidir.

Is éard atá sa tionscnamh atá beartaithe, is é sin leasú ar an Rialachán, ná forbairt bhreise ar acquis Schengen lena ndéantar eagrú na hinimirce neamhdhleathaí a chomhrac agus lena n-áirithítear comhar idir ranna ábhartha riaracháin na mBallstát, agus idir na ranna sin agus an Coimisiún chomh maith. Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta dá bhrí sin.

Rogha ionstraime

An ionstraim atá beartaithe: Rialachán.

Ní bheadh ionstraim eile leordhóthanach mar go bhfuil an togra reatha ag déanamh leasú ar rialachán.

4. IMPLEACHT BHUISÉADACH

LEASAÍTEAR LEIS AN TOGRA SEO RIALACHÁN ATÁ ANN CHEANA MAIDIR LE SAINORDÚ AGUS FEIDHMIÚ GNÍOMHAIREACHTA EORPAÍ. TÁ AN FÓIRDHEONTAS A BHAINEANN LE GNÍOMHAIREACHT FRONTEX CLÚDAITHE CHEANA FAOI BHUISÉAD AN AONTAIS.

5. FAISNÉIS BHREISE

Na hiarmhairtí atá ag na prótacail éagsúla atá i gceangal leis na Conarthaí agus ag na comhaontuithe comhlachais a cuireadh i gcrích le tríú tíortha

Tá an bunús dlí atá leis an togra seo le fáil i dTeideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bharr sin, tá feidhm ag an gcóras 'geoiméadracht athraitheach', dá bhforáiltear i bprótacail maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe, na hÉireann agus na Danmhairge agus i bprótacal Schengen. Is forbairt é an togra seo ar acquis Schengen. Ní foláir na hiarmhairtí seo a leanas maidir leis na prótacail éagsúla a mheas dá bhrí sin:

An Ríocht Aontaithe agus Éire

Ní bheidh an Ríocht Aontaithe ná Éire rannpháirteach sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal ar acquis Schengen atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus le hAirteagal 8(2) de Chinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir le hiarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen.

An Danmhairg

Faoin bPrótacal ar sheasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ní bheidh an Danmhairg rannpháirteach nuair a ghlacfaidh an Chomhairle bearta de bhun Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Is forbairt é an togra seo ar acquis Schengen, agus faoi Airteagal 4 den Phrótacal cinnfidh an Danmhairg, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle beart a ghlacadh ar thogra nó ar thionscnamh chun cur leis an gcuid sin de acquis Schengen atá clúdaithe faoin gCuid seo, an gcuirfidh nó nach gcuirfidh sí an cinneadh sin chun feidhme ina dlí náisiúnta.

An Íoslainn agus an Iorua

Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is éard atá sa togra seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá Stát sin le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen[1].

An Eilvéis

Maidir leis an Eilvéis, is éard atá sa togra seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas na Cónaidhme le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen[2].

Lichtinstéin

Maidir le Lichtinstéin, is éard atá sa togra seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Conaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen[3].

Achoimre ghonta ar na leasuithe atá beartaithe

Airteagal 1, Bunú na Gníomhaireachta

- soiléiriú ar an gcreat dlí ina n-oibríonn an Ghníomhaireacht

Airteagal 1a, Sainmhínithe

- soiléiriú ar an sainmhíniú ar "Ballstát aíochta"

- tabhairt isteach an choicheapa "Foirne Comhthacaíochta FRONTEX"

- leasú ar an sainmhíniú ar "trealamh teicniúil"

Airteagal 2, Príomhchúraimí

- mír 1 (c): an obair a bhaineann le hanailís riosca a leathnú

- mír 1 (d): an obair a bhaineann le taighde a neartú

- mír 1 (f): deis a thabhairt isteach comhoibríochtaí cur ar ais a chomhordú

- mír 1 (h): cúram nua a bhaineann le córais faisnéise a fhorbairt agus a oibriú

- mír 1 (i): cúram nua a bhaineann le cúnamh a thabhairt do Eurosur

- mír 1a: oibleagáid go mbeidh an oiliúint chuí i gcearta bunúsacha ar an bpearsanra ar fad a ghlacann páirt i gcomhoibríochtaí nó i gcomhoibríochtaí cur ar ais

- mír 2, 3ú fleasc: meicníocht a thabhairt isteach chun tuairisc a thabhairt don Bhord Bainistíochta ar ghníomhaíochtaí oibríochtúla idir na Ballstát agus tríú tíortha.

Airteagal 3, Comhoibríochtaí agus treoirthionscadail ag na teorainneacha seachtracha

- mír 1: oibleagáid a thabhairt isteach chun plean oibríochta a tharraingt suas, réamhanailís riosca a dhéanamh agus deis a thabhairt don Ghníomhaireacht deireadh a chur le hoibríochtaí mura bhfuil na coinníollacha á gcomhlíonadh a thuilleadh

- mír 2: nua - oibleagáid a thabhairt isteach don Ghníomhaireacht díorma de ghardaí teorann (Foirne Comhthacaíochta FRONTEX) a bhunú

- mír 4: oibleagáid a thabhairt isteach na tuarascálacha ar mheastóireacht ar na hoibríochtaí a chur chuig an mBord Bainistíochta faoi cheann 60 lá ón lá a thagann deireadh leis an oibríocht

- mír 5: deis tacaíocht airgeadais bhreise a fháil

Airteagal 3a, Gnéithe oibríochtúla a bhaineann le comhoibríochtaí agus le treoirthionscadail (Nua)

Déantar cur síos ar Airteagal nua agus leagtar síos i mír 1 den Airteagal sin na coinníollacha a bhaineann leis an oibleagáid plean oibríochta a tharraingt suas do na hoibríochtaí ar fad. Tá foráil déanta san Airteagal sin maidir le hinneachar agus comhchodanna an phlean oibríochta, na cúraimí agus na freagrachtaí faoi seach, comhdhéanamh na bhfoirne, ceannas agus rialú, na meicníochtaí tuairiscithe, i.e. meastóireacht agus tuairisciú teagmhas, an trealamh teicniúil agus an dlínse is infheidhme.

Tá foráil déanta i mír 2 agus mír 3 go mbeidh oibleagáid ar an nGníomhaireacht agus ar an mBallstát iarrthach teacht ar chomhaontú faoin bplean oibríochta agus go mbeidh ar an nGníomhaireacht cur chun feidhme oibríochtúil na ngnéithe eagrúcháin ar fad a áirithiú.

Airteagal 3b, Comhdhéanamh agus imscaradh Fhoirne Comhthacaíochta FRONTEX (Nua)

Tugtar míniú ar Airteagal nua ina leagtar amach an méid seo a leanas:

Mír 1: na coinníollacha a bhaineann le próifílí na ngardaí teorann agus líon na ngardaí teorann a chuirfear ar fáil d'Fhoirne Comhthacaíochta FRONTEX

Mír 2: oibleagáid ar an nGníomhaireacht rannchuidiú le Foirne Comhthacaíochta FRONTEX

Mír 3: oibleagáid ar na Ballstáit na gardaí teorann a chur ar fáil lena n-imscaradh

Mír 4: oibleagáid ar bhaill na bhfoirne a ndualgais a chomhlíonadh, agus á dhéanamh sin, cearta bunúsacha agus dínit an duine a urramú go hiomlán

Mír 5: cumarsáid maidir le Foirne Comhthacaíochta FRONTEX a dhéanfar tríd na pointí náisiúnta teagmhála

Mír 6: oibleagáid ar an nGníomhaireacht oifigeach comhordaithe a ainmniú nuair a imscartar baill d'Fhoirne Comhthacaíochta FRONTEX

Mír 7: oibleagáid ar an nGníomhaireacht an costas ar ghardaí teorann na mBallstát atá rannpháirteach i bhFoirne Comhthacaíochta FRONTEX a chlúdach

Airteagal 4, Anailís riosca

Cuirtear oibleagáid ar na Ballstáit an fhaisnéis is gá maidir le bagairtí ag teorainneacha seachtracha a sholáthar.

Cuirtear fleasc nua isteach lena gcuirtear oibleagáid ar an nGníomhaireacht meastóireacht rialta a dhéanamh ar an gcumas atá sna Ballstáit aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ag teacht chun cinn ag na teorainneacha seachtracha.

Airteagal 5, Oiliúint

Cuirtear oibleagáid nua ar na Ballstáit na lárchuraclaim choiteanna a chuimsiú san oiliúint a chuirtear ar na gardaí teorann náisiúnta, agus tagairt shainráite nua a thugann le fios go mbeidh gnéithe a bhaineann le cearta bunúsacha ar áireamh san oiliúint, amhail is atá cheana féin i gclár oibre FRONTEX.

Airteagal 6, Taighde

Ról na Gníomhaireachta a neartú, i.e. monatóireacht ar fhorbairtí i ngníomhaíochtaí taighde ábhartha agus rannchuidiú a thabhairt do na forbairtí sin

Airteagal 7, Trealamh teicniúil

Leasaítear na forálacha a bhaineann le trealamh teicniúil mar seo a leanas:

Mír 1: sainmhíniú ar shainordú na Gníomhaireachta maidir le trealamh teicniúil a fháil mar éadáil nó ar léas agus na rialacha cláraithe a bhaineann le trealamh trom

Mír 2: oibleagáid ar an nGníomhaireacht taifid láraithe a bhunú agus a choimeád do chomhthiomsú de threalamh teicniúil (CTT)

Mír 3: oibleagáid ar na Ballstáit rannchuidiú le CTT chun gur féidir méid íosta trealaimh a bheith ann a chlúdóidh riachtanais na Gníomhaireachta

Mír 4: rialacha maidir leis an mbainistiú a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht ar CTT

Mír 5: rialacha maidir le haisíocaíocht i leith an méid íosta de gach cineál trealaimh, na coinníollacha a bhaineann lena imscaradh agus na costais incheadaithe

Mír 6: oibleagáid tuairiscithe ar an nGníomhaireacht maidir le comhdhéanamh agus imscaradh an trealaimh sin atá ina chuid de CTT agus bearta a dhéanfaidh an Bord Bainistíochta ina dhiaidh sin

Airteagal 8, Tacaíocht do na Ballstáit in imthosca ina bhfuil gá le cúnamh breise teicniúil agus oibríochtúil ag na teorainneacha seachtracha

Scriosadh an tAirteagal seo, ós rud é go bhfuil an méid atá ann clúdaithe go leormhaith faoi na forálacha a bhaineann le comhoibríochtaí, trealamh teicniúil, agus Foirne Comhthacaíochta FRONTEX.

Airteagal 8e, Plean oibríochta

Mír 1: oiriúnuithe a bhfuil gá leo de réir fhorálacha Airteagal 3a nua

Airteagal 8h, Costais

Mír 1: cuirtear isteach foráil a bhaineann le haisíoc an chostais ar Fhoirne Comhthacaíochta FRONTEX

Airteagal 9, Comhar maidir le cur ar ais

Mír 1: soiléiriú ar bheartas cur ar ais an AE, ar fhorálacha airgeadais agus deis nua do Bhallstát a iarraidh ar an nGníomhaireacht comhordú oibríochta cur ar ais a áirithiú.

Mír 2-3: oibleagáid ar an nGníomhairecht Cód Iompraíochta a ghlacadh a chuirfear i bhfeidhm le linn comhoibríochtaí cur ar ais, lena n-áirítear le linn monatóireachta ar chur ar ais éigeantach agus cearta bunúsacha a urramú.

Mír 4: oibleagáid ar na Ballstáit an Ghníomhaireacht a chur ar an eolas faoi na hoibríochtaí cur ar ais atá beartaithe acu agus faoin méid cúnaimh a iarrfar ar an nGníomhaireacht. Oibleagáid ar an nGníomhaireacht plean oibríochta rollach a tharraingt suas agus déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh de réir an phlean sin.

Mír 5: soiléiriú ar ról na Gníomhaireachta maidir leis na tríú tíortha ábhartha a shainaithint

Airteagal 11, Córais mhalartaithe faisnéise

Modhnú ar ról na Gníomhaireachta i.e. oibleagáid maidir le malartú faisnéise a éascú.

Cuirtear oibleagáid ar an nGníomhaireacht córas faisnéise a fhorbairt agus a oibriú trína bhféadfar faisnéis rúnaicmithe a mhalartú.

Airteagal 11a, Cosaint sonraí (Nua)

Oibleagáid ar an nGníomhaireacht sonraí a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán 45/2001 agus ar an mBord Bainistíochta bearta a leagan síos chun an Rialachán sin a chur i bhfeidhm.

Airteagal 11b, Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamhaicmithe a chosaint (Nua)

Oibleagáid ar an nGníomhaireacht na prionsabail slándála atá foráilte le Cinneadh 2001/844 a chur i bhfeidhm maidir le faisnéis rúnaicmithe. Oibleagáid faisnéis íogair neamhaicmithe a phróiseáil de réir mar a ghlacfaidh an Coimisiún í agus mar a chuirfidh sé chun feidhme í.

Airteagal 13, Comhar le gníomhaireachtaí agus le comhlachtaí an Aontais Eorpaigh agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta

Cuirtear isteach an deis comhoibriú le gníomhaireachtaí agus le comhlachtaí eile san Aontas Eorpach.

Airteagal 14, Comhar oibríochtúil le tríú tíortha agus comhar le húdaráis inniúla i dtríú tíortha a éascú

Cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

Mír 2: deis nua don Ghníomhaireacht oifigigh idirchaidrimh a imscaradh i dtríú tíortha

Mír 3: tuairisc ar chúraimí na n-oifigeach idirchaidrimh

Mír 4: deis nua don Ghníomhaireacht leas a bhaint as maoiniú an Aontais chun tionscadail chúnaimh theicniúil a sheoladh i dtríú tíortha agus cuireadh a thabhairt do bhreathnóirí.

Mír 5: oibleagáid ar na Ballstáit soiléiriú a thabhairt, nuair is iomchuí, ar ról na Gníomhaireachta i gcomhaontuithe déthaobhacha le tríú tíortha

Mír 7: beidh imscaradh oifigeach idirchaidrimh agus tabhairt i gcrích socruithe oibre le tríú tíortha faoi réir formheas a fháil ón gCoimisiún roimh ré

Airteagal 15a, Comhaontú maidir le Ceanncheathrú (Nua)

Soiléiriú ar an gá atá le Comhaontú maidir le Ceanncheathrú idir an Ghníomhaireacht agus an Ballstát aíochta agus na coinníollacha a bhaineann leis an gComhaontú sin.

Airteagal 17, Foireann

Mír 3: soiléiriú ar an ról atá ag foireann na Gníomhaireachta maidir le foireann cháilithe a chur ar fáil chun páirt a ghlacadh i ngíomhaíochtaí oibríochtúla

Airteagal 20, Cumhachtaí an Bhoird Bainistíochta

Mír 2 (h): gá le comhaontú a fháil ón gCoimisiún roimh ré chun struchtúr eagrúcháin agus beartas foirne na Gníomhaireachta a ghlacadh/a leasú (nua)

Mír 2 (i): cuirtear foráil isteach maidir le Plean Ilbhliantúil na Gníomhaireachta a fhormhuiniú (nua)

Mír 4: léiriú ar ról neartaithe na Gníomhaireachta maidir le gníomhaíochtaí taighde ábhartha

Airteagal 21, Comhdhéanamh an Bhoird Bainistíochta

Mír 1: scriostar an srian a bhí le síneadh an téarma oifige

Mír 3: cuirtear isteach tagairt do na comhaontuithe comhlachais a tugadh i gcrích

Airteagal 25, Feidhmeanna agus cumhachtaí an Stiúrthóra Feidhmiúcháin

Mír 3 (g): cuirtear isteach oibleagáid maidir leis na pleananna oibríochta a chur chun feidhme.

2010/0039 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

ag leasú Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (FRONTEX)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 74 agus Airteagal 77(1) (b) agus (c) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Tar éis dóibh an togra a chur chuig na Parlaimintí náisiúnta,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Tá sé ina mhórchuspóir beartais ag an Aontas Eorpach beartas imirce Eorpach atá réamhbhreathnaitheach agus cuimsitheach a fhorbairt, agus atá bunaithe ar dhlúthpháirtíocht agus ar fhreagracht.

(2) Is éard is aidhm do bheartas an Aontais i ndáil le teorainneacha seachtracha bainistiú comhtháite a dhéanamh lena n-áiritheofar ardleibhéal aonfhoirmeach rialaithe agus faireachais, rud a bhfuil gá leis do shaorghluaiseacht daoine laistigh den Aontas Eorpach agus ar gné bhunúsach é de Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais. Chun na críche sin, foráiltear go mbunófar rialacha coiteanna maidir le caighdeáin agus le nósanna imeachta ar mhaithe leis na teorainneacha seachtracha a rialú.

(3) Chun na rialacha coiteanna a chur chun feidhme ar shlí éifeachtúil tá gá le comhordú breise a dhéanamh ar an gcomhar oibríochtúil idir na Ballstáit.

(4) Urramaítear leis an Rialachán seo cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear, go háirithe, i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe, dínit an duine, toirmeasc ar chéasadh agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, an ceart chun saoirse agus slándála, an ceart chun cosaint sonraí pearsanta, an ceart chun tearmainn, non-refoulement, neamh-idirdhealú, cearta an linbh agus an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil. Ba cheart do na Ballstáit an Rialachán seo a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na cearta agus na prionsabail sin.

(5) Sa bhliain 2004, ghlac an Chomhairle Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach chun Comhar Oibríochtúil a Bhainistiú ag Teorainneacha Seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (FRONTEX)[4], dá ngairfear "an Ghníomhaireacht" anseo feasta, agus cuireadh tús le hobair na Gníomhaireachta i mBealtaine 2005.

(6) Sa bhliain 2007, leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 le Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 lena mbunaítear meicníocht chun Foirne Mear-Idirghabhála Teorann a chruthú[5].

(7) Cabhraíonn bainistiú éifeachtúil ar theorainneacha seachtracha trí sheiceálacha agus trí fhaireachas leis an gcomhrac i gcoinne na hinimirce neamhdhleathaí agus i gcoinne na gáinneála ar dhaoine agus le haon bhagairt ar shlándáil inmheánach, ar bheartas poiblí, ar shláinte phoiblí agus ar chaidreamh idirnáisiúnta na mBallstát a chosc.

(8) Ní hamháin go dtéann rialú teorann ag na teorainneacha seachtracha chun leasa an Bhallstáit a gcuirtear i gcrích ag a theorainneacha seachtracha é, ach téann sé chun leasa na mBallstát go léir a chuir deireadh le rialú ag teorainneacha inmheánacha.

(9) Éilítear soiléiriú agus méadú ar an ról atá ag FRONTEX maidir le teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh a bhainistiú sa chlár ilbhliantúil um Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais a fhónann do na saoránaigh arna ghlacadh ag an gComhairle Eorpach an 10/11 Nollaig 2009 (Clár Stócólm).

(10) Ba cheart sainordú na Gníomhaireachta a athbhreithniú, dá bhrí sin, d'fhonn inniúlachtaí oibríochtúla na Gníomhaireachta a neartú, ach a áirithiú lena linn sin, freisin, go bhfuil gach beart a dhéantar i gcomhréir leis na cuspóirí arna saothrú agus go n-urramaítear go hiomlán cearta bunúsacha agus cearta dídeanaithe agus lucht iarrtha tearmainn, lena n-áirítear go háirithe an toirmeasc ar refoulement.

(11) Ba cheart na deiseanna atá ann faoi láthair cúnamh éifeachtach a chur ar fáil do na Ballstáit maidir le gnéithe oibríochtúla a bhaineann le bainistiú ar na teorainneacha seachtracha a threisiú mar go bhfuil baint ag an méid sin leis na hacmhainní teicniúla atá ar fáil; ní mór don Ghníomhaireacht bheith ábalta an comhordú ar chomhoibríochtaí nó ar threoirthionscadail a phleanáil chomh beacht agus a bhfuil gá leis.

(12) Na leibhéil íosta den trealamh teicniúil a bhfuil gá leis agus é curtha ar fáil ag na Ballstáit agus/nó ag an nGníomhaireacht ar bhonn éigeantach, cuideoidh an méid sin go mór chun na hoibríochtaí atá beartaithe agus a bheidh comhordaithe ag an nGníomhaireacht a phleanáil níos fearr agus a chur chun feidhme.

(13) Ba cheart don Ghníomhaireacht liostaí den trealamh teicniúil arna chur ar fáil ag na Ballstáit agus ag an nGníomhaireacht a bhainistiú, agus, ar an gcaoi sin, cuideoidh sí chun acmhainní ábhair a chomhthiomsú. Ba cheart an líon is lú catagóirí agus is féidir den trealamh teicniúil a bhfuil gá leis chun an Ghníomhaireacht a chumasú lena gníomhaíochtaí a chur i gcrích a bheith ar áireamh sna liostaí sin.

(14) D'fhonn oibríochtaí éifeachtacha a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit líon iomchuí gardaí teorann oilte a chur ar fáil le bheith páirteach i gcomhoibríochtaí agus i dtreoirthionscadail. Ba cheart, dá bhrí sin, foirne de ghardaí teorann a bhunú agus is í an Ghníomhaireacht a imscarfaidh na foirne sin.

(15) Ba cheart don Ghníomhaireacht a bheith ábalta gardaí teorann a thabhairt mar rannchuidiú do na foirne sin, ar gardaí teorann iad atá ar iasacht leis an nGníomhaireacht ó na Ballstáit ar bhonn leathbhuan, agus beidh siad faoi réir an chreata dhlíthiúil chéanna is atá na haoi-oifigigh a thugann na Ballstáit díreach do na Foirne. Ba cheart don Ghníomhaireacht a rialacha inmheánacha maidir le saineolaithe náisiúnta ar iasacht a oiriúnú chun go mbeidh an stát aíochta in ann treoracha a thabhairt díreach do na gardaí teorann le linn comhoibríochtaí agus le linn treoirthionscadal.

(16) Beidh plean oibríochta atá dea-shainithe, lena n-áirítear meastóireacht agus oibleagáid chun teagmhais a thuairisciú, agus a bheidh comhaontaithe roimh thús a chur leis na hoibríochtaí i measc na mBallstát rannpháirteach agus an Ghníomhaireacht, ina gcuidiú mór le cuspóirí an Rialacháin seo trí modus operandi níos comhchuibhithe maidir le comhordú na n-oibríochtaí.

(17) Bainfidh an Ghníomhaireacht úsáid as an scéim tuairiscithe teagmhas chun aon fhaisnéis a bhaineann le líomhaintí inchreidte maidir le sárú Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 nó Chód Teorainneacha Schengen, go háirithe, lena n-áirítear cearta bunúsacha, le linn comhoibríochtaí agus le linn treoirthionscadal a tharchur chuig na húdaráis phoiblí ábhartha agus chuig an mBord Bainistíochta.

(18) Tá sé léirithe gur gné thábhachtach í an anailís riosca chun oibríochtaí a chur i gcrích ag na teorainneacha seachtracha. Ba cheart cáilíocht na hanailíse a fheabhsú trí mhodh a chur leis chun na struchtúir náisiúnta, an trealamh agus na hacmhainní atá ar fáil ag na Ballstáit a mheasúnú.

(19) Ba cheart don Ghníomhaireacht oiliúint ar an leibhéal Eorpach, lena n-áirítear oiliúint ar chearta bunúsacha, a chur ar fáil do theagascóirí náisiúnta gardaí teorann agus oiliúint bhreise agus seimineáir a bhaineann le rialú agus le faireachas ag na teorainneacha seachtracha agus le haistriú náisiúnach tríú tír a fhaightear i láthair go neamhdhleathach sna Ballstáit a chur ar fáil d'oifigigh sna seirbhísí náisiúnta inniúla. Féadfaidh an Ghníomhaireacht gníomhaíochtaí oiliúna a eagrú i gcomhar leis na Ballstáit ar a gcríocha. Ba cheart do na Ballstáit na torthaí ar obair na Gníomhaireachta sa réimse seo a chuimsiú sna cláir oiliúna náisiúnta do na gardaí teorann.

(20) Ba cheart don Ghníomhaireacht monatóireacht a dhéanamh ar na forbairtí a tharlaíonn sa taighde eolaíochta a bhaineann lena réimse cúraim agus ba cheart di rannchuidiú freisin leis na forbairtí sin agus an fhaisnéis sin a scaipeadh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit.

(21) I bhformhór na mBallstát, tagann na gnéithe oibríochtúla a bhaineann le náisiúnaigh tríú tír a fhaightear i láthair go neamhdhleathach sna Ballstáit a chur ar ais faoi inniúlachtaí na n-údarás sin atá freagrach as na teorainneacha seachtracha a rialú. Ós rud é go bhfuil luach breise ag baint leis na cúraimí sin a chur i gcrích ar leibhéal an Aontais, ba cheart don Ghníomhaireacht, i gcomhréir iomlán le beartas an Aontais maidir le cur ar ais, an cúnamh agus an comhordú a bhfuil gá leis a chur ar fáil, dá réir sin, chun comhoibríochtaí cur ar ais na mBallstát a eagrú agus dea-chleachtais maidir le fáil doiciméad taistil a shainaithint agus Cód Iompraíochta a shainiú a mbeadh gá déanamh dá réir agus náisiúnaigh tríú tír a fhaightear i láthair go neamhdhleathach ar chríocha na mBallstát á n-aistriú. Níor cheart aon acmhainní airgeadais de chuid an Aontais a chur ar fáil do ghníomhaíochtaí ná d'oibríochtaí nach gcuirtear i gcrích i gcomhréir leis an gCairt um Chearta Bunúsacha.

(22) Ar mhaithe lena misean a chomhlíonadh agus a mhéad is gá chun a cúraimí a chur i gcrích, féadfaidh an Ghníomhaireacht comhoibriú le Europol, leis an Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn, leis an nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha agus le Gníomhaireachtaí eile agus le comhlachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh, le húdaráis inniúla tríú tíortha agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin atá inniúil in ábhair a chumhdaítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 faoi chuimsiú socruithe oibre a tugadh i gcrích i gcomhréir leis na forálacha ábhartha sa Chonradh. Ba cheart don Ghníomhaireacht an comhar oibríochtúil a éascú idir na Ballstáit agus tríú tíortha faoi chuimsiú bheartas an Aontais Eorpaigh um chaidreamh seachtrach.

(23) Is tábhachtaí anois ná riamh an comhar le tríú tíortha i ndáil le hábhair a chumhdaítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004. Ar mhaithe le múnla seasmhach a bhunú le haghaidh comhair leis na tríú tíortha ábhartha, ba cheart deis a bheith ag an nGníomhaireacht tionscadail um chúnamh teicniúil a sheoladh agus a mhaoiniú agus oifigigh idirchaidrimh a imscaradh i dtríú tíortha. Tar éis di an oiliúint a bhfuil gá léi a chur ar fáil, ba cheart deis a bheith ag an nGníomhaireacht cuireadh a thabhairt d'ionadaithe ó na tríú tíortha páirt a ghlacadh ina cuid gníomhaíochtaí. Tá sé ábhartha freisin maidir leis na caighdeáin Eorpacha i mbainistiú teorann a chur chun cinn, lena n-áirítear cearta bunúsacha agus dínit an duine a urramú, comhar a bhunú le tríú tíortha.

(24) Chun coinníollacha fostaíochta oscailte trédhearcacha a áirithiú agus caitheamh go cothrom leis na baill foirne, ba cheart go mbeadh feidhm ag Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile na gComhphobal Eorpach ("na Rialacháin Foirne") i leith na foirne agus i leith Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta, lena n-áirítear na rialacha rúndachta gairmiúla nó oibleagáidí comhionanna rúndachta eile.

(25) Le linn don Ghníomhaireacht a bheith ag próiseáil sonraí pearsanta, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin[6]. Ba cheart don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí monatóireacht a dhéanamh, dá bhrí sin, ar aon phróiseáil a dhéanann an Ghníomhaireacht ar shonraí pearsanta agus ba cheart é a bheith de chumhacht aige rochtain a fháil ón nGníomhaireacht ar gach faisnéis is gá dá fhiosrúcháin nó dá fiosrúcháin.

(26) A mhéad a bhaineann leis na Ballstáit a bheith ag próiseáil sonraí pearsanta, beidh feidhm iomlán ag Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[7].

(27) Le linn don Ghníomhaireacht bainistiú oibríochtúil ar chórais TF a áirithiú, ba cheart di déanamh de réir na gcaighdeán Eorpach agus idirnáisiúnta, agus na ceanglais ghairmiúla is airde a chur san áireamh.

(28) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon an gá le bainistiú comhtháite ar an gcomhar oibríochtúil ag teorainneacha seachtracha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, a bhaint amach go leordhóthanach, agus gur fearr, dá bhrí sin, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a baint amach.

(29) Maidir leis an Íoslainn agus an Iorua, is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir leis an gcomhlachas atá ag an dá Stát sin le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen, a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe A, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle[8] maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe sin. Dá réir sin, ba cheart do thoscaireachtaí ó Phoblacht na hÍoslainne agus ó Ríocht na hIorua bheith ina gcomhaltaí ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta, cé go mbeidh a gcearta vótála teoranta.

(30) Maidir leis an Eilvéis, is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe a tugadh i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an gcomhlachas atá ag Cónaidhm na hEilvéise le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen[9], a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A, B agus G de Chinneadh 1999/437/CE arna léamh i gcomhcheangal le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE maidir leis an gComhaontú a thabhairt i gcrích thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh.

(31) Maidir le Lichtinstéin, is ionann an Rialachán seo agus forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin maidir le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir leis an gcomhlachas atá ag Cónaidhm na hEilvéise le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen, a thagann faoin réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí A, B agus G de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 arna léamh i gcomhcheangal le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/261/CE ón gComhairle[10].

(32) Faoin bPrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh na mbeart de bhun Theideal IV de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ach amháin “bearta lena gcinntear na tríú tíortha a gcaithfidh víosa a bheith i seilbh a gcuid náisiúnach agus iad ag trasnú teorainneacha seachtracha na mBallstát, nó bearta a bhaineann le formáid aonfhoirmeach do víosaí”. Is forbairt ar acquis Schengen an togra seo, agus faoi Airteagal 4 den Phrótacal maidir le seasamh na Danmhairge, “cinnfidh an Danmhairg, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle beart a ghlacadh ar thogra nó tionscnamh chun cur le acquis Schengen faoi fhorálacha Theideal V de Chuid a Trí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, an gcuirfidh nó nach gcuirfidh sí an cinneadh sin chun feidhme ina dlí náisiúnta”.

(33) Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann an Ríocht Aontaithe páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2000/365/CE ón gComhairle an 29 Bealtaine 2000 maidir leis an iarraidh ó Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen[11]. Dá bhrí sin, níl an Ríocht Aontaithe rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur chun feidhme.

(34) Is forbairt é an Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach nglacann Éire páirt iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn páirt a ghlacadh i roinnt forálacha de acquis Schengen[12]. Dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach ina ghlacadh agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur chun feidhme.

(35) Ba cheart don Ghníomhaireacht eagrú gníomhaíochtaí oibríochtúla a éascú inar féidir leis na Ballstáit leas a bhaint as an saineolas agus as na saoráidí a bhféadfadh Éire agus an Ríocht Aontaithe a bheith toilteanach a chur ar fáil, i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe a chinnfidh an Bord Bainistíochta ó chás go chéile. Chun na críche sin, ba cheart cuireadh a thabhairt do thoscaireachtaí ó Éirinn agus ón Ríocht Aontaithe freastal ar chruinnithe uile an Bhoird Bainistíochta ionas go mbeidh siad in ann bheith páirteach go hiomlán sna cinntí a bhaineann le gníomhaíochtaí oibríochtúla den sórt sin a ullmhú.

(36) Tá conspóid ann idir Ríocht na Spáinne agus an Ríocht Aontaithe maidir le críochú theorainneacha Ghiobráltar.

(37) Má chuirtear infheidhmeacht an Rialacháin seo ar fionraí maidir le teorainneacha Ghiobráltar, ní chiallaíonn an méid sin go bhfuil aon athrú ar sheasaimh na Stát lena mbaineann faoi seach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1 Leasú

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1(2):

"2. Á bhreithniú di gurb iad na Ballstáit atá freagrach as rialú agus as faireachas ar na teorainneacha seachtracha, déanfaidh an Ghníomhaireacht an tslí ina gcuirtear bearta an Aontais Eorpaigh atá ann faoi láthair agus a bheidh ann sa todhchaí maidir le bainistiú na dteorainneacha seachtracha a éascú agus a dhéanamh níos éifeachtaí, go háirithe Cód Teorainneacha Schengen[13], agus i gcomhréir le dlí ábhartha an AE, le dlí idirnáisiúnta ábhartha, le hoibleagáidí a bhaineann le rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, agus le cearta bunúsacha. Déanfaidh sí amhlaidh trína áirithiú go gcomhordaítear gníomhaíochtaí na mBallstát agus na bearta sin á gcur chun feidhme, agus, ar an gcaoi sin, rannchuideoidh sí le leibhéal éifeachtach, ard agus aonfhoirmeach de rialú ar dhaoine agus d'fhaireachas ar theorainneacha seachtracha na mBallstát."

(2) Leasaítear Airteagal 1a mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

"2. ciallaíonn "Ballstát aíochta" Ballstát ina n-imscartar Foireann Mear-Idirghabhála Teorann ar a chríoch, nó le hais a chríche, nó a dtarlaíonn comhoibríocht nó treoirthionscadal ar a chríoch, nó le hais a chríche;"

(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4:

"4. ciallaíonn "baill na bhfoirne" gardaí teorann na mBallstát atá ar seirbhís leis an bhFoireann Mear-Idirghabhála Teorann nó le Foireann Comhthacaíochta FRONTEX seachas gardaí teorann an Bhallstáit aíochta;"

(c) cuirtear isteach pointe 7 mar seo a leanas:

"7. ciallaíonn "trealamh teicniúil" aon sórt trealaimh theicniúil a imscartar le linn comhoibríochtaí, treoirthionscadal, Foirne Mear-Idirghabhála Teorann, oibríochtaí cur ar ais nó tionscadal cúnaimh theicniúil."

(3) Leasaítear Airteagal 2 mar seo a leanas:

(a) leasaítear mír 1 mar seo a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (c) agus (d):

"(c) anailísí riosca a dhéanamh, lena n-áirítear an mheastóireacht ar chumas na mBallstát aghaidh a thabhairt ar bhagairtí agus ar bhrú ag na teorainneacha seachtracha;

(d) páirt a ghlacadh i bhforbairt taighde atá ábhartha chun rialú agus faireachas a dhéanamh ar theorainneacha seachtracha;"

(ii) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f):

"(f) an tacaíocht a theastaíonn a chur ar fáil do na Ballstáit, lena n-áirítear, arna iarraidh sin dóibh, comhordú maidir le comhoibríochtaí cur ar ais a eagrú;"

(iii) cuirtear pointí (h) agus (i) isteach mar seo a leanas:

"(h) córais faisnéise a fhorbairt agus a oibriú trína bhféadfar malartú tapa agus iontaofa a dhéanamh ar fhaisnéis a bhaineann le rioscaí atá ag teacht chun cinn ag na teorainneacha seachtracha, lena n-áirítear an Líonra Faisnéise agus Comhordaithe arna bhunú le Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle[14];

(i) an cúnamh is gá a chur ar fáil d'fhorbairt agus d'oibriú córais Eorpaigh faireachais teorann agus, mar is iomchuí, d'fhorbairt comhéadain choitinn chun faisnéis a mhalartú, lena n-áirítear idir-inoibritheacht córas."

(b) cuirtear mír 1a isteach mar seo a leanas:

"Beidh oiliúint i ndlí ábhartha an AE agus i ndlí idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear cearta bunúsacha agus rochtain ar chosaint idirnáisiúnta, curtha ar gach garda teorann agus ar phearsanra eile na mBallstát, agus ar fhoireann na Gníomhaireachta, sula nglacfaidh siad páirt i ngníomhaíochtaí oibríochtúla arna n-eagrú ag an nGníomhaireacht."

(c) cuirtear an méid seo a leanas in ionad na fomhíre deiridh de mhír 2:

"Déanfaidh na Ballstáit tuairisc a chur chuig an nGníomhaireacht ar na hábhair oibríochtúla sin ag na teorainneacha seachtracha atá lasmuigh de réim na Gníomhaireachta. Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bord Bainistíochta ar an eolas faoi na hábhair sin ar bhonn rialta agus uair amháin sa bhliain ar a laghad."

(4) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:

"Airteagal 3

Comhoibríochtaí agus treoirthionscadail ag na teorainneacha seachtracha

1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht na tograí le haghaidh comhoibríochtaí agus le haghaidh treoirthionscadal arna ndéanamh ag na Ballstáit, lena n-áirítear iarrataí ó na Ballstáit a bhaineann le himthosca a éilíonn breis cúnaimh theicniúil agus oibríochtúil, a mheasúnú, a fhormheas agus a chomhordú.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhoibríochtaí agus treoirthionscadail a thionscnamh uaithi féin i gcomhar leis na Ballstáit.

Féadfaidh sí, freisin, a trealamh teicniúil a chur ar fáil do na Ballstáit atá rannpháirteach sna comhoibríochtaí nó sna treoirthionscadail.

Ba cheart anailís riosca chuimsitheach a dhéanamh ar na comhoibríochtaí agus ar na treoirthionscadail.

Féadfaidh an Ghníomhaireacht deireadh a chur le comhoibríochtaí agus le treoirthionscadail, freisin, más rud é nach bhfuil na coinníollacha faoina gcuirtear na tionscnaimh sin i gcrích á gcomhlíonadh a thuilleadh.

2. Is éard a bheidh sa Ghníomhaireacht díorma de ghardaí teorann dá ngairtear Foirne Comhthacaíochta FRONTEX i gcomhréir le forálacha Airteagal 3b, agus féadfar na foirne sin a imscaradh le linn na gcomhoibríochtaí agus na dtreoirthionscadal dá dtagraítear i mír 1. Is í an Ghníomhaireacht a dhéanfaidh cinneadh faoi imscaradh acmhainní daonna agus trealaimh theicniúil i gcomhréir le hAirteagal 3a agus Airteagal 7.

3. Féadfaidh an Ghníomhaireacht oibriú trína brainsí speisialaithe dá bhforáiltear in Airteagal 16, maidir le comhoibríochtaí agus treoirthionscadail a eagrú ar bhonn praiticiúil.

4. Déanfaidh an Ghníomhaireacht meastóireacht ar thorthaí na gcomhoibríochtaí agus na dtreoirthionscadal agus cuirfidh sí na tuarascálacha mionsonraithe ar an meastóireacht sin chuig an mBord Bainistíochta faoi cheann 60 lá i ndiaidh deireadh a chur leis an ngníomhaíocht. Déanfaidh an Ghníomhaireacht anailís chuimsitheach chomparáideach ar na torthaí sin d'fhonn cáilíocht, comhleanúnachas agus éifeachtúlacht oibríochtaí agus thionscadail na todhchaí, a áireofar ina tuarascáil ghinearálta dá bhforáiltear in Airteagal 20(2)(b), a fheabhsú.

5. Féadfaidh an Ghníomhaireacht a chinneadh na comhoibríochtaí agus na treoirthionscadail dá dtagraítear i mír 1 a mhaoiniú nó a chómhaoiniú ag úsáid deontas óna buiséad i gcomhréir leis na rialacha airgeadais atá infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht."

(5) Cuirtear Airteagail 3a, 3b agus 3c isteach mar seo a leanas:

"Airteagal 3a

Gnéithe oibríochtúla a bhaineann le comhoibríochtaí agus le treoirthionscadail

1. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin plean oibríochta a tharraingt suas do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3(1). Tiocfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus an Ballstát aíochta ar chomhaontú faoin bplean oibríochta, agus mionsonrófar na gnéithe eagrúcháin i dtráth cuí roimh an tús atá beartaithe don ghníomhaíocht.

Áireofar an méid seo a leanas sa phlean oibríochta:

(a) tuairisc ar an staid maille le modus operandi agus cuspóirí an imscartha, lena n-áirítear aidhm na hoibríochta;

(b) an fad atá tuartha don chomhoibríocht nó do na treoirthionscadail;

(c) an limistéar tíreolaíoch ina dtarlóidh an chomhoibríocht nó an treoirthionscadal;

(d) tuairisc ar chúraimí agus ar threoracha speisialta do na haoi-oifigigh, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le ceadú incheadaithe bunachar sonraí agus armáin seirbhíse, armlón agus trealamh a bheidh incheadaithe sa Bhallstát aíochta;

(e) comhdhéanamh fhoirne na n-aoi-oifigeach;

(f) forálacha a bhaineann le ceannas agus le smacht, lena n-áirítear ainmneacha agus céimeanna ghardaí teorann an Bhallstáit aíochta a bheidh freagrach as comhoibriú leis na haoi-oifigigh, go háirithe na gardaí teorann ina measc atá i gceannas le linn na tréimhse imscartha, agus áit na n-aoi-oifigeach sa slabhra ceannais;

(g) an trealamh teicniúil atá le himscaradh le linn na comhoibríochta nó an treoirthionscadail, lena n-áirítear ceanglais shonracha amhail coinníollacha úsáide, an fhoireann a theastaíonn, iompar agus lóistíocht eile, agus forálacha airgeadais;

(h) scéim tuairiscithe agus monatóireachta ina bhfuil forálacha mionsonraithe a bhaineann le teagmhais a thuairisciú, tagarmharcálacha don tuarascáil ar mheastóireacht agus dáta deiridh chun an tuarascáil chríochnaitheach ar mheastóireacht a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 3(4);

(i) maidir le hoibríochtaí ar muir, ceanglais shonracha maidir leis an dlínse is infheidhme agus forálacha i ndlí na farraige a bhaineann leis an limistéar tíreolaíoch ina dtarlaíonn an chomhoibríocht.

2. Beidh comhaontú an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus an Bhallstáit aíochta araon ag teastáil maidir le haon leasuithe nó maidir le haon oiriúnuithe ar an bplean oibríochta. Cuirfidh an Ghníomhaireacht cóip den phlean oibríochta leasaithe nó oiriúnaithe chuig na Ballstáit rannpháirteacha láithreach.

3. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht, mar chuid dá cúraimí comhordaithe, cur chun feidhme oibríochtúil na ngnéithe eagrúcháin ar fad, lena n-áirítear go mbeidh ball foirne ón nGníomhaireacht i láthair, mar aon le cur chun feidhme oibríochtúil na gcomhoibríochtaí agus na dtreoirthionscadal dá dtagraítear san Airteagal seo.

Airteagal 3b

Comhdhéanamh agus imscaradh Fhoirne Comhthacaíochta FRONTEX

1. Ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus trí thromlach glan dá chomhaltaí a bhfuil ceart vótála acu, déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh faoi phróifílí agus faoi líon iomlán na ngardaí teorann a chuirfear ar fáil d'Fhoirne Comhthacaíochta FRONTEX. Beidh an nós imeachta céanna i bhfeidhm maidir le haon athruithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na próifílí agus ar líon iomlán na ngardaí teorann. Rannchuideoidh na Ballstáit le Foirne Comhthacaíochta FRONTEX trí bhíthin díorma náisiúnta a bheidh bunaithe ar na próifílí éagsúla arna sainiú trí ghardaí teorann a fhreagraíonn do na próifílí sin a theastaíonn a ainmniú.

2. Rannchuideoidh an Ghníomhaireacht, freisin, le Foirne Comhthacaíochta FRONTEX trí ghardaí teorann inniúla atá ar iasacht ó na Ballstáit a chur ar fáil mar shaineolaithe náisiúnta de bhun Airteagal 17(5). Chuige sin, rannchuideoidh na Ballstáit trí ghardaí teorann a thabhairt ar iasacht don Ghníomhaireacht mar shaineolaithe náisiúnta. Ní mhairfidh iasachtaí den sórt sin níos faide ná sé mhí, ar a mhéid, i dtréimhse dhá mhí dhéag. Chun críche an Rialacháin seo, measfar gur aoi-oifigigh iad agus beidh na cúraimí agus na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 10 acu. Measfar gurb ionann an Ballstát a thugann na gardaí teorann i dtrácht ar iasacht agus "an Ballstát baile" mar a shainmhínítear é in Airteagal 1a(3) ar mhaithe le hAirteagail 3c, 10 agus 10b a chur i bhfeidhm. Ní dhéanfar baill foirne eile atá fostaithe ag an nGníomhaireacht ar bhonn sealadach agus nach bhfuil cáilithe chun dualgais rialaithe teorann a fheidhmiú a imscaradh ar chúraimí comhordaithe le linn comhoibríochtaí ná treoirthionscadal.

3. Cuirfidh na Ballstáit na gardaí teorann ar fáil lena n-imscaradh, arna iarraidh sin ag an nGníomhaireacht, mura i ndán agus go mbíonn cás eisceachtúil ina bhagairt orthu a dhéanfadh difear suntasach do chomhlíonadh cúraimí náisiúnta. Déanfar iarraidh den sórt sin tríocha lá ar a laghad roimh an t-imscaradh atá beartaithe. Ní dhéanfar aon difear d'uathriail an Bhallstáit baile i dtaca le roghnú na foirne ná le fad ré a n-imscartha.

4. Tabharfaidh baill Fhoirne Comhthacaíochta FRONTEX, agus iad ag comhlíonadh a gcúraimí agus ag feidhmiú a gcumhachtaí, urraim iomlán do chearta bunúsacha agus do dhínit an duine. Beidh cibé bearta a ghlacfar i gcomhlíonadh a gcúraimí agus i bhfeidhmiú a gcumhachtaí i gcomhréir le cuspóirí na mbeart sin. Agus iad ag comhlíonadh a gcúraimí agus ag feidhmiú a gcumhachtaí, ní dhéanfaidh baill na bhfoirne idirdhealú i gcoinne daoine ar na forais seo a leanas: inscne, bunadh ciníoch nó eitneach, reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó gnéaschlaonadh.

5. I gcomhréir le hAirteagal 8g, ainmneoidh an Ghníomhaireacht oifigeach comhordaithe le haghaidh gach comhoibríochta nó treoirthionscadail ina n-imscarfar baill d'Fhoireann Comhthacaíochta FRONTEX.

6. Íocfaidh an Ghníomhaireacht na costais arna dtabhú ag na Ballstáit chun a ngardaí teorann a chur ar fáil de bhun mhír 1 le haghaidh Fhoirne Comhthacaíochta FRONTEX i gcomhréir le hAirteagal 8h.

Airteagal 3c

Treoracha le haghaidh Fhoirne Comhthacaíochta FRONTEX

1. Le linn d'Fhoirne Comhthacaíochta FRONTEX a bheith á n-imscaradh, eiseoidh an Ballstát aíochta treoracha dóibh i gcomhréir leis an bplean oibríochta dá dtagraítear in Airteagal 3a (1).

2. Trína hoifigeach comhordaithe, dá dtagraítear in Airteagal 3b (5), féadfaidh an Ghníomhaireacht a tuairimí maidir leis na treoracha a chur in iúl don Bhallstát aíochta. Má dhéanann sí amhlaidh, cuirfidh an Ballstát aíochta na tuairimí sin i gcuntas.

3. I gcomhréir le hAirteagal 8g, tabharfaidh an Ballstát aíochta an cúnamh uile is gá don oifigeach comhordaithe, lena n-áirítear rochtain iomlán ar Fhoirne Comhthacaíochta FRONTEX gach uile thráth le linn an imscartha.

4. Beidh comhaltaí Fhoirne Comhthacaíochta FRONTEX, agus iad ag comhlíonadh a gcúraimí agus ag feidhmiú a gcumhachtaí, faoi réir bhearta araíonachta a mBallstáit baile i gcónaí."

(6) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

"Airteagal 4

Anailís riosca

Forbróidh an Ghníomhaireacht múnla coiteann cuimsitheach don anailís riosca agus cuirfidh sí i bhfeidhm é.

Ullmhóidh sí anailísí riosca atá ginearálta agus anailísí riosca atá sainiúil le cur chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. Chun na críocha sin, déanfaidh na Ballstáit gach faisnéis is gá maidir leis an staid atá ann ag na teorainneacha seachtracha agus maidir le bagairtí a d'fhéadfadh teacht chun cinn a chur ar fáil don Ghníomhaireacht.

Déanfaidh an Ghníomhaireacht meastóireacht rialta ar chumas na mBallstát aghaidh a thabhairt ar bhagairtí atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear bagairtí atá ann agus a bheidh ann agus brú ag teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, déanfaidh an Ghníomhaireacht meastóireacht ar struchtúir náisiúnta, ar threalamh agus ar acmhainní na mBallstát a bhaineann le rialú teorann. Tíolacfar na torthaí ó na meastóireachtaí sin do Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta uair sa bhliain ar a laghad.

Corpróidh an Ghníomhaireacht na torthaí ón múnla coiteann cuimsitheach don anailís riosca agus í ag déanamh forbartha ar lárchuraclam coiteann d'oiliúint na ngardaí teorann dá dtagraítear in Airteagal 5."

(7) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre d'Airteagal 5:

"Déanfaidh an Ghníomhaireacht lárchuraclaim choiteanna d'oiliúint na ngardaí teorann a bhunú agus a fhorbairt tuilleadh agus cuirfidh sí oiliúint ar fáil ar an leibhéal Eorpach do theagascóirí ghardaí teorann náisiúnta na mBallstát, lena n-áirítear oiliúint maidir le cearta bunúsacha agus rochtain ar chosaint idirnáisiúnta.

Cuimseoidh na Ballstáit na lárchuraclaim choiteanna san oiliúint a chuirtear ar a ngardaí teorann náisiúnta."

(8) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6 agus Airteagal 7:

"Airteagal 6

Monatóireacht a dhéanamh ar thaighde agus rannchuidiú le taighde

Déanfaidh an Ghníomhaireacht monatóireacht ar na forbairtí a tharlaíonn sa taighde a bhaineann le rialú agus faireachas ag na teorainneacha seachtracha agus rannchuideoidh sí leis na forbairtí sin agus scaipfidh sí an fhaisnéis sin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit.

Airteagal 7

Trealamh teicniúil

1. Féadfaidh an Ghníomhaireacht trealamh teicniúil le haghaidh rialú ag teorainneacha seachtracha a fháil mar éadail nó ar léas agus imscarfar an trealamh sin le linn comhoibríochtaí, treoirthionscadal, Foirne Mear-Idirghabhála Teorann, oibríochtaí cur ar ais nó tionscadal cúnaimh theicniúil i gcomhréir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht. Déanfar anailís chríochnúil ar riachtanais agus ar chostas is tairbhe sula bhfaightear aon trealamh lena mbainfeadh costas suntasach don Ghníomhaireacht mar éadáil. I gcás ina bhfaigheann an Ghníomhaireacht trealamh teicniúil tábhachtach mar éadáil nó ar léas, mar shampla árthaí nó feithiclí patróil don fharraige mhór nó cois cósta, le húsáid i gcomhoibríochtaí, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir leo:

- i gcás éadála, go bhfuil comhaontú foirmiúil ann idir an Ghníomhaireacht agus Ballstát amháin go ndéanfaidh an Ballstát sin foráil do chlárú an trealaimh;

- i gcás léasa, go bhfuil an trealamh cláraithe i mBallstát.

Cuirfidh Ballstát an chláraithe nó soláthróir an trealaimh theicniúil na saineolaithe agus an fhoireann theicniúil is gá ar fáil chun an trealamh teicniúil a oibriú ar shlí atá ceart de réir an dlí agus atá sábháilte.

2. Cruthóidh agus coimeádfaidh an Ghníomhaireacht taifid láraithe den trealamh atá i gcomhthiomsú de threalamh teicniúil ina bhfuil trealamh faoi úinéireacht na mBallstát nó na Gníomhaireachta ar mhaithe leis na teorainneacha seachtracha a rialú. Beidh méid íosta trealaimh de réir gach cineál trealaimh theicniúil atá sainithe i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo sa chomhthiomsú den trealamh teicniúil. Imscarfar an trealamh a liostaítear sa chomhthiomsú de threalamh teicniúil le linn na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 3, 8a agus 9.

3. Rannchuideoidh na Ballstáit leis an gcomhthiomsú de threalamh teicniúil dá dtagraítear i mír 2. A mhéid a chruthaíonn sé méid íosta trealaimh do bhliain áirithe, cuirfidh na Ballstáit a dtrealamh teicniúil ar fáil lena imscaradh, laistigh de 30 lá, arna iarraidh sin ag an nGníomhaireacht, ach amháin má tá cás eisceachtúil a dhéanfaidh difear do chomhlíonadh cúraimí náisiúnta. Déanfar athbhreithniú bliantúil ar rannchuidiú na mBallstát leis an gcomhthiomsú de threalamh teicniúil.

4. Déanfaidh an Ghníomhaireacht na taifid ar an gcomhthiomsú de threalamh teicniúil a bhainistiú mar seo a leanas:

1. aicmiú de réir an chineáil trealaimh agus de réir na hoibríochta;

2. aicmiú de réir úinéara (Ballstát, Gníomhaireacht, eile);

3. méid iomlán trealaimh a theastaíonn;

4. ceanglais foirne más infheidhme;

5. faisnéis eile, amhail sonraí cláraithe, ceanglais iompair agus chothabhála, na córais onnmhairíochta náisiúnta is infheidhme, treoracha teicniúla, nó faisnéis eile ábhartha chun an trealamh a láimhseáil go cuí.

5. Maoineoidh an Ghníomhaireacht imscaradh an trealaimh atá ina chuid den mhéid íosta trealaimh arna sholáthar ag Ballsát áirithe do bhliain áirithe. I gcás trealamh nach bhfuil ina chuid den mhéid íosta trealaimh a imscaradh, déanfaidh an Ghníomhaireacht é a chómhaoiniú go dtí suim uasta 60 % den chaiteachas incheadaithe.

Is é an Bord Bainistíochta, ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a chinnfidh na rialacha, ar bhonn bliantúil agus i gcomhréir le hAirteagal 24, agus áireofar sna rialacha sin an méid íosta iomlán a theastaíonn de gach cineál trealaimh, na coinníollacha a bhaineann leis an imscaradh agus aisíoc na gcostas. Chun críocha buiséadacha, ba cheart don Bhord Bainistíochta an cinneadh sin a dhéanamh faoin 31 Márta ar a dhéanaí.

Is í an Ghníomhaireacht a bheartóidh an méid íosta trealaimh i gcomhréir leis na riachtanais atá aici, go háirithe le go mbeidh sí in acmhainn comhoibríochtaí, treoirthionscadail agus oibríochtaí cur ar ais a chur i gcrích i gcomhréir le clár oibre na Gníomhaireachta don bhliain i dtrácht.

6. Cuirfidh an Ghníomhaireacht tuairisc ar chomhdhéanamh agus ar imscaradh an trealaimh sin, atá ina chuid den chomhthiomsú de threalamh teicniúil, chuig an mBord Bainistíochta ar bhonn míosúil. Más rud é nach bhfaightear an méid íosta trealaimh dá dtagraítear i mír 5, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Bord Bainistíochta ar an eolas faoi gan mhoill. Déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh faoi thosaíocht a thabhairt d'imscaradh an trealaimh theicniúil go práinneach agus déanfaidh sé gach beart is gá chun na heaspaí atá aitheanta a leigheas. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi na heaspaí atá aitheanta agus faoi na bearta a rinneadh. Féadfaidh an Coimisiún, ina dhiaidh sin, Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle a chur ar an eolas faoi, agus a mheasúnú féin a chur i gceangal leis an eolas sin."

(9) Scriostar Airteagal 8.

(10) Leasaítear mír 1 d'Airteagal 8e mar seo a leanas:

(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (f) agus (g):

"(f) forálacha a bhaineann le ceannas agus le rialú, lena n-áirítear ainmneacha agus céimeanna ghardaí teorann an Bhallstáit aíochta a bheidh freagrach as comhar leis na Foirne Mear-Idirghabhála Teorann, go háirithe na gardaí teorann ina measc atá i gceannas ar na foirne le linn na tréimhse imscartha, agus áit na bhfoirne sa slabhra ceannais;

(g) an trealamh teicniúil le himscaradh in éineacht leis na foirne, lena n-áirítear ceanglais shonracha amhail coinníollacha úsáide, an fhoireann a theastaíonn, iompar agus lóistíocht eile, agus forálacha airgeadais."

(b) cuirtear pointí (h) agus (i) isteach mar seo a leanas:

"(h) scéim tuairiscithe agus monatóireachta ina bhfuil forálacha mionsonraithe a bhaineann le teagmhais a thuairisciú, tagarmharcálacha don tuarascáil ar mheastóireacht agus dáta deiridh chun an tuarascáil chríochnaitheach ar mheastóireacht a chur isteach i gcomhréir le hAirteagal 3(4).

(i) maidir le hoibríochtaí ar muir, ceanglais shonracha maidir leis an dlínse is infheidhme agus forálacha i ndlí na farraige a bhaineann leis an limistéar tíreolaíoch ina dtarlaíonn an chomhoibríocht."

(11) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1 d'Airteagal 8h:

"1. Íocfaidh an Ghníomhaireacht na costais iomlána seo a leanas arna dtabhú ag na Ballstáit agus iad ag cur a ngardaí teorann ar fáil chun na gcríoch sin a luaitear in Airteagal 3(2), Airteagal 8a agus Airteagal 8c:"

(12) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 9:

"Airteagal 9

Comhar maidir le cur ar ais

1. Faoi réir bheartas an Aontais maidir le cur ar ais, agus go háirithe faoi réir Threoir 2008/115/CE[15], cuirfidh an Ghníomhaireacht an cúnamh is gá ar fáil, agus arna iarriadh sin ag na Ballstáit rannpháirteacha, áiritheoidh sí an comhordú is gá chun comhoibríochtaí na mBallstát maidir le cur ar ais a eagrú. Féadfaidh an Ghníomhaireacht a chinneadh na hoibríochtaí agus na tionscadail dá dtagraítear sa mhír seo a mhaoiniú nó a chómhaoiniú ag úsáid deontas óna buiséad i gcomhréir leis na rialacha airgeadais atá infheidhme maidir leis an nGníomhaireacht. Féadfaidh an Ghníomhaireacht leas a bhaint as acmhainní airgeadais an Aontais atá ar fáil sa réimse cur ar ais. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go mbeidh sé luaite ina chomhaontuithe deontais leis na Ballstáit go mbeidh aon tacaíocht airgeadais faoi réir urramú iomlán na Cairte um Chearta Bunúsacha.

2. Forbróidh an Ghníomhaireacht Cód Iompraíochta le haghaidh náisiúnaigh tríú tír a fhaightear i láthair go neamhdhleathach a chur ar ais trí aeriompar agus beidh feidhm ag an gCód sin le linn na gcomhoibríochtaí cur ar ais uile arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht. Beidh tuairisc sa Chód ar na nósanna imeachta caighdeánaithe coiteanna trína simpleofaí comheitiltí cur ar ais a eagrú agus trína gcinnteofaí go gcuirfí na náisiúnaigh tríú tír ar ais ar shlí dhaonnachtúil ag urramú na gceart bunúsach go hiomlán, go háirithe dínit an duine, toirmeasc ar chéasadh agus ar íde nó ar phionós atá mídhaonna nó táireach, an ceart chun saoirse agus slándála, an ceart chun cosaint sonraí pearsanta agus neamh-idirdhealú.

3. Tabharfar aird sa Chód Iompraíochta, go háirithe, ar an oibleagáid atá leagtha amach in Airteagal 8(6) de Threoir 2008/115/CE chun foráil a dhéanamh do chóras éifeachtach monatóireachta ar chur ar ais éigeantach. Ba cheart an mhonatóireacht ar chomhoibríochtaí cur ar ais a dhéanamh ar bhonn neamhspleách agus ba cheart go gclúdófaí an chomhoibríocht cur ar ais iomlán ón gcéim réamhimeachta go dtí go gcuirtear na daoine atá á gcur ar ais de láimh sa tír ina bhfuil siad á gcur ar ais. Thairis sin, déanfar barúlacha an té a dhéanfaidh an mhonatóireacht, ina gclúdófar comhlíonadh an Chóid Iompraíochta agus, go háirithe, na gceart bunúsach, a chur ar fáil don Choimisiún agus beidh na barúlacha sin ina gcuid den Tuarascáil Chríochnaitheach inmheánach ar na hoibríochtaí cur ar ais. Ar mhaithe le trédhearcacht agus meastóireacht chuimsitheach ar na hoibríochtaí cur ar ais éigeantach a áirithiú, beidh tuarascálacha an té a dhéanfaidh an mhonatóireacht ar áireamh i meicníocht bhliantúil tuairiscithe.

4. Cuirfidh na Ballstáit an Ghníomhaireacht ar an eolas, uair sa mhí, faoin riocht ina bhfuil siad maidir le cur ar ais agus tabharfaidh siad le fios an méid cúnaimh nó an méid comhordaithe a theastóidh uathu ón nGníomhaireacht. Tarraingeoidh an Ghníomhaireacht suas plean oibríochta rollach chun an tacaíocht oibríochtúil is gá, lena n-áirítear an trealamh teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 7(1), a chur ar fáil do na Ballstáit iarrthacha. I gcomhréir le hAirteagal 24 agus ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, déanfaidh an Bord Bainistíochta cinneadh faoin inneachar agus faoin modus operandi a bheidh sa chlár oibríochta rollach.

5. Comhoibreoidh an Ghníomhaireacht leis na húdaráis inniúla sna tríú tíortha ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 14, sainaithneoidh sí na cleachtais is fearr maidir le doiciméid taistil a fháil agus maidir le náisiúnaigh tríú tír a fhaightear i láthair go neamhdhleathach a chur ar ais."

(13) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2 d'Airteagal 10:

"2. Le linn do na haoi-oifigigh bheith ag comhlíonadh a gcúraimí agus ag feidhmiú a gcumhachtaí, comhlíonfaidh siad dlí an Aontais, i gcomhréir le cearta bunúsacha, agus dlí náisiúnta an Bhallstáit aíochta."

(14) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 11:

"Airteagal 11

Córais mhalartaithe faisnéise

Féadfaidh an Ghníomhaireacht gach beart is gá a dhéanamh chun malartú faisnéise atá ábhartha dá cúraimí a éascú leis an gCoimisiún agus leis an Ballstáit. Forbróidh sí agus oibreoidh sí córas faisnéise trína bhféadfar faisnéis rúnaicmithe a mhalartú leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit. Ní bheidh malartú sonraí pearsanta ar áireamh sa mhalartú faisnéise a chuimseofar sa chóras sin.

(15) Cuirtear isteach Airteagal 11a agus Airteagal 11b mar seo a leanas:

" Airteagal 11a

Cosaint sonraí

Leagfaidh an Bord Bainistíochta síos bearta a úsáidfidh an Ghníomhaireacht chun Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear na bearta sin a bhaineann le hOifigeach um Chosaint Sonraí na Gníomhaireachta.

Airteagal 11b

Rialacha slándála maidir le faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis íogair neamhaicmithe a chosaint

1. Déanfaidh an Ghníomhaireacht rialacha slándála an Choimisiúin mar a leagtar síos iad san Iarscríbhinn a ghabhann le Treoir 2001/844/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún[16] a chur i bhfeidhm. Cuimseofar leis sin, inter alia, forálacha maidir le faisnéis rúnaicmithe a mhalartú, a phróiseáil agus a stóráil.

2. Déanfaidh an Ghníomhaireacht na prionsabail slándála a bhaineann le faisnéis íogair neamhaicmithe a phróiseáil, arna nglacadh agus arna gcur chun feidhme ag an gCoimisiún Eorpach, a chur i bhfeidhm."

(16) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 13 agus Airteagal 14:

"Airteagal 13

Comhar le gníomhaireachtaí agus le comhlachtaí an Aontais Eorpaigh agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta

Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhoibriú le Europol, leis an Oifig Eorpach Tacaíochta do Ghnóthaí Tearmainn, leis an nGníomhaireacht um Chearta Bunúsacha agus le gníomhaireachtaí eile agus le comhlachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh, agus leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta sin atá inniúil in ábhair a chumhdaítear faoin Rialachán seo faoi chuimsiú socruithe oibre a tugadh i gcrích leis na comhlachtaí sin, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha sa Chonradh agus na forálacha ar inniúlacht na gcomhlachtaí sin.

Airteagal 14

Comhar oibríochtúil le tríú tíortha agus comhar le húdaráis inniúla i dtríú tíortha a éascú

1. In ábhair atá clúdaithe faoi ghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta agus a mhéid is gá chun a cúraimí a chomhlíonadh, éascóidh sí an comhar oibríochtúil idir Bhallstáit agus tríú tíortha, faoi chuimsiú bheartas an Aontais Eorpaigh um chaidreamh seachtrach, lena n-áirítear bearta a bhaineann le cearta an duine.

2. Féadfaidh an Ghníomhaireacht oifigigh idirchaidrimh, a mbeadh an chosaint is forleithne agus is féidir acu chun a ndualgais a chomhlíonadh, a imscaradh i dtríú tíortha. Beidh na hoifigigh páirteach i líonraí áitiúla nó réigiúnacha comhair d'oifigigh idirchaidrimh na mBallstát arna mbunú de bhun Rialachán Uimh. 377/2004 ón gComhairle[17]. Ní imscarfar oifigigh idirchaidrimh ach i dtríú tíortha ina n-urramaíonn a gcleachtais bhainistithe teorann caighdeáin íosta a bhaineann le cearta an duine. Ba cheart tosaíocht imscartha a thabhairt do na tríú tíortha sin arb ionann iad, bunaithe ar anailís riosca, agus tír tionscnaimh nó tír idirthurais i dtaca le himirce neamhdhleathach. Ar bhonn cómhalartach, féadfaidh an Ghníomhaireacht oifigigh idirchaidrimh a fháil a bheidh curtha ar dualgas ag na tríú tíortha sin freisin, ar feadh tréimhse teoranta ama. Ar thogra ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin, glacfaidh an Bord Bainistíochta liosta na dtosaíochtaí ar bhonn bliantúil i gcomhréir le forálacha Airteagal 24.

3. Beidh ar áireamh i gcúraimí na n-oifigeach idirchaidrimh, i gcomhréir le dlí an Aontais Eorpaigh agus le cearta bunúsacha, teagmháil a bhunú agus a chothabháil le húdaráis inniúla an tríú tír sin dá sannadh iad d'fhonn rannchuidiú leis an gcosc ar inimirce neamhdhleathach agus leis an gcomhrac ina coinne agus le himircigh neamhdhleathacha a chur ar ais.

4. Féadfaidh an Ghníomhaireacht leas a bhaint as maoiniú ón Aontas i gcomhréir leis na forálacha atá in ionstraimí ábhartha a thacaíonn le beartas an Aontais um chaidreamh seachtrach. Féadfaidh sí tionscadail um chúnamh teicniúil a sheoladh agus a mhaoiniú i dtríú tíortha maidir le hábhair atá cumhdaithe faoin Rialachán seo. Féadfaidh an Ghníomhaireacht cuireadh a thabhairt d'ionadaithe ó thríú tíortha, ó ghníomhaireachtaí agus ó chomhlachtaí eile de chuid an Aontais Eorpaigh nó ó eagraíochtaí idirnáisiúnta páirt a ghlacadh ina gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagail 3, 4 agus 5. Cuirfidh an Ghníomhaireacht an oiliúint chuí ar na hionadaithe sin sula nglacfaidh siad páirt sna gníomhaíochtaí.

5. Le linn do Bhallstáit comhaontuithe déthaobhacha a thabhairt i gcrích le tríú tíortha mar a thagraítear dó in Airteagal 2 (2), déanfaidh siad, nuair is iomchuí sin, forálacha a bhaineann le ról agus le hinniúlachtaí na Gníomhaireachta a áireamh, go háirithe forálacha a bhaineann le feidhmiú cumhachtaí feidhmiúcháin ag baill na bhfoirne a imscarfaidh an Ghníomhaireacht le linn na ngíomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 3.

6. Féadfaidh an Ghníomhaireacht comhoibriú le húdaráis tríú tíortha atá inniúil in ábhair a chumhdaítear faoin Rialachán seo, faoi chuimsiú na socruithe oibre a rinneadh leis na húdaráis sin, i gcomhréir leis na forálacha ábhartha den Chonradh.

7. Beidh na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 agus mír 6 faoi réir thuairim fhabhrach a fháil ón gCoimisiún roimh ré."

(17) Cuirtear isteach Airteagal 15a mar seo a leanas:

" Airteagal 15a

Comhaontú maidir le Ceanncheathrú

Beidh socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a chuirfear ar fáil don Ghníomhaireacht sa Bhallstát ina bhfuil a hoifig chláraithe suite agus maidir leis na háiseanna a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil, mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát sin maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, leis an Leas-Stiúrthóir Feidhmiúcháin, le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, le foireann na Gníomhaireachta agus le baill dá dteaghlach leagtha síos i gComhaontú maidir le Ceanncheathrú idir an Ghníomhaireacht agus an Ballstát sin ina bhfuil a hoifig chláraithe ag an nGníomhaireacht. Tabharfar an Comhaontú maidir le Ceanncheathrú i gcrích tar éis formheas an Bhoird Bainistíochta a fháil. Ba cheart don Bhallstát ina bhfuil oifig chláraithe na Gníomhaireachta na coinníollacha is fearr agus is féidir a chur ar fáil chun feidhmiú cuí na Gníomhaireachta a áirithiú, lena n-áirithítear scolaíocht ilteangach, atá dírithe ar an Eoraip agus naisc iompair iomchuí."

(18) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3 d'Airteagal 17:

"3. Ar mhaithe le hAirteagal 3b(5) a chur chun feidhme, ní fhéadfar a ainmniú mar oifigeach comhordaithe i gcomhréir le hAirteagal 8g ach ball foirne de chuid na Gníomhaireachta atá faoi réir Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais agus faoi réir Theideal II de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísígh eile na gComhphobal Eorpach atá fostaithe ag an nGníomhaireacht. Ar mhaithe le hAirteagal 3b(2) a chur chun feidhme, ní fhéadfar ach saineolaithe náisiúnta atá tugtha ar iasacht ag Ballstát leis an nGníomhaireacht a ainmniú ar ceangal le Foirne Comhthacaíochta FRONTEX. Ainmneoidh an Ghníomhaireacht na saineolaithe náisiúnta sin a bheidh ar ceangal le Foirne Comhthacaíochta FRONTEX i gcomhréir leis an Airteagal sin."

(19) Cuirtear míreanna 4 agus 5 le hAirteagal 17 mar seo a leanas:

"4. I gcomhaontú leis an gCoimisiún, glacfaidh an Bord Bainistíochta na bearta cur chun feidhme is gá de bhun na socruithe dá bhforáiltear in Airteagal 110 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais.

5. Féadfaidh an Bord Bainistíochta forálacha a ghlacadh chun go bhféadfar saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit a chur ar iasacht leis an nGníomhaireacht. Tabharfar aird sna forálacha sin ar cheanglais Airteagal 3b(2), go háirithe go measfar gur aoi-oifigigh iad agus go bhfuil na cúraimí agus na cumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 10 acu."

(20) Leasaítear Airteagal 20 mar seo a leanas:

(a) Leasaítear mír 2 mar seo a leanas:

(i) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (h):

"(h) struchtúr eagrúcháin na Gníomhaireachta a bhunú agus beartas foirne na Gníomhaireachta a ghlacadh, go háirithe an plean beartais foirne ilbhliantúil agus, tar éis tuairim fhabhrach a fháil ón gCoimisiún, an plean sin a thíolacadh don Choimisiún agus don údarás buiséadach i gcomhréir leis na forálacha ábhartha atá sa chreat-Rialachán Airgeadais dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais ginearálta[18];"

(ii) cuirtear pointe (i) isteach mar seo a leanas:

"(i) Plean Ilbhliantúil na Gníomhaireachta a ghlacadh. Díreoidh an Plean ar an straitéis fhadtéarmach maidir le gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a mhíniú."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

"4. Féadfaidh an Bord Bainistíochta comhairle a chur ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin in aon ábhar a bhaineann go sonrach le forbairt ar bhainistiú oibríochtúil na dteorainneacha seachtracha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann le taighde mar atá sainmhínithe in Airteagal 6."

(21) Leasaítear Airteagal 21 mar seo a leanas:

(a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte deiridh de mhír 1:

"Féadfar síneadh a chur leis an téarma oifige sin."

(b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

"3. Beidh tíortha a bhfuil baint acu le cur chun feidhme, le cur i bhfeidhm agus le forbairt acquis Schengen páirteach sa Ghníomhaireacht. Beidh ionadaí amháin agus malartach amháin ag gach tír faoi seach ar an mBord Bainistíochta. Faoi fhorálacha ábhartha a gcomhaontuithe comhlachais, tá socruithe déanta a shonraíonn an cineál rannpháirtíochta, an méid rannpháirtíochta, agus rialacha mionsonraithe maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin in obair na Gníomhaireachta, lena n-áirítear forálacha maidir le ranníocaíochtaí agus le foireann."

(22) Cuirtear pointe (g) le hAirteagal 25(3) mar seo a leanas:

"(g) chun an plean oibríochta dá dtagraítear in Airteagal 3a agus Airteagal 8g a chur chun feidhme. "

(23) Cuirtear míreanna 2a agus 2b le hAirteagal 33 mar seo a leanas:

"2a. Déanfar anailís sa mheastóireacht ar na riachtanais atá ag an nGníomhaireacht gardaí teorann neamhspleácha a ghníomhóidh faoi threoracha na Gníomhaireachta a fhostú, lena n-áirítear tuairisc mhionsonraithe ar an gcreat dlíthiúil ar cheart a bhunú chun na críche sin.

2b. Beidh anailís shonrach ar an tslí inar urramaíodh an Chairt um Chearta Bunúsacha de bhun chur i bhfeidhm an Rialacháin ar áireamh sa mheastóireacht."

Airteagal 2 Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa, Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán An tUachtarán

[1] IO L 176, 10.7.1999, lch. 36.

[2] IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

[3] IO L […], […], lch. […].

[4] IO L 349, 25.11.2004, lch. 1.

[5] IO L 199, 31.7.2007, lch. 30.

[6] IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

[7] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

[8] IO L 176, 10.7.1999, lch. 31.

[9] IO L 53, 27.2.2008, lch. 52.

[10] IO L 83, 26.3.2008, lch. 3.

[11] IO L 131, 1.6.2000, lch. 43.

[12] IO L 64, 7.3.2002, lch. 20.

[13] IO L 105, 13.4.2006, lch. 1.

[14] IO L 83, 1.4.2005, lch. 48.

[15] IO L 348, 24.12. 2008, lch.

[16] IO L 317, 3.12.2001, lch. 1.

[17] IO L 64, 2.3.2004, lch. 1.

[18] Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún (IO L 357, 31.12.2002, lch. 72), arna leasú le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 652/2008 ón gCoimisiún (IO L 181, 10.1.2008, lch. 23).