52009PC0139R(01)

Togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um radaloingseoireacht satailíte (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) /* COIM/2009/0139 leagan deireanach/2 - COD 2009/0047 */


[pic] | COMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil, 9.7.2009

COIM(2009) 139 leagan deireanach/2

2009/0047 (COD)

CEARTÚCHÁNDoiciméad COIM(2009)139 leagan deireanach an 24.3.2009 a chealú agus a athsholáthar.Baineann sé seo le gach leagan teanga.

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um radaloingseoireacht satailíte

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún)

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

COMHTHÉACS AN TOGRA |

110 | Forais agus cuspóirí an togra Forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle an 12 Iúil 2004 maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um radaloingseoireacht satailíte a chur ina luí le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis na cláir Eorpacha um radaloingseoireacht satailíte a chur chun feidhme (EGNOS agus Galileo) tuilleadh. I mír 17 de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008, iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún "togra a chur ar aghaidh chun struchtúir bhainistíochta na gclár dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 a ailíniú go foirmiúil le róil nua an Choimisiúin agus an Údaráis". |

120 | Comhthéacs ginearálta Trí bhíthin Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1942/2006 ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 chun a léiriú go gcuirfí deireadh le gníomhaíochtaí Chomhghnóthas Galileo ón 31 Nollaig 2006 ar aghaidh, bunaíodh gníomhaireacht Chomhphobail dar teideal an tÚdarás Eorpach um Maoirseoireacht GNSS (Bonneagar Domhanda um Loingseoireacht Satailíte/). Sainmhíníodh feidhm agus cúraimí bunúsacha an Údaráis chun go sásófaí riachtanais an chórais a bhí beartaithe ag an am sin chun bainistiú agus maoiniú chéimeanna imlonnaithe agus oibríochta chlár Galileo a fhochonrú. Éiríodh as an gcóras sin le linn 2007, agus ní bhronnfar cúram bhainistíocht agus mhaoiniú na céime imlonnaithe agus oibríochta ar an earnáil phríobháideach. I Rialachán (CE) Uimh. 683/2008, a tháinig i bhfeidhm an 25 Iúil 2008, sainmhínítear an creat nua le haghaidh rialú poiblí agus mhaoiniú na gclár Galileo agus EGNOS, Foráiltear ann do dheighilt dhaingean inniúlachtaí idir an Comhphobal Eorpach, arna ionadú ag an gCoimisiún, an Údarás agus an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis, tugann sé freagracht don Choimisiún as bainistiú na gclár agus leagann sé amach go sonrach na cúraimí a bhronnfar ar an Údarás feasta. Déantar foráil leis freisin go gcomhlíonfaidh an tÚdarás na cúraimí a shanntar dó i dtaca le ról an Choimisiúin mar bhainisteoir na gclár a urramú agus i gcomhréir le treoirlínte arna n-eisiúint ag an gCoimisiún. Mar sin leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 go hiontuigthe agus go substaintiúil le Rialachán (CE) Uimh. 683/2008. Ar na trí chúis thuasluaite, tá sé tábhachtach forálacha áirithe Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 a chur ag luí le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 683/2008. Ar an gcéad dul síos, níl an staid reatha ina bhfuil dhá théacs atá ag teacht salach ar a chéile go páirteach, sásúil ar leibhéal dlíthiúil. Ní foláir an neamhchinnteacht agus an débhríochas a bhaineann leis an staid seo a ghlanadh chomh tapa agus is féidir. Is ceist é a bhaineann le inchreidteacht chreat dlí na gclár a áirithiú, go háirithe maidir le tríú páirtithe. Ar an dara dul síos, tá sé práinneach creat daingean le haghaidh slándála a bhunú. Foráiltear i Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 go mbainisteoidh an Coimisiún gach gné a bhaineann le slándáil na gcóras, ach sannfaidh sé ar an Údarás Maoirseoireachta an cúram i dtaca le creidiúnú ("accreditation") slándála. Ní foláir ról beacht an Údaráis i dtaca leis seo a shoiléiriú go tapa. Ar an tríú dul síos, ba cheart rialú maith na gclár a ráthú. Mar, más rud é go ndearna Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 cúraimí an Údaráis a leasú go hiontuigthe agus go cuimsitheach, ní dhearna sé athrú ar bith ar eagrúchán inmheánach an Údaráis, nach bhfuil ach fíorbheagán tionchair ag an gCoimisiún air. D'fhonn a ráthú go ngníomhóidh an Údarás " agus ról an Choimisiúin mar bhainisteoir na gclár á urramú aige" agus "i gcomhréir le treoirlínte arna n-eisiúint ag an gCoimisiún", mar a fhoráiltear dóibh i Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 is gá athruithe a dhéanamh a chuireann le tionchar an Choimisiúin laistigh d'eagrúchán inmheánach an Údaráis. Léirítear beartas nua an Choimisiúin i dtaca le gníomhaireachtaí Comhphobail sa chur chuige seo freisin. |

130 | Forálacha atá ann cheana i réimse an togra Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle an 12 Iúil 2004 maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um radaloingseoireacht satailíte, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1942/2006 ón gComhairle an 12 Nollaig 2006. Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte (EGNOS agus Galileo) a chur chun feidhme tuilleadh. Féachann an togra leis an gcéad cheann den dá Rialachán sin a leasú. |

140 | Comhsheasmhacht le beartais agus le cuspóirí eile an Aontais Tá na cláir Galileo agus EGNOS ag luí go hiomlán le straitéis "Lispóin". |

COMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ IARMHARTA |

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara |

219 | Ní bhaineann comhairliúchán le páirtithe leasmhara leis an gcás seo, ós rud é go gcuireann an togra téacs atá ann cheana ag luí le téacs eile a glacadh níos déanaí. |

Bailiú agus úsáid saineolais |

229 | Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach. |

230 | Anailís iarmharta Is é an t-aon rogha féideartha téacs Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 a chur ag luí le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 a tháinig i bhfeidhm an 25 Iúil 2008. An t-aon rogha eile a bheadh ann Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 a fhágáil díreach mar atá sé, rud nach mbeadh sásúil ar leibhéal dlí, bheadh fadhbanna tromchúiseacha leis i dtaca le slándáil agus ní áiritheofaí rialú maith na gclár seo leis. |

EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA |

305 | Achoimre ar an mbeart atá beartaithe Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle an 12 Iúil 2004 maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um radaloingseoireacht satailíte. |

310 | Bonn dlíthiúil Airteagal 156 den Chonradh |

329 | Prionsabal na coimhdeachta Baineann an togra le réimse a thagann go heisiach faoi inniúlacht eisiach an Chomhphobail. Dá bhrí sin níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta. |

Prionsabal na comhréireachta Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar na cúiseanna seo a leanas. |

331 | Tá an beart atá beartaithe i gcomhréir leis an gcuspóir inmhianaithe ar dhá bhealach, ar thaobh amháin toisc nach féidir rialachán a bhí ann cheana a leasú ach amháin le rialachán, agus ar an taobh eile toisc nach n-iarrtar leis na bearta molta ach an téacs a oiriúnú don staid dhlíthiúil a thagann as teacht i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 683/2008. |

332 | Tá an t-ualach airgeadais agus riaracháin a thagann as an togra beagthábhachtach ós rud é go ndearnadh foráil do cheisteanna airgeadais agus riaracháin a bhaineann le cláir Galileo agus EGNOS cheana i Rialachán (CE) Uimh. 683/2008. |

Rogha ionstraimí |

341 | An ionstraim/ na hionstraimí atá molta: Rialachán. |

342 | Ní bheadh ionstraimí eile iomchuí ar na cúiseanna seo a leanas. De réir phrionsabal na comhthreomhaireachta, ní féidir rialachán atá ann cheana a leasú ach le rialachán. |

IMPLEACHT BHUISÉADACH |

409 | Níl aon impleachtaí ag an togra do bhuiséad an Chomhphobail. |

FAISNÉIS BHREISE |

510 | Simpliú |

511 | Tugtar isteach simpliú ar an gcreat dlíthiúil leis an togra seo. |

512 | Cuireann na bearta molta le haon mhearbhall nó débhríochas a sheachaint ar leibhéal dlíthiúil idir dhá théacs leanúnacha a thagann salach ar a chéile in áiteanna. Ceapadh iad, mar sin, chun an acquis communautaire a chuíchóiriú. |

520 | Aisghairm na bhforálacha atá ann cheana Fágfaidh glacadh an togra seo go gcaithfear forálacha reachtacha áirithe a aisghairm. |

560 | An Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Baineann an dréachtionstraim seo le hábhar a thagann faoi réim Chomhaontú LEE agus ba cheart dá bhrí sin go ndéanfaí é a leathnú go dtí an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. |

570 | Míniú mionsonraithe ar an togra, de réir caibidle nó airteagail Cuspóir, obair agus ainm na gníomhaireachta Comhphobail arna bunú ag Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 a leasú, d'fhonn iad a oiriúnú d'fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 683/2008. Ról agus cumhachtaí an Choimisiúin a mhéadú laistigh den Ghníomhaireacht seo d'fhonn a áirithiú, i gcomhréir le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 683/2008, go gcuireann an Ghníomhaireacht a cúraimí i gcrích agus ról na Choimisiúin mar bhainisteoir á urramú aici agus i gcomhréir leis na treoirlínte arna n-eisiúint ag an gCoimisiún. Creat a bhunú ina mbeidh an Ghníomhaireacht freagrach as creidiúnú slándála a sholáthar, cúraim a bronnadh uirthi, agus chun na críche seo, coiste um chreidiúnú slándála do chórais Eorpacha GNSS. Forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 maidir le húinéireacht phoiblí na gcóras a dhíchur, ar an mbonn gur leis an gComhphobal Eorpach na córais i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 683/2008. |

2009/0047 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um radaloingseoireacht satailíte

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 156 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[1],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[2],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[3],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh,

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Le Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle an 12 Iúil 2004[4] maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha radaloingseoireacht satailíte, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1942/2006 ón gComhairle an 12 Nollaig 2006[5] chun a léiriú go gcuirfí deireadh le gníomhaíochtaí Comhghnóthas Galileo ón 31 Nollaig 2006 ar aghaidh, bunaíodh gníomhaireacht Chomhphobail, an tÚdarás Eorpach um Maoirseoireacht GNSS (Bonneagar Domhanda um Loingseoireacht Satailíte) (dá ngairtear "an tÚdarás" anseo feasta).

(2) Sainmhíníodh feidhm agus cúraimí bunúsacha an Údaráis atá leagtha amach in Airteagal 1 agus 2 faoi seach de Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004, chun go sásófaí riachtanais an chórais a bhí beartaithe ag an am sin chun bainistiú agus maoiniú chéimeanna imlonnaithe agus oibríochta chlár Galileo a fhochonrú. Éiríodh as an gcóras sin le linn 2007, agus ní bhronnfar an cúram as bainistíocht agus maoiniú chéim imlonnaithe agus oibríochta an chláir ar an earnáil phríobháideach.

(3) I Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte (EGNOS agus Galileo)[6] a chur chun feidhme tuilleadh, sainmhínítear an creat nua le haghaidh rialú poiblí agus mhaoiniú chláir Galileo agus chláir EGNOS. Foráiltear ann do dheighilt dhaingean inniúlachtaí idir an Comhphobal Eorpach, agus an Coimisiún ag feidhmiú thar a cheann, an tÚdarás agus an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis (dá ngairtear "ESA" anseo feasta), tugann sé freagracht don Choimisiún as bainistiú na gclár agus leagann sé amach go sonrach na cúraimí a bhronnfar ar an Údarás feasta. Déantar foráil ann freisin go gcomhlíonfaidh an tÚdarás na cúraimí a shanntar dó agus ról an Choimisiúin mar bhainisteoir na gclár á urramú aige agus i gcomhréir le treoirlínte arna n-eisiúint ag an gCoimisiún.

(4) De thoradh air seo, ní foláir forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle a chur ag luí le forálacha Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(5) Ba cheart, mar sin, ar an gcéad dul síos, teideal an Rialacháin a athrú, mar nach ceart go dtagródh sé níos mó do struchtúir bhainistíochta na gclár Eorpach um radaloingseoireacht satailíte nach ndéanfaí ach tagairt do ghníomhaireacht Chomhphobail a bhunú. Thairis sin, maidir le hainm na gníomhaireachta, ní ceart "an tÚdarás Eorpach um Maoirseoireacht GNSS" a thabhairt uirthi feasta ach "an Ghníomhaireacht GNSS" (dá ngairtear "an Ghníomhaireacht" anseo feasta).

(6) Is gá freisin, an chéad airteagal de Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 a leasú maidir lena ábhar, a bhainfidh go heisiach le bunú na Gníomhaireachta, agus gan aon fhoráil a dhéanamh lena dtabharfaí freagracht don Ghníomhaireacht as bainistiú leasanna poiblí i ndáil le cláir Eorpacha GNSS ná as rialú na gclár sin.

(7) Tá sé tábhachtach freisin Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 maidir le cúraimí na Gníomhaireachta a leasú agus, i ndáil leis seo, a áirithiú go sainmhínítear a cúraimí mar a dtagraítear dóibh in Airteagal 16 de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008.

(8) De bharr na n-athruithe ar theideal Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 agus de bharr ainm nua na Gníomhaireachta ní mór téacs an Rialacháin seo ina luaitear an teideal agus an t-ainm a bhí ann roimhe seo a leasú.

(9) Thairis sin, ós rud é, le Rialachán (CE) Uimh. 683/2008, gur leis an gComhphobal Eorpach na sócmhainní inláimsithe agus doláimhsithe uile faoi na cláir seo, níl feidhm a thuilleadh ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 maidir le húinéireacht phoiblí na gcóras agus ní foláir iad a scriosadh.

(10) D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfaidh an Ghníomhaireacht a cúraimí agus ról an Choimisiúin mar bhainisteoir na gclár á urramú aici agus i gcomhréir le treoirlínte arna n-eisiúint ag an gCoimisiún, tá sé tábhachtach, ar an gcéad dul síos go bhforálfar go sainráite, go mbainisteoidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta an Ghníomhaireacht faoi ghrinnscrúdú an Bhoird Bainistíochta i gcomhréir leis na treoirlínte a thugann an Coimisiún don Ghníomhaireacht, agus ar an dara dul síos, go bhforálfar go mbeidh leath na vótaí ag ionadaí an Choimisiúin ar Bhord Bainistíochta na Gníomhaireachta.

(11) Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh ionadaíocht ag Parlaimint na hEorpa ar an mBord Bainistíochta i gcáil breathnadóra, i bhfianaise gur tugadh chun suntais i Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 an tairbhe a bhaineann le dlúthchomhair idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún. D'fhonn rialú maith na gclár seo a áirithiú, ba cheart téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin a laghdú ó chúig bliana go ceithre bliana.

(12) Thairis sin, i bhfianaise raon leathan na gcúraimí a bhronntar ar an nGníomhaireacht, lena n-áirítear creidiúnú slándála, ba cheart an coiste eolaíoch agus teicniúil arna bhunú laistigh den Ghníomhaireacht a dhíscaoileadh agus ba cheart Coiste um Chreidiúnú Slándála do Chórais Eorpacha GNSS a bheadh freagrach as creidiúnú slándála agus ar a mbeadh ionadaithe ó na Ballstáit agus ón gCoimisiún a chur in ionad an Choiste Slándála agus Sábháilteachta, agus go mbeadh ról breathnadóirí ag an Ardrúnaí/Ardionadaí agus ag CEC (Córas Eorpach na gCuntas).

(13) Ba cheart gníomhaíochtaí creidiúnaithe a chur i gcrích go neamhspleách ar údaráis bhainistíochta na gclár, go sonrach an Coimisiún, comhlachtaí eile na Gníomhaireachta agus CEC, agus eintitis eile a bhfuil de chúram orthu forálacha maidir le slándáil a chur chun feidhme. Ba cheart go mbeadh an Coiste um Chreidiúnú Slándála do Chórais Eorpacha GNSS ina údarás chun córais slándála a chreidiúnú agus go mbeadh sé ina chomhlacht uathrialaitheach laistigh den Ghníomhaireacht a dhéanfadh a chinntí go neamhspleách.

(14) Ós rud é gurb é an Coimisiún a bhainistíonn na gnéithe go léir a bhaineann le slándáil na gcóras faoi Rialachán (CE) Uimh. 683/2008, d'fhonn rialú éifeachtach saincheisteanna slándála a áirithiú agus d'fhonn deighilt dhaingean na n-inniúlachtaí dá bhforáiltear sa Rialachán sin a urramú, tá sé fíor-riachtanach go dteorainneofar gníomhaíochtaí an Choiste do chreidiúnú slándála na gcóras agus nach dtógfaidh siad ionad na ngníomhaíochtaí atá faoi chúram an Choimisiúin.

(15) Tá sé tábhachtach freisin go gcomhordófar na gníomhaíochtaí creidiúnaithe le gníomhaíochtaí údaráis bhainistíochta na gclár agus eintitis eile atá freagrach as forálacha maidir le slándáil a chur i bhfeidhm. Chun na críche seo, tá sé fíor-riachtanach go mbeadh ionadaí an Choimisiúin i gceannas ar an gCoiste um Chreidiúnú Slándála do Chórais Eorpacha GNSS.

(16) Agus nádúr sonrach agus castacht na gcóras a chur san áireamh, tá sé fíor-riachtanach go ndéanfaidh an coiste um chreidiúnú slándála do chórais Eorpacha GNSS a chúraimí a chomhlíonadh go comhchoiteann, trí iarracht a dhéanamh gníomhú d'aontoil agus trí na gníomhairí go léir atá gafa le cúrsaí slándála a bheith rannpháirteach ann, agus go gcuirfear nós imeachta monatóireachta buan ar bun chun go bhféadfar an líon mór cinntí a bhainistiú ar bhealach chomh héifeachtúil agus is féidir. Tá sé fíor-riachtanach freisin, go mbronnfar an obair chreidiúnaithe ar dhaoine oirirce, atá cáilithe go cuí i dtaca le creidiúnú córas casta agus a bhfuil imréiteach slándála ar leibhéal iomchuí acu.

(17) D'fhonn a áirithiú go bhféadfaidh an coiste seo a chúraimí a chomhlíonadh, ba cheart foráil a dhéanamh freisin go soláthróidh na Ballstáit aon doiciméad úsáideach don choiste, go dtabharfaidh siad rochtain d'fhoireann ar aon suíomh ábhartha a bhaineann le slándáil na gcóras agus atá suite ar a gcríoch, agus go mbeidh siad freagrach ar leibhéal áitiúil as creidiúnú slándála na suíomhanna atá ar a gcríoch.

(18) D'fhonn bainistiú riaracháin maith a áirithiú, ní foláir go mbeidh Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta in ann cinntí a dhéanamh chun a áirithiú go bhféadfaidh an Ghníomhaireacht a cúraimí a chomhlíonadh. Ar an gcuma chéanna, tar éis dó í a ghlacadh, ní foláir gurb ionann an dáta a dtarchuirfidh Bord Bainistíochta na Gníomhaireachta an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí agus pheirspíochtaí na Gníomhaireachta, i gcomhréir le hAirteagal 6(g) de Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004, chuig na hinstitiúidí Comhphobail éagsúla, agus an dáta a gcuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cuntais deiridh na Gníomhaireachta chuig na hinstitiúidí seo i gcomhréir le hAirteagal 12(6) den Rialachán sin.

(19) Maidir leis na córais a bunaíodh faoi chuimsiú na gclár Eorpach um radaloingseoireacht satailíte, is infrastruchtúir iad a leathnaíonn a n-úsáid thar theorainneacha náisiúnta na mBallstát agus a bhunaítear mar ghreasáin thraseorpacha i gcomhréir le forálacha Airteagal 156 den Chonradh. Thairis sin, cuidíonn na seirbhísí a thairgtear trí na córais sin le gréasáin thraseorpacha a fhorbairt i réimsí bonneagair an iompair, na teileachumarsáide agus an fhuinnimh.

(20) Ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 mar seo a leanas:

1. is é teideal an Rialacháin "Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle lena mbunaítear Gníomhaireacht GNSS."

2. cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1, Airteagal 2 agus Airteagal 3:

"Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo bunaítear gníomhaireacht Chomhphobail dá ngairtear Gníomhaireacht GNSS ("an nGníomhaireacht" anseo feasta).

Airteagal 2

Cúraimí

Faoi réir fhorálacha Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus d'fhonn ról an Choimisiúin mar bhainisteoir na gclár Eorpach GNSS a urramú, comhlíonfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí seo a leanas faoi chuimsiú na gclár i gcomhréir le treoirlínte arna n-eisiúint ag an gCoimisiún.

(a) maidir le slándáil na gclár Eorpach GNSS, agus gan dochar d'fhorálacha 13 agus 14 de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, áiritheoidh sí:

• i) creidiúnú slándála; chuige sin, cuirfidh sí tús le cur chun feidhme nósanna imeachta slándála, déanfaidh sí monatóireacht orthu agus déanfaidh sí iniúchtaí slándála ar na córais Eorpacha GNSS;

• ii) oibriú ionad slándála Galileo, a chuirfear chun feidhme i gcomhréir le cinntí a ghlacfar de bhun Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus leis na treoracha a chuirfear ar fáil faoi Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES;

(b) cuideoidh sé le hullmhú do thráchtálú na gcóras Eorpach GNSS, lena n-áirítear an anailís mhargaidh is gá;

(c) cuirfidh sé cúraimí eile i gcrích a d'fhéadfadh an Coimisiún a chur faoina chúram, i gcomhréir le hAirteagal 54(2)(b) den Rialachán Airgeadais maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach, saincheisteanna sonracha a mbeidh nasc acu leis na cláir Eorpacha GNSS.

Airteagal 3

Comhlachtaí

Is iad comhlachtaí na Gníomhaireachta an Bord Bainistíochta, an coiste um chreidiúnú slándála do chórais Eorpacha GNSS agus an Stiúrthóir Feidhmiúcháin."

3. cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 5(2):

« 2. Ionadaí amháin ó gach Ballstát agus ionadaí amháin ón gCoimisiún a bheidh ar an mBord Bainistíochta. Cúig bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Bainistíochta. Féadfar an téarma oifige a athnuachan uair amháin. Beidh ionadaí ó Pharlaimint na hEorpa ag freastal ar chruinnithe an Bhoird Bainistíochta i gcáil breathnadóra."

4. cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre d'Airteagal 5(7):

« 7. Tá vóta amháin ag gach comhalta a dhéanann ionadaíocht ar Bhallstát. Is ionann an méid vótaí atá ag comhalta a dhéanann ionadaíocht thar ceann an Choimisiúin agus líon iomlán na vótaí atá ag na Ballstáit. Ní bheidh vóta ag Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta."

5. cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d) d'Airteagal 6:

"tá d) freagrach as na cinntí go léir a bhaineann leis na cúraimí a thuairiscítear in Airteagal 2 agus a bhaineann le hoibriú ionad slándála Galileo; i ngach cás, déantar na cinntí seo tar éis dul i gcomhairle leis an gCoimisiún;"

6. in Airteagal 6(g), cuirtear na focail "faoin 1 Iúil" in ionad "faoin 15 Meitheamh";

7. cuirtear an pointe i) a leanas le hAirteagal 6:

"i) a áirithiú go gcomhlíonfaidh an Ghníomhaireacht na cúraimí go léir a bhronnfar uirthi, i gcomhréir leis na coinníollacha arna leagan amach sa Rialachán seo, agus déanfaidh sí aon chinneadh is úsáideach chun na críche seo."

8. cuirtear an mhír seo a leanas in ionad na chéad mhíre d'Airteagal 7:

« 1. Bainisteoidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta an Ghníomhaireacht, agus comhlíonfaidh sé a chúraimí faoi mhaoirsiú an Bhoird Bainistíochta i gcomhréir leis na treoirlínte a sholáthraíonn an Coimisiún don Ghníomhaireacht."

9. cuirtear an fhomhír seo a leanas in ionad na fomhíre deireanaí d'Airteagal 7(2):

"Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Is féidir an téarma oifige a athnuachan aon uair amháin le haghaidh tréimhse ceithre bliana."

10. cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g) d'Airteagal 8:

"(g) sainmhíneofar struchtúr eagrúcháin na Gníomhaireachta agus cuirfear faoi bhráid an Bhoird Bainistíochta é chun é a fhormheas;"

11. scriostar Airteagal 9;

12. cuirtear an tAirteagal seo a leanas in ionad Airteagal 10:

"Airteagal 10

Coiste um chreidiúnú slándála do chórais Eorpacha GNSS

1. Bunófar coiste um chreidiúnú slándála do chórais Eorpacha GNSS laistigh den Ghníomhaireacht de bhua an Airteagail seo chun an cúram a shannfar ar an nGníomhaireacht maidir le creidiúnú faoi Airteagal 2(a)(i) a chomhlíonadh. Is é an coiste an tÚdarás chun córais slándála a chreidiúnú.

2. Is éard atá sna gníomhaíochtaí i dtaca le creidiúnú córas slándála comhlíonadh na gceanglas slándála dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 a fhíorú lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar na ceanglais seo agus iad á n-úsáid. Baineann siad le cinntí foirmiúla bailíochtaithe ("cinntí creidiúnaithe") a dhéanamh.

Tá obair an choiste teoranta go docht do na gníomhaíochtaí creidiúnaithe a shainmhínítear thuas agus ní ghlacfaidh siad ionad na hoibre a dhéanann an Coimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ar chúinse ar bith.

3. Beidh an coiste comhdhéanta d'ionadaí ó gach Ballstát agus ionadaí ón gCoimisiún a roghnófar as measc saineolaithe aitheanta creidiúnaithe. Beidh ionadaí ón Ardrúnaí/Ardionadaí agus ionadaí ó CEC ag freastal ar na cruinnithe i gcáil breathnadóirí.

4. I gcomhlíonadh a chúraimí, urramóidh an coiste na prionsabail seo a leanas:

- comhlíonfar na cúraimí go comhchoiteann, agus déanfar iarracht teacht ar chomhaontú agus na gníomhairí go léir atá gafa le slándáil a bheith rannpháirteach ann;

- bunófar nós imeachta monatóireachta buan chun go bhféadfar an méid mór cinntí aonair a bhainistiú ar bhealach chomh héifeachtúil agus is féidir;

- tá sé fíor-riachtanach freisin, go mbronntar an obair chreidiúnaithe ar dhaoine oirirce, atá cáilithe go cuí i dtaca le creidiúnú córas casta agus a bhfuil imréiteach slándála ar leibhéal iomchuí acu;

- déanfar na gníomhaíochtaí creidiúnaithe agus an riachtanas le neamhspleáchas agus an riachtanas le comhordú iomchuí á sásamh, i dtaca leis an húdaráis atá freagrach as na cláir agus na húdaráis atá freagrach as forálacha maidir le slándáil a chur chun feidhme araon.

5. Is é ionadaí ón gCoimisiún a bheidh ina chathaoirleach ar an gcoiste. Glacfaidh an coiste a rialacha nós imeachta.

6. Beidh na hacmhainní go léir is gá ag an gcoiste chun a chúraimí a chomhlíonadh, go sonrach chun comhaid a oscailt, cur chun feidhme nósanna imeachta slándála a thosú agus monatóireacht a dhéanamh orthu, iniúchtaí slándála córais a dhéanamh, cinntí a ullmhú agus a rúnaíocht a áirithiú, i gcomhréir leis an gCoimisiún, an Ardrúnaí/Ardionadaí, CEC agus na Ballstáit.

7. Déanfaidh an coiste a chinntí ar bhonn an tromlaigh dá bhforáiltear in Airteagal 205(2) den Chonradh. Maidir leis na vótaí laistigh den choiste, déanfar vótaí ionadaithe na mBallstát a ualú de réir mar a shainmhínítear san Airteagal sin. Ní bheidh vóta ag an gCathaoirleach.

Nuair is iomchuí, cuirfidh an Coimisiún an Coiste um Chláir Eorpacha GNSS arna bhunú ag Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008, ar an eolas faoi thionchar chinntí an choiste ar oibriú rianúil na gclár.

8. Nuair a d'fhéadfadh sé go ndéanfadh pléití an choiste difear do shlándáil an Aontais Eorpaigh nó do shlándáil Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, beidh feidhm ag na nósanna imeachta a leagtar amach i nGníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES ón gComhairle an 12 Iúil 2004 maidir le gnéithe d'fheidhmiú an chórais Eorpaigh um loingseoireacht satailíte a dhéanann difear do shlándáil an Aontais Eorpaigh[7].

9. Maidir le Ballstáit:

- tarchuirfidh siad gach doiciméad úsáideach chuig an gcoiste;

- tabharfaidh siad rochtain don fhoireann a cheap an coiste ar na suíomhanna go léir a bhaineann le slándáil na gcóras agus atá suite ar a gcríoch;

- beidh siad freagrach, ar leibhéal áitiúil, as creidiúnú slándála na suíomhanna atá ar a gcríoch agus atá ina chuid den suíomh um chreidiúnú slándála do chórais Eorpacha GNSS; comhoibreoidh siad, chun na críche seo, leis an gcoiste."

- cuirfear an méid seo a leanas in ionad phointe (2) d'Airteagal 11:

"2) Cumhdóidh costais na Gníomhaireachta caiteachas ar fhoireann, riarachán agus bonneagar, costais oibriúcháin agus caiteachas a bhaineann le feidhmiú an choiste um chreidiúnú slándála na gcóras Eorpach GNSS agus leis na conarthaí agus na comhaontuithe arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht chun na cúraimí a shannfar uirthi a chomhlíonadh.";

13. scriostar Airteagal 22;

14. sna hAirteagail go léir ina bhfuil an focal "Údarás", cuirfear an focal "Gníomhaireacht" ina ionad.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an [...]

Thar ceann na Parlaiminte Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1. AINM AN TOGRA:

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um radaloingseoireacht satailíte

2. CREAT "ABM/ABB" (bainistiú DE RÉIR GNÍOMHAÍOCHTAÍ/BUNÚ AN BHUISÉID DE RÉIR GNÍOMHAÍOCHTAÍ)

Réimse/réimsí beartais lena mbaineann agus aon ghníomhaíocht ghaolmhar/gníomhaíochtaí gaolmhara: Fuinneamh agus Iompar

Caibidil 06 02: Iompar intíre, aeriompar, agus iompar ar muir

Na cláir Eorpacha um radaloingseoireacht satailíte (EGNOS agus Galileo)

3. NA LÍNTE BUISÉID

3.1. Na línte buiséid (línte oibríochtúla agus línte a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (na seanlínte BA) agus a gceannteidil san áireamh:

06 02 09 01 Údarás Maoirseoireachta Galileo – Fóirdheontas faoi Theidil 1 agus 2

06 02 09 02 Údarás Maoirseoireachta Galileo – Fóirdheontas faoi Theideal 3

3.2. Fad thréimhse na gníomhaíochta agus na hiarmharta airgeadais:

Is Gníomhaireacht Comhphobail rialála í an tÚdarás Eorpach um Maoirseoireacht GNSS a bunaíodh le haghaidh tréimhse neamhtheoranta.

3.3. Tréithe buiséadacha:

Líne Buiséid | Saghas caiteachais | Nua | Ranníocaíocht CSTE | Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí | Ceannteideal sa Pheirspictíocht Airgeadais |

06020901 | Neamhéig-eantach | LD | NÍ HEA | TÁ[8] | NÍL | Uimh. 1.A |

06020902 | Neamhéig-eantach | LD | NÍ HEA | TÁ | NÍL | Uimh. 1.A |

4. ACHOIMRE AR NA h ACMHAINNÍ

4.1. Acmhainní Airgeadais

4.1.1. Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ)

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Saghas caiteachais | Uimh. coda | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | n+5 agus níos déanaí | Iomlán |

Caiteachas oibríochtúil[9] |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) | 8.1. | a | 7.800[10] | 7.890 | 8.200 | 9.600 | 11.500 |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) | b | 7.800 | 7.890 | 8.200 | 9.600 | 11.500 |

Caiteachas riaracháin laistigh den mhéid tagartha[11] |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin – (LN) | 8.2.4. | c |

AN MÉID TAGARTHA IOMLÁN |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí | a + c | 7.800[12] | 7.890 | 8.200 | 9.600 | 11.500 |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí | b + c | 7.800 | 7.890 | 8.200 | 9.600 | 11500 |

Caiteachas riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha[13] |

Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (LN) | 8.2.5. | d | 0.122 | 0.122 | 0.122 | 0.122 | 0.122 |

Speansais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus costais ghaolmhara, nach n-áirítear sa mhéid tagartha (LN) | 8.2.6. | e |

Costas táscach airgeadais iomlán na hidirghabhála |

LO IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | a + c + d + e | 7.922 | 8.012 | 8.322 | 9.722 | 11.622 |

LÍ IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | b + c + d + e | 7.922 | 8.012 | 8.322 | 9.722 | 11.622 |

Sonraí an Chómhaoinithe

Má tá cómhaoiniú ó na Ballstáit nó ó chomhlachtaí eile (sonraigh cé hiad) i gceist sa togra, ba cheart meastachán a thabhairt ar an leibhéal cómhaoinithe sa tábla thíos (is féidir línte breise a chur leis má táthar ag súil go mbeidh comhlachtaí éagsúla páirteach sa chómhaoiniú):

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Comhlacht cómhaoinithe | Bliain n | n + 1 | n + 2 | n + 3 | n + 4 | n+5 agus níos déanaí | Iomlán |

…………………… | f |

LO IOMLÁN lena n-áirítear cómhaoiniú | a + c + d + e + f |

4.1.2. Comhoiriúnacht leis an gClárú Airgeadais

( Tá an togra comhoiriúnach leis an gclárú airgeadais atá ann cheana.

( Beidh athchlárú an teidil ábhartha ag gabháil leis an togra seo sa pheirspictíocht airgeadais.

( Féadfaidh an togra a cheangal go mbeidh gá forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh[14] a chur chun feidhme (i.e. ionstraim sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais).

4.1.3. Iarmhairt Airgeadais ar Ioncam

( Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam

( Tá iarmhairt airgeadais ag an togra seo –is í seo a leanas an éifeacht ar ioncam:

EUR milliún (go dtí an 1ú deachúil)

Roimh an ngníomh [Bliain n - 1] | Staid tar éis na ghníomhaíochta |

Líon iomlán na n-acmhainní daonna | 1 | 1 | 1 | 1 | 1 |

5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ

5.1. An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Is gá Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 a leasú go sainráite agus go tapa ar na cúiseanna seo a leanas:

15. Níl an staid reatha, ina bhfuil dhá théacs atá ag teacht salach ar a chéile in áiteanna — Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 — sásúil ar leibhéal dlíthiúil. Ní foláir an neamhchinnteacht agus an débhríochas a bhaineann leis an staid seo a ghlanadh chomh tapa agus is féidir agus forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 a oiriúnú d'fhorálacha Rialachán (CE) Uimh. 683/2008. Is ceist í a bhaineann le hinchreidteacht chreat dlí na gclár a áirithiú, go háirithe maidir le tríú páirtithe.

16. Foráiltear i Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 go mbainisteoidh an Coimisiún gach gné a bhaineann le slándáil na gcóras, ach ag an am céanna bronnfaidh sé ar an Údarás um Maoirseoireacht an cúram i dtaca le creidiúnú ("accreditation") slándála. Ní foláir ról beacht an Údaráis maidir le creidiúnú slándála a shoiléiriú go tapa.

17. Ní foláir rialú poiblí maith na gclár a áirithiú. Ní dhéanann Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 aon athrú ar eagrúchán inmheánach an Údaráis, ar a bhfuil tionchar an-bheag ag an gCoimisiún. D'fhonn a áirithiú "go n-urramaíonn an tÚdarás ról an Choimisiúin mar bhainisteoir na gclár" agus "i gcomhréir le treoirlínte arna n-eisiúint ag an gCoimisiún", ní foláir an scéal a réiteach.

Ba cheart a thabhairt faoi deara i mír 17 de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008, go n-iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún "togra a chur ar aghaidh chun struchtúir bhainistíochta na gclár dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle a chur i gcomhréir go foirmiúil le róil nua an Choimisiúin agus an Údaráis".

5.2. An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí airgeadais eile agus le sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Mar a léirítear i mír 33 de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008, ní féidir leis na Ballstáit córais radaloingseoireacht satailíte a bhunú go leordhóthanach mar go sáraíonn an cuspóir seo acmhainní airgeadais agus teicniúla aon Bhallstáit aonair. Mar sin beidh gníomhaíocht ar leibhéal Comhphobail níos oiriúnaí chun na cláir Eorpacha GNSS (Galileo agus EGNOS) a chur i gcrích.

Thairis sin, ar chúiseanna a nochtar i bpointe 5.1 thuas, tá an togra comhoiriúnach le Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 arb ionann é agus ionstraim bhunaidh na gclár Eorpach GNSS agus foráiltear ann dá maoiniú le haghaidh na tréimhse 2008-2013.

5.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí bainteacha an togra i gcomhthéacs an chreata le haghaidh bhainistiú na ngníomhaíochtaí (ABM)

Leis an leasú seo ar an Rialachán tá na cuspóirí seo a leanas ag an nGníomhaireacht:

- creidiúnú slándála; chuige sin, cuirfidh sí tús le cur chun feidhme nósanna imeachta slándála, déanfaidh sí monatóireacht air agus déanfaidh sí iniúchtaí slándála ar na córais Eorpacha GNSS;

- cuideoidh sé le hullmhú do thráchtálú na gcóras Eorpach GNSS, lena n-áirítear an anailís mhargaidh is gá;

- oibriú ionad slándála Galileo, a chuirfear chun feidhme i gcomhréir le cinntí a ghlacfar de bhun Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus leis na treoracha a chuirfear ar fáil faoi Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES;

Ba cheart a thabhairt faoi deara go ndearnadh tagairt shainráite do Chuspóirí 1 agus 2 sa Chlárú Airgeadais, ós rud é gur chuid de na cúraimí a bronnadh ar an nGníomhaireacht iad faoi Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004, mar a leasaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1942/2006. Ar an taobh eile, sonraítear an tríú cúram sa leasú is ábhar don doiciméad seo: oibriú an ionaid slándála, — a bhfuil tionchar mór aige ar líon foirne na Gníomhaireachta, agus ar an ábhar sin ar an gClárú Buiséadach, go háirithe sa dhá bhliain a chuaigh thart (nuair a thosaigh gníomhaíochtaí an ionaid slándála).

5.4. Modhanna don Chur i gCrích (táscach)

( Bainistiú láraithe

( ag an gCoimisiún go díreach

( go hindíreach trína tharmligean chuig:

( Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

( comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais

( comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

( Bainistiú comhpháirteach nó díláraithe

( leis na Ballstáit

( le Tríú tíortha

( Comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta (sonraigh le do thoil)

Barúlacha ábhartha:

6. MONATÓIREACHT AGUS MEASTÓIREACHT

6.1. Córas Monatóireachta

Cuirtear cuntais na Gníomhaireachta faoi bhráid na Cúirte Iniúchóirí lena bhformheas, agus faoi réir an nós imeachta urscaoilte. Is í Seirbhís Iniúchta Inmheánach an Choimisiúin iniúchóir inmheánach na Gníomhaireachta.

6.2. Meastóireacht

6.2.1. Meastóireacht ex-ante

Rinneadh an mheastóireacht ex-ante nuair a bunaíodh an Ghníomhaireacht in 2004.

6.2.2. Bearta arna nglacadh tar éis meastóireachta idirmheánaí/ex-post (ceachtanna a foghlaimíodh ó n taithí a fuarthas roimhe seo)

Ceaptar an leasú seo ar rialacha nós imeachta na Gníomhaireachta chun na ceachtanna a foghlaimíodh ó bhainistiú na Gníomhaireachta agus óna rannpháirteachas agus a ról sna cláir Eorpacha um radaloingseoireacht satailíte a chur san áireamh.

Is cuid é de mheasúnú níos leithne ar bhainistiú na gclár Eorpach um radaloingseoireacht satailíte arbh é an toradh a bhí air gur glacadh Rialachán (CE) Uimh. 683/2008.

6.2.3. Téarmaí agus minicíocht meastóireachta sa todhchaí

7. BEARTA FRITH-CHALAOISE

Beidh an Ghníomhaireacht faoi réir monatóireachta ag an Oifig Frith-Chalaoise

8. Sonraí na n ACMHAINNÍ

8.1. Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadais

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Creidiúnú slándála | 9 | 13 | 14 | 15 | 15 |

Baill Foirne Shealadacha | 5 | 9 | 10 | 10 | 10 |

Baill Foirne Chonarthacha/ENDanna | 4 | 4 | 4 | 5 | 5 |

Cuidiú le hullmhú do thráchtálú | 9 | 9 | 9 | 9 | 9 |

Baill Foirne Shealadacha | 5 | 5 | 5 | 5 | 5 |

Baill Foirne Chonarthacha/ENDanna | 4 | 4 | 4 | 4 | 4 |

Oibriú ionad slándála Galileo | 0 | 0 | 0 | 8 | 13 |

Baill Foirne Shealadacha | 0 | 0 | 0 | 8 | 13 |

Baill Foirne Chonarthacha/ENDanna | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 |

Tacaíocht agus Bainistíocht | 17 | 18 | 19 | 19 | 19 |

Baill Foirne Shealadacha | 13 | 14 | 14 | 14 | 14 |

Baill Foirne Chonarthacha/ENDanna | 4 | 4 | 5 | 5 | 5 |

Iomlán | 35 | 40 | 42 | 51 | 56 |

Baill Foirne Shealadacha | 23 | 28 | 29 | 37 | 42 |

Baill Foirne Chonarthacha/ENDanna | 12 | 12 | 13 | 14 | 14 |

8.2. Caiteachas Riaracháin

8.2.1. Líon agus saghas acmhainní daonna

Cineálacha post | Na baill foirne a mbeidh sé de chúram orthu an ghníomhaíocht a bhainistiú ag baint úsáide as acmhainní atá ann cheana agus/nó acmhainní breise (an líon post/FTE) |

Bliain n | Bliain n + 1 | Bliain n + 2 | Bliain n + 3 | Bliain n + 4 | Bliain n + 5 |

Oifigigh nó foireann shealadach[17] (XX 01 01) | A*/AD |

B*, C*/AST |

Foireann atá á maoiniú ag Airteagal XX 01 02[18] |

Foireann eile atá á maoiniú ag Airteagal XX 01 04/05[19] |

IOMLÁN |

8.2.2. Cur síos ar na cúraimí a thagann as an ngníomh

Is iad seo a leanas na cúraimí a bhronntar ar an Údarás Eorpach um Fhaireachán GNSS:

18. maidir le slándáil na gclár Eorpach GNSS, tá sé freagrach as:

19. i) creidiúnú slándála; chuige sin, cuirfidh sé tús le cur chun feidhme nósanna imeachta slándála, déanfaidh sé monatóireacht air agus déanfaidh sé iniúchtaí slándála ar na córais Eorpacha GNSS;

20. ii) oibriú ionad slándála Galileo, a chuirfear chun feidhme i gcomhréir le cinntí a ghlacfar de bhun Airteagal 13 de Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus leis na treoracha a chuirfear ar fáil faoi Ghníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/552/CBES;

21. cuideoidh sé le hullmhú do thráchtálú na gcóras Eorpach GNSS, lena n-áirítear an anailís mhargaidh is gá;

22. cuirfidh sé cúraimí eile i gcrích a d'fhéadfadh an Coimisiún a chur faoina chúram, i gcomhréir le hAirteagal 54(2)(b) den Rialachán Airgeadais maidir le buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach, agus rachaidh sé i ngleic le saincheisteanna sonracha a bhaineann leis na cláir Eorpacha GNSS.

8.2.3. Foinsí na n-acmhainní daonna (reachtúla)

( Poist leithdháilte faoi láthair ar bhainistíocht an chláir agus a bheidh le hathrú nó le síneadh.

( Poist leithdháilte laistigh de chleachtadh APS/PDB do bhliain n

( Poist a iarrfar sa chéad nós imeachta APS/PDB eile

( Poist a athimscarfar ag baint úsáide as na hacmhainní atá ann cheana laistigh den tseirbhís (athimscaradh inmheánach)

( Poist is gá do bhliain n cé nach raibh siad á dtuar i gcleachtadh APS/PDB na bliana a bhí i gceist

8.2.4. Caiteachas eile riaracháin a chlúdaítear sa mhéid tagartha (XX 01 04/05 – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin)

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Líne Buiséid (uimhir agus ceannteideal) | Bliain n | Bliain n + 1 | Bliain n + 2 | Bliain n + 3 | Bliain n + 4 | Bliain n + 5 agus níos déanaí | IOMLÁN |

1. Cúnamh teicniúil agus riaracháin (lena n-áirítear costais a bhaineann le foireann) |

Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin[20] |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile |

- intra muros |

- extra muros |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin iomlán |

8.2.5. Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara nach n-áirítear sa mhéid tagartha

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Cineál acmhainní daonna | Bliain n | Bliain n + 1 | Bliain n + 2 | Bliain n + 3 | Bliain n + 4 | Bliain n + 5 agus níos déanaí |

Oifigigh agus foireann shealadach (XX 01 01) | 0.122 | 0.122 | 0.122 | 0.122 | 0.122 |

Foireann atá á maoiniú ag Airteagal XX 01 02 (foireann chúnta, END, foireann ar conradh, etc.) (sonraigh an líne sonrach buiséid) |

Costas iomlán na n-Acmhainní Daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) |

Ríomh – Oifigigh agus Foireann shealadach |

Oifigeach lánaimseartha nó ball foirne sealadach nó a choibhéis, chun maoirseoireacht na Gníomhaireachta a áirithiú |

Ríomh – Foireann arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 02 |

8.2.6. Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) |

Bliain n | Bliain n + 1 | Bliain n + 2 | Bliain n + 3 | Bliain n + 4 | Bliain n + 5 agus níos déanaí | IOMLÁN |

XX 01 02 11 01 – Misin |

XX 01 02 11 02 – Cruinnithe agus comhdhálacha |

XX 01 02 11 03 -Coistí[21] |

XX 01 02 11 04 – Staidéir agus Comhairliúcháin |

XX 01 02 11 05 – Córais Faisnéise |

2. Caiteachas bainistíochta iomlán eile (XX 01 02 11) |

3. Caiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh agus cuir isteach tagairt don líne buiséid) |

Iomlán an chaiteachais riaracháin cé is moite d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) |

Ríomh – Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha |

[1] IO C […], […], lch […].

[2] IO C […], […], lch […].

[3] IO C […], […], lch […].

[4] IO L 246, 20.7.2004. lch 1.

[5] IO L 367, 22.12.2006. lch 18 .

[6] IO L 196, 24.07.2008. lch 1.

[7] IO L 246, 20.7.2004. lch 30.

[8] Comhaontú sonrach atá faoi chaibidil.

[9] Caiteachas nach dtagann faoi Chaibidil xx 01 de Theideal xx lena mbaineann.

[10] Lena n-áirítear 2 mhilliún de leithreasaí faoi chomhar oibleagáidí ó bharrachas na bliana 2007 agus lena n-áirítear an cúlchiste de EUR 390 000 le haghaidh Theideal 3.

[11] Caiteachas laistigh d'Airteagal xx 01 04 de Theideal xx.

[12] Lena n-áirítear 2 mhilliún de leithreasaí faoi chomhar oibleagáidí ó bharrachas na bliana 2007 agus lena n-áirítear an cúlchiste de EUR 390 000 le haghaidh Theideal 3.

[13] Caiteachas laistigh de Chaibidil xx 01, seachas Airteagail xx 01 04 agus xx 01 05.

[14] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[15] Ba cheart colúin bhreise a chur leis más gá i.e. má théann tréimhse na gníomhaíochta thar 6 bliana.

[16] Mar a thuairiscítear i Roinn 5.3.

[17] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha.

[18] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha.

[19] Costas ar áireamh sa mhéid tagartha.

[20] Ba cheart tagairt a dhéanamh don Ráiteas Airgeadais Reachtach sonrach le haghaidh na Gníomhaireachta/na nGníomhaireachtaí Feidhmiúcháin lena mbaineann.

[21] Sonraigh an saghas coiste agus an grúpa a mbaineann sé leis.