Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú {SEC(2008) 1900} {SEC(2008) 1901} /* COIM/2008/0311 leagan deireanach - COD 2008/0098 */
ga An Bhruiséil 23.5.2008 COIM(2008) 311 críochnaitheach 2008/0098 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE LENA LEAGTAR SÍOS COINNÍOLLACHA COMHCHUIBHITHE MAIDIR LE TÁIRGÍ FOIRGNÍOCHTA A MHARGÚ (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) {SEC(2008) 1900} {SEC(2008) 1901} MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN I ndiaidh comhairliúcháin fhairsing le geallsealbhóirí agus measúnaithe iarmharta, molann an Coimisiún, faoi chuimsiú a chláir um Rialáil Níos Fearr/Simpliú, go gcuirfí Rialachán in áit Threoir 89/106/CEE ón gComhairle chun sainiú níos fearr a thabhairt ar chuspóirí reachtaíocht an Chomhphobail agus chun cur chun feidhme na reachtaíochta seo a éascú trí bhíthin roinnt sásraí simplithe a sholáthar, sásraí ag a bhfuil sé mar sprioc ar leith an t-ualach riaracháin ar ghnóthais agus, go háirithe, ar GBManna (gnóthais bheaga agus mheánmhéide) a laghdú. 1. COMHTHÉACS AN TOGRA 1.1. Forais agus cuspóirí an togra Is é cuspóir na Treorach um Tháirgí Foirgníochta (89/106/CEE) [1], dá ngairtear TTF anseo feasta, saorchúrsaíocht agus saorúsáid táirgí foirgníochta sa Mhargadh Inmheánach a áirithiú. I mí Dheireadh Fómhair 2005, sheol an Coimisiún clár rollach trí bliana maidir le simpliú mar chuid dá Rialáil Níos Fearr: Stráitéis maidir le Simpliú [2]. Is é an aidhm atá leis nach mbeidh an reachtaíocht chomh tuirsiúil, go mbeidh sé níos éasca í a chur i bhfeidhm agus go mbeidh sí níos éifeachtúla dá bhrí sin, agus cuspóirí bheartas an AE á gcaomhnú freisin. Áirítear leis seo breithniú a dhéanamh an é an cur chuige a roghnaíodh ar dtús an cur chuige is éifeachtúla chun cuspóirí na reachtaíochta a bhaint amach. Tá simpliú TTF i measc na dtionscnamh atá faoin straitéis seo, agus is é an aidhm atá leis an t-ualach riaracháin, go háirithe ar GBManna, a bhaineann le TTF a shoiléiriú agus a laghdú trí bhíthin breis solúbthachta maidir le foirmiú agus úsáid sonraíochtaí teicniúla, rialacha níos éadroime maidir le deimhniúchán, agus scriosadh na gconstaicí ar chur chun feidhme a bhí ina mbac go dtí seo ar chruthú margaidh inmheánaigh iomláin do tháirgí foirgníochta [3]. Is táirgí idirmheánacha iad táirgí foirgníochta a cheaptar lena gcorprú mar chuid d'oibreacha foirgníochta. Dá bhrí sin, maidir le coincheapa sábháilteachta nó leasa ghinearálta, ní bhaineann siad le táirgí foirgníochta ach sa mhéad ina gcuireann siad le comhlíonadh na gceanglas ar na hoibreacha ina gcorprófar iad. Ní hé an Cur Chuige Nua an teicníc reachtach chuí chun an cuspóir go n-áiritheofar saorchúrsaíocht agus saorúsáid táirgí foirgníochta a bhaint amach. Sa Rialachán a bheartaítear, ámh, cloítear leis an gCreat Nua Dlíthiúil, mar a shainítear é leis an bpacáiste maidir leis an margadh inmheánach d'earraí [4], i réimsí amhail na critéir d'fhógra a thabhairt do chomhlachtaí atá ag déanamh cúraimí tríú páirtí sa phróiseas lena bhfianaítear feidhmíocht dhearbhaithe, nó forálacha le haghaidh faireacháin ar an margadh. Sa chomhthéacs seo, tá ciall shonrach ag an gcomharthú CE a shainítear leis an togra seo i gcomhair táirgí foirgníochta: fianaítear leis go bhfuarthas an fhaisnéis a ghabhann leis an táirge i gcomhréir leis an Rialachán beartaithe agus, dá bhrí sin, ní mór glacadh leis go bhfuil sí cruinn agus iontaofa. Ar na sainiúlachtaí eile do tháirgí foirgníochta, sainiúlachtaí a éilíonn imeacht ón gCreat Nua Dlíthiúil, áirítear na córais lena bhfianaítear feidhmíocht dhearbhaithe; ní fhéadfaí na modúil a bheartaítear sa Chreat Nua Dlíthiúil a chur i bhfeidhm gan athruithe tábhachtacha chun iad a chur in oiriúint don earnáil seo. Moltar roinnt mionathruithe ar na córais atá i bhfeidhm faoi láthair faoi TTF, áfach. I mbeagán focal, ní hé cuspóir an Rialacháin sábháilteacht na dtáirgí a shainiú, ach a áirithiú go dtíolactar faisnéis iontaofa i ndáil lena bhfeidhmíochtaí. Baintear é seo amach trí sholáthar comhfhriotail theicniúil a úsáidfidh monaróirí agus táirgí á gcur ar an margadh acu agus a úsáidfidh údaráis phoiblí agus iad ag sainiú na gceanglas teicniúil ar oibreacha ag a mbeidh tionchar, go díreach nó go hindíreach, ar na táirgí a úsáidfear sna hoibreacha sin. Leagtar amach an comhfhriotal teicniúil seo sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe (caighdeáin Eorpacha chomhchuibhithe (hEN) agus Doiciméid Eorpacha um Measúnú (DEManna)) arna bhforbairt faoi réir an Rialacháin seo. Beartaítear go gcuimseoidh na buncheanglais ar oibreacha (BCO) na ceanglais rialaitheacha náisiúnta agus Eorpacha ar oibreacha foirgníochta. Is é cuspóir an chomhfhriotail theicniúil a leagtar amach sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe na huirlisí is gá a sholáthar chun tuairisc agus measúnú a dhéanamh ar ghnéithe riachtanacha na dtáirgí foirgníochta; trí bhíthin a úsáide, mar sin, ba chóir go gcuirfí ar chumas na n-údarás náisiúnta na seiceálacha ar fad is gá ar na táirgí i gceist a dhéanamh, agus ar chumas na dtógálaithe iad a úsáid ar an dóigh is cuí agus is éifeachtaí. Agus feidhmíochtaí táirgí á leagan amach ag údaráis na mBallstát nó á ndearbhú ag monaróirí, ní mór é seo a dhéanamh trí bhíthin an chomhfhriotail theicniúil seo. 1.2. Comhsheasmhacht le beartais agus cuspóirí eile an Aontais Ní amháin go bhfuil an cuspóir ginearálta beartais agus na cuspóirí níos sainiúla/oibríochtúla a shaothraítear le hathbhreithniú TTF comhsheasmhach le roinnt de bhunbheartais an Chomhphobail, amhail Straitéis Liospóin agus na beartais a dhíríonn ar rialáil níos fearr agus simplithe, ach is toradh díreach agus riachtanach orthu iad, fiú. Go háirithe, ní mór na straitéisí i ndáil le forbairt inbhuanaithe a chur san áireamh trí bhíthin na BCOanna a chur i bhfeidhm, ag leanúint leis mar bhonn chun sonraíochtaí teicniúla a cheapadh maidir le táirgí foirgníochta. Dá bhrí sin, is féidir an comhfhriotal teicniúil is gá chun feidhmiú an Mhargaidh Inmheánaigh a cheartú a úsáid freisin mar uirlis chumhachtach a fhreastalóidh ar bheartais comhshaoil an Aontais agus na mBallstát sa réimse seo. 2. Comhairliúchán le páirtithe leasmhara agus measúnú iarmharta 2.1. Modhanna comhairliúcháin agus próifíl ghinearálta na bhfreagróirí Rinneadh comhairliúchán oscailte ar an idirlíon idir 17.3.2006 agus 15.6.2006. Fuarthas 319 freagra ar an iomlán, is meastar gur leibhéal maith freagartha é seo. Chuimsigh freagraí an tsuirbhé na gníomhaithe ábhartha ar fad a mbaineann TTF leo, lena n-áirítear lucht tionscail, údaráis phoiblí agus páirtithe leasmhara eile, trí fhreagraí aonair nó i ngrúpa. Is féidir a mheas go raibh leibhéal maith freagartha ón tionscal i measc na bhfreagraí: thug 94 comhlachas earnála, ag leibhéal Eorpach agus Náisiúnta araon, agus 102 monaróir aonair freagra ar an gceistneoir. - Tá tuarascáil achomair ar na freagraí a fuarthas le fáil ag: http://ec.europa.eu/enterprise/construction/cpdrevision/consultation_results_en.pdf http://ec.europa.eu/enterprise/construction/cpdrevision/consultation_statistics_en.pdf - Áirítear i measc na bpríomhthorthaí: · Deimhníonn beagnach na freagraí ar fad an gá le creat reachtach comhchuibhithe. Go ginearálta, ní mheastar gur leor aitheantas frithpháirteach chun saorchúrsaíocht a bhaint amach; · Deimhnítear freisin go bhfuil gá mór le soiléiriú maidir le buneilimintí TTF: an cur chuige ginearálta (feidhmíochtbhunaithe i gcomparáid le saintreoirbhunaithe), brí agus stádas leis an gcomharthú CE (éigeantach nó neamhéigeantach), glacadh na n-údarás náisiúnta agus úsáideoirí na dtáirgí foirgníochta le comharthú CE mar chomhartha iontaofa, chomh maith leis an ról atá ag caighdeáin agus doiciméid Eorpacha um fhaomhadh teicniúil; · Is léir go bhfágann TTF spás le haghaidh simpliú. Ba chóir na córais lena bhfianaítear comhlíonadh a shimpliú agus a líon a laghdú. Mothaítear gur gá faomhadh teicniúil Eorpach a úsáid do chomharthú CE, ach ní foláir go simpleofaí na nósanna imeachta riaracháin a sholáthróidh an úsáid seo agus ní mór go bhfaighfí réidh le treoirlínte um fhaomhadh teicniúil Eorpach (TFTE). Ba chóir an rogha "níl feidhmíocht cinntithe" (NFC) a choinneáil, ach tá sainmhíniú níos fearr ag teastáil air mar bhealach chun cur i bhfeidhm TTF a shimpliú agus chun costais nach gá ar chuideachtaí a sheachaint; · Léiríodh imní i ndáil leis na héifeachtaí ar leith a d'fhéadfadh a bheith ag TTF ar ghnóthais bheaga agus meánmhéide (GBManna). Leagtar béim ar leith ar an ngá atá le cóireáil chuí le haghaidh táirgí neamhshraithe go sonrach. Thairis sin, níor chóir go gcuirfeadh athrú ar bith ar TTF ualach iomarcach ar ghníomhaíocht gnó GBManna; · Ar deireadh, tarraingítear anuas achainí d'aon ghuth ar chreidiúnacht an chórais iomláin a neartú, go suntasach trí na critéir chun comhlachtaí a ainmniú agus chun fógra a thabhairt dóibh a neartú agus trí chomhordú níos fearr a dhéanamh maidir le faireachán ar an margadh.2.2. Measúnú iarmharta ar na roghanna beartais Mar chuid den bheartais maidir le rialáil níos fearr, rinne an Coimisiún measúnú iarmharta ar na roghanna beartais. Cuireadh trí rogha san áireamh: Rogha 1 – Gan gníomh ar bith ón AE: gan athrú; Rogha 2 – Gan reachtaíocht ar bith; Rogha 3 – Athbhreithniú ar TTF. Rogha 1 – Gan gníomh ar bith ón AE: gan athrú Is é an rogha bhunúsach é go leanfadh TTF i bhfeidhm mar atá faoi láthair. Ní shoiléireofaí ná ní shimpleofaí a ceanglais ar bhealach ar bith seachas na hathruithe a bhaineann le forbairt nádúrtha na reachtaíochta san fhoirm ina bhfuil sí faoi láthair agus le reachtaíocht ag a bhfuil feidhm sa réimse seo lastall de TTF. D'fhéadfaí roinnt de na héagsúlachtaí atá ann faoi láthair idir na ceanglais ag leibhéal náisiúnta agus idir córais tástála agus dearbhaithe a laghdú trí bhíthin modhanna comhair riaracháin ar ar tosaíodh cheana idir údaráis náisiúnta, ámh. Mar sin féin, léiríonn anailís ghrinn ar an rogha seo go leanfaidh cuid mhaith de na fadhbanna atá ann faoi láthair ar aghaidh, amhail brí dhoiléir le comharthú CE, difríocht sa chur chuige maidir le comharthú CE (éigeantach, neamhéigeantach), castacht an chórais, glacadh easpach le comharthú CE agus an t-iliomad comharthaí náisiúnta. Deimhnítear seo leis an eolas is déanaí faoi ghearáin agus sáruithe i réimsí a fholaítear cheana faoi shonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe. Dá bhrí sin, bheadh ag teipeadh i gcónaí ar TTF a cuspóirí le haghaidh saorchúrsaíochta agus saorúsáide táirgí foirgníochta sa Mhargadh Inmheánach a chomhlíonadh. Rogha 2 – Gan reachtaíocht ar bith Bheadh aisghairm TTF gan aon rud a chur ina hionad i gceist leis an rogha seo, agus filleadh ar aitheantas frithpháirteach agus an Creat Nua Dlíthiúil á chur san áireamh. Go praiticiúil, bheadh an Margadh Inmheánach bunaithe go huile is go hiomlán ar an bprionsabal amháin go bhféadfaí táirge a mhargófaí go dleathach i mBallstát amháin a mhargú i mBallstát ar bith eile, fiú mura gcomhlíonfadh an táirge rialacha teicniúla an Bhallstáit deiridh go hiomlán, chomh fada is nach mbeadh cúiseanna lena mbeadh údar maith ag Ballstát an táirge a thoirmeasc ar an margadh ina chríoch. Le COIM(1999)299 críochnaitheach maidir le feabhas a chur ar chur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh sa Mhargadh Aonair aimsíodh tionscal na foirgníochta i measc na gcúig earnáil is mó a sháraigh aitheantas frithpháirteach, idir 1996 agus 1998, de réir Airteagal 28 (Airteagal 30 mar a bhí) den Chonradh. Faoi thráth COIM(2002)419 críochnaitheach, bhí méadú beag tar éis teacht ar líon na sáruithe in earnáil na foirgníochta thar an tréimhse 1998-2001 go raibh sé i measc na gceithre earnáil thionsclaíocha is mó sáruithe. Deimhníonn na sonraí is déanaí na treochtaí seo agus léiríonn siad nach leor aitheantas frithpháirteach chun feidhmiú éifeachtach an mhargadh inmheánaigh do tháirgí foirgníochta a áirithiú. I mí na Bealtaine 2006, léirigh an comhairliúchán le geallsealbhóirí go measann monaróirí beagnach d'aon toil nach mbeadh aitheantas frithpháirteach in ann saorchúrsaíocht agus saorúsáid táirgí foirgníochta sa mhargadh inmheánach a bhaint amach. Rinne an staidéar seachtrach [5], a conraíodh chun an Measúnú Iarmharta ar athbhreithniú TTF a ullmhú, anailís faoinar réiteodh an rogha "gan reachtaíocht ar bith" na fadhbanna a aimsíodh i ndáil le TTF. Ní ábhar iontais é, i bhfianaise a bhfuil thuas, gurbh í an chonclúid nach mbainfeadh an rogha seo an cuspóir amach maidir le saorchúrsaíocht táirgí foirgníochta a bheith ann sa Mhargadh Inmheánach. Rogha 3 – Athbhreithniú ar TTF: rogha na tosaíochta Is é rogha 3, athbhreithniú ar an reachtaíocht Chomhphobail, rogha na tosaíochta. Pacáiste is ea é a fhreagraíonn don riachtanas atá ann faoi láthair agus is fearr a éiríonn leis sa Mheasúnú Iarmharta. Is é an t-aon rogha amháin é a fhreagraíonn go hiomlán do na saincheisteanna agus na fadhbanna óna dteastaíonn gníomh a dhéanamh agus do na fionnachtana ón gcomhairliúchán le geallsealbhóirí a rinneadh maidir leis seo. Téann sé i gceann na bpríomhchúiseanna fadhbanna a aimsíodh ar bhealach barrmhaith agus is leis is fearr is féidir feabhsuithe a dhéanamh maidir leis an té lena mbaineann sé. Cosnaíonn sé an acquis ginearálta agus na sonraíochtaí teicniúla a bunaíodh de réir TTF mar atá faoi láthair freisin. Ar deireadh, cloíonn sé go dlúth leis an gcoimhdeacht chothrom a baineadh amach i réimse na foirgníochta, i.e. tá na Ballstáit inniúil maidir leis na rialacha faoi dhearadh agus tógáil oibreacha, agus le reachtaíocht an AE áirithítear an Margadh Inmheánach do na táirgí a úsáidtear in oibreacha dá leithéidí. 3. Na fadhbanna a aimsíodh a réiteach 3.1. Riachtanais a bhaineann le soiléiriú Sa Rialachán molta, tá sainmhíniú beacht ar an ábhar atá ann chomh maith le sainmhínithe ar na coincheapa is oiriúnaí i réimse an Mhargaidh Inmheánaigh do tháirgí foirgníochta. Rud níos tábhachtaí fiú, cinntítear go soiléir an bhrí shainiúil atá le comharthú CE do tháirgí foirgníochta: Cuideoidh sé seo le mearbhall a sheachaint idir é seo agus reachtaíocht eile lena bhforáiltear dá ghreamú. Ciallaíonn comharthú CE le haghaidh táirgí foirgníochta go mbíonn gá faisnéis ábhartha a dhearbhú i ndáil le feidhmíocht an táirge, agus an táirge sin á chur ar an margadh; ina theannta sin, ní mór an fhaisnéis seo a fháil de réir fhorálacha an Rialacháin. Chun an t-ualach ar GBManna a laghdú, forálfar go sonrach do mhionghnóthais agus táirgí aonair. Thairis sin, soiléirítear an ról sainiúil agus an bhrí atá leis na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe, i.e. caighdeáin chomhchuibhithe agus DEManna: ba chóir go mbeadh siad bunaithe ar choincheap na feidhmíochta. Dá dhroim sin, is é an ról atá ag sonraíochtaí comhchuibhithe teicniúla modhanna tástála nó ríofa a sholáthar ar chóir gurbh iad na cinn ab oiriúnaí chun seasmhacht fheidhmíochtaí na dtáirgí faoi seach a mheasúnú agus a fhíorú. Ar deireadh, beidh comharthú CE éigeantach chun feidhmíochtaí táirgí atá folaithe ag na caighdeáin chomhchuibhithe a dhearbhú. Caomhnaíonn an togra nádúr saorálach na gcaighdeán comhchuibhithe trí bhíthin bealach eile a chur ar fáil do mhonaróirí chun comharthú CE a fháil tríd an Measúnú Teicniúil Eorpach (MTE). 3.2. Creidiúnacht an chórais a neartú Tugann an togra isteach, i gcomhréir leis an gCreat Nua Dlíthiúil, critéir nua agus níos déine le haghaidh fógra a thabhairt do chomhlachtaí atá ag déanamh cúraimí tríú páirtí sa phróiseas lena measúnaítear agus lena bhfíoraítear seasmhacht feidhmíochta. Ar aon dul leis sin, sainítear leis an togra critéir dhiana le haghaidh Comhlachtaí um Measúnú Teicniúil (CMT) a ainmniú. De thoradh sin, féadtar a bheith ag súil leis go mbeidh údaráis na mBallstát agus cliaint (dearthóirí, conraitheoirí agus úinéirí) níos sásta glacadh le comharthú CE mar an t-aon chomharthú amháin lena bhfianaítear go gcomhlíonann táirgí foirgníochta na feidhmíochtaí atá dearbhaithe dóibh. Thairis sin, áirítear sa togra seo na forálacha maidir le nósanna imeachta cosanta an Chreata Nua Dhlíthiúil: cuirfidh sé seo le creidiúnacht an chórais freisin. 3.3. Riachtanais a bhaineann le simpliú Is é an simpliú príomhaidhm an togra seo. Ar aon dul leis an taithí a fuarthas trí chur i bhfeidhm TTF, agus i ndáil leis na simplithe a thiocfaidh trí shoiléiriú, áirítear sa togra líon tábhachtach beart atá dírithe ar an mbealach chuig comharthú CE a shimpliú, ar an dóigh sin laghdófar an t-ualach riaracháin ar ghnóthais agus go háirithe ar mhionghnóthais. Cuirfear roinnt de na bearta seo i bhfeidhm go díreach, amhail na cinn maidir le mionghnóthais, dá dtabharfar rochtain shimplithe ar chomharthú CE, nuair nach mbaineann imní thábhachtach leis na táirgí a chuireann siad ar an margadh. Foráiltear freisin do bhearta simplithe sonracha chun déileáil le táirgí aonair agus neamhshraithe. Tá na nósanna imeachta chun Measúnú Teicniúil Eorpach (MTE) a fháil le simpliú agus le soiléiriú freisin. Thairis sin, spreagtar comhlachtaí um chaighdeánú agus Comhlachtaí um Measúnú Teicniúil san Eoraip chun modhanna nach mbaineann ualach chomh trom sin leo a chur in ionad tástála sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe, amhail modhanna tuairisciúla, agus chun aicmí a thabhairt isteach, chomh fada agus is féidir, sna caighdeáin chomhchuibhithe chun úsáid na gcoincheap "gan tástáil" nó "gan tuilleadh tástála" a éascú. Ar deireadh, le tabhairt isteach an Doiciméadúcháin Theicniúil Sonraigh (DTS) éascófar malartú torthaí ó thástálacha a bheidh déanta ag tríú páirtithe, chomh maith le cascáidiú tástála, i.e. aistriú torthaí tástála ó chéimeanna réamhtheachtacha go dtí céimeanna iartheachtacha an táirgthe nó ó sholáthróir córas nó dearthóir samhlacha go dtí cóimeálaí córas nó samhlacha den sórt sin. Táthar ag tnúth leis go laghdóidh na bearta seo, ar dhóigh thábhachtach, an costas riaracháin a ghabhann le táirgí foirgníochta a chur ar an margadh Eorpach gan leibhéal na sábháilteachta a laghdú ag oibreacha foirgníochta. Is féidir na bearta simpliúcháin is tábhachtaí dá bhforáiltear sa togra a rangú mar seo a leanas: 3.3.1. Bearta a chuirfear i bhfeidhm ar bhonn ginearálta Córais le haghaidh seasmhacht feidhmíochta a mheasúnú agus fhíorú – Athrú ó 6 go 5 chóras trí bhíthin an t-iarchóras 2 a dhíothú; – Simpliú iarchóras 1+ trí bhíthin deireadh a chur le tástáil iniúchóireachta ar an láithreán tógála agus ar an margadh. Mar cheanglas leis an gcóras seo, an córas lena n-éilítear an méid is mó de réir TTF, sa bhreis ar na tástálacha a dhéantar san ionad táirgthe sula gcuirtear an táirge ar an margadh, tá foireann tástálacha ar féidir iad a dhéanamh ar an táirge atá ar an margadh cheana nó ar an láithreán tógála. Cuireadh deireadh leis an gceanglas le haghaidh tástálacha den sórt sin. – Tabhairt isteach "tástálacha finné", i.e. an féidearthacht tástálacha a dhéanamh in ionad táirgthe an mhonaróra, le go seachnófar samplaí de tháirgí a bhogadh go dtí saotharlann an chomhlachta a dtugtar fógra dó. Modhanna lena bhfuil sé beartaithe costas na tástála a laghdú – Córas bog a thabhairt isteach ina mbeidh an dearbhú feidhmíochtaí ón monaróir tacaithe le Doiciméadúchán Teicniúil Sonrach (DTS) amháin, a choinneoidh an monaróir sa mhonarcha ar fáil d'údaráis fhaireachán an mhargaidh. Trí bhíthin DTS, cruthaítear na huirlisí seo a leanas: – Gan tástáil: faoi choinníollacha ar leith, le sainiú sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe nó le cinneadh ón gCoimisiún, ní mór an táirge a mheas gan aon tástáil a dhéanamh air, mar tháirge oiriúnach le haghaidh sainúsáide nó atá ábalta leibhéal sonrach nó aicme shonrach feidhmíochta a bhaint amach; – Gan tuilleadh tástála: ar an dóigh chéanna, ar bhonn roinnt tástálacha a dhéanfaidh tríú páirtí, agus ar choinníollacha ar leith, atá le sainiú sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe nó le cinneadh ón gCoimisiún, ní mór an táirge a mheas gan tuilleadh tástála, mar oiriúnach le haghaidh úsáide sonraí nó mar ábalta leibhéal sonrach nó aicme shonrach feidhmíochta a bhaint amach; – Cineál-tástáil a chomhroinnt: Beidh monaróirí in ann úsáid a bhaint as torthaí ó thástálacha a rinne tríú páirtí chomh fada is a bhfuil na fachtóirí lena sainítear an cineál táirge seo i gcoiteann ag na táirgí, i.e. úsáidtear na bunábhair chéanna iontu agus monaraítear iad le córais táirgthe atá cosúil lena chéile; – Cineál-tástáil a chascáidiú: Is féidir le monaróirí a chóimeálann feisteáin nó córais úsáid a bhaint as torthaí na dtástálacha a rinne soláthróirí na feisteáin nó na gcóras sin, faoina n-údaraithe agus a dtreorach. Ina theannta sin, níor chóir tástálacha a dhéantar ag céimeanna réamhtheachtacha sa phróiseas táirgthe a dhéanamh arís ag céimeanna iarmhartacha, ar choinníoll nach n-athraítear na saintréithe feidhmíochta. Beidh tionchar tábhachtach ag na bearta seo ar laghdú an chostais a bhaineann le táirgí a chuirtear ar an margadh gan sábháilteacht na n-oibreacha i mbun a dtógála a laghdú. Rachaidh siad chun leasa GBManna go háirithe. Ag leanúint as na bearta coincréiteacha thuas, iarrtar go foirmiúil ar scríbhneoirí na sonraíochtaí teicniúla modhanna meastóireachta, nach mbaineann ualach chomh trom céanna leo is a bhaineann le tástáil, a úsáid ina sonraíochtaí teicniúla nuair is féidir. 3.3.2. Bearta chuirfear i bhfeidhm ar bhonn sonrach Láimhseáil táirgí a mhonaraítear ina n-aonar Simplítear láimhseáil táirgí a mhonaraítear ina n-aonar trí DTS nua a úsáid. Arís, baineann an beart simpliúcháin seo leis na cuideachtaí ar fad a mhonaraíonn táirgí dá leithéidí, ach tá tábhacht ar leith ag baint leis i gcomhair GBManna agus, go háirithe, i gcomhair ceardaithe agus mionghnóthas. Déileáil le mionghnóthais Thairis sin, foráiltear leis an togra do dhéileáil shonrach i gcomhair mionghnóthas, dá dtugtar an deis DTS a chur in ionad an chórais is infheidhme lena measúnaítear agus lena bhfíoraítear seasmhacht feidhmíochta, gan idirghabháil ó thríú páirtí, cé is moite de tháirgí ag a bhfuil ról an-tábhachtach maidir le sábháilteacht na n-oibreacha a áirithiú. 3.3.3. An Córas um Measúnú Teicniúil Eorpach (MTE) De bhun TTF, is é córas na ndoiciméad Eorpach um fhaomhadh teicniúil an bealach chuig comharthú CE a choimeádtar le haghaidh táirgí nach bhfolaítear faoi caighdeáin chomhchuibhithe ar bith. Cáineadh an córas seo go minic de dhroim a chastachta, a chostais agus a easpa trédhearcachta go príomha. Ar an gcéad dul síos, ba chóir a chur san áireamh, in éagmais caighdeáin chomhchuibhithe, gurb é go bunúsach atá san obair a bhaineann le doiciméad Eorpach um fhaomhadh teicniúil a éisiúint ná sonraíocht theicniúil nua a chruthú, i.e. cinneadh ar na tástálacha nó modhanna measúnaithe eile atá le cur i bhfeidhm ar tháirge chun meastóireacht a dhéanamh ar a fheidhmíocht. I bhfírinne, is cúram casta agus deacair é seo, a bhfuil gá leis ionas go bhféadfaí an táirge a chur ar an margadh agus comharthú CE air. Tá an cleachtas seo ann i mBallstáit leis na blianta, rud a mhíníonn an fáth a bhfuil comhlachtaí tathagacha náisiúnta sa réimse seo. Léirigh torthaí an chomhairliúcháin le geallsealbhóirí go bhfuil an bealach seo fós riachtanach agus bailí, ach go bhfuil gá le feabhsuithe. Is é cuspóir an athbhreithnithe, dá bhrí sin, an córas a shimpliú sa mhéad gur féidir, trí na nósanna imeachta a shimpliú, tuilleadh trédhearcachta a chur sa chóras agus trí ról níos mó a thabhairt do mhonaróirí maidir le hábhar an mheasúnuithe a chinneadh. Is féidir an achoimre seo a leanas a dhéanamh ar na príomhathruithe a bheartaítear don chóras: 1. Leanfaidh Measúnuithe Teicniúla Eorpacha (MTE) mar bhealach saorálach chuig comharthú CE, mar mhalairt rogha ar úsáid chaighdeán comhchuibhithe. D'fhéadfaí MTE a dhéanamh fiú nuair a bheadh caighdeán comhchuibhithe ann don táirge céanna, ag tabhairt breis solúbthachta agus rogha don mhonaróir amhlaidh. 2. Faoi láthair, níl critéir in TTF i ndáil le hinniúlacht earnála Comhlachtaí um Measúnú Teicniúil. Go contrártha, leagtar síos go follasach leis an togra critéir dhiana dóibh, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le hinniúlacht earnála, ach freisin iad siúd a bhaineann le hinniúlacht theicniúil i gceann amháin nó níos mó de 11 fhearann earnála sainithe. 3. Tugtar aitheantas sa chóras reatha do dhá bhealach chun doiciméad Eorpach um fhaomhadh teicniúil a fháil, mar atá na Treoirlínte (TFTEanna) agus Nós Imeachta Comhthuisceana um Measúnú (NICM). Cuirfear bealach simplithe amháin in ionad an dá bhealach seo, an Doiciméad Eorpach um Measúnú (DEM). 4. Tugtar ról fíorthábhachtach don mhonaróir i bhforbairt an DEM, toisc gurb eisean a chinneann na saintréithe lena ndéileálfar; a idirghabhálann sa nós imeachta agus a shíníonn an conradh críochnaitheach nuair is eol dó go beacht clár oibre, am agus costas an nós imeachta. 5. I dtéarmaí ama, tuartar sa nós imeachta molta, mar chuspóirí, 4.5 mí chun an DEM a chur le chéile, i gcomparáid le meán tréimhsí (nár foráladh dóibh in TTF) a mheastar mar 14.5 mí i gcomhair NICM agus níos mó ná 24 mí chun TFTE a ullmhú. 4. eilimintí dlíthiúla an togra 4.1. Achoimre ar an ngníomh atá molta Leis an Rialachán molta foráiltear d'aisghairm TTF. Go ginearálta, nuair a aisghairtear ionstraim bíonn feidhm ag prionsabal na "gcruthanna comhthreomharacha" is é sin le rá, go gcuirfí aisghairm Treorach i bhfeidhm trí bhíthin Treorach a ghabhfadh a hionad. De dhroim na n-imthosca ar leith a bhaineann leis an gcás seo, eadhon: · ceisteanna a bhaineann le héifeachtúlacht an Rialacháin maidir le comhlíonadh na gcuspóirí le haghaidh an Mhargaidh Inmheánaigh; · táithí ón TTF atá ann faoi láthair, a léiríonn difríochtaí tábhachtacha in ábhar agus in uainiú na dtrasuíomh a dhéanann Ballstáit, ag a raibh tionchar diúltach ar fheidhmiú an Mhargaidh Inmheánaigh do tháirgí foirgníochta. · deacrachtaí praiticiúla de bharr na dtrasuíomh éagsúil, a léirítear go maith leis an gcor atá ann faoi láthair maidir leis an stádas atá ag comharthú CE. Trasuíodh TTF ar dhóigh go bhfuil comharthú CE ar bhonn saorálach i gceithre Bhallstát agus éigeantach sna Ballstáit eile. Tá lucht tionscail an-mhíshásta leis an gcor seo; fós féin, níor réitíodh an aincheist seo go dtí seo. Meastar gurb é an modh is éifeachtúla chun TTF a athrú ionstraim is infheidhme go díreach a chur ina hionad. Dá bhrí sin, roghnaítear Rialachán mar an ionstraim is cóir a mholadh, mar go bhfuil sé infheidhme go díreach. Táthar ag tnúth leis go seachnófar amhlaidh fadhb na héagsúlachta i léiriú agus i gcur chun feidhme na mBallstát. 4.2. Bunús dlí Tá an togra bunaithe ar Airteagal 95 den Chonradh. 4.3. Coimhdeacht Tá an togra bunaithe ar phrionsabal soiléir lena ndáiltear inniúlachtaí agus freagrachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit i réimse an phróisis foirgníochta. Tá na Ballstáit freagrach as a áirithiú go ndeartar agus go dtógtar foirgnimh agus oibreacha innealtóireachta sibhialta ina gcríoch ar bhealach nach ndéanann dochar do shábháilteacht daoine, ainmhithe clóis ná réadmhaoine, agus buncheanglais eile á n-urramú ar son an leasa choitinn. Ar an taobh eile, is é cuspóir na hionstraime seo de reachtaíocht Chomhphobail an creat a sholáthar chun Margadh Inmheánach do tháirgí foirgníochta a bhaint amach, rud as a bhfuil freagracht ar an Aontas de réir an Chonartha. Ní fhéadfar constaicí teicniúla a scriosadh i réimse na foirgníochta, fad is nach féidir iad a scriosadh trí aitheantas frithpháirteach ar choibhéis i measc na mBallstát, ach amháin trí bhunú comhfhriotail theicniúil lena gcuirfidh monaróirí an fheidhmíocht in iúl i ndáil le tréithe sainiúla na dtáirgí foirgníochta a chuireann siad ar an margadh. Is é an aidhm is mó atá ag an reachtaíocht mholta na ceanglais is gá a sholáthar chun an friotal teicniúil comhchuibhithe seo a bhunú. 4.4. Prionsabal na comhréireachta Tá an togra tógtha go mór ar chleachtais, nósanna imeachta agus infrastruchtúr atá ann faoi láthair, agus ar a ndéanann sé comhdhlúthú, soiléiriú agus simpliú, seachas infrastruchtúr agus bearta nua a chruthú. Maidir le neartú na gcritéar le haghaidh fógra a thabhairt do chomhlachtaí atá ag déanamh cúraimí tríú páirtí sa phróiseas lena measúnaítear agus lena bhfíoraítear seasmhacht feidhmíochta, chomh maith leis na forálacha sa chlásal cosanta, cloítear go docht leis an gCreat Nua Dlíthiúil. Tá critéir maidir le hainmniú agus fógra a thabhairt do na comhlachtaí um measúnú teicniúil ar an dul céanna le roinnt oiriúnuithe lena gcuirtear san áireamh na sainfheidhmeanna a ghabhfaidh na comhlachtaí seo de láimh. 2008/0098 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE LENA LEAGTAR SÍOS COINNÍOLLACHA COMHCHUIBHITHE MAIDIR LE TÁIRGÍ FOIRGNÍOCHTA A MHARGÚ (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún [6], Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa [7], Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún [8], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh [9], De bharr an méid seo a leanas: (1) Ceanglaítear le rialacha na mBallstát nach mór go ndearfaí agus go gcuirfí oibreacha foirgníochta i gcrích ar bhealach nach ndéanann dochar do shábháilteacht daoine, ainmhithe clóis ná réadmhaoine. (2) Tá tionchar díreach ag na rialacha sin ar na ceanglais maidir le táirgí foirgníochta. Dá bhíthin sin, léirítear na ceanglais sin le caighdeáin náisiúnta do tháirgí, doiciméid náisiúnta um fhaomhadh teicniúil agus sonraíochtaí teicniúla naisiúnta eile agus forálacha i ndáil le táirgí foirgníochta. De dhroim a n-éagothroime, cuireann na ceanglais sin laincis ar thrádáil laistigh den Chomhphobal. (3) Le Treoir 89/106/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát i ndáil le táirgí foirgníochta [10], bhíothas ag iarraidh constaicí teicniúla ar thrádáil i réimse na dtáirgí foirgníochta a scriosadh, chun cur lena saorghluaiseacht sa mhargadh inmheánach. (4) Chun an cuspóir sin a bhaint amach, foráladh le Treoir 89/106/CEE go mbunófaí caighdeán comhchuibhithe do tháirgí foirgníochta agus go ndeonófaí doiciméad Eorpach um fhaomhadh teicniúil. (5) Ba chóir ionstraim nua a chur in ionad Threoir 89/106/CEE chun an creat atá ann faoi láthair a shimpliú agus a shoiléiriú, agus chun cur le trédhearcacht agus éifeachtúlacht na mbeart atá ann faoi láthair. (6) Is gá nósanna imeachta simplithe a fhoráil le haghaidh tarraingt suas dearbhuithe feidhmíochta chun an t-ualach airgeadais ar GBManna agus, go háirithe, ar mhionghnóthais a laghdú. (7) Le Rialachán [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus faireachán an mhargaidh i ndáil le margú táirgí agus Cinneadh [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchreat le haghaidh margú táirgí, foráiltear do chreat cothrománach dlí le haghaidh margú táirgí sa mhargadh inmheánach. Dá bhrí sin, ba chóir go gcuirfí an creat dlí sin san áireamh sa Rialachán seo. (8) Ní fhéadfar constaicí teicniúla i réimse na foirgníochta a scriosadh ach amháin trí bhíthin sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe a bhunú chun feidhmíocht táirgí foirgníochta a mheasúnú. (9) Ba chóir go bhfolódh na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe sin tástáil, ríomh agus modhanna eile, arna sainiú de réir caighdeán comhchuibhithe agus Doiciméad Eorpach um Measúnú (DEManna), chun feidhmíocht i ndáil le buntréithe táirgí foirgníochta a mheasúnú. (10) Ba chóir go mbeadh na modhanna a úsáideann na Ballstáit ina gceanglais ar oibreacha, comh maith le rialacha náisiúnta eile i ndáil le buntréithe táirgí foirgníochta, i gcomhréir le sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe. (11) Is gá na buncheanglais ar oibreacha a bhunú chun an bonn a sholáthar le haghaidh ullmhú na sainorduithe agus na gcaighdeán comhchuibhithe agus le haghaidh cur le chéile na DEManna do tháirgí foirgníochta. (12) I gcásanna cuí, ba chóir go mbunófaí leibhéil feidhmíochta i ndáil leis na buntréithe, atá le comhlíonadh ag táirgí foirgníochta i mBallstáit, sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe chun leibhéil éagsúla de bhuncheanglais ar oibreacha a chur san áireamh i gcás oibreacha ar leith, comh maith leis na difríochtaí maidir le haeráid, geolaíocht agus tíreolaíocht agus gnáthchoinníollacha eile atá difriúil sna Ballstáit. (13) Aithnítear an Coiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus an Coiste Eorpach um Chaighdeánú Leictriteicniúil (CENELEC) mar na heagraíochtaí inniúla le haghaidh glacadh caighdeán comhchuibhithe i gcomhréir leis na treoirlínte ginearálta do chomhar idir an Coimisiún agus an dá eagraíocht sin a síníodh an 28 Márta 2003. (14) Ba chóir go soláthródh na caighdeáin chomhchuibhithe sin na huirlisí cuí chun measúnú comhchuibhithe a dhéanamh ar fheidhmíocht táirgí foirgníochta i ndáil lena mbuntréithe. Ba chóir caighdeáin chomhchuibhithe a bhunú ar bhonn sainorduithe arna nglacadh ag an gCoimisiún, lena bhfolaítear na haicmí ábhartha de tháirgí foirgníochta, i gcomhréir le hAirteagal 6 de Threoir 98/34/CE. (15) Ba chóir go simpleofaí na nósanna imeachta faoi Threoir 89/106/CEE lena ndéantar measúnú ar fheidhmíocht i ndáil le buntréithe táirgí foirgníochta nach bhfolaítear faoi caighdeán comhchuibhithe ionas go mbeadh siad ní ba thrédhearcaí agus chun costas táirgí foirgníochta ar mhonaróirí a laghdú. (16) Le go mbeadh monaróirí agus iompórtálaithe táirgí foirgníochta in ann dearbhú feidhmíochta a tharraingt suas do tháirgí foirgníochta nach bhfolaítear faoi chaighdeán comhchuibhithe, is gá go bhforálfar do Mheasúnú Teicniúil Eorpach. (17) Chun breis solúbthachta a sholáthar don mhonaróir agus don iompórtálaí le haghaidh measúnú ar fheidhmíocht an táirge foirgníochta a bhfuil sé de rún aige a chur ar an margadh, ba chóir go mbeadh sé de cheart aige Measúnú Teicniúil Eorpach a iarraidh sa chás go bhfolaíonn caighdeán comhchuibhithe an táirge freisin. (18) Ba chóir go mbeadh cead ag monaróirí agus iompórtálaithe de tháirgí foirgníochta a iarraidh go ndéanfaí measúnú teicniúil Eorpach ar a dtáirgí ar bhonn na dtreoirlínte um fhaomhadh teicniúil Eorpach a bunaíodh de réir Threoir 89/106/CEE. Dá bhrí sin, ní mór bailíocht leanúnach na dtreoirlínte seo mar DEManna a áirithiú. (19) Ba chóir go gcuirfí bunú dréacht-DEManna agus éisiúint Measúnuithe Teicniúla Eorpacha faoi chúram Comhlachtaí um Measúnú Teicniúil (CMT) arna n-ainmniú ag na Ballstáit. Chun a áirithiú go bhfuil an inniúlacht riachtanach ag CMTanna chun na cúraimí sin a dhéanamh, ba chóir na ceanglais maidir lena n-ainmniú a leagan amach ag leibhéal Comhphobail. Dá bhrí sin, is gá, freisin, foráil a dhéanamh do mheasúnuithe tréimhsiúla ar CMTanna le CMTanna ó Bhallstáit eile. (20) Ba chóir go mbunódh na CMTanna eagraíocht chun na nósanna imeachta i gcomhair bunú dréacht-DEManna a chomhordú agus i gcomhair eisiúint na Measúnuithe Teicniúla Eorpacha. (21) Agus táirgí foirgníochta, ata folaithe ag caighdeán comhchuibhithe nó ar eisíodh Measúnú Teicniúil Eorpach ina leith, á gcur ar an margadh, ba chóir go ngabhfadh dearbhú feidhmíochta leo i ndáil le buntréithe an táirge i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe ábhartha. (22) Ba chóir go mbeadh an monaróir i dteideal gan dearbhú feidhmíochta a dhéanamh maidir leis na buntréithe táirgí feidhmíochta sin nach bhfuil ceanglais ann dóibh san áit ina bhfuil sé de rún aige an táirge a chur ar an margadh. (23) Sa chás nach bhfuil ceanglais i ndáil le buntréithe táirgí foirgníochta ann san áit ina bhfuil sé de rún ag an monaróir an táirge a chur ar an margadh, ba chóir go mbeadh cead aige táirge dá leithéid a chur ar an margadh gan dearbhú feidhmíochta. (24) Is gá foráil a dhéanamh do nósanna imeachta simplithe le haghaidh tarraingt suas dearbhuithe feidhmíochta chun an t-ualach airgeadais ar GBManna, agus go háirithe ar mhionghnóthais, a laghdú. (25) Lena áirithiú go bhfuil an dearbhú feidhmíochta cruinn agus iontaofa, ba chóir feidhmíocht an táirge foirgníochta a mheasúnú agus an próiseas táirgthe sa mhonarcha a rialáil i gcomhréir le córas cuí lena measúnófaí agus lena bhfíorófaí seasmhacht feidhmíochta an táirge foirgníochta. (26) I bhfianaise shainiúlacht na dtáirgí foirgníochta agus aidhm an chórais lena ndéantar measúnú orthu, níl na nósanna imeachta don mheasúnú ar chomhlíonadh dá bhforáiltear le Cinneadh (CE) ......, agus na modúil a leagtar amach leis an gCinneadh sin, oiriúnach do na táirgí sin. Dá bhrí sin, ba chóir go mbunófaí modhanna sonracha lena measúnófaí agus lena bhfíorófaí seasmhacht feidhmíochta i ndáil le buntréithe táirgí foirgníochta. (27) De bharr na difríochta maidir leis an mbrí atá ag comharthú CE do tháirgí foirgníochta, i gcomparáid leis na prionsabail ghinearálta a leagtar amach i Rialachán (CE) ..., ba chóir forálacha sonracha a réiteach chun a áirithiú gur soiléir go bhfuil sé éigeantach comharthú CE a ghreamú ar tháirgí foirgníochta agus na hiarmhairtí a bhaineann leis an ngreamú sin. (28) Trí chomharthú CE a chur ar tháirge foirgníochta nó le é a thabhairt ar dhuine eile é a dhéanamh, ba chóir go nglacfadh an monaróir freagracht go gcomhlíonann an táirge sin a fheidhmíocht dhearbhaithe. (29) Ba chóir an comharthú CE a ghreamú le gach táirge foirgníochta dá bhfuil dearbhú feidhmíochta dréachtaithe ag an monaróir i gcomhréir leis an Rialachán seo. Mura bhfuil dearbhú feidhmíochta dréachtaithe, níor chóir comharthú CE a ghreamú. (30) Ba chóir go mbeadh an comharthú CE ar an aon chomharthú amháin lena bhfianaítear go gcomhlíonann an táirge foirgníochta an fheidhmíocht dhearbhaithe agus na ceanglais ábhartha. Dá bhrí sin, níor chóir do na Ballstáit aon chomharthaí sa bhreis a fhorchur ar na táirgí foirgníochta ar a bhfuil sé, nó ní féidir le comhlacht poiblí ar bith nó comhlacht príobháideach ar bith ag gníomhú mar ghnóthas poiblí, nó ag gníomhú mar chomhlacht poiblí as staid mhonaplachta nó faoi shainordú poiblí é sin a dhéanamh, sa chás go bhfreagraíonn na ceanglais ar an úsáid sin sa Bhallstát sin don fheidhmíocht dhearbhaithe. (31) Le go seachnófar tástáil nach gá ar tháirgí foirgníochta, dá léiríodh an fheidhmíocht go leormhaith cheana le torthaí cobhsaí ó thástáil roimh ré nó le sonraí eile a bhí ann, ba chóir go mbeadh cead ag an monaróir, de réir coinníollacha arna socrú sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe nó i gCinneadh ón gCoimisiún, leibhéal nó aicme áirithe feidhmíochta a dhearbhú gan tástáil nó gan tuilleadh tástála. (32) Le go seachnófar dúbláil ar thástálacha a rinneadh cheana, ba chóir go mbeadh cead ag monaróir táirge foirgníochta úsáid a bhaint as na torthaí a fuair tríú páirtí. (33) Chun an costas a laghdú maidir le táirgí a chur ar an margadh, i gcomhair mionghnóthas, is gá go bhforálfar do nósanna imeachta simplithe chun seasmhacht feidhmíochta a mheasúnú agus a fhíorú, nuair nach mbaineann imní thábhachtach maidir le sábháilteacht leis na táirgí i gceist. (34) I gcás táirgí foirgníochta a dheartar agus a mhonaraítear ina n-aonar ba chóir go gceadófaí don mhonaróir úsáid a bhaint as nósanna imeachta simplithe chun seasmhacht feidhmíochta a mheasúnú agus a fhíorú, i gcás ina bhféadtar a léiriú go gcomhlíonann an táirge atá á chur ar an margadh na forálacha rialála is infheidhme. (35) Tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil fáil ar rialacha teicniúla náisiúnta, ionas gur féidir le gnóthais, agus go háirithe GBManna, faisnéis iontaofa agus chruinn a bhailiú faoin dlí atá i bhfeidhm sa Bhallstát ina bhfuil sé de rún acu a dtáirgí a mhargú. Ba chóir, freisin, go mbeadh faisnéis faoi na rialacha is infheidhme maidir le corprú, cóimeáil nó suiteáil cineáil ar leith de tháirge foirgníochta le fáil ó Phointí Teagmhála do Tháirgí a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. ... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...2008] lena leagtar síos nósanna imeachta i ndáil le rialacha teicniúla náisiúnta áirithe a chur i bhfeidhm ar tháirgí a mhargaítear go dleathach i mBallstát eile agus lena n-aisghairtear Cinneadh 3052/95/CE. (36) Chun a áirithiú go gcuirtear reachtaíocht Chomhphobail um chomhchuibhiú i bhfeidhm go coibhéiseach agus go comhsheasmhach, ba chóir do na Ballstáit faireachán éifeachtúil a dhéanamh ar an margadh. Le Rialachán (CE) Uimh. ... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...2008] lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus ar fhaireachán margaidh i ndáil le margú táirgí, soláthraítear na bunchoinníollacha le haghaidh feidhmiú faireacháin mhargaidh dá leithéid. (37) Ba chóir go mbeadh an fhreagracht atá ar Bhallstáit as sábháilteacht, sláinte agus ábhair eile a fholaítear faoi na buncheanglais ar oibreacha ina gcríocha, aitheanta i gclásal cosanta lena bhforáiltear do bhearta cuí cosanta. (38) Ós rud é gur gá a áirithiú go bhfuil leibhéal comhionann feidhmíochta ar fud an Chomhphobail ag comhlachtaí a mheasúnaíonn agus a fhíoraíonn seasmhacht feidhmíochta táirgí foirgníochta agus, ós rud é gur chóir go bhfeidhmeodh gach comhlacht dá leithéidí ag an leibhéal céanna agus faoi choinníollacha cothroma iomaíochta, ba chóir ceanglais a leagan síos le haghaidh comhlachtaí um measúnú feidhmíochta atá ag iarraidh fógra a fháil chun críocha an Rialacháin seo. Ba chóir go bhforálfaí, freisin, go mbeidh faisnéis oiriúnach le fáil faoi chomhlachtaí den sórt sin agus go ndéanfar monatóireacht orthu. (39) Chun leibhéal comhleanúnach cáilíochta a áirithiú maidir le seasmhacht feidhmíochta táirgí foirgníochta a mheasúnú agus fhíorú , is gá freisin ceanglais a bhunú a bheidh infheidhme maidir leis na húdaráis atá freagrach as fógairt don Choimisiún agus do na Ballstáit eile na comhlachtaí a dhéanann na cúraimí seo. (40) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an ghnímh atá molta, eadhon feidhmiú cóir an mhargaidh inmheánaigh do tháirgí foirgníochta trí bhíthin sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe chun feidhmíocht táirgí foirgníochta a chur in iúl, a bhaint amach go leormhaith, agus gur féidir dá bhrí sin iad a bhaint amach níos fearr ag leibhéal Comhphobail, de bharr fairsinge agus iarmhairtí, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar atá arna leagan amach in Airteagal 5 den Chonradh. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal seo é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. (41) Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún [11]. (42) Ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún coinníollacha a bhunú faoina mbeadh fáil ar an dearbhú feidhmíochta ar shuíomh gréasáin, an tréimhse a shocrú lenar chóir do mhonaróirí, iompórtálaithe agus dáileoirí an doiciméadúchán teicniúil agus an dearbhú feidhmíochta a choimeád ar fáil, aicmí feidhmíochta a bhunú i ndáil le buntréithe táirgí foirgníochta, an córas a bhunú lena measúnófar feidhmíocht agus lena bhfianófar seasmhacht na feidhmíochta dearbhaithe le cur i bhfeidhm ar tháirge foirgníochta ar leith nó ar aicme táirgí foirgníochta, leagan amach an Mheasúnaithe Theicniúil Eorpaigh a bhunú, nósanna imeachta a bhunú chun meastóireacht a dhéanamh ar CMTanna agus Iarscríbhinní I go dtí V a leasú. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le heilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia, trína fhorlíonadh chun eilimintí nua neamhriachtanacha, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Threoir 1999/468/CE. (43) Ós rud é gur gá tréimhse lena áirithiú go bhfuil an creat le haghaidh feidhmiú ceart an Rialacháin seo réidh, ba chóir cur i bhfeidhm an Rialacháin a chur siar cé is moite de na forálacha maidir le hainmniú CMTanna, údarás a thugann fógra agus comhlachtaí dá dtugtar fógra, bunú eagraíochta CMTanna agus bunú an Bhuanchoiste, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: CAIBIDIL I Forálacha Ginearálta Airteagal 1 Ábhar Leis an Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir le conas feidhmíocht táirgí foirgníochta a chur in iúl i ndáil lena mbuntréithe agus maidir leis an úsáid a bhaintear as comharthú CE ar na táirgí sin. Airteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: 1. "táirge foirgníochta": táirge nó trealamh ar bith a tháirgtear agus a chuirtear ar an margadh le bheith corpraithe ar dhóigh bhuan in oibreacha foirgníochta nó i gcodanna díobh sa tslí go laghdaítear feidhmíocht na foirgníochta trí dhíchóimeáil an táirge agus gurb ionann díchóimeáil nó malartú an táirge agus oibríochtaí foirgníochta; 2. "oibreacha": foirgnimh agus oibreacha innealtóireachta sibhialta; 3. "buntréithe": tréithe sin an táirge foirgníochta a bhaineann leis na buncheanglais ar oibreacha; 4. "sonraíochtaí teicniúla comchuibhithe": caighdeáin chomhchuibhithe agus Doiciméid Eorpacha um Measúnú; 5. “a chur ar fáil ar an margadh”: aon soláthar táirge foirgníochta lena dháileadh nó lena úsáid ar mhargadh an Chomhphobail le linn gníomhaíochta tráchtála, ar íocaíocht nó saor in aisce; 6. “a chur ar an margadh” táirge foirgníochta a chur ar fáil ar mhargadh an Chomhphobail den chéad uair; 7. “monaróir”: duine nádúrtha nó dlítheanach a mhonaraíonn táirge foirgníochta nó dá monaraítear táirge dá leithéid, faoina ainm nó faoina thrádmharc; 8. "dáileoir": aon duine nádúrtha nó dlítheanach i slabhra an tsoláthair, seachas an monaróir nó an t-iompórtálaí, a chuireann táirge foirgníochta ar fáil ar an margadh; 9. "iompórtálaí": aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe sa Chomhphobal agus a chuireann táirge foirgníochta ó thríú tír ar mhargadh an Chomhphobail; 10. “oibreoirí eacnamaíocha”: an monaróir, an t-iompórtálaí, an dáileoir agus an t-ionadaí údaraithe; 11. "ionadaí údaraithe": aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe sa Chomhphobal agus ag a bhfuil sainordú faighte ón monaróir gníomhú thar a cheann; 12. "caighdeán comhchuibhithe": caighdeán a ghlacann ceann de na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú atá liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/34/CE, ar bhonn iarratais ón gCoimisiún, i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir sin; 13. "Doiciméad Eorpach um Measúnú": doiciméad atá glactha ag eagraíocht na gComhlachtaí um Measúnú Teicniúil; 14. "creidiúnú": ag a bhfuil an bhrí a shainítear dó le Rialachán (CE) Uimh. [...]; 15. "tarraingt siar": aon bheart a bhfuil sé d'aidhm aige cosc a chur air go gcuirfí táirge foirgníochta i slabhra an tsoláthair ar fáil ar an margadh; 16. “aisghlaoch”: aon bheart a bhfuil sé d'aidhm aige táirge foirgníochta a cuireadh ar fáil ar an margadh cheana féin a fháil ar ais; 17. "cineál táirge": feidhmíocht táirge foirgníochta a tháirgtear le meascán áirithe amhábhar nó eilimintí eile i bpróiseas táirgeachta ar leith; 18. "rialú táirgeachta sa mhonarcha": rialú buan inmheánach táirgeachta i monarcha; 19. "mionghnóthas": mionghnóthas mar a mhínítear sa mholadh ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir leis an míniú ar mhionghnóthais, gnóthais bheaga agus gnóthais mheánmhéide [12]; 20. "saolré": na céimeanna leantacha agus nasctha i saol táirge, ó amhábhar a fháil nó ó ghiniúint as acmhainní nádúrtha go dtí an diúscairt deiridh. Airteagal 3 Buncheanglais ar oibreacha agus buntréithe táirgí 1. Leagfar síos buntréithe táirgí foirgníochta i sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe i ndáil leis na buncheanglais ar oibreacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I. CAIBIDIL II Dearbhú feidhmíochta agus comharthú CE Airteagal 4 Coinníollacha maidir le dearbhuithe feidhmíochta a tharraingt suas 1. Déanfaidh an monaróir nó an t-iompórtálaí dearbhú feidhmíochta agus táirge foirgníochta á chur ar an margadh aige, má shásaítear na coinníollacha seo a leanas: (a) go bhfuil an táirge foirgníochta folaithe ag caighdeán comhchuibhithe, nó gur eisíodh Measúnú Teicniúil Eorpach le haghaidh an táirge sin; agus (b) go bhfuil na ceanglais i ndáil le buntréithe an táirge sin i bhfeidhm san áit ina bhfuil sé de rún ag an monaróir nó ag an iompórtálaí an táirge a chur ar an margadh. Féadfaidh an monaróir nó an t-iompórtálaí dearbhú feidhmíochta a dhéanamh i gcás nach bhfuil na ceanglais dá dtagraítear i bpointe (b) i bhfeidhm. 2. Folóidh an dearbhú feidhmíochta dá dtagraítear i mír 1 na buntréithe, ar a laghad, dá bhfuil ceanglais dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1. 3. Toimhdeoidh na Ballstáit go bhfuil an dearbhú feidhmíochta arna tharraingt suas ag an monaróir nó ag an iompórtálaí cruinn agus iontaofa. Airteagal 5 Ábhar an dearbhaithe feidhmíochta 1. Cuirfidh an dearbhú feidhmíochta feidhmíocht táirgí foirgníochta in iúl i ndáil le buntréithe na dtáirgí sin, i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe ábhartha. 2. Beidh an fhaisnéis seo a leanas sa dearbhú feidhmíochta: (a) an cineál táirge dár dréachtaíodh é; (b) liosta de bhunthréithe an táirge foirgníochta dá ndearbhaítear an fheidhmíocht, agus leibhéil nó aicmí na feidhmíochta sin; (c) uimhir thagartha an chaighdeáin chomhchuibhithe, an Doiciméid Eorpaigh um Measúnú nó an Doiciméadúcháin Theicniúil Shonraigh, a úsáideadh chun measúnú a dhéanamh ar gach aon bhuntréith. Airteagal 6 Foirm an dearbhaithe feidhmíochta 1. Soláthrófar cóip den dearbhú feidhmíochta le gach aon táirge a chuirfear ar fáil ar an margadh. I gcás ina seachadfar beart den táirge céanna go húsáideoir aonair, féadfaidh cóip amháin den dearbhú feidhmíochta gabháil leis. 2. Ní fhéadfar an chóip den dearbhú feidhmíochta a sheachadadh ar bhealach leictreonach ach amháin le haontú sainráiteach an fhaighteora. 3. Mar mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfar a bhfuil sa dearbhú feidhmíochta a chur ar fáil ar shuíomh gréasáin i gcomhréir le coinníollacha arna mbunú ag an gCoimisiún. Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 51(2). Tarraingeofar suas an dearbhú feidhmíochta ag úsáid na heiseamláire a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Airteagal 7 Úsáid chomharthú CE 4. Ní dhéanfar an comharthú CE ach ar na táirgí foirgníochta sin dá bhfuil dearbhú feidhmíochta dréachtaithe ag an monaróir i gcomhréir le hAirteagail 4, 5 agus 6. Mura bhfuil dearbhú feidhmíochta dréachtaithe ag an monaróir i gcomhréir le hAirteagail 4, 5 agus 6, ní fhéadfar an comharthú CE a dhéanamh ar tháirgí foirgníochta. Le comharthú CE a dhéanamh ar tháirge foirgníochta nó le é a thabhairt ar dhuine eile é a dhéanamh, glacfaidh an monaróir freagracht as go gcomhlíonann an táirge sin a fheidhmíocht dhearbhaithe. 5. Beidh an comharthú CE ar an aon chomharthú amháin lena bhfianófar go gcomhlíonann an táirge foirgníochta an fheidhmíocht dhearbhaithe. 6. Ní thabharfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta isteach nó tarraingeoidh siad siar aon tagairt do chomharthú comhlíonta seachas an comharthú CE. 7. Ní chuirfidh Ballstáit toirmeasc ná cosc, laistigh dá gcríocha nó faoina bhfreagracht, ar chur ar fáil ar an margadh ná ar úsáid táirgí foirgníochta ar a bhfuil an comharthú CE, sa chás go bhfreagraíonn na ceanglais maidir leis an úsáid seo sa Bhallstát sin don fheidhmíocht dhearbhaithe. 8. Áiritheoidh na Ballstáit nach gcuirfear cosc ar úsáid táirgí foirgníochta ar a bhfuil an comharthú CE le rialacha ná coinníollacha a fhorchuirfeadh comhlachtaí poiblí nó comhlachtaí príobháideacha ag gníomhú mar ghnóthas poiblí, nó ag gníomhú mar chomhlacht poiblí as staid mhonaplachta nó faoi shainordú poiblí, sa chás go bhfreagraíonn na ceanglais ar an úsáid seo sa Bhallstát sin don fheidhmíocht dhearbhaithe. Airteagal 8 Rialacha agus coinníollacha maidir le comharthú CE a ghreamú 1. Beidh an comharthú CE faoi réir na bprionsabal ginearálta a leagtar amach in Airteagal 26a de Rialachán (CE) Uimh. ... 2. Déanfar an comharthú CE go feiceálach, go soléite agus go doscriosta ar an táirge foirgníochta nó ar a phláta sonraí. Sa chás nach bhfuil sé seo indéanta nó mura bhfuil gá ceart leis de bharr nádúr an táirge, déanfar é ar an bpacáistíocht nó ar na doiciméid a ghabhann leis an táirge. 3. Tar éis comharthú CE, cuirfear dhá dhigit dheireanacha na bliana ina ngreamaítear é, ainm nó comhartha aitheantais an táirgeora, cód uathúil aitheantais an táirge foirgníochta agus uimhir an dearbhaithe feidhmíochta. 4. Greamófar an comharthú CE sula gcuirfear an táirge foirgníochta ar an margadh. Féadfar picteagram nó comhartha ar bith eile lena dtaispeántar priacal nó úsáid ar leith a chur ina dhiaidh. Airteagal 9 Pointí Teagmhála do Tháirgí Áiritheoidh gach Ballstát go soláthróidh na Pointí Teagmhála do Tháirgí a bunaíodh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. ... an fhaisnéis faoi aon rialacha teicniúla nó forálacha rialaitheacha is infheidhme maidir le corprú, ar chóimeáil nó ar shuiteáil cineáil táirge foirgníochta ar leith i gcríoch an Bhallstáit sin. CAIBIDIL III Oibleagáidí oibreoirí eacnamaíocha Airteagal 10 Oibleagáidí monaróirí 1. Tarraingeoidh monaróirí suas an doiciméadúchán teicniúil riachtanach lena ndéanfar tuairisc ar na heilimintí ábhartha ar fad a bhaineann leis an bhfianú feidhmíochta dearbhaithe is infheidhme. Tharraing suas monaróirí an dearbhú feidhmíochta i gcomhréir le hAirteagail 4, 5 agus 6, agus cuirfidh siad comharthú CE air i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8. 2. Coimeádfaidh monaróirí an doiciméadúchán teicniúil agus an dearbhú feidhmíochta ar feadh na tréimhse a chinnteoidh an Coimisiún do gach aicme táirgí foirgníochta ar bhonn marthanachta ionchais agus ról an táirge foirgníochta sna hoibreacha. Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 51(2). 3. Áiritheoidh monaróirí go mbeidh nósanna imeachta ann le go gcoinneoidh táirgeadh sraithe an fheidhmíocht dhearbhaithe. Cuirfear athruithe ar an gcineál táirge agus athruithe ar na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe is infheidhme san áireamh go leormhaith. Déanfaidh monaróirí, i ngach cás is cuí, tástáil shamplach ar tháirgí foirgníochta margaithe, lena n-iniúchfar gearáin agus, más gá, lena gcoinneofar clár díobh, agus coinneoidh siad dáileoirí ar an eolas faoi mhonatóireacht dá leithéid. 4. Áiritheoidh monaróirí go mbeidh uimhir chineáil, baiscuimhir, nó uimhir sraithe nó aon eilimint eile lena bhféadfar iad a aithint ar a dtáirgí foirgníochta, nó, sa chás nach féidir de bharr thoirt nó nádúr an táirge, áiritheoidh monaróirí go soláthrófar an fhaisnéis riachtanach ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad ag gabháil leis an táirge foirgníochta. 5. Cuirfidh monaróirí in iúl ar an táirge foirgníochta a n-ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe agus an seoladh ag a bhféadfaidh dul i dteagmháil leo nó, i gcás nach bhféadfar, ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a bheidh ag gabháil leis an táirge foirgníochta. 6. Déanfaidh monaróirí, a mheasann nó ag a bhfuil cúis a chreidiúint nach gcomhlíonann táirge foirgníochta atá curtha ar an margadh acu an fheidhmíocht dhearbhaithe, na bearta ceartaitheacha is gá gan mhoill chun an táirge sin a chur in oiriúint nó chun é a tharraingt siar ón margadh agus é a aisghlaoch ó úsáideoirí deiridh, más cóir. Cuirfidh siad údaráis náisiúnta na mBallstát inar chuir siad an táirge ar fáil ar an eolas gan mhoill ina thaobh seo, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, ar an neamhchomhlíonadh agus ar na bearta ceartaitheacha le déanamh. 7. Soláthróidh monaróirí, ar bhonn iarratais réasúnaithe uathu, an fhaisnéis agus an doiciméadúchán ar fad is gá do na húdaráis náisiúnta inniúla chun a léiriú go gcomhlíonann an táirge foirgníochta an fheidhmíocht dhearbhaithe. Oibreoidh siad i gcomhar leis na húdaráis sin, ar iarratas uathu seo, i ngníomh ar bith chun na priacail a bhaineann le táirgí foirgníochta atá curtha ar an margadh acu a sheachaint. Airteagal 11 Ionadaithe údaraithe 1. Féadfaidh monaróirí, trí bhíthin sainordaithe i scríbhinn, ionadaí údaraithe a cheapadh. Ní fhéadfaidh tarraingt suas doiciméadúcháin theicniúil a bheith ina chuid de shainordú an ionadaí údaraithe. 2. I gcás ina mbeidh ionadaí údaraithe ceaptha ag monaróir, déanfaidh an t-ionadaí na rudaí seo a leanas ar a laghad: (a) an dearbhú feidhmíochta agus an doiciméadúchán teicniúil a choinneáil ar fáil d'údaráis faireacháin náisiúnta ar feadh na tréimhse dá tagraítear in Airteagal 10(2); (b) ar iarratas ó na húdaráis náisiúnta inniúla, an fhaisnéis agus an doiciméadúchán ar fad is gá a sholáthar dóibh chun a léiriú go gcomhlíonann an táirge foirgníochta an fheidhmíocht dhearbhaithe. (c) oibriú i gcomhar leis na húdaráis inniúla, ar iarratas uathu, i ngníomh ar bith chun na priacail a bhaineann le táirgí foirgníochta atá folaithe ag a sainordú a sheachaint. Airteagal 12 Oibleagáidí iompórtálaithe 1. Agus táirge foirgníochta á chur ar mhargadh an Chomhphobail acu, gníomhóidh iompórtálaithe leis an gcúram is cuí i ndáil le ceanglais an Rialacháin seo. 2. Roimh dóibh táirge foirgníochta a chur ar an margadh, áiritheoidh iompórtálaithe go mbeidh measúnú agus fíorú sheasmhacht na feidhmíochta dearbhaithe déanta ag an monaróir. Áiritheoidh siad gur tharraing an monaróir suas an doiciméadúchán teicniúil dá dtagraítear sa chéad fhomhír d'Airteagal 10(1). Tarraingeoidh siad an dearbhú feidhmíochta suas i gcomhréir le hAirteagail 4, 5 agus 6. Áiritheoidh siad freisin go bhfuil an comharthú CE riachtanach ar an táirge, go bhfuil na doiciméid riachtanacha ag gabháil leis agus gur urramaigh an monaróir na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 10(4) agus 10(5). I gcás ina measfaidh iompórtálaí nó go bhfuil cúis aige a chreidiúint nach gcomhlíonann an táirge foirgníochta an dearbhú feidhmíochta, ní fhéadfaidh sé an táirge foirgníochta a chur ar an margadh go dtí go gcomhlíonfaidh sé an dearbhú feidhmíochta a ghabhann leis nó go dtí go gceartófar an dearbhú feidhmíochta. 3. Cuirfidh iompórtálaithe a n-ainm, trádainm cláraithe nó trádmharc cláraithe agus an seoladh ag a bhféadtar dul i dteagmháil leo in iúl ar an táirge foirgníochta nó, i gcás nach bhféadfar, ar an bpacáistíocht nó i ndoiciméad a bheidh ag gabháil leis an táirge. 4. Áiritheoidh iompórtálaithe, agus táirge foirgníochta faoina gcúram, nach ndéanfaidh coinníollacha stórála ná iompair dochar do chomhlíonadh na feidhmíochta dearbhaithe ag an táirge. 5. Déanfaidh iompórtálaithe, a mheasann nó ag a bhfuil cúis a chreidiúint nach gcomhlíonann táirge foirgníochta atá curtha ar an margadh acu an dearbhú feidhmíochta, na bearta ceartaitheacha is gá gan mhoill chun an táirge sin a chur in oiriúint nó chun é a tharraingt siar ón margadh agus é a aisghlaoch ó úsáideoirí deiridh, más cóir. Cuirfidh siad údaráis náisiúnta na mBallstát inar chuir siad an táirge ar fáil ar an eolas gan mhoill ina thaobh seo, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoin neamhchomhlíonadh agus faoi na bearta ceartaitheacha le déanamh. 6. Déanfaidh iompórtálaithe, ar feadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 10(2), cóip den dearbhú feidhmíochta a choinneáil ar fáil d'údaráis fhaireachán an mhargaidh agus áiritheoidh siad go bhféadfar an doiciméadúchán teicniúil a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin dóibh. 7. Soláthróidh iompórtálaithe, ar bhonn iarratais réasúnaithe uathu, an fhaisnéis agus an doiciméadúchán ar fad is gá do na húdaráis náisiúnta inniúla chun a léiriú go gcomhlíonann an táirge foirgníochta an fheidhmíocht dhearbhaithe. Oibreoidh siad i gcomhar leis na húdaráis sin, ar iarratas uathu, i ngníomh ar bith chun na priacail a bhaineann le táirgí foirgníochta atá curtha ar an margadh acu a sheachaint. Airteagal 13 Oibleagáidí dáileoirí 1. Agus táirge foirgníochta á chur ar fáil ar an margadh acu, gníomhóidh dáileoirí leis an gcúram is cuí i ndáil le ceanglais an Rialacháin seo. 2. Roimh dóibh táirge foirgníochta a chur ar fáil ar an margadh, áiritheoidh dáileoirí go bhfuil an comharthú CE atá riachtanach ar an táirge agus go bhfuil na doiciméid atá riachtanach de réir an Rialacháin seo ag gabháil leis agus go bhfuil treoracha agus faisnéis sábháilteachta ag gabháil leis i dteanga atá sothuigthe d'úsáideoirí sa Bhallstát ina gcuirfear an táirge ar fáil ar an margadh agus gur chomhlíon an monaróir agus an t-iompórtálaí na ceanglais arna leagan amach in Airteagal 10(4), Airteagal 10(5) agus Airteagal 12(3) faoi seach. I gcás ina measfaidh dáileoir nó ina mbeidh cúis aige a chreidiúint nach gcomhlíonann an táirge foirgníochta an dearbhú feidhmíochta, ní fhéadfaidh sé an táirge foirgníochta a chur ar an margadh go dtí go gcomhlíonfaidh táirge an dearbhú feidhmíochta a ghabhann leis nó go dtí go gceartófar an dearbhú feidhmíochta. Cuirfidh an dáileoir an monaróir nó an t-iompórtálaí ar an eolas ina thaobh seo chomh maith le húdaráis fhaireachán an mhargaidh, nuair a bhaineann priacal leis an táirge. 3. Áiritheoidh dáileoir, agus táirge foirgníochta faoina chúram, nach ndéanfaidh coinníollacha stórála ná iompair dochar do chomhlíonadh na feidhmíochta dearbhaithe ag an táirge. 4. Déanfaidh dáileoirí, a mheasann nó ag a bhfuil cúis a chreidiúint nach gcomhlíonann táirge foirgníochta atá curtha ar fáil ar an margadh acu an dearbhú feidhmíochta, na bearta ceartaitheacha is gá gan mhoill chun an táirge sin a chur in oiriúint nó chun é a tharraingt siar ón margadh agus é a aisghlaoch ó úsáideoirí deiridh, más cóir. Cuirfidh siad údaráis náisiúnta na mBallstát inar chuir siad an táirge ar fáil ar an eolas gan mhoill ina thaobh seo, le mionsonraí, go háirithe, ar an neamhchomhlíonadh agus ar na bearta ceartaitheacha le déanamh. 5. Soláthróidh dáileoirí do na húdaráis náisiúnta inniúla, ar bhonn iarratais réasúnaithe uathu, an fhaisnéis agus an doiciméadúchán ar fad is gá chun a léiriú go gcomhlíonann an táirge foirgníochta an fheidhmíocht dhearbhaithe. Oibreoidh siad i gcomhar leis na húdaráis sin, ar iarratas uathu seo, i ngníomh ar bith chun na priacail a bhaineann le táirgí foirgníochta atá curtha ar fáil ar an margadh acu a sheachaint. Airteagal 14 Cásanna ina mbaineann oibleagáidí monaróirí le hiompórtálaithe agus dáileoirí Measfar iompórtálaí nó dáileoir a bheith ina mhonaróir chun críocha an Rialacháin seo, sa chás go gcuireann sé táirge ar an margadh faoina ainm nó trádmharc, nó go modhnaíonn sé táirge foirgníochta arna chur ar an margadh cheana sa tslí go bhféadfar cur isteach ar chomhlíonadh na feidhmíochta dearbhaithe agus mar gheall air seo beidh sé faoi réir oibleagáidí an mhonaróra de réir Airteagal 10. Airteagal 15 Sainaithint oibreoirí eacnamaíocha Beidh oibreoirí eacnamaíocha in ann, arna iarraidh sin dóibh, an méad a leanas a chur in iúl d'údaráis fhaireachán an mhargaidh, ar feadh tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 10(2): (a) oibreoir eacnamaíoch ar bith a sholáthair táirge dóibh; (b) oibreoir eacnamaíoch ar bith ar sholáthair siad táirge dó. CAIBIDIL IV Sonraíochtaí Teicniúla Comhchuibhithe Airteagal 16 Caighdeáin chomhchuibhithe 1. Bunóidh na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú atá liostaithe in Iarscríbhinn I de Threoir 98/34/CE caighdeáin chomhchuibhithe ar bhonn sainorduithe arna nglacadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 6 den Treoir sin. 2. Le caighdeáin chomhchuibhithe, soláthrófar na modhanna agus na critéir chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht táirgí foirgníochta i ndáil lena mbuntréithe. Le caighdeáin chomhchuibhithe, i gcás cuí, soláthrófar modhanna nach mbaineann ualach chomh trom agus a bhaineann le tástáil leo chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht táirgí foirgníochta i ndáil lena mbuntréithe. 3. Cinnfidh na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú, leis na caighdeáin chomhchuibhithe, an rialú táirgeachta is infheidhme sa mhonarcha, a chuirfidh san áireamh na coinníollacha sainiúla a bhaineann le próiseas monaríochta an táirge foirgníochta i gceist. 4. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar cé chomh maith is a chomhlíonann chaighdeáin chomhchuibhithe arna mbunú ag na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú an sainordú ábhartha. Foilseoidh an Coimisiún in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh liosta na dtagairtí le haghaidh caighdeán comhchuibhithe a chomhlíonann na sainorduithe ábhartha, agus socróidh sé an dáta a bheidh na caighdeáin sin infheidhme. Foilseoidh an Coimisiún an t-eolas is deireanaí, más ann dó, a bhaineann leis an liosta sin. Airteagal 17 Agóid fhoirmiúil i gcoinne caighdeán comhchuibhithe 1. Sa chás go bhfuil Ballstát nó an Coimisiún den tuairim nach sásaíonn caighdeán comhchuibhithe na ceanglais arna leagan amach sa sainordú ábhartha go hiomlán, cuirfidh an Coimisiún nó an Ballstát atá i gceist an t-ábhar faoi bhráid an Choiste arna bhunú le hAirteagal 5 de Threoir 98/34/CE, agus déanfaidh sé a argóint. Tabharfaidh an Coiste, tar éis dó dul i gcomhairle leis na comhlachtaí Eorpacha ábhartha um chaighdeánú, a thuairim gan mhoill. 2. I bhfianaise tuairim an Choiste, cinnfidh an Coimisiún na tagairtí don chaighdeán comhchuibhithe i gceist a fhoilsiú, nó gan a fhoilsiú, a fhoilsiú le srian, a choimeád, a choimeád le srian nó a aistarraingt ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. 3. Tabharfaidh an Coimisiún an t-eolas don chomhlacht Eorpach um caighdeánú i gceist agus, más gá, iarrfaidh sé go n-athbhreithneofar an caighdeán comhchuibhithe i gceist. Airteagal 18[17] Leibhéil nó aicmí feidhmíochta 1. Féadfaidh an Coimisiún aicmí feidhmíochta a bhunú i ndáil le buntréithe táirgí foirgníochta. Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 51(2). 2. Sa chás nach bhfuil aicmí feidhmíochta bunaithe ag an gCoimisiún i ndáil le buntréithe táirgí foirgníochta, féadfaidh na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú iad a bhunú i gcaighdeáin chomhchuibhithe. I gcás ina bhfuil an Coimisiún tar éis aicmí feidhmíochta a bhunú i ndáil le buntréithe táirgí foirgníochta, bainfidh na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú úsáid as na haicmí sin i gcaighdeáin chomhchuibhithe. 3. Féadfaidh na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú na coinníollacha, faoina measfar go sásaíonn táirge leibhéal nó aicme áirithe feidhmíochta gan tástáil nó gan tuilleadh tástála, a shocrú i sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe. 4. Ní fhéadfaidh na Ballstáit na leibhéil nó aicmí feidhmíochta i ndáil le buntréithe táirgí foirgníochta a shocrú ach amháin i gcomhréir leis na córais aicmiúcháin arna mbunú ag na comhlachtaí Eorpacha um chaighdeánú i gcaighdeáin chomhchuibhithe, nó ag an gCoimisiún. Airteagal 19[18] Seasmhachta feidhmíochta a mheasúnú agus fíorú 1. Déanfar measúnú agus fíorú sheasmhacht na feidhmíochta dearbhaithe atá ag táirgí foirgníochta i ndáil lena mbuntréithe i gcomhréir le ceann de na córais arna leagan amach in Iarscríbhinn V. 2. Socróidh an Coimisiún an córas is infheidhme maidir le táirge foirgníochta ar leith nó ar aicme táirgí foirgníochta de réir na gcritéar seo a leanas: (a) tábhacht an róil atá ag an táirge maidir leis na buncheanglais ar oibreacha; (b) nádúr an táirge; (c) an iarmhairt atá ag inathraitheacht bhuntréithe an táirge foirgníochta i rith shaol seirbhíse an táirge; (d) claonadh chun lochtanna i monaraíocht an táirge. I ngach cás, roghnóidh an Coimisiún an córas lena mbaineann an t-ualach is éadroime i gcomhréir le sábháilteacht. Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 51(2). 3. Léireofar an córas arna shocrú amhlaidh sna sainorduithe le haghaidh caighdeán comhchuibhithe agus sna sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe. Airteagal 20[19] Doiciméad Eorpach um Measúnú 1. Glacfar an Doiciméad Eorpach um Measúnú (DEM) ag eagraíocht na gComhlachtaí um Measúnú Teicniúil dá tagraítear in Airteagal 25(1), ar iarratas ar Mheasúnú Teicniúil Eorpach ó mhonaróir nó ó iompórtálaí, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II. 2. Bunóidh eagraíocht na gComhlachtaí um Measúnú Teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 25(1) na modhanna agus na critéir sa DEM chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht i ndáil leis na buntréithe sin de chuid an táirge foirgníochta a bhaineann leis an úsáid a bheidh ceaptha ag an monaróir dó. 3. Sa DEM, socróidh eagraíocht na gComhlachtaí um Measúnú Teicniúil dá dtagraítear in Airteagal 25(1) an rialú sainiúil táirgeachta sa mhonarcha a bheidh le cur i bhfeidhm, ag cur san áireamh na coinníollacha ar leith a bhaineann le próiseas monaraíochta an táirge foirgníochta i gceist. Airteagal 21 [20] Measúnú Teicniúil Eorpach 1. Comhlacht um Measúnú Teicniúil a eiseoidh an Measúnú Teicniúil Eorpach (MTE), le haghaidh aon táirge foirgníochta, arna iarraidh sin ag monaróir nó ag iompórtálaí ar bhonn DEM i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II. 2. Is é an Coimisiún a bhunóidh struchtúr an MTE. Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 51(2). CAIBIDIL V Comhlachtaí um measúnú teicniúil Airteagal 22 [21] Ainmniú na gComhlachtaí um Measúnú Teicniúil 1. Féadfaidh na Ballstáit Comhlachtaí um Measúnú Teicniúil (CMT) a shainiú i gcás na réimsí táirgí atá liostaithe i dTábla 1 in Iarscríbhinn IV. Na Ballstáit sin a bhfuil CMT ainmnithe acu, déanfaidh siad ainm, seoladh agus na réimsí táirgí ar ainmníodh an CMT sin dóibh a chur in iúl do na Ballstáit eile agus don Choimisiún. 2. Déanfaidh an Coimisiún liosta na CMTanna a chur ar fáil don phobal agus luafaidh sé na réimsí táirgí ar ainmníodh an CMT dóibh. Déanfaidh an Coimisiún an t-eolas is deireanaí, más ann dó, a bhaineann leis an liosta sin a chur ar fáil don phobal. Airteagal 23 [22] Ceanglais ar na CMTanna 1. Comhlíonfaidh an CMT na ceanglais atá leagtha amach i dTábla 2 d'Iarscríbhinn IV. 2. Má scoireann CMT de bheith ag comhlíonadh na gceanglas dá dtagraítear i mír 1, tarraingeoidh an Ballstát ainmníocht an CMT sin siar. 3. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas maidir lena nósanna imeachta náisiúnta d'fhonn CMTanna a mheasúnú, maidir leis an monatóireacht a dhéanann siad ar an ngníomhaíochtaí, agus maidir le haon athruithe ar an bhfaisnéis sin. Cuirfidh an Coimisiún an t-eolas sin ar fáil don phobal. Airteagal 24 [23] Meastóireacht ar na CMTanna 1. Fíoróidh na CMTanna cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann CMTanna eile na critéir a leagtar amach i dTábla 2 d'Iarscríbhinn IV. Reáchtálfaidh an eagraíocht dá dtagraítear in Airteagal 25(1) an mheastóireacht uair amháin gach ceithre bliana laistigh de na réimsí táirgí a liostaítear i dTábla 1 d'Iarscríbhinn IV, réimsí táirgí ar ainmníodh an CMT dóibh. 2. Bunóidh an Coimisiún nósanna imeachta chun an mheastóireacht a dhéanamh, lena n-áirítear nósanna imeachta cuí um achomhairc in aghaidh cinntí a ghlafar de bharr na meastóireachta. Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 51(2). Ní féidir le CMT meastóireacht a dhéanamh ar CMT eile arb as an Ballstát céanna dó. 3. Déanfaidh an eagraíocht a ndéantar tagairt dó in Airteagal 25(1) torthaí na meastóireachtaí a dhéanfar ar na CMTanna a chur in iúl do na Ballstáit uile agus don Choimisiún. I gcomhar leis na Ballstáit, déanfaidh an Coimisiún monatóireacht ar chomhlíonadh na rialacha agus ar dhea-fheidhmiú na meastóireachtaí a dhéanfar ar na CMTanna. Airteagal 25 [24] Comhordú na CMTanna 1. Bunóidh na CMTanna eagraíocht a mbeidh measúnú teicniúil de chúram uirthi, dá ngairtear "eagraíocht na CMTanna" anseo feasta. 2. Beidh de chúram ar eagraíocht na CMTanna an méid seo a leanas: (a) cur i bhfeidhm na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 19 agus in Iarscríbhinn II a chomhordú agus an tacaíocht is gá chuige sin a chur ar fáil; (b) an Coimisiún a chur ar an eolas dhá uair sa bhliain maidir le haon saincheist a bhaineann le hullmhú na DEManna agus maidir le haon ghné a bhaineann le léiriú na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar amach in Airteagal 19 agus Iarscríbhinn II; (c) DEManna a ghlacadh; (d) an mheastóireachta dhéanfar ar na CMTanna a eagrú; (e) comhordú na CMTanna a áirithiú. 3. Féadfaidh an Coimisiún cuidiú a thabhairt d'eagraíocht na CMTanna na cúraimí dá dtagraítear i bpointe (e) de mhír 2 a dhéanamh. Féadfaidh an Coimisiún creatchomhaontú comhpháirtíochta a chur i gcrích le heagraíocht na CMTanna chuige sin. 4. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfaidh na CMTanna acmhainní daonna agus airgeadais d'eagraíocht na CMTanna. CAIBIDIL VI Nósanna imeachta simplithe Airteagal 26 [25] Doiciméadúchán Teicniúil Sonrach a úsáid 1. Nuair a chinnfidh an monaróir ar an gcineál táirge, tig leis Doiciméadúchán Teicniúil Sonrach (DTS) a chur in áit na cineál-tástála nó in áit an cineal-áirimh. Leis sin léireofar an méid seo a leanas: (a) go meastar, i gcás gné bunriachtanaí amháin nó gnéithe bunriachtanacha éagsúla den táirge foirgníochta a chuirtear ar an margadh, go meastar go bhfuil leibhéal nó aicme áirithe feidhmíochta bainte amach ag an táirge gan tástáil ná áireamh, nó gan a thuilleadh tástála ná áirimh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sa tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe ábhartha nó sa Chinneadh ábhartha ón gCoimisiún; (b) go bhfuil an cineál táirge céanna ag an táirge foirgníochta a chuirtear ar an margadh agus atá ag táirge foirgníochta eile, arna dhéanamh ag monaróir eile, táirge a ndearnadh tástáil air cheana i gcomhréir leis an tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe ábhartha. Nuair a chomhlíonfar na coinníollacha seo beidh an monaróir i dteideal feidhmíocht a dhearbhú a fhreagróidh do thorthaí tástála uile an táirge eile seo nó do chuid de na torthaí tástála sin. (c) gur córas déanta de chomhpháirteanna é an táirge foirgníochta a chuireann an monaróir ar an margadh agus go gcuirtear le chéile an táirge sin de réir treoracha beachta arna gcur ar fáil ag soláthróir córais dá leithéid, nó ag soláthróir comhpháirte a ghabhann le córas dá leithéid, soláthróir a thástáil an córas nó an chomhpháirt sin le haghaidh gné riachtanaí amháin nó le haghaidh níos mó ná gné riachtanach amháin i gcomhréir leis an tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe ábhartha. Nuair a chomhlíonfar na coinníollacha seo beidh an monaróir i dteideal feidhmíocht a dhearbhú a fhreagróidh do thorthaí tástála uile an chórais nó na comhpháirte a soláthraíodh dó, nó do chuid de na torthaí tástála sin. Ní fhéadfaidh an monaróir na torthaí tástála arna bhfáil ag monaróir eile a úsáid mura bhfuil údarú an mhonaróra sin faighte aige roimhré. Beidh an monaróir a rinne an tástáil freagrach i gcónaí as cruinneas, iontaofacht agus diongbháilteacht na tástálacha sin. 2. I gcás ina mbainfidh an táirge foirgníochta, dá dtagraítear i mír 1, le haicme táirgí foirgníochta arb é córas 1 nó 2 mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn V, an córas is infheidhme air do mheasúnú agus d'fhíorú seasmhacht feidhmíochta, déanfaidh comhlacht ábhartha deimhniúcháin, dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, an DTS a fhíorú. Airteagal 27 [26] An úsáid a bhaineann mionghnóthais as Doiciméadúchán Teicniúil Sonrach 1. Féadfaidh mionghnóthas DTS a chur in áit an chórais is infheidhme d'fhonn feidhmíocht dhearbhaithe táirge foirgníochta a mheasúnú. Léireoidh an DTS go gcomhlíonann an táirge foirgníochta na ceanglais is infheidhme. 2. Más rud é go mbaineann an táirge foirgníochta le haicme táirgí foirgníochta arb é córas 1, 2, nó 4, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn V, an córas is infheidhme air do mheasúnú agus d'fhíorú seasmhacht feidhmíochta, déanfaidh comhlacht ábhartha deimhniúcháin, dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, an DTS a fhíorú. Airteagal 28 [27] Doiciméadúchán Teicniúil Sonrach a úsáid le haghaidh táirgí a dhéantar ina n-aonar 1. I gcás táirge foirgníochta a dheartar agus a mhonaraítear i bpróiseas táirgthe neamhthionsclaithe mar thoradh ar ordú sonrach, agus a chuirtear isteach i saothar aitheanta amháin, féadfaidh an monaróir DTS a chur in áit an chórais is infheidhme lena measúnaítear an fheidhmíocht, ag léirchruthú, ar an dóigh sin, go gcomhlíonann an táirge sin na ceanglais is infheidhme. 2. Más rud é go mbaineann an táirge foirgníochta, dá dtagraítear i mír 1, le haicme táirgí foirgníochta arb é córas 1, 2, nó 4, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn V, an córas is infheidhme air do mheasúnú agus d'fhíorú seasmhacht feidhmíochta, déanfaidh comhlacht ábhartha deimhniúcháin, dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, an DTS a fhíorú. CAIBIDIL VII na húdáráis a thugann fógra agus na comhlachtaí dá dtugtar fógra Airteagal 29 [28] Fógra a thabhairt Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile i dtaca leis na comhlachtaí a bhfuil údarás acu cúraimí tríú páirtí a dhéanamh sa phróiseas lena measúnaítear agus lena bhfíoraítear seasmhacht feidhmíochta faoin Rialachán seo. Airteagal 30 [29] Na húdaráis a thugann fógra 1. Ainmneoidh na Ballstáit údarás a thugann fógra, údarás a bheidh freagrach as bunú agus cur i gcrích na nósanna imeachta is gá d'fhonn measúnú a dhéanamh ar na comhlachtaí a bheidh le húdarú le cúraimí tríú páirtí a dhéanamh sa phróiseas lena measúnaítear agus lena bhfíoraítear seasmhacht feidhmíochta dearbhaithe chun críocha an Rialacháin seo, agus as monatóireacht a dhéanamh ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra, lena n-áirítear comhlíonadh fhorálacha Airteagal 33. 2. I gcás ina mbeidh an fógra bunaithe ar theastas creidiúnúcháin, féadfaidh na Ballstáit a chinneadh go ndéanfaidh a gcomhlachtaí náisiúnta creidiúnúcháin féin, laistigh de bhrí Rialachán (CE) Uimh.... agus i gcomhréir leis, an measúnú agus an mhonatóireacht dá dtagraítear i mír 1. 3. I gcás ina ndéanfaidh an t-údarás a thugann fógra an measúnú, an fógra nó an mhonatóireacht dá dtagraítear i mír 1 a thairmligean chun comhlachta, a ligean ar fochonradh do chomhlacht nó a chur, ar shlí eile, ar iontaoibh comhlachta nach aonán rialtais é, is aonad dlithiúil a bheidh sa chomhlacht a dtairmligfear chuige nó a gcuirfear ar a iontaoibh agus comhlíonfaidh sé mutatis mutandis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 30. Lena chois sin, déanfaidh comhlacht dá leithéid socruithe ionas go gcumhdófar dliteanais a eascróidh as a chuid gníomhaíochtaí. 4. Glacfaidh an t-údarás a thugann fógra lánfhreagracht as na cúraimí a dhéanfaidh comhlacht a dtairmligfear chuige nó comhlacht a gcuirfear, ar shlí eile, ar a iontaibh. Airteagal 31 [30] Na ceanglais i dtaca leis na húdaráis a thugann fógra 1. Bunófar an t-údarás a thugann fógra sa chruth nach mbeidh aon choinbhleachta leasa ann leis na comhlachtaí dá dtugtar fógra. 2. Eagrófar agus riarfar an t-údarás a thugann fógra sa chruth go gcaomhnófar oibiachtúlacht agus neamhchlaontacht a chuid gníomhaíochtaí; 3. Eagrófar an t-údarás a thugann fógra sa chruth go ndéanfaidh daoine inniúla nach iad na daoine a rinne an measúnú gach aon chinneadh a bhaineann le fógra a thabhairt do chomhlacht um measúnú feidhmíochta. 4. Ní thairgfidh ná ní sholáthróidh an t-údarás a thugann fógra aon ghníomhaíochtaí a dhéanann comhlachtaí dá dtugtar fógra, ná aon seirbhísí sainchomhairle ar bhonn tráchtála ná ar bhonn iomaíoch. 5. Caomhnóidh an t-údarás a thugann fógra rúndacht na faisnéise a gheofar. 6. Beidh fáil ag an údarás a thugann fógra ar leordhóthain de phearsanra inniúil d'fhonn a chuid cúraimí a dhéanamh mar is ceart. Airteagal 32 [31] Ceanglais faisnéise ar na húdaráis a thugann fógra Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas faoina nósanna imeachta náisiúnta maidir le measúnú a dhéanamh ar chomhlachtaí um measúnú feidhmíochta, maidir le fógra a thabhairt do na comhlachtaí sin agus maidir le monatóireacht a dhéanamh ar chomhlachtaí dá dtugtar fógra, agus faoi aon athruithe ar na nithe sin. Cuirfidh an Coimisiún an t-eolas sin ar fáil don phobal. Airteagal 33 [32] Ceanglais ar na comhlachtaí dá dtugtar fógra 1. Chun críche fógra a thabhairt, cloífidh comhlacht um measúnú feidhmíochta leis na ceanglais a leagtar amach i mír 2 go mír 11. 2. Bunófar an comhlacht um measúnú fheidhmíochta faoin dlí náisiúnta agus beidh pearsantacht dhlítheanach aige. 3. Comhlacht tríú páirtí a bheidh sa chomhlacht um measúnú feidhmíochta agus beidh sé neamhspleách ar an eagraíocht nó ar an táirge foirgníochta a ndéanann sé measúnú air. Is féidir a mheas gur comhlacht dá leithéid é comhlacht a bhaineann le comhlachas gnó nó le cónaidhm ghairmiúil a dhéanann ionadaíocht thar ceann gnólachtaí a bhíonn ag plé le dearadh, monarú, soláthar, cóimeáil, úsáid nó cothabháil táirgí foirgníochta a ndéanann sé measúnú orthu, ar chuntar go léirítear go bhfuil sé neamhspleách agus nach bhfuil aon choinbhleachta leasa ann. 4. Ní féidir gurb ionann an comhlacht um measúnú feidhmíochta, an pearsanra atá freagrach as cúraimí tríú páirtí sa phróiseas lena measúnaítear agus lena bhfíoraítear seasmhacht na feidhmíochta dearbhaithe, ná a lucht bainistíochta is sinsearaí agus an dearthóir, monaróir, soláthróir, suiteálaí, ceannaitheoir, úinéir, úsáideoir ná lucht cothabhála na dtáirgí foirgníochta a ndéanann siad measúnú orthu, ná ionadaí údaraithe aon cheann de na páirtithe sin. Ní choiscfidh sin úsáid a bhaint as táirgí measúnaithe atá riachtanach le haghaidh oibríochtaí an chomhlachta dá dtugtar fógra ná úsáid a bhaint as táirgí chun críche pearsanta. Ní bheidh baint dhíreach acu i ndearadh, monarú, tógáil, margú, suiteáil, úsáid ná cothabháil na dtáirgí foirgníochta sin, ná ní dhéanfaidh siad ionadaíocht thar ceann na bpáirtithe a bhíonn i mbun na ngníomhaíochtaí sin. Ní rachaidh siad i mbun aon ghníomhaíochta a d'fhéadfadh a theacht salach ar a neamhspleáchas, ar a mbreithiúnais, ná ar a n-ionracas i ndáil leis na gníomhaíochtaí a dtugar fógra dóibh fúthu. Áiritheoidh an comhlacht dá dtugtar fógra nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí a fhochuideachtaí ná a fhochonraitheoirí difear do rúndacht, d'oibiachtúlacht, ná do neamhchlaontacht a ngníomhaíochtaí i ndáil le measúnú agus fíorú. 5. Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra, agus a phearsanra, na cúraimí tríú páirtí sa phróiseas lena measúnaítear agus lena bhfíoraítear seasmhacht feidhmíochta a chur i gcrích leis an oiread ionracais ghairmiúil agus is féidir agus leis an inniúlacht theicniúl is gá sa réimse i dtrácht, agus beidh siad saor ó gach chineál brú agus meallta, den chineál airgeadais go háirithe, a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar a mbreithiúnais nó ar thorthaí a ngníomhaíochtaí i ndáil le measúnú agus fíorú, go mór mór ó dhaoine nó ó ghrúpaí daoine ar lena leasa atá torthaí na ngníomhaíochtaí sin. 6. Beidh sé ar chumas an chomhlachta dá dtugtar fógra na cúraimí tríú páirtí uile a dhéanamh sa phróiseas lena measúnaítear agus lena bhfíoraítear seasmhacht feidhmíochta, cúraimí a shanntar do chomhlacht dá leithéid i gcomhréir le hIarscríbhinn V agus ar tugadh fógra dó ina dtaobh, cibé acu a dhéanfaidh an comhlacht féin dá dtugtar fógra na cúraimí sin nó a dhéanfar thar a cheann agus faoina fhreagracht iad. I dtaca le gach aon chóras lena measúnaítear agus lena bhfíoraítear seasmhacht feidhmíochta, agus i dtaca le gach cineál nó gach catagóir táirge foirgníochta, saintréithe agus cúraim a dtugtar fógra dó ina thaobh, beidh fáil i gcónaí ag an gcomhlacht dá dtugtar fógra ar na nithe riachtanacha seo a leanas: (a) pearsanra a bhfuil eolas teicniúil acu agus a bhfuil leordhóthain de thaithí iomchuí acu d'fhonn cúraimí tríú páirtí a dhéanamh sa phróiseas lena measúnaítear agus lena bhfíoraítear seasmhacht feidhmíochta; (b) tuairisc ar na nósanna imeachta a ndéanfar an measúnú feidhmíochta dá réir, lena n-áirithítear trédhearcacht agus cumas atáirgthe na nósanna imeachta seo. Beidh beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm lena ndéanfar idirdhealú idir na cúraimí a dheánfar mar chomhlacht dá dtugtar fógra agus aon ghníomhaíocht eile. (c) nósanna imeachta d'fhonn a gcuid gníomhaíochtaí a dhéanamh ag féachaint do mhéid agus do struchtúr na ngnólachtaí, don earnáil ina bhfuil siad, do chastacht ghnéithe teicniúla an táirge i dtrácht agus do chineál an phróisis táirgthe, bíodh sé sin olltáirgeadh nó táirgeadh sraithe. Beidh aige na hacmhainní is gá chun na cúraimí teicniúla agus riaracháin a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a dtugtar fógra dó ina dtaobh a dhéanamh ar bhealach iomchuí agus beidh teacht aige ar an trealamh nó ar na soaráidí uile is gá. 7. Beidh na tréithe seo a leanas ag an bpearsanra a bheidh freagrach as na gníomhaíochtaí a dhéanamh, gníomhaíochtaí ar tugadh fógra don chomhlacht ina dtaobh: (a) oiliúint mhaith theicniúil agus ghairme a chlúdóidh na cúraimí tríú páirtí sa phróiseas lena measúnaítear agus lena bhfíoraítear seasmhacht fheidhmíocht dhearbhaithe an raoin feidhme cuí ar tugadh fógra don chomhlacht ina thaobh; (b) cur amach sásúil ar na ceanglais maidir leis na measúnaithe agus na fíorúcháin a dhéanann siad agus údarás a dhóthain chun oibríochtaí dá leithéid a dhéanamh; (c) cur amach agus tuiscint iomchuí ar na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme agus ar fhorálacha ábhartha an Rialacháin; (d) an cumas is gá chun na teastais, na taifid agus na tuarascálacha a tharraingt suas ionas go léireofar go ndearnadh na measúnuithe agus na fíorúcháin. 8. Ráthófar neamhchlaontacht an chomhlachta dá dtugtar fógra, a luchta bainistíochta is sinsearaí, agus a phearsanra measúnúcháin. Ní bhraithfidh luach saothair lucht bainistíochta is sinsearaí an chomhlacht dá dtugtar fógra ná pearsanra measúnúcháin an chomhlachta sin ar líon na measúnuithe a dhéanfar ná ar thorthaí na measúnaithe sin. 9. Beidh polasaí árachais dliteanais ag an gcomhlacht dá dtugtar fógra seachas i gcás ina nglacfaidh an Stát dliteanas air féin i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, nó i gcás ina mbeidh an Ballstát féin freagrach go díreach as an measúnú nó as an bhfíorú a dhéanfar. 10. Beidh de cheangal ar phearsanra an chomhlachta dá dtugar fógra rúndacht ghairmiúl a urramú maidir leis an bhfaisnéis uile a gheofar agus a chuid cúraimí faoi Airteagal V á ndéanamh aige, ach amháin i ndáil le húdaráis inniúla riaracháin an Bhallstáit ina ndéanfar a chuid gníomhaíochtaí. Cosnófar cearta dílseánaigh. 11. Beidh an comhlacht dá dtugtar fógra páirteach i ngníomhaíochtaí ábhartha caighdeánaithe agus i ngíomhaíochtaí ghrúpa comhordaithe na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra a bhunaítear leis an Rialachán seo, nó áiritheoidh sé go mbeidh a phearsanra measúnaithe ar an eolas fúthu, agus cuirfidh sé i bhfeidhm, mar theoir ghinearálta, na cinntí riaracháin agus na cáipéisí a bheidh mar thoradh ar obair an ghrúpa sin. Airteagal 34 Toimhde an chomhlíonta Más féidir le comhlacht um measúnú feidhmíochta a thaispeáint go gcomhlíonann sé na critéir a leagtar síos sna caighdeáin chomhchuibhithe ábhartha, nó i gcodanna díobh, nithe a bhfuil a gcuid tagairtí foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, measfar go mbeidh na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 33 á gcomhlíonadh aige a mhéid a fholaítear na ceanglais seo leis na caighdeáin chomhchuibhithe is infheidhme. Article 35 [33] Fochuideachtaí na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra agus comhlachtaí dá dtugtar fógra a ligean ar fochonradh. 1. I gcás ina ndéanfaidh comhlacht dá dtugtar fógra cúraimí sonracha a bhaineann le cúraimí tríú páirtí sa phróiseas lena measúnaítear agus lena bhfíoraítear seasmhacht feidhmíochta a ligean ar fochonradh, nó i gcás ina mbainfidh sé leas as fochuideachta, áiritheoidh sé go gcomhlíonfaidh an fochonraitheoir nó an fochuideachta na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 33, agus cuirfidh sé an t-údarás a thugann fógra ar an eolas ina thaobh. 2. Beidh an comhlacht dá dtugtar fógra lánfhreagrach as na cúraimí a dhéanfaidh fochonraitheoir nó fochuideachta cibé áit ina mbunófar iad. 3. Gan toiliú an chliaint ní féidir le fochuideachta gníomhaíochtaí a dhéanamh ná ní féidir leis iad a ligean ar fochonradh. 4. Déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra na doiciméid ábhartha a bhaineann le measúnú cháilíochtaí an fhochonraitheora nó an fhochuideachta agus a bhaineann leis an obair a dhéanfaidh an fochonraitheoir nó an fochuideachta faoi Iarscríbhinn V, déanfaidh sé iad a choimeád ar fáil do na húdaráis náisiúnta. Airteagal 36 [34] Tástálacha i láthair finné 1. I ngeall ar chúiseanna teicniúla, eacnmaíocha nó lóistíochúla, féadfaidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra a chinneadh go ndéanfaidh siad na tástálacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn V, nó go gcuirfidh siad iad á ndéanamh faoina maoirseacht, sna gléasraí monaraíochta ag úsáid trealamh tástála shaotharlann inmheánach an mhonaróra nó, le toiliú roimh ré an mhonaróra, i saotharlann phoiblí nó phríobháideach ag úsáid trealamh tástála na saotharlainne sin. 2. Sula ndéanfar na tástálacha sin, fíoróidh an comhlacht dá dtugtar fógra go bhfuil córas iomchuí calabrúcháin ag an trealamh tástála agus go n-oibríonn an córas sin. Airteagal 37 [35] Iarratas ar fhógra 1. Cuirfidh comhlacht a bheidh le húdarú le cúraimí tríú páirtí a dhéanamh i measúnú agus i bhfíorú seasmhachta feidhmíochta, cuirfidh sé isteach iarratas ar fhógra chuig údarás an Bhallstáit a thugann fógra ina bhfuil an comhlacht sin bunaithe. 2. In éineacht leis an iarratas beidh tuairisc ar na gníomhaíochtaí a bheidh le déanamh, na nósanna imeacht um measúnú agus/nó um fhíorú a mbeidh an comhlacht inniúil orthu, dar leo, mar aon le teastas creidiúnúcháin, más ann dó, arna eisiúint ag an gcomhlacht náisiúnta creidiúnúcháin laistigh de bhrí Rialachán (CE) Uimh. ...., lena bhfianófar go bhfuil na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 33 á gcomhlíonadh ag an gcomhlacht. 3. Más rud é nach féidir leis an gcomhlacht i dtrácht teastas creidiúnúcháin a chur ar fáil, soláthróidh sé don údarás a thugann fógra an fhianaise dhoiciméadach uile is gá d'fhonn comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 33 a fhíorú, a aithint agus monatóireacht rialta a dhéanamh air. Airteagal 38 [36] Nós imeachta um fhógra 1. Ní thabharfaidh an comhlacht a thugann fógra aon fhógra do chomhlachtaí nach gcomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 33. 2. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do na Ballstáit eile trí bhíthin na huirlise leictreonaí lena dtugtar fógra, arna forbairt agus riar ag an gCoimisiún. I gcás fógraí cothrománacha dá dtagraítear sa dara fomhír de Airteagal 3, glacfar, go heisceachtúil, le cóip chrua den fhógra, sa chás nach mbeidh an uirlis iomchuí leictreonach ar fáil dóibh. 3. Ar áireamh san fhógra beidh na sonraí uile faoi na feidhmeanna a bheidh le déanamh, tagairt don tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe ábhartha agus, chun críche an chórais a leagtar amach i bpointe 1.4 d'Iarscríbhinn V, na buntréithe a bhfuil an comhlacht inniúil orthu. Ní gá tagairt a dhéanamh, áfach, don tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe ábhartha i gcás na mbuntréithe seo a leanas: (a) imoibriú le tine; (b) frithsheasmhacht in aghaidh tine; (c) iompraíocht i gcás teagmhála le tine sheachtrach; (d) ionsú torainn. 4. I gcás nach mbeidh fógra bunaithe ar theastas creidiúnúcháin, soláthróidh an t-údarás a thugann fógra an méid seo a leanas don Choimisiún agus do na Ballstáit eile: an fhianaise dhoiciméadach uile lena bhfianófar inniúlacht an chomhlachta agus lena bhfianófar na socruithe a bheidh déanta sa chruth go n-áiritheofar monatóireacht rialta ar an gcomhlacht agus go leanfaidh sé air ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 33. 5. I gcás ina n-úsáidfear teastas creidiúnúcháin ní fhéadfaidh an comhlacht i dtrácht na gníomhaíochtaí a dhéanann comhlacht dá dtugtar fógra a chur i gcrích má dhéanann an Coimisiún agus na Ballstáit eile agóid laistigh de dhá sheachtain tar éis fógra bheith tugtha, agus sa chás nach n-úsáidtear creidiúnúchán, laistigh de dhá mhí tar éis fógra a bheith tugtha. Chun críche an Rialacháin seo ní mheasfar gur comhlacht a thugann fógra aon chomhlacht nach comhlacht dá leithéid é. 6. Cuirfear an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas maidir le haon athruithe ábhartha a dhéanfar ar an bhfógra ina dhiaidh sin. Airteagal 39 [37] Uimhreacha aitheantais agus liostaí na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra 1. Sannfaidh an Coimisiún uimhir aitheantais do gach comhlacht dá dtugtar fógra. Ní shannfaidh sé ach uimhir amháin dá leithéid fiú más rud é go dtugtar fógra don chomhlacht faoi roinnt ionstraimí Comhphobail. 2. Déanfaidh an Coimisiún liosta na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra faoin Rialachán seo a chur ar fáil don phobal, agus beidh ar áireamh sa liosta na huimhreacha aitheantais ar sannadh dóibh agus na gníomhaíochtaí ar tugadh fógra dóibh ina dtaobh. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh an liosta seo i gcónaí cothrom le dáta. Airteagal 40 [38] Athruithe ar an bhfógra 1. I gcás ina bhfionnfaidh údarás a thugann fógra, nó go i gcás ina gcuirfear in iúl dó nach bhfuil comhlacht dá dtugtar fógra ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 33, nó nach bhfuil sé ag comhall a chuid oibleagáidí a thuilleadh, déanfaidh an t-údarás a thugann fógra srian a chur ar an bhfógra, é a chur ar fionraí, nó é a tharraingt siar mar is iomchuí, é sin de réir a thromchúisí a bheidh an chaoi ina mbeidh ag teip ar an gcomhlacht na ceanglais sin a chomhlíonadh nó na hoibleagáidí sin a chomhall. Cuirfidh sé an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach ina thaobh seo. 2. I gcás ina ndéanfar an fógra a tharraingt siar, a shrianadh nó a chur ar fionraí nó i gcás ina scoirfidh an comhlacht dá dtugtar fógra dá ngníomhaíochtaí, déanfaidh an Ballstát i dtrácht a thugann fógra, déanfaidh sé a mbeidh oiriúnach sa chruth go n-áiritheofar go bpróiseálfaidh comhlacht eile dá dtugtar fógra na comhaid nó go mbeidh teacht orthu, má iarrtar sin, ag na húdaráis atá freagrach as fógra a thabhairt agus as faireachán a dhéanamh ar an margadh. Airteagal 41 [39] Agóidí in aghaidh inniúlacht na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra 1. Déanfaidh an Coimisiún imscrúdú ar gach uile chás ina mbeidh sé in amhras faoi, nó ina dtabharfar le fios don Choimisiún go bhfuiltear in amhras faoi, inniúlacht comhlacht dá dtugtar fógra nó faoin gcaoi ina bhfuil comhlacht dá dtugtar fógra ag comhlíonadh na gceanglas agus na bhfreagrachtaí atá air. 2. An Ballstát a thugann fógra, soláthróidh sé don Choimisiún, má iarrtar sin air, an fhaisnéis uile a bhainfidh leis an mbonn a bheidh le fógra a thabhairt nó le hinniúlacht an chomhlachta dtrácht a choimeád. 3. Áiritheoidh an Coimisiún go gcoimeádfar faoi rún an fhaisnéis uile a gheofar le linn a chuid imscrúdúchán. 4. I gcás ina bhfionnfaidh an Coimisiún nach bhfuil comhlacht dá dtugtar fógra ag comhlíonadh na gceanglas maidir lena fhógra, cuirfidh sé sin in iúl don Bhallstát a thugann fógra agus iarrfaidh sé air na bearta ceartaitheacha is gá a dhéanamh, lena n-áirítear an fógra a chur ar ceal, más gá sin. Airteagal 42 [40] Oibleagáidí oibriúcháin do na comhlachtaí dá dtugtar fógra 1. Déanfaidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra cúraimí tríú páirtí i gcomhréir leis na córais lena measúnaítear agus lena bhfíoraítear seasmhacht feidhmíocht dá bhforáiltear in Iarscríbhinn V. 2. Déanfar measúnaithe agus fíorúcháin seasmachta feidhmíochta ar bhealach comhréireach sa chruth nach gcuirfear ualaigh nach bhfuil call leo ar oibreoirí eacnamaíocha. Déanfaidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra a gcuid gníomhaíochtaí ag féachaint do mhéid agus struchtúr na ngnólachtaí, an earnáil in bhfuil siad, castacht choibhneasta ghnéithe teichniúla an táirge i dtrácht agus cé acu le táirgeadh sraithe nó eile a dhéantar an táirge. Lena linn sin áfach, urramóidh sé an déine a cheanglaítear ar an táirge leis an Rialachán seo agus an ról atá ag an táirge ó thaobh sábháilteacht na n-oibreacha de. 3. I gcás ina bhfionnfaidh comhlacht dá dtugtar fógra, le linn gníomhaíochta monatóireachta arb é a sprioc seasmhacht feidhmíochtaí na dtáirgí monaraithe a fhíorú, nach bhfuil an leibhéal céanna feidhmíochta ag táirge foirgníochta a thuilleadh i gcomparáid le leibhéal feidhmíochta an chineáil táirge, ceanglóidh sé ar an monaróir bearta iomchuí ceartaitheacha a dhéanamh agus cuirfidh sé an teastas ar fionraí nó tarraingeoidh sé siar é, más gá sin. 4. Sa chás nach ndéanfar bearta ceartaitheacha nó sa chás nach mbeidh an éifeacht is gá leo, déanfaidh an comhlacht dá dtugtar fógra aon teastais a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar, mar is iomchuí. Airteagal 43 [41] Oibleagáid faisnéise ar na comhlachtaí dá dtugtar fógra 1. Cuirfidh na comhlachtaí dá dtugtar fógra an méid seo a leanas in iúl don údarás a thugann fógra: (a) aon teastais ar diúltaíodh dóibh, ar cuireadh srian orthu, a cuireadh ar fionraí nó a tarraingíodh siar; (b) aon tosca a dhéanann difear do raon feidhme an fhógra agus do na coinníollacha faoina dtugtar é; (c) aon iarratas a gheobhaidh siad ó údárais faireacháin an mhargaidh ar fhaisnéis faoi ghníomhaíochtaí a dhéanfar maidir le measúnú agus/nó fíorú seasmhachta feidhmíochta; (d) má iarrtar air é, cúraimí tríú páirtí i gcomhréir leis na córais le haghaidh measúnú agus fíorú seasmhachta feidhmíocht a dhéanfar laistigh de raon feidhme a bhfógra agus aon ghníomhaíocht eile a dhéanfar, lena n-áirítear gníomhaíochtaí trasteorann agus fochonraitheoireacht. 2. Na comhlachtaí dá dtugtar fógra, déanfaidh siad faisnéis ábhartha faoi shaincheisteanna a bhaineann le torthaí diúltacha agus, arna iarraidh sin air, torthaí dearfacha na measúnuithe agus/nó na bhfíorúchán a sholáthar do na comhlachtaí eile dá dtugtar fógra faoin Rialachán seo a dhéanann cúraimí tríú páirtí cosúla a fholaíonn na tairgí foirgníochta céanna i gcomhréir leis na córais le haghaidh measúnú agus fíorú seasmhachta feidhmíochta. Airteagal 44 [42] Malartú taithí Féachfaidh an Coimisiún chuige go n-eagrófar malartú taithí idir údaráis náisiúnta na mBallstát atá freagrach as an mbeartas maidir le fógraí a thabhairt. Airteagal 45 [43] Comhordú na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh comhordú agus comhar iomchuí ann idir na comhlachtaí dá dtugtar fógra faoi Airteagal 29 agus go riarfar mar is ceart é, eadhon go mbeidh grúpaí comhlachtaí dá dtugtar fógra ann ar leibhéal na hearnála agus ar an leibhéal tras-earnála. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh na comhlachtaí a dtugann siad fógra dóibh páirteach in obair na ngrúpaí sin, go díreach nó trí ionadaithe ainmnithe. CAIBIDIL VIII faireachán ar an margadh agus nósanna imeachta cosanta Airteagal 46 [44] Nós imeachta chun déileáil le táirgí foirgníochta a bhfuil priacal ag baint leo ag leibhéal an náisiúin 1. Má ghníomhaíonn údaráis Bhallstáit a dhéanann faireachán ar an margadh de bhun Airteagal 18 de Rialachán (CE) Uimh. ... nó má bhíonn cúis mhaith acu lena chreidiúint nach mbaineann táirge foirgníochta na feidhmíochtaí dearbhaithe amach agus/nó go bhfuil priacal ag baint leis i ndáil le sláinte nó sabháilteacht daoine nó i ndáil le saincheisteanna eile a bhaineann le cosaint leas an phobail a fholaítear leis an Rialachán seo, déanfaidh siad meastóireacht ar an táirge i dtrácht ag féachaint do na ceanglais uile a leagtar síos sa Rialachán seo. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha i dtrácht, ar aon slí is gá, le húdaráis fhaireachán an mhargaidh. I gcás ina bhfionnfaidh údaráis fhaireachán an mhargaidh, le linn na meastóireachta sin, nach gcomhlíonann an táirge foirgníochta na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ceanglóidh siad gan mhoill ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha na bearta ceartaitheacha uile is gá a dhéanamh ionas go gcomhlíonfaidh an táirge na ceanglais sin, nó ceanglóidh siad air é a tharraingt as an margadh nó é a aisghairm laistigh de cibé tréimhse réasúnta ama, i gcomhréir leis an gcineál priacail a bheidh ann, a fhorordóidh siad. Cuirfidh údaráis fhaireachán an mhargaidh scéala chuig an gcomhlacht ábhartha dá dtugtar fógra. Tá feidhm ag Airteagal 19 de Rialachán (CE) Uimh. ... maidir leis na bearta dá dtagraítear thuas. 2. I gcás ina bhfheicfear d'údaráis fhaireachán an mhargaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh teoranta don chríoch náisiúnta, cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh thorthaí na meastóireachta agus i dtaobh na ngníomhartha a cheanglóidh siad ar an oibreoir eacnamaíoch a dhéanamh. 3. Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go gcuirfear aon bhearta ceartaitheacha i bhfeidhm maidir leis na táirgí foirgníochta uile i dtrácht dá bhfuil curtha ar mhargadh an Chomphobail aige. 4. I gcás nach ndéanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch na bearta ceartaitheacha oiriúnacha laistigh den tréimhse dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 1, déanfaidh údaráis fhaireachán an mhargaidh na bearta sealadacha iomchuí uile is gá chun cosc nó srian a chur ar an bhfáil a bheidh ar an táirge foirgníochta ar an margadh náisiúnta nó chun an táirge foirgníochta a tharraingt siar ón margadh nó chun é a aisghairm. Cuirfidh siad an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas i dtaobh beart dá leithéid gan mhoill. 5. Ar áireamh san fhaisnéis dá dtagraítear i mír 4 beidh na sonraí uile a bheidh ar fáil, go háirithe maidir leis na sonraí is gá ionas go n-aithneofar an táirge neamhchomhlíontach agus a ionad tionscnaimh, an cineál priacail a bhaineann leis, cineál agus fad na mbeart náisiúnta a rinneadh, mar aon leis an dearcadh a léirigh an t-oibreoir eacnamíoch i dtrácht. Go háirithe, cuirfidh údaráis fhaireachán an mhargaidh in iúl cé acu is cúis nó nach cúis leis an neamhchomhlíonadh ceachtar den dá ní seo a leanas: (a) ní chomhlíonann an táirge na ceanglais i ndáil le sláinte nó sabháilteacht daoine nó i ndáil le saincheisteanna eile a bhaineann le cosaint leas an phobail a leagtar síos leis an Rialachán seo; (b) easnaimh ar na sonraíochtaí teicniúla comhchuibhithe nó ar an DTS. 6. Déanfaidh na Ballstáit nach iad an Ballstát a chuir tús leis an nós imeachta an Coimisiún agus na Ballstáit eile a chur ar an eolas maidir le haon bhearta a glacadh agus maidir le haon fhaisnéis bhreise a bheidh fáil acu uirthi a bhaineann le neamhchomhlíonadh an táirge i dtrácht, agus, i gcás easaontais leis an mbeart náisiúnta faoinar tugadh fógra, maidir lena gcuid agóidí. 7. Más rud é, laistigh de chúig lá oibre déag tar éis an t-eolas dá dtagraítear i mír 4 a fháil, nach ndéanann Ballstát ná an Coimisiún aon agóid faoi bheart sealadach arna dhéanamh ag Ballstát i dtaca leis an táirge foirgníochta i dtrácht, measfar call a bheith leis an mbeart. 8. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfar na bearta sriantacha iomchuí i dtaca leis an táirge foirgníochta i dtrácht, amhail an táirge a tharraingt siar ón margadh gan mhoill. Airteagal 47 [45] Nós imeachta cosanta an Chomphobail 1. Más rud é, tar éis don nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 46(3) agus (4) a bheith críochnaithe, go ndéanfar agóidí i gcoinne beart náisiúnta de chuid Ballstáit, nó más rud é go measfaidh an Coimisiún go dtagann an beart náisiúnta salach ar reachtaíocht an Chomhphobail, rachaidh an Coimisiún gan mhoill i gcomhairle leis na Ballstáit agus an t-oibreoir eacnamaíoch/na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus ansin déanfaidh sé meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, ag tabhairt le fios cé acu a bhfuil call leis an mbeart nó nach bhfuil. Díreoidh an Coimisiún a chinneadh ar na Ballstáit uile agus cuirfidh sé in iúl dóibh é agus don oibreoir eacnamaíoch/do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha láithreach. 2. I gcás ina measfar call a bheith leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh na Ballstáit uile na bearta is gá ionas go n-áiritheofar go dtarraingeofar an táirge foirgníochta neamhchomhlíontach as a gcuid margaí. Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas ina thaobh seo. Má mheastar nach bhfuil call leis an mbeart náisiúnta, déanfaidh an Ballstát i dtrácht an beart a tharraingt siar. 3. I gcás ina measfar call bheith leis an mbeart náisiúnta agus go cuirfear neamhchomhlíonadh an táirge foirgníochta i leith easnamh atá ar na caighdeáin chomhchuibhithe dá dtagraítear in Airteagal 46(5)(b), ní mór don Coimisiún an comhlacht ábhartha Eorpach um measúnú/na comhlachtaí ábharthacha Eorpacha um measúnú a chur ar an eolas agus an t-ábhar a chur faoi bhráid an Choiste a bunaíodh faoi Airteagal 5 de Threoir 98/34/CE. Ní mór don Choiste dul i gcomhairle leis an gcomhlacht ábhartha Eorpach um measúnú agus tuairim a thabhairt uaidh gan mhoill. I gcás ina measfar call a bheith leis an mbeart náisiúnta agus go cuirfear neamhchomhlíonadh an táirge foirgníochta i leith easnaimh atá ar an DEM nó ar an DTS dá dtagraítear in Airteagal 46(5)(b), glacfaidh an Coimisiún na bearta iomchuí. Airteagal 48 [46] Táirgí foirgníochta atá comhlíontach ach a bhfuil priacal ag baint leo do shláinte agus do shábháilteacht 1. I gcás ina bhfionnaidh Ballstát, tar éis dó meastóireacht a dhéanamh faoi Airteagal 46(1), go bhfuil priacal ag baint le táirge foirgníochta do shláinte nó do shábháilteacht daoine nó do nithe eile a bhaineann le cosaint leas an phobail in ainneoin go gcomhlíonann sé an Rialachán seo, ceanglóidh sé ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha na bearta iomchuí uile is gá a dhéanamh ionas go n-áiritheofar nach mbeidh an priacal sin ag baint leis an táirge foirgníochta i dtrácht nuair a chuirfear ar an margadh é, nó an táirge foirgníochta a tharraingt as an margadh nó é a aisghairm laistigh de cibé tréimhse réasúnta ama, i gcomhréir leis an gcineál baoil atá ann, a fhordóidh siad. 2. Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go gcuirfear aon bhearta ceartaitheacha i bhfeidhm maidr leis na táirgí foirgníochta uile i dtrácht arna gcur ar fáil ar mhargadh an Chomphobail aige. 3. Cuirfidh an Ballstát an Coimisiún agus na Ballstáit eile ar an eolas láithreach. Ar áireamh san fhaisnéis beidh na sonraí uile a bheidh ar fáil, go háirithe maidir leis na sonraí is gá ionas go n-aithneofar an táirge foirgníochta i dtrácht, ionad tionscnaimh agus slabhra soláthair an táirge, an cineál priacail a bhaineann leis, agus cineál agus fad na mbeart náisiúnta a dhéanfar. 4. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus an t-oibreoir eacnamaíoch/na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha gan mhoill agus ansin déanfaidh sé an mheastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Déanfaidh an Coimisiún cinneadh i bhfianaise thorthaí na meastóireachta sin, ag tabhairt le fios cé acu a bhfuil call leis an mbeart nó nach bhfuil, agus nuair is gá, molfaidh sé bearta iomchuí. 5. Díreoidh an Coimisiún a chinneadh ar na Ballstáit uile agus cuirfidh sé in iúl dóibh é agus don oibreoir eacnamaíoch/do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha láithreach. Airteagal 49 [47] Neamhchomhlíonadh foirmiúil 1. Gan dochar d'Airteagal 46, i gcás ina bhfaighidh Ballstát amach ceann de na nithe seo a leanas, ceanglóidh sé ar an oibritheoir eacnamaíoch ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh i dtrácht: (a) gur greamaíodh an comharthú CE de sharú ar Airteagal 7 nó Airteagal 8; (b) nár greamaíodh an comharthú CE, nuair is ceanglas de réir Airteagal 7(1) é; (c) nár tarraingíodh suas an dearbhú feidhmíochta, nuair is ceanglas de réir Airteagal 4 é; (d) nár tarraingíodh suas an dearbhú feidhmíochta i gcomhréir le hAirteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6; (e) nach bhfuil an doiciméadúchán teicniúil ar fáil nó go bhfuil sé neamhiomlán. 2. I gcás ina leanfaidh an neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1, déanfaidh an Ballstát na bearta iomchuí uile is gá chun cosc nó srian a chur ar an bhfáil atá ar an táirge foirgníochta sa mhargadh nó chun go n-áiritheofar go dtarraingeofar an táirge foirgníochta siar ón margadh nó go n-aisghairfear é. CAIBIDIL IX Forálacha críochnaitheacha Airteagal 50 [48] Na hIarscríbhinní a leasú 1. Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn I go hIarscríbhinn V a leasú. 2. Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 51(2). Airteagal 51 [49] Coiste 1. Beidh de chúnamh ag an gCoimisiún coiste dá ngairtear Buanchoiste um Fhoirgníocht. 2. I gcás ina dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go 5a(4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de. Airteagal 52 [50] Aisghairm 1. Aisghairtear Treoir 89/106/CE. 2. Déanfar tagairtí don Treoir aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo. Airteagal 53 [51] Forálacha idirthréimhseacha 1. Measfar an Rialachán seo a bheith á chomlíonadh ag táirgí foirgníochta a chuirfear ar an margadh i gcomhréir le Treoir 89/106/CEE roimh 1 Iúil 2011. 2. Féafaidh monaróirí agus iomportálaithe dearbhú feidhmíochta a dhéanamh ar bhonn teastais chomhlíonta nó dearbhú comhlíonta a eiseofar roimh 1 Iúil 2011 i gcomhréir le Treoir 89/106/CEE. 3. Féadfar treoirlínte um fhaomhadh teicniúil Eorpach a fhoilseofar roimh 1 Iúil 2011 i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 89/106/CE a úsáid mar DEManna. 4. Féadfaidh monaróirí agus iomportálaithe doiciméid Eorpacha um fhaomhadh teicniúil a eiseofar i gcomhréir le hAirteagal 9 de Threoir 89/106/CEE roimh 1 Iúil 2011 a úsáid mar Mheasúnuithe Teicniúla Eorpacha fad is a bheidh na doiciméid sin bailíoch. Airteagal 54 [52] Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Amhail ón 1 Iúil 2011 beidh feidhm ag Airteagail 3 go hAirteagal 21, Airteagal 26, Airteagal 27, Airteagal 28, Airteagal 46 go hAirteagal 50, Airteagal 52 agus Airteagal 53 chomh maith le hIarscríbhinn I, Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn V. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, , Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán IARSCRÍBHINN I Buncheanglais ar oibreacha Ní mór d'oibreacha foirgníochta ina n-iomláine agus ina gcodanna éagsúla a bheith feiliúnach don úsáid a bheidh beartaithe dóibh. Faoi réir gnáthchothabhála, ní mór na buncheanglais ar oibreacha a shásamh le linn saolré réasúnta eacnamaíche. 1. frithsheasmhacht mheicniúil agus cobhsaíocht mheicniúil Ní mór na hoibreacha foirgníochta a cheapadh agus a dhéanamh ar bhealach a fhágfaidh nach n-eascróidh aon cheann de na nithe seo a leanas as na hualaí gur dóigh go ngníomhóidh orthu agus iad á dtógáil: (a) titim na hoibre ina hiomláine nó titim cuid de; (b) dífhoirmiú súntasach neamh-inghlactha; (c) damáiste bheith déanta do chodanna eile de na hoibreacha nó do fheistis nó do threalamh suiteáilte i ngeall ar dhífhoirmiú suntasach ar an bhfoirgneamh ualachiompartha; (d) Damáiste, i ngeall ar tharlú, atá as cuimse i dtaca leis an gcúis bhunaidh. 2. sábháilteacht i gcás tine Ní mór na hoibreacha foirgníochta a cheapadh agus a thógáil ionas, i gcás tine; (a) gur féidir glacadh leis go mbeidh cumas ualachiompartha an fhoirgnimh slán le linn tréimhse áirithe ama; (b) go gcuirfear srian ar ghiniúint agus ar leathadh na tine agus an deataigh laistigh de na hoibreacha; (c) go gcuirfear srian ar leathadh an tine chuig oibreacha foirgníochta in aice leis; (d) go gcuirfear sábháilteacht na bhfoirne tarrthála san áireamh. 3. sláinteachas, sláinte agus an comhshaol Ní mór na hoibreacha foirgníochta a cheapadh agus a thógáil sa chruth nach mbeidh baol ag baint leo do shláinteachas ná sláinte na n-áitritheoirí agus na gcomharsan, agus nach mbeidh tionchar as cuimse ar fad acu, le linn a saolré ar fad, ar chaighdeán an chomhshaoil ná ar an aeráid agus iad á dtógáil, á n-úsáid agus á scartáil, i ngeall ar aon cheann de na nithe seo a leanas go háirithe: (a) sceitheadh gás tocsaineach; (b) astú substaintí contúirteacha, comhdhúile so-ghalaithe orgánacha (CSO), gás ceaptha teasa nó cáithníní contúirteacha san aer lasmuigh nó laistigh. (c) astú radaíochta contúirtí; (d) sceitheadh substaintí contúirteacha isteach in uisce óil, screamhuisce, uiscí mara nó ithir; (e) sceitheadh lochtach uisce fuíll, astú gás múcháin, nó diúscairt lochtach fuíoll soladach nó fuíoll leachtach. (f) taise a bheith i gcodanna de na hoibreacha nó ar dhromchlaí laistigh de na hoibreacha. 4. na hoibreacha foirgníochta a úsáid go sábháilte Ní mór na hoibreacha foirgníochta a cheapadh agus a thógáil sa chruth nach mbeidh priacal do-ghlactha timpiste ag baint leo agus iad in úsáid nó i ngníomh, timpistí amhail sciorradh, titim, iombhualadh, dó, leictreamharú agus gortú i ngeall ar phléascadh. 5. cosaint i gcoinne torainn Ní mór na hoibreacha foirgníochta a cheapadh agus a thógáil sa chruth nach sáróidh an torann a bhraithfidh na háitritheoirí nó na daoine in aice láimhe leibhéal a dhéanfadh dochar dá sláinte agus nach ligfeadh dóibh codladh, a scíth ag ligean, agus obair a dhéanamh mar is ceart. 6. éifeachtacht fuinnimh agus coinneáil teasa Ní mór na hoibreacha foirgníochta agus na fearais téite, fuarúcháin agus aerúcháin iontu a cheapadh agus a thógáil sa chruth nach mbeidh ach beagán fuinnimh ag teastáil agus na fearais in úsáid ag féachaint do dhálaí aeráide an tsuímh agus do riachtanas na n-áitritheoirí. 7. úsáid inbhuanaithe a bhaint as acmhainní nádúrtha Ní mór na hoibreacha foirgníochta a cheapadh, a thógáil agus a scartáil sa chruth go mbainfear úsáid inbhuanaithe as acmhainní nádúrtha agus go n-áiritheofar an méid seo a leanas: (a) go mbeidh na hoibreacha foirgníochta, an t-ábhar agus na comhpháirteanna iontu in-athchúrsáilte, tar éis a scartála. (b) go mbeidh na hoibreacha foirgníochta marthanach; (c) go n-úsáidfear amhábhar agus ábhar tánaisteach sna hoibreacha foirgníochta atá slán ó dhrochthionchar ar an gcomhshaol. IARSCRÍBHINN II Nós imeachta chun Doiciméad Eorpach um Measúnú a ghlacadh agus Measúnú Teicniúil Eorpach a eisiúint 1. Is é an Comhlacht um Measúnú Teicniúil (CMT) a dhéanfaidh an measúnú agus eiseoidh sé an Measúnú Teicniúil Eorpach (MTE) sa réimse táirgí dár ainmníodh é. Tá feidhm ag forálacha na hIarscríbhinne seo maidir le monaróirí ar iompórtálaithe freisin. 2. Déanfar an Doiciméad Eorpach um Measúnú a mhionsaothrú agus a ghlacadh i gcomhréir le pointe 2.1 go pointe 2.9. 2.1. An CMT a gheobhaidh iarratas ar MTE ('CMT freagrach' anseo feasta) do tháirge foirgníochta, cuirfidh sé eagraíocht na CMTanna, dá dtagraítear in Airteagal 25(1), agus an Coimisiún ar an eolas faoina bhfuil san iarratas agus faoin tagairt don chinneadh ón gCoimisiún i ndáil le measúnú agus fíorú seasmhachta feidhmíochta, cinneadh a mbeidh sé i gceist ag an CMT a chur i bhfeidhm i gcás an táirge seo. Mura mbíonn tagairt do chinneadh dá leithéid ón gCoimisiún cuirfidh an CMT é sin in iúl. 2.2. I gcomhar leis an monaróir, gheobhaidh an CMT freagrach an fhaisnéis ábhartha faoin táirge agus faoin úsáid a bheidh beartaithe dó. Cuirfidh an CMT freagrach an monaróir ar an eolas i gcás ina bhfolófar an táirge, go hiomlán nó go páirteach, le sonraíocht theicniúil chomhchuibhithe eile. Ansin, déanfaidh an CMT freagrach conradh tosaigh a tharraingt suas a bheidh le cur i gcrích leis an monaróir, ina saineofar na téarmaí maidir le mionsaothrú an chláir oibre. 2.3. Laistigh de mhí amháin ó chur i gcrích an chonartha thosaigh, cuirfidh an monaróir comhad teicniúil faoi bhráid an CMT freagraigh ina dtabharfar tuairisc ar an táirge, an úsáid a bheidh beartaithe dó, agus sonraí faoin rialú táirgeachta a chuireann sé i bhfeidhm sa mhonarcha. 2.4. Laistigh de mhí amháin tar éis dó an comhad teicniúil a fháil, ullmhóidh an CMT freagrach dréacht an dara conradh agus an dréachtchlár oibre agus cuirfidh sé chuig an monaróir iad, agus beidh iontu na sonraí uile faoi na gnímh a dhéanfaidh sé chun feidhmíocht bunghnéithe an táirge a mheasúnú i ndáil leis an úsáid a bheidh beartaithe. Sa dréachtchlár oibre áireofar na codanna seo a leanas ar a laghad: (a) cuid 1: an clár measúnúcháin ina léireofar na modhanna tástála, na modhanna áirimh, na modhanna tuairisciúla, na paraiméadair agus gach acmhainn eile, lena n-áireofar na critéir mheasúnúcháin a mheasfar a bheith oiriúnach chun an táirge a aithint, chun an fheidhmíocht a mheasúnú i ndáil lena bhuntréithe ag féachaint don úsáid a bheidh beartaithe dó, mar aon leis na gnéithe marthanachta i ndáil leis na buntréithe ábhartha; (b) cuid 2: na gníomhaíochtaí a bhaineann leis an iniúchadh tosaigh ar an ngléasra ina mhonaraítear an táirge a fholaítear leis an iarratas; (c) cuid 3: na hionaid ina ndéanfar na tástálacha; (d) cuid 4: an fad ama agus na costais a mbeifear ag súil leo. 2.5. Nuair a bheidh an dara conradh, ina mbeidh an clár oibre comhaontaithe, curtha i gcrích idir an CMT freagrach agus an monaróir, cuirfidh an CMT freagrach Cuid 1 den chlár oibre, mar aon leis an gcuid sin den chomhad teicniúil a bhaineann leis an tuairisc ar an táirge agus leis an úsáid a bheidh beartaithe dó, cuirfidh sé é chuig na CMTanna eile uile a bheidh ainmnithe do na réimsí táirgí foirgníochta céanna, dá dtagraítear i dTábla 1 d'Iarscríbhinn IV. Bunóidh na CMTanna sin meitheal agus is é an CMT freagrach a dhéanfaidh é a chomhordú. Laistigh de dhá sheachtain tar éis do na CMTanna uile i dtrácht na doiciméid sin a fháil ón CMT freagrach, bunóidh an mheitheal an dréacht-DEM ina mbeidh modhanna measúnúcháin agus critéir mheasúnúcháin na feidhmíochta i ndáil leis na buntréithe ábhartha, agus beidh sé sin bunaithe ar Chuid 1 den chlár oibre agus ar an gcuidiú teicniúil cuí ceart a thabharfaidh baill na meithle. 2.6. Ansin, déanfaidh an CMT freagrach an dréacht-DEM, mar aon leis an gcuid ábhartha den chomhad teicniúil, comhad ina mbeidh an tuairisc ar an táirge agus an úsáid a bheidh beartaithe dó, a chur chuig na CMTanna eile go léir. Laistigh de dhá sheachtain, déanfaidh na CMTanna eile seo an fhaisnéis ábhartha a bhaineann lena rialacháin náisiúnta foirgníochta agus na forálacha dlí nó riaracháin eile is infheidhme maidir leis an táirge agus an úsáid a bheidh beartaithe dó a chur chuig an CMT freagrach, mar is iomchuí. Cuirfidh an CMT freagrach baill na meithle agus an monaróir ar an eolas faoina mbeidh sa chuidiú seo. 2.7. Tar éis dó dul i gcomhairle leis an meitheal, cuirfidh an CMT freagrach an cuidiú seo san áireamh sa dréacht-DEM agus cuirfidh sé é chuig eagraíocht na CMTanna dá dtagraítear in Airteagal 25(1). Tar éis di an dréacht-DEM críochnaitheach a chur chuig an monaróir, ag a mbeidh seachtain amháin chun a mhachnamh a dhéanamh air, glacfaidh eagraíocht na CMTanna an DEM mar dhoiciméad sealadach. Déanfaidh eagraíocht na CMTanna cóip den DEM sealadach a bheidh glactha a chur chuig an monaróir agus chuig an gCoimisiún. Má chuireann an Coimisiún a bharúlacha maidir leis an dréacht-DEM chuig eagraíocht na CMTanna laistigh de chúig lá oibre déag tar éis dó é a fháil, leasóidh eagraíocht na CMTanna mar is cuí é. Tar éis na tréimhse seo, tosóidh an CMT freagrach ar na hullmhúcháin a dhéanamh le haghaidh an mheasúnaithe. 2.8. Déanfaidh an CMT freagrach an measúnú de réir fhorálacha an dréacht-DEM a bheidh ghlactha agus eiseoidh sé an MTE comhréire ina dhiaidh sin. 2.9. A luaithe a eiseoidh an CMT freagrach an chéad MTE ar bhonn DEM sealadaigh áirithe, coigeartóidh eagraíocht na CMTanna an DEM seo, más iomchuí sin, ar bhonn togra ón CMT freagrach. Ina dhiaidh sin glacfaidh eagraíocht na CMTanna an DEM críochnaitheach agus cuirfidh sí chuig an gCoimisiún é. Foilseoidh an Coimisiún an tagairt don DEM críochnaitheach in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, Sraith C. 3. Nuair a bheidh an tagairt don DEM críochnaitheach foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, is de réir an DEM chríochnaithigh seo a dhéanfar na hullmhúcháin le haghaidh MTEanna a eascróidh ina dhiaidh sin as iarratais i dtaca le táirgí foirgníochta atá a mbuntréithe cosúil le buntréithe tháirge an chéad iarratais, ag féachaint don úsáid a bheidh beartaithe dóibh. 4. Féadfaidh ionadaí ón gCoimisiún freastal mar bhreathnadóir ar chruinnithe uile na meithle dá dtagraítear i bpointe 2.5. 5. Mura gcinneann na CMTanna uile agus an monaróir ar DEM, cuirfidh eagraíocht na CMTanna an t-ábhar seo faoi bhráid an Choimisiúin le go réiteofar mar is cuí é. IARSCRÍBHINN III Dearbhú feidhmíochta Uimh. ................... 1. Uimh. ................... (cód aitheantais uathúil an táirge) 2. Ainm nó comhartha aitheantais agus seoladh an mhonaróra (nó a ionadaithe údaraithe) ................................................................................................................................. ................................................................................................................................. 3. Is faoi fhreagracht an mhonaróra amháin a eisítear an dearbhú feidhmíocht seo: ................................................................................................................................. ................................................................................................................................. 4. Aitheantas an táirge (i gcomhair inrianaitheachta): ................................................................................................................................. ................................................................................................................................. 5. Comhlíonann feidhmíocht an táirge atá aitheanta thuas na feidhmíochtaí a dhearbhaítear faoi phointe 7. 6. Is é .................................................. (ainm, uimhir an chomhlachta dá dtugtar fógra – má bhaineann siad le hábhar) a rinne .............................................................… (tuairisc ar an ngníomh) agus a d'eisigh …...................................... (teastas comhlíonta an táirge, an teastas comhlíonta i gcomhair rialú táirgeachta sa mhonarcha, tuarascálacha na dtástálacha – má bhaineann siad le hábhar) ........................................................................................................................ ........................................................................................................................ 7. Dearbhú feidhmíochta (liosta, leibhéil nó aicmí agus tagairt don tsonraíocht theicniúil chomhchuibhithe chomhréire/Doiciméadúchán Teicniúil Sonrach arna n-úsáid don mheasúnú ar an bhfeidhmíocht i ndáil leis na buntréithe dearbhaithe) Ainm na buntréithe dearbhaithe | Leibhéal nó aicme feidhmíochta i ndáil leis an mbuntréith dhearbhaithe | Tagairt na sonraíochta teicniúla comhchuibhithe/Doiciméadúchán Teicniúil Sonrach | | | | | | | | | | Arna shíniú le haghaidh agus thar ceann: …………………………. ............................................ ............................................... (áit agus dáta eisiúna) (ainm, feidhm)(síniú) IARSCRÍBHINN IV Réimsí táirgí agus ceanglais ar Chomhlachtaí um Mheasúnú Teicniúil Tábla 1 – Réimsí táirgí Cód an réimse | Réimse táirgí | Aicmí táirgí foirgníochta | A | innealtóireacht shibhialta | Geoiteicstílí agus táirgí gaolmhara - daingneáin chúrsaíochta - bailchríocha urlár, pábhálacha agus bóthair - cumascáin - táirgí tógála bóthair - píopaí, umair agus gabhálais nach bhfuil i dteagmháil le huisce atá ceaptha mar uisce óil - leapacha urláir lena n-áirítear bun-urláir chrochta, bóithre agus limistéir eile ina mbíonn go leor tráchta/gluaisteachta - coincréit asfailt de shraith ríthanaí - táirgí innealtóireachta fuíolluisce - feisteáin chosanta in aghaidh carraigeacha titimeacha - feisteáin uiscedhíonta leachtchurtha do dheiceanna droichead - ailt infhairsingthe do dhroichid bhóthair | B | aonaid fhoirgnimh réamhdhéanta iomlána/páirteacha | Feisteáin foirgneamh réamhdhéanta chreat adhmaid agus lomán - feisteáin foirgneamh fuarstórála agus feisteáin imchlúdaigh foirgneamh fuarstórála - aonaid foirgnimh réamhdhéanta - feisteáin foirgneamh creat coincréite - feisteáin foirgneamh creat miotail | C | ábhair agus comhpháirteanna ualachiompartha | táirgí adhmaid déanmhais agus a n-gabhálais - stroighin, aolta tógála agus greamaitheoirí hiodrálacha eile - cruach treisithe agus réamhstrusála do choincréit - táirgí miotalacha déanmhais agus a n-gabhálais - táirgí a bhaineann le coincréit, moirtéal agus leachtmhoirtéal - imthacaí déanmhais - táirgí coincréite réamhtheilgthe - feisteáin staighre réamhdhéanta - bíomaí agus colúin comhchodacha adhmadbhunaithe éadroma - feisteáin iartheannta chun struchtúir a réamhstrusáil - boltaí daingnithe | D | díon agus imchlúdach foirgnimh | feisteáin imbhalla - clúdaigh dín, dionléasacha, fuinneoga dín, agus táirgí coimhdeacha - gloine chothrom, gloine phróifílithe, táirgí bloic ghloine - dorais agus fuinneoga seachtracha agus inmheánacha, oscailtí dín agus dionléasacha - feisteáin uiscedhíonta leachtchurtha do dhíonta - cumhdaigh bhallaí sheachtracha - córais ghloinithe agus shéalaithe déanmhais - scannáin uiscedhíonta díonta solúbtha agus feistithe go meicniúil - feisteáin do dhíonta tréshoilseach féintacaithe - painéil chraicinn strusáilte ualachiompartha adhmadbhunaithe réamhdhéanta agus painéil eadroma chomhchodacha féintacaithe | E | comhpháirteanna/feisteáin fhoirgneamh inmhéanacha/sheachtracha | fearais sláintíochta - painéil adhmadbhunaithe - saoirseacht agus táirgí gaolmhara - bailchríocha do bhallaí inmheánacha agus seachtracha agus do shíleálacha – táirgí gipsim - feisteáin laindéil inmheánaigh - feisteáin chlúdaithe uisce-obach i gcomhair urláir agus ballaí seomraí fliucha - feisteáin chomhalra buana neamh-ualachiompartha atá bunaithe ar bhloic chuasacha nó ar painéil ábhair insliúcháin agus/nó ar choncréit | F | TÉAMH/INSLIÚCHÁN/AERÁIL | simléir, múcháin, agus táirgí sonracha - fearais ghaltéite - táirgí inslithe theirmigh - feisteáin chomhchodacha inslithe theirmigh sheachtraigh - feisteán inslithe do dhíon aisiompaithe - vétures | G | FOSÚCHÁIN SÉALtán/fosúcháin GREAMACHÁN | greamacháin foirgníochta - pionnaí do shiúntaí déanmhasacha/nascóirí - plátaí tairneála thríthoiseach - boltaí daingnithe/scriúnna - maidí balla déanta as cruach dhosmálta - tráidirí cuais - ceanglóir do chumhdach ballaí seachtracha agus do dhíonta cothroma nó claonta - nascóirí d'eilimintí srathaithe coincréite - séalaí gás agus uisce-obacha do phíobáin i dtréanna bhallaí agus urláir - feisteáin, próifílí, agus stiallacha séalaithe - cumaisc séalaithe siúntaí - suitigh chrochta leaisteacha - slata teannais - ceanglóir pointí - cóireálacha brataithe agus obaithe dromchlaí - ceanglóirí cothromaithe do dhíonta, do bhallaí agus do fheidhmeanna intí - táirgí/cóireálacha uiscedhíonta | H | táirgí cosanta dóiteáin agus táirgí gaolmhara | táirgí aláraim dhóiteáin, braite dóiteáin, comhraicthe dóiteáin feistithe, rialaithe dóiteáin agus deataigh, agus múchta pléasctha - táirgí coiscthe, dúnta agus cosanta dóiteáin. | I | suiteáil leictreachais | Aon táirge foirgníochta a bhaineann le suiteáil leictreachais. | J | suiteáil gáis | Aon táirge foirgníochta a bhaineann le suiteáil gáis. | K | soláthar uisce agus séarachas | feisteáin chomhdhéanta de bhac ina bhfuil iamh páirtmheicniúil, suite ar gháitéar gan bhac - feisteán do bharr dúnphoill comhdhéanta de chlúdach agus fáinní plaisteacha le haghaidh feidhmeanna éagsúla - feisteáin phíobánra d'uisce fuar agus te, lena n-áirítear uisce lena chaitheamh ag daoine - córais phíobána do dhraenáil agus do shéarachas le brú nó gan é - cúplán solúbtha le haghaidh píobáin draenála agus píobáin séarachais sreabhadh domhantarraingthe agus brú - leithreas múirínithe | Tábla 2 – Ceanglais ar chomhlachtaí um measúnú teicniúil Inniúlacht | Tuairisc ar inniúlacht | Ceanglas | 1. Na priacail a anailísiú | Aithint na bpriacal agus na mbuntáistí a d'fhéadfadh a bheith ag baint le táirgí foirgníochta nuálacha a úsáid ceal faisnéise teicniúla bunaithe/comhdhlúthaithe faoi fheidhmíocht na dtáirgí agus iad suiteáilte in oibreacha foirgníochta. | Beidh na CMTanna neamhspleách ar na geallsealbhóirí agus ar aon leas príobháideach.Sa bhreis air sin, beidh na tréithe seo a leanas ag foireann na CMTanna:(a) oibiachtúlacht agus breithiúnas teicniúil iontaofa; (b) sáreolas ar na forálacha rialála agus ar na ceanglais eile atá i bhfeidhm sna Ballstáit i dtaca leis na réimsí táirgí a bhfuil an CMT le bheith ainmnithe dó. (c) cur amach ginearálta ar nósanna foirgníochta agus sáreolas teicniúil ar réimsí táirgí a mbeidh an CMT le bheith ainmnithe dóibh;(d) sáreolas ar na priacail shonracha i gceist agus ar ghnéithe teicniúla an phróisis foirgníochta;(e) sáreolas ar na caighdeáin chomhchuibhithe agus ar na modhanna tástála atá ann cheana, laistigh de na réimsí táirgí a mbeidh an CMT le bheith ainmnithe dó;(f) na scileanna cuí teanga. | 2 Critéir theicniúla a leagan síos | Critéir theicniúla a dhéanamh den toradh ar an anailís phriacail d'fhonn iompraíocht agus feidhmíocht na dtáirgí foirgníochta a mheasúnú i dtaobh chomhlíonadh na gceanglas náisiúnta is infheidhme;an fhaisnéis theicniúil atá de dhíth orthu siúd a bhíonn páirteach sa phróiseas tógála mar úsáideoirí féideartha na dtáirgí foirgníochta (monaróirí, dearthóirí, conraitheoirí agus suiteálaithe). | | 3. Na modhanna measúnúcháin a leagan síos | Modhanna cuí (tástálacha nó áirimh) a cheapadh agus a bhailíochtú d'fhonn feidhmíocht a mheasúnú i ndáil le buntréithe na dtáirgí foirgníochta, ag cur san áireamh an staid reatha in a bhfuil an teicníc. | | 4. Rialú sonrach táirgeachta sa monarchan a chinntiú | Próiseas monaríochta an táirge sonraigh a thuiscint agus meastóireacht a dhéanamh air d'fhonn na bearta cuí a aithint ionas go n-áiritheofar seasmhacht an táirge le linn an phróisis mhonaraíochta. | Beidh an cur amach oiriúnach ag foireann na CMTanna ar an gcaidreamh atá idir an próiseas monaríochta agus tréithe an táirge a bhaineann le rialú táirgeachta sa mhonarcha. | 5. An táirge a mheasúnú | An fheidhmíocht i ndáil le buntréithe an táirge foirgníochta a mheasúnú ar bhonn modhanna comhchuibhithe agus i gcomhréir le critéir chomhchuibhithe. | Sa bhreis ar an ceanglais a liostaítear i bpointí 1, 2, agus 3, beidh teacht ag na CMTanna ar na hacmhainní agus ar an trealamh is gá d'fhonn an fheidhmíocht i ndáil le buntréithe na dtáirgí foirgníochta a mheasúnú, laistigh de na réimsí táirgí a bhfuil sé le bheith ainmnithe dó. | 6. Bainistíocht ghinearálta | Comhsheasmhacht, iontaofacht, oibiachtúlacht agus inrianaitheacht a áirithiú trí bhíthin modhanna oiriúnacha bainistíochta a chur i bhfeidhm de shíor. | Beidh an méid seo a leanas ag na CMTanna: (a) dea-theist i dtaca le dea-chleachtas riaracháin;(b) beartas agus nósanna imeachta cúnta lena n-áiritheofar rúndacht fhaisnéise íogaire na CMTanna agus a gcomhpháirtithe;(c) córas rialúcháin doiciméad lena n-áiritheofar clárú, inrianaitheacht, cothabháil, agus cartlannú na ndoiciméad ábhartha uile;(d) sásra i gcomhair iniúchóireachta inmheánaí agus athbhreithniúcháin bhainistíochta sa chruth go n-áiritheofar go ndéanfar monatóireacht rialta ar chomhlíonadh na modhanna cuí bainistíochta;(e) nós imeachta chun déileáil go hoibiachtúil le hachomhairc agus le gearáin. | IARSCRÍBHINN V Measúnú agus fíorú seasmhacht feidhmíochta 5. CÓRAIS LENA MEASÚNAÍTEAR AGUS LENA bhFÍORAÍTEAR SEASMHACHT FEIDHMÍOCHTA 1.1. Córas 1 – Dearbhú feidhmíochta ón monaróir i ndáil le buntréithe an táirge i bhfianaise na nithe seo a leanas: (a) déanfaidh an monaróir an méid seo a leanas: (i) rialú táirgeachta sa mhonarcha (RTM); (ii) a thuilleadh tástála ar shamplaí a glacadh sa mhonarcha, de réir an phlean tástála forordaithe; (b) eiseoidh an comhlacht dá dtugtar fógra teastas comhlíonta an táirge i bhfianaise an méid seo a leanas: (i) an cineál táirge a chinneadh ar bhonn cineál-tástála (lena n-áirítear an tsampláil), cineál-áirimh, luach táblaithe nó dhoiciméadúchán tuairisciúil an táirge; (ii) iniúchadh tosaigh ar an ngléasra monaraíochta agus ar an RTM; (iii) faireachán, measúnú agus meastóireacht leanúnach ar an RTM; (iv) tástáil iniúchóireachta ar shamplaí a tógadh sa mhonarcha. 1.2. Córas 2 – Dearbhú feidhmíochta ón monaróir i ndáil le buntréithe an táirge i bhfianaise na nithe seo a leanas: (a) déanfaidh an monaróir an méid seo a leanas: (i) rialú táirgeachta sa mhonarcha; (ii) a thuilleadh tástala ar shamplaí a tógadh sa mhonarcha, de réir an phlean tástála forordaithe; (b) eiseoidh an comhlacht dá dtugtar fógra teastas comhlíonta an táirge i bhfianaise an méid seo a leanas: (i) an cineál táirge a chinneadh ar bhonn cineál-tástála (lena n-áirítear an tsampláil), cineál-áirimh luachanna táblaithe nó doiciméadúchán tuairisciúl an táirge; (ii) iniúchadh tosaigh ar an ngléasra monaraíochta agus ar an RTM; (iii) faireachán, measúnú agus meastóireacht leanúnachar an RTM; 1.3. Córas 3 – Dearbhú feidhmíochta ón monaróir i ndáil le buntréithe an táirge i bhfianaise na nithe seo a leanas: (a) déanfaidh an monaróir an méid seo a leanas: (i) an cineál táirge a chinneadh ar bhonn cineál-tástála (lena n-áirítear an tsampláil), cineál-áirimh , luach táblaithe nó doiciméadúchán tuairisciúl an táirge; (ii) rialú táirgeachta sa mhonarcha; (iii) tástálacha ar shamplaí a tógadh sa mhonarcha, de réir an phlean tástála forordaithe; (b) eiseoidh an comhlacht dá dtugtar fógra teastas comhlíonta an RTM i bhfianaise an méid seo a leanas: (i) iniúchadh tosaigh ar an ngléasra monaraíochta agus ar an RTM; (ii) faireachán, measúnú agus meastóireacht leanúnachar an RTM; 1.4. Córas 4 – Dearbhú feidhmíochta ón monaróir i ndáil le buntréithe an táirge i bhfianaise na nithe seo a leanas: (a) déanfaidh an monaróir rialú táirgeachta sa mhonarcha; (b) Cinnfidh an comhlacht dá dtugtar fógra ar an gcineál táirge ar bhonn cineál-tástála (bunaithe ar an tsampláil a dhéanfaidh an monaróir), cineál-áirimh, luachanna tábhlaithe nó doiciméadúchán tuairisciúl an táirge; 1.5. Córas 5 – Dearbhú feidhmíochta ón monaróir i ndáil le buntréithe an táirge i bhfianaise na nithe seo a leanas: (a) déanfaidh an monaróir an méid seo a leanas: (i) an cineál táirge a chinneadh ar bhonn cineál-tástála , cineál-áirimh, luach táblaithe nó dhoiciméadúchán tuairisciúl an táirge; (ii) rialú táirgeachta sa mhonarcha; (b) níl aon chúraimí ar an gcomhlacht dá dtugtar fógra. 6. COMHLACHTAÍ A BHFUIL BAINT ACU LE MEASÚNÚ AGUS FÍORÚ SEASMHACHT FEIDHMÍOCHTA I ndáil le feidhm na gcomhlachtaí dá dtugtar fógra a mbeidh baint acu le measúnú agus fíorú seasmhacht feidhmíochta táirge foirgníochta, déanfar idirdhealú idir: (1) comhlacht deimhniúcháin: comhlacht dá dtugtar fógra, bíodh sé rialtasach nó neamhrialtasach, a mbeidh an inniúlacht agus an fhreagracht is gá aige chun deimhniúchán a dhéanamh de réir rialacha áirithe nós imeachta agus rialacha áirithe bainistíochta; (2) comhlacht cigireachta: comhlacht dá dtugtar fógra a mbeidh an t-eagar, an fhoireann, an inniúlacht, agus an t-ionracas aige chun na feidhmeanna seo a leanas a chur i gcrích de réir critéar sonraithe: oibríochtaí rialúcháin cháilíochta na monaróirí a mheasúnú, a mholadh lena nglacadh agus ina dhiaidh sin iad a iniúchadh, mar aon le táirgí foirgníochta a roghnú agus meastóireacht a dhéanamh orthu sa mhonarcha, de réir critéar sonrach: (3) saotharlann tástála: saotharlann a dtugtar fóra di a dhéanann na tréithe nó an fheidhmíocht atá ag ábhair no ag táirgí foirgníochta a thomhas, a scrúdú, a thástáil, a chalabrú nó a chinneadh ar aon slí eile. [1] IO L 40 11.2.1989, lch.12, mar a leasaíodh le Treoir 93/68/CEE ón gComhairle, IO L 220 30.8.1993, lch. 1. [2] An Coimisiún Eorpach (2005): COIM (2005) 535 críochnaitheach: Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus Coiste na Réigiún – Clár Comhphobail Liospóin a chur chun feidhme: Straitéis maidir le Simpliú na Timpeallachta Rialála, An Bhruiséil. [3] An Coimisiún Eorpach, MEABHRÁN/05/394 agus MEABHRÁN/06/426 [4] COIM(2007) 36 críochnaitheach [5] Arna dhéanamh ag Risk & Policy Analysts Ltd (RPA), an Ríocht Aontaithe [6] IO C […], […], lch. […]. [7] IO C […], […], lch. […]. [8] IO C […], […], lch. […]. [9] IO C […], […], lch. […]. [10] IO L 40, 11.2.1989, lch. 12. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1882/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 284, 31.10.2003, lch. 1.) [11] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11). [12] IO L 124, 20.5.2003, lch 36. --------------------------------------------------