52008PC0813

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa chun na cineálacha costais atá cáilithe le haghaidh ranníocaíochta ón CSE a leathnú /* COIM/2008/0813 leagan deireanach - COD 2008/0232 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil 26.11.2008

COIM(2008) 813 leagan deireanach

2008/0232 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa chun na cineálacha costais atá cáilithe le haghaidh ranníocaíochta ón CSE a leathnú

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

- Forais agus cuspóirí an togra

Is é cuspóir an togra seo simpliú a thabhairt isteach in oibríochtaí Chiste Sóisialta na hEorpa.

- Comhthéacs ginearálta: Dúshláin nua don CSE amach anseo

Tá Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) bunaithe faoi Airteagal 146 den Chonradh, a thugann do chuspóir dó cabhrú chun fostú oibreoirí a éascú, agus méadú a thabhairt ar a soghluaisteacht gheografach agus ghairmiúil. Mar sin, cuireann sé leis an gcuspóir maidir le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a leagtar amach in Airteagal 158 de Chonradh CE, trí thacú le beartais agus tosaíochtaí atá dírithe ar dhul chun cinn a dhéanamh i dtreo fostaíocht iomlán, feabhas a chur ar chaighdeán agus ar tháirgiúlacht ag an obair, agus comhtháthú agus cuimsiú sóisialta a chothú, i gcomhréir leis na treoirlínte agus na moltaí faoi Straitéis Fostaíochta na hEorpa (SFE).

Tá brúnna iomaíochta ag méadú go tapa ar ghnóthaí san Eoraip toisc na géarchéime airgeadais reatha agus an lagtrá eacnamaíoch, agus tá iarmhairt dhiúltach acu seo do bhuiséid phoiblí. Tá laghdú suntasach tagtha ar an bhfás i roinnt mhaith Ballstáit; tá sé stoptha fiú i gcuid acu. Tá na figiúirí dífhostaíochta ag dul in airde.

Tá sé thar a bheith tábhachtach sa chomhthéacs seo go mbainfear an úsáid is mó as Ciste Sóisialta na hEorpa chun fadhbanna an lucht dífhostaithe a mhaolú, go háirithe na daoine is leochailí, sa lagtrá eacnamaíoch. Caithfear gach rud a dhéanamh chun glacadh éifeachtach, éifeachtúil agus tapa na n-acmhainní atá ar fáil a spreagadh, ach gan cur as do phrionsabail na bainistíochta airgeadais iontaofa. Sa chreat seo is í aidhm an togra seo modh breise, níos simplí a chur leis chun Ciste Sóisialta na hEorpa a chaitheamh, i dtreo agus gur féidir leis cabhrú chun dul i ngleic leis na dúshláin eacnamaíocha agus shóisialta atá os comhair na hEorpa ar bhealach níos tapúla agus níos éifeachtaí.

D'aithin Parlaimint na hEorpa simpliú arís agus arís eile mar phríomhshaincheist do na Cistí Struchtúracha. Rinne an Chúirt Iniúchóirí, moladh tábhachtach ina leith seo ina Tuarascáil Bhliantúil ar Chur Chun Feidhme Bhuiséad 2007. Molann sé simpliú ar " an mbonn ar a ríomhtar costas cáilithe, agus úsáid níos mó a bhaint as íocaíochtaí cnapshuime nó caighdeánacha seachas fíorchostais a aisíoc [1]". Bhíothas ábalta íocaíochtaí caighdeánacha a fháil ón CSE do chostais indíreacha ó 2007 i leith; bainfidh 23 Ballstát tairbhe as an bhforáil seo. Níl íocaíocht cnapshuimeanna cáilithe laistigh de rialacha an CSE fós, áfach. Tá sé d'aidhm ag an togra maoiniú caighdeánach a leathnú go costais dhíreacha; chun a raon feidhme a leathnú go scálaí costais aonaid chaighdeánaithe; agus chun úsáid chórais íocaíochta cnapshuime a chumasú.

Ní athróidh an togra fócas rialachán Chiste Sóisialta na hEorpa ar an gceithre phríomhréimse gníomhaíochta arna bhformhuiniú ag an gComhairle Eorpach: inoiriúnaitheacht oibrithe agus fiontar a mhéadú; rochtain ar fhostaíocht a fheabhsú, cosc a chur ar dhífhostaíocht, saolta oibre a shíneadh agus rannpháirtíocht sa mhargadh saothair a mhéadú; cuimsiú sóisialta a neartú trí lánpháirtiú daoine faoi mhíbuntáiste san obair a chur chun cinn agus trí idirdhealú a chomhrac; agus trí chomhpháirtíocht ar mhaithe le hathchóiriú sna réimsí fostaíochta agus cuimsithe a chur chun cinn.

Sna Ballstáit agus na réigiúin is lú ratha, leanfaidh na Cistí Struchtúracha ag díriú ar choigeartú struchtúrtha, ar fhás agus ar chruthú poist a chur chun cinn. Chuige sin, faoin gcuspóir Cóineasaithe, chomh maith leis na tosaíochtaí thuasluaite, leanfaidh an CSE ag tacú le gníomh chun infheistíocht i gcaipiteal daonna a leathnú agus a fheabhsú, go háirithe trí chórais oideachais agus oiliúna a fheabhsú, agus gníomh dírithe ar chumas institiúide agus éifeachtúlacht riaracháin phoiblí a fhorbairt, ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil. Ar deireadh, ní athraíonn an togra an aird a thugtar do thiomantas an Aontais deireadh a chur le neamhionannais idir fir agus mná, agus dea-rialachas a chur chun cinn. Tá rannpháirtíocht na bpáirtithe sóisialta fós fíorthábhachtach i gcur chun feidhme thosaíochtaí agus oibríochtaí an Chiste, agus go háirithe, má tá gá leo de bharr an choir eacnamaíoch atá ann faoi láthair, in atheagrú páirteach chláir Chiste Sóisialta na hEorpa.

I gcomhthreo leis an togra seo tá an Coimisiún ag moladh roinnt athruithe ar Rialacháin na gCistí Struchtúracha (go háirithe, ar an Rialachán Ginearálta) a chuirfidh ar a gcumas iad a úsáid sa tslí is éifeachtaí is féidir mar chuid den fhreagra ar an ngéarchéim. Saincheist amháin a rachaidh i gcion ar an CSE an moladh gur chóir réamhíocaíochtaí méadaithe a chur ar fáil d'Údaráis Bhainistíochta, chun a áirithiú gur féidir leo oibríochtaí nua a thosú go tapa.

- Comhsheasmhacht le beartais agus le cuspóirí eile an Aontais

N/B

1. EILIMINTÍ DLÍ AN TOGRA

- Achoimre ar an ngníomh atá beartaithe

Tá sé d'aidhm ag an togra atá beartaithe leasú a dhéanamh ar an Rialachán CSE chun gnéithe a thabhairt isteach atá riachtanach chun a riar agus a úsáid a shimpliú.

- Bunús Dlí

Tá an togra bunaithe ar Airteagal 148 den Chonradh CE.

- Prionsabal na coimhdeachta

Níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta, sa mhéid go dtagann an togra faoi inniúlacht eisiach an Chomhphobail amháin

2008/0232 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa chun na cineálacha costais atá cáilithe le haghaidh ranníocaíochta ón CSE a leathnú

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 148 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún ([2]),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ([3]),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún ([4]),

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh ([5]),

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Foráiltear le hAirteagal 56 de Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle an 11 Iúil 2006 ina leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1260/1999[6] go mbunófaí rialacha maidir le cáilitheacht caiteachais ar leibhéal náisiúnta, le heisceachtaí áirithe arna leagan síos do Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus do Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE).

(2) Socraítear le hAirteagal 11(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1784/1999[7] cén caiteachas atá cáilithe le haghaidh ranníocaíochta ón CSE mar atá sé sainithe in Airteagal 11(1) den Rialachán sin.

(3) Tugann an ghéarchéim airgeadais údar don ghá atá le tuilleadh simplithe chun rochtain a éascú ar dheontais arna gcómhaoiniú ag Ciste Sóisialta na hEorpa.

(4) Mhol an Chúirt Iniúchóirí Eorpach ina tuarascáil bhliantúil do 2007 go mbeadh na húdaráis reachtacha agus an Coimisiún réidh le hathmhachnamh a dhéanamh ar dhearadh na gclár caiteachais don todhchaí trí aird chuí a thabhairt ar shimpliú a dhéanamh ar an mbonn ar a ríomhtar costas cáilithe agus úsáid níos mó a bhaint as íocaíochtaí cnapshuime nó caighdeánacha seachas 'fíorchostais' a aisíoc.

(5) D'fhonn a áirithiú go ndéanfar an simpliú is gá i mbainistíocht, riaradh agus rialú oibríochtaí a fhaigheann deontas CSE, go háirithe nuair atá siad nasctha le córas aisíocaíochta bunaithe ar thorthaí, is iomchuí dhá chineál costais cháilithe sa bhreis a chur leis, mar atá cnapshuimeanna agus scálaí caighdeánacha costais aonaid.

(6) Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú maidir le cáilitheacht caiteachais, ba chóir go mbeadh an simpliú seo infheidhme i gcás gach deontas ón CSE. Ba chóir go mbeadh feidhmiú cúlghabhálach riachtanach mar sin le héifeacht ó 1 Lúnasa 2006, an dáta a tháinig Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 i bhfeidhm.

(7) Dá bhrí sin, ba chóir Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Mír 3 d'Airteagal 11 de Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006 mar seo a leanas:

(1) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Pointe (b):

"(b) i gcás deontas:

(i) costais indíreacha arna bhfógairt ar bhonn caighdeánach, suas le 20 % de chostais dhíreacha oibríochta;

(ii) costais chaighdeánacha arna ríomh trí scálaí caighdeánacha costais aonaid a chur chun feidhme mar atá sainithe ag an mBallstát;

(iii) cnapshuimeanna chun cuid de chostais oibríochta, nó na costais go léir a bhaineann leis, a fholú."

(2) Cuirtear an dara, an tríú agus an ceathrú fomhír seo a leanas leis:

"Ní fhéadfar na roghanna dá dtagraítear i bpointí (i), (ii) agus (iii) de phointe (b) den chéad fhomhír a chur le chéile ach amháin nuair a fholaíonn gach ceann acu catagóir dhifriúil de chostais cháilithe nó nuair a bhaintear úsáid astu le haghaidh tionscadal éagsúil laistigh den oibríocht chéanna.

Bunófar costais dá dtagraítear i bpointí (i), (ii) agus (iii) de phointe (b) den chéad fhomhír roimh ré ar bhonn ríomha a bheidh cóir, cothrom agus infhíoraithe.

Ní bheidh an chnapshuim dá dtagraítear i bpointe (b) (iii) den chéad fhomhír níos mó ná EUR 50 000."

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Mar sin féin, beidh feidhm aige le héifeacht ó 1 Lúnasa 2006.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an […]

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa, Thar ceann na Comhairle,

An tUachtarán An tUachtarán

[…] […]

[1] Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh – C286, Imleabhar 51, 10 Samhain 2008 "An Chúirt Iniúchóirí – Tuarascáil Bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí ar chur chun feidhme an bhuiséid maidir leis an mbliain airgeadais 2007, in éineacht le freagraí na n-institiúidí", caibidil 2, alt 42. ("Court of Auditors – Annual Report of the Court of Auditors on the implementation of the budget concerning the financial year 2007, together with the institutions' replies", chapter 2, paragraph 42.)

[2] IO C , , lch. .

[3] IO C , , lch. .

[4] IO C , , lch. .

[5] IO C , , lch. .

[6] IO C 210, 31.7.2006, lch. 25.

[7] IO L 210, 31.7.2006, lch. 12.