Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 maidir le comhrialacha do leithroinnt sliotán in aerfoirt Chomhphobail /* COIM/2009/0121 leagan deireanach - COD 2009/0042 */
[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH | An Bhruiséil 10.3.2009 COIM(2009) 121 leagan deireanach 2009/0042 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 maidir le comhrialacha do leithroinnt sliotán in aerfoirt Chomhphobail MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN Réamhrá 1. Tá an ghéarchéim dhomhanda eacnamaíoch agus airgeadais, atá an-tromchúiseach agus an-fhorleathan, ag déanamh difear tromchúiseach do ghníomhaíochtaí aeriompróirí. Tá laghdú suntasach tagtha ar aerthrácht dá bharr i séasúr sceidealaithe an gheimhridh 2008/2009 agus déanfaidh sí difear freisin do shéasúr sceidealaithe an tsamhraidh 2009. Tar éis sé bliana fáis de 3% ar an meán agus gan fás ar bith in 2008, bhí sé tuartha ag Eurocontrol i Nollaig 2008 go mbeadh titim 3% ar líon na n-eitiltí san Eoraip in 2009. An 25 Feabhra 2009, rinne Eurocontrol athmheasúnú ar na meastacháin agus tá sé tuartha aige anois go dtarlóidh titim idir 8.1% agus 1.4%, agus go bhfuil sé an-dócha gur titim 4.9% a bheidh i gceist. Tá sé tughta faoi deara ag Eurocontrol gur tháinig titim mhór ar aerthrácht ag deireadh 2008, agus gur tharla titim 7% i mí na Nollag amháin. Dar le Eurocontrol, bhí an chéad titim ar aerthrácht den chéad uair le 15 bhliain le tabhairt faoi deara sna haerlínte ar chostas íseal, agus ní dhearna siad ach 4 600 eitilt i Samhain 2008, sin titim 6.1% ar Shamhain 2007. Tháinig laghdú 16% ar líon na n-eitiltí gnó i Nollaig 2008 i gcomparáid leis an mí chéanna in 2007. Tá titim os cionn 80% ar aerthrácht tarlaithe in aerfoirt na hEorpa (8% go 10% ar thrácht phaisinéirí agus 25% go 30% ar thrácht lastais in Eanáir 2009), rud a chiallaíonn go bhfuil tionchar ag an ngéarchéim eacnamaíoch ar an uile ghné d'earnáil aeriompair na hEorpa. 2. Léiríonn na figiúirí a thug oibreoirí na hearnála san Eoraip (AEA) le fios go bhfuil an cás an-tromchúiseach ar fad. Tháinig titim 21.4% ar thrácht lastais i Nollaig 2008. Tá sé tuartha go dtiocfaidh titim 4% ar thrácht phaisinéirí in 2009. Tá sé tugtha le fios ag na hoibreoirí nár tharla titim chomh mór sin ach ar thrí ócáid sa tréimhse 25 bliain a chuaigh thart: i 1986 i ngeall ar Shearnóbil agus ar an gcogadh sa Libia, i 1991 i ngeall ar an gcéad Chogadh sa Mhurascaill agus in 2001/2002 i ngeall ar na hionsaithe sceimhlitheoireachta sna Stáit Aontaithe. Tá laghduithe toillte idir 6% agus 8% tuartha ag an AEA le linn an tsamhraidh 2009 maidir le líon na n-eitiltí agus idir 9% agus 12% maidir le líon na suíochán a dhéanfar a thairiscint (available seat kilometres). 3. Dar leis an gComhlachas Aeriompair Idirnáisiúnta (IATA) tháinig laghdú 22.6% ar an méid lastais ar an leibhéal idirnáisiúnta i mí na Nollag agus laghdú os cionn 21% i gcás iompróirí na hEorpa. Léiríonn figiúirí a foilsíodh an 26 Feabhra 2009 gur tháinig titim 5.6% ar thrácht phaisinéirí agus titim 23.2% ar thrácht lastais in Eanáir 2009 i gcomparáid leis an mí chéanna in 2008. Tá sé tugtha faoi deara ag IATA go bhful an titim 5.7% cúitithe, i bpáirt, ag iompróirí na hEorpa trína dtoilleadh a laghdú 3.6%. 4. Tá an Coimisiún den tuairim gurb é atá sa ghéarchéim eacnamaíoch reatha agus san athchoigeartú a dhéanfar ar sheirbhísí ina diaidh (cealú, laghdú minicíochtaí) imthosca eisceachtúla a bhfuil tionchar diúltach acu ar chuideachtaí aerlíne. Dá bhrí sin, ba cheart do na comhordaitheoirí forálacha Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 maidir le leithroinnt sliotán a fhorléiriú sa tslí is nach mbeadh baol ann do na cuideachtaí aerlíne na sliotáin nár éirigh leo a úsáid i ngeall ar an ngéarchéim eacnamaíoch a chailliúint (an riail "mura n-úsáidfear é, caillfear é"). 5. Mura nglacfar cinneadh chun an stádas maidir le cearta sealbhaithe na sliotán a choimeád, d'fhéadfadh na haerlínte an toilleadh atá ann a choimeád fiú agus laghdú suntasach ar an éileamh, rud a chuirfeadh leis na fadhbanna eacnamaíocha reatha. Forálacha an Rialacháin i dtaobh sliotán 6. Is é an pointe tagartha sa Rialachán, mar atá luaite in Airteagal 10(2), leithroinnt agus úsáid sliotán feadh séasúir amháin (an prionsabal "mura n-úsáidfear é, caillfear é") agus go háirithe an staid ag deireadh an tséasúir tar éis na sliotáin a bheith úsáidte. Tá sé mar choinníoll san Airteagal sin, go háirithe, nach mbeidh teideal ag aeriompróirí ar an tsraith chéanna sliotán sa séasúr sceidealaithe coibhéiseach ina dhiaidh sin murar féidir leo a léiriú go sásúil don chomhordaitheoir gur oibrigh siad na sliotáin sin, de réir mar a fuarthas imréiteach dóibh ón gcomhordaitheoir, ar feadh 80% ar a laghad den am le linn an tséasúir dá leithroinneadh iad. 7. Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 8(2) agus le hAirteagal 10(2) den Rialachán go ríomhfar an úsáid ag deireadh an tséasúir, a luaithe agus a bheidh na sliotáin oibrithe, ar mhaithe le cearta a fháil don séasúr sceidealaithe coibhéiseach ina dhiaidh sin. 8. In Airteagal 10(4) tugtar liosta de na cúiseanna is féidir le haeriompróirí a úsáid go bailí chun neamhúsáid sliotán a leithroinneadh le linn séasúir sceidealaithe a chosaint. Tá liosta cuimsitheach tugtha i bpointe (a) ina bhfuil na himthosca nárbh fhéidir a thuar nó imthosca dosheachanta nach bhfuil neart ag an aeriompróir orthu. 9. Tá an Rialachán bunaithe ar an bprionsabal gurb ar an gcomhordaitheoir atá an fhreagracht sliotáin a leithroinnt agus monatóireacht a dhéanamh ar a n-úsáide (Airteagal 4(5) agus Airteagal 6). Ní foláir do na comhordaitheoirí a ndualgais a chomhlíonadh ar shlí neamhspleách agus freisin beidh orthu gníomhú ar shlí atá neodrach, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach (Airteagal 4(2) agus (3)). Ní fhéadfaidh an Coimisiún ná aon Bhallstát, dá bhrí sin, aon cheanglais a chur ar na comhordaitheoirí a bhainfeadh óna neamhspleáchas. Ar an ábhar sin, is é an tátal a bhaintear as go gcaithfidh an comhordaitheoir gníomhú i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha amach in Airteagal 4 thuas agus é ag cur Airteagal 10(2) agus (4) i bhfeidhm. 10. Tá baol ann, faoi na coinníollacha sin, go bhforléireodh na Ballstáit an Rialachán ar shlí dhifriúil, rud a chruthódh easpa comhréireachta agus Airteagal 10(4) á chur i bhfeidhm laistigh den Chomhphobal. Is é sin a tharla tar éis na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta sna Stáit Aontaithe. Caithfidh an Comhphobal beart a dhéanamh, dá bhrí sin, chun deimhneacht dhlíthiúil a chinntiú ar shlí shoiléir agus aonchiallach, mar a rinne sé in 2002 agus in 2003 nuair a cuireadh Airteagal 10a agus Airteagal 10b isteach, maidir leis an riail "mura n-úsáidfear é, caillfear é" a chur i bhfeidhm do na séasúir sceidealaithe a bhfuil difear déanta ag an ngéarchéim dóibh. 11. Tá sé beartaithe, dá bhrí sin, Airteagal 10c nua a chur isteach sa Rialachán, lena leagfaí síos go bhfuil sé de dhualgas ar na comhordaitheoirí glacadh leis, agus an ghéarchéim eacnamaíoch ar siúl, go bhfuil teideal ag aeriompróirí ar na sliotáin chéanna i séasúr sceidealaithe an tsamhraidh 2010 agus na sliotáin a leithroinneadh orthu do shéasúr sceidealaithe an tsamhraidh 2009 (29 Márta 2009 go 24 Deireadh Fómhair 2009). 12. Ionas nach gcuirfear an toilleadh sliotán amú sna séasúir sin a ndéanann an ghéarchéim difear dóibh, féadfaidh na comhordaitheoirí sliotáin nach n-úsáidtear i séasúr an tsamhraidh 2009 a ath-leithroinnt don chuid sin den séasúr atá fágtha mar shliotáin 'ad hoc', ar féidir le haeriompróirí eile a úsáid gan cearta sealbhaithe a thabhairt. 13. Leanfaidh an Coimisiún leis an anailís ar thionchar na géarchéime eacnamaíche ar earnáil an aeriompair. Más rud é go rachaidh staid na hearnála in olcas le linn shéasúr an gheimhridh 2009/10, (25 Deireadh Fómhair 2009 go 27 Márta 2010), féadfaidh an Coimisiún a chinneadh na socruithe sin a athnuachan do shéasúr an gheimhridh 2010/11. Amchlár 14. Gné an-tábhachtach den togra seo is ea an t-amchlár. Tarlóidh an chéad leithroinnt sliotán ag comhdhálacha sceidealaithe IATA: i mí na Samhna do shéasúr an tsamhraidh ina dhiaidh sin agus i mí an Mheithimh do shéasúr an gheimhridh ina dhiaidh sin. Dá bharr sin, leithroinnfear na sliotáin do shéasúr an tsamhraidh 2010 le linn chomhdháil sceidealaithe na Samhna 2009, agus na sliotáin do shéasúr an gheimhridh 2010/2011 i mí an Mheithimh 2010. Leagtar síos in Airteagal 10(3) den Rialachán gur féidir le haeriompróirí a sliotáin a chur ar ais sa chomhthiomsú roimh 31 Eanáir do shéasúr an tsamhraidh ina dhiaidh sin nó roimh 31 Lúnasa do shéasúr an gheimhridh ina dhiaidh sin, gan difear a dhéanamh don ríomh ar an úsáid a baineadh as na sliotáin atá fágtha. I gcomhréir le treoirlínte domhanda sceidealaithe IATA, agus a luaithe agus atá na cearta sealbhaithe a thugann teideal ar shliotáin aitheanta, caithfidh na comhordaitheoirí a sholáthar do gach aerlíne mionsonraí na gceart sealbhaithe atá acu i dtaobh sliotán, a luaithe agus a chinnfidh an comhordaitheoir iad, ach tráth nach déanaí ná: - an tríú Luan d'Aibreán do shliotáin atá cláraithe mar shliotáin 'sealbhaithe', mar a oibríodh iad i séasúr an gheimhridh roimhe sin; - an tríú Luan de Mheán Fómhair do shliotáin atá cláraithe mar shliotáin 'sealbhaithe', mar a oibríodh iad i séasúr reatha an tsamhraidh go dtí an tráth sin. 15. Cé gur cuireadh deireadh le leithroinnt na sliotán do shéasúr sceidealaithe an tsamhraidh 2009 an 31 Eanáir 2009, ceadóidh an leasú ar an Rialachán do chuideachtaí aerlíne a ngníomhaíochtaí a choigeartú agus a dtoilleadh láithreach a laghdú chun go gcomhlíonfaidh siad an riail "mura n-úsáidfear é, caillfear é". Ós rud é go dtosaíonn séasúr an tsamhraidh 2009 an 29 Márta, ba cheart don riail atá beartaithe teacht i bhfeidhm a luaithe is féidir. 16. Mura ndéanfar amhlaidh, tá baol mór ann go ndéanfaidh aeriompróirí agóidí dlíthiúla, aeriompróirí a raibh sliotáin leithroinnte orthu in aerfoirt nár ghlac an comhordaitheoir leis an gcosaint i dtaca le himthosca eisceachtúla a tharla i ngeall ar an ngéarchéim eacnamaíoch le linn shéasúr sceidealaithe an tsamhraidh 2009. 2009/0042 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 maidir le comhrialacha do leithroinnt sliotán in aerfoirt Chomhphobail TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 80(2) de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[1], Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[2], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[3], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh[4], De bharr an méid seo a leanas: (1) Tá an ghéarchéim dhomhanda eacnamaíoch agus airgeadais ag déanamh difear tromchúiseach do ghníomhaíochtaí aeriompróirí. Tá laghdú suntasach tagtha ar aerthrácht dá bharr i séasúr sceidealaithe an gheimhridh 2008/2009. Déanfaidh an ghéarchéim eacnamaíoch difear freisin do shéasúr sceidealaithe an tsamhraidh 2009. (2) Chun a áirithiú nach mbeidh neamhúsáid na sliotán a leithroinneadh do shéasúr an tsamhraidh 2009 ina chúis go gcaillfeadh aeriompróirí a dteidlíocht ar na sliotáin sin, is gá a shonrú go soiléir agus gan débhrí go bhfuil difear déanta don séasúr ag an ngéarchéim eacnamaíoch. Leanfaidh an Coimisiún leis an anailís ar thionchar na géarchéime eacnamaíche ar earnáil an aeriompair. Más rud é go rachaidh staid na hearnála in olcas le linn shéasúr an gheimhridh 2009/10, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh na socruithe sin a athnuachan go hiomlán nó i bpáirt do shéasúr an gheimhridh 2010/11. (3) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CEE) Uimh. 95/93 ón gComhairle an 18 Eanáir 1993 maidir le comhrialacha do leithroinnt sliotán in aerfoirt Chomhphobail[5] a leasú dá réir. Ní dhéanfaidh an leasú seo aon difear do chumhachtaí an Choimisiúin maidir le hAirteagal 81 agus Airteagal 82 de Chonradh CE a chur i bhfeidhm, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: Airteagal 1 Cuirtear an tAirteagal 10c seo a leanas isteach i Rialachán (CEE) Uimh. 95/93: "Airteagal 10c Chun críche Airteagal 10(4), glacfaidh comhordaitheoirí leis go mbeidh teideal ag aeriompróirí ar an tsraith sliotán chéanna feadh shéasúr sceidealaithe an tsamhraidh 2010 agus a leithroinneadh orthu do shéasúr sceidealaithe an tsamhraidh 2009 i gcomhréir leis an Rialachán. Leanfaidh an Coimisiún leis an anailís ar thionchar na géarchéime eacnamaíche ar earnáil an aeriompair. Más rud é go rachaidh staid na hearnála in olcas le linn shéasúr an gheimhridh 2009/10, féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 13(2), a chinneadh na socruithe sin a athnuachan go hiomlán nó i bpáirt do shéasúr an gheimhridh 2010/11." Airteagal 2 Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh . Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán [1] IO C, lch . [2] IO C, lch . [3] IO C, lch . [4] IO C, lch . [5] IO L 14, 22.1.1993, lch 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 894/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 142, 31.5.2002, lch 3), Rialachán (CE) Uimh. 1554/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 221, 4.9.2003, lch 1) agus Rialachán (CE) Uimh. 793/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 138, 30.4.2004, lch 50).