52007PC0851

Togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le mótarfheithiclí agus inneall a chineál–cheadú i leith astaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus le rochtain ar fhaisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil . (arna thíolacadh ag an gCoimisiún) {SEC(2007)1718} {SEC(2007)1720} /* COIM/2007/0851 leagan deireanach - COD 2007/0259 */


[pic] | COIMISIÚN NA gCOMHPHOBAL EORPACH |

An Bhruiséil21.12.2007

COIM(2007) 851 leagan deireanach

2007/0295 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le mótarfheithiclí agus inneall a chineál–cheadú i leith astaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus le rochtain ar fhaisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil .

(arna thíolacadh ag an gCoimisiún){SEC(2007)1718}{SEC(2007)1720}

MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1) COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is é aidhm an togra rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir le mótarfheithiclí a thógáil d'fhonn feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus foráil a dhéanamh ag an am céanna d'ardleibhéal cosanta don chomhshaol i dtaca le hastaíochtaí atmaisféaracha.

Chun go bhfeidhmeoidh an margadh aonair san Aontas Eorpach mar is cuí ní mór cloí le caighdeáin choiteanna maidir le hastú truailleán ó mhótarfheithiclí san atmaisféar a theorannú. Má théitear i mbun gníomhaíochta ag leibhéal an Chomhphobail ní féidir le caighdeáin éagsúla táirgí a teacht chun cinn ar fud na mBallstát, rud a mbeidh ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh agus bacainní neamhriachtanacha ar an trádáil laistigh den Chomhphobal mar thoradh air.

Tá na Ballstáit agus a saoránaigh buartha faoin mbaol do shláinte an duine agus don chomhshaol a thig as truailliú aeir. Cé go bhfuil feabhas tagtha ar cháilíocht an aeir le deich mbliana anuas, tá fadhbanna suntasacha fós, maidir le cáilíocht an aeir ar fud an Aontais Eorpaigh, go háirithe sna ceantair uirbeacha agus i réigiúin dlúthdhaonra.

Comhthéacs ginearálta

Tá na teorainneacha astaíochta Euro IV le haghaidh trucailí agus busanna infheidhme amhail ón 9 Samhain 2006 agus cuirfear na teorainneacha astaíochta Euro V maidir le cineál-cheaduithe[1] nua i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2008 sa dá chás.

Sa chás nach n-athrófar an beartas maidir le leibhéil astaíochtaí a laghdú do mhótarfheithiclí tromshaothair, is mór an baol go ndéanfar dochar d'fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus na Ballstáit ag iarraidh beart aontaobhach a ghlacadh. Fanfaidh cháilíocht lag an aeir mar shaincheist don Aontas Eorpach agus leanfaidh an truailliú an atmaisféir de drochthionchar a bheith aige ar shláinte an duine.

Forálacha atá ann cheana i réimse an togra

Is í Treoir 2005/55/CE1 mar atá arna cur chun feidhme le Treoir 2005/78/CE[2] a rialaíonn na ceanglais maidir le hastaíochtaí ó fheithiclí agus innill tromshaothair.

Comhchuibheas maidir le beartais agus le cuspóirí eile an Aontais

Forbraíodh an togra i gcomhthéacs an chláir "Aer Glan don Eoraip" (CAFE) a sholáthraigh an bonn teicniúil chun an Straitéis Théamúil maidir le Truailliú Aeir[3]a ullmhú. Rinne CAFE measúnú ar leibhéil na n-astaíochtaí, ar cháilíocht an aeir faoi láthair agus sa todhchaí agus ar chostais agus buntáistí tuilleadh beart chun cáilíocht an aeir a fheabhsú. Ar an mbonn seo, d'aithin an Coimisiún bearta a cheanglaítear chun leibhéil cháilíochta an aeir is gá a bhaint amach. Beart amháin as raidhse beart dá leithéid is ea Euro VI atá tábhachtach chun astaíochtaí réamhtheachtaithe ózóin (amhail ocsaídí nítrigine-NO agus hidreacarbóin-HC) agus ábhar cáithníneach.

Tá an togra ag luí go hiomlán le haidhmeanna Straitéis um Fhorbairt Inbhuanaithe an Aontais Eorpaigh agus cuidíonn sé go mór le cuspóirí Straitéis Liospóin.

2) COMHAIRLIÚCHÁN LE PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS MEASÚNÚ IARMHARTA

Bailiú agus úsáid saineolais

Na fearainn eolaíochta/saineolais atá i gceist

D'éiligh an togra go ndéanfaí anailís ar theicneolaíochtaí feithicle le húsáid chun astaíochtaí a laghdú agus ar na costais bhainteacha chun na cásanna éagsúla maidir le luachanna teorantacha astaíochta Euro VI a chur i gcrích.

An Mhodheolaíocht a úsáideadh

Sa bhliain 2004, chuir seirbhísí an Choimisiúin ceistneoir amach chuig na geallsealbhóirí maidir le teorainneacha nua astaíochta Euro IV le haghaidh feithiclí tromshaothair. D'fhorbair an ceistneoir roinnt cásanna éagsúla le haghaidh luachanna teorantacha nua agus bhí sonraí á iarraidh ann maidir leis an teicneolaíocht a d'éileofaí chun na luachanna sin a shásamh agus leis na costais bhainteacha. Fostaíodh painéal saineolaithe de chomhairleoirí neamhspleácha chun athbhreithniú a dhéanamh ar na freagairtí ar an gceistneoir. Is é an aidhm a bhí leis freagairtí na ngeallsealbhóirí a mheasúnú agus a bhailíochtú agus teacht ar chomhsheasamh maidir leis an teicneolaíocht is gá agus leis an gcostas do gach cás. Úsáideadh an fhaisnéis seo chun na hiarmhairtí a bheadh ag roinnt cásanna teorainneacha astaíochta a shamhaltú.

Na príomheagraíochtaí/saineolaithe a ndeachthas i gcomhairle leo

Bailíodh sonraí ó réimse éagsúil geallsealbhóirí in earnáil na ngluaisteán agus thiomsaigh grúpa comhairleoirí iad. Bhí TNO ón Isiltír i gceannas ar an ngrúpa.

Achoimre ar an gcomhairle a fuarthas agus a úsáideadh

Rinne an painéal comhairleoirí achoimriú ar na sonraí costais a sholáthair na geallsealbhóirí. Bhain an Coimisiún úsáid as tuarascáil an phainéil mar ionchur in anailís na gcásanna éagsúla a bhain leis na luachanna teorantacha astaíochta. Roghnaíodh na luachanna teorantacha ab fhearr bunaithe ar cé chomh indéanta is atá siad go teicniúil agus ar a n-éifeachtúlacht ó thaobh costais.

Modhanna a úsáideadh chun comhairle na saineolaithe a chur ar fáil don phobal

Tá tuarascáil an phainéil saineolaígh ar fáil ar shuíomh idirlín AS Fiontair agus Tionscail[4].

Measúnú iarmharta

Tá Measúnú Iarmharta á fhorbairt faoi láthair, ina ndéantar cúig rogha beartais a mheas:

(1) 'Gan athrú beartais' : fanann na luachanna teorantacha astaíochta Euro V (Treoir 2005/55/CE mar atá arna leasú) i bhfeidhm maidir le feithiclí tromshaothair.

Mura ndéantar aon athrú ar an mbeartas maidir le leibhéil astaíochtaí do mhótarfheithiclí a laghdú is mór an baol go ndéanfaí dochar d'feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ceal caighdeán astaíochta níos déine ar leibhéal Eorpach, is dóchúil go dtosódh na Ballstáit ag rith reachtaíochta dóibh féin nó ag úsáid beart eile, leithéid toirmeasc ar chineálacha áirithe feithiclí dul isteach sna cathracha nó limistéir ísle astaíocta a chruthú.

Fanfaidh cáilíocht lag an aeir mar shaincheist don Aontas Eorpach toisc go leanfaidh truailliú an atmaisféir de thionchar díobhálach a bheith aige ar shláinte an duine. Léirigh clár CAFE, in ainneoin feabhsuithe maidir le hastaíochtaí truailleán, go meastar go mbeidh na hiarmhairtí sláinte ó thruailliú an aeir ar fud na hEorpa suntasach fós in 2020.

Dá bhrí sin, ní mheastar an rogha beartais seo a bheith inmharthana.

(2) Cur chuige rialaitheach ar an leibhéal Eorpach: lena ndéantar athbhreithniú ar reachtaíocht Euro V atá ann cheana trí luachanna nua teorantacha astaíochta Euro VI a shocrú ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.

I gcomparáid leis an gcás gan athrú beartais ar bith a dhéanamh, beidh buntáistí soiléire ag an rogha rialaitheach maidir le feidhmiú iomchuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus cáilíocht an aeir a fheabhsú. Leis seo feabhsófar sláinte an phobail agus, ar an gcuma sin, laghdófar costais cúraim sláinte.

D'fhéadfadh go mbeadh na hiarmhairtí indíreacha ón rogha rialaitheach dearfach ó thaobh iomaíochas idirnáisiúnta thionscal an AE, go háirithe i margaí a bhfuil rialáil dhian an chomhshaoil i bhfeidhm iontu.

Laistigh den chur chuige seo, rinneadh machnamh ar an bhféidearthacht céim Euro VI a chur i bhfeidhm i gcéim amháin nó in dhá chéim ach dé réir thuairim an tromlaigh a cuireadh in iúl sna freagairtí ar an gcomhairliúchán poiblí, cinneadh céim Euro VI a thabhairt isteach i gcéim aonair amháin.

Ar an gcuma seo, saothraítear an rogha a bhaineann le cur chuige rialaitheach sa togra seo.

(3) Rialáil a dhéanamh ag na Ballstáit: Déanann na Ballstáit a gcaighdeáin astaíochtaí féin a fhorbairt agus/nó bearta beartais eile a fhorchur (e.g. srianta sealadacha tiomána ar fheithiclí nach gcomhlíonann caighdeáin níos uaillmhianaí).

Bheadh tionchar díobhálach ag an gcur chuige seo ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh, mar shampla ar mhargadh na bhfeithiclí tráchtála, agus freisin ar shaorghluaiseacht earraí arna n-iompar leis na feithiclí seo. Dá bhrí sin diúltaíodh don chur chuige seo.

(4) Dreasactaí fioscacha a dtabhairt ag na Ballstáit: Tugann na Ballstáit isteach dreasachtaí fioscacha ar bhonn deonach le haghaidh feithiclí a chomhlíonann luachanna teorantacha astaíochta níos déine ná Euro V

Tá inbhuanaitheacht a leithéid de bhearta amhrasach san fhadtéarma. Dá bhrí sin, d'fhéadfadh an beartas seo neamhchinnteacht a chruthú do mhonaróirí i dtaca leis an éileamh ar fheithiclí níos glaine.

Sa bhreis air sin, d'fhéadfadh éifeachtaí trasteorann dothuartha a bheith mar thoradh ar chineálacha difriúla córas dreasachtaí a bheith i dtíortha comharsanacha, maidir le patrúin ceannaigh feithiclí agus iarmhairtí truaillithe. D'fhéadfaí todhchaí an mhargaidh aonair d'fheithiclí a chur i mbaol dá bharr.

Ar an gcuma seo, ní áirithíonn an rogha seo go mbaintear amach na cuspóirí beartas agus d'fhéadfadh, fiú, go mbeadh iarmhairt dhiúltach aige ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh tríd an gcinnteacht a laghdú maidir leis an éileamh ar chineálacha áirithe feithiclí.

Dá bhrí sin, ní ceart an cur chuige seo a leanúint.

(5) Cur chuige neamhrialaitheach: féin-rialáil trí ghealltanais idirbeartaithe le tionscal na ngluaisteán chun astaíochtaí ó fheithiclí nua a laghdú .

Ní léir go soláthraíonn féinghealltanas ráthaíocht iomchuí go mbainfear leibhéal sonrach astaíochta amach nó go mbeidh smachtbhannaí iomchuí ar fáil dá sárófaí an féinghealltanas. Sa bhreis air sin, ní léir go gcruthófaí aon bhuntáistí breise don tionscal, do rialtais ná don phobal i gcoitinne trí chur chuige deonach a úsáid.

Úsáidtear an tsraith Euro de rialacháin maidir le hastaíochtaí go forleathan ina lán margaí atá ag teacht chun cinn. Dá bhrí sin, tá impleachtaí tábhachtacha ar fud an domhain ag forbairtí sa chóras rialaitheach maidir le hastaíochtaí arna bhunú san AE. Chuirfeadh sé isteach go mór ar phróiseas an chomhchuibhithe dhomhanda dá mbogfaí ó chur chuige rialaitheach go cur chuige deonach.

Dá bhrí sin ní dhéanfar an rogha a bhaineann le cur chuige neamhrialaitheach a mheas níos faide.

3) EILIMINTÍ DLÍTHIÚLA AN TOGRA

Achoimre ar an ngníomh atá beartaithe

Is é príomhghné an Rialacháin seo go n-éilíonn sé na teorainneacha astaíochtaí d'ábhar cáithníneach (PM) agus d'ocsaídí nítrigine (NOX) a theannadh níos faide.

Ceanglófar laghdú 66% ar mhais na n-astaíochtaí cáithníneacha ó fheithiclí le hinnill adhainte comhbhrú. Cé nach bhforordaíonn an teorainn astaíochta níos ísle seo teicneolaíocht áirithe, ceanglóidh sí de facto scagairí cáithníní díosail (DPFanna) a thabhairt isteach.

Is féidir an teorainn astaíochta a roghnaítear le haghaidh cáithníní a shásamh le scagairí oscailte nó dúnta. Is é an buntáiste a bhaineann le scagairí dúnta ná go laghdaíonn siad na cáithníní sármhíne a mheastar is díobhálaí don tsláinte. Chun an fhéidearthacht a sheachaint go bhforbrófar scagairí oscailte sa todhchaí a shásóidh an teorainn maise cáithníní nua ach a ligfidh do líon mór cáithníní sármhíne dul tríothu, tá sé beartaithe caighdeán nua a thabhairt isteach lena dteorainnaítear líon na gcáithníní ar féidir a astú. Faoi láthair, ní iomchuí caighdeán uimhreach a shainmhíniú mar go bhfuil taighde á dhéanamh faoi Chlár Choimisiúin Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe um Thomhas Cáithníní (Particulate Measurement Programme, PMP). Tá meitheal UN/ECE ag scrúdú na saincheiste seo fós. Chomh luath agus a bheidh torthaí chlár PMP ar fáil, ba chóir caighdeán uimhreach a chur chun feidhme.

I gcás feithliclí le hinnill adhainte comhbhrú, beartaítear laghdú 80% in NOx. Chun an teorainn astaíochta seo a shásamh, is gá go mbeidh na tomhais ar an inneall inmheánach (e.g. Athfhilleadh Gáis Sceite, Exhaust Gas Circulation -EGC) agus na fearais iar-chóireála (e.g. Laghdú Catalaíoch Roghnach, Selective Catalytic Reduction -SCR) úrscothach. Áirítear sa togra laghduithe in astaíochtaí ó innill le hadhaint dheimhneach chomh maith.

Áirítear sa togra ceanglas go mbeadh faisnéis dhiagnóiseach ar bord (DAB) feithicle agus faisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil ar fáil ar shuíomhanna gréasáin san fhormáid chaighdeánaithe a d'fhorbair coiste teicniúil geallsealbhóirí ( 'formáid OASIS' mar a thugtar uirthi).

Is gné thábhachtach é ceanglais Comhchuibhithe Domhanda a thabhairt isteach chun costais tástála tionscail na ngluaisteán a laghdú agus beidh sé fabhrach d'íomaíochas na monaróirí Eorpacha inneall agus feithiclí. Sa chomhthéacs seo, tugann an togra seo isteach ceanglais, arna bhforbairt faoi chuimsiú UN-ECE WP.29 – an Fóraim Domhanda maidir le Rialachán d'Fheithiclí a Chomhfhogasú– i ndáil le:

1. Sraitheanna foistine (WHSC) tiomána atá comhchuibhithe ar bhonn domhanda agus sraitheanna tiomána comhchuibhithe ar bhonn domhanda atá díomuan (WHTC) a úsáid chun meastachán a dhéanamh ar astaíochtaí truailleán.

2. Modheolaíocht maidir le hastaíochtaí a thástáil agus a thomhas.

3. Córais dhiagnóiseacha ar bord (WWH-DAB) Comhchuibhithe ar bhonn Domhanda.

Chomh maith leis sin tugann an togra isteach ceanglais maidir le comhpháirteanna iarchóireála sceite amhail catalaígh agus scagairí cáithníní díosail (DPFanna) a chineál-cheadú

Bunús dlí

Is é Airteagal 95 den Chonradh an bunús dlí leis an togra seo.

Prionsabal na coimhdeachta

Tá feidhm ag prionsabal na coimhdeachta sa mhéid is nach dtig an togra faoi inniúlacht eisiach an Chomhphobail.

Ní féidir cuspóirí an togra a bhaint amach go leordhóthanach le gníomhartha na mBallstát, mar gur gá teacht chun cinn constaicí don mhargadh aonair a sheachaint agus de bharr impleachtaí trasteorann maidir le truailliú aeir.

Léiríonn samhaltú atmaisféarach go gcuireann an truailliú a astaítear i mBallstát amháin leis an truailliú a thomhaistear i mBallstáit eile, mar sin, chun an fhadhb maidir le truailliú aeir a réiteach, ní foláir gníomh comhbheartaithe ar scála AE.

Cuirfidh gníomh Comhphobail cuspóirí an togra i gcrích i slí níos fearr mar seachnóidh sé ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh a tharlódh ina éagmais. Trí chaighdeáin aonfhoirmeacha le haghaidh leibhéal na n-astaíochtaí truailleán ó mhótarfheithiclí a shocrú, áirithíonn an togra cáilíocht aeir níos fearr san Aontas Eorpach agus díríonn sé ar an bhfadhb trasteorann maidir le truailliú an aeir.

Da bhrí sin comhlíonann an togra prionsabal na coimhdeachta.

Prionsabal na comhréireachta

Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta ó tharla nach dtéann sé thar a bhfuil gá leis chun cuspóirí maidir le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú agus soláthar a dhéanamh ag an am céanna d'ardleibhéal cosanta don chomhshaol.

Taispeánann an anailís chostsochair is tairbhe atá á seoladh faoi chuimsiú mheasúnú iarmharta an togra go soláthraíonn na luachanna teorantacha astaíochta a roghnaíodh buntáistí don tsochaí uile.

Rogha ionstraimí

Is Rialachán í an ionstraim atá beartaithe. Ní bheadh modhanna eile leormhaith ar an gcúis seo a leanas:

- Meastar é a bheith iomchuí Rialacháin a úsáid chun an ráthaíocht is gá maidir le comhlíonadh a sholáthar agus ag an am céanna gan trasuí i reachtaíocht na mBallstát a cheangal.

Úsáideann an togra "cur chuige ar dhá leibhéal" agus baineadh úsáid as i bpíosaí reachtaíochta eile, e.g. i gcás na Treorach roimhe seo maidir le hastaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair[5]. Tá sé de choinne leis an gcur chuige seo gur de réir dhá bhealach éagsúla, ach comhthreomhara, a dhéanfar togra le haghaidh reachtaíochta agus a ghlacfar reachtaíocht:

- sa chéad áit, leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos na príomhfhorálacha i Rialachán arna fhothú ar Airteagal 95 den Chonradh CE tríd an nós imeachta comhchinnteoireachta (an 'togra comhchinnteoireachta');

- sa dara háit, leagfar síos na sonraíochtaí teicniúla lena gcuirtear chun feidhme na príomhfhorálacha i Rialachán arna ghlacadh ag an gCoimisiún le cúnamh ó choiste rialaitheach (an 'togra nós imeachta coiste').

4) IMPLEACHT BHUISÉADACH

Níl aon impleachtaí ag an togra seo do bhuiséad an Chomhphobail.

5) FAISNÉIS BHREISE

Insamhladh, treoirthréimhse agus idirthréimhse

Tá idirthréimhsí ginearálta curtha sa togra chun agaí tionscanta dóthanacha a thabhairt do mhonaróirí feithiclí.

Simpliú

Déanann an togra foráil do shimpliú reachtaíochta.

Déanann an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún leis an teideal " acquis[6] an Chomhphobail a thabhairt suas chun dáta agus a shimpliú" an córas cineál-cheadaithe do mhótarfheithiclí a aithint mar thosaíocht maidir le simpliú reachtaíocht an Chomhphobail. Aisghairfear Treoracha 2005/55/CE, 2005/78/CE agus 2006/51/CE. Sa bhreis air sin, aisghairfear Treoir 80/1269/CEE[7], agus a leasuithe, maidir le hinneallchumhacht mótarfheithiclí chomh maith agus áireofar a ceanglais theicniúla sa togra seo.

Forálann an togra do shimpliú nósanna imeachta riaracháin le haghaidh údarás poiblí (AE nó náisiúnta). Áirítear an togra i gclár rollta an Choimisiúin le haghaidh uasdátú agus simpliú an acquis communitaire agus i gClár Oibre Reachtach an Choimisiúin faoin tagairt 2002/ENTR/009.

Aisghairm reachtaíochta atá ann cheana

Má ghlactar leis an togra, déanfar reachtaíocht atá ann cheana a aisghairm. Tá sé mionsonraithe in Airteagal 15 den togra.

Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Baineann an gníomh beartaithe le hábhar LEE agus ba cheart, dá bhrí sin, go gcuimseodh sé an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch.

2007/0295 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁIN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le mótarfheithiclí agus inneall a chineál–cheadú i leith astaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair (Euro VI) agus le rochtain ar fhaisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil .

(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 95 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún[8],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[9],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 251 den Chonradh[10],

De bharr an méid seo a leanas:

(1) Is éard atá sa mhargadh inmheánach limistéar gan teorainneacha inmheánacha nár mhór saorghluaiseacht earraí, daoine, seirbhísí agus caipitil a áirithiú laistigh de. Chun na críche sin tá córas cuimsitheach Comhphobail le haghaidh mótarfheithiclí a chineál-cheadú curtha ar bun. Dá bhrí sin, ba chóir na ceanglais theicniúla a bhaineann le mótarfheithiclí a chineál-cheadú maidir le hastaíochtaí a chomhchuibhiú sa dóigh nach mbeadh ceanglais dhifriúla i mBallstáit áirithe seachas a chéile agus chun ardleibhéal cosanta don chomhshaol a áirithiú.

(2) Is Rialachán nua ar leithligh an Rialachán seo i gcomhthéacs nós imeachta cineál-cheadaithe an Chomhphobail faoi Threoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear creat d'fhormheas mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá ceaptha d' fheithiclí dá leithéidí (Treoir Réime) [11] . Dá bhrí sin, ba chóir Iarscríbhinní IV, VI agus XI a ghabhann leis an Treoir sin a leasú dá réir.

(3) Tar éis iarratas a fháil ó Pharlaimint na hEorpa, tugadh isteach cur chuige rialaitheach nua maidir le reachtaíocht feithicle san AE. Ní chóir, dá bhrí sin, go leagfaí síos sa Rialachán seo ach forálacha bunúsacha maidir le hastaíochtaí ó fheithiclí, cé gur chóir na sonraíochtaí teicniúla a leagan síos trí bhearta cur chun feidhme arna nglacadh i ndiaidh nósanna imeachta coiste.

(4) Bunaíonn an Séú Clár Comhphobail Gníomhaíochta Comhshaoil arna ghlacadh le Cinneadh Uimh. 1600/2002/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Iúil 2002 an gá atá le leibhéil truaillithe a laghdú go dtí leibhéil a íoslaghdaíonn éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine, ag tabhairt aird faoi leith ar dhaonraí íogaireacha agus ar an gcomhshaol ina iomláine. Bhunaigh reachtaíocht an Chomhphobail caighdeáin iomchuí le haghaidh cháilíocht an aeir chomhthimpeallaigh chun sláinte an duine agus indibhidiúl íogaireach go háirithe a chosaint, agus le haghaidh uasteorainneacha astaíochta náisiúnta chomh maith. De bharr an chláir dar teideal "Aer Glan don Eoraip" (CAFE) glacadh straitéis théamúil maidir le truailliú aeir[12]. Ceann de chonclúidí na straitéise téamúla is ea gur gá tuilleadh laghduithe a dhéanamh ar astaíochtaí ó earnáil an iompair (aeriompar, muiriompar agus iompar ar tír), ó theaghlaigh agus ó earnálacha an fhuinnimh, na talmhaíochta agus an tionscail chun cuspóirí cáilíochta aeir an AE a bhaint amach. Sa chomhthéacs seo, ba chóir tabhairt faoi astaíochtaí ó fheithiclí a laghdú mar chuid de straitéis fhoriomlán. Tá na caighdeáin Euro VI ar cheann de na bearta a ceapadh chun go laghdófaí astaíochtaí iarbhír ó thruailleáin aeir a thagann ó fheithicil atá in úsáid, leithéid truailleán cáithníneach (PM) chomh maith le réamhtheachtaithe ózóin leithéid ocsaídí nítrigine agus hidreacarbón.

(5) Chun cuspóirí maidir le cáilíocht aeir an AE a bhaint amach, ní mór iarracht leanúnach chun astaíochtaí ó fheithicle a laghdú. Ar an ábhar sin, bá chóir faisnéis shoiléir ar luachanna teorantacha astaíochta sa todhchaí a sholáthar do thionscal.

(6) Go háirithe, tá gá le laghdú in astaíochtaí ocsaíde nítrigine ó fheithiclí tromshaothair chun cáilíocht an aeir a fheabhsú agus chun luachanna teorantacha maidir le truailliú agus uasteorainneacha astaíochta náisiúnta a chomhlíonadh. Má leagtar síos na luachanna teorantacha maidir le hastaíochtaí ocsaíde nítrigine go luath, ba chóir go soláthrófaí slandáil fhadtéarmach pleanála ar fud na hEorpa, do mhonaróirí feithiclí.

(7) Agus caighdeáin astaíochta á leagan síos tá sé tábhachtach go gcuirfí san áireamh na himpleachtaí d'iomaíochas na margaí agus na monaróirí, na costais dhíreacha agus indíreacha a fhorchuirtear ar ghnó agus na buntáistí a fhabhraítear i dtéarmaí núálaíocht a spreagadh, cáilíocht an aeir a fheabhsú, costais sláinte a laghdú agus ionchas saoil a mhéadú.

(8) Tá gá le rochtain neamhshrianta ar fhaisnéis faoi dheisiú feithiclí, via formáid chaighdeánaithe ar féidir a úsáid chun faisnéis theicniúil a aisghabháil, agus le hiomaíocht éifeachtach ar an margadh do sheirbhísí a bhaineann le deisiú agus le faisnéis faoi fheithiclí chun feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú, go háirithe maidir le saorghluaiseacht earraí, saoirse bhunaíochta agus saoirse chun seirbhísí a sholáthar. Baineann cion maith d'fhaisnéis dá leithéid le córais dhiagnóiseacha ar bord agus lena a n-idirghníomhaíocht le córais eile feithiclí. Is iomchuí sonraíochtaí teicniúla a leagan síos, ar chóir do suíomhanna gréasáin na monaróirí cloí leo, mar aon le spriocbhearta lena n-áirithiú go mbeadh rochtain réasúnach ag gnóthais bheaga agus mheánmhéide (SMEanna) orthu.

(9) Ba chóir don Choimisiún a choimeád faoi bhreithniú, astaíochtaí atá fós gan rialú agus a eascraíonn de thoradh úsáid níos leithne a bheith á baint as foirmlithe nua breosla, teicneolaíochtaí innill agus córais rialaithe astaíochtaí, agus, más gá, togra a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle d'fhonn astaíochtaí den sórt sin a rialáil.

(10) Is iomchuí taobhú le feithiclí breosla mhalartaigh a thabhairt isteach, ar féidir leo astaíochtaí ísle ocsaíde nítrigine agus cáithníneacha a bheith acu. Ar an gcuma sin, ba chóir luachanna teorantacha do hidreacarbóin, do hidreacarbóin neamh-mheatáin agus do mheatán a thabhairt isteach.

(11) D'fhonn a áirithiú go ndéantar rialú ar thruailleáin cháithníneacha sármhíne (PM 0.1 µm agus faoina bhun)a astaítear, ba chóir go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún cur chuige maisbhunaithe a ghlacadh maidir le hastaíochtaí truailleán cáithníneach, sa bhreis ar an gcur chuige maisbhunaithe atá in úsáid faoi láthair. Ba chóir go mbeadh an cur chuige maisbhunaithe i leith astaíochtaí cáithníneacha bunaithe ar thorthaí Chlár Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip um Thomhas Cáithníní agus ba chóir go mbeadh sé ag luí leis na cuspóirí uaillmhianacha atá ann don chomhshaol.

(12) Ba chóir don Choimisiún sraitheanna tiomána atá comhchuibhithe ar bhonn domhanda a ghlacadh sa nós imeachta tástála atá mar bhonn le rialacháin an CE maidir le hastaíochtaí a chineál-cheadú. Ba chóir cur i bhfeidhm córas iniompartha um astaíochtaí a thomhas chun na hastaíochtaí iarbhír ó fheithiclí atá in úsáid a fhíorú agus tabhairt isteach nósanna imeachta maidir le rialú astaíochtaí lasmuigh den tsraith (off cycle emmissions, OCE/) a mheas chomh maith.

(13) Tá córais dhiagnóiseacha ar bord (DAB) tábhachtach chun na hastaíochtaí ó fheithicil agus í in úsáid a rialú. De bharr a thábhachtaí is atá sé fíorastaíochtaí a rialú, ba chóir don Choimisiún na ceanglais maidir leis na córais sin agus na tairseacha lamháltais maidir le monatóireacht ar lochtanna a choimeád faoi bhreithniú.

(14) Chun rannchuidiú na hearnála seo leis na hastaíochtaí domhanda de gháis cheaptha teasa (greenhouse gases, GHG/) a mhonarú, ba chóir don Choimisiún tomhas ar ídiú breosla agus ar astaíochtaí carbóin dé-ocsaíde i bhfeithiclí tromshaothair a thabhairt isteach.

(15) Chun astaíochtaí iarbhír ó fheithiclí atá in úsáid, lena n-áirítear OCE, a rialú níos fearr agus chun an próiseas comhlíonta d'fheithiclí atá in úsáid a éascú, ba chóir modheolaícht tástála agus ceanglais feidhmíochta a ghlacadh bunaithe ar córas iniompartha a úsáid chun astaíochtaí a thomhas ( portable emissions measuring systems , PEMS/) .

(16) D'fhonn na cuspóirí maidir le cáilíocht an aeir a bhaint amach, ba chóir don Choimisiún forálacha comhchuibhithe a thabhairt isteach chun a áirithiú go ndéanfar rialú iomchuí ar astaíochtaí ó innill agus feithiclí tromshaothair, thar réimse leathan coinníollacha oibriúcháin inneall agus chomhthimpeallacha.

(17) Is é feidhmiú ceart an chórais iarchóireála, agus níos sonraithe i gcás NOx, an ceanglas bunúsach chun na caighdeáin atá bunaithe le haghaidh astaíochtaí truailleán a shásamh. Sa chomhthéacs seo, ba chóir bearta chun oibriú iomchuí córas ag brath ar úsáid imoibrí a thabhairt isteach.

(18) Is féidir leis na Ballstáit a áirithiú, trí mheán dreasachtaí airgeadais, go gcuirtear ar an margadh feithiclí a chomhlíonann ceanglais arna nglacadh ar leibhéal an Chomhphobail, níos luaithe. Níor chóir go ndéanfadh an Rialachán seo difear do cheart na mBallstát astaíochtaí a áireamh mar chuid den chóras faoina ríomhfar na cánacha a thoibheofar ar fheithiclí.

(19) Ba chóir do na Ballstáit rialacha a leagan síos maidir le pionóis is infheidhme maidir le saruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo agus a áirithiú go gcuirtear chun feidhme iad. Ba chóir go mbeadh na pionóis sin éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.

(20) Ba chóir na ceanglais maidir le hinneallchumhacht mótarfheithiclí atá i dTreoir 80/1269/CE a thabhairt isteach sa Rialachán seo agus i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007. Ba chóir, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a leasú dá réir sin agus ba chóir Treoir 80/1269/CE a aisghairm.

(21) Ba chóir Airteagal 14(6) de Rialachán Uimh. 715/2007 a scriosadh mar go n-aisghairtear an Treoir dá dtagraítear leis an Rialachán seo. Ba cheart, dá bhrí sin Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a leasú dá réir sin.

(22) Chun reachtaíocht Comhphobail a shimpliú, is iomchuí Rialachán a chur in ionad na dTreoracha atá ann cheana. Ba chóir go gcinnteofaí trí Rialacháin a úsáid go mbeidh na forálacha teicniúla mionsonraithe infheidhme go díreach maidir leis na monaróirí, údaráis formheasta agus seirbhísí teicniúla agus gur féidir iad a thabhairt suas chun dáta ar bhealach tapa éifeachtach. Ba chóir an reachtaíocht maidir le hastaíochtaí ó fheithiclí tromshaothair, is iad sin Treoracha 2005/55/CE, 2005/78/CE agus 2006/51/CE a aisghairm.

(23) Ba chóir na bearta is gá chun an Rialachán seo a chur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999, ina leagtar amach na nósanna imeachta chun na cumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún a fheidhmiú[13].

(24) Ba chóir, go háirithe, go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún luachanna teorantacha atá bunaithe ar líon na gcáithníní a thabhairt isteach in Iarscríbhinn I, luach an leibhéil inghlactha maidir leis an gcomhpháirt NO2 a shonrú, nósanna imeachta sonracha, tástálacha agus ceanglais maidir le cineál-cheadú a chur ar bun, chomh maith le nós imeachta tomhais do líon na gcáithníní, agus chun bearta maidir le hastaíochtaí lasmuigh den tsraith, rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, a ghlacadh. Ó tharla go bhfuil raon feidhme ginearálta ag na bearta sin agus gur ceapadh iad chun an Rialachán a fhorlíonadh trí eilimintí nua neamhriachtanacha a chur leis, ní foláir iad a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú dá bhforáiltear in Airteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE.

(25) Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon cur i gcrích an mhargaidh inmheánaigh trí mheán comhcheanglas teicniúil i leith astaíochtaí ó mhótarfheithiclí agus rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí a ráthú d'oibreoirí neamhspleácha faoi mar a dhéantar do dhéileáilithe agus do dheisitheoirí údaraithe, a bhaint amach go leordhóthanach agus dá bhrí sin, is fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Chomhphobail, féadfaidh an Comhphobal bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh. De réir phrionsabal na comhréireachta, mar atá leagtha amach san Airteagal sin, ní dhéanann an Rialachán seo níos mó ná an méid atá riachtanach leis na cuspóirí sin a bhaint amach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Bunaíonn an Rialachán seo comhcheanglais theicniúla maidir le mótarfheithiclí, inneall agus páirteanna athsholáthair a chineál-cheadú i leith a n-astaíochtaí.

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le comhréireacht inseirbhíse feithiclí agus inneall, marthanacht feistí rialaithe truaillithe, córais dhiagnóiseacha ar bord (DAB), ídiú breosla agus astaíochtaí carbóin dé-ocsaíde (CO2) agus deatach díosail a thomhas agus rochtain ar DABanna feithiclí agus ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí.

Airteagal 2

Raon feidhme

Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir le feithiclí de chatagóir M1, catagóir M2, catagóir N1 agus catagóir N2 mar atá sainmhínithe in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2007/46/CE ar mó a mais thagartha ná 2 610 kg agus maidir le gach mótarfheithicil de chatagóir M3 agus catagóir N3, mar atá sainmhínithe san Iarscríbhinn sin.

Beidh feidhm ag an Rialachán gan dochar d'Airteagal 2(2) de Rialachán CE Uimh. 715/2007.

Airteagal 3

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1) ciallaíonn "inneall" foinse chumhachta gluaiste feithicle a bhféadfar cineál-cheadú a dheonú di mar aonad teicniúil faoi leith, mar a shainmhínítear i bpointe (25) d'Airteagal 3 de Threoir 2007/46/CE;

(2) ciallaíonn "truailleáin ghásacha" astaíochtaí gáis sceite aonocsaíde carbóin, ocsaídí nítrigine, a chuirtear i bhfios i gcoibhéis dé-ocsaíde nítrigine (NO2), agus i hidreacarbóin;

(3) ciallaíonn "truailleáin cháithníneacha" comhpháirteanna den ghás sceite a bhaintear as an ngás sceite caolaithe ag uasteocht 325 K (52 °C) trí mheán na scagairí a luaitear sa nós imeachta tástála maidir le meánastaíochtaí ón sceithphíopa a fhíorú.

(4) ciallaíonn "astaíochtaí ón sceithphíopa" astú truailleán gásach agus cáithníneach;

(5) ciallaíonn "cás an chromáin" na spásanna istigh san inneall, nó taobh amuigh de, a bhíonn ceangailte le humar na hola trí dhuchtanna istigh san umar nó taobh amuigh di a thugann deis astaithe do gháis agus do ghal;

(6) ciallaíonn "feiste rialaithe truaillithe" na comhpháirteanna sin d'fheithicil a rialaíonn astaíochtaí ón sceithphíopa agus/nó a chuireann teorainn leo;

(7) ciallaíonn córas "diagnóiseach ar bord" nó "córas DAB" córas chun astaíochtaí a rialú a bhfuil sé de chumas ann réimse dóchúil na mífheidhme a aithint trí bhíthin lochtchód a stóráiltear i gcuimhne ríomhaire;

(8) ciallaíonn "straitéis uathmhaolaithe" straitéis rialaithe astaíochtaí a laghdaíonn éifeachtúlacht na rialuithe astaíochtaí faoi choinníollacha oibriúcháin comhthimpeallacha nó innill a dteagmhaítear leo i rith gnáthoibriúcháin feithicle nó lasmuigh de nósanna imeachta tástála an chineál-cheadaithe;

(9) ciallaíonn "bunfheiste rialaithe truaillithe" feiste rialaithe truaillithe nó cnuasach feistí den sórt sin a fholaítear leis an gcineál-cheadú a deonaíodh i leith na feithicle lena mbaineann;

(10) ciallaíonn "feiste athsholáthair rialaithe truaillithe" feiste rialaithe truaillithe nó cnuasach feistí den sórt sin a ceapadh chun dul in ionad bunfheiste rialaithe truaillithe agus ar féidir a cheadú mar aonad teicniúil ar leith mar a shainmhínítear in Airteagal 3 de Threoir 2007/46/CE;

(11) ciallaíonn "faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil" gach faisnéis is gá chun diagnóis, seirbhísiú, iniúchadh, monatóireacht thréimhseach, deisiú, athchlárú nó atúsú a dhéanamh ar an bhfeithicil, faisnéis a sholáthraíonn na monaróirí dá ndeisitheoirí údaraithe nó dá ndéileálaithe údaraithe lena n-áirítear gach leasú nó forlíonadh ina dhiadh sin ar an bhfaisnéis sin. Áirítear san fhaisnéis seo gach faisnéis is gá le haghaidh páirteanna nó trealamh a fheistiú i bhfeithiclí;

(12) ciallaíonn "oibreoir neamhspleách" gnóthais seachas déileálaithe údaraithe agus deisitheoirí údaraithe a bhíonn páirteach go díreach nó go hindíreach i ndeisiú agus i gcothabháil mótarfheithiclí, go háirithe deisitheoirí, monaróirí nó dáileoirí trealaimh dheisiúcháin, uirlisí nó páirteanna spártha, foilsitheoirí faisnéise teicniúla, clubanna gluaisteán, oibreoirí cabhrach ar thaobh an bhóthair, oibreoirí a chuireann seirbhísí iniúchta agus tástála ar fáil, oibreoirí a chuireann oiliúint ar fáil do shuiteálaithe, monaróirí agus deisitheoirí trealaimh d'fheithiclí breosla ionadúla;

(13) ciallaíonn "feithicil breosla ionadúil" feithicil a ceapadh chun í a thiomáint le cineál amháin breosla ar a laghad atá gásach ag teocht atmaisféarach agus ag brú atmaisféarach, nó nach bhfuil díorthaithe de mhórán ó ola mhianrach;

(14) ciallaíonn "mais thagartha" mais na feithicle in ord reatha lúide mais chomhionann 75 kg an tiománaí arna mhéadú faoi mhais chomhionann 100 kg.

Airteagal 4

Oibleagáidí na monaróirí

1. Léireoidh monaróirí go ndéanfar gach feithicil nua a dhíolfar, a chlárófar nó a chuirfear i seirbhís laistighden Chomhphobal, gach inneall nua a dhíolfar, nó a chuirtear i seirbhís laistigh den Chomhphobal agus gach feiste rialaithe truaillithe athsholáthair nua a mbeidh cineál-cheadú riachtanach dóibh de bhun Airteagal 8, a dhíolfar nó a chuirfear i seirbhís laistigh den Chomhphobal, a chineál-cheadú i gcomhréir leis an Rialachán seo.

2. Áiritheoidh monaróirí go gcomhlíonfar na nósanna imeachta a bhaineann le cineál-cheadú chun comhréireacht táirgeachta, marthanacht feistí rialaithe truaillithe agus comhréireacht inseirbhíse a fhíorú.

Caithfidh na bearta teicniúla a ghlacfaidh an monaróir a áirithiú go gcuirfear srian i gceart le hastaíochtaí ón sceithphíopa, de bhun an Rialacháin seo, ar feadh ghnáth-shaolré na bhfeithiclí agus iad á dtiomáint faoi ghnáthchoinníollacha úsáide.

Chun na críche sin, beidh an míleáiste agus an tréimhse ama a dtagraítear dóibh agus na tástálacha maidir le marthanacht feistí rialaithe truaillithe a dhéantar don chineál-cheadú agus tástáil comhréireachta maidir le feithiclí atá in úsáid, mar seo a leanas:

(a) 160 000 km nó cúig bliana, cibé is luaithe, i gcás inneall atá feistithe i bhfeithiclí de chatagóir M1, catagóir N1 agus catagóir M2,;

(b) 300 000 km nó sé bliana, cibé is luaithe, i gcás inneall atá feistithe i bhfeithiclí de chatagóir N2, catagóir N3 le huasmhais incheadaithe go teicniúil nach mó ná 16 tonna agus M3 Aicme I, Aicme II agus Aicme A, agus Aicme B ag a bhfuil uasmhais nach mó ná 7.5 tonna atá incheadaithe go teicniúil ;

(c) 700 000 km nó seacht mbliana, cibé is luaithe, i gcás inneall atá feistithe i bhfeithiclí de catagóir N3 le huasmhais incheadaithe go teicniúil gur mó ná 16 tonna agus M3, Aicme III and Aicme B le huasmhais incheadaithe go teicniúil gur mó ná 7.5 tonna;

3. Bunóidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 39(9) de Threoir 2007/46/CE, nósanna imeachta agus ceanglais ar leith le haghaidh cur chun feidhme mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo.

Airteagal 5

Ceanglais agus tastálacha

1. Cinnteoidh monaróirí go gcomhlíonfar na teorainneacha astaíochtaí atá leagtha amach in Iarscríbhinn I.

2. Feisteoidh an monaróir na hinnill agus na feithiclí ionas go mbeidh na comhpháirteanna ar dóigh dóibh éifeacht a bheith acu ar astaíochtaí, deartha, déanta agus cóimeáilte sa chaoi is go bhféadfaidh an t-inneall nó an fheithicil, sa ghnáthúsáid, an Rialachán seo a chomhlíonadh.

3. Toirmeascfear úsáid straitéisí uathmhaolaithe a laghdaíonn éifeachtúlacht trealaimh rialaithe astaíochtaí.

4. Glacfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 39(9) de Threoir 2007/46/CE, bearta le haghaidh cur chun feidhme an Airteagail seo. Bainfidh na bearta seo leis an méid seo a leanas:

(a) astaíochtaí ón sceithphíopa, lena n-áirítear timthriallacha tástála, astaíochtaí lasmuigh den tsraith, líon na gcáithníní ag luas réchasta, teimhneacht deataigh agus dea-fheidhmiú agus athghiniúint na bhfeistí rialaithe truaillithe;

(b) astaíochtaí ó chás an chromáin;

(c) córais DAB agus feidhmíocht na bhfeistí rialaithe truaillithe i bhfeithiclí atá in úsáid;

(d) marthanacht feistí rialaithe truaillithe, feistí athsholáthair rialaithe truaillithe, comhréireacht inneall agus feithiclí atá in úsáid, comhréireacht táirgeachta agus ródacmhainneacht;

(e) astaíochtaí carbóin dé-ocsaíde agus ídiú breosla;

(f) síneadh ar chineál-cheaduithe a dheonadh;

(g) trealamh tástála;

(h) breoslaí tagartha;

(i) inneallchumhacht a thomhas;

(j) forálacha sonracha chun oibriú ceart bearta rialaithe NOx a áirithiú; Áiritheoidh na bearta sin nach féidir feithiclí, a bhfuil imoibrí ag teastáil uathu chun na luachanna teorantacha d'astaíochtaí NOx a chomhlíonadh, a oibriú gan an t-imoibrí sin.

Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 39(9) de Threoir 2007/46/CE, bearta eile maidir le nósanna imeachta, tástálacha agus ceanglais sonracha le haghaidh cineál-cheadú a ghlacadh.

Airteagal 6

Rochtain ar fhaisnéis

1. Tabharfaidh monaróirí rochtain neamhshrianta chaighdeánaithe d'oibreoirí neamhspleácha ar fhaisnéis dhiagnóiseach ar bord (DAB) agus ar fhaisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil

Beidh feidhm ag Airteagail 6 agus 7 de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007.

2. Déanfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 39(9) de Threoir 2007/46/CE, maidir le mír 1 den Airteagal seo a chur chun feidhme, na sonraíochtaí teicniúla i ndáil leis an gcaoi ina soláthrófar faisnéis DAB agus faisnéis faoi fheithiclí a dheisiú agus a chothabháil, a bhunú agus a thabhairt suas chun dáta.

Féadfaidh an Coimisiún, i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 39(9) de Threoir 2007/46/CE, bearta eile is gá a ghlacadh chun mír 1 den Airteagal seo a chur chun feidhme.

Airteagal 7

Oibleagáidí maidir le córais ina n-úsáidtear imoibrí inchaite

1. Ní chuirfidh monaróirí, deisitheoirí ná oibreoirí feithiclí isteach ar na córais a úsáideann imoibrí inchaite.

2. Áiritheoidh oibreoirí feithiclí nach dtiomáintear an fheithicil gan imoibrí inchaite.

Airteagal 8

Tráthchlár le haghaidh cineál-cheadú a cur i bhfeidhm ar fheithiclí agus innill

1. Le héifeacht ón dáta arna leagan amach sa chéad abairt den dara alt d'Airteagal 16, diúltóidh na húdaráis náisiúnta, ar fhorais a bhaineann le hastaíochtaí, cineál-cheadú an AE nó cineál-cheadú náisiúnta a dheonú i leith cineálacha nua innill nó feithicle nach gcomhlíonann an Rialachán seo.

Féadfar deimhnithe teicniúla ar chineál-cheadú a fhreagraíonn do chéimeanna astaíochta roimh Euro VI a dheonú ar fheithiclí agus innill a bheartaítear iad a onnmhairiú go dtí tríú tíortha, ar an gcoinníoll go ndearbhaítear go soiléir ar na deimhnithe sin nach féidir na feithiclí agus na hinnill sin a chur ar mhargadh an Chomhphobail.

2. Le héifeacht ón 1 Deireadh Fómhair 2014, measfaidh na húdaráis náisiúnta, i gcás feithiclí nua nach gcomhlíonann an Rialachán seo, nach bhfuil na deimhnithe comhréireachta bailí a thuilleadh chun críocha Airteagal 26 de Threoir 2007/46/CE agus cuirfidh siad toirmeasc, ar fhorais i ndáil le hastaíochtaí, a chlárú, a dhíol nó a chur i seirbhís na bhfeithiclí sin.

Le héifeacht ón dáta céanna agus cé is moite den chás maidir le innill athsholáthair le haghaidh feithiclí in úsáid, cuirfidh na húdaráis náisiúnta toirmeasc le díol nó úsáid inneall nua nach gcomhlíonann an Rialachán seo.

3. Gan dochar do mhíreanna 1 agus 2 den Airteagal seo, agus faoi réir na mbeart cur chun feidhme dá dtagraítear in Airteagal 4(3), sa chéad fhomhír d'Airteagal 5(4) agus sa chéad fhomhír d'Airteagal 6(2) teacht i bhfeidhm, má iarrann monaróir amhlaidh, ní fhéadfaidh na húdaráis náisiúnta, ar fhorais a bhaineann le hastaíochtaí ó fheithiclí, diúltú cineál-cheadú an AE nó cineál-cheadú náisiúnta a bhaineannn le cineál nua feithicle nó innill a dheonú, nó toirmeasc a chur le feithicil nua a chlárú, a dhíol nó a chur i seirbhís agus díol nó innill nua dhíol nó a úsáid, sa chás go gcomhlíonann an fheithicil nó na hinnill i dtrácht an rialachán seo.

Airteagal 9

Oibleagáidí na mBallstát maidir le páirteanna athsholáthair a chineál-cheadú

Cuirfidh na húdaráis náisiúnta toirmeasc le feistí nua rialaithe truaillithe a bheartaítear a fheistiú i bhfeithiclí atá formheasta faoin Rialachán seo a dhíol nó a shúiteáil i bhfeithicil mura de chineál iad ar bronnadh cineál-cheadú ina leith i gcomhlíonadh an Rialacháin seo.

Airteagal 10

Dreasachtaí airgeadais

1. Faoi réir bhearta cur chun feidhme an Rialacháin seo teacht i bhfeidhm, féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh do dhreasachtaí airgeadais a bhfuil feidhm acu maidir le mótarfheithiclí a tháirgtear go srathach, a chomhlíonann an Rialachán seo.

Beidh feidhm ag na dreasachtaí sin maidir le gach feithicil a chuirtear ar mhargadh na mBallstát i dtrácht, a chomhlíonann an Rialachán seo. Mar sin féin, ní bheidh feidhm acu a thuilleadh ón 1 Deireadh Fómhair 2014 ar a dhéanaí.

2. Faoi réir bhearta cur chun feidhme an Rialacháin seo teacht i bhfeidhm, féadfaidh na Ballstáit dreasachtaí airgeadais a dheonú d'athfheistiú feithiclí atá in úsáid go dtí na luachanna teorantacha astaíochta arna leagan amach in Iarscríbhinn I agus do dhiúscairt feithiclí nach gcomhlíonann an Rialachán seo.

3. Maidir le gach cineál mótarfheithicle, ní rachaidh na dreasachtaí airgeadais dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 thar costas breise na bhfeistí teicniúla a thugtar isteach chun comhlíonadh na dteorainneacha astaíochta arna sonrú in Iarscríbhinn I a áirithiú, lena n-áirítear an costas súiteála san fheithicil.

4. Cuirfear an Coimisiún ar an eolas maidir le pleananna chun na dreasachtaí airgeadais a thionscnamh nó a athrú.

Airteagal 11

Pionóis

1. Leagfaidh na Ballstáit síos forálacha maidir le pionóis a bheidh infheidhme i dtaca le sárú fhorálacha an Rialacháin seo agus glacfaidh siad na bearta go léir is gá chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Ní foláir go mbeidh na pionóis sin éifeachtach comhréireach agus athchomhairleach. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na forálacha sin faoin [DÁTA 18 mí tar éis an Rialacháin seo teacht i bhfeidhm ] ar a dhéanaí, agus tabharfaidh siad fógra gan mhoill dó faoi aon leasuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin agus a dhéanann difear dóibh.

2. I measc na gcineálacha sáruithe arna ndéanamh ag monaróirí atá faoi réir pionóis áireofar:

(a) dearbhuithe bréagacha a dhéanamh i rith na nósanna imeachta formheasta nó nósanna imeachta as a dtiocfaidh athghlaoch;

(b) torthaí na tástála a fhalsú ar chineál-cheadú nó do chomhréireacht inseirbhíse;

(c) sonraí nó sonraíochtaí teicniúla as a d'fheadfadh athghlaoch nó tarraingt siar an chineál-cheadaithe a theacht, a choimeád siar;

(d) straitéisí uathmhaolaithe a úsáid;

(e) rochtain ar fhaisnéis a dhiúltú.

Áireofar i measc na gcineálacha sáruithe ag monaróirí, deisitheoirí agus oibreoirí atá faoi réir pionóis cur isteach ar chórais a úsáideann imoibrí inchaite.

I measc na gcineálacha sáruithe ag oibreoirí atá faoi réir pionóis áireofar feithicil a thiomáint gan imoibrí inchaite.

Airteagal 12

Athshainmhíniú ar na sonraíochtaí

1. Tar éis an Clár Coimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip um Thomhas Cáithníní a chur i gcrích, arna seoladh faoi choimirce an Fhóraim Dhomhanda um Rialachán d'Fheithiclí a Chomhfhogasú, déanfaidh an Coimisiún, gan leibhéal cosanta don chomhshaol laistigh den Chomhphobal a ísliú:

(a) luachanna teorantacha atá bunaithe ar líon na gcáithníní a thabhairt isteach, agus más iomchuí luach leibhéal incheadaithe na comhpháirte NO2 sa luach teorantach NOx a shonrú; ann, i gcomhréir le hAirteagal 39(2) de Threoir 2007/46/CE;

(b) nós imeachta a ghlacadh chun líon na gcáithníní a thomhas

2. Glacfaidh an Coimisiún fachtóirí comhghaoil idir an tSraith Dhíomuan Eorpach (European Transient Cycle, ETC) agus an tSraith Foistine Eorpach (European steady state cycle, ESC) mar atá sé tuairiscithe i dTreoir 2005/55/CE, agus oiriúnóidh an tsraith tiomána dhíomuan comhchuibhithe domhanda (world-wide harmonised transient driving cycle (WHTC) agus an tsraith tiomána foistine comhchuibhithe domhanda (world-wide harmonised steady state driving cycle (WHSC) na luachanna teorantacha dá réir.

3. Coimeádfaidh an Coimisiún faoi bhreithniú na nósanna imeachta, tástálacha agus ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 5(4) chomh maith leis na timthriallaacha tástála a úsáidtear chun astaíochtaí a thomhas.

Má shuíonn an t-athbhreithniú nach leordhóthanach a thuilleadh na nósanna imeachta, tástálacha agus ceanglais sin nó nach bhfreagraíonn siad a thuilleadh d'fhíorastaíochtaí domhanda, oiriúnófar iad chun go léireoidh siad go leordhóthanach na hastaíochtaí a ghineann fíorthiomáint ar an mbóthar.

4. Coimeádfaidh an Coimisiún faoi bhreithniú na truailleáin atá liostaithe i bpointe 2 d'Airteagal 3. Má chinneann an Coimisiún gur iomchuí astú truailleán breise a rialú, leasóidh sé an Rialachán seo dá réir.

Airteagal 13

Leasuithe ar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007

Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 mar seo a leanas:

1. Leasaítear Airteagal 5(3) mar seo a leanas

(i) tar éis phointe (h), scriostar an focal "agus";

(ii) cuirtear an pointe (j) seo a leanas leis:

'(j) inneallchumhacht a thomhas.'

2. Scriostar Airteagal 14(6).

Airteagal 14

Leasuithe ar Threoir 2007/46/CE

Leasaítear Iarscríbhinní IV, VI agus IX a ghabhann le Treoir 2007/46/CE i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 15

Aisghairm

1. Aisghairtear Treoir 80/1269/CEE ón gComhairle, Treoracha 88/195/CEE, 97/21/CE, 1999/99/CE agus 2005/78/CE ón gCoimisiún, agus Treoir 2005/55/CE le héifeacht ón 1 Deireadh Fómhair 2014.

2. Forléireofar tagairtí a dhéantar do na Treoracha aisghairthe mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 16

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an bhfichiú lá tar éis a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Aibreán 2013. Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagail 8(3) agus 10 ó dháta a theacht i bhfeidhm agus beidh feidhm ag pointí 1(a)(i), 1(b)(i), 2(a), 3(a)(i), 3(b)(i), 3(c)(i) agus 3(d)(i) d'Iarscríbhinn II ón 1 Deireadh Fómhair 2014.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an...

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán An tUachtarán

IARSCRÍBHINN I Teorainneacha astaíochtaí Euro VI

Luachanna teorantacha |

41a | Astaíochtaí (Euro VI) ó fheithiclí tromshaothair, cé is moite den fhoireann iomlán ceanglas i ndáil le Córais Dhiagnóiseacha ar Bord (DABanna) agus rochtain ar fhaisnéis/Rochtain ar fhaisnéis | [CE) Uimh. .../.. .uimhir an Rialacháin seo le cur isteach] | [L .., …, p. .. tagairt don Rialachán seo le cur isteach] | A |

2. San Fhoscríbhinn a ghabhann le hIarscríbhinn VI, leasaítear an tábla mar seo a leanas:

(a) scriostar pointe 40;

(b) cuirtear isteach an pointe 41a seo a leanas:

Ábhar | Tagairt don ionstraim rialaitheach | Mar atá arna leasú le | Infheidhme maidir le leaganacha |

41a Astaíochtaí (Euro VI) ó fheithiclí tromshaothair/rochtain ar fhaisnéis | [CE) Uimh. .../...uimhir an Rialacháin seo le cur isteach] |

3. Leasaítear Iarscríbhinn XI mar seo a leanas:

(a) i bhFoscríbhinn 1, leasaítear an tábla mar seo a leanas:

(i) scriostar pointe 40;

(ii) cuirtear isteach an pointe 41a seo a leanas:

Mír | Ábhar | Tagairt don ionstraim rialaitheach | M1 ( 2 500 (1) kg | M1 ( 2 500 (1) kg | M2 | M3 |

41a | Astaíochtaí (Euro VI) ó fheithiclí tromshaothair/rochtain ar fhaisnéis | [CE) Uimh. .../...uimhir an Rialacháin seo le cur isteach] | G+H | G+H | G+H | G+H |

(b) i bhFoscríbhinn 2, leasaítear an tábla mar seo a leanas:

(i) scriostar pointe 40;

(ii) cuirtear isteach an pointe 41a seo a leanas sa tábla:

41a | Astaíochtaí (Euro VI) feithiclí tromshaothair/rochtain ar fhaisnéis | [CE) Uimh. .../...uimhir an Rialacháin seo atá le cur isteach] | X |

[1] Treoir 2005/55/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meán Fómhair 2005 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann leis na bearta atá le glacadh i gcoinne astú truailleán gásach agus cáithníneach ó innill adhainte comhbhrú le húsáid i bhfeithiclí, agus i gcoinne astú truailleán gásach ó innill adhainte deimhní a bhreoslaítear le gás nádúrtha nó le gás peitriliam leachtaithe le húsáid i bhfeithiclí (IO L 275, 20.10.2005, lch.1).

[2] Treoir 2005/78/CE ón gCoimisiún an 14 Samhain 2005 maidir le comhfhogasú dlíthe na mBallstát a bhaineann leis na bearta atá le glacadh i gcoinne astú truailleán gásach agus cáithníneach ó innill adhainte comhbhrú le húsáid i bhfeithiclí, agus i gcoinne astú truailleán gásach ó innill adhainte deimhní a bhreoslaítear le gás nádúrtha nó le gás peitriliam leachtaithe le húsáid i bhfeithiclí agus lena leasaítear Iarscríbhinní I, II, III, IV agus VI (IO L 313, 29.11.2005, lch.1).

[3] COIM(2005) 446 críochnaitheach, 21.9.2005.

[4] http://europa.eu.int/comm/enterprise/automotive/pagesbackground/pollutant_emission/index.htm

[5] Treoir 2005/55/CE (IO L 275, 20.10.2005, lch. 1) mar atá arna cur chun feidhme le Treoir 2005/78/CE (IO L 313, 29.11.2005, lch. 1).

[6] COIM (2003) 71 críochnaitheach, 11.2.2003.

[7] Treoir 80/1269/CEE ón gComhairle an 16 Nollaig 1980 maidir le dlíthe na mBallstát comhfhogasú i ndáil le inneallchumhacht mótarfheithiclí (IO L 375, 31.12.1980, lch. 46).

[8] IO C […], […], lch. […].

[9] IO C […], […], lch. […].

[10] IO C […], […], lch. […].

[11] IO L 263, 9.10.2007, lch. 1.

[12] COIM(2005) 0446, 21.9.2005.

[13] IO L 184, 17.7.1999, lch. 23. Cinneadh arna leasú le Cinneadh 2006/512/CE (IO L 200, 22.7.2006, lch. 11).