11.5.2010   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C NaN/1


SEASAMH (AE) Uimh. 4/2010 ÓN GCOMHAIRLE AR AN GCÉAD LÉAMH CHUN GO NGLACFAÍ

Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004

Arna ghlacadh ag an gComhairle an 11 Márta 2010

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

2010/C 122 E/01

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),

Tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba cheart go mbeadh sé d'aidhm ag an Aontas lena ghníomhartha i réimse an iompair de bhus agus de chóiste, i measc nithe eile, leibhéal ard cosanta atá inchomparáide leis an gcosaint atá ann i modhanna eile iompair a áirithiú do phaisinéirí pé áit a dtaistealóidh siad. Thairis sin, ba cheart go dtabharfaí aird iomlán ar na riachtanais atá ann maidir le cosaint tomhaltóirí go ginearálta.

(2)

Ós rud é gurb é an paisinéir a bhíonn ag taisteal de bhus nó de chóiste an páirtí is laige sa chonradh iompair, ba cheart leibhéal íosta cosanta ar a laghad a thabhairt do gach paisinéir.

(3)

Le bearta an Aontais chun feabhas a chur ar chearta na bpaisinéirí in earnáil an iompair de bhus agus de chóiste, ba cheart saintréithe na hearnála seo, ar gnólachtaí beaga agus meánmhéide is mó atá inti, a chur san áireamh.

(4)

Agus saintréithe seirbhísí rialta speisialta agus oibríochtaí iompair ar chuntas an duine féin á gcur san áireamh, ba cheart na cineálacha seo iompair a fhágáil lasmuigh de raon feidhme an Rialacháin seo. Ba cheart go n-áireofaí le seirbhísí rialta speisialta, seirbhísí atá tiomanta d'iompar daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus iompar oibrithe idir an teaghlach agus an obair, iompar go dtí an foras oideachais agus ón bhforas oideachais do dhaltaí scoile agus do mhic léinn.

(5)

Agus saintréithe seirbhísí uirbeacha, fo-uirbeacha agus reigiúnacha á gcur san áireamh, ba cheart an ceart a bhronnadh ar na Ballstáit chun na cineálacha iompair sin a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm cuid shuntasach den Rialachán seo. D'fhonn na seirbhísí rialta uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha a shainaithint, ba cheart do na Ballstáit critéir amhail fad, minicíocht na seirbhísí, líon na stopanna sceidealta, an cineál busanna nó cóistí a úsáidtear, scéimeanna ticéadaithe, luaineachtaí i líon na bpaisinéirí idir sheirbhísí le linn buaic-amanna agus uaireanta seachbhuaice, cóid bhusanna agus amchláir a chur san áireamh.

(6)

Ba cheart do phaisinéirí agus, ar a laghad, daoine a raibh nó a mbeadh sé de dhualgas dlíthiúil ar an bpaisinéir iad a chothabháil, a bheith cosanta i gcás tionóiscí arna n-eascairt as úsáid a bheith á baint as an mbus nó as an gcóiste, agus Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 á cur san áireamh, ar Treoir í a bhaineann le hárachas i gcoinne dliteanais shibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí agus forfheidhmiú an dualgais chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (3).

(7)

Nuair a roghnófar an dlí náisiúnta is infheidhme maidir le cúiteamh a fháil i gcomhair báis nó díobhála pearsanta chomh maith le cailliúint bagáiste nó damáiste do bhagáiste a bheidh mar thoradh ar thimpistí a thig ó bhus nó ó chóiste a úsáid, ba cheart go gcuirfí san áireamh Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (an Róimh II) (4) agus Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (an Róimh I) (5).

(8)

Chomh maith le bheith i dteideal cúitimh i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme i gcás báis nó díobhála pearsanta nó cailliúna bagáiste nó damáiste do bhagáiste de bharr tionóiscí a thig as úsáid an bhus nó an chóiste, ba cheart do phaisinéirí bheith i dteideal cúnaimh maidir lena riachtanais phraiticiúla go díreach i ndiaidh tionóisce. D'fhéadfadh sé go gcuimseofaí leis an gcúnamh sin garchabhair, cóiríocht, bia, éadaí agus iompar.

(9)

Ba cheart go rachadh seirbhísí bus agus cóiste do phaisinéirí chun sochair do na saoránaigh i gcoitinne. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh deiseanna ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, más míchumas, aois nó aon toisc eile is cúis leis, úsáid a bhaint as seirbhísí bus agus cóiste a bheadh inchomparáide leis na deiseanna atá ag saoránaigh eile. Tá na cearta céanna i dtaca le saorghluaiseacht, saor-rogha agus neamh-idirdhealú ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus atá ag gach saoránach eile.

(10)

I bhfianaise Airteagal 9 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus chun deiseanna taistil de bhus agus de chóiste atá inchomparáide leis na deiseanna atá ag saoránaigh eile a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ba cheart rialacha a bhunú maidir le neamh-idirdhealú agus cúnamh ar feadh a dturais. Ba cheart, dá bhrí sin, na daoine sin a ghlacadh lena n-iompar agus níor cheart seirbhís iompair a dhiúltú dóibh ar fhorais a bhaineann lena míchumas nó lena soghluaisteacht laghdaithe, ach ar chúiseanna is féidir a chosaint ar fhorais sábháilteachta nó dearaidh feithiclí nó bonneagair. Faoi chuimsiú na reachtaíochta ábhartha maidir le cosaint oibrithe, ba cheart go mbeadh an ceart chun cúnaimh i gcríochfoirt agus ar bord feithiclí ag daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Ar mhaithe le cuimsiú sóisialta, ba cheart go bhfaigheadh na daoine lena mbaineann an cúnamh saor in aisce. Ba cheart do na hiompróirí coinníollacha rochtana a bhunú, agus an córas Eorpach um Chaighdeánú á úsáid acu, de rogha.

(11)

Agus dearadh críochfort nua á chinneadh, agus mar chuid d'athchóirithe móra, ba cheart do chomhlachtaí bainistithe críochfort, más féidir, riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a chur san áireamh. I ngach cás, ba cheart do na comhlachtaí bainistithe críochfort pointí a ainmniú ag a mbeidh na daoine sin in ann a chur in iúl go bhfuil siad tagtha agus go bhfuil gá acu le cúnamh.

(12)

D'fhonn freagairt do riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ba cheart go mbeadh dóthain oiliúna ar fáil don fhoireann. D'fhonn aitheantas frithpháirteach ar cháilíochtaí náisiúnta tiománaithe a éascú, d'fhéadfaí oiliúint maidir le feasacht ar mhíchumas a sholáthar mar chuid den cháilíocht thosaigh nó oiliúint thréimhsiúil dá tagraítear i dTreoir 2003/59/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle de 15 Iúil 2003 maidir le cáiliú tosaigh agus le hoiliúint leanúnach tiománaithe feithiclí áirithe bóthair d'iompar earraí nó paisinéirí (6). D'fhonn comhchuibheas a áirithiú idir tabhairt isteach na gceanglas oiliúna agus na teorainneacha ama a leagtar amach sa Treoir sin, ba cheart go gceadófaí díolúine le linn tréimhse teoranta ama.

(13)

Maidir le heagraíochtaí atá ionadaíoch ar dhaoine faoi mhíchumas nó ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ba cheart, i gcás inar féidir sin, go rachfaí i gcomhairle leo maidir le heagrúchán na hoiliúna a bhaineann le míchumas nó ba cheart go mbeidís páirteach san eagrúchán sin.

(14)

Ba cheart go bhfolófaí le cearta paisinéirí bus agus cóiste faisnéis a fháil maidir leis an tseirbhís roimh an turas agus lena linn. An fhaisnéis bhunriachtanach ar fad a sholáthraítear do phaisinéirí bus agus cóiste, ba cheart í a sholáthar freisin i bhformáidí malartacha a bheadh inrochtana ag daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

(15)

Níor cheart go gcuirfeadh an Rialachán seo srian ar na cearta atá ag iompróirí cúiteamh a lorg ó aon duine, lena n-áirítear tríú páirtithe, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme.

(16)

Ba cheart go laghdófaí an mhíchaoithiúlacht do phaisinéirí de dheasca cealaithe nó moille fada i leith a dturais. Chuige sin, ba cheart aire leordhóthanach agus faisnéis leordhóthanach a thabhairt do phaisinéirí a bheidh ag imeacht ó chríochfoirt. Ba cheart go mbeadh na paisinéirí ábalta freisin a dticéid a chealú agus cúiteamh a fháil nó leanúint ar aghaidh lena dturas nó athródú a fháil faoi choinníollacha sásúla.

(17)

Ba cheart go n-oibreodh na hiompróirí i gcomhar le chéile chun socruithe a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal Eorpach le rannpháirteachas geallsealbhóirí, comhlachas gairmiúl agus chomhlachas custaiméirí, chomhlachas paisinéirí agus daoine faoi mhíchumas, arb é is aidhm dóibh an chúraim do phaisinéirí a fheabhsú, go háirithe i gcás cealuithe agus moill fhada a bheith ann.

(18)

Níor cheart go ndéanfaí difear leis an Rialachán seo do chearta na bpaisinéirí arna mbunú le Treoir 90/314/CEE an 13 Meitheamh 1990 maidir le taisteal láneagraithe, saoire láneagraithe agus turais láneagraithe (7). Níor cheart go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo i gcásanna ina ndéanfaí turas láneagraithe a chur ar ceal ar chúiseanna seachas an tseirbhís iompair de bhus nó de chóiste a bheith curtha ar ceal.

(19)

Ba cheart paisinéirí a chur go hiomlán ar an eolas faoi na cearta atá acu, ar cearta iad dá bhforáiltear sa Rialachán seo, le go mbeidh siad in ann na cearta sin a fheidhmiú ar shlí éifeachtach.

(20)

Ba cheart go mbeadh paisinéirí in ann a gcearta a fheidhmiú trí nósanna imeachta iomchuí um ghearáin, arna gcur chun feidhme ag iompróirí nó, de réir mar a bheidh, trí ghearáin a chur faoi bhráid an chomhlachta arna ainmniú chuige sin ag an mBallstát ábhartha nó faoi bhráid na gcomhlachtaí arna n-ainmniú chuige sin ag an mBallstát ábhartha.

(21)

Ba cheart do na Ballstáit comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú agus ba cheart do na Ballstáit comhlacht iomchuí nó comhlachtaí iomchuí a ainmniú chun cúraimí maoirseachta agus forfheidhmithe a dhéanamh. Ní dhéantar difear leis seo do chearta paisinéirí sásamh dlí a lorg ó na cúirteanna faoin dlí náisiúnta.

(22)

Ag féachaint do na nósanna imeachta atá bunaithe ag Ballstát chun gearáin a chur isteach, ba cheart, de rogha, gearán faoi chúnamh a chur chuig an gcomhlacht arna ainmniú nó chuig na comhlachtaí arna n-ainmniú chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú sa Bhallstát a bhfuil an pointe bordála nó an pointe tuirlingthe suite ann.

(23)

Ba cheart do na Ballstáit pionóis a leagan síos a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus a áirithiú go ndéanfar na pionóis sin a chur i bhfeidhm. Ba cheart go mbeadh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(24)

Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon leibhéal cosanta agus cúnaimh atá coibhéiseach a áirithiú le haghaidh paisinéirí maidir le hiompar bus agus cóiste ar fud na mBallstát, a bhaint amach go leordhóthanach agus dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus iarmhairtí na gníomhaíochta sin, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá sé leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar atá sé leagtha amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

(25)

Níor cheart don Rialachán seo dochar a dhéanamh do Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (8).

(26)

Ba cheart forfheidhmiú an Rialacháin seo a bheith bunaithe ar Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (an Rialachán maidir le comhar i ndáil le cosaint tomhaltóirí) (9). Dá bhrí sin, ba cheart an Rialachán sin a leasú dá réir sin.

(27)

Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a shainaithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus aird á tabhairt freisin ar Threoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir dhaoine beag beann ar bhunadh ciníoch nó ar thionscnamh eitneach (10) agus ar Threoir 2004/113/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir fir agus mná maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir le soláthar earraí agus seirbhísí (11),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Ábhar

Bunaítear leis an Rialachán seo rialacha d'iompar bus agus d'iompar cóiste maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

neamh-idirdhealú idir phaisinéirí ó thaobh na gcoinníollacha iompair a chuireann iompróirí ar fáil dóibh;

(b)

cearta paisinéirí i gcás tionóiscí de bharr úsáid an bhus nó an chóiste a mbeidh bás nó díobháil phearsanta nó caillteanas bagáiste nó damáiste do bhagáiste mar thoradh air;

(c)

neamh-idirdhealú agus cúnamh sainordaitheach do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe;

(d)

na cearta a bheidh ag paisinéirí i gcás cealú nó moille;

(e)

an méid is lú faisnéis a bheidh le cur ar fáil do phaisinéirí;

(f)

láimhseáil gearán;

(g)

rialacha ginearálta maidir le forfheidhmiú.

Airteagal 2

Raon Feidhme

1.   Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le paisinéirí a bheidh ag taisteal ar sheirbhísí rialta:

(a)

i gcás ina mbeidh pointe bordála an phaisinéara suite i gcríoch Bhallstáit; nó

(b)

i gcás ina mbeidh pointe bordála an phaisinéara suite lasmuigh de chríoch Bhallstáit agus pointe tuirlingthe an phaisinéara suite i gcríoch Bhallstáit.

2.   Ina theannta sin, cé is moite de Chaibidlí III go VI, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le paisineirí a bheidh ag taisteal le seirbhísí ócáideacha i gcás ina mbeidh pointe bordála tosaigh an phaisinéara nó pointe bordála deiridh an phaisinéara suite i gcríoch Ballstáit.

3.   Ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí rialta speisialta ná maidir le hoibríochtaí iompair ar chuntas an duine féin.

4.   Cé is moite d'Airteagal 4(2), Airteagal 9 agus Airteagal 10(1), féadfaidh na Ballstáit seirbhísí rialta uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha, lena n-áirítear seirbhísí trasteorann den chinéal sin, a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

5.   Cé is moite d'Airteagal 4(2), Airteagal 9 agus Airteagal 10(1), féadfaidh Ballstáit, ar bhonn trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, seirbhísí rialta baile a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.Féadfar díolúintí den sórt sin a dheonú ar feadh tréimhse nach faide ná cúig bliana, ar tréimhse í a fhéadfar a athnuachan faoi dhó.

6.   Ar bhonn trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, féadfaidh Ballstát seirbhísí rialta faoi leith a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ar feadh uastréimhse cúig bliana, de bhrí go ndéantar cuid shuntasach den tseirbhís rialta, lena n-áirítear stop sceidealta amháin, a oibriú lasmuigh den Aontas. Féadfar diolúintí den sórt sin a athnuachan.

7.   Cuirfidh Ballstáit an Coimisiún ar an eolas maidir le díolúintí arna ndeonú de bhun mhír 4, mhír 5 agus mhír 6 do na cineálacha éagsúla seirbhísí. Déanfaidh an Coimisiún gníomhú mar is iomchuí, má mheastar nach bhfuil an díolúine sin i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo. Faoin … (12) cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus faoi bhráid na Comhairle maidir leis na díolúintí arna ndeonú de bhun mhír 4, mhír 5 agus mhír 6.

8.   Ní thuigfear, maidir le ní ar bith de na nithe atá sa Rialachán seo, gurb ionann é agus ceanglais theicniúla lena bhforchuirtear oibleagáidí ar iompróirí ná ar chomhlachtaí bainistithe críochfort chun busanna nó cóistí nó bonneagar nó trealamh ag stadanna bus agus ag críochfoirt bus a mhodhnú ná busanna nó cóistí nó bonneagar nó trealamh a chur ina n-ionad.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(a)

ciallaíonn ‘seirbhísí rialta’ seirbhísí lena bhforáiltear d'iompar paisinéirí de bhus nó de chóiste ag eatraimh shonraithe ar feadh bealaí sonraithe agus do bhailiú agus scaoileadh amach paisinéirí ag pointí réamhshocraithe stad;

(b)

ciallaíonn ‘seirbhísí rialta speisialta’ seirbhísí rialta, le cibé duine a dhéanfaidh iad a eagrú, lena bhforáiltear d'iompar de bhus nó de chóiste maidir le catagóirí sonraithe paisinéirí agus paisinéirí eile á n-eisiamh;

(c)

ciallaíonn ‘oibríochtaí iompair ar chuntas an duine féin’ oibríochtaí arna gcur i gcrích de bhus nó de chóiste chun críocha neamhthráchtála, neamhbhrabúsacha ag duine nádúrtha nó duine dlítheanach ar dá réir:

nach mbeidh sa ghníomhaíocht ach gníomhaíocht choimhdeach don duine nádúrtha sin nó don duine dlítheanach sin, agus

gur leis an duine nádúrtha nó leis an duine dlítheanach na feithiclí a bheidh á n-úsáid nó gur trí théarmaí iarchurtha a fuair sé iad nó go raibh siad faoi réir conartha léasúcháin fadtéarma agus maidir leis na daoine a bheidh á dtiomáint, gur duine d'fhoireann an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh a bheidh i gceist, nó an duine dlítheanach féin nó pearsanra a bheidh á bhfostú ag an ngnóthas faoi oibleagáid chonarthach nó gur feithiclí a chuirfear ar láimh an ghnóthais faoi oibleagáid chonarthach iad;

(d)

ciallaíonn ‘seirbhísí ócáideacha’ seirbhísí nach dtagann faoin sainmhíniú ar sheirbhísí rialta agus arb iad a bpríomhthréithe grúpaí de phaisinéirí arna gcur le chéile ar thionscnamh an chustaiméara nó an iompróra é féin a iompar de bhus nó de chóiste;

(e)

ciallaíonn ‘conradh iompair’ conradh iompair idir iompróir agus paisinéir chun seirbhís rialta amháin nó níos mó a sholáthar nó chun seirbhís ócáideach nó níos mó a sholáthar;

(f)

ciallaíonn ‘ticéad’ doiciméad bailí nó fianaise eile ar chonradh iompair;

(g)

ciallaíonn ‘iompróir’ duine nádúrtha nó dlítheanach seachas oibreoir turas nó díoltóir ticéad, a mbíonn iompar trí sheirbhísí rialta nó trí sheirbhísí ócáideacha á dtairiscint aige;

(h)

ciallaíonn ‘iompróir feidhmitheach’ duine nádúrtha nó dlítheanach seachas an t-iompróir, a dhéanann an tseirbhís iompair iomlán nó cuid di a fheidhmiú iarbhír;

(i)

ciallaíonn ‘díoltóir ticéad’ aon idirghabhálaí a dhéanann conarthaí iompair thar ceann iompróra;

(j)

ciallaíonn ‘gníomhaire taistil’ aon idirghabhálaí a ghníomhaíonn thar ceann paisinéara chun conarthaí iompair a dhéanamh;

(k)

ciallaíonn ‘tionscnóir turas’ eagraí, seachas iompróir, de réir bhrí Airteagal 2(2) agus (3) de Threoir 90/314/CEE;

(l)

ciallaíonn ‘duine atá faoi mhíchumas’ nó ‘duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghduithe’ aon duine a mbíonn a shoghluaisteacht laghdaithe nuair a bhíonn modh iompair á úsáid aige de bharr aon mhíchumais choirp (míchumas céadfach nó gluaisluaile, buan nó sealadach), de bharr míchumais nó mallachair intleachta, de bharr cúis mhíchumais ar bith eile nó de bharr aoise, agus ar gá aird iomchuí a thabhairt ar a chás agus na seirbhísí a chuirtear ar fáil do na paisinéirí uile a oiriúnú dá riachtanais ar leith;

(m)

ciallaíonn ‘coinníollacha rochtana’ caighdeáin, treoirlínte agus faisnéis ábhartha i dtaobh inrochtaine busanna agus/nó críochfort ainmnithe lena n-áirítear na saoráidí atá acu do dhaoine atá faoi mhíchumas nó do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe;

(n)

ciallaíonn ‘áirithint’ suíochán a chur in áirithe ar bord bus nó cóiste do sheirbhís rialta ag am imeachta sonrach;

(o)

ciallaíonn ‘críochfort’ críochfort a bhfuil foireann ann, agus a bhfuil sé sceidealta, i gcomhréir leis an mbealach arna shonrú, go stopfadh seirbhís rialta ann le haghaidh bordála agus tuirlingthe paisinéirí, agus ar críochfort é atá feistithe le saoráidí amhail cuntar seiceála isteach, seomra feithimh nó oifig ticéad;

(p)

ciallaíonn ‘stad bus’ aon phointe seachas críochfort a bhfuil sé sceidealta, i gcomhréir leis an mbealach sonraithe, go stopfadh seirbhís rialta ann le haghaidh bordála paisinéirí agus tuirlingthe paisinéirí;

(q)

ciallaíonn ‘comhlacht bainistithe críochfoirt’ eintiteas eagraíochtúil i mBallstát atá freagrach as críochfort ainmnithe a bhainistiú;

(r)

ciallaíonn ‘cealú’ nach ndéanfaí seirbhís a bhí sceidealta roimhe sin a oibriú;

(s)

ciallaíonn ‘moill’ an difríocht atá idir an t-am a raibh sé sceidealta go n-imeodh seirbhís agus an t-am ar imigh sí iarbhír.

Airteagal 4

Ticéid agus coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha conarthacha

1.   Déanfaidh iompróirí ticéad a sholáthair don phaisinéir mura mbeidh teidlíocht iompair á tabhairt le doiciméid eile. Féadfar ticéad a eisiúint i bhformáid leictreonach.

2.   Gan dochar do tharaifí sóisialta, déanfar na coinníollacha conarthacha agus na taraifí a bheidh á gcur i bhfeidhm ag iompróirí a thairiscint don phobal i gcoitinne gan idirdhealú díreach ná indíreach bunaithe ar náisiúntacht an chustaiméara dheiridh ná bunaithe ar áit bhunaíochta na n-iompróirí nó na ndíoltóirí ticéad laistigh den Aontas.

Airteagal 5

Páirtithe feidhmitheacha eile

1.   Má cuireadh feidhmiú na n-oibleagáidí faoin Rialachán seo de chúram ar iompróir feidhmitheach, ar dhíoltóir ticéad nó ar aon duine eile, beidh an t-iompróir, an gníomhaire taistil, an tionscnóir turas nó an comhlacht bainistithe críochfoirt a chuir na hoibleagáidí sin air, faoi dhliteanas fós maidir le gníomhartha agus neamhghníomhartha an pháirtí fheidhmithigh sin.

2.   Ina theannta sin, beidh an páirtí ar chuir an t-iompróir, an gníomhaire taistil, an tionscnóir turas nó an t-oibreoir críochfoirt feidhmiú oibleagáide de chúram air, faoi réir fhorálacha an Rialacháin seo i dtaca leis an oibleagáid a cuireadh faoina chúram.

Airteagal 6

Tarscaoileadh a eisiamh

1.   Ní dhéanfar na hoibleagáidí i leith paisinéirí de bhun an Rialacháin seo a theorannú ná a tharscaoileadh, go háirithe trí mhaolú nó trí chlásal sriantach sa chonradh iompair.

2.   Féadfaidh iompróirí coinníollacha conarthacha a thairiscint a bheidh níos fabhraí don phaisinéir ná na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

CAIBIDIL II

CÚITEAMH AGUS CÚNAMH I GCÁS TIMPISTÍ

Airteagal 7

Bás nó díobháil phearsanta do phaisinéirí agus caillteanas bagáiste nó damáiste do bhagáiste

1.   I gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme, beidh paisinéirí i dteideal cúiteamh a fháil i gcomhair báis nó díobhála pearsanta chomh maith le caillteanas bagáiste nó damáiste do bhagáiste a bheidh mar thoradh ar thimpistí a thig ó bhus nó ó chóiste a úsáid. i gcás báis phaisinéara, beidh feidhm ag an gceart ar a laghad do dhaoine a raibh an dualgas dlí orthu daoine a chothabháil nó a d'fhéadfadh an dualgas dlí a bheith orthu daoine a chothabháil.

2.   Is i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme a dhéanfar méid an chúitimh a ríomh. Aon uasteorainn dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta le cúiteamh le haghaidh báis nó díobhála pearsanta, ní lú ná an méid seo a leanas í ag gach ócáid ar leith:

(a)

EUR 220 000 in aghaidh an phaisinéara;

(b)

maidir le seirbhísí uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha rialta nó seirbhísí ócáideacha, EUR 500 in aghaidh gach míre bagáiste, agus maidir le gach seirbhís rialta nó ócáideach eile, EUR 1 200 in aghaidh gach míre bagáiste. I gcás damáiste do chathaoireacha rothaí, do threalamh soghluaisteachta eile nó d'fheistí cúnaimh eile, beidh an cúiteamh i gcónaí ar cóimhéid leis an gcostas atá ar an trealamh a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dó a athsholáthar nó a dheisiú.

Airteagal 8

Riachtanais phraiticiúla láithreacha na bpaisinéirí

I gcás ina dtarlóidh timpiste a thig ó úsáid an bhus nó an chóiste, cuirfidh an t-iompróir cúnamh réasúnach ar fáil maidir le riachtanais phraiticiúla láithreacha na bpaisinéirí tar éis na timpiste. Ní hionann cúnamh agus dliteanas a aithint.

CAIBIDIL III

CEARTA DAOINE ATÁ FAOI MHÍCHUMAS AGUS DAOINE A BHFUIL A SOGHLUAISTEACHT LAGHDAITHE

Airteagal 9

An ceart chun iompair

1.   Ní dhiúltóidh iompróirí, gníomhairí taistil ná tionscnóirí turas áirithint a ghlacadh, ticéad a eisiúint ná ticéad a chur ar fáil ar dhóigh eile ná daoine a thógáil ar bord ar fhorais mhíchumais nó ar fhorais soghluaisteachta laghdaithe.

2.   Tairgfear áirithintí agus ticéid do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe gan costas breise.

Airteagal 10

Eisceachtaí agus coinníollacha speisialta

1.   D'ainneoin Airteagal 9(1), féadfaidh iompróirí, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas a dhiúltú, sna cásanna seo a leanas, áirithint a ghlacadh ó dhuine, ticéad a eisiúint do dhuine nó ticéad a chur ar fáil dó ar dhóigh eile, nó duine a thógáil ar bord, ar fhorais mhíchumais nó ar fhorais soghluaisteachta laghdaithe:

(a)

d'fhonn na ceanglais sábháilteachta is infheidhme arna mbunú ag an dlí idirnáisiúnta, ag dlí an Aontais nó ag an dlí náisiúnta a chomhlíonadh nó d'fhonn na ceanglais sláinte agus sábháilteachta arna mbunú ag na húdaráis inniúla a chomhlíonadh;

(b)

i gcás, de bharr dhearadh na feithicle nó de bharr an bhonneagair, lena n-áirítear na stadanna bus agus na críochfoirt, go mbeidh sé dodhéanta an duine faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe a thógáil ar bord nó an duine sin a chur ó bhord nó a iompar i slí a bheadh sábháilte agus a bheadh indéanta go hoibríochtúil.

2.   I gcás ina ndiúltófar áirithint a ghlacadh nó ticéad a eisiúint nó a chur ar fáil ar dhóigh eile ar na forais dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh iompróirí, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas iarrachtaí réasúnacha an duine a chur ar an eolas maidir le seirbhís inghlactha mhalartach arna hoibriú ag an iompróir.

3.   Má dhiúltaítear, mar sin féin, cead bordála, ar fhorais a mhíchumais nó a shoghluaisteachta laghdaithe, do dhuine atá faoi mhíchumas nó a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe, a bhfuil áirithint nó ticéad ina sheilbh aige agus a bhfuil riachtanais Airteagal 14(1)(a) comhlíonta aige, tabharfar rogha, de bhun mhír 4 den Airteagal seo, don duine sin agus d'aon duine a bheidh á thionlacan idir na roghanna seo a leanas:

(a)

an ceart chun aisíocaíocht a fháil ar luach an ticéid agus, i gcás inarb ábhartha, seirbhís fillte saor in aisce chuig an gcéad phointe imeachta, mar a leagtar amach sa chonradh iompair é, a luaithe is féidir; agus

(b)

seachas i gcás nach mbeadh sé indéanta, leanúint den turas nó athródu a chur ar fáil trí sheirbhísí réasúnacha eile iompair chuig an gceann scríbe, mar atá sé leagtha amach sa chonradh iompair.

Ní dhéanfar difear don cheart aisíoc a fháil ar an airgead arna íoc ar an ticéad trí mhainneachtain fógra a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 14(1)(a).

4.   Faoi na coinníollacha céanna atá leagtha amach i mír 1(a), féadfaidh iompróir, gníomhaire taistil nó tionscnóir turas a cheangal go rachaidh daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i gcuideachta duine eile a bheidh in ann cúnamh a thabhairt don duine atá faoi mhíchumas nó don duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe, má tá dianghá leis sin. Iomprófar an duine tionlacain sin saor in aisce agus, i gcás inarb indéanta, agus é suite taobh leis an duine faoi mhíchumas nó leis an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe.

5.   Nuair a rachaidh iompróirí, gníomhairí taistil nó tionscnóirí turas ar iontaoibh mhír 1, cuirfidh siad na cúiseanna atá leis sin in iúl láithreach don duine faoi mhíchumas nó don duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe, nó arna iarraidh sin, cuirfidh siad in iúl i scríbhinn don duine lena mbaineann laistigh de chúig lá oibre iad.

Airteagal 11

Inrochtaineacht agus faisnéis

1.   I gcomhar le heagraíochtaí atá ionadaíoch ar dhaoine atá faoi mhíchumas nó ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, déanfaidh iompróirí agus oibreoirí críochfoirt, trína n-eagraíochtaí i gcás inarb iomchuí, coinníollacha neamh-idirdhealaitheacha rochtana a bhunú maidir le hiompar daoine atá faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, nó beidh na coinníollacha sin i bhfeidhm acu.

2.   Maidir leis na coinníollacha rochtana dá bhforáiltear i mír 1, cuirfidh na hiompróirí agus na hoibreoirí críochfoirt ar fáil go fisiciúil nó ar an Idirlíon iad sna teangacha arb iontu a dhéantar an fhaisnéis a chur ar fáil de ghnáth do na paisinéirí go léir.

3.   Cuirfidh tionscnóirí turas na rialacha ar fáil dá bhforáiltear i mír 1 agus atá infheidhme maidir le turais arna n-áireamh sa taisteal láneagraithe, sna saoirí láneagraithe agus sna turais láneagraithe a eagraíonn siad, a dhíolann siad nó a thairgeann siad lena ndíol.

4.   Déanfar an fhaisnéis maidir le coinníollacha rochtana dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3 a dháileadh go fisiciúil arna iarraidh sin don phaisinéir.

5.   Déanfaidh iompróirí, gníomhairí taistil nó tionscnóirí turas a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis ábhartha ghinearálta ar fad faoi na coinníollacha iompair, faoin turas agus faoi na coinníollacha rochtana a chur ar fáil i bhformáidí a bheidh iomchuí agus a bheidh inrochtana do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, áirithintí agus faisnéis ar líne. Dáilfear an fhaisnéis go fisiciúil arna iarraidh sin don phaisinéir.

Airteagal 12

Críochfoirt a ainmniú

Ainmneoidh na Ballstáit críochfoirt bus agus cóiste ina dtabharfar cúnamh do dhaoine faoi mhíchumas agus do daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi sin. Cuirfidh an Coimisiún ar fáil ar an idirlíon liosta de na críochfoirt ainmnithe do bhusanna agus do chóistí.

Airteagal 13

An ceart chun cúnaimh ag críochfoirt ainmnithe agus ar bhusanna agus ar chóistí

1.   Faoi réir na gcoinníollacha rochtana dá bhforáiltear in Airteagal 11(1), déanfaidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfort cúnamh a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, saor in aisce, laistigh dá gcuid réimsí inniúlachta faoi seach, ag críochfoirt arna n-ainmniú ag an mBallstát, ar cúnamh é a shonraítear i gcuid (a) d'Iarscríbhinn I.

2.   Faoi réir na gcoinníollacha rochtana dá bhforáiltear in Airteagal 11(1), déanfaidh iompróirí cúnamh a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, saor in aisce ar bhusanna agus ar chóistí, ar cúnamh é a shonraítear i gcuid (b) d'Iarscríbhinn I.

Airteagal 14

Coinníollacha faoina gcuirtear cúnamh ar fáil

1.   Comhoibreoidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt d'fhonn cúnamh a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar choinníoll:

(a)

go gcuirfear an gá atá ag an duine leis an gcúnamh sin in iúl d'iompróirí, do chomhlachtaí bainistithe críochfort, do ghníomhairí taistil nó tionscnóirí turas, dhá lá oibre ar a dhéanaí, sula mbeidh an cúnamh ag teastáil; agus

(b)

go gcuirfidh na daoine lena mbaineann iad féin i láthair ag an bpointe ainmnithe:

i)

tráth a sonróidh an t-iompróir roimh ré nach luaithe é ná 60 nóiméad roimh an am imeachta foilsithe; nó

ii)

mura mbeidh am ar bith sonraithe, tráth nach déanaí ná 30 nóiméad roimh an am imeachta foilsithe.

2.   I dteannta mhír 1, tabharfaidh daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe fógra don iompróir, don ghníomhaire taistil nó don tionscnóir turas faoi na riachtanais shonracha maidir le suíocháin, tráth a mbeidh an áirithint á déanamh nó tráth a mbeidh an ticéad á réamhcheannach, ar choinníoll go bhfuil siad ar an eolas faoin riachtanas ag an am sin.

3.   Déanfaidh iompróirí, comhlachtaí bainistithe críochfoirt, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas na bearta uile is gá le go mbeidh sé níos éasca fógraí a fháil ó dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe faoin ngá atá acu le cúnamh. Beidh feidhm ag an oibleagáid seo ag na críochfoirt ainmnithe uile agus ag a ndíolphointí, lena n-áirítear díolachán ar an nguthán agus ar líne.

4.   Mura ndéanfar fógra ar bith i gcomhréir le mír 1(a) agus le mír 2, déanfaidh iompróirí, comhlachtaí bainistithe críochfoirt, gníomhairí taistil agus tionscnóirí turas gach iarracht réasúnach chun a áirithiú go gcuirfear an cúnamh ar fáil ar bhealach go mbeidh an duine faoi mhíchumas nó a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe in ann dul ar bord ar an tseirbhís imeachta, athrú chuig an tseirbhís chomhfhreagrach nó tuirlingt den tseirbhís teachta ar cheannaigh sé ticéad di.

5.   Déanfaidh an comhlacht bainistithe críochfoirt pointe a ainmniú, laistigh den chríochfort nó lasmuigh dó, ina bhféadfadh daoine atá faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a fhógairt go bhfuil siad tagtha agus ina bhféadfadh siad cúnamh a lorg. Beidh comharthaíocht shoiléir ann chuig an bpointe agus cuirfear faisnéis bhunúsach ar fáil léi, i bhformáidí inrochtana, faoin gcríochfort agus faoin gcúnamh atá ar fáil ann.

Airteagal 15

Faisnéis a tharchur go tríú páirtí

Má fhaigheann gníomhairí taistil nó tionscnóirí turas fógra dá dtagraítear in Airteagal 14(1)(a), déanfaidh siad an fhaisnéis a sheachadadh a luaithe is féidir chuig an iompróir nó chuig an gcomhlacht bainistithe críochfoirt, laistigh dá ngnáthuaireanta oifige.

Airteagal 16

Oiliúint

1.   Déanfaidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt, i gcás inarb iomchuí, nósanna imeachta oiliúna a bhaineann le míchumas, lena n-áirítear treoracha, a bhunú, agus áiritheoidh siad an méid seo a leanas:

(a)

go gcuirfear oiliúint ar a bpearsanra, seachas tiománaithe, lena n-áirítear pearsanra atá fostaithe ag aon pháirtí feidhmitheach eile, a mbeidh cúnamh díreach á sholáthar aige do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn II, cuid a) agus cuid b); nó go dtabharfar treoir dóibh; agus

(b)

go gcuirfear oiliúint ar a bpearsanra, lena n-áirítear tiománaithe, a dhéileálann go díreach leis an bpobal atá ag taisteal, nó le saincheisteanna a bhaineann leis an bpobal atá ag taisteal, mar a thuairiscítear in Iarscríbhinn II, cuid a) nó go dtabharfar treoir dóibh.

2.   Féadfaidh Ballstát, go ceann uastréimhse dhá bhliain ón … (13) díolúine a dheonú ó chur i bhfeidhm mhír (1)(b) maidir le hoiliúint a chur ar thiománaithe.

Airteagal 17

Cúiteamh i leith cathaoireacha rothaí agus trealaimh eile ghluaiseachta

1.   Beidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt faoi dhliteanas, i gcás inarbh iad ba chúis le caillteanas cathaoireacha rothaí, trealaimh soghluaisteachta nó feistí cúnta nó le damáiste a dhéanamh dóibh, a tharlaíonn de dheasca an tsoláthair le haghaidh cúnaimh. Déanfaidh an t-iompróir nó an comhlacht bainistithe críochfoirt a bheidh faoi dhliteanas an caillteanais nó an damáiste sin a chúiteamh.

2.   Beidh an cúiteamh dá dtagraítear i mír 1 ar cóimhéid le costas an trealaimh nó le costas na bhfeistí a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dóibh.

3.   I gcás inar gá, déanfar gach iarracht trealamh sealadach athsholáthair nó feistí sealadacha athsholáthair a chur ar fáil go tapa. I gcás inar féidir sin, beidh gnéithe teicniúla agus feidhmiúla ag cathaoireacha rothaí, ag trealamh soghluaisteachta nó ag feistí cúnta eile ar gnéithe iad a bheidh comhchosúil le gnéithe iad siúd a cailleadh nó a ndearnadh damáiste dóibh.

Airteagal 18

Díolúintí

1.   Gan dochar d'Airteagal 2(4), féadfaidh Ballstáit seirbhísí rialta intíre a dhíolmhú ó chur chun feidhme fhorálacha uile na Caibidle seo, nó roinnt díobh, ar choinníoll go gcinnteoidh siad go bhfuil an leibhéal cosanta maidir le daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe faoina rialacha náisiúnta, ar a laghad ar aon dul leis an leibhéal cosanta atá faoin Rialachán seo.

2.   Cuirfidh Ballstáit in iúl don Choimisiún maidir le díolúintí arna ndeonú de bhun mhír 1. Glacfaidh an Coimisiún gníomhaíocht iomchuí, má mheastar nach bhfuil an díolúine sin i gcomhréir le forálacha an Airteagail seo. Déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le díolúintí arna ndeonú de bhun mhír 1, faoin … (14).

CAIBIDIL IV

CEARTA PAISINÉIRÍ I GCÁS CEALÚ NÓ MOILLE

Airteagal 19

Leanúint ar aghaidh, athródú agus aisíocaíocht

1.   I gcás ina measfaidh iompróir go réasúnach go gcuirfear seirbhís rialta ar ceal nó go gcuirfear moill níos mó ná 120 nóiméad ar an imeacht ó chríochfort, tabharfar rogha láithreach don phaisinéir idir an méid seo a leanas:

(a)

leanúint ar aghaidh nó athródú, chuig an gceann scríbe deiridh, faoi choinníollacha inchomparáide, mar a leagtar amach sa chonradh iompair, a luaithe is féidir;

(b)

aisíocaíocht ar luach an ticéid agus, i gcás ina mbeidh sé ábhartha, seirbhís fillte saor in aisce ar an mbus nó ar an gcóiste chuig an gcéad phointe imeachta, mar a leagtar amach sa chonradh iompair, a luaithe is féidir.

2.   I gcás ina ndéanfar seirbhís rialta a chur ar ceal nó i gcás ina mbeidh moill níos mó ná 120 nóiméad uirthi imeacht ó stad bus, beidh ag paisinéir an ceart leanúint ar aghaidh, nó athrodú nó aisíocaíocht ar luach an ticéid a fháil ón iompróir.

3.   Déanfar an aisíocaíocht dá bhforáiltear i mír 1(b) agus i mír 2 laistigh de 14 lá tar éis an tairscint a dhéanamh nó an iarraidh a fháil. Cumhdóidh an íocaíocht costas iomlán an ticéid ag an bpraghas a ceannaíodh é, don chuid nó do na codanna den turas nach ndearnadh, agus don chuid nó do na codanna a rinneadh cheana féin más rud é nach bhfuil cuspóir ar bith leis an turas a thuilleadh i leith phlean taistil bhunaidh an phaisinéara. I gcás pasanna taistil nó ticéad séasúir beidh an íocaíocht ar cóimhéid leis an gcuid chomhréireach de chostas iomlán an phas nó an ticéid. Déanfar an aisíocaíocht le hairgead, mura nglacann an paisinéir le haon chineál eile aisíocaíochta.

Airteagal 20

Faisnéis

1.   I gcás ina gcealófar imeacht seirbhíse rialta, nó ina gcuirfear moill air, déanfaidh na hiompróirí, nó an comhlacht bainistithe críochfoirt, i gcás inarb iomchuí, na paisinéirí a bheidh ag imeacht ó na críochfoirt a chur ar an eolas faoin staid a luaithe is féidir, agus ar aon chuma, tráth nach déanaí ná 30 nóiméad tar éis an ama imeachta a bheidh sceidealta, agus faoin am imeachta measta, a luaithe a bheidh an fhaisnéis sin ar fáil.

2.   Má chailleann paisinéirí nascsheirbhís de réir an amchláir de bharr cealú nó de bharr moille, déanfaidh an t-iompróir nó, an comhlacht bainistithe críochfoirt, i gcás inarb iomchuí, gach iarracht réasúnach na paisinéirí lena mbaineann a chur ar an eolas faoi naisc mhalartacha.

3.   Déanfaidh an t-iompróir nó an comhlacht bainistithe críochfoirt a áirithiú, i gcás inarb iomchuí, gur i bhformáidí inrochtana a gheobhaidh daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe an fhaisnéis a cheanglaítear faoi mhír 1 agus faoi mhír 2.

Airteagal 21

Cúnamh i gcás imeachtaí ar cuireadh moill orthu nó a cealaíodh

Le haghaidh turas a bhfuil fad sceidealta níos mó ná trí huaire an chloig ag baint leis, déanfaidh an t-iompróir, i gcás cealú nó moille maidir le himeacht ón gcríochfort níos mó ná dhá uair an chloig, an méid seo a leanas a thairiscint saor in aisce don phaisinéir:

(a)

sneaiceanna, béilte nó sóláistí i gcoibhneas réasúnach leis an tréimhse a bheidh siad ag feitheamh nó a bheidh an mhoill orthu, ar choinníoll go bhfuil siad ar fáil ar an mbus nó sa chríochfort, nó más féidir iad a sholáthar go réasúnach;

(b)

cúnamh chun óstlann nó cóiríocht eile a fháil chomh maith le cúnamh chun iompar a shocrú idir an críochfort agus áit na cóiríochta i gcásanna ina mbeidh gá le fanacht oíche amháin nó níos mó riachtanach.

Agus an tAirteagal seo á chur i bhfeidhm, tabharfaidh an t-iompróir aird ar leith ar riachtanais daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus duine ar bith eile a bheidh á dtionlacan.

Airteagal 22

Éilimh bhreise

Ní choiscfidh ní ar bith sa Chaibidil seo ar phaisinéirí damáistí a lorg os comhair cúirteanna náisiúnta, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta i leith caillteanais de thoradh cealú nó moille maidir le seirbhísí rialta.

CAIBIDIL V

RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE FAISNÉIS AGUS LE GEARÁIN

Airteagal 23

Ceart chun faisnéise maidir le taisteal

Laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, cuirfidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt faisnéis leordhóthanach ar fáil do phaisinéirí le linn dóibh a bheith ag taisteal. I gcás inarb indéanta, is i bhformáidí a bheidh inrochtana a chuirfear an fhaisnéis sin ar fáil arna iarraidh sin.

Airteagal 24

Faisnéis maidir le cearta paisinéirí

1.   Déanfaidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt, laistigh dá réimsí inniúlachta faoi seach, a áirithiú go gcuirtear faisnéis iomchuí agus oiriúnach maidir lena gcearta faoin Rialachán seo ar fáil ar a dhéanaí do phaisinéirí ag imeacht dóibh ón gcríochfort. Cuirfear an fhaisnéis ar fáil ag críochfoirt agus i gcás inarb infheidhme, ar an Idirlíon. Ar iarratas ó dhuine atá faoi mhíchumas nó ó dhuine a bhfuil a shoghluaiseacht laghdaithe, is i bhformáid inrochtana a chuirfear an fhaisnéis ar fáil. Cuimseoidh an fhaisnéis sin sonraí teagmhála an chomhlachta nó sonraí teagmhála na gcomhlachtaí forfheidhmithe arna n-ainmniú ag na Ballstáit de bhun Airteagal 27(1).

2.   Chun an ceanglas maidir le faisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh, féadfaidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfoirt úsáid a bhaint as achoimre d'fhorálacha an Rialacháin seo arna hullmhú ag an gCoimisiún i dteangacha oifigiúla uile institiúidí an Aontais Eorpaigh, arb achoimre í a chuirfear ar fáil dóibh.

Airteagal 25

Gearáin

Bunóidh iompróirí sásra chun gearáin a láimhseáil nó beidh sásra chun gearáin a láimhseáil i bhfeidhm acu maidir leis na cearta agus na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 4, in Airteagal 8 agus in Airteagal 9 go hAirteagal 24.

Airteagal 26

Gearáin a thíolacadh

Más mian le paisinéir a chumhdaítear leis an Rialachán seo gearán a dhéanamh leis an iompróir i dtaca le hAirteagal 4, le hAirteagal 8 nó le hAirteagal 9 go go hAirteagal 24 den Rialachan seo, cuirfidh sé isteach é laistigh de thrí mhí ón dáta ar feidhmíodh an tseirbhís nó ón dáta a raibh sé ceaptha an tseirbhís a fheidhmiú. Laistigh d'aon mhí amháin ón dáta a bhfaighidh an t-iompróir gearán, tabharfaidh sé fógra don phaisinéir gur cuireadh bunús lena ghearán, gur diúltaíodh don ghearán nó go bhfuil sé fós á bhreithniú. Ní faide ná trí mhí ón dáta a bhfuarthas an gearán an tréimhse chun an freagra deiridh a chur ar fáil.

CAIBIDIL VI

FORFHEIDHMIÚ AGUS COMHLACHTAÍ NÁISIÚNTA FORFHEIDHMITHE

Airteagal 27

Comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe

1.   Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht nó comhlachtaí nua nó comhlacht nó comhlachtaí a bhí ann cheana féin mar chomhlacht nó comhlachtaí a bheidh freagrach as forfheidhmiú an Rialacháin seo a mhéid a bhaineann le seirbhísí rialta as pointí atá suite ina gcríoch agus maidir le seirbhísí rialta ó thríú tír chuig na pointí sin. Glacfaidh gach comhlacht na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfar an Rialachán seo.

Beidh gach comhlacht neamhspleách ar iompróirí, ar thionscnóirí turas agus ar chomhlachtaí críochfoirt, ó thaobh eagrúcháin de, ó thaobh cinntí i leith maoinithe, ó thaobh a struchtúir dhlíthiúil agus ó thaobh cinnteoireachta de.

2.   Cuirfidh gach Ballstát an Coimisiún ar an eolas maidir leis an gcomhlacht nó na comhlachtaí a ainmneofar i gcomhréir leis an Airteagal seo.

3.   Féadfaidh paisinéir ar bith gearán a dhéanamh, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, leis an gcomhlacht iomchuí a ainmneofar faoi mhír 1, nó le comhlacht iomchuí ar bith eile a ainmneoidh Ballstát, maidir le haon sárú líomhnaithe ar an Rialachán seo.

Féadfaidh Ballstát a chinneadh:

(a)

go gcuirfidh an paisinéir, mar chéad chéim, gearán i dtaca le hAirteagal 4, le hAirteagal 8 agus le hAirteagal 9 go hAirteagal 24 faoi bhráid an iompróra; agus/nó

(b)

go ngníomhóidh an comhlacht náisiúnta um fhorfheidhmiú nó aon chomhlacht iomchuí eile a ainmneoidh an Ballstát mar chomhlacht achomhairc i gcás gearán nár réitíodh faoi Airteagal 26.

Airteagal 28

Tuarascáil ar fhorfheidhmiú

Faoin 1 Meitheamh … (15) agus gach ré bliain ina dhiaidh sin, foilseoidh na comhlachtaí forfheidhmithe a ainmneofar de bhun Airteagal 27(1) tuarascáil maidir lena ndearna siad sa dá bhliain féilire roimhe sin, ar tuarascáil í ina mbeidh, inter alia, cur síos ar na gníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích chun forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme, agus staitisticí maidir leis na gearáin agus maidir leis na smachtbhannaí a cuireadh i bhfeidhm.

Airteagal 29

Comhar idir comhlachtaí forfheidhmithe

Déanfaidh na comhlachtaí náisiúnta um fhorfheidhmiú dá dtagraítear in Airteagal 27(1) faisnéis a mhalartú, aon uair is iomchuí, faoina gcuid oibre agus faoina bprionsabail cinnteoireachta agus faoina gcleachtais cinnteoireachta. Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht dóibh sa chúram seo.

Airteagal 30

Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforálfar éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus faoi na bearta sin faoin … (16) agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfaidh difear dóibh.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 31

Tuarascáil

Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin … (17), faoi fheidhmiú agus faoi iarmhairtí an Rialacháin seo. Gabhfaidh tograí reachtacha, i gcás inarb iomchuí, leis an tuarascáil lena gcuirfear forálacha an Rialacháin seo chun feidhme le tuilleadh mionsonraí, nó lena leasófar é.

Airteagal 32

Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004

Cuirtear an pointe seo a leanas leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004:

‘18.

Rialachán (AE) Uimh …/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an … maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste (18)

Airteagal 33

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil anAontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige amhail ón … (19).

Airteagal 34

Foilsiú

Foilseofar an Rialachán seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i/sa …,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa,

An tUachtarán

Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán


(1)  Tuairim an 16 Iúil 2009 (IO C 317, 23.12.2009, lch. 99).

(2)  Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2009 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), seasamh ón gComhairle an 11 Márta 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an … (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(3)  IO L 263, 7.10.2009, lch. 11.

(4)  IO L 199, 31.7.2007, lch. 40.

(5)  IO L 177, 4.7.2008, lch. 6.

(6)  IO L 226, 10.9.2003, lch. 4.

(7)  IO L 158, 23.6.1990, lch. 59.

(8)  IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

(9)  IO L 364, 9.12.2004, lch. 1.

(10)  IO L 180, 19.7.2000, lch. 22.

(11)  IO L 373, 21.12.2004, lch. 37.

(12)  Cuir isteach, le do thoil, an dáta is ionann agus cúig bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(13)  Cuir isteach, le do thoil, dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(14)  Cuir isteach, le do thoil, an dáta is ionann agus cúig bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(15)  Cuir isteach, le do thoil, an dáta is ionann agus dhá bhliain tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(16)  Cuir isteach, le do thoil, dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(17)  Cuir isteach, le do thoil, an dáta is ionann agus trí bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(18)  IO …’.

(19)  Cuir isteach, le do thoil, an dáta is ionann agus dhá bhliain tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.


IARSCRÍBHINN I

Cúnamh a sholáthrófar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe

a)   Cúnamh ag críochfoirt ainmnithe

Cúnamh agus socruithe is gá le cur ar chumas daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe:

a chur in iúl go bhfuil siad tagtha ag an gcríochfort agus iarratas ar chúnamh a dhéanamh ag pointí arna n-ainmniú;

dul ón bpointe arna ainmniú chuig an gcuntar cláraithe, an seomra feithimh agus an áit bordála.

an fheithicil a bhordáil, agus ardaitheoirí, cathaoireacha rothaí nó cúnamh eile atá ag teastáil á soláthar, de réir mar is cuí;

a mbagáiste a luchtú;

a mbagáiste a aisghabháil;

tuirlingt den fheithicil;

dul ar bord bus nó cóiste le madra cúnta aitheanta;

dul ar aghaidh chuig an suíochán;

b)   Cúnamh ar bord

Cúnamh agus socruithe is gá le cur ar chumas daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe:

faisnéis riachtanach i bhformáidí inrochtana a bhaineann le turas a fháil faoi réir iarrata arna déanamh ag paisinéir;

dul ar bord/tuirlingt i rith sosanna i dturas, má tá pearsanra seachas an tiománaí ar bord.


IARSCRÍBHINN II

Oiliúint a bhaineann le cúrsaí míchumas

a)   Oiliúint ar fheasacht mhíchumais

Áirítear an méid seo a leanas le hoiliúint foirne a dhéileálann go díreach le taistealaithe:

feasacht agus freagairtí iomchuí ar phaisinéirí a bhfuil míchumas coirp, míchumas céadfach (éisteachta agus amhairc), míchumas folaithe nó míchumas foghlama ag dul dóibh, lena n-áirítear conas idirdhealú a dhéanamh idir cumas éagsúil na ndaoine a bhféadfadh a soghluaisteacht, a dtreoshuíomh nó a gcumarsáid a bheith laghdaithe;

na bacainní ar dhaoine faoi mhíchumas agus ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear bacainní dearcaidh, timpeallachta/fisiciúla nó eagraíochtúla;

madraí cúnta aitheanta, lena n-áirítear an ról agus na riachtanais atá ag madra cúnta;

a bheith ag déileáil le teagmhais gan choinne;

scileanna idirphearsanta agus modhanna cumarsáide leis na bodhair agus le daoine lagéisteachta, le daoine lagamhairc, le daoine le hurlabhra lagaithe agus le daoine a bhfuil míchumas foghlama ag dul dóibh;

conas cathaoireacha rothaí agus áiseanna eile soghluaisteachta a láimhseáil chun damáiste a sheachaint (más ann dóibh, le haghaidh na foirne uile atá freagrach as láimhseáil bagáiste).

b)   Oiliúint maidir le cúnamh míchumais

Le hoiliúint foirne a thugann cúnamh go díreach do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, áirítear na nithe seo a leanas:

conas cabhrú le lucht úsáide cathaoireacha rothaí aistriú isteach agus amach as cathaoir rothaí;

scileanna chun cúnamh a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe atá ag taisteal le madra cúnta aitheanta, lena n-áirítear ról agus riachtanais na madraí sin;

teicníochtaí maidir le daoine lagamhairc a thionlacan agus maidir le madraí cúnta aitheanta a láimhseáil agus a iompar;

tuiscint ar na cineálacha trealaimh ar féidir leo cabhrú le daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus eolas faoi conas an trealamh sin a láimhseáil;

úsáid a bhaint as an trealamh cúnta bordála agus tuirlingthe a úsáidtear agus eolas ar na nósanna imeachta iomchuí do chúnamh bordála agus tuirlingthe a dhéanann sábháilteacht agus dínit na ndaoine faoi mhíchumas agus na ndaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a choimirciú;

tuiscint ar an ngá atá le cúnamh iontaofa gairmiúil. A bheith feasach freisin go bhféadfadh paisinéirí áirithe atá faoi mhíchumas a bheith soghonta le linn dóibh a bheith ag taisteal toisc iad a bheith ag brath ar an gcúnamh a chuirtear ar fáil;

eolas ar gharchabhair.


RÁITEAS AR CHÚISEANNA NA COMHAIRLE

I.   RÉAMHRÁ

An 4 Nollaig 2008, thíolaic an Coimisiún an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na cearta a bhíonn ag paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (1).

An 23 Aibreán 2009, vótáil Parlaimint na hEorpa ar a tuairim ar an gcéad léamh (2).

An 17 Nollaig 2009, tháinig an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an dréacht-Rialachán. Tar éis an t-athbhreithniú dlíthiúil agus teangeolaíoch a bheith déanta, ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh an 11 Márta 2010, i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach atá leagtha síos in Airteagal 294 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Agus a cuid oibre á cur i gcrích aici, chuir an Chomhairle tuairim an Choiste Eacnamaíochta agus Sóisialta san áireamh. Níor theastaigh ó Choiste na Réigiún aon tuairim a thabhairt uaidh.

II.   ANAILÍS AR AN SEASAMH AR AN gCÉAD LÉAMH

1.   Ginearálta

Cuid de chuspóir ginearálta an Aontais Eorpaigh a áirithiú go gcaithfear go comhionann leis na paisinéirí uile, beag beann ar an modh iompair atá roghnaithe acu, is ea an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na cearta a bhíonn ag paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste. Tá reachtaíocht dá samhail glactha cheana féin i dtaca le paisinéirí agus iad ag taisteal d'aer (3) nó d'iarnród (4). Tá forálacha sa togra maidir leis an dliteanas i gcás báis nó díobhála do phaisinéirí agus i gcás ina gcailltear bagáiste nó ina ndéantar dochar dá mbagáiste, na réitigh a dhéanfar go huathoibríoch nuair a chuirfear isteach ar thaisteal, an tslí a láimhseáilfear gearáin agus a gceartófar iad, faisnéis do phaisinéirí agus tionscnaimh eile. Ina theannta sin, leagtar síos leis an togra rialacha maidir le faisnéis agus maidir le cúnamh do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (DSLanna).

Cé gur aontaigh an Chomhairle leis an gCoimisiún maidir le cuspóir an togra, tá oiriúnuithe móra ar an mbuntogra i gceist le cur chuige na Comhairle. Níorbh inghlachta roinnt de na forálacha a bhí á mbeartú toisc go mbeadh ualach róthrom riaracháin i gceist leo agus costais dá bharr ar na hiompróirí agus ar lucht riaracháin náisiúnta, gan aon bhreisluach a bheith á thabhairt do phaisinéirí lena gcúiteofaí na míbhuntáistí sin. Rinneadh athdhréachtú ar roinnt forálacha eile agus aird á tabhairt ar na reachtaíochtaí éagsúla atá sna Ballstáit, ionas nach mbeadh an togra le haghaidh Rialacháin ag teacht salach ar an reachtaíocht náisiúnta ná ar an reachtaíocht Eorpach atá ann cheana. Chomh maith leis sin, rinneadh athdhréachtú ar fhorálacha eile chun an Rialachán a shimpliú agus a shoiléiriú.

Mar thoradh ar an gcur chuige sin, le seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, déantar an buntogra ón gCoimisiún a mhodhnú go pointe áirithe trí athdhréachtú a dhéanamh air agus trí roinnt forálacha de a scriosadh. Ciallaíonn sé sin nár ghlac an Chomhairle le haon cheann de na leasuithe a cuireadh isteach le tuairim chéad léamh Pharlaimint na hEorpa maidir leis na forálacha sin a scriosadh.

Is é is aidhm don Chomhairle, maidir leis an togra seo, teacht ar réiteach cothromúil lena gcuirfí san áireamh na cearta a bhíonn ag paisinéirí mar aon leis an ngá atá ann le hinmharthanacht eacnamaíoch na n-oibreoirí i dtionscal na mbusanna agus na gcóistí a áirithiú, ar tionscal é inarb é gnólachtaí beaga agus meánmhéide a bhunáite, agus, dá bhrí sin, rinne sí leasú 3 na Parlaiminte Eorpaí a chur isteach ina seasamh ar an gcéad léamh.

2.   Príomh-shaincheisteanna beartais

i)   Raon feidhme

I gcéad togra an Choimisiúin, ba é a bhí i gceist go mbeadh feidhm ghinearálta ag an Rialachán maidir le paisinéirí a bheadh á n-iompar ag gnólachtaí busanna agus cóistí trí mheán seirbhísí rialta. Ní raibh de chead ag na Ballstáit rud ar bith a dhíolmhú seachas iompar uirbeach, fo-uirbeach agus réigiúnach a chumhdaítear le conarthaí seirbhíse poiblí, dá mbeadh cearta paisinéirí á n-áirithiú leis na conarthaí sin a bheadh inchomparáide leis an leibhéal a cheanglaítear leis an Rialachán. Ina theannta sin, thug Parlaimint na hEorpa isteach leasú amháin lena gceadófaí do na Ballstáit an t-iompar uirbeach agus fo-uirbeach a eisiamh ón raon feidhme, ar an gcoinníoll thuasluaite, ach gan de chead an t-iompar réigiúnach a eisiamh.

Ní raibh an Chomhairle in ann glacadh leis an raon feidhme a bhí á mholadh ag an gCoimisiún, ná le leasuithe gaolmhara na Parlaiminte Eorpaí (leasú 1, leasú 2 agus leasú 81), toisc gur mheas sí go dtagann an t-iompar uirbeach, fo-uirbeach agus réigiúnach faoi chuimsiú na coimhdeachta.

D'fhéadfadh sé go gcothófaí fadhbanna, do phaisinéirí agus don tionscal araon, dá n-áireofaí an t-iompar réigiúnach sa raon feidhme, faoi mar a bhí á mholadh ag Parlaimint na hEorpa. I mórcheantair uirbeacha is iondúil gur gréasán iomlán iompair a bhíonn á oibriú ag cuideachtaí, lena n-áirítear seirbhísí bus, seirbhísí iarnróid faoi thalamh, traenacha do chomaitéirí, agus seirbhísí tram. Go minic, is de chineál uirbeach, fo-uirbeach agus réigiúnach iad na seirbhísí seo go léir. Dá ndéanfaí an díolúine a shrianadh go seirbhísí uirbeacha agus fo-uirbeacha amháin bheadh codanna de na gréasáin sin faoi réir na rialacha atá ceaptha i gcomhair seirbhísí fadraoin. Sa chás sin, bheadh ar na cuideachtaí a mbeadh na gréasáin sin á n-oibriú acu déileáil le córais éagsúla chúitimh, laistigh den ghréasán céanna, ar córais iad cuid acu nach mbeadh oiriúnach i ndáiríre don chineál sin iompair. Ina theannta sin, chuirfí mearbhall ar phaisinéirí a bheadh ag taisteal sna gréasáin sin mar ba dheacair leo a thuiscint cé na rialacha a bheadh infheidhme.

Ina theannta sin, ó tharla gurbh ann don fhéidearthacht sa rialachán atá ann cheana um chearta paisinéirí iarnróid go ndíolmhófaí seirbhísí réigiúnacha iarnróid, d'fhéadfadh sé go ndéanfaí an iomaíocht sa dá earnáil a shaobhadh mura mbeadh foráil chomhfhreagrach ann sa Rialachán um chearta paisinéirí bus. Agus is minic gur mar rogha na malairte dá chéile iad na seirbhísí bus agus na seirbhísí iarnróid.

Dá bhrí sin, ní raibh an Chomhairle in ann glacadh le leasuithe na Parlaiminte Eorpaí maidir leis an raon feidhme. Dá bhrí sin, molann an Chomhairle gur cheart go mbeadh feidhm ag an dréacht-Rialachán maidir le paisinéirí a bheidh ag taisteal leis na seirbhísí rialta náisiúnta agus idirnáisiúnta ach go bhféadfadh sé go ndéanfaí na seirbhísí rialta uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha a dhíolmhú ar an leibhéal náisiúnta. Ina theannta sin, tugann an Chomhairle foráil isteach lena n-áiritheofaí go mbeadh feidhm ag cearta bunúsacha áirithe maidir le gach seirbhís busanna agus cóistí gan eisceacht (i.e., go mbeadh na coinníollacha conarthacha agus na taraifí neamh-idirdhealaitheach agus go mbeadh ceart chun iompair ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaiseacht laghdaithe mar aon le maoluithe gaolmhara).

Údaraítear do na Ballstáit díolúine a dheonú, ar feadh uastréimhse cúig bliana agus í in-athnuaite faoi dhó, ó chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo ar sheirbhísí rialta intíre. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit díolúine a dheonú ar feadh uastréimhse cúig, in-athnuaite, do sheirbhísí rialta áirithe, a ndéantar cuid shuntasach díobh, lena n-áirítear stop sceidealta amháin ar a laghad, a oibriú lasmuigh den Aontas.

Thairis sin, maidir leis an raon feidhme, tá foráil shonrach ann lena mbunófaí go bhféadfadh na Ballstáit a rialacha náisiúnta a chaomhnú ina n-iomláine más rud é go bhféadfadh siad a áirithiú gurb ionann, ar a laghad, an leibhéal cosanta do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe faoina rialacha náisiúnta agus an leibhéal cosanta atá faoin Rialachán seo.

ii)   Athruithe ar an mbonneagar

Maidir leis an mbonneagar, tá an Chomhairle sásta tacú agus cur le haon tionscnamh i leith trealaimh agus bonneagair nua a fháil, i gcás inar gá é sin a fháil nó a thógáil i bhfianaise riachtanas daoine faoi mhíchumas agus DSLanna, mar a deirtear go soiléir in aithris amháin den téacs. Tá an Rialachán seo, áfach, faoi chuimsiú na reachtaíochta maidir le cosaint tomhaltóirí agus, dá bhrí sin, ní féidir oibleagáidí a chur isteach ann maidir le ceanglais theicniúla ar na hiompróirí feithiclí nó bonneagar agus trealamh a mhodhnú nó a athnuachan ag na críochfoirt. Dá bhrí sin, níor fhéadadh glacadh le leasuithe na Parlaiminte Eorpaí maidir le hathruithe sa bhonneagar (leasuithe 6-10).

iii)   Cúiteamh agus cúnamh i gcás tionóiscí

Sa togra ón gCoimisiún leagtar amach na rialacha maidir le dliteanas gnólachtaí busanna agus/nó cóistí i leith a bpaisinéirí agus a mbagáiste. Ba chun tairbhe na bpaisinéirí é de rialacha comhchuibhithe a bheith ann maidir le dliteanas na ngnólachtaí busanna agus/nó cóistí. I gcomhair aon damáiste suas go dtí EUR 220 000, beidh diandliteanas ag gnólacht busanna agus/nó cóistí, i.e., ní bheidh an gnólacht in ann a dhliteanas a eisiamh trína chruthú nárbh é locht an ghnólachta ba chúis leis an tionóisc. I gcomhair damáistí os cionn EUR 220 000 bheadh an dliteanas bunaithe ar locht, ach bheadh sé neamhtheoranta. Bheadh paisinéirí a mbainfeadh tionóisc dóibh i dteideal réamhíocaíochtaí a fháil chun aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí eacnamaíocha a d'fhéadfadh a bheith acu nó ag a dteaghlaigh de bharr báis nó díobhála.

Mar sin féin, tá na socruithe dliteanais atá i bhfeidhm cheana sna Ballstáit an-éagsúil maidir le bonn an dliteanais (diandliteanas neamhtheoranta, diandliteanas le díolúintí force majeure agus dliteanas lochtbhunaithe), agus is éagsúlacht í nach féidir a thabhairt i gcomhréir. Ina theannta sin, tá an reachtaíocht sna Ballstáit éagsúla bunaithe go páirteach ar Threoir 2009/103/CE maidir le hárachas i gcoinne dliteanais shibhialta i leith úsáid mhótarfheithiclí agus forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (‘an Treoir um Árachas Gluaisteán’), agus go páirteach ar an reachtaíocht náisiúnta a théann níos faide ná dlí an AE. Tá dliteanas i leith paisinéirí bus á rialú leis na téacsanna sin cheana agus tá sé fíorthábhachtach nach mbeadh an téacs seo agus an ‘Treoir um Árachas Gluaisteán’ thuasluaite ag teacht salach ar a chéile.

Dá bhrí sin, ghlac an Chomhairle cur chuige trína gcuirfí leis an gcóras atá ann cheana, agus, ina theannta sin, trína gcuirfí roinnt buneilimintí um chomhchuibhiú leis chomh maith. Moltar go mbeadh tairseach íosta ann in aghaidh an phaisinéara agus in aghaidh gach ítime bagáiste: EUR 220 000 in aghaidh an phaisinéara i gcás báis nó díobhála pearsanta. I gcás ina gcaillfí bagáiste nó i gcás ina ndéanfaí damáiste do bhagáiste, EUR 500 maidir le seirbhísí uirbeacha, fo-uirbeacha agus réigiúnacha agus EUR 1 200 maidir le seirbhísí rialta eile. Leis sin, dhéanfaí an cúiteamh i gcomhair bagáiste a chur ar comhréim leis na forálacha comhfhreagracha sa ‘Rialachán na n-iarnróid’ agus na gnéithe sonracha a bhaineann le hiompar uirbeach, fo-uirbeach agus réigiúnach á gcur san áireamh. Maidir le cathaoireacha rothaí, nó trealamh gluaiseachta eile nó feistí cúnta eile, foráiltear le téacs na Comhairle go ndéanfaí iad a chúiteamh ina n-iomláine seachas déileáil leo mar ghnáthbhagáiste, fiú i gcás ina ndéanfaí damáiste nuair a bhíonn cúnamh á sholáthar (rud atá ag teacht le héirim leasú 46 de chuid na Parlaiminte).

Ina theannta sin, rinneadh an téacs a oiriúnú le foráil a dhéanamh do chúnamh a thabhairt do phaisinéirí i dtaca lena gcuid riachtanas láithreach praiticiúil tar éis tionóisce. Níl foráil mar sin sa ‘Treoir um Árachas Gluaisteán’ agus is buntáiste mór í do phaisinéirí bus, agus ní bheidh méadú suntasach ar ualach riaracháin na gcuideachtaí busanna agus/nó cóistí dá thoradh.

I bhfianaise an méid thuas, ní raibh an Chomhairle in ann glacadh leis an gcur chuige a bhí á bheartú ag an gCoimisiún ná le leasuithe na Parlaiminte maidir leis an dliteanas (leasuithe 18-24).

iv)   Cearta daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (DSL)

Tacaíonn an Chomhairle go huile is go hiomlán leis an gcuspóir atá ag an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh rochtain neamh-idirdhealaitheach ar bhusanna agus ar chóistí ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Cloíonn an Chomhairle go dlúth leis an togra ón gCoimisiún mar sin ach amháin go ndearna sí roinnt forálacha de a mhodhnú chun go mbeadh siad níos praiticiúla agus gur thug sí isteach simplithe áirithe agus soiléirithe áirithe. Maidir leis an gCaibidil seo, rinne an Chomhairle roinnt leasuithe de chuid na Parlaiminte Eorpaí a chur isteach ina téacs, bíodh sé sin ina n-iomláine, i bpáirt nó ina n-éirim.

Maidir leis na heisceachtaí don cheart chun iompair, ba é a bheartaigh an Coimisiún go bhféadfaí a dhiúltú duine faoi mhíchumas a iompar ar bhonn na gceanglas sábháilteachta nó ar bhonn méid na feithicle. D'fhoráil an Chomhairle do roinnt feabhsúcháin, trí thagairt a dhéanamh do ‘dhearadh’ na feithicle seachas do ‘mhéid’ na feithicle agus, sa chaoi sin, rinneadh leasú 26 agus 27 na Parlaiminte a chomhtháthú isteach go substaintiúil nó ina n-éirim. Ina theannta sin, ghlac an Chomhairle le leasú 73 chomh maith maidir leis an rogha a thabharfaí do dhuine faoi mhíchumas nó do DSL i gcás ina ndiúltófaí cead bordála dó.

De réir an bhuntogra, d'fhéadfadh an t-iompróir iallach a chur ar dhuine atá faoi mhíchumas nó ar dhuine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe go mbeadh sé á thionlacan ag duine atá in ann cúnamh a sholáthar. De réir sheasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, má dhéanann an t-iompróir iarratas mar sin maidir le seirbhís paisinéireachta, iomprófar an duine tionlacain saor in aisce agus, i gcás inarb indéanta é sin, go mbeidh sé suite taobh leis an duine faoi mhíchumas nó leis an DSL. Leis an bhforáil seo, déantar leasú 29 de chuid na Parlaiminte Eorpaí a chomhtháthú go substaintiúil.

Le téacs na Comhairle ar an gcéad léamh, foráiltear do choinníollacha rochtana neamh-idirdhealaitheacha agus do chur ar fáil na gcoinníollacha sin don phobal i bhformáid atá oiriúnach do dhaoine faoi mhíchumas agus do DSLanna agus, sa chaoi sin, glactar go páirteach nó go hiomlán le leasú 31 agus le leasú 32 den Pharlaimint. Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún ar fáil ar an idirlíon liosta de chríochfoirt busanna agus cóistí arna n-ainmniú ag na Ballstáit, ina gcuirfear cúnamh ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas agus do DSLanna, faoi mar atá i leasú 36 de chuid na Parlaiminte.

Maidir leis an gcúnamh do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, soláthrófar an cúnamh sin ar an gcoinníoll go gcuirfidh an duine lena mbaineann fógra chuig an iompróir nó chuig oibreoir an chríochfoirt ar a dhéanaí dhá lá oibre roimh ré (ba é 48 uair an chloig roimh ré a bhí molta ag an gCoimisiún) agus ar an gcoinníoll go mbeidh an duine sin i láthair ag an gcalafort nó ag pointe ainmnithe, 60 nóiméad ar a laghad roimh an am imeachta a foilsíodh. Is ar an ábhar sin nárbh fhéidir leis an gComhairle glacadh le leasú 39 lenar moladh go nglacfaí le tréimhse níos giorra de 24 uair. Chomh maith leis sin, má tá riachtanais shonracha ag an duine sin ó thaobh suíocháin de, ba cheart don phaisinéir fógra a thabhairt don iompróir faoi na riachtanais sin tráth a ndéantar an áirithint, má táthar ar an eolas faoi na riachtanais ag an am sin. Leis an gceanglas breise seo atá á chur isteach ag an gComhairle, ligfí don iompróir freastal ar na sainriachtanais sin agus an tseirbhís is fearr is féidir a thabhairt don duine lena mbaineann.

Ó thaobh cúnamh a thabhairt ar bord de, tá srian curtha ag an gComhairle le raon feidhme bhuntogra an Choimisiúin. Leagtar amach le téacs na Comhairle gur gá faisnéis a sholáthar i bhformáid a bheidh inrochtana chomh maith le cúnamh a thabhairt chun bordála agus chun tuirlingthe le linn sosanna i dturas, ar an gcoinníoll go mbeidh pearsanra eile chomh maith leis an tiománaí ar bord. Cuirtear san áireamh leis seo go mbíonn bunáite na bhfeithiclí á n-oibriú ag tiománaí amháin as féin agus go mbeadh tionchar ag an soláthar cúnaimh ar uaireanta an tiománaí agus dá réir sin ar na ceanglais sábháilteachta.

Is gá cúnamh a thabhairt saor in aisce do dhaoine atá faoi mhíchumas agus do DSLanna ag críochfoirt a bhfuil foireann iontu agus a bheadh ainmnithe ag na Ballstáit agus ba cheart go mbeadh oiliúint leordhóthanach faighte ag an bpearsanra a sholáthróidh cúnamh go díreach do na daoine sin. Ba cheart go gcuirfí oiliúint maidir le feasacht mhíchumais ar an bpearsanra, lena n-áirítear tiománaithe, a dhéileálann go díreach leis an bpobal atá ag taisteal.

v)   Cearta Paisinéirí i gcás cealaithe nó moille

D'fhoráil an togra ón gCoimisiún d'oibleagáidí maidir le gnólachtaí busanna agus/nó cóistí i gcás turas a gcuirtear isteach ar a leanúnachas, mar gheall ar chealú seirbhíse nó mar gheall ar mhoill. Ba cheart do na gnólachtaí cúiteamh a íoc, ar fiú 100% de luach an ticéid é, más rud é gur theip orthu seirbhísí malartacha nó an fhaisnéis a bhí ag teastáil a sholáthar.

Cé go dtacaíonn an Chomhairle go hiomlán leis an bprionsabal gur cheart d'iompróirí agus d'oibreoirí aire a thabhairt dá bpaisinéirí, rinne sí an togra ón gCoimisiún a mhodhnú, agus struchtúr sonrach thionscal na mbusanna agus na gcóistí á chur san áireamh aici. Comhaontaíodh nach ionann an chóir a chuirfí ar phaisinéirí a bheadh ag imeacht ó chríochfoirt agus an chóir a chuirfí ar phaisinéirí a bheadh ag imeacht ó stadanna bus, ó tharla nach bhfuil sé indéanta ná réasúnta an leibhéal céanna faisnéise ar mhoilleanna a sholáthar ag stad bus agus a chuirfí ar fáil ag críochfort a mbeadh foireann ann.

I gcás ina mbeidh moill de níos mó ná dhá uair an chloig ann nó má chuirtear an turas ar ceal, féadfaidh an paisinéir rogha a dhéanamh leanúint den turas agus úsáid á baint as an modh iompair céanna, nó aistriú a iarraidh nó aisíocaíocht ar an ticéad a iarraidh (a bheidh íoctha laistigh de 14 lá tar éis an teagmhais agus, más gá, turas athfhillte saor in aisce). I gcás moille níos mó ná dhá uair an chloig ar thurais a mhaireann níos mó ná trí huaire an chloig, agus paisinéirí ag fágáil ó chríochfort, beidh oibleagáid ar an iompróir bia nó sóláistí a thabhairt do phaisinéirí, in éirim leasú 53 ó Pharlaimint na hEorpa, ach ní bheidh oibleagáid air cóiríocht a chur ar fáil cé go gcaithfidh an t-iompróir cúnamh a thabhairt do phaisinéirí cóiríocht a fháil. Ní bhfaighidh paisinéirí bus agus cóiste tairbhe as slánaíochtaí breise, áfach, (a íoctar i dteannta le praghas an ticéid) mar a tharlaíonn i gcás paisinéirí muirí agus paisinéirí iarnróid. Dá bhrí sin, níor coinníodh na leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa a bhaineann le cúiteamh agus le cóiríocht (leasuithe 49, 50, 51, 52, 54 agus 55).

Thug Parlaimint na hEorpa roinnt leasuithe isteach maidir le cúiteamh agus le cúnamh i gcásanna ina mbeifí mall ag teacht agus maidir le díolúintí gaolmhara i gcás ‘’ (leasú 56 agus leasú 57), rud a d'fhágfadh nach mbeadh an t-iompróir faoi dhliteanas i leith damáiste más cúinsí dothuartha, nach mbaineann le hoibriú a sheirbhísí, is cúis leis an damáiste sin. Níor ghlac an Chomhairle le leasuithe mar sin mar níl sé beartaithe aon fhorálacha a chur isteach maidir le cúiteamh i gcásanna ina mbeifí mall ag teacht.

Dliteanas breise a bheadh i gceist do ghnólachtaí busanna agus cóistí le cúiteamh den chineál sin agus bhainfeadh ualach iomarcach leis; thairis sin, chuirfí brú ar thiománaithe cloí leis an amchlár ar ais nó éigin, agus chuirfí sábháilteacht ar bhóithre i mbaol ar an gcaoi sin.

Ghlac an Chomhairle le leasú 58 i ndáil le faisnéis i bhformáid a bheadh inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a saorghluaiseacht laghdaithe.

vi)   Rialacha ginearálta maidir le faisnéis, le gearáin a láimhseáil agus le comhlachtaí náisiúnta forfheidhmithe

De réir sheasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, cuirfidh iompróirí agus comhlachtaí bainistithe críochfort, laistigh dá gcuid réimsí inniúlachta faoi seach, faisnéis leordhóthanach ar fáil, i bhformáid inrochtana, do phaisinéirí le linn dóibh a bheith ag taisteal, i gcás inarb indéanta sin. Thairis sin, cuirfidh siad a gcearta in iúl do phaisinéirí ar bhealach iomchuí agus sothuigthe, in éirim leasú 62 ó Pharlaimint na hEorpa.

Ó thaobh gearán de, bhí rialacha i dtogra an Choimisiúin maidir leis an gcaoi ar chóir d'iompróirí iad a láimhseáil, go háirithe na hiarmhairtí forleathana dlíthiúla a bheadh ann i gcás nach dtabharfaí freagra ar ghearáin.

Cé go n-aontaíonn an Chomhairle i bprionsabal le togra an Choimisiún, cuireann sí tuilleadh solúbthachta isteach sa chóras d'fhonn iarmhairtí gan choinne a sheachaint do chórais dlí nó do struchtúir riaracháin na mBallstát. Sa chomhthéacs sin agus chun maorlathas breise a sheachaint, níor ghlac an Chomhairle le leasú 64 ó Pharlaimint na hEorpa, trína gcuirfí oibleagáid ar ghnólachtaí busanna agus/nó cóistí tuarascáil mhionsonraithe a eisiúint gach bliain faoi na gearáin a fuair siad.

Chomh maith leis sin, bheartaigh an Pharlaimint gur cheart do na comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta a bheith neamhspleách (leasú 65). I seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, sonraítear ar bhealach níos soiléire gur cheart do na comhlachtaí sin a bheith neamhspleách ar iompróirí, ar thionscnóirí turas agus ar oibreoirí críochfort.

vii)   An dáta a chuirfear an Rialachán i bhfeidhm

Ba é a bheartaigh an Coimisiún go dtiocfadh an Rialachán i bhfeidhm 20 lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an AE agus go mbeadh feidhm leis bliain tar éis an dáta sin.

Foráiltear le seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh go mbeidh feidhm ag an Rialachán dhá bhliain tar éis a fhoilsithe, agus glactar le leasú 69 ó Pharlaimint na hEorpa go substaintiúil ar an gcaoi sin.

3.   Leasuithe eile a ghlac Parlaimint na hEorpa

Leasuithe eile nach n-áirítear i seasamh na Comhairle ar an gcéad léamh, baineann siad leis an méid seo a leanas:

athruithe ar an sainmhíniú ar ‘conradh iompair’ (leasú 13), ar ‘díoltóir ticéad’ (leasú 14), ar ‘tionscnóir turas’ (leasú 15), agus ar ‘cealú’ (leasú 16);

an sainmhíniú nua a moladh ar ‘formáid inrochtana’ (leasú 17);

an tagairt do ‘daoine nach féidir taisteal gan chúnamh mar gheall ar a n-aois’ (leasú 34);

cúnamh atá curtha in oiriúint do riachtanais aonair daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (leasú 35);

an gá atá ann go n-áiritheofar go bhfaighidh an paisinéir deimhniú go bhfuarthas fógra maidir lena riachtanais chúnaimh (leasú 40);

aon chúiteamh a dhámhfaí faoin Rialacháin, a d'fhéadfaí a asbhaint ó aon chúiteamh breise a dheonófaí (leasú 59);

na pionóis is infheidhme maidir le sárú an Rialacháin, lena bhféadfaí go n-áireofaí ordú chun cúiteamh a íoc (leasú 68);

leasuithe 70, 71 agus 72 maidir leis na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán.

III.   CONCLÚID

Agus a seasamh ar an gcéad léamh á ullmhú ag an gComhairle, cuireadh san áireamh go huile agus go hiomlán an togra ón gCoimisiún agus an tuairim ó Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh. Maidir leis na leasuithe a mhol Parlaimint na hEorpa, feictear don Chomhairle go bhfuil líon mór de na leasuithe sin curtha isteach ina seasamh ar an gcéad léamh aici cheana féin – bíodh sé sin ina n-éirim, i bpáirt nó ina n-iomláine.


(1)  16933/08.

(2)  A6-0250/2009.

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 261/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Feabhra 2004 lena mbunaítear comhrialacha maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí sa chás nach gceadaítear dóibh bordáil agus sa chás ina gcuirtear eitiltí ar ceal nó go gcuirtear moill fhada orthu, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 295/91, IO L 46, 17.2.2004, lch. 1 agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cearta daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus iad ag taisteal d'aer, IO L 204, 26.7.2006, lch 1.

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid IO L 315, 3.12.2007, lch 14.