52008DC0904




[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil, 12.1.2009

COIM(2008) 904 leagan deireanach

2007/0198 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir leis

an gcomhsheasamh ón gComhairle chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtarraingeofaí siar Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le coinníollacha rochtana ar an líonra um malartuithe trasteorann sa leictreachas

2007/0198 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚNCHUIG PARLAIMINT NA hEORPAde bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir leis

an gcomhsheasamh ón gComhairle chun go nglacfaí Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtarraingeofaí siar Rialachán (CE) Uimh. 1228/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le coinníollacha rochtana ar an líonra um malartuithe trasteorann sa leictreachas

1. CÚLRA

TOGRA ARNA SHEOLADH CHUIG PARLAIMINT NA HEORPA AGUS CHUIG AN GCOMHAIRLE (DOICIMÉAD COIM(2007) 531- 2007/0198/COD) an: | 19.9.2007 |

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa arna tabhairt an: | 22.4.08 |

Tuairim ó Choiste na Réigiún arna tabhairt an: | 10.4.08 |

Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (an chéad léamh) arna tabhairt an: | 18.6.2008 |

Comhsheasamh arna ghlacadh d'aon toil an: | 9.1.2009 |

2. AIDHM AN TOGRA ÓN g COIMISIÚN

Is cuid den tríú pacáiste reachtaíochta le haghaidh mhargadh inmheánach AE sa ghás agus sa leictreachas ("An Tríú Pacáiste") é an togra seo. Áirítear dhá Threoir agus trí Rialachán ann.

Is é is príomhchuspóir don phacáiste, áfach, an creat rialúcháin is gá a bhunú chun lánéifeacht a thabhairt d'oscailt an mhargaidh agus chun margadh aonair AE sa ghás agus sa leictreachas a chruthú ar mhaithe le saoránaigh agus le lucht tionscail an Aontais Eorpaigh. Cuideoidh an méid seo le praghsanna a choimeád chomh híseal agus is féidir agus le caighdeáin seirbhíse agus cinnteacht soláthair a ardú.

Is trí na príomhbhearta seo a leanas a dhéanfar amhlaidh:

- maoirseacht níos éifeachtúla ar rialáil ag na rialtóirí náisiúnta neamhspleácha;

- Gníomhaireacht a bhunú chun comhar éifeachtúil a áirithiú idir rialtóirí náisiúnta agus chun cinntí a dhéanamh faoi na saincheisteanna trasteorann go léir is ábhartha;

- comhar éigeantach idir na hoibreoirí líonraí chun na rialacha go léir a bhaineann le hiompar fuinnimh feadh na hEorpa a chomhchuibhiú agus chun pleanáil infheistíochta a chomhordú;

- díchuachadh éifeachtúil ar ghiniúint agus ar tharchur fuinnimh ionas go ndíchuirfear coinbhleacht leasa, go gcuirfear infheistíocht sa líonra chun cinn agus go seachnófar aon iompraíocht idirdhealaitheach;

- méadú ar thrédhearcacht an mhargaidh miondíola agus feabhas ar a fheidhmiú;

- méadú ar an dlúthpháirtíocht agus ar an gcomhar réigiúnach idir na Ballstáit chun breis cinnteachta soláthair a áirithiú.

3. BARÚLACHA MAIDIR LEIS AN g COMHSHEASAMH

3.1. Barúlacha ginearálta

Tá na comhpháirteanna ríthábhachtacha go léir atá sa togra ón gCoimisiún agus a theastaíonn chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh sa ghás agus sa leictreachas a áirithiú agus, ar dhóigh níos ginearálta, chun na cuspóirí ríthábhachtacha atá leagtha amach thuas a bhaint amach, ar áireamh sa chomhsheasamh a ghlac an Chomhairle maidir leis na cúig théacs atá sa Tríú Pacáiste. Ar an ábhar sin, féadfaidh an Coimisiún a thacaíocht a thabhairt don chomhsheasamh i gcoitinne (féach 3.2 thíos).

Dhírigh an chéad léamh ar chomhaontú a chur i gcrích laistigh den Chomhairle. Níor corpraíodh na leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa, dá bhrí sin, sa chomhsheasamh ar bhonn foirmiúil. Déanfar caibidlíocht chun na críche sin le linn an dara léamh. Tá roinnt leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa curtha san áireamh, áfach, sa chomhsheasamh (féach 3.3 thíos). Tá an Coimisiún den tuairim gur cheart roinnt de na leasuithe nach bhfuil clúdaithe a chur san áireamh ag an dara léamh (féach 3.4 thíos).

3.2. Barúlacha faoi leith

Is iad seo a leanas na príomhathruithe ar an togra ón gCoimisiún:

3.2.1 Cóid an líonra a bhunú agus a athrú

Athraíonn an comhsheasamh an togra ón gCoimisiún a mhéad a bhaineann leis an bpróiseas chun cóid an líonra a bhunú agus a athrú. Tugtar isteach treoirlínte réime nua, arna n-ullmhú ag an nGníomhaireacht, a mbeidh ar oibreoirí córais tarchurtha a chur i bhfeidhm agus iad ag dréachtú na gcód don líonra Eorpach. (féach 3.3 le haghaidh mheasúnú an Choimisiúin)

3.2.2 Plean Infheistíochta Líonra

Bheartaigh an Coimisiún gur cheart do Líonra Eorpach Oibreoirí na gCóras Tarchuradóireachta (ENTSO) sa Leictreachas plean infheistíochta líonra a dhréachtú gach dhá bhliain. Tá sé seo athraithe ag an gComhairle go plean forbartha líonra atá neamhcheangailteach agus táscach. (féach 3.3 le haghaidh mheasúnú an Choimisiúin)

3.2.3 Taraifí

Airíodh sa togra ón gCoimisiún go gceadódh na rialtóirí taraifí ar bhonn ex ante . D'áirigh an Chomhairle nach bhféadfaí ach an mhodheolaíocht amháin a bhunú ar bhonn ex ante agus measann an Coimisiún go bhfuil an fhoráil sin inghlactha.

3.2.4 Treoirlínte

Áiríodh sa togra ón gCoimisiún liosta fada treoirlínte, inar clúdaíodh na treoirlínte atá ann faoi láthair, roinnt ábhar nua, agus treoirlínte a bheidh bunaithe ar chóid an líonra.

Ar an gcéad dul síos tá gach tagairt sainráite do na treoirlínte atá luaite cheana sa liosta de chóid an líonra scriosta ag an gComhairle. Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an rogha seo maidir le reachtaíocht a dhréachtú.

Fuair an Chomhairle réidh freisin, áfach, leis an deis chun treoirlínte a bhunú. Bhí an deis treoirlínte a bhaineann le margaí miondíola a eisiúint ar áireamh ag an gCoimisiún sa togra. Iarrtar ar na Ballstáit nósanna imeachta a shainiú chun sonraí a mhalartú agus a bhabhtáil, ach tá an t-airteagal aistrithe ag an gComhairle ón Rialachán go dtí an Treoir. Á dhéanamh sin, tá an deis treoirlínte a eisiúint scriosta aici freisin. Féadfaidh an Coimisiún glacadh leis an dá athrú ach meastar go bhfuil sé riachtanach na treoirlínte ar fad atá fágtha a choimeád d'fhonn a áirithiú go bhfeidhmíonn an córas maidir le rialacha atá ceangailteach de réir an dlí a bhunú le haghaidh an mhargaidh inmheánaigh sa leictreachas i gceart.

3.3. Gnéithe den chomhsheasamh a léiríonn leasuithe a rinne Parlaimint na hEorpa

Tá roinnt de na leasuithe a rinne Parlaimint na hEorpa léirithe sa chomhsheasamh, roinnt acu sa fhriotal bunaidh, roinnt eile sa bhrí chéanna. Seo iad mar a leanas: .

3.3.1 É a bheith de chumhacht ag an nGníomhaireacht treoirlínte réime agus cóid a fhorbairt

Athraíonn an comhsheasamh ón gComhairle agus na leasuithe a rinne Parlaimint na hEorpa (leasú 32) an togra ón gCoimisiún a mhéad a bhaineann leis an bpróiseas chun cóid an líonra a bhunú. Tugtar isteach treoirlínte réime nua, arna n-ullmhú ag an nGníomhaireacht, a mbeidh ar na hoibreoirí córais tarchurtha a chur i bhfeidhm agus iad ag dréachtú na gcód don líonra Eorpach.

Tugann an Coimisiún a thacaíocht do ról Gníomhaireachta a bheadh sainithe níos soiléire sa phróiseas déanta rialacha. In ionad a tuairim a thabhairt uaithi tar éis don chód a bheith dréachtaithe ag na hoibreoirí córais tarchurtha, déanfaidh an Ghníomhaireacht na cóid a shainiú ar bhonn ex ante i bhfoirm treoirlínte réime a bhaineann le réimse ar leith.

Tá sé molta ag Parlaimint na hEorpa freisin gur cheart don Ghníomhaireacht cóid cheangailteacha líonra a ghlacadh (leasú 14), ach is é tuairim na Comhairle gurb ag an gCoimisiún amháin atá sé de chumhacht na cóid a dhéanamh ceangailteach. Ní féidir leis an gCoimisiún a thacaíocht a thabhairt d'iarracht na Parlaiminte níos mó cumhachta a thabhairt don Ghníomhaireacht, óir tagann sé salach ar an rialú a thug an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach i gcás Meroni, rialú a shonraigh nach féidir leis an gCoimisiún cumhachtaí lánroghnacha a tharmligean chuig comhlachtaí eile.

3.3.2 Comhairliúchán agus monatóireacht arna ndéanamh ag ENTSO

Athraíonn an comhsheasamh agus na leasuithe a rinne Parlaimint na hEorpa araon an togra ón gCoimisiún maidir le comhairliúchán agus monatóireacht arna ndéanamh ag ENTSO i gcás an leictreachais. Soiléiríonn an comhsheasamh ról ENTSO i gcodarsnacht le comhairliúchán agus monatóireacht na Gníomhaireachta. Tá an bunús céanna ag na leasuithe a rinne an Pharlaimint ach tá siad róshrianta chun raon feidhme leordhóthanach a chothabháil le haghaidh chomhairliúcháin agus na monatóireacht arna ndéanamh ag ENTSO.

3.3.3 Costais ENTSO

Cuirtear ceanglas leis an gcomhsheasamh agus leis na leasuithe a rinne Parlaimint na hEorpa araon nár mhór do na húdaráis rialála costais ENTSO a cheadú má táthar den tuairim go bhfuil siad réasúnach agus comhréireach.

3.3.4 Úsáid cíosanna plúchta

Rinne an togra ón gCoimisiún foráil d'úsáid shainordaitheach cíosanna plúchta chun acmhainneacht trasteorann a dhearbhú nó le haghaidh infheistíochta líonra. Beartaítear é seo freisin le leasú 23 ón bParlaimint, lena gcuirtear ceadú na Gníomhaireachta cíosanna plúctha a úsáid le haghaidh laghdú taraifí. Thug an comhsheasamh isteach arís deis chun na cíosanna plúctha a úsáid ar mhaithe le taraifí a laghdú.

Is é tuairim an Choimisiúin go lagaíonn úsáid cíosanna plúctha ar mhaithe le taraifí a laghdú an dreasacht chun bonneagar nua a thógáil ag úsáid cíosanna plúctha. Bunaítear leis an gcomhsheasamh tosaíocht shoiléir, áfach, maidir le cíosanna plúctha a úsáid chun acmhainneacht trasteorann a dhearbhú nó le haghaidh infheistíochta líonra in áit taraifí líonra a laghdú. Tá leasú na Parlaiminte ag dul sa treo ceart. Tá an Coimisiún sásta glacadh leis an gcomhsheasamh i dteannta leasú na Parlaiminte mar chomhréiteach.

3.4. Leasuithe a rinne Parlaimint na hEorpa arna gceadú ag an gCoimisiún ach gan formhuiniú ón gComhairle

3.4.1 Cumhacht na Gníomhaireachta maidir le pleananna infheistíochta

Faoin gcomhsheasamh, glacann ENTSO plean táscach 10 mbliana forbartha líonra. Déanfaidh an Ghníomhaireacht athbhreithniú ar an bplean, agus féadfaidh an Ghníomhaireacht athruithe ar an bplean a mholadh don Choimisiún agus do ENTSO. Is éard atá molta ag Parlaimint na hEorpa go nglacfadh an Ghníomhaireacht plean infheistíochta líonra atá ceangailteach agus a ullmhóidh ENTSO. Ní ghlacfaidh an Coimisiún le bronnadh cumhachta lánroghnaí ar an nGníomhaireacht chun plean infheistíochta ceangailteach a ghlacadh. D'fhéadfadh an Coimisiún, áfach, tacú leis an nGníomhaireacht i dtaobh plean infheistíochta neamhcheangailtigh a ghlacadh, nó i dtaobh bheith páirteach i monatóireacht a dhéanamh ar chomhchuibheas idir na pleananna náisiúnta infheistíochta arna gceadú ag na rialtóirí náisiúnta agus plean 10 mbliana forbartha líonra ENTSO.

3.4.2 Comhar teicniúil le tríú tíortha

Moltar sna leasuithe a rinne an Pharlaimint monatóireacht a dhéanamh ar chomhar teicniúil le hoibreoirí córais tarchurtha tríú tíortha ag na húdaráis náisiúnta rialála agus ag an nGníomhaireacht.

3.4.3Bacainní riaracháin a bhaint chun acmhainneacht a fheabhsú

Beartaítear le leasuithe na Parlaiminte gur cheart do na Ballstáit athbhreithniú a dhéanamh ar a gcuid nósanna imeachta chun bacainní riaracháin a bhaint ar mhaithe le hacmhainneacht idirnasctha a mhéadú.

4. CONCLÚIDÍ

Tá an Coimisiún den tuairim go bhfuil príomhphointí an togra ón gCoimisiún caomhnaithe sa chomhsheasamh. Measann an Coimisiún go bhfuil an comhsheasamh cothrom i gcoitinne i gcás saincheisteanna substainteacha agus gur comhréiteach inmharthana atá ann, a áiritheoidh go bhféadfaidh an margadh inmheánach sa ghás agus sa leictreachas feidhmiú go rianúil. Tá an Coimisiún den tuairim, áfach, nár cheart roinnt leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa ag an gcéad léamh a chorprú ach ag an dara léamh.