52009PC0579

Togra leasaithe le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) (arna thíolacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 250(2) de Chonradh CE) /* COIM/2009/0579 leagan deireanach - COD 2008/0098 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil20.10.2009

COIM(2009) 579 leagan deireanach

2008/0098 (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 250(2) de Chonradh CE)

2008/0098 (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

1. CÚLRA AN TOGRA

An dáta a ghlac an Coimisiún an togra: 23 Bealtaine 2008

Tarchur an togra chuig an gComhairle agus chuig

Parlaimint na hEorpa – COIM(2008)311 - A6-0068/2009-2008/0098(COD) -

i gcomhréir le hAirteagal 95 den Chonradh: an 23 Bealtaine 2008

Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa – an chéad léamh: an 24 Aibreán 2009

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: an 25 Feabhra 2009

Sa seisiún a bhí ann an 21-24 Aibreán 2009, rinne Parlaimint na hEorpa tuarascáil Neris Uasal, ina raibh 102 leasú, a fhormheas sa chéad léamh: bhí 390 vóta ina fabhar, ceithre vóta ina coinne, agus staon seisear.

2. CUSPÓIR AN TOGRA ÓN g COIMISIÚN

I mí Dheireadh Fómhair 2005 sheol an Coimisiún clár rollach trí bliana maidir le simpliú mar chuid dá thionscnamh 'Rialáil Níos Fearr: Straitéis um Shimpliú'. Is é is aidhm dó sin troime na reachtaíochta a laghdú, a cur i bhfeidhm a éascú agus, dá dhroim sin, a éifeachtaí atá sí a mhéadú. Tá sé i gceist é sin a dhéanamh, go príomha, trí bhreithniú a dhéanamh ar éifeachtacht an chuir chuige a roghnaíodh don reachtaíocht chun chuspóirí na reachtaíochta sin a bhaint amach. Ar cheann de na tionscnaimh a thig faoin straitéis sin tá simpliú Threoir 89/106/CEE ón gComhairle, an Treoir um Tháirgí Foirgníochta, dá ngairtear 'TTF' anseo feasta.

Is é is aidhm do TTF saorchúrsaíocht agus saorúsáid táirgí foirgníochta sa Mhargadh Inmheánach a áirithiú. Ó tharla gur táirgí idirmheánacha a bheartaítear a chorprú sna hoibreacha foirgníochta iad táirgí foirgníochta, baineann an tsábháilteacht leis na táirgí sin a mhéid a chuireann siad le sábháilteacht na n-oibreacha . Taispeánann an tsaintréith sin go mbaintear amach cuspóirí TTF trí bhíthin bealaí comhchuibhithe a shainiú lena léirítear feidhmíocht an táirge go cruinn iontaofa, seachas trí cheanglais sábháilteachta an táirge a chomhchuibhiú, faoi mar atá sna treoracha Cur Chuige Nua.

Is é is cuspóir don togra ón gCoimisiúin Rialachán a chur in ionad TTF féachaint cuspóirí na reachtaíochta seo Comhphobail a shainiú níos fearr, agus a cur chun feidhme a éascú agus a dhéanamh níos éifeachtúla.

Tá an méid seo a leanas i gceist leis an togra, ar cuid den tionscnamh Rialáil Níos Fearr é: bunchoincheapa an mharc CE agus an úsáid a bhaintear as a shoiléiriú; nósanna imeachta simplithe a thabhairt isteach d'fhonn na costais a thabhaíonn gnóthais, gnóthais bheaga agus mheánmhéide go háirithe, a laghdú; inchreidteacht an chórais ina iomláine a mhéadú trí chritéir nua shonrúcháin atá níos déine a chur i bhfeidhm maidir le comhlachtaí a bhíonn ag plé le measúnú agus fíorú seasmhachta feidhmíochta táirgí foirgníochta.

Le bheith níos sonraí, is é is aidhm don togra a áirithiú go mbeidh faisnéis chruinn iontaofa le fáil faoi fheidhmíocht táirgí foirgníochta. Tá sé i gceist é sin a bhaint amach trí chóras ina bhfuil dhá phríomhchuid. Is é atá sa chéad chuid sraith sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe, caighdeáin chomhchuibhithe agus Doiciméid Eorpacha um Measúnú (DEManna), mar a bhfuil na modhanna chun feidhmíocht na dtáirgí a mheasúnú. Is é atá sa dara cuid roinnt Comhlachtaí um Measúnú Teicniúil agus Comhlachtaí a dTugtar Fógra Dóibh arna n-ainmniú i gcomhréir le critéir theicniúla atá sainithe go beacht, rud a fhágann gur fusa modhanna den sórt sin a chur i bhfeidhm.

3. TUAIRIM AN CHOIMISIÚIN MAIDIR LEIS NA LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA HEORPA

3.1. Forléargas

A. Tá an Coimisiún den tuairim gurb iomchuí glacadh le lear mór leasuithe a d'fhormheas Parlaimint na hEorpa toisc nach n-athraíonn siad substaint an togra tosaigh ón gCoimisiún. Go deimhin, i roinnt mhaith cásanna is fearrde an togra iad toisc gur beaichte é. Cé gur cúis sásaimh don Choimisiún na leasuithe sin, mheas sé gurbh fhearr, i gcásanna áirithe, leagan amach beagán difriúil.

As measc na n-athruithe ar ghlac an Coimisiún leo, is iad Leasuithe 17 agus 70, lena scriostar aithris 17 agus lena n-athraítear Airteagal 21, na leasuithe a dhéanann na hathruithe is suntasaí don togra ón gCoimisiún. Trí na hathruithe sin tá an Pharlaimint tar éis an úsáid a bhaintear as Measúnuithe Teicniúla Eorpacha (MTEanna) a theorannú do na cásanna sin ina bhfuil an táirge i dtrácht gan a bheith folaithe nó gan a bheith go hiomlán folaithe faoi chaighdeán comhchuibhithe. I ngeall ar nádúr sainiúil na gcaighdeán comhchuibhithe sa chomhthéacs seo (caighdeáin fheidhmíochtbhunaithe), féadann an Coimisiún glacadh leis na leasuithe sin gan teacht salach ar phríomhchuspóir an togra.

B. Mar sin féin, níorbh fhéidir glacadh le leasuithe áirithe toisc go n-athróidís substaint an togra ón gCoimisiún ar bhealach a thiocfadh salach ar na cuspóirí thuasluaite. Ar cheann de na cúiseanna is suntasaí a bhí le diúltú na leasuithe sin tá an neamhréir shoiléir a bhain le cuid acu i dtaca le bunphrionsabail an Phacáiste Beart don Mhargadh Inmheánach in Earraí. Ina theannta sin, i gcásanna áirithe níor luí nádúr cothrománach na leasuithe le nádúr earnála an togra ón gCoimisiún. B'ionann cuid de na leasuithe sin a ghlacadh agus neamhréir inmheánach a chruthú sa togra ina iomláine.

C. Ar deireadh, diúltaíodh do roinnt leasuithe i ngeall ar na himpleachtaí móra díreacha atá acu ar shubstaint an togra. Is leis na saincheisteanna seo thíos a bhaineann na leasuithe is suntasaí acu sin:

a) an oibleagáid ar mhonaróirí marc CE a ghreamú fiú amháin in éagmais fíordhearbhú feidhmíochta, ó tharla nach bhfuil aon cheanglas rialála ann le haghaidh dearbhú den chineál sin. Marc CE gan chiall agus ualach gan chall ar ghnóthais an toradh a bheadh air sin; ní féidir glacadh leis sin.

b) an oibleagáid an cion substaintí contúirteacha a dhearbhú ar shubstaintí contúirteacha, rud a théann thar na oibleagáidí REACH agus a tugadh isteach gan chall gan mheasúnú iarmharta;

c) an fhéidearthacht marcanna náisiúnta a choimeád mar aon leis an marc CE. Ina leith sin, céim dhearfach sa treo ceart is ea an vóta sa seisiún iomlánach lenar diúltaíodh do Leasú 54 ar Airteagal 7; réiteodh an leasú sin an bealach roimh an bhféidearthacht sin. Mar sin féin, coimeádadh Leasú 17 a bhaineann le hAithris 30 comhfhreagrach.

D. Tá an Chomhairle fós i mbun oibre féachaint gnéithe teicniúla an togra a fheabhsú agus sainordú na nUachtaránachtaí a shainiú i gcomhair tuilleadh caibidlíochta leis an bParlaimint. Tá an Chomhairle tar éis déileáil le formhór leasuithe na Parlaiminte, agus is cuid suntais a dearcadh diúltach i ndáil le formhór na leasuithe sin. Mar sin féin, tá rian na hoibre atá déanta sa Chomhairle le sonrú sna leasuithe ón bParlaimint; ciallaíonn sé sin go bhfuil an bealach á réiteach roimh chur chuige idirinstitiúideach féachaint comhréiteach faoin togra seo a bhaint amach sa dara léamh. Is cúis mhór sásaimh don Choimisiún na hiarrachtaí sin go léir toisc go n-éascófar an obair atá fós le déanamh dá bharr.

3.2. Anailís ar na leasuithe

Leasú 1 – Aithris 1

Sa leasú seo, is mian leis an bParlaimint béim a chur ar luachanna comhshaoil i gcomhthéacs na foirgníochta. Tá a leithéid de chuspóir inghlactha i bprionsabal. Mar sin féin, is cosúil go bhfuil an t-idirdhealú idir an comhshaol "nádúrtha" agus an comhshaol "saorga" mí-oiriúnach. I ngeall air sin, táthar tar éis an fhoclaíocht a athbhreithniú ionas nach mbeidh an t-idirdhealú sin ann:

Ceanglaítear le rialacha na mBallstát nach mór go ndearfaí agus go gcuirfí oibreacha foirgníochta i gcrích ar bhealach nach ndéanann dochar do shábháilteacht daoine, ainmhithe clóis, réadmhaoin ná don comhshaol .

Leasú 124 - Aithris 7a (nua)

Is é is aidhm don aithris nua seo brí bheacht an choincheapa "soláthar táirge foirgníochta ar mhargadh an Chomhphobail" ( supply of a construction production on the Community market ) atá luaite in Airteagal 2(5) a shoiléiriú; is féidir tacú leis sin. Is maith, freisin, an soiléiriú gur cheart cead a bheith ag monaróirí a chorpraíonn táirgí foirgníochta in oibreacha feidhmíocht na dtáirgí sin a dhearbhú, ach níor cheart oibleagáid a bheith orthu é sin a dhéanamh. Dar leis an gCoimisiún go gciallódh a leithéid d'aithris nár ghá athruithe eile den chineál céanna a dhéanamh ar Airteagal 2(5), agus ar an dóigh sin go mbeadh leanúnachas ann i ndáil leis na sainithe atá sa Phacáiste Beart don Mhargadh Inmheánach in Earraí. Ar aon chuma, b'fhearr an téacs sin a chur isteach i ndiaidh Aithris 21 a bhí ann ar dtús, ionas nach gcuirfear isteach ar ord loighciúil na n-aithrisí.

Féach Aithris 21c

21c) Ní cheart a mheas go dtagann táirgí a dhéantar ar láthair oibreacha foirgníochta faoi raon feidhme an choincheapa maidir le soláthar táirgí foirgníochta ar mhargadh an Chomhphobail. Ba cheart cead a bheith ag monaróirí a chorpraíonn táirgí foirgníochta in oibreacha feidhmíocht na dtáirgí sin a dhearbhú i gcomhréir leis an Rialachán seo, ach níor cheart oibleagáid a bheith orthu é sin a dhéanamh.

Leasú 2 - Aithris 8a (nua)

Is cosúil gurb é is aidhm don leasú seo béim a chur ar an ngá atá le gnéithe sláinte agus sabháilteachta a bhaineann le húsáid táirgí foirgníochta le linn a saolré ar fad a chur san áireamh. Tacaíonn an Coimisiún le haidhmeanna den chineál sin agus dá bhrí sin glacann sé leis an leasú sin i bprionsabal. Mar sin féin, athraíodh an fhoclaíocht chun béim ar an ngé áirithe sin. Féach freisin gurbh fhearr an téacs nua sin a chur i ndiaidh Aithris 14 a bhí ann ar dtús, dar leis an gCoimisiúin.

Féach Aithris 14

Leasú 4 - Aithris 11a (nua)

Is le Dearbhuithe Comhshaoil Táirgí a bhaineann Leasú 4, ach ní chomhfhreagraíonn sé d'aon Airteagal ar leith ó tharla nach bhfuil na dearbhuithe sin luaite sa togra, cé go bhfuil siad ar áireamh anois san obair leantach ar chaighdeánú, atá bunaithe ar shainordú. Ní hamháin sin, ach go dtí seo, níor foráladh ach dá n-úsáid dheonach. Is i ngeall air sin a athraíodh foclaíocht an leasaithe ar an mbealach thíos agus é á corprú sa togra leasaithe ón gCoimisiúin. Féach go measann an Coimisiún gurbh fhearr aithris nua a dhéanamh den téacs agus uimhir 43c a thabhairt air (dhéanfaí 43b den téacs darb uimhir chéanna a chuir an Pharlaimint isteach).

Féach Aithris 43c

(43c) Nuair atá siad le fáil, ba cheart úsáid Dearbhuithe Comhshaoil Táirgí a spreagadh féachaint measúnú a dhéanamh ar a inbhuanaithe atá an úsáid a bhaintear as acmhainní agus an tionchar atá ag oibreacha foirgníochta ar an gcomhshaol.

Leasú 125 – Aithris 11b (nua)

Is é is aidhm don aithris nua seo úsáid aicmí feidhmíochta i ndáil le buntréithe táirgí foirgníochta i gcaighdeáin chomhchuibhithe a chorprú sna línte a bhí in aithris 12 ar dtús. Féadann an Coimisiún lántacaíocht a thabhairt don mhodh chun é sin a spreagadh ar fhormheas an Pharlaimint é. Toisc gur fearr a oireann an leasú seo do na coincheapa sin, cuirtear feabhas ar an togra trí ghlacadh le leasú na Parlaiminte. Ar ndóigh, luaitear na frásaí comhfhreagracha nach mór a scriosadh in Aithris 12 i ngeall air sin. Moltar roinnt mionathruithe eagarthóireachta ar leagan na Parlaiminte chun feabhas a chur ar an téacs. Ó tharla go moltar an leasú roimhe seo (darb uimhir 11a thuas) a chur in áit eile d'fhéadfaí aithris 11a den togra leasaithe a dhéanamh den leasú nua idir chamáin anseo.

11a) I gcásanna cuí, ba chóir go mbunófaí aicmí feidhmíochta i ndáil leis na buntréithe, atá le comhlíonadh ag táirgí foirgníochta i mBallstáit, sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe chun leibhéil éagsúla de bhuncheanglais ar oibreacha a chur san áireamh i gcás oibreacha ar leith, chomh maith leis na difríochtaí maidir le haeráid, geolaíocht agus tíreolaíocht agus gnáthchoinníollacha eile atá difriúil sna Ballstáit. Ba cheart do na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú a bheith i dteideal aicmí den chineál sin a bhunú ar bhonn sainordú athbhreithnithe, murar bhunaigh an Coimisiún cheana iad.

Aithris 12

I gcás ina gceanglaítear íosleibhéil feidhmíochta d'úsáid deiridh arna beartú i ndáil le buntréith ar bith , ar ceanglas é nach mór do na táirgí foirgníochta a chomhlíonadh sna Ballstáit, ba cheart na leibhéil sin a bhunú sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe. ( SCRIOSTA : chun leibhéil éagsúla de bhuncheanglais ar oibreacha a chur san áireamh i gcás oibreacha ar leith, chomh maith leis na difríochtaí maidir le haeráid, geolaíocht agus tíreolaíocht agus gnáthchoinníollacha eile atá difriúil sna Ballstáit.)

Leasú 5 – Aithris 14

Is le líon na dtáirgí a fholaítear faoi na caighdeáin chomhchuibhithe a fhairsingiú a bhaineann an téacs a cuireadh leis an aithris seo, rud a thacaítear leis i bprionsabal. Táthar tar éis an fhoclaíocht a leasú beagán chun an raon feidhme a leathnú d'fhonn gach dream ábhartha (seachas an Coimisiún amháin) a fholú, agus chun tagairt shoiléir a thabhairt isteacht don chuspóir táirgí foirgníochta – ar leor dóibh go dtí seo treoirlínte a ghabhann le doiciméad Eorpach um fhaomhadh teicniúil nó DEM – a thabhairt faoi chuimsiú na gcaighdeán comhchuibhithe. Dar leis an gCoimisiún go gciallódh an leathnú sin nach mbeadh gá leis na leasuithe comhchosúla a mhol an Pharlaimint ar Airteagal 20 (féach Leasú 120 lena gcuirtear mír 3a nua leis an airteagal sin) agus ar Airteagal 53 (féach Leasú 89, an dara fomhír a cuireadh leis an airteagail sin).

Mar aon leis an téacs nua (féach thuas) a cuireadh isteach mar cheathrú fomhír den aithris seo, tá dhá fhomhír nua eile sa togra leasaithe ón gCoimisiún. Is le coincheap na feidhmíochta a bhaineann an dara fomhír; dar leis an gCoimisiún gurb iomchuí é sin a phlé san aithris seo seachas é a shainiú in Airteagal 2 (féach thíos an trácht ar Leasú 27). Faoi mar a míníodh thuas (féach Leasú 2), comhfhreagraíonn an tríú fomhír don Aithris 8a nua a mhol an Pharlaimint a chur leis an togra.

Ba chóir go soláthródh na caighdeáin chomhchuibhithe sin na huirlisí cuí chun measúnú comhchuibhithe a dhéanamh ar fheidhmíocht táirgí foirgníochta i ndáil lena mbuntréithe. Ba chóir caighdeáin chomhchuibhithe a bhunú ar bhonn sainorduithe arna nglacadh ag an gCoimisiún, lena bhfolaítear na haicmí ábhartha de tháirgí foirgníochta, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir 98/34/CE.

Sa chomhthéacs seo, ba cheart a mheas gurb é is feidhmíocht táirge foirgníochta ann feidhmíocht an táirge i ndáil lena bhuntréithe agus ba cheart é sin a chur in iúl i leibhéil nó in aicmí nó i dtuairisc.

Agus feidhmíocht táirge foirgníochta á meas, ba cheart freisin gnéithe sláinte agus sábháilteachta a bhaineann le húsáid an táirge sin le linn a shaolré ar fad a chur san áireamh.

Ba cheart raon na dtáirgí foirgníochta atá folaithe faoi na caighdeáin chomhchuibhithe a leathnú, go háirithe, nuair is iomchuí, trí bhíthin a bhforbairt a shainordú ar bhonn DEManna agus treoirlínte a ghabhann le doiciméad Eorpach um fhaomhadh teicniúil atá ann cheana.

Leasú 8 – Aithris 16

Is é is aidhm do Leasú 8 deireadh a chur le húsáid chomhthreomhar MTEanna agus caighdeáin chomhchuibhithe, is é sin le rá gan MTEanna a eisiúint ach sna cásanna sin ina bhfuil na táirgí foirgníochta i dtrácht gan a bheith folaithe nó gan a bheith go hiomlán folaithe faoi chaighdeáin chomhchuibhithe. Tacaíonn an Coimisiún leis an leasú tar éis mionleasú eagarthóireachta a dhéanamh ar an bhfoclaíocht. Thairis sin, ar mhaithe le leanúnachas leis an gcuid eile den togra, ba cheart an tagairt do "iomportálaithe" a scriosadh agus an fhoclaíocht a athbhreithniú, mar is iad na monaróirí amháin is ceart a bheith i dteideal nó faoi oibleagáid dearbhú feidhmíochta a dhéanamh agus marc CE a ghreamú ar a gcuid táirgí. Rinneadh leasuithe comhchosúla i gcás Aithris 18 agus Aithris 22, Airteagal 4 agus Airteagal 12, agus Iarscríbhinn II.

Le go mbeadh monaróirí (SCRIOSTA: agus iompórtálaithe) táirgí foirgníochta in ann dearbhú feidhmíochta a tharraingt suas do tháirgí foirgníochta nach bhfolaítear faoi chaighdeán comhchuibhithe, nó nach bhfolaítear go hiomlán is gá go bhforálfar do Mheasúnú Teicniúil Eorpach.

Leasú 9 – Aithris 17

Toisc go luíonn an leasú seo go huile is go hiomlán le hAithris 16 a d'eascar as Leasú 8 ón bParlaimint is féidir glacadh leis.

SCRIOSTA

Leasú 11– Aithris 20, an chéad chuid

Sa téacs a cuireadh isteach in aithris 20 tríd an gcéad chuid den leasú seo tá béim ar phrionsabal na trédhearachta i gcomhthéacs DEManna a bhunú agus MTEanna a eisiúint. D'fhéadfaí tacú leis an bprionsabal sin, a fhad a bhaineann le ról an mhonaróra sa nós imeachta go háirithe. Mar sin féin, dar leis an gCoimisiún, is fearr an fhoclaíocht i ngeall ar roinnt athruithe a rinneadh toisc go gcuirtear san áireamh, ar thaobh amháin, an tábhacht níos leithne a bhaineann le trédhearcacht sa chomhthéacs seo, agus ar an taobh eile, toisc go bhfuil aird chuí tugtha ar shaincheisteanna ábhartha rúndachta. Tá sé i gceist, mar sin, an dá chuspóir sin a bhfuil cuma na contrárthachta orthu a chur i gcomhréir le chéile trí bhíthin an téacs nua ag deireadh na haithrise.

Ba chóir go mbunódh na CMTanna eagraíocht chun na nósanna imeachta i gcomhair bunú (SCRIOSTA: dréacht-) DEManna a chomhordú agus i gcomhair eisiúint na Measúnuithe Teicniúla Eorpacha, ag áirithiú na trédhearcachta agus na rúndachta is gá i leith na nósanna imeachta sin .

Leasú 18 – Aithris 33a (nua)

Is é is aidhm don aithris nua seo iompórtálaithe a eisiamh ó raon feidhme Airteagail 26-28. Tá an aidhm sin inghlactha i bprionsabal ach, dar leis an Coimisiún, ní mór an fhoclaíocht a d'fhormheas an Pharlaimint a athrú beagán. Baineann an cheist seo le Leasuithe 77 agus 83 thíos ón bParlaimint freisin, mar a gcuirtear míreanna nua le hAirteagail 26 agus 27 chun na críocha sin. Seachas na prionsabail sin a athlua sna hairteagail sin, b'fhearr an cheist a shoiléiriú san aithris nua idir chamáin ionas nach gá é a shoiléiriú arís. Anuas air sin, dar leis an gCoimisiún gurbh fhearr aithris nua darb uimhir 34a a dhéanamh den téacs breise agus é a bheith i ndiaidh aithris 34 a bhí ann ar dtús.

Féach Aithris 34a

D'fhonn iarmhairt na mbeart um fhaireachas margaidh a fheabhsú, ba cheart gach nós imeachta simplithe a bhforáiltear dó d'fhonn feidhmíocht táirgí foirgníochta a mheasúnú a bheith ag baint le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a mhonaraíonn na táirgí a chuireann siad ar an margadh, agus leosan amháin.

Leasú 21 – Aithris 43 a (nua)

Is é is aidhm do Leasú 21 béim láidir a chur ar an ngá dosheachanta a bheidh le feachtais chuimsitheacha eolais nuair a bheidh an togra glactha. Is féidir lántacaíocht a thabhairt dó sin, agus go deimhin, tá an cheist i dtrácht ar áireamh cheana féin i gclár oibre an Choimisiúin. D'fhéadfaí a mhaíomh freisin gur tacú é sin don ghá doshéanta atá le hacmhainní breise daonna agus airgeadais chun gníomhaíochtaí comhchosúla nua de chuid an Choimisiúin a dhéanamh. Sa togra leasaithe, rinneadh mionathruithe neamhthábhachtacha eagarthóireachta ar an bhfoclaíocht ar fhormheas an Pharlaimint í.

Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit, i gcomhar leis na geallsealbhóirí, feachtais eolais a sheoladh chun lucht earnáil na foirgníochta, oibreoirí eacnamaíocha agus úsáideoirí táirgí foirgníochta, go háirithe, a chur ar an eolas faoi na nithe seo a leanas: bunú teanga teicniúil coiteann; freagrachtaí a dháileadh ar oibreoirí aonair eacnamaíocha agus ar úsáideoirí; an marc CE a ghreamú de tháirgí foirgníochta; na buncheanglais ar oibreacha agus na córais le haghaidh measúnú agus fíorú seasmhachta feidhmíochta a athbhreithniú.

Leasú 23 – Aithris 43c (nua)

Trí bhíthin an haithrise seo tugtar ar aghaidh a bhfuil i mBuncheanglas ar Oibreacha 7. I bprionsabal, is féidir tacú léi cé go dtarraingíonn sí roinnt ceisteanna anuas (cuir i gcás, ní mholtar déileáil le buncheanglais eile ar oibreacha ar an mbealach céanna sna haithrisí). Lena chois sin, níor cuireadh san áireamh anseo an téacs breise intacaithe a chuir an Pharlaimint le hIarscríbhinn I trí bhíthin leasú 93. Is i ngeall air sin a rinneadh roinnt athruithe foclaíochta sa togra leasaithe ón gCoimisiún. Ó tharla nach moltar an leasú roimhe ón bParlaimint, darb uimhir Aithris 43b, a chur isteach, d'fhéadfaí Aithris 43b sa togra leasaithe a dhéanamh den aithris nua idir chamáin; d'fhágfadh sé go bhféadfaí an aithris nua eile ón bParlaimint (moltar Aithris 11a a thabhairt uirthi) a chur isteach mar aithris 43c.

Agus Buncheanglas ar Oibreacha 7 maidir le "úsáid inbhuanaithe a bhaint as acmhainní nádurtha" á fhorbairt, ba cheart aird ar leith a dhíriú ar a in-athchúrsáilte atá oibreacha foirgníochta, ar ábhair agus comhpháirteanna na n-oibreacha tar éis a scartála, ar mharthanacht na n-oibreacha, agus ar úsáid amhábhar agus ábhar tánaisteach atá slán ó dhrochthionchar ar an gcomhshaol.

Leasú 24 – Airteagal 1

Is é is aidhm do Leasú 24 ábhar an togra a shoiléiriú a thuilleadh ar bhealach atá go hiomlán inghlactha ag an gCoimisiún. Féach, áfach, go measann an Coimisiún gur gá an fhoclaíocht a athrú beagán, trí bhíthin "comchuibhithe" a chur léi i gcomhthéacs rialacha a bhunú.

Leis an Rialachán seo leagtar síos coinníollacha faoi tháirgí foirgníochta a mhargú trí bhíthin rialacha comhchuibhithe a bhunú maidir le conas feidhmíocht táirgí foirgníochta a chur in iúl i ndáil lena mbuntréithe agus maidir leis an úsáid a bhaintear as comharthú CE ar na táirgí sin.

Leasú 115 – Airteagal 2, pointe 1a (nua)

Is le húsáid laghdaithe METanna a bhaineann an sainmhíniú nua seo ar cuidiú é chun idirdhealú a dhéanamh idir na cásanna éagsúla i gceist. Ó tharla go gcuireann soiléirithe den chineál sin feabhas ar an togra (rinneadh leasú mór go leor air, i.e. cuireadh deireadh le húsáid chomhthreomhar METanna agus caighdeáin Eorpacha chomhchuibhithe), féadann an Coimisiún lántacaíocht a thabhairt dóibh. Is cosúil, áfach, gur fearr 12a (de réir uimhriú an togra bhunaidh) a thabhairt ar an aithris nua seo. Ina theannta sin, cuireadh roinnt moltaí faoin bhfoclaíocht i bhfeidhm sa togra leasaithe d'fhonn é dhéanamh níos soiléire agus níos beaichte fós.

Féach Airteagal 2, pointe 12a

12a. ciallaíonn "aon táirge nach bhfuil folaithe nó nach bhfuil folaithe go hiomlán faoi chaighdeán comhchuibhithe" aon táirge foirgníochta nach féidir a fheidhmíocht a mheasúnú ina hiomláine, i ndáil le buntréithe an táirge agus de réir caighdeáin chomhchuibhithe atá ann cheana ar na fáthanna seo a leanas inter alia:

(a) ní thagann an táirge faoi raon feidhme aon chaighdeáin chomhchuibhithe atá ann cheana; nó

(b) i gcás buntréith amháin ar a laghad den táirge sin, níl an modh measúnaithe dá bhforáiltear sa chaighdeán comhchuibhithe oiriúnach; nó

(c) níl ar áireamh sa chaighdeán comhchuibhithe aon mhodh measúnaithe a bhaineann le buntréith amháin ar a laghad den táirge sin;

Leasú 27 – Airteagal 2, pointe 3a (nua)

Is é atá i Leasú 27 sainmhíniú nua ar "feidhmíocht táirge foirgníochta". D'fhonn é sin a chur isteach, áfach, ba cheart an fhoclaíocht a fheabhsú chun béim a chur ar an ngá dáiríre atá le sainmhíniú dá leithéid. Sa chomhthéacs seo, dála an chomhthéacs thíos, ní mór na téarmaí "luach", "leibhéal", "aicme" agus "tairseach" a úsáid go leanúnach. Is cosúil, leis, nach bhfuil mórán fiúntais breise sa téarma "aonair". Tríd is tríd, táthar den tuairim gur bhfuil sé tráthúil go leor déileáil leis an tsaincheist seo in aithrisí sa togra leasaithe ón gCoimisiún (féach Aithris 14, mar ar cuireadh an tsaincheist isteach).

Féach Aithris 14

Leasú 116 – Airteagal 2, pointe 3b (nua)

Is le "leibhéal tairsigh" ( threshold level ) a bhaineann an sainmhíniú nua seo. D'fhonn é sin a chur isteach, áfach, ba cheart an fhoclaíocht a fheabhsú chun béim a chur ar an ngá dáiríre atá le sainmhíniú dá leithéid. Úsáidtear an focal "tréith" anseo sa chiall "paraiméadar". Ina fhianaise sin, ba cheart an fhoclaíocht a athrú mar is ceart d'fhonn aon mhíthuiscint a roinneann le hiarmhairtí dlí na leibhéal tairsigh sin a sheachaint, ar míthuiscint í a d'fhéadfadh eascairt as an idirdhealú idir leibhéil tairsigh "teicniúla" agus "rialála". Sa chomhthéacs seo, dála an chomhthéacs thuas, ní mór na téarmaí "luach", "leibhéal", "aicme" agus "tairseach" a úsáid go leanúnach. Baineann sé sin le hairteagail eile (féach Airteagail 18 agus 20). Go deimhin, tá sé molta sa togra leasaithe ón gCoimisiún é sin a bhaint amach trí bhíthin Leasú 27 ón bParlaimint maidir le "feidhmíocht" a chur isteach sna haithrisí (féach Aithris 14) mar aon le sainmhíniú nua eile, i.e. sainmhíniú ar "leibhéal", a thabhairt isteach mar phointe 3a.

3a. ciallaíonn "leibhéal" toradh an mheasúnaithe ar fheidhmíocht táirge foirgníochta i ndáil lena bhuntréithe, arna shloinneadh i luach uimhriúil;

3b. ciallaíonn "leibhéal tairsigh" íosleibhéal nó uasleibhéal feidhmíochta táirge foirgníochta, arna chinneadh sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe.

Leasú 117 – Airteagal 2, pointe 3b (nua)

Is le brí "aicme" a bhaineann an sainmhíniú nua seo. D'fhonn é sin a chur isteach, áfach, ba cheart an fhoclaíocht a fheabhsú ionas go mbeidh gá dáiríre le sainmhíniú dá leithéid. Úsáidtear an focal "tréith" anseo sa chiall "paraiméadar". Ba cheart, dá bhrí sin, an fhoclaíocht a athrú mar is ceart. Sa chomhthéacs seo, dála na gcomhthéacsanna thuas, ní mór na téarmaí "luach", "leibhéal", "aicme" agus "tairseach" a úsáid go leanúnach.

3c. ciallaíonn "aicme" raon leibhéal de chuid feidhmíochta táirge foirgníochta ar raon leibhéal é a bhfuil a theorainneacha socraithe ag íosluach agus uasluach;

Leasú 30 – Airteagal 2, pointe 4a (nua)

Trí Leasú 30 cuirtear sainmhíniú ar "Measúnú Teicniúil Eorpach" isteach sa togra. Is cúis sásaimh é sin don Choimisiún. Mar sin féin, ó tharla go ndealraíonn sé go bhfuil an chuid dheireanach den leasú sin ón bParlaimint iomarcach (toisc go bhfuil an t-ábhar céanna anois sna hAirteagail chomhfhreagracha achtúcháin), tá gá le roinnt leasuithe foclaíochta sa togra leasaithe ón gCoimisiúin. Lena chois sin, dealraíonn sé gurb é pointe 13a an áit is feiliúnaí i struchtúr an togra tosaigh don sainmhíniú sin.

Féach Airteagal 2, pointe 13a

13a. Ciallaíonn "Measúnú Teicniúil Eorpach" an measúnú doiciméadaithe ar fheidhmíocht táirge foirgníochta, i ndáil lena bhuntréithe, i gcomhréir leis an Doiciméad Eorpach um Measúnú comhfhreagrach.

Leasú 39 – Airteagal 2, ord na bpointí 4b-4m (leathnua)

Léirítear i Leasú 39 mian na Parlaiminte ord na sainithe a athrú. Tá sé sin inghlactha ag an gCoimisiún, ach b'fhearr gan é a dhéanamh go dtí go gurb eol cé na sainithe a bheidh sa togra i ndeireadh thiar thall. Lena chois sin, níor mhiste cuimhneamh ar phointí 1a-4a (laistigh de na leasuithe ón bParlaimint, faoi mar atá leathmholta thuas) agus pointí 16a-20 a bheith ar áireamh sna pointí a athordófar, nuair a dhéanfar an t-athordú sin. Ag an gcéim seo, níl a thuilleadh moltaí maidir le Leasú 39 sa togra leasaithe ón gCoimisiún.

Leasú 36 – Airteagal 2, pointe 4c

Is é is aidhm don leasú seo roinnt eilimintí nua ar mhaithe le soiléireacht a chur leis an sainmhíniú i bpointe 13 den togra tosaigh ón gCoimisiún maidir le DEManna. Is féidir glacadh leis an gcéad chuid den leasú. Tá an chuid dheireanach ina n-athluaitear na srianta ar eisiúint DEManna iomarcach agus athráiteach, áfach.

13. ciallaíonn "Doiciméad Eorpach um Measúnú" aon doiciméad arna ghlacadh ag eagraíocht na gComhlachtaí um Measúnú Teicniúil chun críche Measúnuithe Teicniúla Eorpacha a eisiúint.

Leasú 33 – Airteagal 2, pointe 4e

I seicheamh na leasuithe ón bParlaimint comhfhreagraíonn an leasú seo do phointe 7 den togra tosaigh ón gCoimisiún, mar a dtráchtar ar "monaróir". Ó tharla gurb é an leasú seo an chéad ailíniú is gá, sa téacs deireanach, ar fhoclaíocht dheireanach Chinneadh 768/2008/CE, is cúis sásaimh don Choimisiún é.

7. ciallaíonn "monaróir" aon duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge foirgníochta, nó a chuireann táirge dá leithéid á mhonarú, agus a mhargaíonn an táirge sin faoina ainm nó faoina thrádmharc;

Leasú 32 – Airteagal 2, pointe 4i

I seicheamh na leasuithe ón bParlaimint comhfhreagraíonn an leasú seo do phointe 5 den togra tosaigh ón gCoimisiún, mar a dtráchtar ar "a chur ar fáil ar an margadh". Tá an fhoclaíocht sa togra bunaidh ón gCoimisiún cosúil leis an bhfoclaíocht a úsáidtear go seasta sa Phacáiste Beart don Mhargadh Inmheánach in Earraí. Cé go nglacann an Coimisiún i bprionsabal leis na soiléirithe is mian leis an bParlaimint a dhéanamh anseo, tá sé den tuairim gurbh fhearr gan trácht ar an gceist seo ach sna haithrisí féin (féach thuas: Leasú 124 agus Aithris 21c den togra leasaithe).

Féach Aithris 21c

Leasú 34 – Airteagal 2, pointe 16a (nua)

Is é atá i Leasú 34 sainmhíniú nua ar "úsáideoir". Is féidir glacadh le sainmhíniú a chur leis an togra, ach ní mór aird chuí a thabhairt ar an ábhar imní a bhaineann leis an mbunús dlí atá leis na freagrachtaí i gceist. Dá bhrí sin, is cosúil gur gá roinnt athruithe a dhéanamh ar an bhfoclaíocht a mholann an Pharlaimint; is as sin a tháinig an fhoclaíocht sa togra leasaithe ón gCoimisiún. Lena chois sin, dealraíonn sé gurb é pointe 11a an áit is feiliúnaí don téacs nua sin i seicheamh tosaigh an togra.

11a. ciallaíonn "úsáideoir" aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach, de bhun na rialacha i bhfeidhm sa Bhallstát i dtrácht, as táirge foirgníochta a chorprú go sábháilte in oibreacha foirgníochta;

Leasú 35 – Airteagal 2, pointe 16b (nua)

Tá sainmhíniú nua ar "Comhlacht um Measúnú Teicniúil" sa leasú seo. Ba mhian leis an gCoimisiún glacadh leis an leasú, ach níor mhór roinnt athruithe a dhéanamh ar an bhfoclaíocht. An chuid dheireanach de théacs na Parlaiminte ina n-athluaitear na srianta ar eisiúint DEManna, dealraíonn sé iomarcach anseo. Lena chois sin, dealraíonn sé gurb é pointe 12b an áit is feiliúnaí don téacs nua sin i seicheamh tosaigh an togra.

12b. ciallaíonn "Comhlacht um Measúnú Teicniúil" aon chomhlacht arna ainmniú ag Ballstát chun páirt a ghlacadh i bhforbairt Doiciméad Eorpach um Measúnú agus chun na cúraimí a bhaineann le heisiúint Measúnuithe Teicniúla Eorpacha a dhéanamh;

Leasú 40 – Airteagal 2, pointe 18

Is é is aidhm do Leasú 40 an sainmhíniú ar "rialú táirgeachta sa mhonarcha" a shoiléiriú a thuilleadh trí eilimintí nua a chur leis. Glacann an Coimisiún leis go bhfuil gá le soiléirithe áirithe sa chás seo. Mar sin féin, is cosúil nach leor an t-údar atá le roinnt de na heilimintí nua sin, agus cruthaíonn roinnt acu srianta iomarcacha. Anuas air sin, toisc nach luíonn úsáid cuid de na coincheapa le pátrún ginearálta an togra, ní mór iad a athrú arís.

18. ciallaíonn "rialú táirgeachta sa mhonarcha" rialú inmheánach buan doiciméadaithe táirgeachta i monarcha, i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe ábhartha ;

Leasú 41 – Airteagal 2, pointe 20a (nua)

Is é atá i Leasú 41 sainmhíniú nua ar "feisteáin". Is féidir glacadh, i bprionsabal, le sainmhíniú dá leithéid a chur leis an togra, ach níor mhiste a fhoclaíocht a fheabhsú beagán, ag féachaint do riachtanais phraiticiúla agus taithí na hearnála foirgníochta agus TTF á chur i bhfeidhm. Lena chois sin, dealraíonn sé gurb é pointe 1a an áit is feiliúnaí don téacs nua seo i seicheamh tosaigh an togra.

Féach Airteagal 2, pointe 1a

1a. ciallaíonn "feisteáin" foireann dhá chomhpháirt faoi leith ar a laghad nach mór a chur le chéile lena suiteáil sna hoibreacha;

Leasú 47 – Airteagal 5, mír 2, pointe c a (nua)

Is é atá i Leasú 47 trácht ar cad is "úsáid chineálach arna beartú" ( generic intended use ) ann. Glacann an Coimisiún leis an méid sin i bprionsabal, ach ionas go luífidh sé leis an gcleachtas reatha, ba cheart an frása "úsáid deiridh arna beartú" a úsáid in ionad an fhrása thuas.

Leasú 50 – Airteagal 6, mír 1, fomhír 1

Is é atá i Leasú 50 athrú suntasach ar Airteagal 6(1). Is cosúil go bhfuil sé i gceist go mbeidh sé níos fusa cóipeanna den dearbhú feidhmíochta a sholáthar trí chead a thabhairt foirm leictreonach a úsáid freisin. Dealraíonn sé go léiríonn an t-athrú sin gurb é mian na Parlaiminte tosaíocht a thabhairt do eSupply. Dá nglacfadh formhór na mBallstát leis an tosaíocht nua sin, ní chuirfeadh an Coimisiún ina coinne.

Leasú 51 – Airteagal 6, mír 2

Luíonn Leasú 51 le Leasú 50. Dealraíonn sé go léiríonn an leasú seo mian na Parlaiminte tosaíocht a thabhairt do eSupply. Dá nglacfadh formhór na mBallstát leis an tosaíocht nua sin, ní chuirfeadh an Coimisiún ina coinne. Ba cheart, áfach, an fhoclaíocht a fheabhsú beagán, e.g. is cosúil nach dtugann an téarma "táirgeoir" an coincheap ceart le fios anseo.

Leasú 53 – Airteagal 7, mír 1, fomhír 1

Cé nach n-athraíonn an chéad chuid de Leasú 53 brí an togra, meastar nach bhfuil gá léi.

Leasú 56 – Airteagal 8, mír 4a (nua)

Tríd is tríd, níl aon fhadhb ag baint le Leasú 56. Níl gá leis, áfach, mar go bhfuil clásail cosúil leis cheana i Rialachán 765/2008. Dá mbeifí chun é a chur isteach, áfach, ba cheart an fhoclaíocht a fhorbairt a thuilleadh.

Leasú 58 – Airteagal 9, mír 1a (nua)

I Leasú 58 is mian leis an bParlaimint béim a chur ar neamhspleáchas na bPointí Teagmhála do Tháirgí (faoi mar atá sé sin sa togra leasaithe ón gCoimisiún, "PCPanna don Fhoirgníocht"), agus oibleagáid a chur ar an gCoimisiún treoirlínte a tharraingt suas maidir lena gcuid freagrachtaí. Glacann an Coimisiún i bprionsabal leis an dá mhian sin, ach is cosúil nach bhfuil an dara rogha ach roinnt athruithe a dhéanamh ar an bhfoclaíocht, go háirithe nuair a chuirtear san áireamh an ról atá ag an mBuanchoiste um Fhoirgníocht faoi láthair agus an ról atá beartaithe dó. Aon chlásal ag 'údarú' gníomhaíochtaí lánroghnacha ón gCoimisiún, d'fhéadfaí a thuiscint as gur srianadh ar inniúlachtaí dá leithéidí i réimsí eile nach bhfuil aon fhoráil den sórt iontu. Is dócha, leis, gurbh fhearr a thráchtfaí ar na gnéithe a bhaineann le neamhspleáchas i mír ar leith. D'fhonn na gnéithe sin a chorprú ar bhealach oiriúnach sa téacs agus d'fhonn riachtanais eile atá ag teacht chun cinn a chur san áireamh, tá an chaoi a bhfuil an tsaincheist leagtha amach athruithe ó bhun sa togra leasaithe ón gCoimisiún, agus í roinnte ina míreanna:

1. Bunóidh gach Ballstát PCPanna de bhun fhorálacha Airteagal 9 de Rialachán (CE) Uimh. 764/2008 maidir leis na Pointí sin a ainmniú agus a fhógairt.

2. Beidh feidhm ag forálacha Airteagail 10 agus 11 den Rialachán thuasluaite faoi Phointí Teagmhála do Tháirgí Foirgníochta maidir le táirgí foirgníochta.

3. Mar aon leis na cúraimí atá sainithe in Airteagal 10(1) den Rialachán thuasluaite, áiritheoidh gach Ballstát go soláthrófar freisin sna PCPanna don Foirgníocht an fhaisnéis faoi aon cheanglas rialála is infheidhme maidir le cineál táirge foirgníochta ar leith a chorprú, a chur le chéile nó a shuiteáil ar chríoch an Bhallstáit sin.

4. Beidh na Pointí Teagmhála do Tháirgí Foirgníochta neamhspleách ar aon chomhlacht nó eagraíocht a bhaineann leis an nós imeachta maidir le marc CE a fháil.

Leasú 61 – Airteagal 16, mír 2, fomhír 1, cuid 2

Glacann an Coimisiún leis, i bprionsabal, na coincheapa seo a chur isteach sna caighdeáin, ach, ar mhaithe le comhsheasmhacht leis an gcleachtas reatha, ba cheart "úsáid deiridh arna beartú" a chur in ionad "úsáid chineálach arna beartú". Ina theannta sin, is cosúil gur gá an sainmhíniú ar an gcoincheap sin a chur le hAirteagal 2. Moltar, mar sin, Airteagal 2, pointe 17a a dhéanamh den sainmhíniú sin. A fhad a bhaineann leis an gcuid eile den leasú, meastar nach bhfuil an tagairt don idirdhealú idir chineálacha éagsúla buntréithe ná an tagairt d'Iarscríbhinn IV, Tábla 1 oiriúnach anseo chun na críche a bhfuil tuairisc uirthi thuas.

2. Is trí chaighdeáin chomhchuibhithe a sholáthrófar na modhanna agus na critéir chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht táirgí foirgníochta i ndáil lena mbuntréithe.

Nuair atá foráil déanta dó sa sainordú comhfhreagrach nó nuair atá call leis go teicniúil ar shlí eile, tagróidh caighdeán comhchuibhithe d'úsáid deiridh arna beartú do na táirgí a fholófar faoin gcaighdeán sin.

Airteagal 2(17a)

17a. ciallaíonn "úsáid deiridh arna beartú" ceann de na húsáidí deiridh arna beartú do tháirgí foirgníochta faoi mar atá liostaithe in Iarscríbhinn VI den Rialachán seo nó faoi mar atá sainithe ar shlí eile sa tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe lena mbaineann;

Leasú 119 – Airteagal 18, míreanna 2, 3 agus 4

Tá fite le curtha le chéile i Leasú 119 roinnt leasuithe a mhol an Pharlaimint roimhe don Airteagal seo. Tríd is tríd, tá aidhmeanna an leasaithe lán-inghlactha ag an gCoimisiún, ach meastar gurbh fhearr roinnt athruithe (athruithe eagarthóireachta a bhformhór) a dhéanamh ar an bhfoclaíocht i bhfianaise mholtaí na Pharlaiminte. I mír 2 , dealraíonn sé gurbh fhearr an tagairt a cuireadh leis na sainorduithe athbhreithnithe a bheith ag deireadh na céad fomhíre, seachas ag deireadh na dara fomhíre.

2. Sa chás nach bhfuil aicmí feidhmíochta bunaithe ag an gCoimisiún i ndáil le buntréithe táirgí foirgníochta, féadfaidh na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú iad a bhunú i gcaighdeáin chomhchuibhithe, ar bhonn sainordú athbhreithnithe .

I gcás ina bhfuil an Coimisiún tar éis aicmí feidhmíochta a bhunú i ndáil le buntréithe táirgí foirgníochta, bainfidh na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú úsáid as na haicmí sin i gcaighdeáin chomhchuibhithe.

I mír 3 tá trácht ar "íosleibhéil feidhmíochta" ( minimum performance levels ) s a bhunú agus tá na clásail tosaigh maidir le haicmiú "gan tástáil nó gan tuilleadh tástála" bainte amach; ba cheart, dá bhrí sin, iad sin a athchorprú sa togra agus mír 3a thíos a dhéanamh díobh tar éis na hathruithe is gá a bheith déanta orthu. Féach freisin gur cuireadh "leibhéil tairsigh" in ionad "íosleibhéil feidhmíochta" sa togra leasaithe ón gCoimisiún, faoi mar atá mínithe thuas i gcomhthéacs an sainmhíniú nua sin a cuireadh isteach in Airteagal 2 mar phointe 3b. Ina theannta sin, níor mhór anseo "úsáid deiridh arna beartú" a chur in ionad "úsáid chineálach arna beartú", faoi mar atá mínithe thuas faoi Airteagal 16(2) (féach Leasú 61).

3. Nuair atá foráil déanta dó sna sainorduithe lena mbaineann, déanfaidh na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú leibhéil tairsigh a bhunú i gcaighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le buntréithe, agus, nuair is iomchuí, i ndáil le húsáidí deiridh arna mbeartú, agus beidh ar tháirgí foirgníochta na caighdeáin sin a chomhlíonadh sna Ballstáit.

3a. Féadfaidh an Coimisiún coinníollacha a bhunú faoina measfar go mbeidh leibhéal nó aicme áirithe feidhmíochta bainte amach ag táirge gan tástáil nó gan a thuilleadh tástála.

Glacfar na bearta sin ar ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 51(2).

Más rud é nach bhfuil coinníollacha dá leithéidí bunaithe ag an gCoimisiún, féadfaidh na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú iad a bhunú i gcaighdeáin chomhchuibhithe, ar bhonn sainordú athbhreithnithe.

Na hathruithe a ghlac an Pharlaimint i dtaca le mír 4 agus a bhaineann leis an oibleagáid ar na Ballstáit na córais aicmiúcháin atá bunaithe ar leibhéal an Chomhphobail maidir lena ngníomhaíochtaí rialála féin a leanúint, féadann an Coimisiún glacadh leo.

4. Is i gcomhréir leis na córais aicmiúcháin arna mbunú ag na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú i gcaighdeáin chomhchuibhithe, nó ag an gCoimisiún, agus i gcomhréir leo sin amháin, a fhéadfaidh na Ballstáit na leibhéil nó na haicmí feidhmíochta atá le comhlíonadh ag táirgí foirgníochta i ndáil le na m buntréithe ( SCRIOSTA : táirgí foirgníochta) a shocrú.

Leasú 67 – Airteagal 19, mír 3

Sa leasú seo is mian leis an bParlaimint faisnéis faoin gcoincheap ar a dtugtar envisaged generic use a chur le sainorduithe agus sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe araon. ( N.B. Is léir gurb ionann envisaged generic use agus generic intended use ('úsáid chineálach arna beartú'), téarma atá in úsáid ag an bParlaimint in áiteanna eile – b'fhearr intended end use ('úsáid deiridh arna beartú') amháin a úsáid. Féach Leasú 61 thuas.) Cé go bhféadann an Coimisiún tacú leis an méid sin i gcásanna inarb iomchuí, meastar gurbh fhearr a dhéileálfaí leis in Airteagal 16, agus san airteagal sin amháin, a fhad a bhaineann lena bhfuil i gcaighdeáin agus sainorduithe araon, agus in Airteagal 20 (mír 2a nua a bheadh ann) a fhad a bhaineann le DEManna. Táthar tar éis forálacha dá leithéidí a chur isteach sa togra leasaithe ón gCoimisiún sa dá Airteagal sin, agus dar leis an gCoimisiún go gciallaíonn sé sin nach gá Airteagal 19 a leasú chun na críche sin.

Airteagal 20(2a)

2a. Nuair is cuí, bunóidh eagraíocht na gComhlachtaí um Measúnú Teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 25(1) sa DEM leibhéil tairsigh i ndáil le buntréithe an táirge foirgníochta laistigh dá úsáid deiridh arna beartú ag an monaróir.

Leasú 68 – Airteagal 20, mír 1

Tá Leasú 68 ar cheann de na hathruithe a ghlac an Pharlaimint d'fhonn deireadh a chur le húsáid chomhthreomhar METanna agus caighdeáin chomhchuibhithe, i.e. eisiúint METanna a theorannú do na cásanna sin ina bhfuil na táirgí foirgníochta i dtrácht gan a bheith folaithe nó gan a bheith folaithe go hiomlán faoi chaighdeán comhchuibhithe ar bith. Mar a luadh thuas, is mian leis an gCoimisiún tacú leis an méid sin; mar sin féin, measann an Coimisiún gur leor an leasú sin a chur in Airteagal 21(1) seachas é a lua i ngach comhthéacs. Dá bhrí sin, níl aon athrú ar Airteagal 20(1) sa togra leasaithe ón gCoimisiún.

Féach Airteagal 21.1

1. Comhlacht um Measúnú Teicniúil a eiseoidh an Measúnú Teicniúil Eorpach (MTE), le haghaidh táirge foirgníochta nach bhfolaítear nó nach bhfolaítear ina iomláine faoi chaighdeán comhchuibhithe , arna iarraidh sin ag monaróir nó ag iompórtálaí ar bhonn DEM i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

Leasú 120 – Airteagal 20, mír 3a (nua)

Is é atá sa leasú seo mír nua ar mian leis an bParlaimint an t-aistriú ó DEManna go caighdeáin chomhchuibhithe a fheabhsú trína bíthin. Is féidir lántacaíocht a thabhairt don mhéid sin agus go deimhin pléadh thuas é cheana faoi Leasú 5, aithris 14. Tríd is tríd, feictear don Choimisiún gurbh amhlaidh ab fhearr an tsaincheist sin a phlé sna tagairtí nua san aithris sin, agus san aithris sin amháin, agus gan aon leasú den chineál sin a chur i bpríomhthéacs an togra. Rinneadh amhlaidh sa leagan leasaithe.

Féach Aithris 14

Leasú 71 – Airteagal 24, mír 2, fomhír 1

Trí bhíthin an leasaithe seo, is mian leis an bParlaimint béim a chur ar an ngá atá le trédhearcacht i leith meastóireachta piara agus le nósanna imeachta achomhairc iardain a bheith inrochtana. Dar leis an gCoimisiún gurbh fhiú, ar ndóigh, iarracht a dhéanamh na spriocanna sin a bhaint amach, ach a fhad a bhaineann le trédhearcacht, ní mór cúrsaí rúndachta a chur san áireamh freisin. Ina theannta sin, ní mór, ar ndóigh, gach nós imeachta achomhairc a bheith inrochtana, mar mura mbeadh, ní bhainfeadh an cheist le imeachta achomhairc a thuilleadh. An focal "cuí" a chur in áit eile sa chruth is go mbeidh gach comhthéacs, seachas "nósanna imeachta" amháin, faoina réir, b'fhéidir gurb é sin an bealach is fearr le freastal ar an dá sprioc sin nach bhfuil ag teacht hiomlán le chéile.

2. Bunóidh an Coimisiún nósanna imeachta cuí chun an mheastóireacht a dhéanamh, lena n-áirítear nósanna imeachta ( SCRIOSTA: cuí ) um achomhairc in aghaidh cinntí a ghlacfar de bharr na meastóireachta.

Leasuithe 122, 111 agus 77 – Airteagal 26, mír 1 pointí b agus c agus fomhír 1a (nua), mír 2a (nua)

Is le gach cuid d'Airteagal 26 a bhaineann na leasuithe idir chamáin agus déileáiltear iontu le formhór na nósanna imeachta simplithe. Le bheith níos sonraí, is ar chomhroinnt agus ar chascáidiú (pointí b agus c) agus ar iompórtálaithe a eisiamh ó na nósanna imeachta freisin atá an bhéim á cur ag an bParlaimint anseo.

Ar an gcéad dul síos, is mian leis an bParlaimint na coinníollacha maidir le comhroinnt (pointe b) a shoiléiriú, go háirithe an gá atá le toiliú an mhonaróra a fuair i dtús na torthaí tástála i dtrácht. Glacann an Coimisiún leis an soiléiriú sin agus tugann sé lántacaíocht dó, agus dá bhrí sin táthar tar éis é a chur isteach mar shoiléiriú sa togra leasaithe ón gCoimisiún. (Féach, áfach, gur baineadh amach "nó", an focal deireanach, ó tharla go bhféadfadh sé tabhairt le fios go bhféadfadh an monaróir aon cheann amháin de na nósanna imeachta malartacha atá luaite in Airteagal 26, gan an ceann eile, a úsáid, rud nach bhfuil fíor.)

Ag tús an leasuithe ón bParlaimint maidir le cascáidiú (pointe c) cuirtear isteach tagairtí do "soláthróirí córais" ( system providers ). Feabhsaíonn an leasú sin caighdeán agus cruinneas an togra agus arís eile glacann an Coimisiún leis. Is cosúil, áfach, go bhfuil an dá abairt nua ina dhiaidh sin ábhairín iomarcach, agus i gcás na habairte deireanaí acu sin, b'fhéidir go bhfuil sí ródhian ar an monaróir. Dá bhrí sin, níor cuireadh iad sa togra leasaithe ón gCoimisiún.

Ar deireadh, is mian leis an bParlaimint mír nua a chur isteach maidir le hiompórtálaithe a eisiamh ó raon feidhme an Airteagail seo. Tá sé sin inghlactha i bprionsabal, ach dar leis an gCoimisiún, faoi mar a luadh thuas faoi Leasú 18 ón bParlaimint (aithris nua 33a, i.e. aithris 34a sa togra leasaithe ón gCoimisiún), b'fhearr gan na prionsabail sin a athlua sa chomhthéacs idir chamáin. B'fhearr leis an gCoimisiún an tsaincheist seo a shoiléiriú san aithris thuasluaite nua ionas nach gá é shoiléiriú arís. Féach freisin nach gcruthaíonn Airteagal 14 aon chearta do "monaróirí" faoina raon feidhme; is amhlaidh a chuireann sé oibleagáidí nua orthu. Baineann an tsaincheist i dtrácht freisin le Leasú 83 ón bParlaimint (féach thíos) lena gcuirtear mír nua chomhchosúil le hAirteagal 27 chun na críche céanna. Ar na cúiseanna sin, níor cuireadh mír nua den sórt sin sa togra leasaithe ón gCoimisiún.

(a) go meastar, i gcás gné bunriachtanaí amháin nó gnéithe bunriachtanacha éagsúla den táirge foirgníochta a chuirtear ar an margadh, go meastar go bhfuil leibhéal nó aicme áirithe feidhmíochta bainte amach ag an táirge gan tástáil ná áireamh, nó gan a thuilleadh tástála ná áirimh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe ábhartha nó sa Chinneadh ábhartha ón gCoimisiún; (SCRIOSTA: ; )

(b) comhfhreagraíonn an táirge foirgníochta a chuireann sé ar an margadh do chineál táirge táirge foirgníochta eile, arna dhéanamh ag monaróir eile, táirge a ndearnadh tástáil air cheana i gcomhréir leis an tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe ábhartha. Nuair a chomhlíonfar na coinníollacha seo beidh an monaróir i dteideal feidhmíocht a dhearbhú a fhreagróidh do thorthaí tástála uile an táirge eile seo nó do chuid de na torthaí tástála sin.

Ní fhéadfaidh an monaróir na torthaí tástála arna bhfáil ag monaróir eile a úsáid mura bhfuil údarú an mhonaróra sin faighte aige roimh ré. Beidh an monaróir a rinne an tástáil freagrach i gcónaí as cruinneas, iontaofacht agus diongbháilteacht na dtástálacha sin.

(c) gur córas déanta de chomhpháirteanna é an táirge foirgníochta a chuireann an monaróir ar an margadh agus go gcuirtear le chéile an táirge sin de réir treoracha beachta arna gcur ar fáil ag soláthróir córais dá leithéid, nó ag soláthróir comhpháirte a ghabhann le córas dá leithéid, soláthróir a thástáil an córas nó an chomhpháirt sin le haghaidh gné riachtanaí amháin nó le haghaidh níos mó ná gné riachtanach amháin i gcomhréir leis an tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe ábhartha. Nuair a chomhlíonfar na coinníollacha seo beidh an monaróir i dteideal feidhmíocht a dhearbhú a fhreagróidh do thorthaí tástála uile an chórais nó na comhpháirte a soláthraíodh dó, nó do chuid de na torthaí tástála sin.

Ní fhéadfaidh an monaróir na torthaí tástála arna bhfáil ag monaróir eile nó ag soláthróir córais eile a úsáid mura bhfuil údarú an mhonaróra sin nó an tsoláthróra córais sin faighte aige roimh ré. Beidh an monaróir a rinne an tástáil freagrach i gcónaí as cruinneas, iontaofacht agus diongbháilteacht na dtástálacha sin.

Leasú 78 – Airteagal 27 – teideal

I Leasú 78 molann an Pharlaimint na focail cháilitheacha "a mhonaraíonn táirgí foirgníochta" ( which manufacture construction products ) a chur le teideal an Airteagail seo. Moltar é sin freisin i Leasú 79 maidir le céad mhír an Airteagail. Cé go nglacann an Coimisiún leis sin i bprionsabal, measann sé nach bhfuil sé oiriúnach na focail sin a lua i dteideal an Airteagail agus i dtéacs an Airteagail araon.

Leasú 79 – Airteagal 27, mír 1

Níl sa leasú seo ach moladh an fhoclaíocht chéanna agus a mhol an Pharlaimint thuas i leith an teidil a chur isteach anseo freisin (féach an leasú díreach thuas). Cé go nglacann an Coimisiún leis sin i bprionsabal, dealraíonn sé nach soiléiríonn an moladh sin an cheist idir chamáin i leith an togra bunaidh. D'fhonn teacht ar chomhréiteach maidir le micreaghnóthais atá inghlactha ag gach dream, b'fhearr tacú leis an toradh a bheidh ar na pléití atá ar siúl faoi láthair. Tá an snáithe céanna smaointe le sonrú i dtéacs an togra leasaithe ón gCoimisiún.

Na micreaghnóthais sin a mhonaraíonn táirge foirgníochta , féadfaidh siad an cineál táirge a chinneadh trí DTS seachas tríd an gcineál-tástáil i gcomhair chóras 4 agus 5 infheidhme, faoi mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn V . Léireoidh an DTS go gcomhlíonann an táirge foirgníochta na ceanglais is infheidhme.

Leasú 83 – Airteagal 27, pointe 2c (nua)

Sa leasú seo freisin, is mian leis an bParlaimint mír nua a chur isteach maidir le hiompórtálaithe a eisiamh ó raon feidhme an Airteagail seo. Tá sé sin inghlactha i bprionsabal, ach dar leis an gCoimisiún, faoi mar a luadh thuas i leith Leasú 18 ón bParlaimint (aithris nua 33a, i.e. aithris 34a sa togra leasaithe ón gCoimisiún), b'fhearr gan na prionsabail sin a athlua sa chomhthéacs idir chamáin.

Leasú 84 – Airteagal 28, mír 1

Sa leasú seo, is mian leis an bParlaimint béim a chur ar an ngá atá le muinín an mhargaidh a fheabhsú a fhad a bhaineann le Doiciméadúchán Teicniúil Sonrach a úsáid sa nós imeachta simplithe idir chamáin. Glacann an Coimisiún leis an aidhm sin i bprionsabal . Mar sin féin, ní hé "sábháilteacht a ráthú" aidhm chruinn an DTS (sa chomhthéacs seo ná i gcomhthéacsanna eile) – is é is aidhm dó a thaispeáint gurb ann do choinníollacha réamhshainithe maidir le nósanna imeachta simplithe áirithe a úsáid, agus údar a thabhairt do na coinníollacha sin. Tá an frása "foráil a dhéanamh do leibhéal coibhéiseach muiníne agus iontaofachta" ( provide for an equivalent level of confidence and reliability ) pas doiléir; b'fhearr é a athrú chun an bhrí cheart a thabhairt. Ina theannta sin, tríd síos sa togra is basic works requirements ("buncheanglais ar oibreacha") seachas essential works requirements a thugtar ar na ceanglais ar oibreacha foirgníochta. Ar na cúiseanna sin is fearr leis an gCoimisiún téacs na míre seo a fheabhsú de bhun an toraidh a bheidh ar na pléití atá ar siúl faoi láthair. Tá an snáithe sin smaointe le sonrú sa togra leasaithe ón gCoimisiún.

1. I gcás táirge foirgníochta a dheartar agus a mhonaraítear i bpróiseas táirgthe neamhthionsclaithe mar thoradh ar ordú sonrach, agus a chuirtear isteach i saothar aitheanta amháin, féadfaidh an monaróir DTS a chur in áit an chuid sin den an chórais is infheidhme lena measúnaítear feidhmíocht, faoi mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn V , ag léirchruthú, ar an dóigh sin, go gcomhlíonann an táirge sin na ceanglais is infheidhme.

Leasú 86 – Airteagal 33, mír 5

Is é atá i Leasú 86 tagairt nua do "lántrédhearcacht i ndáil leis an monaróir" ( complete transparency v-a-v the manufacturer ). Tugann an Coimisiún lántacaíocht don phrionsabal sin, faoi mar a luadh thuas (féach Leasú 11 ar aithris 20), ach ní mór, ar ndóigh, na srianta a bhaineann le cúrsaí rúndachta a chur san áireamh freisin.

Leasú 88 – Airteagal 51, mír 2a (nua)

Sa leasú seo lena gcuirtear mír nua leis an Airteagal idir chamáin, is mian leis an bParlaimint béim a chur ar neamhspleáchas bhaill an Bhuanchoiste. Féadann an Coimisiún glacadh leis an bprionsabal sin ó tharla go bhféadfadh sé a bheith ina chuidiú chun trédhearcacht agus oibiachtúlacht a mhéadú. Ní mór, áfach, an fhoclaíocht a bheachtú beagán, ó tharla nach bhfuil na measúnuithe sa chomhthéacs seo dírithe ar "comhlíonadh" ( conformity ) (féach Airteagal 19 agus Iarscríbhinn V).

2a. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh baill an Bhuanchoiste dá dtagraítear i mír 1 neamhspleách ar na páirtithe a bhíonn ag plé le measúnú agus fíorú seasmhachta buntréithe táirgí foirgníochta.

Leasú 89 – Airteagal 53, mír 3

Is é atá i Leasú 89 dhá chuid nua a cuireadh leis an mír idir chamáin. Is é atá sa chuid chéad an chéad tagairt sa togra do TFTEanna a leathnú d'fhonn na Nósanna Imeachta Comhthuisceana um Measúnú a fholú. Mar sin féin, ní mór idirdhealú a dhéanamh idir lánghlacadh foirmeálta leis na Nósanna Imeachta Comhthuisceana um Measúnú a bhí gan an stádas sin faoi TTF (níl oiread is tagairt amháin dóibh ann), agus an úsáid is fairsinge is féidir, nuair is iomchuí, a bhaint as a bhfuil iontu (i.e. na modhanna measúnaithe atá beartaithe agus feabhsaithe iontu) sa chomhthéacs seo. Trí bhíthin na n-athruithe iardain a cuireadh isteach in Iarscríbhinn II, baineadh amach an sprioc deireanach acu sin. Dá bhrí sin, cé go nglacann an Coimisiún leis an bprionsabal ar a bhfuil an chuid seo den leasú bunaithe, faoi mar atá sé tuairiscithe thuas, dealraíonn sé nach bhfuil sé riachtanach ná tráthúil athrú ar bith a dhéanamh san Airteagal seo chun an sprioc sin a bhaint amach.

Is é atá sa dara cuid fomhír nua a cuireadh isteach chun na críche céanna agus atá in Airteagal 20(3a) thuas, i.e chun an t-athrú ó TFTEanna go caighdeáin Eorpacha chomhchuibhithe a éascú. Faoi mar a luadh thuas, is dócha nach é seo an áit is feiliúnaí do thagairt dá leithéid; b'fhearr trácht air sna haithris (féach aithris 14 faoi mar atá sé athraithe). Ar na cúiseanna thuasluaite, níor athraigh an Coimisiún a thogra a fhad a bhaineann leis an mír atá idir chamáin.

Féach Aithris 14 agus Iarscríbhinn II

Leasú 90 – Iarscríbhinn I, mír 1

Sa leasú seo, is mian leis an bParlaimint béim a chur ar an bpointe nach mór cuimhneamh ar shláinte agus sábháilteacht gach duine a bhíonn ag plé le hoibreacha foirgníochta le linn saolré ar fad na n-oibreacha sin, i.e. ó chéim na foirgníochta go céim na scartála. Tá a bhfuil sa leasú inghlactha, i bprionsabal, ach measann an Coimisiún nach mór an fhoclaíocht a athrú beagán. Baineann an cheist seo leis an téacs a chuir an Pharlaimint isteach mar aithris 8a (i.e. in aithris 14 sa togra leasaithe ón gCoimisiún) i Leasú 2, téacs ina bhfuil an cur chuige céanna i ndáil le táirgí foirgníochta.

Ní mór d'oibreacha foirgníochta ina n-iomláine agus ina gcodanna éagsúla a bheith feiliúnach don úsáid a bheidh beartaithe dóibh, agus ní mór, go háirithe, a chur san áireamh sláinte agus sábháilteacht daoine a bhíonn ag plé leis na hoibreacha, le linn saolré ar fad n-oibreacha sin.

Leasú 91 – Iarscríbhinn I, Cuid 3 Foclaíocht tosaigh

Baineann Leasú 91 le roinnt focal a cuireadh isteach i bhfoclaíocht tosaigh Bhuncheanglas ar Oibreacha 3, lena gcuirtear béim arís ar shaolré na n-oibreacha foirgníochta. An prionsabal maidir le sábháilteacht oibrithe a chur isteach sa chomhthéacs seo d'fhonn céim na foirgníochta agus na scartála a chur san áireamh, tá sé inghlachta i bprionsabal. Ach is amhlaidh a dhéileáiltear leis an gceist sin i dTreoir 89/391/CEE. Ar scor ar bith, is cosúil gur gá roinnt athruithe a dhéanamh ar an bhfoclaíocht, mar shampla, tá an tagairt dá "saolré" ( their lifecycle ), ar ghlac an Pharlaimint léi, pas doiléir.

Ní mór na hoibreacha foirgníochta a cheapadh agus a thógáil sa chruth nach mbeidh baol ag baint leo, le linn a saolré ar fad , do shláinteachas, sláinte agus sábháilteacht oibrithe, (SCRIOSTA: na ) áitritheoirí agus comharsana, agus nach mbeidh tionchar as cuimse ar fad acu, le linn a saolré ar fad, ar chaighdeán an chomhshaoil ná ar an aeráid agus iad á dtógáil, á n-úsáid agus á scartáil, i ngeall ar aon cheann de na nithe seo a leanas go háirithe:

Leasú 92 – Iarscríbhinn 1, Cuid 6, cuid 1

Is le Buncheanglas ar Oibreacha 6 a bhaineann an leasú seo. D'fhéadfaí glacadh leis an gcéad chuid de, mar a gcuirtear "soilsiú" leis an togra tosaigh. Ní féidir tacú leis an gcuid eile den leasú ón bParlaimint ó tharla gcruthaíonn sé mearbhall idir na hoibreacha foirgníochta féin (an t-ábhar a bhfuil trácht air in Iarscríbhinn I), agus na hoibleagáidí a chuirtear ar tháirgí foirgníochta. Ní ceart é sin a dhéanamh sa chomhthéacs seo.

Ní mór na hoibreacha foirgníochta agus na fearais téite, fuarúcháin, soilsithe agus aerúcháin iontu a cheapadh agus a thógáil sa chruth nach mbeidh ach beagán fuinnimh ag teastáil agus na fearais in úsáid ag féachaint do dhálaí aeráide an tsuímh agus do riachtanas na n-áitritheoirí.

Leasú 93 – Iarscríbhinn I, Cuid 7 Foclaíocht tosaigh

Is é atá i Leasú 93 na focail "ar a laghad" a chur leis an réamhrá a ghabhann le Buncheanglas ar Oibreacha 7. Is féidir glacadh leis sin. Sa chomhthéacs seo, ní mór cuimhneamh, áfach, nach ceanglas ar na Ballstáit iad na Buncheanglais ar Oibreacha, is é atá iontu cur síos ginearálta ar na "réimsí" a meastar tábhacht a bheith ag baint leo maidir le sábháilteacht oibreacha foirgníochta.

Ní mór na hoibreacha foirgníochta a cheapadh, a thógáil agus a scartáil sa chruth go mbainfear úsáid inbhuanaithe as acmhainní nádúrtha agus go n-áiritheofar an méid seo a leanas ar a laghad :

Leasú 94 – Iarscríbhinn II, Teideal

Sa leasú seo cuirtear tagairt do raon feidhme na DEManna agus na METanna i dteideal Iarscríbhinn II. Toisc go bhfuil an cheist sin soiléirithe cheana níos faide siar sa téacs, measann an Coimisiún – cé go nglacann sé leis an bprionsabal – nach gá an tagairt sin a chur isteach anseo freisin.

Leasú 99 – Iarscríbhinn III, pointe 4

Baineann an leasú seo leis an tagairt a cuireadh isteach in Iarscríbhinn III do generic use an táirge i dtrácht. Ionas go mbeidh an téarmaíocht leanúnach sa togra ar fad, ba cheart intended end use ("úsáid deiridh arna beartú") a úsáid ó tharla gurb é sin an téarma atá in úsáid in áiteanna eile.

4. Aitheantas an táirge (i gcomhair inrianaitheachta) agus tagairt don úsáid deiridh arna beartú :

Leasuithe 102-106-Iarscríbhinn V, Cuid I, pointe 1.1, 1.2., 1.3., 1.4., 1.5, foclaíocht tosaigh

Is é atá sa leasú seo moladh uimhriú na gcóras atá in úsáid in TTF a úsáid anseo freisin. Tá an Coimisiún lánsásta athbhreithniú a dhéanamh ar an gceist seo, ach ní mór aird chuí a thabhairt ar mholtaí eile a thiocfaidh chun cinn sna pléití sa Chomhairle. Dá bhrí sin, níl a thuilleadh moltaí maidir le Leasuithe 102-106 sa togra leasaithe ón gCoimisiún.

3.3. Togra leasaithe

Ag féachaint d'Airteagal 250(2) de Chonradh CE, déanann an Coimisiún a thogra a leasú faoi mar atá leagtha amach thuas.