52008PC0720

Togra leasaithe le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Margadh na Cumarsáide Leictreonaí (arna thíolacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 250(2) de Chonradh CE) /* COIM/2008/0720 leagan deireanach - COD 2007/0249 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil 5.11.2008

COIM(2008) 720 leagan deireanach

2007/0249 (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Margadh na Cumarsáide Leictreonaí

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 250(2) de Chonradh CE)

2007/0249 (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Margadh na Cumarsáide Leictreonaí

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

1. STAID NA NÓSANNA IMEACHTA

Ghlac an Coimisiún an togra - COIM (2007) 699 leagan deireanach - an 13 Samhain 2007 agus cuireadh ar aghaidh é chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 15 Samhain 2007.

Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a thuairim maidir leis an togra ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2008.

Ghlac Coiste na Réigiún a thuairim maidir leis an togra ón gCoimisiún an 18 Meitheamh 2008.

Ghlac Parlaimint na hEorpa 164 leasú sa chéad léamh an 24 Meán Fómhair 2008.

2. CUSPÓIR AN TOGRA

Maidir leis an togra chun an tÚdarás Eorpach um Margadh na Cumarsáide Leictreonaí a bhunú, is cuid é den phacáiste rialúcháin don chumarsáid leictreonach a mhol an Coimisiún d'fhonn cáilíocht na timpeallachta rialúcháin a shimpliú agus a fheabhsú, an margadh inmheánach a chur i gcrích agus d'fhonn a áirithiú gur féidir le tomhaltóirí leas iomlán a bhaint as margadh cumarsáide atá dinimiciúil agus níos mó agus níos mó gan teorainneacha.

Is é is aidhm don togra beartaithe comhlacht saineolais, a bheadh sainfheidhmeach agus neamhspleách, a bhunú chun cuidiú leis an gCoimisiún agus leis na húdaráis náisiúnta rialála creat rialúcháin an AE don chumarsáid leictreonach a chur i bhfeidhm.

Chomhlánódh an tÚdarás ag leibhéal na hEorpa na cúraimí rialála a dhéanann na húdaráis rialála ar leibhéal náisiúnta, go háirithe trí chreat a sholáthar ionas go n-oibreodh údaráis náisiúnta rialála le chéile; maoirseacht rialála ar shainmhínithe margaidh; anailís agus cur chun feidhme na réiteach; sainmhíniú margaí trasnáisiúnta; comhairle faoi cheisteanna radaimhinicíochta; cinntí ar riar uimhearachta agus comhairle faoi inaistritheacht uimhreacha; comhairle faoi cheisteanna slándála gréasáin agus faisnéise; agus eolas ginearálta agus feidhmeanna comhairleacha maidir le ceisteanna a bhaineann le hearnáil na cumarsáide leictreonaí.

3. CUSPÓIR AN TOGRA LEASAITHE

Tá sé mar aidhm ag an togra leasaithe an buntogra a oiriúnú i dtaca le roinnt pointí, faoi mar a mhol Parlaimint na hEorpa.

4. BARÚLACHA MAIDIR LEIS NA LEASUITHE A GHLAC PARLAIMINT NA HEORPA

4.1. Leasuithe lenar ghlac an Coimisiún

Is féidir leis an gCoimisiún glacadh le leasú 6, 8, 9, 10, 11, 14, 15, 17, 20, 21, 23, 25, 26, 27, 28, 29, 30, 31, 32, 33, 34, 35, 36, 42, 43, 44, 47, 48, 50, 54, 57, 59, 60, 62, 65, 66, 68, 69, 73, 77, 78, 79, 85, 87, 89, 91, 92, 94, 97, 98, 100, 101, 103, 104, 105, 106, 115, 117, 120, 125, 133, 136, 140, 141, 143, 144, 145, 146, 147, 149, 152, 153, 156, 163, 166.

4.2. Leasuithe lenar ghlac an Coimisiún go páirteach nó faoi réir a n-athdhréachtaithe

Leasuithe: 12, 22, 49, 53, 61, 63, 70, 81, 83, 88, 99, 102, 107, 108, 109, 110, 111, 114, 116, 118, 119 121, 122, 123, 124, 129, 130, 131, 159, 160, 161 and 168.

Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis i bprionsabal gur chóir comhlacht a bhunú a imíonn ón Údarás mar a beartaíodh i gcéaduair agus dá bhrí sin glacann sé le gach leasú a bhaineann le malairt ainme. Is éard atá beartaithe ag an gCoimisiún Comhlacht Rialtóirí na hEorpa do Theileachumarsáid ("an Comhlacht") a bhunú.

- Leasú 12

Glacann an Coimisiún le bunú comhlachta nua ar a dtabharfar "Comhlacht Rialtóirí na hEorpa um Theileachumarsáid" agus cuireann roinnt friotal nua isteach a leagann béim ar a thábhacht is atá sé comhar idir údaráis náisiúnta rialála a threisiú. Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis go gcuirtear isteach '(dá ngairtear "ÚNR" amach anseo)' ag deireadh na chéad abairte.

Aithris 12:

" Beidh gá le comhar na n-údarás rialála náisiúnta a threisiú ar leibhéal na hEorpa trí Chomhlacht nua a bhunú, Comhlacht Rialtóirí na hEorpa do Theileachumarsáid ("an Comhlacht" amach anseo). Chuirfeadh an Comhlacht go héifeachtúil le cur i gcrích an mhargaidh inmheánaigh a chur chun cinn tríd an gcúnamh a thugann sé don Choimisiún agus do na húdaráis náisiúnta rialála ( dá ngairtear "ÚNR" amach anseo ). Bheadh sé ag feidhmiú mar phointe tagartha agus ghnóthódh sé muinín de bhua é a bheith neamhspleách, ardchaighdeán comhairle agus faisnéise a bheith á leathadh aige, trédhearcacht a bheith ag baint lena nósanna imeachta agus a mhodhanna feidhmiúcháin, agus a dúthracht i gcomhlíonadh na gcúraimí a shanntar dó.

- Leasú 22

Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an aithris nua seo. Bíodh sin mar atá, cé go mbaineann gnéithe trasteorann go bunúsach le margaí áirithe, go dtí seo níor aithin an Coimisiún aon mhargadh domhanda dá leithéid (contrártha dá bhfuil ráite sa téacs atá beartaithe ag Parlaimint na hEorpa). Thairis sin, ba chóir go mba é ról na hOifige cabhrú le cur chuige rialála comónta a fhorbairt. Ar deireadh, ba chóir 'seirbhísí gnó trasteorann' a chur in ionad an théarma 'seirbhísí domhanda teileachumarsáide', téarma nach sainítear aon áit sa chreat.

Aithris 22a (nua):

'Is cás ar leithligh iad seirbhísí gnó trasteorann inar gá b'fhéidfir coinníollacha údarúcháin a chomhchuibhiú. Glactar leis go ginearálta gur seirbhísí trasteorann go bunúsach na seirbhísí seo, arb iad guthsheirbhísí agus seirbhísí sonraí bainistithe do chuideachtaí ilnáisiúnta lonnaithe i dtíortha éagsúla agus go minic in ilchríocha éagsúla, agus gur seirbhísí uile-Eorpacha iad laistigh den Eoraip . Ba chóir go gcabhródh CRET an Comhlacht le cur chuige rialála comónta a fhorbairt ionas gur féidir le chuile chearn den Eoraip tairbhe eacnamaíoch a bhaint as seirbhísí comhtháite, rianúil.'

- Leasú 49

Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis go gcuirtear isteach an mír nua a chuireann feabhas ar thogra an Choimisiúin trí ról an Chomhlachta i dtaobh na n-údarás rialála náisiúnta a shoiléiriú agus a mholann tagairt a dhéanamh do thacaíocht eagraíochtúil chun ról na hOifige a shainiú. Mar sin féin, ba chóir an abairt 'glacfaidh sé comhsheasaimh agus tráchtaí coiteanna' a scriosadh toisc go bhfuil sí iomarcach agus go bhfolaítear í cheana in Airteagal 3 den togra.

Airteagal 1, mír 3:

Cuirfidh CRET an Comhlacht a chúraimí i gcrích i gcomhar leis na hÚNRanna agus leis an gCoimisiún.

Feidhmeoidh CRET an Comhlacht mar bhealach chun faisnéis a mhalartú agus chun go nglacfaidh ÚNRanna cinntí chomhsheasmhacha. Soláthróidh sé bunús an tacaíocht eagraíochtúil do chinnteoireacht na n-ÚNRanna. Glacfaidh sé comhsheasaimh agus tráchtaí coiteann. Thairis sin, tabharfaidh sé comhairle don Choimisiún agus cabhróidh sé leis na hÚNRanna maidir le gach ceist laistigh de raon feidhme na gcúraimí arna gcur ar na hÚNRanna sa Treoir Réime agus sna Treoracha Sonracha.

- Leasú 53

Breathnaíonn an Coimisiún go dearfach ar an smaoineamh ról an Chomhlachta chun cur le comhsheasmhacht i bhforchur réiteach a shoiléiriú. Mar sin féin, cé go bhfuil monatóireacht ar fhorbairtí ghinearálta laistigh de bhrí Airteagal 21 den Rialachán inghlactha, is tasc don Choimisiún é monatóireacht ar chur chun feidhme agus ní féidir glacadh leis. Thairis sin, ba chóir 'cur chuige coiteann' a chur in ionad 'comhsheasaimh', ós rud é gur sainthéarma é an ceann is túisce a luaitear i ndlí an Chomhphobail agus an AE.

Airteagal 3 - pointe a a (nua):

' comhsheasaimh cur chuige coiteann , treoracha agus dea-chleachtais chun leigheasanna rialála a fhorchur ar an leibhéal náisiúnta a fhorbairt agus monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na leigheasanna ar fud na mBallstát; '

- Leasú 61

Leagtar béim sa leasú seo ar ghné thábhachtach den obair a dhéanann an Comhlacht i ndáil le seirbhísí trasteorann. Is gá áfach roinnt athdhréachtaithe a dhéanamh ar an bhforáil, go háirithe chun an téarma " seirbhísí domhanda teileachumarsáide " a sheachaint, téarma nach sainítear sa chreat rialúcháin agus a fhanann doiléir. Thairis sin, bheadh sé níos oiriúnaí tagairt a dhéanamh do na rialacha a rialaíonn soláthar seirbhísí trasteorann mar 'comhrialacha'. Thairis sin, ba chóir 'cur chuige coiteann' a chur in ionad 'comhsheasaimh', ós rud é gur sainthéarma é an ceann is túisce a luaitear i ndlí an Chomhphobail agus an AE.

Airteagal 3, pointe i a (nua):

'comhsheasaimh cur chuige coiteann a fhorbairt maidir le ceisteanna uile-Eorpacha trasteorann amhail Seirbhísí Domhanda Teileachumarsáide (SDT) d'fhonn cur le comhsheasmhacht rialála agus d'fhonn margadh uile-Eorpach aonair agus comhrialacha rialacha uile-Eorpacha a chur chun cinn.'

- Leasú 63

Is féidir leis an gCoimisiún glacadh le cuid den athdhréachtú sa chéad abairt ach measann sé go bhfuil forchur na hoibleagáide ar an gCoimisiún dul i gcomhairle leis an gComhlacht iomarcach. Fáiltíonn an Coimisiún roimh an abairt dheireanach a chur isteach ós rud é go bhféadfaí an próiseas agus cáilíocht an ghnímh a bheidh i gceist a fheabhsú trí chúnamh a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa.

Airteagal 4, mír 2:

' D'fhonn cur chun feidhme comhchuibhithe fhorálacha na Treorach Réime agus na dTreoracha Sonracha a chur chun cinn , iarrfaidh féadfaidh an Coimisiún cúnamh a iarraidh ó CRET ón gComhlacht in ullmhú moltaí nó cinntí a bheidh le glacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2002/21/CE (Treoir Réime). Féadfaidh Parlaimint na hEorpa freisin cibé cúnamh a d'fhéadfadh a bheith ag teastáil uaithi le réasún a iarraidh ó CRET ón gComhlacht maidir le haon cheist de bhun Airteagal 193 den Chonradh nó maidir le haon reachtaíocht faoi raon feidhme fheidhmeanna CRET an Chomhlachta .'

- Leasú 70

Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an leasú seo ar chóir é a léamh in éineacht leis an bpointe nua 3(ia) maidir le cur chun cinn seirbhísí trasteorann. Is gá, áfach, roinnt athdhréachtaithe a dhéanamh ar an bhforáil seo: bheadh sé níos oiriúnaí tagairt a dhéanamh do na rialacha a rialaíonn soláthar seirbhísí trasteorann mar 'comhrialacha' agus soláthraithe ' seirbhísí domhanda teileachumarsáide ' a ainmniú mar sholáthraithe "seirbhísí trasteorann".

Airteagal 4, mír 3, pointe pa (nua):

'bearta chun a áirithiú go bhforbrófar comhrialacha rialacha uile-Eorpacha agus chomcheanglais do sholáthraithe SDT seirbhísí gnó trasteorann ' .

- Leasú 81

Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis go dtugann an Comhlacht comhairle don Choimisiún agus go gcomhoibríonn sé go dlúth leis an nGrúpa um Beartas Radaispeictrim (Radio Spectrum Policy Group – 'RSPG' amach anseo) maidir le ceisteanna speictrim a thagann faoina dhualgas. Ní féidir leis an gCoimisiún glacadh leis, áfach, go dtugann an Comhlacht comhairle don RSPG agus don CR, toisc nach cuí comhairle a thabhairt do ghrúpa comhairleach agus do choiste. Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis go scriostar na tagairtí do staidéir agus athbhreithnithe agus glacadh leis go gcuirtear isteach 'nuair is iomchuí... lena mbaineann', ar an mbonn tuisceana go mbeidh ról laghdaithe ag an gcomhlacht nua maidir le ceisteanna speictrim.

Airteagal 10, mír 1:

'Arna iarraidh sin di, tabharfaidh CRET an Comhlacht comhairle don Choimisiún, agus comhoibreoidh sé go dlúth don leis an nGrúpa um Beartas Radaispeictrim (dá ngairtear 'RSPG' amach anseo) nó don Choiste um Raidispeictream (dá ngairtear "CR" amach anseo), nuair is iomchuí, maidir le ceisteanna faoi raon feidhme a fheidhmeanna, ceisteanna a bhfuil tionchar acu ar úsáid radaimhinicíochtaí do chumarsáid leictreonach sa Chomhphobal, nó a ndéanann úsáid radaimhinicíochtaí difear dóibh . Comhoibreoidh sé go dlúth leis an RSPG agus leis an gCR mar is iomchuí. '

- Leasú 83

Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis go gcuidíonn an Comhlacht leis na tuarascálacha arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún ach ní ghlacann sé leis an tagairt don RSPG agus don CR toisc nach gcuireann an RSPG agus an CR tuarascálacha i dtoll a chéile. Ní féidir glacadh leis an tagairt do 'aon chomhlacht ábhartha eile' toisc go bhfuil sé róghinearálta.

Airteagal 10, mír 4

'Cuideoidh CRET an Comhlacht le tuarascálacha arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún, an RSPG, an CR nó ag aon fhoras ábhartha eile , nuair is iomchuí, ar fhorbairtí minicíochtaí ionchasacha in earnáil na cumarsáide leictreonaí agus ar beartais trína ndéanfaidh sé na riachtanais agus na dúshláin acmhainneacha a shainaithint.

- Leasú 88

Is féidir leis an gCoimisiún glacadh le hathdhréachtú na chéad choda den chéad abairt ach níl an tagairt don Chomhlacht a bheith ag tabhairt comhairle do ghrúpa comhairleach (RSPG) agus do choiste (CR) cuí. Measann an Coimisiún gur gá fós a shoiléiriú cén ról a bheadh ag an gComhlacht maidir leis an nós imeachta roghnúcháin coiteann do chearta úsáide speictrim/uimhreacha.

Airteagal 13, fomhír 1:

'Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar CRET ar an gComhlacht tuairim a eisiúint don Choimisiún, don RSPG nó don CR maidir le tarraingt siar ceart úsáide arna n-eisiúint faoin nós imeachta coiteann dá bhforáiltear in Airteagal 6b de Threoir 2002/20/CE (Treoir an Údaraithe)".

- Leasú 99

Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis go scriostar an tagairt do bhainistiú an chláir speictrim ar an mbonn tuisceana go mbeidh ról laghdaithe ag an gcomhlacht nua maidir le ceisteanna speictrim. Ní féidir leis an gCoimisiún, áfach, glacadh leis go scriostar an tagairt do bhainistiú bunachair fánaíochta. Is cuid den chreat rialúcháin é an Rialachán Fánaíochta agus tá sé d'aidhm ag an gComhlacht cuidiú leis an gCoimisiún agus na hÚNRanna an creat sin a chur chun feidhme. Tá sé thar a bheith oiriúnach go ndéanfadh an Comhlacht an cúram seo a chomhlíonadh. Dá scriosfaí an tagairt seo bhainfí den Choimisiún, de na hÚNRanna agus de thomhaltóirí uirlis ar féidir úsáid a bhaint as go héasca chun cabhrú le cur chun feidhme an chreata rialúcháin a ghabhann le fánaíocht.

Airteagal 20:

'Bainistiú an chlár faisnéise speictrim agus an an bhunachair sonraí d'fhánaíocht teileafón soghluaiste

Beidh an Comhlacht freagrach as bunachar sonraí a bhainistiú agus a fhoilsiú maidir le praghsáil guthsheirbhísí agus seirbhísí sonraí do chustaiméirí teileafón soghluaiste agus fánaíocht á ndéanamh acu sa Chomhphobal, lena n-áirítear, i gcás inar iomchuí, na costais shonracha a bhaineann le glaonna fánaíochta a dhéantar agus a fhaightear sna réigiúin is forimeallaí den Chomhphobal. Déanfaidh sé monatóireacht ar fhorbairtí i bpraghsanna den sórt sin agus foilseoidh sé tuarascáil bhliantúil.'

- Leasú 102

Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis go gcuirtear isteach an chéad fhrása sa chéad abairt agus go gcuirtear isteach an abairt dheireanach. Ní féidir leis an gCoimisiún glacadh leis go n-aistrítear an frása 'i gcomhar le foilsiú na tuarascála bliantúla' agus measann sé gur chóir é a choinneáil mar atá sa bhuntogra.

Airteagal 21, mír 3:

' Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar CRET an gComhlacht , i gcomhar le foilsiú na tuarascála bliantúla , tuairim a thabhairt maidir leis na bearta a d'fhéadfaí a ghlacadh chun na fadhbanna a sainaithníodh agus na saincheisteanna dá dtagraítear i mír 1 á measúnú, a shárú, i gcomhar le foilsiú na tuarascála bliantúla . Cuirfear an tuairim seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.'

- Leasú 107

Cé gur féidir leis an gCoimisiún glacadh leis go scriostar (d), (e) agus (f), ní féidir leis glacadh leis go scriostar an tagairt don Bhord Riaracháin. Ardaíonn an cur chuige a bhí ag an bParlaimint go dtí seo roinnt ceisteanna dlíthiúla, institúideacha agus buiséadacha. Is gá tuilleadh machnaimh a dhéanamh maidir leis an struchtúr baileach atá beartaithe ag an bParlaimint, go háirithe chun inniúlacht an Chomhphobail agus ról an Choimisiúin a chosaint, ag áirithiú san am chéanna go bhfuil na hÚNRanna neamhspleách.

Airteagal 24:

'Comhlachtaí CRET an Chomhlachta

Beidh i mBERT sa Chomhlacht :

(a) Bord Riaracháin Rialtóirí

(b) Bord Rialtóirí

(c) Stiurthóir Bainistíochta .

- Leasú 108

Ní féidir leis an gCoimisiún glacadh leis go scriostar an tagairt don Bhord Riaracháin, rud a áirithíonn 'cur chuige an Chomhphobail'. Is gá struchtúr baileach an Chomhlachta a shocrú ar mhaithe le hinniúlacht an Chomhphobail agus ról an Choimisiúin a chosaint, ag áirithiú san am chéanna go bhfuil na hÚNRanna neamhspleách.

Airteagal 25, mír 1

' Dhá chomhalta dhéag a bheidh sa Bhord Riaracháin Rialtóirí . Ceapfaidh an Coimisiún seisear agus ceapfaidh an Chomhairle seisear as measc as comhalta amháin thar ceann gach Ballstáit a bheidh ina na g Ceann nó ina na n-ionadaithe ard-leibhéil ainmnithe de na hÚNRanna neamhspleácha atá freagrach as cur i bhfeidhm laethúil an chreata rialúcháin sa sna Bhallstát sin Ballstáit. Ainmneoidh na hÚdaráis Náisiúnta Rialála comhalta malartach amháin in aghaidh an Bhallstáit. Freastalóidh an Coimisiún mar bhreathnadóir le comhaontú roimh ré ón mBord Rialtóirí.

Leasú 109, 110, 111, 116, 118, 119, 122, 123 agus 124

Ni féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an struchtúr atá beartaithe ag an bParlaimint agus go háirithe le scriosadh na tagartha don Bhord Riaracháin i leasú 109, 110, 111, 116, 118, 119, 122, 123 and 124, ná glacadh leis go gcuirtear an Bord Rialtóirí ina áit. Ba chóir na tagairtí don Bhord Rialtóirí i leasú 109, 110, 111, 116, 118, 119, 122, 123 and 124 a athrú go tagairtí don Bhord Riaracháin.

- Leasú 114

Ní féidir leis an gCoimisiún glacadh leis go scriostar an tagairt don Bhord Riaracháin. Is iomchuí, áfach, ról an Bhoird Rialtóirí i gceapadh an Stiurthóra Bainistíochta a threisiú.

Airteagal 26, mír 1

' Tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Rialtóirí agus deis a thabhairt dó liosta na n-iarrthóirí dá dtagraítear in Airteagal 29(2) a dheimhniú nó gan a dheimhniú agus an t-iarrthóir is fearr leo a chur in iúl, ceapfaidh an Bord Riaracháin Rialtóirí an Stiurthóir Bainistíochta i gcomhréir leis an bhforáil sin [Airteagal 26(13b)]. Déanfaidh an Bord Rialtóirí gach cinneadh maidir le feidhmiú feidhmeanna CRET mar atá siad liostáilte in Airteagal 3. '

Leasú 121

Ós rud é go dtugann an Coimisiún faoi deara go n-aontaíonn an Chomhairle agus an Pharlaimint an Ghníomhaireacht Eorpach um Shlándáil Gréasáin agus Faisnéise (ENISA) a choinneáil scartha ón gcomhlacht nua seo, glactar leis go scriostar an tagairt don Phríomh-Oifigeach Slándála Gréasáin agus go gcuirtear tagairt don Stiurthóir Bainistíochta ina hionad. Ní féidir leis an gCoimisiún glacadh leis, áfach, go scriostar an tagairt don Bhord Riaracháin, rud a áirithíonn cur chuige an Chomhphobail.

Airteagal 26, mír 8:

'Beidh údarás araíonachta ag an mBord Riaracháin Rialtóirí ar an Stiúrthóir Bainistíochta .'

- Leasuithe 129 agus 130

Ní féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an struchtúr atá beartaithe ag an bParlaimint. Caithfear an Bord Riaracháin a choimeád chun leas an Chomhphobail a chosaint. Dá bharr sin ní féidir glacadh le leasú 129 agus 130 agus caithfear Airteagal 27 agus 28, ina ndéantar tagairt don Bhord Rialtóirí, a chur ar ais.

- Leasú 131

Molann an Coimisiún roinnt athdhréachtaithe a dhéanamh d'fhonn smaoineamh an Stiurthóra 'Bainistíochta', nach nglacann le haon treoracha ó aon Bhallstát ná ó aon leas poiblí ná príobháideach, a choinneáil sa téacs.

Airteagal 29, mír 1:

'Is faoi bhainistiú a Stiúrthóra Bainistíochta a bheidh CRET an Comhlacht , agus beidh sé freagrach don Bhord Rialtóirí agus gníomhóidh sé faoi threoracha threoir an Bhoird Rialtóirí i bhfeidhmiú a chuid feidhmeanna nó a cuid feidhmeanna. Ní iarrfaidh an Stiúrthóir Bainistíochta ná ní ghlacfaidh sé ach oiread le haon treorú ó aon rialtas ná ó aon chomhlacht.'

- Leasú 132

Is iomchuí tagairt a dhéanamh don mheicníocht leasaithe lena bhfuil deis ag an mBord Rialtóirí liosta na n-iarrthóirí do phost an Stiurthóra Bainistíochta a dheimhniú agus an t-iarrthóir is fearr leo a chur in iúl.

Airteagal 29, mír 2

' Tar éis dul i gcomhairle leis an mBord Rialtóirí de bhun Airteagal 26(1) , ceapfaidh an Bord Riaracháin Rialtóirí an Stiúrthóir Bainistíochta , bunaithe ar fhiúntas agus na , scileanna agus an taithí atá ábhartha do ghréasáin agus do sheirbhísí cumarsáide leictreonaí , ó liosta ar a bhfuil beirt iarrathóirí ar a laghad arna moladh ag an gCoimisiún . Sula gceapfar é, féadfar go dtabharfar cuireadh don iarrthóir oiriúnacht arna roghnú ag an mBord Riaracháin Rialtóirí a bheith faoi réir tuairim neamhcheangailteach Phairlaimint na hEorpa agus an Choimisiúin. Chuige sin, tabharfar cuireadh don iarrthóir ráiteas a dhéanamh os comhair choiste fhreagrach inniúil Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna arna gcur ag comhaltaí an choiste a fhreagairt.'

- Leasú 159

Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an simpliú arna bheartú ag Parlaimint na hEorpa ach is gá an tagairt don Bhord Riaracháin a chur ar ais. Is gá tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar cén struchtúr go beacht atá beartaithe ag an bParlaimint, go háirithe chun inniúlacht an Chomhphobail agus ról an Choimisiúin a chosaint, ag áirithiú san am chéanna go bhfuil na hÚNRanna neamhspleách.

Airteagal 44:

'Déanfaidh baill foirne CRET an Chomhlachta , comhaltaí an Bhoird Riaracháin, comhaltaí an Bhoird Rialtóirí agus Stiurthóir Bainistíochta CRET dearbhú gealltanas bliantúil chomh maith le dearbhú leasanna ina luafar aon leasanna díreacha nó indíreacha, a d'fhéadfaí a mheas a bheith dochrach dá neamhspleáchas. Is i scríbhinn a dhéanfar dearbhuithe den saghas sin. '

- Leasú 160

Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an simpliú arna bheartú ag Parlaimint na hEorpa ach is gá an tagairt don Bhord Riaracháin a chur ar ais. Is gá tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar cén struchtúr go beacht atá beartaithe ag an bParlaimint, go háirithe chun inniúlacht an Chomhphobail agus ról an Choimisiúin a chosaint, ag áirithiú san am chéanna go bhfuil na hÚNRanna neamhspleách.

Airteagal 45, mír 2

'Áiritheoidh CRET an Comhlacht go ndéanfar faisnéis oibiachtúil iontaofa ar féidir teacht uirthi go héasca a thabhairt don phobal agus d'aon pháirtithe leasmhara, go háirithe maidir le torthaí a chuid oibre, nuair is iomchuí. Thairis sin, fógróidh sé dearbhuithe leasanna arna ndéanamh ag comhaltaí an Bhoird Riaracháin, comhaltaí an Bhoird Rialtóirí agus an Stiurthóir Bainistíochta.'

- Leasú 161

Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an simpliú arna bheartú ag Parlaimint na hEorpa ach is gá an tagairt don Bhord Riaracháin a chur ar ais. Is gá tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar cén struchtúr go beacht atá beartaithe ag an bParlaimint, go háirithe chun inniúlacht an Chomhphobail agus ról an Choimisiúin a chosaint, ag áirithiú san am chéanna go bhfuil na hÚNRanna neamhspleách.

Airteagal 46, mír 2

' Tá Beidh comhaltaí Bhord Riaracháin CRET an Chomhlachta, an Bord Rialtóirí, an Stiurthóir Bainistíochta , saineolaithe seachtracha agus baill foirne CRET an Chomhlachta faoi réir na gceanglas rúndachta de bhun Airteagal 287 den Chonradh, go fiú nuair a bheidh deireadh lena gcuid cúraimí.'

- Leasú 168

Caithfidh an tAirteagal gach foinse ioncaim a shonrú agus dá réir sin ní féidir leis an gCoimisiún glacadh leis na focail 'go háirithe'. Is féidir leis an gCoimisiún glacadh le pointí (a) agus (b). Is féidir glacadh le ranníocaíocht airgeadais ó na húdaráis náisiúnta rialála ar choinníoll go bhfuil a leithéid de ranníocaíochtaí deonach, mar a mhol an Coimisiún i dtús báire. Dá ndéanfaí na ranníocaíochtaí seo éigeantach, bheadh sé deacair ar roinnt ÚNRanna rannchuidiú le maoiniú an Chomhlachta toisc go bhfuil a n-acmhainní airgeadais gann. Ar an gcuma chéanna, is féidir leis an gCoimisiún glacadh le pointe (d) a dhéanann soiléir cé chomh fada is a thógfadh sé modh maoinithe náisiúnta éigeantaigh a chur chun feidhme. Measann an Coimisiún go bhfuil pointe (c) inghlactha cé go mbeadh sé dodhéanta cuóta chomh docht a chur i bhfeidhm go fíor óir nach foláir go mbeadh an Comhlacht in ann baill foirne a chur ar fáil de réir a riachtanas.

Airteagal 36, mír 1

'1. Is éard a bheidh go háirithe in ioncaim agus acmhainní CRET an Chomhlachta :

(a) fóirdheontas ón gComhphobal, atá iontráilte faoi na ceannteidil is iomchuí de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (Cuid an Choimisiúin), mar a chinnfidh an t-údarás buiséid agus i gcomhréir le pointe 47 den Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le smacht buiséadach agus bainistíocht fhónta airgeadais ;

(b) aon ranníocaíocht airgeadais dheonach ó údaráis náisiúnta rialála na mBallstát ó gach ÚNR. Déanfaidh gach Ballstát a chinntiú go bhfuil na hacmhainní airgeadais leordhóthanacha is gá chun páirt a ghlacadh in obair CRET ag ÚNR ;

2. (c) Is saineolaithe náisiúnta ar iasacht (SNI) ó na húdaráis náisiúnta a bheidh i suas le leath de na baill foirne gairmiúla.

(d) comhaontóidh an Bord Rialtóirí, sé mhí ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, leibhéal na ranníocaíochta airgeadais a bheidh le híoc ag gach Ballstát faoi phointe (b);

(c) déanfar oiriúnacht an struchtúir buiséadaigh agus comhlíonadh na mBallstát a athbhreithniú faoi 1 Eanáir 2014.'

4.3. Leasuithe nár ghlac an Comisiún leo

Ní féidir leis an gCoimisiún glacadh le leasú 4, 5, 7, 13, 16, 18, 19, 24, 37, 38, 39, 40, 41, 45, 46, 51, 52, 55, 56, 58, 64, 67, 71, 72, 74, 75, 76, 80, 82, 84, 86, 90, 93, 95, 96, 112, 113, 126, 127, 128, 134, 135, 137, 138, 139, 142, 148, 150, 151, 154, 155, 157, 158, 162, 164, 165, 167.

5. TOGRA LEASAITHE

Ag féachaint d'Airteagal 250(2) de Chonradh CE, déanann an Coimisiún a thogra a leasú mar atá leagtha amach thuas.

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH LEASAITHE

1. AINM AN TOGRA:

TOGRA LEASAITHE LE hAGHAIDH RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE LENA mBUNAÍTEAR AN tÚDARÁS EORPACH UM MARGADH NA CUMARSÁIDE LEICTREONAÍ

2. CREAT ABM/ABB (BAINISTIÚ/BUNÚ AN BHUISÉID DE RÉIR GNÍOMHAÍOCHTAÍ)

Réimse beartais: An tsochaí faisnéise

Gníomhaíocht: Beartas Cumarsáide Leictreonaí

3. NA LÍNTE BUISÉID

3.1. Na línte buiséid (línte oibríochtúla agus línte a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (na seanlínte B..A) agus a gceannteidil san áireamh:

Molfar línte buiséid nua do Theidil 1 agus 2 agus do Theideal 3:

09.02.04.01 Comhlacht Rialtóirí na hEorpa do Theileachumarsáid – Fóirdheontas faoi Theidil 1 agus 2

09.02.04.02 Comhlacht Rialtóirí na hEorpa do Theileachumarsáid – Fóirdheontas faoi Theideal 3

3.2. Fad thréimhse an ghnímh agus na hiarmharta airgeadais:

2010 – 2015

Caithfidh an t-údarás buiséadach cinneadh a dhéanamh maidir le haon leithreasaí nua tar éis 2013 i gcomhthéacs na peirspictíochta airgeadais nua.

3.3. Tréithe buiséadacha:

Líne Buiséid | Saghas caiteachais | Nua | Ranníocaíocht CSTE | Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí | Ceannteideal sa PheirspictíochtAirgeadais |

09.02.04.01 | Neamhéig-eantach | LD | TÁ | TÁ | NÍL | Uimh. 1a |

09.02.04.02 | Neamhéig-eantach | LD | TÁ | TÁ | NÍL | Uimh. 1a |

4. ACHOIMRE AR NA h ACMHAINNÍ

4.1. Acmhainní Airgeadais

4.1.1. Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ)

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Saghas caiteachais | Uimh. coda | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | Iomlán |

09.02.04.02 Comhlacht Rialtóirí na hEorpa do Theileachumarsáid – Fóirdheontas faoi Theideal 3 |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) | 8.1. | A | 0,900 | 1,410 | 1,440 | 1,460 | 5,210 |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) | B | 0,900 | 1,410 | 1,440 | 1,460 | 5,210 |

09.02.04.01 Comhlacht Rialtóirí na hEorpa do Theileachumarsáid – Fóirdheontas faoi Theidil 1 agus 2 |

Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (LN) | 8.2.4. | D | 1,786 | 2,810 | 2,810 | 2,810 | 10,216 |

Costais riaracháin, amach ó acmhainní daonna agus costais ghaolmhara | 8.2.5. | E | 0,784 | 1,220 | 1,220 | 1,220 | 4,444 |

Iomlán | 2,570 | 4,030 | 4,030 | 4,030 | 14,660 |

Costas táscach airgeadais iomlán na hidirghabhála |

LO IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | a+d+e | 3,470 | 5,440 | 5,470 | 5,490 | 19,870 |

LÍ IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | b+d+e | 3,470 | 5,440 | 5,470 | 5,490 | 19,870 |

4.1.2. Comhoiriúnacht leis an gClárú Airgeadais

⎭ Tá an togra comhoiriúnach leis an gclárú airgeadais atá ann cheana.

♦ Beidh athchlárú an teidil ábhartha ag gabháil leis an togra seo sa pheirspictíocht airgeadais.

♦ Féadfaidh an togra a cheangal go mbeidh gá forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh[1] a chur i bhfeidhm (i.e. ionstraim sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais).

4.1.3. Iarmhairt Airgeadais ar Ioncam

♦ Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam

⎭ Tá iarmhairt airgeadais ag an togra. Seo a leanas meastachán coimeádach ar na ranníocaíochtaí saorálacha ó na Ballstáit a bheidh le déanamh i gcomhréir leis an mbunús dlí:

EUR milliún (go dtí an 1ú deachúil)

Roimh ghníomh 2009 | Staid tar éis an ghnímh |

Líne Buiséid | Ioncam | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 |

a) Ioncam mar ghlanfhigiúr | 0 | 0,2 | 0,4 | 0,5 | 0,5 |

b) Athrú san ioncam | athrú | 0,2 | 0,2 | 0,1 | 0 |

4.2. Acmhainní daonna FTE (lena n-áirítear oifigigh, foireann shealadach agus sheachtrach) – féach ar na sonraí faoi phointe 8.2.1.

Riachtanais Bhliantúla | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 |

Líon iomlán na n-acmhainní daonna | 18 | 28 | 28 | 28 |

5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ

5.1. An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Laistigh de raon feidhme na Treorach Réime agus na dTreoracha Sonracha cuideoidh an Comhlacht le feidhmiú níos fearr an mhargaidh inmheánaigh i dtaca le gréasáin agus seirbhísí na cumarsáide leictreonaí, lena n-áirítear, go háirithe, forbairt na cumarsáide leictreonaí trasChomhphobail. Feidhmeoidh an Comhlacht mar lárionad saineolais do ghréasáin agus seirbhísí na cumarsáide leictreonaí ag leibhéal an AE agus bainfidh siad úsáid as taithí na n-údarás náisiúnta rialála.

5.2. An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí airgeadais eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Ach an creat rialúcháin a chur i bhfeidhm go seasta i dtaca le cumarsáid leictreonach, neartófar an iomaíocht agus cuirfear le hiomaíochas.

Is féidir go gcuirfear bac ar fhorbairt na seirbhísí trasteorann mar gheall ar an ngá coinníollacha éagsúla náisiúnta a chomhlíonadh. Cuideoidh saineolas comhlacht Chomhphobail leis an mbac seo a shárú agus maolóidh sé ualach riaracháin na ngnóthas chomh maith.

5.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí bainteacha an togra i gcomhthéacs an chreata le haghaidh bhainistiú na ngníomhaíochtaí (ABM)

I gcás na ngníomhaíochtaí a bhaineann le margaí náisiúnta agus trasnáisiúnta a shainiú agus a anailísiú, is táscaire iomchuí líon na dtuairimí ábhartha arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin.

I gcás gníomhaíochtaí eile an Chomhlachta (comhairle maidir le haighnis trasteorann, faisnéis a mhalartú, a scaipeadh agus a bhailiú, comhairle maidir le ceisteanna rialála, an bunachar sonraí d'fhánaíocht teileafón soghluaiste a bhainistiú), beidh éifeachtúlacht na mbeart le feiceáil go díreach trí úsáid agus feidhmiú na seirbhísí seo.

5.4. Modhanna don Chur i gCrích (táscach)

⎭ Bainistiú láraithe

♦ ag an gCoimisiún go díreach

♦ go hindíreach trína tharmligean chuig:

♦ Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

⎭ comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais

♦ comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

♦ Bainistiú comhpháirteach nó díláraithe

♦ leis na Ballstáit

♦ le Tríú tíortha

♦ Comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta (sonraigh le do thoil)

6. MONATÓIREACHT AGUS MEASTÓIREACHT

6.1. Córas Monatóireachta

Gach bliain, déanfar monatóireacht ar obair an Chomhlachta agus measúnófar í i dtuarascáil ghinearálta bhliantúil an Chomhlachta (don bhliain roimhe sin) agus sa chlár oibre (don bhliain ina dhiaidh sin). Glacann Bord Riaracháin an Chomhlachta an dá dhoiciméad seo. Chuirfí an clár oibre ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus an gCoimisiún agus chuirfí an tuarascáil bhliantúil chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, an gCoimisiún, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Cúirt na n-Iniúchóirí.

6.2. Meastóireacht

6.2.1. Meastóireacht ex-ante

Folaíonn measúnú iarmharta an Choimisiúin a ghabhann leis an togra seo an mheastóireacht ex-ante i dtaca leis na riachtanais/fadhbanna, na cuspóirí, na roghanna beartais (lena n-áirítear na rioscaí a bhaineann leo) agus na hiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta agus na socruithe monatóireachta a bhaineann leis an gComhlacht . Thairis sin, soláthraíonn Iarscríbhinn III den mheasúnú iarmharta anailís costais is sochair don Chomhlacht [2].

Léiríonn anailís chostais is sochair gur féidir a mheas, i gcás coimeádach, go bhféadfadh an Comhlacht sochair eacnamaíoch iomlán a sholáthar, sna réimsí polasaí a mbeadh sé gníomhach iontu, a bheadh timpeall a dheich oiread go dtí a thríocha oiread ní ba mhó ná a chostais bhuiséadach (i.e. sochair d'ord méadaíochta de thimpeall EUR 250 - 800 milliún.) D'fhéadfadh na sochair sin a bheith suas go dtí idir €550 agus €1400 milliún dá mbainfí amach na cásanna is dearfaí i leith fhás na margaí uile-Eorpacha.

Foinse mhór amháin na sochar sin is ea an laghdú ar riosca rialála a bhainfí amach trí rannchuidiú an Chomhlachta . Fiú amháin mar gheall ar laghdú beag (timpeall 10%) ar an riosca rialála ar fud na hEorpa, cruthófar costas níos ísle caipitil don dtionscal. Thairis sin, más féidir cur i gníomh mórthionscnamh den chineál seo a chur ar aghaidh aon bhliain amháin fiú, d'fhéadfadh sochair eacnamaíocha i réime na gcéadta milliún euro a bheith i gceist.

Tá gnéithe eile cáilíochtúla ann lena dtacaítear le bunú an Chomhlachta nach féidir a mheas ina n-iomláine ná nach féidir luach airgid a chur orthu trí anailís costais is sochair. San fhadtéarma, is dócha gurb é an buntáiste eacnamaíoch is mó a bhainfidh leis an gComhlacht ná iomaíocht idir ardáin nua teicneolaíochta éagsúla a chumasú.

D'fhéadfadh an Comhlacht rannchuidiú na rioscaí rialála a bhaineann le tionscnaimh taighde agus forbairt a laghdú freisin, rud a mhéadódh, is dócha, an claonadh atá ann infheistiú i dtaighde agus forbairt agus ar an dóigh sin cuidiú leis an bhearna idir an fíor-leibhéal infheistíochta agus an leibhéal infheistíochta inmhianaithe a líonadh, i mbealach atá margadh-éifeachteach.

Ní féidir an chuid is mó de na buntáistí thuasluaite a fháil tríd an gcomhordú reatha – ná trí chomhordú neartaithe go fiú – atá ann idir na Ballstáit (rinneadh anailís air sin mar rogha mhalartach sa mheasúnú iarmharta) bunaithe ar struchtúr scaoilte chomhordú Ghrúpa Rialtóirí na hEorpa (ERG). Maidir leis an gcóras athbhreithnithe piaraí gan cumhacht croise a chleachtann an ERG, ní féidir cuimhneamh air mar mheicníocht chomh inchreidte céanna chun an riosca earráide rialála a laghdú ar fud na hEorpa ná chun an neamhchinnteacht margaidh a mheastar a bheith ann i dtaca le tosca discréide rialála a laghdú.

Mar sin, fiú sna cásanna coimeádacha i dtaca leis na buntáistí agus na costais ghaolmhara a d'fhéadfadh a bheith ann, tá bunú an Chomhlachta costéifeachtúil agus is féidir é a chosaint go huile agus go hiomlán ó thaobh bhuiséad an AE.

6.2.2. Téarmaí agus minicíocht meastóireachta sa todhchaí

I gcomhréir leis an Rialachán lenar bunaíodh é, beidh ar an gComhlacht tuarascáil ghinearálta a chur i dtoll a chéile gach bliain maidir lena ghníomhaíochtaí le linn na bliana roimhe sin agus cuirfear ar aghaidh í chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, an gCoimisiún, chuig an gCoiste Eacnamaíoch augs Sóisialta agus chuig Cúirt na n-Iniúchóirí. Sa tuarascáil seo luafar na gníomhaíochtaí sonracha uile arna ndéanamh ag an gComhlacht agus soláthrófar tásca chun na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi athbhreithniú beartaithe an Rialacháin a mheas.

Ní mór meastóireacht sheachtrach neamhspleách ar chur chun feidhme an Rialacháin bheartaithe a dhéanamh laistigh de chúig bliana ó thús éifeachtúil oibríochtaí an Chomhlachta . Tar éis na meastóireachta tosaigh seo ar chéim an tionscnaimh, déanfar gníomhaíochtaí an Chomhlachta a mheas gach cúig bliana ar a laghad.

7. BEARTA FRITH-CHALAOISE

Chun cur i gcoinne calaoise, éillithe agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, beidh feidhm gan srian ag forálacha Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 maidir leis an gComhlacht , agus aontóidh sé don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF). Eiseoidh sé gan mhoill na forálacha iomchuí dá fhoireann.

8. SONRAÍ NA n ACMHAINNÍ

Meastar go bhféadfaidh fás a bheith faoin gComhlacht go dtí go mbeidh foireann 28 FTE aige tráth a bheidh sé faoi lán seoil. EUR 3.5 milliún a bheidh sa bhuiséad bliantúil sa chéad bhliain, meastar, agus EUR 5.5 milliún a bheidh ann tar éis na dara bliana.

8.1. Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadais

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

09.02.04.02 Comhlacht Rialtóirí na hEorpa do Theileachumarsáid – Fóirdheontas faoi Theideal 3 | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 | IOMLÁN |

CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL: An margadh inmheánach a neartú |

Rialáil eacnamaíoch, anailís margaidh, comhar, dea-chleachtais agus saineolas teicniúil | 0,900 | 1,410 | 1,440 | 1,460 | 5,210 |

COSTAS IOMLÁN | 0,900 | 1,410 | 1,440 | 1,460 | 5,210 |

Folófar an caiteachas oibríochtúil trí fhóirdheontas Comhphobail arna íoc le buiséad an Chomhlachta .

8.2. Caiteachas Riaracháin an Chomlachta

Folófar an caiteachas riaracháin trí bhuiséad an Chomhlachta , buiséad a mhaoineofar trí fhóirdheontas Comhphobail arna íoc le buiséad an Chomhlachta (Líne Buiséid 09.02.04.01 Comhlacht Rialtóirí na hEorpa do Theileachumarsáid – Fóirdheontas faoi Theidil 1 agus 2).

8.2.1. Líon agus saghas acmhainní daonna

Sa tábla thíos léirítear an fhoireann arna leithdháileadh ar an gComhlacht .

Cineálacha post | Na baill foirne a mbeidh sé de chúram orthu an ghníomhaíocht a bhainistiú ag baint úsáide as acmhainní atá ann cheana agus/nó acmhainní breise (an líon post/FTE) |

2010 | 2011 | 2012 | 2013 |

Gníomhairí sealadacha | AD | 7 | 11 | 11 | 11 |

AST | 3 | 5 | 5 | 5 |

Foireann sheachtrach | CA | 2 | 2 | 2 | 2 |

END | 6 | 10 | 10 | 10 |

IOMLÁN | 18 | 28 | 28 | 28 |

8.2.2. Cur síos ar na cúraimí a thagann as an ngníomh

Sa tábla thíos léirítear an leithdháileadh foirne ar chúraimí an Chomhlachta nuair a bheidh sé ag feidhmiú go hiomlán. Maidir leis na figiúirí a thugtar do SNI agus gníomhairí ar conradh (CA), ba chóir nach líonfar na poist comhréire ach amháin nuair is gá de bharr fhorbairt ualach oibre an Chomhlachta . Dá líonfaí gach post SNI, bheadh ar a mhéid 20 post choibhéiseach lánaimseartha (FTE) ar leibhéal AD (móide an Stiúrthóir) agus ba chóir SNI ó na hÚNR a bheith i suas le leath dóibh siúd.

AD | AST | END | Conarthach | Iomlán |

Stiúrthóir | 1 | 1 | 1 | - | 3 |

Oibríochtaí: Rialáil eacnamaíoch, anailís margaidh, comhar, dea-chleachtais agus saineolas teicniúil | 9 | 3 | 9 | 2 | 23 |

Riarachán agus tacaíocht | 1 | 1 | - | - | 2 |

Iomlán | 11 | 5 | 10 | 2 | 28 |

8.2.3. Foinsí na n-acmhainní daonna (reachtúla)

Ní bheidh iarmhairt ag bunú an Chomhlachta ar mhéid na bpost (foireann reachtúil) sa Choimisiún (féach freisin Alt 8.3 thíos).

♦ Poist leithdháilte roimh ré laistigh de chleachtadh APS/PDB do bhliain n

♦ Poist a iarrfar sna nósanna imeachta APS/PDB.

♦ Poist a athimscarfar ag baint úsáide as na hacmhainní atá ann cheana laistigh den tseirbhís bainistíochta (athimscaradh inmheánach)

♦ Poist is gá do bhliain n cé nach raibh siad á dtuar i gcleachtadh APS/PDB na bliana a bhí i gceist

8.2.4. Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Cineál acmhainní daonna | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 |

Gníomhairí sealadacha | 1,220 | 1,952 | 1,952 | 1,952 |

Foireann Sheachtrach (SNI, foireann chonarthach, etc.) | 0,566 | 0,858 | 0,858 | 0,858 |

Costas iomlán na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara | 1,786 | 2,810 | 2,810 | 2,810 |

EUR 122,000 an meánchostas bliantúil measta i gcás na foirne sealadaí, EUR 73,000 i gcás na SNI agus EUR 64,000 i gcás fostaithe eile.

8.2.5. Caiteachas eile riaracháin

Sa tábla thíos léirítear miondealú ar an gcaiteachas riaracháin, caiteachas a fholófar trí fhóirdheontas Comhphobail arna íocadh le buiséad an Chomhlachta (Líne Buiséid 9.02.04.01 Comhlacht Rialtóirí na hEorpa do Theileachumarsáid – Fóirdheontas faoi Theidil 1 agus 2).

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil).

2010 | 2011 | 2012 | 2013 | IOMLÁN |

Bonneagar (foirgnimh agus costais ghaolmhara), trealamh, tomhaltáin, cumarsáid, TF, etc. | 0,290 | 0,450 | 0,450 | 0,450 | 1,640 |

Misin agus cruinnithe | 0,214 | 0,336 | 0,336 | 0,336 | 1,222 |

Costais riaracháin (aistriúchán, staidéir, comhairliúchán, etc.) | 0,280 | 0,434 | 0,434 | 0,434 | 1,582 |

Caiteachas bainistíochta iomlán eile | 0,784 | 1,220 | 1,220 | 1,220 | 4,444 |

8.3. Caiteachas Riaracháin an Choimisiúin

I gcás chúraimí eile an Choimisiúin a bhaineann le monatóireacht agus bainistíocht an Chomhlachta ní bheidh gá le poist sa bhreis ná le caiteachas thar na hacmhainní arna n-úsáid faoi láthair le haghaidh comhordaithe leis an ERG. Féadfaidh an DG atá freagrach acmhainní atá ann cheana a athdháileadh go sealadach más gá.

[1] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[2] SEC(2007) 1472.