52009PC0502




GA

An Bhruiséil, 23.9.2009

COIM(2009) 502 leagan deireanach

2009/143 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme

{COIM(2009) 499 leagan deireanach}

{COIM(2009) 500 leagan deireanach}

{COIM(2009) 501 leagan deireanach}

{COIM(2009) 503 leagan deireanach}

{SEC(2009) 1233}

{SEC(2009) 1234}

{SEC(2009) 1235}

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. Comhthéacs an togra

Le linn na géarchéime airgeadais, nochtaíodh teipeanna móra ar an maoirseacht a dhéantar ar airgeadas, i gcásanna ar leith agus sa chóras airgeadais ina iomláine. Dá bhrí sin, d'iarr an tUachtarán Barroso ar ghrúpa saineolaithe ardleibhéil, a raibh an tUasal Jacques de Larosière ina chathaoirleach orthu, moltaí a dhéanamh maidir le socruithe maoirseachta san Eoraip a neartú d'fhonn córas Eorpach maoirseachta a bheadh níos éifeachtúla, níos comhtháite agus níos inbhuanaithe a bhunú. Chuir an Grúpa a thuarascáil isteach an 25 Feabhra 2009. D'fhorbair an Coimisiún moltaí na tuarascála agus leag sé amach tograí le haghaidh struchtúir nua Eorpaigh i ndáil le maoirseacht airgeadais ina Theachtaireacht chuig Comhairle Eorpach an Earraigh mí an Mhárta 2009. Chuir an Coimisiún a chuid smaointe i láthair go mionchruinn ina Theachtaireacht mí Bealtaine 2009 inar moladh na nithe seo a leanas:

– Córas Eorpach Maoirseoirí Airgeadais (CEMA) a bhunú, ina mbeadh líonra maoirseoirí airgeadais náisiúnta ag obair in éineacht le hÚdárais Maoirseachta Eorpacha (ÚMEanna) nua, arna gcruthú trí na coistí maoirseachta Eorpacha atá ann cheana [1] a iompú ina nÚdarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE), Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme (ÚEÁPG), agus Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM), ar an dóigh sin gheofar na buntáistí a bhaineann le creat uileghabhálach Eorpach le haghaidh maoirseachta airgeadais mar aon leis na buntáistí a bhaineann le saineolas comhlachtaí maoirseachta micreastuamachta ar an leibhéal áitiúil atá gar do na forais a oibríonn laistigh dá ndlínsí; agus

– Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) a bhunú, chun monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar bhaoil a d'fhéadfadh a bheith ann do chobhsaíocht airgeadais de bharr imeachtaí maicreacnamaíocha agus imeachtaí laistigh den chóras airgeadais ina iomláine. Chun na críche sin, thabharfadh BERS rabhadh luath faoi rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ag fabhrú áit ar bith sa chóras agus, dá mba ghá, chuirfeadh sé moltaí amach maidir le gníomhartha chun dul i ngleic leis na rioscaí sin [2].

2. Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

Rinneadh dhá chomhairliúchán oscailte agus na tograí sin á bhforbairt. Ar an gcéad dul síos, i ndiaidh thuarascáil an ghrúpa ardleibhéil a raibh an tUasal Jacques de Larosière ina chathaoirleach air agus fhoilsiú na Teachtaireachta ón gCoimisiún an 4 Márta 2009, d'eagraigh an Coimisiún comhairliúchán ón 10 Márta go dtí an 10 Aibreán 2009 chun ionchur a fháil dá Theachtaireacht maidir le Maoirseacht Airgeadais san Eoraip a foilsíodh an 27 Bealtaine 2009. Is féidir teacht ar achoimre ar na haighneachtaí a fuarthas ón bpobal ag:

http://ec.europa.eu/internal_market/consultations/docs/2009/fin_supervision/summary_en.pdf

Ar an dara dul síos, ón 27 Bealtaine go dtí an 15 Iúil 2009, d'eagraigh an Coimisiún babhta eile comhairliúcháin. D'iarr sé ar na páirtithe leasmhara ar fad barúil a thabhairt ar na leasuithe mionchruinne a cuireadh i láthair i dTeachtaireacht na Bealtaine maidir le Maoirseacht Airgeadais san Eoraip. Bhí na freagairtí a fuarthas ag tacú leis na leasuithe a moladh den chuid is mó, agus tugadh barúlacha ar ghnéithe mionsonraithe BERS agus CEMA mar atá siad beartaithe. Is féidir teacht ar achoimre ar na haighneachtaí a fuarthas ón bpobal ag:

http://ec.europa.eu/internal_market/consultations/docs/2009/fin_supervision_may/replies_summary_en.pdf

3. Measúnú iarmharta

Bhí measúnú iarmharta ina ndearnadh anailís ar na príomhroghanna beartais chun CEMA agus BERS a bhunú ag gabháil le Teachtaireacht na Bealtaine ón gCoimisiún maidir le Maoirseacht Airgeadais san Eoraip. Tá an dara measúnú iarmharta ag gabháil leis na moltaí sin, ina scrúdaítear na roghanna go mionchruinn. Beidh an dara tuarascáil faoin measúnú iarmharta ar fáil ar shuíomh idirlín an Choimisiún.

4. Eilimintí dlíthiúla an togra

D'admhaigh an Chúirt Bhreithiúnais [3] go dtugann Airteagal 95 den Chonradh a bhaineann le bearta a ghlacadh chun reachtaíocht a chomhfhogasú d'fhonn bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh bunús dlí iomchuí maidir le "comhlacht Comhphobail" a bhunú "a bheadh freagrach as rannchuidiú le próiseas comhchuibhithe a chur chun feidhme", nuair atá dlúthghaol idir na cúraimí a shanntar do chomhlacht den sórt sin agus ábhar na ngníomhartha sin lena ndéantar comhfhogasú ar an reachtaíocht náisiúnta.

Tá baol dáiríre agus tromchúiseach do chobhsaíocht an mhargaidh inmheánaigh cruthaithe ag an ngéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch. Is réamhriachtanas daingean é córas airgeadais cobhsaí agus iontaofa a chur ar ais i réim agus a chothabháil chun muinín agus comhleanúnachas sa mhargadh inmheánach a chaomhnú agus chun na coinníollacha a chaomhnú agus a fheabhsú maidir le margadh inmheánach a bhunú atá iomlán comhtháite agus ag feidhmiú go hiomlán i réimse na seirbhísí airgeadais. Thairis sin, tugann margaí airgeadais atá níos dlúithe agus níos comhtháite deiseanna níos fearr chun maoiniú agus chun éagsúlú riosca, agus ar an gcaoi sin cabhraíonn siad feabhas a chur ar chumas na ngeilleagar suaitheadh a mhaolú. Dá bhrí sin, neartaíonn comhtháthú airgeadais agus cobhsaíocht airgeadais a chéile. Le bunú CEMA, forbrófar cód cleachtais amháin lena n-áiritheofar go gcuirfear na rialacha i bhfeidhm go haonfhoirmeach san AE agus ar an dóigh sin, rannchuideoidh sé le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Beidh sé de chúram ar na ÚMEanna cuidiú a thabhairt do na húdaráis náisiúnta na rialacha Comhphobail a léiriú agus a chur i bhfeidhm ar bhonn comhsheasmhach.

Ós rud é go bhfuil dlúthbhaint idir na cúraimí a chuirfear ar na hÚdaráis agus na bearta a rinneadh mar fhreagairt ar an ngéarchéim eacnamaíoch agus na bearta a fógraíodh sna Teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 4 Márta agus 27 Bealtaine 2009, is féidir, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte, iad a bhunú ar bhonn Airteagal 95 den Chonradh.

Is féidir le gníomhaíocht Chomhphobail dul i ngleic leis na laigí a d'aibhsigh an ghéarchéim agus córas a chur ar fáil a luíonn leis an gcuspóir margadh airgeadais AE atá cobhsaí agus aonair a chruthú do sheirbhísí airgeadais, sa tslí is go nascfar na maoirseoirí náisiúnta i líonra láidir Comhphobail. Beidh an lárphointe le haghaidh maoirseachta laethúla ar an leibhéal náisiúnta i gcónaí, áfach, agus beidh maoirseoirí náisiúnta freagrach i gcónaí as eintitis ar leith a mhaoirsiú. Ar an dóigh sin, ní théann na forálacha thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí atáthar a shaothrú a bhaint amach. Dá bhrí sin, tá na moltaí i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh.

5. Impleachtaí buiséadacha

Tá gá le hacmhainní feabhsaithe, idir acmhainní pearsanra agus buiséadacha, chun na coistí maoirseachta Eorpacha atá ann cheana a iompú ina ÚMEanna éifeachtacha. Tugtar forbhreathnú ar na himpleachtaí buiséadacha a bhaineann leis na moltaí sin sa tuarascáil faoin measúnú iarmharta agus sna ráitis reachtacha airgeadais a ghabhann leis (ceangailte leis an togra seo).

6. Míniú mionsonraithe ar an togra

D'fhonn sainiúlachtaí earnála a chur san áireamh, tá gá le trí Rialachán ar leith chun na hÚdaráis a bhunú le haghaidh baincéireachta, árachais agus pinsean gairme agus urrús. Is ionann brí ghinearálta don trí thogra sin, áfach. Dá bhrí sin, pléitear na heilimintí coiteanna sa mheabhrán seo agus luaitear na difríochtaí idir na trí Rialachán.

6.1. ÚMEanna a bhunú agus a stádas dlí

Beidh sé de chuspóir ag na ÚMEanna rannchuidiú leis na nithe seo: (i) feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, lena n-áirítear go háirithe, leibhéal ard éifeachtach agus comhsheasmhach de rialú agus de mhaoirseacht, (ii) taisceoirí, infheisteoirí, sealbhóirí polasaithe agus tairbhithe eile a chosaint, (iii) sláine, éifeachtúlacht agus feidhmiú córasach na margaí airgeadais a áirithiú, (iv) cobhsaíocht an chórais airgeadais a chosaint, agus (v) comhordú maoirseachta idirnáisiúnta a neartú. Chun na críche sin, rannchuideoidh gach ÚME chun a áirithiú go gcuirfear an dlí Comhphobail ábhartha i bhfeidhm ar bhonn comhleanúnach, éifeachtúil agus éifeachtach.

Is éard a bheidh sna ÚMEanna comhlachtaí Comhphobail a mbeidh pearsantacht dhlítheanach acu agus a bheidh ina bpríomheilimint de CEMA mar atá beartaithe. Feidhmeoidh CEMA mar líonra maoirseoirí ina mbeidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit, Comhchoiste d'Údaráis Maoirseachta Eorpacha, chun saincheisteanna tras-earnála a chlúdach, agus an Coimisiún Eorpach. Cé gur cheart go dteachtfadh na ÚMEanna a oiread neamhspleáchais agus is féidir chun a misean a chur i gcrích go hoibiachtúil, ní mór don Choimisiún baint a bheith aige leo i gcás ina bhfuil a leithéid ina cheangal ar chúiseanna institiúideacha agus de bharr na bhfreagrachtaí faoin gConradh.

Bord Maoirseoirí gach ÚME a bheidh mar phríomhchomhlacht cinnteoireachta ann, agus beidh ceannairí na gcomhlachtaí náisiúnta maoirseachta is ábhartha ar an mbord mar aon le Cathaoirleach an Údaráis i gceist. Beidh an Cathaoirleach i gceannas ar chruinnithe an Bhoird Maoirseoirí agus an Bhoird Bainistíochta, agus gníomhóidh sé nó sí mar cheannaire agus ionadaí na Gníomhaireachta. Beidh bainistiú laethúil gach Údaráis i lámha Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Maidir le suíomh na ÚMEanna nua, tá sé beartaithe na láithreacha ina bhfuil na coistí maoirseoirí Eorpacha atá ann cheana lonnaithe a choimeád, mar ar an dóigh sin beifear in ann athrú go tapa agus go héifeachtach go dtí an córas nua. I roinn 6.3 pléitear eagrúchán inmheánach na ÚMEanna go mionchruinn.

6.2. Cúraimí agus cumhachtaí na ÚMEanna

Glacfaidh na ÚMEanna orthu cúraimí ar fad na gcoistí maoirseachta Eorpacha atá ann cheana, ach thairis sin, méadófar go suntasach na freagrachtaí a bheidh orthu, beidh cumhachtaí dlíthiúla sainithe acu agus beidh níos mó údaráis acu, mar atá leagtha amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2009 agus lenar aontaigh an Chomhairle Eorpach an 18-19 Meitheamh 2009.

6.2.1. Caighdeáin theicniúla a fhorbairt

D'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach moladh an Choimisiúin gur cheart cód cleachtais AE amháin a bhunú, a bheadh infheidhme maidir le gach foras airgeadais sa Mhargadh Aonair. Chuige sin, ní mór go n-aithneofar agus go mbainfear amach éagsúlachtaí i dtrasuí dlí Chomhphobail go dlí náisiúnta a eascraíonn as eisceachtaí, maoluithe, breiseanna nó débhríochtaí, ionas go bhféadfar sraith bhunúsach chomhchuibhithe amháin de chaighdeáin a shainiú agus a chur i bhfeidhm. Chun rannchuidiú leis sin, forbróidh na hÚdaráis dréachtchaighdeáin theicniúla i réimsí arna sonrú i reachtaíocht na hearnála ábhartha. Ionstraim éifeachtach is ea na caighdeáin sin chun Leibhéal 3 de struchtúr Lamfalussy a neartú, atá srianta go treoirlínte neamhcheangailteacha a ghlacadh faoi láthair. Baineann na réimsí ina bhféadfaidh an tÚdarás dréachtchaighdeáin den sórt sin a fhorbairt le saincheisteanna de chineál rítheicniúil ina bhfuil gá le dálaí aonfhoirmeacha d'fhonn reachtaíocht an Chomhphobail a chur i bhfeidhm. Ní bhaineann cinntí beartais leis na hábhair sin, agus cuireann na gníomhartha Comhphobail arna nglacadh ar Leibhéal 1 creat dlúth umpu (féach Paipéar Inmheánach Oibre an Choimisiúin a ghabhann leis seo le haghaidh plé mhionchruinn ar na hathruithe is gá ar an reachtaíocht Chomhphobail ábhartha). Trí na caighdeáin a fhorbairt sna ÚMEanna, áiritheofar go mbainfidh siad sochar iomlán as an saineolas speisialaithe atá ag na maoirseoirí náisiúnta.

Glacfaidh an tÚdarás na dréachtchaighdeáin theicniúla ar bhonn tromlaigh cháilithe de chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, mar atá sainithe in Airteagal 205 den Chonradh. Tá sé ina cheangal ar an gCoimisiún de réir dhlíchóras an Chomhphobail na dréachtchaighdeáin sin a fhormhuiniú ina dhiaidh sin i bhfoirm rialachán nó cinntí d'fhonn éifeachtaí dlíthiúla díreacha a thabhairt dóibh. I gcásanna fíor-eisceachtúla, agus ar chúiseanna leas an Chomhphobail amháin, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh na caighdeáin a fhormhuiniú i bpáirt, nó le leasuithe, nó gan iad a fhormhuiniú ar chor ar bith, agus ní mór dó na cúiseanna leis sin a chur ar fáil don Údarás. Tá an moladh ón gCoimisiún gan dochar do phléití maidir le nósanna imeachta sa todhchaí i gcomhthéacs an aistrithe go Conradh nua.

Chun críocha comhairlúcháin le geallsealbhóirí, bunófar Grúpa Geallsealbhóirí le haghaidh gach ÚME, ina mbeidh ionadaithe ón tionscal, fostaithe de chuid na hearnála airgeadais agus úsáideoirí seirbhísí airgeadais. Ba cheart go mbeadh líon comhréireach cothrom de gach dream acu siúd sa ghrúpa gan forlámhas a bheith ag aon dream ar leith thar na dreamanna eile. Sna réimsí sin nach gclúdaíonn na caighdeáin theicniúla, beidh na ÚMEanna in ann, amhail na coistí maoirseachta Eorpacha atá ann cheana, treoirlínte neamhcheangailteacha agus moltaí a éisiúint d'údaráis maoirseachta náisiúnta agus forais airgeadais agus rannpháirtithe an mhargaidh. Má chinneann údarás gan cloí leis na treoirlínte agus na moltaí in aon chás ar leith, is ceart dó a chinneadh a mhíniú don Údarás.

6.2.2. Cumhachtaí chun a áirithiú go gcuirtear rialacha Comhphobail i bhfeidhm go comhsheasmhach.

Fiú agus sraith amháin rialacha comhchuibhithe ann, d'fhéadfadh tuairimí malartacha teacht chun cinn maidir le cur i bhfeidhm reachtaíochta Comhphobail agus na rialacha sin á gcur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, gan dochar do thionscamh imeachtaí sáraithe de chuid an Choimisiúin in aghaidh Ballstát, ba cheart cumhacht ghinearálta a bheith ag na ÚMEanna rannchuidiú chun a áirithiú go gcuirtear reachtaíocht Chomhphobail i bhfeidhm go comhleanúnach. Chuige sin, ba cheart meicníocht a bhunú chun dul i ngleic le hiompar údarás maoirseachta náisiúnta a mheastar a bheith ag imeacht ón reachtaíocht Chomhphobail atá ann cheana (lena n-áirítear na caighdeáin theicniúla a phléitear in 6.2.1). Tá trí chéim éagsúla sa mheicníocht sin:

Ar an gcéad dul síos, d'imscrúdódh na ÚMEanna na cásanna sin ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin ag maoirseoir náisiúnta amháin nó níos mó nó ag an gCoimisiún, agus dá mba ghá, ghlacfaidís moladh maidir le gníomhaíocht dírithe ar an údarás maoirseachta. Laistigh den dualgas ginearálta atá ann reachtaíocht Chomhphobail a chomhlíonadh, d'iarrfaí ar an údarás maoirseachta an moladh a chomhlíonadh laistigh d'aon mhí amháin.

Ar an dara dul síos, mura gcomhlíontar an moladh, féadfaidh an Coimisiún Eorpach, tar éis don ÚME é a chur ar an eolas nó ar a thionscnamh féin, Cinneadh a dhéanamh á cheangal ar an údarás maoirseachta náisiúnta gníomh sonrach a dhéanamh nó gan gníomh áirithe a dhéanamh. Cuirfidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta an Coimisiún agus an ÚME ar an eolas maidir leis na céimeanna a bheidh glactha aige nó a bheidh beartaithe aige chun an Cinneadh a chur chun feidhme.

Ar an tríú dul síos, sa chás eisceachtúil nach gcomhlíonann an t-údarás maoirseachta é sin, féadfaidh na ÚMEanna, mar rogha dheireanach, Cinneadh dírithe ar fhorais airgeadais a ghlacadh maidir le dlí Comhphobail is infheidhme go díreach orthu (i.e. Rialacháin). Tá an méid sin gan dochar do chumhacht an Choimisiúin a chinneadh féin a chur i bhfeidhm.

6.2.3. Gníomhaíocht le linn éigeandálaí

Is é an ról a bheidh ag na ÚMEanna comhordú gníomhach a dhéanamh idir údaráis maoirseachta náisiúnta, go háirithe i gcás imeachtaí díobhálacha a d'fhéadfadh a bheith ina mbaol d'fheidhmiú córasach agus d'iomláine an chórais airgeadais san AE. D'fhéadfadh sé nár leor comhordú i gcásanna éigeandála áirithe áfach, go háirithe sa chás nach bhfuil na huirlisí ag maoirseoirí náisiúnta ina n-aonar freagairt go mear ar ghéarchéim thrasteorann atá ag fabhrú. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag na ÚMEanna dá bhrí sin, in imthosca eisceachtúla, a cheangal ar mhaoirseoirí náisiúnta gníomhaíocht shonrach a dhéanamh i gcomhpháirt. Bíonn breithúnas ag teastáil chun cás éigeandála trasteorann a chinneadh, agus dá bhrí sin ba cheart é a fhágáil faoin gCoimisiún Eorpach. Tá sé sin faoi réir an chlásail chosanta (féach 6.2.11). San am céanna, ba cheart luas a chur faoin obair creat cuimsitheach trasteorann a thógáil chun córais bhainistithe/réitithe géarchéime airgeadais an Aontais Eorpaigh a neartú, lena n-áirítear scéimeanna ráthaíochta agus comhroinnt uallaigh.

6.2.4. Easaontuithe idir údaráis maoirseachta náisiúnta a réiteach

Moltar meicníocht lena áirithiú go dtabharfaidh na húdaráis maoirseachta náisiúnta ábhartha an aird is cuí ar leasanna Ballstát eile, laistigh de choláistí maoirseoirí san áireamh. Má easaontaíonn údarás maoirseachta le himeacht nó le hábhar gnímh nó neamhghnímh de chuid údaráis maoirseachta eile i gcás ina gceanglaíonn an reachtaíocht ábhartha comhoibriú, comhordú nó comhchinnteoireacht, féadfaidh an tÚdarás, arna iarraidh sin ag an údarás maoirseachta lena mbaineann, cuidiú leis na húdaráis teacht ar chur chuige coiteann nó féadfaidh sé an t-easaontú a réiteach. Tá trí chéim fhéideartha sa mheicníocht sin [4]:

Ar an gcéad dul síos, má iarrann údarás maoirseachta náisiúnta amháin nó níos mó ar an ÚME cuidiú leis easaontú den sórt sin a réiteach, féadfaidh sé i dtús báire tréimhse idir-réitigh a shocrú idir na húdaráis chun iarracht a dhéanamh teacht ar chomhaontú, agus an tÚdarás páirteach ann mar is gá i gcáil idirghabhálaí.

Ar an dara dul síos, mura bhfuil siad in ann teacht ar chomhaontú den sórt sin tar éis tréimhse idir-réitigh, féadfaidh na ÚMEanna an t-easaontú a réiteach trí chinneadh [5]. Is léir go mbeadh cás mar sin eisceachtúil áfach, mar ba cheart go mbeadh na húdaráis náisiúnta i gceist in ann teacht ar chomhaontú le linn an nós imeachta idir-réitigh roimhe sin.

Ar an tríú dul síos, i gcás nach gcomhlíonann údarás maoirseachta an Cinneadh roimhe sin, féadfaidh an tÚdarás Cinneadh a dhéanamh cinntí a ghlacadh dírithe ar fhorais airgeadais ina sonrófar a n-oibleagáidí i leith dlí Chomhphobail is infheidhme go díreach ar fhorais airgeadais.

Is ceart béim a leagan air nár cheart an mheicníocht réitithe díospóidí a dhíriú ach ar shaincheisteanna ábhartha, e.g. cásanna ina bhfuil, de bharr gnímh nó neamhghnímh ag údarás maoirseachta, iarmhairt throm dhíobhálach do chumas údaráis maoirseachta leas taisceoirí, sealbhóirí polasaithe, infheisteoirí nó daoine dá soláthraítear seirbhís i mBallstát amháin nó i roinnt Ballstát a chosaint nó do chobhsaíocht airgeadais na mBallstát sin. Coimeádann an tÚdarás an ceart aige féin gan nós imeachta réitithe a sheoladh nó aon chinneadh a ghlacadh i gcás nach gcomhlíontar ceanglais den sórt sin ann. Tá na socruithe sin faoi réir an chlásail chosanta (féach 6.2.11).

6.2.5. Coláistí maoirseoirí

Tá coláistí maoirseoirí lárnach i gcóras maoirseachta an AE agus tá ról tábhachtach acu i sreabhadh cothrom faisnéise a áirithiú idir údaráis bhaile agus óstacha. Rannchuideoidh na ÚMEanna feidhmiú éifeachtúil agus comhsheasmhach na gcoláistí maoirseoirí a chothú agus monatóireacht a dhéanamh ar chomhleanúnachas cur chun feidhme reachtaíochta Comhphobail i measc na gcoláistí. I bhfianaise an méid sin, féadfaidh na ÚMEanna páirt a ghlacadh mar bhreathnóirí i gcoláistí maoirseoirí agus an fhaisnéis ábhartha ar fad a roinntear idir bhaill an choláiste a fháil.

6.2.6. Cultúr coiteann maoirseachta, tarmligean cúraimí agus freagrachtaí agus athbhreithnithe piaraí

Beidh ról gníomhach ag na ÚMEanna agus cultúr coiteann maoirseachta Eorpach á fhorbairt agus nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus cleachtais maoirseachta chomhsheasmhacha a n-áirithiú ar fud an Chomhphobail. I gcomhar leis an meicníocht chun díospóidí idir údaráis maoirseachta náisiúnta a réiteach, ba cheart go gcuideodh an cultúr coiteann maoirseachta chun iontaoibh agus comhar a chothú, agus féadfaidh sé deiseanna a chruthú do mhaoirseoirí cúraim agus freagrachtaí áirithe a tharmligean chuig a chéile. Éascóidh na ÚMEanna é sin trí chúraimí agus freagrachtaí a aithint ar féidir iad a tharmligean nó a chur i gcrích i gcomhar le chéile mar aon le trí dhea-chleachtas a chur chun cinn. Ina leith sin, gríosfaidh agus éascóidh an tÚdarás bunú foirne comhmhaoirseachta. Thairis sin, déanfaidh na ÚMEanna anailís athbhreithnithe piaraí ar údaráis maoirseachta náisiúnta ó am go chéile.

6.2.7. Measúnú ar imeachtaí sa mhargadh

Ceann de na cúraimí nua a shanntar do na coistí maoirseachta Eorpacha atá ann cheana sa Chinneadh athbhreithnithe ón gCoimisiún a glacadh an 23 Eanáir 2009 is ea monatóireacht, measúnú agus tuairisciú treochtaí, rioscaí agus leochaileachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann in earnáil na baincéireachta, an árachais agus na n-urrús. Cé go mbeidh BERS mar atá beartaithe freagrach as anailís mhacrastuamachta ar earnáil airgeadais an AE, ba cheart do na ÚMEanna leanúint d'obair na gcoistí maoirseachta Eorpacha atá ann cheana sa réimse sin toisc: (i) go bhfuil a n-anailís dírithe ar ní éagsúil, i.e., déantar anailís ó bhun go barr san anailís mhicreastuamachta, seachas anailís ó bharr go bun mar a dhéantar san anailís mhacrastuamachta, agus (ii) go bhféadfaidh ionchur fóinteach a bheith ina n-anailís don obair a dhéanfaidh BERS.

6.2.8. Ról idirnaisiunta agus comhairleach

Is léir go bhfuil an Coimisiún ag freagairt, trí na tograí seo, do na laigí a sainaithníodh le linn na géarchéime agus don ghlao ón G20 gníomh a dhéanamh chun córas rialála agus maoirseachta do sheirbhísí airgeadais a thógáil a bheadh ní ba láidre agus ní ba comhsheasmhaí ar an iomlán. D'fhéadfadh na ÚMEanna a bheith ina n-ionaid teagmhála fhóinteacha d'údaráis maoirseachta ó thríú tíortha. Sa chomhthéacs sin, féadfaidh siad, gan dochar d'inniúlachtaí na nInstitiúidí Eorpacha, dul i socruithe riaracháin le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le rialtas tríú tíortha. Féadfaidh na ÚMEanna cúnamh a thabhairt freisin agus cinntí coibhéise a bhaineann le córais maoirseachta i dtríú tíortha á n-ullmhú. Thairis sin, féadfaidh na ÚMEanna, ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh, comhairle a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún nó a thuairimí féin a fhoilsiú, lena n-áirítear tuairimí i leith na measúnuithe stuamachta ar chumaisc agus éadálacha trasteorann. Ba cheart go solathródh an ghné dheiridh sin cosaintí breise lena áirithiú go ndéanfar measúnú fónta agus oibiachtúil ar chumaisc agus éadálacha trasteorann sa todhchaí.

6.2.9. Faisnéis a bhailiú

Arna iarraidh sin ag an Údarás, déanfaidh údaráis maoirseachta agus údaráis phoiblí eile de chuid na mBallstát gach faisnéis is gá chun na dualgais a shanntar dó faoin Rialachán seo a chur i gcrích a thabhairt don Údarás. Thairis sin, déanfaidh an tÚdarás, i gcomhar leis na maoirseoirí atá ag oibriú i gcoláistí maoirseoirí, an fhaisnéis ábhartha ar fad a shainiú agus a bhailiú ó údaráis maoirseachta, chun obair coláistí maoirseoirí a éascú. Déanfaidh sé córas lárnach a bhunú agus a bhainistiú chun faisnéis den sórt sin a chur ar fáil do na húdaráis maoirseachta i gcoláistí maoirseoirí. I bprionsabal, ba cheart do na húdaráis maoirseachta náisiúnta gach faisnéis a aistriú go dtí na ÚMEanna.

6.2.10. Caidreamh le BERS

Ní féidir leis an gcreat a mholtar le haghaidh maoirseachta AE feidhmiú ach amháin má oibríonn BERS agus CEMA i ndlúthchomhar lena chéile. Go deimhin, is é is aidhm leis an leasú a áirithiú go mbeidh caidreamh níos rianúla idir maoirseacht ar leibhéal macrastuamachta agus maoirseacht ar leibhéal micreastuamachta. Agus a ról mar mhaoirseoir macrastuamachta á chomhlíonadh aige, bheadh sreabhadh tráthúil faisnéise micreastuamachta ag teastáil ó BERS, agus bhainfeadh na húdaráis maoirseachta náisiúnta micreastuamachta leas as léargas BERS ar an timpeallacht macrastuamachta. Sonraítear sna Rialacháin freisin na nósanna imeachta a leanfaidh na ÚMEanna chun gníomhú ar mholtaí ó BERS agus conas is ceart do na ÚMEanna a gcumhachtaí a úsáid chun a áirithiú gur bearta tráthúla a leanfaidh na moltaí arna ndíriú ar údarás maoirseachta náisiúnta amháin nó níos mó.

6.2.11. Cosaint

Tugtar clásal cosanta isteach i gcomhréir le conclúidí Ecofin agus na Comhairle Eorpaí mí an Mheithimh 2009, lena leagtar béim air, gan dochar do chur i bhfeidhm dlí Chomhphobail agus ag aithint na ndliteanas ionchasach nó teagmhasach a d'fhéadfadh a bheith i gceist do Bhallstáit, nach ceart do chinntí na ÚMEanna cur isteach ar fhreagrachtaí fioscacha na mBallstát. Áirithítear leis an gclásal sin, i gcás ina measfaidh Ballstát go gcuireann Cinneadh arna dhéanamh faoi Airteagal 10 (i.e. cinntí éigeandála) nó Airteagal 11 (i.e. easaontuithe a réiteach) de na Rialacháin sin isteach ar a fhreagracht fhioscach, go bhféadfaidh sé a chur in iúl don Údarás agus don Choimisiún nach bhfuil sé beartaithe ag an údarás maoirseachta náisiúnta Cinneadh an Údaráis a chur chun feidhme, ach a léiriú go soiléir conas a chuireann Cinneadh an Údaráis isteach ar a fhreagrachtaí fioscacha. Laistigh de thréimhse míosa, cuirfidh an tÚdarás in iúl don Bhallstát an gcloífidh sé lena chinneadh nó an leasóidh sé é nó an gcúlghairfidh sé é. I gcás ina gcloífidh an tÚdarás lena chinneadh, féadfaidh an Ballstát an t-ábhar a chur ar aghaidh go dtí an Chomhairle agus cuirfear Cinneadh an Údaráis ar fionraí. Cinnfidh an Chomhairle, laistigh de dhá mhí agus ag gníomhú de réir tromlaigh cháilithe, ar cheart an Cinneadh a choinneáil nó a chúlghairm. Maidir le cinntí an Údaráis arna nglacadh faoi Airteagal 10, is infheidhme nós imeachta brostaithe chun an gá atá le cinntí tapa in imthosca éigeandála a chur san áireamh.

6.3. Eagrúchán inmheánach na ÚMEanna agus CEMA

Beidh na nithe seo a leanas i ngach ÚME: (i) Bord Maoirseoirí; (ii) Bord Bainistíochta; (iii) Cathaoirleach; agus (iv) Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Thairis sin, ba cheart Bord Achomhairc amháin a bhunú le haghaidh na dtrí ÚME ar fad.

6.3.1. Bord Maoirseoirí

Is é an Bord Maoirseoirí príomhchomhlacht cinnteoireachta na ÚMEanna agus beidh sé freagrach, i measc nithe eile, as glacadh na ndréachtchaighdeán teicniúil, na dtuairimí, na moltaí agus na gcinntí a bhfuil tuairisc orthu i roinn 6.2 den mheabhrán míniúcháin seo. Beidh an Bord Maoirseoirí comhdhéanta de:

– Cathaoirleach an ÚME i gceist, a dhéanfaidh cathaoirleacht ar chruinnithe an Bhoird, ach nach gcaithfidh vóta;

– Ceannasaí an údaráis maoirseachta náisiúnta ábhartha i ngach Ballstát;

– ionadaí amháin ón gCoimisiún nach gcaithfidh vóta;

– ionadaí amháin ó BERS nach gcaithfidh vóta;

– ionadaí amháin ó gach ceann den dá Údarás Maoirseachta Eorpacha eile nach gcaithfidh vóta, agus

– más ábhartha, féadfaidh an Bord Cinneadh a dhéanamh breathnóirí a ligean isteach.

De ghnáth, déanfar cinntí an Bhoird de réir tromlaigh shimplí, ach amháin i gcás na gcinntí sin a bhaineann le dréachtchaighdeáin theicniúla agus treoirlínte a shocrú agus na gcinntí i ndáil leis na hairteagail maidir le forálacha airgeadais, dá n-úsáidfear vótáil tromlaigh cháilithe. Féadfaidh an Bord painéil a bhunú chun díospóidí a réiteach. An Bord Maoirseoirí a ghlacfaidh an Cinneadh deiridh maidir le moltaí an phainéil sin, áfach.

6.3.2. Bord Bainistíochta

Áiritheoidh an Bord Bainistíochta go gcuireann an tÚdarás a mhisean i gcrích agus go ndéanann sé na cúraimí a shanntar dó. Go háirithe, ba cheart dó a bheith freagrach as clár oibre an Údaráis a ullmhú, as na rialacha nós imeachta a ghlacadh, agus ba cheart ról lárnach a bheith aige i nglacadh an bhuiséid. Beidh sé comhdhéanta de Chathaoirleach an ÚME, ionadaí ón gCoimisiún, agus ceithre chomhalta a thoghfaidh an Bord Maoirseoirí as measc a chomhaltaí, a ghníomhóidh go neamhspleách agus go hoibiachtúil ar son leas an Chomhphobail. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta gan an ceart vóta a chaitheamh.

6.3.3. Cathaoirleach agus Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Déanfaidh Cathaoirleach neamhspleách lánaimseartha ionadaíocht thar ceann an ÚME. Beidh an Cathaoirleach freagrach as obair an Bhoird Maoirseoirí a ullmhú chomh maith le cathaoirleacht a dhéanamh ar chruinnithe an Bhoird Maoirseoirí agus an Bhoird Bainistíochta araon. Stiúrthóir Feidhmiúcháin a bhainisteoidh gníomhaíochtaí laethúla na ÚMEanna. Ar nós an Chathaoirligh, gairmí neamhspleách lánaimseartha a bheidh sa Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Beidh sé nó sí freagrach as an gclár oibre bliantúil a chur chun feidhme agus déanfaidh sé nó sí na bearta is gá chun feidhmiú an ÚME a áirithiú. Roghnóidh an Bord Maoirseoirí an bheirt sin ar bhonn fiúntais, scileanna, eolais ar fhorais agus ar mhargaí airgeadais, agus taithí ábhartha maidir le maoirseacht agus rialáil airgeadais, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte. Beidh an t-iarrthóir a roghnóidh an Bord Maoirseoirí do phost an Chathaoirligh faoi réir dheimhniú Pharlaimint na hEorpa. Beidh téarma cúig bliana ag an dá oifig agus féadfar é a shíneadh aon uair amháin. Bheadh síneadh den sórt sin ag brath ar thoradh meastóireachta a chuirfeadh an Bord Maoirseoirí i gcrích.

6.3.4. Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach

Laistigh den struchtúr atá beartaithe, beidh tábhacht bhunúsach ag baint le comhar trasearnála d'fhonn na treochtaí agus na cora ábhartha sa mhargadh a léiriú. Áiritheoidh Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach tuiscint fhrithpháirteach, comhar agus modhanna rialála comhsheasmhacha idir na trí ÚME nua. Bunófar fochoiste den Chomhchoiste chun dul i ngleic go sonrach le saincheisteanna trasearnála, ilchuideachtaí airgeadais san áireamh, agus páirc imeartha cothrom a áirithiú. Cé go ndéanfaidh na ÚMEanna aonair na cinntí iarbhír, i ndáil leis an Treoir maidir le hIlchuideachtaí Airgeadais mar shampla, ba cheart don Chomhchoiste a áirithiú go ndeanfaidh na ÚMEanna cinntí coiteanna an tráth céanna.

6.3.5. Bord Achomhairc

Áiritheofar trí chóras achomhairc go bhféadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear údaráis maoirseachta náisiúnta, achomharc a dhéanamh os comhair Boird achomhairc ag an gcéad chéim in aghaidh cinnidh de chuid na ÚMEanna lena n-áirithiú go gcuirfear rialacha Comhphobail i bhfeidhm go comhsheasmhach (Airteagal 9), go ndéanfar bearta i gcás éigeandála (Airteagal 10), agus go réiteofar easaontuithe (Airteagal 11). Comhchomhlacht de thrí ÚME a bheidh sa Bhord Achomhairc, i.e. pléifidh sé le saincheisteanna a bhaineann le baincéireacht, árachas agus urrúis. Beidh sé chomhalta agus sé mhalartach ar an mBord Achomhairc ag a mbeidh eolas agus taithí ábhartha, gan foireann reatha na n-údarás maoirseachta náisiúnta ná institiúidí náisiúnta nó Comhphobail eile a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí an Údaráis. Ceapfaidh Bord Bainistíochta gach ÚME dhá chomhalta den Bhord Achomhairc agus dhá mhalartach ó ghearrliosta a mholfaidh an Coimisiún Eorpach.

6.4. Forálacha airgeadais

Déileálann na forálacha seo le gnéithe buiséideacha na ÚMEanna agus leagtar béim air iontu go bhféadfaidh ioncam na nÚdarás eascairt as foinsí éagsúla, e.g. ranníocaíochtaí éigeantacha ó na húdaráis maoirseachta náisiúnta, fóirdheontas ón gComhphobal nó táillí arna n-íoc ag an tionscal leis an Údarás. Sonraítear freisin na nósanna imeachta le haghaidh bhunú, chur chun feidhme agus rialú bliantúil an bhuiséid. Is infheidhme an creat-Rialachán Airgeadais maidir le comhlachtaí arna mbunú faoi Airteagal 158 den Rialachán Airgeadais.

6.5. Forálacha ginearálta agus deiridh

Leagtar amach sna forálacha ginearálta saincheisteanna praiticiúla a bhaineann le soláthair foirne, dliteanas na ÚMEanna, oibleagáidí rúndachta gairmiúla, cosaint sonraí, rochtain ar dhoiciméid, socruithe teanga, comhaontuithe ceannárais agus rannpáirteachas tríú tíortha. Laistigh de thrí bliana ó thús éifeachtach na hoibre agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le feidhmiú na ÚMEanna agus na nósanna imeachta atá leagtha síos sa Rialachán. Déanfaidh an tuarscáil meastóireacht freisin ar dhul chun cinn déanta i dtreo cóineasú rialála agus maoirseachta i réimsí an bhainistithe géarchéime agus an réitithe géarchéime.

6.6. Príomhdhifríochtaí idir na trí Rialachán

Baineann na príomhdhifríochtaí idir na trí Rialachán atá beartaithe le cuspóirí na nÚdarás, scóip na gníomhaíochta, agus na sainmhínithe, atá in oiriúint do shainiúlachtaí na hearnála ábhartha agus reachtaíochta Comhphobail atá ann cheana féin. Thairis sin, tháinig an Chomhairle Eorpach ar an tátal gur cheart go mbeadh cumhachtaí maoirseachta ag na ÚMEanna i leith gníomhaireachtaí rátála creidmheasa freisin. Bheadh ÚEUM freagrach as gníomhaireachtaí rátála creidmheasa a chlárú. Bheadh sé de chumhacht ag ÚEUM bearta maoirseachta a dhéanamh amhail clárú rátálacha creidmheasa a aistarraingt nó úsáid rátálacha creidmheasa a chur ar fionraí ar chúiseanna rialála. Ar na cumhachtaí maoirseachta, d'fhéadfaí a áireamh an chumhacht faisnéis a iarraidh agus imscrúduithe a dhéanamh nó iniúchtaí ar an láthair a dhéanamh. Saineofar freagrachtaí agus cumhachtaí ÚEUM maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa i leasú ar an Rialachán maidir le Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa.

2009/0143 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún [6],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa [7],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún [8],

Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh [9],

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Le linn na géarchéime airgeadais a bhí ann in 2007/2008, nochtaíodh easnaimh thábhachtacha sa mhaoirseacht a dhéantar ar airgeadas, i gcásanna ar leith agus sa chóras airgeadais ina iomláine. Tá na samhlacha maoirseachta atá ann ar bhonn náisiúnta go mór chun deiridh ar an gcuma chomhtháite agus idirnasctha atá ar mhargaí airgeadais na hEorpa i ndáiríre, agus tá go leor gnólachtaí airgeadais ag feidhmiú thar theorainneacha sna margaí sin. Nocht an ghéarchéim go bhfuil easnaimh ann sna réimsí seo a leanas: an comhar, an comhordú, cur i bhfeidhm dhlí an Chomhphobail ar bhonn comhsheasmhach agus muinín idir mhaoirseoirí náisiúnta.

(2) An 25 Feabhra 2009, rinne grúpa ardleibhéil saineolaithe faoi chathaoirleacht J. de Larosière tuarascáil a fhoilsiú ar iarratas ón gCoimisiún, agus ba é an tátal a bhí ar an tuarascáil sin go gcaithfí an creat maoirseachta a neartú chun an baol a bhainfeadh le géarchéimeanna airgeadais sa todhchaí, agus déine géarchéime den sórt sin, a laghdú. Moladh sa tuarascáil athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar struchtúr na maoirseachta a dhéantar ar an earnáil airgeadais sa Chomhphobal. Bhí an grúpa saineolaithe sin den tuairim freisin gur cheart Córas Eorpach Maoirseoirí Airgeadais a chruthú, ina mbeadh trí Údarás Maoirseachta Eorpacha, údarás amháin thar ceann earnáil an árachais agus na bpinsean gairme, údarás eile thar ceann earnáil na baincéireachta agus údarás eile thar ceann earnáil na n-urrús, agus gur cheart Comhairle Eorpach um Riosca Sistéamach a chruthú freisin.

(3) Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Márta 2009 dar teideal "Driving European Recovery" [10] mhol an Coimisiún dréachtreachtaíocht a thabhairt ar aghaidh chun Córas Eorpach Maoirseoirí Airgeadais agus Bord Eorpach um Riosca Sistéamach a chruthú, agus sa Teachtaireacht uaidh an 27 Bealtaine 2009 dar teideal "European Financial Supervision" [11] tugadh níos mó mionsonraí faoin struchtúr a d'fhéadfaí a chur ar chreat maoirseachta nua den sórt sin.

(4) Ina conclúidí an 19 Meitheamh 2009, mhol an Chomhairle Eorpach go mbunófaí Córas Eorpach Maoirseoirí Airgeadais ina mbeadh trí Údarás Maoirseachta Eorpacha nua. Ba cheart an córas a dhíriú ar cháilíocht agus ar chomhsheasmhacht na maoirseachta náisiúnta a uasghrádú, ar chigireacht ar ghrúpaí trasteorann a neartú agus ar chód cleachtais Eorpach amháin a bhunú a bheadh infheidhme maidir le gach institiúid airgeadais ar an Margadh Aonair. Leag an Chomhairle béim ar an bhfíoras gur cheart go mbeadh cumhachtaí ag na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha chun maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa agus thug sí cuireadh don Choimisiún tograí nithiúla a ullmhú faoin tslí ina bhféadfadh ról láidir a bheith ag an gCóras Eorpach Maoirseoirí Airgeadais i ngéarchéimeanna, ach mheabhraigh sí freisin nár cheart do chinntí a dhéanann na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha freagrachtaí fioscacha na mBallstát a shárú.

(5) Tá baol dáiríre agus tromchúiseach do chobhsaíocht an mhargaidh inmheánaigh cruthaithe ag an ngéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch. Is réamhriachtanas daingean é córas airgeadais cobhsaí agus iontaofa a chur ar ais i réim agus a chothabháil chun muinín agus comhleanúnachas sa mhargadh inmheánach a chaomhnú, agus chun na coinníollacha a chaomhnú agus a fheabhsú maidir le margadh inmheánach a bhunú atá iomlán comhtháite agus ag feidhmiú go hiomlán i réimse na seirbhísí airgeadais. Thairis sin, tugann margaí airgeadais atá níos dlúithe agus níos comhtháite deiseanna níos fearr chun maoiniú agus chun éagsúlú riosca, agus ar an gcaoi sin cabhraíonn siad feabhas a chur ar chumas na ngeilleagar suaitheadh a mhaolú.

(6) Ní féidir leis an gComhphobal a thuilleadh a dhéanamh faoin stádas atá ag Coistí na Maoirseoirí Eorpacha faoi láthair, óir níl iontu ach comhlachtaí a chuireann comhairle ar an gCoimisiún. Ní féidir leis an gComhphobal cur suas a thuilleadh le staid nach bhfuil aon mheicníocht ann lena chinntiú go ndéanfaidh na maoirseoirí náisiúnta na cinntí maoirseachta is fearr is féidir do na hinstitiúidí trasteorann; nuair nach bhfuil a dhóthain comhair ná a dhóthain malartú faisnéise á dhéanamh idir na húdaráis maoirseachta náisiúnta; nuair a bhíonn gá le socruithe casta chun go ngníomhóidh údaráis náisiúnta le chéile i ngeall ar an éagsúlacht atá ann sna ceanglais rialála agus maoirseachta; nuair is réiteach náisiúnta an t-aon rogha indéanta go minic chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna Eorpacha, mar gur léirmhíniú difriúil atá ag na Ballstáit éagsúla ar an téacs dlíthiúil céanna. Ba cheart an Córas Eorpach Maoirseoirí a cheapadh sa chaoi is go sárófar na heaspaí sin agus go gcuirfear córas ar fáil a luíonn leis an gcuspóir margadh airgeadais Comhphobail atá cobhsaí agus aonair a chruthú do sheirbhísí airgeadais, sa tslí is go nascfar na maoirseoirí náisiúnta faoi líonra láidir Comhphobail.

(7) Is líonra d'údaráis maoirseachta náisiúnta agus Comhphobail ba cheart a bheith sa Chóras Eorpach Maoirseoirí Airgeadais, ina mbeadh an mhaoirseacht laethúil ar institiúidí airgeadais fágtha ar an leibhéal náisiúnta, ach go mbeadh ról lárnach ag coláistí maoirseoirí i maoirseacht na ngrúpaí trasteorann. Ba cheart a áirithiú freisin go mbeadh comhchuibhiú níos fearr ann agus go gcuirfí na rialacha i bhfeidhm ar shlí chomhleanúnach sna hinstitiúidí airgeadais agus sna margaí airgeadais ar fud an Chomhphobail. Ba cheart Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme, mar aon le hÚdarás Baincéireachta Eorpach agus Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha) a bhunú.

(8) Ba cheart go dtógfadh na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha ionad Choiste na Maoirseoirí Baincéireachta Eorpacha a bunaíodh le Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún [12], ionad Choiste na Maoirseoirí Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpacha a bunaíodh le Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún [13] agus ionad Choiste na Rialtóirí um Urrúis Eorpacha a bunaíodh le Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún [14], agus na cúraimí agus na hinniúlachtaí uile atá ag na coistí sin a ghlacadh. Ba cheart raon feidhme ghníomhaíochtaí gach Údaráis a shainmhíniú go soiléir. I gcás ina gceanglaíonn cúiseanna institiúideacha agus na freagrachtaí atá sannta sa Chonradh amhlaidh, beidh an Coimisiún ina chuid den líonra de ghníomhaíochtaí maoirseachta.

(9) Ba cheart don Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme ("an tÚdarás") gníomhú d'fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, lena n-áirítear go háirithe trí leibhéal ard, éifeachtach agus comhsheasmhach de rialú agus de mhaoirseacht a áirithiú ag tabhairt aird ar leasanna éagsúla na mBallstát go léir, trí shealbhóirí polasaí agus tairbhithe eile a chosaint, trí shláine, éifeachtúlacht agus feidhmiú córasach na margaí airgeadais a áirithiú, trí chobhsaíocht an chórais airgeadais a chosaint, agus trí chomhordú maoirseachta idirnáisiúnta a neartú, ar mhaithe leis an ngeilleagar i gcoitinne, lena n-áirítear institiúidí airgeadais agus páirtithe leasmhara eile, tomhaltóirí agus fostaithe. D'fhonn a chuspóirí a chomhall, is gá agus is iomchuí gur chomhlacht Comhphobail ag a mbeadh pearsantacht dhlítheanach a bheadh san Údarás, agus ba cheart uathriail dhlíthiúil, riaracháin agus airgeadais a bheith aige.

(10) D'admhaigh Cúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach ina breith an 2 Bealtaine 2006 i gCás C-217/04 (An Ríocht Aontaithe/Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle) [15] go dtugann Airteagal 95 den Chonradh a bhaineann le bearta a ghlacadh chun reachtaíocht a chomhfhogasú d'fhonn bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, bunús dlí iomchuí maidir le "comhlacht Comhphobail" a bhunú "a bheadh freagrach as rannchuidiú le próiseas comhchuibhithe a chur chun feidhme", nuair atá dlúthghaol idir na cúraimí a shanntar do chomhlacht den sórt sin agus ábhar na ngníomhartha sin lena ndéantar comhfhogasú ar an reachtaíocht náisiúnta. Tá cuspóirí agus cúraimí an Údaráis – cuidiú a thabhairt do na húdaráis maoirseachta náisiúnta chun rialacha Comhphobail a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, agus rannchuidiú leis an gcobhsaíocht airgeadais is gá don chomhtháthú airgeadais – nasctha go dlúth leis an acquis Comhphobail a bhaineann le margadh inmheánach do sheirbhísí airgeadais. Ba cheart an tÚdarás a bhunú, dá bhrí sin, ar bhonn Airteagal 95 den Chonradh.

(11) Is iad seo a leanas na gníomhartha dlíthiúla lena leagtar síos na cúraimí a bhíonn ar údaráis maoirseachta náisiúnta na mBallstát, lena n-áirítear an comhar idir na húdaráis féin agus idir na húdaráis agus an Coimisiún [16]: Treoir 64/225/CEE an 25 Feabhra 1964 maidir le srianta a dhíothú ar shaoirse bhunaíochta agus ar shaoirse chun seirbhísí a sholáthar i ndáil le hathárachas agus le haisghéilleadh [17], Céad Treoir 73/239/CEE ón gComhairle an 24 Iúil 1973 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le dul i mbun ghnó an árachais dhírigh seachas árachas saoil, agus leanúint den ghnó sin [18], Treoir 73/240/CEE ón gComhairle an 24 Iúil 1973 maidir le srianta a dhíothú ar shaoirse bhunaíochta i ngnó an árachais dhírigh seachas árachas saoil [19], Treoir 76/580/CEE ón gComhairle an 29 Meitheamh 1976 ag leasú Threoir 73/239/CEE maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le dul i mbun ghnó an árachais dhírigh seachas árachas saoil [20], Treoir 78/473/CEE ón gComhairle an 30 Bealtaine 1978 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le comhárachas Comhphobail [21], Treoir 84/641/CEE ón gComhairle an 10 Nollaig 1984 ag leasú, go háirithe a mhéid a bhaineann le cúnamh do thuarasóirí, Chéad Treoir 73/239/CEE maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le dul i mbun ghnó an árachais dhírigh seachas árachas saoil agus leanúint den ghnó sin [22], Treoir 87/344/CEE ón gComhairle an 22 Meitheamh 1987 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le hárachas costas dlíthiúil [23], Dara Treoir 88/357/CEE ón gComhairle an 22 Meitheamh 1988 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le hárachas díreach seachas árachas saoil agus lena leagtar síos forálacha chun feidhmiú éifeachtach saoirse chun seirbhísí a sholáthar a éascú agus ag leasú Threoir 73/239/CEE [24], Treoir 92/49/CEE ón gComhairle an 18 Meitheamh 1992 maidir le comhordú dlíthe, rialachán agus forálacha riaracháin a bhaineann le hárachas díreach seachas árachas saoil (Tríú Treoir um Árachas Neamhshaoil) [25], Treoir 98/78/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 1998 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar ghnóthais árachais i ngrúpa árachais [26], Treoir 2001/17/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2001 maidir le gnóthais árachais a atheagrú agus a fhoirceannadh [27], Treoir 2002/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Samhain 2002 maidir le hárachas saoil [28], Treoir 2002/92/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Nollaig 2002 maidir le hidirghabháil árachais [29], agus Treoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir le gníomhaíochtaí institiúidí le haghaidh sochair scoir ghairme agus le maoirseacht ar na hinstitiúidí sin [30].

(12) Ar roinnt den reachtaíocht eile Chomhphobail atá ann chun an réimse seo atá cumhdaithe faoin Rialachán seo a rialú tá Treoir 2002/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le maoirseacht fhorlíontach ar institiúidí creidmheasa, ar ghnóthais árachais agus ar ghnólachtaí infheistíochta in ilchuideachta airgeadais [31], Treoir 2005/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoirí [32], agus Treoir 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2002 maidir le cianmhargú seirbhísí airgeadais tomhaltóirí [33].

(13) Tá gá ann ionstraim éifeachtach a thabhairt isteach chun caighdeáin theicniúla chomhchuibhithe a bhunú sna seirbhísí airgeadais chun cothromaíocht a áirithiú agus cosaint leordhóthanach a thabhairt do na sealbhóirí polasaí, na tairbhithe eile agus na tomhaltóirí ar fud na hEorpa, cé gur córas amháin rialacha a bheidh ann. Ós rud é gur comhlacht é a bhfuil saineolas atá thar a bheith speisialaithe aige, is éifeachtúil agus is iomchuí é forbairt dréachtchaighdeán teicniúil, nach bhfuil baint acu le roghanna beartais, a chur ar iontaoibh an Údaráis sna réimsí sin atá sainithe le dlí an Chomhphobail. Ba cheart don Choimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla sin a fhormhuiniú i gcomhréir le dlí an Chomhphobail chun go mbeidh siad ceangailteach de réir an dlí. Beidh ar an gCoimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla a ghlacadh. Bheadh siad faoi réir a leasaithe dá mba rud é, mar shampla, go raibh na dréachtchaighdeáin theicniúla ag teacht salach ar dhlí an Chomhphobail, nach raibh prionsabal na comhréireachta á urramú leo nó go raibh siad contrártha le prionsabail bhunúsacha an mhargaidh inmheánaigh i seirbhísí airgeadais mar a léirítear in acquis na reachtaíochta Comhphobail a bhaineann le seirbhísí airgeadais. Chun próiseas rianúil agus brostaithe a áirithiú chun na caighdeáin a ghlacadh, ba cheart don Choimisiún a bheith faoi réir teorann ama maidir lena chinneadh a fhormhuiniú.

(14) Ní dhéanfaidh an próiseas maidir le caighdeáin theicniúla a fhorbairt sa rialachán seo aon dochar do chumhachtaí an Choimisiúin chun bearta cur chun feidhme a ghlacadh ar a thionscnamh féin faoin nós imeachta coiste ar leibhéal 2 de struchtúr Lamfalussy mar a leagtar síos sa reachtaíocht ábhartha Chomhphobail. Níl baint ag na hábhair a mbaineann na caighdeáin theicniúla leo le cinntí beartais, agus déantar a n-ábhar a chur faoi ghníomhartha Comhphobail a ghlactar ar Leibhéal 1. Trí na dréachtchaighdeáin a fhorbairt san Údarás áiritheofar go mbainfidh siad sochar iomlán as an saineolas speisialaithe atá ag na húdaráis maoirseachta náisiúnta.

(15) I réimsí nach bhfuil clúdaithe ag na caighdeáin theicniúla, ba cheart go mbeadh an chumhacht ag an Údarás chun treoirlínte neamhcheangailteacha agus moltaí a eisiúint maidir le reachtaíocht an Chomhphobail a chur i bhfeidhm. D'fhonn trédhearcacht a áirithiú agus comhlíonadh na dtreoirlínte agus na moltaí sin ag na húdaráis maoirseachta náisiúnta a neartú, ba cheart a chur de cheangal ar na húdaráis náisiúnta na cúiseanna atá acu nuair nach gcomhlíonann siad na treoirlínte agus na moltaí sin a thabhairt le fios.

(16) Tá cur i bhfeidhm cuí agus iomlán dhlí an Chomhphobail ina réamhriachtanas lárnach do shláine, d'éifeachtúlacht agus d'fheidhmiú córasach na margaí airgeadais, do chobhsaíocht an chórais airgeadais, agus do choinníollacha neodracha iomaíochta sna hinstitiúidí airgeadais sa Chomhphobal. Ba cheart meicníocht a bhunú, dá bhrí sin, trína rachaidh an tÚdarás i ngleic le cásanna nuair nár cuireadh dlí an Chomhphobail i bhfeidhm go cuí ná go leordhóthanach. Ba cheart don mheicníocht sin bheith infheidhme sna réimsí sin ina bhfuil oibleagáidí soiléire agus neamhchoinníollacha leagtha síos i ndlí an Chomhphobail.

(17) Chun gur féidir freagairt chomhréireach a thabhairt i gcásanna nár cuireadh dlí an Chomhphobail i bhfeidhm go cuí ná go leordhóthanach, ba cheart meicníocht ina bhfuil trí chéim ar leith a chur i bhfeidhm. Ar an gcéad leibhéal, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an Údarás imscrúdú a dhéanamh ar aon chás ina líomhnaítear nár chomhlíon údaráis náisiúnta a n-oibleagáidí maidir le dlí an Chomhphobail a chur i bhfeidhm go cuí agus go leordhóthanach sa chleachtas maoirseachta atá acu, agus is moladh an chonclúid a bheadh air sin.

(18) I gás nach gcomhlíonfadh údarás náisiúnta an moladh sin, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an gCoimisiún Cinneadh a chur chuig an údarás maoirseachta náisiúnta lena mbaineann d'fhonn comhlíonadh dhlí an Chomhphobail a áirithiú, agus sa chaoi sin chruthófaí éifeachtaí dlíthiúla díreacha a bhféadfaí a agairt os comhair cúirteanna náisiúnta agus údarás náisiúnta agus a chur i bhfeidhm faoi Airteagal 226 den Chonradh.

(19) Chun cásanna eisceachtúla a shárú i gcás go bhfuil easpa gnímh leanúnach i gceist leis an údarás inniúil lena mbaineann, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an Údarás, mar rogha dheireanach, cinntí atá dírithe ar institiúidí airgeadais aonair a ghlacadh. Ba cheart go mbeadh an chumhacht sin teoranta do chásanna eisceachtúla nuair nach gcloíonn údarás inniúil leis na cinntí atá dírithe air agus ina bhfuil dlí an Chomhphobail infheidhme go díreach maidir le hinstitiúidí airgeadais, de bhua Rialacháin AE atá ann cheana nó a bheidh ann sa todhchaí.

(20) Tá freagairt thapa agus chomhbheartaithe ar leibhéal an Chomhphobail de dhíth i gcás mórbhagairtí d'fheidhmiú córasach agus do shláine na margaí airgeadais nó do chobhsaíocht an chórais airgeadais sa Chomhphobal. Ba cheart don Údarás, dá bhrí sin, bheith in ann a chur de cheangal ar údaráis maoirseachta náisiúnta gníomhaíochtaí sonracha a dhéanamh chun éigeandáil a leigheas. Ós rud é go bhfuil méid áirithe discréide ag teastáil chun éigeandáil a chinneadh, ba cheart go dtabharfaí an chumhacht chinnteoireachta sin don Choimisiún. D'fhonn freagairt éifeachtach ar éigeandáil a áirithiú, i gcás easpa gnímh ag údaráis maoirseachta náisiúnta, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an Údarás, mar rogha dheireanach, cinntí a dhírítear ar na hinstitiúidí airgeadais a ghlacadh sna réimsí sin de dhlí an Chomhphobail atá infheidhme go díreach maidir leo agus lena bhfuil sé beartaithe éifeachtaí na géarchéime a mhaolú agus muinín as na margaí a chur ar ais i réim.

(21) D'fhonn a áirithiú go ndéanfar maoirseacht éifeachtúil agus éifeachtach agus go gcuirfear seasaimh na n-údarás maoirseachta náisiúnta sna Ballstáit éagsúla san áireamh go cothrom, ba cheart go mbeadh an tÚdarás in ann easaontais idir na húdaráis sin, lena n-áirítear easaontais laistigh de choláistí maoirseoirí, a réiteach sa chaoi is go mbeadh éifeacht cheangailteach leis an réiteach sin. Ba cheart foráil a dhéanamh freisin do thréimhse idir-réitigh a bhféadfadh na húdaráis maoirseachta náisiúnta teacht ar chomhaontú lena linn. Ba cheart an tÚdarás a bheith inniúil chun easaontais faoi oibleagáidí nós imeachta sa phróiseas comhair agus chun easaontais faoi léirmhíniú agus faoi chur i bhfeidhm dhlí an Chomhphobail i gcinntí maoirseachta a réiteach. Is gá cloí leis na meicníochtaí idir-réitigh atá ann cheana agus a fhoráiltear dóibh sa reachtaíocht earnála. I gcás easpa gnímh ag na húdaráis maoirseachta náisiúnta lena mbaineann, ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an Údarás, mar rogha dheireanach, cinntí atá dírithe ar institiúidí airgeadais sna réimsí sin de dhlí an Chomhphobail atá infheidhme go díreach maidir leo a ghlacadh.

(22) Tá ról tábhachtach ag coláistí maoirseoirí chun maoirseacht éifeachtúil, éifeachtach agus chomhsheasmhach ar institiúidí airgeadais a bhíonn ag feidhmiú thar teorainneacha a áirithiú. Ba cheart cearta rannpháirtíochta iomlána a bheith ag an Údarás i gcoláistí maoirseoirí chun an próiseas malartaithe faisnéise agus feidhmiú an phróisis sin i gcoláistí a chuíchóiriú agus chun cóineasú agus comhsheasmhacht idir na coláistí a chothú agus iad ag cur dlí an Chomhphobail i bhfeidhm.

(23) Agus líonra maoirseoirí i bhfeidhm, is uirlis úsáideach é freisin cúraimí agus freagrachtaí a tharmligean chun dúbailt na gcúraimí maoirseachta a sheachaint, comhar a chothú agus ar an gcaoi sin an próiseas maoirseachta a chuíchóiriú mar aon leis an ualach a chuirtear ar na hinstitiúidí airgeadais a laghdú. Ba cheart don Rialachán bunús dlí soiléir a chur ar fáil do tharmligean den sórt sin. Is éard a chiallaíonn cúraimí a tharmligean go ndéanann údarás maoirseachta eile na cúraimí in ionad an údaráis atá freagrach astu, ach gurb é an t-údarás tarmligin a bheidh freagrach fós as cinntí maoirseachta. Trí na freagrachtaí a tharmligean, beidh údarás maoirseachta náisiúnta amháin (an t-údarás tarmligthe) in ann Cinneadh a dhéanamh maidir le hábhar maoirseachta áirithe in ainm agus in ionad údaráis maoirseachta náisiúnta eile. Ba cheart go mbeadh tarmligean faoi réir an phrionsabail a bhaineann le hinniúlacht maoirseachta a dháileadh ar údarás maoirsachta atá in acmhainn beart a dhéanamh maidir leis an ábhar lena mbaineann. D'fhéadfadh sé a bheith iomchuí freagrachtaí a athdháileadh, mar shampla, ar chúiseanna barainneachtaí scála nó réime, ar chúiseanna comhleanúnachais i maoirseacht ar ghrúpa, agus chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as saineolas teicniúil i measc na n-údarás maoirseachta náisiúnta. D'fhéadfadh na prionsabail a bhaineann le freagrachtaí a athdháileadh faoi chomhaontú a bheith sainithe níos fearr sa reachtaíocht ábhartha Chomhphobail. Ba cheart don Údarás na comhaontuithe tarmligin idir na húdaráis maoirseachta náisiúnta a éascú ag úsáid na meáin iomchuí ar fad atá ar fáil. Ba cheart na comhaontuithe tarmligin atá beartaithe a chur in iúl don údarás roimh ré ionas go mbeifear in ann tuairim a thabhairt nuair is iomchuí sin. Ba cheart foilsiú comhaontuithe den sórt sin a lárú ionas go mbeidh faisnéis thráthúil, thrédhearcach agus sho-rochtana faoi na comhaontuithe ar fáil do na páirtithe go léir lena mbaineann.

(24) Ba cheart don Údarás cóineasú maoirseachta a chothú ar fud an Chomhphobail d'fhonn cultúr coiteann maoirseachta a bhunú.

(25) Is uirlis éifeachtúil agus éifeachtach iad athbhreithnithe piaraí chun comhsheasmhacht a chothú laistigh de líonra maoirseoirí airgeadais. Ba cheart don Údarás, dá bhrí sin, an creat modheolaíoch a bhaineann le hathbhreithnithe den sórt sin a fhorbairt agus na hathbhreithnithe a dhéanamh ar bhonn rialta. Níor cheart do na hathbhreithnithe díriú ar chóineasú na gcleachtas maoirseachta amháin ach freisin ar chumas na maoirseoirí torthaí maoirseachta d'ardcháilíocht a bhaint amach chomh maith le neamhspleáchas na n-údrás maoirseachta náisiúnta.

(26) Ba cheart don Údarás freagairt mhaoirseachta atá comhordaithe ar leibhéal Comhphobail a chur chun cinn go gníomhach, go háirithe áit a bhféadfadh imeachtaí díobhálacha bheith ina mbaol d'fheidhmiú córasach agus do shláine na margaí airgeadais nó do chobhsaíocht an chórais airgeadais sa Chomhphobal. Le cois na gcumhachtaí gníomhaíochta atá aige i gcás éigeandálaí, ba cheart feidhm ghinearálta chomhordaithe laistigh den Chóras Eorpach Maoirseoirí Airgeadais a thabhairt dó dá bhrí sin. Ba cheart gníomhaíochtaí an Údaráis a dhíriú go háirithe ar shreabhadh rianúil gach faisnéise ábhartha idir na húdaráis maoirseachta náisiúnta.

(27) D'fhonn cobhsaíocht airgeadais a chosaint is gá treochtaí, rioscaí agus leochaileachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann agus a thig ón leibhéal micreastuamachta, thar teorainneacha agus thar earnálacha, a aithint go luath sa phróiseas. Ba cheart don Údarás monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar imeachtaí den sórt sin sa réimse inniúlachta atá aige agus, nuair is gá, Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún agus Údaráis Maoirseachta Eorpacha eile agus an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach a chur ar an eolas ar bhonn rialta agus, ar bhonn ad hoc más gá sin. Ba cheart don Údarás comhordú a dhéanamh freisin ar thástálacha struis ar bhonn Comhphobail le solúbthacht na n-institiúidí airgeadais d'imeachtaí díobhálacha sa mhargadh a mheas, trína n-áiritheofar go gcuirfear modheolaíocht atá chomh comhsheasmhach agus is féidir i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta i gcás tástálacha den sórt sin.

(28) Ós rud é go bhfuil na seirbhísí airgeadais ag feidhmiú ar bhonn domhandaithe agus go bhfuil níos mó tábhachta ag baint le caighdeáin idirnáisiúnta, ba cheart don Údarás an t-idirphlé agus an comhar a chothú le maoirseoirí atá taobh amuigh den Chomhphobal. Déanfaidh sé na róil agus na hinniúlachtaí atá ag na hInstitiúidí Eorpacha cheana sa chaidreamh a bhíonn acu le húdaráis atá lasmuigh den Chomhphobal agus i bhfóraim idirnáisiúnta a urramú go hiomlán.

(29) Ba cheart don Údarás fónamh mar chomhlacht neamhspleách a chuireann comhairle ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle, agus ar an gCoimisiún sa réimse sin ina bhfuil inniúlacht ag an Údarás. Ba cheart dó bheith in ann a thuairim a thabhairt ar mheasúnú stuamachta cumasc agus éadálacha faoi Threoir 92/49/CE, Threoir 2002/83/CE agus Threoir 2005/68/CE, arna leasú ag Treoir 2007/44/CE.

(30) D'fhonn a dhualgais a chomhlíonadh go héifeachtach, ba cheart go mbeadh sé de cheart ag an Údarás gach faisnéis a theastaíonn uaidh a iarraidh. Chun go bhféadfaidh na hinstitiúidí airgeadais dúbailt na n-oibleagáidí tuairiscithe a sheachaint, ba cheart do na húdaráis maoirseachta náisiúnta arb iad is gaire do na margaí airgeadais agus do na hinstitiúidí airgeadais an fhaisnéis sin a chur ar fáil de ghnáth. Ba cheart go mbeadh sé de chumhacht ag an Údarás, áfach, faisnéis a iarraidh go díreach ó na hinstitiúidí airgeadais agus ó pháirtithe eile i gcás nach gcuireann údarás maoirseachta náisiúnta faisnéis den sórt sin ar fáil ar shlí thráthúil nó nach féidir leis í a chur ar fáil ar shlí thráthúil. Ba cheart a chur de ceangal ar údaráis na mBallstát cuidiú leis an Údarás agus iarrataí díreacha den sórt sin á gcur i bhfeidhm.

(31) Tá dlúthchomhar idir an tÚdarás agus an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach ríthábhachtach chun éifeacht iomlán a thabhairt d'fheidhmiú an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach agus chun go leanfar na rabhaidh agus na moltaí le bearta tráthúla. Ba cheart don Údarás aon fhaisnéis ábhartha a roinnt leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach. Níor cheart sonraí a bhaineann le gnóthais ar leith a chur ar fáil ach amháin má tá iarraidh réasúnaithe faighte. I gcás ina gcuireann an Bord Eorpach um Riosca Sistéamach rabhadh nó moladh chuig an Údarás nó chuig údarás maoirseachta náisiúnta, ba cheart don Údarás a áirithiú go ndéanfar bearta leantacha.

(32) Ba cheart don Údarás, nuair is iomchuí sin, dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara chun a dtuairimí a fháil maidir le caighdeáin theicniúla, le treoirlínte agus le moltaí agus deis réasúnach a chur ar fáil dóibh a dtuairimí a nochtadh ar na bearta atá beartaithe. Ar chúiseanna éifeachtúlachta, ba cheart Grúpa Geallsealbhóirí Árachais, Athárachais agus Pinsean Gairme a bhunú chun na críche sin, ar a mbeadh ionadaíocht chothrom idir ghnólachtaí árachais agus athárachais an Chomhphobail agus chistí pinsean gairme an Chomhphobail (lena n-áirítear infheisteoirí institiúideacha agus institiúidí airgeadais eile a úsáideann seirbhísí airgeadais mar is iomchuí), a bhfostaithe, agus tomhaltóirí agus úsáideoirí eile miondíola seirbhísí árachais, athárachais agus pinsean gairme, lena n-áirítear na Gnóthais Bheaga agus Meánmhéide. Ba cheart don Ghrúpa Geallsealbhóirí Árachais, Athárachais agus Pinsean Gairme feidhmiú mar áis idirphlé le grúpaí úsáideoirí eile i réimse na seirbhísí airgeadais arna mbunú ag an gCoimisiún nó ag reachtaíocht Chomhphobail.

(33) Tá freagracht lárnach ar na Ballstáit as cobhsaíocht airgeadais a chaomhnú le linn bainistiú géarchéime, go háirithe maidir le hinstitiúidí airgeadais áirithe a bhfuil cuma dhona orthu a chobhsú agus a réiteach. Maidir leis na bearta a dhéanann Údarás le linn éigeandála nó le linn réitigh a dhéanann difear do chobhsaíocht institiúide airgeadais, níor cheart dóibh freagrachtaí fioscacha na mBallstát a shárú. Ba cheart meicníocht a bhunú trína bhféadfadh na Ballstáit an chosaint sin a agairt agus an cás a thabhairt os comhair na Comhairle chun Cinneadh deireanach a fháil. Is iomchuí ról a thabhairt don Chomhairle sa chás sin i bhfianaise na bhfreagrachtaí ar leith atá ar na Ballstáit ina leith sin.

(34) Ba cheart go mbeadh rialacha Comhphobail agus prionsabail ghinearálta a bhaineann leis an bpróiseas cuí agus le trédhearcacht ina cheangal ar an Údarás faoina chuid nósanna imeachta cinnteoireachta. Ba cheart ceart éisteachta na ndaoine sin ar díríodh cinntí an Údaráis orthu a urramú go hiomlán. Tá gníomhartha an Údaráis ina gcuid lárnach de dhlí an Chomhphobail.

(35) Is Bord Maoirseoirí ar a mbeadh ceannairí an údaráis mhaoirseachta náisiúnta ábhartha i ngach Ballstát, agus a bheadh faoi chathaoirleacht Chathaoirleach an Údaráis, ar cheart a bheith ar an bpríomhorgán cinnteoireachta san Údarás. Ba cheart d'ionadaithe thar ceann an Choimisiúin, an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach agus an dá Údarás Maoirseachta Eorpacha eile bheith páirteach sa Bhord Maoirseoirí i gcáil breathnóirí. Ba cheart do chomhaltaí an Bhoird Maoirseoirí gníomhú go neamhspleách agus chun leas an Chomhphobail amháin. I gcás gníomhartha de nádúr ginearálta, lena n-áirítear na gníomhartha sin a bhaineann le caighdeáin theicniúla, le treoirlínte agus le moltaí a ghlacadh agus le cúrsaí buiséadacha freisin, is iomchuí é na rialacha maidir le tromlach cáilithe a chur i bhfeidhm mar a leagtar síos sa Chonradh iad, ach gur tromlach simplí na gcomhaltaí a bheadh infheidhme maidir le gach Cinneadh eile. Is painéal teoranta ar cheart dó scrúdú a dhéanamh ar chásanna a bhaineann le réiteach easaontas idir údaráis maoirseachta náisiúnta.

(36) Ba cheart do Bhord Bainistíochta ar a mbeadh Cathaoirleach an Údaráis, ionadaithe thar ceann na n-údarás maoirseachta náisiúnta agus thar ceann an Choimisiúin a áirithiú go gcomhlíonfaidh an tÚdarás a mhisean agus go ndéanfaidh sé na cúraimí sin a shanntar dó. Ba cheart go mbeadh an chumhacht is gá ag an mBord Bainistíochta chun, inter alia, an clár oibre bliantúil agus ilbhliantúil a bheartú, cumhachtaí buiséadacha áirithe a fheidhmiú, plean beartais fhoireann na nÚdarás a ghlacadh, forálacha speisialta a ghlacadh maidir leis an gceart rochtana ar dhoiciméid agus an tuarascáil bhliantúil a ghlacadh.

(37) Ba cheart Cathaoirleach lánaimseartha, arna roghnú ag Bord Maoirseoirí trí chomórtas oscailte, bheith ina ionadaí thar ceann an Údaráis. Ba cheart bainistiú an Údaráis a chur ar iontaoibh Stiúrthóra Feidhmiúcháin, a mbeadh an ceart aige páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Maoirseoirí agus an Bhoird Bainistíochta gan cead vótála.

(38) D'fhonn comhsheasmhacht trasearnála a áirithiú i ngníomhaíochtaí na nÚdarás Maoirseachta Eorpach, ba cheart do na húdaráis sin comhoibriú go dlúth le chéile i gComhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach agus teacht ar chomhsheasaimh nuair is iomchuí sin. Ba cheart do Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach feidhmeanna uile an Chomhchoiste um Ilchuideachtaí Airgeadais a ghlacadh chuige féin. Ba cheart do na hÚdaráis Maoirseachta Eorpacha lena mbaineann, i gcás ina bhfuil sin ábhartha, gníomhartha atá laistigh de réimse inniúlachta an Údaráis Eorpaigh Baincéireachta nó an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí a ghlacadh an tráth céanna.

(39) Is gá a áirithiú go bhféadfaidh na páirtithe a ndéanann cinntí arna nglacadh ag an Údarás difear dóibh na leigheasanna riachtanacha a fheidhmiú. I gcás ina mbeidh cumhachtaí ag an Údarás chun cinntí a dhéanamh, ba cheart, d'fhonn cearta páirtithe a chosaint go héifeachtach agus ar mhaithe le gontacht an nós imeachta, ceart achomhairc chuig Bord Achomhairc a dheonú do pháirtithe. Ar mhaithe le héifeachtúlacht agus le comhsheasmhacht, is comhchomhlacht de na trí Údarás Maoirseachta Eorpacha, a bheidh neamhspleách ar a struchtúr riaracháin agus rialála, is ceart a bheith sa Bhord Achomhairc. Ba cheart do chinneadh an Bhoird Achomhairc a bheith faoi réir achomhairc os comhair Chúirt Chéadchéime agus Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach.

(40) D'fhonn uathriail agus neamhpleáchas iomlán a áirithiú, ba cheart buiséad uathrialach a thabhairt don Údarás agus ba cheart go dtiocfadh an chuid is mó den ioncam as ranníocaíochtaí éigeantacha ó údaráis maoirseachta náisiúnta agus ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh. Ba cheart nós imeachta buiséid an Chomhphobail a bheith infheidhme a mhéid a bhaineann le ranníocaíocht an Chomhphobail. Is í an Chúirt Iniúchóirí ar cheart di na cuntais a iniúchadh.

(41) Ba cheart go mbeadh feidhm maidir leis an Údarás ag Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) [34]. Ba cheart don Údarás aontú freisin don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach maidir le himscrúduithe inmheánacha arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) [35].

(42) Ar mhaithe le coinníollacha fostaíochta oscailte agus trédhearcacha a áirithiú agus chun go gcaithfear go cothrom leis an bhfoireann, ba cheart go mbeadh feidhm maidir le foireann an Údaráis ag Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus ag Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach [36].

(43) Tá sé ríthábhachtach go gcosnófar rúin ghnó agus faisnéis rúnda eile. Ba cheart rúndacht na faisnéise sin a mhalartaítear sa líonra a chosaint freisin.

(44) Tá cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil faoi rialú ag Treoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil [37] agus ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus ag comhlachtaí Comhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin [38], agus tá na hionstraimí sin infheidhme go hiomlán maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha an Rialacháin seo.

(45) D'fhonn feidhmiú trédhearcach an Údaráis a áirithiú, ba cheart go mbeadh feidhm maidir leis an Údarás ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún [39].

(46) Ba cheart cead a thabhairt do thíortha nach Ballstáit iad den Aontas Eorpach páirt a ghlacadh in obair an Údaráis i gcomhréir le comhaontuithe iomchuí a thabharfaidh an Comhphobal i gcrích.

(47) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach, eadhon feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú trí leibhéal ard, éifeachtach agus comhsheasmhach de rialú stuamachta agus de mhaoirseacht a áirithiú, trí shealbhóirí polasaí agus tairbhithe eile a chosaint, trí shláine, éifeachtúlacht agus feidhmiú córasach na margaí airgeadais a chosaint, trí chobhsaíocht an chórais airgeadais a chothabháil, agus trí chomhordú maoirseachta idirnáisiúnta a neartú, agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr mhéid na gníomhaíochta, is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a baint amach.

(48) Toisc go nglacfaidh an tÚdarás chuige féin cúraimí uile agus cumhachtaí uile Choiste na Maoirseoirí Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpacha, ba cheart Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún an 23 Eanáir 2009 lena mbunaítear Coiste na Maoirseoirí Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpacha a aisghairm, dá bhrí sin, agus Cinneadh .../.../CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár Comhphobail chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí sonracha i réimse na seirbhísí airgeadais, an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta a leasú dá réir.

(49) Is iomchuí é teorainn ama a shocrú chun an Rialachán seo a chur i bhfeidhm lena áirithiú go mbeidh an tÚdarás ullmhaithe a dhóthain chun tús a chur lena chuid oibre agus chun aistriú rianúil ó Choiste na Maoirseoirí Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpacha a áirithiú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

BUNÚ AN ÚDARÁIS AGUS STÁDAS DLÍTHIÚIL

Airteagal 1

Bunú agus Raon feidhme

1. Bunaítear Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme ("an tÚdarás") leis an Rialachán seo.

2. Gníomhóidh an tÚdarás faoi raon feidhme Threoir 64/225/CEE, Threoir 73/239/CEE, Threoir 73/240/CEE, Threoir 76/580/CEE, Threoir 78/473/CEE, Threoir 84/641/CEE, Threoir 87/344/CEE, Threoir 88/357/CEE, Threoir 92/49/CEE, Threoir 98/78/CE, Threoir 2001/17/CE, Threoir 2002/83/CE, Threoir 2002/92/CE, Threoir 2003/41/CE, Threoir 2002/87/CE, Threoir 2005/68/CE, Threoir 2007/44/CE, Threoir 2005/60/CE, Threoir 2002/65/CE, lena n-áirítear gach treoir, gach rialachán, agus gach Cinneadh atá bunaithe ar na gníomhartha sin, agus faoi raon feidhme aon ghníomhartha Comhphobail eile trína dtugtar cúraimí don Údarás.

3. Ní dhéanfaidh forálacha an Rialacháin seo aon dochar do chumhachtaí an Choimisiúin, go háirithe faoi Airteagal 226 den Chonradh d'fhonn comhlíonadh dhlí an Chomhphobail a áirithiú.

4. Beidh sé de chuspóir ag an Údarás rannchuidiú leis na nithe seo: (i) feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, lena n-áirítear go háirithe, leibhéal ard éifeachtach agus comhsheasmhach de rialú agus de mhaoirseacht, (ii) sealbhóirí polasaí agus tairbhithe eile a chosaint, (ii) sláine, éifeachtúlacht agus feidhmiú córasach na margaí airgeadais a áirithiú, (iv) cobhsaíocht an chórais airgeadais a chosaint, agus (v) comhordú maoirseachta idirnáisiúnta a neartú. Rannchuideoidh an tÚdarás, chun na críche sin, lena áirithiú go gcuirfear dlí an Chomhphobail dá dtagraítear in Airteagal 1(2) thuas i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtúil agus go héifeachtach, go gcothófar cóineasú maoirseachta agus go gcuirfear tuairimí ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún.

5. Beidh an tÚdarás ina chuid den Chóras Eorpach Maoirseoirí Airgeadais, dá ngairfear 'CEMA' anseo feasta, agus feidhmeoidh an Córas sin mar líonra maoirseoirí, mar a shonraítear thíos in Airteagal 39.

6. Comhoibreoidh an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme leis an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach, dá ngairfear 'BERS' anseo feasta, a leagtar síos in Airteagal 21 den Rialachán seo.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn 'institiúidí airgeadais' gnóthais árachais mar a shainmhínítear i dTreoir 98/78/CE, gnóthais athárachais mar a shainmhínítear i dTreoir 2005/68/CE agus institiúidí le haghaidh sochair scoir ghairme atá cumhdaithe faoi Threoir 2003/41/CE, agus 'ilchuideachtaí airgeadais' mar a shainmhínítear i dTreoir 2002/87/CE;

(2) ciallaíonn 'údaráis maoirseachta náisiúnta' údaráis náisiúnta a dtugann an dlí nó rialachán cumhacht dóibh maoirseacht a dhéanamh ar ghnóthais árachais nó ar ghnóthais athárachais nó ar institiúidí le haghaidh sochair scoir ghairme.

Airteagal 3

Stádas dlíthiúil

1. Is comhlacht Comhphobail ag a bhfuil pearsantacht dhlítheanach a bheidh san Údarás.

2. I ngach ceann de na Ballstáit, beidh ag an Údarás an inniúlacht dhlítheanach is fairsinge atá ar fáil do dhaoine dlítheanacha faoina ndlíthe. Féadfaidh sé, go háirithe, maoin shochorraithe agus maoin dhochorraithe a fháil nó a dhiúscairt agus féadfaidh sé a bheith ina pháirtí in imeachtaí dlíthiúla.

3. Déanfaidh Cathaoirleach an Údaráis ionadaíocht thar ceann an Údaráis.

Airteagal 4

Comhdhéanamh

Beidh na daoine seo a leanas ar an Údarás:

(1) Bord Maoirseoirí a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 28;

(2) Bord Bainistíochta a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 32;

(3) Cathaoirleach a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 33;

(4) Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 38;

(5) Bord Achomhairc, dá dtagraítear in Airteagal 44, a fheidhmeoidh na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 46.

Airteagal 5

Suíomh

Is in Frankfurt a bheidh suíomh an Údaráis.

CAIBIDIL II

CÚRAIMÍ AGUS CUMHACHTAÍ AN ÚDARÁIS

Airteagal 6

Cúraimí agus cumhachtaí an Údaráis

1. Beidh na cúraimí seo a leanas ar an Údarás:

(a) rannchuidiú le caighdeáin choiteanna agus le cleachtais choiteanna rialála agus mhaoirseachta d'ardcháilíocht a bhunú, go háirithe trí thuairimí a chur ar fáil d'institiúidí an Chomhphobail agus trí threoirlínte, trí mholtaí, agus trí dhréachtchaighdeáin theicniúla a fhorbairt a bheidh bunaithe ar an reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

(b) rannchuidiú le reachtaíocht an Chomhphobail a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach, go háirithe trí rannchuidiú le cultúr coiteann maoirseachta, lena n-áirithítear go gcuirtear an reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2) i bhfeidhm go comhsheasmhach, go héifeachtúil agus go héifeachtach, trí arbatráiste rialaitheach a sheachaint, trí idirghabháil a dhéanamh idir údaráis inniúla agus easaontais eatarthu a réiteach, trí fheidhmiú comhleanúnach coláistí maoirseoirí a chur chun cinn agus trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh i gcás éigeandálaí;

(c) tarmligean cúraimí agus freagrachtaí a éascú idir údaráis maoirseachta náisiúnta;

(d) comhoibriú go dlúth le BERS, go háirithe tríd an bhfaisnéis a theastaíonn ó BERS chun a chúraimí a bhaint amach a chur ar fáil agus trí bhearta leantacha cuí a dhéanamh maidir le rabhaidh agus moltaí BERS;

(e) anailís athbhreithnithe piaraí a dhéanamh ar údaráis maoirseachta náisiúnta, chun comhsheasmhacht sna torthaí maoirseachta a neartú;

(f) monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar imeachtaí sa mhargadh sa réimse inniúlachta atá aige;

(g) aon chúraimí sonracha eile a leagtar amach sa Rialachán seo nó sa reachtaíocht Chomhphobail dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chomhall.

2. D'fhonn na cúraimí a leagtar amach i mír 1 a bhaint amach, beidh na cumhachtaí a leagtar amach sa Rialachán seo ag an Údarás, go háirithe na cumhachtaí seo a leanas:

(a) dréachtchaighdeáin theicniúla a fhorbairt sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 7;

(b) treoirlínte agus moltaí mar a leagtar síos in Airteagal 8 a eisiúint;

(c) moltaí a eisiúint i gcásanna sonracha mar a thagraítear dóibh in Airteagal 9(3);

(d) cinntí ar leith a dhíreofar ar údaráis maoirseachta náisiúnta a dhéanamh sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 10 agus Airteagal 11;

(e) cinntí ar leith a dhíreofar ar institiúidí airgeadais a dhéanamh sna cásanna sonracha dá dtagraítear in Airteagal 9(6), Airteagal 10(3) agus Airteagal 11(4);

(f) tuairimí a chur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, nó chuig an gCoimisiún mar a fhoráiltear dóibh in Airteagal 19.

3. Déanfaidh an tÚdarás aon chumhachtaí maoirseachta eisiacha a thugtar dó faoin reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a fheidhmiú i leith eintiteas a fheidhmíonn ar fud an Chomhphobail nó i leith gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil gné uile-Chomhphobail ag baint leo.

Chun na críche sin, beidh ag an Údarás cumhachtaí imscrúdaithe agus forfheidhmithe iomchuí mar a shonraítear sa reachtaíocht ábhartha, mar aon leis an deis táillí a mhuirearú.

Airteagal 7

Caighdeáin theicniúla

1. Féadfaidh an tÚdarás caighdeáin theicniúla a fhorbairt sna réimsí sin a leagtar amach go sonrach sa reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2). Cuirfidh an tÚdarás a dhréachtchaighdeáin chuig an gCoimisiún ar mhaithe le formhuiniú a fháil.

Sula gcuirfidh sé na dréachtchaighdeáin chuig an gCoimisiún, eagróidh an tÚdarás, nuair is iomchuí sin, comhairliúchán poiblí oscailte faoi na caighdeáin theicniúla agus déanfaidh sé anailís ar na costais agus ar na sochair a bhainfeadh leis.

Laistigh de thrí mhí ó na dréachtchaighdeáin a fháil, cinnfidh an Coimisiún na dréachtchaighdeáin a fhormhuiniú nó gan iad a fhormhuiniú. Féadfaidh an Coimisiún an tréimhse ama sin a shíneadh go ceann míosa. Ní fhéadfaidh an Coimisiún na dréachtchaighdeáin a fhormhuiniú ach i bpáirt nó le leasuithe i gcás gurb in a cheanglaíonn leas an phobail.

I gcás nach bhformhuineoidh an Coimisiún na caighdeáin nó nach bhformhuineoidh sé iad ach i bpáirt nó le leasuithe, cuirfidh sé na cúiseanna leis sin in iúl don Údarás.

2. Glacfaidh an Coimisiún na caighdeáin trí Rialacháin nó trí Chinntí agus foilseofar iad in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 8

Treoirlínte agus moltaí

D'fhonn cleachtais mhaoirseachta atá comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach a bhunú taobh istigh de CEMA, agus lena áirithiú go gcuirfear reachtaíocht an Chomhphobail i bhfeidhm ar shlí choiteann, aonfhoirmeach agus chomhsheasmhach, eiseoidh an tÚdarás treoirlínte agus moltaí a dhíreofar ar údaráis maoirseachta náisiúnta nó ar institiúidí airgeadais.

Déanfaidh na húdaráis maoirseachta náisiúnta gach iarracht cloí leis na treoirlínte agus leis na moltaí sin.

I gcás nach gcuirfidh údarás maoirseachta náisiúnta na treoirlínte ná na moltaí sin i bhfeidhm cuirfidh sé a chúiseanna leis sin in iúl don Údarás.

Airteagal 9

Reachtaíocht an Chomhphobail a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach

1. I gcás nach bhfuil an reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2) curtha i bhfeidhm go cuí ag údarás maoirseachta náisiúnta, go háirithe má theip air a áirithiú go sásaíonn institiúid airgeadais na ceanglais a leagtar síos sa reachtaíocht sin, beidh na cumhachtaí a leagtar amach i mír 2, mír 3 agus mír 6 den Airteagal seo ag an Údarás.

2. Ar iarraidh a fháil ó údarás maoirseachta náisiúnta amháin nó níos mó, ón gCoimisiún nó ar a thionscnamh féin agus tar éis an t-údarás maoirseachta náisiúnta lena mbaineann a bheith curtha ar an eolas faoin iarraidh sin, féadfaidh an tÚdarás imscrúdú a dhéanamh ar an líomhain nár cuireadh dlí an Chomhphobail i bhfeidhm go cuí.

Gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 20, déanfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta gach faisnéis a bhfuil an tÚdarás den tuairim go bhfuil gá léi dá imscrúdú a thabhairt don Údarás gan mhoill.

3. Laistigh de dhá mhí ar a dheireanaí ón imscrúdú a thionscnamh, féadfaidh an tÚdarás moladh ina leagtar amach an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun cloí le dlí an Chomhphobail a dhíriú ar an údarás maoirseachta náisiúnta lena mbaineann.

Déanfaidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta, laistigh de dheich lá oibre ón moladh a fháil, na bearta atá déanta aige nó a bheartaíonn sé a dhéanamh lena áirithiú go gcloífidh sé le dlí an Chomhphobail a chur in iúl don Údarás.

4. I gcás nár chomhlíon údarás maoirseachta náisiúnta dlí an Chomhphobail laistigh de mhí amháin ón moladh a fháil ón Údarás, féadfaidh an Coimisiún, tar éis é a bheith curtha ar an eolas ag an Údarás nó ar a thionscnamh féin, Cinneadh a dhéanamh lena gceanglófar ar an údarás maoirseachta náisiúnta an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun dlí an Chomhphobail a chomhlíonadh.

Déanfaidh an Coimisiún Cinneadh den sórt sin tráth nach déanaí ná trí mhí ón moladh a ghlacadh. Féadfaidh an Coimisiún an tréimhse ama sin a shíneadh go ceann míosa.

Áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar ceart éisteachta na ndaoine sin ar díríodh moladh orthu a urramú.

Cuirfidh an tÚdarás agus na húdaráis maoirseachta náisiúnta gach faisnéis is gá ar fáil don Choimisiún.

5. Laistigh de dheich lá oibre ón gCinneadh dá dtagraítear i mír 4 a fháil, cuirfidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta an Coimisiún agus an tÚdarás ar an eolas faoi na bearta atá déanta aige nó atá beartaithe aige a dhéanamh chun Cinneadh an Choimisiúin a chur chun feidhme.

6. Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 226 den Chonradh, más rud é nach gcomhlíonann údarás maoirseachta náisiúnta an Cinneadh dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo laistigh den tréimhse ama atá sonraithe ann, agus i gcás gur gá an neamhchomhlíonadh ag an údarás maoirseachta náisiúnta a leigheas ar shlí thráthúil d'fhonn coinníollacha neodracha iomaíochta a chothabháil nó a chur ar ais i réim sa mhargadh, nó chun feidhmiú córasach agus sláine an chórais airgeadais a áirithiú, féadfaidh an tÚdarás, i gcás ina bhfuil feidhm dhíreach maidir le hinstitiúidí airgeadais ag na ceanglais ábhartha sa reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2), Cinneadh ar leith a ghlacadh a dhíreofar ar institiúid airgeadais a cheanglófar uirthi an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a oibleagáidí faoi dhlí an Chomhphobail a chomhlíonadh, lena n-áirítear scor aon chleachtais.

Beidh Cinneadh an Údaráis i gcomhréir le haon chinneadh a ghlacann an Coimisiún de bhun mhír 4.

7. Beidh forlámhas ag cinntí a ghlactar faoi mhír 6 ar aon chinneadh a bhí ann rompu a ghlac na húdaráis maoirseachta náisiúnta maidir leis an ábhar céanna.

Aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis maoirseachta náisiúnta maidir le fíorais atá faoi réir cinnidh de bhun mhír 4 nó mhír 6, beidh sé comhoiriúnach leis na cinntí sin.

Airteagal 10

Gníomhaíocht le linn éigeandálaí

1. I gcás imeachtaí díobhálacha a d'fhéadfadh dochar tromchúiseach a dhéanamh d'fheidhmiú córasach agus do shláine na margaí airgeadais nó do chobhsaíocht an chórais airgeadais sa Chomhphobal go hiomlán nó i bpáirt, féadfaidh an Coimisiún, ar a thionscnamh féin nó tar éis iarraidh a fháil ón Údarás, ón gComhairle, nó ó BERS, Cinneadh a dhíreofar ar an Údarás a ghlacadh, agus lena gcinnfear go bhfuil éigeandáil ann chun críocha an rialacháin seo.

2. I gcás ina bhfuil Cinneadh de bhun mhír 1 glactha ag an gCoimisiún, féadfaidh an tÚdarás cinntí ar leith a ghlacadh lena gceanglófar ar na húdaráis maoirseachta náisiúnta an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh i gcomhréir leis an reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2) chun dul i ngleic le haon rioscaí a d'fhéadfadh dochar a dhéanamh d'fheidhmiú córasach agus do shláine na margaí airgeadais nó do chobhsaíocht an chórais airgeadais go hiomlán nó i bpáirt trína áirithiú go gcomhlíonann na hinstitiúidí airgeadais agus na húdaráis maoirseachta náisiúnta na ceanglais a leagtar síos sa reachtaíocht sin.

3. Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 226 den Chonradh, más rud é nach gcomhlíonann údarás maoirseachta náisiúnta Cinneadh an Údaráis dá dtagraítear i mír 2 laistigh den tréimhse a leagtar síos sa mhír sin, féadfaidh an tÚdarás, i gcás ina bhfuil na ceanglais ábhartha a leagtar síos sa reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2) infheidhme go díreach maidir le hinstitiúidí airgeadais, Cinneadh ar leith a ghlacadh a dhíreofar ar institiúid airgeadais agus lena gceanglófar an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a oibleagáidí faoin reachtaíocht sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear scor aon chleachtais.

4. Beidh forlámhas ag cinntí a ghlactar faoi mhír 3 ar aon chinneadh a bhí ann rompu a ghlac na húdaráis maoirseachta náisiúnta maidir leis an ábhar céanna.

Aon ghníomhaíocht a dhéanfaidh na húdaráis maoirseachta náisiúnta maidir le fíorais atá faoi réir cinnidh de bhun mhír 2 nó mhír 3, beidh sé comhoiriúnach leis na cinntí sin.

Airteagal 11

Easaontuithe idir údaráis maoirseachta náisiúnta a réiteach

1. Gan dochar do na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 9, más rud é nach n-aontaíonn údarás maoirseachta náisiúnta leis an nós imeachta nó leis an inneachar a bhaineann le gníomh nó le heaspa gnímh ag údarás maoirseachta náisiúnta eile i réimsí ina gceanglaíonn an reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2) comhar, comhordú nó comhchinnteoireacht idir údaráis maoirseachta náisiúnta ó bhreis is Ballstát amháin, féadfaidh an tÚdarás, ar iarraidh a fháil ó cheann amháin nó níos mó de na húdaráis maoirseachta náisiúnta lena mbaineann, tacaíocht a thabhairt do na húdaráis chun teacht ar chomhaontú i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 2.

2. Socróidh an tÚdarás teorainn ama don idir-réiteach idir na húdaráis maoirseachta náisiúnta, agus déanfaidh sé aon teorainneacha ama ábhartha a shonraítear sa reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2) mar aon le castacht agus le práinne an ábhair a chur san áireamh.

3. Más rud é, ag deireadh na tréimhse idir-réitigh, go bhfuil teipthe ar na húdaráis maoirseachta náisiúnta lena mbaineann teacht ar chomhaontú, féadfaidh an tÚdarás Cinneadh a dhéanamh lena gceanglófar orthu gníomhaíocht shonrach a dhéanamh nó staonadh ó ghníomhaíocht d'fhonn an cás a réiteach, i gcomhréir le dlí an Chomhphobail.

4. Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin faoi Airteagal 226 den Chonradh, más rud é nach gcomhlíonann údarás maoirseachta náisiúnta Cinneadh an Údaráis, agus go dteipeann air a áirithiú, dá bhrí sin, go gcomhlíonann institiúid airgeadais na ceanglais atá infheidhme go díreach maidir leis de bhua na reachtaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2), féadfaidh an tÚdarás Cinneadh ar leith a ghlacadh a bheidh dírithe ar institiúid airgeadais lena gceanglófar an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a oibleagáidí faoi dhlí an Chomhphobail a chomhlíonadh, lena n-áirítear scor aon chleachtais.

Airteagal 12

Coláistí maoirseoirí

1. Rannchuideoidh an tÚdarás le feidhmiú éifeachtúil agus comhsheasmhach na gcoláistí maoirseoirí a chur chun cinn agus déanfaidh sé comhleanúnachas chur i bhfeidhm reachtaíocht an Chomhphobail i measc na gcoláistí a chothú.

2. Glacfaidh an tÚdarás páirt i gcoláistí maoirseoirí i gcáil breathnóra de réir mar a mheasann sé is iomchuí. Chun críche an rannpháirteachais sin, measfar gur 'údarás maoirseachta náisiúnta' é laistigh de bhrí na reachtaíochta ábhartha agus, ar iarraidh a fháil uaidh, gheobhaidh sé gach faisnéis ábhartha a roinntear le haon chomhalta den choláiste.

3. Déanfaidh an tÚdarás, i gcomhar leis na maoirseoirí atá ag oibriú i gcoláistí maoirseoirí, gach faisnéis ábhartha a shainiú agus a bhailiú ó údaráis maoirseachta náisiúnta, mar is iomchuí, chun obair na gcoláistí sin a éascú.

Déanfaidh sé córas lárnach a bhunú agus a bhainistiú chun faisnéis den sórt sin a chur ar fáil do na húdaráis maoirseachta náisiúnta i gcoláistí maoirseoirí.

Airteagal 13

Cúraimí agus freagrachtaí a tharmligean

1. Féadfaidh údaráis maoirseachta náisiúnta, faoi chomhaontú déthaobhach, cúraimí agus freagrachtaí a tharmligean chuig údaráis maoirseachta náisiúnta eile.

2. Déanfaidh an tÚdarás tarmligean cúraimí agus freagrachtaí idir údaráis maoirseachta náisiúnta a éascú trí na cúraimí agus na freagrachtaí sin is féidir a tharmligean nó a fheidhmiú go comhpháirteach a aithint agus trí na cleachtais is fearr a chur ar aghaidh.

3. Cuirfidh na húdaráis maoirseachta náisiúnta an tÚdarás ar an eolas faoi chomhaontuithe tarmligin atá beartaithe acu a thabhairt i gcrích. Tabharfaidh siad éifeacht do na comhaontuithe tráth nach luaithe ná mí amháin tar éis an tÚdarás a bheith curtha ar an eolas.

Féadfaidh an tÚdarás tuairim a thabhairt uaidh ar an gcomhaontú atá beartaithe laistigh de mhí amháin ó bheith curtha ar an eolas.

Foilseoidh an tÚdarás gach comhaontú tarmligin a chuirfidh na húdaráis maoirseachta náisiúnta i gcrích trí na meáin iomchuí, lena áirithiú go gcuirfear na páirtithe go léir lena mbaineann ar an eolas go cuí.

Airteagal 14

Cultúr coiteann maoirseachta

1. Beidh ról gníomhach ag an Údarás chun nósanna coiteanna maoirseachta agus cleachtais chomhsheasmhacha mhaoirseachta a fhorbairt ar bhonn Eorpach, agus chun nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus modhanna comhsheasmhacha cur chuige a áirithiú ar fud an Chomhphobail agus déanfaidh sé na gníomhaíochtaí seo a leanas ar a laghad:

(a) tuairimí a thabhairt do na húdaráis maoirseachta náisiúnta;

(b) malartú faisnéise éifeachtach ar bhonn déthaobhach agus ar bhonn iltaobhach a chur chun cinn idir na húdaráis maoirseachta náisiúnta, agus na forálacha rúndachta agus cosanta sonraí is infheidhme dá bhforáiltear sa reachtaíocht ábhartha Chomhphobail a urramú go hiomlán;

(c) tacaíocht a thabhairt chun caighdeáin mhaoirseachta aonfhoirmeacha agus ardcháilíochta, lena n-áirítear caighdeáin tuairiscithe, a fhorbairt;

(d) athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil ábhartha arna nglacadh ag an gCoimisiún, agus ar threoirlínte agus ar mholtaí arna n-eisiúint ag an Údarás agus leasuithe a mholadh nuair is iomchuí;

(e) cláir oiliúna earnála agus trasearnála a bhunú, malartuithe foirne a éascú agus údaráis maoirseachta náisiúnta a spreagadh chun an úsáid a bhaintear as scéimeanna chun iasachta agus uirlisí eile a threisiú.

2. Féadfaidh an tÚdarás, de réir mar is iomchuí, uirlisí praiticiúla nua agus uirlisí um chóineasú a fhorbairt chun modhanna coiteanna cur chuige agus cleachtais choiteanna a chur chun cinn.

Airteagal 15

Athbhreithniú piaraí ar na húdaráis maoirseachta náisiúnta

1. Déanfaidh an tÚdarás athbhreithniú piaraí, ar bhonn tréimhsiúil, ar roinnt de ghníomhaíochtaí na n-údarás maoirseachta náisiúnta nó ar a ngníomhaíochtaí go léir, chun feabhas breise a chur ar an gcomhsheasmhacht sna torthaí ón maoirseacht. Chun na críche sin, forbróidh an tÚdarás modhanna ionas go gceadófar measúnú oibiachtúil agus comparáid oibiachtúil idir na húdaráis atá á n-athbhreithniú.

2. Déanfar na nithe seo a leanas a mheasúnú san athbhreithniú piaraí, ach ní bheidh sé teoranta dóibh sin amháin:

(a) cé chomh leordhóthanach is atá na socruithe institiúideacha, an cumas acmhainní a chur ar fáil agus saineolas na foirne san údarás maoirseachta náisiúnta, agus go háirithe maidir le cur i bhfeidhm éifeachtach na reachtaíochta dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus leis an gcumas atá ann freagairt a thabhairt ar imeachtaí sa mhargadh;

(b) an méid cóineasú atá bainte amach i gcur i bhfeidhm dhlí an Chomhphobail agus i gcleachtas maoirseachta, lena n-áirítear caighdeáin theicniúla, treoirlínte agus moltaí arna nglacadh faoi Airteagal 7 agus Airteagal 8, agus an méid is féidir leis an gcleachtas maoirseachta na cuspóirí a leagtar amach i ndlí an Chomhphobail a bhaint amach;

(c) dea-chleachtais arna bhforbairt ag roinnt údarás maoirseachta náisiúnta agus a bhfhéadfadh a nglacadh ag údaráis maoirseachta náisiúnta eile leas a dhéanamh do na húdaráis sin.

3. Ar bhonn an athbhreithnithe piaraí, féadfaidh an tÚdarás moltaí a eisiúint do na húdaráis maoirseachta náisiúnta lena mbaineann.

Airteagal 16

Feidhm chomhordaithe

Comhlíonfaidh an tÚdarás ról ginearálta comhordaithe idir na húdaráis maoirseachta náisiúnta, lena n-áirítear cásanna ina bhféadfadh imeachtaí díobhálacha bheith ina mbaol d'fheidhmiú córasach agus do shláine na margaí airgeadais nó do chobhsaíocht an chórais airgeadais sa Chomhphobal.

Déanfaidh an tÚdarás freagairt chomhordaithe Comhphobail a chur chun cinn, inter alia, tríd an méid seo a leanas:

(1) malartú faisnéise idir na húdaráis maoirseachta náisiúnta a éascú;

(2) an raon feidhme a chinneadh agus iontaofacht na faisnéise is ceart a chur ar fáil do na húdaráis maoirseachta náisiúnta lena mbaineann a fhíorú;

(3) gan dochar d'Airteagal 11, gníomhú mar idirghabhálaí ar iarraidh a fháil ó na húdaráis maoirseachta náisiúnta nó ar a thionscnamh féin;

(4) fógra a thabhairt do BERS gan mhoill maidir le haon éigeandálaí a d'fhéadfadh a bheith ann.

Airteagal 17

Measúnú ar imeachtaí sa mhargadh

1. Déanfaidh an tÚdarás monatóireacht agus measúnú ar imeachtaí sa mhargadh sa réimse sin ina bhfuil inniúlacht aige agus, nuair is iomchuí, cuirfidh sé an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, BERS agus Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar an eolas faoi na treochtaí ábhartha micreastuamachta, agus na rioscaí agus na leochaileachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann.

Déanfaidh an tÚdarás, go háirithe, i gcomhar le BERS, measúnuithe uile-Chomhphobail a thionscnamh agus a chomhordú ar sholúbthacht na n-institiúidí airgeadais d'imeachtaí díobhálacha sa mhargadh. Chun na críche sin, forbróidh sé na modhanna seo a leanas a bheidh le cur i bhfeidhm ag na húdaráis maoirseachta náisiúnta:

(a) modheolaíochtaí coiteanna chun an éifeacht a bhíonn ag cásanna eacnamaíocha ar sheasamh airgeadais institiúide áirithe a mheas;

(b) modhanna coiteanna cur chuige cumarsáide maidir leis na torthaí atá ar na measúnuithe sin ar sholúbthacht na n-institiúidí airgeadais.

2. Gan dochar do chúraimí BERS a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. .../... [BERS], déanfaidh an tÚdarás, uair sa bhliain ar a laghad, agus níos minice más gá, measúnuithe a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, don Choimisiún agus do BERS faoi na treochtaí, na rioscaí agus na leochaileachtaí a d'fhéadfadh a bheith ann sa réimse sin ina bhfuil inniúlacht aige.

Sna measúnuithe sin, déanfaidh an tÚdarás aicmiú ar na príomhrioscaí agus na príomhleochaileachtaí agus, nuair is gá, molfaidh sé bearta coisctheacha agus bearta leasúcháin.

3. Áiritheoidh an tÚdarás go bhfuil cuimsiú leordhóthanach á dhéanamh de na himeachtaí trasearnála, de na rioscaí agus de na leochaileachtaí trí chomhoibriú go dlúth leis an Údarás Baincéireachta Eorpach agus leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí.

Airteagal 18

Caidreamh idirnáisiúnta

Gan dochar d'inniúlachtaí Institiúidí an Chomhphobail, féadfaidh an tÚdarás teagmhálacha a chruthú le húdaráis maoirseachta ó thríú tíortha. Féadfaidh sé comhaontuithe riaracháin a thabhairt i gcrích le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le riaracháin tríú tíortha.

Tabharfaidh an tÚdarás tacaíocht chun cinntí coibhéise a bhaineann le córais mhaoirseachta i dtríú tíortha a ullmhú i gcomhréir leis an reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Airteagal 19

Cúraimí eile

1. Féadfaidh an tÚdarás, ar iarraidh a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún nó ar a thionscnamh féin, tuairimí a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún ar na saincheisteanna go léir a bhaineann leis an réimse ina bhfuil inniúlacht aige.

2. Maidir le measúnuithe stuamachta ar chumaisc agus ar éadálacha a dtig faoi théarmaí Threoir 2007/44/CE, féadfaidh an tÚdarás, ar a thionscnamh féin nó ar iarratas a fháil ó aon údaráis maoirseachta náisiúnta, tuairim a eisiúint agus a fhoilsiú ar mheasúnú stuamachta a bheidh ar aon údarás Ballstáit a chur i gcrích. Beidh feidhm ag Airteagal 20.

Airteagal 20

Faisnéis a bhailiú

1. Arna iarraidh sin ag an Údarás, déanfaidh údaráis maoirseachta náisiúnta agus údaráis phoiblí eile de chuid na mBallstát gach faisnéis is gá chun na dualgais a shanntar don Údarás faoin Rialachán seo a chur i gcrích a thabhairt dó.

Féadfaidh an tÚdarás faisnéis a iarraidh freisin le tabhairt ag tréimhsí athfhillteacha.

2. I gcás nach bhfuil faisnéis ar fáil nó nuair nach gcuireann údaráis maoirseachta náisiúnta agus údaráis phoiblí eile na mBallstát faisnéis ar fáil ar shlí thráthúil, féadfaidh an tÚdarás iarraidh réasúnaithe a dhíriú go díreach ar na hinstitiúidí airgeadais ábhartha agus ar pháirtithe eile. Cuirfidh sé na húdaráis maoirseachta náisiúnta ábhartha ar an eolas faoi iarrataí den sórt sin.

Ar iarraidh a fháil ón Údarás, tabharfaidh údaráis maoirseachta náisiúnta agus údaráis phoiblí eile na mBallstát tacaíocht don Údarás chun aon fhaisnéis den sórt sin a bhailiú.

3. Ní fhéadfaidh an tÚdarás faisnéis rúnda a fuarthas ó údaráis maoirseachta náisiúnta agus ó údaráis phoiblí eile nó ó institiúidí airgeadais agus ó pháirtithe eile a úsáid ach amháin ar mhaithe leis na dualgais a shanntar dó faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.

Airteagal 21

Caidreamh le BERS

1. Comhoibreoidh an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme le BERS.

2 Comhoibreoidh an tÚdarás go dlúth le BERS. Tabharfaidh sé do BERS gach faisnéis rialta agus chun dáta is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh. Déanfar aon sonraí is gá chun a chúraimí a chomhlíonadh nach bhfuil i bhfoirm achomair nó i bhfoirm thiomsach a thabhairt gan mhoill do BERS, ar iarraidh réasúnaithe a fháil, mar a shonraítear in Airteagal [15] de Rialachán (CE) Uimh. .../... [BERS].

3. Áiritheoidh an tÚdarás, i gcomhréir le mír 4 agus mír 5, go ndéanfar na bearta leantacha cuí maidir le rabhaidh agus le moltaí BERS dá dtagraítear in Airteagal [16] de Rialachán (CE) Uimh. .../... [BERS].

4. Ar rabhadh nó moladh atá dírithe ar an Údarás a fháil ó BERS, comórfaidh an tÚdarás cruinniú den Bhord Maoirseoirí gan mhoill agus déanfaidh sé measúnú ar na himpleachtaí a bheadh ag rabhadh nó moladh den sórt sin maidir lena chúraimí a chomhlíonadh.

Déanfaidh sé cinneadh, de réir an nós imeachta cinnteoireachta ábhartha, maidir leis na bearta a dhéanfar i gcomhréir leis na cumhachtaí a tugadh dó faoin Rialachán seo chun dul i ngleic leis na saincheisteanna a shainaithnítear sna rabhaidh agus sna moltaí.

Mura ndéanfaidh an tÚdarás aon bheart breise i ndáil leis an moladh, cuirfidh sé a chúiseanna leis sin in iúl do BERS.

5. Ar rabhadh nó moladh atá dírithe ar údarás maoirseachta náisiúnta a fháil ó BERS, féadfaidh an tÚdarás, nuair is ábhartha, na cumhachtaí a tugadh dó faoin Rialachán seo a úsáid lena áirithiú go ndéanfar beart leantach go tráthúil.

I gcás nach mbeartaíonn an té ar a bhfuil an moladh dírithe moladh BERS a leanúint, cuirfidh sé an Bord Maoirseoirí ar an eolas faoina chúiseanna leis sin agus pléfidh sé na cúiseanna sin leis an mBord.

Cuirfidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta tuairimí an Bhoird Maoirseoirí san áireamh go cuí agus é ag cur BERS ar an eolas i gcomhréir le hAirteagal [17] de Rialachán (CE) Uimh. .../... [BERS].

6. Agus a chúraimí faoin rialachán seo á gcomhlíonadh ag an Údarás, cuirfidh sé rabhaidh agus moltaí BERS san áireamh go cúramach.

Airteagal 22

Grúpa Geallsealbhóirí Árachais, Athárachais agus Pinsean Gairme

1. Chun críche comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí i réimsí a bhaineann le cúraimí an Údaráis, bunófar Grúpa Geallsealbhóirí Árachais, Athárachais agus Pinsean Gairme.

2. Beidh 30 comhalta ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais, Athárachais agus Pinsean Gairme, agus beidh ionadaíocht chothrom idir ghnólachtaí árachais agus athárachais an Chomhphobail agus chistí pinsean gairme an Chomhphobail, a bhfostaithe, agus tomhaltóirí agus úsáideoirí seirbhísí árachais, athárachais agus pinsean gairme.

Tiocfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí Árachais, Athárachais agus Pinsean Gairme le chéile faoi dhó sa bhliain ar a laghad.

3. Is é Bord Maoirseoirí an Údaráis a cheapfaidh comhaltaí an Ghrúpa Geallsealbhóirí Árachais, Athárachais agus Pinsean Gairme, de réir moltaí ó na geallsealbhóirí ábhartha.

Agus é ag déanamh a chinnidh, déanfaidh an Bord Maoirseoirí, a mhéid is féidir, cothromaíocht chuí ar bhonn tíreolaíoch agus ionadaíocht thar ceann geallsealbhóirí ar fud an Chomhphobail a áirithiú.

Áiritheoidh an tÚdarás go mbeidh a dhóthain tacaíochta rúnaíochta ar fáil don Ghrúpa Geallsealbhóirí Árachais, Athárachais agus Pinsean Gairme.

4. Cuirfidh na comhaltaí tréimhse dhá bhliain go leith isteach ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais, Athárachais agus Pinsean Gairme, agus cuirfear tús le nós imeachta roghnúcháin nua ag deireadh na tréimhse sin.

Féadfaidh na comhaltaí dhá théarma eile ina dhaidh sin a chur isteach ar an nGrúpa.

5. Féadfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí Árachais, Athárachais agus Pinsean Gairme tuairimí agus comhairle a thabhairt don Údaras ar aon saincheisteanna a bhaineann le cúraimí an Údaráis mar a shonraítear in Airteagal 7 agus Airteagal 8.

6. Glacfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí Árachais, Athárachais agus Pinsean Gairme a rialacha nós imeachta.

7. Poibleoidh an tÚdarás tuairimí agus comhairle an Ghrúpa Geallsealbhóirí Árachais, Athárachais agus Pinsean Gairme mar aon leis na torthaí a dtig óna phróisis chomhairliúcháin.

Airteagal 23

Bearta cosanta

1. Áiritheoidh an tÚdarás nach sáróidh aon chinneadh a ghlactar faoi Airteagal 10 nó Airteagal 11 freagrachtaí fioscacha na mBallstát ar shlí ar bith.

2. I gcás ina bhfuil Ballstát den tuairim go bhfuil Cinneadh a rinneadh faoi Airteagal 11 ag sárú a fhreagrachtaí fioscacha, féadfaidh sé fógra a thabhairt don Údarás agus don Choimisiún, laistigh de mhí amháin tar éis Cinneadh an Údaráis a bheith fógartha don údarás maoirseachta náisiúnta, nach gcuirfidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta an Cinneadh chun feidhme.

Beidh ar an mBallstát údar cuí a thabhairt le fios san fhógra uaidh faoin bhfáth go sáraíonn an Cinneadh a fhreagrachtaí fioscacha agus beidh air an tslí a sáraítear na freagrachtaí sin a léiriú go soiléir.

Déanfar Cinneadh an Údaráis a chur ar fionraí i gcás den sórt sin.

Laistigh de mhí amháin ón bhfógra a fháil ón mBallstát, cuirfidh an tÚdarás in iúl don Bhallstát cé acu an gcloífidh sé lena chinneadh nó an leasóidh sé é nó an gcúlghairfidh sé é.

I gcás ina gcloífidh an tÚdarás lena chinneadh, déanfaidh an Chomhairle, laistigh de thréimhse dhá mhí, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe mar a shainítear in Airteagal 205 den Chonradh, a chinneadh cé acu an gcloífidh sí le Cinneadh an Údaráis nó an gcúlghairfidh sí an Cinneadh sin.

I gcás ina gcinnfidh an Chomhairle cloí le Cinneadh an Údaráis, nó i gcás nach ndéanfaidh sí Cinneadh laistigh de thréimhse dhá mhí, cuirfear deireadh láithreach le fionraí an chinnidh sin.

3. I gcás ina bhfuil Ballstát den tuairim go bhfuil Cinneadh a rinneadh faoi Airteagal 10(2) ag sárú a fhreagrachtaí fioscacha, féadfaidh sé fógra a thabhairt don Údarás, don Choimisiún agus don Chomhairle, laistigh de thrí lá oibre tar éis Cinneadh an Údaráis a bheith fógartha don údarás maoirseachta náisiúnta, nach gcuirfidh an t-údarás maoirseachta náisiúnta an Cinneadh chun feidhme.

Beidh ar an mBallstát údar cuí a thabhairt le fios san fhógra uaidh faoin bhfáth go sáraíonn an Cinneadh a fhreagrachtaí fioscacha agus beidh air an tslí a sáraítear na freagrachtaí sin a léiriú go soiléir.

Déanfaidh an Chomhairle, laistigh de dheich lá oibre, ag gníomhú di trí thromlach cáilithe mar a shainítear in Airteagal 205 den Chonradh, a chinneadh cé acu an gcloífidh sí le Cinneadh an Údaráis nó an gcúlghairfidh sí an Cinneadh sin.

I gcás nach ndéanfaidh an Chomhairle Cinneadh laistigh de dheich lá oibre, glacfar leis go gcloífear le Cinneadh an Údaráis.

Airteagal 24

Nósanna imeachta cinnteoireachta

1. Sula ndéanfaidh an tÚdarás na cinntí dá bhforáiltear in Airteagal 9(6), Airteagal 10(2) agus (3) agus Airteagal 11(3) agus (4) cuirfidh sé an té ar a bhfuil an Cinneadh dírithe ar an eolas faoin rún atá aige an Cinneadh a ghlacadh, agus socróidh sé teorainn ama faoina bhféadfaidh an té ar a bhfuil an Cinneadh dírithe a thuairimí a thabhairt ar an ábhar, agus cuirfidh sé práinne an ábhair san áireamh go hiomlán.

2. Tabharfar le fios i gcinntí an Údaráis na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe.

3. Cuirfear an té ar a bhfuil cinntí an Údaráis dírithe ar an eolas faoi na leigheasanna dlíthiúla atá ar fáil faoin Rialachán seo.

4. I gcás ina bhfuil Cinneadh de bhun Airteagal 10(2) nó (3) déanta ag an Údarás, déanfaidh sé an Cinneadh sin a athbhreithniú ag na tréimhsí cuí.

5. Poibleofar na cinntí a dhéanfaidh an tÚdarás de bhun Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11 agus tabharfar ainm an údaráis mhaoirseachta náisiúnta nó na hinstitiúide airgeadais lena mbaineann le fios mar aon le príomhábhar an chinnidh, agus tabharfar aird ar leas dlisteanach na n-institiúidí airgeadais maidir lena rúin ghnó a chosaint.

CAIBIDIL III

EAGRÚCHÁN

Roinn 1

Bord Maoirseoirí

Airteagal 25

Comhdhéanamh

1. Beidh na daoine seo a leanas ar an mBord Maoirseoirí:

(a) an Cathaoirleach, agus ní bheidh aon vóta aige nó aici;

(b) Ceannaire an údaráis mhaoirseachta náisiúnta ábhartha atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na hinstitiúidí airgeadais i ngach Ballstát; Má tá níos mó ná údarás inniúil amháin i mBallstát, tiocfaidh na húdaráis ar chomhaontú maidir le Ceannaire amháin a bheidh ina ionadaí ar an mBord Maoirseoirí;

(c) ionadaí amháin thar ceann an Choimisiúin agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin;

(d) ionadaí amháin thar ceann BERS agus ní bheidh aon vóta ag an ionadaí sin;

(f) ionadaí amháin thar ceann gach údaráis faoi seach as measc an dá Údarás Maoirseachta Eorpacha, agus ní bheidh aon vóta ag na hionadaithe sin.

2. Beidh gach údarás maoirseachta náisiúnta, agus i gcás go bhfuil níos mó ná údarás maoirseachta náisiúnta ábhartha amháin ann, na húdaráis sin le chéile, freagrach as malartach ardleibhéil óna údarás nó óna údaráis a ainmniú, agus féadfaidh an duine sin ionad chomhalta an Bhoird Maoirseoirí dá dtagraítear i mír 1(b) a ghlacadh, i gcás nach féidir leis an gcomhalta sin freastal ar chruinniú.

3. Féadfaidh an Bord Maoirseoirí Cinneadh a dhéanamh breathnóirí a ligean isteach.

Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Bhoird Maoirseoirí ach ní bheidh ceart vótála aige nó aici.

Airteagal 26

Coistí inmheánacha agus painéil inmheánacha

1. Féadfaidh an Bord Maoirseoirí coistí inmheánacha nó painéil inmheánacha a bhunú maidir le cúraimí sonracha a thugtar don Bhord Maoirseoirí, agus féadfaidh sé foráil a dhéanamh go dtarmligfear cúraimí agus cinntí réamhshainithe chuig coistí inmheánacha nó chuig painéil inmheánacha, chuig an mBord Bainistíochta nó chuig an gCathaoirleach.

2. Chun críocha Airteagal 11, déanfaidh an Bord Maoirseoirí painéal a ghairm d'fhonn réiteach easaontais a éascú, agus beidh an Cathaoirleach agus dhá chomhalta ón mBord, nach ionadaithe thar ceann na n-údarás maoirseachta náisiúnta atá ina bpáirtithe san easaontas iad, ar an bpainéal sin.

Ar thogra ón bpainéal, glacfaidh an Bord Maoirseoirí Cinneadh de bhun Airteagal 11.

Airteagal 27

Neamhspleáchas

Agus na cúraimí a thugtar dóibh faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh acu, gníomhóidh an Cathaoirleach agus na comhaltaí sin den Bhord Maoirseoirí a bhfuil vóta acu go neamhspleách agus go hoibiachtúil ar mhaithe leis an gComhphobal agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí nó ó chomhlachtaí an Chomhphobail, ó Rialtas Ballstáit nó ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

Airteagal 28

Cúraimí

1. Déanfaidh an Bord Maoirseoirí obair an Údaráis a threorú agus beidh sé i gceannas ar na cinntí dá dtagraítear i gCaibidil II a dhéanamh.

2. Glacfaidh an Bord Maoirseoirí na tuairimí, na moltaí, agus na cinntí, agus eiseoidh sé an chomhairle dá dtagraítear i gCaibidil II.

3. Is é an Bord Stiúrthóirí a cheapfaidh an Cathaoirleach.

4. Roimh an 30 Meán Fómhair gach bliain, déanfaidh an Bord Stiúrthóirí, ar bhonn togra arna dhéanamh ag an mBord Bainistíochta, clár oibre an Údaráis a ghlacadh don bhliain ina dhiaidh sin, agus cuirfidh sé an clár oibre ar aghaidh mar eolas chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

Glacfar an clár oibre gan dochar don nós imeachta buiséid bliantúil agus poibleofar é.

5. Glacfaidh an Bord Maoirseoirí clár oibre ilbhliantúil an Údaráis, agus cuirfidh an Bord an clár sin ar aghaidh mar eolas chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

Glacfar an clár oibre ilbhliantúil gan dochar don nós imeachta buiséid bliantúil agus poibleofar é.

6. Déanfaidh an Bord Maoirseoirí an dréachtbhuiséad a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 49.

7. Déanfaidh an Bord Maoirseoirí údarás araíonachta a fheidhmiú ar an gCathaoirleach agus ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus féadfaidh an Bord iad a chur as oifig i gcomhréir le hAirteagal 33(5) nó Airteagal 36(5) faoi seach.

Airteagal 29

Cinnteoireacht

1. I gcás na ngníomhartha a shonraítear in Airteagal 7, Airteagal 8 agus i gcás gach beart agus Cinneadh a ghlactar faoi Chaibidil VI, gníomhóidh an Bord Maoirseoirí ar bhonn thromlach cáilithe a chomhaltaí, mar a shainítear in Airteagal 205 den Chonradh.

Déanfar gach Cinneadh eile de chuid an Bhoird Maoirseoirí trí thromlach simplí a chomhaltaí.

2. Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird Maoirseoirí, ar a thionscnamh féin nó ar a tionscnamh féin nó ar iarraidh a fháil ó aon trian de chomhaltaí an Bhoird, agus beidh na cruinnithe faoi chathaoirleacht an Chathaoirligh.

3. Glacfaidh an Bord Maoirseoirí a rialacha nós imeachta agus poibleoidh sé iad.

4. Leagfar amach go mion sna rialacha nós imeachta na socruithe faoina rialaítear an vótáil lena n-áirítear, nuair is iomchuí, na rialacha faoina rialaítear na córaim. Cé is moite den Chathaoirleach agus den Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ní dhéanfaidh na comhaltaí sin nach bhfuil vóta acu ná na breathnóirí freastal ar aon phléití laistigh den Bhord Maoirseoirí a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais ar leith, ach amháin má fhoráiltear a mhalairt in Airteagal 61 nó sa reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2).

Roinn 2

Bord Bainistíochta

Airteagal 30

Comhdhéanamh

1. Beidh na comhaltaí seo a leanas ar an mBord Bainistíochta - an Cathaoirleach, ionadaí thar ceann an Choimisiúin, agus ceithre chomhalta eile a bheidh tofa ag an mBord Stiúrthóirí as measc a chomhaltaí féin.

Beidh malartach ag gach comhalta seachas ag an gCathaoirleach, agus féadfaidh an malartach sin ionad chomhalta an Bhoird Bainistíochta a ghlacadh murar féidir leis an gcomhalta sin freastal ar chruinniú.

Dhá bhliain go leith is ea an tréimhse a bheidh na comhaltaí atá tofa ag an mBord Maoirseoirí in oifig. Féadfar an tréimhse sin a shíneadh uair amháin.

2. Is trí thromlach de na comhaltaí a bheidh i láthair a glacfar cinntí an Bhoird Bainistíochta. Beidh vóta amháin ag gach comhalta.

Glacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin páirt i gcruinnithe an Bhoird Bainistíochta ach ní bheidh an ceart aige vóta a chaitheamh.

Glacfaidh an Bord Bainistíochta a rialacha nós imeachta agus poibleoidh sé iad.

3. Is é an Cathaoirleach a chomórfaidh cruinnithe an Bhoird Bainistíochta, ar a thionscnamh féin nó ar a tionscnamh féin nó ar iarraidh a fháil ó aon trian ar a laghad de chomhaltaí an Bhoird, agus beidh na cruinnithe faoi chathaoirleacht an Chathaoirligh.

Tiocfaidh an Bord le chéile i ngnáthsheisiún dhá uair sa bhliain ar a laghad.

4. Faoi réir a rialacha nós imeachta, féadfaidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta cuidiú a fháil ó chomhairleoirí nó ó shaineolaithe.

Airteagal 31

Neamhspleáchas

Gníomhóidh comhaltaí an Bhoird Bainistíochta go neamhspleách agus go hoibiachtúil ar mhaithe leis an gComhphobal, agus ní lorgóidh siad ná ní ghlacfaidh siad treoracha ó institiúidí nó ó chomhaltaí an Chomhphobail, ó aon rialtas Ballstáit nó ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

Airteagal 32

Cúraimí

1. Áiritheoidh an Bord Bainistíochta go gcuirfidh an tÚdarás a mhisean i gcrích agus go bhfeidhmeoidh sé na cúraimí a shanntar dó i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2. Déanfaidh an Bord Bainistíochta clár oibre bliantúil agus ilbhliantúil a bheartú agus cuirfear an clár oibre os comhair an Bhoird Maoirseoirí lena ghlacadh.

3. Feidhmeoidh an Bord Bainistíochta a chumhachtaí buiséadacha i gcomhréir le hAirteagal 49 agus Airteagal 50.

4. Glacfaidh an Bord Bainistíochta plean beartais fhoireann an Údaráis agus, de bhun Airteagal 54(2), glacfaidh sé na bearta cur chun feidhme is gá ó Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach (dá ngairfear 'na Rialacháin Foirne' anseo feasta).

5. Glacfaidh an Bord Bainistíochta na forálacha speisialta a bhaineann le ceart rochtana ar dhoiciméid an Údaráis, i gcomhréir le hAirteagal 58.

6. Déanfaidh an Bord Bainistíochta, tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí, an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí an Údaráis a ghlacadh ar bhonn na dréacht-tuarascála dá dtagraítear in Airteagal 38(7) agus cuirfidh sé an tuarascáil sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa faoin 15 Meitheamh. Poibleofar an tuarascáil sin.

7. Glacfaidh an Bord Bainistíochta a rialacha nós imeachta agus poibleoidh sé iad.

8. Ceapfaidh an Bord Bainistíochta comhaltaí an Bhoird Achomhairc agus cuirfidh sé iad as oifig i gcomhréir le hAirteagal 44(3) agus 44(5).

Roinn 3

Cathaoirleach

Airteagal 33

Ceapachán agus cúraimí

1. Beidh Cathaoirleach, a bheidh fostaithe go lánaimseartha ar bhonn neamhspleách gairmiúil, ina ionadaí nó ina hionadaí thar ceann an Údaráis.

Beidh an Cathaoirleach freagrach as obair an Bhoird Maoirseoirí a ullmhú agus gníomhóidh sé nó sí mar chathaoirleach ar chruinnithe an Bhoird Maoirseoirí agus ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta.

2. Tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte, is é an Bord Maoirseoirí a roghnóidh an Cathaoirleach ar bhonn fiúntais, scileanna, eolais ar institiúidí airgeadais agus ar mhargaí airgeadais, agus ar bhonn taithí ábhartha a bhaineann le maoirseacht airgeadais agus le rialáil airgeadais.

Sula gceapfar é nó í, beidh an t-iarrthóir a roghnóidh an Bord Maoirseoirí faoi réir a dhaignithe nó a daingnithe ag Parlaimint na hEorpa.

Déanfaidh an Bord Maoirseoirí malartach a thoghadh as measc a chomhaltaí agus comhlíonfaidh an duine sin feidhmeanna an Chathaoirligh má bhíonn an Cathaoirleach as láthair.

3. Is cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Chathaoirligh agus féadfar an téarma sin a shíneadh uair amháin.

4. Feadh na tréimhse naoi mí roimh dheireadh an téarma cúig bliana sin, déanfaidh an Bord Maoirseoirí meastóireacht ar an méid seo a leanas:

(a) na torthaí a gnóthaíodh sa chéad téarma Oifige agus an tslí ar gnóthaíodh iad;

(b) dualgais agus ceanglais an Údaráis sna blianta le teacht.

Féadfaidh an Bord Maoirseoirí, ag tabhairt aird ar an meastóireacht sin, téarma oifige an Chathaoirligh a shíneadh uair amháin faoi réir a dhaingnithe ag Parlaimint na hEorpa.

5. Ní fhéadfar an Cathaoirleach a chur as oifig ach amháin ar Chinneadh ón mBord Maoirseoirí faoi réir a dhaingnithe ag Parlaimint na hEorpa.

Ní fhéadfaidh an Cathaoirleach cosc a chur ar an mBord Maoirseoirí ábhair a bhaineann leis an gCathaoirleach a phlé, go háirithe an gá lena chur nó lena cur as oifig agus ní bheidh sé nó sí páirteach in aon phlé a bhaineann le hábhar den sórt sin.

Airteagal 34

Neamhspleáchas

Gan dochar do ról an Bhoird Maoirseoirí maidir leis na cúraimí atá ar an gCathaoirleach, ní lorgóidh ná ní ghlacfaidh an Cathaoirleach treoracha ó institiúidí nó ó chomhlachtaí Comhphobail, ó aon rialtas Ballstáit nó ó aon chomhlacht príobháideach nó poiblí eile.

Airteagal 35

Tuarascáil

1. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa cuireadh a thabhairt don Chathaoirleach nó dá mhalartach nó dá malartach, agus a neamhspleáchas á urramú aici go hiomlán, ráiteas a dhéanamh go rialta os comhair a coiste inniúil agus ceisteanna a chuireann comhaltaí den choiste sin a fhreagairt.

2. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa iarraidh ar an gCathaoirleach freisin tuarascáil a chur faoina bráid ar fheidhmíocht a chuid dualgas nó a cuid dualgas.

Roinn 4

Stiúrthóir Feidhmiúcháin

Airteagal 36

Ceapachán

1. Beidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin, a bheidh fostaithe go lánaimseartha ar bhonn neamhspleách gairmiúil, ina bhainisteoir nó ina bainisteoir ar an Údarás.

2. Tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte, is é an Bord Maoirseoirí a roghnóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar bhonn fiúntais, scileanna, eolais ar institiúidí airgeadais agus ar mhargaí airgeadais, agus ar bhonn taithí ábhartha a bhaineann le maoirseacht airgeadais, le rialáil airgeadais agus ar bhonn taithí bainisteoireachta.

3. Is cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin agus féadfar an téarma sin a shíneadh uair amháin.

4. Feadh na tréimhse naoi mí roimh dheireadh an téarma cúig bliana sin, déanfaidh an Bord Maoirseoirí meastóireacht.

Is é an méid seo a leanas, go háirithe, a dhéanfaidh an Bord Maoirseoirí a mheasúnú sa mheastóireacht sin:

(a) na torthaí a gnóthaíodh sa chéad téarma Oifige agus an tslí ar gnóthaíodh iad;

(b) dualgais agus ceanglais an Údaráis sna blianta le teacht.

Féadfaidh an Bord Maoirseoirí, ag tabhairt aird ar an meastóireacht sin, téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a shíneadh uair amháin.

5. Ní fhéadfar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a chur as oifig ach amháin ar Chinneadh ón mBord Maoirseoirí.

Airteagal 37

Neamhspleáchas

Gan dochar do róil an Bhoird Bainistíochta agus an Bhoird Maoirseoirí faoi seach maidir leis na cúraimí atá ar an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ní lorgóidh ná ní ghlacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin treoracha ó aon rialtas, ó aon údarás, ó aon eagraíocht nó ó aon duine atá taobh amuigh den Údarás.

Airteagal 38

Cúraimí

1. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin i gceannas ar bhainistiú an Údaráis agus ullmhóidh sé nó sí obair an Bhoird Bainistíochta.

2. Beidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagrach as clár oibre bliantúil an Údaráis a chur chun feidhme faoi stiúir an Bhoird Maoirseoirí agus faoi rialú an Bhoird Bainistíochta.

3. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na bearta is gá, go háirithe treoracha riaracháin imheánacha a ghlacadh agus fógraí a fhoilsiú, lena áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás go cuí, i gcomhréir leis an Rialachán seo.

4. Ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin clár oibre ilbhliantúil mar a thagraítear dó in Airteagal 32(2).

5. Faoin 30 Meitheamh gach bliain, ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin clár oibre don bhliain ina dhiaidh sin, mar a thagraítear dó in Airteagal 32(2).

6. Tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas réamh-dhréachtbhuiséad an Údaráis de bhun Airteagal 49 agus cuirfidh sé nó sí buiséad an Údaráis chun feidhme de bhun Airteagal 50.

7. Ullmhóidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin dréacht-tuarascáil bhliantúil gach bliain agus bainfidh roinn amháin den dréacht-tuarascáil sin le gníomhaíochtaí rialála agus le gníomhaíochtaí maoirseachta an Údaráis agus roinn eile le cúrsaí airgeadais agus riaracháin.

8. Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagal 54 a fheidhmiú maidir le foireann an Údaráis agus déanfaidh sé nó sí cúrsaí foirne a bhainistiú.

CAIBIDIL IV

AN CÓRAS EORPACH MAOIRSEOIRÍ AIRGEADAIS

Roinn 1

Forálacha ginearálta

Airteagal 39

Comhdhéanamh

1. Beidh an tÚdarás ina chuid den Chóras Eorpach Maoirseoirí Airgeadais (CEMA), córas a fheidhmíonn mar líonra de mhaoirseoirí.

2. Beidh na húdaráis seo a leanas ar CEMA:

(a) na húdaráis sna Ballstáit mar a shonraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, Airteagal 1(2) de Rialachán (CE) Uimh. .../... [EBA] agus Airteagal 1(2) de Rialachán (CE) Uimh. .../... [ESMA];

(b) an tÚdarás;

(c) an tÚdarás Baincéireachta Eorpach arna bhunú faoi Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. .../... [EBA];

(d) an tÚdarás Eorpach um Úrrúis agus Margaí arna bhunú faoi Airteagal 1 de Rialachán (CE) Uimh. .../... [ESMA];

(e) Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach dá bhforáiltear in Airteagal 40;

(f) an Coimisiún ar mhaithe leis na cúraimí dá dtagraítear in Airteagal 7, Airteagal 9 agus Airteagal 10 a chomhlíonadh.

3. Comhoibreoidh an tÚdarás go rialta agus go dlúth, áiritheoidh sé comhsheasmhacht trasearnála na hoibre agus tiocfaidh sé ar chomhsheasaimh i réimse na maoirseachta ar ilchuideachtaí airgeadais agus i saincheisteanna trasearnála eile in éineacht leis an Údarás Baincéireachta Eorpach agus leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí trí Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach a bhunaítear in Airteagal 40.

Roinn 2

Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach

Airteagal 40

Bunú

1. Bunaítear leis seo Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach.

2. Fónfaidh an Comhchoiste mar fhóram ina gcomhoibreoidh an tÚdarás go rialta agus go dlúth agus áiritheoidh sé comhsheasmhacht trasearnála leis an Údarás Baincéireachta Eorpach agus leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí.

3. Cuirfidh an tÚdarás dóthain acmhainní ar fáil do chóras riaracháin Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach. Beidh ar áireamh sna hacmhainní sin na costais foirne, riaracháin, bonneagair agus oibríochtúla.

Airteagal 41

Comhdhéanamh

1. Is é a bheidh ar an gComhchoiste an Cathaoirleach féin agus Cathaoirleach an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh agus Cathaoirleach an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí, agus, más iomchuí, Cathaoirleach Fochoiste arna bhunú faoi Airteagal 43.

2. Tabharfar cuireadh don Stiúrthóir Feidhmiúcháin, don Choimisiún agus do BERS freastal i gcáil breathnóirí ar chruinnithe Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach agus ar chruinnithe na bhFochoistí dá dtagraítear in Airteagal 43.

3. Ceapfar Cathaoirleach ar Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach ar bhonn bliantúil as measc Chathaoirligh an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh, an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Ghairme agus an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí i sealaíocht ar a chéile.

4. Glacfaidh Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach a rialacha nós imeachta agus foilseoidh sé iad. Féadfaidh na rialacha comhaltaí breise a shonrú ar féidir leo freastal ar chruinnithe an Chomhchoiste.

Tiocfaidh Comhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach le chéile gach tréimhse dhá mhí ar a laghad.

Airteagal 42

Comhsheasaimh agus comhghníomhartha

Laistigh de raon feidhme a chúraimí i gCaibidil II, agus go háirithe maidir le cur chun feidhme Threoir 2002/87/CE, nuair is ábhartha, tiocfaidh an tÚdarás ar chomhsheasaimh in éineacht leis an Údarás Baincéireachta Eorpach agus leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí de réir mar is iomchuí.

Maidir le gníomhartha faoi Airteagail 7, 9, 10, nó 11 den Rialachán seo maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2002/87/CE agus aon reachtaíochta eile dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a thagann faoi réimse inniúlachta an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh nó an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí, glacfaidh an tÚdarás na gníomhartha sin i gcomhthráth leis an Údarás Baincéireachta Eorpach, agus leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí, de réir mar as iomchuí.

Airteagal 43

Fochoistí

Chun críocha Airteagal 42, bunófar Fochoiste um Ilchuideachtaí Airgeadais mar chuid de Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach.

Is é a bheidh ar an bhFochoiste na daoine dá dtagraítear in Airteagal 41(1), agus ionadaí ardleibhéil amháin ó fhoireann reatha an údaráis maoirseachta náisiúnta ábhartha as gach Ballstát.

Déanfaidh an Fochoiste Cathaoirleach a thoghadh as measc a chomhaltaí, agus beidh an Cathaoirleach ina chomhalta nó ina comhalta de Chomhchoiste na nÚdarás Maoirseachta Eorpach freisin.

Féadfaidh an Comhchoiste Fochoistí eile a bhunú freisin.

Roinn 3

Bord Achomhairc

Airteagal 44

Comhdhéanamh

1. Beidh an Bord Achomhairc ina chomhchomhlacht den Údarás Baincéireachta Eorpach, den Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme, agus den Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí.

2. Beidh sé chomhalta agus sé mhalartach ar an mBord Achomhairc, agus beidh eolas ábhartha agus taithí ábhartha ag na daoine sin, nach baill d'fhoireann reatha na n-údarás maoirseachta náisiúnta nó institiúidí naisiúnta nó Comhphobail eile a bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí an Údaráis iad.

Is é an Bord Achomhairc féin a ainmneoidh a Uachtarán.

Déanfar cinntí an Bhoird Achomhairc a ghlacadh trí thromlach ceathrair ar a laghad as measc a sé chomhalta.

Comórfaidh an tUachtarán an Bord Achomhairc nuair is gá sin.

3. Déanfaidh Bord Bainistíochta an Údaráis dhá chomhalta den Bhord Achomhairc agus dhá mhalartach a ainmniú ó ghearrliosta arna mholadh ag an gCoimisiún, tar éis iarratas poiblí ar léiriú spéise a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.

Déanfar na comhaltaí eile a ainmniú i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. .../... [EBA] agus Rialachán (CE) Uimh. .../... [ESMA].

4. Is cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Achomhairc. Féadfar an téarma sin a shíneadh uair amháin.

5. Ní fhéadfar comhalta den Bhord Achomhairc a fuair ainmniú ó Bhord Bainistíochta an Údaráis a chur as oifig le linn a théarma nó a téarma in oifig, ach amháin má tá sé cruthaithe go bhfuil sé nó sí ciontach i mí-iompar tromchúiseach, agus má dhéanann an Bord Bainistíochta Cinneadh chun na críche sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBord Maoirseoirí.

6. Áiritheoidh an tÚdarás, an tÚdarás Baincéireachta Eorpach agus an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí go bhfuil tacaíocht leordhóthanach oibríochtúil agus rúnaíochta ar fáil don Bhord Achomhairc.

Airteagal 45

Neamhspleáchas agus neamhchlaontacht

1. Beidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc neamhspleách agus iad ag déanamh cinntí. Ní bheidh siad faoi cheangal ag aon treoracha. Ní fhéadfaidh siad aon dualgais eile a fheidhmiú san Údarás, ná i mBord Bainistíochta ná i mBord Maoirseoirí an Údaráis.

2. Ní fhéadfaidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc páirt a ghlacadh in aon imeachtaí achomhairc má tá leas pearsanta acu sna himeachtaí sin, nó más rud é go raibh siad páirteach iontu roimhe sin mar ionadaithe thar ceann páirtí sna himeachtaí, nó go raibh siad páirteach sa chinneadh atá faoi achomhairc.

3. Más rud é, ar chúis amháin as na cúiseanna dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 nó ar aon chúis eile, go bhfuil comhalta de Bhord Achomhairc den tuairim nár cheart do chomhchomhalta dá chuid nó dá cuid páirt a ghlacadh in aon imeachtaí achomhairc, cuirfidh an comhalta sin an Bord Achomhairc ar an eolas faoi de réir mar is cuí.

4. Féadfaidh aon pháirtí sna himeachtaí achomhairc agóid a dhéanamh in aghaidh comhalta den Bhord Achomhairc a bheith rannpháirteach in imeachtaí ar aon cheann de na cúiseanna dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2, nó má bhíonn amhras ann go bhfuil an comhalta sin claonta.

Ní fhéadfar agóid a bhunú ar náisiúntacht na gcomhaltaí agus ní bheidh agóid inghlactha má bhíonn céim den nós imeachta glactha ag an bpáirtí sna himeachtaí achomhairc seachas cur i gcoinne chomhdhéanamh an Bhoird Achomhairc agus fios aige nó aici go raibh cúis achomhairc ann.

5. Cinnfidh an Bord Achomhairc an beart a dhéanfar sna cásanna a shonraítear i mír 1 agus mír 2 agus ní bheidh an comhalta lena mbaineann rannpháirteach sa chinneadh sin.

D'fhonn an Cinneadh sin a dhéanamh, cuirfear malartach an chomhalta lena mbaineann in ionad an chomhalta sin ar an mBord Achomhairc, ach amháin má tá an malartach sa chor céanna. Sa chás sin, ainmneoidh an Cathaoirleach duine ionaid as na malartaigh a bheidh ar fáil.

6. Féachfaidh comhaltaí an Bhoird Achomhairc chuige go ngníomhóidh siad go neamhspleách agus ar mhaithe le leas an phobail.

Chun na críche sin, déanfaidh siad dearbhú maidir lena n-oibleagáidí agus dearbhú maidir lena leasanna, lena sonróidh siad nach bhfuil aon leas acu a bhféadfaí a mheas mar dhochar dá neamhspleáchas nó go bhfuil leas díreach nó indíreach acu a bhféadfaí a mheas mar dhochar dá neamhspleáchas.

Poibleofar na dearbhuithe sin ar bhonn bliantúil agus i scríbhinn.

CAIBIDIL V

LEIGHEASANNA

Airteagal 46

Achomhairc

1. Féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach, lena n-áirítear údaráis maoirseachta náisiúnta, achomharc a dhéanamh in aghaidh cinnidh de chuid an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 9, Airteagal 10 agus Airteagal 11 nó aon chinnidh eile arna dhéanamh ag an Údarás i gcomhréir le reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a díríodh chuig an duine sin, nó in aghaidh cinnidh ar de chúram an duine sin é go díreach agus go leithleach, bíodh is gur Cinneadh é a díríodh chuig duine eile.

2. Déanfar an t-achomharc, mar aon le ráiteas ar na forais atá leis, a chomhdú i scríbhinn san Údarás, laistigh de dhá mhí ón lá ar tugadh fógra faoin gCinneadh don duine lena mbaineann, nó ina éagmais sin, laistigh de dhá mhí ón lá ar foilsíodh Cinneadh an Údaráis.

Déanfaidh an Bord Achomhairc Cinneadh faoin achomharc laistigh de dhá mhí ón uair a taisceadh é.

3. Ní bheidh éifeacht fionraíochta ag achomharc arna thaisceadh de bhun mhír 1.

Féadfaidh an Bord Achomhairc, áfach, má mheasann sé gur gá sin sna himthosca, cur i bhfeidhm an chinnidh atá á chonspóid a chur ar fionraí.

4. Má tá an t-achomharc inghlactha, scrúdóidh an Bord Achomhairc an bhfuil bunús maith leis an achomharc. Tabharfaidh sé cuireadh, a mhinice is gá, do na páirtithe sna himeachtaí achomhairc tuairimí a chomhdú laistigh de theorainneacha sonraithe ama maidir leis na fógraí a eiseoidh sé féin, nó maidir le cumarsáidí ó na páirtithe eile sna himeachtaí achomhairc. Beidh páirtithe sna himeachtaí achomhairc i dteideal cur i láthair ó bhéal a dhéanamh.

5. Féadfaidh an Bord Achomhairc, laistigh d'fhorálacha an Airteagail seo, aon chumhacht atá faoi inniúlacht an Údaráis a fheidhmiú nó féadfaidh sé an cás a chur chuig comhlacht inniúil an Údaráis. Beidh Cinneadh an Bhoird Achomhairc ina cheangal ar an gcomhlacht sin.

6. Glacfaidh an Bord Achomhairc a rialacha nós imeachta agus poibleoidh sé iad.

7. Beidh na cinntí a dhéanfaidh an Bord Achomhairc réasúnaithe go cuí agus poibleoidh an tÚdarás na cinntí sin.

Airteagal 47

Caingne os comhair na Cúirte Céadchéime agus os comhair na Cúirte Breithiúnais

1. Féadfar caingean a thabhairt os comhair na Cúirte Céadchéime nó os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le hAirteagal 230 den Chonradh, lena gconspóidfear Cinneadh a rinne an Bord Achomhairc, nó i gcásanna nach bhfuil aon cheart achomhairc ann os comhair an Bhoird Achomhairc, Cinneadh a rinne an tÚdarás.

2. I gcás ina bhfuil oibleagáid ar an Údarás gníomhú agus ina dteipeann air Cinneadh a dhéanamh, féadfar imeachtaí i ngeall ar neamhghníomh a thabhairt os comhair na Cúirte Céadchéime nó os comhair na Cúirte Breithiúnais i gcomhréir le hAirteagal 232 den Chonradh.

3. Beidh sé de cheanglas ar an Údarás na bearta is gá a dhéanamh chun breithiúnas na Cúirte Céadchéime nó breithiúnas na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh.

CAIBIDIL VI

FORÁLACHA AIRGEADAIS

Airteagal 48

Buiséad an Údaráis

1. Seo a leanas a bheidh in ioncam an Údaráis go háirithe:

(a) ranníocaíochtaí éigeantacha ó na húdaráis phoiblí náisiúnta atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar institiúidí airgeadais;

(b) fóirdheontas ón gComhphobal, a iontrálfar i mbuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (Rannán an Choimisiúin);

(c) aon táillí a íocfar leis an Údarás sna cásanna sin a shonraítear sna hionstraimí ábhartha i ndlí an Chomhphobail.

2. Beidh i gcaiteachas an Údaráis ar a laghad costais foirne, luach saothair, costais riaracháin, costais bhonneagair agus costais oibríochtúla.

3. Beidh an t-ioncam agus an caiteachas ar comhardú.

4. Déanfar meastacháin ar ioncam iomlán agus ar chaiteachas iomlán an Údaráis a ullmhú gach bliain airgeadais, a fhreagraíonn don bhliain féilire, agus iontrálfar iad i mbuiséad an Údaráis.

Airteagal 49

Bunú an bhuiséid

1. Faoin 15 Feabhra gach bliain, tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin suas dréachtráiteas ar na meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas don bhliain airgeadais dar gcionn, agus cuirfidh sé nó sí an réamhdhréacht den bhuiséad, mar aon leis an bplean bunaíochta, chuig an mBord Bainistíochta. Gach bliain, soláthróidh an Bord Bainistíochta ráiteas ar na meastacháin ar ioncam agus ar chaiteachas an Údaráis don bhliain airgeadais dar gcionn, bunaithe ar an réamhdhréacht a bheidh tarraingthe suas ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin. Déanfaidh an Bord Bainistíochta an ráiteas sin ar mheastacháin, lena n-áirítear dréachtphlean bunaíochta, a chur chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta. Sula nglacfar an ráiteas ar mheastacháin, déanfaidh an Bord Maoirseoirí an dréacht a bheidh ullmhaithe ag an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a fhormheas.

2. Déanfaidh an Coimisiún an ráiteas ar mheastacháin, mar aon leis an réamhdhréacht de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, a chur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (dá ngairfear 'an t-údarás buiséadach' anseo feasta).

3. Ar bhonn an ráitis ar mheastacháin, déanfaidh an Coimisiún na meastacháin a mheasann sé is gá maidir leis an bplean bunaíochta agus suim an fhóirdheontais a mhuirearófar ar bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh i gcomhréir le hAirteagal 272 den Chonradh a iontráil sa réamhdhréacht de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.

4. Glacfaidh an t-údarás buiséadach plean bunaíochta an Údaráis. Déanfaidh an t-údarás buiséadach na leithreasaí don fhóirdheontas a thabharfar don Údarás a údarú.

5. Is é an Bord Bainistíochta a ghlacfaidh buiséad an Údaráis. Beidh sé ina bhuiséad críochnaitheach tar éis do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a bheith glactha go críochnaitheach. I gcás inar gá, coigeartófar é dá réir.

6. Tabharfaidh an Bord Bainistíochta fógra don údarás buiséadach, a luaithe is féidir, faoi aon tionscadal a bhfuil sé ar intinn aige a chur chun feidhme agus a bhféadfadh impleachtaí suntasacha airgeadais a bheith aige ar mhaoiniú a bhuiséid, go háirithe faoi aon tionscadal a bhaineann le maoin amhail foirgnimh a fháil ar cíos nó a cheannach. Cuirfidh sé an Coimisiún ar an eolas faoi sin. Má bhíonn sé ar intinn ag ceachtar brainse den údarás buiséadach tuairim a eisiúint, tabharfaidh sé fógra don Údarás, laistigh de dhá sheachtain tar éis dó an fhaisnéis faoin tionscadal a fháil, go bhfuil sé ar intinn aige tuairim den sórt sin a eisiúint. Mura bhfaightear freagra, féadfaidh an tÚdarás dul ar aghaidh leis an oibríocht atá beartaithe.

Airteagal 50

An buiséad a chur chun feidhme agus a rialú

1. Feidhmeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin mar oifigeach údaráis agus cuirfidh sé nó sí buiséad an Údaráis chun feidhme.

2. Faoin 1 Márta tar éis dheireadh gach bliana airgeadais, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis na cuntais shealadacha ar aghaidh chuig oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, mar aon leis an tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais sa bhliain airgeadais sin. Chomh maith leis sin, seolfaidh oifigeach cuntasaíochta an Údaráis an tuarascáil ar an mbainistíocht buiséid agus airgeadais chuig comhaltaí an Bhoird Maoiseoirí, chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoin 31 Márta den bhliain dar gcionn.

Comhdhlúthóidh oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin cuntais shealadacha na n-institiúidí agus na gcomhlachtaí díláraithe ansin i gcomhréir le hAirteagal 128 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle [40], (dá ngairfear 'an Rialachán Airgeadais' anseo feasta).

3. Tar éis don Stiúrthóir barúlacha na Cúirte Iniúchóirí a fháil maidir le cuntais shealadacha an Údaráis i gcomhréir le forálacha Airteagal 129 den Rialachán Airgeadais, tarraingeoidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntais chríochnaitheacha an Údaráis suas, faoina fhreagracht féin nó faoin freagracht féin, agus cuirfidh sé nó sí faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta iad chun tuairim a fháil uaidh ina leith.

4. Tabharfaidh an Bord Bainistíochta tuairim uaidh maidir le cuntais chríochnaitheacha an Údaráis.

5. Faoin 1 Iúil tar éis dheireadh na bliana airgeadais, cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na cuntais chríochnaitheacha sin, mar aon le tuairim an Bhoird Bainistíochta, chuig comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

6. Foilseofar na cuntais chríochnaitheacha.

7. Tabharfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin freagra ar bharúlacha na Cúirte Iniúchóirí agus cuirfidh sé chuig an gCúirt é faoin 30 Meán Fómhair. Cuirfidh sé nó sí cóip den fhreagra seo freisin chuig an mBord Bainistíochta agus chuig an gCoimisiún.

8. Arna iarraidh sin ag Parlaimint na hEorpa, agus mar a fhoráiltear in Airteagal 146(3) den Rialachán Airgeadais, déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin aon fhaisnéis is gá i gcomhair dhea-fheidhmiú an nós imeachta urscaoilte don bhliain airgeadais i dtrácht a chur chuig an bParlamint.

9. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa, ar mholadh ón gComhairle a ghníomhóidh trí thromlach cáilithe, urscaoileadh a thabhairt don Údarás roimh an 15 Bealtaine de bhliain N + 2, i leith an buiséad do bhliain airgeadais N a chur chun feidhme.

Airteagal 51

Rialacha airgeadais

Tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún, glacfaidh an Bord Bainistíochta na rialacha airgeadais a mbeidh feidhm acu maidir leis an Údarás. Féadfaidh na rialacha sin imeacht ó Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2343/2002 ón gCoimisiún [41] más gá sin de réir riachtanais shonracha oibríochtúla an Údaráis, ach ní mór go n-aontódh an Coimisiún leis sin roimh ré.

Airteagal 52

Bearta frith-chalaoise

1. Chun calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht eile neamhdhleathach a chomhrac, beidh feidhm gan srian maidir leis an Údarás ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999.

2. Aontóidh an tÚdarás don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Pharlaimint na hEorpa, Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus Choimisiún na gComhphobal Eorpach, maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) [42] agus glacfaidh sé forálacha iomchuí láithreach bonn maidir le foireann uile an Údaráis.

3. Leagfar amach go sainráite sna cinntí maidir le maoiniú agus sna comhaontuithe agus sna hionstraimí cur chun feidhme a eascraíonn astu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha ar an láthair a chur i gcrích, más gá, ar thairbhithe airgid atá íoctha amach ag an Údarás agus ar chomhaltaí foirne atá freagrach as an airgead sin a leithdháileadh.

CAIBIDIL VII

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 53

Pribhléidí agus díolúintí

Beidh feidhm ag an bPrótacal ar phribhléidí agus díolúintí na gComhphobal Eorpach maidir leis an Údarás agus le foireann an Údaráis

Airteagal 54

An fhoireann

1. Beidh feidhm maidir le foireann an Údaráis, lena n-áirítear a Stiúrthóir Feidhmiúcháin, ag na Rialacháin Foirne, ag Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach agus ag na rialacha a ghlac institiúidí an Chomhphobail Eorpaigh go comhpháirteach chun na rialacháin sin a chur i bhfeidhm.

2. Glacfaidh an Bord Bainistíochta, le comhaontú an Choimisiúin, na bearta cur chun feidhme is gá, i gcomhréir leis na socruithe dá bhforáiltear in Airteagal 110 de na Rialacháin Foirne.

3. Déanfaidh an tÚdarás na cumhachtaí a thugtar don údarás ceapacháin leis na Rialacháin Foirne agus na cumhachtaí a thugtar don údarás atá i dteideal conarthaí a thabhairt i gcrích le Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach a fheidhmiú i ndáil lena fhoireann féin.

4. Déanfaidh an Bord Bainistíochta forálacha a ghlacadh chun go bhféadfar saineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit a fhostú ar iasacht san Údarás.

Airteagal 55

Dliteanas an Údaráis

1. I gcás dliteanais neamhchonarthaigh, déanfaidh an tÚdarás, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta is coiteann do dhlíthe na mBallstát, aon damáiste a shlánú a mbeidh a sheirbhísí nó a fhoireann ina siocair leis i bhfeidhmiú a gcuid feidhmeanna. Beidh dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais in aon díospóid a bhaineann le damáiste den sórt sin a leigheas.

2. Beidh dliteanas pearsanta airgeadais agus dliteanas araíonachta fhoireann an Údaráis i leith an Údaráis faoi rialú ag na forálacha ábhartha is infheidhme maidir le foireann an Údaráis.

Airteagal 56

Oibleagáid maidir le rúndacht ghairmiúil

1. Beidh comhaltaí an Bhoird Maoirseoirí agus an Bhoird Bainistíochta, an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, agus foireann an Údaráis lena n-áirítear oifigigh atá fostaithe ar iasacht ag Ballstáit ar bhonn sealadach, faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla de bhun Airteagal 287 den Chonradh agus de bhun na bhforálacha ábhartha sa reachtaíocht Chomhphobail ábhartha, fiú tar éis deireadh a theacht lena ndualgais.

2. Gan dochar do chásanna atá cumhdaithe ag an dlí coiriúil, ní féidir aon fhaisnéis rúnda a fhaigheann daoine dá dtagraítear i mír 1 agus iad ag feidhmiú a ndualgas, a nochtadh do dhuine ar bith nó d'údarás ar bith, ach amháin i bhfoirm achomair nó i bhfoirm thiomsach, sa chaoi is nach féidir institiúidí airgeadais aonair a aithint.

Thairis sin, ní chuirfidh an oibleagáid faoi mhír 1 agus faoin gcéad fhomhír den mhír seo de chosc ar an Údarás ná ar na húdaráis maoirseachta náisiúnta an fhaisnéis a úsáid chun an reachtaíocht dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a chur i bhfeidhm, agus go háirithe in imeachtaí dlíthiúla chun cinntí a ghlacadh.

3. Ní chuirfidh mír 1 agus mír 2 de chosc ar an Údarás faisnéis a mhalartú le húdaráis maoirseachta náisiúnta i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le reachtaíocht eile Chomhphobail is infheidhme maidir le hinstitiúidí airgeadais.

Beidh an fhaisnéis faoi réir choinníollacha na rúndachta gairmiúla dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2. Leagfaidh an tÚdarás síos ina rialacha nós imeachta inmheánacha na socruithe praiticiúla maidir leis na rialacha rúndachta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 2 a chur chun feidhme.

4. Cuirfidh an tÚdarás Cinneadh 2001/844/CE, CEGC, Euratom ón gCoimisiún i bhfeidhm [43].

Airteagal 57

Cosaint sonraí

Beidh an Rialachán seo gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát a bhaineann le próiseáil a dhéanann siad ar shonraí pearsanta faoi Threoir 95/46/CE nó d'oibleagáidí an Údaráis a bhaineann le próiseáil a dhéanann sé ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus é ag comhlíonadh na freagrachtaí atá air.

Airteagal 58

Rochtain ar dhoiciméid

1. Beidh feidhm maidir le doiciméid atá ag an Údarás ag Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

2. Glacfaidh an Bord Bainistíochta bearta praiticiúla chun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a chur i bhfeidhm faoin 31 Bealtaine 2011.

3. Féadfaidh na cinntí a dhéanfaidh an tÚdarás de bhun Airteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bheith ina n-ábhar gearáin chuig an Ombudsman nó ina n-ábhar imeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais, tar éis achomhairc chuig an mBord Achomhairc, de réir mar is iomchuí, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 195 agus Airteagal 230 den Chonradh faoi seach.

Airteagal 59

Socruithe teanga

1. Beidh feidhm maidir leis an Údarás ag forálacha Rialachán Uimh. 1 ón gComhairle [44].

2. Déanfaidh an Bord Bainistíochta Cinneadh maidir le socruithe inmheánacha teanga an Údaráis.

3. Soláthróidh Lárionad Aistriúcháin Chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh na seirbhísí aistriúcháin a theastóidh chun go bhfeidhmeoidh an tÚdarás.

Airteagal 60

Comhaontú maidir le Ceanncheathrú

Beidh socruithe riachtanacha maidir leis an gcóiríocht a chuirfear ar fáil don Údarás sa Bhallstát ina bhfuil a oifig chláraithe suite agus na háiseanna a chuirfidh an Ballstát sin ar fáil, mar aon leis na rialacha sonracha is infheidhme sa Bhallstát sin maidir leis an Stiúrthóir Feidhmiúcháin, le comhaltaí an Bhoird Stiúrthóirí, le foireann an Údaráis agus le baill dá dteaghlach leagtha síos i gcomhaontú maidir le ceanncheathrú idir an tÚdarás agus an Ballstát sin, agus tabharfar an comhaontú sin i gcrích a luaithe is a fhaightear cead ón mBord Bainistíochta.

Cuirfidh an Ballstát sin na coinníollacha is fearr is féidir ar fáil lena áirithiú go bhfeidhmeoidh an tÚdarás mar is cuí, lena n-áirítear scolaíocht ilteangach atá dírithe ar an Eoraip agus naisc iompair iomchuí.

Airteagal 61

Rannpháirtíocht tríú tíortha

Féadfaidh tíortha nach Ballstáit iad den Aontas Eorpach bheith rannpháirteach in obair an Údaráis má tá comhaontuithe tugtha i gcrích acu leis an gComhphobal trínar ghlac siad le dlí an Chomhphobail i réimse inniúlachta an Údaráis dá dtagraítear in Airteagal 1(2) agus go bhfuil an dlí sin á chur i bhfeidhm acu sa réimse sin.

Faoi fhorálacha ábhartha na gcomhaontuithe sin, déanfar socruithe lena sonrófar, go háirithe, nádúr, raon feidhme agus gnéithe nós imeachta maidir le rannpháirtíocht na dtíortha sin in obair an Údaráis, lena n-áirítear forálacha a bhaineann le ranníocaíochtaí airgeadais agus leis an bhfoireann. Féadfaidh siad foráil a dhéanamh d'ionadaíocht, i gcáil breathnóra, ar an mBord Maoirseoirí, ach áiritheoidh siad nach bhfreastalóidh na tíortha sin ar aon phléití a bhaineann le hinstitiúidí airgeadais ar leith, ach amháin má tá leas díreach i gceist.

CAIBIDIL VIII

FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 62

Bearta ullmhúcháin

1. Beidh an Coimisiún freagrach as bunú riaracháin agus as oibriú riaracháin an Údaráis ag an tús go dtí go mbeidh an cumas san Údarás féin a bhuiséad féin a chur chun feidhme.

Chun na críche sin, agus go dtí go nglacfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin a dhualgais nó a dualgais tar éis é nó í a bheith ceaptha ag an mBord Stiúrthóirí i gcomhréir le hAirteagal 36, féadfaidh an Coimisiún oifigeach amháin a shannadh ar bhonn idirthréimhseach d'fhonn feidhmeanna an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a chomhlíonadh.

2. Féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin idirthréimhseach gach íocaíocht a údarú a chlúdaítear sna creidmheasanna a ndéantar foráil dóibh i mbuiséad an Údaráis, i ndiaidh don Bhord Bainistíochta iad a fhormheas, agus féadfaidh sé nó sí conarthaí a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear conarthaí foirne tar éis plean bunaíochta an Údaráis a ghlacadh.

3. Tá mír 1 agus mír 2 gan dochar do chumhachtaí an Bhoird Maoirseoirí agus an Bhoird Bainistíochta.

Airteagal 63

Forálacha idirthréimhseacha maidir leis an bhfoireann

1. De mhaolú ar Airteagal 54, maidir le gach conradh fostaíochta arna thabhairt i gcrích ag Coiste na Maoirseoirí Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpacha nó ag a Rúnaíocht agus atá i bhfeidhm ón lá a gcuirtear an Rialachán seo i bhfeidhm, déanfar iad a chomhlíonadh go dtí an lá a dtéann siad in éag. Ní fhéadfar iad a shíneadh.

2. Tabharfar an deis don fhoireann ar fad atá fostaithe ar chonradh dá dtagraítear i mír 1 conarthaí do ghníomhaire sealadach a thabhairt i gcrích faoi Airteagal 2(a) de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach ag na gráid éagsúla mar a leagtar amach i bplean bunaíochta an Údaráis.

Tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm, déanfaidh an t-údarás atá údaraithe chun conarthaí a thabhairt i gcrích roghnú inmheánach agus beidh an roghnú sin teoranta don fhoireann sin a bhfuil conarthaí acu le Coiste na Maoirseoirí Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpacha nó lena Rúnaíocht d'fhonn cumas, éifeachtúlacht agus ionracas na ndaoine sin atá le fostú a sheiceáil.

3 Ag brath ar na cineálacha feidhmeanna agus ar leibhéal na bhfeidhmeanna a bheidh le feidhmiú, déanfar conarthaí do ghníomhaire sealadach a thairiscint do na hiarrthóirí a éireoidh leo agus mairfidh na conarthaí sin ar feadh tréimhse a chomhfhreagróidh ar a laghad don tréimhse atá fágtha faoin seanchonradh.

4. Leanfaidh an reachtaíocht ábhartha náisiúnta a bhaineann le conarthaí saothair agus na hionstraimí ábhartha eile d'fheidhm a bheith acu maidir le baill den fhoireann a bhfuil seanchonarthaí acu ach nach mian leo iarratas a dhéanamh ar chonradh do ghníomhaire sealadach nó nach dtairiscítear conradh do ghníomhaire sealadach dóibh i gcomhréir le mír 2.

Airteagal 64

Leasuithe

Déanfar Cinneadh Uimh. ... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... lena mbunaítear clár Comhphobail chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí sonracha i réimse na seirbhísí airgeadais, an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta, a leasú leis seo a mhéid a bhaintear Coiste na Maoirseoirí Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpacha ó liosta na dtairbhithe a leagtar amach i Roinn B den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin.

Airteagal 65

Aisghairm

Aisghairtear leis seo Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún lena mbunaítear Coiste na Maoirseoirí Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpacha.

Airteagal 66

Meastóireacht

1. Laistigh de thrí bliana ón dáta a leagtar amach sa dara mír d'Airteagal 67 agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ghinearálta ar an taithí a fuarthas mar thoradh ar fheidhmiú an Údaráis agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo.

Déanfaidh an tuarscáil sin meastóireacht freisin ar an dul chun cinn atá déanta i dtreo cóineasú rialála agus maoirseachta i réimsí an bhainistithe géarchéime agus an réitithe géarchéime sa Chomhphobal. Bunófar an mheastóireacht ar chomhairliúchán fairsing, lena n-áirítear comhairliúchán leis an nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais, Athárachais agus Pinsean Gairme.

2. Déanfar an tuarascáil agus aon tograí a ghabhann leis, mar is iomchuí, a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

Airteagal 67

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm leis amhail ón 1 Eanáir 2011.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an [...]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

Tá sé beartaithe go mbeidh an doiciméad seo ag gabháil leis an Meabhrán Míniúcháin agus go mbeidh sé ina chomhlánú air. Agus an Ráiteas Airgeadais reachtach seo á chomhlánú, agus gan dochar dá inléiteacht, is ceart chuige sin iarracht a dhéanamh aon athrá ar an bhfaisnéis sa Mheabhrán Míniúcháin a sheachaint. Sula gcomhlánann tú an teimpléad seo, féach ar na Treoirlínte sonracha a leagadh síos chun cabhrú leat agus chun soiléiriú a thabhairt maidir leis na pointí seo thíos.

1. AINM AN TOGRA:

Rialachán (CE) Uimh. xxx ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme.

2. CREAT "ABM/ABB" (BAINISTIÚ/BUNÚ AN BHUISÉID DE RÉIR GNÍOMHAÍOCHTAÍ)

Réimse/réimsí beartais lena mbaineann agus aon Ghníomhaíocht ghaolmhar/Gníomhaíochtaí gaolmhara.

Margadh Inmheánach – Margaí airgeadais.

3. NA LÍNTE BUISÉID

3.1. Na línte buiséid (línte oibríochtúla agus línte a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (na seanlínte B..A)) agus na ceannteidil seo a leanas:

Is gá línte nua a chruthú (níl sna hainmneacha agus sna huimhreacha ach ainmneacha agus uimhreacha táscacha):

Ceannteidil:

12 Margadh Inmheánach

12.04 Margaí Airgeadais

12.0403 Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme

Línte Buiséid:

12.0403.01 ÚEAPG – Fóirdheontas faoi Theideal 1 agus faoi Theideal 2 (Caiteachas foirne agus riaracháin)

12.0403.02 ÚEAPG – Fóirdheontas faoi Theideal 3 (Caiteachas oibríochtúil)

3.2. Fad thréimhse an ghnímh agus na hiarmharta airgeadais:

Neamhchinnte

3.3. Tréithe buiséadacha:

Líne Buiséid | Saghas caiteachais | Nua | Ranníocaíocht CSTE | Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí | Ceannteideal sa Pheirspictíocht Airgeadais |

1204010101 | Neamhéigeantach | LD [45] | TÁ | TÁ | NÍL | Uimh. 1a |

1204010102 | Neamhéigeantach | LD | TÁ | TÁ | NÍL | Uimh. 1a |

4. ACHOIMRE AR NA hACMHAINNÍ

4.1. Acmhainní Airgeadais

4.1.1. Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ)

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Saghas caiteachais | Uimh. Coda | | 2011 | 2012 | 2013 | Iomlán | | | |

Caiteachas oibríochtúil [46] | | | | | | | | |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) | 8.1. | a | 4, 235 | 5, 950 | 6, 799 | 16, 984 | | | |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) | | b | 4, 235 | 5, 950 | 6, 799 | 16, 984 | | | |

Caiteachas riaracháin laistigh den mhéid tagartha [47] | | | | |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin – (LN) | 8.2.4. | c | -- | -- | -- | -- | | | |

LÍON TAGARTHA IOMLÁN | | | | | | | |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí | | a+c | 4, 235 | 5, 950 | 6, 799 | 16, 984 | | | |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí | | b+c | 4, 235 | 5, 950 | 6, 799 | 16, 984 | | | |

Caiteachas riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha [48] | | |

Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (LN) | 8.2.5. | d | -- | -- | -- | -- | | | |

Speansais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus costais ghaolmhara, nach n-áirítear sa mhéid tagartha (LN) | 8.2.6. | e | -- | -- | -- | -- | | | |

Costas táscach airgeadais iomlán na hidirghabhála |

LO IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | | a+c+d+e | 4 235 | 5 950 | 6 799 | 16 984 | | | |

LÍ IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | | b+c+d+e | 4 235 | 5 950 | 6 799 | 16 984 | | | |

Sonraí an Chómhaoinithe

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Comhlacht cómhaoinithe | | 2011 | 2012 | 2013 | Iomlán | | | |

Ballstáit (údaráis mhaoirseachta náisiúnta nó aireachtaí airgeadais) | f | 6 352 | 8 925 | 10 199 | 25 476 | | | |

LO IOMLÁN lena n-áirítear cómhaoiniú | a+c+d+e+f | 10 587 | 14 874 | 16 998 | 42 459 | | | |

4.1.2. Comhoiriúnacht don Chlárú Airgeadais

Tá an togra comhoiriúnach don chlárú airgeadais atá ann cheana.

× Beidh athchlárú an teidil ábhartha ag gabháil leis an togra seo sa pheirspictíocht airgeadais.

× Féadfaidh an togra a cheangal go mbeidh gá forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh [49] a chur chun feidhme (i.e. ionstraim sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais).

4.1.3. Iarmhairt Airgeadais ar Ioncam

× Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam

4.2. Acmhainní daonna FTE (lena n-áirítear oifigigh, foireann shealadach agus sheachtrach) – féach na sonraí faoi phointe 8.2.1.

Riachtanais Bhliantúla | 2011 | 2012 | 2013 | n + 3 | n + 4 | n + 5 agus níos déanaí |

Líon iomlán na n-acmhainní daonna | 2,4 | 2,4 | 2,4 | | | |

5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ

5.1. An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Sa ghearrthéarma, an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme a chruthú mar chuid den Chóras Eorpach Maoirseoirí Airgeadais nua, ina bhfuil líonra d'údaráis mhaoirseachta Eorpacha agus náisiúnta agus lena bhféachtar le maoirseacht airgeadais san AE a eagrú ar bhealach atá níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla. San fhadtéarma, ba cheart go neartódh an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme comhordú maoirseachta ar earnáil árachais agus chiste pinsean an AE agus ba cheart freisin go rannchuideodh sé le gné Eorpach de mhaoirseacht airgeadais a fhorbairt d’fhonn margadh aonair an AE do sheirbhísí airgeadais a chomhlánú.

5.2. An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí airgeadais eile agus le sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Tá an géarchéim airgeadais tar éis a thabhairt chun suntais roinnt laigí substaintiúla a bhaineann leis an gcreat Eorpach le haghaidh maoirseachta airgeadais atá ann faoi láthair. Táthar tar éis na fadhbanna seo a leanas, a thugann bonn údair don ghá le rannpháirtíocht an Chomhphobail, a shainaithint:

· níl aon mheicníocht ann lena chinntiú go ndéanfaidh na maoirseoirí náisiúnta na cinntí maoirseachta is fearr is féidir d'institiúidí trasteorann;

· níl a dhóthain comhair ná a dhóthain malartú eolais á dhéanamh idir na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta;

· Ní mór nósanna imeachta atá mall agus a bhfuil ualach mór ag baint leo a leanúint do na sonraí teicniúla go léir a bhaineann le rialáil airgeadais;

· is gá, fad is a bhaineann sé le comhghníomh a dhéanann údaráis náisiúnta, an éagsúlacht atá ann sna ceanglais rialála agus maoirseachta a chur san áireamh;

· níl ach réitigh náisiúnta ar fáil chun dul i ngleic le fadhbanna uile-Eorpacha agus ní féidir ach na réitigh sin a chur chun feidhme.

Tá cumhachtaí teoranta ag Coistí Maoirseoirí an AE [50] atá ann faoi láthair chun déileáil leis na saincheisteanna sin.

5.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí gaolmhara an togra i gcomhthéacs an chreata le haghaidh bhainistiú na ngníomhaíochtaí (ABM)

Sainaithníodh na cuspóirí ginearálta seo a leanas don Chóras Eorpach Maoirseoirí Airgeadais agus go háirithe don Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme:

1. leas na maoirseoirí baile agus na maoirseoirí óstacha a chomhardú, i.e., próisis agus cleachtais a threisiú chun cinntí maoirseoirí náisiúnta a chonspóid ar bhonn trasteorann;

2. cothromaíocht a áirithiú d’institiúidí airgeadais a fheidhmíonn i roinnt Ballstát;

3. seachaint agus bainistiú géarchéime san Eoraip a fheabhsú, agus

4. éifeachtacht agus cost-éifeachtúlacht maoirseachta a fheabhsú do chuideachtaí a ndéantar maoirseacht orthu.

I bhfianaise na gcuspóirí ginearálta, sainaithníodh roinnt cúraimí ar leith do CEMA:

1. cúraimí reatha uile Choistí Maoirseoirí reatha an AE;

2. Caighdeáin theicniúla a fhorbairt d’fhonn cód cleachtais amháin a fhorbairt san AE

3. cur i bhfeidhm comhsheasmhach rialacha Comhphobail a áirithiú agus idirghabháil a dhéanamh idir mhaoirseoirí náisiúnta agus easaontais eatarthu a réiteach;

4. cinnteoireacht chomhordaithe i ngéarchéimeanna a áirithiú;

5. eintitis áirithe ag a bhfuil feidhm uile-Eorpach a mhaoirsiú;

6. cultúr coiteann maoirseachta a áirithiú.

Déanann an tábla seo thíos cuspóirí sonracha an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Ghairme a chur i láthair agus a mheaitseáil le táscairí gaolmhara:

Cuspóir | Táscaire beartaithe |

Caighdeáin theicniúla a fhorbairt d’fhonn cód cleachtais amháin a fhorbairt san AE | Líon na gcaighdeán teicniúil arna nglacadh i gcomparáid leis na caighdeáin is gá a fhorbairtLíon na gcaighdeán a mhol Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme agus ar dhiúltaigh an Coimisiún dóibhLíon na moltaí neamhcheangailteacha arna nglacadh |

Cur i bhfeidhm comhsheasmhach rialacha de chuid an AE a áirithiú | Líon na n-idirghabhálacha rathúla gan socrú ceangailteachLíon rabhadh maidir le sárú follasach an dlí Comhphobail |

Cultúr coiteann maoirseachta a áirithiú: rannpháirtíocht sna coláistí maoirseoirí | Líon na gcoláistí ina bhfuil Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme rannpháirteachAn meánmhéid cruinnithe in aghaidh an choláiste ar fhreastail ionadaithe an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Ghairme orthu |

Cultúr coiteann maoirseachta a áirithiú: gníomhaíochtaí eile | Líon na n-uaireanta oiliúna do mhaoirseoiríAn líon foirne a dhéanann malartuithe nó a théann ar iasachtLíon na n-athbhreithnithe piaraí a dhéantarLíon na mbac ar chóineasú a shainaithnítear agus a chuirtear as an mbealachUirlisí agus gléasanna nua praiticiúla chun cóineasú a chur chun cinn |

Maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar institiúidí airgeadais uile-Eorpacha | [Ábhartha don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí amháin faoi láthair] |

Cinnteoireacht chomhordaithe i ngéarchéimeanna a áirithiú; | Éifeachtacht na hidirghabhála, na gcinntí agus an chomhordaithe i ngéarchéimeanna |

Cultúr coiteann maoirseachta a áirithiú: faisnéis mhicreastuamachta a bhailiú agus a bhainistiú. | Dul chun cinn i bhforbairt na mbunachar sonraí láir: iomláine agus tráthúlacht faisnéise |

5.4. Modhanna don Chur i bhFeidhm (táscach)

Bainistiú láraithe

ag an gCoimisiún go díreach

go hindíreach trína tharmligean chuig:

Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

× comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais

comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

Bainistiú comhpháirteach nó díláraithe

leis na Ballstáit

le Tríú tíortha

Comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta (sonraigh le do thoil)

Barúlacha ábhartha:

6. MONATÓIREACHT AGUS MEASTÓIREACHT

6.1. Córas Monatóireachta

Déantar foráil leis an Rialachán lena mbunaítear Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme do mheastóireacht ar an taithí a fhaightear mar thoradh ar fheidhmiú an Údaráis agus ar na nósanna imeachta atá leagtha síos sa Rialachán seo, gach trí bliana ó thús éifeachtúil feidhme an Rialacháin. Chuige sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil ghinearálta, ina ndéanfar meastóireacht freisin ar dhul chun cinn déanta i dtreo cóineasú rialála agus maoirseachta. Déanfar an tuarascáil agus aon tograí a ghabhann leis a chur ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

6.2. Meastóireacht

6.2.1. Meastóireacht ex-ante

Rinneadh dhá mheasúnú iarmharta don togra le haghaidh athleasú a dhéanamh ar an gcóras maoirseachta airgeadais san AE:

1. Bhí an chéad mheasúnú iarmharta ginearálta (SEC(2009) 715) ag gabháil leis an Teachtaireacht dar teideal, ‘European Financial Supervision’ (Maoirseacht Eorpach Airgeadais) an 27 Bealtaine (COIM(2009) 252). Mar thoradh ar an anailís sa tuarascáil sin roghnaíodh cruthú an Chórais Eorpaigh Maoirseoirí Airgeadais mar an rogha is fearr chun an creat um maoirseacht mhicreastuamachta san AE a leasú.

2. Rinneadh an dara measúnú iarmharta, measúnú atá níos sonraí, chun gabháil leis na dréacht-Rialacháin lena mbunaítear Údarás Baincéireachta Eorpach, Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme agus Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí. Sa mheasúnú iarmharta sin rinneadh machnamh ar roinnt roghanna maidir le cúraimí ar leith agus le gnéithe a bhaineann le rialachas na nÚdarás nua. Tá meastacháin bhuiséid a úsáideadh sa Ráiteas Airgeadais Reachtach seo ar áireamh ann freisin.

6.2.2. Bearta arna nglacadh tar éis meastóireachta idirmheánaí/ex-post (ceachtanna a foghlaimíodh ón taithí a fuarthas roimhe seo)

Níl infheidhme.

6.2.3. Téarmaí agus minicíocht meastóireachta sa todhchaí

Cinnfidh an Coimisiún ar an bhfoireann dheireanach táscairí chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Ghairme tráth a dhéanfar an chéad mheastóireacht is gá. Don mheasúnú deireanach, beidh na táscairí cainníochtúla chomh tábhachtach leis an bhfianaise cháilíochtúil a bailíodh le linn na gcomhairliúchán, lena n-áirítear an t-ionchur ó ghrúpa geallsealbhóirí árachais agus chiste pinsean a bunaíodh go speisialta. Déanfar an mheastóireacht arís gach trí bliana.

7. Bearta frith-chalaoise

Chun críocha calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhlíthiúil eile a chomhrac, beidh feidhm gan srian ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna gcur i gcrích ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) maidir leis an Údarás.

Aontóidh an tÚdarás do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 idir Pharlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach, maidir le himscrúduithe inmheánacha arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus glacfaidh sé forálacha iomchuí láithreach bonn maidir le foireann uile an Údaráis.

Leagfar amach go sainráite sna cinntí maidir le maoiniú agus sna comhaontuithe agus sna hionstraimí cur chun feidhme a eascraíonn astu go bhféadfaidh an Chúirt Iniúchóirí agus OLAF seiceálacha ar an láthair a chur i gcrích, más gá, ar thairbhithe airgid atá íoctha amach ag an Údarás agus ar chomhaltaí foirne atá freagrach as an airgead sin a leithdháileadh.

8. Sonraí na nacmhainní

8.1. Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadais

Féach ar Iarscríbhinn 1 do mhiondealú mionsonraithe ar chostais an Údaráis agus ar Iarscríbhinn 2 do na príomhbhoinn tuisceana bhunúsacha agus ar Iarscríbhinn 3 do phlean bunaíochta mionsonraithe.

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

(Is ceart ceannteidil cuspóirí, gníomhartha agus aschur a sholáthar) | Saghas aschuir | Meánchostas | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN |

| | | Uimhir aschur | Costas iomlán | Uimhir aschur | Costas iomlán | Uimhir aschur | Costas iomlán | Uimhir aschur | Costas iomlán | Uimhir aschur | Costas iomlán | Uimhir aschur | Costas iomlán | Uimhir aschur | Costas iomlán |

CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL Uimir 1 [51]……… | | | | | | | | | | | | | | | | |

Gníomh 1………………. | | | | | | | | | | | | | | | | |

- Aschur 1 | | | | | | | | | | | | | | | | |

- Aschur 2 | | | | | | | | | | | | | | | | |

Gníomh 2………………. | | | | | | | | | | | | | | | | |

- Aschur 1 | | | | | | | | | | | | | | | | |

Fo-iomlán Cuspóir 1 | | | | | | | | | | | | | | | | |

CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL Uimir 21……… | | | | | | | | | | | | | | | | |

Gníomh 1………………. | | | | | | | | | | | | | | | | |

- Aschur 1 | | | | | | | | | | | | | | | | |

Fo-iomlán Cuspóir 2 | | | | | | | | | | | | | | | | |

CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL Uimir n1……… | | | | | | | | | | | | | | | | |

Fo-iomlán Cuspóir n | | | | | | | | | | | | | | | | |

Costas iomlán | | | | | | | | | | | | | | | | |

8.2. Caiteachas Riaracháin

8.2.1. Líon agus saghas acmhainní daonna

Saghasanna post | | Na baill foirne a mbeidh sé de chúram orthu an ghníomhaíocht a bhainistiú ag baint úsáide as acmhainní atá ann cheana agus/nó acmhainní breise (an líon post/FTEanna) |

| | 2011 | 2012 | 2013 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 |

Oifigigh nó foireann shealadach [52] (XX 01 01) | A*/AD | 1,2 | 1,2 | 1,2 | -- | -- | -- |

| B*, C*/AST | 1,2 | 1,2 | 1,2 | -- | -- | -- |

Foireann [53] arna maoiniú ag Airteagal XX 01 02 | -- | -- | -- | | -- | -- |

Foireann eile [54] arna maoiniú ag Airteagal XX 01 04/05 | -- | -- | -- | | -- | -- |

IOMLÁN | 2,4 | 2,4 | 2,4 | | -- | -- |

8.2.2. Cur síos ar na cúraimí a thagann as an ngníomh

· Bainistiú oibríochtúil chaidreamh an Choimisiúin leis an Údarás (arb ionann agus AD amháin ag obair go lán-aimseartha in aonad oibríochtúil)

· Bainistiú airgeadais an fhóirdheontais ó bhuiséad an Chomhphobail don Údarás (arb ionann agus AST amháin ag obair go lánaimseartha in aonad oibríochtúil agus 20% d’am oibre lánaimseartha AST amháin san aonad airgeadais)

· Monatóireacht agus iniúchadh (20% d'am oibre lánaimseartha AD amháin in Inniúlacht Iniúchta Inmheánaigh d'Ard-Stiurthóireacht an Mhargaidh Inmheánaigh agus Seirbhísí)

8.2.3. Foinsí na n-acmhainní daonna (reachtúla)

× Poist a athimscarfar ag baint úsáide as na hacmhainní atá ann cheana laistigh den tseirbhís bhainistithe (athimscaradh inmheánach)

Iarradh 12 phost cheana sa Ráiteas Airgeadais Reachtach atá i gceangal le Dréacht-Chinneadh lena mbunaítear clár Comhphobail chun tacú le gníomhaíochtaí sonracha i réimse na seirbhísí airgeadais, an tuairiscithe airgeadais agus na hiniúchóireachta (COIM(2009)14 leagan deireanach). Athimscarfar thart ar 8 gcinn de na poist sin ar an iomlán laistigh d’Ard-stiurthóireacht an Mhargaidh Imheánaigh agus Seirbhísí chun déileáil leis na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha nua (páirtaimseartha nó lánaimseartha): 6 in aonaid oibríochtúla; ceann amháin san aonad airgeadais agus ceann amháin san Inniúlacht Iniúchta Inmheánaigh.

8.2.4. Caiteachas eile riaracháin a áirítear sa mhéid tagartha (XX 01 04/05 – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin)

Níl infheidhme

8.2.5. Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara nach n-áirítear sa mhéid tagartha

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Saghas acmhainní daonna | 2011 | 2012 | 2013 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5agus níos déanaí |

Oifigigh agus foireann shealadach (XX 01 01) | 0,293 | 0,293 | 0,293 | -- | -- | -- |

Foireann arna maoiniú ag Airteagal XX 01 02 (foireann chúnta, SNI, foireann ar conradh, etc.)(sonraigh an líne buiséid) | 0 | 0 | 0 | -- | -- | -- |

Costas iomlán na nAcmhainní Daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 0,293 | 0,293 | 0,293 | -- | -- | -- |

Ríomh – Oifigigh agus Gníomhairí sealadacha |

2 oifigeach in aonad oibríochtúil |

0.2 d’am oibre oifigigh amháin ag obair go lánaimseartha san aonad airgeadais |

0.2 d’am oibre oifigigh amháin ag obair go lánaimseartha in Inniúlacht Iniúchta Inmheánaigh d’Ardstiurthóireacht an Mhargaidh Inmheánaigh agus Seirbhísí2.4 x 0.122 = 0.293 |

Ríomh – Foireann arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 02 |

Níl infheidhme |

|

8.2.6. Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagarthaEUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) |

| Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5agus níos déanaí | IOMLÁN |

XX 01 02 11 01 – Misin | -- | -- | -- | -- | -- | -- | -- |

XX 01 02 11 02 – Cruinnithe agus comhdhálacha | -- | -- | -- | -- | -- | -- | -- |

XX 01 02 11 03 -Coistí [55] | -- | -- | -- | -- | -- | -- | -- |

XX 01 02 11 04 – Staidéir agus Comhairliúcháin | -- | -- | -- | -- | -- | -- | -- |

XX 01 02 11 05 – Córais Faisnéise | -- | -- | -- | -- | -- | -- | -- |

2. Caiteachas bainistíochta iomlán eile (XX 01 02 11) | -- | -- | -- | -- | -- | -- | -- |

3. Oaiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh agus cuir isteach tagairt don líne buiséid) | -- | -- | -- | -- | -- | -- | -- |

Iomlán an chaiteachais riaracháin cé is moite d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | -- | -- | -- | -- | -- | -- | -- |

Ríomh – Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha |

Níl infheidhme |

IARSCRÍBHINN 1

Dréacht-bhuiséad don Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme

De réir na mílte €

| 2011 | 2012 | 2013 | 2014 | 2015 | 2016 |

Teideal 1 - Costais foirne | 4 694 | 7 480 | 8 770 | 10 826 | 10 786 | 10 786 |

Bainistíocht | 334 | 1 002 | 1 002 | 1 002 | 1 002 | 1 002 |

Foireann shinsearach nó foireann shaineolach: | | | | 0 | 0 | 0 |

Gníomhairí sealadacha | 1 500 | 2 200 | 2 700 | 3 600 | 3 600 | 3 600 |

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht | 1 500 | 2 200 | 2 700 | 3 500 | 3 500 | 3 500 |

Foireann riaracháin agus foireann tacaíochta eile: | | | | 0 | 0 | 0 |

Gníomhairí sealadacha | 400 | 600 | 700 | 700 | 700 | 700 |

Gníomhairí ar conradh | 168 | 252 | 252 | 252 | 252 | 252 |

Sochair don fhoireann | 585 | 938 | 1 103 | 1 358 | 1 358 | 1 358 |

Oiliúint foirne: ginearálta | 24 | 37 | 44 | 54 | 54 | 54 |

Oiliúint foirne: scileanna maoirseachta a fheabhsú | 135 | 198 | 243 | 320 | 320 | 320 |

Caiteachas a bhaineann le hearcaíocht foirne | 48 | 53 | 26 | 41 | 0 | 0 |

Teideal 2 - Caiteachas a bhaineann le foirgnimh, le trealamh agus le riarachán | 1 822 | 2 823 | 3 324 | 4 098 | 4 098 | 4 098 |

Foirgnimh a fháil ar cíos agus costais ghaolmhara | 828 | 1 284 | 1 512 | 1 864 | 1 864 | 1 864 |

Teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide | 250 | 388 | 457 | 563 | 563 | 563 |

Maoin shochorraithe agus costais ghaolmhara | 213 | 331 | 389 | 480 | 480 | 480 |

Caiteachas riaracháin reatha | 166 | 257 | 303 | 373 | 373 | 373 |

Postas/Teileachumarsáid | 70 | 109 | 128 | 158 | 158 | 158 |

Costais taistil agus chruinnithe | 293 | 503 | 535 | 660 | 660 | 660 |

Teideal 3 – Oibríochtaí | 4 071 | 4 619 | 4 952 | 5 070 | 5 071 | 5 071 |

Cumhachtaí | | | | | | |

Comhairliúcháin: grúpa geallsealbhóirí | 216 | 216 | 216 | 216 | 216 | 216 |

Cultúr coiteann maoirseachta: rannpháirtíocht sna coláistí maoirseoirí | 40 | 40 | 40 | 40 | 40 | 40 |

Cultúr coiteann maoirseachta: oiliúint do mhaoirseoirí náisiúnta, do bhaill foirne a dhéanann malartuithe foirne agus d’fhoireann ar iasacht | 500 | 1 000 | 1 333 | 1 500 | 1 500 | 1 500 |

Faisnéis a bhailiú: bunachar sonraí láir Eorpach a fhorbairt agus a chothabháil | 3 000 | 3 000 | 3 000 | 3 000 | 3 000 | 3 000 |

Caidreamh idirnáisiúnta: breathnóirí i gcoistí maoirseachta idirnáisiúnta | 50 | 50 | 50 | 50 | 50 | 50 |

Caidreamh idirnáisiúnta: comhar le tríú tíortha maidir le cinntí coibhéise | 60 | 60 | 60 | 60 | 60 | 60 |

Maoirseacht ar eintitis uile-Eorpacha | 0 | 0 | 0 | | | |

Rialachas | | | | | | |

Bord Maoirseoirí | 83 | 83 | 83 | 83 | 83 | 83 |

Bord Bainistíochta | 26 | 26 | 26 | 26 | 26 | 26 |

Comhchoiste Stiúrtha | 10 | 10 | 10 | 10 | 10 | 10 |

Bord Achomhairc | 86 | 86 | 86 | 86 | 86 | 86 |

IOMLÁN | 10 587 | 14 874 | 16 998 | 19 995 | 19 955 | 19 955 |

Ranníocaíocht Chomhphobail | 4 235 | 5 950 | 6 799 | 7 998 | 7 982 | 7 982 |

Ranníocaíocht na mBallstát (údaráis mhaoirseachta náisiúnta nó aireachtaí airgeadais) | 6 352 | 8 925 | 10 199 | 11 997 | 11 973 | 11 973 |

Foinse: An Coimisiún agus meastacháin agus ríomhanna na gCoistí Leibhéal 3

IARSCRÍBHINN 2

Modheolaíocht fheidhmeach agus na príomhbhoinn tuisceana bhunúsacha do mhúnla airgeadais an Údaráis

Rinneadh an costas a bhainfidh leis an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme a bhunú a mheasúnú de réir trí cinn de chatagóirí: na costais foirne, na costais bhonneagair, agus na costais oibríochtúla, i gcomhréir leis an aicmiú ginearálta costais a úsáidtear i gcuntais ghníomhaireachtaí rialála an AE atá ann cheana. Tuairim is EUR 10 587 milliún an costas iomlán measta a bheadh ar an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Ghairme a chruthú sa chéad bhliain (2011), agus faoi cheann dhá bhliain (2013) bheadh an costas sin cothrom le EUR 16 998 milliún – féach Iarscríbhinn 1.

Moltar go maoineoidh buiséad an Chomhphobail 40% de na costais agus go maoineoidh na Ballstáit 60% de na costais. Is iad seo a leanas cúiseanna an mholta seo:

· is é maoiniú atá cothrom agus measctha an bealach is fearr chun a áirithiú go ngníomhaíonn na hÚdaráis go neamhspleách (agus chun go meastar go ngníomhaíonn siad amhlaidh) ó Bhallstáit agus ó institiúidí an Chomhphobal. Dá mba rud é go raibh foinse maoinithe áirithe amháin ina cuid ró-mhór den mhaoiniú go léir, d’fhéadfadh sé sin smál a chur ar chreidiúnacht chinntí na nÚdarás agus sa chaoi sin dochar a dhéanamh don chreat nua atá molta chun cobhsaíocht airgeadais a chosaint;

· ós rud é go leanfaidh maoirseoirí náisiúnta, sa chreat nua seo, ag cur fhormhór na ngníomhaíochtaí maoirseachta i gcrích sa réimse seo, dealraíonn sé go bhfuil sé cuí go léireofaí é sin i ranníocaíocht beagán níos airde ó na Ballstáit. Tríd é sin a dhéanamh, chruthófaí na coinníollacha d’athrú rianúil ón gcoras atá ann faoi láthair, córas ina bhfaigheann na coistí leibhéal 3 beagnach a maoiniú go léir ó Bhallstáit;

· tá sé rí-thábhachtach, áfach, go dtagann cuid shuntasach den mhaoiniú ó bhuiséad an Chomhphobail. Go deimhin, beidh gné shoiléir Chomhphobail ag baint le cuspóirí na nÚdarás nua: cobhsaíocht airgeadais sa Mhargadh Inmheánach agus fás inbhuanaithe san AE a chothabháil. Ina theannta sin, ar cheann de phríomhchúraimí agus de phríomhchumhachtaí an Údaráis tá cur i bhfeidhm comhsheasmhach, éifeachtúil agus éifeachtach rialacha an Chomhphobail san earnáil seo a áirithiú. Is údar maith é seo le maoiniú 40% ar a laghad ó bhuiséad an Chomhphobail (ós rud é, de ghnáth, go bhfuil formhór na n-entiteas den chineál sin maoinithe go hiomlán ó bhuiséad an Chomhphobail). Ina theannta sin, is amhrasach go mbeidh gach Ballstát in ann déileáil leis an méadú mór ina ranníocaíochtaí a bheadh riachtanach faoin gcreat nua, creat a bheidh i bhfad níos costasaí ná na socruithe atá ann faoi láthair do leibhéal 3;

· tá an gá le maoiniú ón gComhphobal an-tábhachtach freisin chun a áirithiú go bhfuil na hÚdaráis i ndáiríre neamhspleách ó Bhallstáit. RR Rinneadh rogha, d’fhonn cur isteach ar an obair theicniúil a dhéanann maoirseoirí a theorannú chomh fada agus is féidir, rannpháirtíocht an Choimisiúin i mboird mhaoirseachta (le comhalta amháin gan cead vótála) agus i mboird bhainistíochta (le comhalta amháin a bhfuil cead vótála aige) na nÚdarás a theorannú don rannpháirtíocht is ísle, chomh fada agus is féidir. Dá mba rud é go rabhthas ina theannta sin ag brath an iomarca ar ranníocaíochtaí ó Bhallstáit, chuirfí creidiúnacht neamhspleáchas na nÚdarás go mór i mbaol. Tá gá le rannchuidiú suntasach ón gComhphobal chun an ról teoranta atáthar ag tabhairt don Choimisiún i gcomhlachtaí cinnteoireachta an Údaráis a chúiteamh;

· is mó a oireann an cur chuige seo do mhaoiniú cobhsaí, gan a bheith ag brath an iomarca ar fhoinse amháin nó ar ranníocaíochtaí ó Bhallstáit mhóra a d’fhéadfadh oibriú leanúnach na nÚdarás a chur i mbaol trí deireadh a chur lena ranníocaíochtaí. Sa deireadh, tá an cur chuige seo níos cothroime freisin ná maoiniú iomlán nó maoiniú an-mhór ó Bhallstáit: úsáideann maoirseoirí náisiúnta múnlaí maoinithe éagsúla ar an leibhéal náisiúnta - cuid acu ó chánachas ginearálta, cuid acu ó thobhaigh ar an tionscal. Dá mba rud é go bhfaighfeadh an tÚdarás an maoiniú is mó ó Bhallstáit, bheadh baol ann nach mbeadh cothromaíocht ann ar fud an AE.

Rinneadh an meastachán ar chostais foirne ar an tuiscint go bhféachfaidh an ÚEAPG lena líon foirne a dhúbláil, an chéad bhliain a bheidh sé i mbun gnímh, i gcomparáid leis an líon foirne atá ann faoi láthair faoin gcoiste Leibhéal 3. Tá méadú ó thart ar 20 go 40 i gceist leis seo. Tá glactha leis freisin go méadódh an líon foirne tapa go leor le linn na céime tionscnaimh. D’earcódh an tÚdarás 15 fostaí nua ar an meán in aghaidh na bliana. Shroichfeadh sé ‘luas cúrsála’ nuair a bheadh líon foirne de thart ar 90 aige.

Léirítear leis an ngá le méadú ar an líon foirne líon suntasach na gcúraimí nua a mbeidh ar an Údarás tabhairt fúthu sa bhreis ar na freagrachtaí a bhí aige roimhe. Sonraítear na cúraimí nua go mion sa mheabhrán míniúcháin a ghabhann leis na tograí le haghaidh rialachán. Áirítear iontu na nithe seo a leanas ach níl siad teoranta do na nithe sin: caighdeáin theicniúla nua a fhorbairt i roinnt réimsí a bhaineann le reachtaíocht maidir le seirbhísí airgeadais, cur i bhfeidhm comhseasmhach rialacha Comhphobail a áirithiú, easaontais idir údaráis inniúla náisiúnta a réiteach, freastal ar choláistí maoirseoirí agus athbhreithnithe piaraí a éascú. Beidh gá le hacmhainní nua suntasacha do gach ceann de na gníomhaíochtaí sin. Cuirtear i láthair an miondealú mionsonraithe ar an líon foirne measta de réir catagóirí éagsúla in Iarscríbhinn 3.

Bonn tuisceana eile a úsáideadh chun na costais foirne a mheas is ea go gcuirfí Rialachán Foirne institiúidí an AE i bhfeidhm i ngach Údarás. Léirítear an tuiscint sin – le cúpla modhnú – sna rátaí in aghaidh an duine a úsáidtear faoi Theideal 1 (féach Iarscríbhinn 1 do na sonraí). Cuireadh san áireamh chomh maith iarmhairt suíomhanna na gCoistí Leibhéal 3 (trí úsáid a bhaint as iolraitheoirí an chostais mhaireachtála).

Tá na figiúirí faoi Theideal 2 a bhaineann leis an gcostas bonneagair bunaithe ar ionchur na gCoistí Leibhéal 3 atá ann cheana féin. Sholáthair an Coiste Maoirseoirí Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpacha (CMÁPG) meastacháin ar chostais sa chatagóir sin, bunaithe ar eachtarshuíomh ó na fíorchostais a bhaineann le hoifigí a reáchtáil agus le riarachán sa suíomh ina bhfuil siad faoi láthair. Ós rud é gur lárionad airgeadais é Frankfurt agus go bhfuil sé i measc na láithreacha gnó is costasaí ar domhan, ar ndóigh tá na costais mheasta níos airde ná na meánleibhéil do ghníomhaireachtaí rialála an AE.

Baineann na costais oibríochtúla go sonrach le hinniúlachtaí agus le múnla rialachais na nÚdarás Maoirseachta Eorpach. Maidir le cumhachtaí, meastar go mbeidh costais bhreise oibríochtúla anuas ar na costais foirne ghinearálta i gceist le cineálacha éagsúla gníomhaíochtaí a bheidh ar an gCóras Eorpach Maoirseoirí Airgeadais (CEMA) a chur i gcrích. Bhíothas in ann na costais sin a nascadh le roinnt gníomhaíochtaí, e.g. na grúpaí geallsealbhóirí a reáchtáil, na bunachair shonraí um maoirseacht Eorpach a fhorbairt, rannpháirtíocht sna coláistí maoirseoirí, oiliúint do mhaoirseoirí ó na Ballstáit a eagrú nó iniúchtaí ar an láthair a dhéanamh ar chuideachtaí a ndéantar maoirseacht dhíreach orthu. Is minic atá baint ag na costais shonracha do na gníomhaíochtaí sin le misin agus le cruinnithe, ach is féidir caiteachas substaintiúil ar sheirbhísí atá foinsithe allamuigh a bheith ar áireamh sna costais sin freisin, e.g. bunachar sonraí a chruthú agus a chothabháil nó oiliúint a eagrú.

Ar an lámh eile, táthar den tuairim nach bhfuil costais bhreise oibríochtúla i gceist le cuid mhaith de ghníomhaíochtaí CEMA agus go gcuirtear san áireamh go hiomlán iad sna costais foirne ghinearálta. Is iad na gníomhaíochtaí sin, mar shampla, caighdeáin theicniúla, treoirlínte agus moltaí a fhorbairt agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach an dlí Chomhphobail nó comhordú i ngéarchéimeanna a áirithiú.

Maidir leis an rialachas, eascróidh na costais oibríochtúla as gníomhaíochtaí comhlachtaí éagsúla dá bhforáiltear chun a áirithiú go bhfeidhmíonn an Córas Eorpach Maoirseoirí Airgeadais go ginearálta i gceart agus go bhfeidhmíonn na hÚdaráis go háirithe i gceart: an Bord Maoirseoirí, an Bord Bainistíochta, an Comhchoiste Stiúrtha agus an Bord Achomhairc.

Cuirtear na modhanna chun buiséad ÚEAPG a ríomh i láthair i dTábla 1.

Tábla 1. Buiséad measta ÚEAPG sa chéad bhliain (2011)

De réir na mílte €

Teideal 1 - Costais foirne | | | 4 694 |

Foireann iomlán: | 40 | Meánchostas bliantúil in aghaidh an duine (bunaithe ar threoirlínte Ard-stiúrthóireacht an Bhuiséid agus ar chomhairle na gcoistí Leibhéal 3) | |

Iolraitheoir an chostais mhaireachtála | Frankfurt | 1,0 | |

Bainistíocht | 2 | 167,0 | 334 |

Foireann shinsearach nó foireann shaineolach: | | | 0 |

Gníomhairí sealadacha | 15 | 100,0 | 1 500 |

Saineolaithe náisiúnta ar iasacht | 15 | 100,0 | 1 500 |

Foireann riaracháin agus foireann tacaíochta eile: | | | 0 |

Gníomhairí sealadacha | 4 | 100,0 | 400 |

Gníomhairí ar conradh | 4 | 42,0 | 168 |

Sochair don fhoireann | 15% de na costais foirne iomlána | | 620 |

Oiliúint foirne: ginearálta | Meánmhéid in aghaidh an duine (sonraí COIM)s | 0,6 | 24 |

Oiliúint foirne: scileanna maoirseachta a fheabhsú | Comhairle ó choistí Leibhéal 3 | 4,5 | 135 |

Caiteachas a bhaineann le hearcaíocht foirne | Cuirtear 3 iarrthóir faoi agallamh in aghaidh an phoist ar an meán | 0,8 | 48 |

Teideal 2 - Caiteachas a bhaineann le foirgnimh, le trealamh agus le riarachán | | | 1 822 |

Foirgnimh a fháil ar cíos agus costais ghaolmhara | Sonraí agus meastacháin CMÁPG | | 828 |

Teicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide | Sonraí agus meastacháin CMÁPG | | 250 |

Maoin shochorraithe agus costais ghaolmhara | Sonraí agus meastacháin CMÁPG | | 213 |

Caiteachas riaracháin reatha | Sonraí agus meastacháin CMÁPG | | 166 |

Postas/Teileachumarsáid | Sonraí agus meastacháin CMÁPG | | 70 |

Costais taistil agus chruinnithe | Sonraí agus meastacháin CMÁPG | | 293 |

Teideal 3 – Oibríochtaí | | - | 4 071 |

Cumhachtaí | Gníomhaíocht chostáilte | Boinn tuisceana | Costas iomlán |

Comhairliúcháin | Grúpa Geallsealbhóirí Seirbhísí Airgeadais | Grúpa amháin Geallsealbhóirí Seirbhísí Airgeadais do gach Údarás Maoirseachta Eorpach. 30 comhalta a bhuaileann le chéile 4 uair sa bhliain. Íocaíocht bhliantúil €6000 in aghaidh an duine. Ionadaithe tionscail leis an gcostas taistil a fháil ar ais ach gan íocaíocht a fháil. | 216 |

Cultúr coiteann maoirseachta | Rannpháirtíocht sna coláistí maoirseoirí | Thart ar 25 coláiste san earnáil. Rannpháirteach i gcruinniú amháin a mhaireann dhá lá in aghaidh na bliana, ionadaí amháin ó ÚEAPG ar an meán in aghaidh an chruinnithe. | 40 |

Cultúr coiteann maoirseachta | Oiliúint choiteann do mhaoirseoirí náisiúnta, do bhaill foirne a dhéanann malartuithe foirne agus d’fhoireann ar iasacht | Bunaithe ar líon dá bhforáiltear do dheontais ghníomhaíochta do na Coistí Leibhéal 3 don tréimhse 2010-2015. | 500 |

Faisnéis a bhailiú | An bunachar sonraí láir Eorpach a fhorbairt agus a bhainistiú | Meastachán an CMBE | 3 000 |

Caidreamh idirnáisiúnta | Teagmháil le húdaráis tríú tíortha agus comhlachtaí idirnáisiúnta eile, e.g. do chomhairle maidir le cóibhéis | 11 mhisean in aghaidh na bliana laismuigh den AE do bheirt. s | 110 |

Maoirseacht ar eintitis uile-Eorpacha | Iniúchtaí ar an láthair | | 0 |

Rialachas | Gníomhaíocht chostáilte | Boinn tuisceana | Costas iomlán |

Bord Maoirseoirí | Cinnteoireacht | 26 comhalta le haisíocaíocht a fháil - 4 chruinniú in aghaidh na bliana | 83 |

Bord Bainistíochta | Bainistíocht | 6 comhalta lena n-áirítear 4 ionadaí thar ceann maoirseoirí náisiúnta. Cruinniú gach mí, nuair is féidir díreach tar éis chruinnithe an Bhoird Mhaoirseoirí nuair is féidir. | 26 |

Comhchoiste Stiúrtha | Comhar tras-earnála | Cruinnithe tréimhsiúla do Chathaoirleach gach ÚME | 10 |

Bord Achomhairc | Achomhairc | 6 comhalta, foráil do 8 gcruinniú in aghaidh na bliana agus íocaíocht bhliantúil €8000 in aghaidh an duine | 86 |

IOMLÁN | | | 10 587 |

Foinse: An Coimisiún agus meastacháin agus ríomhanna Choistí Leibhéal 3

IARSCRÍBHINN 3

Plean bunaíochta (réamhphlean)

Grúpa feidhme agus grád | Poist(shealadacha) |

| 2011 | 2012 | 2013 | 2014 |

| | | | |

AD 16 | | | | |

AD 15 | 1 | | | 1 |

AD 14 | 1 | | | 1 |

AD 13 | 1 | | | 1 |

AD 12 | 2 | | | 5 |

AD 11 | 6 | | | 15 |

AD 10 | 10 | | | 25 |

AD 9 | 6 | | | 15 |

AD 8 | 3 | | | 7 |

AD 7 | 2 | | | 7 |

AD 6 | | | | |

AD 5 | | | | |

Iomlán AD | 32 | 50 | 60 | 77 |

AST 11 | | | | |

AST 10 | 1 | | | 1 |

AST 9 | 2 | | | 2 |

AST 8 | 3 | | | 5 |

AST 7 | 2 | | | 5 |

AST 6 | | | | |

AST 5 | | | | |

AST 4 | | | | |

AST 3 | | | | |

AST 2 | | | | |

AST 1 | | | | |

Iomlán AST | 8 | 12 | 13 | 13 |

Iomlán | 40 | 62 | 73 | 90 |

Foinse: An Coimisiún

[1] Is éard atá anseo an Coiste Maoirseoirí Baincéireachta Eorpacha (CMBE), an Coiste Maoirseoirí Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpacha (CMÁPG) agus Coiste na Rialtóirí um Urrúis Eorpacha (CESR).

[2] Tabhair faoi deara go ndíríonn an meabhrán míniúcháin seo ar na moltaí CEMA a bhunú trí na coistí maoirseachta Eorpacha atá ann cheana a iompú ina ÚMEanna. Pléitear an moladh BERS a bhunú i meabhrán ar leith.

[3] Féach CBE, C-217/04, pt.44.

[4] Féach Paipéar Inmheánach Oibre an Choimisiúin a ghabhann leis seo le haghaidh faisnéise breise maidir leis an meicníocht réitithe díospóidí

[5] Tá an inniúlacht maidir le réiteach gan dochar d'Airteagal 8, ina ndírítear ar chásanna nach gcomhlíonann údarás maoirseachta náisiúnta inniúil dlí an Chomhphobail.

[6] IO C , , lch. .

[7] IO C , , lch. .

[8] IO C , , lch. .

[9] IO C , , lch. .

[10] COIM(2009) 114.

[11] COIM(2009) 252.

[12] IO L 24, 29.1.2009, lch. 23.

[13] IO L 25, 29.1.2009, lch. 28.

[14] IO L 25, 29.1.2009, lch. 18.

[15] pt. 44 –níor foilsíodh é fós.

[16] Maidir le Treoracha 64/225/CEE, 73/239/CEE, 73/240/CEE, 76/580/CEE, 78/473/CEE, 84/641/CEE, 87/344/CEE, 88/357/CEE, 1992/49/CEE, 1998/78/CE, 2001/17/CE, 2002/83/CE agus 2005/68/CE, is cuid iad den athmhúnlú ar 'Socmhainneacht II' (Togra leasaithe le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus leanúint den ghnó sin (athmhúnlú) (COIM(2008) 119 – C6-0231/2007 – 2007/0143(COD)), i.e. déanfar iad a aisghairm le héifeacht ón 1 Samhain 2012.

[17] IO 56, 4.4.1964, lch. 878.

[18] IO L 228, 16.8.1973, lch. 3.

[19] IO L 228, 16.8.1973, lch. 20.

[20] IO L 189, 13.7.1976, lch. 13.

[21] IO L 151, 7.6.1978, lch. 25.

[22] IO L 339, 27.12.1984, lch. 21.

[23] IO L 185, 4.7.1987, lch. 77.

[24] IO L 172, 4.7.1988, lch. 1.

[25] IO L 228, 11.8.1992, lch. 1.

[26] IO L 330, 5.12.1998, lch. 1.

[27] IO L 110, 20.4.2001, lch. 28.

[28] IO L 345, 19.12.2002, lch. 1.

[29] IO L 9, 15.1.2003, lch. 3.

[30] IO L 235, 23.9.2003, lch. 10.

[31] IO L 35, 11.2.2003, lch. 1.

[32] IO L 309, 25.11.2005, lch. 15.

[33] IO L 271, 9.10.2002, lch. 16.

[34] IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

[35] IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

[36] IO L 56, 4.3.1968, lch.1.

[37] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

[38] IO L 8, 12.1.2001, lch. 1.

[39] IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

[40] IO L 248, 16.9.2002, lch. 1.

[41] IO L 357, 31.12.2002, lch. 72.

[42] IO L 136, 31.5.1999, lch. 15.

[43] IO L 317, 3.12.2001, lch. 1.

[44] IO 17, 6.10.1958, lch. 385.

[45] Leithreasaí difreáilte

[46] Caiteachas nach dtagann faoi Chaibidil 12 01 de Theideal 12 lena mbaineann.

[47] Caiteachas laistigh d'Airteagal 12 01 04 de Theideal 12.

[48] Caiteachas laistigh de Chaibidil 12 01 seachas Airteagal 12 01 04 nó Airteagal 12 01 05.

[49] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[50] An Coiste Maoirseoirí Baincéireachta Eorpacha (CMBE), an Coiste Maoirseoirí Árachais agus Pinsin Ghairme Eorpacha (CMÁPG) agus Coiste na Rialtóirí um Urrúis Eorpacha (CRUE).

[51] Mar a thuairiscítear faoi Roinn 5.3

[52] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an líon tagartha.

[53] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an líon tagartha.

[54] Costas atá clúdaithe sa mhéid tagartha.

[55] Sonraigh an saghas coiste agus an grúpa a mbaineann sé leis.

--------------------------------------------------