52008PC0375

Teachtaireacht ón gcoimisiún chuig parlaimint na heorpa de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir leis an gcomhsheasamh a ghlac an Chomhairle chun go nglacfaí Rialachán i ndáil le dliteanas iompróirí a bhíonn ag gabháil d’iompar paisinéirí de mhuir agus d'uiscebhealaí intíre i gcás tionóiscí /* COIM/2008/0375 leagan deireanach - COD 2005/0241 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil13.6.2008

COIM(2008) 375 leagan deireanach

2005/0241 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir leis

an gcomhsheasamh a ghlac an Chomhairle chun go nglacfaí Rialachán i ndáil le dliteanas iompróirí a bhíonn ag gabháil d’iompar paisinéirí de mhuir agus d'uiscebhealaí intíre i gcás tionóiscí

2005/0241 (COD)

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA de bhun an dara fomhír d'Airteagal 251(2) de Chonradh CE maidir leis

an gcomhsheasamh a ghlac an Chomhairle chun go nglacfaí Rialachán i ndáil le dliteanas iompróirí a bhíonn ag gabháil d’iompar paisinéirí de mhuir agus d'uiscebhealaí intíre i gcás tionóiscí

1. CÚLRA

Dáta ar seoladh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (doiciméad COIM(2005)592 críochnaitheach – 2005/0241 (COD)): | 13 Feabhra 2005 |

Dáta na tuairime ó Choiste na Réigiún: | 15 Meitheamh 2006 |

Dáta na tuairime ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa: | 13 Meán Fómhair 2006 |

Dáta na tuairime ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh: | 25 Aibreán 2007 |

Dáta an togra leasaithe ón gCoimisiún: | 22 Deireadh Fómhair 2007 |

Dáta ar glacadh an chomhsheasamh: | 6 Meitheamh 2008 |

2. CUSPÓIR AN TOGRA ÓN g COIMISIÚIN

Is é is cuspóir don togra creat dlíthiúil a thabhairt do phaisinéirí ar bord soithí, le linn turais ar bith, agus d'iompróirí araon, ar creat dllíthiúil é lena socrófar a gcearta agus a n-oibleagáidí i gcás tionóisce ar bhealach comhchuibhithe. Ba chóir go mbeadh scóip an chomhchuibhithe seo leathan go leor d’fhonn cúiteamh níos cothroime i ndamáistí a áirithiú mar aon le cosc feabhsaithe tionóiscí.

Is é is aidhm don togra seo Prótacal 2002 a ghabhann le Coinbhinsiún na hAithne 1974 maidir le hiompar paisinéirí agus a mbagáiste de mhuir, ar prótacal é a glacadh faoi choimirce na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta ("Coinbhinsiún na hAthine 2002") a ionchorprú i ndlí an Chomhphobail. Is téacs nua-aimseartha é Coinbhinsiún na hAithne 2002 ina luaitear go soiléir na cearta atá ag paisinéirí agus ag iompróirí agus na hoibleagáidí atá orthu; déantar foráil ann maidir le córas dliteanais gan locht an iompróra i leith damáistí i gcás tionóisce loingseoireachta, leagtar amach ann uasmhéideanna cúitimh atá sách ard, éilítear ar gach iompróir polasaí árachais a thógáil amach agus ceadaítear don ghearánaí dul i dteagmháil go díreach leis an árachóir chun cúiteamh a fháil.

Tá sé ar intinn ag na Ballstáit agus ag an gComhphobal, an tráth céanna, bheith ina bpáirtithe conarthacha i gCoinbhinsiún na hAithne 2002[1].

Ba chóir go mbeadh líon áirithe leasuithe ag gabháil le hionchorprú Choinbhinsiún na hAithine 2002 i ndlí an Chomhphobail.

- ní bhaineann Coinbhinsiún na hAithne 2002 ach le muiriompar idirnáisiúnta. Beartaíonn an Coimisiún an raon feidhme a leathnú chuig cabatáiste (muiriompar laistigh d'aon Bhallstát amháin) agus chuig iompar d'uiscebhealaí intíre;

- d’fhonn comhchuibhiú a éascú ar mhaithe le paisinéirí agus le hiompróirí araon, beartaíonn an Coimisiún díchur clásail de Choinbhinsiún na hAithne 2002 faoinar féidir le Ballstát agus é ag gníomhú ina aonair uasteorainneacha cúitimh a ghlacadh atá níos airde ná uasteorainneacha cúitimh an Choinbhinsiúin. Thairis sin, ghlac an Coimisiún ina thogra leasaithe[2], leasú ó Pharlaimint na hEorpa a bhfuil sé d'aidhm aige cúiteamh a ráthú d'iospartaigh, i ngach cás, ag na huasteorainneacha dá ndéantar foráil i gCoinbhinsiún na hAithne, lena n-eisiatar cur chun feidhme na rialacha iomaíochta maidir le teorannú domhanda dliteanais;

- beart a chur isteach a bhfuil mar aidhm aige cúiteamh níos fearr a íoc i leith damáistí a dhéantar do threalamh do dhaoine meabhairéislinneacha;

- oibleagáid airleacain a chur isteach;

- oibleagáid a chur isteach faisnéis a sholáthar do phaisinéirí maidir lena gcearta.

3. BARÚLACHA MAIDIR LEIS AN g COMHSHEASAMH

Is é tuairim an Choimisiúin go bhfuair an Chomhairle réidh le cuid mhór d'inneachar an togra.

Ar an gcéad dul síos, tá sé d'aidhm ag an gcomhsheasamh uiscebhealaí intíre chomh maith le cuid mhór de mhuiriompar intíre a eisiamh ó raon feidhme an togra. Bhí dearcadh débhríoch ag Parlaimint na hEorpa ina tuairim uaithi sa chéad léamh chomh fada agus a bhaineann le hiompar d'úiscebhealaí intíre. Dhearbhaigh an Pharlaimint, áfach, go raibh sí i bhfábhar iompar d'uiscebhealaí intíre a áireamh agus foráil á déanamh aici, ag an am céanna, do bhreis ama a thabhairt d'oibritheoirí áirithe lena mbaineann chun go bhféadfaidís iad féin a oiriúnú chuige. Thacaigh an Coimisiún leis na leasuithe seo ón bParlaimint ach níor ghlac an Chomhairle leo.

Ansin, dhiúltaigh an Chomhairle do dhá mheicníocht a raibh sé d'aidhm acu na huasteorainneacha cúitimh a chomhchuibhiú. De réir mar atá an téacs faoi láthair, bheadh na huasteorainneacha cúitimh athraitheach, ó thaobh dhá dhearcadh éagsúla de:

- ní bheadh na huasteorainneacha cúitimh céanna ann ar fud na hEorpa. Roghnaigh an Chomhairle cur chun feidhme Airteagal 7 de Choinbhinsiún na hAithne 2002 a choimeád lena gceadaítear do na Stáit Chonarthacha ar a gconlán féin dul thar na huasteorainneacha arna socrú ag an gCoimisiún.

- braifhfidh an cúiteamh a íocfar leis na híospartaigh ar scála na tionóisce. Choimeád an Chomhairle cur chun feidhme Airteagal 19 de Choinbhinsiún na hAithne 2002 lena gceadaítear do na meicníochtaí teorannaithe dhomhanda dliteanais bheith in iomaíocht leis an gCoinbhinsiún féin, chun go bhféadfadh na huasteorainneacha cúitimh bheith faoi bhun uasteorainneacha an Choinbhinsiúin.

Sa bhreis air sin, tugann an Coimisiún faoi deara rún na Comhairle na rialacha is infheidhme maidir le dlínse agus le haitheantas agus forghníomhú na mbreithiúnas, a shoiléiriú. D'fhéadfadh na rialacha sin teacht as Coinbhinsiún na hAithne féin nó as reachtaíocht an Chomhphobail (Rialachán (CE) Uimh. 44/2001 dá ngairtear "an Bhruiséil I"). Tá an Coimisiún den tuairim, áfach, nach bhfuil an fhoclaíocht atá sa chomhsheasamh (Aithris 3e) oiriúnach. Leis an aithris seo, moltar forléiriú sriantach ar raon feidhme dhlínse eisiatach an Chomhphobail nuair nach léir go luíonn sé le cás-dlí na Cúirte Breithiúnais.

Tabharfar faoi deara nár glacadh an comhsheasamh ach trí thromlach cáilithe. D'fhéadfadh an Coimisiún, bac a chur ar an dara léamh, ag cur i gcoinne an chomhaontaithe tromlaigh sin. Ní raibh an Coimisiún ag iarraidh sin a dhéanamh, mar gur cheap sé gur ceart leanúint den chaibidil idirinstitiúideach.

Rinne an Coimisiún an ráiteas seo a leanas agus an comhsheasamh á ghlacadh:

"Ní theastaíonn ón gCoimisiún bac a chur ar chomhaontú tromlaigh maidir leis an togra tábhachtach seo a bhfuil sé d'aidhm aige creat dlíthiúil comhchuibhithe a bhunú lena ráthófar cúiteamh sásúil do phaisinéirí ar bord soithí i gcás tionóisce.

Mar sin féin, is oth leis an gCoimisiún nár choimeád an Chomhairle uaillmhianta a thogra. Ar ndóigh, laghdaigh an Chomhairle raon feidhme an togra tríd an iompar d'uiscebhealaí intíre agus cuid mhór d'iompar intíre a fhágáil as an áireamh. Sa bhreis air sin, dhiúltaigh an Chomhairle do dhá mheicníocht a áiritheodh na huasteorainneacha cúitimh a chomhchuibhiú chun sochair na n-íospartach agus an tionscail ag an tráth céanna. I bhfianaise staid an chomhaontaithe faoi láthair, ar thaobh amháin ní féidir na híospartaigh a chúiteamh i ngach cás, de réir na n-uasteorainneacha dá bhforáiltear le Coinbhinsiún na hAithne , agus ar an taobh eile, chuirfí iachall ar na hiompróirí i gcásanna áirithe íocaíochtaí cúitimh a thabhairt a bheadh níos airde ná na híocaíochtaí dá bhforáiltear i gCoinbhinsiún na hAithne.

Ar deireadh, cuireann an Coimisiún a mhíshásamh in iúl maidir le foclaíocht Aithris 3(e) sa mhéid is go bhfuil scóip na n-inniúlachtaí eisiatacha Comhphobail á dtabhairt faoi cheist."

4. BARÚLACHA SONRAITHE ÓN g COIMISIÚN MAIDIR LEIS NA LEASUITHE A GHLAC PARLAIMINT NA h EORPA

4.1 Leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa ar ghlac an Coimisiún leo agus a d'áirigh siad go hiomlán nó i bpáirt sa chomhsheasamh

Leasú 6 a bhfuil sé d'aidhm aige treoirlínte EMI (Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta) maidir le dámáistí a bhaineann le hionsaithe sceimhlitheoireachta, a glacadh i nDeireadh Fómhair 2006, a chur san áireamh.

Leasuithe 2 agus 10 maidir le cúiteamh na n-airleacan a íocadh go míchuí.

Leasuithe 3 agus 11 maidir le sainghnéithe na faisnéise arna soláthar do na paisinéirí.

4.2 Leasuithe ó Pharliamint na hEorpa ar ghlac an Coimisiún leo agus nár áiríodh mar chuid den chomhsheasamh

Leasú 5 maidir le ról Stát an chalafoirt.

Leasuithe 7 agus 8 maidir leis na huasteorainneacha cúitimh.

Leasú 12 maidir le rialacha a bhaineann le faisnéis do phaisinéirí.

Leasú 13 maidir leis an tráthchlár do chur chun feidhme an Rialacháin maidir le línte rialta farantóireachta.

Leasú 14 maidir leis an tráthchlár do chur chun feidhme an Rialacháin maidir le hiompar d'uiscebhealaí intíre.

Leasú 15 maidir leis an tráthchlár do chur chun feidhme an Rialacháin maidir le línte rialta farantóireachta ag oibriú sna tíortha agus críocha thar lear.

4.3. Leasuithe ó Pharliamint na hEorpa ar dhiúltaigh an Coimisiún dóibh ach a áiríodh mar chuid den chomhsheasamh

Leasú 9 lena dteorannaítear airleacain a íoc i leith tionóiscí loingseoireachta amháin.

Leasuithe 16 agus 27 maidir leis an iompar d'uiscebhealaí intíre a eisiamh.

4.4 Leasuithe ó Pharliamint na hEorpa ar dhiúltaigh an Coimisiún dóibh agus nár áiríodh mar chuid den chomhsheasamh

Leasú 4 maidir le ról na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA).

5. Conclúid:

Tugann an Coimisiún comhsheasamh na Comhairle arna ghlacadh trí thromlach cáilithe dá aire ach athdhearbhaíonn sé a sheasamh maidir le forléiriú sriantach ar an raon feidhme agus maidir le comhchuibhiú na leibhéal cúitimh do na híospartaigh a bhfuil gá leis ar leibhéal Eorpach.

[1] Togra le haghaidh Cinnidh ón gComhairle maidir leis an gComhphobal Eorpach do chríochnú Phrótacal 2002 a ghabhann le Coinbhinsiún na hAithne 1974 maidir le hiompar paisinéirí agus a mbagáiste de mhuir – COIM(2003) 375 an 24 Meitheamh 2003. Á ghlacadh faoi láthair.

[2] COIM(2007) 645 an 22 Deireadh Fómhair 2007.