52008PC0817

Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) {SEC(2008) 2953} {SEC(2008) 2954} /* COIM/2008/0817 leagan deireanach - COD 2008/0237 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil 4.12.2008

COM(2008) 817 leagan deireanach

2008/0237 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) {SEC(2008) 2953} {SEC(2008) 2954}

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1. Cúlra don togra

1.1. Forais agus cuspóirí

Léirscaoileadh an margadh iompair idirnáisiúnta paisinéirí de bhus agus de chóiste cheana. Le Rialachán (CEE) Uimh. 684/92, mar a leasaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 11/98, osclaíodh rochtain ar an margadh sin. Maille le Rialachán (CE) Uimh. 12/98 maidir le rochtain ar an margadh iompair náisiúnta i gcomhair iompróirí neamhchónaitheacha de bhus agus de chóiste, is ar an reachtaíocht seo atá seasamh an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí idirnáisiúnta iompair paisinéirí de bhóthar[1]. Tharraing an margadh aonair d'iompar sochair shuntasacha do mhuintir na hEorpa, lena n-áirítear rogha níos leithne de cheann scríbe agus líon tairiscintí taistil atá iomaíoch. Ní i gcónaí a ghabh bearta leordhóthanacha chun cearta paisinéirí a chosaint le hasbhaint teorainneacha agus leis an bhfás ar thaisteal. Tá sé fíor-riachtanach go mbunófar ar bhonn cuimsitheach cearta ar rochtain agus rialacha lena rialófar feidhmíocht i leith na seirbhísí seo, ós rud é nach féidir déanamh d'uireasa an mhodha iompair seo chun dul chun na hoibre, chun cuairt a thabhairt ar ghaolta agus ar chairde agus chun taitneamh a bhaint as fóillíocht agus turasóireacht; gan ach drochrochtain air, cuirtear isteach go mór ar lánpháirtiú an-chuid saoránach, rud atá chun aimhleasa na sochaí ina hiomlán. Sa Pháipéar Bán "Beartas Eorpach um iompar do 2010: in am don chinneadh"(European transport policy for 2010: time to decide)[2], bheartaigh an Coimisiún Eorpach go mbunófaí cearta paisinéirí i ngach modh iompair, agus ar an dóigh sin go gcuirfí na húsáideoirí i gcroílár an bheartais iompair. Aibhsíodh a thuilleadh an gá le gníomhaíocht ina leith seo sa Teachtaireacht in 2005 maidir le cearta paisinéirí a neartú laistigh den Aontas Eorpach[3], inar thíolaic an Coimisiún cur chuige beartais maidir le conas bearta cosanta paisinéirí a leathnú go dtí modhanna iompair seachas aeriompar. D'aimsigh an Coimisiún na cearta ar chóir a neartú le gníomhaíocht Comhphobail is cuma an modh iompair arna úsáid[4].

Maidir le hiompar de chóiste, d'aithin an Coimisiún trí phríomhréimse a bhaineann le hábhar: 1) cearta daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, 2) saincheisteanna dliteanais agus 3) cúiteamh agus cúnamh sa chás go gcuirfear isteach ar thaisteal.

Ina Theachtaireacht an 22 Meitheamh 2006 "Coinnímis an Eoraip sa siúl – Soghluaisteacht inbhuanaithe dár n-ilchríoch, athbhreithniú meántéarma ar an bPáipéar Bán um Iompar ón gCoimisiún Eorpach 2001"(Keep Europe moving - Sustainable mobility for our continent, Mid-term review of the European Commission’s 2001 Transport White Paper)[5], thóg an Coimisiún air féin grinnscrúdú a dhéanamh ar conas cáilíocht seirbhísí a fheabhsú agus cearta paisinéirí a dhearbhú i ngach modh iompair.

1.2. Iompar de bhus agus de chóiste

Saintréithe de chuid an mhodha iompair seo is ea líon áirithe gnéithe suntasacha a bhaineann d'oibreoirí agus do phaisinéirí araon.

I dtéarmaí paisinéir-ciliméadar, baineann 9.3% de sheirbhísí iompair ar tír laistigh den AE leis an iompar de bhus agus de chóiste agus, i ndiaidh an ghluaisteáin phaisinéirí (82.8%), is é an modh iompair is tábhachtaí fós don phobal é (8.3% as comhiomlán na modhanna iompair ar fad)[6]. D'fhás an earnáil ar bhonn leanúnach 5.8% ó 474 milliún i 1995 go dtí 502 milliún in 2004[7]. Meastar go mbíonn 72.8 milliún paisinéirí idirnáisiúnta de bhus agus de chóiste ann in aghaidh na bliana.

Teachtann paisinéirí a úsáideann modhanna eile iompair, go háirithe paisinéirí aeriompair, sraith ceart arna mbunú ar leibhéal Comhphobail lena soláthraítear cosaint leordhóthanach.

Murab ionann is modhanna eile iompair, níl comhaontuithe idirnáisiúnta (gan Coinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip um an gConradh le haghaidh Iompair Idirnáisiúnta Paisinéirí agus Bagáiste de Bhóthar (CVR)[8], nár dhaingnigh ach trí Bhallstát) ná reachtaíocht Comhphobail ann lena mbunaítear cearta paisinéirí de bhus agus de chóiste.

Ní hionann an chosaint a dhéantar ar phaisinéirí bus agus cóiste sna Ballstáit. Ní mór do phaisinéirí a bheith ag brath ar scéimeanna dliteanais náisiúnta, ar reachtaíocht chóirthrádála agus ar ghealltanais dheonacha a dhéanann oibreoirí maidir le cúram custaiméirí. Tá comhaontuithe cuimsitheacha forbartha ag oibreoirí i dtíortha áirithe, lena n-áirítear meicníochtaí iomchuí chun gearáin a láimhseáil agus díospóidí a réiteach; mar sin féin, ní amhlaidh atá an cás sa chuid is mó de na Ballstáit. Faoi láthair, níl aon chomhrialacha ann maidir le conas gearáin a láimhseáil agus díospóidí idir paisinéirí agus cuideachtaí a réiteach. Cuireann sé sin cosc ar iomaíocht chóir idir oibreoirí ó Bhallstáit éagsúla.

Is gnách go mbíonn éagsúlacht mhór ag baint le rialacha maidir le dliteanas, agus níl cúiteamh agus cúnamh i gcás turais ar a gcuirtear isteach ginearálta. Cé gur bunaíodh rialacha maidir le dliteanas iompair ar an leibhéal Comhphobail[9] nó ar an leibhéal náisiúnta i gcomhair modhanna eile iompair, ní amhlaidh atá an cás d'iompar de bhus agus de chóiste. Sa chás go bhfuil turais idirnáisiúnta i gceist, bíonn deacracht ag paisinéirí na scéimeanna dliteanais ag a bhfuil feidhm a aithint i gcás tionóiscí[10].

Maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear do phaisinéirí, tá oibleagáidí ginearálta[11] ann a cheanglaíonn ar oibreoirí bealach na seirbhíse, na stadanna bus, na cláir ama, na táillí agus na coinníollacha iompair a thaispeáint. Mar sin féin, i gcoir ghéarchéimneacha ina gcuirtear isteach ar thaisteal, d'fhéadfadh sé nach mbeadh paisinéirí in ann teacht ar eolas.

Go ginearálta, is gnách go mbíonn na paisinéirí a úsáideann an modh seo iompair "leochaileach" sa chiall go bhfuil ioncam íseal acu. Tá teorainn leis an bhfáil atá ar sheirbhísí bus agus cóiste do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, rud a chuireann laincis ar a lánpháirtiú isteach sa tsochaí.

1.3. Na fadhbanna atá faoi chaibidil

Tá sé d'aidhm ag an togra cearta paisinéirí de bhus agus de chóiste a bhunú chun an t-iompar de bhus agus de chóiste a dhéanamh níos tarraingtí agus níos iontaofa, chomh maith le coinníollacha comhionanna a bhaint amach idir iompróirí ó Bhallstáit éagsúla agus le modhanna eile iompair.

I bprionsabal, leis an togra, leagtar síos forálacha maidir leis na nithe seo a leanas:

- dliteanas i gcás báis phaisinéirí nó díobhála do phaisinéirí agus i gcás caillteanais bagáiste nó damáiste dó;

- neamh-idirdhealú ar fhoras náisiúntachta nó áit chónaithe maidir leis na coinníollacha iompair arna dtairiscint do phaisinéirí ag gnólachtaí bus nó cóiste;

- cúnamh le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe;

- oibleagáidí gnólachtaí bus agus cóiste i gcás cealú turais nó moille ar thuras;

- oibleagáidí faisnéise;

- láimhseáil gearán;

- rialacha ginearálta maidir le forfheidhmiú.

2. Raon feidhme

Baineann an togra seo le seirbhísí bus agus cóiste. Leagadh síos rialachán ar an leibhéal Comhphobail maidir le saincheist seirbhísí rochtana margaidh de bhua Rialachán (CEE) Uimh. 684/92 ón gComhairle an 16 Márta 1992 maidir le comhrialacha le haghaidh iompair idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 11/98.

De ghnáth, folaítear seirbhísí intíre bus, mar atá seirbhísí uirbeacha, fo-uirbeacha agus seirbhísí réigiúnacha gearrachair, le conarthaí seirbhíse poiblí lena gcuirtear san áireamh, go cuid mhór, cearta na bpaisinéirí agus cáilíocht na seirbhíse. Ar an dóigh sin, sainítear sa reachtaíocht náisiúnta na hoibleagáidí ar oibreoirí bus agus na cearta atá ag paisinéirí a fhreagraíonn do na hoibleagáidí sin. Féadfaidh Ballstáit na seirbhísí seo a eisiamh ó raon feidhme an Rialacháin ar choinníoll go bhfuil leibhéal na gceart paisinéirí arna chumhdach sna conarthaí sin inchomparáide leis an leibhéal a leagtar síos leis an Rialachán seo.

Cuireann na Ballstáit réitigh éagsúla ar fáil do phaisinéirí, mar aon le leibhéal athraitheach cosanta ó thaobh dliteanais oibreoirí de agus ó thaobh an chúnaimh a sholáthraítear do dhaoine faoi mhíchumas. Dá bhrí sin, leis an togra seo, tugtar aghaidh ar choir a aithnítear mar choir atá géarchéimneach de dheasca easpa cúnaimh iomchuí agus cúraim. Mar shampla, bíonn paisinéirí ar thurais fhadachair lasmuigh dá n-áit chónaithe i gcor an-leochaileach má chuirtear isteach ar a dturas nó má tharlaíonn tionóisc.

Ag an gcéim seo, beartaíonn an Coimisiún dul i ngleic leis na ceisteanna óna dteastaíonn méid maith comhchuibhithe i measc na mBallstát de bharr a chasta atá siad agus/nó de bharr na ngnéithe idirnaisúnta a bhaineann leo (turais tras-teorann, oibreoirí idirnáisiúnta). 3. Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an AE.

Rannchuideoidh an togra le haghaidh Rialacháin cuspóirí an Chonartha a bhaint amach trí leibhéal feabhsaithe cosanta a áirithiú do thomhaltóirí, trí idirdhealú agus eisiamh sóisialta daoine faoi mhíchumas a chomhrac agus trína chur ar chumas shaoránaigh na hEorpa tairbhe iomlán a bhaint as na deiseanna a chruthaíonn an margadh inmheánach.

3.1. Cosaint tomhaltóirí

Trí chearta paisinéirí a bhunú agus a neartú a thuilleadh, léirítear an ardtosaíocht a chuireann Conradh Amstardam ar chosaint tomhaltóirí. Ina Theachtaireacht " Straitéis um Beartas Tomhaltóirí an AE 2007-2013 tomhaltóirí a chumhachtú, a leas a chur chun cinn, agus iad a chosaint go héifeachtach"[12], maíonn an Coimisiún go dtugtar tosaíocht do thomhaltóirí a chur i gcroílár beartas eile de chuid an AE. Tugann an Coimisiún ar aird go bhfuil dul chun cinn déanta maidir le lánpháirtiú leasanna tomhaltóirí, inter alia in aeriompar. Is é an aidhm don todhchaí tógáil ar na héachtaí seo chun go mbeidh lánpháirtiú leasanna tomhaltóirí níos córasaí. Dá bhrí sin, leathnóidh an Coimisiún cearta paisinéirí arna bhforbairt in earnáil na heitlíochta go dtí modhanna eile iompair, go háirithe maidir le paisinéirí a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

3.2. Cuimsiú sóisialta agus cearta bunúsacha

Tá an togra seo maidir le cearta paisinéirí i seirbhísí bus agus cóiste i gcomhréir leis na cuspóirí eisiamh sóisialta a chomhrac, mar bunaítear leis prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus an chúnaimh i gcomhair daoine faoi mhíchumas. Le hAirteagal 12 de Chonradh CE, foráiltear go gcuirfear toirmeasc ar aon idirdhealú ar fhoras náisiúntachta. Gan dochar d'oibleagáidí seirbhíse poiblí a cheanglaíonn taraifí sóisialta, déanfar coinníollacha conartha agus tairifí a chuireann gnólachtaí bus agus/nó cóiste nó díoltóirí ticéad chun feidhme a thairiscint don phobal i gcoitinne gan aon idirdhealú ar bhonn náisiúntacht nó áit chónaithe an chustaiméara dheiridh nó ar bhonn áit bhunaíochta na ngnólachtaí bus agus/nó cóiste nó díoltóirí ticéad laistigh den Chomhphobal. Luíonn an togra freisin le hAirteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha, ina leagtar síos prionsabal ginearálta a choisceann aon idirdhealú bunaithe ar aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, bunús eitneach nó sóisialta, tréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, sealúchas, breith, míchumas, aois nó claonadh gnéasach. Déanann sé nasc freisin le hAirteagal 13 de Chonradh CE, lena gcuirtear ar chumas an Chomhphobail idirdhealú a chomhrac i réimsí inniúlacht an Chomhphobail. Luíonn an togra freisin le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, a shínigh na Ballstáit ar fad agus an Comhphobal Eorpach.

3.3. Margadh aonair

Sa deireadh thiar, leis an togra, theachtfadh paisinéirí cosaint fheabhsaithe agus bhainfidís sochar iomlán as an Margadh Aonair. Áirithítear leis an togra seo go mbeidh saoránaigh, lena n-áirítear saoránaigh a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, in ann úsáid iomlán a bhaint as na sochair a bhaineann leis an Margadh Aonair agus a bheith muiníneach go leor chun úsáid a bhaint astu. Tá gné an bheartais tomhaltóirí san AE i gcroílár na chéad chéime eile don mhargadh aonair, mar a leagadh amach i dteachtaireacht an Choimisiúin chuig an gComhairle Eorpach san Earrach maidir le hAthbhreithniú an Mhargaidh Aonair[13]. Gintear sochair do thomhaltóirí leis an Margadh Aonair tríd an réimse roghanna a leathnú, praghsanna a ísliú agus cosaint leormhaith a sholáthar. Ina leith sin, le bunú na gceart do phaisinéirí bus agus cóiste cuirfear leis an dul chun cinn arna bhaint amach in earnáil an iompair laistigh de chreat an Mhargaidh Aonair Eorpaigh.

4. Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara agus measúnú iarmharta

4.1. Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

I mí Iúil 2005, sheol seirbhísí an Choimisiúin comhairliúchán poiblí a bhí bunaithe ar an Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal " Cearta Paisinéirí i Réimse an Iompair Idirnáisiúnta de Bhus agus de Chóiste" (Rights of Passengers in International Bus and Coach Transport), ina raibh forléargas ar na saincheisteanna agus na dúshláin a bhaineann le cearta paisinéirí a bhunú sa mhodh iompair seo, agus chuir siad fáilte roimh bharúlacha ó pháirtithe leasmhara ar roinnt ceisteanna. Cuireadh deireadh leis an gcomhairliúchán le foilsiú na Tuarascála maidir le torthaí an chomhairliúcháin phoiblí[14] agus maidir leis an gcruinniú le geallsealbhóirí arna reáchtáil sa Bhruiséil an 29 Márta 2006[15].

Tugadh le fios sna freagraí go raibh deighilt shoiléir idir gnólachtaí bus agus/nó cóiste agus a gcuid cumann agus cónaidhmeanna ar thaobh amháin agus comhlachais tomhaltóirí ar an taobh eile. Tríd is tríd, tá gnólachtaí bus agus/nó cóiste agus a gcuid cumann agus cónaidhmeanna den tuairim nach bhfuil aon ghá, nó gá fíorbheag, le rialú ar leibhéal an AE, ach iarann comhlachais tomhaltóirí go dtabharfaí raon leathan ceart do phaisinéirí. Cuireadh imní in iúl go follasach maidir le patrún eacnamaíoch agus eagraíochtúil an tionscail seo agus ní rabhthas d'aon ghuth faoi raon feidhme an reachtaíochta ná faoi chineálacha áirithe seirbhíse a áireamh leis nó a fhágáil gan áireamh, go háirithe seirbhísí áitiúla agus réigiúnacha. Is iad na príomh-argóintí a dhéanann na hoibreoirí nach bhféadfaí ualach breise a chur orthu sa chor eacnamaíoch atá ann faoi láthair, nach bhfuil aon ghéarghá le reachtaíocht agus gur tugadh aghaidh ar chuid mhór saincheisteanna pé scéal é, trí reachtaíocht náisiúnta nó trí ghealltanais dheonacha a rinne siad. Ag an am céanna, d'iarr comhlachais tomhaltóirí gníomhaíocht mhór Comhphobail, toisc go n-athraíonn an chosaint atá ar chearta paisinéirí go mór ó thír go tír.

Ní raibh aon aontú d'aonghuth i measc na bhfreagróirí maidir le conas aghaidh a thabhairt ar shaincheist na hinrochtaineachta seirbhísí agus cúnamh do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus iad ag baint úsáid as an modh iompair seo. Luaigh roinnt oibreoirí an costas méadaithe agus an indéantacht theoranta a bheadh ann le haghaidh cabhlaigh iomláin agus chuir siad i iúl go bhfuil roghanna eile maidir le daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe (cuideachtaí bus agus/nó cóiste sainfheidhme) a bheadh inmharthana, cé gur chuir oibreoirí eile in iúl an t-eisiamh sóisialta a d'fhéafadh a bheith ann i leith na ndaoine sin.

Léiríodh imní freisin go bhféadfadh forálacha maidir le cúiteamh i gcás moille dochar a dhéanamh do shábháilteacht ar bhóithre.

Tá achoimre na bhfreagraí a fuarthas i rith an chomhairliúcháin phoiblí, téacs na bhfreagraí aonair agus miontuairiscí an chruinnithe le geallsealbhóirí an 29 Márta 2006 ar fáil ar an suíomh: http://ec.europa.eu/transport/road/consultations/passengers_rights_en.htm

4.2. Bailiú agus úsáid an tsaineolais

I mí an Mheithimh 2006 fuair an Coimisiún tuairim ó Fhóram Eorpach an Fhuinnimh agus an Iompair a mhol gníomhaíocht Chomhphobail i réimse chearta na bpaisinéirí bus agus cóiste. Chuir an Coimisiún na staidéir a leanas san áireamh: "COST Action 349 - Accessibility of coaches and long-distance buses for people with reduced mobility", Meán Fómhair 2005 agus "Evaluation and monitoring of trends with regard to passenger needs on the level of service and treatment of passengers" (go gearr: “EU SERVICE GUARANTEES - EUSG”)[16].

4.3. Measúnú iarmharta

Go bunúsach, folaíodh na nithe seo a leanas leis an measúnú iarmharta a rinneadh i gcomhréir leis na Treoracha: prionsabail maidir le dliteanas oibreoirí i gcás báis phaisinéirí nó díobhála do phaisinéirí atá inchomparáide le modhanna eile iompair; prionsabail maidir le cúiteamh agus cúnamh i gcás cealú turais nó moille ar thuras; rialacha faoi inrochtaineacht, neamh-idirdhealú agus cúnamh le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe; caighdeáin cháilíochta agus oibleagáidí faisnéise; rialacha faoi ghearáin a láimhseáil agus faoi mhonatóireacht ar chomhlíonadh.

Rinneadh measúnú ar chúig rogha beartais:

Leis an rogha "an status quo a choinneáil" glactar leis nach ndéanfaidh an AE aon ghníomh.

Is éard a bheadh i gceist leis an rogha "íosleibhéal cosanta" creat ginearálta a bhunú ina leagfaí síos rialacha íosta maidir le cosaint agus, i gcásanna iomchuí, a dhéanfadh aon reachtaíocht Chomhphobail nó reachtaíocht náisiúnta a chomhdhlúthú, a leasú agus/nó a shimpliú (árachas mótarfheithiclí, treoir na dturas láneagraithe, reachtaíocht tomhaltóirí).

Leis an rogha "uasleibhéal cosanta" foráiltear do ghníomhaíocht dlí ón gComhphobal chun cearta paisinéirí bus agus cóiste i réimse an iompair idirnáisiúnta a bhunú (rogha I) agus i réimsí an iompair intíre (iompar fadachair agus réigiúnach) agus an iompair idirnáisiúnta araon (rogha II) maidir le seirbhísí tráthrialta/fánacha. D'áiritheodh an rogha seo leibhéal aonfhoirmeach de chosaint leordhóthanach do phaisinéirí sna Ballstáit ar fad.

An rogha "ghealltanais dheonacha agus féinrialáil": leis an rogha seo, glactar leis go nglacfadh agus go bhforbródh na gnólachtaí bus agus cóiste bearta deonacha féinrialála, a bheadh uile-AE nó ar bhonn intíre, maidir le cearta paisinéirí bus agus cóiste.

Achoimre ar thorthaí an mheasúnaithe iarmharta: "Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin, Measúnú Iarmharta a ghabhann leis an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cearta paisinéirí san iompar idirnáisiúnta de bhus agus de chóiste":

I bhfianaise an raoin feidhme leathan a bhaineann leis na saincheisteanna ar a ndearnadh scrúdú don mheasúnú iarmharta, aibhsíodh roghanna éagsúla mar na roghanna is éifeachtúla chun an chothromaíocht cheart a fháil idir costais agus sochair.

Maidir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus an chúnaimh i gcomhair daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe cuireadh in iúl gur fearr meascán de Rogha 2: Cás na híoschosanta (i gcomhair seirbhísí fánacha amháin) agus de Rogha 3.I: Cás na huaschosanta (seirbhísí sceidealaithe idirnáisiúnta amháin). Chun prionsabal an neamh-idirdhealaithe a chur i bhfeidhm mar aon le prionsabal an chúnaimh do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ba chóir go ráthódh an beartas a mholtar an leibhéal ab fhearr inrochtaineachta trína thabhairt ar oibreoirí agus bainisteoirí críochfort modhanna leordhónacha rochtana a chur isteach agus, ag an am céanna, méadú gaolmhar ar phraghsanna ticéad a sheachaint.

Maidir le scéimeanna dliteanais, léirigh an measúnú iarmharta go ngnóthófaí na sochair ba mhó ar son paisinéirí gan costais a ardú go mór, dá gcinnfí dul leis an rogha "córas críochaithe iomlán a bhunú". Gheobhaidh paisinéirí sochar as cosaint dlí agus cosaint eacnamaíoch níos fearr, agus cuirfear deireadh leis na difríochtaí a thig as reachtaíocht náisiúnta.

Tá an chuma air gurb í an rogha "córas críochaithe iomlán a bhunú" an rogha is éifeachtúla maidir le hoibleagáidí cúnaimh agus faisnéise sa chás go gcuirfear isteach ar thuras. Mar thoradh ar chosaint níos láidre do phaisinéirí, cuirfear seirbhísí níos fearr ar fáil. Thairis sin, is dealraitheach go bhfeabhsófaí seasamh gnólachtaí bus agus/nó cóiste sa mhargadh ina bhfuil siad ag iomaíocht maidir le praghas agus cáilíocht seirbhíse araon dá méadófaí leibhéal an chúram a thugtar do phaisinéirí. Dá bhrí sin tugann an Coimisiún tosaíocht don rogha "uasleibhéal cosanta" maidir le hoibleagáidí cúnaimh agus faisnéise.

Gabhann an tuarascáil faoin measúnú iarmharta mar aon leis na hiarscríbhinní leis an togra seo.

5. Gnéithe dlíthiúla

5.1. Bunús dlí

Tá bunús dlí an togra leagtha amach in Airteagal 71 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, ar a bhfuil feidhm ag nós imeachta na comhchinnteoireachta.

5.2. Rogha na hionstraime

Is é príomhchuspóir an togra leibhéal leormhaith cosanta a áirithiú do phaisinéirí bus agus cóiste, lena n-áirítear daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Ba chóir go gcuirfí na rialacha arna mbunú leis an togra seo chun feidhme ar fud an Aontais Eorpaigh ar bhealach aonfhoirmeach agus éifeachtúil. Tá an chuma air gur rialachán is infheidhme go díreach an ionstraim is iomchuí chun a áirithiú go gcuirfear na rialacha chun feidhme ar an mbealach is comhsheasmhaí sna Ballstáit ar fad. Roghnaigh an Comhphobal rialachán cheana mar an ionstraim dlí chun cearta paisinéirí aeir agus iarnróid a chosaint. Le go mbainfear amach cearta a bheidh coibhéiseach agus inchurtha i bhfeidhm i gcomhair paisinéirí bus agus cóiste, táthar den tuairim gur rialachán an ionstraim is iomchuí.

5.3. Prionsabal na Coimhdeachta

Mar chuid den mhargadh inmheánach agus de na comhbheartais iompair, saincheist ar scála Eorpach óna dteastaíonn réiteach ar leibhéal an Chomhphobail is ea cosaint paisinéirí. Dhá ghnéithe comhlántacha an mhargaidh inmheánaigh is ea iad margadh a léirscaoileadh agus leas na dtomhaltóirí, go háirithe daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, a chur san áireamh. I bhfianaise an mhéadaithe atá ag teacht ar líon na dtomhaltóirí a thaistealaíonn le haghaidh na fóillíochta nó na hoibre laistigh den Aontas Eorpach, éiríonn sé níos tábhachtaí de réir a chéile go n-áiritheofar gur féidir leo brath ar fhoireann ceart chomhchosúil cibé áit ina mbeidh siad. Dá bhrí sin, is é aidhm an togra a áirithiú go dteachtann paisinéirí bus agus cóiste an leibhéal céanna ceart agus cosanta ar fud an Aontais Eorpaigh.

I bhfianaise na gné idirnáisiúnta a bhaineann leis an modh iompair seo (turais agus/nó oibreoirí bus agus cóiste), ní fhéadfaidh Ballstát agus é ag gníomhú ina aonar an cuspóir sin a bhaint amach go leordhóthanach. Ní féidir a mheas gur uirlis éifeachtach é an comhaontú idirnáisiúnta atá ann faoi láthair (Coinbhinsiún CVR Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip), ós rud é nár dhaingnigh ach líon an-teoranta Ballstát é. Sa chomhthéacs sin, tá gá le gníomhaíocht Comhphobail.

5.4. Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta. Tá togra an Choimisiúin teoranta aige do na réimsí sin ina bhfuil rialacha beachta Comhphobail ag teastáil agus seachnaítear na hábhair sin ar fearr iad a fhágáil faoi bhearta féinrialála. Tá sé teoranta do na réimsí sin ina bhfuil gá follasach le gníomhaíocht Chomhphobail agus ina nglactar go forleathan leis an ngá sin. Dá bhrí sin, tá sé i gcomhréir leis an gcuspóir atá le gnóthú agus tá sé iomchuí maidir leis na himthosca ina bhfuil sé á shaothrú. Gan chomhchuibhiú, sa chás is fearr theachtfadh paisinéirí cearta difriúla agus sa chás ba mheasa bheidís gan chosaint dlí ar fad. Thairis sin, bheadh sé deacair dóibh a bheith ar an eolas maidir lena gcearta cibé áit ina mbeidís san Eoraip agus dá bhrí sin ní fhéadfaidís iad a éileamh.

5.5. Forfheidhmiú

Tá paisinéirí, go háirithe daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, in áit na laige má theipeann ar ghnólachtaí bus agus/nó cóiste a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh. Le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, foráiltear go bhféadfaidh daoine a mhaíonn gur sháraigh páirtí stáit forálacha Choinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe, Teachtaireacht a chur isteach. Dá bhrí sin, trí thuilleadh rialacháin CE a fhorbairt, soláthrófar cosaint dlí a bheidh níos aonfhoirmí ar fud an AE. Beidh sé riachtanach an rialachán a mholtar a fhorfheidhmiú go géar. Dá bhrí sin, tá airteagal i dtogra an Choimisiúin ina gceanglaítear ar Bhallstáit pionóis a leagan síos maidir le neamhchomhlíonadh agus comhlachtaí a ainmniú a bheidh freagrach as an rialachán a fhorfheidhmiú agus as gearáin ó phaisinéirí a láimhseáil. Leanann na forálacha seo an cur chuige céanna is a ghlactar sa Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cúiteamh agus cúnamh do phaisinéirí i gcás cead dul ar bord a bheith diúltaithe agus i gcás cealú eitiltí nó moille fada ar eitiltí agus sa Rialachán maidir le cearta daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus iad ag taisteal in aeriompar.

5.6. Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus an Eilvéis

Tá an togra le haghaidh Rialacháin ábhartha maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus dá bhrí sin ba chóir é a leathnú chuige. Tá an togra ábhartha maidir leis an Eilvéis freisin.

5.7. Féinrialáil

Is eol don Choimisiún go bhfuil líon comhaontuithe deonacha arna bhforbairt ag gnólachtaí bus agus/nó cóiste mar aon le bearta féinrialála eile a ráthaíonn leibhéal leormhaith maidir le cáilíocht seirbhíse. Cuireann an Coimisiún fáilte roimh shocruithe dá leithéidí mar nithe a chuirfidh leis an ngníomh Comhphobail a mholtar.

6. Fóralacha an togra

Caibidil I

Sa chaibidil seo, tá forálacha ginearálta a bhaineann le hábhar, sainmhínithe agus raon feidhme an Rialacháin. Folaíonn an togra dliteanas gnólachtaí bus agus/nó cóiste, rialacha faoi neamh-idirdhealú agus cúnamh éigeantach i gcomhair daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Leagtar amach sa togra freisin oibleagáidí ghnólachtaí bus agus/nó cóiste sa chás go gcuirtear isteach ar thaisteal, chomh maith le rialacha iomchuí ar láimhseáil gearáin agus ar fhorfheidhmiú.

Airteagal 1

Leagtar amach ábhar an Rialacháin san Airteagal seo.

Airteagal 2

Leagtar amach raon feidhme an Rialacháin san Airteagal seo.

Airteagal 3

Tugtar na sainmhínithe san Airteagal seo.

Airteagal 4

Baineann an tAirteagal seo le cruthúnas ar chur i gcrích conartha iompair agus cuirtear cosc ann ar choinníollacha conartha idirdhealaitheacha a thairiscint ar bhonn náisiúntacht nó áit chónaithe na bpaisinéirí.

Airteagal 5

Baineann an tAirteagal seo le tarscaoileadh a eisiamh maidir le cearta a bhunaítear leis an togra seo.

Caibidil II

Leagtar amach sa chaibidil seo na rialacha maidir le dliteanas gnólachtaí bus agus/nó cóiste i leith paisinéirí agus a mbagáiste. Beidh paisinéirí i dteideal leibhéal aonfhoirmeach cúitimh agus gheobhaidh siad sochar as rialacha comhchuibhithe faoi dhliteanas gnólachtaí bus agus/nó cóiste. Níl teorainn ar dhliteanas gnólachtaí. Thairis sin, faoi choinníollacha áirithe ní fhéadfaidh gnólachtaí damáistí a chonspóid suas le méid áirithe i gcás tionóisce. Tá paisinéirí atá thíos le tionóisc i dteideal réamhíocaíochta chun aghaidh a thabhairt ar dheacrachtaí eacnamaíocha a fhéadfaidh a bheith acu nó ag a muintir de dheasca báis nó díobhála. Leis an gcaibidil seo freisin, bunaítear rialacha i gcomhair cúitimh as caillteanas bagáiste nó damáiste do bhagáiste.

Airteagal 6

Baineann an tAirteagal seo le dliteanas i leith báis phaisinéirí nó díobhála do phaisinéirí.

Airteagal 7

Bunaítear rialacha ginearálta maidir le damáistí leis an Airteagal seo.

Airteagal 8

Leis an Airteagal seo, éilítear ar ghnólachtaí bus agus/nó cóiste réamhíocaíochtaí a dhéanamh i gcás tionóisce.

Airteagal 9

Leis an Airteagal seo, bunaítear rialacha maidir le cúiteamh as bagáiste a cailleadh nó dá ndearnadh damáiste.

Caibidil III

Thar aon ní eile, baineann an chaibidil seo le daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus iad ag baint úsáide as an modh iompair seo. Is minic a chuirtear cosc ar phaisinéirí den chatagóir seo turas a dhéanamh de bhus nó de chóiste toisc nach bhfuil na seirbhísí seo inrochtana agus toisc nach bhfuil an cúnamh riachtanach curtha ar fáil ag gnólachtaí bus agus/nó cóiste. Tugann an chaibidil seo aghaidh ar na fadhbanna sin trí thoirmeasc a chur ar idirdhealú ar bith ar fhoras míchumais nó soghluaisteachta laghdaithe maidir le turas a chur in áirithe nó dul ar bord feithicle. Ní dhéanfaidh sin dochar d'eisceachtaí agus maoluithe áirithe, go háirithe iad sin a bhaineann le cúiseanna sábháilteachta a bhfuil call leo, arna mbunú de réir dlí.

Sonraítear scóip an chúnaimh éigeantaigh ag críochfoirt agus ar bord feithiclí in Iarscríbhinn I. Tabharfar cúnamh dá leithéid saor in aisce ar an gcoinníoll go gcuirfidh an paisinéir in iúl roimh ré go mbeidh gá aige leis agus go dtiocfaidh sé chuig an gcríochfort ag am arna leagan síos roimh an imeacht sceidealaithe. Ba chóir go mbeadh eolas iomchuí maidir le cúnamh a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas ag pearsanra gnólachtaí bus agus/nó cóiste agus ag foireann an chríochfoirt.

Airteagal 10

Leis an Airteagal seo, bunaítear rialacha chun cosc a chur ar iompar a dhiúltú ar fhoras míchumais nó soghluaisteachta laghdaithe.

Airteagal 11

Baineann an tAirteagal seo le maoluithe, coinníollacha speisialta agus faisnéis maidir le rialacha arna leagan amach sa Chaibidil seo.

Airteagal 12

Leis an Airteagal seo, bunaítear rialacha ginearálta maidir le hinrochtaineacht i gcomhair daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

Airteagal 13

Leis an Airteagal seo, bunaítear an ceart chun cúnaimh i gcomhair daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

Airteagal 14

Leis an Airteagal seo, leagtar amach rialacha faoi chúnamh ag críochfoirt.

Airteagal 15

Baineann an tAirteagal seo le cúnamh ar bord.

Airteagal 16

Leis an Airteagal seo, leagtar amach na coinníollacha ar a soláthraítear cúnamh.

Airteagal 17

Baineann an tAirteagal seo le fógra a thabhairt faoin ngá le cúnamh i gcomhair daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe do thríú páirtithe ó ghnólachtaí bus agus/nó ciste nó díoltóirí ticéad.

Airteagal 18

Foráiltear leis an Airteagal seo don oibleagáid oiliúint iomchuí a áirithiú i gcomhair pearsanra maidir le saincheisteanna a bhaineann le cúrsaí míchumais.

Airteagal 19

Leis an Airteagal seo, bunaítear rialacha ginearálta maidir le cúiteamh as trealamh soghluaisteachta a cailleadh nó dá ndearnadh damáiste.

Caibidil IV

Baineann an chaibidil seo le hoibleagáidí gnólachtaí bus agus/nó cóiste sa chás go gcuirfear isteach ar thurais de dheasca cealú seirbhíse nó moille. Go háirithe i gcás cealuithe agus, le haghaidh turas sceidealaithe atá trí uair an chloig ar a fhad ar a laghad, moille ar imeacht níos faide ná dhá uair an chloig, cuirtear ceangal ar ghnólachtaí seirbhísí malartacha réasúnta a sholáthar laistigh d'am a bheidh inchomparáide nó, sa chás nach mbeidh sé sin indéanta, faisnéis a thabhairt do phaisinéirí maidir le seirbhísí eile atá ar fáil. Má theipeann orthu an ceanglas seo a chomhlíonadh, ba chóir go n-íocfadh an gnólacht cúiteamh arb ionann é agus 50% de phraghas an ticéid. I ngach cás, tá sé de cheart ag paisinéirí faisnéis taistil a fháil.

Airteagal 20

Leis an Airteagal seo, bunaítear rialacha ginearálta maidir le dliteanas i leith cealuithe agus moille fada. Sainítear ann an scóip atá leis an gceart chun faisnéise, athródaithe agus/nó aisíocaíochta agus cúitimh i gcás cealuithe agus moille fada.

Airteagal 21

Leis an Airteagal seo, bunaítear an ceart chun faisnéise taistil.

Airteagal 22

Leis an Airteagal seo, osclaítear an bealach chun tuilleadh cúitimh a lorg.

Airteagal 23

Leis an Airteagal seo, cuirtear ceangal ar ghnólachtaí bus agus/nó cóiste oibriú i gcomhar le chéile chun socruithe a glacadh ar mhaithe le cearta paisinéirí agus cáilíocht na seirbhíse a fheabhsú.

Caibidil V

Leis an gcaibidil seo, cuirtear ceangal ar ghnólachtaí bus agus/nó cóiste nósanna imeachta inmheánacha a bhunú chun gearáin a láimhseáil. Beidh scrúdú na ngearán ó phaisinéirí faoi réir sprioc amanna a bheidh beacht. Tá oibleagáid ag gnólachtaí agus comhlachtaí bainistíochta críochfoirt paisinéirí a chur ar an eolas faoina gcearta.

Airteagal 24

Baineann an tAirteagal seo le faisnéis taistil le soláthar ag gnólachtaí bus agus/nó cóiste agus comhlachtaí bainistíochta críochfoirt.

Airteagal 25

Leis an Airteagal seo, cuirtear ceangal ar ghnólachtaí bus agus/nó cóiste agus comhlachtaí bainistíochta críochfoirt faisnéis a sholáthar do phaisinéirí faoina gcearta faoin Rialachán seo.

Airteagal 26

Leis an Airteagal seo, bunaítear rialacha i gcomhair nós imeachta chun gearáin a láimhseáil.

Caibidil VI

Leis an Airteagal seo, foráiltear do rialacha i gcomhair forfheidhmiú agus don chreat institiúideach iomchuí. Ní mór do na Ballstáit comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta a ainmniú lena mbeidh paisinéirí in ann gearán a dhéanamh faoi shárú líomhnaithe ar a gcearta faoin Rialachán seo. Tá ceangal ar na comhlachtaí náisiúnta seo oibriú i gcomhar le chéile. Thairis sin, ba chóir do na Ballstáit foráil a dhéanamh do phionóis athchomhairleacha sa chás go loicfear cearta paisinéirí a urramú.

Airteagal 27

Leis an Airteagal seo, folaítear forfheidhmiú an Rialachán seo, lena n-áirítear comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta a bhunú.

Airteagal 28

Leis an Airteagal seo, cuirtear ceangal ar chomhlachtaí forfheidhmithe tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú faoina gcuid gníomhaíochtaí.

Airteagal 29

Leis an Airteagal seo, bunaítear prionsabal an chomhair idir comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta.

Airteagal 30

Baineann an tAirteagal seo leis na pionóis nach mór do na Ballstáit a fhorchur.

Caibidil VII

Leis an gcaibidil seo, foráiltear gur chóir don Choimisiún tuairisc a thabhairt don Chomhairle agus don Pharlaimint faoi fheidhmiú an Rialacháin trí bliana tar éis a theacht i bhfeidhm. Tiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm 20 lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus beidh feidhm aige le héifeacht bliain tar éis an dáta sin.

Airteagal 31

Leis an Airteagal seo, leagtar amach oibleagáidí an Choimisiúin maidir le tuairisciú.

Airteagal 32

Baineann an tAirteagal seo leis an leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú.

Airteagal 33

Leis an Airteagal seo, leagtar síos an dáta ar a dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm.

Iarscríbhinn I

San Iarscríbhinn seo, sainítear scóip an chúnaimh a chuirfear ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ag críochfoirt (a) agus ar bord bus nó cóiste (b).

Iarscríbhinn II

Baineann an Iarscríbhinn seo lena mbeidh i gceist leis an oiliúint i ndáil le míchumas.

2008/0237 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 71(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[17],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[18],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[19],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh,

De bharr an méid seo a leanas:

1. Ba chóir go mbeadh sé d'aidhm ag an gComhphobal lena ghníomhartha i réimse an iompair de bhus agus de chóiste, i measc nithe eile, ardleibhéal cosanta atá inchomparáide leis an gcosaint atá ann i modhanna eile iompair a áirithiú do phaisinéirí pé áit a thaistileoidh siad. Thairis sin, ba chóir go dtabharfaí aird iomlán ar na riachtanais atá ann maidir le cosaint tomhaltóirí go ginearálta.

2. Ós é an paisinéir de bhus nó de chóiste an páirtí is laige sa chonradh iompair, ba chóir cearta paisinéirí a chosaint ina leith sin, is cuma an náisiúntacht atá acu nó a n-áit chónaithe laistigh den Chomhphobal.

3. Ba chóir go dteachtfadh paisinéirí rialacha maidir le dliteanas atá inchomparáide leis na rialacha atá ann i modhanna eile iompair i gcás timpistí as a n-eascróidh bás nó díobháil.

4. Ba chóir go mbeadh paisinéirí i dteideal réamhíocaíochtaí chun a riachtanais eacnamaíocha láithreacha a fholú i ndiaidh tionóisce.

5. Ba chóir go mbeadh gnólachtaí bus agus/nó cóiste faoi dhliteanas i leith caillteanais nó damáiste ar théarmaí atá inchomparáide leis na téarmaí atá ann i modhanna eile iompair.

6. Ba chóir go rachadh seirbhísí bus agus cóiste do phaisinéirí chun sochair do na saoránaigh i gcoitinne. Dá bhrí sin, ba chóir go mbeadh deiseanna úsáid a bhaint as seirbhísí bus agus cóiste atá inchomparáide leis na deiseanna atá ag saoránaigh eile ann do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, cibé acu míchumas, aois nó aon toisc eile is cúis leis seo. Tá an ceart céanna chun saorghluaiseachta, chun saor-rogha agus chun neamh-idirdhealaithe ag daoine faoi mhíchumas agus ag daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus atá ag gach saoránach eile.

7. I bhfianaise Airteagal 9 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas agus chun deiseanna taistil de bhus agus de chóiste atá inchomparáide leis na deiseanna atá ag saoránaigh eile a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ba chóir rialacha a bhunú maidir le neamh-idirdhealú agus cúnamh feadh a dturais. Dá bhrí sin, ba chóir go ndéanfaí na daoine sin a iompar agus nach ndiúltófaí iad de dhroim a míchumais nó a n-easpa soghluaisteachta, ach amháin ar chúiseanna a bhfuil call leo ar fhorais sábháilteachta agus atá forordaithe le dlí. Ba chóir go dteachtfaidís an ceart chun cúnaimh ag críochfoirt bus agus cóiste agus ar bord na bhfeithiclí, lena n-áirítear ag dul ar bord nó ag tuirlingt. Ar mhaithe le cuimsiú sóisialta, ba chóir go bhfaigheadh na daoine i gceist an cúnamh gan aon mhuirear sa bhreis. Ba chóir go mbunódh gnólachtaí bus agus/nó cóiste rialacha maidir le hinrochtaineacht, ag baint úsáide, de rogha, as an gcóras Eorpach um chaighdeánú.

8. Agus dearadh críochfort nua á chinneadh, agus mar chuid d'athchóirithe móra, ba chóir do chomhlachtaí bainistíochta, más féidir, riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a chur san áireamh. I ngach cás, ba chóir do na comhlachtaí bainistíochta atá i bhfeighil críochfort bus agus cóiste pointí a ainmniú ag a mbeidh daoine amhail in ann a chur in iúl go bhfuil siad tagtha agus go bhfuil gá acu le cúnamh.

9. Ba chóir go bhfolódh cearta paisinéirí bus agus cóiste faisnéis a fháil maidir leis an tseirbhís roimh an turas agus lena linn. Maidir leis an bhfaisnéis bhunriachtanach ar fad a sholáthraítear do phaisinéirí bus agus cóiste, ba chóir go soláthrófaí í do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i bhformáidí malartacha atá inrochtana dóibh.

10. Níor chóir go gcuirfeadh an Rialachán seo srian ar na cearta atá ag gnólachtaí bus agus cóiste cúiteamh a lorg ó aon duine, lena n-áirítear tríú páirtithe, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.

11. Ba chóir go laghdófaí na ceataí a bhaineann do phaisinéirí de dheasca cealú nó moille fada i leith a dturais. Chuige sin, ba chóir aire agus eolas a thabhairt do phaisinéirí mar is iomchuí. Ba chóir go mbeadh paisinéirí in ann a dturas a chur ar ceal agus aisíocaíocht an ticéid a fháil nó athródú a fháil faoi choinníollacha sásúla nó faisnéis faoi sheirbhísí eile iompair a fháil. Má theipeann ar ghnólachtaí bus agus/nó cóiste an cúnamh is riachtanach a sholáthar do phaisinéirí, ba chóir go mbeadh sé de cheart acu cúiteamh airgeadais a fháil.

12. Ba chóir do ghnólachtaí bus agus/nó cóiste oibriú i gcomhar le chéile chun socruithe a ghlacadh ar leibhéal náisiúnta nó Eorpach chun feabhas a chur ar an aire agus an cúnamh a thugtar do phaisinéirí nuair a chuirtear isteach ar an taisteal, go háirithe i gcás moille fada.

13. Ní dhéanfaidh an Rialachán seo aon difear do chearta na bpaisinéirí arna mbunú le Treoir 90/314/CEE maidir le taisteal láneagraithe, saoire láneagraithe agus turais láneagraithe[20]. I gcás turas láneagraithe a bheith curtha ar ceal ar chúiseanna seachas an tseirbhís iompair de bhus agus de chóiste a bheith curtha ar ceal, níor chóir go mbeadh feidhm ag an Rialachán seo.

14. Ba chóir go dtabharfaí gach eolas do phaisinéirí faoi na cearta atá acu agus dá bhforáiltear sa Rialachán seo, le go mbeidh siad in ann na cearta sin a chleachtadh ar shlí éifeachtúil.

15. Ba chóir go mbeadh paisinéirí in ann a gcearta a chleachtadh trí bhíthin nósanna imeachta gearáin iomchuí arna gcur chun feidhme ag gnólachtaí bus agus/nó cóiste nó, más amhlaidh an cás, trí bhíthin gearáin a chur faoi bhráid an chomhlachta nó na gcomhlachtaí arna n-ainmniú chuige sin ag an mBallstát ábhartha.

16. Ba chóir do Bhallstáit a áirithiú go gcomhlíonfaidh gnólachtaí bus agus/nó cóiste an Rialachán seo go ginearálta agus an comhlíonadh a mhaoirsiú, agus ba chóir dóibh comhlacht iomchuí a ainmniú chun tascanna forfheidhmithe dá leithéidí a chur i gcrích. Níor chóir go ndéanfadh an mhaoirseacht aon difear do chearta paisinéirí sásamh dlí a lorg ó na cúirteanna faoi na nósanna imeachta atá sa dlí náisiúnta.

17. Ba chóir do na Ballstáit pionóis a leagan síos a bheidh infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo agus a áirithiú go gcuirfear na pionóis sin i bhfeidhm. Ba chóir go mbeadh na pionóis éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach.

18. Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit ina n-aonar cuspóirí an Rialacháin seo, mar atá leibhéil chosanta agus chúnaimh atá ard agus coibhéiseach a áirithiú le haghaidh paisinéirí maidir le hiompar bus agus cóiste ar fud na mBallstát ar fad, a bhaint amach go leordhóthanach agus dá bhrí sin, de bharr na gné suntasaí idirnáisiúnta a bhaineann leis, is féidir iad a bhaint amach níos fearr ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar atá sé leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar atá sé leagtha amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach.

19. Níor chóir don Rialachán seo dochar a dhéanamh do Threoir 95/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin[21].

20. Ba chóir go mbunófaí forfheidhmiú an Rialacháin seo ar Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2004 maidir le comhar idir údaráis náisiúnta atá freagrach as dlíthe cosanta tomhaltóirí a fhorfheidhmiú (Rialachán maidir le comhar i ndáil le cosaint tomhaltóirí)[22]. Dá bhrí sin, ba chóir an Rialachán sin a leasú dá réir sin.

21. Leis an Rialachán seo, urramaítear na cearta bunúsacha agus comhailltear na prionsabail a shainaithnítear go háirithe i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I Forálacha ginearálta

Airteagal 1Ábhar

Leis an Rialachán seo, bunaítear rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:

22. neamh-idirdhealú idir paisinéirí maidir leis na gcoinníollacha iompair a chuireann gnólachtaí bus agus/nó cóiste ar fáil.

23. dliteanas gnólachtaí bus agus/nó cóiste i gcás timpistí as a n-eascróidh bás paisinéirí nó díobháil do phaisinéirí nó a gcaillfear nó a ndéanfar damáiste do bhagáiste na bpaisinéirí dá mbarr;

24. neamh-idirdhealú agus cúnamh éigeantach i leith daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe atá ag taisteal de bhus nó de chóiste;

25. na hoibleagáidí atá ar ghnólachtaí bus agus/nó cóiste i leith paisinéirí i gcásanna cealuithe nó moille;

26. an t-íosmhéid faisnéise le tabhairt do phaisinéirí;

27. láimhseáil gearán;

28. forfheidhmiú chearta na bpaisinéirí.

Airteagal 2Raon Feidhme

1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le hiompar paisinéirí ag gnólachtaí bus agus/nó cóiste trí sheirbhísí tráthrialta.

2. Féadfaidh Ballstáit iompar uirbeach, fo-uirbeach agus réigiúnach arna fholú le conarthaí seirbhíse poiblí a dhíolmhú, má áirithítear leis na conarthaí sin leibhéal ceart do phaisinéirí atá inchomparáide leis an leibhéal a cheanglaítear leis an Rialachán seo.

3. Maidir le seirbhísí fánacha, beidh feidhm ag Caibidil II amháin.

Airteagal 3Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

29. ciallaíonn 'gnólacht bus agus/nó cóiste' gnólacht iompair atá údaraithe i Stát a bhunaíochta iompar a dhéanamh de bhus agus de chóiste i gcomhréir leis na coinníollacha maidir le rochtain ar an margadh atá leagtha síos sa reachtaíocht náisiúnta agus gnólacht iompair ag a bhfuil ceadúnas bailí Comhphobail arna eisiúint de réir Rialachán (CEE) Uimh. 684/92 ón gComhairle chun na críche seirbhísí iompair idirnáisiúnta paisinéirí a dhéanamh.

30. ciallaíonn 'seirbhísí fánacha' seirbhísí de réir bhrí Airteagal 2(3) de Rialachán (CEE) Uimh. 684/92;

31. ciallaíonn 'seirbhísí tráthrialta' seirbhísí de réir bhrí Airteagal 2(1) de Rialachán (CEE) Uimh. 684/92;

32. ciallaíonn 'conradh iompair' conradh iompair idir gnólacht bus agus/nó cóiste nó a dhíoltóir údaraithe ticéad agus paisinéir chun seirbhís iompair amháin nó níos mó ná seirbhís iompair amháin a sholáthar;

33. ciallaíonn 'ticéad' doiciméad bailí a thugann teidlíocht chun iompair, nó aon ní coibhéiseach i bhfoirm gan pháipéar, lena n-áirítear foirmeacha leictreonacha, arna n-eisiúint nó arna n-údarú ag gnólacht bus agus/nó cóiste nó a dhíoltóirí údaraithe ticéad;

34. ciallaíonn 'díoltóir ticéad' aon mhiondíoltóir seirbhísí iompair de bhus agus de chóiste a thugann conarthaí iompair i gcrích agus a dhíolann ticéid thar ceann gnólacht bus agus/nó cóiste nó ar a chuntas féin;

35. ciallaíonn 'tionscnóir turas' eagraí nó miondíoltóir de réir bhrí Airteagal 2(2) agus (3) de Threoir 90/314/CEE;

36. ciallaíonn 'duine faoi mhíchumas' nó 'duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghduithe' aon duine ag a bhfuil soghluaisteacht atá laghdaithe nuair a bhíonn modh iompair á úsáid aige nó aici de bharr aon mhíchumais choirp (míchumas céadfach nó gluaisluaile, buan nó sealadach), de bharr míchumais nó mallachair intleachta, de bharr cúis mhíchumais ar bith eile nó de bharr aoise, agus ar ar gá aird iomchuí a thabhairt agus na seirbhísí a chuirtear ar fáil do na paisinéirí uile a oiriúnú dá riachtanais ar leith;

37. ciallaíonn 'áirithint' údarú, ar páipéar nó i bhfoirm leictreonach, a thugann teidlíocht chun iompair faoi réir socruithe iompair phearsantaithe arna ndeimhniú roimh ré;

38. ciallaíonn 'comhlacht bainistíochta críochfoirt' eintiteas eagraíochtúil i mBallstát, ar cuireadh de fhreagracht air críochfort bus agus/nó cóiste a bhainistiú;

39. ciallaíonn 'cealú' neamhfheidhmiú seirbhíse a sceidealaíodh roimh ré agus a raibh ar a laghad áirithint amháin déanta ina leith;

40. ciallaíonn 'moill' difríocht idir an t-am a bhí sceidealaithe d'imeacht nó do theacht an phaisinéara i gcomhréir leis an amchlár foilsithe agus am iarbhír nó ionchais na himeachta nó an teachta;

Airteagal 4Coinníollacha conartha iompair agus conartha neam h-idirdhealaithigh

1. Soláthróidh gnólachtaí bus agus cóiste cruthúnas gur cuireadh i gcrích an conradh iompair do na paisinéirí trí bhíthin ticéad amháin nó níos mó a eisiúint. Meastar gur fianaise prima facie iad na ticéid ar chur i gcrích conartha agus dá bhrí sin tugann siad cearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo.

2. Gan dochar d'oibleagáidí seirbhíse poiblí a cheanglaíonn taraifí sóisialta, déanfar coinníollacha conartha agus tairifí a chuireann gnólachtaí bus agus/nó cóiste nó díoltóirí ticéad chun feidhme a thairiscint don phobal i gcoitinne gan aon idirdhealú ar bhonn náisiúntacht nó áit chónaithe an chustaiméara dheiridh nó ar bhonn áit bhunaíochta na ngnólachtaí bus agus/nó cóiste nó díoltóirí ticéad laistigh den Chomhphobal.

Airteagal 5Tarscaoileadh a eisiamh

1. Ní dhéanfar na hoibleagáidí de bhun an Rialacháin seo a theorannú ná a tharscaoileadh, inter alia trí mhaolú nó clásal sriantach sa chonradh iompair.

2. Féadfaidh gnólachtaí bus agus/nó cóiste coinníollacha conarthacha a thairiscint a bheidh níos fabhraí don phaisinéir ná na coinníollacha a leagtar síos sa Rialachán seo.

Caibidil IIDliteanas gnólachtaí bus agus/nó cóiste maidir le paisinéirí agus a mbagáiste

Airteagal 6Dliteanas i leith báis phaisinéirí nó díobhála do phaisinéirí

1. I gcomhréir leis an gcaibidil seo, beidh gnólachtaí bus agus/nó cóiste faoi dhliteanas i leith caillteanais nó damáiste a eascróidh as bás paisinéirí, nó as díobháil phearsanta nó dochar intinne do phaisinéirí, arb é is cúis leis tionóiscí a eascraíonn as oibriú na seirbhísí iompair de bhus agus de chóiste agus a tharlóidh le linn don phaisinéir a bheith san fheithicil, nó ag dul isteach inti nó ag tuirlingt di.

2. Ní bheidh dliteanas gnólachtaí bus agus/nó cóiste i leith damáistí faoi réir aon teorann airgeadais, bíodh sé arna shainiú de réir dlí, gnáis nó conartha.

3. I gcomhair aon damáiste go dtí EUR 220 000, ní dhéanfaidh gnólacht bus agus/nó cóiste a dhliteanas a eisiamh nó a theorannú trína chruthú go ndearna sé an cúram arna cheangal de bhonn mhír 4a.

4. Ní bheidh gnólachtaí bus agus/nó cóiste faoi dhliteanas de bhonn mhír 1:

41. más é ba chúis leis an tionóisc imthosca nach raibh baint acu le hoibriú na seirbhísí iompair de bhus agus de chóiste agus nárbh fhéidir leis an ngnólacht bus agus/nó cóiste a sheachaint, d’ainneoin go ndearna sé an cúram ba ghá in imthosca sonracha an cháis, agus nárbh fhéidir leis a n-iarmhairtí a chosc;

42. a mhéid gur ar an bpaisinéir atá an locht gur tharla an tionóisc nó gurbh é a fhaillí ba chúis léi;

5. Ní dhéanfaidh aon ní sa Rialachán seo:

43. é a thabhairt le tuiscint gurb é gnólacht bus agus/nó cóiste an t-aon pháirtí amháin atá faoi dhliteanas damáistí a íoc; ná

44. srian a chur ar aon chearta gnólachta bus agus/nó cóiste sásamh a lorg ó aon pháirtí eile i gcomhréir leis an dlí is infheidhme i mBallstát.

Airteagal 7Damáistí

1. I gcás báis phaisinéara, is iad na nithe seo a leanas a bheidh sna damáistí i leith an dliteanais dá bhforáiltear in Airteagal 6:

45. aon chostais is gá tar éis an bháis, go háirithe an costas a bhaineann le hiompar an choirp agus costais sochraide;

46. mura dtarlaíonn an bás láithreach, na damáistí dá bhforáiltear in Airteagal 2 den Airteagal seo.

2. I gcás díobhála pearsanta nó aon díobhála eile coirp nó intinne do phaisinéir, is éard a bheidh sna damáistí:

47. aon chostais is gá, go háirithe costais chóireála agus iompair;

48. cúiteamh as caillteanas airgeadais de bharr éagumais iomláin nó éagumais pháirtigh chun oibre nó de bharr riachtanas méadaithe.

3. Más rud é, de bharr bhás an phaisinéara, go mbaintear a chothú de dhuine a raibh nó a mbeadh sé de dhualgas dlíthiúil ar an bpaisinéir é a chothabháil, déanfar an caillteanas sin a chúiteamh leis an duine sin.

Airteagal 8Réamhíocaíochtaí

1. I gcás báis phaisinéirí, díobhála pearsanta do phaisinéirí, nó aon díobhála eile coirp nó intinne do phaisinéirí, arb é is cúis leis tionóisc a eascraíonn as oibriú na seirbhísí iompair de bhus agus de chóiste, déanfaidh an gnólacht bus agus/nó cóiste gan mhoill, agus i gcás ar bith tráth nach déanaí ná cúig lá déag i ndiaidh ionannas a shuíomh i leith an duine nádúrtha atá i dteideal cúitimh, na réamhíocaíochtaí is gá chun freastal ar riachtanais eacnamaíocha láithreacha ar bhonn a bheidh i gcomhréir leis an damáiste a bhain dó.

2. Gan dochar do mhír 1, ní bheidh an réamhíocaíocht i gcás báis níos lú ná EUR 21 000 in aghaidh an phaisinéara.

3. Ní chiallóidh réamhíocaíocht go n-aithnítear dliteanas agus féadfar í a fhritháireamh in aghaidh aon suimeanna a íocfar ina dhiaidh sin ar bhonn an Rialacháin seo ach ní bheidh sí inaischurtha, ach amháin i gcásanna ina ndearnadh an damáiste de dheasca faillí nó locht de chuid an phaisinéara nó sa chás nárbh é an duine a fuair an réamhíocaíocht an duine a bhí i dteideal cúitimh.

Airteagal 9Dliteanas i leith caillteanais nó damáiste bagáiste

1. Beidh gnólachtaí bus agus/nó cóiste faoi dhliteanas i leith caillteanais bhagáiste nó damáiste do bhagáiste a chuirfear faoina gcúram. EUR 1800 in aghaidh an phaisinéara an t-uasmhéid cúitimh.

2. I gcás tionóiscí a eascraíonn as oibriú na seirbhísí iompair de bhus agus de chóiste, beidh gnólachtaí bus agus/nó cóiste faoi dhliteanas i leith chaillteanas na n-earraí pearsanta a bhí ar na paisinéirí nó a bhí acu mar bhagáiste láimhe, nó i leith damáiste do na hearraí seo. EUR 1300 an t-uasmhéid cúitimh.

3. Má chruthaíonn an gnólacht bus agus/nó cóiste go mba fhaillí nó locht an phaisinéara ba chúis nó ba chionchúis leis an damáiste, saorfar an gnólacht go hiomlán nó go páirteach óna dhliteanas i leith an éilitheora go feadh an méid arbh é an locht nó an fhaillí sin ba chúis nó ba chionchúis leis an damáiste.

Caibidil IIICearta daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe

Airteagal 10Cosc ar iompar a dhiúltiú

1. Ní dhiúltóidh gnólachtaí bus agus/nó cóiste, a ndíoltóirí ticéad agus a dtionscnóirí turas, ar fhoras míchumais nó soghluaisteachta laghdaithe, na nithe seo a leanas a dhéanamh:

49. áirithint a ghlacadh i gcomhair seirbhíse iompair nó ticéad a eisiúint i gcomhair turais a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leis;

50. duine faoi mhíchumas nó duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe a ligean ar bord, ar choinníoll go bhfuil ticéad bailí nó áirithint bhailí ag an duine i gceist.

2. Tairgfear áirithintí agus ticéid do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe gan chostas breise.

Airteagal 11Maoluithe agus coinníollacha speisialta

1. D'ainneoin fhorálacha Airteagal 10, féadfaidh gnólachtaí bus agus/nó cóiste nó a ndíoltóirí ticéad nó a dtionscnóir turas diúltú do dhuine faoi mhíchumas nó duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe, ar fhoras míchumais nó soghluaisteachta laghdaithe, áirithint a ghlacadh uaidh, ticéad a éisiúint dó nó é a ligean ar bord:

51. chun na ceanglais sábhailteachta is ábhartha arna mbunú de réir dlí idirnáisiúnta, Comhphobail nó náisiúnta a shásamh, nó chun ceanglais sábháilteachta arna mbunú ag an údarás a d'eisigh an t-údarúchán don ghnólacht bus agus/nó cóiste i gceist a shásamh,

52. sa chás go bhfuil sé dodhéanta go fisiciúil an duine faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe a ligean ar bord nó a iompar de dheasca mhéid na feithicle.

Sa chás go ndiúltófar áirithint a ghlacadh ar an bhforas dá dtagraítear faoi phointí (a) nó (b) den chéad mhír, déanfaidh iompróirí, díoltóirí ticéad nó tionscnóir turas iarrachtaí réasúnta chun rogha eile a bheidh inghlactha a mholadh don duine i gceist.

2. Tabharfar an ceart do dhuine faoi mhíchumas nó duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe dár diúltaíodh dul ar bord ar fhoras a mhíchumais nó a shoghluaisteachta laghdaithe aisíocaíocht a fháil agus seirbhísí iompair eile a bheidh réasúnta chuig an gceann scríbe laistigh d'am a bheidh inchomparáide.

3. Faoi na coinníollacha céanna dá dtagraítear i mír 1(a), féadfaidh gnólacht bus agus/nó cóiste, díoltóir ticéad nó tionscnóir turas a cheangal go rachaidh daoine faoi mhíchumas nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe i gcuideachta duine eile a bheidh in ann cúnamh a thabhairt don duine sin, má tá dianghá leis sin.

4. Sa chás go gcleachtfaidh gnólacht bus agus/nó cóiste nó díoltóir ticéad nó tionscnóir turas an maolú dá bhforáiltear i mír 1, cuirfidh sé na cúiseanna in iúl gan mhoill don duine faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe, nó arna iarraidh sin, cuirfidh siad an diúltú áirithint a dhéanamh in iúl dóibh i scríbhinn laistigh de chúig lá oibre.

Airteagal 12Inrochtaineacht agus faisnéis

1. Bunóidh gnólachtaí bus agus/nó cóiste, le rannpháirtíocht ghníomhach eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas agus ar dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus comhlachtaí forfheidhmithe dá dtagraítear in Airteagal 27, rialacha neamh-idirdhealaitheacha rochtana a bheidh feidhm acu maidir le daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a iompar, chun na ceanglais sábháilteachta is infheidhme a shásamh. Sna rialacha sin, beidh na coinníollacha rochtana uile a bhaineann leis an tseirbhís bus agus cóiste i gceist, lena n-áirítear inrochtaineacht na bhfeithiclí a oibreofar agus na saoráidí a bheidh ar bord.

2. Cuirfidh gnólachtaí bus agus/nó cóiste nó díoltóirí ticéad na rialacha dá bhforáiltear i mír 1 ar fáil don phobal ag an am a dhéantar áirithint ar a dhéanaí, ar bhealaí iomchuí, agus sna teangacha céanna ina gcuirtear faisnéis ar fáil go ginearálta do na paisinéirí uile. Agus an fhaisnéis seo á soláthar, tabharfar aird ar leith ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

3. Arna iarraidh sin, déanfaidh gnólachtaí bus agus cóiste an dlí idirnáisiúnta, Comhphobail nó náisiúnta lena mbunaítear na ceanglais sábháilteachta agus ar a bhfuil rialacha rochtana neamh-idirdhealaitheacha bunaithe, a chur ar fáil.

4. Cuirfidh tionscnóirí turas na rialacha ar fáil dá bhforáiltear i mír 1 agus atá infheidhme maidir le turais arna n-áireamh sa taisteal láneagraithe, sa saoire láneagraithe agus sna turais láneagraithe a eagraíonn siad, a dhíolann siad nó a thairgeann siad lena ndíol.

5. Áiritheoidh gnólachtaí bus agus/nó cóiste nó a ndíoltóirí ticéad nó a dtionscnóirí turas go bhfuil an fhaisnéis uile is ábhartha maidir leis na coinníollacha iompair, faisnéis an turais agus faisnéis faoi inrochtaineacht seirbhísí ar fáil i bhformáid atá inrochtana do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, áirithint agus faisnéis ar líne san áireamh.

Airteagal 13An ceart chun cúnaimh

1. Áiritheoidh comhlachtaí bainistíochta críochfoirt agus gnólachtaí bus agus/nó cóiste cúnamh iomchuí do dhuine faoi mhíchumas nó duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe mar atá sonraithe in Iarscríbhinn I saor in aisce roimh an turas, i rith an turais agus ina dhiaidh.

2. Féadfaidh comhlachtaí bainistíochta críochfoirt agus gnólachtaí bus agus/nó cóiste féin cúnamh a thabhairt nó féadfaidh siad conradh a dhéanamh le páirtí amháin eile nó níos mó chun an cúnamh a thabhairt. Féadfaidh siad conradh nó conarthaí dá leithéidí a dhéanamh ar a dtionscnamh féin nó arna iarraidh sin.

Sa chás go ndéanfaidh comhlachtaí bainistíochta críochfoirt agus gnólachtaí bus agus/nó cóiste conradh le páirtí amháin eile nó níos mó chun an cúnamh a thabhairt, leanfaidh siad de bheith freagrach as cúnamh a thabhairt.

3. Ní chuireann forálacha na Caibidle seo cosc ar chomhlachtaí bainistíochta críochfoirt ná gnólachtaí bus agus/nó cóiste cúnamh atá de chaighdeán níos airde ná na caighdeáin dá dtagraítear in Iarscríbhinn I a thabhairt ná seirbhísí a sholáthar sa bhreis ar na seirbhísí arna sonrú ann.

Airteagal 14An ceart chun cúnaimh ag críochfoirt

1. Tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm don Rialachán seo, ainmneoidh na Ballstáit críochfoirt bus agus cóiste inar chóir go dtabharfaí cúnamh do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, ag cur san áireamh an gá inrochtaineacht seirbhísí a áirithiú sa chuid is mó de shuímh geografacha. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas ina thaobh seo.

2. Beidh sé de fhreagracht ar an gcomhlacht bainistíochta críochfoirt a bhainistíonn críochfort arna ainmniú ag Ballstát i gcomhréir le mír 1 a áirithiú go dtabharfar an cúnamh arna shonrú i gcuid (a) d'Iarscríbhinn I do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe gan muirear sa bhreisa ghearradh orthu, ar choinníoll go gcomhlíonann an duine i dtrácht na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 16.

Airteagal 15An ceart chun cúnaimh ar bord

Tabharfaidh gnólachtaí bus agus/nó cóiste an cúnamh arna shonrú i gcuid (b) d'Iarscríbhinn I, ar a laghad agus saor in aisce, do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar bord an chóiste nó an bhus agus le linn dóibh dul ar bord agus tuirlingt den chóiste nó bus, ar choinníoll go gcomhlíonann an duine i dtrácht na coinníollacha atá leagtha amach in Airteagal 16.

Airteagal 16Coinníollacha faoina soláthraítear cúnamh

1. Oibreoidh gnólachtaí bus agus/nó cóiste, comhlachtaí bainistíochta críochfoirt, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas i gcomhar le chéile chun cúnamh a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe ar an gcoinníoll go gcuirfear riachtanas an duine le cúnamh dá leithéid in iúl don gnólacht bus agus/nó cóiste, comhlacht bainistíochta críochfoirt, díoltóir ticéad nó tionscnóir turas ar a laghad 48 uair an chloig roimh an tráth a mbeidh gá leis an gcúnamh.

2. Déanfaidh gnólachtaí bus agus/nó cóiste, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas na bearta uile is gá le go mbeidh sé níos éasca fógraí a fháil ó dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe faoina ngá le cúnamh. Beidh feidhm ag an oibleagáid seo ag a ndíolphointí uile, díolacháin ar teileafón agus ar líne san áireamh.

3. Mura ndéantar fógra ar bith i gcomhréir le mír 1, déanfaidh gnólachtaí bus agus/nó cóiste, comhlachtaí bainistíochta críochfoirt, díoltóirí ticéad agus tionscnóirí turas na hiarrachtaí uile is réasúnta chun a áirithiú go soláthraítear an cúnamh ar bhealach go mbeidh an duine faoi mhíchumas nó an duine a bhfuil a shoghluaisteacht laghdaithe in ann dul ar bord ar an tseirbhís imeachta, athrú chuig an tseirbhís chomhfhreagrach nó tuirlingt den tseirbhís teachta dár cheannach sé ticéad.

4. Soláthrófar cúnamh ar an gcoinníoll go dtiocfaidh an duine i dtrácht i láthair ag an bpointe arna ainmniú:

- ag am arna leagan síos roimh ré ag an ngnólacht bus agus/nó cóiste, am nach mbeidh níos mó ná 60 nóiméad roimh an am arna fhoilsiú don imeacht, nó

- mura bhfuil am ar bith arna leagan síos, tráth nach déanaí na 30 nóiméad roimh an am arna fhoilsiú don imeacht.

5. Ag cur coinníollacha áitiúla san áireamh agus gan dochar do chumhachtaí eintiteas eile maidir le limistéir atá suite lasmuigh d'áitreabh an chríochfoirt, ainmneoidh an comhlacht bainistíochta críochfoirt a bhainistíonn críochfort arna ainmniú ag Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 14(1) pointí teachta agus imeachta, laistigh den chríochfort nó ag pointí faoi rialú díreach an chomhlachta bainistíochta críochfoirt, laistigh agus lasmuigh de fhoirgneamh an chríochfoirt, ag a bhféadfaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe cur in iúl go bhfuil siad tagtha chuig an gcríochfort agus cúnamh a iarraidh.

6. Fógrófar go follasach na pointe sin dá dtagraítear i mír 5 agus beidh faisnéis bhunúsach ann, i bhformáid atá inrochtana, maidir leis an gcríochfort agus an cúnamh arna sholáthar.

Airteagal 17Faisnéis a tharchur go tríú páirtí

1. Sa chás go gcuirfear soláthar an chúnaimh amach ar fochonradh, agus go bhfaighidh an gnólacht bus agus/nó cóiste nó an díoltóir ticéad nó an tionscnóir turas fógra faoi ghá le cúnamh ar a laghad 48 roimh an am arna fhoilsiú don imeacht i gcomhair an turais, tarchuirfidh sé an fhaisnéis ábhartha chuig an bhfochonraitheoir ar a laghad 36 uair an chloig roimh an am arna fhoilsiú don imeacht i gcomhair an turais.

2. Sa chás go gcuirfear soláthar an chúnaimh amach ar fochonradh, agus nach bhfaighidh gnólacht bus agus/nó cóiste nó díoltóir ticéad nó tionscnóir turas fógra faoin ngá le cúnamh ar a laghad 48 uair an chloig roimh an am arna fhoilsiú don imeacht i gcomhair an turais, tarchuirfidh an t-iompróir nó an díoltóir ticéad nó an tionscnóir turas an fhaisnéis chuig an bhfochonraitheoir a luaithe agus is féidir.

Airteagal 18Oiliúint

Déanfaidh gnólachtaí bus agus/nó cóiste na nithe seo a leanas:

53. áiritheoidh siad go bhfuil eolas ar conas freastal ar riachtanais daoine le míchumais éagsúla nó mallachair shogluaiseachta ag a bhfoireann, lena n-áirítear foireann arna fostú ag fochonraitheoir ar bith, a sholáthraíonn cúnamh go díreach do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe;

54. oiliúint maidir le cúnamh míchumais agus feasacht míchumais a sholáthar, mar atá arna thuairisciú in Iarscríbhinn II, dá bhfoireann ar fad a dhéileálann go díreach le taistealaithe;

55. áiritheoidh siad, tráth a n-earcaíochta, go bhfreastalóidh gach fostaí nua ar oiliúint i ndáil le míchumas agus go bhfaighidh an fhoireann cúrsaí oiliúna athnuachana nuair is iomchuí sin.

Airteagal 19Cúiteamh i leith cathaoireacha rothaí agus trealaimh ghluaiseachta

1. Sa chás go gcaillfear nó go ndéanfar damáiste do chathaoireacha rothaí nó trealamh soghluaisteachta eile, nó codanna díobh, agus iad á láimhseáil ag an gcríochfort nó á n-iompar ar bord, cúiteoidh an gnólacht bus agus/nó cóiste nó an comhlacht bainistíochta críochfoirt an paisinéir ar leis an trealamh, ag brath ar cé acu a bheidh freagrach as an trealamh tráth an chaillteanais nó damáiste.

Más gá, déanfar gach iarracht trealamh a athsholáthar go tapa.

2. Ní bheidh aon teorainn leis an méid cúitimh is iníoctha de bhonn an Airteagail seo.

Caibidil IVOibleagáidí ar ghnólachtaí bus agus/nó cóiste sa chás go gcuirfear isteach ar thaisteal

Airteagal 20Freagracht i gcás cealuithe agus moille fada

Beidh gnólachtaí bus agus/nó cóiste faoi dhliteanas i leith cealuithe agus, sa chás go mbeidh fad sceidealaithe an turais níos mó ná trí uair an chloig, i leith moille níos mó ná dhá uair an chloig ag an imeacht. I gcásanna dá leithéidí déanfar na nithe seo a leanas ar a laghad i leith na bpaisinéirí lena mbaineann:

56. tairgfear seirbhísí eile iompair dóibh faoi choinníollacha réasúnta nó, mura mbeidh sé sin praiticiúil, cuirfear ar an eolas iad faoi sheirbhísí iompair eile de chuid oibreoirí eile iompair;

57. gheobhaidh siad aisíocaíocht phraghas an ticéid ach amháin sa chás go nglacfaidh siad le seirbhísí iompair eile dá dtagraítear i bpointe (a);

58. beidh an ceart acu cúiteamh a fháil ar 100% de phraghas an ticéid é má theipeann ar an ngnólacht bus agus/nó cóiste seirbhísí nó faisnéis eile a sholáthar dá dtagraítear i bpointe (a). Íocfar an cúiteamh laistigh d'aon mhí amháin tar éis don iarratas ar chúiteamh a bheith curtha isteach.

Airteagal 21Faisnéis a sholáthar

1. I gcás moille, cuirfidh gnólachtaí bus agus/nó cóiste nó, más iomchuí, comhlachtaí bainistíochta críochfoirt, in iúl do phaisinéirí na hamanna measta maidir le himeacht agus teacht a luaithe is a bheidh an fhaisnéis sin le fáil, ach gan a bheith níos déanaí ná 30 nóiméad tar éis na himeachta sceidealaithe nó uair an chloig roimh theacht sceidealaithe faoi seach.

2. Má chailleann paisinéirí nasc de dheasca moille, déanfaidh gnólachtaí bus agus cóiste iarrachtaí réasúnta na paisinéirí lena mbaineann a chur ar an eolas faoi naisc eile.

Airteagal 22Éilimh bhreise

Ní chuirfidh ní ar bith sa Rialachán seo cosc ar phaisinéirí damáistí a lorg os comhair cúirteanna náisiúnta i leith caillteanais de thoradh cealaithe nó moille maidir le seirbhísí iompair.

Airteagal 23Bearta eile i bhfabhar paisinéirí

Oibreoidh gnólachtaí bus agus/nó cóiste i gcomhar le chéile chun socruithe a ghlacadh ar leibhéal náisiúnta nó Eorpach le rannpháirteachas geallsealbhoirí, comhlachas gairmiúil agus comhlachas custaiméirí, paisinéirí agus daoine faoi mhíchumas. Ba chóir go mbeadh na bearta seo dírithe ar fheabhsú an chúraim i leith paisinéirí, go háirithe i gcásanna a bhaineann le moill fada agus briseadh sa taisteal nó cealú an taistil.

Caibidil VFaisnéis do phaisinéirí agus láimhseáil gearán

Airteagal 24An ceart chun faisnéise taistil

Tabharfaidh comhlachtaí bainistíochta críochfoirt agus gnólachtaí bus agus/nó cóiste faisnéis leordhóthanach do phaisinéirí ar feadh a dtaistil san fhormáid is iomchuí. Agus an fhaisnéis seo á soláthar, tabharfar aird ar leith ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

Airteagal 25Faisnéis faoi chearta paisinéirí

1. Áiritheoidh gnólachtaí bus agus/nó cóiste agus comhlachtaí bainistíochta críochfoirt go soláthrófar faisnéis oiriúnach agus intuigthe do phaisinéirí maidir lena gcearta faoin Rialachán seo tráth na himeachta ar a dhéanaí. Soláthrófar an fhaisnéis san fhormáid is iomchuí. Agus an fhaisnéis seo á soláthar, tabharfar aird ar leith do riachtanais daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe. Ar áireamh leis an bhfaisnéis sin, beidh sonraí teagmhála an chomhlachta forfheidhmithe arna ainmniú ag an mBallstát de bhonn Airteagal 27(1).

Airteagal 26Gearáin

1. Bunóidh gnólachtaí bus agus/nó cóiste meicníocht chun gearáin a láimhseáil maidir le cearta agus oibleagáidí a fholaítear leis an Rialachán seo.

2. Féadfaidh paisinéirí gearán a dhéanamh le gnólacht bus agus/nó cóiste laistigh d'aon mhí amháin ón lá a rinneadh an tseirbhís nó ón lá ar chóir go ndéanfaí an tseirbhís. Laistigh de 20 lá oibre, tabharfaidh seolaí an ghearáin barúil réasúnaithe nó, i gcásanna inchosanta, cuirfidh sé in iúl don phaisinéir an dáta faoina bhféadfar a bheith ag súil le freagra. Ní thógfar níos mó ná dhá mhí chun freagra a thabhairt ón uair a gheofar an gearán.

3. Mura bhfaighfear freagra laistigh de na teorainneacha ama arna leagan amach i mír 2, measfar gur glacadh leis an ngearán.

Caibidil VIForfheidhmiú agus comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta

Airteagal 27Comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta

1. Ainmneoidh gach Ballstát comhlacht nó comhlachtaí a bheidh freagrach as forfheidhmiú an Rialacháin seo. Déanfaidh gach comhlacht na bearta lena bhfuil gá chun a áirithiú go n-urramófar cearta paisinéirí lena n-áirítear comhlíonadh na rialacha maidir le hinrochtaineacht dá dtagraítear in Airteagal 12. Beidh gach comhlacht, ina eagrú, a chinntí faoi chistiú, a struchtúr dlí agus ina chinnteoireacht, neamhspleách ar ghnólachtaí bus agus/nó cóiste.

2. Cuirfidh na Ballstáit an comhlacht nó na comhlachtaí a ainmneofar i gcomhréir leis an Airteagal seo chomh maith lena ndualgais faoi seach in iúl don Choimisiún.

3. Féadfaidh paisinéir ar bith gearán a dhéanamh leis an gcomhlacht iomchuí arna ainmniú faoi mhír 1, faoi shárú líomhnaithe ar an Rialachán seo.

4. Áiritheoidh na Ballstáit a chinn seirbhísí áirithe a dhíolmhú de bhonn Airteagal 2(2) go bhfuil meicníochtaí inchomparáide ann chun cearta paisinéirí a fhorfheidhmiú.

Airteagal 28Tuarascáil ar fhorfheidhmiú

1. An 1 Meitheamh gach bliain, foilseoidh na comhlachtaí forfheidhmithe arna ainmniú de bhonn Airteagal 27 (1) tuarascáil ar a ngníomhaíocht sa bhliain roimhe sin, ina mbeidh inter alia na ithe seo a leanas:

59. tuairisc ar ghníomhartha a rinneadh chun forálacha an Rialacháin seo a chur chun feidhme;

60. tagairt don nós imeachta is infheidhme maidir le socrú gearán aonair,

61. achoimre ar rialacha faoi inrochtaineacht le haghaidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe atá infheidhme sa Bhallstát sin;

62. sonraí comhiomlánaithe faoi ghearáin;

63. mionsonraí faoi na pionóis arna gcur chun feidhme,

64. na saincheisteanna lena mbaineann tábhacht chun an Rialachán seo a fhorfheidhmiú níos fearr.

2. Le go mbeidh siad in ann tuarascáil dá leithéid a dhréachtadh, coinneoidh comhlachtaí forfheidhmithe staidrimh faoi ghearáin aonair, de réir ábhair agus na gcomhlachtaí lena mbaineann. Cuirfear an dáta sin ar fáil, arna iarraidh sin, don Choimisiún nó do na húdaráis náisiúnta imscrúdaitheacha suas go dtí trí bliana tar éis dáta na heachtra.

Airteagal 29Comhar idir comhlachtaí forfheidhmithe

Déanfaidh comhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta arna n-ainmniú de bhonn Airteagal 27(1) faisnéis a mhalartú faoina gcuid oibre agus faoina bprionsabail chinnteoireachta agus a gcleachtais chinnteoireachta chun paisinéirí a chosaint ar bhonn comhsheasmhach ar fud an Chomhphobail. Tabharfaidh an Coimisiún tacaíocht dóibh i mbun an chúraim seo.

Airteagal 30Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha maidir le pionóis a bheidh infheidhme i leith sárú ar an Rialachán seo agus glacfaidh siad na bearta uile is gá chun a áirithiú go ndéanfar na rialacha sin a chur chun feidhme. Caithfidh na pionóis a leagfar amach a bheith éifeachtach, comhréireach, athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin agus cuirfidh siad é ar an eolas gan mhoill faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin a dhéanfaidh difear dóibh.

Caibidil VIIForálacha críochnaitheacha

Airteagal 31Tuarascáil

Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle trí bliana ar a dhéanaí tar éis teacht i bhfeidhm don Rialachán seo, faoi fheidhmiú agus iarmhairtí an Rialacháin seo. Gabhfaidh tograí reachtacha, más iomchuí, leis an tuarascáil lena gcuirfear forálacha an Rialacháin seo chun feidhme le tuilleadh mionsonraí, nó lena leasófar é.

Airteagal 32Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004:

"18. Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an ... maidir le cearta paisinéirí in iompar de bhus agus de chóiste agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[23].

Airteagal 33Teacht i bhfeidhm

1. Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

2. Beidh feidhm aige ón [bliain amháin tar éis a theachta i bhfeidhm].

Beidh sé ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Cúnamh a sholáthrófar do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe

a) Cúnamh ag críochfoirt

Cúnamh agus socruithe lena bhfuil gá chun go mbeidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe in ann na nithe seo a leanas a dhéanamh:

- a chur in iúl go bhfuil siad tagtha ag an gcríochfort agus iarratas ar chúnamh a dhéanamh ag pointí arna n-ainmniú.

- dul ón bpointe arna ainmniú chuig deasc an airgid, an seomra feithimh agus an áit bordála.

b) Cúnamh ar bord

Cúnamh agus socruithe lena bhfuil gá chun go mbeidh daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe in ann na nithe seo a leanas a dhéanamh:

- dul ar bord na feithicle, trí bhíthin soláthair ardaitheoirí, cathaoireacha rothaí nó trealamh eile is iomchuí;

- a mbagáiste a luchtú;

- a mbagáiste a athfháil;

- tuirlingt den fheithicil;

- dul chuig na saoráidí leithris, más gá;

- dul ar bord bus nó cóiste le madra cúnaimh aitheanta;

- dul ar aghaidh chuig na suíocháin;

- faisnéis bhunriachtanach a fháil faoin turas i bhformáidí inrochtana;

- dul ar bord/tuirlingt i rith stadanna i dturas, más féideartha.

IARSCRÍBHINN II

Oiliúint i ndáil le míchumas

a) Oiliúint i ndáil le feasacht míchumais

Áirítear na nithe seo a leanas le hoiliúint foirne a dhéileálann go díreach le taistealaithe:

- feasacht faoi agus freagraí iomchuí ar phaisinéirí faoi mhíchumais fhisiceacha, chéadfacha (míchumas éisteachta agus amhairc), folaigh nó foghlama, lena n-áirítear conas idirdhealú a dhéanamh idir cumais éagsúla daoine ar féidir a soghluaisteacht, treoshuíomh, nó cumarsáid a bheith laghdaithe;

- na constaicí os comhair daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, lena n-áirítear constaicí dearcaidh, constaicí timpeallachta/fisiceacha agus constaicí eagraíochtúla;

- ainmhithe cúnaimh aitheanta, lena n-áirítear ról agus riachtanais ainmhí cúnaimh;

- déileáil le tarluithe nach mbeidh coinne leo;

- scileanna idirphearsanta agus modhanna cumarsáide le daoine bodhra nó lagéisteachta, daoine lagamhairc, daoine a bhfuil urlabhra lagaithe acu agus daoine faoi mhíchumas foghlama;

- conas cathaoireacha rothaí agus áiseanna eile soghluaisteachta a láimhseáil chun damáiste a sheachaint (le haghaidh na foirne uile atá freagrach as láimhseáil bagáiste, más ann di).

a) Oiliúint i ndáil le cúnamh míchumais

Le hoiliúint foirne a thugann cúnamh go díreach do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe, áirítear na nithe seo a leanas:

- conas cabhrú le húsáideoirí cathaoireacha rothaí aistrithe a dhéanamh isteach i gcathaoir rothaí agus amach as;

- scileanna chun cúnamh a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a bheidh ag taisteal le hainmhí cúnta aitheanta, lena n-áirítear ról agus riachtanais na n-ainmhithe sin;

- teicníochtaí maidir le daoine dalla agus caocha a thionlacain agus maidir le hainmhithe cúnta aitheanta a láimhseáil agus a iompar;

- tuiscint ar na cineálacha trealaimh ar féidir leo cabhrú le daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus eolas faoi conas trealamh dá leithéid a láimhseáil;

- úsáid a bhaint as an trealamh cúnaimh atá in úsáid le haghaidh bordáil agus díbhordáil agus eolas faoi na nósanna imeachta iomchuí le haghaidh bordáil agus díbhordáil a chosnaíonn sábháilteacht agus dínit daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe.

- tuiscint leordhóthanach ar an riachtanas le cúnamh iontaofa agus gairmiúil. Feasacht freisin faoin bhféidearthacht go mothóidh paisinéirí áirithe faoi mhíchumas leochaileach agus iad ag taisteal toisc go mbraitheann siad ar an gcúnamh arna sholáthar.

- eolas faoi gharchabhair.

[1] Féach freisin: Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhrialacha le haghaidh iompair idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus (athmhúnlú) - COIM(2007) 264.

[2] COIM(2001) 370.

[3] COIM(2005) 46.

[4] Cearta daoine faoi mhíchumas, réitigh gan mhoill agus intuigthe i gcás ina gcuirfear isteach ar thaisteal, dliteanas i gcás báis phaisinéirí nó díobhála do phaisinéirí, láimhseáil gearán agus modhanna chun sásamh a lorg, faisnéis do phaisinéirí agus tionscnaimh eile.

[5] COIM(2006) 314.

[6] Foinse: EU Energy and Transport in Figures, Statistical Pocketbook 2006 .

[7] Foinse: EU Energy and Transport in Figures, Statistical Pocketbook 2006 .

[8] Coinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip um an gConradh le haghaidh Iompair Idirnáisiúnta Paisinéirí agus Bagáiste de Bhóthar (CVR), an 1 Márta 1973.

[9] Rialachán (CE) Uimh. 2027/97 an 9 Deireadh Fómhair 1997 maidir le dliteanas aeriompróirí i gcás tionóiscí (IO L 285, 17.10.1997, lch. 1), arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 889/2002 an 13 Bealtaine 2002 (IO L 140, 30.5.2002, lch. 2). Rialachán (CE) Uimh. 785/2004 an 21 Aibreán 2004 maidir le ceanglais árachais i gcomhair aeriompróirí agus oibreoirí aerárthaí (IO L 138, 30.4.2004, lch. 1); Rialachán (CE) Uimh. 1371/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le cearta agus oibleagáidí paisinéirí iarnróid (IO L 315, 3.12.2007, lch. 14).

[10] Chun chomh casta is atá an fhadhb a léiriú is féidir an sampla a leanas a thabhairt: Bus ón mBeilg le tiománaí ó Mharacó dá mbaineann tionóisc sa Fhrainc.

[11] Rialachán (CEE) Uimh. 684/92 an 16 Márta 1992 maidir le comhrialacha le haghaidh iompair idirnáisiúnta paisinéirí de chóiste agus de bhus.

[12] COIM(2007) 99.

[13] Margadh Aonair do Shaoránaigh, tuarascáil eatramach chuig an gComhairle Eorpach san Earrach 2007, an Bhruiséil – COIM(2007) 60, 21.2.2007

[14] Tá torthaí an chomhairliúcháin phoiblí le fáil i mBéarla, Fraincis agus Gearmáinis ar an suíomh seo: http://ec.europa.eu/transport/road/consultations/passengers_rights_en.htm

[15] Tá miontuairiscí an chruinnithe le fáil ar an suíomh seo:http://ec.europa.eu/transport/road/consultations/passengers_rights_en.htm

[16] Le fáil ag: http://ec.europa.eu/consumers/topics/facts_en.htm

[17]

[18]

[19] IO C […], […], lch. […].

[20] IO L 158, 23.6.1990, lch. 59 .

[21] IO L 281, 23.11.1995, lch. 31.

[22] IO L 364, 9.12.2004, lch. 1.

[23] IO L […], […], lch. […].