GA An Bhruiséil30.1.2008 COIM(2008) 40 leagan deireanach 2008/0028 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le faisnéis bia a sholáthar do thomhaltóirí (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) {SEC(2008) 92} {SEC(2008) 93} {SEC(2008) 94} {SEC(2008) 95} MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN 1. Comhthéacs an togra Forais agus cuspóirí an togra Comhdhlúthaíonn agus nuashonraíonn an dréacht-togra dhá réimse den reachtaíocht lipéadaithe, bia i gcoitinne a lipeadú agus lipéadú cothaithe a chlúdaítear i dTreoracha 2000/13/CE agus 90/496/CEE faoi seach. Leasaíodh an Treoir 2000/13/CE roinnt uaireanta agus is i ngeall ar fhorás an mhargaidh bhia agus ionchas na dtomhaltóirí araon gur gá é a thabhairt suas chun dáta agus a nuachóiriú. Le Treoir 90/496/CE ceanglaítear ar an gCoimisiún tuairisc a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach. Tá athrú tagtha ar nósanna imeachta idirinstitiúideacha agus i gcásanna áirithe ní mór don Choimisiún measúnú iarmharta a chur isteach le tograí in éineacht le haghaidh reachtaíochta nua. Bíonn measúnú iarmharta ag gabháil leis an athbhreithniú reachtaíochta lipéadaithe cothaithe a thugann achoimre ar chur i bhfeidhm na Treorach 90/496/CEE. Dá bhrí sin níor ullmhaíodh tuairisc ar leith maidir le cur i bhfeidhm na Treorach. Comhthéacs ginearálta Lipéadú ginearálta – Ba í an phríomhthoil pholaitiúil a thug spreagadh don chéad ionstraim reachtaíochta "cothrománach" maidir le lipéadú bia (Treoir 79/112/CE) ná rialacha maidir lipéadú bia a sholáthar chun a bheith in ann bianna a chur i gcursaíocht sa Chomhphobal gan srianta. Le himeacht aimsire, tháinig an chosaint a thugtar do chearta tomhaltóirí chun cinn mar chuspóir de chuid an Chomhphobail Eorpaigh. In 2003, d’oibrigh DG SANCO agus geallsealbhóirí as lámha a chéile chun measúnú a dhéanamh ar an reachtaíocht maidir le bia a lipéadú d’fhonn athmheasúnú ar a héifeachtúlacht agus ar a bonn dlíthiúil, agus d’fhonn aithne a chur ar riachtanais agus ar ionchais na dtomhaltóirí ó thaobh faisnéis faoi bhia de sa lá atá inniu ann, agus srianta teicniúla agus lóistíochúla a chur san áireamh. Sna conclúidí, a foilsíodh in 2004, sainaithníodh na nithe a mbeifear ag díriú isteach orthu i dtogra amach anseo. Lipéadú cothaithe - Sa Pháipéar Bán maidir le Straitéis don Eoraip i ndáil le saincheisteanna sláinte a bhaineann le Cothú, Iomarca Meáchain agus Otracht cuireadh béim ar an ngá go mbeadh fáil ag tomhaltóirí ar fhaisnéis shoiléir, chomhréireach agus faisnéisbhunaithe. Is bealach cruthaithe é lipéadú cothaithe faisnéis a thabhairt do thomhaltóirí i bhfoirm tacaíochta chun roghanna bia atá comhfhiosach ó thaobh na sláinte de a dhéanamh. Tá comhaontú forleathan ann faoi láthair go bhféadfaí an éifeachtúlacht a bhíonn ag lipéadú cothaithe a neartú chun cur leis cumas na dtomhaltóirí aiste chothrom bia a roghnú. Tá iarrachtaí déanta ag geallsealbhóirí a bhfuil sé mar sprioc acu go dtaispeánfaí faisnéis chothaithe ar thaobh tosaigh pacaí. Tá scéimeanna éagsúla lipéadaithe ann, rud is féidir bac a chur ar thrádáil. Nósanna imeachta atá ann cheana a bhaineann leis an togra Déanann an togra an reachtaíocht seo a leanas a chumasc agus a leasú: – Treoir 2000/13/CE an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát dá mbaineann le hearraí bia a lipéadú, a chur i láthair agus a fhógairt. Leagtar síos sa Treoir seo na comhcheanglais lipéadaithe is infheidhme ar na bianna ar fad a sheachadtar don tomhaltóir deireanach, agus ar bhianna a sholáthraítear d’oll-lónadóirí. Bunaítear an fhaisnéis shainordaitheach lipéadaithe ann freisin. Tugann an togra prionsabail ghinearálta áirithe isteach maidir le faisnéis faoi bhia a sholáthar agus forbraíonn sé meicníocht rialachais chun forbairtí a chur san áireamh a chuirfeadh ar chumas na dtomhaltóirí roghanna bia eolasacha a dhéanamh. Tá na riachtanais shainordaitheacha chéanna i gceist a bheag nó a mhór agus tugtar seans don Choimisiún ceanglais nua a mholadh le haghaidh saincheisteanna sonracha. – Treoir 90/496/CEE ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 1990 maidir le lipéadú cothaithe ar earraí. Leis an togra tugtar isteach lipéadú sainordaitheach do phríomheilimintí cothaithe sa phríomhréimse radhairc. De bhreis ar Threoir 2000/13/CE agus Treoir 90/496/CEE a chumasc, athmhunláitear na téacsanna seo a leanas sa téacs: – Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún an 15 Aibreán 1987 maidir leis an neart alcólach de réir toirte a thaispeáint ar lipéadú deochanna alcólacha atá ar díol don tomhaltóir deireanach – Treoir 94/54/CE ón gCoimisiún an 18 Samhain 1994 a bhaineann le sonraí earraí bia a thaispeáint go héigeantach ar an lipéadú seachas na sonraí dá bhforáiltear i dTreoir 79/112/CEE ón gComhairle – Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún an 8 Márta 1999 lena ndéantar foráil do mhaoluithe ó fhorálacha Airteagail 7 de Threoir 79/112/CEE ón gComhairle maidir le lipéadú earraí bia – Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún an 18 Iúil 2002 maidir le lipéadú earraí bia ina bhfuil cuinín, nó le lipéadú earraí bia ina bhfuil caiféin – Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún an 31 Márta 2004 maidir le lipéadú bianna agus comhábhair bia ina bhfuil fíteastaróil, eistir fíteastaróil, fíteastanóil agus/nó eistir fíteastanóil – Treoir 2004/77/CE an 29 Aibreán 2004 ag leasú Threoir 94/54/CE maidir le lipéadú bianna áirithe ina bhfuil aigéad gliociorhiosamic agus a shalann amóiniam. Comhsheasmhacht le beartais agus le cuspóirí eile an Aontais Tá an togra i gcomhréir le Beartas an Choimisiúin um Rialáil Níos Fearr, leis an Straitéis Liospóin agus le Straitéis an AE faoi Fhorbairt Inbhuanaithe. Leagtar an bhéim ar shimpliú an phróisis rialúcháin, rud a laghdóidh an t-ualach riaracháin agus a fheabhsóidh cumas iomaíochta thionscal bia na hEorpa, a chinnteoidh an tsábháilteacht bia ag an am céanna, a chothabhálfaidh ard-leibhéal cosanta don tsláinte phoiblí agus a thabharfaidh aird ar ghnéithe domhanda. 2. Comhairliúcháin le páirtithe leasmhara agus measúnú iarmharta Comhairliúcháin le páirtithe leasmhara Modhanna comhairliúcháin, na príomhearnálacha ar díríodh orthu agus cuntas gairid ginearálta ar na freagróirí Chuathas i gcomhairle go forleathan leis na páirtithe leasmhara ar fad d'fhonn a gcuid tuairimí a fháil maidir le forálacha agus le cur i bhfeidhm na reachtaíochta agus na hathruithe nach mór a dhéanamh. Freagróirí ó eagraíochtaí rialtasacha agus neamhrialtasacha, ó thionscal agus daoine aonair a bhí i gceist. Bhí cuid áirithe den chomhairliúchán dírithe go sonrach ar Bhallstáit, ar thionscal nó ar thomhaltóirí. Achoimre ar na freagraí agus conas ar cuireadh san áireamh iad Éilíonn na tomhaltóirí breis faiséise agus faisnéis "níos fearr" ar na lipéid agus tá spéis acu i bhfaisnéis atá soiléir simplí uileghabhálach caighdeánaithe údarásach. Tá an tionscal den tuairim go bhfuil an iomarca ceanglas lipéadaithe ann a bhaineann le rialacha mionsonraithe teicniúla a chur chun feidhme. Cuireann an méid téacsanna agus scaipeadh na dtéacsanna seo isteach ar shoiléire agus ar chomhchuibheas na rialacha. Is ábhar imní do lucht an tionscail an costas a bhainfaidh le hathruithe. Is mian leis na Ballstáit riachtanais na dtomhaltóirí agus riachtanais an tionscail a chothromú, agus aon saincheisteanna a bhaineann go sonrach lena dtírsean a chur san áireamh. Is iad seo a leanas na gnéithe sonracha ar cuireadh béim orthu le linn an chomhairliúcháin ar lípéadú ginearálta: – bíonn deacrachtaí ag tomhaltóirí lipéid a léamh agus a thuiscint; – tá roinnt bianna ann nach dtaispeánann aon fhaisnéis faoi ailléirgí; – bíonn fadhbanna leis an lipéadú de réir ionaid tionscnaimh; – tá neamhchinnteacht sa dlí maidir le comhábhar deochanna alcólacha a liostú. I gcás lipéadaithe cothaithe creidtear go soláthraítear faisnéis thábhachtach don tomhaltóir trí fhaisnéis chothaithe a chur ar fáil. Tá na geallsealbhóirí míshásta leis an reachtaíocht ach tá réiteacha difriúla acu ar conas feabhas a chur ar an scéal. – I gcás roinnt tomhaltóirí tá achoimre uileghabhálach ar na hábhair cothaitheacha riachtanach nó inmhianta, ach níl ach cuid bheag de na sonraí seo ag teastáil ó thomhaltóirí eile. Tá lipéadú sainordaitheach cothaithe atá éasca le tuiscint ag teastáil ó thomhaltóirí agus ó eagraíochtaí neamhrialtasacha sláinte phoiblí. – Tá imní ar lucht an tionscail faoin gcuma fhorordaitheach atá ar an reachtaíocht agus a hiarmhairt ar dhearadh an phacáistithe. Tá cur chuige deonach níos solúbtha ag teastáil uathu. – Is eol do na Ballstáit gur gá baic ar an margadh inmheánach a laghdú agus cabhróidh cur chuige comhchuibhithe chuige seo. Tá níos mó brú ag teacht i gcónaí ó roinnt earnálacha difriúla áfach ag lorg níos mó solúbthachta ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe nuair a bhíonn córais lipéadaithe cothaithe nuálacha á úsáid. Cuireadh comhairliúchán oscailte ar siúl ar an idirlíon ó 13 Márta 2006 go dtí 16 Meitheamh 2006. Fuair an Coimisiún 175 freagra. Tá na torthaí ar fáil ar http://ec.europa.eu/food/food/labellingnutrition/betterregulation/index_en.htm. Saineolas a bhailiú agus a úsáid Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach. Measúnú iarmharta Rinneadh modhanna bunúsacha cur chuige áirithe malartacha a mheas: Gan idirghabháil – dhéanfadh sé seo an cor reatha a choinneáil, cor ina bhfuil reachtaíocht scaipthe a bhfuil na hiarmhairtí diúltacha seo a leanas aige: – slí ilroinnte agus rialacha ilroinnte éiginnte, rud a dhéanfadh dochar don chur chun feidhme éifeachtúil; – ualaí nach bhfuil call leo ar an earnáil bia i ngeall ar ceanglais as dáta, iomarcacha nó míshoiléire; – úsáid neamhréireach lipéad ag tomhaltóirí; – neamhéifeachtúlacht an lipéadaithe mar uirlis chumarsáide; – cliseadh ar an reachtaíocht oiriúnú a dhéanamh do na margaí agus d'éilimh dhlisteanacha tomhaltóirí atá i mbun síorathraithe. Rinneadh idirghabháil a mheas i gcás dírialála, reachtaíochta náisiúnta, cur chuige neamhreachtúil nó i gcás reachtaíocht an Chomhphobail a athrú chun dáta. Dírialáil - Is éard a bheadh i gceist le cur chuige dírialála bunuirlisí beartais do rialacha maidir le lipéadú cothrománach bia a chealú, rud a bheadh iarmhairt dhíreach aige ar na rialacha maidir le lipéadú ceartingearach. Cé go gcuirfeadh na monaróirí bia na rialacha reatha i bhfeidhm go ceann tréimhse gairide eile, de réir a chéile gheobhaidís réidh le haon fhaisnéis a mheastar gur ualach é. Dhéanfadh rialacha neamh-chomhchuibhithe dochar don mhargadh inmheánach, bheadh faisnéis uireasach mar thoradh orthu agus laghdódh siad an leibhéal cosanta do thomhaltóirí. Tá fiúntas na rialacha reatha ríshoileir: cinntíonn siad saorchúrsaíocht earraí agus cosaint tomhaltóirí. Ní ghlacfadh formhór na mBallstát ná na dtomhaltóirí le scriosadh na rialacha sin ós rud é go bhfuil siad dulta i dtaithí ar na riachtanais reatha agus shílfeá gur thréigean acquis fiúntaigh a bheadh ann dá n-athrófaí iad. Dá bhrí sin, ní mheastar gur cur chuige inmharthana é dírialáil. Reachtaíocht náisiúnta – Is é an toradh a bheadh ar aisghairm na rialacha comhchuibhithe go gcruthófaí rialacha náisiúnta a mbeadh na hiarmhairtí seo a leanas acu: – cuirfeadh rialacha náisiúnta difriúla bac ar an margadh inmheánach; – chuirfí iomaíocht chothrom as a riocht; – bheadh ualach breise riaracháin ar an tionscal; – cur chuige neamhréireach maidir le hábhar agus le hinfhaighteacht faisnéise, a chuirfeadh mearbhall ar thomhaltóirí; – leibhéal difriúil cosanta do shaoránaigh an AE. Cur chuige malartach neamhreachtúil (féinrialúchán, comhrialúchán, treoir) - I ngeall ar na gnéithe éagsúla a bhaineann le faisnéis do thomhaltóirí agus ar an gclaonadh atá ann i dtreo "cultúr nua reachtaíochta" a fhorbairt is gá measúnú a dhéanamh ar chur chuige a d’fhéadfadh solúbthacht agus sainordú agus gníomh ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an AE a chothromú. D'fhéadfadh sé go mbeadh rialú il-leibhéil ón mbonn aníos (áitiúil/náisiúnta/comhphobail) a bheadh bunaithe ar thiomántas do dea-chleachtas foirmiúil intomhaiste ina rogha malartach inmharthana. Ní bheadh aon bhreisluach ag baint le cur chuige dá leithéid a chur i bhfeidhm do na sainriachtanais chomhchuibhithe de bhrí go gcuirfeadh sé an tuiscint atá ag na geallsealbhóirí as riocht gan chall, agus d’fhéadfadh sé go measfaí gur dírialáil atá i gceist. D’fhéadfaí torthaí tairbhiúla a bhaint amach áfach don thionscal agus do thomhaltóirí, ó thaobh saincheisteanna beartais nua de, nuair a chuirfear cur chuige níos ilchasta agus níos inbhuanaithe i gcrích maidir le faisnéis do thomhaltóirí, faisnéis atá bunaithe ar dhea-chleachtais agus ar idirphlé leanúnach leis na geallsealbhóirí. Rinneadh scrúdú sa mheasúnú iarmharta ar na hiarmhairtí a bhainfeadh le príomhroghanna an athbhreithnithe ar fhorálacha ginearálta lipéadaithe agus cothaithe, eadhon gan gníomh ar bith a dhéanamh, cur chuige deonach nó ceanglais shaintreoracha Chomhphobail . Rinne an Coimisiún measúnú iarmharta atá liostaithe sa Chlár Oibre, agus is féidir teacht ar an tuarascáil sin ar láithreán gréasáin an Choimisiúin. Rinne an Coimisiún tuarascálacha measúnaithe iarmharta le haghaidh athbhreithnithe Threoir 2000/13/CE agus Threoir 90/496/CEE a thíolactar maille leis an togra seo mar Pháipéir Oibre Fhoireann an Choimisiúin. Tugadh le fios sa mheasúnú iarmharta gur féidir an tionchar ar mhonaróirí a laghdú ach idirthréimhsí a chur ar fáil a fhágfadh go bhféadfaí na hathruithe maidir le lipéadú a dhéanamh le linn an ghnáth-thimthrialla atá i bhfeidhm i gcuideachtaí chun athrú a dhéanamh ar lipéid. 3. eilimintí dlíthiúla an togra Achoimre ar an ngníomh atá beartaithe Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh maidir le faisnéis faoi bhia a sholáthar do thomhaltóirí. Déanann an togra an lipéadú bia reatha a nuachóiriú, a shimpliú agus a shoiléiriú . Go háirithe: – Na forálacha cothrománacha éagsúla a athmhunlú. Ach na téacsanna sin (treoracha) a chumasc d'fho.nn píosa reachtaíochta amháin (rialachán) a déanamh díobh, úasmhéadfar sineirgíochtaí agus méadófar soiléire agus comhsheasmhacht rialacha an Chomhphobail. Is modh cumhachtach simpliúcháin é seo ar chóir go gcruthódh sé creat rialála ní ba shoiléire níb'fhearr d'oibreoirí eacnamaíocha agus d'údaráis forfheidhmiúcháin. – Go n-áiritheofar nach dtagann na rialacha cothrománacha agus ceartingearacha salach ar a chéile – An fhaisnéis éigeantach arna ceangal ag Airteagal 3(1) de Threoir 2000/13/CE a chuíchóiriú (a athrú chun dáta, a shoiléiriú) – Meicníocht sholúbtha ó bhun aníos (trí scéimeanna náisiúnta) lena gcumasófaí don tionscal bheith nuálaíoch agus lena bhféadfaí gnéithe áirithe de na rialacha maidir le lipéadú a chur in oiriúint do mhargaí éagsúla agus do riachtanais éagsúla tomhaltóirí, dhá ní a bhíonn ag síorathrú. Thairis sin, leagtar síos prionsabail shoiléire lena ndéantar idirdhealú follasach idir faisnéis éigeantach agus faisnéis dheonach. Seo a leanas na príomhathruithe i dtaca le saincheisteanna ginearálta lipéadaithe: – Soiléiriú na bhfreagrachtaí maidir le lipéadú bia i gcás gach oibreoir gnó bia ar leith dá bhfuil ar shlabhra an tsoláthair; – Ionas go bhfeabhsófar inléiteacht na faisnéise a thaispeántar ar an lipéadú, tugtar isteach clómhéid íosta éigeantach i gcás na faisnéise sainordaithí. – Tugtar isteach an ceanglas gur chóir go mbeadh faisnéis faoi chomhábhair ailléirgineacha ar fáil i gcás bia neamh-reamhphacáilte a dhíoltar trí asraonta miondíola agus lónadóireachta. – I bhfianaise thréithe sainiúla na fíona, na mbiotáillí agus na beorach, foráiltear leis an togra do thuarascáil ón gCoimisiún ar chur i bhfeidhm na rialacha reatha maidir le liostáil comhábhar agus maidir le lipéadú sainordaitheach ar na táirgí seo; féadfar bearta sonracha a ghlacadh freisin. – I dtaca le lipéadú tíre tionscnaimh nó lipéadú bunáitíochta, níl aon athrú ar bhuncheanglas na reachtaíochta. Dá bharr sin, tá lipéadú dá leithéid sin deonach, ach más rud é go bhfuil seans go gcuirfear mearbhall ar an tomhaltóir in éagmais faisnéise den sórt sin, beidh an lipéadú éigeantach. Níor chóir go gcuirfeadh an tásc deonach ná an tásc éigeantach i leith thír thionscnaimh an bhia nó i leith bhunáitíocht an bhia, níor chóir go gcuirfeadh sé dallamullóg ar an tomhaltóir nuair a úsáidtear an tásc sin mar uirlis margaíochta agus ba chóir go mbunofaí ar chritéir chomhchuibhithe é. Ba cheart go gcinnfí an tír thionscnaimh i gcomhréir leis na forálacha maidir le hionad tionscnaimh neamhfhabhair i gCód Custaim an Chomhphobail. Dhéanfadh an bhunáitíocht tagairt d'áit ar bith seachas don tír thionscnaimh, arna chinneadh ag Cód Custaim an Chomhphobail. Is tríd an nós imeachta coiste a ghlacfar na rialacha lena gcinnfear an bhunáitíocht. De bhreis air sin, tugtar isteach critéir d'fhonn an tír thionscnaimh nó an bhunáitíocht a dhearbhú i gcás táirgí ilchomhábhar agus i gcás feola, seachas mairteoil agus laofheoil. Bheadh an fheidhm chéanna ag na critéir seo maidir leis an ionad tionscnaimh 'CE' a chur ar lipéad ar bhonn deonach. – Soiléirítear sa togra na coinníollacha faoinar féidir leis na Ballstáit rialacha náisiúnta maidir le lipéadú de réir ionaid tionscnaimh a ghlacadh. Déantar na rialacha a bhaineann le lipéadú cothaithe a athmhúnlú mar aon leis na forálacha cothrománacha maidir le lipéadaithe bia. De réir an togra ní mór lipéadú cothaithe a thaispeáint i bpríomhréimse radhairc an lipéid bhia. Agus an fhaisnéis faoi chothú á cur i láthair féadtar dea-chleachtas a fhorbairt, cuir i gcás, bealaí éagsúla chun an fhaisnéis faoi chothú, ó thaobh na riachtanas laethúil cothaithe ina n-iomláine, a chur i bhfriotal, nó bealaí éagsúla chun eilimintí grafacha a chur i láthair. Seo a leanas príomhghnéithe nua an togra i gcomhair lipéadaithe cothaithe: – Baineann an dearbhú éigeantach le fuinneamh, saill, sáitheáin, carbaihiodráit, go háirithe maidir le siúcraí agus salann arna chur in iúl i méideanna 100g nó i méideanna 100ml nó de réir coda sa phríomhréimse radhairc (aghaidh an phaca); is féidir na cothaithigh siúd dá bhfuil ar liosta sainaitheanta a dhearbhú, más inmhianaithe sin. Agus na heilimintí éigeantacha á roghnú cuireadh san áireamh an méid seo a leanas: taighde ina dtugar le fios go gcuirtear mearbhall ar thomhaltóirí nuair atá an iomarca faisnéise ann; comhairle eolaíoch i ndáil leis an mbaint atá ag na cothaithigh is tábhachtaí le baol otrachta agus le baol galar neamhthógálach; ag an uair chéanna, áfach, ní chuirtear ualach róthrom ar chuideachtaí, ar fhiontair bheaga ná ar fhiontair mheánmhéide; – Maidir le deochanna alcólacha, tugtar maolú i gcás na fíona, na mbiotáillí agus na beorach, agus beidh siad faoi réir tuarascála ón gCoimisiún amach anseo; – Ní mór na heilimeintí éigeantacha a chur i láthair i náil le hiontógáil tagartha freisin, ach is féidir formáidí eile lena dtaispeántar faisnéis a fhorbairt trí scéimeanna deonacha náisiúnta. Chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a eascraíonn as an reachtaíocht sheachránach, leis an togra nua leasófar agus athmhúnlofar na forálacha dá bhfuil ann cheana faoin reachtaíocht chothrománach reatha maidir le lipéadú bia agus glacfaidh sé a n-ionad, agus mar thoradh air aisghairtear an reachtaíocht seo a leanas: Treoracha 2000/13/CE, 90/496/CEE, 87/250/CEE, 94/54/CE, 1999/10/CE, 2002/67/CE, 2004/77/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004. Bunús dlí Airteagal 95 Prionsabal na coimhdeachta Cuirtear prionsabal na coimhdeachta i bhfeidhm sa mhéid nach dtagann an togra faoi inniúlacht an Chomhphobail amháin. Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an togra a bhaint amach i gceart de bharr na cúise/na gcúiseanna seo a leanas. I ngeall ar lipéadú bia cosnaítear tomhaltóirí agus bíonn siad eolach agus cinntí á ndéanamh acu. Meastar go mbeadh torthaí níos fearr ag baint le gníomh ar leibhéal AE in ionad sraith gníomh aonair sna Ballstáit i ngeall ar an méid seo a leanas: (i) d'fhéadfaí an t-ualach riaracháin ar chuideachtaí bia atá ag feidhmiú go trasnáisiúnta nó ar fud an Chomhphobail a shimpliú trí chur chuige comhchuibhithe, agus (ii) nuair a ghníomhaítear go comhréireach déantar deimhin de go mbaintear amach íoschaighdeáin ar fud an Chomhphobail, rud a laghdaíonn éagothroime do shaoránaigh an AE. Le ceanglais dhifriúla lipéadaithe d'fhéadfaí dochar a dhéanamh do na deiseanna dá bhfuil ann sa mhargadh aonair faoi láthair don bhiashlabhra, rud a chuirfeadh isteach go mór ar thrádáil i ngeall ar an leibhéal ard trádála laistigh den Chomhphobal, leoga in 2003 breis is 75% den trádáil iomlán a bhí sa trádáil seo a raibh sreafa thart ar € 120 billiún ag baint léi. Léiríonn suirbhé amháin a rinneadh ar thionscal an bhia go ndéanann 65% de chuideachtaí a dtáirgí a onnmhairiú go Ballstáit eile agus b’fhearr le breis is 60% de na daoine a ghlac páirt sa suirbhé go ndéanfaí lipéadú ginearálta bia a chomhchuibhiú trí reachtaíocht Eorpach. Croílár an ghnímh Chomhphobail is ea coinníollacha a leagan amach maidir le lipéadú bia laistigh den AE, rud nach féidir leis na Ballstáit amháin tabhairt faoi ar bhealach iomchuí má tá an cómhargadh inmheánach le feidhmiú go rianúil. Maidir le sonraí an Rialacháin is infheidhme, cuirfidh an tsamhail rialachais d'fhonn scéimeanna náisiúnta a fhorbairt bealach níos rannpháirtí agus níos solúbtha ar fáil chun an Rialachán a cheapadh agus a chur i bhfeidhm. Éireoidh níos fearr le gníomh an Chomhphobail cuspóirí an togra a bhaint amach ar an cúis/na cúiseanna seo a leanas. Is léir ón taithí a fuarthas go nuige seo nach féidir leis na Ballstáit cómhargadh comhchuibhithe a bhaint amach i gceart ach is féidir leis an AE torthaí níos fearr agus níos éifeachtúla a bhaint amach maidir le faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí. Foráiltear sa togra nua deis meicníochta idirghabhála nach bhfuil chomh sriantach chéanna a thabhairt isteach ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an AE. Úsáidtear inniúlacht an Chomhphobail ag tabhairt airde iomláine ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta agus ag glacadh leis, maidir le gnéithe áirithe, gur féidir na cuspóirí a bhaint amach ar bhealach eile seachas lipéid aonfhoirmeacha a úsáid ar fud an AE. Ar an taobh eile, d'fhágfadh sé nach bhféadfaí athrú go mear chun déileail le riachtanais agus le dálaí na rialacha is infheidhme a bhíonn ag athrú. Déantar foráil do chomhchuibhiú bianna réamhphacáilte a d’fhéadfaía thrádáil laistigh den Chomhphobal. Féadfaidh Ballstáit rialacha a thabhairt isteach mura mbeidh na táirgí á dtrádáil laistigh den Chomhphobal, amhail bianna neamh-réamhphacáilte agus bianna a sholáthraíonn oll-lónadóirí. Dá bhrí sin, comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta. Prionsabal na comhréireachta Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ar an cúis/na cúiseanna seo a leanas. Comhchuibhíonn an togra seo creat rialúcháin i gcás na bhforálacha cothrománacha maidir le lipéadú bia agus dá bhrí sin feabhsaítear cosaint trí deimhin a dhéanamh de go soláthraítear an fhaisnéis iomchuí do thomhaltóirí chun cur ar a gcumas roghanna eolasacha sábháilte sláintiúla inbhuanaithe a dhéanamh. Is leor a bhfuil sna bearta dá bhfuil beartaithe chun na cuspóirí a bhaint amach, eadhon deimhin de go mbeidh tomhaltóirí in ann roghanna eolasacha a dhéanamh agus feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Ag an am céanna, ní fhorchuirtear ualach nach bhfuil call leis nó atá róthrom. Gan comhchuibhiú, d’iomadófaí rialacha náisiúnta agus mar thoradh ar seo thiocfadh méadú ar ualach atá ar an tionscail agus bheadh easpa soiléire ann do thomhaltóirí. Íoslaghdaítear an t-ualach airgeadais mar go bhfuil an chuid is mó de na forálacha ann cheana agus tugtar go leor ama do mhonaróirí na ceanglais nua a chur i bhfeidhm mar chuid de na mionathruithe lipéadaithe a dhéanann siad go rialta. Rogha Ionstraimí Na hionstraimí atá beartaithe: rialachán, comhrialúchán. Ní leor modhanna eile ar an gcúis/ar na cúiseanna seo a leanas. Rialacha forordaitheacha atá ann faoi láthair den chuid is mó agus níl mórán solúbthachta ag Ballstáit maidir lena bhfeidhmiú. D’fhéadfadh Treoir cur chuige neamhréireach a chruthú sa Chomhphobal a chruthódh neamhchinnteacht do thomhaltóirí agus don tionscal. Soláthraíonn Rialachán cur chuige comhréireach a bheadh an tionscal in ann a leanúint agus laghdaíonn sé an t-ualach riaracháin mar nach ar an tionscal eolas a chur ar na Rialacháin dhifriúla sna Ballstáit. D’fhéadfadh treoirlínte, cur chuige féinrialaithe nó cur chuige deonach neamhréireacht a chruthú agus d’fhéadfaí an méid faisnéise a sholáthraítear do thomhaltóirí a laghdú, agus ní ghlacfaí leis seo. Measadh go raibh cur chuige ní ba sholúbtha ag teastáil i gcás gnéithe áirithe na reachtaíochta agus sna cásannna sin forbraítear cineál rialachais malartach sa dréacht-togra atá bunaithe ar dhlí bog agus ar ghealltanais dheonacha. 4. impleacht bhuiséadach Impleacht ar bith. 5. faisnéis bHreise Insamhladh, treoirchéim agus idirthréimhse Beidh idirthréimhse ann i gcomhair an togra. Simpliú Forálann an togra do shimpliú reachtaíochta. Nuair a úsáidtear Rialachán mar ionstraim dhlíthiúil tacaíonn sé seo le Simpliú a bhaint amach mar ráthaíonn sé go mbíonn ar gach gníomhaí na rialacha céanna a leanúint ag an am céanna. Simplítear an creat rialúcháin tríd an Treoir 2000/13/CE agus an Treoir 90/496/CEE maidir le lipéadú cothaithe a chur le chéile. Ina theannta sin, simplítear struchtúr na reachtaíochta 2000/13/CE sa togra, trí na forálacha atá curtha i láthair faoin reachtaíocht lipéadaithe bia cothrománach atá ann cheana a athmhúnlú agus a ionadú. Díreoidh an togra ar shaincheisteanna beartais sonracha áirithe, agus dá bhrí sin, cuirfidh an togra go mór le comhlíonadh níos éasca agus le níos mó soiléire do gheallsealbhóirí. Áirítear an togra i gclár rollta an Choimisiúin maidir leis an acquis communautaire a thabhairt suas chun dáta agus a shimpliú agus i gClár Oibre agus Reachtach an Choimisiúin faoin tagairt 2006/SANCO/001. Aisghairm ar an reachtaíocht atá ann cheana Má ghlactar leis an togra, déanfar reachtaíocht atá ann cheana a aisghairm. Athmhúnlú Cuimsíonn an togra athmhúnlú. Limistéar Eorpach Eacnamaíoch Baineann an gníomh atá beartaithe le hábhar LEE agus dá bhrí sin ba chóir go gcuimseodh sé an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Mionmhíniú ar an togra Soláthraíonn an Rialachán bunús a dhearbhaíonn ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí maidir le bia agus na prionsabail agus na ceanglais ghinearálta á bhunú le haghaidh dlí na faisnéise bia (Caibidlí II agus III). Simplítear an reachtaíocht atá ann faoi láthair i gCaibidil IV (faisnéis shainordaitheach) agus coinneáiltear na sonraí lipéadaithe saonordaitheacha ag an am céanna. Tá sé níos éasca an téacs a léamh agus a leasú trí shainmhínithe agus mionrialacha nó rialacha sonracha a chur san áireamh sna hIarscríbhinní. Soiléirítear na rialacha a bhaineann le sonraí lipéadaithe an ionaid tionscnaimh. Sonraítear in Alt 3 de Chaibidil IV go bhfuil an fhaisnéis faoi chothú maidir leis an luach fuinnimh agus an méid saille, saille sháithithe, siúcraí agus salainn, go bhfuil sé sainordaitheach anois, agus ceanglaítear a thaispeáint i bpríomhréimse radhairc an lipéid. I gCaibidil VII bunaítear córas chun faisnéis bia a rialú ionas go mbeifear spreagtha ar leibhéal na mBallstát próiseas malartaithe faisnéise idirghníomhach inbhuanaithe a bhunú sa chaoi go mbeifí in ann scéimeanna neamhcheangailteacha náisiúnta a fhorbairt é sin á chur i gcrích de réir dea-chleachtais. Ar leibhéal an Chomhphobail cothóidh an Coimisiún agus cuirfidh se chun cinn malartaithe faisnéise faoi ghníomhaíochtaí a bhaineann le forbairt scéimeanna náisiúnta, é sin idir na Ballstáit féin agus idir na Ballstáit agus an Choimsiún. 2008/0028 (COD) Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le faisnéis bia a sholáthar do thomhaltóirí (Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE) TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH, Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de, Ag féachaint don togra ón gCoimisiún [1], Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa [2], Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Alt 251 den Chonradh [3], De bharr an méid seo a leanas: (1) Forálann Airteagal 153 den Chonradh go mbeidh ar an gComhphobal cuidiú ardleibhéal cosanta tomhaltóra a bhaint amach trí na bearta a ghlacann sé de bhun Airteagal 95 den Chonradh. (2) Cuid riachtanach den mhargadh inmheánach is ea saorghluaiseacht bia slán agus folláin rud a chuireann go mór le sláinte agus le leas na saoránach, agus lena leasanna sóisialta agus eacnamaíocha. (3) D’fhonn ardleibhéal cosanta sláinte a bhaint amach do thomhaltóirí agus chun a gceart faisnéise a ráthú, ba chóir deimhin a dhéanamh de go bhfuil teacht ag tomhaltóirí ar an bhfaisnéis iomchuí maidir leis an mbia a itheann siad. Bíonn tionchar ar na roghanna a dhéanann tomhaltóirí ag cúrsaí sláinte, eacnamaíocha, comhshaoil, sóisialta agus eiticiúla, gan ach iad a lua. (4) I Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 ag leagan síos prionsabal agus ceanglas ginearálta an dlí faoi bhia, ag bunú an Údaráis Eorpach um Shábháilteacht Bia agus ag leagan síos nósanna imeachta i dtaca le sábháilteacht bia [4], foráiltear gur prionsabal ginearálta de chuid an dlí faoi bhia is ea bunús a sholáthar do thomhaltóirí chun go mbeidh siad in ann roghanna eolasacha a dhéanamh maidir leis an mbia a itheann siad agus cosc a chur ar aon chleachtas a d’fhéadfadh an tomhaltóir a chur amú. (5) Clúdaíonn Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha gnó i dtaca le tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach [5] gnéithe áirithe a bhaineann le faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí chun cosc a chur ar ghníomhaíochtaí míthreoracha agus faisnéis a fgágail amach. Ba chóir go gcomhlánfaí na prionsabail ghinearálta maidir le cleachtais tráchtála éagóracha trí rialacha sonracha a bhaineann le faisnéis faoi bhia a sholáthar do thomhaltóirí. (6) Tá gach cineál bia faoi réir rialacha lipéadaithe bia an Chomhphobail a leagtar síos i dTreoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Márta 2000 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le hearraí bia a lipéadú, a chur i láthair agus a fhógairt [6]. Tá an chuid is mó de na forálacha a leagtar síos sa Treoir sin ann ó 1978, agus dá bhrí sin, ba chóir iad a thabhairt suas chun dáta. (7) Leagtar síos i dTreoir 90/496/CEE an 24 Meán Fómhair 1990 ón gComhairle maidir le lipéadú cothaithe le haghaidh earraí bia [7] na rialacha a bhaineann le hábhar agus le cur i láthair na faisnéise cothaithe atá ar fáil ar bhianna réamhphacáilte. Cuirtear faisnéise chothaithe san áireamh go deonach ach amháin nuair a dhéantar dearbhú a bhaineann le cothú faoin mbia . Tá an chuid is mó de na forálacha a leagtar síos sa Treoir sin ann ó 1990, agus dá bhrí sin, ba chóir iad a thabhairt suas chun dáta. (8) Tá roinnt forálacha ann is infheidhme ar gach cineál bia, in imthosca áirithe, nó ar chatagóirí áirithe bianna a chomhlánaíonn na ceanglais lipéadaithe ghinearálta. Ina theannta sin, tá roinnt rialacha sonracha ann is infheidhme maidir le bianna áirithe (9) Cé go bhfuil bunchuspóirí agus croíghnéithe na reachtaíochta atá ann faoi láthair fós bailí, is gá í seo a athchóiriú chun éifeachta chun deimhin a dhéanamh de comhlíonadh níos éasca agus níos mó soiléire a bhaint amach do thomhaltóirí agus chun í a nuachóiriú d’fhonn forbairtí nua i réimse na faisnéise bia a chur san áireamh. (10) Tá spéis ag an bpobal sa nasc atá ann idir aiste bia agus sláinte agus freisin san aiste bia oiriúnach a roghnaítear chun freastal ar riachtanais an duine aonair. Sa Pháipéar Bán maidir le Straitéis don Eoraip i ndáil le saincheisteanna sláinte a bhaineann le Cothú, Iomarca Meáchain agus Otracht [8] cuireadh béim ar an lipéadú cothaithe mar mhodh tábhachtach chun tomhaltóirí a chur ar an eolas maidir le comhdhéanamh na mbianna agus chun cuidiú leo rogha eolasacha a dhéanamh. I straitéis tomhaltóirí 2007 go 2013 cuirtear béim ar a ríthábhachtaí is atá cumas na dtomhaltóirí roghanna eolasacha a dhéanamh chun críocha na hiomaíochta éifeachtúla agus chun críocha leas na dtomhaltóirí. Chabhrófaí go mór le tomhaltóirí rogha eolasach dá leithéid a dhéanamh dá mbeadh tuiscint acu ar phrionsabail bhunúsacha an chothaithe agus ar an bhfaisnéis iomchuí a bhíonn ar bhianna. (11) D’fhonn feabhas a chur ar chinnteacht dlíthiúil agus d’fhonn forfheidhmiú réasúnach agus comhréireach a áirithiú, is iomchuí Treoir 90/496/CEE agus Treoir 2000/13/CE a aisghairm agus Rialachán amháin a chur ina n-ionad lena n-áiritheofar cinnteacht do thomhaltóirí agus don tionscal agus lena laghdófar an t-ualach riaracháin. (12) Ar mhaithe le soiléireacht, is iomchuí achtanna cothrománacha eile a aisghairm agus a chur san áireamh sa Rialachán seo, eadhon Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún an 15 Aibreán 1987 maidir leis an neart alcólach de réir toirte a thaispeáint ar lipéadú deochanna alcólacha atá ar díol don tomhaltóir deireanach [9], Treoir 94/54/CE ón gCoimisiún an 18 Samhain 1994 maidir le sonraí ar gá iad a thaispeáint ar lipéadú earraí bia áirithe seachas na hearraí bia dá bhforáiltear i dTreoir 79/112/CEE [10] ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún an 8 Márta 1999 lena ndéantar foráil do mhaoluithe ó fhorálacha Airteagail 7 de Threoir 79/112/CEE maidir le lipéadú ábhar bia [11], Treoir 2002/67/CE ón gCoimisiún an 18 Iúil 2002 maidir le lipéadú earraí bia ina bhfuil quinín, nó earraí bianna bhfuil caiféin [12], Treoir (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún an 31 Márta 2004 maidir le lipéadú bianna agus comábhair bia ina bhfuil fíteastaróil, eistir fíteastaróil, fíteastanóil agus/nó eistir fíteastanóil [13] agus Treoir 2004/77/CE ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2004 ag leasú Treoir 94/54/CE maidir le lipéadú bianna áirithe ina bhfuil aigéad gliocoirhiosaimic agus a shalann amóiniam [14]. (13) Ní mór sainmhínithe, prionsabail, ceanglais agus nósanna imeachta coitianta a shocrú chun creat soiléir agus comhbhonn a leagadh amach le haghaidh bearta Comhphobail agus náisiúnta lena rialaítear faisnéis faoi bhia. (14) D’fhonn cur chuige uileghabhálach éabhlóideach a leanúint maidir leis an bhfaisnéis a sholáthraítear do thomhaltóirí a bhaineann leis an mbia a itheann siad, ba chóir sainmhíniú leathan a bhunú do dhlí na faisnéise bia a chlúdódh rialacha de nádúr ginearálta agus sonrach, mar aon le sainmhíniú leathan ar fhaisnéis faoi bhia a chlúdódh an fhaisnéis a sholáthraítear trí mheáin eile seachas an lipéad. (15) Ba cheart go mbeadh feidhm ag rialacha an Chomhphobail le gnóthais amháin, óir cuireann coincheap an "ghnóthais" in iúl go bhfuil leanúnachas gníomhaíochtaí agus leibhéal áirithe eagair ann. An méid a bhíonn ar siúl ag daoine aonair le linn ócáidí carthanais, leithéidí margaí pobail agus cruinnithe, cuir i gcás bia a láimhseáil, a dháileadh agus a dhíol, níl siad faoi réim feidhme an rialacháin seo. (16) Ba chóir go mbeadh an dlí maidir le faisnéis faoi bhia solúbtha go leor chun coimeád suas chun dáta le haon ceanglais faisnéise tomhaltóirí nua agus chun deimhin a dhéanamh de cothromaíocht a bhaint amach idir cosaint an mhargaidh inmheánaigh agus na bealaí difriúla ina dtuigtear cad is tomhaltóir ann sna Ballstáit éagsúla. (17) Ba chóir faisnéis shainordaitheach faoi bhia a sholáthar go háirithe chun go gcuirfí ar chumas na dtomhaltóirí bia a aithint agus é a úsáid mar is iomchuí agus roghanna a dhéanamh atá oiriúnach dá riachtanais aiste bia féin. (18) Ionas go mbeifí in ann an dlí maidir le faisnéis faoi bhia a chur in oiriúint do riachtanais na dtomhaltóirí ó thaobh faisnéise de, riachtanais a bhíonn ag athrú, ba chóir an tsuim atá léirithe ag an gcuid is mó de thomhaltóirí i nochtadh faisnéis áirithe a chur san áireamh agus an gá atá le faiséis shainordaitheach faoi bhia á bhreithniú. (19) Níor chóir ceanglais nua maidir le faisnéise shainordaitheach faoi bhia a bhunú ach amháin nuair is gá leo, i gcomhréir le prionsabail na coimhdeachta, na comhréireachta agus na hinbhuaine. (20) Ba chóir go gcuirfeadh na rialacha maidir le faisnéis faoi bhia cosc ar fhaisnéis a úsáid a chuirfeadh an tomhaltóir amú nó a shannfadh tréithe leigheasacha do bhianna. Chun bheith éifeachtach, ba chóir go gcuirfí an cosc seo i bhfeidhm freisin ar fhógraíocht agus ar chur i láthair bianna. (21) Ionas nach scoiltfear na rialacha a bhaineann le freagracht na n-oibreoirí gnó maidir le faisnéis faoi bhia, is iomchuí freagrachtaí na n-oibreoirí gnó bia sa réimse seo a shoiléiriú. (22) Ba chóir liosta a tharraingt suas den fhaisnéis shainordaitheach ar fad is gá, i bprionsabal, a sholáthar i gcás gach bia atá dírithe ar an tomhaltóir deireanach agus ar oll-lónadóirí. Ba chóir an fhaisnéis ar fad atá ceangailte faoin reachtaíocht atá ann faoi láthair a choinneáil ós rud é go meastar, de ghnáth, gur acquis luachmhar atá ann chun críocha na faisnéise tomhaltóra. (23) D’fhonn athruithe agus forbairtí i réimse na faisnéise bia a chur san áireamh, ba chóir forálacha a dhéanamh ionas go mbeidh sé de chumhacht ag an gCoimisiún liosta na faisnéise sainordaithí a leasú trí shonraí a chur leis an liosta nó trí shonraí a scriosadh ón liosta agus ionas go mbeidh sonraí áirithe ar fáil trí mheáin mhalartacha. Trí chomhairliúchán leis geallsealbhóirí ba chóir go n-éascófaí athruithe tráthúla dea-roghnaithe ar na ceanglais maidir le faisnéis faoi bhia. (24) Nuair a úsáidtear comhábhair nó substaintí áirithe eile chun bianna a tháirgeadh atá fós sa bhia cruthaítear ailléirgí nó éadulaingt i dtomhaltóirí, agus d’fhéadfadh roinnt de na hailléirgí nó éadulaingt seo sláinte na ndaoine atá i gceist a chur i mbaol. Ní miste faisnéis a sholáthar maidir le breiseáin bia, áiseanna próiseála agus substaintí eile a bhfuil iarmhairtí ailéirgeacha acu ionas go gcuirfear ar chumas na dtomhaltóirí a bhfuil ailléirgí nó éadulaingt bia orthu roghanna eolasacha sábhailte a dhéanamh. (25) Ba chóir lipéid bia shoiléire intuigthe a úsáid chun cúnamh a thabhairt do thomhaltóirí a theastaíonn uathu roghanna bia agus aiste bia níos eolasaí a dhéanamh. Léirítear i staidéir gur eilimint tábhachtach í inléiteacht chun an seans is mó a thabhairt d’fhaisnéis lipéadaithe oibriú ar a úsáideoirí agus go gcuireann an cló beag go mór le míshásamh na dtomhaltóirí maidir le lipéid bhia. (26) D’fhonn deimhin a dhéanamh de go soláthraítear faisnéis faoi bhia, ní mór measúnú a dhéanamh ar na bealaí ar fad ina soláthraítear bia do thomhaltóirí, lena n-airítear bia a dhíoltar trí chianchumarsáid. Cé gur léir soiléir gur gá bia a sholáthraítear trí chiandhíol na ceanglais chéanna faisnéise a chomhlíonadh is a chomhlíonann an bia a dhíoltar sna siopaí, ní mór soiléiriú i gcásanna dá leithéidí go mbeadh an fhaisnéis ábhartha shainordaitheach faoi bia ar fáil freisin sula gcuirtear an ceannach i gcrích. (27) Ionas go soláthrófaí do thomhaltóirí faisnéis faoi bhia atá riachtanach chun rogha eolasach a dhéanamh, ba chóir go soláthrófaí faisnéis faoi chomhábhair na ndeochanna alcólacha measctha. (28) Ní miste faisnéis faoi dheochanna alcólacha eile a sholáthar do thomhaltóirí. Tá rialacha sainiúla Chomhphobail ann cheana maidir le lipéadú fíona. I Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 an 17 Bealtaine 1999 maidir le comheagraíocht an mhargaidh fíona [15], tugtar sraith uileghabhálach de chaighdeáin theicniúla lena bhfolaítear gach cleachtas fíoneolaíochta, modh monaríochta agus bealach ina gcuirtear fíona i láthair agus ina gcuirtear lipéid orthu, agus dá bharr seo uile áirithítear go bhfuil gach lúb sa slabhra folaithe agus bhfuil na tomhaltóirí cosanta agus go bhfuil siad eolach go maith. Sa reachtaíocht seo cuirtear síos, go háirithe, ar bhealach cruinn uileghabhálach, ar na substaintí is dóchúla a úsáidfear sa táirgeadh, mar aon leis na coinníollacha faoina n-úsáidfear iad trí liosta dearfach de chleachtais agus de chóireálacha fíoneolaíochta; tá toirmeasc ar aon chleachtas nach bhfuil ar áireamh sa liosta seo. Dá bharr sin, is iomchuí anois fíon a dhíolmhú ón oibleagáid na comhábhair a liostú agus dearbhú cothaithe a chur ar fáil. Maidir le beoracha agus biotáillí arna sainmhíniú in Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh [....] an [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tásca geografach na mbiotáillí a shainmhíniú, a chur i láthair, a lipéadú agus a chosaint, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 [16] ón gComhairle, agus d'fhonn cur chuige comhsheasmhach agus comhchuibheas leis na coinníollacha leagtha síos i gcomhair fíona a áirithiú, beidh coinníollacha den chineál céanna i bhfeidhm. Mar sin féin, cúig bliana tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil, agus molfaidh sé, b'fhéidir, ceanglais shainiúla i gcomhthéacs an Rialacháin seo, más gá sin. (29) Ba chóir go soláthrófaí tásc i leith thír thionscnaimh an bhia nó i leith bhunáitíocht an bhia más rud é, ina éagmais, go gcuirfí tomhaltóirí amú i dtaca le cé acu tír thionscnaimh nó bhunáitíocht cheart an táirge. I gcásanna eile, is faoi na hoibreoirí gnó bia féin atá sé tásc a sholáthar nó gan tásc a sholáthar i leith na tíre tionscnaimh nó i leith na bunáitíochta. I ngach cás, ba chóir go soláthrófaí an tásc i leith na tíre tionscnaimh nó i leith na bunáitíochta ar bhealach nach gcuireann an tomhaltóir amú agus ba chóir go mbunófaí é ar chritéir atá sainithe go soiléir ionas go n-áiritheofar cothromaíocht sa tionscal agus ionas go dtiocfaidh feabhas ar an tuiscint atá ag tomhaltóirí ar an eolas a bhaineann le tír thionscnaimh an bhia nó bunáitíocht an bhia. Níor chóir go mbainfeadh critéir dá leithéidí le tásca a bhaineann le hainm ná le seoladh an oibreora gnó bia. (30) I gcásanna áirithe, b'fhéidir go dteastóidh ó oibreoirí bia gnó tásc a sholáthar a thugann le fios gur sa Chomhphobal Eorpach a tionscnaíodh an bia d'fhonn aird na dtomhaltóirí a tharraingt ar bhuanna an táirge acu agus ar chaighdeáin táirgthe an Aontais Eorpaigh. Ba chóir go gcloífeadh tásca dá leithéidí le critéir chomhchuibhithe freisin. (31) Tá rialacha neamhfhabhracha an Chomhphobail Eorpaigh maidir le ionad tionscnaimh leagtha síos i Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 1992 ag bunú an Chóid Custaim Comhphobail [17] agus a fhorálacha cur chun feidhme i Rialachán (CEE) Uimh. 2454/93 ón gCoimisiún an 2 Iúil 1993 ag leagan síos na forálacha le haghaidh chur chun feidhme Rialacháin (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle ag bunú an Chóid Custaim Comhphobail [18]. Is trí na rialacha seo a chinnteofar tír thionscnaimh bianna agus ós rud é go bhfuil aithne mhaithe ag oibreoirí trádála ar na rialacha seo ba chóir go mbeadh an cur chun feidhme níos simplí. (32) Baineann an dearbhú cothaithe ar bhia le faisnéis maidir le fuinneamh agus le cothaithigh áirithe i mbianna. Tríd an bhfaisnéis chothaithe a sholáthraítear ar bhonn sainordaitheach, ba chóir go gcabhrófaí dul chun cinn a dhéanamh ó thaobh an pobal a chur ar an eolas faoi chothú agus ba chóir go dtacófaí le tomhaltóirí roghanna eolasacha i dtaobh bia a dhéanamh. (33) Sa Pháipéar Bán ón gCoimisiún maidir le Straitéis don Eoraip i ndáil le saincheisteanna sláinte a bhaineann le Cothú, Iomarca Meáchain agus Otracht cuireadh béim ar eilimintí áirithe cothaitheacha atá tábhachtach do shláinte an phobail. Is iomchuí, dá bhrí sin, go ndéanfaí eilimintí dá leithéidí a chur san áireamh sna ceanglais a bhaineann le faisnéis faoi chothú a sholáthar ar bonn sainordaitheach. (34) De ghnáth ní bhíonn a fhios ag tomhaltóirí an tionchar is féidir a bheith ag deochanna alcólacha ar a réim bia ina hiomláine. Is iomchuí, dá bhrí sin, deimhin a dhéanamh de go soláthraítear faisnéis maidir le cion cothaithe na ndeochanna measctha alcólacha go háirithe. (35) Chun leasa comhréireachta agus leanúnachais na reachtaíochta Comhphobail ba chóir dearbhuithe cothaithe nó sláinte a chur san áireamh ar bhonn deonach ar lipéid bhia i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le dearbhuithe cothaithe agus sláinte a dhéantar ar bhianna [19]. (36) Ionas nach gcuirfí ualaí nach bhfuil call leo ar an tionscal is iomchuí go ndíolúnófar catagóirí áirithe bianna neamhphróiseáilte nó bianna nach toisc bhunúsach dá gcuid í faisnéis faoi chothú, dar leis an tomhaltóir, go ndíolúnófar iad ón dearbhú éigeantach cothaithe, ach amháin nuair is gá faisnéis dá leithéid a sholáthar i gcomhréir le reachtaíocht eile an Chomhphobail. (37) I bhfianaise méid eolais atá ann faoi láthair maidir le cothú, ba chóir faisnéis atá simplí agus éasca le tuiscint a sholáthar chun dul i muinín an ghnáth-thomhaltóra agus chun feidhmiú mar fhoinse eolais mar atá beartaithe dó. Léiríonn taighde go bhfuil an fhaisnéis sa phríomhréimse radhairc nó ar ‘aghaidh na pacáistíochta’ úsáideach ag am an cheannaigh. Dá bhrí sin, chun deimhin a dhéanamh de go mbíonn tomhaltóirí in ann an fhaisnéis riachtanach faoi chothú a fheiceáil nuair a bhíonn bia á cheannach acu, ba chóir í a thaispeáint ar phríomhréimse radhairc an lipéid. (38) De na réir forbairtí is déanaí atá déanta ag na Ballstáit agus eagraíochtaí in earnáil an bhia ar na téarmaí a úsáidtear i ndearbhuithe cothaithe, seachas an 100g/100ml/chuid, is maith le tomhaltóirí scéimeanna dá leithéidí, mar gur féidir leis na scéimeanna seo cabhrú leo roghanna eolasacha a dhéanamh. Níl aon fhianaise ar fáil, áfach, don Chomhphobal ar fad, faoin gcaoi ina dtuigeann agus faoin gcaoi ina n-úsáideann an gnáth-thomhaltóir an bhealach malartach ina gcuirtear an fhaisnéis in iúl. Dá bhrí sin, is iomchuí go gceadófar go bhforbrófar scéimeanna difriúla agus go gceadófar go leanfar leis an taighde ar an tuiscint atá ag tomhaltóir sna Ballstáit éagsúla sa chaoi go ndéanfar scéimeanna comhchuibhithe a thabhairt isteach, más iomchuí sin. (39) An dearbhú sa phríomhréimse radhairc maidir le méideanna na n-eilimintí cothaitheacha agus táscairí comparáideacha i bhfoirm atá éasca le haithint sa chaoi go mbeifear in ann tréithe cothaitheacha an bhia a thomhas, ba chóir go nglacfaí leis ina iomláine mar chuid den lipéadú cothaithe seachas mar ghrúpa dearbhuithe aonair. (40) Is léir ón taithí atá faighte go nuige seo go soláthraítear faisnéis dheonach faoi bhia i a neart cásanna a dhéanann dochar do shoiléireacht na faisnéise sainordaithí. Dá bhrí sin, ba chóir critéir a sholáthar chun cabhrú le hoibreoirí gnó bia agus le húdaráis forfheidhmiúcháin cothromaíocht a bhaint amach i dtaca leis an bhfaisnéis shainordaitheach faoi bhia a sholáthraítear agus an fhaisnéis dheonach faoi bhia a sholáthraítear. (41) Ba chóir do Bhallstáit a choimeád de cheart acu féin, ag brath ar na coinníollacha agus ar na dálaí praiticiúla áitiúla, rialacha a leagadh síos maidir le faisnéis a sholáthar a bhaineann le bianna neamh-réamhphacáilte. Cé nach mbíonn a lán faisnéise eile á lorg ag an tomhaltóir i gcásanna dá leithéid, meastar gur faisnéis an-tábhachtach í an fhaisnéis a bhaineann le hailléirgí a d’fhéadfadh a bheith i gceist. Tugann an fhianaise atá ann le tuiscint gur féidir an chuid is mó tarluithe ailléirge bia a chur siar go bia neamh-réamhphacáilte. Dá bhri sin, ba chóir faisnéis dá leithéid a sholáthar don tomhaltóir i gcónaí. (42) Níor chóir go mbeadh Ballstáit in ann forálacha a ghlacadh seachas na forálacha a leagtar síos sa Rialachán seo sa réimse a chomhchuibhíonn sé, ach amháin nuair a léirítear é seo go sonrach sa Rialachán. (43) Ba chóir go bhféadfaí rialacha faisnéise bia a chur in oiriúint do thimpeallacht shóisialta, eacnamaíochta agus teicneolaíochta atá ag athrú go tapaidh. (44) Maidir le gnéithe áirithe den fhaisnéis faoi bhia as a n-eascraíonn cleachtas tráchtála nuálacha agus nua-aimseartha, tá sé riachtanach go leor trialacha agus taighde tomhaltóra a dhéanamh agus fianaise dhaingean a sholáthar faoi na córais is fearr. Dá bhrí sin, i gcásanna dá leithéidí, ba chóir go ndíreofaí dlí faisnéise bia an Chomhphobail ar ceanglais shainordaitheacha a leagadh amach maidir le leibhéal cosanta agus faisnéise na dtomhaltóirí agus ba chóir solúbthacht a bhunú chun ceanglais dá leithéidí a chomhlíonadh, ar bhealach atá comhoiriúnach do fhorálacha an mhargaidh inmheánaigh. (45) D’fhonn deimhin a dhéanamh de go ndéanfar ceanglais níos mionchruinne maidir le faisnéis faoi bhia a cheapadh agus a bhunú go loighciúil agus go bhfuil siad bunaithe ar dea-chleachtais, ba chóir meicníochtaí solúbthachta a bheith ann ar an leibhéal náisiúnta agus Comhphobail atá bunaithe ar chomhairliúcháin oscailte thrédhearcacha phoiblí agus ar idirghníomhú leanúnach idir raon leathan geallsealbhóirí ionadaíochta. D'fhéadfaí scéimeanna náisiúnta neamhcheangailteacha a fhorbairt mar thoradh ar mheicníocht dá leithéid ach dul i gcomhairle leathan leis na geallsealbhóirí agus miontaighde ar thomhaltóirí a dhéanamh. Ba chóir go mbeadh meicníochtaí ann a chuireann ar chumas na dtomhaltóirí na bianna atá lipéadaithe i gcomhlíonadh na scéime náisiúnta a aithint, cuir i gcás trí uimhir aitheantais nó trí shiombail. (46) D’fhonn deimhin a dhéanamh de leibhéal comhréireachta a bhaint amach sna torthaí sna Ballstáit éagsúla, is gá síormhalartú agus síor-chomhroinnt dea-chleachtas agus taithí idir na Ballstáit féin agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún a chur chun cinn agus is gá rannpháirteachas na ngeallsealbhóirí sna malartuithe sin a chur chun cinn. (47) Ba chóir go ndéanfadh na Ballstáit rialuithe oifigiúla ionas go gcomhlíonfar an Rialachán seo i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 882/2004. (48) Ba chóir na tagairtí do Threoir 90/496/CEE i Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus i Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le vitimíní agus mianraí agus le substaintí áirithe eile a chur le bianna [20] a thabhairt suas chun dáta agus an Rialachán seo a chur san áireamh. Dá bhrí sin, ba chóir na Rialacháin (CE) Uimh. 1924/2006 agus (CE) Uimh 1925/2006 a leasú dá réir sin. (49) D’fhonn é a chur ar chumas páirtithe leasmhara, gnóthaí beaga agus meánmhéide, go háirithe, faisnéis a sholáthar ar a dtáirgí, ba chóir na bearta le haghaidh faisnéise faoi chothú sainordaithí a chur i gcrích de réir a chéile trí idirthréimhsí sínithe agus idirthréimhse bhreise a sholáthar do mhicreaghnóthaí. (50) Toisc nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí na ngníomhaíochtaí atá fós le déanamh a bhaint amach go leordhóthanach agus, mar sin, gur féidir iad a bhaint amach ar bhealach níos fearr ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal glacadh le bearta i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh é. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin é, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a bhaint amach. (51) D’fhonn an nós imeachta a shimpliú agus a luathú, ba chóir go gcuirfí faoi chúram an Choimisiúin bearta cur chun feidhme de nádúr teicniúil a ghlacadh. (52) Ba chóir na bearta is gá a ghlacadh chun an Rialachán seo a chur chun feidhme i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 ag leagan síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún [21]. (53) Ba chóir cumhacht a thabhairt don Choimisiún, go háirithe, chun na hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú agus a athrú chun dáta. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad le haghaidh eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú nó le haghaidh an Rialachán seo a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ba chóir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE. (54) Ar fhorais phráinne, is gá an nós imeachta práinne dá bhforáiltear in Airteagal 5a(6) de Chinneadh 1999/468/CE d'fhonn na leasuithe ar Iarscríbhinní II agus III a ghabhann leis an Rialachán seo a ghlacadh, TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH: CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme 1. Soláthraíonn an Rialachán seo bonn le chun ardleibhéal cosanta tomhaltóra a bhaint amach maidir le faisnéis faoi bhia, ag cur san áireamh na ndifríochtaí i dtuiscint na dtomhaltóirí agus a riachtanais faisnéise agus ag áirithiú feidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh. 2. Bunaítear sa Rialachán seo na beartais, na ceanglais agus na freagrachtaí ginearálta a rialaíonn faisnéis faoi bhia, agus lipéadú bia go háirithe. Leagtar síos na meáin a rathaíonn ceart faisnéise agus nósanna imeachta na dtomhaltóirí maidir le faisnéis bia a sholáthar, ag cur san áireamh an gá atá ann chun go leor solúbthachta a sholáthar chun déileáil le forbairtí amach anseo agus le ceanglais nua faisnéise. 3. Baineann an Rialachán le gach céim den bhiashlabhra, nuair a bhaineann gníomhaíochtaí na gcuideachtaí bia le faisnéis a sholáthar do thomhaltóirí. Beidh feidhm aige maidir le bianna atá dírithe ar an tomhaltóir deireanach, lena n-áirítear bianna a sheacadann oll-lónadóirí agus bianna a bhfuil sé beartaithe iad a sholáthar d’oll-lónadóirí. 4. Cuirfear an Rialachán seo chun feidhme gan dochar do cheanglais lipéadaithe dá bhforáiltear i reachtaíocht shonrach Chomhphobail is infheidhme maidir le bianna áirithe. Airteagal 2 Sainmhínithe 1. Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas: (a) na sainmhínithe ar ‘bia’, ‘dlí an bhia’, ‘gnó bia’, ‘oibreoir gnó bia’, ‘miondíol’, ‘á chur ar an margadh’ agus ‘tomhaltóir deireanach’ in Airteagal 2 agus in Airteagal 3(1), (2), (3), (7), (8) agus (18) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002; (b) an sainmhíniú ar ‘próiseáil’, ‘táirgí neamhphróiseáilte’ agus ‘táirgí próiseáilte’ in Airteagal 2(1) (m), (n) agus (o) de Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia [22]; (c) na sainmhínithe ar ‘breiseáin bia’ agus ‘áiseanna próiseála’ in Airteagal 1(2) agus i bhfonóta 1 de Threoir 89/107/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 maidir leis an gcomhfhogasú de dhlíthe de chuid na mBallstát a bhaineann le breiseáin bia atá údaraithe le húsáid i mbianna atá beartaithe le haghaidh tomhaltais ag daoine [23]; (d) an sainmhíniú ar ‘blaistiú’ in Airteagal 1(2)(a) de Threoir 88/388/CEE ón gComhairle an 22 Meitheamh 1988 maidir leis an gcomhfhogasú de dhlíthe de chuid na mBallstát a bhaineann le blaistithe atá le húsáid in ábhair bia agus leis na hábhair bhunaidh a úsáidtear chun iad a tháirgeadh [24]; (e) na sainmhínithe ar ‘feoil’ agus ar ‘feoil inneall scartha’ i bpointí 1.1 agus 1.14 d’Iarscríbhinn I de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004; (f) na sainmhínithe ar ‘dearbhú’, ‘cothú’, ‘substaint eile’, ‘dearbhú cothaithe’ agus ‘dearbhú sláinte’ in Airteagal 2(2) (1) go (5) de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006. 2. Beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas freisin: (a) ciallaíonn ‘faisnéis faoi bhia’ an fhaisnéis a bhaineann le bia a chuirtear ar fáil don tomhaltóir deireanach trí lipéad, agus aon ábhar a ghabhann leis, nó trí aon mheán eile lena n-áirítear uirlisí teicneolaíochta nua-aimseartha nó cumarsáide béil. Ní chlúdaíonn sé cumarsáidí tráchtála mar atá sainmhínithe i dTreoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe dlíthiúla áirithe de sheirbhísí na sochaí faisnéise, agus tráchtáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach [25]; (b) ciallaíonn ‘dlí na faisnéise faoi bhia’ forálacha an Chomhphobail a rialaíonn an fhaisnéis faoi bhia, agus lipéadú go háirithe, lena n-airítear rialacha de nádúr ginearálta is infheidhme ar gach bia nó ar bhianna sonracha agus rialacha a bhaineann le bianna sonracha amháin; (c) ciallaíonn ‘faisnéis shainordaitheach faoi bhia’ na sonraí a bhfuil a soláthar don tomhaltóir deireanach ceangailte de réir reachtaíocht an Chomhphobail; (d) ciallaíonn ‘oll-lónadóirí’ aon bhunaíocht (lena n-áirítear feithicil nó stainnín seasta nó soghluaiste), mar shampla bialanna, ceaintíní, scoileanna agus ospidéil; áiteanna ina n-ullmhaítear bia, mar chuid den ghnó laethúil, a sheachadtar don tomhaltóir deireanach agus atá réidh le hithe gan ullmhúchán breise; (e) ciallaíonn ‘bia réamhphacáilte’ aon ní amháin a chuirtear i láthair don tomhaltóir deireanach agus d’oll-lónadóirí, a chuireann san áireamh an bia agus an pacáistiú inar cuireadh é roimh é a chur ar díol, cibé acu a ndéanann an pacáistiú an bia a chlúdú go hiomlán nó go páirteach, atá ar aon chuma, pacáistithe ar bhealach a fhágann nach féidir a bhfuil ann a athrú gan an pacáistiú a athrú nó a oscailt. (f) ciallaíonn ‘comhábhar’ aon substaint, lena n-áirítear breiseáin bia agus einsímí bia, agus aon chomhpháirt de chomhábhar cumaisc a úsáidtear chun bia a dhéanamh nó chun é a ullmhú, atá fós ann sa táirge críochnaithe, fiú amháin más rud é gur athraíodh é; ní fhéachfar ar iarmhair mar chomhábhair; (g) ciallaíonn 'bunáitíocht' aon áit a bhfuil sé tugtha le fios ar tásc gur as an áit sin a thagann an bia, aon áit nach 'tír thionscnaimh' í, arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 23 go 26 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle; (h) is éard is ‘comhábhar cumaisc’ ann comhábhar atá déanta de mheascán comhábhar; (i) ciallaíonn ‘lipéad’ aon chlib, branda, marc, ábhar pictiúrtha nó ábhar tuairisciúil eile, atá scríofa, clóite, stionsalaithe, marcáilte, cabhartha, brúite anuas, nó ceangailte le coimeádán bia; (j) ciallaíonn ‘lipéadú’ aon fhocail, sonraí, trádmharcanna, ainm branda, ábhar pictiúrtha nó siombail a ghabhann le bia agus a chuirtear ar fáil ar aon phacáistiú, doiciméad, fógra, lipéad, fáinne nó coiléar a dhéanann tagairt do bhia dá leithéid nó a ghabhann leis; (k) ciallaíonn ‘príomhréimse radhairc’ gach taobh den phacáiste is féidir a léamh ó phointe radhairc amháin, a sholáthraíonn rochtain tapaidh agus éasca ar fhaisnéis lipéadaithe toisc go bhfuil tomhaltóirí in ann an fhaisnéis seo a léamh gan an pacáiste a chasadh anonn agus anall; (l) ciallaíonn ‘ainm dlíthiúil’ ainm bia a leagtar amach i bhforálacha an Chomhphobail is infheidhme air, mura mbíonn forálacha Comhphobail dá leithéid ar fáil, an t-ainm dá bhforáiltear i ndlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin a chuirtear chun feidhme sa Bhallstát ina ndíoltar an bia don tomhaltóir deireanach nó d’oll-lónadóirí; (m) ciallaíonn ‘gnáthainm’ ainm a ghlactar leis mar ainm an bhia nach mbíonn ar thomhaltóirí sainmhíniú breise a lorg dó sa Bhallstát ina ndíoltar é; (n) ciallaíonn ‘ainm tuairisciúil’ ainm a sholáthraíonn cur síos ar an mbia, agus ar a úsáidí más gá, atá chomh soiléir sin go gcuireann sé ar chumas na dtomhaltóirí a fhíornádúr a aithint agus idirdhealú a dhéanamh idir an bia agus táirgí eile a d’fhéadfaí a thógáil ina ábhraíocht; (o) ciallaíonn 'príomh-chomhábha(i)r' comhábhair is tábhachtaí agus/nó is suntasaí an bhia; (p) ciallaíonn 'comhábha(i)r t(h)ábhachtach(a)' an comhábhar as a bhfuil os cionn 50% den bhia déanta; (q) ciallaíonn 'comhábha(i)r is suntasaí' aon chomhábhar atá i mbia a chuireann ainm an bhia sin i gcuimhne do thomhaltóirí de ghnáth agus a bhfuil tásc cainníochtúil ina thaobh ceangailte sa chuid is mó de na cásanna; (r) ciallaíonn ‘ceanglais riachtanacha’ na ceanglais a bhaineann le leibhéal cosanta tomhaltóra a leagadh amach maidir le saincheist áirithe, a leagtar síos in acht ón gComhphobal a cheadaíonn do na scéimeanna náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 44 a fhorbairt; (s) ciallaíonn ‘dáta bia íos-mharthanachta’ an dáta deireanach a choimeádann an bia a thréithe sonracha nuair a stóráiltear é i gceart; (t) ciallaíonn ‘dea-chleachtais’ caighdeáin, scéimeanna, tionscnaimh, nó aon ghníomhaíochtaí eile a fhormhuiníonn na húdaráis inniúla agus a taispeánadh de réir taithí agus taighde gurb iad na cleachtais is éifeachtúla d’fhormhór na dtomhaltóirí agus a mbreathnaítear orthu mar shamhlacha is féidir le dreamanna eile a leanúint. 3. Chun críocha an Rialacháin seo, le tír thionscnaimh bia déanfar tagairt d'ionad tionscnaimh bia mar atá arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 23 go 26 de Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle. 4. Beidh feidhm ag na sainmhínithe sonracha a leagtar amach in Iarscríbhinn I freisin. CAIBIDIL II PRIONSABAIL GHINEARÁLTA MAIDIR LE FAISNÉIS FAOI BHIA Airteagal 3 Cuspóirí ginearálta 1. Agus faisnéis faoi bhia á sólathar beidh sé mar sprioc ardleibhéal cosanta a bhaint amach do shláinte agus do leasanna na dtomhaltóirí trí chaoi a thabhairt do thomhaltóirí críochnaitheacha roghanna eolasacha a dhéanamh agus bia a úsáid go sábháilte, ó thaobh cúrsaí sláinte, eacnamaíocha, comhshaoil, sóisialta agus eiticiúla de go háirithe. 2. Beidh sé mar chuspóir ag an dlí maidir le faisnéis faoi bhia saorghluaiseacht a bhaint amach do bhia a tháirgtear agus a mhargaítear go dlíthiúil sa Chomhphobal, ag cur san áireamh, mar is iomchuí, gur gá leasanna dlisteanacha na dtáirgeoirí a chosaint agus táirgí d'ardchaighdeán a chur chun cinn. 3. Nuair a leagtar amach ceanglais nua faoi dhlí na faisnéise bia, cuirfear san áireamh an gá atá ann le hidirthréimhse i ndiaidh theacht i bhfeidhm na riachtanas nua seo, inar féidir bianna ar bhfuil lipéid nach gcomhlíonann na ceanglais nua seo a chur ar an margadh agus chun biastoic dá leithéid a cuireadh ar an margadh roimh deireadh na hidirthréimhse seo a dhíol go dtí go mbeidh siad go léir imithe. Airteagal 4 Prionsabail a rialaíonn faisnéis shainordaitheach faoi bhia 1. Nuair a bhíonn faisnéis shainordaitheach faoi bhia ina ceanglas faoin dlí maidir le faisnéis faoi bhia, bainfidh sé le faisnéis a thagann, go háirithe, faoi cheann de na catagóirí seo a leanas: (a) faisnéis maidir le haitheantas agus le comhdhéanamh, tréithe nó airíonna eile an bhia; (b) faisnéis maidir le sláinte na dtomhaltóirí a chosaint agus maidir le bia a úsáid go sábháilte. Go háirithe, bainfidh an fhaisnéis le: (i) tréithe comhdhéanaimh a d’fhéadfadh damáiste a dhéanamh do shláinte ghrúpaí tomhaltóirí áirithe; (ii) marthanacht, stóráil agus úsáid sábháilte; (iii) an iarmhairt shláinte, lena n-áirítear na priacail agus na torthaí a bhaineann le bia dochrach agus contúirteach a ithe; (c) faisnéis maidir le tréithe cothaitheacha chun go gcuirfear ar chumas na dtomhaltóirí, lena n-áirítear tomhaltóirí a bhfuil riachtanas speisialta aiste bia acu, roghanna eolasacha a dhéanamh. 2. Nuair a chuirtear an gá atá ann le faisnéis shainordaitheach faoi bhia san áireamh, tabharfar aird ar an riachtanas atá ann d’fhormhór na dtomhaltóirí le haghaidh faisnéise áirithe atá an-tábhachtach dóibh nó le haghaidh buntáistí don tomhaltóir a ghlactar leo go ginearálta chun é a chur ar a chumas roghanna eolasacha a dhéanamh. Airteagal 5 Comhairliúchán leis an Údarás Glacfar aon bhearta a bhaineann leis an dlí maidir le faisnéis faoi bhia a d’fhéadfadh iarmhairt a bheith acu ar shláinte an phobail i ndiaidh comhairliúcháin leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia. CAIBIDIL III CEANGLAIS GHINEARÁLTA MAIDIR LE FAISNÉIS FAOI BHIA AGUS FREAGRACHTAÍ NA nOIBREOIRÍ GNÓ BIA Airteagal 6 Bunriachtanas Beidh faisnéis faoi bhia ag gabháil le haon bia a bhfuil sé beartaithe é a sholáthar don tomhaltóir deireanach nó d’oll-lónadóirí de réir an Rialacháin seo. Airteagal 7 Cleachtais faisnéise chothroma 1. Ní bheidh faisnéis faoi bia míthreorach i ndáil le gnéithe bhunúsacha, go háirithe: (a) maidir le tréithe an bhia agus a nádúr, sainiúlacht, airíonna, comhdhéanamh, cainníocht, marthanacht, tír thionscnaimh bunáitíocht, modh monaraithe nó táirgthe go háirithe; (b) trí iarmhairtí nó tréithe a chur síos don bhia nach ngabhann leis; (c) cur in iúl go bhfuil tréithe speisialta ag baint leis nuair, déanta na fírinne, bíonn tréithe dá leithéidí ag baint le gach sórt bia den chineál céanna. 2. Beidh an fhaisnéis faoi bhia cruinn shoiléir agus éasca le tuiscint don tomhaltóir. 3. De réir maoluithe dá bhforáiltear sa reachtaíocht Chomhphobail a bhaineann le huiscí mianraí nádúrtha agus le bianna le haghaidh úsáidí cothaitheacha áirithe, ní chuirfear síos in aon fhaisnéis bia go bhfuil sé in ann aon ghalar daonna a chosc, a chóireáil nó a leigheas, ná ní dhéanfar tagairt do thréithe dá leithéidí. 4. Beidh feidhm ag an toirmeasc dá dtagraítear i mír 3 maidir leis seo a leanas freisin: (a) fógraíocht; (b) chur i láthair na mbianna agus ar a gcruth go háirithe, ar a gcuma nó pacáistiú, ar na hábhair pacáistithe a úsáidtear, ar an mbealach ina leagtar amach iad agus ar an áit ina gcuirtear ar taispeáint iad. Airteagal 8 Freagrachtaí 1. Gan dochar do mhíreanna 3 agus 4, déanfaidh oibreoirí gnó bia deimhin de, sna cuideachtaí atá á rialú acu, go gcomhlíonfar ceanglais dhlí na faisnéise bia a bhaineann lena ngníomhaíochtaí agus fíoróidh siad go gcomhlíonfar na ceanglais sin. 2. Ní athróidh oibreoirí gnó bia, sna cuideachtaí atá á rialú acu, an fhaisnéis a ghabhann le bia dá gcuirfí an tomhaltóir deireanach amú i ngeall ar athrú dá leithéid nó dá laghdófaí an leibhéal cosanta tomhaltóra, maidir le sláinte go háirithe. 3. Déanfaidh oibreoirí gnó bia a chuireann ar an margadh don chéad uair bia a bhfuil sé beartaithe acu é a sholáthar don tomhaltóir deireanach nó don oll-lónadóir deimhin de go bhfuil faisnéis bia chruinn ar fáil leis an mbia i gcomhréir leis an dlí faisnéise bia is infheidhme. 4. Gníomhóidh oibreoirí gnó bia, atá freagrach as gníomhaíochtaí miondíola nó scaipthe nach ndéanann dochar d'fhaisnéis faoi bhia, go cúramach chun deimhin a dhéanamh de, laistigh de theorainneacha a ngníomhaíochtaí faoi seach, go bhfuil na ceanglais faisnéise bia is infheidhme á gcomhlíonadh, agus go háirithe chun deimhin a dhéanamh de nach soláthraítear bia a bhfuil a fhios acu nó a bhfuil tuairim acu ina thaobh nach gcomhlíonann na gceanglas, é sin bunaithe ar an bhfaisnéis atá ina seilbh agus mar phroifisiúnaigh. 5. Déanfaidh oibreoirí gnó bia deimhin de sa ghnólacht atá á rialú acu go ndéanfar faisnéis a bhaineann le bia neamh-réamhphacáilte a tharchur chuig an oibreoir a fhaigheann an bia d’fhonn go mbeifear in ann an fhaisnéis shainordaitheach faoi bhia a shonraítear in Airteagal 9(1) pointí (a) go (c) agus (f) a sholáthar don tomhaltóir deireanach, nuair is iomchuí. 6. Sna cásanna seo a leanas, déanfaidh oibreoirí gnó bia, sna gnóthaí atá á rialú acu deimhin de go dtaispeánfar na sonraí sainordaitheacha gur gá leo faoi Airteagal 11 ar thaobh amuigh an phacáistithe ina mhargaítear an bia, nó sna doiciméid tráchtála ina ndéantar tagairt do na bianna nuair is féidir a ráthú go bhfuil na doiciméid seo ag gabháil leis an mbia a dhéanann siad tagairt dó nó gur seoladh iad roimh nó ag an am seachadta: (a) nuair atá bia réamhphacáilte beartaithe don úsáideoir deireanach ach nuair a dhéantar é a mhargú sular gcuirtear ar díol é agus nuair nach mbíonn sé ar díol d’oll-lónadóir ag an am sin; (b) nuair atá bia réamhphacáilte beartaithe d’oll-lónadóirí chun é a ullmhú, a phróiseáil, a scoilteadh nó a ghearradh suas. In ainneoin fhomhír 1, déanfaidh oibreoirí gnó bia deimhin de freisin go dtaispeánfar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(1) (a), (f) agus (h) ar an bpacáistiú seachtrach ina ndéantar an bia a mhargú. CAIBIDIL IV FAISNÉIS SHAINORDAITHEACH FAOI BHIA alt 1 ÁBHAR AGUS CUR I LÁTHAIR Airteagal 9 Liosta de shonraí sainordaitheacha 1. Beidh sé riachtanach na sonraí seo a leanas a thaispeáint i gcomhréir le hAirteagail 10 go 34 agus faoi réir na n-eisceachtaí atá sa Chaibidil seo. (a) ainm an bhia; (b) liosta na gcomhábhar; (c) aon chomhábhar atá liostaithe in Iarscríbhinn II is cúis le hailléirgí nó éadulaingt, agus aon substaint atá díorthaithe ó na comhábhair seo; (d) an chainníocht do chomhábhair áirithe nó an méid catagóirí comhábhar; (e) an chainníocht bia ghlan; (f) an dáta íosmharthanachta nó an dáta ‘úsáid roimh’; (g) aon choinníollacha stórála speisialta nó úsáide; (h) an t-ainm nó ainm gnó agus seoladh an mhonaróra nó an phacáisteora, nó díoltóra bunaithe sa Chomhphobal; (i) an tír thionscnaimh nó an bhunáitíocht más rud é go gcuirfí an tomhaltóir amú go mór ina éagmais seo maidir le cé acu tír thionscnaimh nó an bhunáitíocht cheart an bhia, go háirithe dá dtabharfadh an fhaisnéis a ghabhann leis an mbia nó a thaispeántar ar an lipéad ina iomláine le tuiscint go bhfuil tír thionscnaimh nó bunáitíocht éagsúil ag an mbia; i gcásanna dá leithéidí beidh an tásc i gcomhréir leis na rialacha atá leagtha síos in Airteagal 35(3) agus 35(4) agus na rialacha arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 35(5); (j) treoracha úsáide nach mór a thaispeáint chun bheith in ann an bia a úsáid go hoiriúnach; (k) an neart alcólach de réir toirte maidir le deochanna le breis is 1,2 % alcól iontu; (l) dearbhú cothaithe. 2. Cuirfear na sonraí dá dtagraítear i mír 1 in iúl trí fhocail agus trí uimhreacha ach amháin má chuirtear an tomhaltóir ar an eolas, i ndáil le sonra amháin nó níos mó ná sonra amháin, ar bhealach eile a bunaíodh i mbearta cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún. Déanfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, a ghlacadh de réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 49(3). 3. Féadfaidh an Coimisiún liosta na sonraí sainordaitheacha atá leagtha síos i mír 1 a leasú. Glacfar na bearta a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú trína fhorlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin le grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 49(4). Airteagal 10 Sonraí sainordaitheacha breise le haghaidh cineálacha nó catagóirí bia sonracha 1. I dteannta leis na sonraí atá liostaithe i Airteagal 9(1) tá sonraí sainordaitheacha breise le haghaidh cineálacha nó catagóirí bia sonracha leagtha síos in Iarscríbhinn III. 2. Féadfaidh an Coimisiún Iarscríbhinn III a leasú. Glacfar leis na bearta a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin le hiniúchadh arna dhéanamh tagairt dó in Airteagal 49(4). Airteagal 11 Maoluithe ó na sonraí sainordaitheacha atá ceangailte Féadfaidh an Coimisiún foráil a dhéanamh do mhaoluithe, le haghaidh cineálacha nó catagóirí bia sonracha, i gcásanna eisceachtúla, ó na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 9(1) (b) agus (f), ar an gcoinníoll nach mbeidh easpa faisnéise ann i measc tomhaltóirí deireanacha agus oll-lónadóirí mar thoradh air seo. Glacfar leis na bearta a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin le hiniúchadh arna dhéanamh tagairt dó in Airteagal 49(3). Airteagal 12 Meáchain agus tomhais Beidh Airteagal 9 gan dochar d’fhorálacha Comhphobail níos sonracha maidir le meáchain agus tomhais. Airteagal 13 Infhaighteacht agus leagan amach na faisnéise bia sainordaithí 1. I gcás gach sórt bia, beidh fáil ar fhaisnéise shainordaitheach faoi bhia agus beidh teacht furasta uirthi, i gcomhréir leis an Rialachán seo. 2. I gcás bia réamhphacáilte, taispeánfar faisnéis shainordaitheach faoi bhia ar an bpacáiste nó ar an lipéad atá ceangailte leis. 3. Féadfaidh an Coimisiún sonraí sainordaitheacha áirithe eile a chur ar fáil trí mheáin eile in ionad iad a thaispeáint ar an bpacáiste nó ar an lipéad ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na prionsabail agus na ceanglais ghinearálta atá leagtha síos i gCaibidil II den Rialachán seo. Glacfar leis na bearta seo a bhfuil sé mar aidhm acu na heilimintí neamhriachtanacha a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 49(3). 4. I gcás bia neamh-réamhphacáilte, beidh feidhm ag Airteagal 41. Airteagal 14 Cur i láthair na sonraí sainordaitheacha 1. Gan dochar do reachtaíocht shainiúil an Chomhphobail is infheidhme ar bhianna áirithe ó thaobh na gceanglas dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(a) go (k), nuair a thaispeántar iad ar an bpacáiste nó ar an lipéad a ghabhann leis, beidh na sonraí sainordaitheacha dá bhfuil liostaithe in Airteagal 9(1) clóite ar an bpacáiste nó ar an lipéad i gclómhéid 3mm ar a laghad, agus cuirfear i láthair iad ar bhealach a dhéanann deimhin de go bhfuil codarsnacht mhór idir cló agus cúlra. 2. Taispeánfar na sonraí dá bhfuil liostaithe in Airteagal 9(1), (a), (e), (f), agus (k) sa réimse chéanna radhairc . 3. Féadfaidh an Coimisiún glacadh leis na rialacha mionsonracha a bhaineann le cur i láthair na sonraí sainordaitheacha agus leis na ceanglais dá dtagraítear i mír 2 a shíneadh a ghabhann leis na sonraí sainordaitheacha breise le haghaidh catagóirí nó cineálacha bia sonracha dá dtagraítear in Airteagail 10 agus 38. Glacfar leis na bearta seo a bhfuil sé mar aidhm acu na heilimintí neamhriachtanacha a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 49(3). 4. Ní bheidh feidhm ag an gclómhéid íosta dá dtagraítear i mír 1 i gcás pacáistíochta nó i gcás coimeádán ar a bhfuil an dromchla is mó faoi bhun 10 cm2. 5. Ní bhainfidh mír 2 leis na bianna a shonraítear in Airteagal 17(1) agus (2). 6. Beidh faisnéis shainordaitheach bia suite in áit fheiceálach sa chaoi go bhfuil sé éasca le feiceáil, inléite gan dua, agus doscriosta, nuair is iomchuí. Ní dhéanfaidh aon ábhar scríofa nó pictiúrtha nó aon ábhar idirghabhála eile an fhaisnéis a fholú nó a chlúdach, ní bhainfidh siad ón bhfaisnéis nó ní chuirfidh siad isteach air. Airteagal 15 Ciandhíol Gan dochar do na ceanglais faisnéise atá leagtha síos in Airteagal 11, i gás bianna a dhíoltar trí mheáin chianchumarsáide, mar a shonraítear in Airteagal 2 de Threoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 1997 maidir le tomhaltóirí a chosaint i leith cianchonarthaí [26]: (a) cuirfear faisnéis shainordaitheach faoi bhia ar fáil ar a dhéanaí nuair a dhéanann an ceannaitheoir a rogha dheireanach agus taispeánfar é ar an ábhar a ghabhann le ciandhíol nó soláthrófar é trí mheáin iomchuí eile; (b) Ní bheidh na sonraí dá bhforáiltear in Airteagal 9(1) pointí (d), (f), (g), (h) agus (k) sainordaitheach ach amháin ag uair an tseachadta. Airteagal 16 Ceanglais teanga 1. Gan dochar d'Airteagal 9(2) taispeánfar faisnéis shainordaitheach faoi bhia i dteanga atá éasca le tuiscint do thomhaltóirí an Bhallstáit ina gcuirtear an bia ar an margadh. 2. Laistigh dá bhfearann féin, is féidir leis na Ballstáit ina gcuirtear an táirge ar an margadh a ordú go dtabharfar na sonraí seo i dteanga oifigiúil amháin nó níos mó de theangacha oifigiúla an Chomhphobail. 3. Ní chuirfidh míreanna 1 agus 2 bac ar na sonraí seo a thaispeáint i dteangacha éagsúla. Airteagal 17 Sonraí áirithe sainordaitheacha a fhágáil amach 1. I gcás buidéal gloine a bhfuil marc doscriosta orthu, buidéil atá ceaptha bheith athchúrsáilte agus nach bhfuil aon lipéad, fáinne nó coiléar orthu dá bharr, ní bheidh ach na sonraí dá bhfuil liostaithe in Airteagal 11(1) (a), (c), (e), (f) agus (l) sainordaitheach. 2. I gcás pacáistíochta nó i gcás coimeádán ar a bhfuil an dromchla is mó faoi bhun 10 cm2 níl ach na sonraí dá bhfuil liostaithe in Airteagal 9 (1) (a), (c), (e), (f) agus (l) sainordaitheach ar an bpacáiste nó ar an lipéad. Soláthrófar na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(b) trí mheáin eile nó cuirfear ar fáil iad ar iarratas ón tomhaltóir. 3. Gan dochar do reachtaíocht eile an Chomhphobail ina bhfuil dearbhú sainordaitheach cothaithe ceangailte, ní bheidh an dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 9(1)(l) sainordaitheach i gcás na mbianna dá bhfuil liostaithe in Iarscríbhinn IV. ALT 2 FORÁLACHA MIONSONRACHA AR SHONRAÍ SAINORDAITHEACHA Airteagal 18 Ainm an bhia 1. Úsáidfear ainm an bhia mar a ainm dlíthiúil. Nuair nach mbíonn ainm dá leithéid ar fáil, úsáidfear gnáthainm an bhia mar a ainm, nó, mura mbíonn gnáthainm ar fáil nó mura n-úsáidtear an gnáthainm, soláthrófar ainm tuairisciúil don bhia. 2. Leagtar síos in Iarscríbhinn V forálacha sonracha maidir le húsáid an ainm bia agus na sonraí a rachaidh leis. Airteagal 19 Liosta na gcomhábhar 1. Beidh teideal ag liosta na gcomhábhar nó rachaidh teideal oiriúnach roimhe a úsáideann an focal ‘comhábhair’ amháin nó a chuireann an focal seo san áireamh. Cuirfidh sé san áireamh na comhábhair bia ar fad, in ord íslitheach de réir meáchain, mar a taifeadadh nuair a úsáideadh iad chun an bia a dhéanamh. 2. Déanfar a n-ainm sonrach a úsáid chun comhábhair a ainmniú, nuair is infheidhme, i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos in Airteagal 18 agus in Iarscríbhinn V. 3. Leagtar síos na rialacha teicniúla is infheidhme do mhíreanna 1 agus 2 in Iarscríbhinn VI. Airteagal 20 Liosta na gcomhábhar a fhágáil ar lár Ní mór liosta na gcomhábhar a thaispeáint ar na bianna seo a leanas: (a) torthaí agus glasraí úra, lena n-áirítear prátaí, nár scamhadh nó nár gearradh iad nó nach ndearnadh rudaí comhchosúla dóibh; (b) uisce carbónáitithe, nuair a thaispeántar sa chur síos gur uisce carbónáitithe é; (c) fínéagair choipthe atá díorthaithe ó tháirge bunúsach amháin, ar an gcoinníoll nár cuireadh aon chomhábhar eile leo; (d) cáis, im, bainne agus uachtar coipthe, nár cuireadh aon chomhábhar eile leo ach amháin táirgí lachtacha, einsímí agus cultúir mhiocrorgánacha atá riachtanach don phróiseas monaraithe, nó i gcás cáise de, ach amháin cáis úr agus próiseáilte, inar gá le salann chun an cáis a dhéanamh; (e) fíon, mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, beoir agus biotáillí mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. [...] de [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhíniú, cur síos, cur i láthair, lipéadú agus tásca geografacha biotáillí a chosaint, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle. [Cúig bliana tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm] ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm Airteagal 19 ar na táirgí seo agus b'fhéidir go ngabhfaidh bearta sonracha léi lena gcinnfear na rialacha maidir le comhábhair ar lipéid. Déanfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, a ghlacadh de réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 49(3); (f) bianna déanta as comhábhar amháin, nuair: (i) a bhíonn an t-ainm céanna ar an mbia agus ar an gcomhábhar; nó (ii) nuair is féidir ainm an bhia a úsáid chun aithne chinnte a chur ar nádúr an chomhábhair. Airteagal 21 Comhdhéanaimh bhia ar liosta na gcomhábhar a fhágáil amach Ní bheidh sé de cheanglas na comhdhéanaimh bia seo a leanas a chur san áireamh i liosta na gcomhábhar: (a) comhdhéanaimh chomhábhair a scaradh go sealadach le linn an phróisis mhonaraithe a cuireadh leis an mbia arís gan a gcomhréir bunaidh a shárú; (b) breiseáin agus einsímí bia: (i) a bhfuil i mbianna áirithe toisc go raibh siad i gcomhábhar amháin bia nó níos mó, ar an gcoinníoll nach n-úsáidtear iad chun críocha teicneolaíochta sa táirge críochnaithe; nó (ii) a úsáidtear mar áiseanna próiseála; (c) substaintí nach úsáidtear sna méideanna atá riachtanach mar thuaslagóir nó mar mheáin le haghaidh substaintí cothaitheacha, breiseán nó blaistithe bia; (d) substaintí nach breiseáin bia iad ach a úsáidtear sa bhealach céanna agus an cuspóir chéanna acu is atá ag áiseanna próiseála, substaintí atá fós sa táirge críochnaithe, fiú amháin má athraíodh iad; (e) uisce: (i) nuair a úsáidtear an t-uisce le linn an phróisis mhonaraithe chun comhábhar a úsáidtear i ndlúthfhoirm nó i bhfoirm dhíhiodráitithe a athdhéanamh; nó (ii) i gcás meáin leachtaigh nach ndéantar é a chaitheamh de ghnáth. Airteagal 22 Lipéadú substaintí áirithe is cúis le hailléirgí nó éadulaingt 1. Taispeánfar aon chomhábhar atá liostaithe in Iarscríbhinn II nó aon substaint a thagann ó aon chomhábhar atá liostaithe san Iarscríbhinn sin, faoi réir na heisceachtaí de dá bhforáiltear san Iarscríbhinn sin, ar an lipéad mar aon le tagairt cruinn d’ainm an chomhábhair. Níl sé ina cheangal an tásc sin a thaispeáint i gcásanna ina: (a) ndéanann an t-ainm bia tagairt shoiléir don chomhábhar i dtrácht; nó (b) bhfuil an comhábhar liostaithe in Iarscríbhinn II a thagann substaint uaidh curtha san áireamh i liosta na gcomhábhar cheana. 2. Déanfar athscrúdú ar an liosta in Iarscríbhinn II go córasach agus, nuair is gá, déanfaidh an Coimisiún an liosta a athrú chun dáta bunaithe ar an bhfaisnéis eolaíochta agus theicniúil is déanaí. Glacfar na bearta seo a bhfuil sé mar aidhm acu eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 49(4). 3. Nuair is gá, féadfar treoirlínte teicniúla a eisiúint chun an liosta in Iarscríbhinn II a léirmhíniú, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 49(2). Airteagal 23 An méid comhábhar a thaispeáint 1. Caithfear an méid comhábhair nó catagóirí comhábhar a úsáidtear chun bia a dhéanamh nó a ullmhú a thaispeáint nuair: (a) a thaispeántar an comhábhar nó catagóir comhábhar áirithe san ainm bia nó nuair a dhéanann an tomhaltóir é a chomhcheangail leis an ainm sin de ghnáth; nó (b) nuair a chuirtear béim ar an gcomhábhar nó catagóir comhábhar ar an lipéadú i bhfocail, pictiúir nó grafaic; nó (c) nuair is gá leis an comhábhar nó catagóir comhábhar áirithe chun bia a aithint agus chun idirdhealú a dhéanamh idir an bia agus táirgí eile lenar féidir iad a thógáil in ábhraíocht bianna eile toisc a ainm nó a chruth. 2. Féadfaidh an Coimisiún mír 1 a leasú trí chásanna eile a chur leis. Glacfar leis na bearta seo a bhfuil sé mar aidhm acu eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 49(3). 3. Leagtar síos in Iarscríbhinn VII rialacha teicniúla chun mír 1 a chur chun feidhme, lena n-áirítear cásanna sonracha nach bhfuil gá leis an méid a thaispeáint i leith comhábhar áirithe. Airteagal 24 Cainníocht Ghlan 1. Cuirfear cainníocht ghlan an bhia in iúl, trí lítir, ceintilítir, millilítir, cileagraim nó graim, mar is iomchuí: (a) in aonaid leachta i gcás leachtanna; (b) in aonaid mhaise i gcás táirgí eile. 2. Féadfaidh an Coimisiún an chainníocht ghlan de bhianna sonracha áirithe a chur in iúl i mbealach eile a dhéantar cur síos air i mír 1. Glacfar leis na bearta seo a bhfuil sé mar aidhm acu eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 49(3). 3. Leagtar síos in Iarscríbhinn VIII rialacha teicniúla chun mír 1 a chur chun feidhme, lena n-áirítear cásanna sonracha nár gá leis an cainníocht ghlan a thaispeáint. Airteagal 25 Dáta íos-mharthanachta agus ‘úsáid roimh’ 1. I gcás bianna atá an-mheatach, ó thaobh na micreabhitheolaíochta de, nuair is dóchúil go mbainfeadh riosca láithreach do shláinte an duine leo, úsáidfear an dáta ‘úsáid roimh’ in ionad an dáta íos-mharthanachta. 2. Cuirfear an dáta iomchuí in iúl i gcomhréir le hIarscríbhinn IX. 3. Féadtar an bealach ina thaispeántar an dáta íos-mharanachta dá dtagraítear i bpointe 1(c) d’Iarscríbhinn IX a shonrú de réir an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 49(2). Airteagal 26 Treoracha úsáide 1. Taispeánfar na treoracha úsáide do bhia sa chaoi go bhféadfaí iad a úsáid go hiomchuí. 2. Féadfaidh an Coimisiún rialacha a leagadh síos maidir leis an mbealach ina ndéanfar na treoracha seo a thaispeáint i gcás bianna áirithe. Glacfar leis na bearta seo a bhfuil sé mar aidhm acu eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 49(3). Airteagal 27 Neart alcólach 1. Is iad na rialacha a úsáidtear chun an neart alcólach de réir toirte a thaispeáint, i gcás táirgí a aicmítear faoi theidil 22.04 agus 22.05 faoin gComhtharaif Chustaim, ná na rialacha atá leagtha síos i bhforálacha sonracha an Chomhphobail is infheidhme do tháirgí dá leithéid. 2. Taispeánfar an neart alcólach fíor de réir toirte do dheochanna a bhfuil breis is 1.2% alcól de réir toirte iontu, seachas na deochanna dá dtagraítear i mír 1, i gcomhréir le hIarscríbhinn X. ALT 3 DEARBHÚ COTHAITHE Airteagal 28 Baint le reachtaíocht eile 1 Ní bhainfidh forálacha an Ailt seo le bianna a thagann faoi réim na reachtaíochta seo a leanas: (a) Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir leis an gcomhfhogasú de dhlíthe de chuid na mBallstát a bhaineann le forbhianna [27]; (b) Treoir 80/777/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1980 maidir leis an gcomhfhogasú de dhlíthe de chuid na mBallstát a bhaineann le huiscí mianraí a shaothrú agus a mhargú [28]. 2. Tá feidhm ag an Mír seo gan dochar do Threoir 89/398/CEE an 3 Bealtaine 1989 ón gComhairle maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i ndáil le hearraí bia atá ceaptha chun críocha sonracha cothaithe [29] agus Treoracha sonracha dá dtagraítear in Airteagal 4(1) den Rialachán sin. Airteagal 29 Inneachar 1. Cuirfidh an dearbhú cothaithe an fhaisnéis seo a leanas san áireamh (dá ngairtear "dearbhú cothaithe sainordaitheach" anseo feasta): (a) luach fuinnimh; (b) , na méideanna saille, sáitheán, siúcraí agus salainn. Ní bheidh feidhm ag an mír seo maidir le fíon mar a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle, beoir agus biotáillí mar atá sainmhínithe in Airteagal 2(1) de Rialachán (CE) Uimh. [...] de [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhíniú, cur síos, cur i láthair, lipéadú agus tásca geografacha biotáillí a chosaint, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle. [Cúig bliana tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm] ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil ar chur i bhfeidhm Airteagal 19 ar na táirgí seo agus b'fhéidir go ngabhfaidh bearta sonracha léi lena gcinnfear na rialacha maidir le dearbhú sainordaitheach cothaithe ar na táirgí seo. Déanfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, a ghlacadh de réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 49(3); 2. Féadtar a chur san áireamh sa dearbhú cothaithe chomh maith na méideanna do cheann amháin nó níos mó de na rudaí seo a leanas: (a) tras-saillte; (b) monai-neamhsháitheáin; (c) polai-neamhsháitheáin; (d) polóil; (e) stáirse; (f) snáithín; (g) próitéin; (h) aon cheann de na mianraí nó na vitimíní atá liostaithe i bpointe 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn XI, a bhfuil ann i méideanna tábhachtacha, mar atá sainmhínithe i bpointe 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn XI. 3. Nuair a dhéantar dearbhú cothaithe agus/no dearbhú sláinte caithfear dearbhú a sholáthar don mhéid substaintí a bhaineann le nó a chuirtear san áireamh i gceann de na catagóirí cothaitheacha dá dtagraítear i mír 2. 4. Féadfaidh an Coimisiún na liostaí i míreanna 1 agus 2 a leasú. Glacfar leis na bearta seo a bhfuil sé mar aidhm acu eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 49(3). Airteagal 30 Ríomh 1. Déanfar an méid fuinnimh a ríomh trí na fachtóirí coinbhéartachta in Iarscríbhinn XII a úsáid. 2. Féadfaidh an Coimisiún na fachtóirí coinbhéartachta le haghaidh na vitimíní agus na mianraí atá luaite i bpointe 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn XI, a shocrú agus a chur san áireamh in Iarscríbhinn XII d’fhonn a gcion bia a ríomh i mbealach níos cruinne. Glacfar leis na bearta seo a bhfuil sé mar aidhm acu eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 49(3). 3. Úsáidfear na méideanna fuinnimh agus cothaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 29(1) agus (2) don bhia atá ar díol. Nuair is iomchuí, féadfaidh an fhaisnéis bheith ag tagairt don bhia tar éis a dó bheith ullmhaithe, ar coinníoll go soláthraítear miontreoracha ullmhúcháin agus go mbaineann an fhaisnéis leis an mbia atá réidh le n-ithe. 4. I gcomhréir le gach cáis, úsáidfear meánluachanna do na luachanna fógartha, atá bunaithe ar: (a) anailís bia an mhonaróra, nó (b) ar mheánluachanna aitheanta nó ar mheánluachanna iarbhír áirithe na gcomhábhar a úsáidtear; nó (c) ríomh ar na sonraí a bhunaítear agus a ghlactar leo go ginearálta. Na rialacha chun an dearbhú fuinnimh agus cothaithaigh a chur i bhfeidhm ag féachaint do bheachtas na luachanna fógartha, mar shampla na difríochtaí idir na luachanna fógartha agus na luachanna a bhunaítear le linn seiceálacha oifigiúla, féadfar cinneadh a dhéanamh ina dtaobh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 49(2). Airteagal 31 Modhanna cur in iúl 1. Cuirfear an méid fuinnimh agus cothaitheach nó a gcomhábhair dá dtagraítear in Airteagal 29(1) agus (2) in iúl trí úsáid a bhaint as na haonaid tomhais atá liostaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn XIII. 2. Cuirfear an méid fuinnimh agus cothaitheach dá dtagraítear i mír 1 in iúl sa 100 g nó sa 100 ml nó, de réir Airteagal 32(2) agus (3), de réir coda. 3. Cuirfear an dearbhú cothaithe sainordaitheach in iúl, mar is iomchuí, mar chéatadán de na hiontógálacha tagartha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn XI maidir le sa 100 g nó 100 ml nó de réir coda. Nuair a sholáthraítear dearbhú vitimíní agus mianraí, cuirfear é seo in iúl freisin mar chéatadán de na hiontógálacha tagartha a leagtar amach i gCuid B d’Iarscríbhinn XI. 4. Cuirfear an dearbhú polól agus/nó stáirse agus an dearbhú um chineál aigéad sailleach i láthair i gcomhréir le hIarscríbhinn XIII Cuid B, ach amháin an dearbhú sainordaitheach sáitheán dá dtagraítear in Airteagal 29(1)(b). Airteagal 32 Cur in iúl de réir coda 1. I dteannta leis an dearbhú cothaithe sa 100g nó sa 100ml dá dtagraítear in Airteagal 31(2), féadfar an fhaisnéis a chur in iúl de réir coda freisin mar a mheastar ar an lipéad, ar an gcoinníoll go léirítear an méid codanna atá sa phacáiste. 2. Féadfar an dearbhú cothaithe a chur in iúl de réir coda nuair a bhíonn bia réamhphacáilte i gceist a cuireadh le chéile mar chuid amháin. 3. Bunóidh an Coimisiún go ndéanfar bianna a chuirtear i láthair i bpacáistí a bhfuil codanna bia iolracha iontu, nár rinneadh iad a réamhphacáistiú mar chodanna aonair, a chur in iúl go haonarach de réir coda. Glacfar leis na bearta seo a bhfuil sé mar aidhm acu eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 49(3). Airteagal 33 Modhanna cur in iúl breise 1. I dteannta leis na modhanna cur in iúl dá dtagraítear in Airteagal 31(2) agus (3), féadfar modhanna cur in iúl eile a úsáid le haghaidh an dearbhuithe cothaithe ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na ceanglais riachtanacha seo a leanas: (a) go bhfuil sé mar aidhm ag an modh cur in iúl cabhrú le tomhaltóirí a thuiscint an méid a chuireann an bia le nó tábhacht an bhia maidir le cion fuinnimh agus cothaithigh aiste bia; agus (b) go bhfuil sé bunaithe ar iontógálacha tagartha comhchuibhithe, nó mura mbíonn siad seo ar fáil, ar chomhairle eolaíochta a ghlactar léi go ginearálta maidir le hiontógálacha fuinnimh nó cothaitheacha; agus (c) go bhfaigheann sé tacaíocht ó fhianaise a thaispeánann go bhfuil an gnáth-thomhaltóir in ann cur i láthair na faisnéise a thuiscint agus a úsáid. 2. Cuirfear aithne ar na modhanna cur i láthair breise seo i mír 1 faoi scéim náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 44. Airteagal 34 Cur i láthair 1. Cuirfear na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 31(2) a bhaineann leis an dearbhú cothaithe sainordaitheach san áireamh sa phríomhréimse radhairc. Cuirfear iad i láthair le chéile i bhformáid shoiléir mar seo a leanas, nuair is iomchuí: fuinneamh, saill, sáitheáin, siúcraí agus salann, carbaihiodráit, go háirithe maidir le siúcraí agus salann. 2. Taispeánfar an dearbhú cothaithe maidir leis na cothaithigh dá dtagraítear in Airteagal 29(2) le chéile san áit chéanna agus, mar is iomchuí, san ord ina gcuirtear i láthair iad i gCuid C d’Iarscríbhinn XIII. Mura dtaispeántar an dearbhú cothaithe seo sa phríomhréimse radhairc, cuirfear i láthair é i bhfoirm tábla, agus cuirfear na huimhreacha ar chomhréim nuair a bhíonn go leor spáis ar fáil. Mura mbíonn go leor spáis ar fáil, taispeánfar an dearbhú i bhfoirm líneach. 3. Má thaispeántar an dearbhú sainordaitheach cothaithe in éineacht leis an dearbhú cothaitheach dá dtagraítear in Airteagal 29(2), taispeánfar an fuinneamh agus na cothaithigh arna gcur san áireamh sa dearbhú, mar is iomchuí, san ord a sholáthraítear i gCuid C d’Iarscríbhinn XIII. 4. Sá chás nach bhfuil ach méid diomaibhseach fuinnimh nó méid diomaibhseach cothaitheach i dtáirge, féadfar ráiteas, amhail ‘Tá méideanna diomaibhseacha … ann’ a bheith in aice leis an dearbhú cothaithe, más ann dó, in ionad dearbhuithe cothaithe maidir leis na heilimintí sin. 5. Féadfar modhanna grafacha nó siombailí a úsáid chun an dearbhú cothaithe a chur i láthair faoin scéim náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 44 ar an gcoinníoll go gcomhlíontar na ceanglais seo a leanas: (a) ní chuirfidh na modhanna a úsáidfear chun an dearbhú a chur i láthair an tomhaltóir amú; agus (b) beidh fianaise ann a thaispeánann go bhfuil an gnáth-thomhaltóir in ann na modhanna seo a thuiscint. 6. Féadfaidh an Coimisiún gnéithe eile a bhaineann le cur i láthair an dearbhuithe cothaithe a bhunú, ach amháin na rialacha dá dtagraítear i mír 5. Glacfar leis na bearta seo a bhfuil sé mar aidhm acu eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 49(3). CAIBIDIL V FAISNÉIS DHEONACH FAOI BHIA Airteagal 35 Ceanglais is infheidhme 1. Nuair a sholáthraítear faisnéis bia ar bhonn deonach a thagann faoin Rialachán seo, comhlíonfaidh faisnéis dá leithéid na ceanglais shonracha ábhartha a leagtar síos sa Rialachán seo. 2. Gan dochar do lipéadú i gcomhréir le reachtaíocht shonrach Chomhphobail, beidh feidhm ag míreanna 3 agus 4 nuair a chuirtear tír thionscnaimh nó bunáitíocht bia in iúl go deonach ionas go mbeidh a fhios ag tomhaltóirí gur as an Aontas Eorpach, nó as tír nó ionad áirithe atá an bia, nó gur i gceann de na hionaid sin a tionscnaíodh an bia. 3. Nuair nach ionann tír thionscnaimh an bhia nó bunáitíocht an bhia agus tír thionscnaimh nó bunáitíocht cheann dá phríomh-comhábha(i)r, tabharfar le fios tír thionscnaimh nó bunáitíocht an comhábhair/na comhábhair sin freisin. 4. I gcás na feola, seachas mairteoil agus laofheoil, ní féidir an tásc i leith na tíre tionscnaimh nó na bunáitíochta a thabhairt le fios mar aon áit amháin ach amháin más rud é gur rugadh, togadh agus maraíodh na hainmhithe san aon tír nó san aon áit amháin. I ngach cás eile tabharfar eolas faoi gach ceann de na háiteanna breithe, tógála agus maraithe. 5. Bunóidh an Coimisiún rialacha cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm mhír 3. Déanfar na bearta sin, a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú, a ghlacadh de réir an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 49(3). 6. Féadfaidh an Coimisiún rialacha cur chun feidhme a bhunú maidir le coinníollacha agus critéir úsáide sonraí arna soláthar go deonach. Glacfar na bearta a ceapadh chun eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú trína fhorlíonadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin le grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 49(3). Airteagal 36 Cur i láthair Ní thaispeánfar faisnéis dheonach a dhéanfadh dochar don spás atá ar fáil le haghaidh faisnéise sainordaithí. CAIBIDIL VI FORÁLACHA NÁISIÚNTA Airteagal 37 Prionsabal Ní fhéadfaidh na Ballstáit forálacha a ghlacadh i réimse na faisnéise bia ach amháin nuair a dhéantar foráil dó sa Rialachán seo. Airteagal 38 Forálacha náisiúnta maidir le sonraí sainordaitheacha breise 1 Mar bhreis ar na sonraí sainordaitheacha dá dtagraítear in Airteagal 9(1) agus in Airteagal 10, féadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha síos in Airteagal 42, sonraí breise sainordaitheacha a cheangal i gcás saghsanna nó i gcás catagóirí éagsúla bianna, rud a bhfuil call leis ar na forais seo a leanas: (a) sláinte an phobail a chosaint; (b) tomhaltóirí a chosaint; (c) bac a chur ar chalaois (d) cearta maoine tionsclaíocha agus tráchtála, léiriú ar an áit óna dtagann siad, ainmnithe cláraithe ionaid tionscnaimh agus cosc ar iomaíocht éagórach a chosaint. 2. Ní fhéadfaidh na Ballstáit, trí mhír 1, bearta a thabhairt isteach maidir le tásc sainordaitheach i leith tír tionscnaimh bianna nó i leith bunáitíocht bianna ach amháin sa chás go bhfuil baint chruthaithe idir tréithe áirithe an bhia agus a ionad tionscnaimh nó a bhunáitíocht. Agus bearta dá leithéidí á gcur in iúl don Choimisiún, cuirfidh na Ballstáit fianaise ar fáil lena léirítear gur an-mhór ag tomhaltóirí soláthar an faisnéise seo. Airteagal 39 Bainne agus táirgí bainne Féadfaidh Ballstáit glacadh le bearta a thugann maolú ó Airteagal 9(1) agus Airteagal 10(2) i gcás bainne agus táirgí bainne i mbuidéil ghloine atá beartaithe iad a athúsáid. Cuirfidh siad téacs na mbearta seo in iúl don Choimisiún gan mhoill. Airteagal 40 Deochanna alcólacha Féadfaidh na Ballstáit, go dtí go nglacfar na forálacha Comhphobail dá dtagraítear in Airteagal 20(e) , rialacha náisiúnta maidir le comhábhair a liostú i gcás deochanna a bhfuil breis is 1.2% alcól de réir toirte iontu a choinneáil. Airteagal 41 Bearta náisiúnta le haghaidh bia neamh-réamhphacáilte 1. Nuair atá bia gan réamhphacáistíocht ar díol leis an tomhaltóir deiridh nó le oll-lónadóirí, nó nuair a phacáistítear bia sa díolphointe ar iarratas ón tomhaltóir, nó nuair a réamhphacáiltear bia le haghaidh díolacháin dhírigh, féadfaidh na Ballstáit rialacha mionsonraithe a ghlacadh i ndáil leis an gcaoi ina bhfuil na sonraí dá sonraítear in Airteagail 9 agus 10 le taispeáint. 2. Féadfaidh na Ballstáit an cinneadh a dhéanamh gan soláthar sonraí áirithe dá dtagraítear i mír 1 a cheangal, seachas na sonraí dá dtagraítear Airteagal 9(1) (c), ar choinníoll go dtugtar a dhóthain eolais don tomhaltóir nó don oll-lonadóir. 3. Déanfaidh na Ballstáit an téacs ina bhfuil na bearta dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a chur faoi bhráid an Choimisiún gan mhoill. Airteagal 42 Nós imeachta fógartha 1. I gcás ina ndéantar tagairt don Airteagal seo, déanfaidh an Ballstát, a cheapann gur gá reachtaíocht nua maidir le faisnéis bia a ghlacadh, na bearta atá beartaithe aige agus na cúiseanna leo a chur in iúl roimh ré don Choimisiún agus do na Ballstáit eile. 2. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an mBuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe mar a bunaíodh le hAirteagal 58(1) de Rialachán (CE) Uimh.178/2002 má cheapann sé go mbeadh sé úsáideach nó ar iarratas ó Bhallstát. 3. Ní fhéadfaidh an Ballstát i dtrácht na bearta atá beartaithe aige a dhéanamh go dtí trí mhí tar éis an fhógra dá dtagraítear i mír 1, ar choinníoll nach bhfuarthas tuairim dhiúltach ón gCoimisiún. 4. Má bhíonn an Coimisiún de thuairim dhiúltach, cuirfidh sé tús leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 49(2) roimh dheireadh na trí míosa seo d’fhonn a fháil amach an bhféadfaí na bearta atá leagtha amach a chur i bhfeidhm. Féadfaidh an Coimisiún leasuithe áirithe a lorg maidir leis na bearta atá beartaithe. Ní fhéadfaidh an Ballstát i dtrácht na bearta sin a dhéanamh go dtí go nglacfaidh an Choimisiún cinneadh críochnaitheach. 5. Ní bheidh feidhm ag Treoir 98/34/CE an 22 Meitheamh 1998 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos nós imeachta d'fhonn faisnéis a sholáthar i réimse na gcaighdeán agus na rialachán teicniúil [30], ní bheidh feidhm aici maidir leis na bearta a thagann faoin nós imeachta fógraíochta atá sonraithe i míreanna 1 go 4. Airteagal 43 Rialacha mionsonraithe Féadfaidh an Coimisiún glacadh le rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme na Caibidle seo. Glacfar leis na bearta seo a bhfuil sé mar aidhm acu eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 49(3). CAIBIDIL VII FORBAIRT NA SCÉIMEANNA NÁISIÚNTA Airteagal 44 Scéimeanna Náisiúnta 1. Féadfaidh na Ballstáit scéimeanna náisiúnta a ghlacadh, a mholadh nó a fhormhuiniú nuair is éard atá iontu rialacha neamhcheangailteacha, amhail , moltaí, treoir, caighdeáin nó aon rialacha neamhcheangailteacha eile, (dá ngairtear ‘scéimeanna náisiúnta’ anseo feasta) a bhfuil sé mar aidhm acu na forálacha seo a leanas a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis na ceanglais bhunúsacha a leagtar amach iontu: (a) Airteagal 33(2), a bhaineann leis na bealaí eile ina gcuirtear an dearbhú cothaitheach in iúl; (b) Airteagal 34(5), a bhaineann le cur i láthair an dearbhaithe cothaithe. 2. Féadfaidh an Coimisiún, trí scéimeanna náisiúnta, féachaint chuig cur chun feidhme fhorálacha eile an dlí maidir le faisnéis bia, mar aon le cur chun feidhme na bhforálacha atá liostaithe i mír 1 agus na gceanglas bunúsacha ábhartha. Glacfar na bearta seo a bhfuil sé mar aidhm acu eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 49(3). 3. Féadfaidh na Ballstáit scéimeanna náisiúnta a fhorbairt as a gconlán féin nó ar iarratas ó gheallsealbhóirí i gcomhlíonadh na bprionsabal agus na riachtanas ginearálta dá bhfuil leagtha síos i gCaibidil II agus III den Rialachán seo, agus: (a) mar thoradh ar thaighde fhónta ar thomhaltóirí fónta; agus (b) i ndiaidh comhairliúcháin fhorleathain le raon leathan geallsealbhóirí bunaithe ar dhea-chleachtas; 4. Sna scéimeanna náisiúnta áireofar meicníochtaí oiriúnacha a chuirfidh ar chumas na dtomhaltóirí na bianna siúd a aithint a bhfuil an lipéadú orthu i gcomhlíonadh na scéimeanna náisiúnta, monatóireacht a dhéanamh ar leibhéal comhlíonta na scéime, agus an iarmhairt a mheasúnú. 5. Tabharfaidh na Ballstáit sonraí don Choimisiún maidir leis na scéimeanna náisiúnta dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear aitheantóir le haghaidh bianna a gcomhlíonann an lipéadú atá orthu an scéim náisiúnta sin. Cuirfidh an Coimisiún na sonraí sin ar fáil don phobal, go háirithe trí leathanach gréasáin a bheidh ceaptha díreach chun na críche sin. 6. Spreagfaidh an Coimisiún agus eagróidh sé, idir na Ballstáit agus idir an Coimisiún agus na Ballstáit, malartú faisnéise faoi chúrsaí a bhaineann le glacadh agus cur chun feidhme na scéimeanna náisiúnta. Spreagfaidh an Coimisiún na geallsealbhóirí chun páirt a ghlacadh i malartú dá leithéid, go háirithe tríd an nGrúpa Comhairleach maidir leis an mBiashlabhra agus Sláinte Ainmhithe agus Plandaí arna bhunú ag Cinneadh 2004/613/CE an 6 Lúnasa 2004 ón gCoimisiún i ndáil le grúpa comhairleach maidir leis an mbiashlabhra agus sláinte ainmhithe agus plandaí [31]. 7. Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit, treoirlínte maidir le cur chun feidhme an Airteagail seo a ghlacadh. Airteagal 45 Toimhde na comhréireachta 1. Toimhdeofar go gcomhlíonann aon fhaisnéis bia a sholáthraítear i gcomhréir le scéim náisiúnta na ceanglais riachtanacha dá dtagraítear in Airteagal 44(1) agus (2). 2. Ní chuirfear bac ar shaorghluaiseacht táirgí mar thoradh ar chur chun feidhme scéimeanna náisiúnta. Airteagal 46 Bearta Comhphobail 1. Má fheictear don Choimisiún nach bhfuil scéim náisiúnta i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo, féadfaidh sé cinneadh a ghlacadh, tar éis dó an Coiste dá dtagraítear in Airteagal 49(1) a chur ar an eolas, lena n-iarrfar ar Bhallstát an scéim náisiúnta sin a aisghairm nó a leasú. 2. Féadfaidh an Coimisiún bearta cur chun feidhme a ghlacadh a bhaineann leis na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 44(1) agus (2). Glacfar na bearta sin a bhfuil sé mar aidhm acu eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 49(3). Airteagal 47 Rialacha cur chun feidhme Féadfaidh an Coimisiún glacadh le rialacha mionsonracha chun an Chaibidil seo a chur chun feidhme. Glacfar leis na bearta seo a bhfuil sé mar aidhm acu eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 49(2). CAIBIDIL VIII FORÁLACHA CUR CHUN FEIDHME, LEASAITHEACHA AGUS CRÍOCHNAITHEACHA Airteagal 48 Oiriúnuithe teicniúla Féadfaidh an Coimisiún na hIarscríbhinní a leasú, faoi réir na forálacha a bhaineann le leasuithe ar Iarscríbhinní II agus III dá dtagraítear in Airteagal 10(2) agus Airteagal 22(2). Glacfar leis na bearta seo a bhfuil sé mar aidhm acu eilimintí neamhriachtanacha an Rialacháin seo a leasú trína fhorlíonadh, i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá dtagraítear in Airteagal 49(3). Airteagal 49 Coiste 1. Gheobhaidh an Coimisiún cúnamh ón mBuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe. 2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagail 5 agus 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagail 8 de. Trí mhí a bheidh sa tréimhse a leagtar síos in Airteagal 5(6) de Chinneadh 1999/468/CE. 3. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a (1) go (4) agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagail 8 de. 4. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5a(1), (2), (4) agus (6), agus ag Airteagal 7 de Chinneadh 1999/468/CE, ag féachaint d’fhorálacha Airteagail 8 de. Airteagal 50 Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 Cuirfear an méid seo a leanas in ionad an chéad mhír agus an dara mír in Airteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006: “Beidh an oibleagáid agus na modúlachtaí le haghaidh faisnéise a sholáthar de bhun [Caibidil IV, Cuid 3 de Rialachán (CE) Uimh. …ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle]* i bhfeidhm mutatis mutandis nuair a dhéantar dearbhú cothaithe agus/nó sláinte, ach i gcás fógraíochta cineálaí. Ina theannta sin, agus de réir mar a bheidh, luafar an méid/na méideanna substainte/substaintí lena mbaineann dearbhuithe cothaithe nó sláinte, nach dtaispeántar é/iad ar an lipéad cothaithe, sa réimse radhairc céanna mar dearbhú cothaithe agus féadtar é/iad a chur iúl i gcomhréir le Airteagail 30 go 32 de [Rialachán (CE) Uimh.…]. * IO L …,ll/mm/bbbb, lch. ...”. Airteagal 51 Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 1. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad mír 6 d’Airteagal 6 de Rialachán (CE) 1925/2006: “6. Nuair a chuirtear vitimín nó mianra le bia beidh méid an-bheag ar a laghad den vitimín nó den mhianra sin ann sa bhia nuair a shonraítear é seo i gcomhréir le [pointe 2 de Chuid A d’Iarscríbhinn XI de Rialachán (CE) Uimh.…]*. Glacfar leis na híosmhéideanna, lena n-áirítear aon mhéideanna íslithe mar mhaolú ó na méideanna tábhachtacha thuasluaite, le haghaidh bianna nó catagóirí bianna sonracha, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 14(2). * IO L …,ll/mm/bbbb, lch. ...”. 2. Cuirfear an méid seo a leanas in ionad mír 3 d’Airteagal 7 de Rialachán (CE) 1925/2006: “3. Ní mór lipéadú cothaithe a sholáthar do tháirgí a cuireadh vitimíní nó mianraí leo agus a thagann faoin Rialachán seo. Soláthrófar an fhaisnéis a shonraítear in Airteagal 29(1) de [Rialachán (CE) Uimh.…] agus na méideanna iomlána vitimíní agus mianraí atá ann sa bhia nuair a cuireadh leis an mbia iad”. Airteagal 52 Aisghairm 1. Tá Treoracha 2000/13/CE, 87/250/CE, 94/54/CE, 1999/10/CE, 2002/67/CE, 2004/77/CE agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 aisghairthe le héifeacht ón dáta a dtagann an Rialachán i bhfeidhm. 2. Tá Treoir 90/496/CEE aisghairthe ón [5 bliana ón dáta a dtagann sé i bhfeidhm]. 3. Forléireofar tagairtí a dhéantar do na hachtanna aisghairthe mar tagairtí don Rialachán seo Airteagal 53 Teacht i bhfeidhm Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá i ndiaidh an lá a fhoilsítear é in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh feidhm ag Airteagal 14(1) ón [gcéad lá den mhí trí bliana i ndiaidh a theacht i bhfeidhm]. Beidh feidhm ag Airteagail 29 go 34 ón [gcéad lá den mhí trí bliana i ndiaidh a theacht i bhfeidhm] seachas i gcás bianna arna lipéadú ag oibreoirí bia gnó ina bhfuil níos lú ná deichniúr fostaithe, ar an dáta a thagann sé i bhfeidhm, agus ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil agus/nó iomlán a gclár chomhardaithe bliantúil faoi bhun EUR 2 mhilliún, cás ina mbeidh feidhm acu [ar an gcéad lá den mhí cúig bliana i ndiaidh a theacht i bhfeidhm]. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát. Arna dhéanamh sa Bhruiséil, Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle An tUachtarán An tUachtarán IARSCRÍBHINN I SAINMHÍNITHE SONRACHA Dá dtagraítear in Airteagal 2(4) 1. ciallaíonn ‘dearbhú cothaithe’ nó ‘lipéadú cothaithe’ an fhaisnéis a chuireann san áireamh: (a) luach fuinnimh; nó (b) luach fuinnimh agus ceann amháin nó níos mó de na cothaithigh seo a leanas: – saill, – carbaihiodráit, – snáithín, – próitéin, – salann, – vitimíní agus mianraí atá liostaithe in Iarscríbhinn XI, Cuid A; pointe 1 a bhfuil méideanna tábhachtacha dóibh ann mar a shonraítear in Iarscríbhinn XI, Cuid A; pointe 2. 2. ciallaíonn ‘saill’ lipidí iomlána, a chuireann fosfailipidí san áireamh; 3. ciallaíonn ‘sáitheáin’ aigéid sailleacha gan nasc dúbailte; 4. ciallaíonn ‘tras-saill’ aigéid sailleacha ina bhfuil ar a laghad nasc dúbailte carbóin-carbóin neamhchomhchuingeach (eadhon cuireann grúpa meitiléine amháin isteach air) amháin sa thras chumraíocht. 5. ciallaíonn ‘monai-neamhsháitheáin’ aigéid sailleacha le nasc dúbailte cis amháin; 6. ciallaíonn ‘polai-neamhsháitheáin’ aigéid sailleacha le naisc dúbailte cis, cis- meitiléine idirscortha; 7. ciallaíonn ‘carbaihiodráit’ aon charbaihiodráit a dhéantar a mheitibiliú i nduine, a chuireann polóil san áireamh; 8. ciallaíonn ‘siúcraí’ na monaisiúicrídí agus na déshiúicrídí ar fad atá sa bhia, gan polóil a chur san áireamh ; 9. ciallaíonn ‘polóil’ alcóil le dhá ghrúpa hiodrocsaile nó níos mó iontu; 10. ciallaíonn ‘próitéin’ an méid próitéine a ríomhtar tríd an fhoirmle seo a leanas a úsáid: próitéin = nitrígin Kjeldahl iomlán × 6,25; 11. ciallaíonn ‘salann’ an méid salainn a ríomhtar tríd an fhoirmle seo a leanas a úsáid: salann = sóidiam × 2,5; 12. ciallaíonn ‘meánluach’ an luach is fearr a sheasann don mhéid cothaithigh i mbia áirithe, a chuireann san áireamh inathraitheacht séasúrach, gréasáin tomhaltais agus dálaí eile a d’fhéadfadh an fíorluach a athrú; 13. ciallaíonn ‘príomhréimse radhairc’ an réimse radhairc is féidir í a chur i láthair nó a fheiceáil faoi choinníollacha normalacha nó gnáthchoinníollacha diolacháin nó úsáide. IARSCRÍBHINN II COMHÁBHAIR IS CÚIS LE hAILLÉIRGÍ NÓ ÉADULAINGT 1. Gránaigh a bhfuil glútan (eadhon cruithneacht, seagal, eorna, coircí, speilt, camut nó a dtréithchineálacha hibridithe) iontu agus táirgí a rinneadh astu, ach amháin: (a) síoróipí glúcóis chruithneacht-bhunaithe, lena n-áirítear deaslós [32]; (b) maltódeisliní chruithneacht-bhunaithe1; (c) síoróipí glúcóis sheagal-bhunaithe; (d) gránaigh a úsáidtear chun driogáití nó alcól eitile de bhunús talmhaíochta a dhéanamh le haghaidh deochanna biotáille agus deochanna a bhfuil breis is 1.2 % alcól de réir toirte iontu. 2. Crústaigh agus táirgí a rinneadh astu. 3. Uibheacha agus táirgí a rinneadh astu. 4. Éisc agus táirgí a rinneadh astu, ach amháin: (a) geilitín iasc a úsáidtear mar iompróir d’ullmóidí vitimíne nó caraitéanóideacha; (b) geilitín iasc nó Isinglass a úsáidtear mar oibreán mínitheach i mbeoir agus i bhfíon. 5. Píseanna talún agus táirgí a rinneadh astu. 6. Pónairí soighe agus táirgí a rinneadh astu, ach amháin: (a) ola agus saill pónaire soighe atá scagtha go hiomlán1; (b) tócaifearóil mheasctha nádúrtha (E306), tócaifearól D-alfa nádúrtha, aicéatáit tócaifearóil D-alfa nádúrtha, sucanáit tócaifearóil D-alfa nádúrtha ó fhoinsí pónaire soighe; (c) fíteastaróil agus eistir fíteastaróil díorthaithe ó olaí glasraí ó fhoinsí pónaire soighe; (d) eistear stanóil planda a tháirgtear ó staróil ola glasraí ó fhoinsí pónaire soighe; 7. Bainne agus táirgí a rinneadh as (lena n-áirítear lachtós), ach amháin: (a) meadhg a úsáidtear chun driogáití nó alcól eitile de bhunús talmhaíochta a dhéanamh le haghaidh deochanna biotáille agus deochanna a bhfuil breis is 1.2 % alcól de réir toirte iontu. (b) lachtol. 8. Cnónna, eadhon almóinní (Amygdalus communis L.), cnónna coill (Corylus avellana), gallchnónna (Juglans regia), cnónna caisiú (Anacardium occidentale), cnónna pecan (Carya illinoiesis (Wangenh.) K. Koch), cnónna Brasáileacha (Bertholletia excelsa), cnónna pistéise (Pistacia vera), cnónna macadamia agus cnónna Thír na Banríona (Macadamia ternifolia), agus táirgí a rinneadh astu, ach amháin: (a) cnónna a úsáidtear chun driogáití nó alcól eitile de bhunús talmhaíochta a dhéanamh le haghaidh deochanna biotáille agus deochanna a bhfuil breis is 1.2 % alcól de réir toirte iontu. 9. Soilire agus táirgí a rinneadh as. 10. Mustard agus táirgí a rinneadh as. 11. Síolta seasamain agus táirgí a rinneadh astu. 12. Dé-ocsáid sulfair agus suilfítí ag comhchruinnithe de bhreis is 10 mg/kg nó 10 mg/lítear arna shonrú mar SO2. 13. Lúipín agus táirgí a rinneadh as. 14. Moilisc agus táirgí a rinneadh astu. IARSCRÍBHINN III BIANNA AR GÁ CEANN AMHÁIN NÓ NÍOS MÓ DE SHONRAÍ BREISE A ÁIREAMH AR A gCUID LIPÉAD CINEÁL Nó CATAGóIR BIA | SONRAí | 1. BIANNA ATÁ PACÁISTITHE I nGÁIS ÁIRITHE | 1.1 Bianna a cuireadh lena marthanacht trí úsáid gás pacáistíochta atá údaraithe de bhun Treoir 89/107/CEE [33] ón gComhairle | 'Pacáistithe in atmaisféar cosanta' | 2. BIANNA LE MILSEOIRÍ IONTU | 2.1 Bianna le milseoir nó le milseoirí iontu atá údaraithe de bhun Treoir 89/107/CEE | “ina bhfuil milseoir(í)', rachfaidh an dearbhú seo le hainm an bhia. | 2.2 Bianna le siúcra nó siúcraí breise agus milseoir nó milseoirí iontu atá údaraithe de bhun Treoir 89/107/CEE | 'le siúcra(í) agus milseoir(í)' rachaidh an dearbhú seo le hainm an bhia. | 2.3 Bianna le haspairtéim iontu atá údaraithe de bhun Treoir 89/107/CEE | 'tá foinse feiniolalainín ann' | 2.4 Bianna a cuireadh breis is 10% polól leo atá údaraithe de bhun Treoir 89/107/CEE | 'd’fhéadfadh éifeachtaí purgóideacha a bheith mar thoradh ar thomhailt iomarcach' | 3. BIANNA LE hAIGÉAD glycyrrhizinic nó a shalann amÓiniam iontu | 3.1 Milseogra nó deochanna le haigéad glycyrrhizinic nó a shalann amóiniam iontu toisc gur cuireadh substaint(í) nó an planda liocrais Glycyrrhiza glabra leo, ag comhchruinnithe de 100 mg/kg nó 10 mg/l nó níos mó. | Cuirfear 'tá liocras ann'díreach i ndiaidh an liosta comhábhar, ach amháin nuair a bhíonn an téarma “liocras” curtha san áireamh sa liosta comhábhar nó in ainm an bhia cheana. Mura mbíonn liosta comhábhar ar fáil, rachaidh an dearbhú seo le hainm an bhia. | 3.2 Milseogra nó deochanna le haigéad glycyrrhizinic nó a shalann amóiniam iontu toisc gur cuireadh substaint(í) nó an planda liocrais Glycyrrhiza glabra leo, ag comhchruinnithe de 4 g/kg nó níos mó. | Cuirfear 'tá liocras ann – ní chóir do dhaoine le hipirtheannas a lán den táirge seo a ithe' síos ag deireadh an liosta comhábhar. Mura mbíonn liosta comhábhar ar fáil, rachaidh an dearbhú seo le hainm an bhia. | 3.3 Deochanna le haigéad glycyrrhizinic nó a shalann amóiniam iontu toisc gur cuireadh substaint(í) nó an planda liocrais Glycyrrhiza glabra leo, ag comhchruinnithe de 50 mg/kg nó níos mó nó de 300 mg/l nó níos mó i gcás deochanna le breis is 1.2% alcól de réir toirte iontu [34]. | Cuirfear 'tá liocras ann – ní chóir do dhaoine a bhfuil hipirtheannas orthu a lán den táirge seo a chaitheamh' síos ag deireadh an liosta comhábhar. Mura mbíonn liosta comhábhar ar fáil, rachaidh an dearbhú le hainm an bhia. | 4. DEOCHANNA LE hardchion caifÉine | 4.1 Deochanna, seachas deochanna atá bunaithe ar chaife, ar tae nó ar úsc caife nó ar úsc tae nuair atá na focail “caife” nó “tae” ina gcuid d'ainm an bhia, deochanna atá: ceaptha bheith ólta gan aon athrú orthu agus a bhfuil níos mó ná 150 mg/l caiféine iontu , ar neamhchead dá mbunús, nó i ndlúthfhoirm nó i bhfoirm thirim a chuirtear caiféin iontu le linn an phróisis athdhéanta, ar neamhchead dá mbunús, agus a bhfuil níos mó ná 150 mg/l caiféine iontu | 'ardchion caiféine' sa réimse radhairc chéanna ina thaispeántar ainm na dí, agus déantar tagairt don chion caiféine atá curtha in iúl i mg/100 ml ina dhiaidh sin i lúibíní i gcomhréir le hAirteagal 16(5) den Rialachán seo. | 5. BIANNA LE FÍTEASTARÓIL, EISTIR FÍTEASTARÓIL, FÍTEASTANÓIL NÓ EISTIR FÍTEASTANÓIL | 5.1 Bianna nó comhábhair bia ina gcuirtear fíteastaróil, eistir fíteastaróil, fíteastanóil nó eistir fíteastanóil bhreise | (1) 'ina bhfuil stéaróil phlanda breise' nó 'ina bhfuil stanóil phlanda breise' sa réimse radhairc chéanna ina dtaispeántar ainm an bhia;(2) sonrófar an méid fíteastaról, eistear fíteastaról, fíteastanól nó eistear fíteastanól sa táirge (curtha in iúl i % nó mar g saor-staról planda/saor-stanól planda sa 100 g nó 100 ml bia) sa liosta comhábhar;(3) dearbhú a léiríonn go bhfuil an bia beartaithe do dhaoine gur mhian leo a leibhéal colaistéaróil fola a laghdú;(4) dearbhú a léiríonn nach féidir le daoine go bhfuil cógas a laghdaíonn a gcolaistéaról á thógáil acu an táirge seo a ithe, ach amháin faoi lia-mhaoirsiú;(5) dearbhú atá éasca le feiceáil a léiríonn nach bhféadfadh an bia a bheith oiriúnach ó thaobh cothaithe de do mhná torracha nó do mhá atá ag tabhairt an chíoch dá leanbh nó do pháistí faoi chúig bliana d’aois;(6) comhairle a léiríonn gur gá an bia a úsáid mar chuid de réim cothromaithe, ilchineálach bia, lena n-áirítear torthaí agus glasraí a ithe go rialta chun cabhrú le leibhéil charaitéanóideacha a chosaint;(7) dearbhú sa réimse chéanna radhairc ina bhfuil an dearbhú an a cheanglaítear faoi phointe 3) thuas, a thugann le fios nár chóir breis is 3gde stéaróil bhreise phlanda/stanóil phlanda in aghaidh an lae a chaitheamh;(8) cur síos ar chuid an bhia nó ar chuid an chomhábhair bia ábhartha (i g nó i ml de rogha) a léiríonn an méid stéaróil/stanóil planda i ngach cuid. | IARSCRÍBHINN IV BIANNA NACH GÁ DEARBHÚ COTHAITHE SAINORDAITHIGH A THAISPEÁINT DÓIBH – táirgí neamhphróiseáilte a chuimsíonn comhábhar amháin nó catagóir comhábhar amháin; – táirgí próiseáilte nach ndearnadh ach iad a dheatú nó a n-aibiú agus iad á phróiseáil a chuimsíonn comhábhar amháin nó catagóir comhábhar amháin; – uiscí atá beartaithe le haghaidh tomhaltais ag daoine, lena n-áirítear uiscí nár cuireadh ach dé-ocsáid charbóin agus/nó blaistithe leo mar chomhábhair; – luibh, spíosra nó meascán den dá rud; – salann agus ionaid salainn; – táirgí a chlúdaíonn Treoir 1999/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Feabhra 1999 a bhaineann le húisc caife agus siocaire [35], pónairí caife iomlána nó meilte agus pónairí caife iomlána nó meilte gan chaiféin; – insileadh luibhe, tae, tae gan chaiféin, tae ar an toirt nó intuaslagtha nó úsc tae, tae ar an toirt nó intuaslagtha nó úsc tae gan chaiféin, nach gcuirtear comhábhair bhreise leo; – fínéagair choipthe agus ionadaithe fínéagair, lena n-áirítear fínéagair nár cuireadh ach blastaithe leo mar chomhábhar; – blaistithe; – breiseáin bia; – áiseanna próiseála; – einsímí bia; – geilitín nó – cumaisc chun subh a théachtadh; – giosta; – bia pacáistithe nó bia i gcoiméadain nach bhfuil níos mó ná 25 cm2 ar a ndromchla is mó; – bia a dhíolann daoine príobháideacha mar chuid de ghníomhaíochtaí ócáideacha, nach ndíoltar iad mar chuid de ghníomhaíochtaí leanúnacha agus eagraítear iad go pointe áirithe; – bia a sholáthraíonn monaróirí i méideanna beaga táirgí don tomhaltóir deireanach nó do bhunaíochtaí miondíola áitiúla a sholáthraíonn táirgí don tomhaltóir deireanach go díreach; – bia sa phacáiste inmheánach nach bhfuil beartaithe é a dhíol gan an pacáistiú seachtrach (soláthrófar an fhaisnéis chothaithe ar an bpacáistiú seachtrach ach amháin má bhaineann sé le catagóirí bianna a dhéantar iad a dhíolmhú faoin Iarscríbhinn seo). IARSCRÍBHINN V AINM AN BHIA AGUS NA SAINSHONRAÍ A THÉANN LEIS CUID A – AINM AN BHIA 1. Beidh sé ceadaithe ainm an bhia céanna a úsáid sa Bhallstát is a úsáidtear chun an táirge a dhéanamh nó a mhargú sa Bhallstát táirgthe. Mura n-éireodh le cur chun feidhme fhorálacha eile an Rialacháin seo, agus na forálacha a leagtar amach in Airteagal 11 go háirithe, é a chur ar chumas tomhaltóirí sa Bhallstát margaíochta faisnéis a bheith acu ar fhíornádúr an bhia agus idirdhealú a dhéanamh idir an bia seo agus bianna eile gur féidir iad a thógáil in ábhraíocht leis, cuirfear faisnéis thuairisciúil eile ar fáil leis an ainm a thaispeánfar in aice leis. 2. I gcásanna eisceachtúla, ní dhéanfar ainm bia an Bhallstáit táirgthe a úsáid sa Bhallstát margaíochta nuair a bhíonn difríochtaí móra idir an bia seo, ó thaobh a chomhdhéanaimh nó a phróisis mhonaraithe de, agus an bia a bhíonn a fhios ag daoine air faoin ainm sin, cé nach bhfuil na forálacha i bpointe 1 leormhaith chun deimhin a dhéanamh de go bhfaigheann an ceannaitheoir sa Bhallstát margaíochta an fhaisnéis cheart. 3. Ní féidir aon ainm atá cosanta de bhrí gur maoin intleachtúil é, , ainm branda nó ainm fantaise a úsáid in ionad ainm an bhia. CUID B – SONRAÍ sainordaitheacha A THÉANN LE hAINM AN BHIA 1. Cuirfidh ainm an bhia san áireamh nó rachaidh sonraí leis maidir le dáil fhisiceach an bhia nó an bealach inar athraíodh é (mar shampla, púdraithe, reothriomaithe, íosreoite, mear-reoite, dlútha, deataithe) sa chás go bhféadfaí an ceannaitheoir a chur amú mura mbíonn an fhaisnéis seo ar fáil. 2. Taispeánfar ceann de na tásca seo a leanas ar bhianna atá cóireáilte le radaíocht ianaíoch: ‘ionradaithe’ nó ‘cóireáilte le radaíocht ianaíoch’. CUID C – CEANGLAIS SHONRACHA A BHAINEANN LE hAINMNIÚ ‘MIONFHEOIL’ 1. Critéir comhdhéanaimh a dhéantar a sheiceáil ar bhonn meáin laethúil: | Cion saille | Fíochán tacaíochta: cóimheas próitéine feola | — mionfheoil thrua | ≤ 7 % | ≤ 12 | — fíor-mhionmhairteoil | ≤ 20 % | ≤ 15 | — mionfheoil ina bhfuil feoil muice | ≤ 30 % | ≤ 18 | — mionfheoil ó speicis eile | ≤ 25 % | ≤ 15 | 2. Mar mhaolú ó na ceanglais a leagtar síos i gCaibidil IV de Chuid V d’Iarscríbhinn III de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, taispeánfar na focail seo a leanas ar an lipéadú: – ‘céatadán saille faoi…’, – ‘fíochán tacaíochta: cóimheas próitéine feola faoi...’. 3. Féadfaidh na Ballstáit ligint do mhionfheoil a theipeann uirthi na critéir a leagtar síos i bpointe 1 den Chuid seo a chur ar an margadh náisiúnta le marc náisiúnta uirthi ionas nach féidir í a thógáil in ábhraíocht leis na marcanna eile dá bhforáiltear in Airteagal 5(1) de Rialachán (CE) Uimh. 853/2004. IARSCRÍBHINN VI COMHÁBHAIR A THAISPEÁINT AGUS A AINMNIÚ CUID A – FORÁLACHA SONRACHA A BHAINEANN LE COMHÁBHAIR A THAISPEÁINT IN ORD ÍSLITHEACH DE RÉIR MEÁCHAIN Catagóir comhábhair | Foráil a bhaineann le meáchan a thaispeáint | 1. Uisce agus táirgí soghalaithe a chuirtear le táirge | Déanfar na comhábhair seo a liostú in ord íslitheach de réir meáchain sa táirge críochnaithe. Déanfar an méid uisce a chuirfear leis an mbia mar chomhábhar a ríomh trí mhéid iomlán na gcomhábhar eile a ghearradh de mhéid iomlán an táirge críochnaithe. Ní chaithfear an méid seo a chur san áireamh ach amháin nuair a sheasann sé do bhreis is 5 % den táirge críochnaithe de réir meáchain. | 2. Comhábhair a úsáidtear i ndlúthfhoirm nó i bhfoirm thirim a athdhéantar ag an am monaraithe | Féadfar na comhábhair seo a liostú in ord íslitheach de réir meáchain mar a taifeadadh sular tiubhaíodh nó díhiodráitíodh iad. | 3. Comhábhair a úsáidtear i ndlúththáirgí nó i dtáirgí díhiodráitithe, atá beartaithe iad a athdhéanamh trí uisce a chur leo | Féadfar na comhábhair seo a liostú in ord a gciona sa táirge athdhéanta ar an gcoinníoll go gcuirtear frása leo, mar shampla, ‘comhábhair an táirge athdhéanta’, nó ‘comhábhair an táirge réidh le húsáid’. | 4. Torthaí, glasraí nó beacáin, a dhéantar iad a úsáid i meascán mar chomhábhair bia, nach bhfuil meáchan mór orthu, agus a bhfuil seans mór ann go n-athróidh na codanna a úsáidtear | Féadfar na comhábhair seo a thaispeáint le chéile ar liosta na gcomhábhar faoi ‘torthaí’, ‘glasraí’ nó ‘beacáin’ agus an frása ‘i gcodanna athraitheacha’ ina dhiaidh sin, agus liostaithe díreach ina dhiaidh sin na torthaí, glasraí nó beacáin atá sa táirge. I gcásanna dá leithéid, cuirfear an meascán san áireamh i liosta na gcomhábhar i gcomhréir le hAirteagal 19(1), bunaithe ar mheáchan iomlán na dtorthaí, na nglasraí nó na mbeacán atá sa táirge. | 5. Meascáin spíosraí nó luibheanna, nach bhfuil difríocht mhór chomhréireach eatharthu ó thaobh meáchain de | Féadfar na comhábhair seo a liostú in ord difriúil ar an gcoinníoll go bhfuil téarma, mar shampla ‘i gcuid athraitheach’ ag dul le liosta na gcomhábhar’. | 6. Comhábhair a sheasann do níos lú ná 2 % den táirge críochnaithe | Féadfar na comhábhair seo a liostú in ord difriúil i ndiaidh na gcomhábhar eile. | 7. Comhábhair atá cosúil lena chéile nó gur féidir iad a úsáid in ionad a chéile, ar dóigh go n-úsáidfear iad chun bia a dhéanamh nó a ullmhú gan a chomhdhéanamh, a nádúr nó a luach meabhairbhraite a athrú, agus sa mhéid nach seasann siad ach do níos lú ná 2% den táirge críochnaithe | Féadfar an frása ‘tá … agus/nó … ann’ a úsáid chun tagairt a dhéanamh do na comhábhair seo i liosta na gcomhábhar, nuair a bhíonn comhábhar amháin nó dhá chomhábhar is mó sa táirge críochnaithe. Ní bhainfidh an fhoráil seo le breiseáin bia nó le comhábhair atá liostaithe i gCuid C den Iarscríbhinn seo. | CUID B – AINM CATAGÓIRE SEACHAS AINM SONRACH A ÚSÁID CHUN COMHÁBHAIR ÁIRITHE A AINMNIÚ Ní chaithfear comhábhair a bhaineann le ceann de na catagóirí bia liostaithe thíos agus a úsaidtear iad i mbianna eile a ainmniú ach faoi ainmníocht na catagóire sin. Cur síos ar an gcatagóir bia | Ainmníocht | 1. Olaí scagtha seachas ola olóige | ‘Ola’, agus an aidiacht ‘plandúil’ nó ‘ainmhíoch’, mar is iomchuí, nó faisnéis faoina mbunús ainmhíoch nó plandúil sonrachNí mór an aidiacht ‘hidriginithe’ a thaispeáint nuair a léirítear go bhfuil ola hidriginithe ann ach amháin nuair a chuirtear an méid sáitheán agus tras-saillte san áireamh sa dhearbhú cothaithe | 2. Saillte scagtha | ‘Saill’, agus an aidiacht ‘plandúil’ nó ‘animhíoch’, mar is iomchuí, nó faisnéis faoina mbunús ainmhíoch nó plandúil sonrachNí mór an aidiacht ‘hidriginithe’ a thaispeáint nuair a léirítear go bhfuil ola hidriginithe ann ach amháin nuair a chuirtear an méid sáitheán agus tras-saillte san áireamh sa dhearbhú cothaithe | 3. Meascáin phlúir atá déanta de dhá ghránspeiceas nó níos mó | ‘Plúr’, agus liosta ina dhiaidh sin de na gránaigh a úsáideadh chun an plúr a dhéanamh, in ord íslitheach de réir meáchain | 4. Stáirsí, agus stáirsí a athraíodh trí mheáin fhisiceacha nó trí einsímí | ‘Stáirse’ | 5. Gach speiceas iasc nuair a úsáidtear an t-iasc mar chomhábhar i mbia eile agus más rud é nach ndéanann ainm agus cur i láthair bia dá leithéid tagairt do shainspeiceas iasc | ‘Éisc’ | 6. Gach cineál cáise nuair a úsáidtear an cáis nó meascán cáiseanna mar chomhábhar i mbia eile agus más rud é nach ndéanann ainm agus cur i láthair bia dá leithéid tagairt do shainchineál cáise | ‘Cáis’ | 7. Spíosraí nach seasann do bhreis is 2% de mheáchan an bhia | ‘Spíosra(í)’ nó ‘spíosraí measctha’ | 8. Luibheanna nó comhdhéanaimh luibhe nach seasann do bhreis is 2 % de mheáchan an bhia | ‘Luibh(eanna)’ luibheanna measctha’ | 9. Gach cineál ullmhóidí guma a úsáidtear chun bonn guma a dhéanamh le haghaidh guma coganta | ‘Bonn guma’ | 10. Gach cineál táirge gránaigh bácáilte faoi ghrabhróga | ‘Grabhróga’ nó ‘roscaí’ mar is iomchuí | 11. Gach cineál sucrose | ‘Siúcra’ | 12. Deaslós anhiodrach nó deaslós monaihiodrach | ‘Deaslós’ | 13. Síoróip ghlúcóis agus síoróip ghlúcóis anhiodrach | ‘Síoróip ghlúcóis’ | 14. Gach cineál próitéine bainne (cáiséiní, cáiséineáití agus próitéiní meadhg) agus meascáin atá déanta astu | ‘Próitéiní bainne’ | 15. Im cócó brúite, asbhrúite nó scagtha | ‘Im cócó’ | 16. Gach cineál fíona mar a shainaítear i Rialachán (CE) Uimh. 1493/1999 ón gComhairle. | ‘Fíon’ | 17. Matáin chnámharlaigh [36] de speicis mhamacha agus éan a ghlactar leo mar oiriúnach le haghaidh tomhaltais ag daoine a bhfuil fíochán cuimsithe nó greamaitheach nádúrtha orthu, nuair nach dtéann an cion saille iomláine agus fíocháin tacaíochta thar na luachanna atá léirithe thíos agus nuair a úsáidtear an fheoil mar chomhábhar i mbia eile. Ní chuirtear san áireamh sa shainmhíniú seo na táirgí a thagann faoin sainmhíniú ‘feoil inneall scartha’. Uaschionta saille agus fíocháin tacaíochta do chomhábhair ainmnithe ag an téarma ‘… fheoil’ | ‘… fheoil’ agus ainm(neacha) [37] an speicis ainmhithe óna bhfaightear í | Speiceas | Saill (%) | Fíochán tacaíochta [38] (%) | | Mamaigh (seachas coiníní agus mucaí) agus meascáin speiceas a bhfuil mamaigh iontu don chuid is mó | 25 | 25 | | Mucaí | 30 | 25 | | Éin agus coiníní | 15 | 10 | | Má dhéantar na huasteorainneacha a shárú, ach nuair a dhéantar na critéir eile le haghaidh an sainmhínithe ‘feoil’ a shásamh, ní mór an cion ‘… fheola’ a choigearthú síos dá bhrí sin agus ní mór saill agus/nó fíochán tacaíochta, i dteannta leis an téarma ‘… fheoil’, a liostú sna comhábhair. | | 18. Gach cineál táirge a thagann faoin sainmhíniú ‘feoil inneall scartha’. | ‘feoil inneall scartha’ agus ainm(neacha) (3) an speicis ainmhithe óna bhfaightear í. | CUID C – COMHÁBHAIR ÁIRITHE A AINMNIÚ DE RÉIR AINM A gCATAGÓIRE AGUS A nAINM SONRACH NÓ A nUIMHIR ae INA nDIAIDH Ní mór ainm na catagóire a úsáid chun breiseáin bia agus einsímí a bhaineann le ceann de na catagóirí atá liostaithe sa chuid seo, seachas na cinn a shonraítear in Airteagal 21(b), agus a n-ainm sonrach nó a n-uimhir AE, más iomchuí, a chur síos ina dhiaidh sin. Má bhaineann comhábhar le breis is catagóir amháin, taispeánfar an chatagóir is oiriúnaí don phríomhfheidhm i gcás an bhia i dtrácht. Ní mór bunús plandúil sonrach a thaispeáint leis an ainmníocht ‘stáirse mionathraithe’ áfach, nuair a d’fhéadfadh glútan a bheith sa táirge. Aigéad | Rialtán aigéadachta | Oibreán frithstolpthe | Oibreán frithchúrtha | Frithocsáideoir | Toirteoir | Dath | Eiblitheoir | Salainn eiblithe [39] | Oibreán teannta | Méadaitheoir blaistithe | Oibreán plúrchóireála | Oibreán glóthaithe | Oibreán glónraithe | Taisleán | Stáirse mionathraithe [40] | Leasaitheach | Gás tiomána | Oibreán éiritheach | Cobhsaitheoir | Milseoir | Tiúsóir | CUID D – BLAISTITHE A AINMNIÚ I LIOSTA NA gCOMHÁBHAR 1. Ainmneofar blaistithe tríd an focal ‘blaistiú(ithe)’ nó trí ainm nó cur síos blaistithe níos sonraí a úsáid. 2. Ainmneofar Quinín agus/nó caiféin a úsáidtear mar bhlaistiú de réir a n-ainmneacha, agus bia a tháirgeadh nó a ullmhú, díreach tar éis an téarma ‘blaistiú(ithe)’. 3. Féadfar an focal ‘nádúrtha’ nó aon fhocal leis an brí cinnte céanna a úsáid le haghaidh blaistithe ina n-úsáidtear na substaintí blaistithe amháin mar atá sainmhínithe in Airteagal 1(2)(b)(i) de Threoir 88/388/CEE agus/nó ullmhóidí blaistithe mar atá sainmhínithe in Airteagal 1(2)(c) den Treoir sin. 4. Má chuirtear san áireamh in ainm an bhlaistithe tagairt do bhunús nádúir plandúil nó ainmhíoch na substaintí atá sa bhlaistiú, ní fhéadfar an focal ‘nádúrtha’ nó aon fhocal leis an brí cinnte céanna a úsáid ach amháin nuair a cuireadh an comhdhéanamh blaistithe i leith trí phróisis fhisiceacha, einsímeacha nó mhicribitheolaíochta nó trí phróisis ullmhúcháin bia traidisiúnta amháin nó ón bhia nó ón fhoinse blaistithe ábhartha amháin don chuid is mó. CUID E – COMHÁBHAIR CHUMAISC A AINMNIÚ 1. Féadfar comhábhar cumaisc a chur san áireamh i liosta na gcomhábhar, faoina ainm féin sa mhéid go bhfuil sé seo leagtha amach de réir dlí nó bunaithe de réir custaim, ó thaobh a mheáchan iomlán de, agus liosta a chomhábhair curtha síos díreach ina dhiaidh sin. 2. Ní chaithfear liosta na gcomhábhar a thabhairt do chomhábhair chumaisc: (a) nuair a shainmhínítear comhdhéanamh an chomhábhair cumaisc sa reachtaíocht Chomhphobail atá ann faoi láthair, agus sa mhéid nach bhfuil ach níos lú ná 2 % den chomhábhar cumaisc sa táirge críochnaithe; ní bhainfidh an fhoráil seo le breiseáin bia áfach, faoi reir fhorálacha Airteagail 21 (a) go (d); nó (b) le haghaidh comhábhar cumaisc atá déanta de mheascáin spíosraí agus/nó luibheanna nach bhfuil ach níos lú ná 2 % den chomhábhar cumaisc sa táirge críochnaithe, ach amháin breiseáin bia, faoi reir fhorálacha Airteagail 21 (a) go (d); nó (c) nuair a úsáidtear comhábhar cumaisc nár gá liosta na gcomhábhar a sholáthar dó faoi reachtaíocht an Chomhphobail. IARSCRÍBHINN VII CAINNÍOCHT NA gCOMHÁBHAR A THAISPEÁINT 1. Ní gá an chainníocht a thaispeáint: (a) i leith comhábhair nó catagóire comhábhar: (i) ag a bhfuil an meáchan glan silte ar taispeáint i gcomhréir le pointe 5 d’Iarscríbhinn VIII; nó (ii) a bhfuil sé sainordaitheach cheana na cainníochtaí a thaispeáint ar an lipéadú faoi fhorálacha an Chomhphobail; nó (iii) nach n-úsáidtear ach cainníochtaí beaga de le haghaidh cuspóirí blaistithe; nó (iv) a thaispeántar in ainm an bhia, ach a theipeann air rogha an tomhaltóra a rialú sa tír ina gcuirtear ar an margadh é toisc nach bhfuil an t-athrú cainníochta riachtanach chun an bia a aithint nó chun idirdhealú a dhéanamh idir an bia agus bianna den chineál chéanna; nó (b) nuair a ordaíonn forálacha sonracha an Chomhphobail an chainníocht chruinn le haghaidh comhábhair nó catagóire comhábhar gan foráil a dhéanamh don fhaisnéis seo a thaispeáint ar an lipéadú; nó (c) sna cásanna dá dtagraítear i bpointí 4 agus 5 de Chuid A d’Iarscríbhinn VI. 2. Ní chuirfear Airteagal 23(1) (a) agus (b) chun feidhme i gcás: (a) aon chomhábhair nó catagóire comhábhar lena dtaispeántar ‘tá milseoir(í) ann’ nó ‘ltá siúcra(í) agus milseoir(í) ann’ nuair a thaispeántar é seo in aice le hainm an bhia, de bhun Iarscríbhinne III; nó (b) aon vitimíne nó mianra má tá an tsubstaint sin faoi réir dearbhaithe cothúcháin 3. Déanfar cainníocht an chomhábhair nó na catagóire comhabhar a thaispeáint: (a) mar cheatadán, a chomhfhreagróidh do chainníocht an chomhábhair nó na catagóire comhábhar ag an am a úsáidtear é/iad; agus (b) san ainm bia nó díreach in aice le hainm an bhia nó i liosta na gcomhábhar maidir leis an gcomhábhar nó le catagóir comhábhar i dtrácht. 4. Mar mhaolú ó phointe 3, (a) nuair a bhíonn taise caillte ag na bianna i ndiaidh teaschóireála nó coireála eile, cuirfear an chainníocht in iúl mar cheatadán a chomhfhreagróidh do chainníocht an chomhábhair/na gcomhábhar úsáidte, a bhaineann leis an táirge críochnaithe, ach amháin nuair a théann an chainníocht seo nó cainníocht iomlán na gcomhábhar ar fad a thaispeántar ar an lipéadú thar 100%. Sa chás seo taispeánfar an chainníocht bunaithe ar mheáchan an chomhábhair/na gcomhábhar a úsáideadh chun 100 g den táirge críochnaithe a ullmhú; (b) taispeánfar cainníocht na gcomhábhar galaithe bunaithe ar a gcion de réir meáchain sa táirge críochnaithe; (c) taispeánfar cainníocht na gcomhábhar a úsáidtear i ndlúthfhoirm nó i bhfoirm dhíhiodráitithe a athdhéantar iad le linn an phróisis mhonaraithe bunaithe ar a gcion de réir meáchain sa táirge críochnaithe mar a taifeadadh roimh iad a dhlúthú nó a dhíhiodráitiú; (d) féadfar cainníocht na gcomhábhar a thaispeáint bunaithe ar a gcion de réir meáchain sa táirge athdhéanta i gcás dlúthbhianna nó bianna díhiodráitithe atá beartaithe iad a athdhéanamh trí uisce a chur leo. IARSCRÍBHINN VIII DEARBHÚ AR AN gCAINNÍOCHT GHLAN 1. Ní bheidh an chainníocht ghlan ina ceangal i gcás bianna: (a) a d’fhéadfadh a lán dá dtoirt nó mais a chailliúint a dhíoltar iad de réir uimhreach nó a dhéantar iad a mheá agus an ceannaitheoir i láthair; nó (b) le cainníocht ghlan de níos lú ná 5 g nó 5 ml; ní bhainfidh an fhoráil seo le spíosraí agus le luibheanna áfach. 2. Nuair is gá le cineál áirithe cainníochta (mar shampla an chainníocht ainmniúil, íoschainníocht, meánchainníocht) faoi fhorálacha an Chomhphobail nó, nuair nach mbíonn forálacha ar fáil ón gComhphobal, féachfar ar an gcainníocht seo mar an chainníocht ghlan chun críocha an Rialacháin seo de réir forálacha náisiúnta,. 3. Nuair a chuirtear dhá earra réamhphacáilte nó níos mó ar fáil le chéile mar earra réamhphacáilte ina sholáthraítear an chainníocht chéanna den táirge céanna, taispeánfar an chainnaíocht ghlan tríd an chainnaíocht ghlan i ngach pacáiste a léiriú agus méid iomlán na bpacáistithe seo a léiriú. Ní bheidh sé sainordaitheach sonraí seo a thaispeáint áfach, nuair is féidir méid iomlán na bpacáistithe a fheiceáil agus a chomhaireamh go héasca ag féachaint ar an bpacáiste agus nuair is féidir an chainníocht ghlan, a chuirtear ar fáil i ngach pacáiste, a fheiceáil ar phacáiste amháin ar a laghad ag féachaint ar an bpacáiste. 4. Tabharfar an chainníocht ghlan tríd an chainníocht ghlan iomlán a thabhairt mar aon leis an méid pacáistithe aonair nuair a bhíonn earra réamhphacáilte déanta de dhá phacáiste nó níos mó nach bhfeictear orthu mar aonaid díolacháin. 5. Nuair a chuirtear bia soladach i láthair mar mheán leachta, taispeánfar meáchan glan an bhia shilte chomh maith. Chun críocha an phointe seo, ciallóidh ‘meán leachta’ na táirgí seo a leanas, a d’fhéadfadh a bheith i meascáin agus i dtáirgí reoite nó mear-reoite chomh maith, ar an gcoinníoll go gcuirtear an leacht le heilimintí riachtanacha na hullmhóide sin agus nach rud cinntitheach é don cheannach: uisce, tuaslagáin uiscí salann, sáile, tuaslagáin uiscí aigéad bia, fínéagar, tuaslagáin uiscí siúcraí, tuaslagáin uiscí de shubstaintí milseora eile, súnna torthaí nó glasraí i gcás torthaí nó glasraí. IARSCRÍBHINN IX DÁTA ÍOS-MHARTHANACHTA 1. Léireofar an dáta íos-mharthanachta mar a leanas: (a) Cuirfear síos roimh an dáta na focail seo a leanas: – ‘B’fhearr roimh …’ nuair a chuirtear an lá san áireamh sa dáta, – ‘B’fhearr roimh dheireadh …’ i gcásanna eile. (b) Rachaidh na focail seo a leanas leis na focail dá dtagraítear i bpointe (a): – an dáta féin, nó – tagairt don áit ina shonraítear an dáta ar an lipéad. Más gá, tabharfar cur síos, i ndiaidh na sonraí seo, ar na coinníollacha stórála gur gá iad a chomhlíonadh chun go gcoimeádfaidh an táirge ar feadh na tréimhse a shonraítear. (c) Léireofar an dáta mar lá, mí agus bliain i bhfoirm chroineolaíoch neamhchódaithe. I gcás bianna, áfach: – a choinneoidh ar feadh trí mhí nó níos lú, ní chaithfear ach an lá agus an mhí a thaispeáint, – a choinneoidh ar feadh breis is trí mhí ach níos lú ná 18 mí, ní chaithfear ach an mhí agus an bhliain a thaispeáint, – a choinneoidh ar feadh breis is 18 mí, ní chaithfear ach an bhliain a thaispeáint. (d) De réir fóralacha an Chomhphobail a chuireann bealaí eile i bhfeidhm chun an dáta a thaispeáint, ní bheidh gá leis an dáta íos-marthanachta a thaispeáint le haghaidh: – torthaí agus glasraí úra, lena n-áirítear prátaí, nár scamhadh nó nár gearradh iad nó nach ndearnadh rúdaí comhchosúla dóibh; ní bhainfidh an maolú seo le síolta péactha agus táirgí dá leithéid, mar shampla péacáin léagúim, – fíonta, fíonta licéir, fíonta súilíneacha, fíonta cumhrachtaithe agus táirgí dá leithéid a tháirgtear ó thorthaí eile seachas fíonchaora, agus deochanna a thagann faoi na cóid AC 22060091, 22060093 agus 22060099 atá déanta d’fhíonchaora nó d‘úrfhíonta fíonchaora, – deochanna a bhfuil 10 % nó níos mó alcóil de réir toirte iontu, – deochanna boga, súnna torthaí, neachtair torthaí agus deochanna alcólacha ina bhfuil os cionn 1,2% acóil de réir toirte i gcoimeádáin aonair de bhreis is cúig lítear, atá beartaithe iad a sholáthar d’oll-lónadóirí, – earraí ‘báicéara’ nó ‘príomhchócairí sudóga’ a itear iad laistigh de 24 uair i ndiaidh iad a dhéanamh, toisc nádúr a n-ábhair; – fínéagar; – salann cócaireachta, – siúcra soladach, – táirgí milseogra atá déanta de shiúcraí faoi bhlas agus/nó daite don chuid is mó, – gumaí coganta agus táirgí coganta dá leithéid, – codanna aonair uachtair reoite. 2. Léireofar an dáta ‘le húsáid roimh....’ mar seo a leanas: (a) Beidh na focail ‘le húsáid roimh...’ roimhe ; (b) Rachaidh na focail seo a leanas leis na focail i bpointe (a): – an dáta féin, nó – tagairt don áit ina shonraítear an dáta ar an lipéad. Tabharfar cur síos ar na coinníollacha stórála gur gá glacadh leo i ndiaidh na sonraí sin. (c) Léireofar an dáta mar lá, mí agus an bhliain b’fhéidir, san ord sin agus i bhfoirm neamhchódaithe. IARSCRÍBHINN X NEART ALCÓLACH Úsáidfear figiúr d’ionad dheachúlach amháin nó níos lú chun an fíorneart alcóil de réir toirte a léiriú le haghaidh deochanna a bhfuil breis is 1.2 % alcól de réir toirte iontu. Cuirfear an siombail ‘% toirt’ síos ina dhiaidh agus féadfar an focal ‘alcól’ nó an giorrúchán ‘alc’ a chur síos roimhe. Socrófar an neart alcólach ag 20°C. Déanfar fulaingtí dearfacha agus diúltacha ceadaithe i leith an nirt alcólaigh i luachanna uimhriúla a thaispeántar de réir toirte a liostú mar a dhéantar sa tábla seo a leanas. Bainfidh siad gan dochar leis na fulaingtí díorthaithe ón mhodh anailíse a úsáidtear chun an neart alcólach a shocrú. Sainmhíniú ar an deoch | Fulaingt dearfach nó diultach | 1. Beoracha le neart alcólach de 5.5 % toirt nó níos lú; deochanna a aicmítear faoi fhocheannteideal 22.07 B II den Chomhtharaif Chustaim atá déanta de chaora fíniúna: | 0.5 % toirte | 2. Beoracha le neart alcólach de bhreis is 5.5 % toirt; deochanna a aicmítear faoi fhocheannteideal 22.07 B II den Chomhtharaif Chustaim atá déanta de chaora fíniúna; ceirtlis, leannta piorraí, fíonta torthaí agus a leithéid, go bhfaightear iad ó thorthaí eile seachas fíonchaora, cibé acu deochanna súilíneacha nó leath-súilíneacha; deochanna atá bunaithe ar mhil coipthe: | 1 % toirte | 3. Deochanna le torthaí maothaithe nó le píosaí plandaí iontu: | 1.5 % toirte | 4. Aon deoch eile le breis is 1.2 % alcól de réir toirte inti: | 0.3 % toirte | IARSCRÍBHINN XI IONTÓGÁLACHA TAGARTHA CUID A – IONTÓGÁLACHA TAGARTHA LE hAGHAIDH VITIMÍNÍ AGUS MIANRAÍ (daoine fásta) 1. Vitimíní agus mianraí a d’fhéadfadh iad a fhógairt agus a gciondálacha molta laethúla (CMLanna) Vitimín A (µg) Vitimín D (µg) Vitimín E (mg) Vitimín C (mg) Tiaimín (mg) Ribeaflaivin (mg) Niaicin (mg) Vitimín B6 (mg) Fólaicin (µg) | 800510601.41.6182200 | Vitimín B12 (µg) Bitin (mg) Aigéad pantaitéineach (mg) Cailciam (mg) Fosfar (mg) Iarann (mg) Maignéisiam (mg) Sinc (mg) Iaidín (µg) | 10.1568008001430015150 | 2. Méid tábhachtach vitimíní agus mianraí De ghnáth, ní chóir ach 15 % den chiondáil molta, atá sonraithe i bpointe 1 agus a sholáthraítear de réir 100 g nó 100 ml nó de réir pacáistithe nuair a bhíonn cuid amháin sa phácáiste, a mheas, agus méid tábhachtach á leagadh amach. CUID B – IONTÓGÁLACHA TAGARTHA LE hAGHAIDH FUINNIMH AGUS COTHAITHEACH ROGHNAITHE EILE SEACHAS VITIMÍNÍ AGUS MIANRAÍ (daoine fásta) Fuinneamh nó cothaitheach | Iontógáil Tagartha | Fuinneamh | 8400 Kj (2000 kcal) | Saill iomlán | 70 g | Sáitheáin | 20 g | Carbaihiodráit | 230 g | Siúcraí | 90 g | Salann | 6 g | IARSCRÍBHINN XII FACHTÓIRÍ COINBHÉARTACHTA FACHTÓIRÍ COINBHÉARTACHTA LE hAGHAIDH RÍOMHA FUINNIMH Úsáidfear na fachtóirí coinbhéartachta seo a leanas chun an luach fuinnimh, a fhógrófar, a ríomh: — carbaihiodráit (ach amháin polóil) | 4 kcal/g —17 Kj/g | — polóil | 2,4 kcal/g —10 Kj/g | — próitéin | 4 kcal/g —17 Kj/g | — saill | 9 kcal/g —37 Kj/g | — móilíní aicil-tríghlicíde gearrshlabhrúla agus fadslabhrúla | 6 kcal/g — 25 Kj/g | — alcól (eatánól) | 7 kcal/g —29 Kj/g | — aigéad orgánach | 3 kcal/g — 13 Kj/g | IARSCRÍBHINN XIII CUR IN IÚL AGUS CUR I LÁTHAIR DEARBHAITHE COTHAITHE CUID A – CUR IN IÚL AN DEARBHAITHE COTHAITHE Úsáidfear na haonaid seo a leanas sa dearbhú cothaithe: — fuinneamh | Kj agus kcal | — saill | graim (g) | — carbaihiodráit | | — snáithín | | — próitéin | | — salann | | — vitimíní agus mianraí | na haonaid atá sonraithe i bpointe 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn XI | — substaintí eile | aonaid atá oiriúnach le haghaidh gach substainte ábhartha | CUID B – Ord ina ggcuirtear comhdhéanaimh carbaihiodráite agus saille i láthair sa dearbhú cothaithe 1. Nuair a fhógraítear polóil agus/nó stáirse, cuirfear an dearbhú seo san áireamh mar a leanas: g carbaihiodráit | g | mar atá: | — siúcraí | g | — polóil | g | — stáirse | g | 2. Nuair a fhógraítear an méid agus/nó an cineál aigéid shailligh, cuirfear an dearbhú seo san áireamh mar a leanas: saill | g | mar atá: | — sáitheáin | g | — tras-saillte | g | — monai-neamhsháitheáin | g | — polai-neamhsháitheáin | g | Cuid C – Ord ina gcuirtear i láthair fuinneamh agus cothaithigh a thaispeántar i ndearbhú cothaithe Is é seo a leanas an t-ord ina gcuirfear faisnéis maidir le fuinneamh agus cothaithigh i láthair, mar is iomchuí: fuinneamh | Kj agus kcal | saill | g | mar atá | — sáitheáin | g | — tras-saillte | g | — monai-neamhsháitheáin | g | — polai-neamhsháitheáin | g | carbaihiodráit | g | mar atá | — siúcraí | g | — polóil | g | — stáirse | g | snáithín | g | próitéin | g | salann | g | vitimíní agus mianraí | na haonaid atá sonraithe i bpointe 1 de Chuid A d’Iarscríbhinn XI | RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH 1. AINM AN TOGRA: Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faisnéis bia a sholáthar do thomhaltóirí 2. CREAT ABM / ABB Réimse/Réimsí Beartais lena mbaineann agus aon Ghníomhaíocht ghaolmhar/Ghníomhaíochtaí gaolmhara. Cosaint Sláinte agus Tomhaltóirí — Sábháilteacht Bhia, Sláinte Ainmhithe, Leas Ainmhithe agus Sláinte Plandaí 3. NA LÍNTE BUISÉID 3.1. Na línte buiséid (línte oibríochtúla agus línte a bhaineann le cúnamh teicniúil agus riaracháin (na seanlínte B..A) agus a gceannteidil san áireamh: Gan impleachtaí airgeadais ar bith. 3.2. Fad tréimhse an ghnímh agus na hiarmharta airgeadais: Neamhiata 3.3. Tréithe buiséadacha: Líne buiséid | Cineál caiteachais | Nua | Ranníoca-íocht CSTE | Ranníocaíochtaí na dtíortha iarrthóra | Ceann-teideal i bpeirspictíocht airgeadais | | | | NÍL | NÍL | NÍL | Uimh. 2 | 4. ACHOIMRE AR ACMHAINNÍ 4.1. Acmhainní Airgeadais 4.1.1. Achoimre ar leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí (LO) agus leithreasuithe íocaíochta (LI) EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Cineál caiteachais | Uimh. coda | | Bliain n | n + 1 | n + 2 | n + 3 | n + 4 | n + 5 agus níos déanaí | Iomlán | Caiteachas oibríochtúil [41] | | | | | | | | | Leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí (LO) | 8.1. | a | | | | | | | | Leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí (LÍ) | | b | | | | | | | | Caiteachas Riaracháin laistigh den mhéid tagartha [42] | | | | | Cúnamh teicniúil & riaracháin (LND) | 8.2.4. | c | | | | | | | | MÉID TAGARTHA IOMLÁN | | | | | | | | Leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí | | a+c | | | | | | | | Caiteachas riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha [43] | | | Acmhainní daonna agus caiteachas gaolmhar (LN) | 8.2.5. | d | | | | | | | | Costais riaracháin amach ó acmhainní daonna agus costais ghaolmhara, nach n-áirítear sa mhéid tagartha (LN) | 8.2.6. | e | | | | | | | | | Costas nodach airgeadais iomlán na hidirghabhála LCO IOMLÁN agus costas na n-Acmhainní Daonna san áireamh | | a+c+d+e | | | | | | | | LCÍ IOMLÁN agus costas na n-Acmhainní Daonna san áireamh | | b+c+d+e | | | | | | | | Sonraí an chómhaoinithe: Má tá cómhaoiniú ó na Ballstáit nó ó chomhlachtaí eile (sonraigh cé hiad) i gceist sa togra, ba chóir meastachán a thabhairt ar an leibhéal cómhaoinithe sa tábla thíos (is féidir línte breise a chur leis má táthar ag súil go mbeidh comhlachtaí éagsúla páirteach sa chómhaoiniú): EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Comhlacht cómhaoinithe | | Bliain n | n + 1 | n + 2 | n + 3 | n + 4 | n + 5 agus níos déanaí | Iomlán | …………………… | f | | | | | | | | LO IOMLÁN agus an cómhaoiniú san áireamh | a+c+d+e+f | | | | | | | | 4.1.2. Comhoiriúnacht leis an gClárú Airgeadais X Togra atá comhoiriúnach le clárú airgeadais. Beidh athchlárú an teidil ábhartha ag gabháil leis an togra seo sa pheirspictíocht airgeadais. Féadfaidh gur gá forálacha an Chomhaontaithe Idirinstitiúidigh [44] a chur chun feidhme (i.e. ionstraim sholúbthachta nó athbhreithniú ar an bpeirspictíocht airgeadais). 4.1.3. Iarmhairt Airgeadais ar Ioncam X Níl impleachtaí airgeadais ar bith ag an togra ar ioncam Tá iarmhairt airgeadais ag an togra seo - is í seo a leanas an éifeacht ar ioncam: EUR milliún (go dtí an 1ú deachúil) | | Roimh ghníomh [Bliain n-1] | | Staid i ndiaidh gnímh | Líne buiséid | Ioncam | | | [Bliain n] | [n+1] | [n+2] | [n+3] | [n+4] | [n+5] [45] | | (a) Ioncam i ndearbhthéarmaí | | | | | | | | | | (b) Athrú ar ioncam | | | | | | | | | 4.2. Acmhainní Daonna FTE (lena n-áirítear oifigigh, foireann shealadach agus sheachtrach) - féach ar na sonraí faoi phointe 8.2.1. Ceanglais bhliantúla | Bliain n | n + 1 | n + 2 | n + 3 | n + 4 | n + 5 agus níos déanaí | 5. SAINTRÉITHE AGUS CUSPÓIRÍ Ní foláir sonraí maidir le comhthéacs an togra a chur isteach leis an Meabhrán Míniúcháin. Ba cheart go bhfolódh an chuid seo den Ráiteas Airgeadais Reachtach an fhaisnéis chomhlántach sonrach seo a leanas: 5.1. An riachtanas is gá a shásamh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma Leis an Rialachán atá beartaithe maidir le faisnéis faoi bhia a sholáthar do thomhaltóirí, athmhunlaítear agus athraítear chun dáta na rialacha reatha maidir le lipéadú bia is infheidhme ar bhia ina n-iomláine. Bunaítear meicníocht sholúbtha ó bhun aníos ann a chuirfeadh ar chumas na ngeallshealbhóirí bheith nuálaíoch ó thaobh lipéadaithe bia de, agus d'fhágfadh go b'fhéadfaí na rialacha maidir le lipéadú bia a chur in oiriúint do mhargaí éagsúla agus d'éílimh éagsúla tomhaltóirí, nithe a bhíonn ag síorathrú. Déantar na rialacha maidir le lipéadú cothaithe a athmhunlú mar aon leis na forálacha ginearálta i dtaca le lipéadú bia. Leis an togra seo tá lipéadú cothaithe sainordaitheach i bpríomhréimse radhairc an lipéid bhia, agus fágtar gur féidir dea-chleachtas a fhorbairt i ndáil le faisnéis cothaithe a thaispeáint. Tá idirthréimshe trí bliana ann d'fhonn na rialacha nua a chur chun feidhme. 5.2. An breisluach toisc an Comhphobal a bheith páirteach ann, comhoiriúnacht an togra le hionstraimí airgeadais eile, agus sineirge a d'fhéadfadh a bheith ann 5.3. Cuspóirí, torthaí a bhfuiltear ag súil leo agus nodairí gaolmhara an togra i gcomhthéacs an chreata ABM – Seo a leanas príomhchuspóirí na reachtaíochta: – - caoi a thabhairt do thomhaltóirí roghanna eolacha sábháilte sláintiúla inbhuanaithe a dhéanamh; – - faisnéis atá ábhartha úsáideach a thabhairt do thomhaltóirí, faisnéis a bhfuil sé de cheart acu bheith ag súil léi; – - dea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú. Agus na cuspóirí seo á gcur san áireamh, tá na cuspóirí sonracha seo a leanas le feiceáil i scóip ghinearálta an athbhreithnithe: – -comhsheasmhacht agus soiléireacht a áirithiú agus faisnéis á soláthar – -sláinte na dtomhaltóirí a chosaint agus déileáil le hiarratais sainiúla ar fhaisnéis ó thomhaltóirí; – - lipéadú míthreorach a sheachaint; – - nuálaíocht sa tionscal a chumasú trí chead a thabhairt lánearraíocht a bhaint lipéadú chun a gcuid táirgí a chur chun cinn. – Déanfar monatóireacht ar na nodairí seo a leanas: an chaoi in bhfógróidh na Ballstáit na scéimeanna náisiúnta a bhaineann le faisnéis faoi bhia a sholáthar do thomhaltóirí. 5.4. Modh Cur Chun Feidhme (nodach) Taispeáin thíos an/na modh(anna) [46] a roghnaíodh chun an gníomh a chur i bhfeidhm. X Bainistíocht Láraithe X go díreach ag an gCoimisiún go hindíreach trína tharmligean chuig: Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin comhlachtaí arna mbunú ag na Comhphobail dá dtagraítear in air. 185 den Rialachán Airgeadais comhlachtaí náisiúnta san earnáil phoiblí/comhlachtaí a bhfuil misean de sheirbhís phoiblí acu Bainistíocht roinnte nó dhíláraithe le Ballstáit le Tríú tíortha Comhbhainistíocht le heagraíochtaí idirnáisiúnta (sonraigh le do thoil) Barúlacha ábhartha: 6. MONATÓIREACHT AGUS MEASÚNÚ 6.1. Córas monatóireachta Cuirtear san áireamh i Rialachán 882/2004 um rialúcháin oifigiúla bia agus beatha an mhonatóireacht ghinearálta a dhéantar ar an reachtaíocht lipéadaithe. Déantar é a thuar sa Rialachán seo go ndéanfaidh na Ballstáit ceanglais na reachtaíochta bia a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Déanann an Coimisiún (An Oifig Bia agus Tréidliachta) deimhin de go gcuireann na Ballstáit an reachtaíocht i bhfeidhm i gceart. Dhéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit an measúnú trí, mar shampla, tuarascálacha ó Bhallstáit agus ENRanna agus trí ghníomhaíochtaí féin-mhonatóireachta an tionscail. 6.2. Measúnú 6.2.1. Measúnú ex-ante 6.2.2. Bearta arna nglacadh tar éis measúnú idirmheánaí/ex-post (ceachtanna a foghlaimíodh ón taithí a fuarthas roimhe seo) 6.2.3. Téarmaí agus minicíocht measúnaithe sa todhchaí Ba chóir don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an reachtaíocht nua tar éis cúig bliana go seacht mbliana i ndiaidh chur i bhfeidhm iomlán na reachtaíochta d’fhonn a hábharthacht maidir le riachtanais na ngeallsealbhóirí a mheas. Go hairithe, ba chóir go ndíreodh measúnú dá leithéid ar thógáil agus ar éifeachtacht na scéimeanna náisiúnta ag féachaint do mheasúnú a dhéanamh ar an gá atá ann le rialacha Comhphobail maidir le tréithe gur glacadh le scéimeanna neamhcheangailteachta náisiúnta dóibh. 7. BEARTA FRITH-CHALAOISE 8. MIONSONRAÍ ACMHAINNÍ 8.1. Cuspóirí an togra i dtéarmaí a gcostas airgeadais Leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí in EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) (Ba chóir Ceannteidil na gCuspóirí, na ngníomhartha agus aon aschuir a chur ar fáil) [47] | Cineál aschuir | Meánchostas | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN | | | | Méid aschuir | Costas iomlán | Méid aschuir | Costas iomlán | Méid aschuir | Costas iomlán | Méid aschuir | Costas iomlán | Méid aschuir | Costas iomlán | Méid aschuir | Costas iomlán | Méid aschuir | Costas iomlán | COSTAS IOMLÁN | | | | | | | | | | | | | | | | | 8.2. Caiteachas Riaracháin 8.2.1. Méid agus cineál acmhainní daonna Cineálacha post | | Na baill foirne a mbeidh sé de chúram orthu an gníomh a bhainistiú ag baint úsáide as acmhainní atá ann cheana agus/nó acmhainní breise (an méid post/FTE) | | | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 | Oifigigh nó foireann shealadach [48] (XX 01 01) | A*/AD | 3,5 | 3,5 | 3,5 | 3,5 | 3,5 | 3,5 | | B*, C*/AST | 1/0.2 | 1/0.2 | 1/0.2 | 1/0.2 | 1/0.2 | 1/0.2 | Foireann arna maoiniú [49] ag air. XX 01 02 | | | | | | | Foireann eile arna maoiniú [50] ag air. XX 01 04/05 | | | | | | | IOMLÁN | 4,7 | 4,7 | 4,7 | 4,7 | 4,7 | 4,7 | 8.2.2. Cur síos ar na cúraimí a thagann as an ngníomh An reachtaíocht a chur chun feidhme, e.g. treoirlínte agus bearta cur chun feidhme, fográ i dtaobh na scéimeanna náisiúnta a bhainistiú i gcomhairle leis an mBuanchoiste maidir leis an mBiashlabhra agud Sláinte Ainmhithe. Thairis sin, eascóidh an Coimisiún malartú faisnéise idir na na Ballstáit agus é féin i ndáil le scéimeanna náisiúnta agus cuirfidh sé sonraí na scéimeanna náisiúnta ar fáil don phobal, agus déanfaidh sé monatóireacht ar fhorás agus cur i bhfeidhm na scéimeanna sin. 8.2.3. Foinsí acmhainní daonna (reachtacha) Nuair a shonraítear níos mó ná foinse amháin, sonraigh an méid post a thagann as gach foinse X Poist leithdháilte faoi láthair ar bhainistíocht an chláir agus a bheidh le hathrú nó le síneadh Poist a réamh-léithdháileadh laistigh den chleachtadh SBB/RDB do bhliain n Poist a iarrfar sa chéad nós imeachta SBB/RDB eile Poist a ath-imscarfar ag baint úsáide as na hacmhainní atá ann cheana laistigh den tseirbhís bainistíochta (ath-imscaradh inmheánach) Poist is gá leo do bhliain n cé nach raibh siad á dtuar sa chleachtadh SBB/RDB na bliana i dtrácht 8.2.4. Caiteachas eile riaracháin a fholaítear sa mhéid tagartha (XX 01 04/05 – Caiteachas ar bhainistiú riaracháin) EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Líne buiséid (uimhir agus ceannteideal) | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | IOMLÁN | 1. Cúnamh teicniúil agus riaracháin (lena n-áirítear costais a bhaineann le foireann) | | | | | | | | Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin [51] | | | | | | | | Cúnamh teicniúil agus riaracháin eile | | | | | | | | - intra muros | | | | | | | | - extra muros | | | | | | | | Cúnamh teicniúil agus riaracháin | | | | | | | | 8.2.5. Costas airgeadais acmhainní daonna agus costais lena mbaineann, nach bhfuil ar áireamh sa mhéid tagartha EUR milliún (go dtí an 3ú deachúil) Cineál acmhainní daonna | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Blain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5 agus níos déanaí | Oifigigh agus gníomhairí sealadacha (XX 01 01) | | | | | | | Foireann atá á maoiniú ag Airteagal XX 01 02 (foireann chúnta, END, foireann ar chonradh, srl.)(sonraigh an líne buiséid) | | | | | | | Costas iomlán Acmhainní Daonna agus costais ghaolmhara (NACH bhfuil san áireamh sa mhéid tagartha) | | | | | | | Ríomh– Oifigigh agus Gníomhairí sealadacha Ba chóir tagairt a dhéanamh do Phointe 8.2.1, más iomchuí Foireann – Foireann arna maoiniú faoi air. XX 01 02Ba chóir tagairt a dhéanamh do Phointe 8.2.1, más iomchuí8.2.6. Caiteachas riaracháin nach bhfuil ar áireamh sa mhéid tagarthaEUR milliún (go dtí an 3ú deachúil ) | | Bliain n | Bliain n+1 | Bliain n+2 | Bliain n+3 | Bliain n+4 | Bliain n+5agus níos déanaí | IOMLÁN | XX 01 02 11 01 – Misin | | | | | | | | XX 01 02 11 02 – Cruinnithe & Comhdhálacha | | | | | | | | XX 01 02 11 03 – Coistí [52] | | | | | | | | XX 01 02 11 04 – Staidéir & comhairliúcháin | | | | | | | | XX 01 02 11 05 – Córais faisnéise | | | | | | | | 2. Caiteachas Bainistíochta Iomláin Eile (XX 01 02 11) | | | | | | | | 3. Caiteachas eile de nádúr riaracháin (sonraigh agus déan tagairt don líne buiséid) | | | | | | | | Iomlán an chaiteachais riaracháin cé is moite d'acmhainní daonna agus costais ghaolmhara (NACH n-áirítear sa mhéid tagartha) | | | | | | | | Ríomh - Caiteachas eile riaracháin nach n-áirítear sa mhéid tagartha [1] IO C xxx, xx.xx.xxxx. lch. xx. [2] IO C xxx, xx.xx.xxxx. lch. xx. [3] Tuairim ó Pharlaimint na hEorpa an …………….., Comhsheasamh ón gComhairle an ………….. [4] IO L 31, 1.2.2002, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 575/2006 ón gCoimisiún (IO L 100, 8.4.2006, lch. 3). [5] IO L 149, 11.6.2005, lch. 22. [6] IO L 109, 6.5.2000, lch. 29. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán 2006/142/CE ón gCoimisiún (IO L 368, 23.12.2006, lch. 110). [7] IO L 276, 6.10.1990, lch. 40. Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán 2003/120/CE (IO L 333, 20.12.2003, lch. 51). [8] COIM(2007) 279. [9] IO L 113, 30.4.1987, lch. 57. [10] IO L 300, 23.11.1994, lch. 14. Treoir arna leasú go deireanach le Treoir 2004/77/CE (IO L 162, 30.4.2004, lch. 76). [11] IO L 69, 16.3.1999, lch. 22. [12] IO L 191, 19.7.2002, lch. 20. [13] IO L 97, 1.4.2004, lch. 44. [14] IO L 162, 30.4.2004, lch. 76. [15] IO L 179, 14.7.1999, lch.1. [16] IO L [....], [...], p[...]. [17] IO L 302, 19.10.1993, lch.1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1791/2006 ón gComhairle (IO L 363, 20.12.2006, lch. 1). [18] IO L 253, 11.10.1993, lch. 1. Rialachán arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 883/2005 ón gCoimisiún (IO L 148, 11.6.2005, lch. 5). [19] IO L 404, 30.12.2006, lch. 9. Rialachán arna leasú le … [20] IO L 404, 30.12.2006, lch. 26. [21] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11). [22] IO L 139, 30.4.2004, lch. 1. [23] IO L 40, 11.2.1989, lch. 27. [24] IO L 184, 15.7.1988, lch. 61. [25] IO L 178, 17.7.2000, lch. 1. [26] IO L 144, 4.6.1997, lch. 19. [27] IO L 183, 12.7.2002, lch. 51. [28] IO L 229, 30.8.1980, lch. 1. [29] IO L 186, 30.6.1989, lch. 27. [30] IO L 204, 21.7.1998, lch. 37. [31] IO L 275, 25.8.2004, lch. 17. [32] Agus na táirgí a rinneadh astu, sa mhéid nach gcuirfidh an bealach inar athraíodh iad lena leibhéal ailléirgeachta mar atá measúnaithe ag an Údarás atá freagrach as an táirge ábhartha as a dtáinig siad. [33] IO L 40, 11.2.1989, lch. 27. [34] Bainfidh an leibhéal le táirgí atá réidh le n-ithe nó le n-ól nó mar tháirgí athdhéanta i gcomhréir le treoracha na monaróirí. [35] IO L 66, 13.3.1999, lch. 26. [36] Is cuid de na matáin chnámharlaigh iad an scairt agus na matáin choganta, ach ní chuirtear an croí, an teanga, matáin an chinn (seachas na matáin choganta), matáin an charpais, an tarsais agus an eireabaill san áireamh. [37] Do lipéadú i mBéarla, féadfar ainm ginearálta an chomhábhair a úsáid in ionad na hainmníochta seo don speiceas ainmhithe ábhartha. [38] Déantar an cion fíocháin tacaíochta a ríomh bunaithe ar an gcóimheas idir an cion collaigine agus an cion feolphróitéine. Ciallaíonn an cion collaigine an cion hiodrocsapróilín arna iolrú faoin fhachtóir 8. [39] Le haghaidh cáiseanna próiseáilte agus le haghaidh táirgí atá bunaithe ar cháiseanna próiseáilte. [40] Ní chaithfear an t-ainm sonrach nó an uimhir AE a thaispeáint. [41] Caiteachas nach dtagann faoi Chaibidil xx 01 de Theideal xx lena mbaineann. [42] Caiteachas faoi Airteagal xx 01 04 de Theideal xx. [43] Caiteachas faoi Chaibidil xx 01 ach amháin Airteagail xx 01 04 nó xx 01 05. [44] Féach pointí 19 agus 24 den Chomhaontú Idirinstitiúideach. [45] Ba chóir colúin bhreise a chur leis an tábla más gá i.e. má leanann an gníomh ar feadh breis is 6 bliana. [46] Má léirítear níos mó ná modh amháin, tabhair na sonraí breise le do thoil sa rannóg "Barúlacha ábhartha" den phointe seo. [47] Mar a gcuirtear síos air i Mír 5.3. [48] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an tsuim thagartha. [49] Costas NACH bhfuil clúdaithe ag an tsuim thagartha. [50] Costas atá curtha san áireamh sa suim thagartha. [51] Ba chóir tagairt a dhéanamh don ráiteas airgeadais reachtaíochta sonrach le haghaidh na nGníomhaireachta(í) Feidhmiúcháin ábhartha. [52] Sonraigh an cineál coiste agus an grúpa lena mbaineann sé. --------------------------------------------------