52008PC0093

Togra leasaithe le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh /* COIM/2008/0093 leagan deireanach - COD 2006/0136 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil11.3.2008

COIM(2008) 93 leagan deireanach

2006/0136 (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 250(2) de Chonradh CE)

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

NÓS IMEACHTA |

(a) An 12 Iúil 2006, ghlac an Coimisiún an togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh [COIM(2006) 388]. Seoladh an Togra go dtí Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an 19 Iúil 2006. |

(b) Ghlac Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa tuairim uaidh an 31 Bealtaine 2007. |

(c) Ghlac Coiste na Réigiún tuairim uaidh an 13 Feabhra 2007. |

(d) D’fháiltigh an Chomhairle roimh an togra agus thosaigh ar a anailisiú i mí Mheán Fómhair 2006 laistigh den Mheitheal um Cheisteanna Talmhaíochta agus bhí sí ag obair go tráthrialta air ó shin i leith faoi Uachtaránacht na Fionlainne, na Gearmáine agus na Portaingéile. D’ullmhaigh an Uachtaránacht téacs athbhreithnithe an 9 Iúil 2007. |

(e) Ar an gcéad léamh, thug Parlaimint na hEorpa tuairim dhearfach uaithi i dtaobh an togra an 23 Meán Fómhair 2007. |

(f) Leasaíonn an togra reatha an togra bunaidh [COIM(2006)388 – 2006/0136(COD)] chun leasuithe Pharlaimint na hEorpa ar ghlac an Coimisiún leo a chur san áireamh. |

Ghlac Parlaimint na hEorpa 247 leasú i ndáil leis an togra bunaidh. Bhí curtha in iúl ag an gCoimisiún don chruinniú iomlánach an 23 Deireadh Fómhair 2007 gurbh fhéidir glacadh le roinnt leasuithe, go hiomlán nó go páirteach, agus nó faoi réir iad a chur i bhfocail eile. De na leasuithe sin ar glacadh leo níorbh fhéidir leis an gCoimisiún glacadh leo seo a leanas: 1, 2, 3, 8, 12, 13, 15, 16, 17, 23, 28, 30, 35, 37, 38, 40, 42, 44, 47, 48, 52, 55, 58, 68, 69, 70, 71, 73, 74, 81, 83, 85, 86, 88, 90, 91, 97, 101, 103, 104, 105, 106, 110, 111, 113, 117, 118, 120, 126, 127, 128, 129, 132, 135, 137, 138, 139, 141, 142, 143, 144, 146, 147, 148, 150, 152, 154, 158, 161, 162, 164, 165, 166, 168, 171,173, 179, 185, 186, 187, 191, 192, 194, 198, 202, 204, 205, 207, 208, 210, 211, 214, 216, 219, 221, 222, 223, 224, 226, 227, 228, 229, 230, 232, 235, 236, 237, 238, 239, 240, 241, 242, 245, 246, 249, 250, 253, 255, 267, 276, 281, 287, 293, 295, 299, 303, 304. Tá na leasuithe sa togra athbhreithnithe i gcló trom le líne faoi. Rinneadh athfhoirmliú ar roinnt leasuithe le comhchuibheas a áirithiú maidir leis an téarmaíocht a mbaintear úsáid aisti ar fud an togra nó i reachtaíocht ábhartha eile mar an togra ón gCoimisiún le haghaidh Treorach lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail d’fhonn úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí ( COIM(2006) 373) a bhaint amach. |

CUSPÓIRÍ AN TOGRA |

(a) Na forais atá leis an togra |

An 26 Iúil 2001, chuir an Coimisiún tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le feidhmiú Threoir 91/414/CEE (tag. COIM(2001) 444 críochnaitheach) faoi bhráid na Comhairle agus na Parlaiminte. Tugadh chun suntais sa tuarascáil roinnt réimsí ina bhféadfaí feabhas a chur ar an Treoir. Agus iad ag freagairt na tuarascála ar dhul chun cinn, ghlaoigh idir Pharlaimint agus Chomhairle ar an gCoimisiún tograí a thabhairt chun tosaigh chun an Treoir a leasú. |

(b) Cuspóirí |

Gabhann an Rialachán atá beartaithe ionad Threoir 91/414/CEE maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus aisghairtear leis Treoir 79/117/CEE ón gComhairle lena dtoirmisctear táirgí cosanta plandaí ina bhfuil substaintí gníomhacha áirithe a chur ar an margadh agus a úsáid. Ghabhfadh sé ionad na reachtaíochta atá ann sa réimse seo, agus dhéanfadh sé athbhreithniú cuimsitheach ar na nósanna imeachta maidir le measúnú sábháilteachta a dhéanamh ar shubstaintí gníomhacha agus táirgí cosanta plandaí a údarú. Coinníonn sé, áfach, an nós imeachta den Treoir ina bhfuil dhá chéim ar leith: substaintí gníomhacha a fhormheas ag leibhéal an AE agus táirgí cosanta plandaí, ina bhfuil substaintí formheasta, a údarú ag na Ballstáit. Ar mhaithe le simpliú, d'aisghairfí leis freisin Treoir 79/117/CEE ón gComhairle lena dtoirmisctear táirgí cosanta plandaí ina bhfuil substaintí gníomhacha áirithe a chur ar an margadh agus a úsáid. Is é príomhaidhm an togra leibhéal ard cosanta don duine, d'ainmhithe agus don chomhshaol a chothabháil; ualaí riaracháin na nósanna imeachta reatha formheasta agus údaraithe a laghdú agus leibhéal comhchuibhithe níos airde a bhaint amach. Seo iad go hachomair na heilimintí atá ann: liosta dearfach de shubstaintí gníomhacha, de theorantóirí agus de shineirgígh atá bunaithe ar mheasúnú eolaíoch arna dhéanamh ag na Ballstáit agus ag an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia a bhunú ag leibhéal an AE; aitheantas frithpháirteach éigeantach a thabhairt d’údaruithe i mBallstáit atá sa chrios céanna; measúnú comparáideach a dhéanamh ar tháirgí d’fhonn spreagadh a thabhairt chun substaintí malartacha atá níos sábháilte a chur in ionad substaintí contúirteacha; rialacha mionsonraithe agus simplithe maidir le cosaint sonraí agus trédhearcacht; forálacha maidir le pacáistiú, lipéadú agus fógraíocht táirgí cosanta plandaí. oibleagáid taifid a choinneáil; oibleagáid maidir le rialuithe oifigiúla; nósanna imeachta simplithe le haghaidh substaintí agus táirgí a mbaineann riosca íseal leo. Ba chóir breathnú ar an togra seo mar chuid de phacáiste in éineacht leis an Straitéis Théamach maidir le hÚsáid Inbhuanaithe Lotnaidicídí ina bhfuil Teachtaireacht agus Treoir lena mbunaítear creat do ghníomh Comhphobail (COIM(2006) 372 agus 373). Tá togra le haghaidh Rialacháin maidir le staidreamh a bhailiú a bhaineann le táirgí cosanta plandaí (COIM(2006)778) a chur ar an margadh agus a úsáid mar thríú mír ann. |

FORBHREATHNÚ AR NA LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA |

(a) Leasuithe Teicniúla/Eagarthóireachta Tá sé d’aidhm le leasuithe 20, 22, 26, 36, 41, 43, 45, 49, 51, 56, 57, 64,67, 92, 93, 96, 107, 114, 119, 124, 130, 131, 145, 153, 155, 156, 157, 159, 160, 167, 170, 184, 188, 189, 190, 195, 197, 201, 203, 206, 212, 213, 217 agus 220 an togra a fheabhsú ón taobh teicniúil agus eagarthóireachta de agus tá glactha leo ag an gCoimisiún faoi réir roinnt athruithe eagarthóireachta i gcásanna áirithe. Glacadh go páirteach le leasuithe 5, 6, 8, 9, 11, 18, 19, 24, 25, 34, 39, 50, 53, 62, 94, 98, 99, 95, 100, 108, 109, 116, 122, 134, 136, 140, 169, 177, 180, 196 agus 209. |

(b) Bunús dlí Níor cheadaigh leasú 1 an bunús déach (Airteagal 37(2) agus 152(4)(b)) atá sa togra ón gCoimisiún agus ina ionad sin moladh Airteagal 152(4)b agus 175(1) de Chonradh CE mar bhunús dlí leis an Rialachán. Sa togra ón gCoimisiún is bunús “clasaiceach” an chéad cheann (comhionann le hAirteagal 43 ar a raibh Treoir 91/414 bunaithe). Clúdaíonn an dara ceann aon bheart maidir le plandaí nó ainmhithe “a bhfuil sé de chuspóir díreach aige” sláinte an duine a chosaint. Ciallaíonn an bunús dlí sin an nós imeachta comhchinnteoireachta. Toisc nach bhfuil an dá nós imeachta comhoiriúnach dá chéile, tá an nós imeachta comhchinnteoireachta beartaithe ag an gCoimisiún. Chuathas in iontaoibh an chur chuige sin san am atá caite – e.g. Rialachán 396/2005 maidir le hiarmhair lotnaidicídí agus Rialachán 183/2005 maidir le sláinteachas beatha. Tá Airteagal 37 agus 152(4)(b) comhcheangailte i dtéacsanna eile freisin. Toisc go gcuirtear ceisteanna comhshaoil nó sláinte san áireamh i mbeart talmhaíochta ní hionann sin agus é a bheith cuimsithe faoi raon feidhme rialacha sláinte nó comhshaoil an Chonartha. Is amhlaidh i gcás shláinte an phobail: ní mór go gcuirfidh reachtaíocht uile an CE sláinte an phobail san áireamh, sa chaoi fiú má tá éifeacht ag téacs i leith sláinte go leanann sé de bheith ina théacs talmhaíochta. Dá bhrí sin, níl aon ghá an bunús dlí reatha a athrú chun aon ghné den téacs a d’fhéadfadh cabhrú le saorthaisteal earraí nó cosaint an chomhshaoil a léiriú. |

(c) Raon feidhme (Airteagal 2) Tá sé d’aidhm le leasú 35 teorainn thodhchaíoch a thabhairt isteach maidir leis an raon feidhme a chuirfidh as an áireamh miocrorgánaigh, víris, fearamóin, agus táirgí bitheolaíocha a luaithe is a ghlacfar rialachán sonrach maidir leis na táirgí sin. Áitíonn an Coimisiún nach bhfuil aon ghá le rialachán sonrach toisc go bhfuil ceanglais shonracha maidir le sonraí agus critéir i gcomhair údarúcháin ann cheana féin agus i gcás roinnt de na substaintí seo gurbh fhéidir go mbeadh na forálacha maidir le substaintí a mbaineann riosca íseal leo infheidhme. Dá bhrí sin, níor fhormhuinigh an Coimisiún an leasú. |

(d) Sainmhínithe (Airteagal 3) Tugann Leasuithe 36 go 59 soiléiriú nó sainmhínithe nua isteach atá nasctha le leasuithe eile. Is go páirteach amháin a d'ionchorpraigh an Coimisiún na leasuithe arna mbeartú, a bhí faoi réir iad a chur i bhfocail nua i roinnt cásanna. Cuimsíodh iad nuair a sheas siad do shoiléiriú ar an téacs (mar a rinne i gcás leasuithe 36, 41, 46, 54, 56, 57) nó nuair a bhí gá leo toisc foráil nua a ionchorprú mar is cás le leasuithe 43, 45, 46, 49, 51, 54, 59 maidir le sainmhíniú ar riosca íseal, trádáil chomhthreomhar, grúpaí leochaileacha, modhanna neamhcheimiceacha cosanta plandaí, mionúsáidí. |

(e) Critéir formheasa agus raon úsáidí (Airteagal 4) Leagtar amach sa togra ón gCoimisiún critéir chun substaintí gníomhacha a fhormheas. Bheartaigh an Coimisiún gan substaintí atá i gcatagóir 1 agus i gcatagóir 2 (catagóir 1: fianaise leordhóthanach go bhfuil díol imní i leith an duine; catagóir 2: toimhde láidir ábharthachta i leith an duine) a fhormheas seachas i gcás ar fíorbheag é nochtadh an duine don tsubstaint. Soiléirithe ar ghlac an Coimisiún lena bhformhór atá sna leasuithe 62 agus 64 den chuid is mó. Thairis sin, moltar síneadh ar na critéir maidir le leasuithe ar Iarscríbhinn II (235-236-237-238-239-240-241-242-245-246-248-249-293-300-304). Choinnigh an Coimisiún an buntogra i gcomhoiriúint le reachtaíocht ghaolmhar na hEorpa agus d’aontaigh an téacs a leasú d’fhonn a thabhairt isteach mar shoiléiriú gur chóir substaintí néarthocsaineacha agus imdhíonthocsaineacha a fhormheas mar shubstaintí a bhféadfaí ionadú a dhéanamh orthu. Tá an cruinneas i gcás gur fíorbheag é an nochtadh a tugadh isteach le leasú 300 inghlactha de bhrí go gcoinníonn sé an cur chuige rioscabhunaithe a tuaradh sa togra bunaidh ón gCoimisiún agus go dtugann sé breis soiléirithe dó. I leasú 232 leagadh síos an fhoráil chun líon forleathan d'úsáidí ionadaíochta a mheas. Ós rud é nach féidir bheith réamheolach ar raon iomlán na n-úsáidí ionchasacha le linn na céime meastóireachta agus, dá bhrí sin, bunaithe ar phrionsabal na coimhdeachta agus ar chúiseanna éifeachtachta, choinnigh an Coimisiún an togra bunaidh uaidh maidir le go gcaithfear líon teoranta úsáidí a mheas ar leibhéal an AE agus go bhfágfar faoi na Ballstáit nach mór dóibh critéir aonfhoirmeacha a chur i bhfeidhm le linn údaruithe a dheonú. |

(f) Nós imeachta formheasa, athnuachana agus athbhreithnithe (Airteagail 7 go 21) Tagraíonn leasuithe 69 go 89 do ghnéithe nós imeachta, nach bhfuil glactha leo ach go páirteach sa téacs leasaithe mar leasuithe a fheabhsaíonn soiléire an téacs. Maidir leis na leasuithe eile, diúltaíodh do leasú 69 a bhaineann le ról an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (EFSA) mar chomhordaitheoir an nós imeachta formheasa, toisc go bhfuil sé ar cheann de bhunphrionsabail Dhlí an bhia measúnú riosca a scaradh ó bhainistiú riosca. Dá bhrí sin, ba chóir go gcomhordódh EFSA an measúnú eolaíoch ach gan comhordú a dhéanamh ar an nós imeachta formheasa. Diúltaíodh do na hathruithe arna moladh chun cur leis nó baint de na spriocdhátaí a mbeadh súil leo maidir leis na comhairliúcháin agus na céimeanna cinnteoireachta éagsúla (81-83-85-86-141-154). Baineann leasuithe 90 go 100 le hathnuachan agus le hathbhreithniú ar na formheasanna. Tá na leasuithe sin a shoiléiríonn an togra bunaidh ionchorpraithe ag an gCoimisiún. Diúltaíodh do chinn eile leithéid leasú 90 maidir le hathnuachan leanúnach. Tá sé d’aidhm leis an togra ón gCoimisiún, is é sin gan formheas a athbhreithniú gach 10 mbliana, simpliú agus laghdú ar ualach agus ar chostais riaracháin a áirithiú. Áirithíonn sé go ndíríonn na húdaráis ar na ceisteanna is tábhachtaí. Ar aon chuma, is féidir leis an gCoimisiún i gcónaí formheas ar shubstaint a athbhreithniú má tá faisnéis mhífhabhrach ar fáil. Déantar sin freisin in earnálacha eile (e.g. cógais leighis). |

(g) Substaintí a mbaineann riosca íseal leo agus substaintí bunata (Airteagal 22 agus 23) Tá sé d’aidhm le leasú 301 critéir a shainmhíniú chun substaintí a mbaineann riosca íseal leo a shainmhíniú agus ionchorpraíodh é. Níor glacadh le leasú 103 ó tharla nach gá critéir dhifriúla a chur i bhfeidhm i dtaca le gníomhairí rialaithe bitheolaíocha. Ina theannta sin, diúltaíodh do leasuithe 101, 104, 105 a bhaineann le substaintí bunata de bhrí go bhfuil an Coimisiún den tuairim gur chóir substaintí bunata a fhormheas ar feadh tréimhse neamhtheoranta agus ar bhonn measúnuithe a rinneadh i réimsí eile. Ar an taobh eile, cuimsíodh leasú 274 toisc go bhforáiltear ann gur chóir earraí bia a mheas mar substaintí bunata. Tá sé d’aidhm le leasú 168 airteagal nua le haghaidh táirgí cosanta plandaí a mbaineann riosca níos ísle leo a thabhairt isteach agus foráiltear le leasú 287 go mbeidh tréimhsí difriúla cosanta sonraí ag an dá chatagóir táirge a mbaineann riosca íseal leo. Níor ghlac an Coimisiún leis na moltaí seo toisc go bhforáiltear do rialacha sonracha i gcás substaintí a mbaineann riosca íseal leo sa togra bunaidh cheana féin. |

(h) Teorantóirí, sineirgígh agus comhfhoirmligh (Airteagail 25 go 27) Tá glactha le leasú 107 mar shoiléiriú ar an téacs cé nach bhfuil glactha ach go páirteach le leasuithe 108 agus 118 toisc go meastar an tráthchlár arna bheartú d’athbhreithniú na dteorantóirí agus na sineirgíoch atá ar an margadh cheana féin a bheith róghearr de bhrí go gcaithfear critéir mhionsonraithe agus ceanglais sonraí a ghlacadh agus bearta sealadacha a áirithiú i dtús báire. Dá bhrí sin, diúltaíodh freisin do leasú 229 lena scriostar maoluithe sealadacha le haghaidh teorantóirí agus sineirgíoch. Níl glactha ach go páirteach le leasuithe 109, 110, 113, 129 agus le leasú 250 d’Iarscríbhinn III arna bheartú, toisc go bhfuil formheas ar chomhfhoirmligh diúltaithe de bhrí go gcruthódh sé oibleagáid forluite i dtaca le reachtaíocht maidir le ceimiceáin atá ann cheana féin (REACH). |

(i) Córas údaraithe criosanna agus údarú sealadach (Airteagail 39 go 41 agus 281) Diúltaíonn Parlaimint na hEorpa don chóras údaraithe criosanna le haghaidh táirgí cosanta plandaí, atá nasctha le haitheantas frithpháirteach éigeantach d’údarú laistigh de chrios (leasuithe 52, 126, 128, 134, 137, 138, 147, 149, 150, 151, 152, 161, 166 agus 230). Níor glacadh leis na leasuithe toisc go mbainfeadh siad an bonn de chuid mhór den togra ón gCoimisiún agus toisc go mbainfeadh siad ceann dá phríomheilimintí. Faoi láthair, sa staid ina bhfuil an togra, ní féidir leis na Ballstáit bearta náisiúnta níos déine maidir le cosaint oibrithe a fhorchur, toisc nach mbaintear amach le reachtaíocht AE sa réimse seo ach an comhchuibhiú is íosta. Dá bhrí sin, níor ghlac an Coimisiún na forálacha seo. Thabharfadh Leasú 281 córas údaraithe shealadaigh isteach a bhfuil diúltaithe dó ag an gCoimisiún, toisc nach bhfuil sé ag teacht leis an gcóras údaraithe criosanna agus le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 maidir le huasleibhéil iarmhair lotnaidicídí. |

(j) Faisnéis chórasach (Airteagal 64) Níor tugadh isteach leasú 216 maidir leis an rochtain a bheidh ag an bpobal/cónaitheoirí agus ag miondíoltóirí ar thaifid na bhfeirmeoirí agus maidir le tabhairt isteach “pas lotnaidicídí”. Tá téacs bunaidh an togra lena bhforáiltear gur chóir eolas a chur ar fáil do na comharsana arna iarraidh sin dóibh coinnithe ag an gCoimisiún. Thairis sin, bheadh pas lotnaidicídí le haghaidh gach ualach torthaí agus glasraí míréadúil toisc go mbíonn baisceanna barr measctha le chéile sa trádáil. Thairis sin, d’fhéadfadh an toradh a bheith air nach ndéanfaí rialú ach ar lotnaidicídí a bheadh dearbhaithe. |

(k) Measúnú comparáideach agus prionsabal na hionadaíochta (Airteagal 48) Moltar i leasuithe 106, 171, 173 agus i leasuithe 251 agus 253 ar Iarscríbhinn IV measúnú comparáideach a shíneadh go dtí na táirgí cosanta plandaí uile agus an tréimhse formheasa le haghaidh substaintí ar féidir substaintí eile a chur ina n-ionad a laghdú. Níl na moltaí sin formhuinithe ag an gCoimisiún toisc nach bhfuil siad rioscabhunaithe. Ina theannta sin, níl call leis an ualach oibre riaracháin breise agus ní bheidh aige ach tionchar beag ar chosaint sláinte an duine/sláinte ainmhithe nó ar an gcomhshaol. Nuair a thaispeánann an measúnú comparáideach nach bhfuil aon rogha eile ann, níor chóir go dtarraingeofaí siar na húdaruithe. |

(l) Mionúsáidí (Airteagal 49) Déanann leasuithe 175 go 180 agus 196 tagairt d’fhorálacha ar chóir go n-éascódh siad síneadh an údaraithe i dtaca le mionúsáidí. Tá formhór na moltaí seo atá faoi réir iad a chur i bhfocail dhlíthiúla eile glactha ag an gCoimisiún. Moltar i leasú 276 go gcruthófaí Ciste Forbartha Eorpach le haghaidh mionúsáidí. Diúltaíodh dó seo toisc nach raibh sé ag teacht le haidhm an togra seo. |

(m) Trádáil chomhthreomhar (Airteagal nua 49a) Tá tabhairt isteach forálacha maidir le trádáil i dtáirgí cosanta plandaí atá údaraithe i mBallstáit eile cheana féin glactha sa téacs leasaithe. Glacadh le leasú 286 ach faoi réir é a chur i bhfocail eile, d’fhonn an téacs a dhéanamh comhoiriúnach leis an gConradh agus le Cásdlí na Cúirte Breithiúnais. |

(n) Cosaint Sonraí agus comhroinnt sonraí (Airteagail 56 go 59) Baineann Leasuithe 194 agus 198 an bonn den chóras cosanta sonraí atá beartaithe, go háirithe trí chosaint sonraí do staidéir arna dtíolacadh i dtaca le hathnuachan nó le hathbhreithniú údaruithe a thabhairt isteach. Chuirfeadh sé laige ar an iomaíocht agus laghdódh sé an infhaighteacht atá ag feirmeoirí ar tháirgí cosanta plandaí. Rinneadh anailís chúramach ar an tsaincheist seo sa mheasúnú iarmharta, ina ndearnadh comparáid idir trí rogha maidir le cosaint sonraí ag am athnuachana: gan cosaint sonraí, comhroinnt éigeantach sonraí le cúiteamh airgeadais nó status quo (a chiallaíonn cosaint sonraí ar feadh 5 bliana). Ba chosúil le chéile an iarmhairt eacnamaíoch ar an rogha gan cosaint sonraí agus an rogha maidir le comhroinnt éigeantach sonraí ag am athnuachana, ach bheadh an t-ualach riaracháin an-ard i gcás an dara rogha. Laghdaítear an iomaíocht leis an rogha status quo. Diúltaíodh do leasuithe 205 agus 208 toisc go bhfuil an Coimisiún den tuairim gur chóir gach staidéar ar ainmhithe veirteabracha a chosaint ar an dóigh chéanna le staidéir eile; tá sé d’oibleagáid, áfach, torthaí a roinnt agus gan staidéir a dhéanamh in athuair. |

(o) Rúndacht agus rochtain phoiblí ar fhaisnéis (Airteagal 60) I leasú 210 foráiltear do rúndacht maidir le hainmneacha institiúidí agus daoine atá gafa le staidéir na veirteabrach. Faoi Airteagal 60 den togra, is féidir le duine ar bith a iarraidh go ndiúltófaí faisnéis a nochtadh a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de chosaint a phríobháideachais agus ionracais, i gcomhréir leis an reachtaíocht ghinearálta maidir le rochtain ar dhoiciméid agus le sonraí pearsanta a chosaint. Dá bhrí sin, níor ghlac an Coimisiún leis an leasú a bhí beartaithe. |

(p) Srianadh Comhtháite Lotnaidí agus Dea-chleachtas Comhshaoil (Airteagal 52) I leasú 305 foráiltear go mbeidh na prionsabail a bhaineann le srianadh comhtháite lotnaidí (IPM) oibleagáideach ó 2012 ar aghaidh. Díothaíonn leasú 185 an oibleagáid maidir le prionsabail an dea-chleachtais comhshaoil a chomhlíonadh ar bhonn éigeantach. Dhiúltaigh an Coimisiún don dá leasú agus choinnigh an togra bunaidh i gcomhchuibheas leis an togra le haghaidh Treorach lena mbunaítear creat do ghníomh Comhphobail d’fhonn úsáid inbhuanaithe lotnaidicídí (COIM(2006)373) a bhaint amach. |

(q) Coisteolaíocht agus an nasc idir an Rialachán atá beartaithe agus Rialachán 396/2005 Toisc gur glacadh an togra sular glacadh Cinneadh 2006/512/CE lena leasaítear Cinneadh 1999/468/CE lena leagtar síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiúin, rinne an togra ón gCoimisiún tagairt don ghnáthnós imeachta rialúcháin. Dá bhrí sin, formhuiníonn an Coimisiún go ginearálta an riachtanas maidir leis an togra leasaithe a chur ar aon líne le Cinneadh 2006/512/CE. Tá leasuithe 93, 108, 109, 119, 141, 184, 221, 227 inghlactha. Ach tugann leasuithe 88, 94, 99, 100, 142, 143, 158, 185, 219, 224, 226, 227 isteach an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú i gcásanna a bhfeiceann an Coimisiún an gá atá ann srian a chur ar theorainneacha ama i dtaca le cásanna áirithe (e.g. éifeachtacht i dtaca leis na teorainneacha ama maidir le hathnuachan formheasanna a urramú, gníomhú ar bhonn práinne sa chás go bhfuil sláinte an duine nó sláinte ainmhithe i mbaol). Thairis sin, de bhrí go mbaineann raon feidhme leithleach le formheas ar shubstaint ghníomhach ba chóir go mbeadh feidhm ag an ngnáthnós imeachta rialúcháin. Lena chois sin, i gcás beart an-teicniúil, choinneodh an Coimisiún an nós imeachta comhairleach mar a beartaíodh i gcéaduair. Níl an chuid sin de leasú 77 lena mbeartaítear Comhchinnteoireacht i dtaca le ceanglais sonraí a shocrú le haghaidh teorantóirí agus sineirgíoch inghlactha. Is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú. Níl leasuithe 108, 120, 204, 221, 225 agus 267 inghlactha toisc nach mbeadh an nós imeachta comhchinnteoireachta oiriúnach d’fhorálacha teicniúla a bhíonn gá iad a uasdátú go leanúnach. Ní mór dúinn an nasc idir an Rialachán atá beartaithe agus Rialachán 396/2005 maidir le huasleibhéil iarmhair lotnaicídí (UILanna) a leagan síos i mbia agus i mbeatha a lua anseo. Tá an Rialachán sin faoi réir nós imeachta comhchinnteoireachta maidir leis an nós imeachta coiste a leasú chun grinnscrúdú a chuimsiú. Tá coisteolaíocht lena ngabhann grinnscrúdú molta ag an gCoimisiún chun UILanna a ghlacadh, maille le srianadh a chur ar teorainneacha ama ar mhaithe le héifeachtacht. Mhol an Coimisiún, freisin, go gcuirfí i bhfeidhm nós imeachta “um práinn”, i.e. gan teorainneacha ama, sa chás go bhfuil sláinte an duine nó sláinte ainmhithe i mbaol. Táthar gar do chomhaontú faoina bhfuil luaite thuas. Mura nglacfar le srianadh ar theorainneacha ama, ó tharla go bhfuil glacadh UIL de chuid an AE ina réamhchoinníoll le haghaidh údaraithe, theastódh 6 mhí bhreise a chur leis an tréimhse a bheidh ar na Ballstáit teacht ar chinneadh maidir le táirgí cosanta plandaí in Airteagal 36, le teorainneacha ama sa dá Rialachán a chur in oiriúint dá chéile. Sa ghnáthchúrsa ba chóir go mbeadh soiléiriú ar an scéal i ndiaidh Sheisiún Iomlánach Pharlaimint na hEorpa ag deireadh mhí Samhna 2007. |

DE BHUN AIRTEAGAL 250(2) DE CHONRADH CE, LEASAÍONN AN COIMISIÚN AN TOGRA UAIDH I GCOMHRÉIR LEIS NA LÍNTE A LEAGTAR AMACH THUAS. |

1. 2006/0136 (COD)

Togra leasaithe le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 37(2) agus 152(4) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh,

De bharr an méid seo a leanas:

2. Foráiltear le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh[1] do rialacha a rialaíonn táirgí cosanta plandaí agus na substaintí gníomhacha atá sna táirgí sin.

3. Ina gconclúidí maidir leis an tuarascáil[2] ar dhul chun cinn a thíolaic an Coimisiún faoi Threoir 91/414/CEE, d’iarr Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún an Treoir a athbhreithniú agus shonraigh roinnt saincheisteanna lena gcur faoi bhráid an Choimisiúin.

4. I bhfianaise na taithí a fuarthas trí Threoir 91/414/CEE a chur i bhfeidhm agus na bhforbairtí teicniúla agus eolaíochta a tharla le gairid, ba chóir ionstraim nua a chur in ionad Threoir 91/414/CEE.

5. Maidir le simpliú, ba chóir freisin go n-aisghairfeadh an ionstraim nua Treoir 79/117/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1978 lena dtoirmisctear táirgí cosanta plandaí ina bhfuil substaintí gníomhacha áirithe a chur ar an margadh agus a úsáid[3].

6. Ar mhaithe le cur i bhfeidhm na hionstraime nua a shimpliú agus le comhchuibheas ar fud na mBallstát a áirithiú, ba chóir í a bheith i bhfoirm Rialacháin.

7. Tá an-tábhacht ag baint le táirgeadh plandaí sa Chomhphobal. Ar cheann de na bealaí is tábhachtaí chun plandaí agus táirgí plandaí a chosaint ar orgánaigh dhíobhálacha, lena n-áirítear fiailí, agus chun an táirgeadh talmhaíochta a fheabhsú tá táirgí cosanta plandaí a úsáid.

8. Is féidir iarmhairtí neamhthairbhiúla a bheith ag táirgí cosanta plandaí ar tháirgeadh plandaí freisin. D’fhéadfadh baol agus contúirt don duine, d'ainmhithe agus don chomhshaol a bheith ag roinnt lena n-úsáid freisin, go háirithe má chuirtear ar an margadh iad gan iad a thástáil agus a údarú go hoifigiúil agus má bhaintear úsáid astu ar dhóigh mhícheart. Dá bhrí sin, ba chóir rialacha comhchuibhithe a ghlacadh maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh.

9. Is é is aidhm don Rialachán seo ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol agus, ag an tráth céanna, iomaíocht thalmhaíocht na hEorpa a choimirciú. Ba chóir aird faoi leith a thabhairt ar ghrúpaí leochaileacha den daonra a chosaint. Ba chóir prionsabal an réamhchúraim a chur i bhfeidhm agus ba chóir go n-áiritheodh sé go dtaispeánfaidh lucht tionscail nach rachaidh substaintí nó táirgí a tháirgtear nó a chuirtear ar an margadh chun dochair do shláinte an duine nó don chomhshaol.

10. Níor chóir go gcuirfí substaintí i dtáirgí cosanta plandaí, ach amháin i gcás go bhfuil sé léirithe go soiléir, go dtéann siad chun sochair táirgeadh plandaí agus nach bhfuil súil le go mbeidh aon iarmhairtí díobhálacha acu ar shláinte an duine ná ar shláinte ainmhithe ná aon tionchar do-ghlactha ar an gcomhshaol. Chun an t-ardleibhéal cosanta céanna a bhaint amach sna Ballstáit go léir, ba chóir an cinneadh maidir le hinghlacthacht nó le neamh-inghlacthacht substaintí dá leithéidí a dhéanamh ar leibhéal an Chomhphobail.

11. Ar mhaithe le hintuarthacht, le héifeachtacht agus le comhchuibheas, ba chóir nós imeachta mionsonraithe a leagan síos chun measúnú a dhéanamh ar cé acu an féidir substaint ghníomhach a fhormheas nó nach féidir. Ba chóir go sonrófaí an fhaisnéis a bheidh ar na páirtithe leasmhara a thíolacadh chun substaint a fhormheas. I bhfianaise an méid oibre a bhaineann leis an nós imeachta formheasa, is iomchuí go ndéanfadh Ballstát, ag gníomhú mar rapóirtéir thar ceann an Chomhphobail, meastóireacht ar fhaisnéis dá leithéid. Chun comhchuibheas a áirithiú le linn na meastóireachta, ba chóir go ndéanfadh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia arna bhunú le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 ag leagan síos phrionsabail agus cheanglais ghinearálta dhlí an bhia, ag bunú an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (dá ngairtear ‘an tÚdarás’ anseo feasta) agus ag leagan síos nósanna imeachta i gcúrsaí sábhailteachta bia athbhreithniú eolaíoch neamhspleách[4]. Ba chóir a shoiléiriú go ndéanfaidh an tÚdarás measúnú riosca ach gur chóir don Choimisiún an bainistiú riosca a dhéanamh agus an cinneadh deireanach a ghlacadh faoi shubstaint ghníomhach. Ba chóir forálacha a chur ar áireamh chun trédhearcacht sa phróiseas meastóireachta a áirithiú.

12. Ar chúiseanna eiticiúla, níor chóir go mbeadh measúnú ar shubstaint ghníomhach ná ar tháirge cosanta plandaí bunaithe ar thástálacha ná ar staidéir trína dtugtar an tsubstaint ghníomhach nó an táirge cosanta plandaí do dhaoine d’aon ghnó chun Dáileog gan Éifeacht Shonraithe ar an duine a chinneadh i leith substainte gníomhaí. Ar an dóigh chéanna, níor chóir go mbainfí úsáid as staidéir thocsaineolaíocha a dhéantar ar dhaoine chun na lamhálacha sábháilteachta i gcomhair substaintí gníomhacha nó i gcomhair táirgí cosanta plandaí a ísliú.

13. Le dlús a chur le formheas substaintí gníomhacha, ba chóir spriocdhátaí daingne a bhunú le haghaidh na gcéimeanna éagsúla le linn an nós imeachta.

14. Ar mhaithe le sábháilteacht, ba chóir teorainn ama a chur leis an tréimhse formheasa le haghaidh substaintí gníomhacha. Ba chóir go mbeadh an tréimhse formheasa i gcomhréir leis na rioscaí a mheastar a bheith ina ngné dhílis d’úsáid substaintí dá leithéidí. Ba chóir an taithí a fuarthas trí úsáid iarbhír táirgí cosanta plandaí ina bhfuil na substaintí i dtrácht agus aon fhorbairtí san eolaíocht agus sa teicneolaíocht a chur san áireamh nuair a ghlactar aon chinneadh maidir le formheas a athnuachan. I ndiaidh na chéad athnuachana, níor chóir tuilleadh athbhreithnithe a dhéanamh ar shubstaintí den sórt sin ach amháin i gcás go bhfuil faisnéis ann nach bhfuil siad ag comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a thuilleadh.

15. Ba chóir foráil a dhéanamh don fhéidearthacht maidir le formheas ar shubstaint ghníomhach a leasú nó a tharraingt siar mura bhfuil na critéir le haghaidh formheasa á gcomhall a thuilleadh nó do chomhlíonadh Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhú Comhphobail i réimse an bheartais uisce[5] .

16. Féadtar a léiriú le meastóireacht ar shubstaint ghníomhach go mbaineann i bhfad níos lú riosca léi ná mar a bhaineann le substaintí eile. D’fhonn taobhú leis go n-áireofaí a leithéid de shubstaint i dtáirgí cosanta plandaí, is iomchuí substaintí den sórt sin a shainaithint agus a éascú go gcuirtear táirgí ina bhfaightear iad ar an margadh.

17. D'fhéadfadh substaintí áirithe nach mbaintear úsáid astu go príomha mar tháirge cosanta plandaí a bheith luachmhar i dtaca le cosaint plandaí, ach d'fhéadfadh an leas eacnamaíoch a bhaineann le hiarratas ar fhormheas bheith teoranta. Mar sin, ba chóir go n-áiritheodh forálacha sonracha go bhféadfar a leithéidí de shubstaintí a fhormheas d' úsáid cosanta plandaí, a mhéad is atá na rioscaí a bhaineann leo inghlactha.

18. Féadfaidh sé nach mbeidh roinnt substaintí gníomhacha inghlactha ach tar éis bearta forleathana maolaithe rioscaí a ghlacadh. Ba chóir substaintí ar díol imní faoi leith iad, agus atá formheasta , a shainaithint ag leibhéal an Chomhphobail mar shubstaintí a bhféadfaidh ionadú a dhéanamh orthu . Ba chóir do Bhallstáit ath-iniúchadh a dhéanamh go tráthrialta le fáil amach an bhféadfar táirgí cosanta plandaí ina bhfuil substaintí gníomhacha ar lú is gá maolú rioscaí ina leith a chur in ionad táirgí cosanta plandaí ina bhfuil a leithéidí de shubstaintí gníomhacha.

19. I dteannta substaintí gníomhacha, d'fhéadfadh teorantóirí agus sineirgígh ar chóir rialacha comhchosúla a fhoráil ina leith bheith i dtáirgí cosanta plandaí. Ba chóir na rialacha teicniúla is gá chun athbhreithniú a dhéanamh ar shubstaintí den sórt sin a leagan síos. Níor chóir substaintí atá ar an margadh cheana féin a athbhreithniú ach i ndiaidh do na forálacha sin a bheith leagtha síos.

20. Féadfaidh comhfhoirmligh bheith i dtáirgí cosanta plandaí freisin. Is iomchuí liosta na gcomhfhoirmleach nach cóir a áireamh i dtáirgí cosanta plandaí a chur ar fáil.

21. Is féidir táirgí cosanta plandaí ina bhfuil substaintí gníomhacha a fhoirmliú ar go leor bealach agus a úsáid ar bharra éagsúla, faoi choinníollacha talmhaíochta, éiceolaíochta agus aeráide difriúla. Ba chóir, dá bhrí sin, go ndeonódh na Ballstáit údaruithe le haghaidh táirgí cosanta plandaí.

22. Ní foláir go n-áiritheofar ardchaighdeán cosanta leis na forálacha a rialaíonn údarú. Go háirithe, agus údaruithe le haghaidh táirgí cosanta plandaí á ndeonú, ba chóir go mbeadh tosaíocht ag an gcuspóir maidir le cosaint a thabhairt do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol ar an gcuspóir maidir le tairgeadh plandaí a fheabhsú. Dá bhrí sin, ba chóir go léireofaí sula gcuirtear táirgí cosanta plandaí ar an margadh gur soiléir go dtéann siad chun sochair táirgeadh plandaí agus nach mbeidh aon iarmhairt dhíobhálach acu ar shláinte an duine ná ar shláinte ainmhithe, lena n-áirítear sláinte grúpaí leochaileacha , ná aon tionchar do-ghlactha ar an gcomhshaol.

23. Ar mhaithe le hintuarthacht, le héifeachtacht agus le comhchuibheas, ba chóir critéir, nósanna imeachta agus coinníollacha maidir le húdarú táirgí cosanta plandaí a bheith comhchuibhithe, agus na prionsabail ghinearálta maidir le cosaint sláinte an duine agus sláinte ainmhithe agus maidir le cosaint an chomhshaoil a chur san áireamh.

24. Is féidir na substaintí gníomhacha atá i dtáirge cosanta plandaí a tháirgeadh trí phróisis dhifriúla monaróireachta, rud is cúis le difríochtaí maidir le sonraíochtaí. Bíonn impleachtaí ó thaobh sábháilteachta ag roinnt le difríochtaí den sórt sin. Ar chúiseanna éifeachtachta, ba chóir nós imeachta comhchuibhithe ag leibhéal an Chomhphobail a chur ar fáil chun na difríochtaí sin a mheasúnú.

25. D’fhonn dúbláil neamhriachtanach ó thaobh oibre de a sheachaint, an t-ualach riaracháin ar lucht tionscail agus ar na Ballstáit a laghdú agus d’fhonn níos mó comhchuibhis maidir le hinfhaighteacht táirgí cosanta plandaí a éascú ba chóir go nglacfaí le húdaruithe a dheonaítear i mBallstát amháin i mBallstáit eile mar a bhfuil coinníollacha inchomparáide éiceolaíochta agus aeráide. Dá bhrí sin, ba chóir an tAontas Eorpach a roinnt i gcriosanna údarúcháin ina bhfuil coinníollacha inchomparáide lena leithéid d’aitheantas frithpháirteach a éascú.

26. Tá an leas eacnamaíoch do thionscal maidir le hiarratas a chur isteach ar údarú teoranta i gcás úsáidí áirithe. Lena áirithiú nach mbeidh éagsúlacht talmhaíochta agus gortóireachta i mbaol de bharr easpa infhaighteachta ó thaobh táirgí cosanta plandaí de, ba chóir rialacha sonracha a leagan síos le haghaidh mionúsáidí.

27. I gcásanna eisceachtúla, ba chóir go mbeadh sé de chead ag na Ballstáit táirgí cosanta plandaí nach gcomhlíonann na coinníollacha dá bhforáiltear sa Rialachán seo a údarú, i gcás gur gá é sin a dhéanamh toisc go bhfuil an tairgeadh plandaí agus éiceachórais i gcontúirt nó faoi bhagairt nach féidir déileáil léi ar aon bhealach eile. Ba chóir údaruithe sealadacha dá leithéidí a athbhreithniú ag leibhéal an Chomhphobail.

28. D’fhonn nuálaíocht a chur chun cinn ní mór rialacha speisialta a bhunú a cheadódh táirgí cosanta plandaí a úsáid i dtrialacha fiú mura bhfuil siad fós údaraithe.

29. D’fhonn ardleibhéal cosanta maidir le sláinte an duine agus leis an gcomhshaol a áirithiú ba chóir úsáid chuí a bhaint as táirgí cosanta plandaí, ag féachaint do na prionsabail a bhaineann le srianadh comhtháite lotnaidí. Folóidh an Chomhairle faoin gceanglas bainistíochta reachtúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn III de Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 na prionsabail a bhaineann le srianadh comhtháite lotnaidí, lena n-áirítear dea-chleachtas cosanta plandaí agus dea-chleachtas comhshaoil. Ba chóir foráil a dhéanamh, dá bhrí sin, d'idirthréimhse a cheadódh do na Ballstáit na struchtúir riachtanacha a chur ar bun a chuirfidh ar chumas úsáideoirí táirgí cosanta plandaí na prionsabail a bhaineann le srianadh comhtháite lotnaidí a chur i bhfeidhm.

30. Ba chóir córas malartaithe faisnéise a chur ar bun. Ba chóir go gcuirfeadh Ballstáit ar fáil dá chéile, don Údarás agus don Choimisiún na mionsonraí agus an doiciméadacht eolaíoch arna chur isteach i dtaca le hiarratais ar údarú do tháirgí cosanta plandaí.

31. Féadfar úsáid a bhaint as aidiúvaigh le héifeachtúlacht táirge cosanta plandaí a threisiú. Ba chóir a gcur ar an margadh agus a n-úsáid a thoirmeasc i gcás go bhfaightear comhfhoirmleach iontu atá toirmiscthe.

32. Tá infheistíocht mhór i gceist le staidéir. Ba chóir an infheistíocht seo a chosaint d’fhonn taighde a spreagadh. Ar an gcúis sin, ba chóir staidéir atá curtha i dtaisce le Ballstát ag iarratasóir amháin a chosaint ar a n-úsáid ag iarratasóir eile. Ba chóir, áfach, an chosaint sin a bheith teoranta ó thaobh ama le hiomaíocht a cheadú. Ba chóir di bheith teoranta freisin do staidéir atá fíor-riachtanach chun críocha rialúcháin, lena sheachaint go gcuirfeadh iarratasóirí síneadh saorga leis an tréimhse chosanta trí staidéir nua nach bhfuil gá leo a chur isteach.

33. Ba chóir rialacha a leagan síos chun dúbláil tástálacha agus staidéar a sheachaint. Go háirithe, ba chóir a thoirmeasc go ndéanfaí na staidéir chéanna in athuair a bhaineann le veirteabraigh. Sa chomhthéacs sin, ba chóir go mbeadh oibleagáid ann rochtain ar staidéir ar veirteabraigh agus ar staidéir eile a d'fhéadfadh tástáil ainmhithe a chosc a fhormheas ar théarmaí réasúnacha. Lena cheadú d’oibreoirí eolas a fháil ar staidéir atá déanta ag dreamanna nach iad, ba chóir do na Ballstáit liosta dá leithéidí de staidéir a choinneáil fiú mura bhfuil siad clúdaithe ag an gcóras thuasluaite maidir le rochtain éigeantach. Ba chóir modhanna in vitro gan ainmhithe a chur chun cinn sa chaoi is go nglacfaidh siad ionad na staidéar ar ainmhithe a mbaintear úsáid astu faoi láthair. Níor chóir tástálacha a dhéanamh ar ainmhithe veirteabracha chun críocha an Rialacháin seo ach amháin mar rogha dheireanach.

34. Toisc go gcuireann na Ballstáit, an tÚdarás agus an Coimisiún rialacha difriúla i bhfeidhm maidir le rochtain ar dhoiciméid agus rúndacht ina leith, is iomchuí na forálacha maidir le rochtain ar fhaisnéis atá sna doiciméid atá i seilbh na n-údarás seo agus rúndacht na ndoiciméad seo a shoiléiriú. Ba chóir go mbeadh infhaighteacht an phobail i gcoitinne ar staidéir agus ar shonraí atá ábhartha i dtaca le measúnú tocsaineolaíoch agus éiceathocsaineolaíoch ar tháirgí cosanta plandaí folaithe lena leithéid de shoiléiriú freisin.

35. Tá feidhm maidir le haicmiú, le pacáistiú agus le lipéadú lotnaidicídí ag Treoir 1999/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Bealtaine 1999 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialacháin agus fhorálacha riaracháin na mBallstát i dtaca le hullmhóidí contúirteacha a aicmiú, a phacáistiú agus a lipéadú[6]. D’fhonn tuilleadh feabhais a chur ar an gcosaint atá ag úsáideoirí táirgí cosanta plandaí, ag cónaitheoirí agus daoine atá ar an láthair agus a d’fhéadfadh bheith i gcontúirt ó lotnaidicídí de bharr spraeáil barr , ag tomhaltóirí plandaí agus táirgí plandaí agus ag an gcomhshaol, áfach, is iomchuí go mbeidh rialacha sonracha breise ann a chuirfidh na coinníollacha sonracha a bhaineann le táirgí cosanta plandaí a úsáid san áireamh.

36. Lena áirithiú nach gcuirfidh fógráin úsáideoirí táirgí cosanta plandaí nó an pobal amú, is iomchuí rialacha a chur ar fáil maidir le fógraíocht a bhaineann leis na táirgí sin.

37. Ba chóir forálacha maidir le taifid a choinneáil agus eolas maidir le táirgí cosanta plandaí a úsáid a leagan síos d’fhonn an leibhéal cosanta do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe agus leibhéal cosanta an chomhshaoil a ardú trí inrianaitheacht ar nochtadh ionchasach a áirithiú, d’fhonn éifeachtacht monatóireachta agus rialaithe a threisiú agus d’fhonn costais mhonatóireachta ar cháilíocht uisce a laghdú.

38. Ba chóir go gcinnteodh forálacha maidir le socruithe rialaithe agus cigireachta i dtaca le táirgí cosanta plandaí a mhargú agus a úsáid go gcuirfear na ceanglais atá leagtha síos sa Rialachán seo chun feidhme i slí shábháilte agus chomhchuibhithe sa chaoi is go mbainfear ardleibhéal cosanta amach do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol.

39. Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le feidhmiú rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí beatha agus bia, rialacha sláinte ainmhithe agus leasa ainmhithe a áirithiú[7], do bhearta rialaithe maidir le húsáid táirgí cosanta plandaí ag gach céim den phróiseas táirgthe bia, lena n-áirítear taifid a choinneáil maidir le húsáid táirgí cosanta plandaí. Ba chóir go mbeadh feidhm ag rialacha comhchosúla i ndáil le stóráil agus le húsáid táirgí cosanta plandaí nach bhfuil folaithe ag Rialachán (CE) Uimh. 882/2004.

40. Ba chóir dlúthchomhordú le reachtaíocht eile an Chomhphobail a áirithiú, go háirithe le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhair lotnaidicídí i mbia agus beatha de bhunadh plandaí nó ainmhíoch, nó ar bhia agus beatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle[8], agus le reachtaíocht Comhphobail maidir le cosaint oibreoirí agus duine ar bith a bhfuil baint acu le húsáid srianta agus scaoileadh toiliúil orgánach géinathraithe.

41. Is gá nósanna imeachta a bhunú chun bearta éigeandála a ghlacadh in imthosca ar dóigh go mbeadh substaint ghníomhach, teorantóir, sineirgíoch nó táirge cosanta plandaí atá formheasta ina bhaol tromchúiseach do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe nó don chomhshaol.

42. Ba chóir do Bhallstáit rialacha a leagan síos maidir le pionóis a bheadh infheidhme maidir le sáruithe an Rialacháin seo agus ba chóir dóibh na bearta is gá a ghlacadh lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad.

43. Ba chóir go leanfadh dliteanas ginearálta sibhialta nó dliteanas ginearálta coiriúil an mhonaróra agus, nuair is infheidhme, an duine atá freagrach as an táirge cosanta plandaí a chur ar an margadh nó as é a úsáid de bheith infheidhme fós.

44. Ba chóir go mbeadh an deis ag na Ballstáit na costais ar na nósanna imeachta a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin a fháil ar ais uathu sin atá ag iarraidh táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh nó atá á gcur ar an margadh cheana féin agus uathu sin atá ag déanamh iarratais ar fhormheas le haghaidh substaintí gníomhacha, teorantóirí nó sineirgíoch.

45. Ba chóir do na Ballstáit na húdaráis náisiúnta is gá a ainmniú.

46. Ba chóir don Choimisiún cur i bhfeidhm an Rialacháin seo a éascú. Dá bhrí sin, is iomchuí go ndéanfar soláthar do na hacmhainní airgeadais is gá agus don fhéidearthacht forálacha áirithe den Rialachán a leasú i bhfianaise na taithí a fuarthas nó nótaí teicniúla a fhorbairt mar threoir.

47. Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na rialacha mionsonraithe maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún[9]. Is iomchuí bearta de chineál teicniúil, riaracháin nó práinne amháin a ghlacadh ag baint úsáide as nós imeachta coiste chomhairligh.

(46a) Ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún bearta cur chun feidhme maidir leis na nósanna imeachta a bhaineann le hathbhreithniú agus le hathnuachan substaintí gníomhacha agus clár oibre chun athbhreithniú céimseach a dhéanamh ar na sineirgígh agus ar na teorantóirí a bheidh ar an margadh nuair a thiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm a bhunú, ceanglais sonraí le haghaidh teorantóirí agus sineirgíoch a ghlacadh, na critéir le haghaidh formheas a dhéanamh ar shubstaintí gníomhacha a mbaineann riosca íseal leo a leasú, rialacha maidir le taighde agus cur chun cinn táirgí nua cosanta plandaí a ghlacadh, rialachán cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfaí amach na forálacha maidir leis an rialú agus chun na hIarscríbhinní a leasú. Ós rud é go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, inter alia, trína fhorlíonadh, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(46b) Ar mhaithe le héifeachtacht, ba chóir na gnáth-theorainneacha ama a bhaineann le nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú a ghiorrú chun Rialachán a ghlacadh lena ndéanfar formheas i leith substainte gníomhaí a athnuachan nó gan a athnuachan, agus chun síneadh a chur le tréimhse an fhormheasa de bharr fhad an nós imeachta.

(46c) Nuair nach féidir, ar mhórchúiseanna práinne, cloí leis na gnáth-theorainneacha ama le haghaidh an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú, ba chóir go mbeadh an Coimisiún in ann úsáid a bhaint as an nós imeachta um práinn dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE má tá sé den tuairim nach bhfuiltear ag comhall na gcritéar maidir le formheas a thuilleadh agus rialachán chun formheas na substainte atá le glacadh a tharraingt siar nó a leasú.

48. Ba chóir go leanfadh forálacha áirithe de Threoir 91/414/CEE de bheith infheidhme san idirthréimhse,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1 Ábhar agus cuspóir

1. Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha le haghaidh táirgí cosanta plandaí a údarú i bhfoirm tráchtála agus rialacha le haghaidh iad a chur ar an margadh, le haghaidh iad a úsáid agus le haghaidh iad a rialú laistigh den Chomhphobal.

2. Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha le haghaidh formheas a dhéanamh ar shubstaintí gníomhacha, ar theorantóirí agus ar shineirgígh atá i dtáirgí cosanta plandaí nó arb iad atá i dtáirgí cosanta plandaí, agus rialacha le haghaidh aidiúvach agus le haghaidh comhfhoirmleach.

3. Is é is aidhm don Rialachán seo ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol .

4. Léiríonn an Rialachán seo prionsabal an réamhchúraim sa mhéid is go n-áirithíonn sé nach rachaidh substaintí nó táirgí a chuirtear ar an margadh chun dochair do shláinte an duine nó don chomhshaol .

5. Ina theannta sin is é is aidhm don Rialachán seo na rialacha maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh a chomhchuibhiú d’fhonn infhaighteacht táirgí cosanta plandaí a chomhchuibhiú i measc feirmeoirí i mBallstáit éagsúla.

Airteagal 2 Raon Feidhme

1. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le táirgí, san fhoirm ina soláthrófar don úsáideoir iad, arb éard a bheidh iontu substaintí gníomhacha, teorantóirí nó sineirgígh nó a bhfuil substaintí gníomhacha, teorantóirí nó sineirgígh iontu agus ar le haghaidh ceann amháin de na húsáidí seo a leanas a ceapadh iad:

(a) chun plandaí nó táirgí plandaí a chosaint ar gach orgánach díobhálach nó gníomhú de chuid orgánach den sórt sin a chosc, mura cuspóirí sláinteachais is mó a mheastar a bheith ina bpríomhchuspóir ag na táirgí seo seachas plandaí a chosaint nó táirgí plandaí a chosaint;

(b) chun tionchar a bheith acu ar phróisis saoil plandaí, amhail substaintí a mbíonn tionchar acu ar a bhfás, seachas mar chothaitheach;

(c) chun táirgí plandaí a chaomhnú, a mhéid nach mbeidh substaintí ná táirgí den sórt sin faoi réir fhorálacha speisialta an Chomhphobail maidir le leasaithigh;

(d) chun plandaí míchuibhiúla nó codanna míchuibhiúla de phlandaí a scriosadh, seachas algaí;

(e) chun fás míchuibhiúil plandaí a mhoilliú nó a chosc, seachas algaí.

Gairfear ‘táirgí cosanta plandaí’ de na táirgí anseo feasta.

2. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le substaintí, lena n-áirítear miocrorgánaigh agus víris a ghníomhaíonn go ginearálta nó go sonrach i gcoinne orgánach díobhálach nó ar phlandaí, ar chodanna de phlandaí nó ar tháirgí plandaí, dá ngairfear "substaintí gníomhacha" anseo feasta.

3. Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:

(a) substaintí nó ullmhóidí dá ngairfear 'teorantóirí' anseo feasta a chuirtear le táirge cosanta plandaí chun iarmhairtí fíteatocsaineacha na hullmhóide ar phlandaí áirithe a laghdú;

(b) substaintí nó ullmhóidí nach léiríonn gníomhaíocht ar bith, nó nach léiríonn ach lag-ghníomhaíocht de réir bhrí mhír 1, ach a mbíonn ar a gcumas gníomhaíocht fheabhsaithe a spreagadh i substaint ghníomhach nó i substaintí gníomhacha i dtáirge cosanta plandaí, dá ngairfear ‘sineirgígh’ anseo feasta;

(c) substaintí nó ullmhóidí a úsáidtear nó a cheapfar lena n-úsáid i dtáirge cosanta plandaí nó in aidiúvach, ach nach substaintí gníomhacha ná teorantóirí ná sineirgígh iad, dá ngairfear ‘comhfhoirmligh’ anseo feasta;

(d) substaintí nó ullmhóidí arb éard atá iontu comhfhoirmligh nó ullmhóidí a bhfuil comhfhoirmleach amháin nó níos mó iontu, san fhoirm ina soláthrófar don úsáideoir iad agus san fhoirm ina gcuirfear ar an margadh iad le go meascfaidh an t-úsáideoir le táirge cosanta plandaí iad chun athrú a chur ar a airíonna nó ar a iarmhairtí, dá ngairfear ‘aidiúvaigh’ anseo feasta.

Airteagal 3 Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) 'iarmhair'

Substaint amháin nó níos mó ná substaint amháin atá i bplandaí nó ar phlandaí, i dtáirgí de thionscnamh plandaí nó ar tháirgí de thionscnamh plandaí, i dtáirgí inite ainmhithe nó ar tháirgí inite ainmhithe nó atá in aon áit eile sa chomhshaol agus a eascraíonn as úsáid táirge cosanta plandaí, lena n-áirítear a meitibilítí, a dtáirgí dianscaoilte nó a dtáirgí imoibriúcháin;

(2) 'substaintí'

Dúile ceimiceacha agus a gcomhdhúile, mar a tharlaíonn siad go nádúrtha nó ar a monarú, lena n-áirítear aon neamhíonacht a bhíonn mar thoradh ar phróiseas an mhonaraithe ar baineadh úsáid as agus nach bhfuil aon dul as;

(3) 'ullmhóidí'

Meascáin de dhá shubstaint nó níos mó ná sin a cheaptar lena n-úsáid mar tháirge cosanta plandaí nó mar aidiúvach;

(4) 'substaint ar údar imní í'

Aon substaint a bhfuil cumas inti, ar cuid dílis di é, éifeacht dhiúltach a bheith aici ar dhaoine, ar ainmhithe nó ar an gcomhshaol agus atá i láthair i dtáirge cosanta plandaí nó a tháirgtear ann i dtiúchain ar leor iad chun baol éifeachta den sórt sin a chruthú.

Áirítear leis na substaintí sin substaintí a aicmítear mar shubstaintí contúirteacha i gcomhréir le Treoir 67/548/CEE[10], agus atá i láthair i dtáirge cosanta plandaí ag tiúchan arb é an toradh atá air go mbreathnaítear ar an táirge mar tháirge atá contúirteach laistigh de bhrí Airteagal 3 de Threoir 1999/45/CE, gan a bheith teoranta dóibh;

Aon substaint a bhfuil cumas inti, ar cuid dílis di é, briseadh inchríneach nó iarmhairtí néarthocsaineacha nó imdhíonthocsaineacha a spreagadh, ba chóir í a mheas mar shubstaint ar údar imní í.

(5) 'plandaí'

Plandaí beo agus codanna beo de phlandaí, lena n-áirítear torthaí úra, glasraí úra agus síolta;

(6) 'táirgí plandaí'

Táirgí i riocht neamhphróiseáilte nó nach ndearnadh orthu ach ullmhúchán simplí, amhail muilleoireacht, triomú nó fáisceadh, ar de thionscnamh plandaí iad ach gan na plandaí a ndearnadh sainmhíniú orthu i bpointe (5) a áireamh;

(7) 'orgánaigh dhíobhálacha'

Aon speiceas, aon phór nó aon bhitíopa a bhaineann le ríocht na n-ainmhithe nó na bplandaí nó aon oibreán pataigineach a dhéanann dochar do phlandaí nó do tháirgí plandaí;

(7a) ‘riosca íseal’

De chineál a mheastar gur éadócha de réir a thréithe dúchais go ndéanfai dh sé aon dochar don duine, d'ainmhithe nó don chomhshaol.

(8) ‘ainmhithe’

Ainmhithe ar le speicis iad a cheansaíonn, a bheathaíonn, a choinníonn agus a thomhlaíonn an duine de ghnáth;

(9) 'cur ar an margadh'

Táirge cosanta plandaí a shealbhú chun críche a dhíola laistigh den Chomhphobal, lena n-áirítear a thairiscint lena dhíol nó aon fhoirm eile aistrithe, cibé acu saor ó tháille nó nach ea, agus díol, dáileadh, agus foirmeacha eile aistrithe iad féin. Measfar gur ionann táirge cosanta plandaí a scaoileadh i saorchúrsaíocht i gcríoch an Chomhphobail agus é a chur ar an margadh, chun críocha an Rialacháin seo;

(9a) 'trádáil chomhthreomhar'

Táirge cosanta plandaí de bhunadh Ballstáit ina bhfuil an táirge údaraithe a thabhairt isteach i mBallstát d’fhonn é a chur ar mhargadh an Bhallstáit cinn scríbe ina bhfuil an táirge cosanta plandaí nó a chomhionann de tháirge tagartha údaraithe.

(10) 'údarú táirge cosanta plandaí'

Gníomh riaracháin lena n-údaraíonn údarás inniúil Ballstáit go gcuirfear táirge cosanta plandaí ar an margadh ina chríoch;

(11) 'táirgeoir'

Duine a mhonaraíonn substaintí gníomhacha, teorantóirí, sineirgígh, comhfhoirmligh, táirgí cosanta plandaí nó aidiúvaigh leis féin, nó a dhéanann conradh don mhonarú seo le páirtí eile, nó duine a cheapfaidh an monaróir mar ionadaí eisiach air chun críche an Rialachán seo a chomhlíonadh.

(12) 'litir rochtana'

Doiciméad lena dtoilíonn úinéir na sonraí atá á gcosaint faoin Rialachán seo go n-úsáidfeadh an t-údarás inniúil na sonraí sin chun údarú a dheonú ar tháirge cosanta plandaí nó chun formheas a dheonú ar shubstaint, ar shineirgíoch, nó ar theorantóir chun sochair duine eile.

(13) 'comhshaol'

Uiscí (lena n-áirítear screamhuisce, uisce dromchla, uisce idirchriosach agus uisce cósta), ithir, aer, talamh, speicis fhiáine fauna agus flora, agus aon idirchaidreamh eatarthu, agus aon chaidreamh le haon orgánaigh bheo eile;

(13b) ‘grúpaí leochaileacha den daonra’

Daoine ar gá measúnacht shonrach a dhéanamh orthu le linn éifeachtaí géara agus ainsealacha na dtáirgí cosanta plandaí ar an tsláinte a mheas. Orthu sin áirítear mná atá ag iompar clainne agus mná atá ag tabhairt cíche, linbh gan bhreith, naíonáin agus páistí, daoine scothaosta, daoine atá tinn agus iadsan atá ag glacadh cógais leighis, oibreoirí agus cónaitheoirí a bhíonn nochta go mór do lotnaidicídí;

(14) 'srianadh comhtháite lotnaidí'

Breathnú go géar ar na teicníochtaí rialaithe plandaí uile atá ar fáil agus na bearta iomchuí a chomthathú ina dhiaidh sin a chuireann in aghaidh fhorbairt líonta lotnaidí, agus táirgí cosanta plandaí agus foirmeacha eile idirghabhála a choinneáil ag leibhéil is féidir a chosaint go heacnamaíoch agus a laghdaíonn nó a íoslaghdaíonn an baol do shláinte an duine agus don chomhshaol. Le srianadh comhtháite lotnaidí cuirtear béim ar bharr folláin a fhás agus a laghad cur isteach is féidir á dhéanamh ar agrai-éiceachórais agus spreagtar úsáid meicníochtaí nádúrtha srianta lotnaidí;

(14a) ‘modhanna cosanta plandaí neamhcheimiceacha’

Modhanna srianta agus rialaithe lotnaidí a chiallaíonn modhanna cosanta plandaí neamhcheimiceacha (e.g. uainíocht na mbarr, rialú fisiceach agus meicniúil lotnaidí, bainistiú creachadóirí nádúrtha);

(15) 'miocrorgánaigh'

Aon aonán micribhitheolaíoch, lena n-áirítear fungais agus víris ísealoird, ceallacha nó neamhcheallacha, atá in ann iad féin a mhacasamhlú nó ábhar géiniteach a aistriú ó cheann go chéile;

(16) 'miocrorgánaigh ghéinathraithe'

Miocrorgánaigh ar athraíodh an t-ábhar géiniteach atá iontu, de réir bhrí Airteagal 2(2) de Threoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[11];

(17) 'crios'

Grúpa Ballstát, mar atá sainmhínithe in Iarscríbhinn I, a nglactar leis go bhfuil na coinníollacha talmhaíochta, sláinte plandaí agus comhshaoil (lena n-áirítear coinníollacha aeráide) iontu mórán cosúil le chéile;

(18) 'Dea-Chleachtas Cosanta Plandaí'

An cleachtas ar dá réir a dhéantar na cóireálacha le táirgí cosanta plandaí a chuirtear ar bharr faoi leith, i gcomhréir le coinníollacha a n-úsáidí údaraithe a roghnú, a dháileadh agus a uainiú chun an éifeachtúlacht is fearr is féidir leis an gcainníocht íosta a theastaíonn a áirithiú, agus coinníollacha áitiúla agus na féidearthachtaí do rialú cultúrtha agus bitheolaíoch á gcur san áireamh agus aird a thabhairt ar mhodhanna cosanta plandaí neamhcheimiceacha agus modhanna srianta lotnaidí agus bainistithe barr ;

(19) 'Dea-Chleachtas Comhshaoil'

Cleachtas cosanta plandaí lena n-áirítear láimhseáil agus forchur táirgí cosanta plandaí sa chaoi is nach dtruaillítear an comhshaol ach leis an méid is lú is féidir;

(20) 'Dea-Chleachtas Saotharlainne'

Cleachtas mar a shainmhínítear le Treoir 2004/10/CE[12];

(21) 'Cosaint sonraí'

Tá tuarascáil ar na tástálacha nó ar na staidéir folaithe ag cosaint sonraí má tá sé de cheart ag an úinéir a húsáid a chosc chun sochair duine eile;

(21a) 'Ballstát is Rapóirtéir'

An Ballstát a thugann faoi mheasúnú ar shubstaint ghníomhach, ar theorantóir nó ar shineirgíoch;

(21b) ‘tástálacha agus staidéir’

Imscrúdú nó turgnamh a bhfuil sé de chuspóir leis airíonna agus iompraíocht substainte gníomhaí nó táirgí cosanta plandaí a chinneadh, an nochtadh do shubstaintí gníomhacha agus/nó dá meitibilítí ábhartha a thuar, leibhéil shábháilte nochta a chinneadh agus coinníollacha maidir le húsáid shábháilte táirgí cosanta plandaí a shocrú.

CAIBIDIL II Substaintí gníomhacha, teorantóirí, sineirgígh agus comhfhoirmligh

ROINN 1substaintí gníomhacha

FO-ROINN 1 CEANGLAIS AGUS COINNÍOLLACHA LE HAGHAIDH FORMHEASA

Airteagal 4 Critéir formheasa do shubstaintí gníomhacha

1. Formheasfar substaint ghníomhach i gcomhréir le hIarscríbhinn II, más féidir a bheith ag súil leis, i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil reatha, ag cur na gcritéar formheasa i láthair a leagtar síos i bpointe 2 agus i bpointe 3 den Iarscríbhinn sin san áireamh, go gcomhlíonfaidh táirgí cosanta plandaí na coinníollacha dá bhforáiltear i mír 2 agus i mír 3.

2. Comhlíonfaidh iarmhair táirgí cosanta plandaí, tar éis a bhforchuir ar phlandaí i gcomhréir le dea-chleachtas cosanta plandaí, na ceanglais seo a leanas:

(a) ní bheidh aon iarmhairtí díobhálacha acu ar shláinte an duine, lena n-áirítear grúpaí leochaileacha, ná ar shláinte ainmhithe, ag cur na n-iarmhairtí carnacha agus sineirgisteacha is eol a bheith acu san áireamh nuair a bheidh na modhanna chun na hiarmhairtí sin a mheas ar fáil, ná ar screamhuisce;

(b) ní bheidh aon iarmhairt dho-ghlactha acu ar an gcomhshaol;

(c) maidir le hiarmhair a mbaineann tábhacht thocsaineolaíoch nó comhshaoil leo beidh modhanna caighdeánaithe in úsáid ghinearálta a bheidh sách íogair lena dtomhas .

3. Comhlíonfaidh úsáid táirgí cosanta plandaí, tar éis a bhforchuir ar phlandaí i gcomhréir le dea-chleachtas cosanta plandaí agus ag féachaint do choinníollacha réalaíocha úsáide, na ceanglais seo a leanas:

(a) beidh sé sách éifeachtúil;

(b) ní bheidh iarmhairt dhíobhálach láithreach ná iarmhairt dhíobhálach mhoillithe aige ar shláinte an duine, lena n-áirítear sláinte grúpaí leochaileacha , ná ar shláinte ainmhithe, go díreach nó trí uisce óil, trí bhia, trí bheatha nó tríd an aer, ná ní bheidh aon iarmhairtí aige sa láthair oibre ná tríd aon iarmhairtí indíreacha eile, lena n-airítear iarmhairtí carnacha agus iarmhairtí sineirgisteacha atá ar eolas i gcás ina mbeidh na modhanna chun iarmhairtí den sórt sin a mheas ar fáil; ná ar screamhuisce;

(c) ní bheidh aon iarmhairt dho-ghlactha aige ar phlandaí ná ar tháirgí plandaí;

(d) ní fhulaingeoidh na veirteabraigh atá le rialú gan ghá ná ní bheidh pian orthu gan ghá dá bharr;

(e) ní bheidh aon iarmhairtí do-ghlactha aige ar an gcomhshaol, ag féachaint go háirithe do na cúrsaí seo a leanas:

(i) a bhfuil i ndán dó agus a dháileadh sa chomhshaol, go háirithe truailliú uiscí dromchla, lena n-áirítear uiscí inbhir agus cósta, uisce óil, screamhuisce, agus truailliú aeir agus ithreach, ag cur láithreacha i bhfad ó áit a úsáide de thoradh iompair fadraoin comhshaoil san áireamh ;

(ii) a thionchar ar speicis seachas an spriocspeiceas; lena n-áirítear a thionchar ar iompar na speiceas sin;

(iii) a thionchar ar an mbithéagsúlacht agus ar an éiceachóras .

4. D'fhonn substaint ghníomhach a fhormheas, measfar go mbeidh mír 1, mír 2 agus mír 3 comhlíonta i gcás ina ndeimhneofar é seo i ndáil le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó de tháirge cosanta plandaí amháin ar a laghad a bhfuil an tsubstaint ghníomhach sin ann.

5. Maidir le sláinte an duine, ní úsáidfear aon sonraí a bailíodh faoi dhaoine le haghaidh na lamhálacha sábháilteachta a ísliú a eascraíonn as tástálacha nó as staidéir ar ainmhithe.

Airteagal 5 An chéad fhormheas

Tréimhse nach faide ná deich mbliana a bheidh sa chéad fhormheas.

Airteagal 6 Coinníollacha agus srianta

Féadfaidh formheas a bheith faoi réir coinníollacha agus srianta lena n-áirítear:

(a) íosmhéid íonachta na substainte gníomhaí;

(b) nádúr agus uasmhéid neamhíonachtaí áirithe;

(c) srianta a eascróidh as an meastóireacht ar an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 8 agus aird á tabhairt ar aon choinníollacha talmhaíochta, sláinte plandaí agus comhshaoil lena n-áirítear na coinníollacha aeráide a bheidh i gceist;

(d) cineál na hullmhóide;

(e) modh agus coinníollacha a forchuir;

(f) tuilleadh faisnéise deimhnithí a thíolacadh chuig na Ballstáit agus chuig an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, dá ngairfear 'an tÚdarás' anseo feasta, i gcás ina mbunófar ceanglais nua i rith an phróisis meastóireachta de bharr eolais eolaíoch agus theicniúil nua;

(g) catagóirí úsáideoirí a ainmniú, amhail úsáideoirí gairmiúla agus úsáideoirí neamhghairmiúla;

(h) áiteanna a ainmniú ina bhféadfar táirgí cosanta plandaí ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach a údarú iontu faoi choinníollacha sonracha;

(i) an riachtanas a bheidh ann bearta maolaithe rioscaí a chur i bhfeidhm agus monatóireacht a dhéanamh tar éis na húsáide;

(j) aon choinníollacha eile ar leith a eascróidh as meastóireacht a dhéanamh ar an bhfaisnéis a chuirfear ar fáil i gcomhthéacs an Rialacháin seo.

FO-ROINN 2 NÓS IMEACHTA FORMHEASA

Airteagal 7 Iarratas

1. Tíolacfaidh táirgeoir substainte gníomhaí iarratas ar fhormheas ar shubstaint ghníomhach nó iarratas ar leasú ar choinníollacha formheasta substainte gníomhaí chuig Ballstát (dá ngairfear "an Ballstát is rapóirtéir" anseo feasta) mar aon le sainchomhad achoimreach agus sainchomhad comhlán, dá bhforáiltear in Airteagal 8(1) agus (2), nó litir rochtana ar shainchomhaid den sórt sin nó cosaint atá réasúnaithe go heolaíoch ar an gcúis nár cuireadh codanna áirithe de na sainchomhaid sin ar fáil, a léireoidh go gcomhlíonann an tsubstaint ghníomhach na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4.

Féadfaidh comhlachas táirgeoirí á ainmniú ag na táirgeoirí iarratas comhpháirteach a thíolacadh chun críocha an Rialachán seo a chomhlíonadh.

2. Laistigh de 14 lá tar éis dó an t-iarratas a fháil, seolfaidh an Ballstát is rapóirtéir admháil i scríbhinn chuig an iarratasóir ag sonrú an dáta a fuarthas é.

3. Le linn dó an t-iarratas a thíolacadh féadfaidh an t-iarratasóir, de bhun Airteagal 60, a iarraidh go gcoinneofaí codanna áirithe de na comhaid dá dtagraítear i mír 1 faoi rún. Míneoidh sé i gcás gach doiciméid nó coda de dhoiciméad cén fáth go meastar é a bheith rúnda.

Ag an am céanna cuirfidh sé isteach aon éileamh ar chosaint sonraí de bhun Airteagal 56.

Tar éis deis a thabhairt don iarratasóir barúlacha a chur in iúl maidir leis an gcinneadh a bhfuil sé beartaithe ag an mBallstát is rapóirtéir a ghlacadh, déanfaidh sé cinneadh maidir leis an bhfaisnéis a choinneofar faoi rún. Cuirfidh sé an t-iarratasóir agus an tÚdarás ar an eolas maidir lena chinneadh.

Airteagal 8 Sainchomhaid

1. Beidh an méid seo a leanas sa sainchomhad achoimreach:

(a) Sonraí maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó de ar a laghad táirge cosanta plandaí amháin a bhfuil substaint ghníomhach ann ar bharr a fhástar go forleathan i ngach crios, a léireoidh go bhfuil ceanglais Airteagal 4 á gcomhlíonadh; i gcás nach gcumhdóidh na sonraí a tíolacadh gach crios nó i gcás ina mbainfidh siad le barr nach bhfástar go forleathan, cosaint ar an gcur chuige seo;

(b) do gach pointe de na ceanglais sonraí do shubstaintí gníomhacha dá dtagraítear in Airteagal 75(1)(b), na hachoimrí agus torthaí na dtástálacha agus na staidéar, ainm a n-úinéara agus ainm an duine nó ainm na hinstitiúide a rinne na tastálacha agus na staidéir;

(c) do gach pointe de ceanglais sonraí an táirge cosanta plandaí dá dtagraítear in Airteagal 75(1)(b), na hachoimrí agus torthaí na dtástálacha agus na staidéar, ainm a n-úinéara nó ainm an duine nó ainm na hinstitiúide a rinne na tastálacha agus na staidéir atá ábhartha maidir le measúnú na gcritéar dá dtagraítear in Airteagal 4 do tháirge cosanta plandaí amháin nó níos mó atá ionadaíoch ar na húsáidí dá dtagraítear i bpointe (a), agus é á chur san áireamh go bhféadfaí srianta a chur ar an bhformheas mar gheall ar easpaí i sonraí an tsainchomhaid, dá bhforáiltear i mír 2, agus ar thorthaí iad ar an raon teoranta úsáidí ionadaíocha a beartaíodh don tsubstaint ghníomhach;

(ca) do gach staidéar a bhaineann le hainmhithe veirteabracha, cosaint ar na céimeanna a glacadh chun tástálacha ainmhithe agus tástáil dhúbailte ar ainmhithe veirteabracha a sheachaint;

(d) seicliosta a léireoidh go bhfuil an sainchomhad dá bhforáiltear i mír 2 comhlán;

(e) na cúiseanna go bhfuil na tuarascálacha ar na tástálacha agus ar na staidéir a tíolacadh riachtanach don chéad fhormheas ar an tsubstaint ghníomhach nó do leasuithe ar choinníollacha an fhormheasa;

(f) measúnú ar an bhfaisnéis uile a tíolacadh.

2. Beidh téacs iomlán na dtuarascálacha ar na tástálacha agus ar na staidéir leithleacha a bhaineann leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c) de mhír 1 sa sainchomhad comhlán. Ní dhéanfar aon tástálacha ná staidéir ina dtugtar an tsubstaint ghníomhach nó an táirge cosanta plandaí do dhaoine d’aon ghnó.

3. Déanfar formáid an tsainchomhaid achoimrigh agus an tsainchomhaid chomhláin a bhunú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

Beidh na ceanglais sonraí dá dtagraítear in Airteagal 8(1) sainithe i Rialacháin arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(2), lena n-ionchorpraítear na ceanglais maidir le substaintí gníomhacha agus le táirgí cosanta plandaí in Iarscríbhínní II agus III a ghabhann le Treoir 91/414/CEE gan aon mhodhnuithe substaintiúla a dhéanamh orthu . Saineoidh an Coimisiún a mhacasamhail de cheanglais sonraí le haghaidh teorantóirí agus sineirgíoch laistigh de chúig bliana ón Rialachán seo teacht i bhfeidhm i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(4) .

Glacfar na bearta dá dtagraítear sa tríú fomhír, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 76(3a).

3(a) Cuirfidh an t-iarratasóir isteach leis an gcomhad an litríocht oscailte eolaíoch piar-athbhreithnithe go léir, arna chinneadh ag an Údarás, maidir leis an tsubstaint ghníomhach agus a meitibilítí ábhartha ag déileáil le fo-iarsmaí maidir le sláinte agus leis an gcomhshaol agus a foilsíodh sna cúig bliana roimh dháta tíolactha an tsainchomhaid.

Airteagal 9 Inghlacthacht an iarratais

1. Laistigh de 30 lá tar éis an t-iarratas a fháil, seiceálfaidh an Ballstát is rapóirtéir, ag baint úsáide as an seicliosta dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(d), go bhfuil na heilimintí uile dá dtagraítear in Airteagal 8 sna sainchomhaid a cuireadh isteach leis an iarratas.

2. I gcás go mbeidh ceann amháin nó níos mó de na heilimintí dá bhforáiltear in Airteagal 8 ar lár, cuirfidh an Ballstát é sin in iúl don iarratasóir agus leagfaidh sé síos tréimhse ama nach faide ná sé mhí chun iad a thíolacadh. Beidh feidhm ag Airteagal 7(3).

Más rud é, ag deireadh na tréimhse sin, nach mbeidh na heilimintí ar lár tíolactha ag an iarratasóir, cuirfidh an Ballstát in iúl don iarratasóir go bhfuil an t-iarratas do-ghlactha.

Féadfar iarratas nua ar an tsubstaint chéanna a thíolacadh tráth ar bith.

3. I gcás ina dtíolacfar na heilimintí uile dá bhforáiltear in Airteagal 8 sna sainchomhaid a tíolacadh i dteannta an iarratais, tabharfaidh an Ballstát is rapóirtéir fógra don iarratasóir, don Choimisiún, do na Ballstáit eile agus don Údarás go bhfuil an t-iarratas inghlactha agus tosófar an measúnú ar an tsubstaint ghníomhach.

I ndiaidh dó an fógra sin a fháil, cuirfidh an t-iarratasóir an sainchomhad achoimreach agus an sainchomhad comhlán ar aghaidh chuig na Ballstáit eile, an tÚdarás agus an Coimisiún.

Airteagal 10 Rochtain ar an sainchomhad achoimreach

Cuirfidh an tÚdarás an sainchomhad achoimreach dá dtagraítear in Airteagal 8(1) ar fáil don phobal gan mhoill, ach aon fhaisnéis atá rúnda faoi Airteagal 60 a eisiamh.

Airteagal 11 Dréacht-tuarascáil mheasúnaithe

1. Laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an fhógra dá bhforáiltear sa chéad fhomhír d'Airteagal 9(3), ullmhóidh an Ballstát is rapóirtéir tuarascáil (dá ngairfear "dréacht-tuarascáil mheasúnaithe" anseo feasta), a chuirfidh sé chuig an Údarás, ina ndéanfar measúnú ar cibé an féidir a bheith ag súil leis go gcomhlíonfaidh an tsubstaint ghníomhach ceanglais Airteagal 4.

I gcás ina mbeidh faisnéis bhreise de dhíth ar an mBallstát, sonróidh sé tréimhse ama don iarratasóir chun í a sholáthar. Sa chás sin, déanfar an tréimhse dhá mhí dhéag a shíneadh leis an tréimhse ama bhreise a dheonóidh an Ballstát. Sé mhí ar a mhéad a bheidh sa tréimhse ama breise agus rachaidh sé in éag tráth a bhfaighidh an Ballstát is rapóirtéir an fhaisnéis bhreise agus cuirfidh sé an Coimisiún agus an tÚdarás ar an eolas faoi. Le linn don iarratasóir faisnéis bhreise a chur isteach, tíolacfaidh sé an tráth céanna aon éileamh ar chosaint sonraí de bhun Airteagal 56. Beidh feidhm ag Airteagal 7(3).

Féadfaidh an Ballstát dul i gcomhairle leis an Údarás.

2. Déanfar formáid na dréacht-tuarascála measúnaithe a bhunú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

Airteagal 12 Conclúid an Údaráis

1. Cuirfidh an tÚdarás an dréacht-tuarascáil mheasúnaithe arna fáil ón mBallstát is rapóirtéir chuig an iarratasóir, chuig na Ballstáit eile agus chuig an gCoimisiún.

Cuirfidh sé ar fáil í don phobal, tar éis coicís a thabhairt don iarratasóir iarraidh a dhéanamh, de bhun Airteagal 60, go gcoinneofaí codanna áirithe den dréacht-tuarascáil mheasúnaithe faoi rún.

Ceadóidh an tÚdarás tréimhse 90 lá chun barúlacha i scríbhinn a thíolacadh.

I gcás inarb iomchuí, eagróidh an tÚdarás comhchomhairliúchán saineolaithe, lena n-áirítear saineolaithe ón mBallstát is rapóirtéir.

2. Glacfaidh an tÚdarás conclúid maidir le cé acu an féidir nó nach féidir bheith ag súil leis go sásóidh an tsubstaint ghníomhach ceanglais Airteagal 4 laistigh de 90 lá ó dheireadh na tréimhse dá bhforáiltear i mír 1 den Airteagal seo trí chosaint chuí, lena n-áirítear tagairt do bhreithniú ar aon tuairimí poiblí , agus déanfaidh sé í a chur in iúl don iarratasóir, do na Ballstáit agus don Choimisiún. Foilseofar an chonclúid ar shuíomh gréasáin an Údaráis.

I gcás inarb iomchuí, díreoidh an tÚdarás sa chonclúid ar na roghanna maolaithe rioscaí a aithníodh sa dréacht-tuarascáil mheasúnaithe.

3. I gcás ina mbeidh faisnéis bhreise de dhíth ar an Údarás, sonróidh sé tréimhse ama nach faide ná 90 lá don iarratasóir chun í a sholáthar don Údarás agus don Bhallstát is rapóirtéir , a chuirfidh in iúl é don Choimisiún agus do na Ballstáit.

Déanfaidh an Ballstát is rapóirtéir measúnú ar an bhfaisnéis bhreise agus cuirfidh sé faoi bhráid an Údaráis gan mhoill í agus tráth nach déanaí ná seasca lá ar a mhéad tar éis dó an fhaisnéis bhreise a fháil. Sa chás sin síneofar an tréimhse 90 lá dá bhforáiltear i mír 2 le tréimhse bhreise a rachaidh in éag tráth a bhfaighidh an tÚdarás an measúnú breise.

Féadfaidh an tÚdarás a iarraidh ar an gCoimisiún dul i gcomhairle le saotharlann tagartha Comhphobail a ainmníodh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 882/2004, d'fhonn a dhearbhú cibé acu an bhfuil an modh anailíse a mhol an t-iarratasóir chun na hiarmhair a chinneadh sásúil agus cibé acu an dtagann sé le ceanglais Airteagal 29(1)(f) den Rialachán seo. Cuirfidh an t-iarratasóir samplaí agus caighdeáin anailíseacha ar fáil má iarann saotharlann tagartha an Chomhphobail air é sin a dhéanamh.

4. Socróidh an tÚdarás an fhormáid le haghaidh na conclúide ina mbeidh sonraí maidir le nós imeachta na meastóireachta agus airíonna na substainte gníomhaí lena mbaineann.

Airteagal 13 Rialachán Formheasa

1. Laistigh de shé mhí ón dáta a bhfaighidh sé an chonclúid dá bhforáiltear in Airteagal 12(2) ón Údarás, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil (dá ngairfear "an tuarascáil athbhreithnithe" anseo feasta) i láthair an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 76(1), agus dréacht-tuarascáil mheasúnaithe an Bhallstáit is rapóirtéir faoi Airteagal 11 agus conclúid an Údaráis faoi Airteagal 12 á gcur san áireamh aige.

Tabharfar deis don iarratasóir barúlacha a thíolacadh ar an tuarascáil athbhreithnithe.

2. Ar bhonn na tuarascála athbreithnithe dá bhforáiltear i mír 1, ar bhonn fachtóirí eile a bheidh ábhartha maidir leis an ábhar atá faoi chaibidil agus ar bhonn phrionsabal an réamhchúraim i gcás ina mbeidh na coinníollacha a leagadh síos in Airteagal 7(1) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ábhartha, glacfar Rialachán i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(3) lena bhforálfar:

(a) go bhformheasfar substaint ghníomhach, faoi réir coinníollacha agus srianta, dá dtagraítear in Airteagal 6 i gcás inarb iomchuí;

(b) nach bhformheasfar substaint ghníomhach; nó

(c) go leasófar coinníollacha an fhormheasa.

3. Coinneoidh an Coimisiún liosta uasdátaithe de shubstaintí gníomhacha formheasta agus a dtuarascálacha athbhreithnithe agus foilseoidh sé iad ar a shuíomh gréasáin .

FO-ROINN 3 ATHNUACHAN AGUS ATHBHREITHNIÚ

Airteagal 14 Athnuachan an fhormheasa

1. Ar iarratas a dhéanamh, déanfar formheas ar shubstaint ghníomhach a athbhreithniú i gcás ina suífear go bhfuil na critéir dá dtagraítear in Airteagal 4 á gcomhlíonadh.

Measfar gur sásaíodh Airteagal 4 i gcás inar suíodh é sin i ndáil le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó de ar a laghad táirge cosanta plandaí amháin ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach sin.

Féadfar coinníollacha agus srianta, dá dtagraítear in Airteagal 6, a bheith ar áireamh san athnuachan sin ar an bhformheas.

2. Tréimhse neamhtheoranta ama a bheidh san athnuachan.

Airteagal 15 Iarratas ar athnuachan

1. Tíolacfaidh táirgeoir substainte gníomhaí an t-iarratas dá bhforáiltear in Airteagal 14 chuig Ballstát, agus cuirfidh sé cóip de chuig na Ballstáit eile, chuig an gCoimisiún agus chuig an Údarás, tráth nach déanaí ná trí bliana sula rachaidh an cheád fhormheas in éag.

2. Nuair a dhéanfaidh iarratasóir iarratas ar athnuachan, sainaithneoidh sé aon sonraí nua a bheidh beartaithe aige a thíolacadh agus léireoidh sé go bhfuil siad riachtanach, de thoradh ceanglas sonraí nó de thoradh critéar nach raibh i bhfeidhm nuair a formheasadh an tsubstaint ghníomhach den chéad uair nó toisc gur iarratas ar fhormheas leasaithe é an t-iarratas. An tráth céanna tíolacfaidh sé tráthchlár maidir le haon staidéar nua nó maidir le staidéar leanúnach.

Aithneoidh an t-iarratasóir na codanna den fhaisnéis a tíolacadh atá le coinneáil faoi rún i gcomhréir le hAirteagal 60 agus míneoidh sé cén fáth gur éilíodh é sin.

Airteagal 16 Rochtain ar an iarratas ar athnuachan

Cuirfidh an tÚdarás ar fáil don phobal, gan mhoill, an fhaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir faoi Airteagal 15, seachas aon fhaisnéis a dhearbhaítear faoi Airteagal 60 gur faisnéis faoi rún í.

Airteagal 17 Síneadh ar thréimhse an fhormheasa ar feadh ré an nós imeachta

Más rud é, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, gur dóigh go n-éagfaidh an formheas sula ndéanfar cinneadh faoi athnuachan, glacfar Rialachán, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(3) , lena gcuirfear an t-éag sin ar athló go ceann tréimhse a bheidh chomh fada agus go bhféadfar scrúdú a dhéanamh ar an iarratas. Glacfar Rialachán den sórt sin, go háirithe, i gcás nach bhféadfadh iarratasóirí an fógra trí bliana a éilítear faoi Airteagal 15(1) a thabhairt de bharr go raibh an tsubstaint ghníomhach san áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ar feadh ré a chuaigh in éag níos lú ná trí bliana tar éis an dáta a cuireadh an Rialachán seo i bhfeidhm.

Bunófar fad na tréimhse sin ar bhonn an méid seo a leanas:

(a) an t-am a bheidh ag teastáil chun an fhaisnéis a iarradh a chur ar fáil;

(b) an t-am a bheidh ag teastáil chun an nós imeachta a thabhairt chun críche;

(c) an riachtanas atá ann a áirithiú go mbunófar clár comhtháite oibre, mar a fhoráiltear in Airteagal 18.

Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 76(3b).

Airteagal 18 Clár oibre

Féadfaidh an Coimisiún clár oibre a bhunú a thiomsóidh substaintí gníomhacha comhchosúla. Féadfar a cheangal leis an gclár sin go dtíolacfadh na páirtithe leasmhara na sonraí riachtanacha uile chuig an gCoimisiún, chuig an Údarás agus chuig na Ballstáit laistigh den tréimhse dá bhforáiltear sa chlár.

Beidh an méid seo a leanas san áireamh sa chlár:

(a) na nósanna imeachta maidir le hiarratais ar athnuachan formheasanna a thíolacadh agus maidir le measúnú a dhéanamh ar na hiarratais sin;

(b) na sonraí riachtanacha a bheidh le tíolacadh, lena n-áirítear bearta chun tástáil ainmhithe a sheachaint nó a íoslaghdú, go háirithe úsáid modhanna tástála gan ainmhithe agus straitéisí éirimiúla tástála;

(c) na tréimhsí ama le haghaidh na sonraí sin a thíolacadh;

(d) rialacha maidir le faisnéis nua a thíolacadh;

(e) rialacha maidir le hiarratais ar rúndacht i gcomhréir le hAirteagal 60.

Airteagal 19 Bearta cur chun feidhme

Glacfaidh an Coimisiún Rialachán ina leagfar amach na forálacha atá riachtanach chun an nós imeachta athnuachana agus athbhreithnithe a chur chun feidhme, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, clár oibre a chur chun feidhme, dá bhforáiltear in Airteagal 18.

Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 76(3a).

Airteagal 20 Rialachán Athnuachana

1. Glacfaidh an Coimisiún Rialachán lena bhforálfar:

(a) go ndéanfar formheas ar shubstaint ghníomhach a athnuachan, nuair is iomchuí, faoi réir coinníollacha agus srianta; nó

(b) nach ndéanfar athnuachan ar fhormheas ar shubstaint ghníomhach.

Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 76(3b).

2. I gcás ina gceadóidh na cúiseanna gan é a athnuachan amhlaidh, déanfaidh an Rialachán dá dtagraítear i mír 1 foráil do thréimhse bhreise le stoic na dtáirgí cosanta plandaí atá i dtrácht a ídiú, tréimhse nach faide ná bliain amháin .

2a. Sa chás go dtarraingeofar siar an formheas nó mura n-athnuafar an formheas de bharr ábhair imní láithrigh maidir le sláinte an duine, nó sláinte ainmhithe nó maidir leis an gcomhshaol, díothófar na táirgí cosanta plandaí láithreach.

Airteagal 21 Athbhreithniú formheasa

1. Féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar fhormheas ar shubstaint ghníomhach tráth ar bith.

I gcás ina measfaidh sé go bhfuil an chosúlacht ann nach gcomhlíonann an tsubstaint ghníomhach na critéir dá bhforáiltear in Airteagal 4 a thuilleadh, nó nár cuireadh ar fáil an fhaisnéis bhreise atá de dhíth i gcomhréir le pointe (f) d'Airteagal 6, cuirfidh sé é sin iúl do na Ballstáit, don Údarás agus do tháirgeoir na substainte gníomhaí agus sonróidh sé tréimhse ama don táirgeoir chun a bharúlacha a thíolacadh.

Déanfar athbhreithniú den chineál sin má tá faisnéis ann go bhféadfaidh gnóthú na gcuspóirí atá socraithe i gcomhréir le hAirteagal 4(1)(a)(iv) agus (b)(i) agus Airteagal 7(2) agus (3) de Threoir 2000/60/CE bheith i gcontúirt.

2. Féadfaidh an Coimisiún tuairim nó cúnamh eolaíoch nó cúnamh teicniúil a iarraidh ar an Údarás. Cuirfidh an tÚdarás a thuairim nó torthaí a shaothair ar fáil don Choimisiún laistigh de 3 mhí ón iarraidh.

3. I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil na critéir dá dtagraítear in Airteagal 4 á gcomhlíonadh a thuilleadh, i gcás ina gcinnfidh sé nár cuireadh an fhaisnéis bhreise ar fáil a cheanglaítear a chur ar fáil i gcomhréir le pointe (f) d'Airteagal 6, glacfaidh sé Rialachán chun an formheas a chúlghairm nó chun é a leasú.

Glacfar an Rialachán sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 76(3a). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 76(3c).

Beidh feidhm ag Airteagal 20(2).

3a. I gcás ina gcinnfidh meastóireacht an Choimisiúin nach féidir na cuspóirí a bhaint amach maidir le truailliú ó shubstaintí tosaíochta arna socrú i gcomhréir le hAirteagal 4(1)(a)(iv) agus (b)(i) agus Airteagal 7(2) agus (3) de Threoir 2000/60/CE a laghdú, glacfaidh sé Rialachán chun an formheas a tharraingt siar nó a leasú.

Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 76(3a). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún leas a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 76(3c).

FO-ROINN 4 MAOLUITHE

Airteagal 22 Substaintí gníomhacha a mbaineann riosca íseal leo

1. De mhaolú ar Airteagal 5, déanfar substaint ghníomhach a chomhlíonfaidh na critéir dá bhforáiltear in Airteagal 4 a fhormheas do thréimhse nach faide ná 15 bliana, i gcás nach meastar ach go mbeidh riosca íseal do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol ag táirgí cosanta plandaí a bhfuil an tsubstaint sin iontu, mar a fhoráiltear in Airteagal 46(1).

1(a) Ní bheidh feidhm ag an maolú dá bhforáiltear i mír 1 i leith aon substainte gníomhaí

(a) atá aicmithe i gcomhréir le Treoir 67/548/CEE mar shubstaint dá leithéid nó a shásaíonn na critéir le bheith aicmithe mar shubstaint dá leithéid:

- carcanaigineach

- só-ghineach

- tocsaineach don atáirgeadh

- an-tocsaineach

- tocsaineach

- íograitheach

- pléascach,

(b) atá cáilithe mar:

- seasmhach le leathré is faide ná 60 lá

- réabóirí inchríneacha

- bithcharnach agus gan bheith indíghrádaithe go héasca

1(b) Féadfaidh an Coimisiún na critéir chun substaint ghníomhach a fhormheas mar shubstaint a mbaineann riosca íseal léi a athbhreithniú agus a shonrú más gá.

Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 76(3a).

2. Beidh feidhm ag Airteagal 4(4) agus ag Airteagail 6 go 21.

Airteagal 23 Critéir formheasa do shubstaintí bunata

1. Formheasfar substaintí bunata i gcomhréir le mír 2 go mír 6. De mhaolú ar Airteagal 5, mairfidh an formheas go ceann tréimhse gan srianadh. Chun críche na míreanna sin, substaint ghníomhach a bheidh i substaint bhunata

(a) nach chun críocha cosanta plandaí den chuid is mó a úsáidfear í ach

(b) dá ainneoin sin, go bhfuil sí úsáideach chun plandaí a chosaint, go díreach nó i dtáirge arb éard a bheidh ann substaint agus caolaitheoir simplí,

(c) nach substaint í ar díol imní í, agus

(d) nach gcuirtear ar an margadh í go díreach lena húsáid mar tháirge cosanta plandaí.

1(a) Chun críche an Rialacháin seo, measfar gur ionann substaint bhunata agus substaint ghníomhach a shásaíonn na critéir maidir le hearraí bia mar atá siad sainmhínithe in Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

2. De mhaolú ar Airteagal 5, formheasfar substaint bhunata i gcás ina léireoidh aon mheastóireachtaí ábhartha a cuireadh i gcrích i gcomhréir le reachtaíocht eile Comhphobail, lena rialaítear úsáid na substainte sin chun críocha eile seachas mar tháirge cosanta plandaí, nach mbeidh iarmhairt dhíobhálach láithreach ná iarmhairt dhíobhálach mhoillithe ag an tsubstaint ar shláinte an duine ná ar shláinte ainmhithe ná nach mbeidh aon iarmhairt dho-ghlactha ag an tsubstaint ar an gcomhshaol.

3. Is chuig an gCoimisiún a thíolacfaidh aon pháirtí leasmhar nó aon Bhallstát iarratas ar fhormheas ar shubstaint bhunata.

Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas i gceangal leis an iarratas:

(a) aon mheastóireachtaí a rinneadh i gcomhréir le haon reachtaíocht Comhphobail eile a rialaíonn úsáid na substainte; nó

(b) faisnéis a chuireann in iúl nach bhfuil aon iarmhairt dhíobhálach láithreach nó mhoillithe ag an tsubstaint ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe nó aon iarmhairt dho-ghlactha ar an gcomhshaol.

4. Féadfaidh an Coimisiún tuairim nó cúnamh eolaíoch nó cúnamh teicniúil a iarraidh ar an Údarás. Cuirfidh an tÚdarás a thuairim nó torthaí a shaothair ar fáil don Choimisiún laistigh de 3 mhí ón iarraidh.

5. Beidh feidhm ag Airteagal 6 agus ag Airteagal 13.

6. Féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar fhormheas ar shubstaint bhunata tráth ar bith.

I gcás ina measfaidh sé go bhfuil faisnéis ann nach bhfuil na critéir dá bhforáiltear i míreanna 1 agus 2 á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an tsubstaint, cuirfidh sé é sin in iúl do na Ballstáit, don Údarás agus don pháirtí leasmhar agus sonróidh sé tréimhse a gcaithfear a mbarúlacha a thíolacadh lena linn.

Iarrfaidh an Coimisiún tuairim nó cúnamh eolaíoch nó cúnamh teicniúil ar an Údarás. Cuirfidh an tÚdarás a thuairim nó torthaí a shaothair ar fáil don Choimisiún laistigh de 3 mhí ón iarraidh.

I gcás ina gcinnfidh an Coimisiún nach bhfuil na critéir dá dtagraítear i mír 1 á gcomhlíonadh a thuilleadh, glacfaidh sé Rialachán chun an formheas sin a chúlghairm nó chun é a leasú.

Glacfar an Rialachán sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 76(3a). Ar mhórchúiseanna práinne, féadfaidh an Coimisiún úsáid a bhaint as an nós imeachta um práinn dá dtagraítear in Airteagal 76(3c).

Beidh feidhm ag Airteagal 20(2).

Airteagal 24 Critéir formheasa do shubstaintí a bhféadfaí ionadú a dhéanamh orthu

1. De mhaolú ar Airteagal 5 agus Airteagal 14(2), formheasfar substaint ghníomhach a thagann leis na critéir dá bhforáiltear in Airteagal 4 ar feadh tréimhse nach faide ná seacht mbliana, i gcás ina bhfuil substaintí eile a formheasadh cheana ann nach bhfuil baileach chomh tocsaineach céanna do thomhaltóirí nó d'oibreoirí nó go bhfuil i bhfad níos lú rioscaí ag baint leo don chomhshaol. Tabharfar aird sa mheasúnú ar na critéir a leagadh síos i bpointe 4, d'Iarscríbhinn II.

Tagraítear anseo feasta dá leithéid de shubstaint mar ‘substaint a bhféadfaí ionadú a dhéanamh uirthi’.

2. Beidh feidhm ag Airteagal 4(4) agus ag Airteagail 6 go 21.

ROINN 2 TEORANTÓIRÍ AGUS SINEIRGÍGH

Airteagal 25 Teorantóirí agus sineirgígh a fhormheas

1. Formheasfar teorantóir nó sineirgíoch, i gcás ina gcomhlíonfaidh sé Airteagal 4.

1a. De mhaolú ar Airteagal 4(4) maidir le teorantóir nó sineirgíoch a fhormheas, measfar go mbeidh Airteagal 4(1), (2) agus (3) comhlíonta i gcás gur cruthaíodh é seo maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó d'úsáidí ionadaíocha den teorantóir nó de na sineirgígh le táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad.

2. Beidh feidhm ag Airteagail 5 go 21.

Airteagal 26 Teorantóirí agus sineirgígh atá ar an margadh cheana féin

Laistigh de chúig bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, glacfar Rialachán i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(3) lena mbunófar clár oibre chun athbhreithniú céimseach a dhéanamh ar shineirgígh agus ar theorantóirí ar an margadh nuair a thiocfaidh an Rialachán sin i bhfeidhm. Cuimseofar leis an Rialachán ceanglais sonraí a bhunú, lena n-áirítear bearta chun tástálacha ainmhithe a sheachaint nó a íoslaghdú , fógra a thabhairt, meastóireacht a dhéanamh, measúnú a dhéanamh agus nósanna imeachta cinnteoireachta. Ceanglófar ar pháirtithe leasmhara leis gach sonra riachtanach a thíolacadh chuig an gCoimisiún, chuig an Údarás agus chuig na Ballstáit laistigh de thréimhse shonraithe ama.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 76(3a).

ROINN 3 COMHFHOIRMLIGH DHO-GHLACTHA

Airteagal 27 Toirmeasc

1. Toirmeascfar comhfhoirmleach nuair atá sé deimhnithe:

(a) go bhfuil iarmhairt dhíobhálach ag an gcomhfhoirmleach nó ag a iarmhair, de thoradh a fhorchuir i gcomhréir le dea-chleachtas cosanta plandaí agus le coinníollacha réalaíocha úsáide , ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe nó ar screamhuisce nó go bhfuil iarmhairt dho-ghlactha acu ar an gcomhshaol; nó

(b) go bhfuil iarmhairt dhíobhálach ag a úsáid, de thoradh a fhorchuir i gcomhréir le dea-chleachtas cosanta plandaí, agus ag féachaint do choinníollacha réalaíocha úsáide, ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe nó ar screamhuisce nó go bhfuil iarmhairt dho-ghlactha ag a úsáid ar an gcomhshaol.

2. Liostófar in Iarscríbhinn III comhfhoirmligh a bhfuil toirmeasc orthu de bhun mhír 1.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 76(3a).

CAIBIDIL III Táirgí cosanta plandaí

Roinn 1Údarú

FO-ROINN 1 CEANGLAIS AGUS INNEACHAR

Airteagal 28 Údarú um chur ar an margadh agus úsáid

1. Ní chuirfear ar an margadh táirge cosanta plandaí nó ní úsáidfear é mura mbeidh sé údaraithe chuige sin sa Bhallstát lena mbaineann i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2. De mhaolú ar mhír 1, ní éileofar údarú sna cásanna seo a leanas:

(a) i gcás ina n-úsáidfear táirgí cosanta plandaí nach bhfuil iontu ach substaint bhunata amháin nó níos mó;

(b) i gcás ina gcuirfear táirgí cosanta plandaí ar an margadh agus i gcás ina n-úsáidfear chun críocha taighde nó chun críocha forbartha iad i gcomhréir le hAirteagal 51;

(c) i gcás ina dtáirgfear, ina stórálfar nó ina n-aistreofar táirge cosanta plandaí a bheartaítear a úsáid i mBallstát eile, ar choinníoll go bhfuil an táirge údaraithe sa Bhallstát sin agus ar choinníoll go bhfuil ceanglais chigireachta i bhfeidhm ag an mBallstát is táirgeoir, is stórálaí nó is aistritheoir a áiritheoidh nach n-úsáidfear an táirge cosanta plandaí ina chríoch.

Airteagal 29 Ceanglais

1. Ní údarófar táirge cosanta plandaí ach nuair a chomhlíonfaidh sé na ceanglais seo a leanas:

(a) i gcás inar formheasadh a shubstaintí gníomhacha, a theorantóirí agus a shineirgígh;

(b) i gcás ina dtáirgfear a shubstaint ghníomhach, a theorantóir nó a shineirgíoch trí dhuine nó i gcomhréir le próiseas monaraíochta seachas an duine nó an próiseas atá sonraithe sa sainchomhad ar ar a mbonn a rinneadh an tsubstaint ghníomhach, an teorantóir nó an sineirgíoch a fhormheas, agus nach gclaonann an tsubstaint ghníomhach, an teorantóir nó an sineirgíoch atá sa táirge cosanta plandaí go suntasach ón tsonraíocht atá ar áireamh sa Rialachán lena bhformheastar an tsubstaint, an teorantóir nó an sineirgíoch sin, agus nach bhfuil aon iarmhairtí díobhálacha aige de réir bhrí Airteagal 4(2) agus (3) de bharr a neamhíonachtaí ná na hiarmhairtí a bheadh aige dá dtáirgfí é i gcomhréir leis an bpróiseas monaraíochta atá sonraithe sa sainchomhad sin;

(c) i gcás nach bhfuil toirmeasc ar a chomhfhoirmligh faoi Airteagal 27;

(ca) i gcás go bhfuil a fhoirmliú de chineál a chinntíonn go bhfuil nochtadh an úsáideora agus rioscaí eile teoranta an oiread agus is féidir gan dochar d’fheidhmiú an táirge;

(d) i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil reatha, go gcomhlíonfaidh sé na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 4(3);

(e) i gcás inar féidir nádúr agus cainníocht a shubstaintí gníomhacha, a theorantóirí, agus a shineirgígh agus aon neamhíonacht de shuntas tocsaineolaíoch, éiceathocsaineolaíoch nó comhshaoil agus comhfhoirmligh a aimsiú le modhanna iomchuí;

(f) i gcás inar féidir a iarmhair, a eascróidh as úsáidí údaraithe, agus atá suntasach go tocsaineolaíoch nó go héiceathocsaineolaíoch nó ar bhonn comhshaoil, a chinneadh trí mhodhanna iomchuí caighdeánaithe atá sách íogair, agus atá in úsáid ghinearálta ;

(g) i gcás ina ndearbhófar a airíonna fisiciúla agus ceimiceacha agus i gcás ina ndearbhófar go bhfuil siad inghlactha chun úsáid iomchuí a bhaint as an táirge agus chun críocha an táirge a stóráil;

(h) i gcás barr farae, agus barr bia, nuair is iomchuí, sonrófar nó modhnófar i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 na huasleibhéil iarmhar do na táirgí talmhaíochta a ndéanfaidh an úsáid dá dtagraítear san fhormheas difear dóibh.

2. De mhaolú ar phointe (a) de mhír 1, féadfaidh Ballstát, ar feadh tréimhse cúig bliana tar éis an clár oibre dá dtagraítear in Airteagal 26 a ghlacadh, údarás a thabhairt chun táirgí cosanta plandaí ina bhfuil sineirgígh agus teorantóirí nach bhfuil formheasta, ach atá ar áireamh sa chlár sin, a chur ar an margadh ina chríoch.

3. Léireoidh an t-iarratasóir go bhfuil na ceanglais dá bhforáiltear i mír 1 á gcomhlíonadh.

4. Maidir le comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i bpointe (b) agus ó phointe (d) go pointe (g) de mhír 1, dearbhófar le tástálacha oifigiúla agus le hanailísí oifigiúla nó le tástálacha a bhfuil aitheantas oifigiúil acu agus le hanailísí a bhfuil aitheantas oifigiúil acu a chuirfear i gcrích faoi choinníollacha talmhaíochta, sláinte plandaí agus comhshaoil a bheidh ábhartha d'úsáid an táirge cosanta plandaí a bheidh i gceist agus beidh na coinníollacha sin ionadaíoch ar na coinníollacha coitianta a bheidh i bhfeidhm sa chrios ina mbeidh sé beartaithe an táirge a úsáid.

5. Féadfaidh an Coimisiún modhanna comhchuibhithe a ghlacadh maidir le pointe (e) de mhír 1 .

Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 76(3a).

6. Beidh prionsabail chomhionanna maidir le meastóireacht agus le húdarú táirgí cosanta plandaí sainmhínithe i Rialacháin arna nglacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(2), lena n-ionchorpraítear na ceanglais in Iarscríbhínn VI a ghabhann le Treoir 91/414/CEE móide aon mhodhnuithe is gá.

Airteagal 30 Inneachar an údaraithe

1. Sainmhíneofar leis an údarú na barra a bhféadfar an táirge cosanta plandaí a úsáid orthu agus na críocha inar féidir é a úsáid.

2. Sonróidh an t-údarú na ceanglais a bhainfidh le táirge cosanta plandaí a úsáid agus a chur ar an margadh. Cuimseoidh na ceanglais sin ar a laghad :

(a) na coinníollacha úsáide a bheidh riachtanach chun na coinníollacha agus na ceanglais dá bhforáiltear sa Rialachán lena bhformheastar na substaintí gníomhacha, na teorantóirí agus na sineirgígh a chomhlíonadh.

(b) aicmiú ar an táirge cosanta plandaí chun críche Threoir 1999/45/CE;

(c) an dáileog uasta in aghaidh an heicteáir gach uair a fhorchuirtear é;

(d) an tréimhse idir an dáileadh deireanach agus an fómhar;

(e) líon na bhforchur in aghaidh na bliana.

3. Féadfaidh a bheith ar áireamh sna ceanglais dá dtagraítear i mír 2:

(a) srian ar an táirge maidir le dáileadh agus úsáid an táirge cosanta plandaí d'fhonn cosaint a thabhairt do shláinte lucht dáilte, do shláinte úsáideoirí agus do shláinte oibrithe lena mbaineann;

(b) an oibleagáid atá ann go gcuirfí ar an eolas aon chomharsana a d'fhéadfadh a bheith faoi lé an cháite sprae sula n-úsáidfí an táirge agus a rinne iarratas go gcuirfí ar an eolas iad.

Airteagal 31 Ré

1. Leagfar síos tréimhse an údaraithe san údarú. Socrófar go mairfidh ré an údaraithe ar feadh na tréimhse ama a bheidh na substaintí gníomhacha, na teorantóirí agus na sineirgígh atá sa táirge cosanta plandaí formheasta.

2. Féadfar údaruithe a dheonú go ceann tréimhsí níos giorra ná sin chun athluacháil ar tháirgí comhchosúla a shioncrónú chun críocha measúnú comparáideach a dhéanamh ar tháirgí ina bhfuil substaintí a bhféadfaí ionadú a dhéanamh orthu dá bhforáiltear in Airteagal 48.

3. I ndiaidh formheas ar shubstaint ghníomhach, ar theorantóir nó ar shineirgíoch atá sa tsubstaint ghníomhach a athnuachan, deonófar údarú breise ar feadh tréimhse naoi mí d’fhonn caoi a thabhairt an scrúdú a dhéanamh mar a fhoráiltear in Airteagal 42.

FO-ROINN 2 NÓS IMEACHTA

Airteagal 32 Iarratas ar údarú

1. Déanfaidh duine ar mian leis táirge cosanta plandaí a chur ar an margadh iarratas ar údarú, trína phearsa féin nó trí ionadaí chuig gach Ballstát a bhfuil sé de rún aige an táirge cosanta plandaí a chur ar an margadh.

2. Beidh san iarratas na nithe seo a leanas:

(a) liosta de na criosanna agus de na Ballstáit ina bhfuil iarratas déanta ag an iarratasóir;

(b) togra maidir leis an Ballstát a gceapann an t-iarratasóir gurb é a dhéanfaidh measúnú ar an iarratas sa chrios lena mbaineann;

(c) cóip dheimhnithe d'aon údaruithe a deonaíodh cheana féin ar an táirge cosanta plandaí sin i mBallstát;

3. Cuirfear i gceangal leis an iarratas an méid seo a leanas:

(a) i gcás an táirge cosanta plandaí lena mbaineann, sainchomhad comhlán agus sainchomhad achoimreach maidir le gach uile phointe de cheanglais sonraí an táirge cosanta plandaí;

(b) i gcás gach substainte gníomhaí, teorantóra agus sineirgígh atá sa táirge cosanta plandaí, sainchomhad comhlán agus sainchomhad achoimreach maidir le gach pointe de cheanglais sonraí na substainte gníomhaí, an teorantóra agus an tsineirgígh; agus

(c) i gcás gach tástála nó gach staidéir lena mbainfidh ainmhithe veirteabracha, cosnófar na céimeanna a glacadh chun tástáil ainmhithe agus tástáil dhúbailte ar ainmhithe veirteabracha a sheachaint;

(d) na cúiseanna go bhfuil na tuarascálacha ar na tástálacha agus ar na staidéir a tíolacadh riachtanach don chéad údarú nó do leasuithe ar choinníollacha an údaraithe;

4. Le linn dó an t-iarratas a thíolacadh, féadfaidh an t-iarratasóir, de bhun Airteagal 60, a iarraidh go gcoinneofar codanna áirithe de na sainchomhaid dá dtagraítear i mír 3 faoi rún. Míneoidh sé i gcás gach doiciméid nó coda de dhoiciméad an fáth go meastar é a bheith rúnda.

Ag an tráth céanna, tíolacfaidh sé aon éileamh ar chosaint sonraí de bhun Airteagal 56(3).

Tar éis deis a thabhairt don iarratasóir barúlacha a thíolacadh maidir leis an gcinneadh a bhfuil sé beartaithe ag an mBallstát is rapóirtéir a ghlacadh, déanfaidh an Ballstát sin cinneadh maidir leis an bhfaisnéis a choinneofar faoi rún. Cuirfidh sé an t-iarrasóir agus an tÚdarás ar an eolas maidir lena chinneadh.

5. I gcás ina n-iarrfaidh an Ballstát ar an iarratasóir é a dhéanamh, tíolacfaidh an t-iarratasóir a iarratas i dteangacha náisiúnta nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit sin nó i gceann de na teangacha sin.

Arna iarraidh sin, cuirfidh an t-iarratasóir samplaí den táirge cosanta plandaí mar aon le caighdeáin anailíseacha a chomhábhar ar fáil do na Ballstáit a bhfuil baint acu leis an measúnú .

5a. Féadfar formáid na bhfoirmeacha iarratais a bhunú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

Airteagal 33 Díolúine

1. Beidh na hiarratasóirí díolmhaithe ó na tuarascálacha ar thástálacha nó ar stáidéir dá dtagraítear in Airteagal 32(3) a sholáthar má léiríonn siad gur tugadh rochtain dóibh i gcomhréir le hAirteagal 56, le hAirteagal 58, agus le hAirteagal 59 nó go bhfuil aon tréimhse cosanta sonraí imithe in éag..

2. Cuirfidh iarratasóirí a bhfuil feidhm ag mír 1 maidir leo, áfach, an fhaisnéis seo a leanas ar fáil:

(a) an fhaisnéis is gá chun an tsubstaint ghníomhach, an teorantóir nó an sineirgíoch a aithint, i gcás inar formheasadh iad, agus an fhaisnéis is gá d'fhonn a áirithiú cibé an bhfuil na coinníollacha formheasa comhlíonta, agus cibé an gcomhlíonann siad Airteagal 29(1)(b), nuair is iomchuí;

(b) na sonraí is gá chun a léiriú go bhfuil iarmhairtí ag an táirge cosanta plandaí atá inchomparáideach leis an táirge cosanta plandaí sin ar maidir leis a léiríonn siad rochtain ar na sonraí cosanta.

Airteagal 34 Ballstát a scrúdóidh an t-iarratas

Is é an Ballstát a mhol an t-iarratasóir a scrúdóidh an t-iarratas, mura n-aontóidh Ballstát eile sa chrios céanna é a scrúdú. Is é an Ballstát a scrúdóidh an t-iarratas a chuirfidh an t-iarratasóir ar an eolas maidir leis seo. Tabharfaidh sé an deis do gach Ballstát sa chrios céanna barúlacha a thíolacadh.

Ar iarraidh ón mBallstát a scrúdóidh an t-iarratas, comhoibreoidh na Ballstáit eile sa chrios céanna inar tíolacadh iarratas chun a áirithiú go roinnfear an t-ualach oibre go cóir.

Staonfaidh na Ballstáit eile laistigh den chrios sin ina ndearnadh iarratas iontu ó aon phróiseáil a dhéanamh ar an gcomhad go dtí go mbeidh measúnú curtha i gcrích ag an mBallstát atá ag tabhairt faoin iarratas a scrúdú.

Airteagal 35 Scrúdú

1. Déanfaidh an Ballstát a scrúdóidh an t-iarratas measúnú neamhspleách oibiachtúil agus trédhearcach i bhfianaise an eolais reatha eolaíoch agus theicniúil.

Cuirfidh sé i bhfeidhm na prionsabail aonfhoirmeacha chun meastóireacht agus údarú a dhéanamh ar tháirgí cosanta plandaí, dá dtagraítear in Airteagal 29(6), le deimhniú cibé an dtiocfaidh an tairge cosanta plandaí leis na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 29, nuair a úsáidfear é i gcomhréir le hAirteagal 52, agus faoi gach coinníoll réadúil úsáide, agus iarmhairtí a úsáide faoi na coinníollacha údaraithe.

Cuirfidh an Ballstát a scrúdóidh an t-iarratas a mheasúnú ar fáil do na Ballstáit eile laistigh den chrios sin ar tíolacadh iarratas ann.

2. Deonóidh nó diúltóidh na Ballstáit lena mbaineann údaruithe dá réir sin ar bhonn chonclúidí mheasúnú an Bhallstáit a scrúdóidh an t-iarratas mar a fhoráiltear in Airteagal 30 agus in Airteagal 31. Údaróidh na Ballstáit an táirge cosanta plandaí i dtrácht faoi na coinníollacha céanna, lena n-áirítear a aicmiú chun críche Threoir 1999/45/CE, agus an Ballstát atá ag scrúdú an iarratais.

3. De mhaolú ar mhír 2, agus faoi réir dhlí an Chomhphobail, féadfar coinníollacha breise a chur i bhfeidhm maidir leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

Airteagal 36 Tréimhse ama chun scrúdú a dhéanamh

1. Laistigh de dhá mhí dhéag cinnfidh an Ballstát a scrúdóidh an t-iarratas cibé an bhfuil na ceanglais ar údarú á gcomhlíonadh.

I gcás ina mbeidh faisnéis bhreise de dhíth ar an mBallstát, sonróidh sé tréimhse ama nach faide ná sé mhí don iarratasóir chun í a sholáthar. Sa chás sin, déanfar an tréimhse dhá mhí dhéag a shíneadh leis an tréimhse ama bhreise a dheonóidh an Ballstát.

2. Cuirfear na teorainneacha ama dá bhforáiltear i mír 1 ar fionraí nuair a bheidh an nós imeachta a shonraítear in Airteagal 37 á chur chun feidhme.

3. I gcás iarratais ar údarú do tháirge cosanta plandaí ina bhfuil substaint ghníomhach nár formheasadh go fóill, cuirfidh na Ballstáit tús leis an meastóireacht a luaithe a bheidh an dréacht-thuarascáil mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 12(1) faighte acu. I gcás dá leithéid déanfaidh an Ballstát cinneadh ar an iarratas laistigh de shé mhí ar a dhéanaí ó formheasadh an tsubstaint ghníomhach.

Airteagal 37 Measúnú ar choibhéiseacht faoi Airteagal 29(1)(b)

1. I gcás nuair a bheidh sé riachtanach a dhearbhú cibé an gcomhlíonann nó nach gcomhlíonann táirge cosanta plandaí Airteagal 29(1)(b), déanfaidh an Ballstát a ghníomhaigh mar rapóirtéir don tsubstaint ghníomhach, don teorantóir nó don sineirgíoch dá dtagraítear in Airteagal 7(1), dá ngairtear an Ballstát is rapóirtéir anseo feasta, an measúnú. Cuirfidh an t-iarratasóir na sonraí riachtanacha uile faoi bhráid an Bhallstáit sin.

2. Tar éis deis a thabhairt don iarratasóir a bharúlacha a thíolacadh, agus a chuirfidh sé in iúl freisin don Bhallstát a scrúdóidh an t-iarratas, glacfaidh an Ballstát is rapóirtéir conclúid a chuirfidh sé in iúl don Choimisiún, do na Ballstáit eile agus don iarratasóir.

3. I gcás nach n-aontóidh an Ballstát a scrúdóidh an t-iarratas ar údarú le conclúid an Bhallstáit is rapóirtéir, cuirfidh sé in iúl amhlaidh do na Ballstáit eile agus don Choimisiún ag sonrú a chúiseanna.

Déanfaidh an Ballstát a scrúdóidh an t-iarratas ar údarú agus an Ballstát is rapóirtéir iarracht teacht ar chomhaontú faoi cibé an ndéanfar Airteagal 29(1)(b) a chomhlíonadh. Tabharfaidh siad deis don iarratasóir a bharúlacha a thíolacadh.

4. I gcás nach dtiocfaidh na Ballstáit lena mbaineann ar chomhaontú laistigh de 90 lá cuirfidh an Ballstát a scrúdóidh an t-iarratas ar údarú an t-ábhar faoi bhráid an Choimisiúin. Cinnfear cibé an bhfuil na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 29(1)(b) á gcomhlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(2). Cuirfear tús leis an tréimhse 90 lá ar an dáta a chuirfidh an Ballstát a scrúdóidh an t-iarratas in iúl don Bhallstát is rapóirtéir nach n-aontaíonn sé le conclúid an Bhallstáit is rapóirtéir i gcomhréir le mír 3.

Sula nglacfar cinneadh den sórt sin, féadfaidh an Coimisiún barúil nó cúnamh eolaíoch nó teicniúil a iarraidh ón Údarás agus soláthrófar é sin laistigh de thrí mhí ón iarraidh.

5. Féadfar rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme mhír 1 go mír 4 a bhunú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(3), tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás.

Airteagal 38 Faisnéis maidir le hiarratais ar údarú a thuairisciú agus a mhalartú

1. Tiomsóidh na Ballstáit comhad faoi gach iarratas. I ngach comhad beidh an méid seo a leanas:

(a) cóip den iarratas;

(b) tuarascáil a mbeidh faisnéis inti faoin meastóireacht a rinneadh ar tháirge cosanta plandaí agus faoin gcinneadh a rinneadh maidir léi;

(c) taifead de na cinntí riaracháin a ghlac an Ballstát maidir leis an iarratas agus an doiciméadacht dá bhforáiltear in Airteagal 32(3) mar aon le hachoimre ar an doiciméadacht sin.

2. D’fhonn an próiseas cinnteoireachta dá dtagraítear in Airteagal 35(2) a éascú , cuirfidh na Ballstáit, tar éis dóibh údarú a dheonú , comhad leis an doiciméadacht dá bhforáiltear i bpointí (a), (b) agus (c) de mhír 1 den Airteagal seo ar fáil gan mhoill do na Ballstáit eile, don Údarás agus don Choimisiún.

3. Arna iarraidh sin, cuirfidh na hiarratasóirí cóip den doiciméadacht a bheidh le tíolacadh i dteannta iarratais de bhun Airteagal 32(2) agus de bhun Airteagal 33 chuig na Ballstáit, chuig an Údarás agus chuig an gCoimisiún.

FO-ROINN 3 AITHEANTAS FRITHPHÁIRTEACH ÚDARUITHE

Airteagal 39 Aitheantas Frithpháirteach

1. Féadfaidh sealbhóir údaraithe iarratas a dhéanamh ar údarú don táirge cosanta plandaí céanna agus don úsáid chéanna i mBallstát eile faoin nós imeachta um aitheantas frithpháirteach, dá bhforáiltear san fho-alt seo, sna cásanna seo a leanas:

(a) i gcás gur Ballstát a bhaineann leis an gcrios céanna (an Ballstát tagartha) a dheonaigh an t-údarú; nó

(b) i gcás inar dheonaigh Ballstát an t-údarú lena úsáid i dtithe gloine nó mar chóireáil iar-fhómhair, is cuma an crios lena mbaineann an Ballstát tagartha.

2. Ní bheidh feidhm ag aitheantas frithpháirteach maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil substaint a bhféadfaí ionadú a dhéanamh uirthi.

Airteagal 40 Údarú

1. Déanfaidh an Ballstát ar tíolacadh iarratas chuige faoi Airteagal 39 údarú ar an táirge cosanta plandaí i dtrácht faoi na coinníollacha céanna leis an Ballstát tagartha, lena n-áirítear a aicmiú chun críche Threoir 1999/45/CE.

2. De mhaolú ar mhír 1, agus faoi réir dhlí an Chomhphobail, féadfar coinníollacha breise a chur i bhfeidhm maidir leis na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 30(3).

Airteagal 41 Nós imeachta

1. In éineacht leis an iarratas cuirfear an méid seo a leanas :

(a) cóip dheimhnithe den údarú a dheonaigh an Ballstát tagartha;

(b) ráiteas foirmiúil gur ionann go díreach an táirge cosanta plandaí agus an táirge a d'údaraigh an Ballstát tagartha;

(c) achoimre ar an saincomhad mar a cheanglaítear in Airteagal 32(3);

(ca) ar iarraidh ón mBallstát saincomhad comhlán mar a cheanglaítear in Airteagal 32(3).

2. Laistigh de 90 lá déanfaidh an Ballstát ar cuireadh iarratas faoi Airteagal 39 faoina bhráid cinneadh faoin iarratas.

FO-ROINN 4 ATHNUACHAN, LEASÚ AGUS TARRAINGT SIAR

Airteagal 42 Athnuachan an fhormheasa

1. Athnuafar údarú ar iarratas ó shealbhóir an údaraithe, ar an gcuntar go mbeidh na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 29 fós á gcomhlíonadh.

Déanfar an t-iarratas a thíolacadh, bliain amháin ar a laghad roimh imeacht in éag don údarú, ach amháin nuair nach féidir le hiarratasóirí cloí leis an teorainn ama seo de bhrí go raibh an tsubstaint ghníomhach atá i gceist liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ar feadh tréimhse a chuaigh in éag níos lú ná bliain tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm.

2. Cuirfear an fhaisnéis seo a leanas i gceangal leis an iarratas:

(a) cóip d'údarú an táirge cosanta plandaí,

(b) tuarascáil ar thorthaí na monatóireachta, i gcás ina raibh an t-údarú faoi réir monatóireachta.

3. Laistigh de thrí mhí ón bhformheas ar shubstaint ghníomhach, ar theorantóir nó ar shineirgíoch atá sa táirge cosanta plandaí a athnuachan, tíolacfaidh an t-iarratasóir an fhaisnéis seo a leanas:

(a) aon fhaisnéis nua dá dtagraítear sa Rialachán athnuachana, mar atá luaite in Airteagal 20, nó atá riachtanach de bharr leasuithe ar cheanglais nó ar chritéir sonraí;

(b) fírinniú gur de thoradh ceanglas sonraí nó de thoradh critéar nach raibh i bhfeidhm tráth ar deonaíodh údarú don táirge cosanta plandaí iad na sonraí nua a tíolacadh nó go bhfuil siad riachtanach chun na coinníollacha údaraithe a leasú ;

(c) aon fhaisnéis a héileofar le léiriú go dtagann an táirge cosanta plandaí leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán maidir leis an bhformheas ar shubstaint ghníomhach, ar theorantóir nó ar shineirgíoch atá ann a athnuachan.

4. Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhlíonann gach táirge cosanta plandaí ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach, an teorantóir nó an sineirgíoch aon choinníollacha agus srianta dá bhforáiltear sa Rialachán lena n-athnuaitear an t-údarú faoi Airteagal 20.

Is é an Ballstát a ghníomhaigh mar rapóirtéir maidir leis an tsubstaint ghníomhach, an teorantóir nó an sineirgíoch a chomhordóidh feidhmiú na seiceála ar chomhlíonadh agus measúnú ar na torthaí. Déanfar an tseiceáil ar chomhlíonadh laistigh den tréimhse ama atá socraithe sa Rialachán maidir le hathnuachan an fhormheasa.

5. Féadfar treoirlínte maidir le heagrúchán na seiceálacha ar chomhlíonadh a bhunú i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

6. Is iad na Ballstáit a dheanfaidh cinneadh maidir leis an údarú a athnuachan naoi mí ar a dhéanaí tar éis an formheas ar shubstaint ghníomhach, ar theorantóir nó ar shineirgíoch atá ann a athnuachan.

7. Más rud é, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag sealbhóir an údaraithe orthu, nach nglacfar cinneadh ar bith maidir le hathnuachan an údaraithe sula n-éagfaidh sé, sínfidh an Ballstát i dtrácht an t-údarú don tréimhse is gá d'fhonn an scrúdú a chur i gcrích agus le cinneadh a ghlacadh faoin athnuachan.

Airteagal 43 Údarú a tharraingt siar nó a leasú

1. Féadfaidh na Ballstáit athbreithniú a dhéanamh ar an údarú tráth ar bith a mbeidh faisnéis ann nach bhfuil ceanglas dá dtagraítear in Airteagal 29 á shásamh níos mó.

1a. Déanfaidh Ballstát athbhreithniú ar údarú má tá sé den tuairim nach bhféadfar cuspóirí Airteagal 4(1)(a)(iv) agus (b)(i) agus Airteagal 7(2) agus (3) de Threoir 2000/60/CE a bhaint amach.

2. I gcás ina mbeartóidh Ballstát údarú a tharraingt siar nó a leasú, cuirfidh sé é sin in iúl do shealbhóir an údaraithe agus tabharfaidh sé deis dó barúlacha a thíolacadh.

Féadfaidh an Ballstát a iarraidh ar shealbhóir an údaraithe breis faisnéise a thíolacadh.

3. Tarraingeoidh an Ballstát siar an t-údarú nó déanfaidh sé leasú air de réir mar is iomchuí:

(a) i gcás nach bhfuil na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 29 á gcomhlíonadh níos mó;

(b) i gcás inar soláthraíodh faisnéis bhréagach nó mhíthreorach maidir leis na fíricí ar deonaíodh an t-údarú ar a mbonn;

(c) i gcás nár comhlíonadh coinníoll a cuireadh leis an údarú;

(ca) ar bhonn forbairtí san eolas teicniúil agus eolaíoch, féadfar an modh úsáide agus na suimeanna a úsáidtear a mhodhnú gan difear a dhéanamh don éifeachtúlacht.

4. I gcás ina ndéanfaidh Ballstát údarú a tharraingt siar nó a leasú i gcomhréir le mír 3, cuirfidh sé ar an eolas láithreach sealbhóir an údaraithe, na Ballstáit eile, an tÚdarás agus an Coimisiún. Déanfaidh na Ballstáit eile a bhaineann leis an gcrios céanna an t-údarú a tharraingt siar nó a leasú dá réir. Beidh feidhm ag Airteagal 45 i gcás inar iomchuí.

Airteagal 44 Údarú a tharraingt siar nó a leasú ar iarraidh ó shealbhóir an údaraithe

1. Féadfar údarú a tharraingt siar nó a leasú ar iarraidh ó shealbhóir an údaraithe, a luafaidh na cúiseanna atá leis an iarraidh.

2. Ní féidir leasuithe a dheonú ach amháin i gcás ina suífear go bhfuil ceanglais Airteagal 29 á gcomhlíonadh go fóill.

Airteagal 45 Tréimhse cairde

I gcás ina ndéanfaidh Ballstát údarú a tharraingt siar nó a leasú nó nach ndéanfar é a athnuachan, féadfaidh sé tréimhse cairde a dheonú le stoic reatha a dhiúscairt, a stóráil, a chur ar an margadh nó a úsáid.

I gcás ina gceadóidh na cúiseanna le húdarú a tharraingt siar, a leasú nó gan an t-údarú a athnuachan, tréimhsí cairde maidir le stoic na dtáirgí cosanta plandaí i dtrácht a úsáid cinnteofar nach gcuirfidh siad isteach ar ghnáth-thréimhse úsáide an táirge cosanta plandaí.

FO-ROINN 5 CÁSANNA SPEISIALTA

Airteagal 46 Táirgí cosanta plandaí a mbaineann riosca íseal leo a chur ar an margadh agus a úsáid

1. I gcás gur ionann na substaintí gníomhacha uile atá i dtáirge cosanta plandaí agus substaintí dá dtagraítear in Airteagal 22 ('substaintí gníomhacha a mbaineann riosca íseal leo'), údarófar an táirge sin, de mhaolú ar Airteagal 29, mar tháirge cosanta plandaí lena mbaineann riosca íseal ar choinníoll go gcomhlíonfaidh sé na ceanglais seo a leanas:

(a) gur formheasadh faoi Chaibidil II na substaintí gníomhacha, teorantóirí, sineirgígh agus comhfhoirmligh atá ann agus a mbaineann riosca íseal leo;

(b) nach bhfuil substaint ann ar díol imní í;

(c) go bhfuil sé éifeachtúil a dhóthain;

(d) nach bhfulaingeoidh na veirteabraigh atá le rialú gan ghá agus nach mbeidh pian orthu gan ghá dá bharr;

(e) go gcomhlíonann sé Airteagal 29(1)(b), (c) agus Airteagal (e) go hAirteagal (h).

Gairfear 'táirgí cosanta plandaí a mbaineann riosca íseal leo' ar na táirgí seo anseo feasta.

2. Léireoidh iarratasóir ar údarú ar tháirge cosanta plandaí a mbaineann riosca íseal leis go bhfuil na ceanglais a leagtar amach i mír 1 á gcomhlíonadh agus cuirfear sainchomhad comhlán agus sainchomhad achoimreach i gceangal leis an iarratas maidir le gach pointe de cheanglais shonraí na substainte gníomhaí agus an táirge cosanta plandaí.

3. Laistigh de 90 lá déanfaidh an Ballstát cinneadh cibé an bhformheasfaidh sé iarratas ar údarú do tháirge cosanta plandaí a mbaineann riosca íseal leis.

Tréimhse 60 lá a bheidh i gceist sa chás go bhfuil údarú deonaithe cheana féin ag Ballstát eile atá suite sa chrios céanna le haghaidh an táirge cosanta plandaí céanna a mbaineann riosca íseal leis.

I gcás ina mbeidh faisnéis bhreise de dhíth ar an mBallstát, socróidh sé teorainn ama nach faide ná sé mhí don iarratasóir chun í a sholáthar. Sa chás sin, síneofar an tréimhse 90 lá leis an tréimhse ama bhreise a dheonóidh an Ballstát.

4. Mura sonrófar a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha uile a bhainfidh le húdaruithe faoin Rialachán seo.

Airteagal 47 Táirgí cosanta plandaí ina bhfuil miocrorgánach géinathraithe a chur ar an margadh agus a úsáid

1. Déanfar scrúdú ar tháirge cosanta plandaí ina bhfuil miocrorgánach a thagann faoi raon feidhme Threoir 2001/18/CE maidir leis an modhnú géiniteach i gcomhréir leis an Treoir sin, i dteannta leis an measúnú faoin gCaibidil seo.

Ní dheonófar údarú ar tháirge cosanta plandaí den sórt sin faoin Rialachán seo mura mbeidh cead i scríbhinn, dá dtagraítear in Airteagal 19 de Threoir 2001/18/EC, deonaithe lena aghaidh.

2. Mura sonrófar a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha uile a bhainfidh le húdaruithe faoin Rialachán seo.

Airteagal 48 Measúnú comparáideach ar tháirgí cosanta plandaí ina bhfuil substaintí a bhféadfaí ionadú a dhéanamh orthu

1. Ní údaróidh Ballstáit le haghaidh úsáide i dtaca le barr sonrach táirge cosanta plandaí ina bhfuil substaint a bhféadfaí ionadú a dhéanamh uirthi i gcás ina ndéanfaidh an measúnú comparáideach inar cuireadh na rioscaí a bhaineann leis agus na buntáistí atá aige idir dhá cheann na meá, mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV, a léiriú:

(a) go bhfuil, le haghaidh na n-úsáidí atá sonraithe san iarratas, táirge cosanta plandaí nó modh rialaithe nó coiscthe neamhcheimiceach ag a bhfuil éifeachtúlacht inchomparáide údaraithe cheana féin agus go bhfuil sé níos sábháilte i bhfad do shláinte an duine agus do shláinte ainmhithe nó don chomhshaol;

(b) nach mbeidh míbhuntáistí praiticiúla nó eacnamaíocha suntasacha ann má chuirtear táirgí cosanta plandaí nó modhanna rialaithe nó coiscthe neamhcheimiceacha dá dtagraítear i bpointe (a) ina ionad ;

(c) gur leor éagsúlacht cheimiceach na substaintí gníomhacha nuair is cuí, nó na modhanna agus na gcleachtas bainistithe barr agus srianta lotnaidí chun minicíocht friotaíochta sa sprioc-orgánach a laghdú.

2. De mhaolú ar mhír 1, údarófar táirge cosanta plandaí ina bhfuil substaint a bhféadfaí ionadú a dhéanamh uirthi gan measúnú comparáideach a dhéanamh i gcásanna ina mbeidh sé riachtanach taithí a fháil ar dtús trí úsáid a bhaint as an táirge sin.

Deonófar údaruithe den chineál sin ar feadh tréimhse nach faide ná trí bliana.

3. Déanfaidh na Ballstáit an measúnú comparáideach dá bhforáiltear i mír 1 in athuair go tráthrialta agus ar a dhéanaí ceithre bliana i ndiaidh d’údarú nó d’athnuachan an údaraithe a beith deonaithe.

Déanfaidh na Ballstáit an t-údarú a choinneáil, a tharraingt siar nó a leasú bunaithe ar thorthaí an mheasúnaithe chomparáidigh.

4. I gcás ina gcinnfidh Ballstát údarú a tharraingt siar nó a leasú de bhun mhír 3, beidh feidhm ag an tarraingt siar nó an leasú sin ceithre bliana tar éis chinneadh an Bhallstáit nó ag deireadh tréimhse formheasa na substainte a bhféadfaí ionadú a dhéanamh uirthi i gcás ina n-éagfaidh an tréimhse sin níos luaithe.

5. Mura sonrófar a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha uile a bhainfidh le húdaruithe faoin Rialachán seo.

Airteagal 49 Síneadh ar údaruithe do mhionúsáidí

1. Chun críche an Airteagail seo, ciallaíonn mionúsáid táirge cosanta plandaí i mBallstát ar leith úsáid an táirge sin ar bharr nach bhfástar go forleathan sa Bhallstát sin nó ar bharr a fhástar go forleathan d’fhonn ceanglas eisceachtúil a chomhlíonadh.

2. Féadfaidh sealbhóir an údaraithe, comhlachtaí oifigiúla nó eolaíochta atá bainteach le gníomhaíochtaí talmhaíochta nó le heagraíochtaí gairmiúla talmhaíochta agus úsáideoirí gairmiúla iarratas a dhéanamh go síneofaí údarú do tháirge cosanta plandaí a údaraíodh cheana féin sa Bhallstát lena mbaineann go mionúsáidí nach bhfuil clúdaithe ag an údarú sin go fóill.

3. Síneoidh na Ballstáit an t-údarú ar na coinníollacha seo a leanas:

(a) gur mionúsáid í an úsáid atá beartaithe;

(b) go bhfuil na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 4(3)(b), (d) agus (e) agus Airteagal 29(1)(h) á gcomhlíonadh.

(c) gur chun leas an phobail é an síneadh seo;

(d) gurbh iad na daoine nó na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 2 a thíolaic an doiciméadacht agus an fhaisnéis chun tacaíocht a thabhairt don síneadh úsáide.

4. D'fhéadfadh sé go mbeadh leasú ar an údarú reatha nó go mbeadh údarú ar leith i gceist leis an síneadh de réir nósanna imeachta riaracháin an Bhallstáit lena mbaineann.

Sonrófar go leithleach síntí a dhéanfar ar bhonn an Airteagail seo.

5. Nuair a dheonóidh na Ballstáit mionúsáid a shíneadh, cuirfidh siad é sin in iúl do shealbhóir an údaraithe agus iarrfar air an lipéadú a athrú dá réir sin.

I gcás ina ndiúltóidh sealbhóir an údaraithe dó sin, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfear na húsáideoirí ar an eolas go hiomlán faoi na treoracha úsáide trí bhíthin foilseacháin oifigiúil nó trí bhíthin láithreáin gréasáin oifigiúil.

6. Bunóidh na Ballstáit liosta mionúsáidí agus tabharfaidh na Ballstáit an liosta sin cothrom le dáta go rialta. Cuirfear an liosta seo ar fáil don phobal trí shuíomhanna gréasáin oifigiúla na mBallstát.

7. Mura sonrófar a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha uile a bhainfidh le húdaruithe faoin Rialachán seo.

Airteagal 49a Trádáil chomhthreomhar

1. Féadfaidh táirge cosanta plandaí atá údaraithe i mBallstát amháin (Ballstát tionscnaimh), faoi réir iarratais ar chead comhthreomhar trádála, a thabhairt isteach, a chur ar an margadh agus a úsáid i mBallstát eile (Ballstát a thabharfaidh isteach) má dhéanfaidh an Ballstát seo cinneadh gur comhionann an táirge cosanta plandaí ó thaobh sonraíochta agus inneachar na substaintí gníomhacha, na dteorantóirí agus na sineirgíoch, ó thaobh chineál an fhoirmlithe agus ó thaobh comhdhéanaimh de le táirge cosanta plandaí atá údaraithe cheana sa Bhallstát a thabharfaidh isteach (táirge tagartha). Tíolacfar an t-iarratas chuig an údarás rialála sa Bhallstát a thabharfaidh isteach (údarás inniúil).

2. Deonófar cead comhthreomhar trádála laistigh de 45 lá oibre ón uair a fuarthas an t-iarratas iomlán. Deonófar an cead trádála comhthreomhar go huathoibríoch mura bhfuil cinneadh follasach maidir leis an iarratas glactha ag an mBallstát a thabharfaidh isteach laistigh den tréimhse atá sainmhínithe sa chéad abairt den mhír seo. Féadfaidh an Ballstát a thabharfaidh isteach fios a chur ar eolas sa Bhallstát tionscnaimh mura bhfuil aon bhealach eile lena dheimhniú gur comhionann an táirge cosanta plandaí mar atá sainmhínithe san Airteagal seo. Comhoibreoidh na Ballstáit le chéile go cuí chun an t-eolas riachtanach a chur ar fáil dá chéile. Cuirtear síneadh 10 lá oibre leis an tréimhse atá sainmhínithe sa chéad abairt den mhír seo gach uair a sheoltar iarraidh ar eolas go dtí an t-údarás inniúil sa Bhallstát tionscnaimh. Cuirfidh an Ballstát a thabharfaidh isteach an t-iarraidh seo in iúl don iarratasóir.

3. Measfar substaintí bunata, teorantóirí agus sineirgígh a bheith comhionann i dtéarmaí mhír 1 más rud é:

(a) gur mhonaraigh an chuideachta chéanna iad nó más gnóthas gaolmhar a mhonaraigh iad faoi cheadúnas i gcomhréir leis an bpróiseas monaraíochta céanna; nó

(b) má fhaightear amach go bhfuil an tsonraíocht chéanna nó na sonraíochtaí céanna acu faoin nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 37.

4. Tá an táirge cosanta plandaí atá le tabhairt isteach agus an táirge tagartha comhionann i gcomhdhéanamh i dtéarmaí mhír 1 más rud é:

(a) gurb ionann na comhfhoirmligh ar gach cuma; nó

(b) nach bhfuil iarmhairtí níos díobhalaí de réir bhrí Airteagal 4(3) ag na comhfhoirmligh éagsúla, ag féachaint go cuí, go háirithe, do na difríochtaí a d'fhéadfadh a bheith idir na coinníollacha a bhaineann le talmhaíocht, sláinte plandaí agus sláinte an chomhshaoil, go háirithe dálaí aeráide, a bhainfidh le húsáid an táirge.

5. Féadfar cur síos mionsonraithe a dhéanamh ar na critéir agus ar na nósanna imeachta d'fhonn meastóireacht a dhéanamh ar cé chomh comhionann is atá na comhshuímh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(3).

6. Cumhdóidh an t-iarratas le cead comhthreomhar trádála na sonraí seo a leanas:

(a) I gcás iarratais ar tháirge cosanta plandaí nach bhfuil aon chead comhthreomhar trádála deonaithe go fóill lena aghaidh

- Ballstát tionscnaimh

- ainm agus seoladh an iarratasóra

- an t-ainm a bhaistfear ar an táirge cosanta plandaí a bheidh le seachadadh sa Bhallstát a thabharfaidh isteach

- ainm agus uimhir chláraithe an táirge cosanta plandaí sa Bhallstát tionscnaimh

- ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe sa Bhallstát tionscnaimh

- treoracha úsáide bunaidh a dháiltear in éineacht leis an táirge cosanta plandaí atá le tabhairt isteach sa Bhallstát tionscnaimh má chinnfear é a bheith riachtanach don scrúdú a dhéanfaidh an t-údarás inniúil. Féadfaidh an t-údarás inniúil a éileamh go ndéanfaí aistriúchán ar na codanna ábhartha de na treoracha bunaidh úsáide.

- ainm agus uimhir chláraithe an táirge tagartha

- ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe don táirge tagartha

- dréachtlipéad don táirge a bheartaítear a chur ar an margadh

- sampla den táirge a bheartaítear a thabhairt isteach má chinnfear é a bheith riachtanach ag an údarás inniúil

(b) I gcás iarratais ar tháirge cosanta plandaí a bhfuil cead comhthreomhar trádála deonaithe lena aghaidh cheana féin:

- Ballstát tionscnaimh

- ainm agus seoladh an iarratasóra

- an t-ainm a bhaistfear ar an táirge cosanta plandaí a bheidh le seachadadh sa Bhallstát a thabharfaidh isteach

- ainm an táirge is comhionann a bhfuil cead comhthreomhar faighte dó cheana féin

- ainm agus uimhir chláraithe an táirge tagartha

- ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe don táirge tagartha

- dréachtlipéad don táirge a bheartaítear a chur ar an margadh

(c) I gcás iarratais ar tháirge cosanta plandaí le haghaidh úsáid phearsanta an iarratasóra a bhfuil cead comhthreomhar trádála deonaithe lena aghaidh cheana féin, agus nach mbeidh ina ábhar idirbhirt tráchtála ar bith i ndiaidh é a allmhairiú:

- Ballstát tionscnaimh

- ainm agus seoladh an iarratasóra

- ainm an táirge is comhionann a bhfuil cead comhthreomhar faighte dó cheana féin

- ainm agus uimhir chláraithe an táirge tagartha

- ainm agus seoladh shealbhóir an údaraithe don táirge tagartha

- dearbhú ón iarratasóir go n-urramóidh sé na coinníollacha úsáide atá infheidhme maidir leis an táirge tagartha

7. Féadfaidh an t-iarratasóir a dhéanfaidh iarratas ar an gcéad chead comhthreomhar trádála a léiriú trí bhíthin gach faisnéise atá ar fáil agus atá inrochtana gur comhionann an táirge cosanta plandaí atá le tabhairt isteach agus an táirge tagartha i dtéarmaí mhíreanna 3, 4 agus 5.

8. Beidh an táirge cosanta plandaí ar eisíodh cead comhthreomhar trádála lena aghaidh le cur ar an margadh agus le húsáid i gcomhréir le forálacha an údaraithe a tugadh don táirge tagartha.

9. Beidh an cead comhthreomhar trádála bailí ar feadh ré údaraithe an táirge tagartha. Má dhéanfaidh sealbhóir an údaraithe ar an táirge tagartha iarratas ar tharraingt siar an údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 44(1) agus ceanglais Airteagal 29 á gcomhlíonadh go fóill, rachaidh bailíocht an cheada chomhthreomhair trádála in éag ar a dhéanaí faoin dáta a n-éagfadh údarú an táirge tagartha sa ghnáthshlí.

10. Gan dochar d'fhorálacha áirithe san Airteagal seo, beidh feidhm mutatis mutandis ag Airteagail 43-45, 52, 53(4) agus Caibidlí VI-X maidir le táirgí cosanta plandaí a trádálaítear go comhthreomhar.

11. Gan dochar d’Airteagal 43 féadfar cead comhthreomhar trádála a tharraingt siar más rud é go dtarraingeofar siar údarú an táirge cosanta plandaí a tugadh isteach sa Bhallstát tionscnaimh ar chúiseanna sábháilteachta nó ar chúiseanna éifeachtúlachta.

12. Más rud é, maidir leis na critéir dá bhforáiltear i mír 3, i mír 4 agus i mír 5, go léireoidh an measúnú a rinne an Ballstát a thabharfaidh isteach nach bhfuil an táirge a beartaíodh a thabhairt isteach agus an táirge tagartha comhionann i dtéarmaí mhír 3, mhír 4 nó mhír 5, ní fhéadfaidh an Ballstát a thabharfaidh isteach ach an t-údarú a dheonú atá riachtanach lena chur ar an margadh agus úsáid i gcomhréir le hAirteagal 28.

13. Níl feidhm ag forálacha an Airteagail seo maidir le táirgí cosanta plandaí atá údaraithe sa Bhallstát tionscnaimh i gcomhréir le hAirteagal 50 nó le hAirteagal 51.

FO-ROINN 6 MAOLUITHE

Airteagal 50 Staideanna éigeandála i gcosaint plandaí

1. De mhaolú ar Airteagal 28, i gcúinsí speisialta, féadfaidh Ballstát a údarú, go ceann tréimhse nach faide ná 120 lá, go ndéanfaí táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh d'úsáid srianta agus rialaithe, i gcás ina measfar beart den sórt sin a bheith riachtanach de bharr contúirte do shláinte plandaí nach féidir a smachtú ar aon mhodh réasúnach eile.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas láithreach faoin mbeart a glacadh agus cuirfidh sé eolas mionsonraithe faoin staid agus faoi aon bheart a glacadh chun sábháilteacht an tomhaltóra a áirithiú.

2. Féadfaidh an Coimisiún tuairim nó cúnamh eolaíoch nó cúnamh teicniúil a iarraidh ar an Údarás.

Cuirfidh an tÚdarás a thuairim nó torthaí a shaothair ar fáil don Choimisiún laistigh de mhí ón iarraidh.

3. Déanfar cinneadh, más gá, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(3),

(a) faoinar féidir an barr cóireáilte a mhargú go sábháilte, agus

(b) faoina bhféadfaidh an Ballstát agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh sé

(i) síneadh a chur le ré an bhirt nó é a ghlacadh in athuair; nó

(ii) a bheart a tharraingt siar nó a leasú.

4. Ní bheidh feidhm ag míreanna 1 go 3 maidir le táirgí cosanta plandaí ina bhfuil nó atá comhdhéanta de mhiocrorgánaigh ghéinathraithe.

Airteagal 51 Taighde agus forbairt

1. De mhaolú ar Airteagal 28, féadfar turgnaimh agus tástálacha chun críocha taighde agus forbartha a chur i gcrích a mbeidh sé i gceist leo táirge cosanta plandaí neamhúdaraithe a scaoileadh isteach sa chomhshaol má bhíonn measúnú déanta ar na sonraí ar fáil agus má bhíonn údarú deonaithe chun críocha trialach ag an mBallstát a ndéanfar an tástáil ar a chríoch. Féadfaidh an t-údarú srian a chur ar na cainníochtaí a úsáidfear agus ar na limistéir a gcuirfear cóireáil orthu agus féadfar coinníollacha breise a chur i bhfeidhm chun aon iarmhairtí díobhálacha ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe nó aon éifeacht dhiúltach dho-ghlactha ar an gcomhshaol a chosc, amhail an gá le cosc a chur ar bheatha agus ar bhia a bhfuil iarmhair iontu dul isteach sa slabhra bia mura bhfuil foráil ábhartha bunaithe cheana féin faoi Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

Féadfaidh an Ballstát clár turgnamh nó tástálacha a údarú roimh ré nó údarú i leith gach turgnaimh nó tástála a éileamh.

2. Tíolacfar iarratas chuig an mBallstát ar ina chríoch a dhéanfar an turgnamh nó an tástáil, mar aon le sainchomhad a mbeidh na sonraí uile ar fáil ann chun measúnú a cheadú ar na hiarmhairtí is dóigh a bheidh ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe a mheas nó chun an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ar an gcomhshaol a mheas.

3. Ní dheonófar údarú chun críocha trialacha do thurgnaimh nó do thástálacha a mbeidh sé i gceist leo miocrorgánach géinathraithe a scaoileadh isteach sa chomhshaol mura bhfuil glactha leis an scaoileadh sin faoi Threoir 2001/18/CE.

4. Féadfaidh an Coimisiún rialacha mionsonraithe a ghlacadh d’fhonn an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, go háirithe na huaschainníochtaí de tháirgí cosanta plandaí is féidir a scaoileadh i rith turgnamh nó tástálacha agus an méid íosta sonraí a bheidh le tíolacadh i gcomhréir le mír 2.

Glacfar na bearta sin a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 76(3a).

ROINN 2 ÚSÁID AGUS FAISNÉIS

Airteagal 52 Úsáid táirgí cosanta plandaí

Bainfear úsáid cheart as táirgí cosanta plandaí.

Beidh i gceist le húsáid cheart na gcoinníollacha atá leagtha síos i gcomhréir le hAirteagal 30 agus atá sonraithe ar an lipéadú a chomhlíonadh, agus prionsabail an dea-chleachtais cosanta plandaí a chur i bhfeidhm agus, nuair is féidir, na prionsabail a bhaineann le srianadh comhtháite lotnaidí agus dea-chleachtas comhshaoil a chur i bhfeidhm.

Faoi cheann an 1 Eanáir 2014 ar a dhéanaí comhlíonfaidh úsáid cheart táirgí cosanta plandaí na prionsabail a bhaineann le srianadh comhtháite lotnaidí, lena n-áirítear dea-chleachtas cosanta plandaí agus dea-chleachtas comhshaoil.

Féadfar rialacha mionsonraithe maidir leis an tAirteagal seo a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear íoscheanglais a bhaineann leis na prionsabail seo, a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

Airteagal 53 Faisnéis maidir le héifeachtaí a d'fhéadfadh a bheith díobhálach

1. Tabharfaidh sealbhóir táirge cosanta plandaí fógra láithreach do na Ballstáit a dheonaigh an t-údarú faoi aon fhaisnéis nua a bhainfidh leis an táirge cosanta plandaí sin, nó le substaint ghníomhach, le teorantóir nó le sineirgíoch atá sa táirge cosanta plandaí a léiríonn go bhfuil iarmhairtí díobhálacha ag an táirge cosanta plandaí a d'fhéadfadh a thabhairt le tuiscint nach gcomhlíonann an táirge cosanta plandaí nó an tsubstaint ghníomhach, an teorantóir nó an sineirgíoch a thuilleadh na critéir a leagtar síos in Airteagal 29 agus in Airteagal 4 faoi seach.

Tabharfar fógra, go háirithe, faoi na hiarmhairtí díobhálacha a d'fhéadfadh a bheith ag an táirge cosanta plandaí sin, nó ag iarmhair substainte gníomhaí, ag teorantóir, nó ag sineirgíoch atá ann, ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe nó ar screamhuisce, nó a n-iarmhairtí a d'fhéadfadh a bheith do-ghlactha ar phlandaí, ar tháirgí plandaí nó ar an gcomhshaol.

Chuige seo, déanfaidh sealbhóir an údaraithe taifead agus tuairisciú ar gach frithghníomh díobhálach a mheastar a bheith i ndaoine agus in ainmhithe a bhainfidh le húsáid an táirge cosanta plandaí.

Cumhdófar san oibleagáid faoi fhógra a thabhairt aon fhaisnéis ábhartha faoi chinntí nó faoi mheasúnuithe a rinne comhlachtaí poiblí a údaraíonn táirgí cosanta plandaí nó substaintí gníomhacha i dtríú tíortha.

2. Áireofar san fhógra measúnú ar cibé agus conas a chiallóidh an fhaisnéis nua nach bhfuil na ceanglais atá leagtha síos in Airteagal 29 agus in Airteagal 4 faoi seach á gcomhlíonadh a thuilleadh ag an táirge cosanta plandaí, nó ag an tsubstaint ghníomhach, ag teorantóir nó ag sineirgíoch.

3. Gan dochar do cheart na mBallstát bearta cosanta eatramhacha a ghlacadh , déanfaidh an chéad Bhallstát a dheonaigh an t-údarú laistigh de gach crios measúnú ar an bhfaisnéis a fuarthas agus cuirfidh sé na Ballstáit eile, a bhaineann leis an gcrios céanna, ar an eolas i gcás ina gcinnfidh sé an t-údarú a tharraingt siar nó a leasú faoi Airteagal 43.

Cuirfidh sé na Ballstáit eile, an tÚdarás agus an Coimisiún ar an eolas i gcás ina measfaidh sé nach bhfuil coinníollacha formheasta na substainte gníomhaí, an teorantóra nó an tsineirgígh atá sa táirge cosanta plandaí á gcomhlíonadh a thuilleadh agus molfaidh sé go dtarraingeofar siar an t-údarú nó go leasófar na coinníollacha.

4. Tuairisceoidh sealbhóir údaraithe ar tháirge cosanta plandaí go bliantúil chuig an údarás inniúil i ngach Ballstát a d'údaraigh a tháirge cosanta plandaí aon fhaisnéis atá ar fáil a bhaineann le heaspa éifeachtúlachta ionchais, le forbairt friotaíochta agus le haon éifeacht nach rabhthas ag súil léi ar phlandaí, ar tháirgí plandaí nó ar an gcomhshaol.

Airteagal 54 Oibleagáid faisnéis a choinneáil ar fáil

1. Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ar fáil go leictreonach don phobal faoi tháirgí cosanta plandaí a údaraíodh nó a tarraingíodh siar i gcomhréir leis an Rialachán seo, a mbeidh an méid seo ar a laghad san áireamh inti:

(a) ainm nó ainm gnó shealbhóir an údaraithe,

(b) trádainm an táirge,

(c) an cineál ullmhóide,

(d) ainm agus méid gach substainte gníomhaí, gach teorantóra, nó gach sineirgígh atá ann,

(e) an úsáid nó na húsáidí atá beartaithe dó,

(f) más ábhartha, na cúiseanna gur tarraingíodh údarú siar.

2. Beidh an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 inrochtana go héasca agus tabharfar cothrom le dáta í ar a laghad uair sa ráithe.

3. I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(2), féadfar córas faisnéise caighdeánaithe a bhunú chun cur i bhfeidhm mhír 1 agus mhír 2 a éascú.

CAIBIDIL IV AIDIÚVAIGH

Airteagal 55 Aidiúvaigh a chur ar an margadh agus a úsáid

Ní chuirfear aidiúvach ar an margadh nó ní úsáidfear é más rud é go bhfuil comhfhoirmleach ann atá toirmiscthe i gcomhréir le hAirteagal 27.

CAIBIDIL V COSAINT SONRAÍ AGUS ROINNT SONRAÍ

Airteagal 56 Cosaint sonraí

1. Tairbheoidh tuarascálacha ar thástálacha agus ar staidéir de chosaint sonraí faoi na coinníollacha a leagfar síos san Airteagal seo.

Tá feidhm ag an gcosaint maidir le tuarascálacha ar thástálacha agus ar staidéir arna dtíolacadh ag iarratasóir (dá ngairfear "an chéad iarratasóir" anseo feasta) do Bhallstát chun údarú a fháil faoin Rialachán seo, ar choinníoll go raibh na tuarascálacha sin ar thástálacha agus ar staidéir:

(a) riachtanach chun údarú a dhéanamh nó chun leasú a dhéanamh ar údarú chun go gceadófaí é a úsáid ar bharr eile, agus

(b) deimhnithe mar thuarascálacha ar thástálacha agus ar staidéir a chomhlíonann prionsabail an Dea-Chleachtais Saotharlainne nó an Dea-Chleachtais Thurgnamhaigh i gcomhréir leis an ceanglais sonraí maidir le táirgí cosanta plandaí dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(c).

Má tá tuarascáil cosanta, ní fhéadfaidh an Ballstát a fuair an tuarascáil í a úsáid chun tairbhe iarratasóirí eile do tháirgí cosanta plandaí, seachas mar a fhoráiltear i mír 2, in Airteagal 59 nó in Airteagal 77.

Deich mbliana ó dháta an chéad údaraithe sa Bhallstát sin atá sa tréimhse chosanta sonraí, seachas mar a fhoráiltear i mír 2, in Airteagal 59 nó in Airteagal 77. Cuirtear síneadh go 12 bliana leis an tréimhse sin i gcás táirgí cosanta plandaí arna gclúdach in Airteagal 46.

Ní bheidh staidéar cosanta mura raibh de chall leis ach chun údarú a athnuachan nó a athbhreithniú.

Beidh feidhm freisin ag cosaint sonraí maidir le tuarascálacha ar thástálacha agus ar staidéir arna dtíolacadh do Bhallstát i gcomhréir le hAirteagal 49 chun críche síneadh a chur le húdarú faoi choinne mionúsáide.

1(a). Cuirtear síneadh leis an tréimhse chosanta sonraí dá dtagraítear i mír 1 i gcás gach sínidh a chuirtear le húdarú faoi choinne mionúsáide mar atá sainmhínithe in Airteagal 49(1) más é sealbhóir an údaraithe a rinne an t-iarratas ar údarú dá leithéid 5 bliana i ndiaidh dháta an chéad údaraithe sa Bhallstát sin ar a dhéanaí. Cuirfear síneadh trí mhí leis an tréimhse chosanta sonraí i gcás gach sínidh arna dheonú faoi choinne mionúsáide ar choinníoll go mbeidh gach ceann de na mionúsáidí sin sonraithe le huimhir chóid éagsúil in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Féadfar síneadh de thrí bliana ar a mhéad a chur leis an tréimhse chosanta sonraí.

2. Ní bheidh feidhm ag mír 1 sna cásanna seo a leanas:

(a) i gcás tuarascálacha ar thástálacha agus ar staidéir ar chuir an t-iarratasóir litir rochtana isteach ina leith; nó

(b) má tá aon tréimhse chosanta sonraí atá deonaithe le haghaidh na dtuarascálacha ar thástálacha agus ar staidéir i dtrácht imithe in éag.

3. Ní dheonófar cosaint sonraí faoi mhír 1 seachas má bhíonn an chéad iarratasóir i ndiaidh cosaint sonraí a éileamh tráth a gcuirtear an sainchomhad isteach nó faisnéis bhreise i gcomhréir le hAirteagal 36(1) agus má tá an fhaisnéis a leanas curtha ar fáil don Bhallstát lena mbaineann i dtaca le gach tuarascáil ar thástálacha nó ar staidéir:

(a) cosaint go bhfuil na tuarascálacha ar thástálacha agus ar staidéir atá curtha isteach riachtanach le haghaidh an chéad údaraithe, nó le haghaidh leasú an údaraithe ar tháirge cosanta plandaí;

(b) deimhniú nach bhfuil tréimhse chosanta sonraí a deonaíodh le haghaidh na tuarascála ar thástálacha nó ar staidéir imithe in éag.

Airteagal 57 Liosta tuarascálacha ar thástálacha agus ar staidéir

1. I gcás gach substainte gníomhaí, gach teorantóra nó gach sineirgígh, coinneoidh na Ballstáit is rapóirtéirí liosta de na tuarascálacha ar thástálacha agus ar staidéir a bhfuil gá leo don chéad fhormheas, don chéad leasú ar choinníollacha formheasa nó don chéad athnuachan ar an bhformheas agus cuirfidh siad ar fáil d’aon pháirtí leasmhar iad arna iarraidh sin dó.

2. I gcás gach táirge cosanta plandaí a údaróidh siad, coinneoidh Ballstáit an méid seo a leanas agus cuirfidh siad ar fáil d'aon pháirtí leasmhar é arna iarraidh sin dó:

(a) liosta de na tuarascálacha ar thástálacha agus ar staidéir a bhfuil gá leo don chéad údarú, do leasú ar na coinníollacha údaraithe nó d'athnuachan ar an údarú; agus

(b) liosta de thuarascálacha ar thástálacha agus ar staidéir ar éilíodh cosaint ina leith faoi Airteagal 56 agus aon chosaintí a cuireadh isteach i gcomhréir leis an Airteagal sin.

3. Áireofar sna liostaí dá bhforáiltear i mír 1 agus i mír 2 faisnéis faoi cé acu an raibh deimhniú leis na tuarascálacha sin ar thástálacha agus ar staidéir go raibh siad ag comhlíonadh phrionsabail an Dea-Chleachtais Saotharlainne nó phrionsabail an Dea-Chleachtais Thurgnamhaigh.

Airteagal 58 Rialacha ginearálta maidir le tástáil dhúbailteach a sheachaint

1. Daoine ar bith a bhfuil rún acu údarú a iarraidh do tháirge cosanta plandaí, sula ndéanann siad tástálacha nó staidéir, fiosróidh siad d'údarás inniúil an Bhallstáit a bhfuil rún acu iarratas a dhéanamh chuige cé acu ar deonaíodh údarú cheana féin sa Bhallstát sin do tháirge cosanta plandaí ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach, an teorantóir nó an sineirgíoch céanna. Áireofar san fhiosrúchán sin ceadú na faisnéise sin atá ar fáil de bhun Airteagail 54 agus 57 .

Cuirfidh an t-iarratasóir ionchasach na sonraí uile isteach a bhaineann le sainiúlacht agus le neamhíonachtaí na substainte gníomhaí atá beartaithe aige a úsáid. Beidh fianaise san fhiosrúchán go bhfuil sé de rún ag an iarratasóir ionchasach iarratas a dhéanamh ar údarú.

2. Cuirfidh údarás inniúil an Bhallstáit, má bhíonn sé sásta go bhfuil rún ag an iarratasóir ionchasach iarratas a dhéanamh ar údarú, nó ar athnuachan nó athbhreithniú air, ainm agus seoladh shealbhóir nó shealbhóirí na n-údaruithe roimhe sin a bhaineann le hábhar ar fáil dó agus ag an am céanna cuirfidh sé ainm agus seoladh an iarratasóra in iúl do shealbhóirí na n-údaruithe.

3. Déanfaidh an t-iarratasóir ionchasach ar an údarú agus sealbhóir nó sealbhóirí na n-údaruithe ábhartha gach beart réasúnach chun teacht ar chomhaontú maidir le roinnt a dhéanamh ar aon tuarascálacha ar thástálacha agus ar staidéir atá faoi chosaint ag Airteagal 56 agus atá de dhíth ag an iarratasóir ar údarú ar tháirge cosanta plandaí.

Airteagal 59 Tástálacha agus staidéir a bhaineann le hainmhithe veirteabracha a roinnt

1. Ní athdhéanfar chun críocha an Rialacháin seo tástálacha agus staidéir a bhaineann le hainmhithe veirteabracha ná tástálacha agus staidéir a d’fhéadfadh cosc a chur ar thástáil ainmhithe . Déanfaidh aon duine a bhfuil rún aige a leithéidí de thástálacha agus staidéir a dhéanamh na bearta ar fad is gá chun a fhíorú nach ndearnadh na tástálacha nó na staidéir sin cheana ná nár cuireadh tús leo cheana, go háirithe tríd an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagail 10, 12 agus 54 a cheadú .

2. Déanfaidh an t-iarratasóir ionchasach agus sealbhóir nó sealbhóirí na n-údaruithe a bhaineann le hábhar gach iarracht a áirithiú go roinneann siad tástálacha agus staidéir a bhaineann le hainmhithe veirteabracha nó tástálacha agus staidéir a d’fhéadfadh cosc a chur ar thástáil ainmhithe . Cinnfear costais na dtuarascálacha ar thástálacha agus ar staidéir a roinnt ar bhealach cóir, trédhearcach agus neamhchlaonta. Ní cheanglaítear ar an iarratasóir ionchasach ach roinnt de na costais a íoc i dtaobh na faisnéise a cheanglaítear air a chur isteach chun ceanglais an údaraithe a chomhlíonadh.

3. Mura bhféadfaidh an t-iarratasóir ionchasach agus sealbhóir nó sealbhóirí na n-údaruithe táirgí cosanta plandaí a bhaineann le hábhar ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach chéanna, an teorantóir céanna nó an sineirgíoch céanna a bhaineann le hábhar ábalta teacht ar chomhaontú maidir leis na tuarascálacha ar thástálacha agus ar staidéir a bhaineann le hainmhithe veirteabracha nó maidir le tástálacha agus staidéir a d’fhéadfadh cosc a chur ar thástáil ainmhithe , cuirfidh an t-iarratasóir ionchasach údarás inniúil an Bhallstáit ar an eolas faoi. Ach ina dhiaidh sin féin comhaontóidh an dá chomhpháirtí cé acu cúirteanna a bhfuil dlínse acu chun críche an dara fomhír.

Ní chuirfidh an teip teacht ar chomhaontú, mar a fhoráiltear i mír 2, bac ar údarás inniúil an Bhallstáit na tuarascálacha sin ar thástálacha agus ar staidéir a úsáid chun críche iarratas an iarratasóra ionchasaigh. Beidh éileamh ar sciar cothrom de na costais a thabhaigh an t-iarratasóir ionchasach ag sealbhóir nó ag sealbhóirí an údaraithe a bhaineann le hábhar, a fheidhmeofar os comhair chúirteanna na mBallstát arna n-ainmniú ag na páirtithe faoin gcéad fhomhír. Féachfaidh na cúirteanna sin do na prionsabail i mír 2.

CAIBIDIL VI ROCHTAIN PHOIBLÍ AR FHAISNÉIS

Airteagal 60 Rúndacht

1. Duine a éilíonn faoi Airteagail 7(3), 12(1), 15(2), 16 or 32(4) nach mór déileáil le faisnéis arna tíolacadh ag an duine sin faoin Rialachán seo amhail is gur faisnéis rúnda í, cuirfidh sé cosaint infhíoraithe ar fáil lena thaispeáint go bhféadfadh nochtadh na faisnéise an bonn a bhaint dá chuid leasanna tráchtála, dá dtagraítear sa chéad fhleasc d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[13], nó d’aon leas atá cosanta ag Airteagal 4(1) den Rialachán sin.

1(a). Tabharfar deis don iarratasóir a bharúil a thabhairt maidir le rúndacht sonraí den sórt sin.

2. Maidir leis na leasanna tráchtála dá dtagraítear i mír 1, ní mheasfar ach na heilimintí seo a leanas mar fhaisnéis rúnda:

(a) an modh monaraíochta;

(b) an tsonraíocht ar íonacht na substainte gníomhaí cé is moite de na neamhíonachtaí a mheastar a bheith ábhartha ó thaobh na tocsaineolaíochta, na héiceathocsaineolaíochta nó an chomhshaoil;

(c) faisnéis faoi chomhdhéanamh iomlán táirge cosanta plandaí.

3. Ní dhéanann an tAirteagal seo dochar do Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[14].

CAIBIDIL VII PACÁISTIÚ, LIPÉADÚ AGUS FÓGRAÍOCHT AR THÁIRGÍ COSANTA PLANDAÍ AGUS AR AIDIÚVAIGH

Airteagal 61 Pacáistiú agus cur i láthair

1. Déanfar pacáistiú ar tháirgí cosanta plandaí agus ar aidiúvaigh a bhféadfaí a shíleadh trí bhotún gur bia, deoch nó beatha iad ar dhóigh a laghdódh an dóchúlacht go dtarlódh botún den sórt sin.

2. Beidh comhábhair i dtáirgí cosanta plandaí agus in aidiúvaigh, atá ar fáil don phobal i gcoitinne a bhféadfaí a shíleadh trí bhotún gur bia, deoch nó beatha iad, a chuirfeadh daoine óna gcaitheamh nó a choiscfeadh daoine óna gcaitheamh.

3. Beidh feidhm ag Airteagal 9 de Threoir 1999/45/CE chomh maith maidir le táirgí cosanta plandaí agus aidiúvaigh nach gclúdaítear faoin Treoir sin.

Airteagal 62 Lipéadú

1. Comhlíonfaidh lipéadú táirgí cosanta plandaí na ceanglais a leagfar amach i Rialachán a ghlacfar i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(2).

Beidh abairtí caighdeánacha sa Rialachán sin chomh maith a bhaineann le rioscaí speisialta agus le réamhchúraimí sábháilteachta mar fhorlíonadh ar na habairtí dá bhforáiltear le Treoir 1999/45/CE. Ionchorpróidh sé ceanglais Airteagal 16 de Threoir 91/414/CEE agus téacs Iarscríbhinn IV agus Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir sin agus aon mhodhnuithe is gá a dhéanamh orthu.

2. Féadfaidh Ballstáit a éileamh go gcuirfí samplaí nó samhlacha den phacáistiú agus dréachtaí de lipéid agus de bhileoga isteach le haghaidh scrúdú sula ndeonaítear an t-údarú .

3. Má mheasann Ballstát go bhfuil gá le habairtí breise le sláinte an duine nó le sláinte ainmhithe nó leis an gcomhshaol a chosaint, cuirfidh sé na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas láithreach agus seolfaidh sé an abairt bhreise nó na habairtí breise agus cúiseanna na gceanglas sin ar aghaidh chucu.

Áireofar abairtí den sórt sin sa Rialachán dá dtagraítear i mír 1.

Go dtí go gcuirfear isteach iad, féadfaidh an Ballstát a éileamh go n-úsáidfí an abairt bhreise nó na habairtí breise sin.

Airteagal 63 Fógraíocht

1. Chun críche an Airteagail seo, ciallaíonn fógrán meán ar bith chun díol nó úsáid táirgí cosanta plandaí a chur chun cinn i measc dreama ar bith seachas sealbhóir an údaraithe, an duine atá ag cur an táirge cosanta plandaí ar an margadh agus a gcuid gníomhairí.

1a. Beidh i gceanglas le gach fógrán maidir le planda a chosaint na habairtí: 'Bí cúramach le táirgí cosanta plandaí. Léigh an lipéad agus an fhaisnéis faoin táirge i gcónaí sula n-úsáidfidh tú é'. Beidh na habairtí sin go soiléir soléite i gcoibhneas leis an bhfógrán ina iomláine. Féadfar cur síos níos beaichte ar chineál an táirge a chur in áit na bhfocal "táirgí cosanta plandaí", amhail fungaicíd, feithidnimh nó luibhicíd.

2. Ní bheidh faisnéis san fhógrán a d'fhéadfadh míthreoir a thabhairt maidir leis na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ann do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe nó don chomhshaol, amhail an téarma 'riosca íseal', 'neamhthocsaineach' nó 'neamhdhíobhálach'.

2a. Féadfaidh na Ballstáit toirmeasc nó srian a chur ar tháirgí cosanta plandaí a fhógairt i meáin áirithe, faoi réir fhorálacha an Chonartha.

CAIBIDIL VIII RIALUITHE

Airteagal 64 Coinneáil taifead

1. Coinneoidh táirgeoirí, soláthraithe, dáileoirí agus úsáideoirí gairmiúla táirgí cosanta plandaí taifid ar na táirgí cosanta plandaí a tháirgíonn siad, a stórálann siad nó a úsáideann siad.

Cuirfidh siad an fhaisnéis a bhaineann le hábhar atá sna taifid sin ar fáil don údarás inniúil arna iarraidh sin orthu. Coinneoidh siad an fhaisnéis sin freisin lena cur ar fáil do chomharsana nó do thionscal an uisce óil a iarrann rochtain a fháil ar an bhfaisnéis sin.

1a. Is iad táirgeoirí na dtáirgí cosanta plandaí a dhéanfaidh monatóireacht iarchláraithe. Cuirfidh siad aon fhaisnéis ábhartha in iúl do na húdaráis inniúla agus coinneoidh an fhaisnéis lena chur ar fáil do pháirtithe leasmhara ábhartha arna iarraidh sin orthu.

2. Cuirfidh sealbhóirí na n-údaruithe ar fáil d'údaráis inniúla na mBallstát na sonraí ar fad a bhaineann le méid na ndíolachán ar tháirgí cosanta plandaí.

3. Féadfar bearta cur chun feidhme a áiritheoidh cur i bhfeidhm aonfhoirmeach mhír 1 agus mhír 2 a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(3).

Airteagal 65 Monatóireacht agus rialuithe

Cuirfidh Ballstáit rialuithe oifigiúla i gcrích chun comhlíonadh an Rialacháin seo a fheidhmiú. Beidh i gceist leis na rialuithe sin rialuithe ar an bhfeirm, lena fhíorú go bhfuiltear ag géilleadh do na srianta maidir le húsáid. Cuirfidh na Ballstáit bailchríoch ar thuarascáil maidir le raon feidhme agus le torthaí na rialuithe sin agus tarchuirfidh siad í chuig an gCoimisiún taobh istigh de shé mhí ó dheireadh na bliana a mbaineann na tuarascálacha léi.

Déanfaidh saineolaithe ón gCoimisiún iniúchtaí ginearálta agus iniúchtaí sonracha sna Ballstáit chun críocha fíoraithe na rialuithe oifigiúla a dhéanann na Ballstáit.

Glacfar Rialachán i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(3) , lena leagfar amach forálacha maidir leis na rialuithe ar tháirgeadh, ar phacáistiú, ar lipéadú, ar stóráil, ar iompar, ar mhargaíocht, ar fhoirmliú agus ar úsáid táirgí cosanta plandaí. Beidh forálacha sa Rialachán sin arb ionann iad agus Airteagail 1 go 13, 26, 27(1), 27(4)(a) agus (b) agus 27(5) go (12), 28, 29, 32 go 45, 51, 53, 54, 66 agus Iarscríbhinní I, II, III, VI, agus VII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004. Beidh forálacha eile ann freisin maidir le faisnéis a bhailiú agus le tuairisciú ar nimhithe a mheastar atá ann agus sonrófar go mion an fhaisnéis a bheidh le cur ar fáil mar fhreagairt ar éileamh míochaine.

Glacfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 76(3a).

CAIBIDIL IX ÉIGEANDÁLAÍ

Airteagal 66 Bearta éigeandála

Nuair is léir gur dócha go mbainfeadh riosca tromchúiseach do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe, nó don chomhshaol ó shubstaint, ó theorantóir, ó shineirgíoch nó ó chomhfhoirmleach formheasta nó ó tháirge cosanta plandaí a údaraíodh i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus nuair is léir nach féidir smacht sásúil a choinneáil ar riosca den sórt sin trí bhearta a dhéanann an Ballstát/na Ballstáit lena mbaineann, déanfar bearta le srian nó cosc a chur le húsáid agus/nó le díol na substainte sin nó an táirge sin láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(3), ar thionscnamh ón gCoimisiún féin nó ar iarratas ó Bhallstát. Sula ndéanfar bearta den sórt sin scrúdóidh an Coimisiún an fhianaise agus féadfaidh sé tuairim a éileamh ar an Údarás. Féadfaidh an Coimisiún teorainn ama a shocrú faoina soláthrófar an tuairim sin.

Airteagal 67 Bearta éigeandála i gcásanna deargphráinne

De mhaolú ar Airteagal 66, féadfaidh an Coimisiún na bearta dá dtagraítear in Airteagal 66 a ghlacadh go sealadach tar éis dó dul i gcomhairle leis an mBallstát nó leis na Ballstáit lena mbaineann agus tar éis dó na Ballstáit eile a chur ar an eolas.

A luaithe is féidir, agus gan dul thar 10 lá oibre ar a dhéanaí, déanfar na bearta sin a dheimhniú, a leasú, a aisghairm nó cuirfear síneadh leo i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(3).

Airteagal 68 Bearta éigeandála eile

1. Sa chás go gcuireann Ballstát an Coimisiún ar an eolas go hoifigiúil faoin ngá atá le bearta éigeandála a ghlacadh, agus nach ndearnadh aon ghníomh i gcomhréir le hAirteagal 66 nó le hAirteagal 67, féadfaidh an Ballstát bearta cosantacha eatramhacha a ghlacadh. Sa chás sin, cuirfidh sé na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas láithreach.

2. Taobh istigh de 30 lá oibre, cuirfidh an Coimisiún an t-ábhar faoi bhráid an Choiste dá dtagraítear in Airteagal 76(1) i gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 76(3) d'fhonn síneadh a chur leis an mbeart cosantach eatramhach náisiúnta nó d'fhonn é a leasú nó a aisghairm.

3. Féadfaidh Ballstát a bhearta cosantacha eatramhacha náisiúnta a choinneáil go dtí go mbeidh bearta Comhphobail glactha.

CAIBIDIL X FORÁLACHA RIARACHÁIN AGUS AIRGEADAIS

Airteagal 69 Pionóis

Leagfaidh na Ballstáit na rialacha maidir le pionóis is infheidhme ar an Rialachán seo síos agus déanfaidh siad na bearta is gá lena áirithiú go ndéantar iad a chur chun feidhme. Caithfidh na pionóis dá bhforáiltear a bheith éifeachtúil, comhréireach agus athchomhairleach.

Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún ar an eolas faoi na rialacha sin agus faoi aon leasú a dhéanfar ina dhiaidh sin.

Airteagal 70 Dliteanas sibhialta agus coiriúil

Ní dhéanfaidh deonú údaraithe agus aon bheart eile i gcomhréir leis an Rialachán seo dochar do dhliteanas sibhialta ginearálta agus do dhliteanas coiriúil ginearálta i mBallstáit an táirgeora, agus nuair is infheidhme, i mBallstáit an duine atá freagrach as an táirge cosanta plandaí a chur ar an margadh nó as é a úsáid.

Airteagal 71 Táillí agus muirir

1. Féadfaidh na Ballstáit na costais a bhaineann le haon obair a dhéanann siad a eascraíonn as oibleagáidí faoin Rialachán seo a fháil ar ais trí tháillí nó trí mhuirir.

2. Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas maidir leis an táille nó maidir leis an muirear dá dtagraítear i mír 1:

(a) go mbunófar ar bhealach trédhearcach í/é; agus

(b) go bhfreagróidh sí/sé do chostas iarbhír na hoibre atá i gceist.

Féadfar scála muirear socraithe atá bunaithe ar mheánchostais na hoibre dá dtagraítear i mír 1 a áireamh sa táille nó sa mhuirear.

Airteagal 72 Údarás Ballstáit

1. Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil nó údaráis inniúla chun oibleagáidí na mBallstát mar a shainmhínítear iad sa Rialachán seo a chur i gcrích.

2. Ainmneoidh gach Ballstát údarás náisiúnta comhordúcháin chun an comhordú a dhéanamh agus chun na teagmhálacha uile le hiarratasóirí, le Ballstáit eile, leis an gCoimisiún agus leis an Údarás a áirithiú.

3. Tabharfaidh gach Ballstát na mionsonraí maidir lena údarás inniúil náisiúnta nó lena údaráis inniúla náisiúnta don Choimisiún, don Údarás agus d'údaráis náisiúnta comhordúcháin na mBallstát eile agus cuirfidh siad ar an eolas iad faoi aon mhodhnuithe ar na mionsonraí sin.

4. Foilseoidh an Coimisiún liosta de na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 ar a shuíomh gréasáin agus coinneoidh sé cothrom le dáta é.

Airteagal 73 Caiteachas ón gCoimisiún

1. Féadfaidh an Coimisiún caiteachas a thabhú do ghníomhaíochtaí a chuireann le haidhmeanna an Rialacháin seo lena n-áirítear eagrú na nithe seo a leanas:

(a) córas comhchuibhithe, lena n-áirítear bunachar sonraí iomchuí, a fhorbairt chun an fhaisnéis ar fad a bhaineann le substaintí gníomhacha, le teorantóirí, le sineirgígh, le comhfhoirmligh, le táirgí cosanta plandaí agus le haidiúvaigh a bhailiú, agus chun an fhaisnéis sin a chur ar fáil do na Ballstáit, do na táirgeoirí agus do pháirtithe leasmhara eile;

(b) staidéir a dhéanamh a bhfuil gá leo chun reachtaíocht bhreise a ullmhú agus a fhorbairt maidir le táirgí cosanta plandaí agus aidiúvaigh a chur ar an margadh;

(c) staidéir a dhéanamh a bhfuil gá leo chun nósanna imeachta, chun critéir chinnteoireachta agus chun ceanglais sonraí a chomhchuibhiú;

(d) comhordú a dhéanamh, go leictreonach más gá, ar an gcomhoibriú idir Ballstáit, an tÚdarás agus an Coimisiún agus ar bhearta chun éascú a dhéanamh maidir le hobair a roinnt;

(e) córas tíolactha leictreonach comhordaithe agus córas meastóireachta leictreonach comhordaithe a fhorbairt agus a chothabháil a mbeadh sé de chuspóir acu malartú doiciméad leictreonach agus obair a roinnt a chur chun cinn i measc na n-iarratasóirí, na mBallstát, an Údaráis agus an Choimisiúin;

(f) treoir a fhorbairt le cur chun feidhme an Rialacháin seo ó lá go lá a éascú;

(g) costais taistil agus chothaithe a thabhaíonn saineolaithe na mBallstát de bhrí gur cheap an Coimisiún iad le cuidiú lena shaineolaithe faoi chuimsiú gníomhaíochtaí rialuithe arna leagan síos faoi Airteagal 65;

(h) foireann rialúcháin a oiliúint;

(i) bearta eile a mhaoiniú a bhfuil gá leo chun a áirithiú go gcuirtear an Rialachán a glacadh faoi Airteagal 65 chun feidhme;

2. Beidh na leithreasaí atá riachtanach faoi mhír 1 ag brath ar údarú ón údarás buiséadach gach bliain airgeadais.

Airteagal 74 Doiciméid treorach

Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(2), doiciméid theicniúla agus doiciméid treorach eile a ghlacadh nó a leasú chun an Rialachán seo a chur chun feidhme. Féadfaidh an Coimisiún a iarraidh ar an Údarás doiciméid treorach den sórt sin a ullmhú nó cur leo.

Airteagal 75 Leasuithe agus bearta cur chun feidhme

1. Glacfar na bearta seo a leanas, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 76(3a).

(a) leasuithe ar na hIarscríbhinní, ag cur eolas eolaíoch agus eolas teicniúil reatha san áireamh;

(b) na Rialacháin maidir le ceanglais sonraí a bhaineann le substaintí gníomhacha agus le táirgí cosanta plandaí dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b) agus (c), lena n-áirítear bearta chun tástáil ainmhithe a sheachaint nó a íoslaghdú, go háirithe úsáid modhanna tástála gan ainmhithe agus straitéisí éirimiúla tástála , ag cur eolas eolaíoch agus teicniúil san áireamh;

(c) leasuithe ar an Rialachán maidir le prionsabail aonfhoirmeacha chun meastóireacht agus údarú a dhéanamh ar tháirgí cosanta plandaí, dá dtagraítear in Airteagal 29(6), ag cur eolas eolaíoch agus teicniúil san áireamh;

(d) leasuithe ar an Rialachán ina bhfuil na ceanglais a bhaineann le lipéadú táirgí cosanta plandaí dá dtagraítear in Airteagal 62(1).

2. Glacfar na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(3).

3. I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 76(2), glacfar Rialachán ina bhfuil an liosta substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE. Measfar go mbeidh na substaintí sin formheasta faoin Rialachán seo.

Airteagal 76 Coiste

1. Cuideoidh an Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe, dá ngairtear "an Coiste" anseo feasta, leis an gCoimisiún, mar a bhunaigh Airteagal 58 de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.

2. I gcás ina dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3. I gcás ina dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagfar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE.

3a. I gcás ina dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

3b. I gcás ina dtagrófar don mhí r seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1) go (4) agus (5)(b) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/EC, ag féachaint d’fhorálacha Airteagal 8 de.

Dhá mhí, mí amháin agus dhá mhí faoi seach a bheidh sna teorainneacha ama a leagfar síos in Airteagal 5a(3)(c), (4)(b) agus (4)(e) de Chinneadh 1999/468/CE.

3c. I gcás ina dtagrófar don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6) agus Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d'fhorálacha Airteagal 8 de.

4. Glacfaidh an Coiste a Rialacha Nós Imeachta.

CAIBIDIL XI Forálacha eatramhacha agus forálacha críochnaitheacha

Airteagal 77 Bearta eatramhacha

1. Leanfaidh Treoir 91/414/CEE ("an Treoir") d'fheidhm a bheith aici, maidir leis an nós imeachta agus leis na coinníollacha formheasa, ar shubstaintí gníomhacha ar glacadh cinneadh ina leith i gcomhréir le hAirteagal 6(3) den Treoir sin roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Ar bhonn an scrúdaithe a dhéanfar faoin Treoir seo, glacfar Rialachán maidir le substaint den sórt sin a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 13(2) den Rialachán seo.

2. Leanfaidh Airteagal 13(1) go (4) den Treoir agus Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Treoir d'fheidhm a bheith acu maidir le substaintí gníomhacha atá ar áireamh in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir agus maidir le substaintí gníomhacha a fhormheasfar i gcomhréir le mír 1:

- Ar feadh tréimhse cúig bliana ón dáta ar áiríodh nó ar formheasadh iad, i gcás substaintí gníomhacha arna gclúdach ag Airteagal 8(2) den Treoir.

- Ar feadh tréimhse deich mbliana ón dáta ar áiríodh nó ar formheasadh iad, i gcás substaintí gníomhacha nach raibh ar an margadh dhá bhliain tar éis an dáta ar tugadh fógra faoin Treoir.

- Ar feadh tréimhse cúig bliana ó dháta athnuachana an chuimsithe nó ó dháta athnuachana an fhormheasa, do shubstaintí gníomhacha a n-éagann a gcuimsiú in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir dhá bhliain ar a dhéanaí tar éis dháta foilsithe an Rialacháin seo. Ní bheidh feidhm ag an bhforáil seo ach amháin maidir le sonraí is gá chun an formheas a athnuachan agus a raibh sé deimhnithe go raibh siad ag comhlíonadh phrionsabail an Dea-chleachtais Saotharlainne dhá bhliain ar a dhéanaí tar éis dháta foilsithe an Rialacháin seo.

3. Nuair a bheidh feidhm ag Airteagal 13 den Treoir de bhun mhír 1 nó mhír 2, beidh sé faoi réir aon rialacha speisialta a bhaineann leis an Treoir atá leagtha síos san Ionstraim Aontachais faoinar tháinig Ballstát isteach sa Chomhphobal.

4. I gcás substaintí gníomhacha a n-éagann a gcéad fhormheas trí bliana ar a dhéanaí tar éis theacht i bhfeidhm don Rialachán seo, cuirfidh táirgeoir na substainte gníomhaí an t-iarratas dá bhforáiltear in Airteagal 14 faoi bhráid Ballstáit, agus cuirfidh sé cóip de chuig na Ballstáit eile, chuig an gCoimisiún agus chuig an Údarás, ag tráth nach déanaí ná dhá bhliain roimh thráth éaga an chéad fhormheasa.

5. Déanfar cinneadh faoi iarratais ar údaruithe ar tháirgí cosanta plandaí faoi Airteagal 4 den Treoir atá ar feitheamh sna Ballstáit ar dháta cur i bhfeidhm an Rialacháin seo ar bhonn an dlí náisiúnta a bheidh i bhfeidhm ar an dáta sin.

Tar éis an chinnidh sin, is ag an Rialachán seo a bheidh feidhm.

6. Féadfar leanúint de tháirgí a ndéantar lipéadú orthu i gcomhréir le hAirteagal 16 den Treoir a chur ar an margadh ar feadh ceithre bliana ó dháta iarratais an Rialacháin seo.

Airteagal 78 Maolú i gcás teorantóirí agus sineirgíoch

De mhaolú ar Airteagal 28(1), féadfaidh Ballstát, ar feadh tréimhse cúig bliana tar éis ghlacadh an chláir dá dtagraítear in Airteagal 26, údarás a thabhairt chun táirgí cosanta plandaí ina bhfuil sineirgígh agus teorantóirí nach bhfuil údaraithe a chur ar an margadh ina chríoch, má tá siad ar áireamh sa chlár sin.

Airteagal 79 Aisghairm

Aisghairfear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE, arna leasú ag na hionstraimí a bhfuil liosta díobh in Iarscríbhinn V, le héifeacht ón dáta a gcuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm, gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát maidir le teorainneacha ama i gcomhair trasuí sa dlí náisiúnta agus chun na Treoracha a leagfar amach san Iarscríbhinn sin a chur chun feidhme.

Déanfar tagairtí do na Treoracha aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 80 Teacht i bhfeidhm agus feidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh .

Glacfaidh an Coimisiún na Rialacháin seo a leanas taobh istigh de 18 mí tar éis dó teacht i bhfeidhm:

- Rialachán ina bhfuil liosta na substaintí gníomhacha atá formheasta cheana féin tráth foilsithe an Rialacháin sin

- Rialachán maidir le ceanglais sonraí le haghaidh substaintí gníomhacha, dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(b)

- Rialachán maidir le ceanglais sonraí le haghaidh táirgí cosanta plandaí, dá dtagraítear in Airteagal 8(1)(c)

- Rialachán maidir le prionsabail aonfhoirmeacha chun measúnú riosca a dhéanamh ar tháirgí cosanta plandaí, dá dtagraítear in Airteagal 35

- Rialachán ina bhfuil na ceanglais le haghaidh lipéadú táirgí cosanta plandaí dá dtagraítear in Airteagal 62(1).

Beidh feidhm aige ar feadh 18 mí ón dáta a dtiocfaidh sé i bhfeidhm. [ OFFICE OF PUBLICATIONS: INSERT DATE … AFTER PUBLICATION]

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I

Sainmhíniú ar na criosanna maidir le táirgí cosanta plandaí a údarú

Crios A - An Tuaisceart

Baineann na Ballstáit seo a leanas leis an gcrios seo:

An Danmhairg, an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin, an Fhionlainn, an tSualainn

Crios B - An Lár

Baineann na Ballstáit seo a leanas leis an gcrios seo:

An Bheilg, Poblacht na Seice, an Ghearmáin, Éire, Lucsamburg, an Ungáir, an Ísiltír, an Ostair, an Pholainn, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Ríocht Aontaithe

Crios C - An Deisceart

Baineann na Ballstáit seo a leanas leis an gcrios seo:

An Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Iodáil, an Chipir, Málta, an Phortaingéil

IARSCRÍBHINN II

Nós imeachta agus critéir chun substaintí gníomhacha, teorantóirí agus sineirgígh a fhormheas de bhun Chaibidil II

1. Meastóireacht

1.1. Le linn an phróisis meastóireachta agus cinnteoireachta dá bhforáiltear in Airteagal 4 go hAirteagal 21, comhoibreoidh an Ballstát is rapóirtéir agus an tÚdarás le hiarratasóirí chun ceisteanna ar bith a bheidh ann faoin sainchomhad a réiteach go gasta nó aon staidéir bhreise a mbeadh gá leo chun meastóireacht a dhéanamh ar an sainchomhad a aithint go luath, lena n-áirítear faisnéis a chealódh an gá le srian a chur ar an bhformheas, nó aon choinníollacha beartaithe chun an táirge cosanta plandaí a úsáid a leasú nó chun a chineál nó a chomhdhéanamh a mhodhnú chun lán-chomhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a áirithiú.

1.2. Caithfear measúnú an Údaráis agus an Bhallstáit is rapóirtéir a bhunú ar phrionsabail eolaíocha agus caithfear é a dhéanamh le cúnamh comhairle ó shaineolaí.

1.3. Le linn an phróisis meastóireachta agus cinnteoireachta dá bhforáiltear in Airteagal 4 go hAirteagal 21, cuirfidh na Ballstáit agus an tÚdarás aon treoir eile a fhorbrófar faoi chuimsiú an Bhuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe san áireamh chun críocha na measúnuithe riosca a scagadh, más iomchuí.

2. Critéir ghinearálta cinnteoireachta

2.1. Ní mheasfar go bhfuiltear ag comhlíonadh Airteagal 7(1) seachas má mheasfar, ar bhonn sainchomhaid a chuirfear isteach, gur dócha go bhfaighfear údarú i mBallstát amháin ar a laghad do tháirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach sin do cheann amháin ar a laghad de na húsáidí ionadaíocha.

2.2. Tuilleadh eolais a chur isteach

I bprionsabal ní fhormheasfar substaint ghníomhach seachas má bhíonn sainchomhad comhlán curtha isteach.

I gcásanna eisceachtúla féadfar substaint ghníomhach a fhormheas fiú má bhíonn faisnéis áirithe le cur isteach go fóill sna cásanna seo a leanas:

(a) má leasaíodh nó má rinneadh scagadh ar na ceanglais sonraí i ndiaidh an sainchomhad a chur isteach nó;

(b) má mheastar gur faisnéis dheimhnitheach atá inti, a bhfuil gá léi chun an mhuinín as an gcinneadh a mhéadú.

I gcásanna den sórt sin cuirfear an fhaisnéis bhreise faoi bhráid an Bhallstáit is rapóirtéir le haghaidh measúnú a dhéanamh laistigh den teorainn ama atá leagtha síos ag an gCoimisiún. Cuirfidh an Ballstát tuarascáil chuig an gCoimisiún maidir le torthaí an mheasúnaithe.

2.3. Srianta ar fhormheas

Féadfar srianta ar an bhformheas, más gá, a nascadh le:

- sainaithint na rioscaí do-ghlactha i ndálaí áirithe

- bearnaí sa mheasúnú riosca de thoradh réimse teoranta na n-úsáidí ionadaíocha agus na n-ullmhóidí arna gcur in iúl ag an iarratasóir.

Nuair a mheasann an Ballstát is rapóirtéir go bhfuil faisnéis áirithe in easnamh ar an sainchomhad, a oiread nach bhféadfaí an tsubstaint ghníomhach a fhormheas gan srianta a chur léi, déanfaidh sé teagmháil leis an iarratasóir go luath chun tuilleadh faisnéise a fháil lena bhféadfaí, b'fhéidir, na srianta sin a bhaint.

3. Critéir chun substaint ghníomhach a fhormheas

3.1. Sainchomhad

Beidh ar na sainchomhaid a chuirfear isteach de bhun Airteagal 7(1) an fhaisnéis is gá a bheith iontu chun an Iontógáil Laethúil Inghlactha (ADI), an Leibhéal Inghlactha maidir le Nochtadh an Oibritheora (AOEL), agus an Ghéardháileog Thagartha (ARfD) a bhunú má bhaineann sin le hábhar.

I gcás substainte gníomhaí a n-áirítear a húsáid ar bheatha nó ar bharra bia ar a réimse teoranta úsáidí nó a dtagann iarmhair i mbia nó i mbeatha go díreach uaithi, beidh an fhaisnéis is gá sa sainchomhad a chuirfear isteach de bhun Airteagal 7(1) chun measúnú riosca a dhéanamh agus chun críocha forghníomhaithe.

Déanfar an méid seo a leanas, go háirithe, sa sainchomhad:

(a) a cheadú go sainmhíneofaí aon iarmhar a bhfuiltear buartha faoi;

(b) na hiarmhair sa bhia agus sa bheatha, barra comharbais san áireamh, a thuar le hiontaoibh;

(c) a thuar le hiontaoibh, nuair a bhaineann le hábhar, an leibhéal comhréireach iarmhair a léiríonn tionchair na próiseála agus/nó an mheasctha;

(d) a cheadú go sonrófaí Uasleibhéal Iarmhair (MRL) don tráchtearra agus, más iomchuí, do tháirgí ar de bhunús ainmhíoch iad nuair a thugtar an tráchtearra nó codanna den tráchtearra le hithe d'ainmhithe;

(e) a cheadú go sonrófaí eilimintí tiúchana nó caolaithe de bharr próiseála agus/nó measctha, nuair a bhaineann sin le hábhar;

Is leor an sainchomhad a cuireadh isteach de bhun Airteagal 7(1), nuair a bhaineann sé le hábhar, le meastachán a cheadú ar a dtarlaíonn don tsubstaint ghníomhach agus ar dháileadh na substainte gníomhaí sa chomhshaol agus ar a tionchar ar speicis nach spriocspeicis iad.

3.2. Éifeachtúlacht

Ní fhormheasfar substaint ghníomhach ach amháin i gcás ina bhfuil sé cruthaithe go bhfuil an táirge cosanta plandaí sách éifeachtúil, do réimse teoranta úsáidí ionadaíocha má forchuirtear é i gcomhréir le dea-chleachtas cosanta plandaí agus coinníollacha réalaíocha úsáide á gcur san áireamh. Déanfar an ceanglas seo a mheas i bhfianaise na bprionsabal aonfhoirmeach chun meastóireacht agus údarú a dhéanamh ar tháirgí cosanta plandaí dá dtagraítear sa dara mír d'Airteagal 35.

3.3. Ábharthacht thocsaineach táirgí dianscaoilte

Má áirítear úsáid ar bharra beatha nó ar bharra bia sa réimse teoranta d’úsáidí ionadaíocha, beidh an doiciméadacht a thíolactar leordhóthanach le go mbeifear in ann ábharthacht thocsaineolaíoch na dtáirgí dianscaoilte nach raibh i láthair sna hainmhithe arna n-úsáid sa tastáil nó sna staidéir a rinneadh ar an tsubstaint ghníomhach, ach a fhoirmítear i bplandaí nó ar phlandaí cóireáilte de thoradh próiseála, nó a aimsítear le linn staidéar a dhéantar ar bheostoic.

3.4. Comhdhéanamh na substainte gníomhaí

3.4.1. Sainmhíneoidh an tsonraíocht íoschéim íonachta, sainaitheantas agus uasinneachar do neamhíonachtaí, agus i gcás inarb ábhartha, d'isiméirí / steiréi-isiméirí agus do bhreiseáin, agus inneachar inghlactha na neamhíonachtaí ar cúis imní iad ó thaobh na tocsaineolaíochta, na héiceathocsaineolaíochta nó an chomhshaoil.

3.4.2. Comhlíonfaidh an tsonraíocht an tsonraíocht ábhartha EBT i gcás inarb ann don tsonraíocht EBT. I gcás inar gá, áfach, ar mhaithe le sláinte an duine nó sláinte ainmhithe, nó an comhshaol, a chosaint, féadfar sonraíochtaí níos déine a ghlacadh.

3.5. Modhanna anailíse

3.5.1. Na modhanna a úsáidfear chun anailís a dhéanamh ar an tsubstaint ghníomhach mar a mhonaraítear í agus chun neamhíonachtaí a chinneadh ar cúis imní iad ó thaobh na tocsaineolaíochta, na héiceathocsaineolaíochta nó an chomhshaoil, nó arb ann dóibh i gcainníochtaí níos mó ná 1 g/kg sa tsubstaint ghníomhach mar a mhonaraítear í, déanfar iad a bhailíochtú agus léireofar iad a bheith sách sonrach, líneach, cruinn agus beacht.

3.5.2. An modh anailíse i maitrísí comhshaoil, de réir mar is iomchuí, déanfar é a bailíochtú agus léireofar go bhfuil sé sách íogair do na leibhéil imní.

3.5.3. Cuirfear an mheastóireacht i gcrích i gcomhréir leis na prionsabail aonfhoirmeacha chun meastóireacht agus údarú a dhéanamh ar tháirgí cosanta plandaí dá dtagraítear in Airteagal 35.

3.6. Tionchar ar shláinte an duine

3.6.1. I gcás inarb ábhartha, bunófar ADI, AOEL agus ARfD. Agus luachanna den sórt seo á mbunú, áiritheofar go mbeidh lamháil iomchuí sábháilteachta de 100 ar a laghad ann agus cineál agus déine na n-éifeachtaí agus leochaileacht grúpaí sonracha den daonra á gcur san áireamh.

3.6.2. Ní fhormheasfar substaint ghníomhach, ach amháin, más amhlaidh ar bhonn measúnú a dhéanamh ar thástáil ghéinea-thocsaineachta ag sraith níos airde a chuirtear i gcrích i gcomhréir leis na ceanglais sonraí le haghaidh na substaintí gníomhacha agus na dtáirgí cosanta plandaí agus le sonraí agus faisnéis eile atá ar fáil, nach bhfuil sí aicmithe nó nach gá í a aicmiú, i gcomhréir le forálacha Threoir 67/548/CEE, mar shubstaint shó-ghineach de chatagóir 1 nó 2, seachas i gcás ar fíorbheag é nochtadh an duine don tsubstaint ghníomhach sin i dtáirge cosanta plandaí faoi choinníollacha réalaíocha úsáide arna mbeartú de bhrí go n-úsáidfear an táirge i gcórais iata nó i gcúinsí eile gan aon teagmháil le daoine agus i gcás nach sáróidh iarmhair na substainte gníomhaí i dtrácht ar bhia agus ar bheatha teorainn a n-aimsithe agus na modhanna is íogaire á n-úsáid .

3.6.3. Ní fhormheasfar substaint ghníomhach, ach amháin, ar bhonn measúnú a dhéanamh ar thástáil charcanaigineachta a chuirtear i gcrích i gcomhréir leis na ceanglais sonraí le haghaidh na substaintí gníomhacha agus na dtáirgí cosanta plandaí agus le sonraí agus faisnéis eile atá ar fáil, nach bhfuil sí aicmithe nó nach gá í a aicmiú, i gcomhréir le forálacha Threoir 67/548/CEE, mar shubstaint charcanaigineach de chatagóir 1 nó 2, seachas i gcás ar fíorbheag é nochtadh an duine don tsubstaint ghníomhach sin i dtáirge cosanta plandaí faoi choinníollacha réalaíocha úsáide arna mbeartú de bhrí go n-úsáidfear an táirge i gcórais iata nó i gcúinsí eile gan aon teagmháil le daoine agus i gcás nach sáróidh iarmhair na substainte gníomhaí i dtrácht ar bhia agus ar bheatha teorainn a n-aimsithe agus na modhanna is íogaire á n-úsáid .

3.6.4. Ní fhormheasfar substaint ghníomhach, ach amháin, ar bhonn measúnú a dhéanamh ar thástáil ar thocsaineacht don atáirgeadh a chuirtear i gcrích i gcomhréir leis na ceanglais sonraí le haghaidh na substaintí gníomhacha agus na dtáirgí cosanta plandaí agus le sonraí agus faisnéis eile atá ar fáil, mura bhfuil sí aicmithe nó nach gá í a aicmiú, i gcomhréir le forálacha Threoir 67/548/CEE, mar shubstaint atá thocsaineach don atáirgeadh de chatagóir 1 nó 2, seachas i gcás ar fíorbheag é nochtadh an duine don tsubstaint ghníomhach sin i dtáirge cosanta plandaí faoi choinníollacha réalaíocha úsáide arna mbeartú de bhrí go n-úsáidfear an táirge i gcórais iata nó i gcúinsí eile gan aon teagmháil le daoine agus i gcás nach sáróidh iarmhair na substainte gníomhaí i dtrácht ar bhia agus ar bheatha teorainn a n-aimsithe agus na modhanna is íogaire á n-úsáid .

3.6.5. Ní fhormheasfar substaint ghníomhach, ach amháin, ar bhonn an mheasúnaithe ar theoirlínte tástála an Chomhphobail nó ar bhonn an mheasúnaithe ar threoirlínte tástála a aontaíodh go hidirnáisiúnta agus go measfar nach bhfuil airíonna réabtha inchrínigh inti a d’fhéadfadh suntas tocsaineolaíoch a bheith acu i leith an duine seachas i gcás ar fíorbheag é nochtadh an duine don tsubstaint ghníomhach sin i dtáirge cosanta plandaí faoi choinníollacha réalaíocha úsáide arna mbeartú de bhrí go n-úsáidfear an táirge i gcórais iata nó i gcúinsí eile gan aon teagmháil le daoine agus i gcás nach sáróidh iarmhair na substainte gníomhaí i dtrácht ar bhia agus ar bheatha teorainn a n-aimsithe agus na modhanna is íogaire á n-úsáid .

3.7. A bhfuil i ndán di agus iompar ó thaobh comhshaoil

3.7.1. Ní fhormheasfar substaint ghníomhach ach amháin i gcás nach meastar gur truailleán orgánach marthanach í.

Sainmhínítear truailleán orgánach marthanach mar seo a leanas:

(a) Marthanacht

(i) Fianaise a bheith ann gur faide a DT50 in uisce ná dhá mhí, nó gur faide a DT50 in ithir ná sé mhí, nó gur faide a DT50 i ndríodar ná sé mhí; agus

(b) Bithchnuasú:

(i) Fianaise a bheith ann gur mó a fhachtóir bitiúchana nó a fhachtóir bithchnuasaithe i speicis uisce ná 5,000 nó, dá uireasa sonraí dá leithéidí, gur mó an loga Ko/w ná 5;

(ii) Fianaise a bheith ann go bhfuil cúiseanna eile imní ann maidir le ceimiceán, amhail ardleibhéal bithchnuasaithe a aimsiú i speicis eile nach spriocspeicis iad, ardleibhéal tocsaineachta nó éiceathocsaineachta; agus

(c) Cumas a bheith ann d'iompar fadraoin comhshaoil:

(i) Leibhéil den tsubstaint ghníomhach á dtomhas i suíomhanna atá i bhfad ón bhfoinse ónar scaoileadh í atá ina gcúis imní;

(ii) Go léiríonn sonraí na monatóireachta go bhféadfaí gur tharla iompar fadraoin comhshaoil i gcás na substainte gníomhaí trí mheáin aeir, uisce nó speiceas imirceach, agus go raibh an cumas iontu aistriú go timpeallacht ghlactha; or

(iii) Go léiríonn airíonna a bhaineann lena bhfuil i ndán di ó thaobh an chomhshaoil agus/nó torthaí samhaltán go bhfuil cumas sa tsubstaint ghníomhach d'iompar fadraoin comhshaoil trí mheán aeir, uisce nó speiceas imirceach, lena bhféadfaí í a aistriú go timpeallacht ghlactha i suíomhanna atá i bhfad ón bhfoinse ónar scaoileadh í. I gcás substainte gníomhaí a dhéanann aistriú suntasach trí mheán an aeir, ba chóir gurbh fhaide ná dhá lá a DT50 in aer.

3.7.2. Ní fhormheasfar substaint ghníomhach ach amháin nuair nach meastar í a bheith ina substaint mharthanach bhithchunasaitheach agus thocsaineach (PBT).

Is substaint PBT í aon substaint a chomhlíonfaidh gach ceann de na trí chritéar thíos.

3.7.2.1. Marthanacht:

Comhlíonfaidh substaint ghníomhach an critéar i leith marthanachta, i gcás:

- inar faide ná 60 lá a leathré in uiscí mara, nó

- inar faide ná 40 lá a leathré i bhfionnuisce nó in uiscí inbhir, nó

- inar faide ná 180 lá a leathré i ndríodar muirí, nó

- inar faide ná 120 lá a leathré i ndríodar fionnuisce nó inbhir, nó

- inar faide a leathré in ithir ná 120 lá.

Bunófar measúnú marthanachta ó thaobh an chomhshaoil ar na sonraí leathré a bheidh ar fáil agus a bhaileofar faoi na coinníollacha cuí, a dtabharfaidh an t-iarratasóir cuntas orthu.

3.7.2.2. Bithchnuasú

Comhlíonfaidh substaint ghníomhach na critéir i leith bithchnuasú i gcás inarb airde an fachtóir bitiúchana (BCF) ná 2000.

Bunófar measúnú bithchnuasaithe ar shonraí a thomhaisfear maidir le bitiúchan i speicis uisce. Féadfar sonraí maidir le speicis fionnuisce agus uisce mara araon a úsáid.

3.7.2.3. Tocsaineacht

Comhlíonfaidh substaint ghníomhach an critéar i leith tocsaineachta, i gcás:

- inar lú an tiúchan fadtréimhseach gan aon éifeacht (NOEC) i gcás orgánach muirí agus fionnuisce ná 0.01 mg/l, nó

- ina n-aicmítear an tsubstaint mar shubstaint charcanaigineach (catagóir 1 nó 2), mar shubstaint shó-ghineach (catagóir 1 nó 2), nó mar shubstaint atá tocsaineach don atáirgeadh (catagóir 1, 2, nó 3), nó

- ina mbíonn fianaise eile ann i leith tocsaineachta ainsealaí, mar a leagtar amach sna haicmiúcháin: T, R48 nó Xn, R48 de bhun Threoir 67/548/CEE.

3.7.3. Ní mheasfar go bhfuil substaint ghníomhach ag comhlíonadh Airteagal 4 má tá sí an-mharthanach an-bhithchnuasaitheach (vPvB).

Is substaint vPvB í aon substaint a chomhlíonann an dá chritéar sna míreanna thíos.

3.7.3.1. Marthanacht:

Comhlíonfaidh substaint ghníomhach an critéar i leith an-mharthanachta, i gcás:

- inar faide ná 60 lá a leathré in uisce mara, i bhfionnuisce nó in uisce inbhir, nó

- inar faide ná 180 lá a leathré i ndríodar uisce mara, dríodar fionnuisce nó dríodar uisce inbhir, nó

- inar faide a leathré in ithir ná 180 lá.

3.7.3.2. Bithchnuasú

Comhlíonfaidh substaint ghníomhach an critéar an-bhithchnuasaitheach i gcás inarb airde an fachtóir bitiúchana ná 5000.

3.8. Éiceathocsaineolaíocht

3.8.1. Ní mheasfar go bhfuil substaint ghníomhach ag comhlíonadh Airteagal 4 ach amháin má léirítear sa mheasúnú riosca go bhfuil na rioscaí inghlactha i gcomhréir leis na critéir atá leagtha síos sna prionsabail aonfhoirmeacha chun táirgí cosanta plandaí dá dtagraítear in Airteagal 35 a mheasúnú agus a údarú faoi choinníollacha réalaíocha úsáide arna mbeartú maidir le húsáid táirge cosanta plandaí ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach. Agus measúnú á dhéanamh, ní mór go gcuirfear san áireamh déine na n-éifeachtaí, neamhchinnteacht na sonraí, agus líon na ngrúpaí d'orgánaigh a mbeidh drochthionchar orthu de bharr na húsáide a bheartaítear don tsubstaint ghníomhach.

3.8.2. Ní mheasfar go bhfuil substaint ghníomhach ag comhlíonadh Airteagal 4, ach amháin má mheastar, ar bhonn measúnaithe ar threoirlínte tástála an Chomhphobail nó ar threoirlínte tástála atá aontaithe go hidirnáisiúnta, nach bhfuil airíonna réabtha inchrínigh aici a d'fhéadfadh a bheith suntasach ó thaobh tocsaineachta d'orgánaigh nach sprioc-orgánaigh, seachas i gcás ar fíorbheag é nochtadh an orgánaigh nach sprioc-orgánaigh don tsubstaint ghníomhach sin i dtáirge cosanta plandaí faoi choinníollacha réalaíocha na húsáide a bheartaítear di.

3.9. Sainmhíniú ar iarmhar

Ní fhormheasfar substaint ghníomhach ach amháin más féidir sainmhíniú ar iarmhar a bhunú, más ábhartha, chun críocha measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus chun críocha forghníomhaithe.

4. Critéir maidir le substaint a fhormheas mar shubstaint a bhféadfaí ionadú a dhéanamh uirthi

Formheasfar substaint ghníomhach mar shubstaint a bhféadfaí ionadú a dhéanamh uirthi de bhun Airteagal 24 má chomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas :

- gur lú go suntasach a ADI, ARfD nó AOEL i gcomparáid le formhór na substaintí gníomhacha atá formheasta;

- go gcomhlíonfaidh sí dhá cheann de na critéir chun í a mheas mar shubstaint mharthanach bhithchunasaitheach thocsaineach (PBT);

- go léireoidh a iompar láiste go bhféadfadh riosca ard bheith i gceist don screamhuisce;

- go mbeidh cúiseanna imní ann maidir le nádúr na n-iarmhairtí criticiúla (amhail iarmhairtí néarthocsaineacha nó imdhíonthocsaineacha) a chruthóidh, in éineacht leis na patrúin úsáide/nochta, coinníollacha úsáide a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis imní, fiú faoi bhearta diansriantacha bainistithe riosca (amhail úsáid chuimsitheach trealaimh phearsanta cosanta nó criosanna maolánacha atá an-fhorleathan);

- go bhfuil cionmhaireacht shuntasach d’isiméirí neamhghníomhacha inti.

IARSCRÍBHINN III

Liosta na gcomhfhoirmleach nach bhfuil inghlactha mar chomhábhair i dtáirgí cosanta plandaí

IARSCRÍBHINN IV

Measúnú comparáideach de bhun Airteagal 48

1. Coinníollacha do mheasúnú comparáideach

Agus meastóireacht á déanamh acu ar iarratas ar údarú chun táirge cosanta plandaí ina bhfuil substaint ghníomhach atá formheasta mar shubstaint a bhféadfaí ionadú a dhéanamh uirthi, déanfaidh Ballstáit measúnú comparáideach.

I gcás ina measfar údarú do tháirge cosanta plandaí a dhiúltú nó a tharraingt siar i bhfabhar táirge cosanta plandaí eile (próiseas dá ngairtear "ionadú" anseo feasta), ní mór go léireofar, i bhfianaise an eolais eolaíoch agus theicniúil, go mbaineann riosca sláinte nó comhshaoil leis an rogha malartach atá níos ísle ar bhealach suntasach. Déanfar measúnú ar an táirge cosanta plandaí malartach le léiriú an féidir nó nach féidir é a úsáid leis an éifeacht chéanna ar an sprioc-orgánach agus gan míbhuntáistí eacnamaíocha nó praiticiúla suntasacha don úsáideoir.

Is iad seo a leanas coinníollacha eile le húdarú a dhiúltú nó a tharraingt siar:

(a) ní dhéanfar ionadú ach amháin inar leor é éagsúlacht cheimiceach na substaintí gníomhacha, nuair is iomchuí, nó modhanna agus cleachtais bainistithe barr agus srianta lotnaidí le friotaíocht sa sprioc-orgánach a íoslaghdú;

(b) ní dhéanfar ionadú ach i gcás substaintí gníomhacha, más rud é, nuair a úsáidtear iad i dtáirgí cosanta plandaí údaraithe, go léiríonn siad riosca i bhfad níos suntasaí do shláinte an duine nó don comhshaol;

(c) ní dhéanfar ionadú gan a chur san áireamh gurbh fhéidir taithí a ghnóthú ó úsáid na substainte, i gcásanna inar gá, mura bhfuil sí ar fáil cheana.

2. Difríocht shuntasach ó thaobh riosca

Is iad na húdaráis inniúla a chinnfidh, de réir gach cáis ar leith, má tá difríocht shuntasach ó thaobh riosca ann, go háirithe maidir le riosca don tsláinte, ag cur éifeachtaí carnacha agus sineirgisteacha aitheanta san áireamh, más rud é go bhfuil na modhanna lena leithéidí d’éifeachtaí a mheas ar fáil. Cuirfear san áireamh airíonna na substainte gníomhaí, agus an seans atá ann go nochtfaí foghrúpaí éagsúla den daonra di (úsáideoirí gairmiúla nó neamhghairmiúla, daoine atá ar an láthair, oibrithe, áitritheoirí, grúpaí leochaileacha ar leith nó tomhaltóirí) go díreach nó go hindíreach, trí bhia, trí bheatha, trí uisce nó tríd an timpeallacht. Ní mór cúinsí eile a chur san áireamh freisin, amhail déine na srianta a leagtar síos maidir le húsáid, agus an trealamh cosanta pearsanta atá forordaithe.

I gcás an chomhshaoil, measfar difríocht shuntasach ó thaobh riosca a bheith ann nuair a bheidh fachtóir 10 ar a laghad ann idir cóimheas na Tiúchana Comhshaoil Réamhthuartha (PEC) agus cóimheas na Tiúchana Réamhthuartha gan aon Éifeacht (PNEC) sna substaintí gníomhacha éagsúla.

3. Míbhuntáistí suntasacha praiticiúla nó eacnamaíocha

Sainmhínítear míbhuntáistí suntasacha praiticiúla nó eacnamaíocha don úsáideoir mar mhórlagú inchainníochtaithe ar chleachtais oibre nó ar ghníomhaíocht gnó a fhágfadh gur dhodhéanta é smacht leordhóthanach a choinneáil ar an sprioc-orgánach. Sampla dá leithéid de mhórlagú is ea gan aon áiseanna teicniúla a bheith ar fáil d'úsáid na substainte/substaintí eile, nó gan iad a bheith ar fáil ar chostas réasúnach.

I gcás ina léireoidh measúnú comparáideach go bhféadfadh míbhuntáiste den sórt sin a bheith mar thoradh ar shrianta nó ar thoirmisc a chuirfí ar úsáid táirge cosanta plandaí, cuirfear é seo san áireamh sa phróiseas cinnteoireachta. Ní mór go gcuirfí bunús leis seo ar fáil.

IARSCRÍBHINN V

Treoracha Aisghairthe agus na leasuithe comhleanúnacha a rinneadh orthu

A. Treoir 91/414/CEE

Ionstraimí lena leasaítear Treoir 91/414/CEE | Spriocdháta don trasuí |

Treoir 93/71/CEE | 3 Lúnasa 1994 |

Treoir 94/37/CE | 31 Iúil 1995 |

Treoir 94/79/CE | 31 Eanáir 1996 |

Treoir 95/35/CE | 30 Meitheamh 1996 |

Treoir 95/36/CE | 30 Aibreán 1996 |

Treoir 96/12/CE | 31 Márta 1997 |

Treoir 96/46/CE | 30 Aibreán 1997 |

Treoir 96/68/CE | 30 Samhain 1997 |

Treoir 97/57/CE | 1 Deireadh Fómhair 1997 |

Treoir 2000/80/CE | 1 Iúil 2002 |

Treoir 2001/21/CE | 1 Iúil 2002 |

Treoir 2001/28/CE | 1 Lúnasa 2001 |

Treoir 2001/36/CE | 1 Bealtaine 2002 |

Treoir 2001/47/CE | 31 Nollaig 2001 |

Treoir 2001/49/CE | 31 Nollaig 2001 |

Treoir 2001/87/CE | 31 Márta 2002 |

Treoir 2001/99/CE | 1 Eanáir 2003 |

Treoir 2001/103/CE | 1 Aibreán 2003 |

Treoir 2002/18/CE | 30 Meitheamh 2003 |

Treoir 2002/37/CE | 31 Lúnasa 2003 |

Treoir 2002/48/CE | 31 Nollaig 2002 |

Treoir 2002/64/CE | 31 Márta 2003 |

Treoir 2002/81/CE | 30 Meitheamh 2003 |

Treoir 2003/5/CE | 30 Aibreán 2004 |

Treoir 2003/23/CE | 31 Nollaig 2003 |

Treoir 2003/31/CE | 30 Meitheamh 2004 |

Treoir 2003/39/CE | 30 Meán Fómhair 2004 |

Treoir 2003/68/CE | 31 Márta 2004 |

Treoir 2003/70/CE | 30 Samhain 2004 |

Treoir 2003/79/CE | 30 Meitheamh 2004 |

Treoir 2003/81/CE | 31 Eanáir 2005 |

Treoir 2003/82/CE | 30 Iúil 2004 |

Treoir 2003/84/CE | 30 Meitheamh 2004 |

Treoir 2003/112/CE | 30 Aibreán 2005 |

Treoir 2003/119/CE | 30 Meán Fómhair 2004 |

Rialachán (CE) Uimh. 806/2003 | - |

Treoir 2004/20/CE | 31 Iúil 2005 |

Treoir 2004/30/CE | 30 Samhain 2004 |

Treoir 2004/58/CE | 31 Lúnasa 2005 |

Treoir 2004/60/CE | 28 Feabhra 2005 |

Treoir 2004/62/CE | 31 Márta 2005 |

Treoir 2004/66/CE | 1 Bealtaine 2004 |

Treoir 2004/71/CE | 31 Márta 2005 |

Treoir 2004/99/CE | 30 Meitheamh 2005 |

Treoir 2005/2/CE | 30 Meán Fómhair 2005 |

Treoir 2005/3/CE | 30 Meán Fómhair 2005 |

Treoir 2005/25/CE | 28 Bealtaine 2006 |

Treoir 2005/34/CE | 30 Samhain 2005 |

Treoir 2005/53/CE | 31 Lúnasa 2006 |

Treoir 2005/54/CE | 31 Lúnasa 2006 |

Treoir 2005/57/CE | 31 Deireadh Fómhair 2006 |

Treoir 2005/58/CE | 31 Bealtaine 2006 |

Treoir 2005/72/CE | 31 Nollaig 2006 |

Treoir 2006/5/CE | 31 Márta 2007 |

Treoir 2006/6/CE | 31 Márta 2007 |

Treoir 2006/10/CE | 30 Meán Fómhair 2006 |

Treoir 2006/16/CE | 31 Eanáir 2007 |

Treoir 2006/19/CE | 30 Meán Fómhair 2006 |

Treoir 2006/39/CE | 31 Iúil 2007 |

B. Treoir 79/117/CEE

Ionstraimí lena leasaítear Treoir 79/117/CEE | Spriocdháta don trasuí |

Treoir 83/131/CEE | 1 Deireadh Fómhair 1984 |

Treoir 85/298/CEE | 1 Eanáir 1986 |

Treoir 86/214/CEE | - |

Treoir 86/355/CEE | 1 Iúil 1987 |

Treoir 87/181/CEE | 1 Eanáir 1988 agus 1 Eanáir 1989 |

Treoir 87/477/CEE | 1 Eanáir 1988 |

Treoir 89/365/CEE | 31 Nollaig 1989 |

Treoir 90/335/CEE | 1 Eanáir 1991 |

Treoir 90/533/CEE | 31 Nollaig 1990 agus 30 Meán Fómhair 1990 |

Treoir 91/118/CEE | 31 Márta 1992 |

Rialachán (CE) Uimh. 807/2003 | - |

Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 | - |

FINANCIAL STATEMENT

1. AINM AN TOGRA:

Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh.

2. CREAT "ABM/ABB" (bainistiú/bunú an bhuiséid de réir gníomhaíochtaí)

Réimse/réimsí beartais lena mbaineann: Sláinte agus Cosaint Tomhaltóirí

Gníomhaíocht/Gníomhaíochtaí: Sláinte plandaí, Sláinte Bia, Sláinte Ainmhithe, Leas Ainmhithe agus Cosaint an Chomhshaoil

3. NA LÍNTE BUISÉID

3.1. Na línte buiséid (línte oibríochtúla agus línte a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (na seanlínte B..A) agus a gceannteidil san áireamh:

17.01.04.01 Bearta sláinte plandaí - caiteachas ar bhainistíocht riaracháin.

3.2. Fad thréimhse an ghnímh agus na hiarmharta airgeadais:

Gan teorainneacha cinnte

3.3. Tréithe buiséadacha ( is féidir sraitheanna breise a chur isteach más gá ):

Líne Buiséid | Saghas caiteachais | Nua | Ranníocaíocht CSTE | Ranníocaíochtaí na dtíortha is iarrthóirí | Ceannteideal sa Pheirspic-tíocht Airgeadais |

17.01.04.01 | Éigeantach | LD | NÍ HEA | NÍL | NÍL | Uimh. [2] |

4. ACHOIMRE AR NA hACMHAINNÍ

4.1. Acmhainní Airgeadais

4.1.1. Achoimre ar na leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ)

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Saghas caiteachais | Uimh. coda | Bliain n | n + 1 | n + 2 | n + 3 | n + 4 | n+5 agus níos déanaí | Iomlán |

Caiteachas oibríochtúil[15] |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí (LO) | 8.1 | a | 0.0 | 0.0 | 0.0 | 0.0 | 0.0 | 0.0 | 0.0 |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) | b | 0.0 | 0.0 | 0.0 | 0.0 | 0.0 | 0.0 | 0.0 |

Caiteachas riaracháin a fholaítear sa mhéid tagartha[16] |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin – (LN) | 8.2.4 | c | 1.0 | 1.0 | 1.0 | 1.0 | 1.0 | 1.0 | 6.0 |

AN MÉID TAGARTHA IOMLÁN |

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí | a+c | 1.0 | 1.0 | 1.0 | 1.0 | 1.0 | 1.0 | 6.0 |

Leithreasaí faoi chomhair íocaíochtaí | b+c | 1.0 | 1.0 | 1.0 | 1.0 | 1.0 | 1.0 | 6.0 |

Caiteachas riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha[17] |

Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (LN) | 8.2.5 | d | 1.348 | 1.348 | 1.348 | 1.348 | 1.348 | 1.348 | 8.088 |

Speansais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus costais ghaolmhara, nach n-áirítear sa mhéid tagartha (LN) | 8.2.6 | e | 0.85 | 0.85 | 0.85 | 0.85 | 0.85 | 0.85 | 5.10 |

Costas táscach airgeadais iomlán na hidirghabhála

LO IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | a+c+d+e | 3.198 | 3.198 | 3.198 | 3.198 | 3.198 | 3.198 | 19.188 |

LÍ IOMLÁN agus costas na n-acmhainní daonna san áireamh | b+c+d+e | 3.198 | 3.198 | 3.198 | 3.198 | 3.198 | 3.198 | 19.188 |

Sonraí an Chómhaoinithe

Má tá cómhaoiniú ó na Ballstáit nó ó chomhlachtaí eile (sonraigh cé hiad) i gceist sa togra, ba cheart meastachán a thabhairt ar an leibhéal cómhaoinithe sa tábla thíos (is féidir línte breise a chur leis má táthar ag súil go mbeidh comhlachtaí éagsúla páirteach sa chómhaoiniú):

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Comhlacht cómhaoinithe | Bliain n | n + 1 | n + 2 | n + 3 | n + 4 | n+5 agus níos déanaí | Iomlán |

…………………… | f |

LO IOMLÁN lena n-áirítear cómhaoiniú | a+c+d+e+f |

4.1.2. Comhoiriúnacht leis an gClárú Airgeadais

( Tá an togra comhoiriúnach leis an gclárú airgeadais atá ann cheana.

( Beidh athchlárú an teidil ábhartha ag gabháil leis an togra seo sa pheirspictíocht airgeadais.

( Féadfaidh an togra a cheangal go mbeidh gá forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh[18] a chur chun feidhme (i.e. ionstraim sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais).

4.1.3. Iarmhairt Airgeadais ar Ioncam

( Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam

( Tá iarmhairt airgeadais ag an togra seo – is é seo a leanas an éifeacht ar ioncam:

NB: Ba cheart na sonraí agus na barúlacha a bhaineann leis an modh ina ríomhtar an éifeacht ar ioncam a thaispeáint in iarscríbhinn ar leith.

EUR milliún (go dtí an 1ú deachúil)

Roimh gníomh [Bliain n] | Staid tar éis an ghnímh |

Líon iomlán na n-acmhainní daonna | 13 | 13 | 13 | 13 | 13 | 13 |

5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ

Ní foláir sonraí maidir le comhthéacs an togra a chur isteach leis an Meabhrán Míniúcháin. Ba cheart go bhfolódh an chuid seo den Ráiteas Airgeadais Reachtach an fhaisnéis chomhlántach shonrach seo a leanas:

5.1. An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma

Chun a áirithiú go mbeidh na bearta cur chun feidhme a ghlacfar faoi chuimsiú an Rialacháin atá beartaithe comhréireach, beidh gá leis na hionstraimí seo a leanas:

Tá an Reachtaíocht maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh comhchuibhithe laistigh den AE. Is ar leibhéal an AE a ghlactar cinntí maidir le substaintí gníomhacha; is iad na Ballstáit a ghlacann cinntí maidir le táirgí cosanta plandaí (táirgí a úsáideann feirmeoirí), bunaithe ar chritéir aonfhoirmeacha agus ar cheanglais sonraí.

Faoi láthair tá thart ar 500 substaint ghníomhach faoi scrúdú le haghaidh formheasa ag leibhéal an AE (luaite i liosta de shubstaintí dearfacha). Ní mór bainistiú a dhéanamh ar liosta dá leithéid ar bhonn leanúnach. Foráiltear sa togra d’aitheantas frithpháirteach oibleagáideach criosanna, rud is gá a chomhordú. Ní foláir bearta rialaithe neartaithe a mheas ar bhonn leanúnach.

Déantar foráil faoi chuimsiú an Rialacháin atá beartaithe do na hionstraimí seo a leanas.

(a) córas comhchuibhithe a fhorbairt, lena n-áirítear bunachar sonraí iomchuí, chun an fhaisnéis uile a bhaineann le substaintí gníomhacha, teorantóirí, sineirgígh, comhfhoirmligh, táirgí cosanta plandaí agus aidiúvaigh a bhailiú agus a stóráil, agus chun an fhaisnéis sin a chur ar fáil do na húdaráis inniúla, do tháirgeoirí agus do pháirtithe leasmhara eile;

(b) na staidéir is gá a dhéanamh chun reachtaíocht bhreise a ullmhú agus a fhorbairt maidir le táirgí cosanta plandaí agus aidiúvaigh a chur ar an margadh agus a úsáid;

(c) na staidéir is gá a dhéanamh chun nósanna imeachta, critéir chinnteoireachta agus ceanglais sonraí a chomhchuibhiú;

(d) comhordú a dhéanamh, trí mhodh leictreonach más gá, ar an gcomhar idir na Ballstáit, an tÚdarás agus an Coimisiún, agus bearta chun comhroinnt oibre a éascú;

(e) forbairt agus cothabháil a dhéanamh ar chóras comhordaithe leictreonach tíolactha agus meastóireachta a mbeidh sé d’aidhm aige malartú leictreonach doiciméad agus comhroinnt oibre idir na hiarratasóirí, na Ballstáit, an tÚdarás agus an Coimisiún a chur chun cinn;

(f) treoir a fhorbairt le cur chun feidhme an Rialacháin seo a éascú ó lá go lá;

(g) bearta chun cur i bhfeidhm na mbeart rialaithe a áirithiú, amhail oiliúint na foirne rialaithe, costais taistil agus mhaireachtála a thabhaíonn saineolaithe na mBallstát toisc go n-ainmníonn an Coimisiún iad chun cúnamh a thabhairt dá shaineolaithe faoi chuimsiú gníomhaíochtaí rialaithe

5.2. An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhchuibheas an togra le hionstraimí airgeadais eile agus le sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Beidh an fhaisnéis agus na sonraí a bhailítear ina gcabhair lena áirithiú:

- go gcosnófar plandaí go héifeachtúil

- go gcosnófar sláinte an duine (tomhaltóirí, úsáideoirí táirgí cosanta plandaí) agus an chomhshaoil

- go mbeidh comhshaol dlí atá comhchuibhithe agus intuartha ann do thionscal

5.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus táscairí bainteacha an togra i gcomhthéacs an chreata ABM (bainistiú na ngníomhaíochtaí)

A chinntiú nach mbeidh rioscaí do-ghlactha don úsáideoir, don tomhaltóir nó don chomhshaol i gceist le húsáid táirgí cosanta plandaí agus, ag an am céanna, nach gcuirfear ualach neamhriachtanach ar an tionscal trína áirithiú go mbeidh an margadh inmheánach ag feidhmiú go cuí i dtaca le táirgí cosanta plandaí.

5.4. Modhanna don Chur i gCrích (táscach)

Sonraigh thíos an modh/na modhanna[20] atá roghnaithe chun an gníomh a chur i gcrích.

X Bainistiú láraithe

X Ag an gCoimisiún go díreach

ٱ Go hindíreach trína tharmligean chuig:

ٱ Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

ٱ Comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail dá dtagraítear in Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais

ٱ Comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu

ٱ Bainistiú comhpháirteach nó díláraithe

ٱ Leis na Ballstáit

ٱ Le Tríú tíortha

ٱ Comhbhainistiú le heagraíochtaí idirnáisiúnta (sonraigh le do thoil)

6. MONATÓIREACHT AGUS MEASTÓIREACHT

6.1. Córas Monatóireachta

Líon na substaintí gníomhacha formheasta, líon na dtáirgí cosanta plandaí atá údaraithe i mBallstáit den chrios céanna agus cur chun feidhme na reachtaíochta ag na Ballstáit.

Meastóireacht

6.1.1. Meastóireacht ex-ante

Is leasú an beart atá beartaithe ar Threoir atá ann cheana féin. Chuaigh na páirtithe leasmhara i mbun dianchomhairliúcháin. Cuimsítear sa mheasúnú iarmharta na príomhphointí a sonraíodh le linn an chomhairliúcháin mar phointí arbh fhiú iad a chíoradh go mion. D’fhonn an córas reatha a fheabhsú cuimsítear pointí eile a chinntíonn comhchuibheas le beartais eile de chuid an AE nó a chinntíonn go mbeidh na beartais atá ann ar an gcaighdeán is airde.

6.1.2. Bearta arna nglacadh tar éis meastóireachta idirmheánaí/ex-post (ceachtanna a foghlaimíodh ón taithí a fuarthas roimhe seo)

6.1.3. Téarmaí agus minicíocht meastóireachta sa todhchaí

Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar bhonn leanúnach chun monatóireacht a dhéanamh ar an ngá le bearta cur chun feidhme a bheartú.

Ar na táscairí tá tréimhse an nós imeachta meastóireachta, infhaighteacht táirgí cosanta plandaí i gcriosanna éagsúla agus infhaighteacht táirgí cosanta plandaí a mbaineann riosca íseal leo. Tá foráil déanta sa Rialachán seo do nós imeachta lena gceadaítear bearta cur chun feidhme a ghlacadh.

Ina theannta sin, measfar éifeachtacht, éifeachtúlacht agus ábharthacht an bhirt i gcomhréir le tráthchlár, rud a cheadóidh go mbeifear in ann torthaí na meastóireachta a úsáid ar mhaithe le cinnteoireacht maidir le modhnú nó athnuachan an Rialacháin.

7. BEARTA FRITH-CHALAOISE

Caighdeáin rialaithe inmheánacha Uimh. 14, 15, 16, 18, 19, 20, 21 a chur i bhfeidhm go hiomlán.

Áiritheoidh an Coimisiún go gcosnófar leasanna airgeadais an Chomhphobail, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí atá maoinithe faoin gclár atá ann faoi láthair chun feidhme, trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne calaoise, éillithe, agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhlíthiúla eile, trí sheiceálacha éifeachtúla a dhéanamh agus trí shuimeanna a íocadh go míchuí a fháil ar ais, agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, trí phionóis éifeachtúla chomhréireacha agus athchomhairleacha, i gcomhréir le Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 agus (CE, Euratom) Uimh. 2185/96 ón gComhairle, agus le Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

8. SONRAÍ NA nACMHAINNÍ

8.1. Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostais airgeadais

Leithreasaí faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 |

Oifigigh nó foireann shealadach[21] (17 01 01) | A*/AD | 7 reatha 2 nua | 7 reatha 2 nua | 7 reatha 2 nua | 7 reatha 2 nua | 7 reatha 2 nua | 7 reatha 2 nua |

B*, C*/AST | 4 | 4 | 4 | 4 | 4 | 4 |

Foireann arna maoiniú[22] ag Airteagal XX 01 02 |

Foireann eile[23] arna maoiniú ag Airteagal XX 01 04/05 |

IOMLÁN | 13 | 13 | 13 | 13 | 13 | 13 |

8.2.2. Cur síos ar na cúraimí a thagann as an ngníomh

Tuarascálacha teicniúla ó Thionscal, ó Bhallstáit, ón Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia a scrúdú agus cinntí maidir le substaintí a ullmhú

Rialú a dhéanamh ar an tslí ina gcuirfidh na Ballstáit na bearta arna bhforáil leis an Rialachán chun feidhme

Reachtaíocht a ullmhú chun ceanglais sonraí, critéir, bearta rialaithe a chomhchuibhiú

Tuarascálacha teicniúla agus tuarascálacha airgeadais a scrúdú, oibleagáidí a ullmhú agus a chur ar aghaidh le haghaidh íocaíochta

8.2.3. Foinsí na n-acmhainní daonna (reachtúla)

(Nuair a shonraítear níos mó ná foinse amháin, sonraigh an líon post a thagann as gach foinse)

( Poist leithdháilte faoi láthair ar bhainistíocht an chláir agus a bheidh le hathrú nó le síneadh.

( Poist leithdháilte laistigh de chleachtadh APS/PDB do bhliain n

X Poist a iarrfar sa chéad nós imeachta APS/PDB eile

( Poist a athimscarfar ag baint úsáide as na hacmhainní atá ann cheana laistigh den tseirbhís (athimscaradh inmheánach)

( Poist is gá do bhliain n cé nach raibh siad á dtuar i gcleachtadh APS/PDB na bliana a bhí i gceist

8.2.4. Caiteachas eile riaracháin a fholaítear sa mhéid tagartha (XX 01 04/05 – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin)

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Líne Buiséid (uimhir agus ceannteideal) | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile |

intra muros |

extra muros Mar atá luaite i bpointe 5.01 bainfidh sé seo le córais chomhchuibhithe a fhorbairt, staidéir a dhéanamh, comhordú, bearta rialaithe etc. | 1.0 | 1.0 | 1.0 | 1.0 | 1.0 | 1.0 | 6.0 |

Cúnamh teicniúil agus riaracháin iomlán | 1.0 | 1.0 | 1.0 | 1.0 | 1.0 | 1.0 | 6.0 |

8.2.5. Costas airgeadais na n-acmhainní daonna agus costais ghaolmhara nach n-áirítear sa mhéid tagartha

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Cineál acmhainní daonna | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí |

Oifigigh agus foireann shealadach (XX 01 01) | 1.188 | 1.188 | 1.188 | 1.188 | 1.188 | 1.188 |

Foireann atá á maoiniú ag Airteagal XX 01 02 (foireann chúnta, END, foireann ar conradh, etc.) (sonraigh an líne sonrach buiséid) | 0.160 | 0.160 | 0.160 | 0.160 | 0.160 | 0.160 |

Costas iomlán na nAcmhainní Daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 1.348 | 1.348 | 1.348 | 1.348 | 1.348 | 1.348 |

Ríomh – Oifigigh agus Gníomhairí sealadacha Ba cheart tagairt a dhéanamh do Phointe 8.2.1. más iomchuí 11 oifigeach x 0.108 |

Ríomh – Foireann arna maoiniú faoi Airteagal XX 01 02 Ba cheart tagairt a dhéanamh do Phointe 8.2.1. más iomchuí 2 END x 0.08 |

8.2.6 Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha

EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil)

Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN |

XX 01 02 11 01 – Misin | 0.20 | 0.20 | 0.20 | 0.20 | 0.20 | 0.20 | 1.2 |

XX 01 02 11 02 – Cruinnithe agus comhdhálacha | 0.50 | 0.50 | 0.50 | 0.50 | 0.50 | 0.50 | 3.0 |

XX 01 02 11 03 – Coistí[25] Buanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe | 0.15 | 0.15 | 0.15 | 0.15 | 0.15 | 0.15 | 0.90 |

XX 01 02 11 04 – Staidéir agus Comhairliúchán |

XX 01 02 11 05 – Córais Faisnéise |

2. Caiteachas bainistíochta iomlán eile (XX 01 02 11) |

3. Caiteachas eile de chineál riaracháin (sonraigh agus cuir isteach tagairt don líne buiséid) |

Iomlán an chaiteachais riaracháin cé is moite d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | 0.85 | 0.85 | 0.85 | 0.85 | 0.85 | 0.85 | 5.10 |

Ríomh – Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha Tá 100 misean ar chostas aonaid €2000 tuartha, lena n-áirítear, go háirithe, na meastóireachtaí a dhéanann an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia a leanúint agus cúnamh a thabhairt chun gníomhaíochtaí na mBallstát a chomhordú. Cruinnithe a eagrú chun na bearta cur chun feidhme is gá a ullmhú agus comhdháil amháin chun mórfhadhbanna prionsabail a phlé. Tá 6 chruinniú den Bhuanchoiste (costas aonaid €25,000) tuartha in aghaidh gach bliana. |

Beidh na riachtanais maidir le hacmhainní daonna agus riaracháin clúdaithe sa leithdháileadh arna dheonú don DG a bheidh i mbun bainistithe faoi chuimsiú an nós imeachta um leithdháileadh bliantúil.

[1] IO L 230, 17.7.1999, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2007/76/CE ón gCoimisiún (IO L 337, 21.12.2007, lch. 100).

[2] COIM(2001) 444

[3] IO L 33, 8.2.1979, lch. 36. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 850/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 158, 30.4.2005, lch. 7, leagan ceartaithe in IO L 229, 29.6.2004, lch. 5).

[4] IO L 31, 1.2.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 575/2006 (IO L 100, 8.4.2006, lch. 3).

[5] IO L 327, 22.12.2000, lch. 1. Treoir arna leasú le Cinneadh (CE) Uimh. 2455/2001/CE (IO L 331, 15.12.2001, lch. 1).

[6] IO L 200, 30.07.1999, lch. 1. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2006/8/CE ón gCoimisiún (IO L 19, 24.1.2006, lch. 12).

[7] IO L 165, 30.4.2004, lch. 1. Leagan ceartaithe in IO L 191, 28.5.2004, lch. 1.

[8] IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.

[9] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23.

[10] IO 196, 16.8.1967, lch. 1.

[11] IO L 106, 17.4.2001, lch. 1.

[12] IO L 50, 20.2.2004, lch. 44.

[13] IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.

[14] IO L 41, 14.2.2003, lch. 26.

[15] Níl aon chaiteachas tuartha.

[16] Caiteachas laistigh d’Airteagal 17 01 04 01.

[17] Caiteachas laistigh de chaibidil 17 01 01.

[18] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach.

[19] Ba cheart colúin bhreise a chur leis más gá i.e. má théann tréimhse an ghnímh thar 6 bliana.

[20] 57^_nopŽ??‘ e f z † ‡ ˆ Œ ? œ ? •–š›ÃÍñòö÷1267‡

ˆ

Œ

?

þ

ÿ

Má shonraítear níos mó ná modh amháin cuir na sonraí breise sa chuid "Barúlacha ábhartha" den phointe seo.

[21] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha.

[22] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an méid tagartha.

[23] Costas ar áireamh sa mhéid tagartha.

[24] Ba cheart tagairt a dhéanamh don ráiteas airgeadais reachtach sonrach le haghaidh na Gníomhaireachta/na nGníomhaireachtaí Feidhmiúcháin lena mbaineann.

[25] Sonraigh an saghas coiste agus an grúpa a mbaineann sé leis.