Doiciméad inmheánach oibre an choimisiúin - Doiciméad a ghabhann leis an Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosaint coisithe agus úsáideoirí soghonta eile bóithre - Achoimre ar an Measúnú Iarmharta {COM(2007)560 leagan deireanach SEC(2007)1244} /* SEC/2007/1245 leagan deireanach */
[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH | An Bhruiséil 3.10.2007 SEC(2007) 1245 DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE AN CHOIMISIÚIN doiciméad a ghabhann leis an Togra le haghaidh RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le cosaint coisithe agus úsáideoirí soghonta eile bóithre Achoimre ar an Measúnú Iarmharta {COM(2007)560 leagan deireanachSEC(2007)1244} Baineann Treoir 2003/102/CE[1] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 le cosaint coisithe agus úsáideoirí soghonta eile bóithre roimh imbhualadh agus le linn imbhuailte le mótarfheithicil. Agus an Treoir seo á glacadh d'aithin an Chomhairle agus an Pharlaimint gur gá na ceanglais a fhorchuirtear faoin dara céim i ndáil le féidearthacht na cur chun feidhme a scrúdú go géar. Mar a cheanglaítear faoi Airteagal 5 den Treoir atá ann cheana, thaispeáin staidéar féidearthachta a seoladh nach bhfuil na riachtanais reatha faoi Chéim II, dlite in 2010, indéanta go teicniúil. Scrúdaigh an staidéar úsáid féideartha córas sábháilteachta gníomhach a d'fhéadfadh a bheith ar fáil laistigh den amscála a cheanglaítear. Leis an gcomaoin seo, aithníodh úsáid córas Cúnaimh Coscáin mar theicneolaíocht oiriúnach le haghaidh úsáide láithreach. Aithníodh cúig rogha le haghaidh tuilleadh iniúchta d'fhonn díriú ar na fadhbanna féidearthachta sna ceanglais le haghaidh Chéim II. D'ainneoin sin, ní chomhlíonann siad go léir ceanglais Airteagal 5(1) chun a áirithiú go bhfuil na ceanglais leasaithe "ar a laghad comhionann i dtéarmaí a n-éifeachtúlachta iarbhír". Is mar a leanas na roghanna seo: - gan beart ar bith a ghlacadh maidir leis na ceanglais ag an am seo, na dátaí cur i bhfeidhm a chur ar fionraí b'fhéidir chun tuilleadh ascnaimh a cheadú agus leanúint de mhonatóireacht a dhéanamh ar ascnamh teicniúil agus an rogha a bheith ann an Treoir atá ann cheana a leasú níos déanaí, - leasuithe a chur le ceanglais sábháilteachta éighníomhacha Chéim II i gcomhréir leis an togra Tionscail maidir le féidearthacht a sholáthar, - leasuithe measartha a chur le ceanglais sábháilteachta éighníomhacha Chéim II i gcomhréir leis na moltaí a rinne an comhairleoir seachtrach ar dtús i rith ullmhú an staidéir féidearthachta, - leasuithe níos suntasaí a chur le ceanglais sábháilteachta éighníomhacha Chéim II i gcomhréir le torthaí an staidéir a cuireadh i gcrích maidir le féidearthacht Chéim II, - leasuithe a chur le ceanglais sábháilteachta éighníomhacha Chéim II i gcomhréir le torthaí staidéir a cuireadh i gcrích maidir le féidearthacht Chéim II, agus a éilíonn úsáid córas sábháilteachta gníomhach chun a áirithiú nach bhfuil aon laghdú sna leibhéil sábháilteachta a sholáthraítear. Measann an Coimisiún gurb é an cúigiú rogha an ceann is inmharthanaí, toisc é a bheith indéanta, agus go dtugann sé leibhéil sábháilteachta atá comhionann, nó feabhsaithe i ndáil leis an togra reatha. Mar thoradh air sin, agus mar a tuaradh i dTeachtaireacht ón gCoimisiún maidir le CARS 21[2], forálann an togra nua do chónascadh sábháilteachta gníomhaí agus éighníomhaí agus, go háirithe, forálann sé do gach feithicil a bheith feistithe le Córas Cúnaimh Coscáin (CCC). Is féidir lena leithéid de chóras, má tá sé feistithe i bhfeithicil, an t-achar stoptha is gá d'fheithicil i gcás éigeandála a laghdú go suntasach sa chaoi is go dtarlódh imbhualadh le coisí ag luas i bhfad níos lú, nó go seachnófaí é ar fad. Taispeánann an Measúnú Iarmharta ar an Rialachán atá molta go bhfuiltear ag súil leis an leibhéal sábháilteachta a sholáthraítear don úsáideoir soghonta bóithre a choimeád nó fiú a fheabhsú i gcomparáid leis na leibhéil atá á soláthar i gceanglais dara céim na Treorach atá ann cheana. [1] IO L 321, 6.12.2003, lch. 15. [2] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle – Creat rialúcháin uathghluaisteach iomaíoch le haghaidh an 21ú Aois – Freagairt ón gCoimisiún maidir le Tuarascáil Chríochnaitheach Ghrúpa Ard-Leibhéil CARS 21 {SEC(2007)77} {SEC(2007)78}.