52008PC0647

Togra leasaithe le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta a chur i bhfeidhm /* COIM/2008/0647 leagan deireanach - COD 2006/0006 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil14.10.2008

COIM(2008) 647 leagan deireanach

2006/0006 (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta a chur i bhfeidhm

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 250(2) de Chonradh CE)

2006/0006 (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta a chur i bhfeidhm

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

1. STAID NA NÓSANNA IMEACHTA

G hlac an Coimisiún togra – COIM(2006)16 - 2006/0006(COD) – an 31 Eanáir 2006 agus cuireadh ar aghaidh é chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 31 Eanáir 2006.

Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a thuairim maidir leis an togra ón gCoimisiún an 26 Deireadh Fómhair 2006.

Ghlac an Pharlaimint 162 leasú ar an gcéad léamh an 9 Iúil 2008.

2. CUSPÓIR AN TOGRA

Is é is aidhm don togra na nósanna imeachta um chur i bhfeidhm na rialacha atá leagtha amach i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a shainiú le haghaidh na páirtithe go léir lena mbaineann. Leis an togra cuirtear i gcrích an obair nuachóirithe a dhéanann an Rialachán agus féachann sé le nósanna imeachta reatha a fheabhsú trín iad a shimpliú agus trí na forálacha atá ann i go leor réimsí a shoiléiriú. Is é is aidhm don togra freisin múineadh a bhaint as comhar feabhsaithe idir na h-institiúidí dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (e.g. malartú leictreonach sonraí idir na Ballstáit).

3. CUSPÓIR AN TOGRA LEASAITHE

Déanann an togra leasaithe an buntogra a oiriúnú ó thaobh roinnt pointí de, i gcomhréir le moladh na Parlaiminte. Is féidir leis an gCoimisiún glacadh le formhór na leasuithe (159 as 162) toisc go luíonn siad le cuspóirí a thogra. Baineann na leasaithe seo le nósanna imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 a chur i bhfeidhm agus tríd is tríd tá sé d'aidhm acu a chinntiú go ndeonfar sochair slándála sóisialta go tapaigh agus go héifeachtach do shaoránaigh an AE (deireadh a chur le maorlathas). Ós rud é go bhfuil raon leathan cineálacha córas slándála sóisialta ar fud an Aontais, tá níos mó ná bealach amháin ann chun an cuspóir a bhaint amach agus a chur ar chumas an Choimisiúin an comh-reachtas a leanúint nuair a shainaithneoidh siad an nós imeachta is fearr a rachadh chun tairbhe na ngeallshealbhóírí go léir.

4. BARÚLACHA MAIDIR LEIS NA LEASUITHE A GHLAC PARLAIMINT NA HEORPA

4.1. Leasuithe lenar ghlac an Coimisiún

Is féidir leis an gCoimisiún glacadh le Leasuithe 1-14, 16-25, 27-54 agus 56-162.

Na leasuithe seo, is ionann roinnt mhaith iad agus na leasuithe a rinne an Chomhairle mar thoradh ar obair Ghrúpa Oibre na Comhairle ar Shlándáil Shóisialta agus na leasuithe, nó tá roinnt mhaith díobh cosúil leis leasuithe sin. Rinne an Coimisiún mionstaidéar ar na leasuithe seo le linn na caibidlíochta i nGrúpa Oibre na Comhairle agus is féidir leis glacadh leo.

Is leasuithe a bhaineann le ceisteanna teanga iad leasuithe eile nó is leasuithe iad lena mínítear an nós imeachta ar bhealach níos soiléire.

4.2. Leasuithe ar féidir leis an gCoimisiún glacadh leo go páirteach nó faoi réir a n-athdhréachtaithe

Leasú 15

Sa leasú seo léirítear tuairim an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí agus na leasuithe arna gcomhaontú ag an gComhairle. Díríonn sé ar mhalartú sonraí pearsanta idir riaracháin náisiúnta agus ar chosaint na sonraí sin chomh fada is a bhaineann siad le sochair slándála sóisialta. Tugann an leasú tagairt isteach i dTreoir 95/46/CE maidir le próiseáil sonraí pearsanta agus déanann sé difear dá bhfuil in Iarscríbhinn IV de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 (fomhír 4). D'fhéadfadh sé seo cur isteach ar inniúlacht agus eagraíocht inmheánach na mBallstát sa réimse seo, nithe a fholaítear cheana le Treoir 95/46/CE cheana. Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an gcuid eile den leasú (fomhíreanna 1-3).

4.3. Leasuithe nach féidir leis an gCoimisiún glacadh leo

Ní féidir leis an gCoimisiún glacadh le Leasú 26 ná 55.

Leasú 26

Is é is aidhm do Leasú 26 na forálacha maidir le h-aisíocaíocht sochar arna n-íoc ag na h-údaráis inniúla go sealadach in airgead tirim agus i gcomhchineál a shoiléiriú. Is cruinne foclaíocht nua na Comhairle sa chéad fhomhír d'Airteagal 6(4), a chaibidilíodh mar chuid den chur chuige ginearálta páirteach. Léiríonn sé an dul chun cinn atá déanta ag Meitheal Oibre na Comhairle um Shlándáil Shóisialta, go háirithe i gCaibidil III, Teideal IV (Forálacha Airgeadais).

Leasú 55

De réir Leasuithe 55, eiseofar teastas lena gcinnfear cad í an reachtaíocht a mbeidh infheidhme (e.g. i gcásanna postaithe) chuig an duine lena mbaineann agus léireoidh sé an pá a shonróidh an fostóir. Téann an leasú seo thar an eolas atá ag teastáil chun críocha slándála sóisialta i gcásanna postaithe (cinneadh maidir leis an reachtaíocht is infheidhme a chinneadh) agus thar chuspóirí an Rialacháin.

5. TOGRA LEASAITHE

Ag féachaint d'Airteagal 250(2) de Chonradh CE, déanann an Coimisiún a thogra a leasú mar atá leagtha amach thuas.