52007SC0302

Doiciméad oibre fhoireann an Choimisiúin Doiciméad a ghabhann leis an rialacháin ó Pharlaimint na heorpa agus ón gcomhairle Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Uimh. 11 maidir le díothú idirdhealaithe i rátaí agus coinníollacha iompair, i gcur chun feidhme Airteagal 79(3) den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláinteachas earraí bia - Achoimre ar Mheasúnú Iarmharta (Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 Sláinteachas bia PCRAG) {COM(2007) 90 leagan deireanach} {SEC(2007) 301} {SEC(2007) 303} {SEC(2007) 304} /* SEC/2007/0302 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil, 6.3.2007

SEC(2007) 302

DOICIMÉAD OIBRE FHOIREANN AN CHOIMISIÚIN

Doiciméad a ghabhann leis an RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Uimh. 11 maidir le díothú idirdhealaithe i rátaí agus coinníollacha iompair, i gcur chun feidhme Airteagal 79(3) den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláinteachas earraí bia Achoimre ar Mheasúnú Iarmharta (Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 Sláinteachas bia - PCRAG) {COM(2007) 90 leagan deireanach}{SEC(2007) 301}{SEC(2007) 303}{SEC(2007) 304}

DOICIMÉAD OIBRE FHOIREANN AN CHOIMISIÚIN

Doiciméad a ghabhann leis an RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE Togra le haghaidh Rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán Uimh. 11 maidir le díothú idirdhealaithe i rátaí agus coinníollacha iompair, i gcur chun feidhme Airteagal 79(3) den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sláinteachas earraí bia Achoimre ar Mheasúnú Iarmharta (Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 Sláinteachas bia - PCRAG)

Achoimre Feidhmiúcháin

Is cuid de bheart fadréimseach chun an t-ualach riaracháin a laghdú an togra a ngabhann an Measúnú Iarmharta seo leis. I Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 maidir le sláinteachas bia foráiltear go ndéanfaidh oibreoirí gnóthas bia uile nós imeachta buan nó nósanna imeachta buana bunaithe ar phrionsabail PCRAG a chur ar bun, a chur i bhfeidm agus a chothabháil. Chun a chur i gcrích i gceart, chun an oibleagáid nósanna imeachta PCRAG a chur i bhfeidhm, ní mór foireann ildánach atá in ann, mar shampla, guaiseacha agus pointí criticiúla rialaithe a aithint, agus atá in ann teorainneacha criticiúla agus nósanna imeachta a bhunú ag na pointí criticiúla. Féadfaidh go mbeidh costais shuntasacha bhliantúla i gceist ag leibhéal AE (meastar EUR 220 000 000 a bheith ann). Cé go bhféadfar nach mbeidh na costais seo chomh suntasach mar nach seasann siad ach do chodán de na costais iomlán, féadfaidh na ceanglais seo a bheith thar a bheith costasach agus a bheith mar ualach ar ghnóthais níos lú (GBM).

Toisc go mbeadh iarmhairt shuntasach ar GBM le cur chun feidhme dian na gceanglas PCRAG agus toisc gur féidir le gnóthais áirithe an leibhéal céanna cosanta sláinteachais a chur ar fáil trí cheanglais eile Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 a chur chun feidhme, gan gá le nósanna imeachta PCRAG ina n-iomláine a chur chun feidhme agus in ainneoin treoirdhoiciméid ag míniú cé chomh fada agus is féidir an tsolúbthacht a chur i bhfeidhm maidir le PCRAG, tá gá le díolúine do ghnóthais áirithe ó na ceanglais PCRAG go léir.

Is príomhchuspóir an tionscnaimh seo ná rannchuidiú le straitéis Liospóin le haghaidh tuilleadh foráis agus post, go háirithe trí chostais ghnó do GBM san earnáil bia a laghdú más féidir na leibhéil leormhaithe chéanna cosanta sláinteachais a chothabháil. Is an cuspóir oibríochtúil sa chás seo ná a chinntiú nach mbíonn tionchar as compás ar reachtáil laethúil gnóthais ag oibleagáidí faisnéise agus nach mbíonn an costas as compás. Rinne an measúnú iarmharta trí rogha beartais a mheas chun na críche seo:

Rogha 1 Gan beartas a athrú.

Rogha 2 Ag tabhairt díolúine do ghnóthais áirithe ó cheanglais PCRAG;

Rogha 3 Díothú nósanna imeachta PCRAG le haghaidh na ngnóthas uile.

Tá riosca ann le rogha 3 nach gcomlíonfar an cuspóir bunúsach gan caighdeáin a ísliú. Ní athródh rogha 1 an status quo, a chiallaíonn go leanfaí ar aghaidh leis an éiginnteacht dhlíthiúil maidir leis an treoir atá ann cheana agus go leanfadh gnóthais níos lú i roinnt mhaith Ballstát de bheith ag tabhú costas atá ard gan ghá. Dealraítear go dtugann rogha 2 an bealach ar aghaidh is fearr trí dhíolúintí a chur le chéile le haghaidh roinnt gnóthas níos lú san earnáil bia ar féidir leo an leibhéal céanna cosanta sláinteachais bia a chur ar fáil trí cheanglais eile uile Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 a chur i bhfeidhm le laghdú suntasach san ualach riaracháin. Ba cheart béim a leagan air go léiríonn an fhianaise atá ar fáil nach n-isleofaí caighdeáin sláinteachais bia agus dá bhrí sin ní dhéanfar na laghduithe costais measta a fhritháireamh le hiarmhairtí diúltacha in áit éigin eile.