52008PC0450




GA

An Bhruiséil,

COIM(2008) 450/5

2008/0149 (COD)

.

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear saoráid chun freagairt thapa a thabhairt ar an ardú as cuimse ar phraghas an bhia i dtíortha i mbéal forbartha

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún)

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Réamhrá

Bhí tionchar diúltach ag an ardú ar phraghas an bhia in 2007 agus 2008 ar a lán tíortha i mbéal forbartha agus ar na pobail iontu. Tá na céadta milliún duine i bhfad níos boichte ná mar a bhí agus tá an dul chun cinn a rinneadh le deireanas chun Spriocanna Forbartha na Mílaoise (SFManna) a bhaint amach curtha i mbaol. Thairis sin, is é an toradh a bhí ar an ardú ar phraghas an bhia i roinnt tíortha círéibeacha, corraíl agus éagobhsaíocht, rud a chuireann an méid a gnóthaíodh le blianta trí infheistíocht i bpolaitíocht, i bhforbairt agus i síochánaíocht i mbaol.

D'fhéadfadh an t-ardú praghsanna caoi a sholáthar chun freagairt i ndáil le soláthar a spreagadh i measc feirmeoirí i dtíortha i mbéal forbartha. Cuidíonn na praghsanna níos airde, áfach, chun deiseanna nua ioncaim a chruthú ionas gur féidir pobail tuaithe a tharraingt as an mbochtaineacht agus d'fhéadfadh siad an méid a chuidíonn an talmhaíocht leis an bhfás eacnamaíoch a mhéadú trí dhreasachtaí a sholáthar i gcomhair infheistíochtaí agus i gcomhair feabhsuithe ar tháirgiúlacht.

Is mian leis an gCoimisiún Eorpach freagairt ghearrthéarmach, dá ngairfear "Saoráid", a thabhairt ar an ardú as cuimse a tháinig le deireanas ar phraghsanna bia ar fud an domhain trí chuid den chorrlach i gCeannteideal 2 den Chreat Airgeadais a úsáid thar ceann na dtíortha i mbéal forbartha is mó a ndeachaigh an ghéarchéim i bhfeidhm orthu. Thabharfadh an tsaoráid seo tacaíocht do thalmhaíocht i dtíortha i mbéal forbartha ar an gcéad dul síos, agus sa tslí sin chuideofaí leo a leibhéil táirgiúlachta a ardú. Cuideoidh sé leis na tíortha sin, freisin, an tionchar diúltach atá ag praghsanna arda bia ar na daoine is boichte a mhaolú. Sa tslí sin, cuideoidh sé leo chun fíorbhochtaineacht agus ocras a laghdú.

An fhreagairt polaitíochta

An 20 Bealtaine 2008 ghlac an Coimisiún Teachtaireacht dar teideal 'Aghaidh a thabhairt ar an dúshlán i ndáil le hardú phraghas an bhia – Treoracha le haghaidh ghníomh AE' [1]. Leagtar síos sa Teachtaireacht eilimintí a bhaineann le freagairt AE ar na dúshláin i ndáil le praghas an bhia, agus moltar gníomhartha a bheadh ar bhonn inmheánach san AE, agus gníomhartha a thabharfadh aghaidh ar éifeachtaí na géarchéime ar an leibhéal idirnáisiúnta.

An 22 Bealtaine ghlac Parlaimint na hEorpa rún [2] maidir le hardú phraghas an bhia san AE agus sna tíortha i mbéal forbartha, inar áitíodh ar an gComhairle comhsheasmhacht a áirithiú sna beartais náisiúnta agus sna beartais idirnáisiúnta uile a bhaineann le bia lena ndírítear ar chomhlíonadh an chirt atá ag gach pobal bia a bheith acu.

I gConclúidí na Comhairle um Ghnóthaí Ginearálta agus um Chaidreamh Seachtrach an 27 Bealtaine chuir Airí AE a n-imní in iúl, freisin, maidir leis an tionchar a bheadh ag praghsanna arda bia i dtíortha i mbéal forbartha agus thug siad tiomantas freagairt chomhchoiteann a thabhairt ar dhúshlán phraghas an bhia, trí aghaidh a thabhairt ar mheascán de shaincheisteanna gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha, agus tacaíocht a sholáthar faoi chuimsiú bheartais agus straitéisí na dtíortha comhpháirtíochta féin.

D'athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach, an 19-20 Meitheamh, go bhfuil na praghsanna arda bia ag dul i bhfeidhm go mór ar na pobail is boichte ar domhan agus go bhfuil siad ag cur an dul chun cinn i dtreo na SFManna i mbaol. Baineadh de thátal as cruinniú na Comhairle go bhfuil gá le gníomh ón Aontas Eorpach i dtaobh forbartha agus cabhrach daonnúla. Chuir an Chomhairle Eorpach fáilte roimh rún an Choimisiúin togra a chur ar aghaidh maidir le ciste nua chun tacaíocht a thabhairt don talmhaíocht i dtíortha i mbéal forbartha, faoi chuimsiú na bPeirspictíochtaí Airgeadais atá ann, agus dhearbhaigh sí go dtacóidh an tAE le freagairt láidir i ndáil le soláthar ón earnáil talmhaíochta i dtíortha i mbéal forbartha, agus go soláthróidh sé, go háirithe, an maoiniú atá riachtanach i gcomhair ionchur talmhaíochta agus do chúnamh maidir le hionstraimí bainistíochta riosca atá margadhbhunaithe a úsáid. Dhearbhaigh an Chomhairle freisin go n-oibreoidh an tAontas, faoi chuimsiú a straitéis freagartha, i ndlúthchomhar leis na Náisiúin Aontaithe agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile agus faoi chuimsiú bheartais agus straitéisí na dtíortha comhpháirtíochta féin.

Meastachán den mhaoiniú is gá chun freagairt a thabhairt ar an ardú as cuimse ar phraghas an bhia

Rinne seirbhísí an Choimisiúin meastachán ar an maoiniú gearrthéarmach (2008-09) a mbeadh gá leis do na tíortha i mbéal forbartha is mó a ndeachaigh an ghéarchéim i bhfeidhm orthu agus is ionann an meastachán sin agus €18 billiún. Tá an figiúr seo bunaithe ar eachtarshuíomh de mheasúnuithe tíre a rinneadh le deireanas. Fuair an figiúr sin comhthacú breise trí é a chur i gcomórtas leis na costais ar bhearta gearrthéarmacha i dtíortha eile. Thairis sin, tá an t-ord méadaíochta a d'fhógair an Coimisiún dearbhaithe freisin tríd an réamh-mheastachán costais a rinne Tascfhórsa Ardleibhéil na Náisiún Aontaithe um Ghéarchéim Dhomhanda an tSoláthair Bhia [3] lena meastar gur €18.0 - €25.0 billiún na riachtanais bhreise deontóra ar mhaithe le forbairt talmhaíochta sna tíortha uile i mbéal forbartha do na blianta 2008 agus 2009.

An fhreagairt go dtí seo bunaithe ar ionstraimí comhair atá ann cheana

Is iad na hionstraimí comhair sheachtraigh atá ar fáil ag an gComhphobal:

· ionstraimí a bhaineann le freagairt láithreach ar ghéarchéimeanna: an Ionstraim um Chúnamh Daonnúil [4], agus an Ionstraim um Chobhsaíocht [5] agus

· ionstraimí a bhaineann le comhar fadtéarmach um fhorbairt: an Ionstraim um Chomhar um Fhorbairt [6] do chláir théamacha – sábháilteacht an tsoláthair bhia san áireamh - agus le cláir gheografacha i dtíortha i mbéal forbartha, lena n-áirítear an Afraic Theas amháin as na tíortha ACC, agus an Ciste Forbraíochta Eorpach (CFE) do na tíortha ACC eile [7].

Rinneadh na hionstraimí um chomhar fadtéarmach um fhorbairt a chlárú le deireanas i gcomhréir le tosaíochtaí forbraíochta na dtíortha comhpháirtíochta, rud nach bhfágann mórán spáis ná spás ar bith fiú i gcomhair coigeartuithe gearrthéarmacha. Thairis sin, rinneadh na hionstraimí uile atá ann cheana a úsáid nó a athchlárú a mhéad a d'fhéadfaí in 2008 chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a chruthaíonn na praghsanna arda bia. D'fhéadfaí a dhéanamh amhlaidh in 2009 go feadh méid teoranta; beidh úsáid na n-acmhainní gearrthéarmacha an-easpach fós áfach. Thógfadh athchlárú breise an iomarca ama do fhreagairtí gearrthéarmacha agus bheadh an baol ann go gcuirfí comhleanúnachas na straitéisí comhair atá ann faoi láthair i gcomhar le tíortha comhpháirtíochta i mbaol. Mar atá an cás i láthair na huaire, nuair a chaitear níos lú ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) i ngeall ar na praghsanna arda bia, is éard atá beartaithe ag an gCoimisiún codanna den choigilteas sin a athdhíriú ar tháirgeacht talmhaíochta i dtíortha i mbéal forbartha.

An fhreagairt a d'fhéadfadh an tSaoráid a thabhairt

Tá an figiúr a thugtar le fios sa Rialachán seo bunaithe ar chionmhaireacht 10% ón gComhphobal Eorpach i ndáil le freagairt ghearrthéarmach a thabhairt ar ghéarchéim phraghas an bhia, ag glacadh leis, gurb é an Comhphobal a mhaoiníonn 10%, ar an meán, den chomhar um fhorbairt ar fud an domhain. Ciallaíonn sé seo go dtabharfadh an Comhphobal maoiniú tuairim is €1.8 billiún in 2008 agus 2009. Ós rud é go soláthrófaí ranníocaíocht €800 milliún in 2008-09 trí na hionstraimí CE atá ar fáil faoi láthair (€550 milliún in 2008 agus €250 milliún réamh-mheasta do 2009) is tríd an tSaoráid a sholáthrófaí an €1 billiún breise.

Foráilfear leis an Rialachán bunús dlí don chúnamh gearrthéarmach a thabharfaidh an Comhphobal do thíortha i mbéal forbartha mar fhreagairt ar na dúshláin i ndáil le praghas an bhia. Tá an tsaoráid faoi cheangal ama agus feidhmeoidh sí in 2008 agus in 2009, trí leas a bhaint as codanna de na corrlaigh a bheidh ar fáil faoi cheannteideal 2 den Chreat Airgeadais. Beidh sí ina comhlánú ar na hionstraimí atá ann faoi láthair maidir le freagairt ar ghéarchéimeanna agus le comhar um fhorbairt, a mhéad a bhaineann sé lena síneadh ama (idir comhar éigeandála agus comhar fadtéarmach um fhorbairt) agus lena sainiúlacht (gaol díreach le bearta a thabharfaidh aghaidh ar na cúiseanna agus na héifeachtaí le hardú as cuimse ar phraghas an bhia).

Cuspóirí na Saoráide

Is é príomhchuspóir na Saoráide é freagairt dhearfach i ndáil le soláthar a spreagadh i measc feirmeoirí i dtíortha i mbéal forbartha sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma i gcomhthéacs a bhforbartha inbhuanaithe. Tacóidh an tSaoráid freisin le gníomhaíochtaí chun freagairt thapa agus dhíreach a thabhairt chun na héifeachtaí diúltacha a bhíonn ag praghsanna arda bia a mhaolú i gcomhréir le cuspóirí sábháilteachta an tsoláthair bhia. Ar na torthaí a bhfuil súil leo ón gcúnamh tá: (i) méadú ar tháirgeacht talmhaíochta agus ar shábháilteacht an tsoláthair bhia i dtíortha atá ag fáil cúnaimh, (ii) ísliú ar rátaí míchothaithe, go háirithe i measc grúpaí leochaileacha, agus (iii) laghdú ar bhoilsciú phraghas an bhia.

Na bearta arna maoiniú ag an tSaoráid a spriocdhíriú

Glacfaidh an Coimisiún na bearta chun an rialachán seo a chur chun feidhme. Maoineoidh siad tionscnaimh idirnáisiúnta airgeadais a thacóidh le haidhm agus le cuspóirí an Rialacháin seo agus a chuirfear chun feidhme trí eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áireofar eagraíochtaí réigiúnacha.

Glacfaidh an Coimisiún na cinntí seo díreach tar éis don Pharlaimint agus don Chomhairle an Rialachán seo a ghlacadh agus tar éis an Rialachán a fhoilsiú.

Cé go bhféadfadh na tíortha uile i mbéal forbartha bheith incháilithe i gcomhair tacaíochta, tabharfar cúnamh do na tíortha sin i mbéal forbartha a dtéann géarchéim phraghas an bhia go mór i bhfeidhm orthu i dtéarmaí socheacnamaíocha agus polaitiúla, a bhfuil gá acu le bearta a dhéanamh agus nach bhfuil in acmhainn ná nach bhfuil ar a gcumas freagairt a thabhairt gan chúnamh. Dá bhrí sin, beidh ar áireamh sna bearta liosta de spriocthíortha a aithníodh bunaithe ar an bhfoireann critéar táscach atá leagtha síos san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán agus lena n-áirítear: an méid a bhraitear ar allmhairí bia, boilsciú phraghas an bhia, agus leochaileacht shóisialta agus fhioscach. Tabharfar aird freisin ar mhaoiniú eile a bheidh ar fáil don tír ón bpobal deontóra, mar aon le cumas na tíre féin a táirgeacht talmhaíochta a mhéadú. Cuirfidh an tSaoráid cláir ar leibhéal réigiúnach i gcuntas freisin, faoina bhfolófar na tíortha go léir i mbéal forbartha sa réigiún sin. D'fhéadfaí tionscnaimh ar bhonn domhanda a mhaoiniú freisin nuair a chuirtear chun feidhme iad trí eagraíocht réigiúnach nó eagraíocht idirnáisiúnta. Tabharfar aird sna cinntí ón gCoimisiún ar fhaisnéis, lena n-áireofar riachtanais iarbhír na dtíortha, a chuirfear ar fáil, go háirithe trína thoscaireachtaí agus trí mheastóireachtaí idirnáisiúnta ábhartha a chuirfidh eagraíochtaí, amhail eagraíochtaí chóras na Náisiún Aontaithe, ar fáil. In éineacht leis na Cinntí ón gCoimisiún beidh míniúchán mionsonraithe ar na modhanna a chuirfear i bhfeidhm maidir leis na spriocthíortha a roghnófar. Úsáidfear faisnéis arna soláthar ag Tascfhórsa na Náisiún Aontaithe agus ag eagraíochtaí idirnáisiúnta (go háirithe gníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe – FAO, WFP, an Banc Domhanda agus IMF), agus forlíonfar an fhaisnéis sin, nuair nach leor í, le faisnéis shainiúil faoin tír a gheofar ó Thoscaireachtaí CE.

Mar fhreagairt dhíreach ar an ngéarchéim bia agus ag tabhairt aird ar shainchoinníollacha tíre, d'fhéadfaí tacaíocht a thabhairt tríd an tSaoráid do na bearta oibríochta seo a leanas: (i) bearta chun rochtain a fheabhsú ar ionchuir agus seirbhísí talmhaíochta, lena n-áireofar leasacháin agus síolta; (ii) bearta sábháilteachta lena ndíreofar ar acmhainn tháirgiúil na talmhaíochta a chothabháil nó a fheabhsú, agus lena dtabharfar aghaidh ar na riachtanais bia is bunúsaí atá ag na pobail is leochailí.

Bainfear leas as cuid bheag den tSaoráid, 1% ar a mhéad, ar mhaithe le bearta tacaíochta a mbeidh gá leo chun an Rialachán a chur chun feidhme go héifeachtúil.

Caithfear amharc ar na bearta a dhéanfar i bhfianaise riachtanais forbartha níos fadtéarmaí na tíre is faighteoir, ba chóir go mbeadh siad inbhuanaithe (ar bhonn sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíoch), agus go gcuideodh siad le saobhadh na bpraghsanna talmhaíochta a laghdú. Is éard a chiallaíonn sé seo i ndáil le hionchuir fóirdheonaithe a sholáthar, mar shampla, nach mór dóibh a bheith spriocdhírithe go cóir, go bhfreagróidh siad do riachtanais agus do choinníollacha áitiúla agus go gcuirfear iad in oiriúint dóibh, go bhforbróidh siad an margadh, go mbeidh siad teoranta ó thaobh ama, inbhuanaithe ar bhonn airgeadais, agus go gcuideoidh siad le hinbhuanaitheacht na gcóras táirgeachta talmhaíochta. Neartófar, nuair is gá, na córais faisnéise agus an trédhearcacht ionas go bhfeabhsófar éifeachtúlacht na gcóras margaidh, ionas go seachnófar pribhléidí agus ionas go mbeidh feirmeoirí mionscála in ann sochar a bhaint as na bearta a dhéanfar.

Cineálacha maoinithe agus modhanna cur chun feidhme

Cuirfear cúnamh ar fáil do thíortha a dtéann na harduithe i bpraghas an bhia go mór i bhfeidhm orthu, trí bhíthin eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí réigiúnacha. Freagróidh gach cineál cúnaimh do mheasúnaithe agus do phleananna ar riachtanais ag leibhéal na tíre.

Cinnfear an cúnamh a dháilfear trí Eagraíochtaí Idirnáisiúnta, lena n-áireofar Eagraíochtaí Réigiúnacha, bunaithe ar a bhuntáiste comparáideach agus ar thionscnaimh a beartaíodh agus a measúnaíodh. D'fhéadfadh feidhm a bheith aige sin, mar shampla, maidir le FAO, IFAD, UNICEF, WFP nó leis an mBanc Domhanda. D'fhéadfaí an maoiniú a dháileadh trí Eagraíochtaí Réigiúnacha freisin.

Is gá leas a bhaint as an maoiniú go pras i gcás freagairtí gearrthéarmacha ar an ardú as cuimse ar phraghas an bhia d'fhonn a bheith in acmhainn cúnamh iar-éigeandála a sholáthar agus tacú le freagairt i ndáil le soláthar sna chéad séasúir talmhaíochta eile. Cuirtear i gcuntas sa Rialachán nósanna imeachta i gcomhair comhchinnteoireachta praise agus eisíocaíochta praise, trí leas a bhaint as Comhaontuithe faoi Ranníocaíochtaí i gcomhar le hEagraíochtaí Idirnáisiúnta, lena n-áirítear Eagraíochtaí Réigiúnacha.

Déanfar é a chlárú agus a chur chun feidhme de réir phrionsabail Dhearbhú Pháras maidir le hÉifeachtúlacht Cúnaimh, lena n-áireofar na gníomhaíochtaí a chomhordú i gcomhar le Ballstáit agus le deontóirí eile, d'fhonn a áirithiú nach bhfaighidh tír ar bith an iomarca tacaíochta nó nach bhfágfar tír ar bith ar an ngannchuid.

Tosóidh an obair ullmhúcháin díreach tar éis don Choimisiún an Rialachán beartaithe a ghlacadh agus tabharfar an obair chun críche in am is i dtráth ionas go bhféadfar na Cinntí feidhmiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 1(2) a ghlacadh díreach tar éis don Rialachán teacht i bhfeidhm.

Déanfar na Cinntí faoi mhaoiniú (Airteagal 3) ag an tráth céanna nuair is féidir, agus murar féidir amhlaidh, a luaithe is féidir tar éis dó teacht i bhfeidhm, agus in aon chás, roimh dheireadh 2008 dóibh siúd a bheidh ag baint leas as chistí 2008.

Foinse bhuiséad na Saoráide

Ceann de thionchair na bpraghsanna arda talmhaíochta is ea gur laghdaíodh an caiteachas ar mhargaí i mbuiséad 2008 agus gur tugadh meastacháin níos ísle do bhuiséad 2009 faoi cheannteideal 2 den chreat airgeadais. Is éard a thugtar le fios sna meastacháin reatha go mbeidh corrlach suntasach ar fáil faoin gceannteideal seo in 2008 agus corrlach beagán níos ísle in 2009.

Chun a áirithiú go bhféadfaidh an Comhphobal a oibleagáidí a chomhlíonadh maidir le caiteachas a bhaineann leis an margadh agus le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí, tá clásal sa Rialachán (Airteagal 10(4)) lena ráthaítear corrlach €600 milliún ar a laghad in aghaidh na bliana faoi cheannteideal 2. Sa chás go ndéanfaí réamh-mheas níos ísle ar an gcorrlach ná an leibhéal ráthaithe seo i mbliain áirithe, beidh gá an t-uasmhéid a thiomnófar don tSaoráid don bhliain áirithe sin a ísliú dá réir.

Páirtmhaoiniú cúlghabhálach

Ós rud é go maoineofar leis an Rialachán seo bearta lena soláthrófar tacaíocht do thíortha roghnaithe trí eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áireofar eagraíochtaí réigiúnacha, mar aon le bearta a thosófar sula nglacfar leis an Rialachán seo, tá foráil (Airteagal 6(2)) sa Rialachán lena gceadaítear maoiniú a thabhairt amhail ón 20 Meitheamh 2008, dáta a chomhfhreagraíonn le dáta Chonclúidí na Comhairle Eorpaí.

An Amlíne atá beartaithe

Tar éis don Choimisiún é a ghlacadh, beidh an togra faoi réir nós imeachta comhchinnteoireachta sa Pharlaimint agus sa Chomhairle. Má ghlactar an t-achar ama is tapa a d'fhéadfadh bheith ann faoi ghnáthnósanna imeachta, ach gan ach léamh amháin a dhéanamh sa Pharlaimint, is dóichí go dtiocfadh sé i bhfeidhm faoi deireadh na Samhna.

Réamh-mheastar an amlíne tháscach seo a leanas:

Iúil – Meán Fómhair 2008: Ullmhú teicniúil na gCinntí ón gCoimisiún (eagraíochtaí idirnáisiúnta roghnaithe lena n-áireofar eagraíochtaí réigiúnacha, tíortha tairbhíocha, cionmhaireacht tháscach na leithdháiltí, sainaithint gníomhartha faoin Rialachán seo agus ionstraimí eile chun comhlántacht a áirithiú).

Meán Fómhair 2008: Réamhdhréacht lena leasófar an Buiséad do bhuiséad 2008 agus litir ag leasú bhuiséad 2009 d'fhonn na línte nua buiséid a thabhairt isteach.

Samhain 2008: Glacadh ag na reachtóirí comhpháirteacha, foilsiú agus teacht i bhfeidhm an Rialacháin.

Nollaig 2008: Na chéad Chinntí feidhmiúcháin ón gCoimisiún. Maidir le meastóireachtaí ex-ante, déanfar iad le linn na gcinntí feidhmiúcháin ón gCoimisiún a ullmhú ar bhonn teicniúil.

December 2008: Tús leis na gealltanais bhuiséadacha.

Go luath in 2009: Tús le cur chun feidhme na gcéad bheart.

Faoin 31 Nollaig 2012, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar chur chun feidhme na mbeart, lena n-áireofar, a mhéad is féidir, tuairisc ar na príomhthorthaí agus ar iarmhairtí an chúnaimh arna sholáthar faoin Rialachán seo, ar fáil don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa. Beidh ar áireamh sa tuarascáil seo meastóireacht ar na hacmhainní daonna agus na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh agus ar na torthaí a fuarthas maidir le cuspóirí an Rialacháin (Airteagal 9).

Beartaítear, dá bhrí sin, go nglacfaidh an Coimisiún an togra seo le haghaidh Rialacháin.

2008/xxxx (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena mbunaítear saoráid chun freagairt thapa a thabhairt ar an ardú as cuimse ar phraghas an bhia i dtíortha i mbéal forbartha

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 179(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún [8],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 251 den Chonradh [9],

De bharr an méid seo a leanas:

(1) I ngeall ar an ardú as cuimse ar Phraghas an Bhia le déanaí tá mórán tíortha i mbéal forbartha agus a bpobail i gcruachás. Tá an baol ann, i ngeall air sin, go bhfágfar na céadta milliún duine breise i bhfíorbhochtaineacht agus beidh gá le breis dlúthpháirtíochta a chruthú leis na pobail sin.

(2) Ba chóir, dá bhrí sin, saoráid maoinithe a bhunú leis an Rialachán seo chun freagairt thapa a thabhairt ar an ngéarchéim atá mar thoradh ar phraghsanna arda bia i dtíortha i mbéal forbartha.

(3) Tugadh dearbhú sa Chomhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt [10], a ghlac an Chomhairle agus Ionadaithe Rialtais na mBallstát a tháinig le chéile laistigh den Chomhairle, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún an 22 Samhain 2005, go leanfaidh an Comhphobal Eorpach (dá ngairfear "an Comhphobal" anseo feasta) den obair chun sábháilteacht an tsoláthair bhia a fheabhsú ar leibhéal idirnáisiúnta, leibhéal réigiúnach agus leibhéal náisiúnta, agus ba chóir go gcuideodh an Rialachán seo leis an sprioc sin a bhaint amach.

(4) An 22 Bealtaine 2008 ghlac Parlaimint na hEorpa rún maidir le hardú phraghas an bhia san AE agus sna tíortha i mbéal forbartha [11], inar áitíodh ar an gComhairle comhsheasmhacht a áirithiú sna beartais náisiúnta agus idirnáisiúnta uile a bhaineann le bia lena ndírítear ar chomhlíonadh an chirt atá ag gach pobal bia a bheith acu.

(5) Baineadh de thátal as cruinniú na Comhairle Eorpaí, an 20 Meitheamh 2008, go bhfuil gá le gníomh ón Aontas Eorpach i dtaobh forbartha agus cabhrach daonnúla. Lena chois sin, dearbhaíodh go n-úsáidfidh an tAontas Eorpach a acmhainní chun bearta sábháilteachta, amach ó chúnamh bia, a mhaoiniú do phobail bhochta agus leochaileacha, go dtacóidh an tAE le freagairt láidir i dtaobh táirgí talmhaíochta a sholáthar i dtíortha i mbéal forbartha, agus go soláthróidh sé, go háirithe, an maoiniú atá riachtanach i gcomhair ionchur talmhaíochta agus do chúnamh maidir le hionstraimí bainistíochta riosca atá margadhbhunaithe a úsáid; chuir an Chomhairle Eorpach fáilte roimh rún an Choimisiúin togra a chur ar aghaidh maidir le ciste nua chun tacaíocht a thabhairt don talmhaíocht i dtíortha i mbéal forbartha, laistigh den chreat airgeadais reatha.

(6) Thairis sin, tugadh dearbhú i gConclúidí na Comhairle Eorpaí go gcuirfidh an tAE freagairt idirnáisiúnta níos comhordaithe agus níos fadtéarmaí chun cinn maidir leis an ngéarchéim reatha sa soláthar bia, go háirithe laistigh de na Náisiúin Aontaithe agus d'institiúidí airgeadais idirnáisiúnta; cuireann an tAE fáilte freisin roimh Thascfhórsa Ardleibhéil maidir leis an nGéarchéim Dhomhanda i Sábháilteacht an tSoláthair Bhia a bhunaigh Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe agus tá an tAE tiomanta páirt iomlán a ghlacadh i gcur chun feidhme an Dearbhaithe a comhaontaíodh sa Róimh an 5 Meitheamh 2008 le linn na Comhdhála Ardleibhéil maidir le Sábháilteacht Sholáthar Bia an Domhain. Tá Creat Gníomhaíochta Cuimsitheach á ullmhú faoi Thascfhórsa na Náisiún Aontaithe agus sheol Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) Tionscnamh um Ardú as cuimse ar Phraghas an Bhia. Tá a dtionscnaimh féin seolta freisin ag eagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail IFAD, an Banc Domhanda agus eagraíochtaí réigiúnacha.

(7) Tá costas an-ard ar na riachtanais airgid is gá chun dul i ngleic go hiomlán le hiarmhairtí láithreacha a bhíonn ag praghsanna arda bia. Ba chóir go dtiocfadh an fhreagairt ón bpobal idirnáisiúnta ina iomláine agus féachfaidh an Comhphobal le riar cothrom de rannchuidiú a thabhairt.

(8) Na coinníollacha as ar eascair an gá leis an tsaoráid maoinithe seo (praghsanna arda bia), is iad sin na coinníollacha céanna as a n-eascraíonn an laghdú i gcaiteachas ar mhargadh na talmhaíochta faoi Cheannteideal 2 den Chreat Airgeadais. Tugtar le fios sna meastacháin reatha, freisin, corrlach suntasach gan leithdháileadh faoi uasteorainn Cheannteideal 2 in 2009.

(9) Ba chóir go ndíreodh straitéis freagartha an Chomhphobail ar fhreagairt dhearfach i ndáil le soláthar, gearrthéarmach agus meántéarmach, ó earnáil na talmhaíochta i dtíortha i mbéal forbartha agus, an tráth céanna, na hiarmhairtí diúltacha a bhíonn ag na harduithe ar phraghas an bhia do na daoine is boichte sna tíortha sin a laghdú go suntasach. Rachadh freagairt ó earnáil an tsoláthair chun leasa an Chomhphobail d'fhonn an brú atá ann faoi láthair ar phraghsanna talmhaíochta a mhaolú.

(10) Tá roinnt ionstraimí ar fáil ag an gComhphobal atá dírithe ar chúnamh um fhorbairt ag a bhfuil dearcadh fadtéarmach, agus go háirithe Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 lena mbunaítear ionstraim maoinithe le haghaidh comhair um fhorbairt [12], agus Ciste Forbraíochta na hEorpa lena dtugtar cúnamh oifigiúil um fhorbairt do thíortha san Aifric, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) agus do thíortha agus críocha thar lear (TCL), a cláraíodh le deireanas i gcomhréir le tosaíochtaí méantéarmacha agus fadtéarmacha forbartha tíortha incháilithe. Dá ndéanfaí athchlárú mórscála faoi na hionstraimí seo chun freagairt a thabhairt ar ghéarchéim ghearrthéarmach chuirfí cothromaíocht agus comhleanúnachas na straitéisí comhair atá ann faoi láthair i gcomhar leis na tíortha sin i mbaol. Tá dhá Rialachán eile ar fáil ag an gComhphobal - Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle an 20 Meitheamh 1996 maidir le cúnamh daonnúil [13] lena soláthraítear cúnamh éigeandála agus Rialachán (CE) Uimh. 1717/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2006 lena mbunaítear Ionstraim le haghaidh Cobhsaíochta [14].

(11) Rinneadh na hionstraimí sin a úsáid nó a athchlárú a mhéad a d'fhéadfaí in 2008 chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí diúltacha a bhíonn ag na praghsanna arda bia i dtíortha i mbéal forbartha. D'fhéadfaí a dhéanamh amhlaidh in 2009 go feadh méid teoranta; b'fhada a bheadh sé, áfach, ó fhreagairt leordhóthanach a thabhairt ar na riachtanais.

(12) Mar atá an cás i láthair na huaire nuair a chaitear níos lú ar an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) i ngeall ar na praghsanna arda bia, is éard atá beartaithe ag an gCoimisiún codanna den choigilteas sin a athdhíriú ar tháirgeacht talmhaíochta i dtíortha i mbéal forbartha.

(13) Tá sé riachtanach, áfach, leas fheirmeoirí na hEorpa a chosaint agus ráthaíocht a thabhairt nach gcuirfidh an togra seo, in aon imthosca, sásra an smachta airgeadais i ngníomh mar a fhoráiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 ón gComhairle [15] agus Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005 ón gComhairle [16].

(14) Mar thoradh air seo, tá sé riachtanach saoráid maoinithe shonrach a ghlacadh, mar chomhlánú ar na hionstraimí forbartha atá ann faoi láthair agus an Ionstraim um Chúnamh Daonnúil, chun bearta práinneacha agus bearta forlíontacha a ghlacadh a dhíreoidh go pras ar na hiarmhairtí atá ag an ardú as cuimse ar phraghas an bhia i dtíortha i mbéal forbartha.

(15) Ba chóir go gcuideodh na bearta a ghlacfar leis an tsaoráid seo leis na tíortha i mbéal forbartha a dtáirgiúlacht talmhaíochta a mhéadú sna séasúir atá le teacht, freagairt thapa a thabhairt ar riachtanais láithreacha na dtíortha agus a bpobail agus chun na chéad chéimeanna is gá a thógáil chun cásanna eile d'easpa sábháilteachta an tsoláthair bhia a d'fhéadfadh a bheith ann a chosc, agus cur freisin leis na héifeachtaí a bheidh ag na praghsanna arda bia ar bhonn domhanda a mhaolú, chun sochair na ndaoine is boichte ach freisin chun sochair thomhaltóirí agus fheirmeoirí na hEorpa.

(16) I ngeall ar an gcineál beart dá bhforáiltear faoin Rialachán seo beidh gá nósanna imeachta cinnteoireachta a bheidh éifeachtach, solúbtha, trédhearcach agus gasta a bhunú chun iad a mhaoiniú, mar aon le comhar láidir idir na hInstitiúidí uile lena mbaineann. Ba chóir go gceadófaí, go háirithe, leis an Rialachán seo bearta a tosaíodh cheana agus a bhfuil Eagraíochtaí Idirnáisiúnta ag tabhairt tacaíochta dóibh nó a bhfuil siad sásta tacaíocht a thabhairt dóibh a mhaoiniú sula nglacfar an Rialachán seo, amhail ón 20 Meitheamh 2008, dáta a chomhfhreagraíonn le dáta Chonclúidí na Comhairle Eorpaí.

(17) Tá sé riachtanach foráil a dhéanamh go gcosnófar leasanna airgeadais an Chomhphobail i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 ón gComhairle an 18 Nollaig 1995 maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint [17], Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí arna ndéanamh ag an gCoimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile [18] agus Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Bealtaine 1999 maidir le himscrúduithe arna seoladh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) [19].

(18) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach agus gur fearr, dá bhrí sin, de bharr fhairsinge an ghnímh a bhfuil gá leis, is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, atá leagtha amach in Airteagal 5 den Chonradh, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(19) Ionas go n-áiritheofar go mbeidh na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo éifeachtúil agus ós rud é go bhfuil práinn leo, ba chóir go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

1. Maoineoidh an Comhphobal bearta atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt do fhreagairt thapa agus dhíreach ar na praghsanna ardaithe bia i dtíortha i mbéal forbartha, agus díreofar ar an tréimhse idir cúnamh éigeandála agus comhar um fhorbairt, ar bhonn meántéarmach agus fadtéarmach.

2. Rachaidh na bearta chun sochair tíortha i mbéal forbartha, mar atá sainithe ag OECD/DAC, agus chun sochair a bpobail, i gcomhréir leis na forálacha seo a leanas.

Glacfaidh an Coimisiún na bearta dá dtagraítear i mír 1. Maoineoidh siad tionscnaimh idirnáisiúnta airgeadais a thacóidh le haidhm agus le cuspóirí an Rialacháin seo agus a chuirfear chun feidhme trí Eagraíochtaí Idirnáisiúnta domhanda nó réigiúnacha. Cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle in iúl faoi.

3. Sonrófar i mbearta den sórt sin liosta de na spriocthíortha a bheidh sainaitheanta bunaithe ar fhoireann critéar atá leagtha síos san Iarscríbhinn, ina dtabharfar aird ar fhaisnéis, lena n-áireofar riachtanais iarbhír na dtíortha, a chuirfear ar fáil, go háirithe trína thoscaireachtaí agus trí mheastóireachtaí idirnáisiúnta ábhartha arna ndéanamh ag eagraíochtaí, amhail eagraíochtaí chóras na Náisiún Aontaithe.

4. Ionas go n-áiritheofar go mbeidh cúnamh an Chomhphobail comhleanúnach agus éifeachtúil, sa chás gur clár de chineál réigiúnach nó de chineál trasteorann a bheidh le cur chun feidhme, féadfaidh an Coimisiún a chinneadh go bhféadfaidh pobail i dtíortha eile atá i mbéal forbartha ach nach bhfuil sa réigiún sin leas a bhaint as an gclár i dtrácht.

5. Roghnófar Eagraíochtaí Idirnáisiúnta, lena n-áireofar Eagraíochtaí Réigiúnacha (dá ngairfear "Eagraíochtaí Idirnáisiúnta" anseo feasta) de réir a n-inniúlachta freagairt thapa agus ardcháilíochta a sholáthar ar shainriachtanais na Spriocthíortha i mbéal forbartha maidir le cuspóirí an Rialacháin seo.

Airteagal 2

Cuspóirí agus Prionsabail

1. Is iad na príomhchuspóirí cúnaimh agus comhair faoin Rialachán seo freagairt dhearfach i ndáil le soláthar a spreagadh ó earnáil na talmhaíochta i spriocthíortha agus i spriocréigiúin i gcomhthéacs a bhforbartha inbhuanaithe agus chun tacú le gníomhaíochtaí chun freagairt thapa agus dhíreach a thabhairt chun na hiarmhairtí diúltacha a bhíonn ag praghsanna arda bia a mhaolú i gcomhréir le cuspóirí sábháilteachta an tsoláthair bhia.

2. Saothrófar cur chuige difreáilte ag brath ar chomhthéacsanna forbartha agus ar an iarmhairt a bhíonn ag an ardú as cuimse ar phraghas an bhia ionas go soláthrófar tacaíocht shonrach tiomanta agus dea-oiriúnaithe, bunaithe ar a riachtanais, straitéisí, tosaíochtaí agus inniúlachtaí freagartha féin do na spriocthíortha nó na spriocréigiúin agus a bpobail.

3. D'ainneoin Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 1717/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, sa chás go bhfuil na bearta atá á mbeartú i gcomhréir le hAirteagal 1(1) agus Airteagal 3(2) den Rialachán seo, maoineofar iad faoin Rialachán seo.

Cuirfear na hionstraimí éagsúla um chomhar agus an tSaoráid seo i bhfeidhm ionas go n-áiritheofar comhleanúnachas an chomhair, go háirithe maidir leis an athrú ó fhreagairt éigeandála go freagairt ar bhonn meántéarmach agus fadtéarmach.

4. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh na bearta a ghlacfar faoin Rialachán seo comhsheasmhach le creat foriomlán straitéiseach an Chomhphobail don tír incháilithe nó do na tíortha incháilithe lena mbaineann.

Airteagal 3

Cur chun feidhme

1. Cuirfear cúnamh Comhphobail agus comhar Comhphobail chun feidhme trí fhoireann cinntí chun bearta tacaíochta mar atá tuairiscithe in Airteagal 1(1), (2) agus (3) den Rialachán seo a mhaoiniú, agus glacfaidh an Coimisiún iad.

2. Ag tabhairt airde ar na coinníollacha sonracha ar leibhéal na tíre, is iad seo a leanas na bearta tacaíochta a mbeidh sé incháilithe iad a chur chun feidhme:

(a) bearta chun rochtain a fheabhsú ar ionchuir agus seirbhísí talmhaíochta, lena n-áireofar leasacháin agus síolta;

(b) bearta sábháilteachta lena ndíreofar ar acmhainn tháirgiúil na talmhaíochta a chothabháil nó a fheabhsú, agus lena dtabharfar aghaidh ar na riachtanais bia is bunúsaí atá ag na pobail is leochailí.

3. Féadfar bearta tacaíochta a chomhlíonfaidh cuspóirí an Rialacháin seo a mhaoiniú go dtí 1% ar a mhéad den mhéid dá dtagraítear in Airteagal 10(1).

Airteagal 4

Incháilitheacht

Is Eagraíochtaí Idirnáisiúnta a chomhlíonfaidh na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 43 de Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 2342/2002 [20] a bheidh sna heintitis a bheidh incháilithe i gcomhair maoiniú.

Airteagal 5

Nósanna imeachta maoinithe agus bainistíochta

1. Cuirfear na bearta arna maoiniú faoin Rialachán seo chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 [21], ag cur an chineáil géarchéime atá i gceist leis na bearta a ghlacfar san áireamh nuair is cuí.

2. Ní bhainfear úsáid, i bprionsabal, as cúnamh Comhphobail chun cánacha, dleachtanna ná táillí i dtíortha incháilithe a íoc.

3. Beidh rannpháirtíocht sna nósanna imeachta conarthacha cuí oscailte do gach duine nádúrtha nó gach duine dlítheanach a bheidh incháilithe de bhun na hionstraime geografaí um fhorbairt is infheidhme maidir leis an tír ina dtarlóidh an gníomh mar aon le gach duine nádúrtha nó gach duine dlítheanach a bheidh incháilithe de bhun rialacha na heagraíochta idirnáisiúnta feidhmiúcháin, agus aird á tabhairt chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom leis na deontóirí go léir. Beidh na rialacha céanna infheidhme maidir le soláthairtí agus ábhair. Féadfaidh aon náisiúntacht ar bith a bheith ag na saineolaithe.

Airteagal 6

Ceangaltais bhuiséadacha

1. Déanfar ceangaltais bhuiséadacha bunaithe ar na cinntí a dhéanfaidh an Coimisiún.

2. Féadfar gníomhaíochtaí a bhfuil tús curtha leo i spriocthíortha nó ag eagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 4 a mhaoiniú trí bhearta arna nglacadh faoin Rialachán seo amhail ón 20 Meitheamh 2008, go dtí go dtiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm.

Airteagal 7

Leasanna airgeadais an Chomhphobail a chosaint

1. Beidh ar áireamh in aon chomhaontú airgeadais a eascróidh ó chur chun feidhme an Rialacháin seo forálacha lena n-áiritheofar go gcosnófar leasanna airgeadais an Chomhphobail, go háirithe maidir le neamhréireachtaí, calaois, éilliú agus aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile, i gcomhréir le Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95, (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle agus le Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

2. Beidh ar áireamh i gcomhaontuithe airgeadais forálacha lena ndeonófar ar an gCoimisiún agus ar an gCúirt Iniúchóirí rochtain ar fhaisnéis a mbeidh gá léi chun a ndualgais a chomhlíonadh, ar an láthair nuair is gá, i gcomhréir leis na comhaontuithe fíorúcháin a rinneadh leis na heagraíochtaí idirnáisiúnta lena mbaineann.

Airteagal 8

Infheictheacht an AE

Beidh ar áireamh i gconarthaí a dhéanfar de bhua an Rialacháin seo forálacha sonracha lena n-áiritheofar an infheictheacht chuí ar an Aontas Eorpach sna gníomhaíochtaí go léir arna ndéanamh ar bhonn na gconarthaí sin.

Airteagal 9

Tuairisciú

Tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoin 31 Nollaig 2009 ar a dhéanaí maidir leis na bearta a ghlacfaidh sé de bhun an Rialacháin seo. Cuirfidh an Coimisiún ar fáil dóibh, faoin 31 Nollaig 2012 ar a dhéanaí, tuarascáil ar chur chun feidhme na mbeart, lena n-áireofar, a mhéad is féidir, tuairisc ar na príomhthorthaí agus ar iarmhairtí an chúnaimh arna sholáthar faoin Rialachán seo.

Airteagal 10

Forálacha airgeadais

1. EUR 1.0 billiún a bheidh sa mhéid tagartha airgeadais iomlán chun an Rialachán seo a chur chun feidhme le linn na tréimhse 2008-2009.

2. EUR 750 milliún a bheidh sa mhéid tagartha don bhliain 2008.

3. EUR 250 milliún a bheidh sa mhéid tagartha uasta don bhliain 2009.

4. As an méid a thiomnófar, do gach aon bhliain faoi seach, fágfar corrlach EUR 600 milliún ar a laghad faoi cheannteideal 2 den chreat airgeadais, bunaithe ar an réamh-mheas ón tuarascáil is deireanaí ar chóras réamhrabhaidh mar atá leagtha síos i Rialachán (CE) Uimh. 1290/2005. Sa chás nach mbeidh sin amhlaidh do bhliain áirithe, laghdófar an t-uasmhéid is féidir a thiomnú don bhliain sin de bhun an Rialacháin seo d'fhonn corrlach dá leithéid a chur ar ais faoi cheannteideal 2.

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige go dtí an 31 Nollaig 2009.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN

Liosta táscach de na critéir chun spriocthíortha a roghnú

Critéir tháscacha chun spriocthíortha a roghnú:

- Boilsciú phraghas an bhia agus an iarmhairt shocheacnamaíoch agus pholaitiúil a d'fhéadfadh a bheith aige:

· Leibhéal boilscithe phraghas an bhia (i gcomórtas le boilsciú ginearálta)

· An méid a bhraitear ar allmhairí bia, lena n-áirítear allmhairí cúnaimh bia

· Leochaileacht shóisialta agus cobhsaíocht pholaitiúil

· Táirgeacht bia mar chéatadán de thomhaltas na feirme

- An cumas atá sa tír a d'fhéadfadh a bheith incháilithe chun freagairt a thabhairt agus chun bearta freagartha a chur chun feidhme

· Bearta atá déanta ag an Rialtas, lena n-áirítear bearta a bhaineann le soláthar agus bearta trádála

· Saothrú ó onnmhairí

· Leochaileacht fhioscach

Tabharfar aird freisin ar fhoinsí eile maoinithe a bheidh ar fáil don spriocthír, sa ghearrthéarma, ón bpobal deontóra, chun freagairt a thabhairt ar an ngéarchéim Bia, agus cumas na tíre chun an táirgeacht talmhaíochta a mhéadú.

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1. AINM AN TOGRA:

Saoráid chun freagairt thapa a thabhairt ar an ardú as cuimse ar phraghas an bhia i dtíortha i mbéal forbartha

2. CREAT "ABM/ABB" (bainistiú/bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí)

Réimse/réimsí beartais lena mbaineann agus aon Ghníomhaíocht ghaolmhar/Gníomhaíochtaí gaolmhara: 21 (Forbairt)

3. NA LÍNTE BUISÉID

3.1. Na línte buiséid (línte oibríochtúla agus línte a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (na seanlínte B..A) agus a gceannteidil san áireamh:

Línte a bheartaítear: 21.02.03 (freagairt thapa ar an ardú as cuimse ar phraghas an bhia i dtíortha i mbéal forbartha) 21.01.04.40 (caiteachas tacaíochta riaracháin)

3.2. Fad thréimhse an ghnímh agus na hiarmharta airgeadais:

Beidh an tréimhse ionann le blianta buiséadacha 2008-2009; €1.0 billiún an méid réamh-mheasta

3.3. Tréithe buiséadacha:

Líne buiséid | Saghas caiteachais | Nua | Ranníocaíocht CSTE | Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí | Ceann-teideal sa Pheir-spictíocht Airgeadais |

21.02.03 | Neamh-éigean-tach | LD [22] | SEA | NÍL | NÍL | Uimh. 2 |

4. ACHOIMRE AR NA hACMHAINNÍ

4.1. Acmhainní Airgeadais

4.1.1. Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ)

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Saghas caiteachais | Uimh. coda | | Bliain 2008 | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 agus níos déanaí | Iomlán |

Caiteachas oibríochtúil [23] | | | | | | | | |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) | 8.1. | a | 750.00 | 240.00 | | | | | 990.000 |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) | | b | | 890.000 | 100.000 | | | | 990.000 |

Caiteachas riaracháin laistigh den mhéid tagartha [24] | | | | |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin – (LN) | 8.2.4. | c | | 10.000 | | | | | 10.000 |

AN MÉID TAGARTHA IOMLÁN | | | | | | | |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí | | a+c | 750.000 | 250.000 | | | | | 1000.000 |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí | | b+c | | 900.000 | 100.000 | | | | 1000.000 |

Caiteachas riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha [25] | | |

Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (LN) | 8.2.5. | d | | | | | | | |

Speansais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus costais ghaolmhara, nach n-áirítear sa mhéid tagartha (LN) | 8.2.6. | e | | | | | | | |

Costas táscach airgeadais iomlán na hidirghabhála |

LO IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | | a+c+d+e | 750.000 | 250.000 | | | | | 1000.000 |

LÍ IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | | b+c+d+e | | 900.000 | 100.000 | | | | 1000.000 |

Sonraí an Chómhaoinithe

:N.A.

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Comhlacht cómhaoinithe | | Bliain n | n + 1 | n + 2 | n + 3 | n + 4 | n+5 agus níos déanaí | Iomlán |

…………………… | f | | | | | | | |

LO IOMLÁN lena n-áirítear cómhaoiniú | a+c+d+e+f | | | | | | | |

4.1.2. Comhoiriúnacht leis an gClárú Airgeadais

Tá an togra comhoiriúnach leis an gclárú airgeadais atá ann cheana.

Beidh athchlárú an teidil ábhartha ag gabháil leis an togra seo sa pheirspictíocht airgeadais.

Féadfaidh an togra a cheangal go mbeidh gá forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh [26] a chur chun feidhme (i.e. ionstraim sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais).

4.1.3. Iarmhairt Airgeadais ar Ioncam

Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam

Tá iarmhairt airgeadais ag an togra seo – is í seo a leanas an éifeacht ar ioncam:

EUR milliún (go dtí an 1ú deachúil)

| | Roimh an ngníomh [Bliain-1] | | Staid tar éis an ghnímh |

Líne buiséid | Ioncam | | | [Bliain n] | [n+1] | [n+2] | [n+3] | [n+4] | [n+5] [27] |

| a) Ioncam mar ghlanfhigiúr | | | | | | | | |

| b) Athrú san ioncam | | | | | | | | |

4.2. Acmhainní daonna FTE (lena n-áirítear oifigigh, foireann shealadach agus sheachtrach) – féach ar na sonraí faoi phointe 8.2.1.

Riachtanais bhliantúla | Bliain 2008 | 2009 | 2010 | 2011 | 2012 | 2013 agus níos déanaí |

Líon iomlán na n-acmhainní daonna | 12 | 14 | 12 | 10 | 8 | |

Rinneadh na riachtanais a shainaithint bunaithe ar an bhfíoras nach mbeidh ach Eagraíochtaí Idirnáisiúnta agus Eagraíochtaí Réigiúnacha incháilithe (Airteagal 4 den dréacht-Rialachán).

5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ

5.1. An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó sa mheántéarma

Díreoidh an tSaoráid seo ar riachtanas an phobail i dtíortha i mbéal forbartha a dtéann praghsanna arda bia i bhfeidhm orthu, lena n-áirítear riachtanas na bhfeirmeoirí freagairt a thabhairt i ndáil le soláthar agus riachtanas na dtomhaltóirí soláthar bia a fháil, a bheidh ar phraghas réasúnta is féidir leo a íoc.

5.2. An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí airgeadais eile agus le sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Bunaítear leis an togra seo saoráid atá faoi cheangal ama i gcomhair cúnaimh ghearrthéarmaigh a dhíreoidh ar an tréimhse idir cúnamh éigeandála a thabhairt agus comhar um fhorbairt ar bhonn méantéarmach agus fadtéarmach a bhunú. Is comhlánú é saoráid dá leithéid ar ionstraimí comhair sheachtraigh atá ag an gComhphobal cheana, go háirithe na hionstraimí sin a bhaineann le freagairt láithreach ar ghéarchéimeanna (an Ionstraim um Chúnamh Daonnúil, an Ionstraim um Chobhsaíocht) agus le comhar fadtéarmach um fhorbairt (an Ionstraim um Chomhar um Fhorbairt do chláir théamacha – sábháilteacht an tsoláthair bhia san áireamh - agus le cláir gheografacha i dtíortha i mbéal forbartha, lena n-áirítear an Afraic Theas amháin as na tíortha ACC, agus an 10ú Ciste Forbraíochta Eorpach don tréimhse 2008-2013 do na tíortha ACC eile). Cruthófar sineirgíochtaí trína áirithiú go mbeidh na bearta a chuirfear chun feidhme ar comhréir le straitéisí cúnaimh thíortha an AE.

5.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí bainteacha an togra i gcomhthéacs an chreat le haghaidh bhainistiú na ngníomhaíochtaí (ABM)

Is iad na cuspóirí freagairt dhearfach i ndáil le soláthar a spreagadh i measc feirmeoirí i spriocthíortha agus i spriocréigiúin i gcomhthéacs a bhforbartha inbhuanaithe agus tacú le gníomhaíochtaí chun freagairt thapa agus dhíreach a thabhairt chun na hiarmhairtí diúltacha a bhíonn ag praghsanna arda bia a mhaolú ionas go laghdófar an míchothú i gcomhréir le cuspóirí sábháilteachta an tsoláthair bhia.

Is iad na torthaí a bhfuiltear ag súil leo:

· Méadú ar tháirgeacht talmhaíochta sna spriocthíortha (méadú in 2009 agus 2010, i gcomparáid le meán 2005-07)

· Laghdú ar bhoilsciú phraghas an bhia (boilsciú phraghas an bhia/gnáthráta an chóimheasa boilscithe a bheidh feabhsaithe in 2010)

Seo a leanas na táscairí a úsáidfear don mhonatóireacht agus don mheastóireacht:

· Méadú bliantúil ar tháirgeacht iomlán talmhaíochta

· Méadú bliantúil ar mheántoradh na bhfeirmeoirí spriocdhírithe

· Laghdú ar an ráta míchothaithe i measc grúpaí a fhaigheann cúnamh agus fócas ar ghéar-mhíchothú agus an chionmhaireacht de leanaí <5 atá ró-éadrom

· Leibhéal boilscithe phraghas an bhia i gcomórtas le boilsciú ginearálta i dtíortha a fhaigheann cúnamh

5.4. Modhanna don Chur i gCrích (táscach)

Bainistiú láraithe

ag an gCoimisiún go díreach

go hindíreach trína tharmligean chuig:

Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais

comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

Bainistiú comhpháirteach nó díláraithe

leis na Ballstáit

le Tríú tíortha

Comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta (sonraigh le do thoil)

Nótaí tráchta ábhartha: Is é comhbhainistiú an rogha is fearr. D'fhéadfadh go mbeadh gá le bainistiú láraithe arna dhéanamh ag an gCoimisiún i gcás clár áirithe áfach.

6. MONATÓIREACHT AGUS MEASTÓIREACHT

6.1. Córas Monatóireachta

Is é an Coimisiún a dhéanfaidh an mhonatóireacht, ag úsáid faisnéise a bhaileofar ó Thoscaireachtaí CE agus ó ghníomhaireachtaí a bhfuil baint acu le Creat Gníomhaíochta Cuimsitheach na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme.

6.2. Meastóireacht

6.2.1. Meastóireacht ex-ante

Cuireadh tús in Aibreán 2008 le measúnuithe mionsonraithe ag leibhéal tíre ar riachtanais airgeadais na dtíortha i mbéal forbartha. Is é tascfhórsa na Náisiún Aontaithe um Ghéarchéim Dhomhanda an tSoláthair Bhia a dhéanann an obair seo a chomhordú. Leanfar leis na measúnaithe sa tréimhse Meitheamh-Meán Fómhair 2008. Ag an tráth céanna, tá anailís mhionsonraithe chainníochtúil agus cháilíochtúil á déanamh ag Seirbhísí an Choimisiúin (an Ceanncheathrú agus na Toscaireachtaí) a bhfuil baint aici le 110 tír.

6.2.2. Bearta arna nglacadh tar éis meastóireachta idirmheánaí/ex-post (ceachtanna a foghlaimíodh ón taithí a fuarthas roimhe seo)

N.A.

6.2.3. Téarmaí agus minicíocht meastóireachta sa todhchaí

Déanfar meastóireacht sheachtrach ar iarmhairtí bhearta na Saoráide in 2011.

7. Bearta frith-chalaoise

Beidh feidhm ag na gnáthbhearta frith-chalaoise a bhíonn infheidhme maidir le cúnamh um chomhar um fhorbairt.

8. SONRAÍ NA NACMHAINNÍ

8.1. Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadais

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

(Ba chóir Ceannteidil na gcuspóirí, na ngníomhartha agus na n-aschur a thabhairt) | Saghas aschuir | Meánchostas | Bliain 2008 | Bliain 2009 | Bliain 2010 | Bliain 2011 | Bliain 2012 | Bliain 2013 agus níos déanaí | IOMLÁN |

| | | Líon aschur | Costas iomlán | Líon aschur | Costas iomlán | Líon aschur | Costas iomlán | Líon aschur | Costas iomlán | Líon aschur | Costas iomlán | Líon aschur | Costas iomlán | Líon aschur | Costas iomlán |

CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL Uimh.1 [28] Freagairt i ndáil le soláthar ó fheirmeoirí i dtíortha i mbéal forbartha | | | | | | | | | | | | | | | | |

Gníomh 1 Cúnamh chun freagairt i ndáil le soláthar a spreagadh | | | | | | | | | | | | | | | | |

- Aschur 1 | | | | | | | | | | | | | | | | |

-Fo-iomlán Chuspóir 1 | | | | | | | | | | | | | | | | |

| | | | | | | | | | | | | | | | |

CUSPÓIR OIBRÍOCHTÚIL Uimh.2 1 Sábháilteacht an tSoláthair Bhia | | | | | | | | | | | | | | | | |

| | | | | | | | | | | | | | | | |

- Aschur 1 | | | | | | | | | | | | | | | | |

| | | | | | | | | | | | | | | | |

Gníomh 1 bearta sábháilteachta | | | | | | | | | | | | | | | | |

| | | | | | | | | | | | | | | | |

Fo-iomlán Chuspóir 2 | | | | | | | | | | | | | | | | |

| | | | | | | | | | | | | | | | |

| | | | | | | | | | | | | | | | |

| | | | | | | | | | | | | | | | |

COSTAS IOMLÁN | Tíortha a fhaigheann cúnamh | 16.500 | 45 | 750.000 | 15 | 240.000 | | | | | | | | | | 990.000 |

8.2. Caiteachas Riaracháin

8.2.1. Líon agus saghas acmhainní daonna

Cineálacha post | | Na baill foirne a mbeidh sé de chúram orthu an ghníomhaíocht a bhainistiú ag baint úsáide as acmhainní atá ann cheana agus/nó acmhainní breise (an líon post/FTE) |

| | Bliain 2008 | Bliain 2009 | Bliain 2010 | Bliain 2011 | Bliain 2012 | Bliain 2013 |

Oifigigh nó foireann shealadach [29] (XX 01 01) | A*/AD | 5 | 5 | 5 | 5 | 3 | |

| B*, C*/AST | | | | | | |

Foireann arna maoiniú [30] ag Airteagal XX 01 02 | 7 | 9 | 7 | 5 | 5 | |

Foireann eile [31] arna maoiniú ag Airteagal XX 01 04/05 | | | | | | |

IOMLÁN | 12 | 14 | 12 | 10 | 8 | |

Rinneadh na riachtanais a shainaithint bunaithe ar an bhfíoras nach mbeidh ach Eagraíochtaí Idirnáisiúnta agus Eagraíochtaí Réigiúnacha incháilithe (Airteagal 4 den dréacht-Rialachán).

8.2.2. Cur síos ar na cúraimí a thagann as an ngníomh

Ullmhú cinntí, ullmhú conarthaí, ullmhú íocaíochtaí, eagrú staidéar, iniúchtaí agus meastóireacht, tuairisciú.

8.2.3. Foinsí na n-acmhainní daonna (reachtúla)

Poist leithdháilte faoi láthair ar bhainistíocht an chláir agus a bheidh le hathrú nó le síneadh.

Poist leithdháilte laistigh de chleachtadh APS/PDB do bhliain n

Poist a iarrfar sa chéad nós imeachta APS/PDB eile

Poist a athimscarfar ag baint úsáide as na hacmhainní atá ann cheana laistigh den tseirbhís (athimscaradh inmheánach)

Poist is gá do bhliain n cé nach raibh siad á dtuar i gcleachtadh APS/PDB na bliana a bhí i gceist

8.2.4. Caiteachas eile Riaracháin a fholaítear sa mhéid tagartha (XX 01 04/05 – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin)

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Líne buiséid(uimhir agus ceannteideal) | Bliain 2008 | Bliain 2009 | Bliain 2010 | Bliain 2011 | Bliain 2012 | Bliain 2013 agus níos déanaí | IOMLÁN |

1. Cúnamh teicniúil agus riaracháin (lena n-áirítear costais a bhaineann le foireann) | | | | | | | |

Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin [32] | | | | | | | |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile | | | | | | | |

- intra muros | | | | | | | |

- extra muros | | Go dtí 10.000 | | | | | |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin iomlán | | | | | | | |

Beidh gá le tuairim is 10 milliún i gcomhair caiteachais riaracháin, amhail meastóireachtaí, staidéir & comhairliúchán, cruinnithe & comhdhálacha, agus córais faisnéise.

8.2.5. Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara nach n-áirítear sa mhéid tagartha

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Cineál acmhainní daonna | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5agus níos déanaí |

Oifigigh agus foireann shealadach (XX 01 01) | | | | | | |

Foireann atá á maoiniú ag Airteagal XX 01 02 (foireann chúnta, END, foireann ar conradh, etc.)(sonraigh an líne buiséid) | | | | | | |

Costas iomlán na nAcmhainní Daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | | | | | | |

Ríomh– Oifigigh agus Gníomhairí sealadacha

Ríomh– Foireann arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 02

8.2.6. Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagarthaEUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) |

| Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5agus níos déanaí | IOMLÁN |

XX 01 02 11 01 – Misin | 0.050 | 0.200 | 0.200 | 0.150 | 0.150 | | 0.750 |

XX 01 02 11 02 – Cruinnithe agus comhdhálacha | | | | | | | |

XX 01 02 11 03 - Coistí [33] | | | | | | | |

XX 01 02 11 04 – Staidéir agus Comhairliúcháin | | | | | | | |

XX 01 02 11 05 – Córais Faisnéise | | | | | | | |

2. Caiteachas bainistíochta iomlán eile (XX 01 02 11) | | | | | | | |

3. Caiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh agus cuir isteach tagairt don líne buiséid) | | | | | | | |

Iomlán an chaiteachais Riaracháin cé is moite d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | | | | | | | |

Ríomh – Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha

[1] COIM(2008) 321.

[2] P6_TA(2008)0229.

[3] Dréachtdoiciméad an 13 Meitheamh 2008.

[4] Rialachán (CE) Uimh. 1257/96 ón gComhairle.

[5] Rialachán (CE) Uimh. 1717/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

[6] Rialachán (CE) Uimh. 1905/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

[7] Comhaontú Inmheánach, IO L 247, 9.9.2006, lch. 32.

[8] IO C , , lch. .

[9] IO C , , lch. .

[10] IO C 46, 24.2.2006, lch. 1.

[11] P6_TA(2008)0229.

[12] IO L 378, 27.12.2006, lch. 41.

[13] IO L 163, 2.7.1996, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1).

[14] IO L 327, 24.11.2006, lch. 1.

[15] IO L 94, 31.3.2004, lch. 70.

[16] IO L 209, 11.8.2005, lch. 1.

[17] IO L 312, 23.12.1995, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1233/2007 ón gCoimisiún (IO L 279, 23.10.2007, lch. 10).

[18] IO L 292, 15.11.1996, lch. 2.

[19] IO L 136, 31.5.1999, lch. 1.

[20] RIALACHÁN (CE, EURATOM) Uimh. 2342/2002 ón gCoimisiún an 23 Nollaig 2002 (agus arna leasú le Rialacháin 1261/2005, 1248/2006 agus 478/2007) lena leagtar síos na rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle maidir leis an Rialachán Airgeadais (agus arna leasú le Rialacháin 1996/2006, 1525/2007) is infheidhme ar Bhuiséad Ginearálta na gComhphobal Eorpach (IO L 357, 31.12.2002, lch. 1)

[21] Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1605/2002 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme ar bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach (IO L 248, 16.9.2002, lch. 1) arna leasú go deireanach le Rialachán Uimh. 1525/2007 ón gComhairle an 17 Nollaig 2007 (IO L 343, 27.12.2007, lch. 9).

[22] Leithreasaí difreáilte

[23] Caiteachas nach dtagann faoi Chaibidil xx 01 de Theideal xx lena mbaineann.

[24] Caiteachas laistigh d'Airteagal xx 01 04 de Theideal xx.

[25] Caiteachas laistigh de Chaibidil xx 01, seachas Airteagail xx 01 04 agus xx 01 05.

[26] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[27] Ba cheart colúin bhreise a chur leis más gá i.e. má théann tréimhse an ghnímh thar 6 bliana.

[28] Mar a thuairiscítear i Mír 5.3.

[29] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha.

[30] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha.

[31] Costas ar áireamh sa mhéid tagartha.

[32] Ba cheart tagairt a dhéanamh don ráiteas airgeadais reachtach sonrach le haghaidh na Gníomhaireachta/na nGníomhaireachtaí Feidhmiúcháin lena mbaineann.

[33] Sonraigh an saghas coiste agus an grúpa a mbaineann sé leis.

--------------------------------------------------