52007SC1720




[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil21.12.2007

SEC(2007) 1720

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE AN CHOIMISIÚIN

doiciméad tionlacain don Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i ndáil le hastaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair de bhóthar agus le rochtain ar fhaisnéis maidir le feithiclí a dheisiú Achoimre ar an Measúnú Iarmharta {COM(2007) 851 final}{SEC(2007) 1718}

DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE AN CHOIMISIÚIN

doiciméad tionlacain don Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le dlíthe na mBallstát a chomhfhogasú i ndáil le hastaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair de bhóthar agus le rochtain ar fhaisnéis maidir le feithiclí a dheisiú Achoimre ar an Measúnú Iarmharta

Tá feabhas tagtha ar cháilíocht an aeir le deich mbliana anuas ach fós tá fabhbanna suntasacha i dtaca le cáilíocht an aeir ar fud an Aontais Eorpaigh, go háirithe i gceantair uirbeacha agus i réigiúin dlúthdhaonra.

Faoin mbliain 2020 beidh an t-uafás le déanamh fós ag an AE chun cuspóirí an 6ú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil a bhaint amach. Beidh iarmhairtí suntasacha atá diúltach ó thaobh na sláinte agus an chomhshaoil ag tarlú fós fiú má chuirtear an reachtaíocht atá ann faoi láthair chun feidhme go héifeachtach.

Chun na fadhbanna seo a réiteach, rinneadh tuilleadh beart a mheas, agus an méid sin á dhéanamh rinneadh measúnú ar na roghanna seo a leanas:

- Gan aon athrú beartais :

- Cur chuige rialaitheach ar an leibhéal Eorpach

- Rialáil sna Ballstáit

- Dreasachtaí fioscacha á dtabhairt ag na Ballstáit

- Cur chuige neamhrialaitheach:

Léirigh an measúnú iarmharta gur gá na teorainneacha astaíochtaí d'fheithiclí tromshaothair (Euro VI) a laghdú tuilleadh chun cáilíocht an aeir a fheabhsú, agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a choimeád ag an am céanna.

Is ábhar imní méadaitheach d'eolaithe é an truailliú ó ábhar cáithníneach agus tá gá le teorainneacha astaíochtaí comhchuibhithe ar leibhéal an Aontais Eorpaigh chun cosc a chur le bacainní maidir le feithiclí tromshaothair a dháileadh agus a chur i gcúrsaíocht agus chun laghduithe suntasacha in astaíochtaí cáithníneacha ó na feithiclí sin a bhaint amach ar fud an AE. Beartaítear laghdú 66% ar an luach teorantach d'ábhar cháithníneach ag a bhfuil teorainn astaíochta de 0.01 g/kWh, a cheanglóidh, i bhfianaise na teicneolaíochta reatha, scagairí cáithníneacha a bheith feistithe i ngach feithicil díosail.

Tá cúis mhaith le gníomh breise maidir le hastaíochtaí nítrigine ocsaíde (NOx) agus hidreacarbóin (HC)[1] chomh maith, i bhfianaise nach mbeidh cuid mhaith de na Ballstáit in ann ceanglais na Treorach maidir le hUasteorainneacha Astaíochtaí Náisiúnta (2001/81/CE) ná an togra le haghaidh athbhreithniú ar na Treoracha maidir le cáilíocht an aeir (COIM(2005)447[2] a chomhall. Beartaítear laghdú 80% in NOx go dtí teorainn astaíochta 0.4 g/kWh. Beidh gá le méadú in úsáid teicneolaíochta innill agus teicneolaíochta iarchóireála chun na teorainneacha astaíochtaí NOx a cheanglaítear a chomhlíonadh.

Déantar sraith leasuithe ar an reachtaíocht atá ann cheana a chur faoi chaibidil sa mheasúnú iarmharta seo. Is é an éifeacht ghinearálta atá acu seo na teorainneacha astaíochtaí ó fheithiclí a dhéanamh níos déine, sa mhéid is go laghdaíonn siad an baol go dtáirgfeadh feithiclí leibhéil truaillithe nach gá, trí cheanglais rialaitheacha níos láidre agus níos cuimsithí a sholáthar gan costais iomarcacha a fhorchur. Sa bhreis air sin, cinntíonn siad rochtain chaighdeánaithe ar fhaisnéis maidir le feithiclí a dheisiú.

Is é an tátal a bhaintear as an measúnú iarmharta gur iomchuí ár luachanna astaíochtaí sa todhchaí a chur ar chomhchéim leis na luachanna atá i bhfeidhm sna SA. Tacaíonn formhór na ngeallsealbhóirí - lena n-áirítear an tionscal - luachanna a chur ar chomhchéim leis na luachanna atá i bhfeidhm sna SA, agus léiríonn ár measúnú iarmharta go bhfuil sé éifeachtúil ó thaobh costais de.

Is é an toradh a bheidh air, feabhas suntasach i gcáilíocht an aeir, agus, ag an am céanna an costas forbartha agus tástála innill a laghdú. Go deimhin, cuirfidh an togra ar chumas monaróirí innill atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a tháirgeadh le haghaidh margaí na SA agus margaí Eorpacha araon.

Cuirfidh sé ar chumas na mBallstát ceanglais na Treorach maidir le cáilíocht an aeir a chomhall.

[1] Úsáidtear Hidreacarbóin (HC) agus Comhdhúile So-ghalaithe Orgánacha (CSO) sa doiciméad seo go hidirmhalartaithe.

[2] Leis an togra seo le haghaidh Treorach maidir le cáilíocht an aeir chomhthimpeallaigh, leasófaí an reachtaíocht atá ann cheana maidir le cáilíocht an aeir, i.e. Treoracha 96/62/CE ("Treoir Réime"), IO L 296, 21.11.1996, lch. 55, agus na trí "fo-threoir" 1999/30/CE, 2000/69/CE, 2002/3/CE agus Cinneadh 97/101/CE ón gComhairle.